An Bhruiséil,4.10.2019

COM(2019) 442 final

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leas a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tar éis
iarratas ón mBeilg – EGF/2019/001 BE/Carrefour


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

1.Tá na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 1 (an ‘Rialachán maidir le CED’).

2.An 20 Meitheamh 2019, chuir an Bheilg iarratas EGF/2019/001 BE/Carrefour isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, de dheasca iomarcaíochtaí 2 in Carrefour Belgique SA sa Bheilg.

3.Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcomhréir le forálacha uile an Rialacháin is infheidhme maidir le CED, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain ó CED.

ACHOIMRE AR AN IARRATAS

Iarratas ar CED

EGF/2019/001 BE/Carrefour

Ballstát

an Bheilg

Na réigiúin lena mbaineann (Leibhéal 2 NUTS 3 )

Is leis an mBeilg ina hiomláine a bhaineann na hiomarcaíochtaí

An dáta a cuireadh an tiarratas isteach

Déardaoin an 20 Meitheamh 2019

An dáta a admhaíodh go bhfuarthas an tiarratas

Déardaoin an 20 Meitheamh 2019

An dáta a iarradh faisnéis bhreise

Déardaoin an 4 Iúil 2019

An spriocdháta leis an bhfaisnéis bhreise a sholáthar

Déardaoin an 15 Lúnasa 2019

An spriocdháta leis an measúnú a chur i gcrích

Déardaoin an 7 Samhain 2019

Critéar idirghabhála

Airteagal 4(1)(b) den Rialachán maidir le CED


An príomhfhiontar

Carrefour Belgique SA


An líon fiontar lena mbaineann

1

An earnáil a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch

(Rannán NACE Athbhreithniú 2) 4

Roinn 47 (An trádáil mhiondíola, cé is moite de mhótarfheithiclí agus gluaisrothair)

An tréimhse thagartha (ceithre mhí):

Dé hAoine an 30 Samhain 2018 – Dé Sathairn an 30 Márta 2019



An líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha (a)

751

An líon iomarcaíochtaí roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh (b)

268

An líon iomlán iomarcaíochtaí (a + b)

1 019

An líon iomlán oibrithe incháilithe

1 019

An líon iomlán oibrithe ar a bhfuiltear ag díriú

400

An líon daoine óga ar a bhfuiltear ag díriú nach bhfuil fostaithe, in oideachas nó faoi oiliúint (NEETanna)

330

An buiséad do sheirbhísí pearsantaithe (EUR)

2 665 047

An buiséad le haghaidh CED 5 a chur chun feidhme (EUR)

55 000

Buiséad iomlán (EUR)

2 720 047

Ranníocaíocht ó CED (60 %) (EUR)

1 632 028

MEASÚNÚ AR AN IARRATAS

Nós imeachta

4.Déardaoin an 20 Meitheamh 2019, chuir an Bheilg an tiarratas EGF/2019/001 BE/Carrefour isteach, is é sin faoi cheann 12 sheachtain ón dáta a comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán maidir le CED. D’admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an tiarratas an lá céanna, agus Déardaoin an 4 Iúil 2019, d’iarr sé ar an mBeilg faisnéis bhreise a sholáthar. Soláthraíodh an fhaisnéis bhreise sin laistigh de shé seachtaine ón tráth a iarradh í. An spriocdháta 12 sheachtain ón tráth a fuarthas an tiarratas comhlánaithe, tréimhse ar lena linn ba cheart don Choimisiún críoch a chur leis an measúnú ar an gcaoi a bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar á gcomhlíonadh leis an iarratas, rachaidh sé in éag Déardaoin an 7 Samhain 2019.

Incháilitheacht an iarratais

Na fiontair agus na tairbhithe lena mbaineann

5.Is le 751 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in Carrefour Belgique SA a bhaineann an tiarratas. San earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 Rannán 47 (An trádáil mhiondíola, cé is moite de mhótarfheithiclí agus gluaisrothair) a oibríonn an gnóthas. Is leis an mBeilg ina hiomláine a bhaineann na hiomarcaíochtaí a rinne Carrefour Belgique.

Critéir idirghabhála

6.Chuir an Bheilg an tiarratas isteach faoi na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1)(a) den Rialachán maidir le CED, lena gceanglaítear go gcuirfí ar a laghad 500 oibrí ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha ceithre mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát, lena náirítear oibrithe ar chuir soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha ar iomarcaíocht iad agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht.

7.Maireann an tréimhse thagartha naoi mí don iarratas ó Dé hAoine an 30 Samhain 2018 go dtí Dé Sathairn an 30 Márta 2019. Maidir leis na hiomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha, baineann siad le 751 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in Carrefour Belgique.

Iomarcaíochtaí agus deireadh le gníomhaíocht a ríomh

8.Na 751 iomarcaíochtaí ar fad a bhí ann sa tréimhse thagartha, rinneadh iad a ríomh ó dháta foirceanta de facto an chonartha nó ón dáta a chuaigh sé in éag.

Tairbhithe incháilithe

9.I dteannta na noibrithe a ndearnadh tagairt dóibh cheana féin, áirítear leis na tairbhithe incháilithe 268 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh. Cuireadh na hoibrithe sin ar iomarcaíocht tar éis an fhógra ghinearálta maidir leis na hiomarcaíochtaí réamh-mheasta Déardaoin an 25 Eanáir 2018 6 . Is féidir nasc cúisíoch soiléir a aithint leis an eachtra a spreag na hiomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha.

10.Dá bhrí sin, is é 1 019 duine an líon iomlán tairbhithe incháilithe.

An nasc idir na hiomarcaíochtaí agus na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin na trádála domhanda de bharr an domhandaithe

11.Dar leis an mBeilg, tá mórathruithe ag teacht ar an trádáil mhiondíola na laethanta seo de bharr an domhandaithe (siopadóireacht ar líne), arb é is cúis leis na hiomarcaíochtaí. Tá tionchar freisin ag nósanna tomhaltóirí, a bhíonn ag athrú de shíor, agus ag an digitiú ar an trádáil mhiondíola.

12.Tá díolacháin ar líne ar fud an domhain ag dul i méad le tamall de bhlianta anuas. In 2015, b’ionann díolacháin ríomhthráchtála miondíola agus 7.4 % de chaiteachas miondíola iomlán an domhain. In 2017, b’fhiú USD 2 382 thrilliún iad, arbh ionann agus méadú 28 % ar an mbliain roimhe sin agus 10.4 % de dhíolacháin iomlán mhiondíola an domhain. In 2019, táthar ag súil le go dtiocfaidh fás 20.7 % ar dhíolacháin ar líne agus gurb ionann iad agus 14.1 % de chaiteachas miondíola iomlán an domhain 7 .

Díolachán ríomhthráchtála miondíola ar fud an domhain 2017-2019
(USD trilliúin, athrú céatadáin agus céatadán d’iomlán na ndíolachán)

Díolachán ríomhthráchtála miondíola

% athrú

% díolachán iomlán miondíola

13.De réir mar a thuartar, is in airde fós a bheidh an teocht seo ag dul sna blianta atá le teacht. In 2023, táthar ag súil le go dtiocfaidh méadú faoi thrí ar dhíolacháin ríomhthráchtála mhiondíola an domhain i gcomparáid le figiúirí 2018, arb ionann é agus 22 % den chaiteachas miondíola iomlán 8 .



Díolacháin ríomhthráchtála mhiondíola ar fud an domhain, 2020-2023 Réamhaisnéis.
(USD trilliún, athrú céatadáin agus céatadán d’iomlán na ndíolachán miondíola)

Díolacháin ríomhthráchtála mhiondíola

athrú céatadáin

céatadán d’iomlán na ndíolachán miondíola

14.San Aontas Eorpach, tháinig méadú ó 47 % go 69 % ar an gcuid den daonra atá ag ceannach ar líne idir 2013 agus 2018 9 . Anuas ar an méadú ar an líon ríomhcheannaitheoirí, bhí athruithe ann ó thaobh na rogha ríomhdhíoltóirí. Tháinig laghdú ar an líon ceannaitheoirí a cheannaíonn ó dhíoltóirí ina dtír féin, bíodh agus nach raibh ann ach laghdú aon phointe céatadáin amháin, ó 89 % in 2013 go 88 % in 2018; tháinig méadú suntasach ar an tsiopadóireacht trasteorann san Aontas Eorpach ó 26 % go 36 % agus tá borradh seasta faoin tsiopadóireacht ar líne ó dhíoltóirí lasmuigh den Aontas Eorpach. Mhéadaigh sé ó 14 % go 26 % le linn na tréimhse céanna 10 .

15.Is cuid lárnach de dhomhan na ríomhthráchtála iad na margaí. Is iad Amazon, Aliexpress agus eBay na cuideachtaí is mó agus is mar chuideachtaí domhanda a oibríonn siad.

Rogha na domhaltóirí
(an ceannachán trasteorann deiridh)
11

16.Chun praghsanna a mheas, bíonn claonadh ag tomhaltóirí dul i muinín siopaí gréasáin idirnáisiúnta den saghas sin, siopaí atá lonnaithe taobh amuigh den Aontas Eorpach. Tá tionchar mór á imirt ag an tsiopadóireacht ar líne neamh-AE ar chúrsaí díolacháin sna gnáthshiopaí miondíola san Aontas féin.

17.Baineann na treochtaí domhanda leis an mBeilg chomh maith. Dar le Comeos 12 , cheannaigh 67 % de Bheilgigh earraí ar líne in 2018, i gcomparáid le 46 % in 2012. Is léiriú é sin ar mhéadú 21 phointe céatadáin in imeacht sé bliana. 44 % de ríomhcheannaitheoirí de chuid na Beilge, uair sa mhí a dhéanann siad siopadóireacht ar líne agus 9 % díobh, uair sa tseachtain a dhéanann siad í. Is gnáthbhuiséad míosúil é breis agus EUR 150 do 42 % de ríomhcheannaitheoirí na Beilge. Maíonn 39 % de ríomhcheannaitheoirí na Beilge gur mó nó gur mó i bhfad an tairgead a chaithfidh siad in 2019 ná mar a chaith siad an bhliain roimhe sin. Is cuma leis an leathchuid de na freagróirí an bhfuil an siopa gréasáin óna bhfuil siad ag ceannach sa Bheilg nó nach bhfuil 13 .

18.Go dtí seo, is leis an earnáil mhiondíola a bhain deich gcinn d’iarratais CED a raibh péire díobh sin bunaithe ar an domhandú ó thaobh na trádála de 14 agus ocht gcinn díobh bunaithe ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta 15 .

Eachtraí as ar tháinig na hiomarcaíochtaí agus an deireadh le gníomhaíocht

19.Tá trí bhranda á noibriú ag Carrefour Belgium: Carrefour Express (siopaí neasachta), branda a bhfuil brabús le baint as agus atá ag méadú (20-25 shiopa ag oscailt in aghaidh na bliana); Tá méadú ag teacht ar Carrefour Market freisin, ar ollmhargaí iad ina ndírítear ar tháirgí úra agus a bhfuil sé d’aidhm acu 10 siopa a oscailt in aghaidh na bliana; agus Carrefour Hypermarkets. As 45 cinn de na Carrefour Hypermarkets, níl brabús le baint as 19 díobh 16 .

20.Is éard is cúis leis na hiomarcaíochtaí gur dúnadh ceann amháin de na Carrefour Hypermarkets agus gur ligeadh ar cíos cuid de dhromchla na nollmhargaí eile, ollmhargaí atá fós ag oibriú, do mhiondíoltóirí seachtracha. Mar a luaitear thuas, tá tionchar mór á imirt ag an tsiopadóireacht ar líne neamh-AE ar chúrsaí díolacháin sna gnáthshiopaí miondíola san Aontas féin.

21.Is ionann na táirgí a bhfuil díol maith orthu ar líne nó a bhfuiltear ag súil leis go mbeidh díol maith orthu gan mhoill agus na táirgí neamhbhia atá ar fáil sna hollmhargaí. Tá táirgí faisin tagtha in aibíocht ó thaobh na ríomhthráchtála de. Na “táirgí a bhfuil borradh fúthu” 17 , sin leabhair agus ríomhleabhair, ríomhairí agus earraí leictreonacha, an tsláinte agus an áilleacht, agus an tsiamsaíocht. Os a choinne sin, is beag Beilgeach a cheannaíonn bia ar líne, cé go ndeir ríomhcheannaitheoirí go bhfuil sé de rún acu amhlaidh a dhéanamh ar bhonn níos minice sa todhchaí 18 .

22.Maidir le Carrefour, de réir mar atá díolacháin ar líne ag fás le tamall, is amhlaidh mar atá laghdú tagtha ar dhíolacháin táirgí neamhbhia sna hollmhargaí (bhí laghdú 6 % ar láimhdeachas táirgí neamhbhia in 2017 agus laghdú 19 % air ó 2010 i leith), rud a bhaineann an bonn ó bhrabúsacht na gcineálacha seo siopaí. Thug an Bheilg le fios gur mar gheall ar na deacrachtaí san earnáil neamhbhia a tharla na hiomarcaíochtaí den chuid ba mhó, mar a mhínítear thuas.

Láimhdeachas Carrefour Hypermarkets Táirgí neamhbhia 19 .
(lena náirítear an cháin ar fad)
(athrú céatadáin ó bhliain go bliain)



Brabúsacht Carrefour Hypermarkets 20
(toradh ar chustaiméirí 21 i milliúin euro)

An tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta agus ar an bhfostaíocht

23.Cé gur leis an tír iomlán a bhaineann na hiomarcaíochtaí, tá an Bheilg ag súil le go mbeidh drochthionchar suntasach acu ar chúrsaí fostaíochta agus ar gheilleagar réigiúnach na Vallúine dá dheasca. Tá an drochthionchar a bhfuiltear ag súil leis nasctha le ganntanas post sa réigiún, leis an ráta dífhostaíochta atá sách ard agus, de thoradh air sin, leis na deacrachtaí a bhfuiltear ag súil leo maidir le hath-imlonnú oibrithe iomarcacha, go háirithe iad siúd atá os cionn 50 bliain d’aois, ó tharla go bhfuil duine amháin as gach ceathrar oibrithe sa Vallúin os cionn 55 bliana d’aois.



24.Cé gur tháinig laghdú 1.5 % ar an líon cuairdaitheoirí poist sa réigiún in 2018 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, tá an ráta dífhostaíochta sa Vallúin (8.6 % 22 ) níos mó ná dhá oiread an ráta dífhostaíochta i bhFlóndras (3.5 % 23 ) agus os cionn mheán an Aontais Eorpaigh, arb ionann é agus 6.9 %. Anuas air sin, léirítear le táscairí feidhmíochtaí níos ísle i margadh an tsaothair sa Vallúin: tháinig moill ar an ngníomhaíocht eatramhach (- 2.3 % ar uaireanta a oibríodh idir Nollaig 2017 agus Nollaig 2018), tháinig méadú ar an dífhostaíocht shealadach (+ 5.8 % ar bhonn bliantúil) agus, tháinig méadú ar fhéimheachtaí sa ráithe dheiridh de 2018 (+ 5 % i gcomparáid leis an ráithe chéanna de 2017). Anuas air sin, táthar ag súil le go dtiocfaidh moill ar chruthú post in 2019 (thart ar 15 000 post níos lú ná mar a bhí ann in 2018) 24 .

25.In 2018, bhí 57 % de na cuardaitheoirí poist sa Vallúin dífhostaithe go fadtéarmach (> 12 mhí), agus bhí 67 % den líon iomlán cuardaitheoirí poist dífhostaithe le breis agus dhá bhliain 25 .

26.Dar le Comeos, cé nach bhfuil laghdú ag teacht ar an bhfostaíocht san earnáil mhiondíola sa Bheilg go fóill, tá imní ann go mbeidh drochthionchar ag an digitiú agus ag uathoibriú stóras ar na mílte post gan mhoill, eadhon poist a dhéanann daoine ar bheagán oiliúna 26 .

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

27.De dheasca drochbhail a bheith ar chúrsaí fostaíochta sa Vallúin, táthar ag súil sa Bheilg le nach nglacfaidh ach na 400 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa réigiún seo páirt sna bearta. Is mar seo a leanas atá an miondealú a rinneadh ar na hoibrithe sin de réir gnéis, saoránachta agus aoisghrúpa:

Catagóir

Líon
tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

(oibrithe)

Gnéas:

Fir:

118

(29.5 %)

Mná:

282

(70.5 %)

Saoránacht:

saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh:

379

(94.8 %)

daoine nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad:

21

(5.2 %)

Aoisghrúpa:

15-24 bliana:

0

(0.0 %)

25-29 bliana:

7

(1.7 %)

30-54 bliana:

68

(17.0 %)

55-64 bliana:

325

(81.3 %)

os cionn 64 bliana:

0

(0.0 %)

28.Ina theannta sin, déanfaidh an Bheilg seirbhísí pearsantaithe atá cómhaoinithe ag CED a sholáthar do suas le 330 duine óg faoi bhun 25 bliana d’aois nach bhfuil fostaithe, in oideachas nó faoi oiliúint (NEETanna) tráth a chuirtear an tiarratas isteach, ó tharla gur i réigiúin leibhéal 2 NUTS Province Hainaut (BE32) agus Province Liège (BE33)], atá 240 de na hiomarcaíochtaí dá dtagraítear i mír 5, réigiúin ina raibh ráta dífhostaíochta 20 % 27 ar a laghad i measc daoine óga atá idir 15 agus 24 bliana d’aois, bunaithe ar na sonraí bliantúla atá ar fáil maidir le 2018 28 .

29.Dá bhrí sin, meastar gurb é 730 duine an líon iomlán tairbhithe iomarcacha, lena náirítear NEETanna, a ghlacfaidh páirt sna bearta. 

Incháilitheacht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe

30.Tá na gníomhaíochtaí seo a leanas i gceist leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthrófar d’oibrithe iomarcacha:

Tacaíocht/Treoraíocht/Imeascadh: Leis an tsraith seirbhísí seo, déantar a bhfuil sna gnáthghníomhaíochtaí chun tacú leis na hiar-oibrithe de chuid Carrefour a leathnú amach agus is iad na hAonaid Ath-imlonnaithe de chuid Sheirbhís Phoiblí Fostaíochta na Vallúine a chuireann an tsraith seirbhísí seo ar fáil, thar ceann ghnólacht foirceanta na fostaíochta. Cuirfear síneadh ama leis an ngnáth-thairiscint go dtí tar éis na tréimhse éigeantaí 29 agus déanfar seirbhísí sonracha breise a mholadh do na hoibrithe iomarcacha, amhail seirbhísí gníomhacha cuardaigh agus meaitseála poist.

Is é Forem agus a chuid comhpháirtithe sna ceardchumainn a thugann tacaíocht do na NEETanna agus a chuireann ar slógadh iad.

Beidh an deis ag NEETanna páirt a ghlacadh in “Coup de boost”, ar dianscéim tacaíochta sochghairmiúla é a mhairfidh 9 mí ar fad. Cuirfear rogha gníomhaíochtaí grúpa agus gníomhaíochtaí aonair ar fáil do na rannpháirtithe maidir le topaicí a bhaineann le cuardach poist (ullmhú le haghaidh agallamh do phost, ag iarraidh agallamh a fháil, etc.), ag forbairt féinmhuiníne agus scileanna cumarsáide; gníomhaíochtaí chun eolas a chur ar an saol gairmiúil agus ar an oiliúint ghairmiúil (cuairteanna, taithí oibre, ...); agallaimh aonair le comhairleoirí agus/nó le cóistí sóisialta chun cabhrú le gach duine óg sainmhíniú a thabhairt ar a bhfuil ag teastáil uaidh féin ina shaol gairmiúil; faisnéis curtha in oiriúint maidir le dlí an tsaothair agus cearta sóisialta agus tacaíocht maidir le nósanna imeachta riaracháin; gníomhaíochtaí malartaithe ina mbeidh daoine óga in ann a bheith ag tacú le chéile agus a dtaithí ghairmiúil, an taithí a bhí acu ag cuardach poist agus an oiliúint a cuireadh orthu a roinnt le chéile; etc.

Is é an sprioc atá ann, ag deireadh na dianscéime tacaíochta, go bhfaighidh an NEET a chéad phost, é sin nó go dtosaíonn sé ar chlár oiliúna cáilithe. Tá tacaíocht bhreise ann tar éis an “Coup de Boost” chun a chinntiú go bhfuil ag éirí go maith leis an NEET san oiliúint nó san fhostaíocht a bhfuil sé ag gabháil di agus chun cabhrú leis aon deacracht a d’fhéadfadh teacht chun cinn a shárú.

Oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint. Beidh an deis ag oibrithe agus NEETanna cur isteach ar an ngnáthoiliúint a chuireann Forem agus a chuid comhpháirtithe ar fáil agus beidh rochtain acu freisin ar mhodúil shonracha a bhaineann le cuardach poist. Ina theannta sin, tar éis tionscadail ghairmiúla aonair a phróifíliú agus a bhailíochtú leis an gcomhairleoir gairme, cuirfear oiliúint shonrach ar fáil chun freastal ar na riachtanais a sainaithníodh. Beidh oiliúint sna bunscileanna (cumas teanga, cumas matamaitice, cumas sa teicneolaíocht faisnéise, etc.) ar fáil freisin do dhaoine óga a dteastaíonn a leithéid uathu.

Tacaíocht i dtreo gnólacht a chur ar bun. Beidh sa bheart seo, a dhíreofar ar oibrithe, babhta tuairimíochta agus treorach, gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir leis an bhfiontraíocht, seisiúin eolais ar an bhféidearthacht atá ann gnólacht a chur ar bun trí dhiagnóisiú eacnamaíoch críochach agus líonrú a dhéanamh le fiontraithe ábhartha agus cóistí cáilithe tionscnaimh.

Ranníocaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta. Na hoibrithe a thosaíonn gnólacht nó gníomhaíocht mar dhaoine féinfhostaithe, gheobhaidh siad siúd ranníocaíocht suas le EUR 15 000. Ina dhá tráthchuid a íocfar an ranníocaíocht, tar éis don oibrí forbairt éifeachtach na gníomhaíochta a léiriú le doiciméid tacaíochta.

Liúntais. (1) Liúntas um chuardach poist agus liúntas oiliúna. Gheobhaidh na hoibrithe agus na NEETanna EUR 1 in aghaidh gach uaire a chaitheann siad faoi oiliúint éifeachtach nó ag gabháil do ghníomhaíochtaí um chuardach poist de chuid Aonad Ath-imlonnaithe Forem 30 . (2) Ranníocaíocht le speansas taistil chun na hoibre. Chun an tsoghluaisteacht réigiúnach agus idir-réigiúnach a chur chun cinn, oibrithe agus NEETanna a ghlacann le post atá lonnaithe níos mó ná 60 km ón mbaile, é sin nó má tá breis agus ceithre huaire an chloig i gceist san iomlán leis an turas isteach go dtí an obair agus an turas abhaile arís, gheobhaidh na hoibrithe agus na NEETanna sin cnapshuim EUR 500 nó EUR 750 31 . (3) Tacaíocht i dtreo gnólacht a chur ar bun. Chun tacú leis na hoibrithe agus iad ag bunú a ngnólachta 32 , tabharfar liúntas míosúil de EUR 350 dóibh ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí. (4) Liúntas chun dul ar ais ar scoil. Tabharfar liúntas míosúil EUR 350 d’oibrithe agus do NEETanna a dhéanann staidéir lánaimseartha (études de plein exercice) ar feadh tréimhse bliana ar a laghad.

31.Na gníomhaíochtaí atá beartaithe, a bhfuil tuairisc orthu thuas, is bearta gníomhacha maidir le margadh an tsaothair iad laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán maidir le CED. Ní chuirfear na gníomhaíochtaí sin in ionad bearta éighníomhacha cosanta sóisialta.

32.Sholáthair an Bheilg an fhaisnéis a theastaíonn maidir le gníomhaíochtaí atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. Dheimhnigh sí nach dtiocfadh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na ngníomhaíochtaí sin.

Buiséad measta

33.Is é EUR 2 720 047 na costais mheasta iomlána, a chuimsíonn caiteachas EUR 2 665 047 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 55 000 ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe.

34.Is é EUR 1 632 028 (60 % de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ó CED.

Gníomhaíochtaí

An líon measta rannpháirtithe

An costas measta in aghaidh an rannpháirtí
(EUR) 33

Costais mheasta iomlána

(EUR) 34  

Seirbhísí pearsantaithe (Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(a) agus (c) den Rialachán maidir le CED)

Tacaíocht/Treoraíocht/Imeascadh
(
Accompagnement, orientation, mobilisation et insertion)

730

2 241

1 636 130

Oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint
(
Formation et modules specifiques)

460

941

432 710

Tacaíocht i dtreo gnólacht a chur ar bun
(
Dispositif d’accompagnement à l’entreprenariat) 

250

463

115 743

Ranníocaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta
(
Bourse de lancement)

10

10 000

100 000

Fo-iomlán (a):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe

2 284 583

(85.72 %)

Liúntais agus dreasachtaí (Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(b) den Rialachán maidir le CED)

Liúntais
(
Allocations et primes) 

730

521

380 464

Fo-iomlán (b):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe:

380 464

(14.28 %)

Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(4) den Rialachán maidir le CED

1. Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

0

2. Bainistíocht

10 000

3. Faisnéis agus poiblíocht

15 000

4. Rialú agus tuairisciú

30 000

Fo-iomlán (c):

An céatadán de na costais iomlána:

55 000

(2.02 %)

Costais iomlána (a + b + c):

2 720 047

Ranníocaíocht ó CED (60 % de na costais iomlána)

1 632 028

35.Costais na ngníomhaíochtaí atá sainaitheanta sa tábla thuas mar ghníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(b) den Rialachán maidir le CED, ní mó iad ná 35 % de na costais iomlána don phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe. Dheimhnigh an Bheilg go bhfuil na gníomhaíochtaí sin ag brath ar rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cuardach poist nó le hoiliúint.

36.Dheimhnigh an Bheilg nach mbeidh costais na ninfheistíochtaí le haghaidh féinfhostaíochta, gnólachtaí nuathionscanta agus táthcheangail ag fostaithe níos mó ná EUR 15 000 in aghaidh an tairbhí.

Tréimhse incháilitheachta caiteachais

37.Dé Sathairn an 1 Nollaig 2018, chuir an Bheilg tús leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú. Dá bhrí sin, beidh an caiteachas ar na gníomhaíochtaí incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Nollaig 2018 go dtí an 20 Meitheamh 2021.

38.An 25 Eanáir 2018, thosaigh an Bheilg ag tabhú an chaiteachais riaracháin chun CED a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, beidh an caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 25 Eanáir 2018 go dtí an 20 Nollaig 2021.

Comhlántacht maidir le gníomhaíochtaí atá á maoiniú ó chistí náisiúnta nó ó chistí an Aontais

39.Is iad cistí Réigiún na Vallúine foinse an réamh-mhaoinithe nó an chómhaoinithe náisiúnta.

40.Maidir leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu thuas agus atá ag fáil ranníocaíocht airgeadais ó CED, dheimhnigh an Bheilg nach bhfaighidís ranníocaíochtaí airgeadais ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais freisin.

Nósanna imeachta maidir le dul i gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú nó lena nionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha

41.Thug an Bheilg le fios gur tarraingíodh an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe suas i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta.

42.Chomh maith leis an bhfaisnéis éigeantach agus an comhairliúchán le hionadaithe na noibrithe, cuireadh aonad géarchéime ar bun chun an plean sóisialta a shainmhíniú agus chun idirghabhálacha na seirbhísí poiblí lena mbaineann a chomhordú. Chuaigh Seirbhís Phoiblí Fostaíochta na Vallúine i gcomhairle leis na ceardchumainn maidir le réitigh éagsúla ath-imlonnaithe 35 , agus chuathas i gcomhairle le ceardchumainn, le gairmchomhairleoirí agus le hoibrithe sóisialta a bhíonn i dteagmháil dhíreach le hoibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht maidir le hathoiliúint/uas-sciliú na noibrithe féin 36 .

Córais bhainistíochta agus rialaithe

43.Thug an Bheilg fógra don Choimisiún gurb iad na comhlachtaí céanna a bhainistíonn agus a rialaíonn CSE a bhainisteoidh agus a rialóidh an ranníocaíocht airgeadais.

Na gealltanais a thug an Ballstát lena mbaineann

44.Thug an Bheilg na dearbhuithe go léir a theastaíonn maidir leis na nithe seo:

déanfar na prionsabail um chóir chomhionann agus neamh-idirdhealú a urramú maidir leis an rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin,

comhlíonadh na ceanglais atá leagtha síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,

maidir le Carrefour, a lean lena ghníomhaíochtaí tar éis dó na daoine lena mbaineann a chur ar iomarcaíocht, rinne sé a chuid oibleagáidí dlíthiúla lena rialaítear na hiomarcaíochtaí a chomhlíonadh agus riar sé dá chuid oibrithe dá réir,

ní bhfaighidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe tacaíocht airgeadais ó chistí eile nó ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais agus coiscfear aon mhaoiniú dúbailte,

beidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag teacht le gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis na Cistí Struchtúracha,

cloífidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED le rialacha nós imeachta agus rialacha ábhartha an Aontais maidir le státchabhair.

IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Togra buiséadach

45.Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011) mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 37 .

46.Tar éis dó an tiarratas a scrúdú i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, agus tar éis dó an líon tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú, na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus na costais mheasta a chur san áireamh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún úsáid a bhaint as CED EUR 1 632 028, arb é 60 % de chostais iomlána na ngníomhaíochtaí atá beartaithe é, chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don iarratas.

47.Maidir le CED a shlógadh, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe, mar a leagtar síos i bpointe 13 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais 38 .

Gníomhartha gaolmhara

48.An tráth céanna a thíolacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le haghaidh EUR 1 632 028 a aistriú chuig an líne bhuiséadach iomchuí.

49.San am céanna a ghlacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh, glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cinneadh a thiocfaidh i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cinneadh atá beartaithe maidir le CED a shlógadh.

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leas a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tar éis
iarratas ón mBeilg – EGF/2019/001 BE/Carrefour

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 39 , agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais 40 , agus go háirithe pointe 13 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe, nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na noibrithe sin i margadh an tsaothair.

(2)Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011) mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle 41 .

(3)An 20 Meitheamh 2019, chuir an Bheilg iarratas isteach chun CED a shlógadh, i leith iomarcaíochtaí in Carrefour Belgique SA sa Bheilg. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.

(4)I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, chinn an Bheilg seirbhísí pearsanaithe a sholáthar do 330 duine óg nach bhfuil fostaithe, in oideachas ná faoi oiliúint (NEETanna), seirbhísí a bheidh cómhaoinithe ag CED.

(5)Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 1 632 028 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Bheilg isteach.

(6)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a thógfar chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ón dáta a ghlacfar é,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2019, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun méid EUR 1 632 028 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [the date of its adoption] 42*.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2)    De réir bhrí Airteagal 3 den Rialachán maidir le CED.
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 1046/2012 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú comhchoiteann na naonad críche maidir le staidreamh (NUTS) a bhunú i dtaca le tarchur na hamshraithe le haghaidh an mhiondealaithe réigiúnaigh nua (IO L 310, 9.11.2012, lch. 34).
(4)    IO L 393, 30.12.2006, lch. 1
(5)    I gcomhréir leis an gceathrú mír d’Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.
(6)     http://www.gondola.be/fr/news/food-retail/plan-de-transformation-carrefour-belgique-signature-du-protocole-daccord
(7)    Díolacháin ríomhthráchtála mhiondíola an domhain ( https://www.emarketer.com/content/global-ecommerce-2019 )
(8)    Ibid.
(9)    Eurostat. Ceannacháin idirlín le daoine aonair [isoc_ec_ibuy].
(10)    Eurostat. https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/pdfscache/46776.pdf
(11)    Suirbhé do cheannaitheoirí ríomhthráchtála trasteorann, 2017
https://www.eurocommerce.eu/media/159952/2018.07.02%20-%20ecommerce%20report_annex.pdf
(12)    Cónaidhm na Beilge do Thráchtáil agus Seirbhísí
(13)    Comeos. Ríomhthráchtáil, an Bheilg, 2018. https://static.comeos.be/E-commerce_Belgium_2018.pdf
(14)    An tiarratas reatha agus EGF/2017/005 FI/Retail, COM(2017) 618.
(15)    EGF/2010/010 CZ/Unilever, COM(2011) 61,
CED/2010/016 ES/Miondíol Aragón, COM(2010) 615,

EGF/2011/004 EL/ALDI Hellas, COM(2011) 580,

EGF/2014/009 EL/Sprider Stores, COM(2014) 620,

EGF/2014/013 EL/Odyssefs Fokas, COM(2014) 702,

EGF/2015/011 GR/Supermarket Larissa, COM(2016) 210,

EGF/2016/005 NL/Drenthe Overijssel Retail,COM(2016) 742, agus

CED/2017/003 ES/Miondíol Aragón, COM(2017) 613.
(16)    Carrefour. ‘Plan de transformation Carrefour Belgique’ (Eanáir 2018)
(17)    Is éard atá i gceist le táirgí a bhfuil borradh fúthu, táirgí a cheannaíonn roinnt mhaith tomhaltóirí ar líne cheana féin a bhfuil sé i gceist acu iad a cheannach ar bhonn níos minice sa todhchaí.
(18)    Comeos. Ríomhthráchtáil, an Bheilg, 2018, op.cit.
(19)    Carrefour. ‘Plan de transformation Carrefour Belgique’ (Eanáir 2018).
(20)    Ibid.
(21)    Léirítear brabúsacht siopaí leis an toradh ar chustaiméirí (ROC). Ríomhtar an bhrabúsacht a thairgeann na custaiméirí i bhfianaise na ninfheistíochtaí a rinneadh agus a dhéanfar chun freastal orthu, chun iad a shásamh agus chun iad a choinneáil. Is ionann ROC agus sreabhadh reatha airgid an ghnólachta óna chuid custaiméirí móide aon athrú i gcothromas foluiteach na gcustaiméirí, arna roinnt ar chothromas iomlán na gcustaiméirí i dtús na tréimhse.
(22)    Statbel
(
https://statbel.fgov.be/fr/themes/emploi-formation/marche-du-travail/emploi-et-chomage#panel-11 )
(23)    Ibid.
(24)    Le Forem. Marché de l’emploi. Treochtaí agus cúinsí eacnamaíochta na Vallúine. Eanáir 2019
(25)    Iweps. Sraitheanna staitistiúla mhargadh an tsaothair sa Vallúin. Nollaig 2018
(
https://www.iweps.be/wp-content/uploads/2019/01/dmc1812.pdf )
(26)     https://www.lecho.be/entreprises/grande-distribution/Malgre-Carrefour-l-emploi-dans-la-grande-distribution-a-progresse/9976847
(27)    Province Hainaut (27.6 %), Province Liège (21.1 %).
(28)    Foinse: Eurostat, tacar sonraí: [lfst_r_lfu3rt].
(29)    D’oibrithe os cionn 45 bliana, sé mhí (60 uair an chloig). D’oibrithe suas go dtí 44 bliana, 3 mhí (30 uair an chloig).
(30)    I gcomhréir le foraithne na Vallúine an 29 Eanáir 2004 (Décret relatif au plan d’accompagnement des reconversions)
(31)    EUR 500 a bheidh ann más sa charr a thagann siad go dtí an obair nó EUR 750 más ar an iompar poiblí a thagann siad.
(32)    Cuirfear deireadh leis an liúntas a luaithe a thionscnófar an gnólacht.
(33)    Chun deachúlacha a sheachaint, slánaítear na meánchostais mheasta in aghaidh an rannpháirtí. Mar sin féin, ní dhéanann an slánú aon difear do chostas iomlán gach birt atá fágtha dála an iarratais a chuir an Bheilg isteach.
(34)    Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.
(35)    An 15 agus an 27 Márta 2019
(36)    An 15 Márta 2019
(37)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
(38)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(39)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(40)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(41)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
(42) *     Date to be inserted by the Parliament before the publication in OJ.