|
Déantar grúpaí de na roghanna mar a leanas: (a) cártaí aitheantais, (b) doiciméid chónaithe agus (c) próiseas, chun léiriú a thabhairt ar na bearta sonracha a bhfuil gá leo chun dul i ngleic le fadhbanna gach grúpa. Ní féidir iad a chur i gcomparáid le chéile.
Rogha 0: an status quo a choinneáil;
Roghanna ID: formáid agus slándáil na gcártaí aitheantais
- ID BOG): bearta neamh-reachtacha a bhaineann le cártaí aitheantais (amhail múscailt feasachta agus oiliúint)
- ID 1): ID BOG, móide íoscheanglais choiteanna a leagan síos d’fhormáid agus do shlándáil na gcártaí aitheantais
- ID 2): ID BOG, móide ID 1), le formáid choiteann do chártaí aitheantais, lena náirítear méarloirg éigeantacha
- ID3): ID BOG, leis an bhféidearthacht cárta aitheantais AE a eisiúint mar aon le cártaí aitheantais náisiúnta
Roghanna RES: formáid agus slándáil na ndoiciméad cónaithe
- RES BOG): bearta neamh-reachtacha a bhaineann le doiciméid chónaithe
- RES 1): RES BOG móide comhchuibhiú líon teoranta sonraí maidir le doiciméad cónaithe
- RES 2): RES BOG móide RES 1) le formáid choiteann do dhoiciméid chónaithe ball teaghlaigh nach den Aontas iad
- RES 3): RES BOG móide RES 1) le formáid choiteann do gach doiciméad cónaithe,
Roghanna PRÓISEAS: próiseas chun doiciméid a eisiúint agus chun faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit
- PRÓISEAS BOG): níos mó roghanna agus roghanna níos fearr a chur chun cinn i dtaca le doiciméid a iarraidh agus a fháil
- PRÓISEAS 1): PRÓISEAS BOG agus an cumas cártaí aitheantais a eisiúint trí líonraí consalacha
Is iad ID 1), RES 2) agus PRÓISEAS BOG) na roghanna tosaíochta.
|