AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.11.2018
COM(2018) 901 final
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid le maoiniú a dhéanamh ar bhearta buiséadacha láithreacha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, ar insreabhadh na ndídeanaithe agus ar bhagairtí slándála
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
Le Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014–2020 ceadaítear an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid chun caiteachas a mhaoiniú má tá an caiteachas sin sainaitheanta go soiléir agus mura bhféadfaí é a mhaoiniú faoi na huasteorainneacha atá ar fáil do cheannteideal amháin nó níos mó den chreat airgeadais ilbhliantúil.
I gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Uimh. 1311/2013 ón gComhairle agus le pointe 12 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, tar éis scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí uile maidir le leithreasuithe a ath-leithdháileadh agus aon chorrlach neamh-leithdháilte faoin gcaiteachas Slándáil agus Saoránacht (ceannteideal 3) a ídiú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid in 2019. Is é EUR 600 milliún (praghsanna 2011) an méid bliantúil atá ar fáil in 2019, méid atá cothrom le EUR 703 milliún i bpraghsanna reatha. Thairis sin, tá EUR 520 milliún ar fáil ó chion neamhúsáide 2018.
Baineann an beart seo le méid atá EUR 985,6 milliún os cionn uasteorainn cheannteideal 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil, agus tá sé beartaithe é a úsáid chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do bhearta chun géarchéim na himirce, na ndídeanaithe agus na slándála a bhainistiú. I dteannta dhréachtbhuiséad tosaigh 2019, rinne an Coimisiún togra chun an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid chun na críche céanna. Ar áireamh sa chéad togra sin bhí EUR 38,1 milliún a úsáidfear os cionn uasteorainn cheannteideal 1b chun maoiniú a sholáthar le haghaidh shíneadh an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus aisghaireadh an togra sin le togra eile a bhí ag gabháil le litir leasaitheach 1/2019 a ghlac an Coimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2018.
In éagmais comhaontú ón gCoiste Idir-réitigh maidir le buiséad 2019 le linn na tréimhse aon lá fichead dá bhforáiltear in Airteagal 314 §6 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ar tháinig deireadh léi an 19 Samhain 2018, tá an dara dréachtbhuiséad á chur isteach ag an gCoimisiún inniu do 2019, i gcomhréir le hAirteagal 314 §8 de CFAE. Tá an togra seo le haghaidh an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid ag gabháil leis an dara dréachtbhuiséad seo agus aisghairtear an dara togra a rinneadh an 16 Deireadh Fómhair 2018 leis agus cuirtear ina ionad sin é.
Rinneadh na leithreasuithe íocaíochta táscacha a chomhfhreagraíonn don úsáid a bheartaítear a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta a ríomh ar bhonn na rialacha is infheidhme maidir le réamh-mhaoiniú, le himréiteach réamhmhaoiniúcháin agus le híocaíochtaí críochnaitheacha le haghaidh na gcineálacha éagsúla beart atá le maoiniú, agus tá siad curtha i láthair sa tábla thíos:
(in EUR milliúin ag praghsanna reatha)
|
Bliain
|
Leithreasuithe íocaíochta a bhaineann le leas a bhaint as an ionstraim solúbthachta in 2019
|
|
2019
|
496,7
|
|
2020
|
198,8
|
|
2021
|
118,5
|
|
2022
|
119,3
|
|
2023
|
52,3
|
|
Iomlán
|
985,6
|
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid le maoiniú a dhéanamh ar bhearta buiséadacha láithreacha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, ar insreabhadh na ndídeanaithe agus ar bhagairtí slándála
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus go háirithe pointe 12 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Tá sé beartaithe leis an Ionstraim Sholúbthachta go bhféadfar maoiniú a dhéanamh ar chaiteachas atá sainaitheanta go soiléir agus nach bhféadfaí a mhaoiniú faoi na huasteorainneacha a bheadh ar fáil do cheann amháin nó níos mó de na ceannteidil eile.
(2)Is é EUR 600 000 000 (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle é, an uasteorainn leis an méid bliantúil a bheidh ar fáil don Ionstraim Sholúbthachta, arna méadú, i gcás inarb infheidhme le méideanna atá dulta i léig agus arna gcur ar fáil i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal sin.
(3)Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, ar insreabhadh na ndídeanaithe agus ar bhagairtí slándála, is gá méideanna suntasacha breise a úsáid chun na bearta sin a mhaoiniú mar ábhar práinne.
(4)Tar éis scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí uile i ndáil le leithreasuithe a ath-leithdháileadh faoi na huasteorainneacha caiteachais do cheannteideal 3 (Slándáil agus saoránacht), is gá an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid chun an maoiniú atá ar fáil i mbuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2019 a fhorlíonadh thar uasteorainn cheannteideal 3 le EUR 985 629 138 chun bearta a mhaoiniú i réimse na himirce, na ndídeanaithe agus na slándála.
(5)Ar bhonn na próifíle íocaíochta lena bhfuiltear ag súil, na leithreasuithe íocaíochta a chomhfhreagraíonn d'úsáid na hIonstraime Solúbthachta, ba cheart iad a leithdháileadh thar roinnt blianta airgeadais.
(6)Chun go bhféadfar úsáid a bhaint as na cistí go tapa, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo roimh thús na bliana airgeadais 2019.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(1)I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2019, úsáidfear an Ionstraim Sholúbthachta chun EUR 985 629 138 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí faoi cheannteideal 3 (Slándáil agus Saoránacht).
Déanfar an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid le bearta a mhaoiniú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, ar insreabhadh na ndídeanaithe agus ar bhagairtí slándála.
(2)Ar bhonn na próifíle íocaíochta lena bhfuiltear ag súil, is é seo a leanas meastachán na leithreasuithe íocaíochta a chomhfhreagraíonn d'úsáid na hIonstraime Solúbthachta:
(a)EUR 496 697 300 in 2019;
(b)EUR 198 761 656 in 2020;
(c)EUR 118 520 503 in 2021;
(d)EUR 119 297 639 in 2022;
(e)EUR 52 352 040 in 2023.
Déanfar na méideanna sonracha de leithreasuithe íocaíochta le haghaidh gach bliana airgeadais a údarú i gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2019.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán