|
Bileog Achoimre Feidhmiúcháin
|
|
|
|
A. An gá le beart
|
|
Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?
|
|
Is é cur chun feidhme fadálach míchothrom na nathchóirithe struchtúracha an fhadhb ar a mbeifear ag díriú. Tá athchóirithe struchtúracha ag teastáil chun comhsheasmhacht agus iomaíochas a fheabhsú, táirgiúlacht a ardú, buanseasmhacht struchtúr eacnamaíoch agus sóisialta na mBallstát a chothú agus fás agus fostaíocht a spreagadh. Tá dul chun cinn á dhéanamh ach go fadálach agus go míchothrom ar fud na mBallstát laistigh agus lasmuigh den limistéar Euro, rud a d’fhéadfaí tionchair dhiúltacha a bheith aige ar fhás agus ar iomaíochas i mBallstáit an Aontais Eorpaigh agus san Aontas san iomlán. Tá deimhnithe ag measúnú atá déanta ag an gCoimisiún Eorpach laistigh de phróiseas an tSeimeastar Eorpaigh go raibh cur i bhfeidhm na nathchóirithe a bhí de dhíth chun aghaidh a thabhairt ar Mholtaí Tír-Shonracha, go raibh sé míchothrom ar fud na mBallstát agus, d’ainneoin gur tháinig méadú beag ar athchóiriú ar chur chun feidhme ar an iomlán i gcomparáid le Bealtaine 2017, is minic a bhaintear níos faide as athchóirithe a chur chun feidhme ná mar a bhítear ag súil leo. Ina theannta sin, léiríodh le heispéaras a bhain le géarchéim an limistéir Euro go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit na hathchóirithe is gá sula nglacann siad an euro chun aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta dea-fheidhmeach a áirithiú. Ó tharla go bhfuil staid reatha eacnamaíoch fabhrach ann faoi láthair ar fud an Aontais ina bhfuil fás tapa, leibhéil fostaíochta agus infheistíochta ag méadú leo, agus ina bhfuil feabhas ag teacht ar an airgeadas poiblí, tá deis anois ann chun athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme.
|
|
Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?
|
|
Leis an togra le haghaidh bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú, táthar ag súil le go rannchuideofar le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin athchóirithe náisiúnta ar de chineál struchtúrach iad agus an acmhainn riaracháin a neartú sna Ballstáit ar fad trí dhreasachtaí airgeadais le haghaidh athchóirithe a chur chun feidhme agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil chun cuidiú leis na Ballstáit athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme agus a nacmhainn riaracháin a fheabhsú. Ina theannta sin, soláthrófar tacaíocht spriocdhírithe do na Ballstáit nach é an euro an tairgeadra atá acu agus a bhfuil céimeanna soiléire curtha díobh acu i dtreo an tairgeadra aonair a ghlacadh faoi cheann achar ama áirithe chun cuidiú leo ullmhú le haghaidh ballraíocht den limistéar euro. Is é is aidhm leis an gClár na cuspóirí sin a ghnóthú trí dhul i ngleic le bunchúiseanna le cur cun feidhme íseal agus míchothrom na nathchóirithe, mar atá easpa acmhainne riaracháin, costais athchóirithe gearrthéarmacha eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla, agus easpa úinéireachta polaitiúil.
|
|
Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais?
|
|
Cé gur inniúlacht náisiúnta go fóill é cur chun feidhme na nathchóirithe struchturacha, léirigh na blianta géarchéime nach féidir iarrachtaí chun athchóiriú a dhéanamh a fhágáil ar an leibhéal náisiúnta amháin, de bharr na nasc láidre idir geilleagair na mBallstát. Soláthróidh an Clár seo tacaíocht bhreise do chur chun feidhme athchóirithe struchtúracha i mBallstáit laistigh den limistéar Euro agus lasmuigh de araon, rud a chuirfeadh le comhleanúnachas, iomaíochas, táirgiúlacht, fás agus fostaíocht. Dá bhrí sin, beidh an tionchar le brath ní amháin ar an leibhéal náisiúnta, ach beidh dea-éifeachtaí iarmharta ann don Aontas ina iomláine.
Chun sin a ghnóthú, cuirfidh an Clár trí cinn éagsúla, ach trí cinn chomhlántacha mar sin féin, d’ionstraimí ar fáil (an Uirlis don Athchóiriú, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus an tSaoráid um Chóineasú), rud a dhéanfaidh an tionchar is mó is féidir ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ar an mbonn sin.
Beidh an Uirlis don Athchóiriú ina fhreagairt dhíreach ar chur chun feidhme lag na nathchóirithe struchtúracha ar an leibhéal náisiúnta. Tá sé ceaptha chun cur chun feidhme na nathchóirithe a fheabhsú arna sainaithint i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh trí dhreasachtaí airgeadais a sholáthar. Cé gur inniúlacht náisiúnta go fóill é cur chun feidhme na nathchóirithe struchturacha, cuirfidh gníomhú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh dlús le cuidiú le heaspa úinéireachta polaitiúil nó easpa gealltanais a shárú chun tabhairt faoi athchóirithe (agus d’fhéadfaí go mbeadh baint aige sin, go pointe, le costais airgeadais nó costais pholaitiúla gearrthéarmacha).
An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (agus an chomhpháirt a bhaineann leis an tSaoráid um Chóineasú) déanfaidh sé acmhainn riaracháin na mBallstát a neartú trí líonra saineolais ar fud an Aontais a rachaidh chun sochair do na Ballstáit ar fad a iarrann tacaíocht agus tabharfaidh sé iontaoibh fhrithpháirteach agus comhar breise idir na Ballstáit agus an Coimisiún.
Is é is aidhm le comhpháirt tacaíochta airgeadais na Saoráide um Chóineasú, a bheidh spriocdhírithe ar na Ballstáit a bhfuil rún daingean acu an tairgeadra aonair a ghlacadh, buanseasmhacht na mBallstát sin a neartú agus an limistéar euro a neartú ina iomláine, rud a fhágfaidh go mbeidh éifeachtaí dearfacha trasteorann agus/nó dea-éifeachtaí iarmharta ann ar fud an Aontais.
|
|
B. Réitigh
|
|
Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha tosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth?
|
|
Rinne an measúnú tionchair scrúdú ar ionstraimí an Choimisiúin atá ann cheana le haghaidh tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme athchóirithe struchtúracha. Bhain sé an conclúid as, cé go bhfuil roinnt ionstraimí ann ar leibhéal an Aontais chun tacú le cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha, nach leor iad chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna le cur cun feidhme íseal agus míchothrom, agus na hathchóirithe struchtúracha agus riaracháin is gá a chur chun cinn. Uirlis éifeachtach den dlí bog is ea an Seimeastar Eorpach chun na dúshláin agus na riachtanais le haghaidh athchóirithe a leagan amach agus chun freagairtí ó na Ballstáit a rianú chun teacht roimh na riachtanais sin, ach níl géag forfheidmithe ag próiseas an tSeimeastair Eorpaigh féin agus níl uirlis aige chun dreasachtaí iarmhír a sholáthar don athchóiriú sin. Tá buiséad teoranta ag an tacaíocht theicniúil a thugtar tríd an an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (SRSP) agus rachaidh an Clár sin in éag an 31 Nollaig 2020. Is iad Cistí Struchtúrthacha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE), a ainmneoidh na ‘Cistí Aontais’ faoi Rialachán nua na bhForálacha Coiteanna, a mhaoineoidh cur chun feidhme roinnt athchóirithe struchtúracha agus tabharfaidh sé spreagadh do roinnt athchóirithe, go háirithe trí chur i bhfeidhm coinníollachtaí ex ante. Mar sin féin na spriocanna agus an loighic a bhaineann le hidirghabháil CSIE agus le todhchaí ‘Cistí Aontais’, fanann siad giaráilte ar mhaithe le hinfheistíocht in ionad athchóirithe. Ar deireadh, níl aon tacaíocht spriocdhírithe ann do na Ballstáit nach baill den limistéar euro iad ach ar mian leo dul isteach ann, rud a d’fhéadfadh dlús a chur le próiseas cóineasaithe na mBallstat sin. Dá bhrí sin, faoi chás nach mbeadh aon athrú beartais ann, trí na hionstraimí atá ar fáil don Choimisiún chun an gá le hathchóirithe struchtúracha agus riaracháin sna Ballstáit a éascú, chruthófaí nach leor iad chuige sin.
Is é Clár Tacaíochta um Athchóiriú nua a bhunú an rogha tosaíochta ar an ábhar go mbeifí in ann rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar an bhfadhb ar dhóigh chuimsitheach, tríd an tacaíocht theicniúil atá ann faoi láthair a neartú trí SRSP, rud a chuirfeadh ionstraim spriocdhírithe lena bhfuil ar fáil lena dtugtar tacaíocht airgeadais le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe agus rud a chuirfeadh ionstraim spriocdhírithe lena bhfuil ar fáil chun tacú le cur chun feidhme athchóirithe sna Ballstáit nach baill den limistéar euro iad.
Cé go rannchuideodh an tacaíocht theicniúil le hacmhainn riaracháin Bhallstáit uile an Aontais a fheabhsú, chuideodh dreasachtaí breise airgeadais chun spreagadh breise a chur ar fáil chun tabhairt faoi athchóirithe. Ina theannta sin, le Saoráid thiomnaithe um Chóineasú lena dtugtar tacaíocht airgeadais agus theicniúil do na Ballstáit atá ag féachaint leis an euro a ghlacadh, beifear in ann cuidiú a chur ar fáil chun ullmhu le haghaidh rannpháirtíocht rathúil sa limistéar euro, buanseasmhacht a fheabhsú agus cóineasú breise a chothú laistigh den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.
STRUCHTÚR AN CHLÁIR NUA
Beidh buiséad iomlán 25 billiún ag an gClár Tacaíochta um Athchóiriú agus déanfar glacadh an Chláir ar bhonn iomlán deonach. Tabharfaidh an Clár tacaíocht airgeadais agus theicniúil le haghaidh athchóirithe tosaíochta ar an leibhéal náisiúnta. Áirítear air sin na hionstraimí seo a leanas:
·An Uirlis don Athchóiriú lena gcuirfear maoiniú ar fáil sna Ballstáit go léir le go bhféadfar athchóirithe tábhachtacha a aithníodh sa Seimeastar Eorpach a chur i gcrích.
·Ionstraim Tacaíochta Teicniúil shaincheaptha a sholáthar do na Ballstáit (ar síneadh é den Chlár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach atá ann faoi láthair), ar a iarraidh sin uathu, arb é is aidhm leis acmhainn riaracháin na mBallstát a neartú ó thaobh ullmhú, ceapadh agus chur chun feidhme athchóirithe a chuireann feabhas ar fhás; agus
·An tSaoráid um Chóineasú chun tacaíocht thiomnaithe airgeadais agus theicniúil a thabhairt do na Ballstáit ar mian leo an euro a ghlacadh.
Coimircí iomchuí i gceapadh na hUirlise don Athchóiriú, mar atá an íocaíocht ag deireadh chur i bhfeidhm gealltanais athchóirithe na mBallstát, athchóirithe a shainaithint laistigh den tSeimeastar Eorpach, plé a dhéanamh faoi na tograí maidir le gealltanais athchóirithe sa Choiste um Beartas Eacnamaíoch (i gcomhairle le Coistí bunaithe ar Chonradh) nó faoi íocaíocht a chur ar fionraí nó ar ceal i gcás gealltanais athchóirithe neamhiomlána nó neamhchríochnaithe, áiritheoidh siad sin go gcuirfear teorainn leis an mbaol a bhaineann le guais mhorálta.
|
|
Cé atá i bhfách le cén rogha?
|
|
Tá fianaise ann a thacaíonn le tacaíocht theicniúil fheabhsaithe i soláthar na tacaíochta teicniúil tríd an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (SRSP), arna ghlacadh in 2017 ar tháinig an tacaíocht tríd an Tascfhórsa don Ghréig (TFGR) agus an Grúpa Tacaíochta don Chipir roimhe, agus rinneadh an dá struchtúr (ad hoc) sin a chomhtháthú isteach sa tSeirbhís Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach. Ó tháinig SRSP i bhfeidhm, ba an-ard an glacadh a bhí leis an gClár sna Ballstáit, agus ba mhó i bhfad na hiarratais ar thacaíocht ná méid an chistithe a bhí ar fáil dá chuid timthriallta bliantúla. Diomaite den leibhéal róiarratais ar na méideanna a bhí ar fáil faoi SRSP, bunaithe ar aiseolas a fuarthas ó na Ballstáit agus ó réamhbharúlacha ar chur i bhfeidhm tograí tosaigh ar an láthair, is cosúil go ndúnann SRSP bearna i gcur chun feidhme athchóirithe struchtúracha trí thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit ag céimeanna éagsúla an phróisis athchóirithe. Is mór ag na Ballstáit an ghné dheonach den Chlár, go dtugtar an tacaíocht go tapa, gan aon chomh-mhaoiniú ó bhuiséid náisiúnta agus go bhfuil ualach pas íseal ag gabháil léi, agus go ndéantar saineolas a roinnt leis na Ballstáit eile nó le saineolaithe. Rannchuidíonn SRSP go mór le cur chun feidhme comhsheasmhach thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, le forbairt agus cur chun feidhme réiteach a thugann aghaidh ar shaincheisteanna trasteorann agus ar dhúshláin ar fud an Aontais. I gcásanna áirithe, a bhuí leis an tacaíocht, bhíothas in ann cistiú ó chláir eile an Aontais a ghiaráil, mar shampla, trí chuidiú a thabhairt le gur fearr a bheifear in ann tionscadail a ullmhú faoi CSIE, nó gnéithe nach gcumhdaítear le CSIE a chomhtháthú – trí bhíthin na dtionscadal sin.
Maidir leis an Uirlis don Athchóiriú, ó tharla gur ionstraim nua í seo, Bhailigh an Coimisiún smaointe maidir le ceapadh na huirlise a bheadh ann amach anseo as líon áirithe ceardlann theicniúil arna neagrú i ngach ceann de na Ballstáit ar fad. D’aithin tromlach na mBallstát an gá le dul i ngleic le hathchóirithe struchtúracha agus chuir siad fáilte roimh uirlis nua chun athchóirithe a spreagadh. San am céanna, leag siad béim ar an ngá lena thuilleadh úinéireachta maidir le cur chun feidhme athchóirithe a thabhairt do na Ballstáit. Cuireadh an taiseolas a fuarthas ó na Ballstáit agus a bailíodh le linn na gceardlann san áireamh i gceapadh na hUirlise don Athchóiriú, eadhon, an Clár a bheith ar fáil do Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh, comhordú le CSIE, cistí a leithdháileadh ar na Ballstáit ar fad, coimircí maidir leis an nguais mhorálta agus an nasc leis an tSeimeastar Eorpach.
|
|
C. An tionchar a bheidh ag na roghanna tosaíochta
|
|
Cad iad sochair rogha na tosaíochta (más ann do rogha na tosaíochta, murab ann di cad iad na príomhshochair)?
|
|
Beidh tionchair an Chláir ag brath ar athchóirithe a mholfaidh agus a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme i gcomhthéacs na hUirlise don Athchóiriú nó i gcomhthéacs an chineáil tacaíochta teicniúil a bheidh á iarraidh acu agus a bheidh á úsáid i gcreat na hIonstraime Tacaíochta Teicniúil. Ar an iomlán, táthar ag súil le go gcuideoidh an Clár le cur chun feidhme íseal, míchothrom na nathchóirithe a fheabhsú agus an bhearna a dhúnadh idir an gá le hathchóirithe struchtúracha a thabhairt i gcrích, agus an toil ina leith, trí dhíriú ar na hathchóirithe sin a chuireann feabhas ar chomhtháthú agus ar iomaíochas, a ardaíonn táirgiúlacht, a spreagann fás agus fostaíocht agus a chuireann feabhas ar bhuanseasmhacht gheilleagair an Aontais. Dá bhí sin, táthar ag tuar go nginfear tionchair dhearfacha ar fhás eacnamaíoch, ar fhostaíocht, ar fhorbairt inbhuanaitheach agus ar bhuanseasmhacht gheilleagair na mBallstát laistigh den limistéar euro agus den Aontas.
|
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
|
Ceapadh an Clár ar dhóigh go ndéanfadh sé costais riaracháin agus idirbhearta a íoslaghdú, don Choimisiún agus do na Ballstáit araon. Bheadh sé d’aidhm ag an idirphlé idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir leis na tograí le haghaidh athchóiriú tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a tharlú (mar shampla tionchair dhiúltacha shóisialta nó chomhshaoil nó éifeachtaí athdháilte) a mheas agus a laghdú roimh ré, trí bhearta tionlacain nó trí ghníomhuithe maoilithe riosca. Is féidir an tacaíocht airgeadais a úsáid freisin chun na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann a fhrithchúiteamh.
|
|
Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?
|
|
Le cur chun feidhme feabhsaithe athchóirithe struchtúracha sa timpeallacht fáis agus gnó, chruthófaí dálaí níos fearr chun gnó a reáchtáil agus d’fhéadfaí, dá bhrí sin, éifeacht dhearfach a bheith acu ar an timpeallacht gnó.
|
|
An imreofair tionchair shuntasacha ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
|
Is féidir le hathchóirithe struchtúracha costais ghearrthéarmacha a fhorchur ar bhuiséid agus ar riarachán náisiúnta. Chuideodh tacaíocht airgeadais le tionchair dhiúltacha a fhrithchúiteamh sula dtiocfadh na leasanna fadtéarmacha i gcrích. D’fhéadfadh an tacaíocht theicniúil díriú ar athchóirithe arb é is aidhm leo go háirithe an bhainistíocht ioncaim an bhainistíocht airgeadais phoiblí a fheabhsú, rud a d’imreodh tionchar dearfach ar bhuiséid náisiúnta. Beidh sé d’aidhm ag an gClár acmhainn riaracháin na mBallstát a fheabhsú freisin.
|
|
Cén chaoi a náiritheofar comhlántacht le cistí eile an Aontais?
|
|
Déanann an Clár Tacaíochta um Athchóiriú foráil maidir le comhlántacht agus le sinéirgí le cláir eile an Aontais, go háirithe tríd an treoir maidir le beartas dá bhforáiltear faoin Seimeastar Eorpach a chomhlánú agus trí chuidiú le húsáid CDIEanna a ghiaráil.
Cé gurb é is aidhm le CSIE maoiniú a chur ar fáil le haghaidh na ninfheistíochtaí is gá chun cuspóirí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a ghnóthú, beidh sé d’aidhm ag an Uirlis don Athchóiriú a bheidh ann amach anseo na hathchóirithe struchtúracha a spreagadh agus, leis sin, feabhas a chur ar na coinníollacha creata maidir le hinfheistíocht. Is féidir tionchar na ninfheistíochtaí a fheabhsú go mór trí na coinníollacha creata cearta a chruthú. San am céanna, is féidir le hinfheistíochta faoi CSIE tacú le hathchóiriú áirithe. Dá bhrí sin beidh CSIE agus an Clár Tacaíochta um Athchóiriú ag treisiú a chéile.
Maidir leis na gníomhuithe a bheartaítear le haghaidh a gcur chun feidhme faoin gClár, chun a áirithiú go bhfuil siad comhlántach le cláir agus cistí eile an Aontais (na Cistí Aontais a bheidh ann amach anseo), agus nach bhfuil aon fhorluí ann, áiritheofar go ndéanfar comhordú i ndáil leis na trí ionstraim ar fad laistigh de shocruithe oibre inmheánacha an Choimisiúin.
|
|
D. Obair leantach
|
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
|
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Chláir ar fad agus déanfaidh sé gnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a thomhas trí tháscairí faireacháin creata agus táscairí iomchuí. Déanfar meastóireacht mheántéarmach agus meastóireacht ex post i ndáil le gach ionstraim ar dháta nach déanaí ná ceithre bliana tar éis tús chur chun feidhme an chláir. Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta agus in ullmhúchán an chéad chláir eile. Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.
|