An Bhruiséil,12.4.2018

SWD(2018) 93 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

Tionscnamh le haghaidh feabhas a chur ar shlabhra an tsoláthair bia (cleachtais éagóracha trádála)

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair bia

{COM(2018) 173 final}
{SWD(2018) 91 final}
{SWD(2018) 92 final}


Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar an tionscnamh le haghaidh feabhas a chur ar shlabhra an tsoláthair bia – cleachtais éagóracha trádála

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Tá difríochtaí ann sa chumhacht mhargála atá ag na hoibreoirí i slabhra an tsoláthair bia; cuirtear cleachtais éagóracha trádála i bhfeidhm ar pháirtithe laga (e.g. feirmeoirí). Tá difríochtaí ann idir na córais náisiúnta maidir le cleachtais éagóracha trádála agus is beag comhordú atá ann idir na Ballstáit ina leith. Mar thoradh air sin, fágtar oibreoirí i mBallstáit áirithe faoi thearc-chosaint, tagann dálaí difriúla gnó chun cinn ar fud na mBallstát agus cruthaítear éiginnteacht maidir le trádáil trasteorann.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Trí aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha trádála, cabhraítear le cothrom iomaíochta a chruthú agus is féidir sásamh éifeachtach a thabhairt d’oibreoirí atá i ngreim cleachtais éagóracha trádála; cuireann an méid sin le cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta maidir le caighdeán cóir maireachtála a áirithiú do dhaoine atá ag gabháil don talmhaíocht, athléimneacht na noibreoirí níos laige a neartú, agus feidhmiú níos fearr shlabhra an tsoláthair bia.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)?

Is é an toradh ar bheart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais go soláthraítear creat coiteann íosta, go gcuirtear feabhas ar an gcosaint in aghaidh cleachtais éagóracha trádála agus go laghdaítear na hiarmhairtí a thagann chun cinn feadh shlabhra an tsoláthair bia. Toradh eile air is ea go gcuirtear le caighdeáin chóra mhaireachtála an lucht talmhaíochta (Airteagal 39 CFAE) agus le comhordú agus malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit; Ba dhoiligh an méid sin a bhaint amach gan beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann?

Tá na roghanna miondealaithe de réir mhéid an chomhchuibhithe atá i gceist leo, raon feidhme na dtoirmeasc ar chleachtais éagóracha trádála, cumhdach táirgí, cumhdach oibreoirí, forfheidhmiú, agus chomhordú na mBallstát. An rogha thosaíochta: rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála a chomhchuibhiú go páirteach, rud a chumhdóidh táirgí talmhaíochta agus táirgí próiseáilte, a thabharfaidh cosaint d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a thabharfaidh íoscheanglais forfheidhmithe isteach agus a sholáthróidh sásra forfheidhmithe ar leibhéal an Aontais.

Cé na tuairimí atá ag na páirtithe leasmhara éagsúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

Tá formhór na bpáirtithe leasmhara a ghlac páirt sa chomhairliúchán poiblí oscailte i bhfách go mór le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, lena náirítear beart a bhaineann le forfheidhmiú. Ní aontaíonn miondíoltóirí (móra) go mbíonn cleachtais éagóracha trádála á núsáid go forleathan agus cuireann siad i gcoinne bearta ar leibhéal an Aontais.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)?

Bainfidh oibreoirí beaga tairbhe as an gcosaint a thabharfar dóibh tríd an reachtaíocht maidir le cleachtais éagóracha trádála agus méadófar a éifeachtúla atá siad dá bharr sin. Ba cheart go mbeadh dea-thionchar sóisialta agus eacnamaíoch ag na gnóthachain sin ar an tsochaí.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?

Ní mheastar go mbeidh mórchostais chomhlíonta ann do chuideachtaí. Meastar gur neodrach, nó gur dearfach fiú, a bheidh an tionchar sóisialta agus an tionchar ar an gcomhshaol; d’fhéadfadh sé go mbeadh costais ann d’údaráis riaracháin náisiúnta (féach thíos).

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Thabharfaí cosaint ní b’fhearr do FBManna agus meastar go méadóidh an tiomaíochas foriomlán.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

Tá rialacha de chineál éigin maidir le cleachtais éagóracha trádála i bhfeidhm ag formhór na mBallstát cheana féin; is beag costas riaracháin a bheidh ann do na Ballstáit sin. Cé go mbeadh costais ní b’airde ann do na Ballstáit eile, léiríonn eispéireas na mBallstát le reachtaíocht maidir le cleachtais éagóracha trádála gurb íseal, tríd is tríd, atá na costais chur chun feidhme agus gur féidir le struchtúir atá ann cheana na costais sin a iompar.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?

Cumhdófar soláthraithe tríú tír freisin.

Comhréireacht?

Ní chumhdaítear anseo ach FBManna, na cleachtais éagóracha trádála is dochraí agus na réimsí sin nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí a ghnóthú iontu ina naonar. Is beag costas a mheastar a bheidh i gceist. Féadfaidh na Ballstáit a gcórais féin a choinneáil ar bun agus reachtaíocht a rith a théann níos faide ná raon feidhme an bheartais.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Bunaithe ar na tuarascálacha ó na Ballstáit, déanfaidh sainghrúpa ad hoc faireachán ar an mbeartas gach bliain. Déanfar athbhreithniú iomlán tar éis tréimhse ceithre bliana.