An Bhruiséil,28.5.2018

SWD(2018) 255 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

Plaistigh Aon Úsáide & Trealamh Iascaireachta

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol

{COM(2018) 340 final}
{SEC(2018) 253 final}
{SWD(2018) 254 final}
{SWD(2018) 256 final}
{SWD(2018) 257 final}


An fhadhb

Tá méadú ag teacht ar an mbruscar plaisteach muirí atá sna farraigí, rud atá ag cur éiceachórais, na bithéagsúlachta, sláinte an duine, na turasóireachta, na hiascaireachta agus na loingseoireachta faoi bhagairt. Is fadhb thrasteorann é.

Is plaistigh iad 85% d’itímí bruscair ar thránna Eorpacha. Is plaisteach aon úsáide é an leathchuid den bhruscar sin nach n‑úsáidtear ach uair amháin, ar feadh tréimhse ghearr, sula gcaitear i leataobh é. Trealamh iascaireachta tréigthe, caillte nó díofa ar bhealach eile (ALDFG) is ea 27% eile den bhruscar.

Ní thugtar aghaidh ar an mbruscar muirí i mbeartais an Aontais maidir le huisce, leis an bhfarraige, dramhaíl, táirgí agus le hiascaigh mar is cuí go fóill agus fágtar a lán beartas faoi na Ballstáit, rud a dhéanann an margadh inmheánach a ilroinnt.

Cad chuige ar cheart don Aontas Eorpach gníomhú agus cad é an cuspóir?

De bharr gníomhaíochtaí comhleanúnacha comhréireacha ar leibhéal an Aontais, is féidir an bruscar muirí a laghdú agus áiritheofar margadh aonair agus deimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí san am céanna.

Is é an cuspóir ginearálta atá ann an dochar a dhéanann táirgí plaisteacha áirithe don chomhshaol a laghdú agus cuirfear an t‑aistriú i dtreo geilleagar ciorclach san am céanna agus úsáid á baint as roghanna nuálacha ilúsáide.

Roghanna beartais

Díríodh ar threalamh iascaireachta san anailís agus is iad seo na 10 bplaisteach aon úsáide is mó a fuarthas (isteach is amach le 86% de phlaisteach aon úsáide): bunanna toitíní; buidéil deochanna agus caipíní; cipíní baitín cadáis; paicéid brioscán prátaí; ceirtíní taise; pillíní sláintíocha; sceanra; soip; corraitheoirí; cupáin deochanna; coimeádáin bhia agus trealamh iascaireachta.

Rinneadh anailís ar raon roghanna a cuireadh i gcomparáid le bonnlíne, lena n‑áirítear athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an Rialachán um Rialú ar Iascach agus ar an Treoir maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt mar aon leis an Straitéis maidir le Plaisteach agus an reachtaíochta athbhreithnithe maidir le dramhaíl.

Rogha na tosaíochta

A bhuí leis an rogha seo, tiocfaidh laghdú mór ar mhéid an bhruscair mhuirí. Maidir le plaistigh aon úsáide, a dhéantar a thomhas le comhairimh, tiocfaidh laghdú ar an leathchuid den bhruscar sin. Áirítear leis:

-freagracht leathnaithe táirgeora as costas chun bruscar a chosc agus a ghlanadh: scagairí toitíní, buidéil deochanna, paicéid brioscán prátaí, ceirtíní taise, pillíní sláintíocha, cupáin deochanna, coimeádáin bhia, balúin agus bainistiú cuí dramhaíola a dhéanamh ar threalamh iascaireachta atá millte agus i ndeireadh a ré agus a thógtar amach as an fharraige;

-dreasachtaí le haghaidh iascairí chun trealamh iascaireachta atá millte agus i ndeireadh a ré agus a thógtar amach as an fharraige a thabhairt ar ais leo chun an chalafoirt;

-bearta maidir le dearadh táirgí chun caipíní a cheangal de bhuidéil deochanna;

-spriocanna maidir le leaganacha aon úsáide de chupáin deochanna, de cheirtíní taise agus de choimeádáin bhia a laghdú;

-cosc a chur ar leaganacha plaisteacha aon úsáide de chipíní baitíní cadáis, de chipíní balún plaisteach, de sceanra, de shoip agus de chorraitheoirí.

In 2030, maidir le plaisteach aon úsáide, shábhálfadh an rogha seo 2.6 milliún tona de choibhéis CO2. Sheachnófaí damáistí comhshaoil (coibhéiseach le €11 billiún). Bheadh costais maidir le comhlíonadh ag gnólachtaí (isteach is amach le €2 billiún) agus costais maidir le bainistiú dramhaíola (€510 milliún). Choigleodh tomhaltóirí airgead (isteach is amach le €6.5 billiún), ach bheadh orthu cur suas le mhíchaoithiúlacht áirithe.

A bhuí le beart breise, aisíoc éarlaise nó córas coibhéiseach, thiocfadh laghdú mór ar an mbruscar muirí, ar chostas breise inghlactha (isteach is amach le €1.4 billiún).

Is é rogha na tosaíochta maidir le trealamh iascaireachta agus dobharshaothraithe go dtabharfar isteach Freagracht Leathnaithe Táirgeora le haghaidh táirgeoirí plaistigh ar plaisteach é a chuirtear i dtrealamh iascaireachta agus dobharshaothraithe agus go gcuirfear dreasachtaí airgeadais i bhfeidhm chun iascairí a spreagadh leis an trealamh a thabhairt i dtír. Is é an toradh a bheadh air sin costais a chur ar an tionscal isteach is amach le 0.16% d’ioncam. Is comhlánú ar bhearta lena ndíreofar ar threalamh iascaireachta é agus áiritheofar go gcuirfear ábhar plaisteach ón trealamh iascaireachta isteach sa sruth dramhaíola agus athchúrsála, ina mbeidh táirgeoirí ábhar plaisteach an trealaimh iascaireachta ag imirt a ról féin agus lena méadófar rátaí athchúrsála i leith ábhar trealaimh iascaireachta.