|
Achoimre Feidhmiúcháin
|
|
Measúnú tionchair ar
Thogra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil)
|
|
A. An gá atá le beart
|
|
Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?
|
|
Leagtar síos leis an Rialachán seo na bealaí inar féidir doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil, agus rialacha soiléire maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a tharchur ó Bhallstát amháin go Ballstát eile in ábhair shibhialta agus in ábhair thráchtála. Foráiltear leis maidir le híoschaighdeáin i dtaca le cearta cosanta a chosaint agus leagtar síos leis coinníollacha dlíthiúla aonfhoirmeacha le haghaidh doiciméad a sheirbheáil tríd an bpost go díreach thar theorainneacha.
I láthair na huaire, bíonn impleachtaí trasteorann ag timpeall 3.4 milliún imeacht cúirte sibhialta agus tráchtála gach bliain. Sna cásanna sin ina bhfuil páirtí amháin ar a laghad ag cur faoi i mBallstát nach é an Ballstát ina dtarlaíonn an dlíthíocht, is minic a chuireann na cúirteanna an Rialachán seo i bhfeidhm roinnt uaireanta le linn na nimeachtaí. Tá feidhmiú cuí an Rialacháin riachtanach chun rochtain ar an gceartas agus triail chothrom do na páirtithe sna himeachtaí a áirithiú, agus chun moilleanna agus costais bhreise sna himeachtaí a sheachaint. Mar shampla, gan an doiciméad lena dtionscnaítear imeachtaí a sheirbheáil ar bhealach cuí, is é sin an foras is coitianta a úsáidtear chun aithint agus forghníomhú breithiúnas a dhiúltú.
Sa lá atá inniu ann, an teagmháil idir comhlachtaí a dhéanann doiciméid a tharchur agus a fháil chun críche seirbheála, tá an teagmháil sin beagnach go huile is go hiomlán bunaithe ar pháipéar, agus féadfaidh an teagmháil a bheith costasach agus neamhéifeachtúil dá bharr I gcleachtas, ní féidir ach oiread doiciméid a sheirbheáil ar fhaighteoir go leictreonach i gcásanna trasteorann, cé go bhfuil an fhéidearthacht sin tugtha isteach, nó á tabhairt isteach, ag roinnt Ballstát ar an leibhéal náisiúnta. Tugtar aghaidh leis an tionscnamh seo ar an ngá atá leis an bpróiseas a bhaineann le doiciméid a sheirbheáil ar an gcoigríoch a nuachóiriú, agus go háirithe a dhigitiú. Téitear i ngleic freisin le roinnt bearnaí eile sa Rialachán a sainaithníodh sa mheastóireacht ar fheidhmiú an Rialacháin. De bharr na mbearnaí sin, cuirtear moilleanna agus costais ar shaoránaigh, ar ghnólachtaí agus ar na Ballstáit, bíonn easnaimh i gcosaint na gceart nós imeachta, agus castacht agus éiginnteacht dhlíthiúil ann. Is iad seo a leanas na príomhfhadhbanna a sainaithníodh:
·cúinsí as a dtagann cáilíocht neamhleordhóthanach i dtaca le doiciméadacht na seirbheála tríd an bpost,
·srian leis an tseirbheáil dhíreach, nó gan teacht a bheith ar an tseirbheáil dhíreach, i gcomhthéacs trasteorann i neart Ballstát fiú i gcás ina gceadaítear sin ar an leibhéal náisiúnta,
·easnaimh maidir le soiléire na rialacha lena gcosnaítear cearta nós imeachta na bpáirtithe i dtaca le ceanglais aistriúcháin agus i gcás breithiúnais mhainneachtana, agus
·modhanna samhailteacha nó malartacha seirbheála náisiúnta a roghnú in ionad na modhanna a leagtar síos sa Rialachán.
Na páirtithe leasmhara a ndéantar difear dóibh, is saoránaigh agus gnólachtaí iad atá ina bpáirtithe in imeachtaí dlíthiúla, gnólachtaí atá ina soláthraithe seirbhíse, e.g. i dtaca le seirbhísí poist nó comhairliúchán teicneolaíochta faisnéise, is údaráis phoiblí agus bhreithiúnacha na mBallstát iad, agus gairmithe dlí (go háirithe breithiúna agus dlíodóirí).
Tá dlúthbhaint ag an tionscnamh leis an tionscnamh maidir leis an gcomhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála, arna rialú le Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001. Tá an dá thionscnamh fite fuaite i dtosaíocht ghinearálta an Choimisiúin maidir leis an digitiú agus leis an ríomhcheartas, agus leanann siad treo na hoibre comhthreomhaire i réimse an cheartais choiriúil (ríomhfhianaise) d’fhonn cothrom iomaíochta a chur ar bun i réimsí an cheartais choiriúil agus an cheartais shibhialta. Tá an dá thionscnamh bunaithe ar, agus baineann siad leas as, aschuir reachtaíochta agus caighdeáin dhlíthiúla de chuid an Aontais (eCODEX agus Rialachán eIDAS) atá ann cheana.
|
|
Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?
|
|
Leis an tionscnamh, meastar go bhfeabhsófar éifeachtúlacht agus luas imeachtaí breithiúnacha a thuilleadh agus go náiritheofar riar cuí an cheartais i gcásanna ag a bhfuil impleachtaí trasteorann. Ar an dóigh sin, cabhrófar le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus le costais neamhriachtanacha a laghdú, agus, san am céanna, cosnófar nó feabhsófar cearta an chosantóra. Leis an tionscnamh, cuirfear dlús breise leis an sásra comhair i dtaca le cúnamh breithiúnach trasteorann, agus simpleofar é, go háirithe tríd an gcóras a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla agus trí lánleas a bhaint as na buntáistí a eascraíonn ón digitiú agus trína thuilleadh trédhearcachta a chruthú maidir le seolaí a aimsiú. Ina theannta sin, feabhsófar an deimhneacht agus an éifeachtúlacht dhlíthiúil trí éascaíocht a dhéanamh ar mhodhanna seirbheála a úsáid go gasta, amhail an tseirbheáil tríd an bpost agus an tseirbheáil dhíreach, agus trí shoiléiriú a thabhairt ar raon feidhme an Rialacháin agus ar a ról i dtaca le cearta nós imeachta na bpáirtithe a chosaint.
|
|
Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais?
|
|
Baineann breisluach soiléir leis an tionscnamh ar leibhéal an Aontais mar go gcuirfear le héifeachtúlacht agus le luas imeachtaí breithiúnacha trí na sásraí comhair i dtaca le seirbheáil doiciméad a shimpliú, agus trí dhlús a chur leo. Ar an dóigh sin, leis an tionscnamh, feabhsófar riar an cheartais i gcásanna ag a bhfuil impleachtaí trasteorann. De réir a nádúir féin, ní féidir leis na Ballstáit leo féin an comhar idir na Ballstáit a rialú go héifeachtúil i gcásanna ina seirbheáiltear doiciméid ar bhonn trasteorann.
|
|
B. Réitigh
|
|
Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth?
|
|
Rinneadh réimse roghanna a mheas, bearta neamhreachtacha agus beart reachtach uaillmhianach san áireamh. Baineann na roghanna sin le faisnéis a sholáthar tríd an tairseach don ríomhcheartas (e.g. uirlisí agus feidhmeanna cuardaigh), leis an Rialachán a leasú chun forálacha áirithe a shoiléiriú (e.g. maidir le coimircí nós imeachta, amhail an ceart diúltú doiciméid a sheirbheáil) agus le hoibleagáid dhlíthiúil a chur ar na Ballstáit (e.g. lena gceanglaítear orthu fiosrúcháin ar sheoltaí a éascú ach lena moltar tacar uirlisí malartacha chun sin a chur i gcrích).
Is í an rogha thosaíochta pacáiste beartais lena ndéanfaí na nithe seo a leanas:
·chuirfí de cheanglas ar na Ballstáit teagmháil a dhéanamh le chéile agus doiciméid a mhalartú eatarthu féin trí bhealach leictreonach slán a úsáid (amhail eCODEX);
·thabharfaí isteach seirbheáil leictreonach trasteorann mar mhodh seirbheála a bhfuil glacadh leis faoin Rialachán, faoi réir coinníollacha áirithe;
·thabharfaí soiléiriú ar chineál caighdeánach aonfhoirmeach na gcoinníollacha atá ann cheana maidir leis an tseirbheáil tríd an bpost;
·leathnófaí úsáid na seirbheála dírí agus thabharfaí isteach an prionsabal “digiteach mar réamhshocrú”;
·chuirfí de cheanglas ar na Ballstáit fiosrúcháin ar sheoltaí a éascú trí bhíthin ceann amháin (ar a laghad) d’uirlisí malartacha éagsúla;
·dhéanfaí cásdlí ábhartha de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chódú trína shonrú sa Rialachán go bhfuil feidhm aige maidir le doiciméid a thagann ó údarás poiblí nó breithiúnach (nótaire poiblí, mar shampla) ach freisin maidir le doiciméid phríobháideacha i gcás ina mbeidh seirbheáil fhoirmiúil ag teastáil d’fhonn cearta an éilitheora a chruthú nó a chosaint;
·leasófaí an Rialachán chun soiléiriú a thabhairt ar fhorálacha maidir leis an gceart diúltú doiciméad a sheirbheáil;
·thabharfaí isteach rialacha nua darb aidhm an cosantóir a chosaint níos fearr ar éifeachtaí breithiúnas mainneachtana;
·chódófaí go mbeadh sé ceadmhach modhanna samhailteacha a úsáid i gcoinne páirtithe eachtracha; agus
·thabharfaí soiléiriú ar sholáthar faisnéise ar an tairseach don ríomhcheartas.
|
|
Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo
|
|
Ceistíodh páirtithe leasmhara faoina rannpháirtíocht in imeachtaí breithiúnacha trasteorann agus faoina roghanna tosaíochta. D’fhreagair 73 % de na páirtithe leasmhara go raibh siad páirteach in imeachtaí breithiúnacha trasteorann agus bhí breis agus 70 % díobh páirteach i gcásanna inar ghá an Rialachán a chur i bhfeidhm. Léiríodh tacaíocht láidir don digitiú: D’aontaigh 61 % de na freagróirí, agus bhí claonadh ag 39 % díobh le haontú, gur cheart gur trí mhodh leictreonach a dhéanfaí an chumarsáid réamhshocraithe chaighdeánach idir na húdaráis/na gníomhaireachtaí a bhíonn páirteach i gcomhar breithiúnach trasteorann in ábhair shibhialta. Thacaigh tromlach mór freagróirí leis an gcúnamh breithiúnach d’fhonn an áit a bhfuil duine i mBallstát eile a aimsiú – d’aontaigh 55 % díobh go láidir leis agus bhí claonadh ag 33 % díobh aontú leis. Maidir leis an tseirbheáil dhíreach, 35 % de na freagróirí a léirigh tuairim, d’aontaigh siad go láidir, agus bhí claonadh ag 46 % díobh aontú, go bhféadfaí iarraidh go díreach ón gcoigríoch ar dhaoine inniúla, amhail báillí nó oifigigh bhreithiúnacha i ngach Ballstát, doiciméid a sheirbheáil ina gcríoch. 43 % de na páirtithe leasmhara a léirigh tuairim, d’aontaigh siad go láidir, agus bhí claonadh ag 47 % díobh aontú, go mbeadh sé tairbhiúil chun leibhéal cosanta aonfhoirmeach a áirithiú le haghaidh cosantóirí ó Bhallstát eile nár tháinig os comhair cúirte.
|
|
C. Tionchar na rogha tosaíochta
|
|
Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)?
|
|
Tá tairbhí le baint as an bpacáiste beartais tosaíochta, go háirithe i dtaca le costais agus moilleanna a laghdú (e.g. trí chóras cumarsáide leictreonaí a thabhairt isteach agus trí sheirbheáil leictreonach doiciméad a chur chun cinn). Laghdófaí leis freisin tionchair dhiúltacha chomhshaoil agus, san am céanna, d’áiritheofaí comhleanúnachas le hionstraimí dlíthiúla eile.
Go praiticiúil, chuirfí feabhas ar éifeachtacht an Rialacháin trí eCODEX a thabhairt isteach mar uirlis chumarsáide éigeantach idir na gníomhaireachtaí. An tseirbheáil leictreonach agus dhíreach a éascú, is bealach eile é sin chun éifeachtúlacht agus luas na nimeachtaí a fheabhsú, agus an tualach ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí a laghdú. Leis an bpacáiste tosaíochta, chabhrófaí freisin le feabhas a chur ar rochtain ar an gceartas agus an deimhneacht dhlíthiúil mar go náirítear ann bearta maidir le débhríochtaí a shoiléiriú agus seolaí a aimsiú. Leis an bpacáiste, chuirfí feabhas ar chomhleanúnachas inmheánach agus seachtrach an Rialacháin. Dhéanfaí na forálacha maidir le seirbheáil leictreonach doiciméad agus cumarsáid leictreonach a ailíniú leis na caighdeáin cosanta sonraí is gá. Ina theannta sin, is féidir a bheith ag súil leis ón bpacáiste go laghdófar tionchar comhshaoil an Rialacháin go mór mar go gcuirfear seirbheáil leictreonach doiciméad agus modhanna leictreonacha cumarsáide in ionad na cumarsáide atá bunaithe ar pháipéar idir na húdaráis ainmnithe.
|
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
|
Leis an bpacáiste beartais, meastar go gcuirfear roinnt costas ar na Ballstáit ach go rachfar go mór chun tairbhe do shaoránaigh agus do ghnólachtaí atá páirteach in imeachtaí trasteorann. Baineann na costais is mó ar na Ballstáit le cur chun feidhme eCODEX mar uirlis éigeantach do ghníomhaireachtaí tarchuir agus fála. Mar sin féin, is costais theoranta nó aonuaire iad sin, ach beidh tionchar ag na tairbhí go ceann i bhfad. Ar an iomlán, is mó go mór na tairbhí ná na costais.
|
|
Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?
|
|
Bhainfeadh gnólachtaí atá páirteach in imeachtaí trasteorann tairbhe as an bpacáiste beartais tosaíochta.
Leis an bpacáiste beartais, shábhálfaí am ar ghnólachtaí atá ina bpáirtithe in imeachtaí dlíthiúla mar go dtugtar isteach leis nósanna imeachta seirbheála níos éifeachtúla. Dá réir sin, laghdófaí na táillí dlí a íoctar le dlíodóirí, go háirithe i gcásanna as a bhféadfadh dlíthíocht teacht chun cinn, mar go dtabharfaí leis an Rialachán soiléiriú air sin. Maidir le gnólachtaí atá páirteach i seirbheáil doiciméad (e.g. oifigigh bhreithiúnacha, báillí), meastar go dtiocfaidh méadú áirithe ar an ioncam iomlán arna ghiniúint ag seirbheáil a iarrtar faoin Rialachán mar go dtiocfaidh ardú ar líon na nimeachtaí trasteorann de thoradh lánpháirtiú breise an mhargaidh inmheánaigh. Maidir le gnólachtaí a sholáthraíonn seirbheáil i dtionscail éagsúla, féadfaidh sé go nathróidh an tioncam gnó de réir cineálacha gnó: soláthraithe seirbhísí comhairliúcháin teicneolaíochta faisnéise, soláthraithe ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe, soláthraithe seirbhísí idirlín agus teileachumarsáide, soláthraithe seirbhísí néalstórála agus soláthraithe seirbhísí cartlannaithe dhigitigh, is iad sin a bhainfidh tairbhe as. D’fhéadfadh sé go nimreofaí ar a laghad tionchar eacnamaíoch neodrach, nó tionchar diúltach, ar bháillí, oifigigh bhreithiúnacha agus soláthraithe soláthairtí oifige agus páipéir.
|
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
|
Leis an bpacáiste atá beartaithe, ní fhorchuirfear costais shuntasacha ar údaráis riaracháin náisiúnta, agus ní bheidh coigilteas ann dá bharr ach oiread. Meastar go mbainfidh údaráis phoiblí náisiúnta tairbhe as costais laghdaithe i dtaca le seirbhísí poist, as an am a shábhálfar de bharr imeachtaí dlíthiúla níos éifeachtaí, agus as ualaí riaracháin laghdaitheacha agus costais saothair laghdaitheacha. Bheadh roinnt costas ag gabháil le eCODEX a thabhairt isteach, ach bheadh laghdú costas ann ó thaobh seirbhísí poist san fhadtréimhse.
|
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?
|
|
Leis an bpacáiste atá beartaithe, bheadh tionchar dearfach ar an gcomhar breithiúnach mar go bhfeabhsófaí an chumarsáid idir na Ballstáit ar bhealach éasca slán agus, go háirithe tríd an tairseach don ríomhcheartas, sholáthrófaí eolas faoi na modhanna agus na costais ábhartha d’fhonn nósanna imeachta gasta éifeachtacha a áirithiú i dtaca le doiciméid a sheirbheáil trasteorann. D’fheabhsófaí an deimhneacht dhlíthiúil agus an rochtain ar an gceartas mar go bhfeabhsófaí cearta nós imeachta na bpáirtithe sna himeachtaí. Thairis sin, chabhrófaí leis an riarachán poiblí (lena náirítear an riarachán breithiúnach) a nuachóiriú, leis an idir-inoibritheacht trasteorann a bhaint amach agus leis an idirghníomhú le saoránaigh a éascú i gcomhréir leis an Straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach agus leis an Straitéis maidir leis an Ríomhrialtas.
|
|
D. Iarobair
|
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
|
Déanfar tionchar an tionscnaimh atá beartaithe a mheas i dtuarascáil a ullmhóidh an Coimisiún cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na hionstraime leasaithe.
|