An Bhruiséil,4.2.2019

COM(2019) 38 final

2019/0017(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 chun aird iomchuí a thabhairt ar an gcóras domhanda bailithe sonraí le haghaidh sonraí faoi ídiú ola breosla long

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2019) 20 final} - {SWD(2019) 10 final} - {SWD(2019) 11 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

·Forais agus cuspóirí an togra

Dúshlán mór is ea an tathrú aeráide agus is gá dul i ngleic leis go práinneach. Sin é an chúis a bhfuil sé mar aidhm ag Comhaontú Pháras an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C i gcomparáid leis na leibhéil réamhthionsclaíocha agus leanúint de na hiarrachtaí an méadú ar an teocht a choimeád faoi bhun 1,5°C bunaithe ar laghduithe suntasacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) i ngach tír.

Mar gheall ar an ídiú mór breoslaí iontaise, tagann méideanna móra astaíochtaí GCT ó ghníomhaíocht na loingseoireachta domhanda, rud a chuireann leis an athrú aeráide. Meastar gur thart ar 2-3 faoin gcéad d'astaíochtaí domhanda GCT iad na hastaíochtaí GCT a thagann ó mhuiriompair idirnáisiúnta. Is mó an méid sin ná na hastaíochtaí ó aon Bhallstát eile. Dá mba thír í an earnáil loingseoireachta, bheadh sí ar an séú tír ba mheasa ar domhan ó thaobh astaíochtaí de. Tá tionchar na hearnála ar leibhéal an Aontais chomh mór céanna: in 2015, loingseoireacht an Aontais ba chúis le 13% d'astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa ón earnáil iompair 1 . Mar sin féin, is é an muiriompar an taon earnáil amháin nach dtéitear i ngleic léi go sonrach le cuspóir laghdaithe astaíochtaí de chuid an Aontais nó bearta maolaithe sonracha.

Sa todhchaí, is dóchúil go méadófar ar mhéideanna trádála muiriompartha, agus tiocfaidh méadú suntasach ar astaíochtaí GCT a bhaineann leis dá bharr mura gcuirfear bearta maolaithe i bhfeidhm gan mhoill. De réir staidéar 2 a rinne an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), ag brath ar a dtitfidh amach maidir leis an ngeilleagar agus le cúrsaí fuinnimh, d'fhéadfadh fás idir 50% agus 250% teacht ar astaíochtaí ón loingseoireacht dhomhanda faoi 2050. Ar leibhéal an Aontais, tháinig méadú 48% ar astaíochtaí CO2 ón muiriompar idir 1990 agus 2008, agus meastar go dtiocfaidh méadú 86% os cionn leibhéil 1990 orthu faoi 2050 in ainneoin gur ghlac IMO íoschaighdeáin éifeachtúlachta do longa in 2011 3 . Mura ndéanfar aon rud chun dul i ngleic leis an hastaíochtaí seo, tá baol ann go mbainfí an bonn de spriocanna Chomhaontú Pháras agus de na hiarrachtaí eile a rinneadh in earnála eile.

Agus é i mbun obair leantach a dhéanamh ar an bPáipéar Bán maidir le hiompar a foilsíodh in 2011, ghlac an tAontas straitéis in 2013 chun astaíochtaí muirí a thabhairt isteach de réir a chéile faoi chuimse pholasaí an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 4 . Mar chéad chéim, i mí Aibreáin 2015 ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2015/757 5 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (Rialachán “MRV an Aontais”), rialachán ar comhlánaíodh é in 2016 le dhá Rialachán Tarmligthe 6 agus dhá Rialachán Cur Chun Feidhme 7 . Cuireadh Rialachán MRV an Aontais i dtoll a chéile d'fhonn na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

Sonraí astaíochta CO2 cuimsitheacha fíoraithe a bhailiú maidir le gach long (is mó ná 5000 olltonnáiste) a thagann isteach i gcalafoirt de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE), lena náirítear astaíochtaí CO2 ó na longa sin agus iad i gcalafoirt;

Faisnéis chuimsitheach a sholáthar a thacóidh le cinntí ceaptha beartas agus le huirlisí beartais a chur chun feidhme amach anseo, mar aon le foráil a dhéanamh maidir le cuspóirí nó bearta idirnáisiúnta a chur chun feidhme (e.g. maidir le héifeachtúlacht fuinnimh);

An trédhearcacht is gá i dtaobh sonraí a sholáthar chun glacadh teicneolaíochtaí nua agus beart oibríochtúla a spreagadh chun longa a dhéanamh níos glaise.

De réir Rialachán MRV an Aontais, tá ceangal ar chuideachtaí loingseoireachta a nastaíochtaí bliantúla CO2 agus faisnéis ábhartha eile a thagann as aistir a long chuig calafoirt LEE nó uathu, agus laistigh de chalafoirt LEE, tá ceangal orthu an méid sin a thuairisciú chomh maith le faisnéis ábhartha eile a eascraíonn as sin. Cuireadh tús le hoibleagáid a chur ar chuideachtaí loingseoireachta in 2017 nuair a ullmhaíodh pleananna faireacháin agus nuair a cuireadh faoi bhráid fíoraitheoirí creidiúnaithe iad. Cuireadh tús le faireachán a dhéanamh ar ídiú breosla, astaíochtaí CO2 agus ar éifeachtúlacht fuinnimh in 2018 agus táthar ag súil leis na chéad tuarascálacha astaíochtaí in Aibreán 2019.

In 2016, nuair a tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm agus nuair a glacadh Rialachán MRV an Aontais, ghlac an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí (MPEC) de chuid IMO leasuithe ar Choinbhinsiún MARPOL lena mbunaítear an creat dlí maidir le córas domhanda éigeantach bailithe sonraí le haghaidh ídiú ola breosla long (“DCS domhanda ó IMO”). Socraíodh mionsonraí agus módúlachtaí cur chun feidhme DCS domhanda ó IMO níos déanaí trí “treoirlínte” arna nglacadh ag MEPC 70 i nDeireadh Fómhair 2016 agus ag MEPC 71 i mí Iúil 2017. Faoi DCS domhanda ó IMO, cuirfear tús le hoibleagáidí faireacháin in 2019, agus cuirfear tús le tuairisciú in 2020.

Mar thoradh air sin, ó Eanáir 2019 ar aghaidh, beidh ar longa a dhéanann gníomhaíochtaí muiriompair a bhaineann le LEE, beidh orthu ceanglais faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh ar cheanglais faoi Rialachán MRV an Aontais agus faoi DCS domhanda ó IMO araon.

Bhíothas ag súil leis, i Rialachán MRV an Aontais, gurbh ann don dá chóras faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda. Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 22 den Rialachán seo: "I gcás ina dtagtar ar chomhaontú idirnáisiúnta ar chóras domhanda faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe d'astaíochtaí gás ceaptha teasa ( ...), déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus molfaidh sé, más iomchuí, leasuithe ar an Rialachán seo ionas go náiritheofar ailíniú leis an gcomhaontú idirnáisiúnta sin."

Is é príomhchuspóir an togra seo Rialachán MRV an Aontais a leasú chun aird iomchuí a thabhairt ar DCS domhanda nua ó IMO, le gur féidir cuíchóiriú a dhéanamh agus obair riaracháin a laghdú le haghaidh cuideachtaí agus údaráis riaracháin a mhéid agus is féidir, agus cuspóirí Rialachán MRV an Aontais á gcaomhnú san am céanna.

·Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá na hathruithe atá beartaithe ar Rialachán MRV an Aontais i gcomhréir le forálacha beartais sa réimse sin ionas nach mbainfidís an bonn de na príomhchuspóirí atá á saothrú ag córas MRV an Aontais, agus ar leibhéal níos ginearálta, tá siad i gcomhréir le beartas aeráide an Aontais. Go háirithe, is é is aidhm don togra an tionchar dearfach atá á thuar i dtaobh Rialachán MRV an Aontais a chaomhnú maidir le sonraí cuimsitheacha fíoraithe a bhailiú, cinntí ceaptha beartas a dhéanamh ar bhonn eolach amach anseo agus glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh agus iompraíochtaí a dhreasú sa loingseoireacht.

Anuas air sin, saothraítear, leis an togra seo an cur chuige a leagtar síos i mbeartais eile de chuid an Aontais i dtaobh astaíochtaí a laghdú, beartais ina bhfuil ról bunúsach ag faireachán, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun a áirithiú go gcuirfear beartais an Aontais chun feidhme go héifeachtúil, amhail faoin gcóras trádála ar lamháltais le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa. Tá an togra i gcomhréir leis na forálacha maidir le trédhearcacht faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais (ETS), lena náirítear fíorú ag tríú páirtithe.

·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Chuir an tAontas an Rannchuidiú Arna Chinneadh go Náisiúnta ('NDC') de chuid Aontais agus a mBallstát faoi bhráid UNFCCC i mí an Mhárta 2015, lena dtugtar gealltanas maidir le sprioc cheangailteach de laghdú intíre 40 % ar a laghad ar astaíochtaí GCT sa gheilleagar i gcoitinne faoi bhun leibhéil 1990, faoin mbliain 2030, i gcomhréir le creat beartais aeráide agus fuinnimh 2030 arna fhormheas ag an gComhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2014 agus arna ghlacadh sa dlí ó shin i leith 8 . Ní mór do gach earnáil cuidiú leis an aistriú ísealcharbóin agus le comhaontú Pháras.

Tá an togra i gcomhréir leis an straitéis maidir le soghluaisteacht astaíochtaí ísle, straitéis lena dtugtar aghaidh ar ghníomhaíochtaí chun astaíochtaí GCT san iompar a laghdú a thuilleadh, mar chuid d'iarrachtaí leathana ar dhícharbónú arna ndéanamh agus arna ngealladh ag an Aontas, lena náirítear le haghaidh fhís 2030 9 .

Trí fhaisnéis chuimsitheach a sholáthar i dtaobh astaíochtaí CO2 ó longa ar leith, beidh Rialachán MRV an Aontais ina bhunchloch chun cinnteoireacht ar leibhéal an Aontais a éascú amach anseo agus chun beartais aeráide a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo a rialú san earnáil seo. Tugann an togra seo cosaint don bhunphrionsabal sin. Is céim mhaith chun tosaigh é go bhfuil Rialachán MRV an Aontais ann mar ionstraim beartais de chuid an Aontais agus féadfar é a úsáid chun tuilleadh forbairt beartais a dhéanamh.

Ina theannta sin, tá an togra i gcomhréir leis an bprionsabal “tús áite d'éifeachtúlacht fuinnimh” de chuid an Aontais Fhuinnimh, mar ba cheart go gcuirfeadh sé feabhas ar chur chun feidhme beart éifeachtúlachta fuinnimh san earnáil loingseoireachta.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·Bunús dlí

Déantar le hAirteagal 191 go hAirteagal 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) inniúlachtaí AE i réimse an athraithe aeráide a dheimhniú agus a shonrú. Is é Airteagal 192 CFAE an bunús dlí don togra seo.

·Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontais Eorpaigh, ní féidir cuspóirí an togra seo a bhaint amach ach amháin trí thogra ón gCoimisiún ar leibhéal an Aontais ar an ábhar go bhfuil sé mar aidhm aige reachtaíocht an Aontais atá ann a leasú.

Buntáiste a bhaineann le sonraí faoi astaíochtaí agus éifeachtúlacht fuinnimh long ar leibhéal an Aontais a bhailiú agus a fhoilsiú is ea go bhfuil na torthaí go hiomlán inchomparáide agus iad bunaithe ar thacar aonair ceanglas. Is fearr a chuidíonn an méid sin le bacainní margaidh a bhaint de cheal faisnéise.

·Comhréireacht

Tá an togra i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí Rialachán MRV an Aontais a bhaint amach, ach áirítear feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus iomaíochas thionscal loingseoireachta na hEorpa leis.

·An rogha ionstraime

Is ann don togra seo le haghaidh Rialachán leasaitheach toisc gur togra é chun leasú a dhéanamh ar Rialachán MRV an Aontais atá ann faoi láthair.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

·Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Is fiú a thabhairt faoi deara anseo go ndéantar athbhreithniú ar Rialachán MRV an Aontais gan meastóireacht roimh ré toisc nárbh fhéidir sin a dhéanamh ach amháin i dtreo dheireadh na bliana 2019, tar éis thabhairt i gcrích an chéad timthrialla comhlíontachta. Dá bhrí sin, níor chuid den obair ullmhúcháin é meastóireacht a dhéanamh ar Rialachán MRV an Aontais agus ní raibh aon tionchar aige sin ar na roghanna beartais.

·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tá na modhnuithe atá beartaithe ar Rialachán MRV an Aontais a bheag nó a mhór i gcomhréir leis na hábhair spéise a léirigh na páirtithe leasmhara sna freagraí a thug siad mar chuid den chomhairliúchán poiblí ar líne agus sa ríomhshuirbhé spriocdhírithe. Eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta, institiúidí taighde agus saoránaigh/daoine aonair, tacaíonn siad uile leis an tuairim gur gá roinnt cuspóirí a chaomhnú nuair a leasaítear Rialachán MRV an Aontais. Áirítear ar na cuspóirí sin feasacht a mhúscailt maidir le hastaíochtaí a laghdú, faisnéis chuimsitheach a sholáthar do ghníomhaithe margaidh faoi ídiú breosla agus éifeachtúlacht fuinnimh agus sonraí a bhailiú chun beartais a cheapadh ar bhonn eolach. Maidir leis an earnáil loingseoireachta, áfach, is í an phríomhthosaíocht an tualach riaracháin a laghdú. Tacaíonn Ballstáit LEE agus fíoraitheoirí MRV an Aontais go forleathan leis na cuspóirí sin freisin, go háirithe maidir le sonraí iontaofa a bhailiú chun beartais a fhorbairt amach anseo agus obair riaracháin a laghdú a oiread agus is féidir.

·Bailiú agus úsáid saineolais

Braitheann staidéar réamhmheastacháin maidir le hastaíochtaí ar shonraí ábhartha ón 3ú staidéar GCT 10 de chuid IMO, agus cuireadh na réamhmheastacháin sin san áireamh, go háirithe i ndáil le hastaíochtaí agus le réamhaisnéisí i leith astaíochtaí i dtionscail na loingseoireacht idirnáisiúnta, chomh maith leis na laghduithe ar astaíochtaí a d'fhéadfadh teacht ó bhearta teicniúla agus oibríochtúla sa loingseoireacht idirnáisiúnta.

·Doiciméad Inmheánach Oibre - measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair curtha i dtoll a chéile chun a fháil amach cé na gnéithe de Rialachán MRV an Aontais a d'fhéadfaí a ailíniú le gnéithe DCS domhanda ó IMO. Déanann an doiciméad seo an measúnú tionchair a bhí ag gabháil leis an togra in 2013 a chomhlánú, measúnú a raibh meastachán ar na costais a bhaineann le Rialachán MRV an Aontais ann freisin. Anuas air sin, an Doiciméad Inmheánach oibre nua ina bhfuil an measúnú tionchair sin, cuireann sé leis an measúnú tionchair tosaigh a foilsíodh i mí an Mheithimh 2017 agus leis an gcomhairliúchán poiblí a tugadh i gcrích i mí na Nollag 2017.

Rinne Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin Eorpaigh dréachttuarascáil den mheasúnú tionchair a mheas agus thug tuairim dhearfach uaidh ina leith an 13 Iúil 2018. Rinne an bord moltaí chun tuilleadh feabhais a chur ar an tuarascáil, agus déantar tagairt do na moltaí sin sa tuarascáil athbhreithnithe. Is féidir an Achoimre Feidhmiúcháin ar an measúnú tionchair agus an tuairim ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin 11 .

Agus aird á tabhairt ar an ngá atá ann príomhchuspóirí Rialachán MRV an Aontais a chaomhnú, fuarthas réidh le dhá chineál ailínithe ag an tús: Rialú agus tuairisciú ar CO2. Measadh nárbh aon rogha í an rialú a ailíniú toisc gurbh é a bheadh i gceist nárbh fhéidir leis an Aontas agus na Ballstáit sonraí maidir le hastaíochtaí a bhailiú ach amháin ó longa a bhfuil bratach de chuid an Aontais ar foluain acu, rud a chuirfeadh as an áireamh astaíochtaí GCT a thagann ó longa nach bhfuil bratach de chuid an Aontais ar foluain acu agus iad i mbun muiraistear idir calafoirt LEE. Ina theannta sin, dá ndéanfaí tuairisciú CO2 a ailíniú, d’fhágfadh sin nach dtabharfadh longa tuairisciú ar shonraí maidir le hastaíochtaí CO2. Thiocfadh sé sin salach ar fad ar chuspóir Rialachán MRV an Aontais, a bhfuil baint aige le feidhmíocht astaíochtaí CO2 long agus leis an tionchar atá acu ar an aeráid.

Agus aird á tabhairt ar na teorainneacha sin, rinneadh measúnú ar thrí rogha beartais sa mheasúnú tionchair:

Rogha 1 - Cás Bunlíne

Léiríonn an rogha seo cad a tharlódh mura ndéanfaí aon bheart.

Rogha 2 - Cuíchóiriú

Rinneadh roghanna ailínithe difriúla a mheasúnú sa chás seo, maidir le: raon feidhme, sainmhínithe, paraiméadair faireacháin, pleananna faireacháin agus teimpléid, fíorú agus trédhearcacht.

Rogha 3 - ardchóineasú

Faoin rogha seo, leasófaí Rialachán MRV an Aontais chun a chuid gnéithe teicniúla uile a chomhchuibhiú le DCS domhanda ó IMO, agus an baol ann go mbainfí an bonn den tionchar margaidh a rabhthas ag súil leis.

Tháinig na conclúidí seo a leanas as an gcomparáid idir na trí rogha:

Má dhéantar na sainmhínithe, na paraiméadair faireacháin agus na pleananna agus na teimpléid faireacháin a ailíniú mar is cuí, chuidíonn sé sin leis an ualach riaracháin a laghdú do chuideachtaí loingseoireachta agus d'údaráis náisiúnta, agus déanann sé comhlíonadh na noibleagáidí tuairiscithe faoin dá chóras a éascú.

Mar sin féin, ní chuireann an méid sin na cuspóirí atá á saothrú ag Rialachán MRV reatha an Aontais i mbaol, ná ní chuireann sé an tionchar dearfach atá á thuar ina leith i mbaol.

Os a choinne sin, dá ndéanfaí gnéithe amhail raon feidhme, fíorú agus trédhearcacht a ailíniú, dhéanfaí dochar mór do na cuspóirí atá á saothrú le Rialachán MRV an Aontais, agus ní haon scéal cinnte é go gcuideodh sin leis an ualach riaracháin a laghdú a bheag nó a mhór. Dá mbeadh ailíniú ann ó thaobh trédhearcachta de, chaillfí an buntáiste a bhaineann le sonraí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bheith ar fáil ar leibhéal na long, is é sin, glacadh na mbeart sin a dhreasú. Dá ndéanfaí ceanglais fíorúcháin a ailíniú, b'ionann sin agus fáil réidh leis an gcóras fíoraithe tríú páirtí neamhspleách agus aonchineálach. Ar deireadh, dá ndéanfaí an raon feidhme a ailíniú, d'fhágfadh sin gur neamhiomlán a bheadh an fhaisnéis faoi astaíochtaí a bhaineann le LEE.

Dá bhrí sin, is é Rogha 2 (Cuíchóiriú) rogha na tosaíochta, agus maidir le gnéithe amhail sainmhínithe, paraiméadair faireacháin agus pleananna agus teimpléid faireacháin, moltar iad sin a ailíniú de réir mar is iomchuí.

·Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leis an gcur chuige cuíchóirithe atá beartaithe, laghdófaí na hiarrachtaí comhlíonta murab ionann agus an cás ‘gnó mar is gnách'. Faoi mar a mhínítear thuas, bheadh an méid sin ina chuidiú leis an ualach riaracháin a laghdú do chuideachtaí loingseoireachta agus le comhlíonadh na noibleagáidí tuarascálacha a éascú faoin dá chóras faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin. Sa chomhthéacs sin, san athbhreithniú atá beartaithe ar Rialachán MRV an Aontais, meastar go gcumhdófar riachtanais REFIT lena gceanglaítear na féidearthachtaí a fhiosrú i dtaca le simpliú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais agus le feabhas a chur ar a éifeachtúlacht.

·Cearta bunúsacha

Urramaítear sa togra seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, cuidíonn an togra seo leis an gcuspóir go dtabharfaí ardleibhéal cosanta don chomhshaol i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht ag an togra do bhuiséad an Aontais.

5.GNÉITHE EILE ATÁ LE FORBAIRT

·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Mar fhreagairt ar an dul chun cinn atá déanta ag an gCoiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí (MEPC) ag a chuid cruinnithe i nDeireadh Fómhair 2016 agus i mí Iúil 2017, tráth a ghlac sé treoirlínte iomchuí maidir le DCS domhanda ó IMO, thug an Coimisiún faoin anailís faoi Airteagal 22 de Rialachán MRV an Aontais.

Is é is aidhm don togra seo an tualach riaracháin do longa a dhéanann gníomhaíochtaí muiriompair a gcumhdaítear faoi Rialachán MRV an Aontais agus faoi DCS domhanda ó IMO a laghdú, agus is é is aidhm dó freisin cuspóirí sonracha ghníomhaíocht an Aontais sa réimse sin a chaomhnú.

Dá bhrí sin, beartaítear na leasuithe seo a leanas a dhéanamh:

1.Sna sainmhínithe ar “cuideachta” agus ar “tréimhse tuairiscithe” mar aon le freagracht maidir le hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe i gcás “athruithe ar chuideachta”, cuirfear na forálacha comhthreomhara DCS domhanda ó IMO san áireamh. Leis sin áiritheofar go ndéanfaidh na heintitis dlíthiúla céanna faireachán agus tuairisciú de réir tréimhsí tuairiscithe a ríomhtar ar bhealach comhchosúil maidir lena longa atá i mbun gníomhaíochtaí muiriompair a bhaineann le LEE faoi Rialachán MRV an Aontais agus faoi DCS domhanda ó IMO. Chun an méid sin a chur i gcrích, déanfar Airteagal 3 agus Airteagal 11(2) de Rialachán MRV an Aontais a leasú.

2.Forálacha DCS domhanda ó IMO maidir le sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu go bliantúil, ba cheart iad a chur san áireamh chun a áirithiú go mbaileofar sonraí cuíchóirithe i dtaobh gníomhaíochtaí long a thagann faoin dá chóras. Chun an méid sin a chur i gcrích, ba cheart é a bheith ina pharaiméadar éigeantach “meálasta” a shainmhíniú agus a thuairisciú agus ba cheart “lastas a iompraítear” a choinneáil mar pharaiméadar faireacháin roghnach do na cuideachtaí sin atá toilteanach ríomh mheánéifeachtúlacht fuinnimh a long a thabhairt bunaithe ar lastas a iompraítear. Ba cheart an sainmhíniú DCS domhanda ó IMO “uaireanta atá curtha thart” a chur isteach in áit an pharaiméadair “am a chaitear ar muir”. Ar deireadh, ba cheart “achar arna thaisteal” a ríomh ar bhonn na roghanna a choinnítear faoi threoirlínte ábhartha DCS ó IMO. Chun an méid sin a chur i gcrích, déanfar Airteagail 6(3), 9(1), 10, 11(3), 21(2) agus Iarscríbhinn II, litir A(1) de Rialachán MRV an Aontais a leasú.

3.Ba cheart ábhar íosta pleananna faireacháin a chuíchóiriú chun “Treoirlínte maidir le forbairt Plean Bainistithe um Éifeachtúlacht i bhFuinneamh Long (SEEMP)” de chuid IMO a chur san áireamh, seachas i gcás na bhforálacha sin atá riachtanach chun a áirithiú gur ar shonraí a bhaineann leis an Aontas amháin a dhéanfar faireachán agus tuairisciú faoi Rialachán MRV an Aontais. Chun an méid sin a chur i gcrích, déanfar Airteagal 6(3) de Rialachán MRV a leasú.

Os a choinne sin, ba cheart roinnt gnéithe ábhartha de Rialachán MRV an Aontais a choinneáil. Seo a leanas na saintréithe sin:

1.Coinneofar an raon feidhme ó thaobh long agus gníomhaíochtaí de faoi Rialachán MRV an Aontais (i dtreo is go gcumhdófar tromlach na long a bhfuil breis is 5000 olltonnáiste iontu agus a théann isteach i gcalafoirt chun críocha muiriompair). Gníomhaíochtaí long nach meastar go mbaineann siad le muiriompar amhail dreidireacht, píblínte a leagan agus iad sin a thacaíonn le gníomhaíochtaí suiteálacha amach ón gcósta, is amhlaidh nach raibh na gníomhaíochtaí sin faoi réir ceanglais faireacháin agus tuairiscithe roimhe seo agus ní athrófar sin.

2.Anuas air sin, déanfar faireachán agus tuairisciú ar leithligh ar astaíochtaí CO2 ó longa atá laistigh de chalafoirt an Aontais ar mhaithe le dreasachtaí a thabhairt ionas go núsáidfear bearta atá ar fáil lena laghdófar astaíochtaí CO2 laistigh de chalafoirt an Aontais agus ionas go nardófar feasacht i dtaobh astaíochtaí ó ón loingseoireacht. Ina theannta sin, déanfar faireachán agus tuairisciú ar shonraí maidir le muiraistir in aon Bhallstát de chuid an Aontais ionas gur féidir le húdaráis na mBallstát sonraí cuimsitheacha agus inchomparáide a bheith acu maidir le hastaíochtaí a loingseoireachta náisiúnta. Na forálacha MRV reatha maidir le sonraí a bheith á bhfíorú ag tríú páirtithe creidiúnaithe, coinneofar iad chun cuspóir an Aontais a chaomhnú, is é sin, faisnéis atá cuimsitheach agus inchomparáide le himeacht ama a sholáthar ar mhaithe le tuilleadh cinnteoireachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda.

3.Ina theannta sin, forálacha Rialachán MRV an Aontais maidir le sonraí faoi astaíochtaí CO2 ó longa aonair agus faoina néifeachtúlacht fuinnimh a fhoilsiú, coinneofar iad chun cuidiú le fáil réidh le bacainní sa mhargadh atá ag cur isteach ar theicneolaíochtaí agus iompraíochtaí atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de a ghlacadh san earnáil sin.

2019/0017 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 chun aird iomchuí a thabhairt ar an gcóras domhanda bailithe sonraí le haghaidh sonraí faoi ídiú ola breosla long

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 12 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 13 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 14 ,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Bíonn tionchar ag muiriompar ar an aeráid dhomhanda, mar thoradh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) ón loingseoireacht. In 2015, ba ón muiriompar a tháinig 13% d'astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa earnáil iompair an Aontais 15 . Tá an loingseoireacht mhuirí idirnáisiúnta fós ar an aon mhodh iompair amháin nach náirítear sa ghealltanas atá tugtha ag an Aontas na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

(2)Ba cheart do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú leis na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach i gcomhréir leis an ngealltanas a thug na comhreachtóirí mar a léirítear i Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 agus le Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 .

(3)Leis an Rún ó Pharlaimint na hEorpa i bhFeabhra 2014 maidir le creat 2030 i gcomhair beartais aeráide agus fuinnimh, iarradh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sprioc cheangailteach 2030 a leagan síos don Aontas, sprioc arb é atá inti laghdú 40% a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990. Thug Parlaimint na hEorpa dá haire freisin go gcaithfeadh gach earnáil den gheilleagar a bheith ina rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun go bhféadfaidh an tAontas a chion féin a dhéanamh ó thaobh iarrachtaí domhanda de.

(4)Ina Conclúidí an 24 Deireadh Fómhair 2014, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach sprioc cheangailteach de chuid an Aontais chun laghdú intíre 40% ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Luaigh an Chomhairle Eorpach freisin a thábhachtaí atá sé astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na baoil a bhaineann le spleáchas ar bhreoslaí iontaise san earnáil iompair a laghdú agus d'iarr sí ar an gCoimisiún scrúdú breise a dhéanamh ar ionstraimí agus ar bhearta le haghaidh cur chuige cuimsitheach a bheadh neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, lena náirítear laghdú astaíochtaí, foinsí inathnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh san iompar a chur chun cinn.

(5)Mar fhorbairt ar an bPáipéar Bán maidir le hiompar 18 ó 2011, ghlac an Coimisiún straitéis in 2013 chun astaíochtaí muirí a thabhairt isteach de réir a chéile faoi chuimse bheartas an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 19 .

(6)I mí Aibreáin 2015, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2015/757 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar 20 ("Rialachán MRV an Aontais”), rialachán ar comhlánaíodh é in 2016 le dhá Rialachán Tarmligthe 21 agus dhá Rialachán Cur Chun Feidhme 22 . Is é is aidhm do Rialachán MRV an Aontais sonraí a bhailiú faoi astaíochtaí ón loingseoireacht ar mhaithe le ceapadh beartas breise agus chun laghduithe astaíochtaí a dhreasú trí fhaisnéis faoi éifeachtúlacht long a chur ar fáil do mhargaí ábhartha. Le Rialachán MRV an Aontais, cuirtear d'oibleagáid ar chuideachtaí faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar ídiú breosla, ar astaíochtaí CO2 agus ar éifeachtúlacht a long ó thaobh fuinnimh de agus iad ar muiraistir chuig calafoirt an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus uathu, agus é sin a dhéanamh ar bhonn bliantúil ó 2018 ar aghaidh. Tá feidhm ag an méid sin maidir le hastaíochtaí CO2 laistigh de chalafoirt LEE. Táthar ag súil leis na chéad tuarascálacha astaíochtaí faoin 30 Aibreán 2019.

(7)Luaitear in Airteagal 22 de Rialachán MRV an Aontais, i gcás ina dtagtar ar chomhaontú idirnáisiúnta faoi chóras domhanda faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin, go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Rialachán MRV an Aontais agus go molfaidh sé, más iomchuí, leasuithe ar an Rialachán ionas go náiritheofar ailíniú leis an gcomhaontú idirnáisiúnta sin.

(8)Gheall an tAontas agus a Bhallstáit, faoi Chomhaontú Pháras a glacadh i Nollaig 2015 ag an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreatChoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) 23 , gheall siad sprioc maidir le hastaíochtaí a laghdú rud a bheidh infheidhme ar fud an gheilleagair. Tá iarrachtaí á ndéanamh anois le hastaíochtaí idirnáisiúnta muirí a theorannú tríd an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus ba cheart na hiarrachtaí sin a spreagadh. I mí Dheireadh Fómhair 2016 ghlac IMO 24 córas bailithe sonraí le haghaidh ola breosla long (“DCS domhanda ó IMO”).

(9)I bhfianaise an dá chóras faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin sin a bheith ann, rinne an Coimisiún measúnú de bhun Airteagal 22 de Rialachán MRV an Aontais ar an gcaoi a bhféadfaí an dá chóras sin a ailíniú chun an tualach riaracháin a laghdú do longa, agus cuspóirí Rialachán MRV an Aontais á gcaomhnú ag an am céanna.

(10)Léiríodh sa mheasúnú tionchair go bhféadfadh páirtailíniú ar an dá chóras faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin rannchuidiú leis an ualach riaracháin a laghdú do chuideachtaí loingseoireachta, agus príomhchuspóirí Rialachán MRV an Aontais á gcaomhnú ag an am céanna. Mar sin féin, níor cheart, mar thoradh ar pháirtailíniú den sórt sin, aon mhodhnú a dhéanamh ar rialachas, raon feidhme, fíorú, trédhearcacht ná ceanglais tuairiscithe CO2 Rialachán MRV an Aontais ar an ábhar go mbainfeadh sé an bonn ó thalamh dá chuspóirí agus go gcuirfeadh sé isteach ar éifeachtacht an Rialacháin tionchar a imirt ar chinntí ceaptha beartas a dhéanamh ar bhonn eolach amach anseo agus ar ghlacadh beart agus iompraíochtaí éifeachtúla ó thaobh fuinnimh a dhreasú sa loingseoireacht. Ba cheart, mar sin, le haon leasuithe ar Rialachán MRV an Aontais, teorainn a chur le hailíniú DCS domhanda ó IMO i ndáil le sainmhínithe, paraiméadair faireacháin, pleananna faireacháin agus teimpléid.

(11)Ba cheart a áirithiú, le leasuithe ar Rialachán MRV an Aontais, gurb iad na heintitis dhlíthiúla chéanna atá freagrach as faireachán a dhéanamh le linn tréimhsí tuairiscithe a ríomhtar ar an gcaoi chéanna i gcás ina dtagann gníomhaíochtaí loinge faoin dá chóras. Dá réir sin, ba cheart na sainmhínithe a bhaineann le cuideachtaí agus tréimhsí tuairiscithe, lena náirítear tuairisciú i gcás athrú cuideachtaí, ba cheart iad a leasú chun aird a thabhairt ar fhorálacha IMO.

(12)Forálacha DCS domhanda ó IMO maidir le sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu go bliantúil, ba cheart iad a chur san áireamh chun a áirithiú go mbaileofar sonraí cuíchóirithe i dtaobh gníomhaíochtaí long a thagann faoin dá chóras. Chun an méid sin a chur i gcrích, ba cheart an paraiméadar “meálasta” a thuairisciú ach ba cheart “lastas a iompraítear” a choinneáil ar bhonn deonach. Ba cheart an sainmhíniú DCS ó IMO “uaireanta atá curtha thart” a chur isteach in ionad “am a chaitear ar muir”. Ar deireadh, ba cheart “achar arna thaisteal” a ríomh ar bhonn DCS domhanda ó IMO 25 chun an tualach riaracháin a laghdú.

(13)Ba cheart ábhar pleananna faireacháin a chuíchóiriú chun aird a thabhairt ar DCS domhanda ó IMO seachas i gcás na gcodanna den phlean atá riachtanach chun a áirithiú gur ar shonraí a bhaineann leis an Aontas amháin a dhéanfar faireachán agus tuairisciú faoi Rialachán MRV an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart aon fhorálacha "in aghaidh an mhuiraistir” a choinneáil mar chuid den phlean faireacháin.

(14)Is gá dáta an iarratais a chur siar chun a áirithiú go gcuirfear faireachán, tuairisciú agus fíorú atá ar bun chun feidhme go comhleanúnach maidir leis an tréimhse tuairiscithe.

(15)Is é is cuspóir do Rialachán (AE) 2015/757 faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó longa a théann isteach i gcalafoirt LEE agus is é sin an chéid chéim de chur chuige céimneach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ní féidir leis na Ballstáit é sin a bhaint amach go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Ba cheart aird a thabhairt ar DCS domhanda ó IMO agus áiritheofar leis an Rialachán seo inchomparáideacht agus iontaofacht leanúnach sonraí arna mbailiú bunaithe ar thacar aonair ceanglas. Féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(16)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2015/757 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (d):

"(d)ciallaíonn ‘cuideachta’ úinéir na loinge nó aon eagraíocht nó duine eile amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht chuige ón úinéir an long a oibriú, agus a ghlac chuige na dualgais agus na freagrachtaí uile arna bhforchur le Rialachán (AE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;”;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (m):

“(m)ciallaíonn ‘tréimhse tuairiscithe’ an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig, an dá mhí sin san áireamh. I gcás muiraistir a thosaíonn agus a chríochnaíonn in dhá bhliain féilire éagsúla, déanfar na sonraí ábhartha a chur i gcuntas faoin mbliain féilire lena mbaineann;”;

(c)cuirtear pointe (p) nua isteach:

“(p)ciallaíonn ‘meálasta’ an difríocht i dtonaí idir toillíocht loinge in uisce a bhfuil dlús coibhneasta 1025 kg/m3 ann ag doimhneacht snámha an tsamhraidh agus éadrom-mheáchan na loinge céanna. Ba cheart doimhneacht snámha an tsamhraidh a thuiscint mar uasdoimhneacht an tsamhraidh mar a dheimhnítear é sa leabhrán cobhsaíochta arna fhormheas ag an Riarachán nó ag an eagraíocht a dtugann sé aitheantas dó.”.

(2)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a), phointe (b) agus phointe (c):

“(a)sonraí na loinge, lena náirítear ainm, uimhir aitheantais IMO, cineál na loinge agus ainm na loinge;”;

“(b)tuairisc ar innill na loinge agus íditheoirí olaí breosla eile agus cineálacha olaí breosla;”;

“(c)fachtóirí astaíochtaí;".

(ii)scriostar pointe (d);

(iii)scriostar pointe (g);

(iv)i bpointe (h), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

“(iii)na nósanna imeachta, na freagrachtaí, na foirmlí agus na foinsí sonraí chun uaireanta atá curtha thart a chinneadh agus a thaifeadadh;”;

(v)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)cáilíocht sonraí, lena náirítear nósanna imeachta chun bearnaí sonraí a shainaithint;”;

(3)In Airteagal 9, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) agus phointe (f):

“(e)uaireanta atá curtha thart;”;

“(f)lastas a iompraítear, ar bhonn deonach;”;

(4)Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (h):

"(h)na huaireanta iomlána atá curtha thart;”;

(5)Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 2:

"2.I gcas ina bhfuil athrú cuideachta ann, cuirfidh an chuideachta a bhí ann roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid údaráis an bhratstáit lena mbaineann, a chóngaraí agus is féidir leis an lá a thabharfar an tathrú i gcrích agus tráth nach déanaí ná trí mhí ina dhiaidh sin, tuarascáil ina gcumhdaítear na heilimintí céanna atá sa tuarascáil astaíochtaí ach í teoranta don tréimhse a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoi fhreagracht na cuideachta sin.”;

(b)cuirtear pointe (xi) le mír 3(a):

“(xi)tonnáiste meálasta na loinge;”;

(6)In Airteagal 21(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)an tam iomlán atá curtha thart;”;

(7)Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir tar éis bhliain theacht i bhfeidhm an ghnímh seo. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    https://www.eea.europa.eu/data-andmaps/indicators/transportemissionsof-greenhouse-gases/transportemissionsof-greenhouse-gases10
(2)    http://www.imo.org/en/OurWork/Environment/PollutionPrevention/AirPollution/Pages/Greenhouse-GasStudies2014.aspx.
(3)    Rún IMO MEPC.203(62).
(4)    COM (2013) 479.
(5)    Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).
(6)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Rialachán (AE) 2015/757 (OI L 320, 26.11.2016, lch. 5) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2071 ón gCoimisiún an 22 Meán Fómhair 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na modhanna lena ndéantar faireachán ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus na rialacha lena ndéantar faireachán ar fhaisnéis ábhartha eile (IO L 320, 26.11.2016, lch. 1).
(7)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927 ón gCoimisiún an 4 Samhain 2016 maidir le teimpléid le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha astaíochtaí agus doiciméid chomhlíontachta de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (IO L 299, 5.11.2016, lch. 1–21) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1928 ón gCoimisiún an 4 Samhain 2016 maidir le lastas atá á iompar i gcomhair catagóirí long seachas longa paisinéirí, longa róró agus longa coimeádáin a chinneadh de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (IO L 299, 5.11.2016, lch. 22–25 ).
(8)    Treoir (AE) 2018/410, Rialachán (AE) 2018/842 agus Rialachán (AE) 2018/841 maidir le húsáid talún.
(9)    COM (2016) 501.
(10)    http://www.imo.org/en/OurWork/Environment/PollutionPrevention/AirPollution/Documents/    Third%20Greenhouse%20Gas%20Study/GHG3%20Executive%20Summary%20and%20Report.pdf.
(11)    http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?language=ga
(12)    IO C […], […], lch. […].
(13)    XXX
(14)    XXX
(15)    https://www.eea.europa.eu/data-andmaps/indicators/transportemissionsof-greenhouse-gases/transportemissionsof-greenhouse-gases10.
(16)    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156 an 19.6.2018. lch. 26).
(17)    Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (IO L 76, 19.3.2018, lch. 3).
(18)    https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/themes/strategies/doc/2011_white_paper/white-paper-illustratedbrochure_en.pdf.
(19)    COM (2013) 479.
(20)    Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).
(21)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 ón gCoimisiún maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 320, 26.11.2016, lch. 5); Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2071 an 22 Meán Fómhair 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na modhanna lena ndéantar faireachán ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus na rialacha lena ndéantar faireachán ar fhaisnéis ábhartha eile (IO L 320, 26.11.2016, lch. 1).
(22)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1927 an 4 Samhain 2016 ón gCoimisiún maidir le teimpléid le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha astaíochtaí agus doiciméid chomhlíontachta de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 299, 5.11.2016, lch. 1–21); Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1928 an 4 Samhain 2016 ón gCoimisiún maidir le lastas a iompraítear i gcomhair catagóirí long seachas longa paisinéirí, longa róró agus longa coimeádáin a chinneadh de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 299, 5.11.2016, lch. 22–25)
(23)    Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4–18).
(24)    Rún MEPC.278(70) ó IMO lena leasaítear Iarscríbhinn VI de MARPOL.
(25)    Rún MEPC 282 (70) ó IMO.

An Bhruiséil,4.2.2019

COM(2019) 38 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 chun aird iomchuí a thabhairt ar an gcóras domhanda bailithe sonraí le haghaidh sonraí faoi ídiú ola breosla long

{SEC(2019) 20 final} - {SWD(2019) 10 final} - {SWD(2019) 11 final}


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II, Cuid A mar seo a leanas:

(1)Leasaítear pointe 1 mar a leanas:

(a)i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

"Déanfar am a chaitear ar muir a ríomh mar an t-achar comhiomlán ama a bhfuil an long faoi lán seoil agus faoina cumhacht féin;";

(b)i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

"déanfar an t-achar arna thaisteal a ríomh mar achar ar dhroim an talaimh.";