An Bhruiséil,10.1.2020

COM(2020) 5 final

2020/0004(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leasú Rialachán (AE) 2018/1977 ón gComhairle lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2019-2020 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Rinneadh Rialachán 2018/1977 ón gComhairle lena n‑osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2019-2020 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin a ghlacadh an 14 Nollaig 2018.

Is é is cuspóir don Rialachán sin an t‑iomaíochas i dtionscal próiseála an Aontais a áirithiú agus gan táirgeadh táirgí iascaigh san Aontas a chur i mbaol trí sholáthar leordhóthanach táirgí iascaigh don tionscal a chinntiú. Chuige sin, déantar dleachtanna allmhairiúcháin ar líon áirithe táirgí iascaigh a laghdú agus a chur ar fionraí leis an Rialachán, laistigh de tharaif-chuótaí méid iomchuí. Sainítear ann freisin na hoibríochtaí próiseála (“oibríochtaí cáilitheacha”) ar féidir taraif-chuótaí a úsáid leo chomh maith leo siúd nach féidir.

2.TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

Tar éis dóibh Rialachán 2018/1977 ón gComhairle a ghlacadh, chuir Ballstát agus roinnt próiseálaithe de chuid an Aontais an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil próiseálaithe in ann eochraí éisc chrua phróiseáilte atá faoi chód AC 1604 32 00 (ionadach caibheáir) a allmhairiú a thuilleadh mar a rinneadh faoin réim a bhí ann roimhe sin ós rud é gur scriosadh an cód AC sin de tharaif-chuóta uathrialaitheach 09.2750 a leagtar amach i Rialachán 2015/2265 ón gComhairle a bhí ann roimhe sin. Sa Rialachán maidir le taraif-chuótaí uathrialaitheacha (2019-2020) atá ann faoi láthair, cuireadh cód AC 0305 20 00 (aenna, eochraí agus lábáin ó éisc, iad triomaithe, deataithe, saillte nó faoi sháile) in ionad chód AC 1604 32 00 (ionadach caibheáir) chun gur fearr a thiocfaidh sé leis an tuairisc ar an táirge (eochraí éisc chrua, í nite, na horgáin ghreamaitheacha bainte di agus í saillte go simplí nó faoi sháile, chun ionadach caibheáir a mhonarú).

De thoradh scriosadh chód AC 1604 32 00, tháinig méadú ar an dleacht atá ar na táirgí sin ó 0 % go 20 % ós rud é nach féidir leas a bhaint as réim an taraif-chuóta uathrialaithigh a thuilleadh i gcás na dtáirgí sin. Mar sin, tabhaíodh caillteanais mhóra mar gheall ar na méideanna a bhí i gceist agus ós rud é go raibh conarthaí fadtéarmacha leanúnacha fós i bhfeidhm. Ós rud é gur coinníodh cód AC 1604 32 00 sa togra ón gCoimisiún agus nár glacadh an Rialachán nua, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2019, go dtí an 14 Nollaig 2018, deir na cuideachtaí go raibh an t‑athrú féin dothuartha agus nár leor an t‑am a fágadh acu chun dul in oiriúint leis ós rud é go mbíonn na conarthaí leis na soláthraithe i bhfeidhm ar feadh tréimhsí fada.

Rinneadh anailís dhomhain inar deimhníodh gur tháinig laghdú suntasach ar na hallmhairí lena mbaineann mar gheall ar an athrú cóid (níor úsáideadh ach 400 tona de na 1 500 tona atá sa taraif-chuóta uathrialaitheach, i gcomparáid le 958 tona in 2018).

Ar an taobh eile, is é is cuspóir do na taraif-chuótaí uathrialaitheacha breisluach agus fostaíocht a chruthú. I bhfianaise an mhéid sin, ní féidir coscairt, athphacáistiú agus paistéaradh a mheas mar “phróiseáil” a chruthódh breisluach suntasach. Is sa chomhthéacs sin a cuireadh cód AC 0305 20 00 (aenna, eochraí agus lábáin ó éisc, iad triomaithe, deataithe, saillte nó faoi sháile) in ionad chód AC 1604 32 00 (ionadach caibheáir).

Le linn an phlé ar an Rialachán faoi tharaif-chuótaí uathrialaitheacha 2019-2020 i ndáil le heochraí éisc chrua, ghlac an Coiste um an gCód Custaim Nótaí Míniúcháin nua a ghabhann leis an Ainmníocht Chomhcheangailte (CNEN) le haghaidh fho-cheannteideal 0305 20 00, lena soiléirítear raon feidhme an fho-cheannteidil sin trí shainmhínithe breise a sholáthar. Sna Nótaí Míniúcháin nua, luaitear gur faoin bhfo-cheannteideal sin a aicmeofar eochraí éisc shaillte atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh láithreach mar chaibheár nó ionadach caibheáir mar atá siad faoi láthair, gan próiseáil bhreise, ach atá beartaithe chun ionadach caibheáir a mhonarú.

Dá bhrí sin, is féidir a bhaint de thátal gur i gcomhréir le cuspóirí na dtaraif-chuótaí uathrialaitheacha atá sé cód AC 0305 20 00 a chur in ionad chód AC 1604 32 00 sa Rialachán nua maidir le taraif-chuótaí uathrialaitheacha (2019-2020). Mar sin féin, bhí drochthionchar suntasach ar thionscal na heochraí san Aontas Eorpach ós rud é gur glacadh go déanach an Rialachán ag a bhfuil cód AC le haghaidh an taraif-chuóta uathrialaithigh 09.2750 chéanna a bhí difriúil leis an méid a luadh sa togra ón gCoimisiún agus sa reachtaíocht a tháinig roimhe, agus nach raibh tuiscint shoiléir ag an tionscal ar an difríocht idir an dá chód AC (rud a rinneadh níos doiléire fós ós rud é go bhfuil an tsraithuimhir chéanna acu). Níor cheart an sreabhadh trádála a scor go tobann de dheasca an athraithe sa chód AC.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 31 CFAE.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tagann dleachtanna na Comhtharaife Custaim faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir leis na forálacha seo dá bhrí sin.

Comhréireacht

Tá an rogha bheartais comhréireach mar níl ach méid teoranta de gach táirge údaraithe, agus an ráta úsáide, cothrom iomaíochta idir táirgeoirí an Aontais agus táirgeoirí lasmuigh den Aontas, breisluach agus fabhair thrádála eile á gcur san áireamh.

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta mar is comhbheartas é an t‑aontas custaim agus ba cheart é a chur chun feidhme le Rialachán arna ghlacadh ag an gComhairle.

An rogha ionstraime

Neamhbhainteach.

3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beidh impleacht bhuiséadach ag an togra ar ioncam.

2020/0004 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leasú Rialachán (AE) 2018/1977 ón gComhairle lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2019-2020 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2018/1977 ón gComhairle 1 , osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2019-2020 agus foráiltear maidir leis an mbainistiú sin. Cinntear méideanna iomchuí le haghaidh gach taraif-chuóta chun a áirithiú go mbeidh soláthar leordhóthanach do thionscal an Aontais le linn na tréimhse 2019-2020.

(2)Laistigh den taraif-chuóta uathrialaitheach ag a bhfuil sraithuimhir 09.2750, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán 2018/1977, is iad na táirgí atá faoi chód AC ex 0305 20 00 ag a bhfuil cód TARIC 35 na táirgí amháin a chomhfhreagraíonn don tuairisc “eochraí éisc chrua, í nite, na horgáin ghreamaitheacha bainte di agus í saillte go simplí nó faoi sháile, chun ionadach caibheáir a mhonarú”.

(3)Faoi Rialachán 2015/2265 ón gComhairle 2 a tháinig roimh Rialachán (AE) 2018/1977, áfach, soláthraíodh an taraif-chuóta lena mbaineann ar bhealach difriúil, agus rinneadh tagairt do tháirge chód AC ex 1604 32 00 ag a bhfuil cód TARIC 20 mar an taon táirge a cumhdaíodh leis an tuairisc “eochraí éisc chrua, í nite, na horgáin ghreamaitheacha bainte di agus í saillte go simplí nó faoi sháile, chun ionadach caibheáir a mhonarú”.

(4)De thoradh an athraithe sa chód AC le haghaidh shraithuimhir 09.2750, bhí deacrachtaí ann don tionscal an fhoráil lena mbaineann a léirmhíniú, agus ní raibh tuiscint shoiléir ag an tionscal maidir leis na difríochtaí idir an dá chód AC (rud a rinneadh níos doiléire fós ós rud é go bhfuil an tsraithuimhir chéanna acu), agus bhí drochthionchar aige sin ar thionscal próiseála an Aontais.

(5)Is iomchuí na táirgí a chumhdaítear leis an taraif-chuóta le haghaidh shraithuimhir 09.2750 a mhodhnú ionas go mbeidh táirgí chód AC 1604 32 00 ag a bhfuil cód TARIC 20 san áireamh go ceann tréimhse theoranta bliana amháin, chomh maith le fonóta a dhéanfaidh tagairt do na cóid CN agus TARIC sin ina luaitear tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019 a chur san áireamh freisin.

(6)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1977 a leasú dá réir.

(7)Beidh feidhm ag na cuótaí a osclaítear le Rialachán (AE) 2018/1977 sa chéad bhliain i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019. Ós rud é gur gá a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hoibreoirí eacnamaíocha, agus é a chur san áireamh nach bhfuil an taraif-chuóta faoi shraithuimhir 09.2752 caite fós, ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go haisghníomhach le héifeacht ón 1 Eanáir 2019 ionas go mbeidh an deis ag na hoibreoirí eacnamaíocha a bhaineann úsáid as eochraí éisc chrua (críochtháirgí) leas a bhaint as an dleacht chuóta fhabhrach i gcónaí gan bhriseadh ar feadh tréimhse theoranta ama. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an tríú líne den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1977 ón gComhairle (sraithuimhir 09.2750) mar seo a leanas:

(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála faoin gcolún “cód AC”:

“ex 0305 20 00

ex 1604 32 00”;

(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála faoin gcolún “cód TARIC”:

“35

   20”;

(3)cuirtear an fonóta seo a leanas leis an gcolún “tuairisc” i ndiaidh an fhocail “ionadach caibheáir”:

“Maidir le cód TARIC 1604 32 00 20, beidh feidhm ag an taraif-chuóta seo ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.1.AINM AN TOGRA

Togra le haghaidh leasú ar Rialachán (AE) 2018/1977 ón gComhairle lena n‑osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2019-2020 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin.

2.LÍNTE BUISÉID

Líne ioncaim: Caibidil 1 2, Airteagal 1 2 0 – Dleachtanna custaim agus dleachtanna eile dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh 2014/335/AE ó Euratom (Méid arna bhuiséadú don bhliain airgeadais 2019 – EUR 21 471,2 milliún)

(i gcás ioncam sannta amháin) Sannfar an t‑ioncam don chaibidil chaiteachais seo a leanas:

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS

   Níl aon impleachtaí airgeadais ag an togra

X Níl aon tionchar airgeadais ag an togra ar an gcaiteachas ach tá tionchar airgeadais aige ar ioncam

   Tá tionchar airgeadais ar an ioncam sannta - is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:

(EUR)

Líne ioncaim 3

Bliain 2019

Airteagal – 1 2 0 - Dleachtanna custaim agus dleachtanna eile

3.561.518

4.BEARTA FRITH-CHALAOISE

Déanfar seiceálacha ar úsáid deiridh roinnt táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos forálacha maidir le Cód Custaim an Chomhphobail a chur chun feidhme.

5.BARÚLACHA EILE

1.Is é príomhthionchar an Rialacháin seo caillteanas ioncaim don Aontas Eorpach, ós rud é go ndéantar an taraif-chuóta le haghaidh shraithuimhir 09.2750 a mhodhnú ionas go mbeidh cód AC 1604 32 00 ag a bhfuil cód TARIC 20 san áireamh go ceann tréimhse theoranta bliana amháin, chomh maith le fonóta a dhéanfaidh tagairt do na cóid CN agus TARIC sin ina luaitear tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019 a chur san áireamh freisin.

2.Déantar an tollmhéid a ríomh ar bhonn suim gan íoc an taraif-chuóta uathrialaithigh 09.2750 (rud a thugann le fios gur baineadh an úsáid is fearr as an gcuóta), meánphraghas an táirge le dhá bhliain anuas, taraif na náisiún barrfhabhair (20 %) ar an táirge

1.097.066,78 (tonnáiste)* 20.29(meánphraghas/kg) * 20 % (taraif)

Dá bhrí sin, is é sin an t‑uasmhéid ioncaim is féidir a chailleadh ós rud é go dtugann an Comhphobail fabhair thrádála níos fearr do ghrúpaí éagsúla de thríú tíortha (Córas Ginearálaithe um Fhabhair (GSP), GSP+, Comhaontuithe Saorthrádála).

(1)    Rialachán (AE) 2018/1977 ón gComhairle an 14 Nollaig 2018 lena n‑osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2019-2020 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin (IO L 317, 14.12.2018, Lch. 2).
(2)    Rialachán (AE) 2015/2265 ón gComhairle an 7 Nollaig 2015 lena n‑osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2016-2018 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin (IO L 322, 8.12.2015, Lch. 4)
(3)    I gcás acmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh shiúcra, dleachtanna custaim), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis 20 % a bheith bainte astu le haghaidh costais bhailiúcháin.