An Bhruiséil,8.3.2018

SWD(2018) 59 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

TOGRA LE hAGHAIDH RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar

{COM(2018) 115 final}
{SWD(2018) 60 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar Thogra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Tá dhá mhórfhadhb a bhaineann le hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar. Is iad sin na leibhéil arda róiascaireachta agus an creat rialála neamhéifeachtach. Sainaithnítear gurb é an úsáid iomarcach a bhaintear as an acmhainn iascaireachta, i.e. an líon ard soithí agus an iarracht mhór iascaireachta, príomhchúis na róiascaireachta. San am céanna, tá an creat rialála atá ann faoi láthair neamhéifeachtach ar na cúiseanna seo a leanas: tá raon feidhme teoranta aige, tá an cur chun feidhme mall agus neamhéifeachtach agus léiríonn na páirtithe leasmhara easpa freagrachta ina leith. Mar thoradh díreach nó indíreach ar an dá fhadhb sin, tá fíor-dhroch-chaoi ar stoic ghrinnill, i.e. tá róiascaireacht déanta ar os cionn 80 % de na stoic a ndearnadh measúnú orthu agus tá bithmhais cuid díobh an-íseal, rud a léiríonn go bhfuil ard-dochúlacht ann go gclisfidh ar na stoic, agus beidh tionchar socheacnamaíoch aige sin ar iascairí agus ar earnáil na hiascaireachta, agus beidh tionchar aige freisin ar an gcomhshaol muirí.

Baineann na fadhbanna a ndéantar cur síos orthu thuas go príomha le hiascairí a bhíonn ag gabháil d’iascaireacht ar stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar, is iad sin cabhlaigh iascaireachta de chuid an Aontais as an Iodáil, as an bhFrainc agus as an Spáinn. De réir na sonraí a thuairiscítear faoin gcreat um bailiú sonraí iascaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh, d’fhéadfadh an tionscadal seo difear a dhéanamh do thart ar 13 000 soitheach.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is iad seo a leanas na cuspóirí ginearálta: cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (Airteagal 2) a bhaint amach in iascaigh ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar, eadhon gníomhaíochtaí iascaireachta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san fhadtéarma a áirithiú agus iad a bhainistiú ar dhóigh inar féidir leasanna eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach; agus creat rialála bainistíochta na niascach sin a fheabhsú.

Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha: (i) maidir leis na stoic ghrinnill ar fad, ráta básmhaireachta iascaireachta a bhaint amach agus a choimeád ag an uastáirgeacht inbhuanaithe faoi 2020; (ii) roghnaíocht na dtrál grinnill a fheabhsú chun nach marófar, go háirithe, éisc óga; (iii) earnáil iascaireachta inbhuanaithe a áirithiú; agus (iv) creat bainistíochta atá éifeachtach, níos simplí agus níos cobhsaí a chur ar fáil a thugann deis do na páirtithe leasmhara tuilleadh freagrachta a ghlacadh orthu féin.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais?

Ar an ábhar nach mbaineann stoic éisc ghrinnill ná soithí iascaireachta le limistéar teorann ar leith, ní dócha go néireoidh le beart ar leibhéal an Bhallstáit aonair na cuspóirí lena mbaineann a bhaint amach. Chun go bhféadfaidh na bearta a bheith éifeachtach, ba cheart iad a dhéanamh ar bhealach comhordaithe agus ba cheart feidhm a bheith acu maidir le limistéar iomlán dháileadh an stoic agus maidir leis na cabhlaigh uile lena mbaineann; dá bhrí sin, is gá beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth?

Rinneadh trí rogha beartais a mheas: Rogha 1 “Gan aon athrú beartais” – Is é an status quo an chéad rogha, arb ionann é agus gan aon athrú beartais, i.e. bheadh feidhm i gcónaí ag an gcreat rialála atá ann faoi láthair. Úsáidtear an rogha sin mar thagarmharc lena gcuirtear na roghanna eile i gcomparáid; Rogha 2 “An creat bainistíochta reatha a leasú” – Faoin rogha seo, dhéanfaí na huirlisí bainistíochta, eadhon na pleananna bainistíochta atá ann faoi láthair, a athbhreithniú chun go bhféadfaí cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a chur san áireamh. Is iad seo a leanas na príomhghnéithe a bheadh le meas san athbhreithniú: leasuithe ar an raon feidhme atá ann cheana (ó thaobh stoic éisc, iascaigh agus an limistéir a chumhdaítear); cuspóirí nua caomhnaithe amhail an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY); spriocanna inchainníochtaithe agus amchláir; agus coimircí nua; agus Rogha 3 “Plean ilbhliantúil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a ghlacadh” – Ba é aidhm na rogha seo deimhin a dhéanamh de go ndéanfaí cabhlaigh iascaireachta an Aontais Eorpaigh atá dírithe ar iascaireacht stoc grinnill sa Mheánmhuir Thiar a rialáil le creat rialála aonair comhtháite ar leibhéal an Aontais.

Is é an rogha thosaíochta Rogha 3: plean ilbhliantúil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, óir is leis an bplean sin is fearr is féidir na cuspóirí comhshaoil agus na cuspóirí socheacnamaíocha a bhaint amach. Ina theannta sin, tá an plean níos comhleanúnaí leis an gComhbheartas Iascaigh athchóirithe, tá sé níos cuíchóirithe (príomhchreat rialála amháin), tá sé níos cobhsaí (cuireann sé an dearcadh fadtéarmach san áireamh) agus tá sé níos trédhearcaí (toisc go noiriúnódh na trí Bhallstát lena mbaineann na rátaí básmhaireachta iascaireachta go comhpháirteach trí bhíthin Rialachán ón gComhairle) ná Rogha 1 agus Rogha 2.

Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

Bhí na páirtithe leasmhara uile a ndeachthas i gcomhairle leo ar aon intinn nár leor an creat bainistíochta reatha (Rogha 1 nó an cás bunlíne) chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach. Is é a bhí le tuiscint ón gcomhairliúchán freisin nach naontaíonn formhór na bpáirtithe leasmhara leis an rogha an creat bainistíochta atá ann faoi láthair (Rogha 2) a leasú toisc go mbeadh na fadhbanna a ndearnadh cur síos orthu roimhe seo fós ann. Ar an taobh eile, tá formhór mór na bpáirtithe leasmhara, i.e. an Chomhairle Chomhairleach don Mheánmhuir, na húdaráis riaracháin phoiblí, na heagraíochtaí neamhrialtasacha agus an pobal eolaíochta, den tuairim gurb é an plean ilbhliantúil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (Rogha 3) an réiteach fadtéarmach is fearr. Tá, dar leo, údar leis an gcur chuige sin toisc gur iascaigh ilspeiceas iad na hiascaigh, agus i ngeall ar na Ballstáit éagsúla lena mbaineann agus ar na hidirghníomhaíochtaí idir na trealaimh dhifriúla agus na cineálacha iascaigh.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)?

Ó thaobh an chomhshaoil de, a bhuí leis an samhaltú atá déanta, tugtar le fios go néireodh le thart ar 70 % de na stoic a ndearnadh measúnú orthu leibhéil bhithmhaise an stoic sceite atá os cionn an phointe tagartha réamhchúraim (BPA) a bhaint amach arís faoi 2025. Bíodh sin mar atá, bheadh fós dóchúlacht íseal ann de thart ar 36 % go mbainfí amach spriocrátaí básmhaireachta iascaireachta do na stoic ar fad. Tugann na hionsamhlúcháin le fios nach mbainfear amach ina iomláine ceachtar den dá tháscaire faoin bplean ilbhliantúil. Mar sin féin, leis an rogha seo bainfear amach torthaí atá i bhfad níos fearr ná na torthaí a bheadh ann i dtaca leis an dul chun cinn chun FMSY a bhaint amach dá roghnófaí an cás bunlíne nó Rogha 2. Ó thaobh na socheacnamaíochta de, ní bheadh ach roinn amháin den chabhlach iascaireachta i mbaol riosca airgeadais faoi 2025 (ocht roinn chabhlaigh níos lú ná an cás bunlíne). 52 shoitheach atá sa roinn sin den chabhlach a ndéanfar difear dó, i.e. líontóirí as an Spáinn atá idir 12 mhéadar agus 18 méadar ar fad.

Ina theannta sin, bheadh an plean ilbhliantúil cuíchóirithe (aon phríomhchreat rialála amháin), bheadh sé níos cobhsaí (cuireann sé an dearcadh fadtéarmach san áireamh) agus bheadh sé níos trédhearcaí (toisc go noiriúnódh na trí Bhallstát lena mbaineann na rátaí básmhaireachta iascaireachta go comhpháirteach trí bhíthin Rialachán ón gComhairle) ná an creat leasaithe.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?

Thiocfadh, mar thoradh ar an bplean ilbhliantúil, méadú ar na costais a bhaineann leis an bhfostaíocht idirthréimhseach agus le brabúsacht i ngeall ar na laghduithe móra is gá a dhéanamh chun spriocrátaí básmhaireachta iascaireachta a bhaint amach. Leis an rogha seo, chuirfí ocht roinn chabhlaigh i mbaol riosca airgeadais faoi 2022, i.e. trí roinn chabhlaigh níos mó ná an cás bunlíne. Trálaeir ghrinnill as an bhFrainc, an Spáinn agus an Iodáil atá idir 18 méadar agus 40 méadar ar fad, mar aon le roinnt soithí as an Spáinn a bhfuil trealamh éighníomhach acu, m.sh. soithí spiléir idir 6 mhéadar agus 12 mhéadar. Áirítear 1 415 shoitheach, 6 193 iascaire FTE agus 3 100 post i ngníomhaíochtaí coimhdeacha sna hocht roinn chabhlaigh atá i mbaol. Faoin bplean ilbhliantúil, áfach, meastar go dtiocfaidh feabhas ar fheidhmíocht shocheacnamaíoch na gcabhlach uile faoi 2025 agus, ar 26 chabhlach, go mbeidh 25 díobh ag déanamh brabúis.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Meastar, go háirithe, go mbeidh na tionchair ar fad a ndéantar cur síos orthu thuas ábhartha do FBManna, óir is micrifhiontair formhór mór na ngnólachtaí iascaireachta a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar. Ar an meán, níl ach soitheach amháin ag 89 % de na fiontair in earnáil na hiascaireachta sa Fhrainc, san Iodáil agus sa Spáinn. Dá bhrí sin, níl aon údar ann le hiad a eisiamh ó raon feidhme an tionscadail. Dá ndéanfaí sin, is beag ciall a bheadh leis an tionscadal. Dá bhrí sin, is dócha go mbeidh feidhm ag an bplean ilbhliantúil maidir le gach fiontar, lena náirítear FBManna. Beidh éagsúlacht ann i méid na feidhme sin, áfach, ag brath ar an dóigh a gcinnfidh na Ballstáit na laghduithe riachtanacha in iascaireacht a leithdháileadh ar ranna difriúla cabhlaigh.

An imreofar tionchar suntasach  ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

Maidir leis na Ballstáit, de thoradh chur i bhfeidhm an phlean ilbhliantúil agus an chórais nua bainistíochta iarrachta, is féidir go mbeidh roinnt costas riaracháin breise i gceist, ach d’fhéadfadh airgead a bheith ar fáil chun na costais sin a chumhdach le tacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) (Airteagal 36 CEMI). Tar éis idirthréimhse, meastar go dtiocfaidh laghdú ar na costais riaracháin, chuig leibhéal atá cothrom leis an gcostas ar an gcreat rialála atá ann faoi láthair, agus go mbeidh siad ag teacht níos mó leis na cuspóirí a leagtar síos.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?

Ní bheidh.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfaidh an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) an plean agus an tionchar a bheidh aige a mheas cúig bliana tar éis a theacht i bhfeidhm. Tar éis sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na torthaí.