AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.9.2018
COM(2018) 658 final
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Laitvia
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.9.2018
COM(2018) 658 final
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Laitvia
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Comhthéacs an togra
Cumhdaítear leis an gcinneadh seo forscaoileadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2020 1 (dá ngairtear an ‘Rialachán’ anseo feasta) le haghaidh suim EUR 17 730 519 a chur ar fáil chun cúnamh a thabhairt don Laitvia tar éis na tubaiste ó thuilte le linn 2017. Déanfar an forscaoileadh sin a mhaoiniú ina iomláine trí pháirtúsáid an iarmhéid EUR 47 479 154 de leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus íocaíochtaí a rinneadh, i mbuiséad 2018, chun foráil a dhéanamh d’airleacain. Dá réir sin, ní theastaíonn aon bhuiséad leasaitheach.
2.Faisnéis agus coinníollacha
Le linn shamhradh agus fhómhar 2017, buaileadh an Laitvia le báisteach throm a mhair ar feadh tréimhse fhada, rud a d’fhág an ithir sáithithe agus tuilte ar fud na tíre, go háirithe i réigiún Latgale agus sna limistéir máguaird. Dá dheasca sin, loiteadh barra agus rinneadh damáiste go fada fairsing do shruthchúrsaí, don chóras draenála, do shuiteálacha cóireála uisce a bhí nasctha leo siúd, agus freisin don bhonneagar bóithre agus iarnród.
(1)An 14 Samhain 2017, laistigh de sprioc-am 12 sheachtain ó rinneadh taifead a chéaduair ar an damáiste an 24 Lúnasa 2017, rinne an Laitvia iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE. Cuireadh an tiarratas isteach i dtaca le 'mórthubaiste nádúrtha' faoi Airteagal 2(2) den Rialachán. An 27 Aibreán 2018, agus í ag freagairt d’iarraidh ón gCoimisiún, sholáthair an Laitvia an fhaisnéis bhreise a raibh gá léi chun an measúnú ar an gcás sin a chur i gcrích.
(2)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(3)EUR 380,5 milliún meastachán na Laitvia ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a rinne na tuilte. Is airde an tsuim sin ná an ‘tairseach do mhórthubaistí’ a leagtar síos chun CDAE is infheidhme maidir leis an Liotuáin in 2017 a fhorscaoileadh, ciste arb é atá ann EUR 145 740 000 (i.e. 0,6% den Ollioncam Náisiúnta arna bhunú ar shonraí 2015). Ós rud é gurb airde an meastachán ar chostas an damáiste dhírigh iomláin ná an tairseach sin, is ‘mórthubaiste nádúrtha’, mar a shainmhínítear é sin sa Rialachán, é an tubaiste. Dá bhrí sin, tá an tiarratas ón Laitvia incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó CDAE.
(4)Níor iarr an Laitvia go níocfaí airleacan.
(5)San iarratas ón Laitvia, déantar cur síos mionsonraithe ar an staid mheitéareolaíoch ba thrúig don tubaiste agus ar an éifeacht a bhí aici. An bháisteach agus na tuilte seasta i rith mhí Lúnasa, mhí Mheán Fómhair agus mhí Dheireadh Fómhair in 2017, bhí siad ina gcúis le damáiste mór don talmhaíocht, agus bhí de thoradh orthu gur cailleadh barra agus gur tachtadh na córais draenála talmhaíochta ar fud limistéir mhóra. De bhreis air sin, rinneadh damáiste don bhonneagar poiblí náisiúnta agus áitiúil, go háirithe i dtaca le bonneagair uisce (sruthchúrsaí, córais draenála, suiteálacha hidreolaíocha, cladáin agus bonneagar cosanta eile a ghabhann leo siúd) agus iompair (bóithre móra agus mionbhóithre áitiúla, agus iarnróid). Rinneadh damáiste do 184 bhóthar stáit, agus b’éigean an tiompar ar iarnróid a chur ar fionraí ar feadh seala. An 29 Lúnasa 2017, fógraíodh staid éigeandála. Bhí institiúidí stáit agus rialtais áitiúil, agus fiontair, sa chruth nach raibh siad in ann feidhmiú mar ba cheart. Bhorr an tuile gur ardaigh sí i roinnt scoileanna agus i bhfoirgnimh eile rialtais áitiúil, agus b’éigean iad a dhúnadh. Rinne na tuilte creimeadh ar shruthchúrsaí agus fágadh a ngrinnill faoi bhruar sil-leagain, agus bhain an damáiste sin do 28 000 km de chórais draenála (faoi thalamh), do 4 500 km de dhraenacha oscailte agus de dhíoga, agus do 1 700 sruthchúrsa nó déantús hidreolaíoch. De dheasca an tuile a dhul i suiteálacha cóireála fuíolluisce, truaillíodh an tuisce agus bhí dainséar ann don timpeallacht.
(6)Ba é EUR 36,2 milliún meastachán na Laitvia ar chostas na noibríochtaí éigeandála agus aisghabhála is incháilithe faoi Airteagal 3(2) den Rialachán, agus chuir sí i láthair é agus é arna mhiondealú de réir chineál na noibríochtaí. Is leis an gcóras draenála poiblí, agus leis an mbonneagar a bhaineann leis, a bhaineann an sciar is mó (beagnach EUR 32 mhilliún) den chostas atá incháilithe le haghaidh cúnaimh, agus is mó i bhfad an sciar sin ná an chuid eile den chostas sin. Ní fhéadfar, áfach, ranníocaíocht ó CDAE a úsáid le haghaidh oibreacha deisiúcháin a rachadh thar an méid is gá chun na sócmhainní sin a chur sa riocht ina rabhadar roimh an tubaiste.
(7)Dhearbhaigh údaráis na Laitvia nach bhfuil aon árachas ann a chumhdódh an costas incháilithe.
(8)‘Réigiún lagfhorbartha’ faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (2014-2020) is ea an réigiún a buaileadh. Níor chuir údaráis na Laitvia in iúl don Choimisiún go raibh sé i gceist acu maoiniú a athdháileadh ó chláir Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa i dtreo bearta aisghabhála. Tar éis an Laitvia iarratas a thíolacadh don Choimisiún i mí na Samhna 2017, áfach, iarratas lenar iarr sí tacaíocht d’fheirmeoirí, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/108 maidir le beart éigeandála a dhéanamh, is é sin cabhair a thabhairt d’fheirmeoirí de dheasca tuilte agus báisteach throm i gceantair áirithe sa Liotuáin, sa Laitvia, san Eastóin agus san Fhionlainn. Is é EUR 3,5 milliún an tuasmhéid a tugadh don Laitvia.
(9)Níor ghníomhachtaigh an Laitvia an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta.
(10)I dtaca le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú, níl aon nós imeachta maidir le sárú ar siúl faoi láthair.
2.5Conclúid
Ar na cúiseanna thuas, tá na tubaistí dá dtagraítear sna hiarratais arna dtíolacadh ag an Laitvia ag teacht leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán maidir le CDAE a fhorscaoileadh.
3.Maoiniú ó leithdháiltí CDAE 2018
Le Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013, lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 2 (“Rialachán CAI” anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 10 de, féadfar CDAE a fhorscaoileadh, faoi réir uasteorainn bhliantúil EUR 500 000 000 (praghsanna 2011). Le pointe 11 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais 3 (IIa), leagtar síos na modúlachtaí d’fhorscaoileadh CDAE.
Ós rud é gurbh í an dlúthpháirtíocht, den chuid is mó, ba bhonn dlisteanachta do bhunú CDAE, tá an Coimisiún den tuairim gur cheart an chabhair a bheith ina cabhair fhorásach. Is éard a thagann de sin, de réir an chleachtais go nuige seo, gur cheart gur mhó agus gur dhlúithe an chabhair a thabharfaí mar fhreagairt ar an gcion sin den damáiste is mó ná an “tairseach mórthubaistí nádúrtha” le haghaidh fhorscaoileadh CDAE (i.e. 0.6 % den ollioncam náisiúnta nó EUR 3 bhilliún i bpraghsanna 2011, cibé acu is ísle), ná an chabhair a thabharfaí mar fhreagairt ar dhamáiste a bheadh ar an tairseach sin nó faoin tairseach sin. Is é an ráta a cuireadh i bhfeidhm roimhe seo chun leithdháiltí a shainiú do mhórthubaistí ná 2,5% den damáiste díreach iomlán, faoin tairseach, agus 6% don chuid den damáiste os cionn na tairsí. I gcás tubaistí réigiúnacha agus tubaistí a gcaitear leo faoin bhforáil maidir le ‘tír chomharsanachta’, is é 2,5% an ráta.
Ní féidir don ranníocaíocht a bheith níos mó ná costas iomlán measta na noibríochtaí incháilithe. Leagadh amach an mhodheolaíocht chun an chabhair a ríomh i dTuarascáil Bhliantúil 2002-2003 maidir le CDAE, agus ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa léi.
Ar bhonn an iarratais ón Laitvia, is mar seo a leanas ríomh na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE, agus tá an ríomh sin bunaithe ar an meastachán ar chostas na ndamáistí díreacha iomlána a rinneadh:
|
Na Ballstáit |
Cáilíocht na tubaiste |
Damáiste díreach iomlán (milliún EUR) |
Tairseach i gcás mórthubaistí (milliún EUR) |
2,5% den damáiste díreach suas go dtí an tairseach (EUR) |
6% den damáiste díreach os cionn na tairsí (EUR) |
Suim iomlán na cabhrach atá molta (EUR) |
Airleacain arna níoc (EUR) |
|
AN LAITVIA |
Mórthubaiste (Airt. 2(2)) |
380,524 |
145,740 |
3 643 500 |
14 087 019 |
17 730 519 |
0 |
|
IOMLÁN |
17 730 519 |
0 |
|||||
I gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán CAI, ba é EUR 421 142 057 méid iomlán na cabhrach a bhí ar fáil le haghaidh fhorscaoileadh CDAE i dtús 2018, óir is é sin suim an leithdháilte atá fágtha le haghaidh 2018, is é sin EUR 280 371 754 (i.e. EUR 574 342 834 lúide EUR 293 971 080 a forscaoileadh cheana in 2017 4 ), móide a raibh fágtha den leithdháileadh le haghaidh 2017, is é sin EUR 140 770 303 nár caitheadh an bhliain sin agus a tugadh anonn go 2018.
Is í an tsuim a fhéadfar a fhorscaoileadh ag an tráth seo den bhliain 2018 ná EUR 139 397 191. Tá an tsuim sin ag freagairt don tsuim iomlán a bhí ar fáil d’fhorscaoileadh CDAE i dtús 2018 (EUR 421 142 057), lúide an tsuim a coimeádadh, mar atá EUR 143 585 709, chun urraim a thabhairt don oibleagáid atá ann 25% de leithdháileadh bliantúil 2018 a choimeád i leataobh go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2018, ar oibleagáid é a sonraíodh in Airteagal 10(1) de Rialachán CAI, lúide EUR 104 166 951 a forscaoileadh don Ghréig, don Spáinn, don Fhrainc agus don Phortaingéil 5 agus lúide EUR 33 992 206 a forscaoileadh don Bhulgáir, don Ghréig, don Liotuáin, agus don Pholainn 6 níos luaithe i mbliana.
|
Tábla achoimre ar mhaoiniú CDAE |
Méid EUR |
|
Leithdháileadh 2017 arna thabhairt ar aghaidh go 2018 |
140 770 303 |
|
Leithdháileadh 2018 |
574 342 834 |
|
Leithdháileadh 2018 arna thúsualú in 2017 i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán CAI |
-293 971 080 ---------------- |
|
Suim iomlán ar fáil i dtús 2018 |
421 142 057 |
|
Lúide an tsuim a forscaoileadh cheana in 2018 don Ghréig, don Spáinn, don Fhrainc agus don Phortaingéil |
-104 166 951 |
|
Lúide an tsuim a forscaoileadh cheana in 2018 don Bhulgáir, don Ghréig, don Liotuáin agus don Pholainn |
- 33 992 206 |
|
Lúide 25% de leithdháileadh 2018 arna choimeád |
-143 585 709 ---------------- |
|
Suim uasta atá ar fáil faoi láthair (leithdháiltí 2017+2018) |
139 397 191 |
|
Méid iomlán na cabhrach a mholtar a fhorscaoileadh don Laitvia |
- 17 730 519 |
|
Infhaighteachtaí atá fágtha go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2018 |
121 666 672 |
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Laitvia
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh 7 , agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 2 Nollaig 2013 maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais 8 , agus go háirithe pointe 11 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Is é is aidhm le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) ná a chur ar chumas an Aontais freagairt, ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha, ar staideanna éigeandála, chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail na réigiún nuair a bhuaileann tubaiste nádúrtha iad.
(2)Ní féidir don Chiste a bheith níos mó ná suim uasta bhliantúil EUR 500 000 000 (praghsanna 2011), de réir mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle 9 .
(3)An 14 Samhain 2017, tar éis báisteach throm a mhair ar feadh tréimhse fhada le linn shamhradh agus fhómhar 2017 agus a d’fhág an ithir sáithithe agus ba shiocair le tuilte ina dhiaidh sin, thíolaic an Laitvia iarratas lenar iarr siad an Ciste a fhorscaoileadh.
(4)Tá an tiarratas ón Laitvia i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a thabhairt ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.
(5)Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a fhorscaoileadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Laitvia.
(6)Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a fhorscaoileadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha.
(7)Le Cinneadh 2018/508 an 27 Márta 2018 10 , rinneadh an Ciste a fhorscaoileadh chun suim EUR 50 000 000, agus é sin ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus íocaíochtaí, a chur ar fáil chun airleacain a íoc i mbliain airgeadais 2018. Ní dhearnadh na leithreasuithe sin a úsáid ach go feadh méid anteoranta. Dá bhrí sin, tá an deis ar fáil suim iomlán an fhorscaoilte seo a mhaoiniú trí athleithdháileadh a dhéanamh ar na leithreasuithe a forscaoileadh faoi chomhair airleacain a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh bhliain airgeadais 2018.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2018, bainfear úsáid as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun méid EUR 17 730 519 a sholáthar don Laitvia, agus é sin ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus íocaíochtaí.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó … [dáta a ghlactha]**.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
Cinneadh (AE) 2017/1599 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Iodáil (IO L 245, 23.9.2017), agus Buiséad Leasaitheach Uimh. 4/2017 (IO L 330, 13.12.2017) a ghabhann leis.
Cinneadh (AE) 2018/846 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig, don Spáinn, don Fhrainc agus don Phortaingéil (IO L 144, 8.6.2018, lgh. 3–4), agus Buiséad Leasaitheach Uimh. 4/2018 (IO L 191, 27.7.2018, lgh. 1–22). a ghabhann leis.