An Bhruiséil,14.3.2018

SWD(2018) 76 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

Margaí tánaisteacha a fhorbairt le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha trí bhaic mhíchuí ar sheirbhísiú iasachta a dhéanann tríú páirtithe agus ar aistriú iasachtaí a bhaint (Cuid 1/2)

Agus

Forfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe (Cuid 2/2)

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le seirbhíseoirí creidmheasa, ceannaitheoirí creidmheasa agus comhthaobhacht a aisghabháil


{COM(2018) 135 final}
{SWD(2018) 75 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair maidir le margaí tánaisteacha a fhorbairt le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha trí bhaic mhíchuí ar sheirbhísiú iasachta a dhéanann tríú páirtithe agus ar aistriú iasachtaí a bhaint

A. An gá le beart

Cén fáth? Cad í an fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Tá iasachtaí neamhthuillmheacha carntha i gcodanna áirithe d’earnáil bhaincéireachta an Aontais Eorpaigh le linn thréimhse iarmhartach na ngéarchéimeanna airgeadais agus ceannasacha agus le linn na gcúluithe eacnamaíocha a lean iad. Déanann leibhéil arda iasachtaí neamhthuillmheacha difear do chobhsaíocht airgeadais mar go luíonn siad go trom ar bhrabúsacht agus sa deireadh ar inmharthanacht na n-institiúidí atá thíos leo agus toisc níos lú iasachtaí a bheith ar fáil ó bhainc, tá tionchar acu ar fhás eacnamaíoch. Dá thoradh sin, tá tionchar diúltach ag iasachtaí neamhthuillmheacha ar fheidhmiú an Aontais Bhaincéireachta agus ar Aontas Margaí Caipitil a chruthú araon. Chun aghaidh a thabhairt a thuilleadh ar dhúshláin leibhéil arda iasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip, iarrtar ar institiúidí éagsúla sa “Phlean Gníomhaíochta chun dul i ngleic le hIasachtaí Neamhthuillmheacha san Eoraip” bearta iomchuí a dhéanamh. Ar cheann dá réimsí beartais ríthábhachtacha tá feidhmiú na margaí tánaisteacha le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha a fhorbairt agus a fheabhsú, go sonrach chun deireadh a chur le baic, is é sin baic ar iasachtaí neamhthuillmheacha a aistriú ó bhainc go dtí eintitis eile agus ceanglais maidir le seirbhíseoirí iasachtaí a shimpliú agus a chomhchuibhiú. Is é éileamh íseal, iomaíochas lag agus praghsanna tairgthe ísle ar mhargaí tánaisteacha an toradh a bhí ar rannpháirtíocht theoranta ó institiúidí neamhhbainc, rud a dhéanann bainc a dhídhreasú ó thaobh iasachtaí neamhthuillmheacha a dhíol. Gné ar leith a chuireann beaguchtach ar infheisteoirí in iasachtaí neamhthuillmheacha dul isteach sa mhargadh is ea a dheacra atá sé rochtain a fháil ar sheirbhíseoirí iasachtaí tríú páirtí, dream a bhí gann i dtéarmaí praiticiúla i mbunús Bhallstáit an Aontais go dtí le gairid agus gníomhú ar mhargaí ilroinnte.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is an-mhór an difríocht idir na rialacha atá ag na Ballstáit éagsúla maidir le tríú páirtithe iasachtaí neamhthuillmheacha a fháil ó bhainc, agus tá rialacha acu maidir le seirbhísí seirbhísithe iasachtaí a thairiscint, rialacha a chuireann srian ar shaorghluaiseacht iasachtaí neamhthuillmheacha agus ar dheiseanna infheistíochta le haghaidh infheisteoirí as tríú tíortha. Is é an cuspóir ginearálta leis seo bonn infheisteoirí níos mó a ghiniúint trí bhacainní ar theacht isteach ar an margadh a ísliú chun éileamh ar iasachtaí neamhthuillmheacha a spreagadh, agus dá thairbhe sin a thuilleadh iomaíochais a chruthú i measc infheisteoirí. Trí chur le líon na seirbhíseoirí iasachtaí a éascú ar bhonn trasteorann, bheidís in ann leas a bhaint as barainneachtaí scála, dul in iomaíocht le haghaidh gnó trasteorann agus a gcuid seirbhísí a sholáthar ar phraghsanna níos ísle d’infheisteoirí neamhbhainc in iasachtaí neamhthuillmheacha. Dá mbeadh rannphairtíocht níos tréine ann i measc gnólachtaí tríú tír bheadh éifeachtaí níos mó ag an iomaíochas níos géire ar phraghsanna iasachtaí neamhthuillmheacha agus ar tháillí seirbhísithe iasachtaí. Ag an am céanna, is gá a áirithiú go gcaomhnaítear cearta iasachtaithe má aistrítear creidmheas ó bhanc go hinstiúid neamhbhainc.

Cad é an breisluach atá le beart ar leibhéal an Aontais? 

Gan bearta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, leanfaidh margaí náisiúnta le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha de bheith ilroinnte agus tearcfhorbartha. Cé nach gcuirfeadh creat margaidh aonair an ilroinnt go léir ar ceal, chothódh bearta an Aontais méadú ar líon na n-infheisteoirí trasteorann agus líon na seirbhíseoirí araon, ionas go ndéanfaí tuillleadh forbartha ar bhonn infheisteoirí roinnte i mBallstáit an Aontais. Is é an breisluach a bhaineann le ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais go ndéantar na Ballstáit a dhreasú chun seasamh níos gníomhaí a ghlacadh chucu féin ó thaobh bacainní rialála ar theacht isteach sa mhargadh a laghdú, cé go ndéanfadh bearta beartais neamhchomhordaithe ar an leibhéal náisiúnta an margadh atá ann cheana a ilroinnt a thuilleadh.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a rinneadh a mheas? An bhfuil rogha tosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

Trí thacar de phrionsabail neamhcheangailteacha chomhchoiteanna a bhunú lena ndírítear isteach ar na bacainní is mó ar theacht isteach ar an margadh i dtíortha ina bhfuil leibhéal ard iasachtaí neamhthuillmheacha iontu, d’fhéadfaí na srianta a bhaineann le hiasachtaí neamhthuillmheacha a aistriú agus iasachtaí a sheirbhísiú sna Ballstáit a laghdú san áit is mó a bhfuil sé de dhíth, ach ní chruthódh sé margadh aonair. Ach Treoir a bheith ann lena mbeifí in ann nós imeachta an phas a úsáid, d’fhéadfadh sé cur leis an mbonn infheisteoirí le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha agus leis an iomaíochas maidir le margaí a sheirbhísiú agus san am céanna bheadh na Ballstáit in ann leanúint de bheith ag rialáil sonraíochtaí náisiúnta. Is é Rialachán an rogha is fhearr a bheadh ann, rialachán ina mbeadh leabhar rialacha aonair lena bhféadfaí nós imeachta an phas a úsáid agus lena gcumhdófaí rialacha maidir le teacht isteach sa mhargadh agus rialacha maidir le hiompar le haghaidh infheisteoirí agus seirbhíseoirí iasachtaí chun an bonn infheisteoirí a mhéadú go tapa le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha agus an stoc ard iasachtaí neamhthuillmheacha atá ann faoi láthair san Aontas agus i gcuid de na Ballstáit go háirithe a laghdú. D’fhágfadh an leabhar rialacha aonair go mbeadh toradh ann a bheadh an-ghar do mhargadh aonair, ach dá dheasca sin b’fhéidir go n-éireodh sé níos costasaí teacht isteach ar an margadh sna Ballstáit sin nach bhfuil sé ródheacair dul isteach orthu faoi láthair, agus ba cheart é a fhoirmliú ar dhóigh a laghdaíonn na bacainní breise oiread agus is féidir. Ionstraim dlí cheangailteach atá sa rogha tosaíochta, ionstraim lena ndéantar rialacha maidir le dul isteach i margadh agus maidir le hiompar a chuibhiú le haghaidh ceannaitheoirí agus seirbhíseoirí iasachta. An cheist maidir le cé acu ar cheart sin a dhéanamh i bhfoirm rialacháin nó treorach, beidh sé ag brath ar thosaíochtaí beartais agus cé acu ar tosaíocht é an beart is éifeachtaí a roghnú, nó beart lena dtugtar a thuilleadh saoirse maidir le lánrogha náisiúnta.

Cé a thacaíonn leis na roghanna éagsúla? 

Cé go bhfuil sé deimhnithe ag tromlach mór na bhfreagraí ar an gcomhairliúchán poiblí go bhfuil méid, leachtacht agus struchtúr na margaí tánaisteacha atá ann faoi láthair le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha san Aontas mar bheadh bacainn ann ar bhainistíocht agus ar réiteach iasachtaí neamhthuillmheacha san Aontas agus go bhfuil tromlach ann a thacaíonn le creat Aontais le haghaidh infheisteoirí in iasachtaí neamhthuillmheacha, is mór an sciar atá ag an mionlach mar sin féin (beagnach trian). Tacaíonn tromlach mór le creat Aontais le haghaidh seirbhíseoirí iasachtaí. Níl ann ach mionlach beag a rinne agóid nó nár thug tuairim uaidh. Tá gach freagróir nach mór a thacaíonn le creat Aontais le haghaidh seirbhíseoirí iasachtaí i bhfách le córas ceadúnaithe a bheith á chumhdach ag an gcreat agus mhol beagnach leathchuid acu an mhaoirseacht orthu a rialáil faoin gcreat sin freisin. Tá roinnt ann atá i bhfách le bearta lena dtabharfar rochtain ar shonraí agus lena ndéanfar trédhearcacht sonraí a fheabhsú.

C. Tionchair rogha na tosaíochta

Cé na buntáistí a bhaineann leis na roghanna tosaíochta (más ann dóibh) nó leis na príomhroghanna? 

Le gach ceann de na roghanna sin, laghdófaí na costais a bheadh ar infheisteoirí in iasachtaí neamhthuillmheacha agus ar sheirbhíseoirí iasachtaí chun teacht isteach sa mhargadh agus thabharfadh sé dreasachtaí d’infheisteoirí in iasachtaí neamhthuillmheacha a ngníomhaíocht a mhéadú chun freastal ar chodanna tearcfhorbartha den mhargadh san Aontas. Más amhlaidh go mbeidh infheisteoirí in iasachtaí neamhthuillmheacha agus seirbhíseoirí iasachtaí in ann gníomhú ar fud an Aontais, tiocfaidh dlús ar an iomaíochas, rud a fhágfaidh go mbeidh praghsanna tairgthe níos airde le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha agus costais níos ísle le haghaidh iasachtaí a sheirbhisiú. Bainfidh seirbhíseoirí tairbhe as an acmhainneacht barainneachtaí scála a úsáid ar an margadh aonair. Ní féidir cainníochtú a dhéanamh ach ar bhonn na hiarrachta is fearr trí shonraí neamhshásúla agus modheolaíocht a úsáid inar féidir dúshlán gach céime a thabhairt. D’fhéadfaí tátal a bhaint as go mbeidh tionchar nach beag ar dhíolacháin, i.e. d’fhéadfadh méadú teacht orthu ó EUR 100 billiún in aghaidh na bliana faoi láthair don Aontas ina iomláine go dtí idir 103 agus 115 billiún tar éis bliain amháin ach sin ag brath ar an mbeartas a ghlacfar. D’fhéadfadh na bearta sin cóimheasanna a laghdú thart ar leathphointe céatadáin i roinnt Ballstáit. Ó tharla go dtugann na roghanna beartais éagsúla aghaidh ar thacar cúng gníomhaithe lena gcuimsítear an banc is díoltóir, an ceannaitheoir ionchasach, an seirbhíseoir iasachta agus an féichiúnaí deiridh, is ar na páirtithe leasmhara sin a bheidh an príomhthionchar le sonrú.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Beidh costais aon uaire ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta maidir le hathscríobh an dlí agus a chur chun feidhme. B’fhéidir go mbeadh ar roinnt Ballstát aghaidh a thabhairt ar mhéadú a bheith ag teacht ar éileamh nó ar iarratais ar cheadúnú ó infheisteoirí in iasachtaí neamhthuillmheacha agus/nó ó sheirbhíseoirí iasachtaí, rud as a dtiocfaidh costais níos airde riaracháin mura gcumhdaítear na costais sin go hiomlán sa táille a ghearrfar ar phróiseas an cheadúnaithe. In éagmais sonraí agus ó tharla nach bhfuil an beagán grinnithe a rinneadh ar shonraí aonchineálach, ní féidir measúnú a dhéanamh ar an gcostas. Ní mheastar go mbeidh tionchair dhíreacha ar an gcomhshaol.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Na hinfheisteoirí beaga in iasachtaí neamhthuillmheacha agus na gnólachtaí beaga seirbhísithe iasachtaí, bhainfidís leas thar a gcuid as sin mar go mbeadh meath mór coibhneasta ann ó thaobh na gcostas a bhaineann le reachtaíocht a chomhlíonadh i gcoibhneas lena gcostais iomlána. An tionchar ar FBManna a bhfuil fiachais ollmhóra acu, beidh sé ag brath ar iompar na seirbhíseoirí iasachtaí aonair. Ag brath ar an oibreoir aonair, is féidir gur mó an cuidiú a gheobhaidh siad ó sheirbhísí iasachtaí ná bainc chun teacht ar phróifíl aisíocaíochta dá gcuid iasachtaí, ach féadfaidh seirbhísí iasachta cearta iasachtaithe atá ann cheana a chur i bhfeidhm ar dhóigh níos déine ná bainc. Tríd is tríd, ba cheart go mbeadh timpeallacht fheabhsaithe le haghaidh banc chun scaradh le hiasachtaí neamhthuillmheacha óna gcláir chomhardaithe níos dearfaí d’earnáil na FBManna ina hiomláine mar go dtabharfaidh sé saoirse do bhainc iasachtú a mhéadú le cuideachtaí inmharthanacha.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Ní mheastar go mbeidh tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta ná ar údaráis riaracháin náisiúnta. D’fhéadfadh laghdú spriocdhírithe na gcostas comhlíonta an t-ualach riaracháin a laghdú don earnáil phoiblí.

An mbeidh tionchair shuntasacha eile ann? 

Cé nach n-athraítear an caidreamh dlí idir an féichiúnaí deiridh agus an sealbhóir fiacha nuair a aistrítear iasacht neamhthuillmheach ó bhanc go dtí infheisteoir neamhbhainc, tá tromlach mór freagróirí an chomhairliúcháin phoiblí den tuairim gur dúshlán a bheadh ann do chearta cosanta féichiúnaí atá ann cheana dá mbeadh baint ag seirbhíseoirí iasachtaí tríú páirtí leis. Ós rud é go bhfuil roinnt Ballstát ag úsáid rialacha le haghaidh seirbhíseoirí iasachtaí faoi láthair chun tomhaltóirí a chosaint i gcaidrimh creidmheasa, bheadh coimircí le haghaidh cearta iasachtaithe san áireamh freisin i gcreat Aontais, rud a bheadh úsáideach.

D. Obair leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Cuirfidh an Coimisiún clár ar bun le haghaidh faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an tionscnaimh seo. Is sa chlár faireacháin a leagfar amach na modhanna trína mbaileofar na sonraí agus an fhianaise eile is gá. Cúig bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an tionscnamh seo ar bhonn bailiúchán de shonraí agus de tháscairí ábhartha.


An Bhruiséil,14.3.2018

SWD(2018) 76 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

Margaí tánaisteacha a fhorbairt le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha trí bhaic mhíchuí ar sheirbhísiú iasachta a dhéanann tríú páirtithe agus ar aistriú iasachtaí a bhaint (Cuid 1/2)

Agus

Forfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe (Cuid 2/2)

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le seirbhíseoirí creidmheasa, ceannaitheoirí creidmheasa agus comhthaobhacht a aisghabháil

{COM(2018) 135 final}
{SWD(2018) 75 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe le haghaidh iasachtaí urraithe le cuideachtaí agus le fiontraithe

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cad í an fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Bíonn tionchar ag ardleibhéil iasachtaí neamhthuillmheacha (NPLanna) ar chobhsaíocht airgeadais ós rud é go gcuireann siad isteach ar bhrabúsacht agus ar inmharthanacht na n‑institiúidí a mbíonn tionchar acu orthu agus imrítear tionchar, mar gheall ar laghdú ar iasachtú bainc, ar fhás eacnamaíoch. Dá thoradh sin, bíonn tionchar diúltach ag iasachtaí neamhthuillmheacha ar fheidhmiú an Aontais Bhaincéireachta agus ar chruthú Aontas na Margaí Caipitil. Chun dul i ngleic a thuilleadh le dúshlán líon mór na n‑iasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip, iarrann an “Plean Gníomhaíochta chun Dul i nGleic le hIasachtaí Neamhthuillmheacha san Eoraip” ón gComhairle Eorpach ar roinnt institiúidí éagsúla bearta cuí a ghlacadh. D’fhonn an riosca a laghdú go dtiocfadh fadhbanna nua chun cinn sa todhchaí de dheasca iasachtaí neamhthuillmheacha, is é ceann de na príomhréimsí beartais é a chur ar chumas na mbanc luach comhthaobhachta a aisghabháil go héifeachtach agus go mear nuair a dhéanann iasachtaithe mainneachtain ar iasachtaí urraithe. Mar a tharlaíonn sé, nuair a bhíonn nósanna imeachta fada costacha i gceist le forfheidhmiú comhthaobhachta, lagaítear na tairbhí micreacnamaíocha a eascraíonn as comhthaobhacht a úsáid (bíonn claonadh ex-ante ag bainc méideanna níos lú a thabhairt ar iasacht nó iasacht a thabhairt ar rátaí níos airde úis agus carnann bainc ex-post stoc mór droch-iasachtaí ar a gcuid leabhar a mbíonn sé deacair luach ó chomhthaobhacht ina leith a aisghabháil). Is de chineál breithiúnach iad na nósanna imeachta forfheidhmiúcháin in AE de ghnáth. Is dúshlán maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha a réiteach i roinnt Ballstát mí-éifeachtúlachtaí na gcóras cúirte áfach, go príomha mar gheall ar fhad iomarcach imeachtaí. Uaireanta is é is cúis leis sin tachtadh na gcúirteanna rud a chiallaíonn go praiticiúil go ndéantar méid níos lú a aisghabháil le haghaidh creidiúnaithe urraithe. Tá sásraí seachbhreithiúnacha chun comhthaobhacht a fhorfheidhmiú ar slite malartacha níos tapúla agus níos saoire ná imeachtaí in-chúirte iad ar fáil i roinnt Ballstát ach ní i ngach aon cheann acu. Bíonn nósanna imeachta lasmuigh den chúirt thar a bheith ilchineálach ar fud na mBallstát, agus éagsúlacht mhór i gceist ó thaobh cineálacha cur chuige, raon feidhme agus éifeachtúlachta de, agus dá réir sin bíonn tionchar diúltach ar chothrom iomaíochta na mbanc agus na n‑iasachtaithe gnó araon.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is iad seo a leanas aidhmeanna an tionscnaimh atá mar chuid de phacáiste beart níos leithne chun dul i ngleic le saincheist na n‑iasachtaí neamhthuillmheacha agus : (i) a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta um fhorfheidhmiú comhthaobhachta lasmuigh den chúirt ar fáil do na bainc i ngach Ballstát agus (ii) éifeachtacht na sásraí náisiúnta atá ann cheana a fheabhsú trí uirlis éifeachtúil a chur ar fáil do chreidiúnaithe urraithe tuilleadh luacha a aisghabháil go pras i gcás ina ndéanann iasachtaithe gnó mainneachtain. Rachadh sin chun tairbhe na mbanc trí bhac a chur ar charnadh ardleibhéal iasachtaí neamhthuillmheacha sa todhchaí ar a gclár comhardaithe. Má neartaítear cumas na mbanc luach a aisghabháil go mear ar bhealach comhsheasmhach ar fud na mBallstát, ba cheart go gcuirfeadh an tionscnamh sin ar chumas na mbanc tuilleadh iasachtaí a thabhairt do ghnóthaí, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Áiritheodh tacar íosta gnéithe comhchuibhithe le haghaidh nósanna imeachta lasmuigh den chúirt cothrom iomaíochta do na bainc i ngach Ballstát lena n‑áireofaí tuilleadh creidmheasa a chur ar fáil ar bhonn trasteorann. Ar deireadh trí ligean d’infheisteoirí tríú páirtí tairbhe a bhaint as forfheidhmiú lasmuigh den chúirt freisin i gcás ina ndiúscraítear punann iasachtaí neamhthuillmheacha, bheadh tionchar dearfach aige sin ar mhargadh tánaisteach na n‑iasachtaí neamhthuillmheacha. Éascódh sé praghas-aimsiú, idirbhearta agus tuilleadh leachtachta i margaí iasachtaí le haghaidh infheisteoirí uile-Eorpacha a bheidh ábalta feidhmiú faoi dhálaí comhchosúla ar fud an Aontais trí bharainneachtaí scála.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

Gan idirghabháil beartais, ní rachfar i ngleic leis an éagsúlacht idir tíortha i gcumas a gcórais bhaincéireachta iasachtaí neamhthuillmheacha a bhainistiú ar mhaithe le rochtain níos fearr ar airgeadas agus tá seans ann go dtiocfadh méadú ar an éagsúlacht sin. Níl uirlisí cuí chun carnadh iasachtaí neamhthuillmheacha sa todhchaí a mhaolú ach amháin ag na bainc sin atá ag feidhmiú i mBallstáit ina bhfuil sásraí forfheidhmiúcháin lasmuigh den chúirt atá tapa agus éifeachtúil. Dá réir sin, beidh riosca ann sna Ballstáit sin nach bhfuil na sásraí sin iontu nó nach bhfuil siad ag feidhmiú go cuí iontu go gciorrófar iasachtú corparáideach nó go n‑éireoidh sé níos costasaí, faoi mar a léirigh an ghéarchéim is déanaí i roinnt Ballstát. Beidh ar bhainc a fheidhmíonn ar bhonn trasteorann déileáil le creataí ilroinnte um fhorfheidhmiú comhthaobhachta go fóill agus beidh orthu gnéithe na gcóras dlí éagsúil a mheas, rud a chruthóidh costais neamhriachtanacha agus ar bac iad ar iasachtú trasteorann sa Mhargadh Aonair. Is é is breisluach na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais an cothrom iomaíochta le haghaidh banc agus iasachtaithe gnó araon a fheabhsú, agus margadh tánaisteach na n‑iasachtaí neamhthuillmheacha a mhéadú le barainneachtaí scála. Rachadh sé sin chun tairbhe an Aontais Eorpaigh ina iomláine ós rud é go laghdódh sé na héifeachtaí iarmhartacha - a bhíonn ann mar gheall ar ardleibhéal idirnascachta an chórais airgeadais laistigh den Aontas Eorpach (go háirithe laistigh den limistéar euro) - ina mbeadh tionchar diúltach ag fadhbanna maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha i mBallstát amháin ar iasachtú agus ar an ngeilleagar i mBallstáit eile.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

Breithníodh na roghanna beartais a leanas sa Mheasúnú Tionchair (anuas ar an gcás bunlíne i.e. gan aon bheart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais):

·Rogha 1 - Beart neamhrialála bunaithe ar thionscnaimh idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le comhchuibhiú nósanna imeachta um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach (Uirlis: Moladh)

·Rogha 2 - Comhchuibhiú íosta ar nósanna imeachta um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach (Uirlis: Treoir)

·Rogha 3 - Ceart urraithe nua de chuid an Aontais a chruthú mar aon le nós imeachta lán-chomhchuibhithe um fhorfheidhmiú seachbhreithiúnach (Uirlis: Rialachán)

Tar éis mheasúnú agus bhreithniú na dtionchar, fuarthas amach go bhfuil rogha 2 níos fabhraí ós rud é go mbaintear na cuspóirí beartais amach agus go n‑uasmhéadaítear an cóimheas tairbhe/costais san am céanna léi. Cothaíonn rogha 2 an chothromaíocht cheart idir comhleanúnachas a bhaint amach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus go leor solúbthachta a fhágáil do na Ballstáit na rialacha nua a chur chun feidhme ar bhealach lena n‑íoslaghdófaí an tionchar ar a ndlíthe príobháideacha (sibhialta, tráchtála), maoine agus poiblí náisiúnta, agus an iliomad idirnasc idir dlíthe príobháideacha agus poiblí na mBallstát á dtabhairt san áireamh. Dá thoradh sin, breithnítear go bhfuil Rogha 2 ar an gceann is comhréirí as na trí rogha a breithníodh.

Cé atá i bhfách le cén rogha? 

Chuir speictream iomlán na bpáirtithe leasmhara i gcoinne Rogha 3 (ach amháin i gcás líon beag eisceachtaí) ós rud é go mbeadh sé róchasta ceart nua ar urrús san Aontas a bhunú agus chuirfeadh sé isteach an iomarca ar chórais dhlíthiúla náisiúnta, i.e. an dlí sibhialta, aistriú úinéireachta, ceanglais phoiblíochta, dócmhainneacht, lena n‑áirítear rangú creidiúnaithe lena mbaineann dócmhainneacht, agus dlíthe poiblí.

Fuair Rogha 2 an méid tacaíochta is mó ó thionscal na baincéireachta, ó infheisteoirí tríú páirtí agus ó roinnt Ballstát a mheasann go mbeadh tairbhí le baint dá ndéanfaí tacar comhchoiteann gnéithe a bhunú lena rialófaí nósanna imeachta um fhorfheidhmiú lasmuigh den chúirt ar fud an Aontais. Léirigh roinnt páirtithe leasmhara roinnt forchoimeádas, áfach, maidir le hidirghníomhú an tsásra le nósanna imeachta athstruchtúrúcháin agus dócmhainneachta (m.sh. an sásra maidir le nósanna imeachta athstruchtúrúcháin/dócmhainneachta a chur ar fionraí) a d’imreodh tionchar ar a tarraingteacht agus ar a héifeachtúlacht. Thacaigh comhlachais ghnó go pointe leis an rogha freisin mar gheall ar an laghdú ionchasach ar chostais iasachtaíochta go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. D’áitigh comhlachais ghnó, díreach mar a rinne roinnt Ballstát, go mbeadh tuilleadh breisluacha i gceist le creat nua sna Ballstáit siúd nach bhfuil córas dá leithéid iontu nó ina bhfuil córas mí-éifeachtúil. Faoi dheireadh bhreithnigh an grúpa saineolaíoch go bhfuil rogha 2 ar an rogha is lú ionsáite ach san am céanna go mbainfí leibhéal suntasach comhchuibhithe amach ar fud an Aontais de bhun na rogha sin.

Fuair Rogha 1 roinnt tacaíochta ó chomhlachais ghnó agus ó roinnt Ballstát ós rud é go mbeadh foráil ann maidir le cur chuige spriocdhírithe chun Ballstáit nach bhfuil nósanna imeachta um fhorfheidhmiú lasmuigh den chúirt acu a dhreasú chun nósanna imeachta dá leithéid a bhunú, agus sheachnódh an rogha sin aon chur isteach ar na Ballstáit a bhfuil córais den chineál sin acu cheana. Níor léirigh ach líon beag páirtithe leasmhara an rogha sin, áfach, mar shlí fhéideartha chun tosaigh.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cé na buntáistí a bhaineann leis na roghanna tosaíochta (más ann dóibh) nó leis na príomhroghanna? 

Is é príomhfheidhm urrúis/comhthaobhachta an riosca caillteanas do sholáthraí creidmheasa a laghdú maidir le tuilleamh fiachais, i.e. go ndéanfadh an t‑iasachtaí an iasacht a aisíoc. Braitheann rath aon dlí um idirbhearta urraithe feidhm laghdaithe riosca a fheidhmiú go príomha ar éifeachtúlacht dhlíthiúil an urrúis arna chur ar fáil faoi dhlí náisiúnta agus luach na comhthaobhachta tar éis forfheidhmiúcháin. Meastar go bhfeabhsóidh Rogha 2 éifeachtúlacht na sásraí comhthaobhachta lasmuigh den chúirt ar fud an Aontais trí fheabhas a chur ar an dá ghné agus dá réir sin an riosca caillteanas do chreidiúnaí a laghdú. Is soiléir go bhfuil sé sin ina thairbhe ó thaobh na gcreidiúnaithe de: meastar go dtiocfaidh méadú ar na rátaí aisghabhála faoi rogha 2 san Aontas Eorpach ar an meán ón leibhéal measta reatha de 68 % (de réir an Bhainc Dhomhanda – sonraí Doing Business) go 78 %. I gcúlú eacnamaíochta stílithe sa todhchaí lena mbainfeadh ollmhéid hipitéiseach iasachtaí neamhthuillmheacha nua EUR 463 billiún, chiallódh sin méid aisghabhála níos mó de EUR 8 billiún i.e. 2.3 % i gcomparáid leis an gcás bunlíne. Má fheabhsaítear éifeachtúlacht na sásraí comhthaobhachta lasmuigh den chúirt san Aontas Eorpach rachadh roinnt nithe i dtairbhe eacnamaíoch don fhéichiúnaí, go háirithe soláthar níos mó creidmheasa agus dálaí praghsála níos fearr. Is é a bheadh sa laghdú ar chostais iasachtaithe le haghaidh cuideachtaí, i gcomhréir le meastachán coimeádach de 10 mbonnphointe ar rátaí iasachtaithe, coigiltis bhliantúla fhadtéarma le haghaidh iasachtaithe dar luach breis agus EUR 500 milliún.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Ós rud é go leagann an rogha tosaíochta creat síos maidir le nósanna imeachta um fhorfheidhmiú lasmuigh den chúirt, bheadh ar bhainc/ar chreidiúnaithe urraithe agus ar chuideachtaí na costais a bhaineann le nósanna imeachta dá leithéid a íoc den chuid is mó, seachas ag cáiníocóirí faoi mar a tharlaíonn nuair a dhéantar forfheidhmiú breithiúnach ar chomhthaobhacht. Maidir leis na costais a bheadh le híoc ag páirtithe príobháideacha, ní mheastar go mbeidh siad suntasach. Beidh roinnt costas ann d’údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar bhainc maidir le bailiú faisnéise faoi mar atá beartaithe maidir le líon na n‑iasachtaí urraithe a fhorfheidhmítear lasmuigh den chúirt.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Braitheann fiontair bheaga agus mheánmhéide ar chistiú bainc dá gcuid oibríochtaí ar bhonn níos mó ná mar a bhraitheann corparáidí ós rud é gur féidir leosan iad féin a chistiú ar bhonn níos éasca ar na margaí caipitil poiblí trí bhannaí a eisiúint nó maoiniú cothromais a thiomsú. Ós rud é gur féidir le bainc a bhfuil bealach éifeachtach brostaithe acu chun comhthaobhacht a fhorfheidhmiú a mheas i dtaobh a gcuid gníomhaíochtaí iasachtaithe gur lú an dóchúlacht go ndéanfaí mainneachtain (ós rud é go mbeadh baol morálta an fhéichiúnaí laghdaithe) agus gur lú an caillteanas a bheadh ann de bharr mainneachtana (ós rud é nach laghdódh luach na comhthaobhachta mar gheall ar nósanna imeachta fada cúirte), dhéanfaidís a gcuid rátaí iasachtaithe a laghdú. Mar a tharlaíonn sé, breithnítear go bhfuil feabhas 10 bpointe céatadáin ar rátaí aisghabhála bainteach, ar an méan, le costais iasachtaithe níos ísle idir 10 agus 18 mbonnphointe (agus an éifeacht praghsála thart ar 40 % níos láidre i gcás iasachtaithe beaga). Ina theannta sin, mar gheall ar an laghdú ar na rioscaí arna míniú thuas (go háirithe an caillteanas níos ísle de bhun mainneachtana) meastar go bhféadfadh tuilleadh tionscadal nach raibh ábalta maoiniú a fháil roimhe seo iasachtaí bainc a fháil. Dá thoradh sin, meastar go dtiocfaidh méadú ar iasachtú urraithe agus ar sholáthar foriomlán airgeadais do na fiontair bheaga agus mheánmhéide sin a bhfuil sócmhainní acu le breacadh mar chomhthaobhacht.

An imreofar tionchair shuntasacha ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis náisiúnta? 

Níltear ag súil le tionchair shuntasacha ar bhuiséid náisiúnta ná ar údaráis náisiúnta. Go deimhin, laghdódh sásraí lasmuigh den chúirt na costais riaracháin do na húdaráis phoiblí, ós rud é go mbeadh idirghabháil d’údaráis phoiblí ar bith sa phróiseas forfheidhmiúcháin, amhail nótaire nó maor, ar chostas na bpáirtithe. Ina theannta sin dá méadófaí an úsáid a bhaintear as sásraí lasmuigh den chúirt (nuair nach dtugtar dúshlán) laghdófaí líon na gcásanna a mbeadh idirghabháil cúirteanna de dhíth ina leith agus dá réir sin na héilimh ar acmhainneacht na gcúirteanna.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Mar gheall ar an tionchar diúltach sóisialta a d’fhéadfadh a bheith ann dá gcuirfí forfheidhmiú seachbhreithiúnach luathaithe comhthaobhachta i bhfeidhm go ró-fhorleathan, déanfar an raon feidhme a theorannú d’idirbhearta airgeadais gnó (.i. iasachtaí idir bainc agus cuideachtaí agus fiontraithe) d’fhonn roinnt catagóirí tabharthóirí comhthaobhachta, amhail tomhaltóirí, a chosaint. Eisiafar na tomhaltóirí óna raon feidhme mar gheall ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ann dá rachmas agus dá n‑atharthacht. Eisiafar príomháit chónaithe an iasachtaí ón raon feidhme fiú i gcás iasachtaithe gnó.

Ina theannta sin, meastar go mbeidh tionchar dearfach ar an iomlán ag rogha 2 ar fhostaíocht agus ar fhiontraíocht ós rud é go n‑éascódh sí rochtain ar airgeadas le haghaidh cuideachtaí agus fiontraithe. I roinnt cásanna (mar shampla nuair is í an chomhthaobhacht príomhshásra an ghnó) d’fhéadfadh forfheidhmiú lasmuigh den chúirt bac a chur ar an gcuideachta/ar an bhfiontraí sa dóigh agus go mbeadh sé dodhéanta leanúint dá ghníomhaíochtaí a fheidhmiú agus dá réir sin go mbeadh ar an gcuideachta/ar an bhfiontraí fostaithe a leagan as. Áiritheoidh cumas cuideachta nó fiontraí iarraidh ar chúirt bhreithiúnach nós imeachta athstruchtúrúcháin a thionscnamh ag am ar bith go mbainfidh fostaithe na cuideachta/an fhiontraí tairbhe as na cearta agus as na cosaintí go léir atá ar fáil d’oibrithe faoi nósanna imeachta dá leithéid. Ní bheidh tionchar ag an rogha arna coinneáil ar chearta oibrithe faoin reachtaíocht atá ann cheana.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionscnamh sin cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm na Treorach. Is é cuspóir an mheasúnaithe seo measúnú a dhéanamh, i measc rudaí eile, ar chomh héifeachtach agus ar chomh héifeachtúil agus a bhí an beart maidir le baint amach na gcuspóirí arna gcur i láthair sa mheasúnú tionchair seo agus chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil bearta nua nó leasuithe ag teastáil.