An Bhruiséil,8.6.2018

SWD(2018) 322 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an clár 'Custaim' chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim

{COM(2018) 442 final}
{SEC(2018) 295 final}
{SWD(2018) 321 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú Tionchair ar Thogra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár Custaim le haghaidh tacaíocht i réimse an chustaim

A. An gá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Le blianta beaga anuas, imríodh tionchar ar fheidhmíocht na seirbhísí custaim de bharr treochtaí amhail domhandú lena spreagtar méideanna móra earraí atá ag méadú i rith an ama - agus sonraí comhfhreagracha - agus bagairtí slándála agus an choireacht trasteorann. Mar fhreagra air sin, cuireadh tús le nuachóiriú a dhéanamh ar an aontas custaim trí Chód Custaim an Aontais 1 lena néilítear córais leictreonacha nua Eorpacha iomadúla. Ina theannta sin, de dheasca teicneolaíochtaí a athraíonn go tapa (digitiú, nascacht, idirlíon na rudaí nithiúla, blocshlabhra) agus samhlacha nua gnó (ríomhthráchtáil, optamú an tslabhra soláthair) agus acmhainní poiblí airgeadais laghdaithe, tagann dúshláin nua bhreise chun cinn d’údaráis chustaim.

Sa chomhthéacs sin, tá deacracht i bhfeidhmiú an chustaim maidir le heaspa aonfhoirmeachta agus easpa éifeachtúlachta in údaráis an chustaim. Tá trí chuid le bunchúiseanna na deacrachta sin: acmhainneacht éagothrom na núdarás custaim; reachtaíocht a léirmhíniú agus a chur chun feidhme ar bhonn míchothrom (Cód Custaim an Aontais agus reachtaíocht eile); Constaicí roimh an gcomhordú idir na húdaráis chustaim agus páirtithe leasmhara eile.

Is é an tionchar a bhí ag an deacracht sin ó thaobh na feidhmíochta de nár bhain aontas an chustaim a lánacmhainneacht amach a chuireann, dá réir, feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i mbaol, a scriosann an chothromaíocht shóisialta agus a bhaineann an bonn d'iomaíochas an Aontais Eorpaigh.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

1. Tá sé mar chuspóir ginearálta leis an gClár tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus d'údaráis chustaim chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, chun slándáil agus sábháilteacht a áirithiú laistigh den Aontas agus an tAontas a chosaint ar thrádáil éagórach agus neamhdhleathach agus gníomhaíocht ghnó dhlisteanach á héascú san am céanna.

2. Tá cuspóir ar leith ag an gClár, is é sin, tacaíocht a thabhairt d'ullmhú agus do chur chun feidhme aonfhoirmeach reachtaíochta agus beartais custaim mar aon le comhar custaim agus fothú acmhainneachta riaracháin, lena náirítear inniúlacht an duine agus córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

Cé gur inniúlacht eisiach é custam lena mbaineann leibhéal ard de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, tá cur chun feidhme ina leith fós faoi na Ballstáit aonair agus mar sin ní féidir leis an aontas custaim ach a bheith chomh láidir leis an nasc is laige ann. Ní féidir leis an Aontas Eorpach nó na Ballstáit ar bhonn aonair dul i ngleic le dúshláin domhanda agus thrasEorpacha ar bhealach éifeachtúil comhtháite ar fud na hEorpa. Is gá le comhoibriú agus le comhtháthú oibríochtúil idir údaráis chustaim náisiúnta. Bíonn breisluach le fáil den chuid is mó sa réimse TF óir bíonn sé indéanta de bhun an chláir sraith de chórais leictreonacha Eorpacha atá bunaithe ar shainmhíniú coiteann a fhorbairt agus a rith ar chostas níos lú ná an méid a bheadh i gceist dá ndéanfaí a leithéid ar leibhéal náisiúnta.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha tosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

Breithníodh roghanna beartais éagsúla, a bhraitheann go príomha ar an uaillmhian pholaitiúil atá ag an gclár. Is iad na príomhroghanna “rogha 2 — mais chriticiúil” agus “rogha 3 — leanúnachas plus” (an rogha thosaíochta):

-Rogha 2 — An mhais chriticiúil: is é aidhm na rogha sin na córais leictreonacha go léir lena mbaineann Cód Custaim an Aontais (CCA) agus roinnt córais leictreonacha nua (nach mbaineann CCA leo) a chistiú, ag áirithiú leanúnachas oibríochtaí custaim an Aontais agus ag comhlíonadh oibleagáidí nua faoi reachtaíocht chustaim an Aontais. Ós rud é nach bhfuil aon uaillmhian eile ann seachas CCA agus an reachtaíocht atá molta cheana a chur chun feidhme, chruthódh an cás sin gá athmhachnamh críochnúil a dhéanamh ar uaillmhian chustaim an Aontais.

-Rogha 3 — Leanúnachas “plus”: beartaítear leis an rogha seo aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus atá ag teacht aníos san aontas custaim. Tá sé d’aidhm aige ligean do bhearta is gá chun feidhmíocht riaracháin chustaim an Aontais a neartú. Go bunúsach, d’áiritheofaí le forbairt acmhainní TF gur féidir tionscadail chustaim TF (neamhCCA) nua a chur i bhfeidhm agus go mbeadh nuálaíocht indéanta. Dhéanfaí comhar a mhéadú agus a fheabhsú chun acmhainní na núdarás custaim a neartú chun rannpháirtiú le húdaráis eile, d’fhonn comhlíonadh a áirithiú, chun calaois a chomhrac agus chun slándáil a mhéadú, chun feidhmiú i mbraislí ar bhonn téamach nó geografach agus chun teacht leis an lánpháirtíocht níos doimhne arna héascú leis an timpeallacht nua TF. Gan ach méid teoranta acmhanní breise, chuirfeadh an rogha sin go mór le breisluach foriomlán an chláir ó thaobh an Aontais de.

Cé atá i bhfách le cén rogha? 

Tá gach páirtí leasmhar i bhfabhar rogha 3. Thacaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Chúirt Iniúchóirí go léir le clár custaim uaillmhianach don Aontas a bheadh ina rannchuidiú chun an taontas custaim a chur chun feidhme ar bhonn níos fearr agus níos aonfhoirmí. Bhí comhairliúcháin na bpáirtithe leasmhara dírithe go príomha ar údaráis chustaim mar thairbhithe díreacha an chláir. Ina theannta sin, thacaigh siad go láidir le leanúint ar aghaidh an chláir atá ag feidhmiú go maith agus mhol siad go mbainfí leas as tairbhí as cuimse trí atreisiú a dhéanamh beagáinín ar a mbearta de réir rogha 3.

C. An tionchar a bheidh ag an rogha thosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Is tairbhithe díreacha an chláir iad na húdaráis chustaim. Faoi rogha 3, cuirfidh an clár an creat comhair (oibríochtúil, eagraíochtúil, modheolaíochta agus buiséadacha) riachtanach ar fáil dóibh. Cuideoidh forbairt acmhainní riaracháin, lena náirítear cumas TF agus daonna, leis na cúraimí sin a thabhairt i dtreo riaracháin nua-aimseartha a bheidh in ann déileáil leis an méadú ar líon na bpríomhthascanna atá orthu. Chuirfeadh an rogha thosaíochta feabhas ar fheidhmiú an aontais chustaim agus na núdarás custaim trí chomhar i measc na mBallstát agus le tríú tíortha a atreisiú go suntasach, agus trí fheidhmíocht na núdarás custaim i ngach áit san Aontas Eorpach a neartú. Chomh maith leis sin, d’fhágfadh an rogha seo go bhféadfaí acmhainn TF a fhorbairt de réir bheartas custaim an Aontais le himeacht ama. Nuair a chuirtear feabhas ar fheidhmíocht chustaim trí bhíthin réitigh chomhpháirteacha TF agus comhair, bíonn tionchar díreach ann i ndáil le so-athraitheacht thrádáil dhlisteanach na nearraí a bhíonn ag teacht isteach agus ag imeacht as críoch an Aontais, ós rud é go ndéanfaidh na húdaráis chustaim earraí neamhshábháilte agus aindleathacha a bhrath agus a stopadh ag an teorainn ar bhonn níos fearr agus níos tapúla. Bíonn saoránaigh agus gnólachtaí ag baint tairbhe go hindíreach, den chuid is mó, as bearta a dhéantar faoin gclár, a bhuí le líonraí cumarsáide agus córais leictreonacha Eorpacha lena gceadaítear malartú faisnéise agus comhar idir údaráis chustaim. Mar gheall ar easpa sonraí cuimsitheacha cainníochtúla, rinneadh measúnú den chuid is mó ar na tairbhí bunaithe ar fhaisnéis cháilíochtúil a bailíodh.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Níltear ag súil le haon tionchar diúltach eacnamaíoch, sóisialta ná comhshaoil sonrach.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Ní áirítear sa chlár aon bheart atá dírithe go díreach ar ghnólachtaí, FBManna agus ar mhicrifhiontair. Tiocfaidh roinnt de na tairbhí indíreacha do ghnólachtaí as tairseacha coiteanna, as uirlisí oiliúna atá ar fáil agus as dul chun cinn i dtreo fuinneoige aonair.

An imreofar tionchair shuntasacha  ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Is é aidhm an chláir bearta a chistiú i bhfabhar na núdarás custaim. Déanfar an caiteachas is mó trí sholáthar poiblí chun córais Eorpacha leictreonacha a fhorbairt agus a reáchtáil. Ar an ábhar nach bhfuil na córais sin láraithe go hiomlán, is gá infheistíochtaí a dhéanamh ar leibhéal náisiúnta freisin chun iad a chur i bhfeidhm.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Níl aon tionchar suntasach eile ann. 

D. Obair leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Chun an measúnú ar an gclár a éascú, bunófar creat chun faireachán a dhéanamh ar na torthaí a baineadh amach faoin gclár. Áiritheofar trédhearcacht iomlán mar aon le tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a dhéanamh go tráthrialta ar fhaireachán agus ar mheastóireacht. Déanfar meastóireacht eatramhach ar bhaint amach chuspóirí an chláir, ar éifeachtúlacht an chláir agus ar a bhreisluach ar an leibhéal Eorpach. Pléifidh meastóireacht deiridh leis an tionchar fadtéarmach agus le héifeachtaí inbhuanaitheachta an chláir. 

(1)

Tá Cód Custaim an Aontais mar chuid de nuachóiriú an chustaim agus tá sé ag feidhmiú mar an rialachán maidir leis an gcreat nua do na rialacha agus na nósanna imeachta faoin gcustam ar fud an Aontais Eorpaigh. Tháinig a fhorálacha substainteacha i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2016.