An Bhruiséil,30.1.2019

COM(2019) 53 final

2019/0019(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta teagmhasacha a bhunú sa réimse maidir le comhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra go raibh sé de rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, mura ndaingneofar an Comhaontú um Tharraingt Siar, scoirfidh dlí príomhúil agus dlí tánaisteach an Aontais d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019 (‘dáta na tarraingthe siar’). Uaidh sin amach, beidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír.

Socraíodh Comhaontú um Tharraingt Siar 1 idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach é (Airteagal 50) an 25 Samhain 2018. Ní cinnte go ndaingneofar é sa Ríocht Aontaithe áfach.

Ina Theachtaireacht an 13 Samhain 2018 dar teideal “Preparing for the withdrawal of the United Kingdom from the European Union on 30 March 2019: a Contingency Action Plan” [Ullmhúchán do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach an 30 Márta 2019: Plean Gníomhaíochta Teagmhasach] 2 (“the Communication on a Contingency Action Plan” [an Teachtaireacht maidir le Plean Gníomhaíochta Teagmhasach]), chuir an Coimisiún Eorpach i dtreis go raibh an Comhaontú um Tharraingt Siar ar an rogha is fearr maidir le tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. Mar sin féin, mura ndéantar Comhaontú um Tharraingt Siar, gníomhóidh an tAontas chun a leasanna a chosaint, agus ba cheart dó cur chuige aontaithe comhordaithe a thaispeáint i dtaobh gach réimse. Sa Teachtaireacht chéanna sin, thíolaic an Coimisiún na sé phrionsabal ghinearálta ar cheart gach beart teagmhasach ar gach leibhéal a bheith i gcomhréir leo. Áirítear orthu sin na prionsabail nár cheart tairbhí a bheith le baint as na bearta atá ar aon dul leis na tairbhí a bhaineann le ballraíocht an Aontais nó le téarmaí aon idirthréimhse, mar a fhoráiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar; ní mór dóibh a bheith sealadach gan maireachtáil, i bprionsabal, níos faide ná deireadh 2019; agus ní foláir nó gur bearta aontaobhacha den Aontas Eorpach iad chun a leasanna a bhaint amach, agus dá bhrí sin is féidir leis an Aontas iad a chúlghairm tráth ar bith.

Ó dháta na tarraingthe siar, i gcás nach ndéanann an tAontas ná an Ríocht Aontaithe Comhaontú um Tharraingt Siar a shocrú, ní bheidh dlí an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta i bhfeidhm a thuilleadh sa chaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Ciallaíonn sé sin nach ráthófar teidlíochtaí slándála sóisialta do shaoránaigh an Aontais atá nó a bhí faoi réir reachtaíocht Ballstáit amháin nó níos mó agus atá nó a bhí i staideanna lenar bhain nó lena mbaineann an Ríocht Aontaithe (e.g. d’oibrigh siad ann nó bhí siad ina gcónaí ann nuair a bhí an Ríocht Aontaithe ina Ballstát den Aontas) agus mar an gcéanna i gcás na náisiúnach siúd ón Ríocht Aontaithe atá nó a bhí faoi réir ag reachtaíocht Ballstáit amháin nó níos mó ná sin.

Beag beann ar an gcás, thug an Coimisiún le fios go soiléir gur tosaíocht é cosaint a thabhairt do shaoránaigh an Aontais atá sa Ríocht Aontaithe, agus do náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe atá san Aontas Eorpach. Chuige sin beidh ar Bhallstáit cur chuige flaithiúil a ghlacadh i leith náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe atá ina gcónaí laistigh dá gcríoch cheana féin. Táthar ag súil go ngníomhóidh an Ríocht Aontaithe ar an dóigh chéanna. I bhfianaise an méid sin, is é cuspóir an togra seo cuid de na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a mhaolú sa chás nach gcomhaontaítear aon réiteach leis an Ríocht Aontaithe.

Go deimhin, is gá a áirithiú go gcoimeádfaidh na daoine sin a bhain leas, mar shaoránaigh an Aontais, as a gceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas roimh dháta na tarraingthe siar, is gá a áirithiú go gcoimeádfaidh siad a dteidlíochtaí slándála sóisialta atá bunaithe ar fhíricí agus ar imeachtaí a tharla agus ar thréimhsí árachais, tréimhsí fostaíochta, tréimhsí féinfhostaíochta nó tréimhsí cónaithe a tugadh chun críche roimh dháta na tarraingthe siar, tráth a raibh an Ríocht Aontaithe ina Ballstát den Aontas. I gcás roinnt croíphrionsabal maidir le comhordú slándála sóisialta mar a chumhdaítear i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (asamhlú, comhiomlánú, cóir chomhionann), chomh maith le rialacha an Rialacháin seo lena dtugtar éifeacht phraiticiúil do chur chun feidhme na bprionsabal sin (amhail ríomh pro rata ar phinsean seanaoise), ba cheart go leanfadh na croíphionsabail d’fheidhm a bheith acu i leith na ndaoine sin, maidir le fíricí nó imeachtaí a tharla nó tréimhsí a tugadh chun críche roimh dháta na tarraingthe siar. Bíonn an riachtanas céanna ann maidir le teidlíochtaí slándála sóisialta daoine gan stát agus dídeanaithe atá nó a bhí faoi réir ag reachtaíocht Ballstáit nó níos mó agus atá i staideanna lenar bhain nó lena mbaineann an Ríocht Aontaithe. I gcás na gcatagóirí thuasluaite go léir, áirítear baill teaghlaigh agus marthanóirí 3 .

Ós rud é go mbeidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír, ní leanfaidh prionsabail agus rialacha eile an chomhordaithe slándála sóisialta d’fheidhm a bheith acu tar éis dháta na tarraingthe siar, amhail ineaspórtálacht sochar airgid, soláthar leanúnach tairbhí breoiteachta comhchineáil agus na rialacha maidir leis an reachtaíocht is infheidhme.

De réir na bhforálacha den Chonradh maidir le saorghluaiseacht, d’fheidhmigh an tAontas a inniúlacht go hiomlán maidir le córais slándála sóisialta a chomhordú idir an Ríocht Aontaithe agus Ballstáit eile maidir le leasanna a baineadh as an gceart chun saorghluaiseachta a tharla nuair a bhí an Ríocht Aontaithe ina Ballstát den Aontas. Dá bhrí sin, ní féidir le Ballstáit coinbhinsiúin dhéthaobhacha ina gclúdófar na staideanna a chumhdaítear faoin Rialachán seo a shocrú agus a fheidhmiú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais seo agus le beartais eile an Aontais

Tá an togra seo mar chuid de phlean ullmhachta agus teagmhasach an Aontais éifeachtaí diúltacha tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas gan aon Chomhaontú um Tharraingt Siar ann a mhaolú. Leanann an togra na prionsabail ghinearálta atá leagtha amach sa Teachtaireacht maidir le Plean Gníomhaíochta Teagmhasach. Is aontaobhach agus sealadach an togra go háirithe ós rud é nach bhfuil aon rud ann atá ar aon dul le tairbhí bhallraíocht an Aontais ná le téarmaí aon idirthréimhse faoi mar a bheadh foráilte sa Chomhaontú um Tharraingt Siar.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 48 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ós rud é go mbaineann sé le bearta sa réimse maidir le comhordú slándála sóisialta.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéad is nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach ná áitiúil. Tá gá le cur chuige comhordaithe ar leibhéal an Aontais chun cosaint a dhéanamh ar theidlíochtaí slándála sóisialta a gnóthaíodh tar éis do dhaoine lena mbaineann leas a bhaint as an gceart chun saorghluaiseachta mar shaoránaigh an Aontais. Seachnóidh sé sin scoilt i measc na mBallstát i bhfeidhmiú dhlí an Aontais maidir le teidlíochtaí slándála sóisialta a bhaineann le fíricí nó imeachtaí a tharla agus tréimhsí a tugadh chun críche roimh dháta na tarraingthe siar, ina theannta sin seachnófar neamhionannas sa dóigh a chaithfear le daoine lena mbaineann.

Comhréireacht

Ní théann an Rialachán atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí phlean teagmhasach an Choimisiúin a bhaint amach, ós rud é go náirithíonn sé íoschosaint ar theidlíochtaí slándála sóisialta daoine a bhain leas as an gceart chun saorghluaiseachta roimh dháta na tarraingthe siar.

An rogha ionstraime

Is rialachán í an ionstraim atá beartaithe. Ní bhainfeadh bealaí eile (e.g. Teachtaireacht nó ionstraimí eile nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí de) leibhéal riachtanach na deimhneachta dlíthiúla amach.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Glactar leis an togra seo i gcomhthéacs bearta teagmhasacha arna gceapadh chun na rioscaí a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas gan aon Chomhaontú um Tharraingt Siar ann a mhaolú.

Rinne an Coimisiún Eorpach anailís ar na hiarmhairtí a thitfeadh amach in éagmais comhaontú den sórt sin. Tar éis cuireadh a thabhairt do na Ballstáit gníomhú, shocraigh sé ar deireadh go bhfuil gá leis an togra seo chun teidlíochtaí slándála sóisialta daoine lena mbaineann a chosaint i dtaobh fíricí nó imeachtaí a tharla agus tréimhsí a tugadh chun críche roimh dháta na tarraingthe siar.

Phléigh an Coimisiún an gá le bearta teagmhasacha leis na Ballstáit agus na céimeanna ullmhachta earnála, dlíthiúla agus riaracháin sa chás sin. Chuige sin, reáchtáladh cruinnithe de Mheitheal na Comhairle um Airteagal 50 an 27 Samhain agus 12 Nollaig 2018, an 16 Eanáir 2019 agus eagraíodh seimineár tiomanta le saineolaithe teicniúla maidir le comhordú slándála sóisialta an 20 Nollaig 2018.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleacht ag an togra ar bhuiséad an Aontais. Tá sé d’aidhm aige teidlíochtaí slándála sóisialta na ndaoine lena mbaineann a chosaint, lena náirítear an tioncam a fhaigheann siad ó theidlíochtaí slándála sóisialta agus airgeadas na mBallstát.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá sé d’aidhm ag an togra a áirithiú go gcoimeádfaidh daoine a bhain leas, mar shaoránaigh an Aontais, as a gceart chun saorghluaiseachta roimh dháta na tarraingthe siar, go gcoimeádfaidh siad na teidlíochtaí slándála sóisialta atá acu agus a bhaineann le fíricí nó imeachtaí a tharla agus le tréimhsí arna gcur i gcrích roimh dháta na tarraingthe siar. Maidir le daoine ábhartha eile i staideanna lenar bhain an Ríocht Aontaithe roimh dháta na tarraingthe siar, a bheadh cumhdaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus 987/2009 ina mhalairt de chás, ba cheart go gcoimeádfadh siad na teidlíochtaí sin freisin: daoine gan stát, dídeanaithe, mar aon le baill teaghlaigh agus marthanóirí na gcatagóirí uile roimhe sin.

Soiléirítear in Airteagal 1 gurb ionann na sainmhínithe is infheidhme i leith an Rialacháin seo agus na cinn dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.

Sainítear in Airteagal 2 raon feidhme pearsanta an Rialacháin atá beartaithe. Cumhdaítear leis: daoine (náisiúnaigh an Aontais nó na Ríochta Aontaithe, daoine gan stát agus dídeanaithe) atá nó a bhí faoi réir rialacha comhordaithe slándála sóisialta an Aontais agus atá nó a bhí i staideanna lenar bhain an Ríocht Aontaithe fad agus a bhí sí ina Ballstát den Aontas, a mbaill teaghlaigh agus marthanóirí san áireamh.

Sainítear in Airteagal 3 raon feidhme ábhartha an Rialacháin atá beartaithe, ag sainiú go gcumhdófar ann craobhacha uile na slándála sóisialta de réir mar a liostaítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

Foráiltear in Airteagal 4 maidir le cóir chomhionann i leith daoine atá cumhdaithe faoin Rialachán atá beartaithe.

Leagtar amach in Airteagal 5 go leanfaidh na prionsabail maidir le hasamhlú agus comhiomlánú dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 d’fheidhm a bheith acu san Aontas maidir le haon éileamh a bhaineann le fíricí agus imeachtaí a tharla agus tréimhsí a tugadh chun críche roimh dháta na tarraingthe siar.

Leagtar amach in Airteagal 6 teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe.

2019/0019 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta teagmhasacha a bhunú sa réimse maidir le comhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 48 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) isteach fógra an 29 Márta 2017 go raibh sé de rún aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón dáta ar a dtagann comhaontú um tharraingt siar i bhfeidhm nó, dá éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019 amach, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d’aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh a chur leis an tréimhse sin.

(2)Mura ndéanfar comhaontú um tharraingt siar nó má chuirtear síneadh leis an tréimhse dhá bhliain tar éis an fhógra ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé i gceist aici tarraingt siar as an Aontas an 30 Márta 2019, scoirfidh rialacha an Aontais maidir le comhordú slándála sóisialta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta 4 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena leagtar síos an nós imeachta le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 5 a chur chun feidhme, scoirfidh na rialacha sin d’fheidhm a bheith acu freisin maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe.

(3)Mar thoradh air sin, maidir le daoine a bhain leas dlisteanach mar shaoránaigh an Aontais as an gceart chun saorghluaiseachta a chumhdaítear in Airteagal 45 agus Airteagal 49 den Chonradh roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, ní féidir leo brath a thuilleadh ar na rialacha sin maidir lena dteidlíochtaí slándála sóisialta bunaithe ar na fíricí ná ar na himeachtaí a tharla, ar na tréimhsí árachais, tréimhsí fostaíochta nó féinfhostaíochta ná na tréimsí cónaithe a tugadh chun críche roimh dháta na tarraingthe siar agus lena raibh an Ríocht Aontaithe bainteach. Imreofar an tionchar céanna ar dhaoine gan stát, agus ar dhídeanaithe, atá nó a bhí faoi réir ag reachtaíocht Ballstáit amháin nó níos mó agus atá i staideanna lena mbaineann nó lenar bhain an Ríocht Aontaithe, agus mar an gcéanna ar bhaill teaghlaigh agus ar mharthanóirí na ndaoine sna catagóirí sin go léír.

(4)D’fhonn teidlíochtaí slándála sóisialta na ndaoine sin lena mbaineann a chosaint, ba cheart go leanfadh na Ballstáit ar aghaidh le cur chun feidhme phrionsabail um chóir chomhionann, asamhlaithe agus comhiomlánaithe an Aontais faoi mar atá leagtha síos le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 anuas ar rialacha na Rialachán sin atá riachtanach chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail, i dtaobh daoine arna gcumhdach, fíricí nó imeachtaí a tharla agus tréimhsí a tugadh chun críche roimh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(5)Chun feidhmiú aontaobhach aonfhoirmeach i dtaobh na bprionsabal um chóir chomhionann, asamhlú agus chomhiomlánú a bhaint amach is gá an Rialachán teagmhasach seo a thabhairt isteach.

(6)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe mura mbeidh comhaontú um tharraingt siar leis an Ríocht Aontaithe tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ón gComhairle.

Airteagal 2

Daoine atá cumhdaithe

Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir leis na daoine a leanas:

(a) náisiúnaigh de Bhallstát, daoine gan stát agus dídeanaithe, atá nó a bhí faoi réir faoi réir reachtaíocht Ballstáit amháin nó níos mó agus atá nó a bhí i staid a bhaineann nó a bhain le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an ‘Ríocht Aontaithe’) roimh an 30 Márta 2019, baill a dteaghlach agus marthanóirí san áireamh;

b) náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe atá nó a bhí faoi réir faoi réir reachtaíocht Ballstáit amháin nó níos mó roimh an 30 Márta 2019, baill a dteaghlach agus marthanóirí san áireamh.

Airteagal 3

Ábhair a chumhdaítear

Bainfidh an Rialachán seo le craobhacha uile na slándála sóisialta dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

Airteagal 4

Cóir Chomhionann

Beidh feidhm ag an bprionsabal um chóir chomhionann faoi mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 i dtaobh na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, maidir leis na fíricí nó na himeachtaí a fíoraíodh sa Ríocht Aontaithe roimh an 30 Márta 2019.

Airteagal 5

Asamhlú agus comhiomlánú

1. Beidh feidhm ag prionsabal na hasmhlaithe faoi mar a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le tairbhí nó ioncam a fuarthas agus na fíricí nó na himeachtaí a fíoraíodh sa Ríocht Aontaithe roimh an 30 Márta 2019.

2. Beidh feidhm ag prionsabal an chomhiomlánaithe faoi mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le tréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe sa Ríocht Aontaithe roimh an 30 Márta 2019.

3. Beidh feidhm ag aon fhoráil eile de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 is gá éifeacht a thabhairt do na prionsabail a leagtar síos faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, má tá comhaontú um tharraingt siar, arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)     https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/draft_withdrawal_agreement_0.pdf  
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta ag ullmhú do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach an 30 Márta 2019: Plean Gníomhaíochta Teagmhasach (COM/2018/880 final).
(3)    Breithneoidh an Coimisiún ag céim níos déanaí go ndéanfar na prionsabail atá leagtha amach sa togra seo a shíneadh chuig náisiúnaigh tríú tíre atá ina gcónaí go dleathach i mBallstát atá cumhdaithe, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, i reachtaíocht an Aontais maidir le córais slándála sóisialta a chomhordú.
(4)    Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
(5)    Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).