|
4.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 61/36 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Aontas an Chomhionannais: an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025
(2022/C 61/08)
|
MOLTAÍ BEARTAIS
TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)
|
1. |
á thabhairt dá aire go bhfuil an comhionannas ar cheann de na bunluachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe. Cumhdaítear é sna Conarthaí agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha, rud a fhágann go bhfuil sainordú ag an Aontas Eorpach agus freagracht air an t-idirdhealú a chomhrac; |
|
2. |
ag athdhearbhú gur cearta daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha, neamhdhénártha agus queer (LGBTIQ) agus, dá réir sin, gur cearta bunúsacha iad atá ag gach duine, gan beann ar a stádas dlíthiúil mar neamhshaoránaigh, dídeanaithe, imircigh nó cónaitheoirí eachtracha, is cuma más mná, fir, leanaí, daoine scothaosta iad nó má tá siad faoi mhíchumas, gan beann ar a reiligiún, a gcúlra eitneach, a ndearcadh polaitiúil nó a ngnéaschlaonadh, a bhféiniúlacht inscne nó a léiriú inscne agus a saintréithe gnéis; |
|
3. |
ag moladh na hoibre (1) ar fad atá déanta ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear foilsiú na Teachtaireachta ón gCoimisiún Eorpach Union of Equality: Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2020-2025 [Aontas an Chomhionannais: an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025] agus molann sé na cuspóirí polaitiúla agus na bearta a leagtar amach inti maidir le comhionannais LGBTIQ a chur chun cinn san Aontas; |
|
4. |
ag tabhairt rabhaidh, mar sin féin, cé gur céim sa treo cheart í an chéad Straitéis AE um Chomhionannas LGBTIQ, a bhfuiltear ag súil léi le fada, in Eoraip a bhfuil “Aontaithe san Éagsúlacht” mar mhana aici, go bhfuilimid ag dul ar gcúl san am céanna maidir le luachanna an Aontais, agus údaráis ag baint úsáid as reitric fhrith-LGBTIQ ar bhonn leanúnach agus beartais agus reachtaíocht idirdhealaitheach á nglacadh acu, fiú; |
|
5. |
ag cur in iúl gur údar misnigh é go bhfuil idirphlé leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, luaite go sonrach ag an gCoimisiún Eorpach agus go bhfuil sé á iarraidh ar CnaR an t-idirphlé sin a chothú chun comhionannas LGBTIQ a chur chun cinn; |
|
6. |
á dhearbhú gur ábhar imní dó go bhfuil idirdhealú struchtúrtha agus imeallú daoine LGBTIQ ag tarlú ar fud an Aontais Eorpaigh i gcónaí, ainneoin breis iarrachtaí beartais; |
|
7. |
den tuairim láidir, dá bhrí sin, go bhfuil príomhról le himirt ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le sochaí Eorpach a thógáil ar bhonn chuimsiú na saoránach uile, seachas cuid díobh a eisiamh, agus aontaíonn sé go bhfuil tábhacht le straitéisí cuimsitheacha agus ilchineálacha san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chasta agus cúrsaí saoil a bhíonn roimh dhaoine LGBTIQ ar dhóigh níos fearr; |
|
8. |
á thathant ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go gcomhlíonfar bunphrionsabail an Aontais Eorpaigh agus nach ndéanfaidh aon bhardas, aon réigiún ná aon stát tionscnaimh idirdhealaitheacha chórasacha a thabhairt isteach, amhail “limistéir saor ó LGBT”, a ghlacfar mar “Cairt Rialtais Áitiúil um Chearta an Teaghlaigh” nó “Rún i gcoinne idé-eolaíochta LGBT”, agus nach n-úsáidfidh siad cistí ar bhealaí nach bhfuil i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe; |
|
9. |
á chur i bhfáth i bhfianaise an mhéid sin, a thábhachtaí atá sé gníomhaíocht a dhéanamh chun dul i ngleic leis an idirdhealú i gcoinne daoine LGBTIQ; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an rún ó Pharlaimint na hEorpa inar dearbhaíodh gur Limistéar Saoirse LGBTIQ (2) atá san Aontas Eorpach ina iomláine agus leagann sé béim ar a thábhachtaí atá caoinfhulaingt fhrithpháirteach laistigh de phobail; |
Cén ról atá ag na cathracha agus réigiúin?
|
10. |
suite de gur freagracht chomhroinnte é an neamhionannas san Aontas a chomhrac a bhfuil gníomhaíocht ag teastáil ina leith ar gach leibhéal rialachais, mar aon le rannpháirtíocht ghníomhach bhuan na sochaí sibhialta, eagraíochtaí LGBTIQ agus grúpaí abhcóideachta, a bhfuil ról lárnach acu uile maidir le beartais chomhionannais a bhainistiú agus a mhúnlú agus a chur chun feidhme go héifeachtach; |
|
11. |
den tuairim go bhféadfaí comhionannas a chothú agus príomhshruthú a dhéanamh trí ghníomhaíocht a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, ó tharla go mbíonn comhairleoirí agus méaraí réigiúnacha agus áitiúla i dteagmháil leis na saoránaigh gach lá i gcomhthéacs atá éagsúil ón gcomhthéacs ina mbíonn polaiteoirí náisiúnta i dteagmháil leo, eadhon in áiteanna amhail scoileanna, an obair, le linn gníomhaíochtaí spóirt agus cultúir – na hionaid sin uile ina ndéantar cearta an duine a chothú agus a fhorfheidhmiú; |
|
12. |
á chur i bhfios thairis sin go bhfuil ról ag na húdaráis áitiúla maidir le cearta daoine a mhíniú, na príomhdhúshláin ina bpobail a shainaithint, rannpháirtíocht chomhionann i saol an phobail agus rochtain chomhionann ar sheirbhísí a áirithiú, agus seirbhísí saincheaptha a thabhairt isteach dóibh siúd atá imeallaithe sa tsochaí; |
|
13. |
ag teacht le tuairim an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda (3) go bhfuil comhghaolta soiléire dearfacha idir cur chun cinn an chomhionannais agus na gceart agus forbairt eacnamaíoch agus rathúnas na gcathracha agus na réigiún, agus go bhféadfadh drochiarmhairt a bheith ag iompar eisiatach de chineál ar bith ar an bpobal i gcoitinne agus ar chúrsaí geilleagair go ginearálta. Tá an méid sin níos ábhartha fós i láthair na huaire agus ár bpobail á n-atógáil againn i ndiaidh ghéarchéim COVID-19; |
|
14. |
buartha faoin mbearna fhollasach idir limistéir thuaithe agus uirbeacha i gcomhthéacs na hurraime don éagsúlacht agus an ghlactha léi, ar bearna í a d’fhéadfadh cur leis na dúshláin dhéimeagrafacha i réigiúin áirithe agus dochar níos mó a dhéanamh don fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta sna limistéir sin; |
|
15. |
á thabhairt dá aire go bhfuil samplaí ann d’údaráis áitiúla (4) a ghlac seasamh gníomhach i dtreo pobail LGBTIQ a chuimsiú agus atá ina gceannródaithe, fiú, maidir le beartais atá báúil do dhaoine LGBTIQ a ghlacadh i gcásanna ina bhfuil na rialtais náisiúnta ag tarraingt na gcos, agus is díol sásaimh dó an méid sin; |
An uile chineál foréigin a chomhrac
|
16. |
tiomanta do chathracha saoirse do LGBTIQ a chur chun cinn go hiomlán ar fud an Aontais Eorpaigh agus níos faide i gcéin; |
|
17. |
á thathant ar an gCoimisiún gach cineál foréigin i gcoinne daoine LGBTIQ a chomhrac agus tá sé á iarraidh go nglacfaí bearta lena ndírítear ar fhoréigean i gcoinne daoine LGBTIQ a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear foréigean ar líne, rud a d’fhéadfaí a bheith níos coitianta i measc an aosa óig amach anseo; |
|
18. |
á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a ghlacadh chun an fhuathchaint, go háirithe an fhuathchaint ar líne, a chomhrac, agus tábhacht na saoirse cainte á haithint san am céanna. Tá an fhuathchaint in aghaidh daoine LGBTIQ ar cheann de na foinsí idirdhealaithe is díobhálaí agus is minic a iompaíonn sí ina coir fuatha agus a bhíonn foréigean ann dá thoradh sin. Tá comhar idir na hinstitiúidí Eorpacha, údaráis rialtais, údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus an earnáil phríobháideach riachtanach chun cur i gcoinne na fuathchainte. Sin céim riachtanach chun an t-idirdhealú agus an tionchar millteanach a bhíonn aige ar an tsochaí a chur ina stad; |
|
19. |
ag tnúth leis an togra atá le teacht ón gCoimisiún maidir le liosta na gcoireanna Eorpacha faoi Airteagal 83(1) CFAE a leathnú chun an choir fuatha agus an fhuathchaint a chur san áireamh ann, lena n-áirítear nuair is daoine LGBTIQ a bhíonn thíos leo, ní hamháin i ngeall ar a ngnéaschlaonadh ach freisin i ngeall ar a bhféiniúlacht inscne, a léiriú inscne agus a saintréithe gnéis; ag leagan béim ar a riachtanaí atá sé an Treoir maidir le Cearta Íospartach a chur chun feidhme go práinneach; |
|
20. |
á áitiú go ndaingneoidh na Ballstáit uile Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), lena ngabhann bearta maidir le cearta íospartach a chosaint a bhfuil feidhm acu gan idirdhealú ar fhoras ar bith, lena n-áirítear gnéas, inscne, gnéaschlaonadh nó féiniúlacht inscne; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, chuige sin, beart a dhéanamh de réir a bhriathair agus tús áite a thabhairt do thabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin agus tá sé ag tnúth go mór, inter alia, leis an togra chun foréigean in aghaidh na mban a chomhrac, mar a fógraíodh san Aitheasc a thug Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, ar Staid an Aontais 2021; |
|
21. |
á iarraidh go ndéanfar an Treoir leasaithe Sheirbhísí na Meán Closamhairc a thrasuí go hiomchuí agus a chur i bhfeidhm go dian, Treoir lena neartaítear an chosaint in aghaidh ábhair a spreagann fuath nó foréigean agus lena dtoirmeasctar meánchumarsáid tráchtála a chuimsíonn nó a chuireann chun cinn idirdhealú d’aon sórt, lena n-áirítear ar bhonn gnéis agus gnéaschlaonta; |
Saorghluaiseacht agus teaghlaigh
|
22. |
den tuairim gur den tábhacht é go dtagrófaí go sonrach sa straitéis do ghné réigiúnach na saorghluaiseachta agus don ghné thrasréigiúnach di go háirithe, agus aird á tabhairt air san am céanna go gcumhdaítear sna Conarthaí gur inniúlacht de chuid na mBallstát é dlí teaghlaigh, agus cuireann sé in iúl go bhféadfadh sé sin bacainní a chur ar an tsaorghluaiseacht i ngeall ar dhifríochtaí sa dlí teaghlaigh ar fud na mBallstát. Is minic nach n-aithnítear naisc theaghlaigh agus teorainneacha inmheánacha an Aontais á dtrasnú, eadhon i gcás teaghlaigh LGBTIQ; |
|
23. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cur i láthair a rinne an Coimisiún Eorpach i mí na Samhna 2020 ar an gcéad straitéis de chuid an Aontais um chomhionannais do dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, neamhdhénártha, idirghnéasacha agus queer (LGBTIQ). Ceann de cheithre cholún de straitéis an Choimisiúin is ea sábháilteacht daoine LGBTIQ a áirithiú.
Mar sin féin, níl measúnú ar bhonn sonraí ionadaíocha déanta fós ar fheiniméan an fhoréigin in aghaidh daoine LGBTIQ. Dá ndéanfaí amhlaidh, d’fhéadfaí dul chun cinn a dhéanamh agus cineálacha cur chuige ábhartha a ghlacadh chun an foréigean a chomhrac amach anseo. Cé go bhfuarthas faisnéis luachmhar faoi thaithí daoine LGBITQ i ndáil le hidirdhealú agus foréigean ón suirbhé ar líne a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha A long way to go for LGBTIQ equality [Tá bealach fada romhainn chun comhionannas a bhaint amach do dhaoine LGBTIQ], is ar bhonn deonach a ghlac daoine páirt ann agus, ar an gcúis sin, ní raibh an suirbhé ionadaíoch ó thaobh staidrimh de, i.e. ní raibh sé bunaithe ar shampla randamach. Dá bhrí sin, iarrann CnaR ar an gCoimisiún Eorpach mar chuid dá straitéis LGBTQ staidéar anaithnid ionadaíoch ar ghníomhartha foréigin i gcoinne daoine LGBTIQ san Aontas nach dtuairiscítear go hoifigiúil, lena n-áirítear foréigean baile, a chur ar bun agus a mhaoiniú ar bhonn rialta, ar staidéar é a dhéanfaí agus a léirmhíneofaí go neamhspleách do Bhallstáit uile an Aontais; |
|
24. |
ag aontú go hiomlán leis an ráiteas ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen: “Más tuismitheoir thú i dtír amháin, dar ndóigh, is tuismitheoir thú i ngach tír” (5); á chur in iúl gur díol sásaimh dó, dá réir sin, gur fógraíodh tionscnamh reachtach chun tacú le haitheantas frithpháirteach don teaghlach idir na Ballstáit; |
|
25. |
á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeifí in ann rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis shoiléir maidir le haitheantas do chearta trasteorann daoine LGBTIQ agus a dteaghlach san Aontas Eorpach agus go mbeidh státseirbhísigh ar gach leibhéal rialachais ar an eolas go huile agus go hiomlán ina leith; |
|
26. |
ag tacú leis an iarraidh a rinne Parlaimint na hEorpa sa Rún uaithi maidir le cearta daoine LGBTIQ san Aontas (6) a mhéid a bhaineann le teaghlaigh bogha báistí agus lánúineacha comhghnéis agus tathantaíonn sé ar an gCoimisiún obair a dhéanamh ar staid na dteaghlach bogha báistí a fheabhsú trí dhlí teaghlaigh trasteorann a chur i bhfeidhm go dian agus trí idirphlé neartaithe leis na Ballstáit (lena n-áirítear idirphléití tiomnaithe maidir le cur chun feidhme bhreithiúnas Coman (7)), ó tharla go dtagann an dlí teaghlaigh substainteach faoina gcuid inniúlachtaí; |
|
27. |
á iarraidh ar na húdaráis áitiúla teachtaireacht dhearfach a chur chuig a bpobail LGBTIQ trí mhisneach a léiriú agus beartais uaillmhianacha atá fabhrach do dhaoine LGBTIQ a bhunú agus athrú a dhéanamh ón mbun aníos, mar a rinneadh in Torino (8), mar shampla. Aithníonn lucht riaracháin na cathrach páirtnéireachtaí sibhialta idir saoránaigh den ghnéas céanna go hoifigiúil, cé nach raibh aon fhorálacha náisiúnta ann ina leith sin go dtí 2016. Ó shin i leith, tá Torino fós ina cheann feadhna óir aithníonn sé tuismitheoireacht lánúineacha comhghnéis ó thaobh an dlí de, cé nach ann d’aon fhorálacha den sórt sin faoin dlí náisiúnta; |
Ag cabhrú le daoine óga LGBTIQ san Aontas
|
28. |
á admháil go bhfuil daoine óga LGBTIQ san Eoraip thar a bheith leochaileach, óir bíonn siad neamhchosanta ar an idirdhealú, íospairt, stiogmatú agus drochíde ó aois óg; bíonn deacrachtaí acu teacht amach chuig a dteaghlach agus a bpobal, ní bhíonn ach tuiscint theoranta ag soláthraithe seirbhíse gairmiúla agus ag an tsochaí i gcoitinne ar shaincheisteanna LGBTI+, agus bíonn dúshláin mheabhairshláinte, sláinte coirp agus sláinte gnéis rompu freisin; |
|
29. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó straitéis chuimsitheach an Choimisiúin maidir le cearta an linbh a foilsíodh an 24 Márta 2021 lena n-áirithítear go mbeidh leanaí LGBTIQ in ann a bpearsantacht féin a fhorbairt gan bhac agus rochtain a bheith acu ar chearta atá faoi chosaint, lena n-áirítear tionscnaimh faisnéise agus threorach do theaghlaigh sa chaoi is gur féidir leo tacú le mionaoisigh forbairt mar dhaoine go huile is go hiomlán; ag tacú go sainráite le malartú dea-chleachtas maidir le deireadh a chur le máinliacht neamh-thábhachtach agus idirghabháil leighis ar naíonáin agus ar dhéagóirí idirghnéasacha le go mbeidh siad ag teacht leis an sainmhíniú tipiciúil ar fhear nó ar bhean gan toiliú iomlán feasach a fháil uathu nó óna dtuismitheoirí; |
|
30. |
ag tathant ar na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ina gcuid Pleananna náisiúnta um Chomhionannas LGBTIQ ar bheartais agus cleachtais a dhéanann dochar do dhaoine LGBTIQ, daoine óga go háirithe, nó a dhéanfadh iad a choimhthiú a thuilleadh; ag iarraidh orthu tacú le pobail áitiúla trí sheirbhísí iomchuí a sholáthar a chuideoidh le daoine óga imeallaithe, amhail timpeallachtaí sábháilte a chruthú, agus deiseanna fostaíochta comhionanna agus timpeallachtaí oibre cuimsitheacha a áirithiú, mar aon le hionadaíocht dhearfach ar dhaoine LGBTIQ agus rannpháirtíocht sa chultúr, sa tsochaí agus sa spórt; |
|
31. |
ag tabhairt rabhaidh gur fadhb í an easpa dídine i measc daoine LGBTIQ atá faoi cheilt san Eoraip ach, mar sin féin, gur léir ón taighde teoranta (9) atá déanta go bhfuil ró-ionadaíocht ag an bpobal LGBTIQ i gcoitinne, agus ag daoine óga go háirithe, i measc an daonra gan dídean: meastar go sainaithníonn thart ar 25-40 % de na daoine óga atá gan dídean iad féin mar dhaoine LGBTIQ (10); á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí aird ar leith ar an bhfadhb seo freisin faoi chuimsiú an Ardáin Eorpaigh chun Easpa Dídine a Chomhrac; |
|
32. |
ag tarraingt aird air gur cheart an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta a chur chun feidhme go dian agus gur cheart faireachán agus meastóireacht chúramach a dhéanamh ar a cur chun feidhme. Is díol sásaimh do CnaR, tar éis dó meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair, go gcuirfidh an Coimisiún i láthair in 2022 aon reachtaíocht is gá mar thoradh air sin, go háirithe maidir le ról na gcomhlachtaí comhionannais; |
|
33. |
á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla tuilleadh airde a tharraingt air gur eisiamh sóisialta den chineál is measa í an easpa dídine a fheictear i measc daoine óga LGBTIQ agus ionaid chúraim agus ionaid dídine don óige a fhorbairt ina bpobail, agus sampla Kraków agus Bheirlín á leanúint; |
Tionchar COVID-19 ar shaol daoine LGBTIQ
|
34. |
ag tabhairt dá aire go bhfuil dúshláin chasta agus rioscaí don phobal LGBTIQ á nginiúint ag géarchéim sláinte agus shochaíoch COVID-19. San áireamh leis sin, de réir taighde a rinneadh le déanaí (11), tá meabhairshláinte atá ag dul in olcas agus deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar chúram sláinte, méadú ar an bhfuathchaint agus ar an bhforéigean teaghlaigh, deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar chláir fóirithinte poiblí lena n-áirítear le haghaidh tithíochta, bia agus cothú, agus ar cheartas, clárú agus próisis dhlíthiúla eile; |
|
35. |
ag moladh cláir thacaíochta a tugadh isteach i bpobail áirithe chun tacaíocht síceolaíochta ar líne, gníomhaíochtaí faoin aer, rochtain ar chúram sláinte, tithíocht bhardasach, tithe sábháilte agus cistiú breise a chur ar fáil; ag iarraidh ar údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a áirithiú go mbeidh bearta éigeandála agus téarnaimh neamh-idirdhealaitheach; |
An bealach chun cinn
|
36. |
á iarraidh go mbeidh comhar agus idirphlé breise, bunaithe ar fhíorais, idir comhlachtaí rialachais agus geallsealbhóirí ar an uile leibhéal agus thar theorainneacha, agus béim ar leith ar eispéiris phearsanta daoine LGBTIQ, agus go ndéanfar saincheisteanna LGBTIQ a phríomhshruthú isteach i mbearta beartais nua agus reatha chun a áirithiú sa tslí sin go nglacfar beartais eolacha atá oiriúnaithe go hiomchuí agus iad ina léiriú ar an éagsúlacht; |
|
37. |
á athdhearbhú (12) na hachainí cur chuige trasnach a chur chun feidhme ar scála níos mó agus bearta trasnacha a chomhcheangal le bearta dearfacha i réimsí earnálacha; |
|
38. |
ag tacú leis na hiarrachtaí uile chun teiripí tiontaithe agus idirghabhálacha leighis éigeantais a chomhrac i gcás daoine idirghnéasacha agus trasinscneacha (lena n-áirítear ciorrú ball giniúna daoine idirghnéasacha agus steiriliú éigeantais); á iarraidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha stop a chur leis na tionscnaimh sin má tharlaíonn siad in áitribh ina ndlínse agus cistí a dhíriú ar dheireadh a chur le cleachtais den chineál sin, agus aird faoi leith á díriú ar chosaint do leanaí agus do dhéagóirí; |
|
39. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cur chuige atá glactha ag an gCoimisiún Eorpach chun malartuithe dea-chleachtais maidir le reachtaíocht um aitheantas inscne agus nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabal an fhéinchinntiúcháin a chothú, agus gur geal leis go lainseálfar idirphlé trasearnála chun feasacht a mhúscailt maidir le féiniúlachtaí trasinscneacha agus neamh-dhénártha agus daoine idirghnéasacha, agus chun cuimsitheacht a spreagadh sna gníomhaíochtaí agus sna nósanna imeachta ábhartha uile; |
|
40. |
á iarraidh go dtabharfar cosaint bhreise do dhaoine trasinscneacha a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt i gcónaí ar roinnt de na leibhéil is airde idirdhealaithe, foréigin agus géarleanúna. De réir staidéar a rinneadh le déanaí (13), níl reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm ach in 13 thír as na 31 thír ina ndearnadh an suirbhé faoina dtugtar cosaint éigin ar bhonn féiniúlacht inscne agus/nó saintréithe gnéis; |
|
41. |
á shainaithint go bhfuil géarghá le rialachas agus comhpháirtíochtaí il-leibhéil; ag tacú go huile agus go hiomlán le hobair na Comhdhála um Udaráis Áitiúla agus Réigiúnacha de chuid Chomhairle na hEorpa agus tá sé ag fanacht leis an tuarascáil uaithi ar the role and responsibilities of local governments in protecting LGBTI persons [ról agus freagrachtaí na rialtas áitiúil i gcosaint daoine LGBTIQ] agus iarrann sé uirthi na torthaí a chur faoi bhráid CnaR; |
|
42. |
á iarraidh an tábhacht a bhaineann le rochtain a thabhairt ar chúram sláinte a bhaineann le hathrú inscne a aithint. Tá ról tarrthála ag cúram sláinte a bhaineann le hathrú inscne agus ní mór caitheamh leis mar sin. Ní féidir paindéim COVID-19 a lua mar chúis le rochtain ar chúram sláinte ar bith a chur ar fionraí, a chur siar nó a theorannú, lena n-áirítear cúram a bhaineann le hathrú inscne agus cóireálacha leanúnacha; |
|
43. |
ag tairiscint cúnaimh don Choimisiún Eorpach maidir leis na dea-chleachtais áitiúla agus réigiúnacha ábhartha is fearr a bhailiú agus maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta ábhartha Eorpaí ar an leibhéal áitiúil, agus do Pharlaimint na hEorpa, dá hIdirghrúpa um LGBTIQ go háirithe; |
|
44. |
ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach tacaíocht taighde a chur ar fáil chun scrúdú a dhéanamh ar na difríochtaí geografacha sa ghlacadh le daoine LGBTIQ d’fhonn na modhanna a dtéitear i ngleic leis an idirdhealú lasmuigh de limistéir uirbeacha a fheabhsú; |
|
45. |
den tuairim go mbaineann breisluach suntasach le CnaR a bheith rannpháirteach i gceapadh an Tionscnaimh um Phríomhchathair Chuimsitheach, agus tá sé á iarraidh arís, ar an ábhar sin, go mbeadh ról foirmiúil ag CnaR gach bliain nuair a ainmnítear cathair amháin nó níos mó mar Phríomhchathracha Chuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa agus i líonra rialtasach phointí fócasacha LGBTIQ de chuid Chomhairle na hEorpa; |
|
46. |
ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lánpháirteach i ndearadh agus cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta maidir le comhionannas LGBTIQ agus san fhaireachán a dhéanfar orthu; |
|
47. |
ag aontú a bheith rannpháirteach i gcur chuige an Choimisiúin atá dírithe ar cheannaireacht a thabhairt le dea-shampla agus gach iarracht a dhéanamh ar mhaithe le timpeallacht oibre lánchuimsitheach a bhaint amach, agus tá sé á iarraidh go ndéanfar faireachán ar bhearta a mhilleann faoi leas na bhfostaithe LGBTIQ sna hinstitiúidí Eorpacha; |
|
48. |
á iarraidh ar na ceannairí polaitiúla uile ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla agus idirdhealú, barúlacha homafóbacha agus trasfóbacha, ciapadh agus foréigean bunaithe ar ghnéaschlaonadh, ar fhéiniúlacht inscne, ar léiriú inscne nó ar shaintréithe gnéis a shéanadh go poiblí; |
|
49. |
á chur i bhfáth a riachtanaí atá bearta oideachais agus feachtais faisnéise do dhaoine den uile aois agus cúlra, agus a riachtanaí atá sé seirbhísí poiblí a neartú, cur le hacmhainneacht na ngairmithe tacaíochta agus dlús a chur le rochtain íospartach-láraithe ar an gceartas; |
|
50. |
á chur i bhfáth go bhfuil ról ag an ngnéasoideachas uilíoch chun steiréitíopaí agus idirdhealú a chomhrac chun íomhá dhearfach den phobal LGBTIQ a thógáil agus atmaisféar glactha a chothú. Ba cheart ionsaithe d’aon sórt ar oideachasóirí a cháineadh; |
|
51. |
ag tnúth leis na tograí nua maidir le cistiú féideartha tionscnamh chun dul i ngleic le hidirdhealú trasnach agus neamhionannas atá braite ag daoine LGBTIQ, agus le laofacht inscne agus steiréitíopaí eile, tríd an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna; |
|
52. |
á iarraidh go mbunófar cistiú chun tacú le heagraíochtaí LGBTIQ na sochaí sibhialta, ar bhonn éigin seachas ar bhonn tionscadail, mar aon le tacaíocht airgeadais le haghaidh cláir comhionannais agus éagsúlachta i mbardais agus réigiúin ina gcaithfidh an pobal LGBTIQ cur suas le dearcthaí thar a bheith naimhdeach ó rialtais; |
|
53. |
á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú nach ndeonaítear cistí Eorpacha i gcás inarb ann do shásraí idirdhealaithe struchtúraigh, agus go ndéanfar cistiú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcás ina bhfaightear amach tráth níos déanaí gur mar sin atá; den tuairim go bhféadfaí Aontas Eorpach iomlán cuimsitheach a chothú a bhuí le héifeachtacht chruthaithe na mbeart sin, in éineacht le hidirphlé; |
|
54. |
á iarraidh ar chomhaltaí CnaR agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha eile, i gcás ina bhfuil an reachtaíocht náisiúnta easnamhach, forálacha áitiúla a thabhairt isteach atá dírithe ar an idirdhealú a chomhrac agus an folús dlíthiúil a leigheas d’fhonn éagsúlacht, glacadh frithpháirteach agus urraim a chur chun cinn. |
An Bhruiséil, 14 Deireadh Fómhair 2021.
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Apostolos TZITZIKOSTAS
(1) D’fhoilsigh an Coimisiún in 2015 Liosta Gníomhaíochtaí chun Comhionannas LGBTI a chur chun cinn, cruthaíodh post an Choimisinéara um Chomhionannas (Helena Dalli), agus tá aitheantas dlíthiúil tugtha ag 21 Bhallstát do lánúineacha comhghnéis, agus tá nósanna imeachta dlíthiúla um aitheantas inscne gan aon cheanglais leighis tugtha isteach ag ceithre cinn díobh.
(2) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2021on the declaration of the EU as an LGBTIQ Freedom Zone [inar dearbhaíodh gur Limistéar Saoirse do LGBTIQ atá san Aontas Eorpach] (https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2021-0089_EN.html).
(3) Great Reset: Why LGBT+ inclusion is the secret to cities’ post-pandemic success | an Fóram Eacnamaíoch Domhanda (weforum.org).
(4) Tá samplaí de sin le feiceáil i gcuid mhaith cathracha ar fud na hEorpa, amhail, Barcelona, Liúibleána, Beirlín, Búdaipeist agus Łódź, mar aon le líonraí cathracha, amhail líonra RE.A.DY san Iodáil.
(5) Aitheasc ar Staid an Aontais 2020.
(6) 2021/2679(RSP).
(7) In C-673/16, shoiléirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil feidhm ag an téarma “céile”, mar a úsáidtear é sa Treoir maidir le Saorgluaiseacht, maidir le páirtithe comhghnéis freisin.
(8) Rialachán Bardasach Torino, 2010.
(9) LGBTIQ Homelessness, Cónaidhm Eorpach na nEagraíochtaí Náisiúnta atá ag Obair le Daoine gan Dídean AISBL, Fómhar 2017, agus an suirbhé ar an Easpa Dídine i measc Daoine Óga Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha, Trasinscneacha, Idirghnéasacha, agus Aiteacha (LGBTIQ) san Eoraip, 2019.
(10) https://www.ilga-europe.org/sites/default/files/COVID19%20_Impact%20LGBTI%20people.pdf
(11) covid19-lgbti-assessment-2020.pdf (ilga-europe.org).
(12) Tuairim ó CnaR Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025, Deireadh Fómhair 2020.
(13) Staidéar ón gCoimisiún Eorpach Trans and Intersex Equality in Europe – A Comparative Analysis [Comhionannas do dhaoine trasinscneacha agus Idirghnéasacha san Eoraip – Anailís Chomparáideach], 2018.