AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.6.2019
COM(2019) 251 final
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le leas a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta chun bearta buiséadacha láithreacha a mhaoiniú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus na mbagairtí slándála
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
Le Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014–2020, féadfar leas a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta chun go bhféadfar caiteachas a mhaoiniú ar caiteachas é a shainaithneofar go soiléir agus nach bhféadfaí a mhaoiniú faoi na huasteorainneacha atá ar fáil do cheannteideal amháin nó níos mó den chreat airgeadais ilbhliantúil.
I gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Uimh. 1311/2013 agus pointe 12 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, tar éis scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí uile maidir le leithreasuithe a ath-leithdháileadh agus aon chorrlach neamh-leithdháilte faoi chaiteachas Slándáil agus Saoránacht (ceannteideal 3) a bheith ídithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid in 2020. Is é EUR 600 milliún (praghsanna 2011) an tsuim bhliantúil atá ar fáil, suim atá cothrom le EUR 717 milliún i bpraghsanna reatha. Thairis sin, tá EUR 202 milliún ar fáil i gcion 2019.
Baineann an beart seo le suim atá EUR 778,1 milliún os cionn uasteorainn cheannteideal 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil, agus tá sé beartaithe é a úsáid chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do bhearta chun géarchéim na himirce, na ndídeanaithe agus na slándála a bhainistiú.
Táthar tar éis na leithreasuithe íocaíochta táscacha a chomhfhreagraíonn don úsáid a bheartaítear a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta a ríomh ar bhonn na rialacha is infheidhme maidir le réamh-mhaoiniú, imréiteach réamhmhaoiniúcháin agus íocaíochtaí críochnaitheacha ar na cineálacha éagsúla beart atá le maoiniú, agus tá siad curtha i láthair sa tábla thíos:
(In EUR milliúin ag praghsanna reatha)
|
Bliain
|
Leithreasuithe íocaíochta a bhaineann le húsáid na hionstraime solúbthachta in 2020
|
|
2020
|
407,4
|
|
2021
|
312,2
|
|
2022
|
42,4
|
|
2023
|
16,1
|
|
Iomlán
|
778,1
|
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le leas a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta chun bearta buiséadacha láithreacha a mhaoiniú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus na mbagairtí slándála
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus go háirithe pointe 12 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an méid seo a leanas,
(1)Tá sé beartaithe leis an Ionstraim Sholúbthachta go bhféadfar caiteachas a mhaoiniú, ar caiteachas a shainaithneofar go soiléir é agus nach bhféadfaí a mhaoiniú faoi na huasteorainneacha a bheadh ar fáil do cheann amháin nó níos mó de na ceannteidil eile.
(2)Is é EUR 600 000 000 (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle é, an uasteorainn leis an méid bliantúil a bheidh ar fáil don Ionstraim Sholúbthachta, arna méadú, i gcás inarb infheidhme ag méideanna atá dulta i léig agus curtha ar fáil i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal sin.
(3)Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus na mbagairtí slándála, is gá leas a bhaint as méideanna suntasacha breise chun na bearta sin a mhaoiniú go práinneach.
(4)Tar éis scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí uile i ndáil le leithreasuithe a ath-leithdháileadh faoi uasteorainneacha caiteachais cheannteideal 3 (Slándáil agus saoránacht), is gá an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid chun forlíonadh EUR 778 074 489 a chur leis an maoiniú atá ar fáil i mbuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2020 thar uasteorainn cheannteideal 3 chun bearta a mhaoiniú i réimse na himirce, na ndídeanaithe agus na slándála.
(5)Ar bhonn na próifíle íocaíochta lena bhfuiltear ag súil, na leithreasuithe íocaíochta a chomhfhreagraíonn do shlógadh na hIonstraime Solúbthachta, ba cheart iad a leithdháileadh thar roinnt blianta airgeadais.
(6)Chun go bhféadfar úsáid a bhaint as na cistí go tapa, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo roimh thús na bliana airgeadais 2020.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(1)I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, úsáidfear an Ionstraim Sholúbthachta chun EUR 778 074 489 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí faoi cheannteideal 3 (Slándáil agus Saoránacht).
Déanfar na suimeanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid chun bearta a mhaoiniú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus na mbagairtí slándála.
(2)Ar bhonn na próifíle íocaíochta lena bhfuiltear ag súil, is é seo a leanas meastachán na leithreasuithe íocaíochta a chomhfhreagraíonn do shlógadh na hIonstraime Solúbthachta:
(a)EUR 407 402 108 in 2020;
(b)EUR 312 205 134 in 2021;
(c)EUR 42 336 587 in 2022;
(d)EUR 16 130 660 in 2023;
Déanfar na méideanna sonracha de leithreasuithe íocaíochta le haghaidh gach bliana airgeadais a údarú i gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh sé infheidhme ón 1 Eanáir 2020.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán