AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.12.2018
COM(2018) 893 final
2018/0433(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le rialacha comhchoiteanna lena n
x001e
áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, mura ndaingneofar an comhaontú um tharraingt siar, scoirfidh dlí príomhúil agus dlí tánaisteach an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019 ("dáta an tarraingt siar"). As sin amach, beidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír.
Ní dhéanfar aerthaisteal idirnáisiúnta gan toiliú sainráite ó na Stáit lena mbaineann; tá sin amhlaidh mar go bhfuil ceannas iomlán agus eisiach acu ar an aerspás os cionn a gcríche. Is gnách le Stáit aerthaisteal a eagrú eatarthu trí bhíthin Comhaontuithe maidir le hAersheirbhísí (ASA) lena leagtar síos na cearta sonracha arna dtabhairt go frithpháirteach agus coinníollacha a bhfeidhmithe. Tá cearta tráchta agus seirbhísí a bhaineann go díreach lena bhfeidhmiú eisiata go sainráite ó raon feidhme an Chomhaontaithe Ghinearálta maidir le Trádáil Seirbhísí.
Laistigh den Aontas, tugtar an tsaoirse d’aeriompróirí na mBallstát (aeriompróirí an Aontais) aersheirbhísí laistigh den Aontas Eorpach a sholáthar le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal, lena leagtar síos na rialacha maidir leis na haeriompróirí sin a cheadúnú.
Mura mbeidh aon fhorálacha ina aghaidh sin i gcomhaontú um tharraingt siar, scoirfidh aersheirbhísí idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit de bheith á rialú leis an Rialachán sin tar éis di tarraingt siar. Ina theannta sin, scoirfeadh aeriompróirí áirithe, de bharr ceadúnas oibríochta arna eisiúint ag an Ríocht Aontaithe a bheith acu, nó de bharr a bpríomhionad gnó a bheith lonnaithe sa Ríocht Aontaithe, nó de bharr a sciar tromlaigh a bheith ina seilbh ag an Ríocht Aontaithe nó ag a náisiúnaigh nó de bharr iad a bheith á rialú ag an Ríocht Aontaithe nó ag a náisiúnaigh i ndáiríre, scoirfidís siad de na coinníollacha a chomhlíonadh a leagtar síos sa Rialachán sin chun aeriompróirí an Aontais a cháiliú.
Leanfar de sin, mura mbeidh forálacha ina aghaidh sin i gcomhaontú um tharraingt siar, nach mbeadh bunús dlí ann do na haeriompróirí aersheirbhísí a sholáthar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit araon amhail ón 30 Márta 2019. Chaillfeadh na hiompróirí a gceadúnas oibríochta ón Aontas faoi in aon cheann de na cásanna thuasluaite agus, dá bharr sin, ní theachtfaidís an ceart níos mó aersheirbhísí a sholáthar laistigh den Aontas.
Is seirbhísí aeriompair díreacha idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit ar fad, nach mór, atá ina seilbh ag aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus aeriompróirí an Aontais. Dá gcaillfeadh na haeriompróirí sin a gceart aersheirbhísí a sholáthar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit, ba é an toradh a bheadh air sin briseadh tromchúiseach. Scoirfí de bheith ag freastal ar thromlach na naerbhealaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, mura scoirfí de bheith ag freastal orthu ar fad. Os a choinne sin, ní bheadh aeriompróirí an Aontais in ann rochtain iomlán a fháil ar aerbhealaí laistigh den Aontas nach mbeadh aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ag freastal orthu níos mó tar éis di tarraingt siar.
I gcás nach mbeadh aon chomhaontú ann, meastar gur dhian na hiarmhairtí a bheadh ann don dá gheilleagar mar a thuairiscítear thíos: thiocfadh méadú suntasach ar fhad ama agus costais aerthaistil de réir mar a chuardófaí aerbhealaí malartacha, agus thiocfadh brú ar bhonneagar an aeriompair, dá bhrí sin, laistigh de na haerbhealaí malartacha sin agus thiocfadh laghdú ar an éileamh ar aeriompar freisin. Dá thoradh sin, chuirfí isteach, ní hamháin ar earnáil an aeriompair, ach ar earnálacha eile de chuid an gheilleagair atá ag brath go mór ar aeriompar chomh maith. Bheadh bacainní, dá bharr sin, ar an trádáil agus ar an ngnó i margaí i gcéin, agus ar lonnú nó athlonnú gnólachtaí. An briseadh sin i nascacht an aeriompair, ba chailleadh sócmhainne straitéisí í don Aontas agus do na Ballstáit.
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Preparing for the withdrawal of the United Kingdom from the European Union on 30 March 2019: a Contingency Action Plan [Ullmhúchán do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach an 30 Márta 2019: Plean Gníomhaíochta Teagmhais] an 13 Samhain 2018, d’fhógair an Coimisiún go raibh rún aige bearta a mholadh chun a áirithiú go dtabharfar cead d’aeriompróirí ón Ríocht Aontaithe eitilt thar chríoch an Aontais Eorpaigh, stadanna teicniúla a dhéanamh (e.g. athbhreoslú gan bordáil/díbhordáil na bpaisinéirí), chomh maith le tuirlingt san Aontas Eorpach agus eitilt ar ais chun na Ríochta Aontaithe. Bheadh na bearta sin faoi réir an choinníll go gcuirfeadh an Ríocht Aontaithe bearta coibhéiseacha i bhfeidhm maidir le haeriompróirí ón Aontas Eorpach.
Is é is cuspóir don togra seo, mar sin, bearta sealadacha a leagan síos chun an taeriompar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a rialú tar éis di tarraingt siar as an Aontas (Airteagal 1). Tá sé d’aidhm ag na bearta sin nascacht bhunúsach a choinneáil ar feadh idirthréimhse ghearr (Airteagal 12).
Sa chéad áit (Airteagal 3), foráiltear leis an Rialachán atá beartaithe cearta tráchta den chéad saoirse, den dara saoirse, den tríú saoirse agus den cheathrú saoirse a thabhairt go haontaobhach d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ionas gur féidir leo leanúint de bheith ag eitilt thar chríoch an Aontais agus stadanna teicniúla a dhéanamh i gcríoch an Aontais agus freastal ar aerbhealaí díreacha idir an dá chríoch. Ní dhéantar aon idirdhealú idir oibríochtaí paisinéirí agus oibríochtaí lastais, nó idir seirbhísí sceidealta agus seirbhísí neamhsceidealta. I gcomhréir le cuspóir an Rialacháin atá beartaithe, eadhon nascacht bhunúsach a áirithiú, an toilleadh a cheadófar don Ríocht Aontaithe a thairiscint, beidh sé reoite ar na leibhéil a bhí ann roimh Brexit arna sloinneadh i líon eitiltí ("minicíochtaí"). Níor foráladh maidir le haon cheann de na nósanna solúbthachta oibríochtúla (amhail socruithe margaíochta comhoibritheacha, léasú aerárthaí, athrú aerárthaigh nó co-terminalisation) d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe chun aersheirbhísí a sholáthar faoin Rialachán.
Maidir leis na cearta a thugtar d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus iad faoi réir phrionsabal na cómhalartachta, leagtar síos sa Rialachán atá beartaithe (Airteagal 4) sásra chun a áirithiú go mbeidh na cearta a theachtfaidh aeriompróirí an Aontais sa Ríocht Aontaithe coibhéiseach fós leis na cearta sin a thugtar d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán atá beartaithe. Murab amhlaidh an cás, tabharfar de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun é sin a chur ina cheart trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena náirítear údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a theorannú nó a tharraingt siar. Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún measúnú ar leibhéal na coibhéise agus nuair a ghlacfaidh sé bearta ceartaitheacha, ní leis an gcomhfhreagras foirmiúil teoranta idir an dá dhlíchóras amháin a bhíonn na gníomhaíochtaí sin nasctha; is mar gheall ar na difríochtaí suntasacha idir an dá mhargadh a dhéantar sin agus chun cur chuige atá bunaithe ar shiméadracht ghlan a sheachaint - a d’fhéadfadh dul bunoscionn le leas an Aontais sa deireadh thiar thall.
Go díreach mar a fhéachann an tAontas le comhaontuithe maidir lena aersheirbhísí ar fad a dhéanamh, leagtar síos sásra solúbtha leis an Rialachán atá beartaithe, fiú má tá sé d’aidhm aige nascacht bhunúsach a áirithiú go sealadach, chun a áirithiú go bhfaighidh aeriompróirí an Aontais deiseanna cothroma comhionanna chun dul in iomaíocht le haeriompróirí na Ríochta Aontaithe a luaithe a scoirfidh an Ríocht Aontaithe de bheith faoi cheangal a thuilleadh cloí le dlí an Aontais. Chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, tá sé riachtanach, fiú tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas, go leanfaidh sí de bheith ag cur i bhfeidhm caighdeáin atá ard go leor i réimse an aeriompair maidir leis an méid seo: iomaíocht chóir, lena náirítear cairtéil, mí-úsáid cinsealachta agus cumaisc a rialú; toirmeasc ar fhóirdheontais rialtais nach bhfuil údar leo; oibrithe a chosaint; an comhshaol a chosaint; sábháilteacht agus slándáil. Ina theannta sin, ní mór a áirithiú nach ndéanfar idirdhealú i gcoinne iompróirí an Aontais sa Ríocht Aontaithe, bíodh sin ar bhonn de iure nó ar bhonn de facto. Dá bhrí sin, cuirfear de chúram ar an gCoimisiún (Airteagal 5) leis an Rialachán atá beartaithe faireachán a dhéanamh ar choinníollacha na hiomaíochta idir aeriompróirí an Aontais agus aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus tabharfar de chumhacht dó na bearta is gá a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun a áirithiú go mbeidh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh i rith an ama.
Bunófar na nósanna imeachta is gá ionas go mbeidh na Ballstáit in ann a fhíorú go bhfuair aeriompróirí, aerárthaí agus criúnna a bheidh ag eitilt isteach ina gcríoch faoin Rialachán seo ceadúnas ón Ríocht Aontaithe agus a dheimhniú i gcomhréir le caighdeáin sábháilteachta a aithnítear go hidirnáisiúnta, go gcomhlíonfar an reachtaíocht ábhartha náisiúnta uile agus reachtaíocht ábhartha uile an Aontais agus nach sárófar na cearta ceadaithe sin (Airteagail 6 go 9).
Déantar foráil shainráite maidir lena mheabhrú nach mór do na Ballstáit gan dul i mbun caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe ná comhaontuithe déthaobhacha aersheirbhísí a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus nach mór dóibh gan aon chearta seachas iad sin a thugtar leis an Rialachán seo a thabhairt ar shlí eile d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe maidir le haeriompar. (Airteagal 3). Dá ainneoin sin, beidh na húdaráis inniúla sa dá chríoch in ann comhoibriú le chéile, ar ndóigh, de réir mar is gá ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin (Airteagal 10), sa dóigh go gcuirfear isteach ar bhainistiú na naersheirbhísí a laghad is féidir agus go leanfar de bheith ag soláthar na naersheirbhísí sin faoi choimirce na Ríochta Aontaithe tar éis di tarraingt siar as an Aontas.
D'iarr an Chomhairle Eorpach arís (Airteagal 50) an 13 Nollaig 2018 go gcuirfí dlús leis an obair ar ullmhacht ar gach leibhéal d'iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe agus go gcuirfí san áireamh na torthaí uile is féidir a bheith ar an tarraingt siar sin. Tá an gníomh seo ina chuid de phacáiste beart atá an Coimisiún a ghlacadh mar fhreagra ar an iarraidh sin.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an Rialachán seo atá beartaithe ceaptha mar lex specialis lena rachfar i ngleic le cuid de na hiarmhairtí a bheidh ann ós rud é nach mbeidh feidhm níos mó ag Rialachán (AE) Uimh. 1008/2008 maidir le haeriompar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit eile ón dáta a tharraingeoidh an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas agus in éagmais comhaontú um tharraingt siar. Tá na téarmaí atá beartaithe teoranta don mhéid is gá chuige sin, chun nach mbeidh bristeacha díréireacha ann. Tá sé beartaithe nach mbeidh feidhm acu ach ar feadh achar gairid. Dá bhrí sin, tá an togra seo iomlán comhsheasmhach leis an reachtaíocht atá ann cheana, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Comhlánaítear leis an togra seo Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Cé gur urramaíodh an cur chuige a úsáideadh i gcomhaontuithe aeriompair an Aontais le tríú tíortha i réimsí áirithe (e.g. údaruithe oibríochta), is gá, mar gheall ar chuspóir sonrach agus comhthéacs an Rialacháin seo, agus ós rud e go bhfuil sé aontaobhach freisin, cur chuige níos sriantaí i leith cearta a thabhairt agus forálacha ar leith atá beartaithe chun comhionannas ceart agus cothrom iomaíochta a chaomhnú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é an bunús dlí atá leis Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Chomhlánófaí leis an ngníomh atá beartaithe Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun go náiritheofar an nascacht bhunúsach d'ainneoin gur scoir an Rialachán d'fheidhm a bheith aige maidir le na hoibríochtaí iompair lena mbaineann. D'áiritheofaí an nascacht sin ar shlí chomhionann chomhionann i gcás na tráchta go dtí gach pointe san Aontas agus ó gach pointe san Aontas, rud a dhéanfaidh saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ní fhéadfaí an toradh a ghnóthú le gníomhaíocht ar leibhéal Ballstáit. .
•Comhréireacht
Meastar gur bhfuil an Rialachán atá beartaithe comhréireach ós féidir leis bristeacha díréireacha a sheachaint ar shlí a náiritheofar dálaí cothroma iomaíochta d’aeriompróirí an Aontais. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás na gcoinníollacha faoina dtabharfar na cearta ábhartha, coinníollacha a bhaineann inter alia leis an ngá go dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha agus le haghaidh iomaíocht chóir agus theorannú an réimis in am.
•An rogha ionstraime
Ós rud é go rialaítear leis an ngníomh ábhair a bhaineann go dlúth le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 agus go bhfuil sé dírithe, mar atá an Rialachán seo, ar dhálaí iomaíochta iomlán comhchuibhithe a áirithiú, ba cheart é a bheith i bhfoirm Rialacháin. Chomh maith leis sin, is í an fhoirm sin is fearr a chomhfhreagraíonn do phráinn an cháis/an chomhthéacs, ós rud é go bhfuil an tachar atá fágtha roimh an tarraingt siar (i gcás nach dtabharfar comhaontú um tharraingt siar i gcrích) róghairid chun go bhféadfar forálacha Treorach a thrasuí.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní infheidhme iad ós cás uathúil sealadach eisceachtúil é an cás arb éigean an togra seo a bheartú dá bharr nach mbaineann le cuspóirí na reachtaíochta atá ann cheana.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Tá na dúshláin a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus roinnt réitigh fhéideartha luaite ag páirtithe leasmhara éagsúla san eitlíocht agus ionadaithe áirithe ó na Ballstáit.
Téama coitianta sna barúlacha a cuireadh i láthair is ea go raibh gá le hidirghabháil rialála chun méid áirithe aernascachta a choinneáil. I dtaca le cearta tráchta, ní bheidh páirtithe leasmhara in ann a mbearta teagmhais féin a ghlacadh chun an tionchar díobhálach de bharr easpa comhaontaithe um tharraingt siar a mhaolú. Chuir ar a laghad sé cinn d’ionadaithe aeriompróirí agus de ghrúpaí ionadaithe aeriompróirí agus d’ionadaithe aerfort (trí Chomhairle Idirnáisiúnta Aerfoirt na hEorpa, den chuid is mó) an tuairim in iúl gur cheart an status quo le haeriompróirí na Ríochta Aontaithe a choinneáil tríd an leibhéal céanna den rochtain ar an margadh a bhí ann roimh an tarraingt siar a choinneáil. Os a choinne sin, chuir páirtithe leasmhara eile (ionadaithe aeriompróirí na 27 mBallstát, den chuid is mó) an bhéim ar an bpointe, áfach, nár cheart an status quo a choinneáil in éagmais ailíniú iomlán rialála chun cothrom iomaíochta sa mhargadh a áirithiú. An 12 Meitheamh 2018, d'eagraigh an Coimisiún ceardlann do na 27 mBallstát maidir le hullmhacht, ar lena linn a chuir saineolaithe eitlíochta sibhialta na mBallstát an bhéim go háirithe ar an ngá bearta teagmhais ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a ghlacadh chun nascacht bhunúsach a áirithiú idir na 27 mBallstát agus an Ríocht Aontaithe i gcás nach mbeidh comhaontú um tharraingt siar ann.
Tugadh aird iomchuí ar na tuairimí sin agus an togra á ullmhú.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Chomhroinn páirtithe leasmhara ábhartha bealaí éagsúla measúnaithe ar iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe in earnáil an aeriompair leis an gCoimisiún. Baineadh an chonclúid as na measúnuithe sin go mbeadh easpa aerthráchta idir na 27 mBallstát agus an Ríocht Aontaithe ina cúis le bristeacha suntasacha sna 27 mBallstát. Tá ról ríthábhachtach ag aernascacht sa gheilleagar ar fad. Ní hamháin go néascaíonn an eitlíocht soghluaisteacht ach spreagann sí trádáil, fás agus poist chomh maith. Is é €110 billiún an ranníocaíocht dhíreach a dhéanann an tionscal eitlíochta le holltáirgeacht an Aontais agus tá an tionchar airgeadais iomlán, lena náirítear an turasóireacht, chomh mór le €510 billiún tríd an éifeacht iolraitheora. San iomlán, 16 % den trácht ar fad laistigh den Aontas in 2016, ba phaisinéirí a bhí ag taisteal idir na 27 mBallstát agus an Ríocht Aontaithe a bhí ann agus, cé gur tháinig athrú suntasach ar an bhfigiúr sin idir na Ballstáit agus go bhféadfaidh sé a bheith níos mó ná 25 %. Ina theannta sin, in 2017, chuir aeriompróirí arna gceadúnú ag an Ríocht Aontaithe 19,3 % den aerthrácht laistigh den Aontas i gcrích agus, os a choinne sin, chuir aeriompróirí arna gceadúnú ag an 27 mBallstát 44,7 % den aerthrácht idir na 27 mBallstát agus an Ríocht Aontaithe i gcrích. Tá roghanna malartacha iompair ar fáil, go sonrach naisc iarnróid agus naisc farraige ach níl siad ar fáil ach do líon beag tíortha amhail an Bheilg, an Fhrainc agus Éire. I dtaca le tíortha eile atá níos faide ar shiúl in Oirthear agus i nDeisceart an Aontais, tá amanna taistil ar na naisc iarnróid agus ar bhóithre chomh fada sin nach féidir aerthaisteal a chur in ionad na mbealaí sin. Dá bharr sin, ní mór an tionchar díobhálach suntasach sin ar chaillteanas iomlán na haernascachta do gheilleagar agus do shaoránaigh na 27 mBallstát a mhaolú.
•Measúnú tionchair
Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh, ós cás eisceachtúil atá i gceist agus nach bhfuil ach beagán riachtanas ag baint leis an tréimhse ina gcuirfear chun feidhme athrú stádais na Ríochta Aontaithe. Níl aon rogha bheartais ar fáil atá éagsúil ó thaobh ábhair agus dlí de, ach amháin an rogha atá beartaithe.
•Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairt ag an togra seo ar chosaint ceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
2018/0433 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le rialacha comhchoiteanna lena náirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiúin,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra, an 29 Márta 2017, á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Beidh deireadh le feidhm na gConarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe ón dáta a thiocfaidh comhaontú um tharraingt siar i bhfeidhm nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, mar atá ón 30 Márta 2019, mura gcinnfidh an Chomhairle Eorpach, le toiliú ón Ríocht Aontaithe, d'aon ghuth síneadh a chur leis an tréimhse sin.
(2)Leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na coinníollacha maidir le ceadúnas oibríochta an Aontais a dheonú d'aeriompróirí agus bunaítear leis an tsaoirse aersheirbhísí a sholáthair laistigh den Aontas Eorpach.
(3)In éagmais aon fhoráil speisialta, chuirfeadh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas deireadh leis na cearta agus na hoibleagáidí uile a thagann as dlí an Aontais maidir le rochtain ar an margadh a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, a mhéid a bhaineann sin leis an gcaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus na 27 mBallstát eile.
(4)Dá bharr sin, is gá sraith beart sealadach a bhunú lena gcumasófar d'iompróirí atá ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe seirbhísí aeriompair a chur ar fáil idir a críoch sin agus na 27 mBallstát eile. Chun cothromaíocht iomchuí a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit, níor cheart na cearta a thabharfar ar an gcaoi sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha d'iompróirí atá ceadúnaithe san Aontas Eorpach agus go mbeidh siad faoi réir coinníollacha áirithe lena náiritheofar an iomaíocht chóir.
(5)Ós rud é gur bearta sealadacha a bheidh sna bearta seo, ba cheart iad a theorannú do thréimhse ama ghearr, gan dochar d'aon chomhaontú a bhféadfaí a caibidlíocht a dhéanamh lena aghaidh agus a d'fhéadfadh teacht i bhfeidhm amach anseo lena gcumhdófaí cur ar fáil aersheirbhísí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
(6)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta a ghlacadh chun cómhalartacht chóir a áirithiú idir na cearta a dheonóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go haontaobhach ar aeriompróirí a chéile, agus lena áirithiú go bhféadfaidh iompróirí an Aontais dul in iomaíocht le hiompróirí na Ríochta Aontaithe faoi réir coinníollacha cothroma i dtaca le haersheirbhísí a chur ar fáil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(7)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon bearta sealadacha a leagan síos chun an taeriompar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a rialú i gcás nach ann do chomhaontú um tharraingt siar, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar mar is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach.
(8)Ba cheart forálacha an Rialacháin seo a theacht i bhfeidhm chomh luath géar agus is féidir agus ba cheart feidhm a bheith acu, i bprionsabal, ón lá tar éis an lae a bheidh deireadh le feidhm na gConarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin. Mar sin féin, chun gur féidir na nósanna imeachta riaracháin riachtanacha a dhéanamh a luaithe is féidir, ba cheart forálacha áirithe a bheith i bhfeidhm ón dáta a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme
Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta sealadacha lena rialaítear an taeriompar idir an tAontas agus Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann ("Ríocht Aontaithe") tar éis di tarraingt siar as an Aontas.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.ciallaíonn "aeriompar" paisinéirí, bagáiste, lasta agus post a iompar in aerárthaí, ar leithligh nó i gcomhcheangal, a chuirtear ar fáil don phobal ar luach saothair nó ar fruiliú, lena náirítear aersheirbhísí sceidealta agus neamhsceidealta;
2.ciallaíonn “aeriompar idirnáisiúnta” aeriompar a ghabhann tríd an aerspás thar chríoch níos mó ná Stát amháin;
3.ciallaíonn "aeriompróir de chuid an Aontais" aeriompróir a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige a dheonaigh údarás ceadúnaithe inniúil i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008;
4.ciallaíonn "aeriompróir na Ríochta Aontaithe" aeriompróir:
(a)a bhfuil a phríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe; agus
(b)a chomhlíonann ceann amháin den dá choinníoll seo a leanas:
(i)gur leis an Ríocht Aontaithe agus/nó le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe níos mó ná 50 % den ghnóthas agus gurb iad a rialaíonn é le fírinne, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná gnóthas idirmheánach amháin; nó
(ii)gur le Ballstáit an Aontais agus/nó le náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais agus/nó le Ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus/nó náisiúnaigh na Stát sin, in aon chomhcheangal díobh sin, bídís ina naonar nó leis an Ríocht Aontaithe agus/nó le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe níos mó ná 50 % den ghnóthas agus gurb iad a rialaíonn é le fírinne, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná gnóthas idirmheánach amháin;
(c)sa chás dá dtagraítear i bpointe (b)(ii), go bhfuil ceadúnas oibríochta bailí acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ar an lá roimh an gcéad lá a chuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 12(2);
5.ciallaíonn "rialú éifeachtach" caidreamh arb éard atá ann cearta, conarthaí nó aon mhodh eile, a thugann deis, ar leithligh nó go comhpháirteach agus ag féachaint do bhreithnithe an fhíorais nó an dlí lena mbaineann, tionchar cinntitheach a fheidhmiú go díreach nó go hindíreach ar ghnóthas, ar an gcaoi seo a leanas go háirithe:
(a)tríd an gceart sócmhainní uile an ghnóthais, nó cuid díobh, a úsáid;
(b)trí chearta nó trí chonarthaí a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí comhlachtaí gnóthais nó a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar shlí eile ar reáchtáil ghnó an ghnóthais;
6.ciallaíonn "dlí na hiomaíochta" an dlí is ábhartha maidir leis an iompraíocht seo a leanas, i gcás ina bhfeadfaidh sé difear a dhéanamh do sheirbhísí aeriompair:
(a)iompraíocht arb é atá ann:
(i)comhaontuithe idir aeriompróirí, cinntí a dhéanann comhlachtaí aeriompróirí agus cleachtais chomhbheartaithe a bhfuil sé mar aidhm agus mar éifeacht acu an tiomaíochas a chosc, a shrianadh, nó a shaobhadh;
(ii)mí-úsáid cinsealachta a dhéanann aeriompróir amháin nó níos mó
(iii)bearta a dhéanann nó a choinníonn an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm i gcás gnóthais phoiblí agus gnóthais dá ndeonaíonn an Ríocht Aontaithe cearta speisialta nó eisiacha atá contrártha le pointe (i) nó pointe (ii); agus
(b)comhchruinnithe idir aeriompróirí a chuireann bac ar an iomaíocht éifeachtach, go háirithe de thoradh cinsealacht a chruthú nó a neartú;
7.ciallaíonn "fóirdheontas" aon ranníocaíocht airgeadais a thugann an rialtas nó aon chomhlacht poiblí eile ar aon leibhéal d'aeriompróir, lena mbaineann sochar, agus ina náirítear:
(a)aistriú díreach cistí, amhail deontais, iasachtaí nó insileadh cothromais, aistriú díreach féideartha cistí, glacadh dliteanas amhail ráthaíochtaí iasachta, instealltaí caipitil, úinéireacht, cosaint i gcoinne féimheachta nó árachas;
(b)an méid roimhe seo nó ioncam atá dlite mura ndéanfaí é a bhailiú;
(c)earraí nó seirbhísí, cé is moite de bhonneagar ginearálta, a sholáthar nó a cheannach; nó
(d)íocaíochtaí a dhéanamh le sásra maoiniúcháin nó iad a chur ar iontaoibh nó a threorú chuig comhlacht príobháideach chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a luaitear in (a), (b) agus (c) a dhéanamh, ar feidhmeanna iad a mbeadh ar an rialtas nó ar chomhlacht poiblí iad a dhéanamh de ghnáth, agus i gcás gur beag an difear atá idir an cleachtas agus na cleachtais a dhéanann rialtais de ghnáth.
Ní mheastar go mbaineann aon sochar le rannaíocht airgeadais a dhéanann rialtas nó comhlacht poiblí eile, más rud é go bhféadfadh sé go mbeadh an ranníocaíocht airgeadais chéanna déanta ag oibreoir sa mhargadh príobháideach agus é dírithe ar fhéidearthachtaí brabúis amháin, agus a bheadh déanta sa chás céanna ag an gcomhlacht poiblí i gceist;
8.ciallaíonn "údarás neamhspleách iomaíochta" údarás atá i gceannas ar dhlí na hiomaíochta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus ar na fóirdheontais a rialú, ar údarás é a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá an túdarás neamhspleách ó thaobh oibríochta de agus tá na hacmhainní is gá aige chun a chuid cúraimí a dhéanamh;
(b)agus a dhualgais á ndéanamh agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, beidh ag an údarás an ráthaíocht is gá maidir le neamhspleáchas ar aon tionchar polaitiúil nó ar aon tionchar seachtrach eile, agus gníomhaíonn sé go neamhchlaonta; agus
(c)Tá na cinntí a dhéanann an túdarás faoi réir athbhreithniú breithiúnach;
9.ciallaíonn "idirdhealú" aon chineál idirdhealaithe a dhéantar gan údar oibiachtúil i dtaca le hearraí agus seirbhísí a sholáthar, lena náirítear seirbhísí poiblí, i gcás oibríocht seirbhísí aeriompair, nó i ndáil leis an tslí a gcaitheann na húdaráis phoiblí is ábhartha maidir leis na seirbhísí sin leo;
10.ciallaíonn "seirbhís aeriompair sceidealta" sraith eitiltí a mbaineann na saintréithe seo a leanas go léir leo:
(a)ar gach eitilt bíonn suíocháin agus/nó toilleadh chun lasta a iompar agus/nó toilleadh chun post a iompar ar fáil ar féidir leis an bpobal iad a cheannach astu féin (go díreach ón aeriompróir nó óna ghníomhairí údaraithe);
(b)oibrítear í chun freastal ar thrácht idir an dá aerfort chéanna nó níos mó ná an dá aerfort chéanna, cibé:
(i)de réir tráthchlár foilsithe; nó
(ii)le heitiltí a bhíonn ann chomh rialta nó chomh minic sin gur léir gur sraith chórasach iad;
11.ciallaíonn "seirbhís aeriompair neamhsceidealaithe" seirbhís aeriompair tráchtála a fheidhmítear, cé is moite d'aersheirbhís sceidealaithe;
12.ciallaíonn "críoch an Aontais" an chríoch talún sin, na huiscí inmheánacha sin agus na huiscí teorann de chuid na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir léi, faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, agus an taerspás os a gcionn;
13.ciallaíonn "críoch na Ríochta Aontaithe" críoch talún, uiscí inmheánacha agus uiscí teorann na Ríochta Aontaithe agus an taerspás os a gcionn;
14. ciallaíonn "Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta, a osclaíodh lena shíniú in Chicago an 7 Nollaig 1944.
Airteagal 3
Cearta tráchta
1.Féadfaidh iompróirí na Ríochta Aontaithe, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)eitilt thar chríoch an Aontais gan tuirlingt;
(b)stadanna a dhéanamh i gcríoch an Aontais chun críocha nach mbaineann le trácht, de réir bhrí an Choinbhinsiún;
(c)seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta sceidealaithe agus neamhsceidealaithe a fheidhmiú do phaisinéirí, do chumasc de phaisinéirí agus de lasta agus seirbhísí uile-lasta idir aon dá phointe a bhfuil ceann amháin suite i gcríoch na Ríochta Aontaithe agus an ceann eile suite i gcríoch an Aontais;
2.I gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5, maidir le seirbhísí aeriompair sceidealaithe a sholáthar de bhun an Rialacháin seo, ní rachaidh an toilleadh séasúrach iomlán a bheidh le soláthar ag aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ar na bealaí idir an Ríocht Aontaithe agus gach Ballstát thar líon iomlán na minicíochtaí arna bhfeidhmiú ag na haeriompróirí sin ar na bealaí sin le linn shéasúr geimhridh agus shéasúr samhraidh IATA na bliana 2018.
3.Ní dhéanfaidh na Ballstáit caibidlíocht ná ní thabharfaidh siad aon chomhaontú déthaobhach ná aon socrú i gcrích leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ní dheonóidh siad ar aon slí eile d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe, i dtaca le haeriompar de, aon chearta seachas na cearta sin a dheonaítear leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
Coibhéis maidir le cearta
1.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cearta a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe d'aeriompróirí an Aontais agus na coinníollacha a bhaineann lena bhfeidhmiú.
2.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil na cearta a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe d'aeriompróirí an Aontais coibhéiseach, de jure nó de facto, leis na cearta a thabharfar d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil gan idirdhealú d'aeriompróirí uile an Aontais, féadfaidh sé, d'fhonn an choibhéis a athbhunú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008:
(a)an acmhainn atá ar fáil d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoi réir na teorann a leagtar síos in Airteagal 3(2) a choigeartú agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe, údaruithe atá ann cheana nó a deonaíodh le déanaí a oiriúnaí, dá réir sin;
(b)a cheangal ar na Ballstáit na húdaruithe oibríochta sin a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm. nó
(c)bearta iomchuí eile a ghlacadh
Airteagal 5
Iomaíocht chóir
1.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na coinníollacha faoina rachaidh aeriompróirí agus aerfoirt an Aontais in iomaíocht le haeriompróirí agus aerfoirt na Ríochta Aontaithe i dtaca leis na haersheirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a sholáthar.
2.I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuil na coinníollacha a bhfuil aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ag baint tairbhe astu i bhfad níos fabhraí ná na coinníollacha sin, féadfaidh an Coimisiún, d'fhonn an choibhéis a athbhunú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008:
(a)an acmhainn atá ar fáil d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe laistigh den teorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) a choigeartú agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;
(b)a cheangal ar na Ballstáit na húdaruithe oibríochta sin a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm maidir le haeriompróirí uile na Ríochta Aontaithe nó roinnt díobh. nó
(c)bearta iomchuí eile a ghlacadh
3.Féadfar gníomhartha tarmligthe faoi mhír 2 a ghlacadh chun na cásanna seo a leanas a leigheas:
(a)an Ríocht Aontaithe fóirdheontais a dheonú;
(b)gan dlí na hiomaíochta a bheith iar bun ag an Ríocht Aontaithe nó curtha i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe;
(c)gan údarás iomaíochta neamhspleách a bheith curtha ar bun agus á choinneáil ar bun ag an Ríocht Aontaithe;
(d)caighdeáin maidir le cosaint oibrithe, sábháilteacht, slándáil, nó leis an gcomhshaol atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith curtha i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;
(e)aon chineál idirdhealaithe i gcoinne aeriompróirí an Aontais.
4.Chun críocha mhír 1, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, aeriompróirí na Ríochta Aontaithe nó aerfoirt na Ríochta Aontaithe. I gcás nach gcuirfidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, aeriompróir na Ríochta Aontaithe nó aerfort na Ríochta Aontaithe an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi cheann tréimhse ama réasúnta arna forordú ag an gCoimisiún, nó ina gcuirfidh siad faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún déanamh de réir mhír 2.
Airteagal 6
Údarú oibríochta
1.Gan dochar do reachtaíocht an Aontais ná don reachtaíocht náisiúnta maidir le sábháilteacht eitlíochta, chun na cearta a dheonaítear dóibh faoi Airteagal 3 a fheidhmiú, cuirfear de cheangal ar aeriompróirí na Ríochta Aontaithe údarú oibríochta a fháil ó gach Ballstát ina dteastaíonn uathu oibriú.
2.Tar éis dóibh iarratas ar údarú oibríochta a fháil ó aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an túdarú oibríochta iomchuí a dheonú gan moill mhíchuí, ar choinníoll:
(a)go bhfuil ceadúnas oibríochta bailí arna eisiúint i gcomhréir le reachtaíocht na Ríochta Aontaithe ag aeriompróir na Ríochta Aontaithe is iarratasóir; agus
(b)go ndéanann agus go coinníonn an Ríocht Aontaithe ar bun rialú rialála éifeachtach ar aeriompróir na Ríochta Aontaithe is iarratasóir, go naithnítear an túdarás inniúil go soiléir agus go bhfuil deimhniú aeroibreora atá curtha ar fáil ag an údarás sin ag aeriompróir na Ríochta Aontaithe.
3.Gan dochar don ghá atá ann go leor ama a thabhairt chun measúnuithe riachtanacha a dhéanamh, beidh aeriompróirí na Ríochta Aontaithe i dteideal a niarratais ar údaráis oibríochta a chur isteach ón lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Beidh sé de chumhacht ag na Ballstáit na hiarratais sin a fhormheas amhail ón lá sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis an bhformheas sin. Mar sin féin, ní bheidh éifeacht ag aon údaruithe a dheonófar ar an gcaoi sin níos túisce ná an chéad lá de chur i bhfeidhm an Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).
Airteagal 7
Pleananna, cláir agus sceidil oibríochta
1.Cuirfidh aeriompróirí na Ríochta Aontaithe pleananna, cláir agus sceidil oibríochta maidir le haersheirbhísí isteach lena bhformheas chuig údaráis inniúla gach Ballstáit lena mbaineann. Déanfar aon chur isteach den chineál sin 30 lá ar a laghad roimh thús na noibríochtaí.
2.I gcomhréir le hAirteagal 6, féadfar na pleananna oibríochta, na cláir agus na sceidil do shéasúr IATA atá ann ar an gcéad lá a chuirfear an Rialachán seo dá dtagraítear in Airteagal 12(2) i bhfeidhm agus na pleananna oibríochta, na cláir agus na sceidil sin don chéad séasúr eile dá éis sin a chur isteach agus a fhormheas, roimh an dáta sin.
Airteagal 8
Údarú a dhiúltú, a chúlghairm, a fhionraí agus a theorannú
1.Diúltóidh na Ballstáit údarú oibríochta aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe, nó de réir an cháis, déanfaidh siad é sin a chúlghairm nó a fhionraí sna cásanna seo a leanas:
(a)níl an taeriompróir cáilithe ina aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe de réir an Rialacháin seo; nó
(b)níl na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(2) comhlíonta.
2.Déanfaidh na Ballstáit coinníollacha maidir le húdarú oibríochta aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a dhiúltú, a chúlghairm, a fhionraí, a theorannú nó a fhorchur, nó déanfaidh siad coinníollacha maidir le húdarú oibríochta aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a theorannú nó a fhorchur in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)na ceanglais sábháilteachta agus slándála atá infheidhme, níl siad comhlíonta;
(b)na ceanglais is infheidhme maidir le haerárthaí a bheidh ag gabháil don aeriompar a ligean isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, maidir le hiad a oibriú sa chríoch sin agus maidir le hiad imeacht as an gcríoch sin, níl siad comhlíonta;
(c)na ceanglais is infheidhme maidir le paisinéirí, criú, bagáiste, lasta agus/nó post (lena náirítear rialacháin maidir le hiontráil, imréiteach, inimirce, pasanna, custaim agus coraintín, nó i gcás poist, rialacháin maidir le post) a ligean isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, maidir le oibríochtaí ina leith sin a dhéanamh sa chríoch sin agus maidir le hiad imeacht as an gcríoch sin, níl siad comhlíonta;
3.Déanfaidh na Ballstáit coinníollacha maidir le húdaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a dhiúltú, a chúlghairm, a fhionraí, a theorannú nó a fhorchur, nó déanfaidh siad coinníollacha maidir le hoibríochtaí aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a theorannú nó a fhorchur, i gcás ina gceanglóidh an Coimisiún orthu sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 4 nó Airteagal 5:
4.Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinntí údarú aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a dhiúltú nó a chúlghairm de bhun mhír 1 agus mhír 2.
Airteagal 9
Deimhnithe agus ceadúnais
Maidir le deimhnithe aeracmhainneachta, deimhnithe inniúlachta agus ceadúnais arna neisiúint nó arna mbailíochtú ag an Ríocht Aontaithe atá i bhfeidhm fós, aithneoidh na Ballstáit go mbeidh na deimhnithe sin agus na ceadúnais sin bailí chun críche seirbhísí aeriompair a bheith á noibriú ag aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, ar choinníoll gur eisíodh agus gur bailíochtaíodh na deimhnithe sin agus na ceadúnais sin de bhun na gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha, ar a laghad, a bunaíodh faoin gCoinbhinsiún agus i gcomhréir leis na caighdeáin sin.
Airteagal 10
Comhairliúchán agus comhar
1.Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme.
2.Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan aon mhoill mhíchuí aon fhaisnéis a fuarthas de bhun mhír 1 nó aon fhaisnéis eile is ábhartha chun Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Rialachán seo a chur chun feidhme.
Airteagal 11
An Coiste
Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 cúnamh a thabhairt don Choimisiún.
Airteagal 12
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 6(3) agus ag Airteagal 7(2) ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tháinig comhaontú um tharraingt siar, arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2.
4.Scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige ar an dáta is luaithe den dá dháta seo a leanas:
(a)an dáta a thiocfaidh comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm lena rialaítear aeriompar eatarthu a sholáthar nó, de réir an cháis, an dáta a chuirfear i bhfeidhm go sealadach é; nó
(b)30 Márta 2020
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán