An Bhruiséil,28.3.2018

SWD(2018) 85 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 maidir le muirir áirithe ar íocaíochtaí trasteorann san Aontas agus muirir comhshó airgeadra

{COM(2018) 163 final}
{SWD(2018) 84 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar Rialachán (CE) 924/2009 a leasú chun laghdú a dhéanamh ar na costais ar íocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Tá ardchostais ar íocaíochtaí trasteorann (6% de na híocaíochtaí uile a dhéantar san Aontas Eorpach) ina mbac ar an Margadh Aonair a chur i gcrích. Chuathas i ngleic leis an bhfadhb sin i dtíortha an limistéir euro, áit arb ionann an costas ar idirbhearta trasteorann in euro agus an costas ar idirbhearta intíre in euro. I gcodarsnacht leis sin, is faoi réir ardtáillí a bhíonn íocaíochtaí trasteorann in airgeadraí seachas an euro, nó íocaíochtaí in euro ó thíortha nach bhfuil sa limistéar euro, agus, dá bharr sin, is sochaí dhá chiseal d’úsáideoirí seirbhíse íocaíochta atá san Aontas: an formhór mór a bhaineann tairbhe as an Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro agus an mionlach a chónaíonn i limistéir airgeadra níos lú ina ngearrtar ardchostais i leith a nidirbheart trasteorann uile. Ní hé amháin go léiríonn na hardchostais sin an líon beag idirbheart a dhéantar in airgeadraí seachas an euro agus an easpa bonneagar nua-aimseartha atá i bhfeidhm dóibh, ach léiríonn siad freisin an easpa brú iomaíoch agus rialála a chuirtear ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta na costais ísle ar idirbhearta euro a chur ar aghaidh chuig úsáideoirí i dtíortha nach bhfuil sa limistéar euro.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is é cuspóir an tionscnaimh seo ar na táillí ar íocaíochtaí trasteorann a laghdú ar fud an Aontais agus, ar an mbealach sin, cabhrú le gach saoránach agus gnólacht den Aontas a chomhtháthú ar bhealach níos fearr le geilleagar an Aontais. Bainfear an méid sin amach trí na táillí a ghearrtar i leith idirbhearta trasteorann a chur i gcomhréir leo sin a ghearrtar i leith idirbhearta intíre agus trína áirithiú ag an am céanna nach méadófar táillí ar sheirbhísí eile dá bharr. Ina theannta sin, i gcás ina ndéantar comhshó airgeadra in idirbheart trasteorann, ba cheart trédhearcacht maidir leis na muirir agus, nuair is iomchuí, inchomparáideacht na roghanna a áirithiú d’úsáideoirí seirbhíse íocaíochta.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

D’fhéadfadh na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro an beart riachtanach a dhéanamh ina naonar, faoi mar a bheartaítear sna roghanna a leagtar síos i Rialachán 924/2009. Ní dhearna ach Ballstát amháin an beart sin go dtí seo, áfach, agus ní cosúil go ndéanfaidh aon Bhallstáit eile amhlaidh. Ní dóigh go réiteofar an fhadhb go ceann tamaill ach oiread trí thíortha nach bhfuil sa limistéar euro faoi láthair a bheith ag dul isteach ann, mar a bhíothas ag súil leis nuair a tugadh prionsabail Rialachán 924/2009 isteach den chéad uair sa bhliain 2001. Mar sin, níor tugadh chun cinn an staid le haghaidh deireadh a chur leis na bacainní ar an Margadh Aonair a bhaineann le costais ar idirbhearta trasteorann. Dá bhrí sin, tá gá le beart ar leibhéal an Aontais.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

Ós rud é nár réitíodh an fhadhb cheal reachtaíocht de chuid an Aontais, breithníodh ceithre rogha mhalartacha beartais, ar le gach ceann díobh a leathnófaí an prionsabal um na costais ar idirbhearta intíre san airgeadra náisiúnta a chothromú leis na costais ar idirbhearta trasteorann:

(1) san airgeadra náisiúnta;

(2) san airgeadra náisiúnta agus in euro araon;

(3) in euro amháin;

(4) in airgeadra ar bith de chuid na mBallstát den Aontas, beag beann ar an áit a ndéantar na hidirbhearta.

Rogha éifeachtúil is ea rogha 3, ós rud é go bhfuil bonneagair nua-aimseartha le haghaidh íocaíochtaí trasteorann in euro ar fáil freisin do gach soláthraí seirbhísí íocaíochta i dtíortha nach bhfuil sa limistéar euro. Toisc gur in euro a dhéantar formhór na nidirbheart trasteorann i dtíortha nach bhfuil sa limistéar euro, chumhdófaí le rogha 3 sciar mór de na hidirbhearta trasteorann. Ós rud é go bhfuil costas íseal ag baint le hidirbhearta euro, bheadh riosca íseal ann go méadófaí táillí ar idirbhearta intíre chun idirbhearta costasacha trasteorann in airgeadraí seachas an euro a thras-fhóirdheonú. Tá rogha 3 comhsheasmhach freisin leis an sprioc fhadtéarmach atá ann go mbeadh an euro ina airgeadra comhchoiteann ag gach Ballstát. Ina theannta sin, b’airde an méid a ghlacfadh páirtithe leasmhara leis an rogha sin ná aon rogha eile.

Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo 

B’fhearr le soláthraithe seirbhíse íocaíochta an staid a choinneáil mar atá, ach bheadh rogha 3 ar an gceann ab inghlactha dóibh dá ndéanfaí tionscnamh reachtach. D’fhéadfadh roghanna 2 agus 4 bheith ní ba thairbhí d’úsáideoirí seirbhíse íocaíochta mura nardódh soláthraithe seirbhísí íocaíochta praghsanna eile (táillí bainistíochta cuntais, táillí comhshó airgeadra) chun idirbhearta costasacha trasteorann in airgeadraí seachas an euro a thras-fhóirdheonú. D’fhéadfadh gurbh fhearr le Parlaimint na hEorpa go dtiocfadh tuilleadh idirbheart faoi raon feidhme an tionscnaimh, agus meastar gurbh fhearr leis na Ballstáit rogha 3, toisc nár chuir siad roghanna 1 agus 2, mar a bheartaítear i Rialachán reatha 924/2009, chun feidhme go deonach.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Meastar gurb iad € 8 ar aistriú creidmheasa, € 0.40 ar íocaíocht cárta agus € 2.30 ar aistarraingt airgid na meánphraghsanna faoi láthair ar idirbhearta trasteorann in euro a dhéanamh i dtíortha nach bhfuil sa limistéar euro. Is é an toradh a bheadh ar an rogha thosaíochta na praghsanna sin a laghdú chuig na meánphraghsanna ar idirbhearta intíre san airgeadra áitiúil, atá cothrom le € 1, € 0 agus € 0.63 faoi seach. Fad nach dtiocfaidh aon laghdú ar sciar na nidirbheart euro den líon iomlán idirbheart trasteorann, d’fhéadfadh úsáideoirí seirbhíse íocaíochta 900 milliún euro san iomlán a choigilt gach bliain. Bhainfidís tairbhe as struchtúir tháillí ní ba thrédhearcaí agus ní ba shimplí freisin, rud a d’fhéadfadh an iomaíocht a mhéadú. Chuirfeadh na costais laghdaithe ar idirbhearta trasteorann le comhtháthú eacnamaíoch an Aontais agus, dá bharr sin, chruthófaí geilleagar ní ba tháirgiúla agus ní b’iomaíche freisin. D’fhéadfadh tairbhí polaitiúla a bheith i gceist freisin, ós rud é go mbeadh an tionscnamh seo fabhrach do shaoránaigh ar an mbealach céanna agus atá an rialachán fánaíochta sa teileachumarsáid, cé nach mbeadh tionchar chomh mór céanna aige ar shaol na saoránach.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Cé go gcaillfeadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta méid ioncaim a bheadh cothrom leis na coigiltí a bhainfeadh úsáideoirí amach, d’fhéadfadh go maolófaí na caillteanais sin san fhadtéarma mar gheall ar an méadú ar an líon idirbheart. Is beag costas breise a bheadh ann d’údaráis phoiblí (maoirseoirí) maidir le forfheidhmiú an Rialacháin.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Is féidir éileamh méadaithe a bheith ar sheirbhísí FBManna sa limistéar euro ó na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro, áit a bhfuil na hardtáillí ar íocaíochtaí trasteorann ina mbacainn shuntasach. Beidh FBManna sna Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro in ann íocaíochtaí trasteorann ar chostas íseal a thairiscint do gach cónaitheoir agus gnólacht san Aontas, seachas iad a thairiscint dóibhsean ina mBallstáit bhaile amháin. Dá bhrí sin, beidh cumas níos fearr iontu dul in iomaíocht sa Mhargadh Aonair. Is iad na FBManna is lú a bhainfidh an tairbhe is mó, toisc nach féidir leo na táillí a íocann siad as íocaíochtaí trasteorann a idirbheartú.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Meastar nach nimreofar aon tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Cé go dtiocfaidh laghdú ar ioncam soláthraithe seirbhísí íocaíochta tar éis an chur chun feidhme, d’fhéadfaidís costais comhshó airgeadra a úsáid mar fhrithbheart chun na caillteanais ioncaim a fhorchúiteamh toisc nach bhfuil úsáideoirí seirbhísí íocaíochta chomh heolach céanna ar na costais sin agus nach bhfuil na costais trédhearcach go leor chun go bhféadfaidh úsáideoirí seirbhísí íocaíochta iad a thomhas. Forchuirtear ceanglais trédhearcachta leis an Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta cheana féin, ar ceanglais iad ba cheart a mhionsonrú tuilleadh chun go mbeidh siad níos éifeachtaí. Toisc gur réimse an-teicniúil é comhshó airgeadra i dtimpeallacht a bhíonn ag athrú go tapa, cuirfear de chúram ar an Údarás Baincéireachta Eorpach Caighdeáin Theicniúla Rialála a shainiú chun cleachtais comhshó airgeadra a cheapadh ar bhealach níos fearr.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeartas tar éis trí bliana chun a sheiceáil cé acu a rinne nó nach ndearna soláthraithe seirbhísí íocaíochta iarracht aon ioncam caillte a fhorchúiteamh trí phraghsanna eile a ardú agus chun a sheiceáil cé acu ba cheart nó nár cheart tuilleadh idirbheart a thabhairt faoi raon feidhme an Rialacháin.