An Bhruiséil,7.12.2018

COM(2018) 817 final

2018/0414(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir le rialacha áirithe i dtaca le híocaíochtaí díreacha agus tacaíocht d’fhorbairt tuaithe i ndáil leis na blianta 2019 agus 2020


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is aidhm don togra seo cinnteacht agus leanúnachas a thabhairt maidir le tacaíocht a dheonú d’fheirmeoirí na hEorpa sna blianta 2019 agus 2020 trí dhá ghníomh reachtacha de chuid an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) a ghlacadh.

I dtaca le forbairt tuaithe, is gá leasuithe áirithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (Rialachán maidir le Forbairt Tuaithe) chun leanúnachas an bheartais a áirithiú le linn bhlianta deiridh na clárthréimhse agus chun aistriú gan deacrachtaí chuig an gcéad chlárthréimhse eile a áirithiú freisin. Baineann na leasuithe seo le sceideal nua céimlaghdaitheachta chun deireadh a chur le híocaíochtaí le limistéir, nach limistéir shléibhe iad, a bhfuil srianta nádúrtha orthu (LSN) agus ar chúnamh teicniúil CETFT a úsáid ar thionscnamh ón gCoimisiún le haghaidh gníomhaíochtaí lena nullmhófar cur chun feidhme an Chomhbheartais Talmhaíochta a bheidh ann amach anseo.

I dtaca le híocaíochtaí díreacha, ní dhéanann roinnt de na forálacha i Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 (An Rialachán maidir le hÍocaíochtaí Díreacha) an bhliain féilire 2020 a chumhdach toisc gur sa bhliain féilire 2021 a dhéantar caiteachas a bhaineann leis an mbliain féilire 2020, arb í an chéad bhliain den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) nua 2021-2027 í. Tráth a glacadh an Rialachán, níorbh fhéidir dá bhrí sin gealltanais a dhéanamh maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a bheidh ann. In éagmais leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, bheadh impleachtaí airgeadais ann a chuirfeadh isteach ar roinnt Ballstát ó thaobh íocaíochtaí díreacha sa bhliain féilire 2020 de, íocaíochta a théann thar na híocaíochtaí sin a bhaineann leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua (CAI 2021-2027). Bheadh athruithe tábhachtacha ar a níocaíochtaí díreacha agus ar a nimchlúdaigh forbartha tuaithe i ndán do na Ballstáit sin agus bheadh tionchar suntasach ar na híocaíochtaí le feirmeoirí faoin dá cholún. Ina theannta sin, cuirtear isteach gnéithe teicniúla eile toisc go néascófaí leo cur chun feidhme an chreata reachtaigh atá ann faoi láthair.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá na leasuithe atá beartaithe comhsheasmhach leis an Rialachán maidir le Forbairt Tuaithe agus leis an Rialachán maidir le hÍocaíochtaí Díreacha, dá réir sin tá an togra comhsheasmhach leis na forálacha beartais atá ann cheana faoin gComhbheartas Talmhaíochta.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Neamhbhainteach

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Foráiltear in CFAE go roinnfear an inniúlacht talmhaíochta idir an tAontas agus na Ballstáit. Feidhmeoidh an tAontas a inniúlacht trí ghníomhartha reachtacha éagsúla a ghlacadh, agus dá réir sin déanfaidh sé comhbheartas talmhaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh mar a fhoráiltear in Airteagal 38 go hAirteagal 44 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a shainiú agus a chur chun feidhme. Le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 bunaítear córas chun tacú leis an bhforbairt tuaithe agus le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí. De réir Airteagal 39 de CFAE, is cuspóir conartha de chuid CBT é, inter alia, caighdeán cóir maireachtála a áirithiú d’fheirmeoirí agus luíonn an togra atá beartaithe leis an gcuspóir sin. Dá réir sin, leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), maoiníonn CBT íocaíochtaí díreacha agus rialaítear na híocaíochtaí ar leibhéal an Aontais le Rialachán AE (Uimh.) 1307/2013. Dlúthchuid de CBT is ea an tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe agus cuireann an tacaíocht sin le cuspóirí CBT a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is é an breisluach a éiríonn as an togra cinnteacht agus cobhsaíocht na tacaíochta ioncaim dhírigh a áirithiú d’fheirmeoirí na hEorpa sa bhliain 2020 agus tacaíocht d’fhorbairt tuaithe i mblianta deiridh na clárthréimhse atá ann cheana a áirithiú freisin. Ní féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ach comhreachtóirí an Aontais Eorpaigh leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

Comhréireacht

Ní thabharfaidh an togra isteach aon fhorbairt nua beartais ar na gníomhartha reachtacha atá sé beartaithe a leasú leis. Ní dhéanann an togra modhnú ar na Rialacháin atá ann cheana ach amháin a mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach thuas a bhaint amach.

An rogha ionstraim

Toisc gur rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle iad na gníomhartha reachtacha bunaidh, ní mór na leasuithe a thabhairt isteach mar rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tríd an ngnáthnós imeachta reachtach.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Imíonn an togra ón gcleachtas caighdeánach mar a leagtar amach sna treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr agus sa Bhosca Uirlisí. Is gá maolú ar an gcleachtas caighdeánach ar na cúiseanna seo a leanas:

- tá an togra an-teicniúil ó thaobh a raon feidhme de;

- tá an tionscnamh teoranta do bhlianta deiridh na clárthréimhse atá ann cheana;

- ní thugann sé isteach gealltanais pholaitiúla nua.

Dá réir sin níl measúnú tionchair, comhairliúchán poiblí ná treochlár oiriúnach don togra seo. Ina cheann sin, toisc gur gá an reachtaíocht a bheith i bhfeidhm in 2019, tá práinn leis na comhreachtóirí an reachtaíocht sin a ghlacadh.

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Leis an togra urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a shainaithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Maidir leis an rogha atá beartaithe na Ballstáit leanúint den tsolúbthacht atá ann faoi láthair idir íocaíochtaí díreacha agus forbairt tuaithe sa bhliain féilire 2020 (bliain airgeadais 2021), agus den táirgeadh measta ar an laghdú a aistriú ó íocaíochtaí díreacha go forbairt tuaithe sa bhliain sin, féadfaidh an rogha sin, faoi réir chinntí na mBallstát, difear a dhéanamh don leithdháileadh idir íocaíochtaí díreacha agus forbairt tuaithe. Mar sin féin, beidh aon aistriú den sórt sin neodrach ó thaobh na ngealltanas buiséadach foriomlán de.

Maidir leis na sonraí breise ar thionchar airgeadais an togra atá ann cheana cuirtear na sonraí sin ar fáil sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

·Forbairt Tuaithe

A bhuí leis an togra beidh de chumas ag na Ballstáit modhnú a dhéanamh ar an sceideal céimlaghdaitheachta le haghaidh íocaíochtaí le limistéir, ar limistéir iad a fuair íocaíochtaí den sórt sin sa chlárthréimhse roimhe sin, agus idir an dá linn, nach naicmítear a thuilleadh mar limistéir a bhfuil srianta nádúrtha orthu, ar limistéir nach limistéir shléibhe iad de bhun Airteagal 31(5) den Rialachán maidir le Forbairt Tuaithe. Leanann an modhnú seo síneadh an sprioc-ama le haghaidh an teorannaithe nua ar limistéir den sórt sin go 2019 ar síneadh é a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2017/2393, rud a fhágfaidh go mbeidh, faoi dheireadh na clárthréimhse atá ann faoi láthair, tréimhse oiriúnaithe níos giorra ag na feirmeoirí nach bhfuil incháilithe do na híocaíochtaí seo a thuilleadh. Leis an modhnú seo d’fhéadfaí na híocaíochtaí idirthréimhseacha le haghaidh na mblianta 2019 agus 2020 a ríomh bunaithe ar leibhéil íocaíochtaí na tréimhse 2014-2020. Thairis sin, ní bheidh céimlaghdaitheacht na níocaíochtaí idirthréimhseacha chomh géar céanna toisc go mbunóidh na Ballstáit an chéimlaghdaitheacht sin sa chaoi gurb ionann an leibhéal deiridh agus leath an leibhéil tosaigh.

Leis an togra síntear úsáid an chúnaimh theicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún arna maoiniú ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) ionas go gcuimseofar gníomhartha a bhaineann leis an gComhbheartas Talmhaíochta a bheidh ann amach anseo a ullmhú. Baineann an togra go heisiach le raon feidhme an chúnaimh theicniúil gan an tacaíocht airgeadais a mhodhnú.

·Solúbthacht idir colúin sa bhliain 2020 agus an táirgeadh ar an laghdú ar íocaíochtaí díreacha le Forbairt tuaithe a aistriú

Áirítear sa togra forálacha maidir leis an bhféidearthacht do na Ballstáit cistí a aistriú idir colúin sa bhliain féilire 2020 (an tréimhse a chomhfhreagraíonn don bhliain airgeadais 2021). Sa tréimhse 2015-2019, bhí na Ballstáit in ann méideanna a aistriú ó íocaíochtaí díreacha go forbairt tuaithe agus vice versa. Faoi na rialacha atá i bhfeidhm ní leagtar amach solúbthacht den sórt sin don bhliain féilire 2020/don bhliain airgeadais 2021. Is sásra tábhachtach é an sásra airgeadais seo chun solúbthacht a thabhairt do na Ballstáit a gclúdaigh airgeadais a bhainistiú, agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cistí atá ar fáil. Is léir ón taithí a fuarthas gur uirlis éifeachtach ag na Ballstáit é an sásra seo agus dá réir sin aistríonn Ballstáit áirithe méid suntasach idir an dá cholún. In éagmais solúbthacht idir colúin sa bhliain féilire 2020/sa bhliain airgeadais 2021 ba dhócha saobhadh tromchúiseach airgeadais a bheith ann d’fheirmeoirí i roinnt Ballstát, toisc go bhféadfadh an tionchar a bheadh ar a gclúdaigh a bheith suntasach. Dá réir sin, éilítear leis an togra go bhféadfar aistriú a dhéanamh idir colúin sa bhliain féilire 2020 faoi na coinníollacha céanna atá i bhfeidhm faoi láthair agus go leanfar den táirgeadh measta ar an laghdú a aistriú ó íocaíochtaí díreacha go forbairt tuaithe.

2018/0414 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir le rialacha áirithe i dtaca le híocaíochtaí díreacha agus tacaíocht d’fhorbairt tuaithe i ndáil leis na blianta 2019 agus 2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is é Rialachán (CE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 an creat tagartha atá ann faoi láthair don tacaíocht d’fhorbairt tuaithe. Déantar foráil ann maidir le tacaíocht do limistéir, nach limistéir shléibhe iad, a bhfuil srianta nádúrtha orthu. Ag cur san áireamh gur síneadh an spriocam go dtí 2019 le haghaidh teorannú nua a dhéanamh ar limistéir, nach limistéir shléibhe iad, a bhfuil srianta nádúrtha orthu de thoradh Rialachán (AE) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , agus go bhfuil tréimhse oiriúnúcháin níos giorra ann do na feirmeoirí nach mbeidh incháilithe a thuilleadh le haghaidh íocaíochtaí, na híocaíochtaí idirthréimhseacha céimhlaghdaitheacha nach dtosófar go dtí 2019, ba cheart iad a thosú ag 80% ar a mhéad de na meáníocaíochtaí arna socrú le linn na clárthréimhse 2014-2020. Ba cheart an leibhéal íocaíochta a bhunú sa chaoi gurb ionann an leibhéal deiridh in 2020 agus leath an leibhéil tosaigh.

(2)Chun cúnamh a chur ar fáil do na Ballstáit agus do pháirtithe leasmhara le hullmhú in am trátha don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) a bheidh ann agus chun aistriú gan deacrachtaí a áirithiú chuig an gcéad chlárthréimhse eile, ba cheart a shoiléiriú, a luaithe agus is féidir, gur féidir gníomhaíochtaí airgeadais atá nasctha le hullmhú an Chomhbheartais Talmhaíochta a bheidh ann amach anseo a mhaoiniú trí chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin.

(3)Is é Rialachán (CE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 an creat tagartha atá ann faoi láthair d’íocaíochtaí díreacha. Cé gur féidir feidhm a bheith le formhór fhorálacha an Rialacháin sin fad is atá sé i bhfeidhm, tá forálacha eile ann a thagraíonn go sainráite do na blianta féilire 2015 go 2019 a chumhdaítear faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020. I gcás roinnt forálacha eile, níor beartaíodh go sainráite go mbeidís infheidhme tar éis na bliana féilire 2019. I mí an Mheithimh 2018, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán nua atá sé beartaithe a chur in ionad Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, ach ní go dtí an 1 Eanáir 2021. Dá bhrí sin, is iomchuí dul ar aghaidh agus roinnt coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ionas gur féidir é a chur chun feidhme gan deacrachtaí sa bhliain féilire 2020.

(4)Fad is atá Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i bhfeidhm, beidh feidhm leis an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 11 de maidir le laghdú a dhéanamh ar an gcuid sin de mhéid na níocaíochtaí díreacha atá le tabhairt d’fheirmeoir i leith bhliain féilire ar leith atá os cionn EUR 150 000. Faoi láthair, áfach, níl san Airteagal sin ach oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt i ndáil lena gcinntí agus i ndáil le táirgeadh measta an laghdaithe sin sna bliana 2015 go 2019. D’fhonn a áirithiú go leanfar den chóras atá ann cheana, ba cheart a leagan síos go ndéanfaidh na Ballstáit a gcinntí a fhógairt freisin maidir leis an mbliain 2020, chomh maith leis an táirgeadh measta ar an laghdú don bhliain sin.

(5)Is éard atá sa tsolúbthacht idir colúin an fhéidearthacht cistí a aistriú idir íocaíochtaí díreacha agus forbairt tuaithe. Faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar atá sé faoi láthair, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an tsolúbthacht sin i leith na mblianta féilire 2014 go 2019. Chun a áirithiú go bhféadfaidh na Ballstáit a straitéis féin a choinneáil, ba cheart an tsolúbthacht idir colúin a chur ar fáil don bhliain féilire 2020 freisin, ag comhfhreagairt don bhliain féilire 2021.

(6)Mar thoradh ar leasú Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i leith na bliana féilire 2020, is iomchuí an tagairt don Airteagal sin a choigeartú i gcomhthéacs na hoibleagáide atá ar na Ballstáit laghdú nó méadú líneach a dhéanamh ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta mar gheall ar luaineachtaí san uasteorainn náisiúnta bhliantúil ar toradh iad ar chur chun feidhme na solúbthachta idir colúin a fhógairt.

(7)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a leasú dá réir.

(8)Chun an tsolúbthacht riachtanach a chur ar fáil go pras do na Ballstáit agus chun leanúnachas an bheartais forbartha tuaithe a áirithiú sna blianta deireanacha den chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart feidhm a bheith leis an Rialachán seo ón 1 Márta 2019,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar a leanas:

(1)in Airteagal 31(5), cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás nach dtosóidh íocaíochtaí céimlaghdaitheacha go dtí 2019, tosóidh na híocaíochtaí sin ag 80% ar a mhéid den mheáníocaíocht arna socrú sa chlárthréimhse 2014-2020. Bunófar an leibhéal íocaíochta sa chaoi gurb ionann an leibhéal deiridh in 2020 agus leath an leibhéil tosaigh.’;

(2)in Airteagal 51(1), cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:

‘Féadfaidh CETFT gníomhaíochtaí a mhaoiniú lena nullmhófar cur chun feidhme CBT sa chlárthréimhse ina dhiaidh sin.’.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar a leanas:

(1)in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. I gcás gach Ballstáit agus do gach bliain féilire, táirgeadh measta an laghdaithe ar íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 (a léirítear sa difríocht idir na huasteorainneacha náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, lena gcuirtear an méid atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 58, agus na glan-uasteorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III) cuirfear ar fáil é mar thacaíocht ón Aontas a mhaoinítear faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).’;

(2)in Airteagal 11(6), cuirtear isteach an tríú fomhír seo a leanas:

‘Don bhliain 2020, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2019 faoi na cinntí a dhéanfar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus faoi aon táirgeadh measta ar an laghdú.’;

(3)Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)cuirtear an séú fomhír seo a leanas isteach i mír 1:

‘Faoin 31 Nollaig 2019, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh suas le 15% dá nuasteorainneacha náisiúnta bliantúla don bhliain féilire 2020 a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise a mhaoineofar faoi CETFT sa bhliain airgeadais 2021. Dá bhrí sin, ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh le híocaíochtaí díreacha a dheonú. Cuirfear an cinneadh sin in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2019 agus leagfar amach ann an céatadán roghnaithe.’;

(b)cuirtear an séú fomhír seo a leanas isteach i mír 2:

‘Faoin 31 Nollaig 2019, féadfaidh Ballstáit cinneadh suas le 15% a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha, nó i gcás na dtíortha seo: an Bhulgáir, an Eastóin, an Spáinn, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an Fhionlainn agus an tSualainn; cinneadh a dhéanamh suas le 25% den mhéid a leithdháiltear ar thacaíocht, arna mhaoiniú faoi CETFT le linn na bliana airgeadais 2021 le reachtaíocht Eorpach arna glacadh tar éis an Rialachán a ghlac an Chomhairle de bhun Airteagal 312(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh le haghaidh tacaíocht a mhaoineofar faoi CETFT. Cuirfear an cinneadh sin in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2019 agus leagfar amach ann an céatadán roghnaithe.’;

(4)in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5. Más rud é go bhfuil an uasteorainn a shocraigh an Coimisiún do Bhallstát de bhun mhír 1 difriúil ó uasteorainn na bliana roimhe sin de bharr aon chinnidh a ghlac an Ballstát sin i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, Airteagal 14(1) nó (2), Airteagal 42(1), an dara fomhír d’Airteagal 49(1), an dara fomhír d’Airteagal 51(1), nó Airteagal 53, déanfaidh an Ballstát laghdú nó méadú líneach ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta ar fad chun a áirithiú go gcomhlíontar mír 4 den Airteagal seo.’.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

RÁITEAS AIRGEADAIS

FS/18/CS/pl 5249450

6.15.2018.1

DÁTA: 13/09/2018

1.

CEANNTEIDEAL BUISÉID: CAI reatha: Ceannteideal 2; togra le haghaidh CAI 2021 – 2027: ceannteideal 3

Dréachtbhuiséad 2019:

05 03 Íocaíochtaí díreacha tar éis smacht airgeadais:

05 04 60 An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (2014 – 2020)

LEITHREASUITHE:

EUR milliún

40 981.6

14 673.6

2.

TEIDEAL:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir le rialacha áirithe i dtaca le híocaíochtaí díreacha agus tacaíocht d’fhorbairt tuaithe i ndáil leis na blianta 2019 agus 2020

3.

BUNÚS DLÍ:

Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

4.

AIDHMEANNA:

Is é is aidhm don togra seo leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a dheonú d’fheirmeoirí na hEorpa sna blianta 2019 agus 2020 trí dhá ghníomh reachtacha de chuid an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) a ghlacadh: forbairt tuaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus íocaíochtaí díreacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

5.

IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS

TRÉIMHSE 12 MHÍ


(EUR milliún)

AN BHLIAIN AIRGEADAIS REATHA

2018

(EUR milliún)

AN CHÉAD BHLIAIN AIRGEADAIS EILE

2019

(EUR milliún)

5.0

CAITEACHAS

-    ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AE
(AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA)

-    ÚDARÁIS NÁISIÚNTA

-    EILE

Neamhbhainteach

Neamhbhainteach

5.1

IONCAM

-    ACMHAINNÍ DÍLSE AN AONTAIS EORPAIGH
(TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM)

-    NÁISIÚNTA

2017

2018

2019

2020

5.0.1

CAITEACHAS MEASTA

5.1.1

IONCAM MEASTA

5.2

MODH RÍOMHA:

Féach na nótaí

6.0

AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASUITHE A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD REATHA?

Neamhbhainteach

6.1

AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ A DHÉANAMH IDIR CAIBIDLÍ AN BHUISÉID REATHA?

Neamhbhainteach

6.2

AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH?

NÍ BHEIDH

6.3

AN GÁ LEITHREASUITHE A CHUR ISTEACH I mBUISÉID AMACH ANSEO?

IS GÁ (féach na nótaí)

NÓTAÍ:

Maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (CETFT), baineann an togra leis na blianta 2019 – 2021, agus baineann na modhnuithe atá beartaithe le haghaidh íocaíochtaí díreacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 leis an mbliain féilire 2020/leis an mbliain airgeadais 2021.

Níl aon impleachtaí airgeadais ag an togra ó thaobh caiteachais mhéadaithe de.

Maidir le héifeacht na bhforálacha atá beartaithe lena dtabharfar rogha do na Ballstáit suimeanna a aistriú idir leithdháiltí íocaíochtaí díreacha sa bhliain féilire 2020/sa bhliain airgeadais 2021 agus CETFT sa bhliain airgeadais 2021 agus aistriú táirgeadh measta ar an laghdú ó íocaíochtaí díreacha le linn na bliana féilire 2020 go dtí CETFT le linn na bliana féilire 2021, beidh siad ag brath ar an gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus mar sin de ní féidir iad a chainníochtú faoi láthair.

In aon chás, beidh na haistrithe sin neodrach go fóill i dtaca le leithreasuithe foriomlána faoi chomhair gealltanas sa chaoi go ndéanfar aon asbhaintí ó na leithdháiltí íocaíochtaí díreacha fritháirithe le méadú comhfhreagrach i leithdháiltí CETFT agus a mhalairt.

I dtaca le leithdháiltí íocaíochtaí, más rud é go ndéanfaí glanaistriú go CETFT mar thoradh ar chur chun feidhme na bhforálacha sin ag na Ballstáit, d’fhéadfaí íocaíochtaí a chur siar beagán ón mbliain airgeadais 2021 go dtí na blianta ina dhiaidh sin, i gcodarsnacht leis an gcás ina dtarlódh glanaistriú i dtreo leithdháiltí íocaíochtaí díreacha nó neamh-ath-leithdháileadh mar gheall ar an gcur chun feidhme ag na Ballstáit.

Ní féidir an éifeacht sin a chainníochtú ag an gcéim seo, áfach, agus meastar gur beag a bheidh sí fós ar aon chuma.

Mar shampla, gan dochar do roghanna na mBallstát i dtaca leis an mbliain féilire 2020/leis an mbliain airgeadais 2021, dhéanfaí EUR 612 milliún agus EUR 920 milliún faoi seach a ghlanaistriú chuig CETFT mar gheall ar an tsolúbthacht i mblianta airgeadais 2018 agus 2019. Is EUR 110 milliún agus EUR 111 milliún faoi seach an taistriú chuig CETFT den táirgeadh measta ar an laghdú sna blianta airgeadais céanna.

I bhfianaise na taithí a fuarthas roimhe seo agus na nimchlúdach buiséadach atá beartaithe do 2021-2027, ní móide go dtarlóidh glanaistriú chuig CERT; ní féidir é sin a fhágáil as an áireamh go hiomlán ag an gcéim seo, áfach. I gcás den sórt sin, chun na huasteorainneacha infheidhmeacha a chomhlíonadh, d’fhéadfadh sé gur ghá ní ba lú tosaíochta a thabhairt do chaiteachas difreáilte, amhail na híocaíochtaí faoi CETFT.

(1)    IO C , , lch. .
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
(3)    Rialachán (AE) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, (AE) Uimh. 1307/2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíocht dhíreach le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta, (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus (AE) Uimh. 652/2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí (IO L 350, 29.12.2017, lch. 15).
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha d’fheirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).