An Bhruiséil,12.9.2018

COM(2018) 630 final

2018/0328(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta




FMT:ItalicIonchur ón gCoimisiún Eorpach ag cruinniú na gCeannairí in
FMT:ItalicSalzburg an 19-20 Meán Fómhair 2018

{SEC(2018) 396 final}
{SWD(2018) 403 final}
{SWD(2018) 404 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Dá mhéad a éiríonn an saol laethúil agus geilleagair níos spleáiche ar theicneolaíochtaí digiteacha is ea is mó a bheidh baol ann de chibeartheagmhais thromchúiseacha do shaoránaigh. Beidh an tslándáil amach anseo ag brath ar fheabhas a chur ar an gcumas an tAontas a chosaint in aghaidh cibearbhagairtí, ós rud é go mbraitheann an bonneagar sibhialtach agus acmhainneachtaí míleata ar chórais dhigiteacha shlána.

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhfuil méadú ag teacht orthu, tá an tAontas tar éis a chuid gníomhaíochtaí sa réimse a mhéadú, ag cur le Straitéis Chibearshlándála 2013 1 agus le cuspóirí agus prionsabail na straitéise sin chun cibear-éiceachóras iontaofa, sábháilte agus oscailte a chothú. In 2016, ghlac an tAontas lena bhearta tosaigh i réimse na cibearshlándála trí Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slándáil líonra agus córais faisnéise 2 .

I Meán Fómhair 2017, ós rud é go bhfuil an timpeallacht chibearshlándála ag athrú go tapa, chuir an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Teachtaireacht Chomhpháirteach i láthair 3  dar teideal Resilience, Deterrence and Defence: Building strong cybersecurity for the EU [Athléimneacht, díspreagadh agus cosaint: Cibearshlándáil láidir a thógáil don Aontas Eorpach] chun athléimneacht, díspreagadh agus freagairt an Aontais i dtaobh cibear-ionsaithe a neartú a thuilleadh. Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach, lena dtógtar freisin ar thionscnaimh a bhí ann roimhe sin, leagtar amach sraith gníomhaíochtaí atá beartaithe lena n-áirítear, i measc bearta eile, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) a neartú, creat deimhniúcháin cibearshlándála deonach uile-Aontais a chruthú chun cibearshlándáil táirgí agus seirbhísí sa saol digiteach a threisiú agus gormchló a chruthú le haghaidh freagairt thapa chomhordaithe ar theagmhais chibearshlándála agus ar ghéarchéimeanna cibearshlándála a tharlaíonn ar mhórscála.

Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach sin, aithníodh go bhfuil sé chun leas straitéiseach an Aontais freisin a áirithiú go ndéanfadh sé acmhainneachtaí teicneolaíocha cibearshlándála ríthábhachtacha a choimeád agus a fhorbairt chun a Mhargadh Digiteach Aonair a shlánú agus, go háirithe, chun líonraí agus córais faisnéise criticiúla a chosaint agus chun seirbhísí cibearshlándála lárnacha a chur ar fáil. Ní foláir nó go mbeadh an tAontas in ann a chuid sócmhainní digiteacha a dhaingniú as a stuaim féin agus dul san iomaíocht sa mhargadh domhanda cibearshlándála.

Faoi láthair, is allmhaireoir glan é an tAontas de tháirgí agus réitigh chibearshlándála agus braitheann sé go mór ar sholáthraithe neamh-Eorpacha 4 . Tá luach EUR 600 billiún i gceist leis an margadh cibearshlándála ar fud an domhain agus táthar ag súil go dtiocfaidh fás thart ar 17 % air ar an meán sna cúig bliana amach romhainn maidir le díolacháin, líon na gcuideachtaí agus fostaíocht. Níl ach 6 Bhallstát, áfach, sna 20 tír is mó atá chun cinn sa mhargadh cibearshlándála 5 .

Ag an am céanna, tá san Aontas saibhreas saineolais agus taithí in earnáil na cibearshlándála. Tá níos mó ná 660 eagraíocht ó áiteanna ar fud an Aontais Eorpaigh atá cláraithe leis an mapáil a rinne an Coimisiún le déanaí ar lárionaid um shaineolas ar chibearshlándáil 6 . Chuirfeadh an saineolas sin, dá ndéanfaí é a chlaochlú ina dtáirgí agus ina réitigh indíolta, ar chumas an Aontais an slabhra breisluacha cibearshlándála uile a chumhdach. Fós, tá iarrachtaí na bpobal taighde agus tionsclaíoch ilroinnte, gan ailíniú ná misean comhchoiteann, rud a chuireann bac ar iomaíochas an Aontais sa réimse seo agus ar a chumas a shócmhainní digiteacha a shlánú. Ní thacaítear go leordhóthanach sa lá atá inniu ann leis na hearnálacha cibearshlándála ábhartha (e.g. earnáil an fhuinnimh, an spáis, na cosanta agus an iompair) ná leis na fo-réimsí 7 . Ní bhaintear leas is fearr as sineirgíochtaí idir na hearnálacha cibearshlándála sibhialtacha agus cosanta san Eoraip ach an oiread.

Ba chéim thosaigh mhaith é in 2016 nuair a cruthaíodh an chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (‘cPPP’) maidir leis an gcibearshlándáil san Aontas chun an pobal taighde, an earnáil tionsclaíochta agus an earnáil phoiblí a thabhairt le chéile chun taighde agus nuáil i dtaobh na cibearshlándála a éascú agus ba cheart go soláthrófaí, laistigh de theorainneacha chreat airgeadais 2014-2020, torthaí maithe atá níos dírithe maidir leis an taighde agus leis an nuáil. Lig an cPPP do chomhpháirtithe tionsclaíocha a dtiomantas maidir lena gcaiteachas aonair a léiriú i dtaobh réimsí arna sainiú i gClár Oibre na comhpháirtíochta um Thaighde agus Nuálaíocht Straitéiseach.

Is féidir leis an Aontas, áfach, infheistíocht ar scála i bhfad níos mó a dhéanamh agus, dá réir sin, tá sásra níos éifeachtaí de dhíth lena gcothófaí acmhainneachtaí a mhairfeadh go ceann i bhfad, lena ndéanfaí iarrachtaí agus inniúlachtaí a chomhthiomsú, agus lena ndéanfaí forbairt ar réitigh nuálacha a spreagadh chun freagairt do dhúshláin thionsclaíocha chibearshlándála sa réimse maidir le teicneolaíochtaí ilfheidhmeacha nua (m.sh., intleacht shaorga, ríomhaireacht chandamach, blocshlabhra agus céannachtaí digiteacha sábháilte) agus in earnálacha criticiúla (m.sh., earnáil an iompair, an fhuinnimh, na sláinte, an airgeadais, an rialtais, na teileachumarsáide, na déantúsaíochta, na cosanta, an spáis).

Breithníodh an fhéidearthacht sa Teachtaireacht Chomhpháirteach go ndéanfaí cumas cibearshlándála an Aontais a neartú trí líonra de lárionaid um inniúlachtaí cibearshlándála agus an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála a bheith mar chroílár den líonra sin. Leis sin, d'fhéachfaí leis na hiarrachtaí forbartha acmhainneachta atá ann cheana sa réimse sin ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta a chomhlánú. Léiríodh sa Teachtaireacht Chomhpháirteach rún an Choimisiúin measúnú tionchair a sheoladh in 2018 chun scrúdú a dhéanamh ar na roghanna atá ar fáil d'fhonn an struchtúr a chur ar bun. Sheol an Coimisiún, mar chéad chéim agus chun cur le smaointeoireacht sa todhchaí, céim phíolótach faoin gclár Fís 2020 chun cúnamh a thabhairt lárionaid náisiúnta a thabhairt le chéile i líonra chun móiminteam nua a chruthú maidir le hinniúlacht chibearshlándála agus forbairt teicneolaíochta.

D’iarr na Cinn Stáit agus Rialtais ag Cruinniú Mullaigh Digiteach Thaillinn, i Meán Fómhair 2017, go n-iompódh an tAontas ina “cheannaire domhanda maidir leis an gcibearshlándáil faoi 2025, chun iontaoibh, muinín agus cosaint ár saoránach, tomhaltóirí agus fiontar ar líne a áirithiú agus chun idirlíon saor a rialaítear de réir an dlí a chumasú.”

Le Conclúidí na Comhairle 8 a glacadh i mí na Samhna 2017, iarradh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a chur ar fáil go mear faoi na roghanna féideartha agus, faoi lár 2018, an ionstraim dhlíthiúil ábhartha chun an tionscnamh a chur chun feidhme a mholadh.

Féachann an Clár don Eoraip Dhigiteach arna mholadh ag an gCoimisiún i Meitheamh 2018 9 le tairbhí an chlaochlaithe dhigitigh a mhéadú agus a fheabhsú do shaoránaigh Eorpacha agus do ghnólachtaí i ngach réimse beartais ábhartha de chuid an Aontais, na beartais a neartú agus tacú leis na huaillmhianta don Mhargadh Dhigiteach Aonair. Moltar sa chlár seo cur chuige comhleanúnach agus uileghabhálach chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr as ardteicneolaíochtaí agus go mbeidh an comhcheangal ceart ann idir acmhainneacht theicniúil agus inniúlacht daoine le haghaidh an chlaochlaithe dhigitigh – ní hamháin i réimse na cibearshlándála, ach maidir le bonneagar sonraí cliste, intleacht shaorga, scileanna agus feidhmchláir ardfhorbartha san earnáil tionsclaíochta agus i réimsí a bhaineann le leas an phobail freisin. Tá na heilimintí seo idirspleách, ag neartú a chéile agus, nuair a dhéantar iad a chothú go comhuaineach, is féidir an scála is gá a bhaint amach chun go dtiocfaidh fás ar an ngeilleagar sonraí 10 . An Clár Fís Eorpach  11 .- luaitear an chibearshlándáil i measc thosaíochtaí an chéad Chlár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh freisin.

Sa chomhthéacs sin moltar sa Rialachán atá ann faoi láthair Inniúlacht Taighde, Teicneolaíochta agus Tionsclaíocha Cibearshlándála a chur ar bun ar leibhéal Eorpach trí líonra de Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta. Ba cheart go n-oibreodh an tsamhail shaincheaptha um chomhar mar seo a leanas chun éiceachóras teicneolaíoch agus tionsclaíoch cibearshlándála Eorpach a spreagadh: Déanfar obair an Líonra a éascú agus a chomhordú leis an Lárionad um Inniúlachtaí agus cothófar an Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála, ag cur an clár oibre teicneolaíoch cibearshlándála chun cinn agus ag déanamh teacht ar an saineolas a bailíodh le chéile a éascú. Déanfaidh an Lárionad um Inniúlachtaí é sin go háirithe trí na codanna ábhartha de na cláir; an Eoraip Dhigiteach agus Fís Eorpach faoi seach, a chur chun feidhme trí dheontais a dháileadh agus soláthair a chur i gcrích. Ag féachaint don mhéid mór atá infheistithe i gcibearshlándáil arna déanamh i gcodanna eile an domhain agus don riachtanas acmhainní ábhartha san Eoraip a chomhordú agus a chomhthiomsú, tá an Lárionad um Inniúlachtaí molta mar Chomhpháirtíocht Eorpach 12 , agus dá réir sin éascaítear comhinfheistíocht ón Aontas, ó na Ballstáit agus/nó ón earnáil tionsclaíochta. Dá réir sin bíonn ar na Ballstáit méid a ranníoc atá i gcomhréir le gníomhartha an Lárionaid um Inniúlachtaí agus leis an Líonra. Is é an bord rialála an príomhchomhlacht déanta cinntí, ina nglacann na Ballstáit go léir páirt ach nach mbíonn cearta vótála ach ag na Ballstáit sin a bhíonn rannpháirteach ó thaobh airgeadais de. Leanann an sásra vótála sa bhord rialála prionsabal an tromlaigh dhúbailte ina mbíonn 75 % den ranníocaíocht airgeadais agus 75 % de na vótaí riachtanach. Ag féachaint dá dhualgas i leith bhuiséad an Aontais, coimeádann an Coimisiún 50 % de na vótaí. Bainfidh an Coimisiún leas, nuair is iomchuí, as saineolas na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, dá obair ar an mBord Rialála. Tugann an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta cúnamh don bhord rialála chun idirphlé rialta leis an earnáil phríobháideach, le heagraíochtaí tomhaltóirí agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile a áirithiú.

Agus é ag obair go dlúth le Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta agus leis an bpobal inniúlachta cibearshlándála (lena mbaineann grúpa mór éagsúil gníomhaithe atá rannpháirteach i bhforbairt na teicneolaíochta cibearshlándála amhail eintitis taighde, tionscail ar thaobh an tsoláthair, tionscail ar thaobh an éilimh, agus an earnáil phoiblí) a bunaíodh leis an Rialachán seo, bheadh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála ar an bpríomhchomhlacht cur chun feidhme le haghaidh acmhainní airgeadais an Aontais atá tiomanta don chibearshlándáil faoin gClár don Eoraip Dhigiteach agus faoin gClár Fís Eorpach atá beartaithe

Thacódh cur chuige cuimsitheach den sórt sin leis an gcibearshlándáil ar fud an tslabhra luacha ina iomlán, idir thaighde agus thacú le cur in úsáid agus le glacadh teicneolaíochtaí ríthábhachtacha. Ba cheart go mbeadh rannpháirtíocht airgeadais na mBallstát i gcomhréir le ranníocaíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh leis an tionscnamh seo agus is eilimint riachtanach í sin dá rath.

Ós rud é go bhfuil saineolas ar leith ag an Eagraíocht Eorpach um an gCibearshlándáil, atá ina contrapháirtí leis an gCoimisiún sa chomhpháirtíocht chonarthach phríobháideach phoiblí maidir leis an gcibearshlándáil faoin gclár Fís 2020, agus ós rud é go ndéanann an eagraíocht ionadaíocht ar raon leathan ábhartha de pháirtithe leasmhara, ba cheart cuireadh a thabhairt di rannchuidiú le hobair an Lárionaid agus le hobair an líonra.

Ina theannta sin, ba cheart go bhféachfadh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála le sineirgíochtaí idir na gnéithe sibhialtacha agus cosanta den chibearshlándáil a fheabhsú. Ba cheart dó tacú leis na Ballstáit agus le gníomhaithe ábhartha eile trí chomhairle a chur ar fáil, saineolas a chomhroinnt agus comhoibriú maidir le tionscadal agus bearta a éascú. D’fhéadfadh sí feidhmiú mar bhainisteoir tionscadail freisin go háirithe maidir leis an gCiste Eorpach Cosanta nuair a iarrann na Ballstáit é sin air. Is é is aidhm don tionscnaimh reatha tacú le dul i ngleic leis na fadhbanna a leanas:

·Comhar neamhleor idir éileamh cibearshlándála agus tionscail soláthair. Tá ar ghnólachtaí Eorpacha déileáil leis an dúshlán fanacht slán agus táirgí agus seirbhísí slána a thairiscint dá gcliaint. Fós féin, ní bhíonn siad in ann na táirgí, seirbhísí agus sócmhainní atá acu cheana a shlánú go hiomchuí nó táirgí agus seirbhísí nuálacha a dhearadh. Go rómhinic bíonn na heochairshócmhainní cibearshlándála róchostasach le bheith forbartha agus socraithe ag gníomhaithe aonair, nach mbaineann a bpríomhghníomhaíocht ghnó leis an gcibearshlándáil. Ag an am céanna, níl na naisc idir margadh na cibearshlándála ar thaobh an éilimh agus margadh na cibearshlándála ar thaobh an tsoláthair forbartha go leordhóthanach, rud a fhágann go ndéantar soláthar fo-optamach ar tháirgí agus réitigh Eorpacha atá oiriúnaithe do riachtanais earnálacha éagsúla gan leibhéal leordhóthanach iontaoibhe i measc ghníomhaithe an mhargaidh.

·Gan sásra comhair éifeachtúil ann i measc na mBallstát le haghaidh acmhainneacht thionsclaíoch a fhorbairt. Faoi láthair, níl sásra comhair éifeachtúil ann ionas gur féidir le Ballstáit a bheith ag obair le chéile chun na cumais riachtanacha a fhorbairt lena gcuirtear bonn taca faoin nuálaíocht maidir leis an gcibearshlándáil ar fud na n-earnálacha tionsclaíocha agus réitigh chibearshlándála Eorpacha ar thús cadhnaíochta a chur in úsáid. Leis na sásraí comhair atá ann faoi láthair ag na Ballstáit i réimse na cibearshlándála faoi Threoir (AE) 2016/1148, ní bheartaítear an cineál sin gníomhaíochtaí mar chuid dá sainordú.

·Comhar neamhimleor laistigh agus idir na pobail taighde agus thionsclaíocha. D’ainneoin acmhainneacht theoiriciúil na hEorpa an slabhra breisluacha cibearshlándála iomlán a chumhdach, tá earnálacha cibearshlándála ábhartha ann (m.sh., earnáil an fhuinnimh, an spáis, na cosanta, an iompair) agus fo-réimsí nach bhfaigheann a dhóthain tacaíochta ón bpobal taighde faoi láthair, nó nach bhfaigheann tacaíocht ach ó líon teoranta lárionad (m.sh., cripteagrafaíocht iar-chandamach agus chandamach, iontaoibh agus cibearshlándáil maidir le hintleacht shaorga). Cé gur léir go bhfuil an comhoibriú sin ann, is minic a bhíonn sé ina shocrú de chineál comhairliúcháin gearrthéarma, rud a fhágann nach féidir a bheith gníomhach i bpleananna taighde fadtéarma chun dúshláin thionsclaíocha chibearshlándála a réiteach.

·Comhar neamhleor idir na pobail taighde agus nuálaíochta in earnálacha na cibearshlándála sibhialtaí agus cosanta. Baineann fadhb na leibhéal neamhleor comhair leis na pobail shibhialtacha agus chosanta freisin. Ní úsáidtear ar bhealach leordhóthanach na sineirgíochtaí atá ann cheana mar gheall ar an easnamh sásraí éifeachtúla a ligeann do na pobail sin a bheith ag obair i gcomhair le chéile go héifeachtúil agus iontaoibh a chothú, rud atá ina réamhcheangal le haghaidh comhar rathúil sa réimse seo go háirithe le hais réimsí eile. Anuas air sin, tá acmhainní teoranta airgeadais i margadh cibearshlándála an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear cistí nach leor iad chun tacú leis an nuálaíocht.

·Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

An líonra um inniúlachtaí cibearshlándála agus an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála mar thacaíocht bhreise do na forálacha agus do na gníomhaithe beartais cibearshlándála atá ann cheana. Beidh sainordú an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála comhlántach d’iarrachtaí ENISA ach tá fócas éagsúil i gceist leis agus tá sraith éagsúil scileanna riachtanach dó. Cé go bhfuil ról le himirt ag ENISA comhairle a thabhairt maidir le taighde agus nuálaíocht i dtaobh cibearshlándála san Aontas Eorpach, díríonn a shainordú molta den chuid is mó ar chúraimí eile atá ríthábhachtach le haghaidh athléimneacht chibearshlándála san Aontas Eorpach a neartú. Ina theannta sin, níl na cineálacha gníomhaíochtaí a bheadh ina bpríomhchúraimí ag an Lárionad agus ag an Líonra, is iad sin forbairt agus cur in úsáid na teicneolaíochta i gcibearshlándáil a spreagadh agus na hiarrachtaí forbartha acmhainneachta sa réimse sin a chomhlánú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta, níl na gníomhaíochtaí sin beartaithe i sainordú ENISA.

Oibreoidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála i dteannta leis an líonra um inniúlachtaí cibearshlándála chun tacú le taighde le haghaidh caighdeánú agus próisis deimhniúcháin a éascú agus a luathú, go háirithe na cinn sin a bhaineann le scéimeanna deimhniúcháin cibearshlándála de réir bhrí an Ghnímh um Chibearshlándáil 13 14 atá beartaithe.

Méadú ó scála de facto atá sa tionscnamh reatha ar an gcomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí maidir leis an gcibearshlándáil (cPPP), a bhí ar an gcéad iarracht ar fud an Aontais Eorpaigh an tionscal cibearshlándála, an tionscal ar thaobh an éilimh (ceannaitheoirí táirgí agus réitigh chibearshlándála, riarachán poiblí agus earnálacha criticiúla amhail earnáil an iompair, na sláinte, an fhuinnimh, an airgeadais san áireamh) agus an pobal taighde a thabhairt le chéile chun ardán a thógáil lena gcuirfí idirphlé inbhuanaithe chun cinn agus lena gcruthófaí dálaí le haghaidh comh-infheistíocht dheonach. Cruthaíodh an cPPP in 2016 agus spreag sé suas le EUR 1.8 billiún in infheistíocht faoi 2020. Mar sin féin, léiríonn scála na hinfheistíochta atá ar siúl in áiteanna eile ar domhan (e.g. sa bhliain 2017 amháin, d’infheistigh Stáit Aontaithe Mheiriceá 19 mbilliún dollar sa chibearshlándáil) gur gá don Aontas Eorpach tuilleadh a dhéanamh chun mais chriticiúil infheistíochta a chothú, agus ilroinnt na n-acmhainneachtaí atá leata ar fud an Aontais Eorpaigh a shárú.

·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Feidhmeoidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála mar chomhlacht cur chun feidhme aonair do chláir éagsúla an Aontais lena dtacaítear leis an gcibearshlándáil (an Clár nua don Eoraip Dhigiteach agus an Clár Fís Eorpach) agus an comhleanúnachas agus sineirgíochtaí eatarthu a fheabhsú.

Leis an tionscnamh seo, beidh deis ann iarrachtaí na mBallstát a chomhlánú trí ionchur iomchuí a chur ar fáil do lucht déanta beartas chun scileanna cibearshlándála a fheabhsú (m.sh., trí churaclam cibearshlándála a fhorbairt i gcórais oideachais shibhialtacha agus mhíleata) chun cúnamh a thabhairt fórsa saothair cibearshlándála cáilithe a fhorbairt san Aontas Eorpach, rud a bheidh ina eochairshócmhainn do chuideachtaí cibearshlándála agus tionscail eile a bhfuil baint acu leis an gcibearshlándáil. Maidir le hoideachas agus oiliúint i dtaobh na cibearshlándála, beidh an tionscnamh seo comhsheasmhach le hobair leanúnach an ardáin oideachais, oiliúna agus cleachtais maidir le cibearshlándáil arna bhunú faoin gColáiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint.

Beidh an tionscnamh seo comhlántach leis na Moil Nuálaíochta Digití faoin gClár don Eoraip Dhigiteach agus ina thacaíocht dóibh. Is eagraíochtaí neamhbhrabúsacha iad Moil Nuálaíochta Digití a chuidíonn le cuideachtaí, go háirithe gnólachtaí nua-thionscanta, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus cuideachtaí meánchaipitlithe, éirí níos iomaíche trí fheabhas a chur ar a bpróisis ghnó/táirgthe agus ar tháirgí agus seirbhísí trí nuálaíocht chliste arna cumasú le teicneolaíocht dhigiteach. Cuireann Moil Nuálaíochta Digití seirbhísí nuálaíochta atá dírithe ar ghnó ar fáil, amhail faisnéis mhargaidh, comhairle mhaoiniúcháin, rochtain ar shaoráidí tástála agus turgnamhaíochta ábhartha, oiliúint agus forbairt scileanna, chun cúnamh a thabhairt táirgí nó seirbhísí nua a chur ar an margadh go rathúil, nó chun próisis táirgthe níos fearr a thabhairt isteach. D’fhéadfadh roinnt Mol Nuálaíochta Digití, lena mbaineann saineolas cibearshlándála sonrach, a bheith rannpháirteach go díreach i bpobal inniúlachta cibearshlándála arna bhunú trí bhíthin an tionscnaimh seo. I bhformhór na gcásanna, áfach, dhéanfadh Moil Nuálaíochta Digití, nach bhfuil próifíl chibearshlándála shonrach acu, rochtain ar shaineolas cibearshlándála, ar eolas cibearshlándála agus ar eolas agus acmhainneachtaí cibearshlándála atá ar fáil sa phobal inniúlachta cibearshlándála a éascú dá dtoghghrúpa trí dhlúth-chomhoibriú le Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta agus leis an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála. Thacódh Moil Nuálaíochta Digití freisin le táirgí agus réitigh nuálacha maidir leis an gcibearshlándáil a chur in úsáid, ar táirgí agus réitigh iad a chomhfhreagraíonn do riachtanais na gcuideachtaí agus úsáideoirí deiridh eile ar a ndéanann siad freastal. Ar deireadh thiar, d’fhéadfadh Moil Nuálaíochta Digití a bhaineann go sonrach le hearnáil áirithe a gcuid eolais ar riachtanais earnála ón bhfíorshaol a chomhroinnt leis an Líonra agus leis an Lárionad chun cur leis an machnamh faoin gclár oibre taighde agus nuálaíochta a chomhfhreagraíonn do na riachtanais thionsclaíocha.

Lorgófar sineirgíochtaí le Pobail Eolais agus Nuálaíochta ábhartha na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), agus, go háirithe, le EIT Digiteach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Ba cheart go mbeidh an Lárionad Inniúlachta bunaithe ar bhunús dlí dúbailte mar gheall ar a nádúr agus ar na cuspóirí sonracha lena mbaineann. Le hAirteagal 187 CFAE, lena gcuirtear na struchtúir ar bun atá de dhíth chun go bhfeidhmeodh cláir thaighde agus cláir forbartha agus léirithe teicneolaíochta an Aontais ar bhealach éifeachtúil, cuirtear ar chumas an Lárionaid Inniúlachta sineirgíochtaí a chruthú agus acmhainní a chomhthiomsú chun infheistiú sna hacmhainneachtaí is gá ar leibhéal na mBallstát agus sócmhainní comhroinnte Eorpacha a fhorbairt (m.sh., tríd an mbonneagar tástála agus turgnamhaíochta cibearshlándála is gá a sholáthar). Foráiltear sa chéad mhír d’Airteagal 188 maidir le glacadh na mbeart sin. D’aineoinn sin, ní fhoráiltear sa chéad fho-mhír d’Airteagal 188 mar bhunús dlí aonair gur féidir leis na gníomhaíochtaí dul níos faide ná an réimse taighde agus forbartha de réir mar is gá chun cuspóirí uile an Lárionaid Inniúlachta a chomhlíonadh faoi mar a leagtar amach sa Rialachán seo a thacaíonn le táirgí agus réitigh maidir leis an gcibearshlándáil a chur ar an mhargadh, ag cuidiú leis an tionscal cibearshlándála Eorpach éirí níos iomaíche agus a scair den mhargadh a mhéadú agus breisluach a chur leis na hiarrachtaí náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna i scileanna cibearshlándála. Dá réir sin chun na cuspóirí sin a bhaint amach is gá Airteagal 173(3) a chur leis mar bhunús dlí rud a ligfidh don Aontas foráil maidir le bearta chun tacú le hiomaíochas an tionscail.

An réasúnú don togra i dtéarmaí phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta 

Is saincheist í an Chibearshlándáil atá ina ábhar comhleasa don Aontas, de réir mar atá dearbhaithe ag Conclúidí na Comhairle atá luaite thuas. Cás den chineál sin is ea scála agus carachtar trasteorann teagmhas amhail WannaCryNonPetya. Mar gheall ar nádúr agus scála na ndúshlán teicneolaíoch ó thaobh na cibearshlándála de, anuas ar chomhordú neamhleor iarrachtaí laistigh agus ar fud na hearnála tionsclaíochta, teastaíonn ón earnáil phoiblí agus ón bpobal taighde go dtabharfadh an tAontas Eorpach tuilleadh tacaíochta d’iarrachtaí comhordúcháin ionas go ndéanfaí mais chriticiúil acmhainní a chomhthiomsú agus bainistiú eolais agus sócmhainní ar bhonn níos fearr a áirithiú. Tá sé sin ag teastáil i bhfianaise na riachtanas acmhainní a bhaineann le cumais áirithe maidir le taighde agus forbairt a dhéanamh ar an gcibearshlándáil agus an chibearshlándáil a chur in úsáid; an gá rochtain a chur ar fáil ar fhios ghnó maidir leis an gcibearshlándáil ar fud disciplíní éagsúla (nach mbíonn ar fáil go minic ach ar bhonn páirteach ar an leibhéal náisiúnta); nádúr domhanda slabhraí luacha tionsclaíocha, agus gníomhaíocht iomaitheoirí domhanda a oibríonn ar fud na margaí.

Bíonn acmhainní agus saineolas de dhíth ar scála chomh hard sin go mbeadh sé deacair d’aon Bhallstát beart a dhéanamh ar an scála sin ina aonar. Mar shampla, d’fhéadfadh infheistíocht dar luach thart ar EUR 900 milliún ón Aontas Eorpach a bheith ag teastáil ó líonra cumarsáide candamach uile-Eorpach, ag brath ar na hinfheistíochtaí ó na Ballstáit (le bheith idirnasctha/comhlánaithe) agus ar a mhéad agus a ligfeadh an teicneolaíocht sin athúsáid na mbonneagar atá ann cheana. Beidh ról tábhachtach ag an tionscnamh ó thaobh maoiniú a chomhthiomsú agus infheistíocht den chineál seo a cheadú san Aontas.

Ní féidir leis na Ballstáit iad féin cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach ina n-aonar. De réir mar atá léirithe thuas, is féidir iad a bhaint amach ar dhóigh níos fearr ar leibhéal an Aontais trí iarrachtaí a chomhthiomsú agus dúbláil gan ghá a sheachaint, ag cuidiú mais chriticiúil infheistíochta a chothú agus ag áirithiú go n-úsáidfear maoiniú poiblí ar bhealach optamach. Ag an am céanna, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá bonn cirt le beart ar leibhéal an Aontais ar bhonn na coimhdeachta agus na comhréireachta.

Níl aon oibleagáid rialála nua do ghnólachtaí beartaithe san ionstraim seo. Ag an am céanna, tá dóchúlacht ann go laghdóidh gnólachtaí, agus fiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe, na costais a ghabhann lena n-iarrachtaí táirgí cibearshlándála nuálacha a dhearadh ós rud é go gcumasaíonn an tionscnamh comhthiomsú acmhainní chun infheistiú in acmhainneachtaí riachtanacha ar leibhéal na mBallstát nó chun sócmhainní comhroinnte Eorpacha a fhorbairt (m.sh., trí bhonneagar tástála agus turgnamhaíochta cibearshlándála riachtanach a sholáthar ar bhonn comhpháirteach). D’fhéadfadh tionscail agus fiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud earnálacha éagsúla na sócmhainní sin a úsáid lena n-áirithiú go bhfuil a gcuid táirgí slán ó thaobh na cibearshlándála de agus an chibearshlándáil a úsáid mar bhuntáiste iomaíoch.

An rogha ionstraime

Bunaítear leis an ionstraim atá beartaithe comhlacht atá tiomanta chun bearta cibearshlándála a chur chun feidhme faoin gClár don Eoraip Dhigiteach agus faoin gClár Fís Eorpach. Leagtar amach sa sainordú lena mbaineann, cúraimí mar aon leis an struchtúr rialachais. Is gá Rialachán a ghlacadh chun comhlacht de chuid an Aontais dá leithéid sin a chur ar bun.

3.COMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Is tionscnamh nua é an togra líonra um inniúlachtaí cibearshlándála lena mbainfidh Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Taighde, Teicneolaíochta agus Tionsclaíocha Cibearshlándála a chruthú. Is ionann é agus leanúint ar aghaidh leis an gcomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí chonarthach maidir leis an gcibearshlándáil a cruthaíodh in 2016 agus í a mhéadú ó scála.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Is ábhar leathan trasearnála é an chibearshlándáil. D’úsáid an Coimisiún modhanna comhairliúcháin éagsúla chun a áirithiú go léirítear leas poiblí ginearálta an Aontais – seachas sainleasanna raon cúng grúpaí páirtithe leasmhara – sa tionscnamh seo. Áirithítear sa mhodh seo trédhearcacht agus cuntasacht in obair an Choimisiúin. Cé nach ndearnadh comhairliúchán poiblí oscailte go sonrach don tionscnamh seo mar gheall ar an spriocghrúpa lena mbaineann (an pobal tionsclaíoch agus taighde agus na Ballstáit), rinneadh an téama a chlúdach cheana féin i roinnt comhairliúchán poiblí oscailte eile:

· Comhairliúchán poiblí oscailte ginearálta a rinneadh in 2018 faoin ábhar maidir le hinfheistíocht, taighde & nuálaíocht, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus an margadh aonair.

·Seoladh comhairliúchán poiblí  12 sheachtain ar líne in 2017 chun tuairimí an phobail i gcoitinne a lorg (thart ar 90 freagróirí) maidir le meastóireacht agus athbhreithniú na Gníomhaireachta Eorpaí um Shlándáil Líonra agus Faisnéise.

· Comhairliúchán poiblí 12 sheachtain ar líne a rinneadh in 2016 ar ócáid sheoladh na comhpháirtíochta príobháidí-poiblí conarthaí maidir leis an gcibearshlándáil (thart ar 240 freagróirí).

Ina theannta sin, d’eagraigh an Coimisiún comhairliúcháin sprioctha maidir leis an tionscnamh seo lena n-áiríodh ceardlanna, cruinnithe agus iarrataí sprioctha ar ionchur (ó ENISA agus ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint). Mhair an tréimhse chomhairliúcháin breis agus 6 mhí, ag tosú i Mí na Samhna 2017 go dtí mí an Mhárta 2018. Ina theannta sin rinne an Coimisiún mapáil ar lárionaid saineolais, a chuir ar a chumas ionchur a bhailiú ó 665 lárionad saineolais um chibearshlándáil faoina bhfios gnó, agus faoin ngníomhaíocht, faoi na réimsí oibre, agus faoin gcomhar idirnáisiúnta a bhíonn ar bun acu. Seoladh an suirbhé i mí Eanáir agus rinneadh breithniú ar shuirbhéanna arna gcur isteach faoin 08 Márta 2018 don anailís ar an tuarascáil.

Bhreithnigh na páirtithe leasmhara ó phobail thionsclaíocha agus taighde go bhféadfadh an Lárionad Inniúlachta agus an Líonra breisluach a chur leis na hiarrachtaí reatha ar leibhéal náisiúnta trí chúnamh a thabhairt éiceachóras cibearshlándála uile-Eorpach a chruthú lena gcothófaí comhar níos fearr idir an pobal taighde agus an pobal tionsclaíoch. Bhreith siad freisin go bhfuil sé riachtanach go nglacfadh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit dearcadh réamhghníomhach, fadtéarma agus straitéiseach maidir le beartas tionsclaíoch cibearshlándála seachas díreach taighde agus nuáil amháin. Léirigh páirtithe leasmhara an gá rochtain a fháil ar eochairchumais amhail saoráidí tástála agus turgnamhaíochta agus uaillmhianachas an bhearna scileanna cibearshlándála a líonadh m.sh., trí thionscadail Eorpacha mhórscála lena mealltar na daoine is fearr. Tuigtear go bhfuil gach den mhéid sin thuas riachtanach ionas go n-aithneofaí an tAontas go domhanda mar cheannaire ó thaobh cibearshlándála de.

I gcreat na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin arna nglacadh ó mhí Mheán Fómhair seo caite 15 agus i gConclúidí tiomanta ón gComhairle 16 , ba dhíol sásaimh do na Ballstáit an rún líonra um inniúlachtaí cibearshlándála a chur ar bun chun forbairt agus cur in úsáid teicneolaíochtaí cibearshlándála a spreagadh, ag cur béime ar an ngá atá leis na Ballstáit go léir agus na lárionaid barr feabhais agus inniúlachta atá iontu cheana a chuimsiú agus aird ar leith a thabhairt do chomhlántacht. Go sonrach maidir leis an Lárionad Inniúlachta sa todhchaí, chuir na Ballstáit béim ar thábhacht a róil chomhordúcháin i dtacú an líonra. Go háirithe maidir le gníomhaíochtaí agus riachtanais náisiúnta i dtaobh na cibearshlándála, léiríodh sa chleachtas mapála maidir le riachtanais chibearshlándála na mBallstát arna dhéanamh ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i mí an Mhárta 2018, gur léir do thromlach na mBallstát go bhfuil breisluach sa tacaíocht ón Aontas don chibearoideachas agus don chibearoiliúint agus sa tacaíocht don earnáil tionsclaíochta trí thaighde agus forbairt 17 . Bheadh sé riachtanach an tionscnamh a chur chun feidhme i gcomhpháirt leis na Ballstáit nó leis na heintitis a dtugann na Ballstáit tacaíocht dóibh. Thabharfadh comhoibriú idir pobal na hearnála tionsclaíochta, an pobal taighde nó pobal na hearnála poiblí eintitis atá ann cheana a thabhairt le chéile agus a neartú i measc iarrachtaí gan aon cheann nua a chruthú. Bheadh Ballstáit rannpháirteach freisin i sainiú bearta sonracha ag díriú ar an earnáil phoiblí mar úsáideoir díreach theicneolaíocht agus fhios gnó na cibearshlándála.

Measúnú tionchair

Cuireadh measúnú tionchair ag tacú leis an tionscnamh seo isteach chuig an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 11 Aibreán 2017 agus fuarthas tuairim dhearfach fara agúis áirithe. Rinneadh an Measúnú Tionchair a athbhreithniú ina dhiaidh sin ag féachaint do thuairimí an Bhoird. Tá Tuairim an Bhoird mar aon leis an Iarscríbhinn ina mínítear an dóigh ar tugadh aghaidh ar thráchtanna an Bhoird foilsithe i dteannta leis an togra seo.

Breithníodh roinnt roghanna beartais sa Mheasúnú Tionchair, idir roghanna reachtacha agus neamhreachtacha. Coimeádadh na roghanna a leanas le haghaidh measúnú domhain:

·An cás bonnlíne - an Rogha Chomhoibríoch - toimhdítear leanúint ar aghaidh leis an gcur chuige reatha maidir le hacmhainneachtaí tionsclaíocha agus teicneolaíocha cibearshlándála a fhorbairt san Aontas Eorpach trí thacú le taighde agus le nuáil agus le sásraí comhoibríocha gaolmhara faoi FP9.

·Rogha 1: Líonra um inniúlachtaí cibearshlándála lena mbaineann Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála ag a bhfuil dé-shainordú bearta a shaothrú chun tacú le teicneolaíochtaí tionsclaíocha agus i réimse an taighde agus na nuálaíochta.

·Rogha 2: Líonra um inniúlachtaí cibearshlándála lena mbaineann Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála ag díriú ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

San áireamh leis na roghanna ar fuarthas réidh leo ag céim luath bhí 1) an rogha gan aon bheart a dhéanamh, 2) an rogha gan ach líonra um inniúlachtaí cibearshlándála a chruthú, 3) an rogha gan ach struchtúr láraithe a chruthú agus 4) an rogha gníomhaireacht atá ann cheana a úsáid (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise – (ENISA), an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde (REA) nó an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Nuálaíocht agus Gréasáin (INEA).

Baineadh tátal ón anailís go bhfuil Rogha 1 níos oiriúnaí chun cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach agus ag an am céanna an tionchar eacnamaíoch, sochaíoch agus comhshaoil is fearr a chur ar fáil agus leasanna an Aontais a chosaint. Ar na príomhargóintí i bhfabhar na rogha sin, áirítear an cumas fíorbheartas tionsclaíoch um chibearshlándáil a chruthú trí thacú le gníomhaíochtaí a bhaineann ní hamháin le taighde agus le forbairt ach le cur ar an margadh freisin; an tsolúbthacht foráil a dhéanamh maidir le samhlacha comhoibriúcháin éagsúla i líonra na lárionad inniúlachta chun úsáid an eolais agus na n-acmhainní atá ann cheana a bharrfheabhsú; an cumas comhoibriú agus gealltanais chomhpháirteacha na bpáirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí ó na hearnálacha ábhartha go léir a struchtúrú, cosaint san áireamh;. Ar deireadh, cothaíonn Rogha 1 méadú ar shineirgíochtaí agus is féidir léi feidhmiú mar shásra cur chun feidhme le haghaidh dhá shruth cistithe cibearshlándála éagsúla de chuid an Aontais faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile (an Clár don Eoraip Dhigiteach, an Clár Fís Eorpach).

Cearta bunúsacha

Cuirfidh an tionscnamh seo ar chumas na n-údarás poiblí agus na dtionscal ar fud na mBallstát cibearbhagairtí a chosc agus dul i ngleic leo ar bhonn níos éifeachtaí trí thuilleadh táirgí agus réiteach atá níos sláine a chur ar fáil dó. Tá sé sin thar a bheith ábhartha chun rochtain ar sheirbhísí ríthábhachtacha a chosaint (m.sh., seirbhísí iompair, sláinte, baincéireachta agus airgeadais).

Má tá acmhainneacht mhéadaithe ag an Aontas Eorpach a chuid táirgí agus seirbhísí a shlánú as a stuaim féin is mó an seans gur féidir leis cuidiú le saoránaigh leas a bhaint as a gcearta agus as a luachanna daonlathacha (m.sh., a gcuid ceart maidir le faisnéis atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha a chosaint, go háirithe an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta agus an saol príobháideach a chosaint) agus, dá réir sin, a n-iontaoibh sa tsochaí dhigiteach agus sa gheilleagar a fheabhsú.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála, i gcomhar leis an líonra um inniúlachtaí cibearshlándála, ar an bpríomhchomhlacht cur chun feidhme le haghaidh acmhainní airgeadais an Aontais atá tiomanta do chibearshlándáil faoin gclár don Eoraip Dhigiteach agus mar chuid den Chlár Fís Eorpach.

Tá na himpleachtaí buiséadacha a bhaineann le cur chun feidhme an chláir don Eoraip Dhigiteach liostaithe go mion sa Ráiteas Airgeadais Reachtach atá i gceangal leis an togra seo. Molfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht ó imchlúdach airgeadais na braisle “Sochaí Chuimsitheach agus Shlán” de Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch” den Chlár Fís Eorpach (imchlúdach airgeadais iomlán dar luach EUR 2 800 000 000) dá dtagraítear in Airteagal 21 (1) (b) le linn an phróisis reachtaigh agus i gcás ar bith sula ndéanfar aon chomhaontú polaitiúil. Beidh an togra bunaithe ar thoradh an phróisis phleanála straitéisí de réir mar atá sainithe in Airteagal 6 (6) de Rialachán XXX [an Clár réime Fís Eorpach].

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá clásal measúnaithe sainráite, trína ndéanfar an Coimisiún meastóireacht neamhspleách a dhéanamh, beartaithe sa togra seo (Airteagal 38). Tabharfaidh an Coimisiún tuarisc faoin meastóireacht atá déanta aige do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina dhiaidh sin agus beidh togra le haghaidh a hathbhreithnithe ag gabháil léi, más iomchuí, chun tionchar na hionstraime agus an breisluach lena mbaineann a thomhas. Cuirfear modheolaíocht Rialáil Níos Fearr an Choimisiúin maidir le meastóireacht i bhfeidhm.

Ba cheart go gcuirfeadh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin meastóireacht ex post ar ghníomhaíochtaí an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Taighde, Teicneolaíochta agus Tionsclaíocha Cibearshlándála agus an Líonra faoi bhráid an bhoird rialaithe gach dhá bhliain de réir mar a leagtar amach in Airteagal 17 den togra seo. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin plean gníomhaíochta leantach a ullmhú i dtaobh chonclúidí na meastóireachtaí aisbhreathnaitheacha agus tuairisciú chuig an gCoimisiún faoi dhó sa bhliain maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh. Ba cheart an bord rialála a bheith freagrach as faireachán ar athleanúint imleor ar chonclúidí dá leithéid, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 16 den togra seo.

Féadfaidh cásanna drochriaracháin a líomhnaítear i ngníomhaíochtaí an chomhlachta dhlíthiúil a bheith faoi réir fiosrúchán ag an Ombudsman Eorpach i gcomhréir le forálacha Airteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2018/0328 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta




Ionchur ón gCoimisiún Eorpach ag cruinniú na gCeannairí in
Salzburg an 19-20 Meán Fómhair 2018

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) agus an chéad mhír d’Airteagal 188 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 18 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 19 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Dá mhéad a éiríonn ár saol laethúil agus ár ngeilleagair níos spleáiche ar theicneolaíochtaí digiteacha is ea is mó a bheidh baol níos mó de chibeartheagmhais thromchúiseacha ann do shaoránaigh. Braitheann slándáil sa todhchaí ar fheabhsú an chumais theicneolaíoch agus thionsclaíoch an tAontas a chosaint in aghaidh cibearbhagairtí, i measc rudaí eile, ós rud é go mbraitheann an bonneagar sibhialtach agus acmhainneachtaí míleata ar chórais dhigiteacha shlána.

(2)Mhéadaigh an tAontas líon a ghníomhaíochtaí de réir a chéile chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chibearshlándála a bhíonn ag fás i ndiaidh na Straitéise um Chibearshlándáil 2013 20 lenar bhain an aidhm cibear-éiceachóras iontaofa, sábháilte agus oscailte a chothú. In 2016 ghlac an tAontas leis na bearta tosaigh i réimse na cibearshlándála trí Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 maidir le slándáil ar líonra agus ar chórais faisnéise.

(3)I Meán Fómhair 2017, chuir an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Teachtaireacht Chomhpháirteach i láthair 22 dar teideal “Resilience, Deterrence and Defence: Building strong cybersecurity for the EU [Athléimneacht, díspreagadh agus cosaint: Cibearshlándáil láidir a thógáil don Aontas Eorpach] chun athléimneacht, díspreagadh agus freagairt an Aontais i dtaobh cibear-ionsaithe a neartú a thuilleadh.

(4)D’iarr na Cinn Stáit agus Rialtais ag Cruinniú Mullaigh Digiteach Thaillinn, i Meán Fómhair 2017, go n-iompódh an tAontas ina “cheannaire domhanda maidir leis an gcibearshlándáil faoi 2025, chun iontaoibh, muinín agus cosaint ár saoránach, tomhaltóirí agus fiontar ar líne a áirithiú agus chun idirlíon saor a rialaítear de réir an dlí a chumasú.”

(5)Is féidir le briseadh suntasach ar an líonra nó ar na córais faisnéise tionchar a imirt ar Bhallstáit aonair agus ar an Aontas ar an iomlán. Tá slándáil na gcóras líonra agus faisnéise ríthábhachtach dá réir sin le haghaidh fheidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh. Faoi láthair, braitheann an tAontas ar sholáthraithe cibearshlándála neamh-Eorpacha. Mar sin féin, tá sé chun leas straitéiseach an Aontais a áirithiú go ndéanann sé acmhainneachtaí teicneolaíocha cibearshlándála ríthábhachtacha a choimeád agus a fhorbairt chun a Mhargadh Digiteach Aonair a shlánú, agus go háirithe chun líonraí criticiúla agus córais faisnéise a chosaint agus chun seirbhísí cibearshlándála lárnacha a chur ar fáil.

(6)Tá saibhreas saineolais agus taithí san Aontas maidir le taighde, teicneolaíocht agus forbairt thionsclaíoch ó thaobh na cibearshlándála de ach tá iarrachtaí na bpobal tionsclaíoch agus taighde ilroinnte, bíonn easnamh ann maidir le hailíniú agus misean comhchoiteann, rud a chuireann bac ar iomaíochas sa réimse seo. Ní mór na hiarrachtaí agus an saineolas atá de dhíth a chomhthiomsú, a líonrú agus a úsáid i modh éifeachtúil chun na hacmhainneachtaí taighde, teicneolaíochta agus tionsclaíocha atá ann cheana a neartú agus a chomhlánú ar leibhéal an Aontais agus ar na leibhéil náisiúnta.

(7)Iarradh de bhun na gConclúidí ón gComhairle a glacadh i mí na Samhna 2017 ar an gCoimisiún measúnú tionchair a chur ar fáil go pras faoi na roghanna féideartha chun líonra de lárionaid um inniúlachtaí cibearshlándála leis an Lárionad Eorpach um Thaighde agus Inniúlachtaí a chruthú agus an ionstraim dlí ábhartha a mholadh faoi lár-2018.

(8)Ba cheart go mbeadh an Lárionad Inniúlachta ar phríomhuirlis an Aontais infheistíocht a chomhthiomsú i dtaighde, i dteicneolaíocht agus i bhforbairt thionsclaíoch ó thaobh cibearshlándála de agus chun na tionscadail agus na tionscnaimh ábhartha a chur chun feidhme i gcomhpháirt leis an Líonra um Inniúlachtaí Cibearshlándála. Ba cheart go gcuirfeadh sé tacaíocht airgeadais a bhaineann le cibearshlándáil ar fáil ón gClár Fís Eorpach agus ón gClár don Eoraip Dhigiteach, agus ba cheart go mbeadh an tacaíocht sin ar fáil do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus do chláir eile nuair is iomchuí. Ba cheart go rannchuideodh an cur chuige seo le sineirgíochtaí a chruthú agus tacaíocht airgeadais a chomhordú maidir le taighde, nuálaíocht, teicneolaíocht agus forbairt thionsclaíoch ó thaobh cibearshlándála de agus dúbláil a sheachaint.

(9)Má thugtar san áireamh go mbeadh sé níos fearr chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach dá mbeadh na Ballstáit go léir nó an líon is mó agus is féidir de na Ballstáit rannpháirteach, agus mar dhreasacht do na Ballstáit rannpháirtíocht a ghlacadh, níor cheart go mbeadh cearta vótála ach ag na Ballstáit a thugann rannchuidiú airgeadais i gcoinne chostais riaracháin agus oibríochtúil an Lárionaid Inniúlachta.

(10)Ba cheart go mbeadh rannchuidiú airgeadais na mBallstát rannpháirteach i gcomhréir le rannchuidiú airgeadais an Aontais don tionscnamh seo.

(11)Ba cheart go ndéanfadh an Lárionad Inniúlachta obair an Líonra um Inniúlachtaí Cibearshlándála (“an Líonra”), atá comhdhéanta as Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta i ngach Ballstát, a éascú agus cúnamh a thabhairt an obair sin a chomhordú. Ba cheart go bhfaigheadh na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta tacaíocht airgeadais díreach ón Aontas, lena n-áireofaí deontais arna ndámhachtain gan ghlao ar thograí, chun na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an Rialachán seo a chur i gcrích.

(12)Ba cheart do na Ballstáit na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta a roghnú. Anuas ar an acmhainneacht riaracháin atá riachtanach, ba cheart go mbeadh saineolas teicneolaíoch cibearshlándála nó rochtain dhíreach ar shaineolas teicneolaíoch cibearshlándála ag na Lárionaid i dtaobh cibearshlándála, go háirithe i réimsí amhail an chripteagrafaíocht, seirbhísí slándála TFC, braistint ionraidh, slándáil ar chóras, slándáil ar líonra, slándáil ar bhogearraí agus feidhmchláir, nó gnéithe daonnúla agus sochaíocha maidir le slándáil agus príobháideachas. Ba cheart go mbeadh an acmhainneacht acu freisin caidreamh a bhunú leis an earnáil tionsclaíochta agus leis an earnáil phoiblí, lena n-áirítear údaráis arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , agus leis an bpobal taighde, agus comhoibriú leo, agus sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach.

(13)Nuair a chuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil do na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta chun tacú le tríú páirtithe ar an leibhéal náisiúnta, cuirfear é sin ar aghaidh chuig páirtithe leasmhara ábhartha trí chomhaontuithe deontais cascáidithe.

(14)Ag an am céanna, cruthaíonn teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail intleacht shaorga, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, ríomhaireacht ardfheidhmíochta (HPC) agus ríomhaireacht chandamach, blocshlabhra agus coincheapa amhail slánchéannachtaí digiteacha, cruthaíonn siad idir dhúshláin agus réitigh nua maidir leis an gcibearshlándáil. Chun stóinseacht na gcóras TFC atá ann cheana nó a bheidh ann sa todhchaí a mheasúnú agus a bhailíochtú ní mór réitigh slándála a thástáil i gcoinne ionsaithe arna rith ar mheaisíní ríomhaireachta ardfheidhmíochta agus candamacha. Ba cheart go gcuideodh an Lárionad Inniúlachta, an Líonra agus an Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála na réitigh cibearshlándála is déanaí a chur chun cinn agus a scaipeadh. Ag an am céanna ba cheart go mbeadh an Lárionad Inniúlachta agus an Líonra ar fónamh d’fhorbróirí agus d’oibreoirí in earnálacha criticiúla amhail an earnáil iompair, fuinnimh, sláinte, airgeadais, rialtais, teileachumarsáide, déantúsaíochta, cosanta, agus spáis chun cúnamh a thabhairt dóibh a gcuid dúshláin chibearshlándála a réiteach.

(15)Ba cheart go mbeadh roinnt príomhfheidhmeanna ag an Lárionad Inniúlachta. Ar an gcéad dul síos, ba cheart go ndéanfadh an Lárionad Inniúlachta obair an Líonra Eorpaigh um Inniúlachtaí Cibearshlándála a éascú agus cúnamh a thabhairt an obair sin a chomhordú agus an Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála a chothú. Ba cheart go gcuirfeadh an Lárionad an clár oibre teicneolaíoch cibearshlándála chun cinn agus rochtain ar an saineolas arna bhailiú ón Líonra agus ón bPobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála a éascú. Ar an dara dul síos, ba cheart dó codanna ábhartha an Chláir Fís Eorpach agus an Chláir don Eoraip Dhigiteach a chur chun feidhme trí dheontais a leithdháileadh, tar éis glao iomaíoch ar thograí de ghnáth. Ar an tríú dul síos, ba cheart go n-éascódh an Lárionad Inniúlachta comh-infheistíocht ón Aontas, ó na Ballstáit nó ón earnáil tionsclaíochta.

(16)Ba cheart go ndéanfadh an Lárionad Inniúlachta comhoibriú agus comhordú ghníomhaíochtaí an Phobail um Inniúlachtaí Cibearshlándála a spreagadh agus a thacú, lena mbainfeadh grúpa mór, oscailte agus éagsúil de ghníomhaithe a bhfuil baint acu le teicneolaíocht chibearshlándála. Ba cheart go n-áiritheodh an Pobal sin eintitis taighde, tionscail ar thaobh an tsoláthair, tionscail ar thaobh an éilimh, agus an earnáil phoiblí go háirithe. Ba cheart go gcuirfeadh an Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála le gníomhaíochtaí agus le plean oibre an Lárionaid Inniúlachta agus ba cheart go mbainfeadh sé leas freisin as gníomhaíochtaí forbartha pobail an Lárionaid Inniúlachta agus an Líonra, ach ina mhalairt de chás níor cheart go mbeadh pribhléid aige maidir le glaonna ar thograí nó ar ghlaonna chun tairisceana.

(17)Chun freagairt do riachtanais an lucht tionscail, idir thionscal ar thaobh an éilimh agus thionscal ar thaobh an tsoláthair araon, ba cheart go mbainfeadh cúram an Lárionaid Inniúlachta eolas cibearshlándála agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil le táirgí agus le seirbhísí TFC araon agus le gach táirge tionsclaíoch agus teicneolaíoch agus le gach réiteach tionsclaíoch agus teicneolaíoch eile ina bhfuil an chibearshlándáil le leabú.

(18)Cé gur cheart don Lárionad Inniúlachta agus don Líonra iarracht a dhéanamh sineirgíochtaí a bhaint amach idir na réimsí sibhialtacha agus cosanta ó thaobh cibearshlándála de, déanfar tionscadail arna maoiniú ag an gClár Fís Eorpach a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán XXX [an Rialachán maidir le Fís Eorpach], lena bhforáiltear go mbeidh fócas ar fheidhmeanna sibhialtacha ag gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna ndéanamh mar chuid den Chlár Fís Eorpach.

(19)Chun comhoibriú struchtúrtha agus inbhuanaithe a áirithiú, ba cheart go mbeidh an caidreamh idir an Lárionad Inniúlachta agus na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta a bheith bunaithe ar chomhaontú conarthach.

(20)Ba cheart forálacha iomchuí a dhéanamh chun dliteanas agus trédhearcacht an Lárionaid Inniúlachta a áirithiú.

(21)I bhfianaise an tsaineolais maidir leis an gcibearshlándáil atá ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) araon, ba cheart go n-imreoidís ról gníomhach sa Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus ar an mBord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta.

(22)Nuair a fhaigheann siad ranníocaíocht airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais, ba cheart go ndéanfadh na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta agus na heintitis atá mar chuid den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála an fhíric go ndéantar na gníomhaíochtaí faoi seach i gcomhthéacs an tionscnaimh reatha a phoibliú.

(23)Ba cheart go maoineodh ranníocaíocht an Aontais don Lárionad Inniúlachta leath de na costais a ghabhann le gníomhaíochtaí bunaíochta, riaracháin agus comhordúcháin an Lárionaid Inniúlachta. Chun cistiú dúbailte a sheachaint, níor cheart go mbeadh ranníocaíocht ó chláir eile an Aontais chun sochair na ngníomhaíochtaí siúd i gcomhthráth.

(24)Ba cheart do bhord rialála an Lárionaid Inniúlachta, bord ar a mbeidh comhaltaí de chuid na mBallstát agus de chuid an Choimisiúin, treo ginearálta oibríochtaí an Lárionaid a shainiú agus, ina theannta sin, a áirithiú go gcuirfeadh sé a chúraimí i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart a chur ar iontaoibh an bhoird rialála na cumhachtaí is gá chun an buiséad a bhunú, feidhmiú an bhuiséid a fhíorú, na rialacha airgeadais iomchuí a ghlacadh, nósanna imeachta oibre trédhearcacha a bhunú i dtaobh chinnteoireacht an Lárionaid Inniúlachta, plean oibre agus plean straitéiseach ilbhliantúil an Lárionaid Inniúlachta a ghlacadh, a rialacha nós imeachta féin a ghlacadh, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus cinneadh a dhéanamh maidir le síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus maidir le deireadh a chur lena théarma oifige.

(25)Ionas go bhfeidhmeodh an Lárionad Inniúlachta go héifeachtúil agus go hiomchuí, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an taithí agus an saineolas gairmiúil iomchuí ar réimsí feidhme ag na daoine atá le ceapadh ar an mbord rialála. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh ráta athraithe a gcuid ionadaithe ar an mbord rialála a theorannú freisin chun leanúnachas a chuid oibre a áirithiú.

(26)Ar mhaithe le feidhmiú rianúil an Lárionaid Inniúlachta, ní mór an stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh ar bhonn fiúntais agus scileanna doiciméadaithe riaracháin agus bainistíochta, agus ar bhonn inniúlachta agus taithí atá ábhartha i dtaobh na cibearshlándála, agus ní mór dualgais an stiúrthóra feidhmiúcháin a chomhlíonadh ar shlí atá go hiomlán neamhspleách.

(27)Ba cheart Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta a bheith ag an Lárionad Inniúlachta mar chomhlacht comhairleach, chun idirphlé rialta leis an earnáil phríobháideach, le heagraíochtaí tomhaltóirí agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile a áirithiú. Ba cheart don Bhord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta díriú ar na saincheisteanna atá ábhartha do pháirtithe leasmhara agus iad a chur faoi bhráid bhord rialála an Lárionaid Inniúlachta. Ba cheart go n-áiritheodh comhdhéanamh an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta agus na cúraimí arna sannadh dó, amhail go lorgófaí comhairle uaidh maidir leis an bplean oibre, go mbeidh ionadaíocht imleor ag na páirtithe leasmhara maidir le hobair an Lárionaid Inniúlachta.

(28)Ba cheart go mbainfeadh an Lárionad Inniúlachta tairbhe as saineolas áirithe agus as ionadaíocht leathan agus ábhartha na bpáirtithe leasmhara arna forbairt tríd an gcomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí le linn thréimhse Fhís 2020, trína Bhord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta.

(29)Ba cheart go mbeadh rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i bhfeidhm ag an Lárionad Inniúlachta. Ba cheart don Lárionad Inniúlachta forálacha ábhartha an Aontais a fheidhmiú, ar forálacha iad a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 . Beidh próiseáil sonraí pearsanta ag an Lárionad Inniúlachta faoi réir Rialachán (CE) Uimh. XXX/2018 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart don Lárionad Inniúlachta na forálacha a chomhlíonadh is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais, agus an reachtaíocht náisiúnta maidir le láimhseáil faisnéise, go háirithe faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais.

(30)Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint trí bhearta comhréireacha ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh i gcomhréir le Rialachán XXX (AE, Euratom) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 [an Rialachán Airgeadais].

(31)Ba cheart go n-oibreodh an Lárionad Inniúlachta ar dhóigh oscailte thrédhearcach lena soláthraítear an fhaisnéis ábhartha ar fad go tráthúil agus a ghníomhaíochtaí a chur chun cinn, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus scaipthe i measc an phobail i gcoitinne. Ba cheart rialacha nós imeachta chomhlachtaí an Lárionaid Inniúlachta a chur ar fáil go poiblí.

(32)Ba cheart d’iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na cumhachtaí céanna a fheidhmiú i dtaca leis an Lárionad Inniúlachta agus a bheidh á bhfeidhmiú aige i dtaca leis an gCoimisiún.

(33)Ba cheart go bhfaighidh an Coimisiún, an Lárionad Inniúlachta, an Chúirt Iniúchóirí agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise rochtain ar an bhfaisnéis riachtanach ar fad agus ar an áitreabh chun iniúchtaí agus imscrúdúcháin a dhéanamh ar na deontais, ar na conarthaí agus ar an gcomhaontú atá sínithe ag an Lárionad Inniúlachta.

(34)Ós rud é nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon acmhainneachtaí teicneolaíocha agus tionsclaíocha an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a choimeád agus a fhorbairt, iomaíochas thionscal cibearshlándála an Aontais a fheabhsú agus cibearshlándáil a iompú ina buntáiste iomaíoch de chuid thionscail eile an Aontais, ós é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach go leordhóthanach cion agus go bhfuil na hacmhainní teoranta atá ann cheana scaipthe agus mar gheall ar scála na hinfheistíochta atá ag teastáil. Is féidir na cuspóirí a bhaint amach ar dhóigh níos fearr ar leibhéal an Aontais cion agus go seachnaítear dúbláil gan ghá ar na hiarrachtaí sin, rud a chuidíonn mais chriticiúil infheistíochta a bhaint amach ag áirithiú go n-úsáidtear maoiniú poiblí ar dhóigh optamach. Is féidir leis an Aontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS PRIONSABAIL AN LÁRIONAID INNIÚLACHTA AGUS AN LÍONRA

Airteagal 1

Ábhar

1.Bunaítear leis an Rialachán seo an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála (“an Lárionad Inniúlachta”), mar aon leis an Líonra de Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta, agus leagtar síos rialacha maidir le Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta a ainmniú agus, ina theannta sin, maidir leis an bPobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála a chur ar bun. 

2.Leis an Lárionad Inniúlachta, cuirfear bonn taca faoi chur chun feidhme na coda cibearshlándála den Chlár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú ag Rialachán Uimh. XXX agus, go háirithe, bearta a bhaineann le hAirteagal 6 [an Clár don Eoraip Dhigiteach] den Rialachán sin agus, ina theannta sin, den Chlár Fís Eorpach arna bhunú ag Rialachán Uimh. XXX agus, go háirithe, Cuid 2.2.6 de Cholún II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Chinneadh Uimh. XXX lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht [uimhir thagartha an chláir shonraigh].

3.Beidh ceannáras an Lárionaid Inniúlachta suite [sa Bhruiséil, an Bheilg.]

4.Beidh pearsantacht dhlíthiúil ag an Lárionad Inniúlachta. I ngach Ballstát, beidh ag an Lárionaid Inniúlachta an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn “cibearshlándáil” córais gréasán agus faisnéise, a n-úsáideoirí, agus daoine eile a chosaint ar chibearbhagairtí;

(2)ciallaíonn “táirgí agus réitigh chibearshlándála” táirgí, seirbhísí nó próisis teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) a bhfuil acu mar shainsprioc córais gréasán agus faisnéise, a n-úsáideoirí, agus daoine lena mbaineann a chosaint ar chibearbhagairtí;

(3)ciallaíonn “údarás poiblí” aon rialtas nó riarachán poiblí eile, lena n-áirítear comhlachtaí comhairleacha poiblí ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach ag feidhmiú feidhmeanna riaracháin phoiblí faoin dlí náisiúnta, dualgais shonracha san áireamh;

(4)ciallaíonn “Ballstát rannpháirteach” Ballstát a dhéanann ranníocaíocht airgeadais ar bhonn deonach chun costais riaracháin agus oibríochtúla an Lárionaid Inniúlachta a chumhdach.

Airteagal 3

Misean an Lárionaid agus an Líonra

1.Cabhróidh an Lárionad Inniúlachta agus an Líonra leis an Aontas na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)na hacmhainneachtaí teicneolaíocha agus tionsclaíocha is gá a choimeád agus a fhorbairt chun an margadh aonair digiteach a chosaint;

(b)feabhas a chur ar iomaíochas an tionscail cibearshlándála san Aontas agus buntáiste iomaíoch a dhéanamh as an gcibearshlándáil i gcás tionscail eile san Aontas.

2.Tabharfaidh an Lárionad Inniúlachta faoina chúraimí, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar leis an Líonra de Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta agus Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála.

Airteagal 4

Cuspóirí agus cúraimí an Lárionaid

Beidh ag an Lárionad Inniúlachta na cuspóirí seo a leanas agus na cúraimí lena mbaineann:

1.obair an Líonra de Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta (“an Líonra”) dá dtagraítear in Airteagal 6 agus obair an Phobail um Inniúlachtaí Cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 8 a éascú agus cuidiú a thabhairt an obair sin a chomhordú;

2.bonn taca a chur faoi chur chun feidhme na coda cibearshlándála den Chlár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú ag Rialachán Uimh. XXX 26 agus, go háirithe, bearta a bhaineann le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. XXX [an Clár don Eoraip Dhigiteach], agus den Chlár Fís Eorpach arna bhunú ag Rialachán Uimh. XXX 27 agus, go háirithe, Cuid 2.2.6 de Cholún II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Chinneadh Uimh. XXX lena mbunaítear an clár sonrach lena ndéantar Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a chur chun feidhme [uimhir thagartha an chláir shonraigh] agus chláir eile de chuid an Aontais i gcás ina bhforálfar maidir leo i ngníomhartha dlí de chuid an Aontais];

3.feabhas a chur ar na cumais, ar an eolas agus ar na bonneagair maidir leis an gcibearshlándáil a fhónann do thionscail, don earnáil phoiblí agus do phobail taighde, trí na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

(a)ag féachaint do bhonneagair thionsclaíocha agus taighde úrscothacha agus seirbhísí gaolmhara maidir leis an gcibearshlándáil, na bonneagair agus na seirbhísí gaolmhara sin a fháil, a uasghrádú, a fheidhmiú agus a chur ar fáil do raon leathan úsáideoirí ar fud an Aontais ón tionscal, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), an earnáil phoiblí mar aon leis an pobal taighde agus eolaíochta;

(b)ag féachaint do bhonneagair thionsclaíocha agus taighde úrscothacha agus seirbhísí gaolmhara maidir leis an gcibearshlándáil, tacaíocht a chur ar fáil d’eintitis eile, eintitis airgeadais san áireamh, na bonneagair agus na seirbhísí gaolmhara sin a fháil, a uasghrádú, a fheidhmiú agus a chur ar fáil do raon leathan úsáideoirí ar fud an Aontais ón tionscal, lena n-áirítear FBManna, an earnáil phoiblí mar aon leis an pobal taighde agus eolaíochta;

(c)eolas faoi chibearshlándáil agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil d’údaráis tionscail agus údaráis poiblí, go mór mór trí thacú le bearta arb é is aidhm dóibh rochtain ar an saineolas atá ar fáil sa Líonra agus sa Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála a éascú;

4.cuidiú chun táirgí agus réitigh chibearshlándála úrscothacha a chur in úsáid go forleathan sa gheilleagar ar fad, trí na cúraimí seo a dhéanamh:

(d)taighde a spreagadh ar an gcibearshlándáil agus ar fhorbairt agus cur in úsáid táirgí agus réitigh chibearshlándála ag údaráis phoiblí agus tionscail úsáideoirí;

(e)cuidiú le húdaráis phoiblí, tionscail ar thaobh an éilimh agus úsáideoirí eile glacadh leis na réitigh chibearshlándála is déanaí agus iad a chomhtháthú;

(f)tacú go háirithe le húdaráis phoiblí a soláthar poiblí a eagrú, nó soláthar táirgí agus réitigh chibearshlándála úrscothacha a eagrú thar ceann údaráis phoiblí;

(g)tacaíocht airgeadais agus cúnamh teicniúil a thabhairt do ghnólachtaí cibearshlándála nuathionscanta agus FBManna cibearshlándála chun go bhféadfaidh siad rochtain a fháil ar mhargaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus infheistíocht a mhealladh;

5.tuiscint ar an gcibearshlándáil a fheabhsú agus cuidiú a thabhairt chun an bhearna scileanna san Aontas i dtaca leis an gcibearshlándáil a laghdú trí na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

(h)tacú le scileanna cibearshlándála a fhorbairt a thuilleadh, i gcás inarb iomchuí in éineacht le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha an Aontais Eorpaigh, ENISA san áireamh;

6.cuidiú a thabhairt chun taighde ar an gcibearshlándáil agus forbairt na cibearshlándála a athneartú san Aontas tríd an méid seo a dhéanamh:

(i)tacaíocht airgeadais a chur ar fáil le haghaidh iarrachtaí taighde ar an gcibearshlándáil bunaithe ar chlár taighde, teicneolaíoch agus tionsclaíoch atá comhpháirteach straitéiseach ilbhliantúil agus ar a ndéanfar meastóireacht agus forbairt ar bhonn leanúnach;

(j)tacú le tionscadail mhórscála taighde agus taispeántais maidir leis na cumais theicneolaíocha chibearshlándála a bheidh ann amach anseo, i gcomhar leis an tionscal agus leis an Líonra;

(k)tacú le taighde agus nuálaíocht maidir le caighdeánú i dteicneolaíocht na cibearshlándála;

7.feabhas a chur ar an gcomhar idir na réimsí sibhialta agus cosanta i dtaca le teicneolaíochtaí agus feidhmchláir dé-úsáide sa chibearshlándáil, trí na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

(l)tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí tionscail agus taighde maidir le taighde, forbairt agus cur in úsáid;

(m)cuidiú a thabhairt do chomhar idir na Ballstáit trí thacú le hoideachas, oiliúint agus cleachtaí;

(n)geallsealbhóirí a thabhairt le chéile chun sineirgíochtaí a chothú idir taighde agus margaí sibhialta cibearshlándála agus taighde agus margaí cosanta cibearshlándála;

8.feabhas a chur ar shineirgíochtaí idir na gnéithe sibhialta agus cosanta den chibearshlándáil i ndáil leis an gCiste Eorpach Cosanta trí na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

(o)comhairle a thabhairt, saineolas a chomhroinnt agus comhar a éascú idir na geallsealbhóirí ábhartha;

(p)tionscadail ilnáisiúnta chibearchosanta a bhainistiú, nuair a iarrfaidh na Ballstáit air sin a dhéanamh, agus, ar an dóigh sin, feidhmiú mar bhainisteoir tionscadail de réir bhrí Rialachán XXX [an Rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta].

Airteagal 5

Infheistiú i mbonneagair, cumais, táirgí nó réitigh agus úsáid a bhaint astu

1.I gcás ina gcuirfidh an Lárionad Inniúlachta cistiú ar fáil do bhonneagair, cumais, táirgí nó réitigh de bhun Airteagal 4(3) agus (4) i bhfoirm deontais nó duaise, féadfaidh plean oibre an Lárionaid Inniúlachta na nithe seo a leanas, go háirithe, a shonrú:

(c)rialacha lena rialaítear oibríocht bonneagair nó cumais, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha an oibríocht a chur de chúram ar eintiteas óstach bunaithe ar chritéir arna sainiú ag an Lárionad Inniúlachta;

(d)rialacha lena rialaítear an rochtain ar bhonneagar nó ar chumas agus a n-úsáid.

2.Féadfaidh an Lárionad Inniúlachta a bheith freagrach as forghníomhú foriomlán gníomhaíochtaí ábhartha soláthair chomhpháirtigh, lena n-áirítear soláthairtí réamhthráchtála thar ceann chomhaltaí an Líonra, chomhaltaí an Phobail um Inniúlachtaí Cibearshlándála, nó tríú páirtithe eile a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí táirgí agus réitigh chibearshlándála. Chun na críche sin, féadfaidh an Lárionad Inniúlachta cúnamh a fháil ó cheann amháin nó níos mó de na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta nó ó chomhaltaí den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála.

Airteagal 6

Ainmniú na lárionad comhordúcháin náisiúnta

1.Faoin [dáta], ainmneoidh gach Ballstát an t-eintiteas a ghníomhóidh mar lárionad comhordúcháin náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo agus tabharfaidh sé fógra faoi don Choimisiún.

2.Ar bhonn measúnaithe ar an eintiteas sin a bheith i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i mír 4, eiseoidh an Coimisiún cinneadh, laistigh de shé mhí ó tharchuir an Ballstát an t-ainmniúchán, lena bhforálfar maidir le creidiúnú don eintiteas mar lárionad comhordúcháin náisiúnta nó lena ndiúltófar an t-ainmniúchán. Foilseoidh an Coimisiún liosta na lárionad comhordúcháin náisiúnta.

3.Féadfaidh na Ballstáit in am ar bith eintiteas nua a ainmniú mar lárionad comhordúcháin náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo. Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le haon eintiteas nua a ainmniú.

4.Beidh ag an lárionad comhordúcháin náisiúnta a ainmneofar an cumas tacaíocht a thabhairt don Lárionad Inniúlachta agus don Líonra an misean atá acu mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a chomhlíonadh. Beidh acu saineolas teicneolaíoch ar an gcibearshlándáil nó rochtain dhíreach ar an saineolas sin agus beidh siad in ann, ar bhealach éifeachtach, dul i dteagmháil agus oibriú i gcomhar leis an tionscal, leis an earnáil phoiblí agus leis an bpobal taighde.

5.Beidh an caidreamh idir an Lárionad Inniúlachta agus na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta bunaithe ar chomhaontú conarthach a shíneofar idir an Lárionad Inniúlachta agus gach ceann de na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta. A bhuí leis an gcomhaontú, déanfar foráil maidir leis na rialacha lena rialófar an caidreamh agus comhroinnt na gcúraimí idir an Lárionad Inniúlachta agus an lárionad comhordúcháin náisiúnta.

6.Beidh i Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta uile arna n-ainmniú ag na Ballstáit.

Airteagal 7

Cúraimí na lárionad comhordúcháin náisiúnta

1.Beidh ag na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta na cúraimí seo a leanas:

(e)tacú leis an Lárionad Inniúlachta a chuspóirí a bhaint amach agus, go háirithe, an Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála a chomhordú;

(f)rannpháirtíocht an tionscail agus gníomhairí eile ar leibhéal an Bhallstáit i dtionscadail trasteorann a éascú;

(g)cuidiú, i gcomhar leis an Lárionad Inniúlachta, dúshláin thionsclaíocha chibearshlándála earnáilsonracha a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu;

(h)gníomhú mar phointe teagmhála ar an leibhéal náisiúnta don Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus don Lárionad Inniúlachta;

(i)féachaint le sineirgíochtaí a chruthú le gníomhaíochtaí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach;

(j)bearta sonracha a chur chun feidhme ar thug an Lárionad Inniúlachta deontais ina leith, lena n-áirítear trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil do thríú páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 204 de Rialachán XXX [an Rialachán nua Airgeadais] faoi réir coinníollacha a shonraítear sna comhaontuithe deontais lena mbaineann.

(k)na torthaí ábhartha a thiocfaidh as obair an Líonra, an Phobail um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus an Lárionaid Inniúlachta ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach a chur chun cinn agus a scaipeadh;

(l)iarratais a dhéanann eintitis atá bunaithe sa Bhallstát céanna leis an Lárionad Comhordúcháin ar bheith ina gcuid den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála, na hiarratais sin a mheasúnú.

2.Chun críocha phointe (f), féadfar tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do thríú páirtithe in aon cheann de na foirmeacha a shonraítear in Airteagal 125 de Rialachán XXX [an Rialachán nua Airgeadais], lena n-áirítear i bhfoirm cnapshuimeanna.

3.Féadfaidh lárionaid chomhordúcháin náisiúnta deontas a fháil ón Aontas i gcomhréir le hAirteagal 195(d) de Rialachán XXX [an Rialachán nua Airgeadais] maidir le cúraimí a leagtar síos san Airteagal seo a dhéanamh.

4.I gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta tríd an Líonra chun cúraimí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (e) agus (g) de mhír 1 a chur chun feidhme.

Airteagal 8

An Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála

1.Rannchuideoidh an Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála le misean an Lárionaid Inniúlachta mar a leagtar síos in Airteagal 3 agus, ina theannta sin, feabhsóidh sé agus scaipfidh sé saineolas cibearshlándála ar fud an Aontais.

2.Áireofar sa Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála eagraíochtaí agus comhlachtaí taighde tionscail, taighde acadúil agus taighde neamhbhrabúis chomh maith le heintitis phoiblí agus eintitis eile a bhíonn ag déileáil le hábhair oibríochtúla agus teicniúla. Tabharfaidh sé le chéile na príomh-gheallsealbhóirí i dtaca le hacmhainneachtaí teicneolaíocha agus tionsclaíocha cibearshlándála san Aontas. Beidh lárionaid chomhordúcháin náisiúnta, mar aon le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil saineolas ábhartha acu, rannpháirteach ann.

3.Ní fhéadfar ach eintitis atá bunaithe laistigh den Aontas a chreidiúnú mar chomhaltaí den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála. Léireoidh siad go bhfuil saineolas cibearshlándála acu maidir le ceann amháin ar a laghad de na réimsí seo a leanas:

(m)taighde;

(n)forbairt tionscail;

(o)oiliúint agus oideachas.

4.Tabharfaidh an Lárionad Inniúlachta d’eintitis atá bunaithe faoi réir an dlí náisiúnta creidiúnú mar chomhaltaí den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála tar éis do lárionad comhordúcháin náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas lonnaithe a mheasúnú an gcomhlíonann an t-eintiteas sin na critéir dá bhforáiltear i mír 3. Ní chuirfear teorainn ama le creidiúnú ach féadfaidh an Lárionad Inniúlachta an creidiúnú sin a tharraingt siar aon tráth má mheasann sé nó má mheasann an lárionad comhordúcháin náisiúnta ábhartha nach gcomhlíonann an t-eintiteas na critéir a leagtar amach i mír 3 nó má thagann sé faoi na forálacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 136 de Rialachán XXX [an Rialachán nua Airgeadais].

5.Tabharfaidh an Lárionad Inniúlachta do chomhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí ábhartha an Aontais creidiúnú mar chomhaltaí den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála tar éis dó a mheasúnú an gcomhlíonann an t-eintiteas sin na critéir dá bhforáiltear i mír 3. Ní chuirfear teorainn ama le creidiúnú ach féadfaidh an Lárionad Inniúlachta an creidiúnú sin a tharraingt siar aon tráth má mheasann sé nach gcomhlíonann an t-eintiteas na critéir a leagtar amach i mír 3 nó má thagann sé faoi na forálacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 136 de Rialachán XXX [an Rialachán nua Airgeadais].

6.Féadfaidh ionadaithe an Choimisiúin páirt a ghlacadh in obair an Phobail.

Airteagal 9

Cúraimí chomhaltaí an Phobail um Inniúlachtaí Cibearshlándála

Déanfaidh comhaltaí an Phobail um Inniúlachtaí Cibearshlándála na nithe seo a leanas:

(2)tacaíocht a thabhairt don Lárionad Inniúlachta an misean agus na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 agus Airteagal 4 a chomhlíonadh agus, chun na críche sin, a bheith ag obair go dlúth leis an Lárionad Inniúlachta agus na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta ábhartha;

(3)páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a chuirfidh an Lárionad Inniúlachta agus na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta chun cinn;

(4)i gcás inarb ábhartha, a bheith rannpháirteach i ngrúpaí oibre a chuirfidh bord rialaithe an Lárionaid Inniúlachta ar bun chun gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh mar a leagtar amach i bplean oibre an Lárionaid Inniúlachta;

(5)i gcás inarb ábhartha, tacú leis an Lárionad Inniúlachta agus leis na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta tionscadail shonracha a chur chun cinn;

(6)na torthaí ábhartha a thiocfaidh as na gníomhaíochtaí agus na tionscadail a dhéanfar laistigh den Phobal a chur chun cinn agus a scaipeadh.    

Airteagal 10

Comhar idir an Lárionad Inniúlachta agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais

1.Oibreoidh an Lárionad Inniúlachta i gcomhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise , an Fhoireann Práinnfhreagartha Ríomhaire (CERT-EU), an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Nuálaíocht agus Gréasáin, Ionad Cibearchoireachta na hEorpa in Europol agus, ina theannta sin, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint.

2.Déanfar an comhar sin faoi chuimsiú socruithe oibre. Beidh na socruithe sin faoi réir a bhformheasta roimh ré ag an gCoimisiún.

CAIBIDIL II

EAGRÚ AN LÁRIONAID INNIÚLACHTA

Airteagal 11

Ballraíocht agus struchtúr

1.Is iad an tAontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí dó, agus na Ballstáit a bheidh ina gcomhaltaí den Lárionad Inniúlachta.

2.Is mar seo a leanas a bheidh struchtúr an Lárionaid Inniúlachta:

(a)bord rialaithe a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 13;

(b)stiúrthóir feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 16;

(c)Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 20.

ROINN I

AN BORD RIALAITHE

Airteagal 12

Comhdhéanamh an bhoird rialaithe

1.Ionadaí amháin ó gach Ballstát agus cúigear ionadaithe ón gCoimisiún, thar ceann an Aontais, a bheidh ar an mbord rialaithe.

2.Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den bhord rialaithe agus déanfaidh an comhalta malartach sin ionadaíocht ar an gcomhalta nuair a bheidh sé as láthair.

3.Ceapfar comhaltaí an bhoird rialaithe agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a gcuid eolais i réimse na teicneolaíochta agus, chomh maith leis sin, ar bhonn a gcuid scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit iarrachtaí ráta athraithe a gcuid ionadaithe ar an mbord rialaithe a theorannú chun leanúnachas in obair an bhoird a áirithiú. Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit rompu ionadaíocht chothromaithe a bhaint amach idir fir agus mná ar an mbord rialaithe.

4.Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an bhoird rialaithe agus a gcomhaltaí malartacha. Beidh an téarma sin in-athnuaite.

5.Gníomhóidh comhaltaí an bhoird rialaithe chun leasa an Lárionaid Inniúlachta, agus cosnóidh siad a spriocanna, a mhisean, a chéannacht, a uathriail agus a chomhsheasmhacht ar bhealach neamhspleách agus trédhearcach.

6.Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí, lena n-áirítear ionadaithe comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, páirt a ghlacadh i gcruinnithe an bhoird rialaithe de réir mar is iomchuí.

7.Beidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) ina breathnóir buan ar an mbord rialaithe.

Airteagal 13

Cúraimí an bhoird rialaithe

1.Beidh ar an mbord rialaithe an fhreagracht fhoriomlán maidir le treoir straitéiseach agus oibríochtaí an Lárionaid Inniúlachta agus déanfaidh sé faireachán ar chur chun feidhme a ghníomhaíochtaí.

2.Glacfaidh an bord rialaithe a rialacha nós imeachta. Sna rialacha sin, beidh nósanna imeachta sonracha chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a sheachaint agus chun rúndacht aon fhaisnéise atá íogair a áirithiú.

3.Déanfaidh an bord rialaithe na cinntí straitéiseacha is gá, go háirithe:

(d)plean straitéiseach ilbhliantúil a ghlacadh, ina mbeidh ráiteas maidir le mórthosaíochtaí agus le mórthionscnaimh bheartaithe an Lárionaid Inniúlachta, lena n-áirítear meastachán ar riachtanais mhaoinithe agus ar fhoinsí maoinithe;

(e)plean oibre, cuntais bhliantúla agus clár comhardaithe, mar aon le tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, an Lárionaid Inniúlachta a ghlacadh, ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin;

(f)rialacha sonracha airgeadais an Lárionaid Inniúlachta a ghlacadh i gcomhréir le [hAirteagal 70 den Rialachán Airgeadais];

(g)nós imeachta a ghlacadh chun an stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh;

(h)na critéir agus na nósanna imeachta a ghlacadh chun measúnú a dhéanamh ar na heintitis agus iad a chreidiúnú mar chomhaltaí den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála;

(i)    an stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh, a bhriseadh as a phost, síneadh a chur lena théarma oifige, treoir a chur air agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht, agus an t-oifigeach a cheapadh;

(j)buiséad bliantúil an Lárionaid Inniúlachta a ghlacadh, lena n-áirítear an plean bunaíochta foirne comhfhreagrach lena léirítear líon na bpost sealadach i ngach grúpa feidhme agus i ngach grád agus, ina theannta sin, líon na mball foirne ar chonradh agus na saineolaithe náisiúnta arna sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha;

(k)rialacha a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa;

(l)grúpaí oibre a chur ar bun le comhaltaí an Phobail um Inniúlachtaí Cibearshlándála;

(m)comhaltaí an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta a cheapadh;

(n)feidhm Iniúchóireachta Inmheánach a bhunú i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún 28 ;

(o)an Lárionad Inniúlachta a chur chun cinn ar fud an domhain, d’fhonn a mhealltacht a mhéadú agus comhlacht den chéad scoth a dhéanamh de maidir le cibearshlándáil;

(p)beartas cumarsáide an Lárionaid Inniúlachta a chur ar bun ar mholadh ón stiúrthóir feidhmiúcháin;

(q)a bheith freagrach as faireachán a dhéanamh ar obair leantach leordhóthanach de dhroim chonclúidí na meastóireachtaí aisbhreathnaitheacha;

(r)i gcás inarb iomchuí, rialacha cur chun feidhme a chur ar bun chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le Airteagal 31(3);

(s)i gcás inarb iomchuí, rialacha a leagan síos maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Lárionad Inniúlachta agus maidir le húsáid oiliúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 32(2);

(t)rialacha slándála maidir leis an Lárionad Inniúlachta a ghlacadh;

(u)straitéis frithchalaoise a ghlacadh atá comhréireach leis na rioscaí calaoise ag féachaint d’anailís costais is tairbhe na mbeart a bheidh le cur chun feidhme;

(v)an mhodheolaíocht a ghlacadh chun ranníocaíocht airgeadais ó na Ballstáit a ríomh;

(w)a bheith freagrach as aon chúram nach bhfuil leithdháilte go sonrach ar chomhlacht ar leith de chuid an Lárionaid Inniúlachta; féadfaidh an bord rialaithe cúraimí den sórt sin a shannadh d’aon duine ón Lárionad Inniúlachta.

Airteagal 14

Cathaoirleach agus cruinnithe an bhoird rialaithe

1.Toghfaidh an bord rialaithe cathaoirleach agus leaschathaoirleach go ceann tréimhse dhá bhliain as measc na gcomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu. Féadfar sainordú an chathaoirligh agus an leaschathaoirligh a shíneadh aon uair amháin, tar éis cinneadh ón mbord rialaithe. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mbord rialaithe tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin. Glacfaidh an leaschathaoirleach ionad an chathaoirligh ex officio mura mbeidh an cathaoirleach in ann a chuid dualgas a chomhlíonadh. Glacfaidh an cathaoirleach páirt sa vótáil.

2.Tionólfaidh an bord rialaithe a ghnáthchruinnithe trí huaire sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh sé cruinnithe urghnácha a thionól, arna iarraidh sin don Choimisiún, arna iarraidh sin d’aon trian dá chomhaltaí, arna iarraidh sin don chathaoirleach, nó arna iarraidh sin don stiúrthóir feidhmiúcháin i gcomhlíonadh a chuid cúraimí.

3.Mura gcinnfidh an bord rialaithe a mhalairt, glacfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála aige. Féadfaidh an bord rialaithe, ar bhonn gach cáis ar leith, iarraidh ar dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí.

4.Féadfaidh comhaltaí den Bhord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta a bheith rannpháirteach, ar chuireadh ón gcathaoirleach, i gcruinnithe den bhord rialaithe, ach ní bheidh ceart vótála acu.

5.Faoi réir rialacha nós imeachta an bhoird rialaithe, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe a bheith de chúnamh ag comhaltaí an bhoird rialaithe nó ag a gcomhaltaí malartacha ag na cruinnithe.

6.Is é an Lárionad Inniúlachta a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don bhord rialaithe.

Airteagal 15

Rialacha vótála an bhoird rialaithe

1.Beidh ag an Aontas 50 % de na cearta vótála. Beidh cearta vótála an Aontais doroinnte.

2.Beidh vóta amháin ag gach Ballstát rannpháirteach.

3.Glacfaidh an bord rialaithe a chuid cinntí de réir thromlach 75 % de na vótaí uile ar a laghad, lena n-áirítear vótaí na gcomhaltaí atá as láthair, arb ionann sin agus 75 % de ranníocaíochtaí airgeadais uile leis an Lárionad Inniúlachta. Déanfar an ranníocaíocht airgeadais a ríomh bunaithe ar na meastacháin ar chaiteachas a mholann na Ballstáit dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 17(2) agus bunaithe ar an tuarascáil maidir le luach na ranníocaíochtaí ó na Ballstáit rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 22(5).

4.Is ag ionadaithe an Choimisiúin agus ionadaithe na mBallstát rannpháirteach, agus acu sin amháin, a bheidh cearta vótála.

5.Glacfaidh an cathaoirleach páirt sa vótáil.

ROINN II

AN STIÚRTHÓIR FEIDHMIÚCHÁIN

Airteagal 16

An stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh, a bhriseadh as a phost nó síneadh a chur lena théarma oifige

1.Duine a bheidh sa stiúrthóir feidhmiúcháin a bhfuil saineolas aige agus ardcháil air sna réimsí ina bhfeidhmíonn an Lárionad Inniúlachta.

2.Beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach ag an Lárionad Inniúlachta faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

3.Is é an bord rialaithe a cheapfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach.

4.Ar mhaithe le conradh an stiúrthóra feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh cathaoirleach an bhoird rialaithe ionadaíocht ar an Lárionad Inniúlachta.

5.Ceithre bliana a mhairfidh téarma oifige an stiúrthóra feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an stiúrthóra feidhmiúcháin agus ar na cúraimí agus dúshláin a bheidh ann amach anseo don Lárionad Inniúlachta.

6.Féadfaidh an bord rialaithe, ag gníomhú dó arna mholadh sin don Choimisiún ina gcuirtear san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 5, tréimhse oifige an stiúrthóra feidhmiúcháin a shíneadh ar feadh tréimhse nach faide ná ceithre bliana.

7.Ní fhéadfaidh stiúrthóir feidhmiúcháin a bhfuil síneadh curtha lena théarma oifige a bheith rannpháirteach in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna.

8.Ní chuirfear an stiúrthóir feidhmiúcháin as oifig ach amháin ar chinneadh ón mbord rialaithe ag gníomhú dó arna mholadh sin don Choimisiún.

Airteagal 17

Cúraimí an stiúrthóra feidhmiúcháin

1.Beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin freagrach as oibríochtaí agus as an Lárionad Inniúlachta a bhainistiú ó lá go lá; ina theannta sin, is é an stiúrthóir feidhmiúcháin a bheidh ina ionadaí dlíthiúil ar an Lárionad. Beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin freagrach don bhord rialaithe agus comhlíonfaidh sé a chuid dualgas ar shlí atá go hiomlán neamhspleách faoi réir na gcumhachtaí a a shannfar dó.

2.Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, go háirithe, na cúraimí seo a leanas ar bhealach neamhspleách:

(x)na cinntí a ghlacann an bord rialaithe a chur chun feidhme;

(y)tacaíocht a thabhairt don bhord rialaithe ina chuid oibre, an rúnaíocht a chur ar fáil dá chruinnithe agus gach faisnéis is gá a sholáthar chun go bhféadfaidh sé a dhualgais a chomhlíonadh;

(``)tar éis dul i gcomhairle leis an mbord rialaithe agus leis an gCoimisiún, dréachtphlean straitéiseach ilbhliantúil agus dréachtphlean oibre bliantúil an Lárionaid Inniúlachta a ullmhú agus a chur faoi bhráid an bhoird rialaithe lena nglacadh, lena n-áirítear raon feidhme na nglaonna ar thograí, na nglaonna ar léiriú spéise agus na nglaonna ar thairiscintí is gá chun an dréachtphlean a chur chun feidhme agus na meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas de réir mar atá beartaithe ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún;

(aa)an dréachtbhuiséad bliantúil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an bhoird rialaithe, lena n-áirítear an plean bunaíochta foirne comhfhreagrach lena léirítear líon na bpost sealadach i ngach grád agus i ngach grúpa feidhme agus, ina theannta sin, líon na mball foirne ar chonradh agus na saineolaithe náisiúnta arna sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha;

(bb)an plean oibre a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don bhord rialaithe ina leith;

(cc)an dréacht-tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí maidir leis an Lárionad Inniúlachta a ullmhú, lena n-áirítear an fhaisnéis faoi chaiteachas comhfhreagrach;

(dd)a áirithiú go gcuirfear nósanna imeachta éifeachtúla faireacháin agus meastóireachta maidir le feidhmiú an Lárionaid Inniúlachta chun feidhme;

(ee)plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach de dhroim chonclúidí na meastóireachtaí aisbhreathnaitheacha agus tuairisc a thabhairt don Choimisiún gach dhá bhliain maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh;

(ff)na comhaontuithe leis na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta a ullmhú, a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích;

(gg)a bheith freagrach as ábhair riaracháin, airgeadais agus foirne, lena n-áirítear buiséad an Lárionaid Inniúlachta a chur chun feidhme, comhairle ón bhFeidhm Iniúchóireachta Inmheánaí a chur san áireamh mar is iomchuí, laistigh de theorainneacha an tarmligin ón mbord rialaithe;

(hh)seoladh glaonna ar thograí a fhormheas agus a bhainistiú, i gcomhréir leis an bplean oibre, agus na comhaontuithe agus na cinntí maidir le deontais a riar;

(ii)formheas a dhéanamh ar an liosta beart a roghnófar lena gcistiú ar bhonn an oird fiúntais arna bhunú ag painéal saineolaithe neamhspleácha;

(jj)seoladh glaonna ar thairiscintí a fhormheas agus a bhainistiú, i gcomhréir leis an bplean oibre, agus na conarthaí a riar;

(kk)na tairiscintí a roghnófar lena gcistiú a fhormheas;

(ll)na dréachtchuntais bhliantúla agus an dréachtchlár comhardaithe bliantúil a chur faoi bhráid na Feidhme Iniúchóireachta Inmheánaí agus, tar éis sin, faoi bhráid an bhoird rialaithe;

(mm)a áirithiú go ndéanfar riosca a mheasúnú agus a bhainistiú;

(nn)comhaontuithe, cinntí agus conarthaí deontais aonair a shíniú;

(oo)conarthaí soláthair a shíniú;

(pp)plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí nó seachtraí agus, lena chois sin, ar imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF), mar aon le tuairisc a thabhairt don Choimisiún dhá uair sa bhliain agus don bhord rialaithe ar bhonn rialta maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh;

(qq)na dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Lárionad Inniúlachta a ullmhú;

(rr)córas rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach éifeachtúil a bhunú agus feidhmiú an chórais sin a áirithiú agus, ina theannta sin, tuairisc a thabhairt don bhord rialaithe maidir le haon athrú suntasach air;

(ss)cumarsáid éifeachtach a áirithiú le hinstitiúidí an Aontais;

(tt)aon bhearta eile a dhéanamh is gá chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Lárionaid Inniúlachta i dtreo an mhisin agus na gcuspóirí a leagtar amach dó in Airteagal 3 agus Airteagal 4 den Rialachán seo;

(uu)aon chúraimí eile a iarrfaidh an bord rialaithe air a dhéanamh nó a tharmligfidh an bord rialaithe dó.

ROINN III

AN BORD COMHAIRLEACH TIONSCLAÍOCHTA AGUS EOLAÍOCHTA

Airteagal 18

Comhdhéanamh an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta

1.Ní bheidh níos mó ná 16 chomhalta ar an mBord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta. Ceapfaidh an bord rialaithe na comhaltaí as measc ionadaithe na n-eintiteas a áirítear sa Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála.

2.Beidh ag comhaltaí an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta saineolas maidir le taighde ar an gcibearshlándáil, sin nó forbairt thionsclaíoch, nó seirbhísí gairmiúla nó cur in úsáid na seirbhísí sin. Déanfaidh an bord rialaithe na ceanglais maidir le saineolas den sórt sin a shonrú a thuilleadh.

3.Déanfar na nósanna imeachta maidir le comhaltaí an bhoird rialaithe a cheapadh ag an mbord rialaithe é féin agus oibriú an bhoird chomhairligh a shonrú i rialacha nós imeachta an Lárionaid Inniúlachta agus cuirfear ar fáil go poiblí iad.

4.Trí bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta. Beidh an téarma sin in-athnuaite.

5.Féadfaidh ionadaithe an Choimisiúin agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise páirt a ghlacadh in obair an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta tacú leis an obair sin.

Airteagal 19

Feidhmiú an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta

1.Tiocfaidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad.

2.Féadfaidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta comhairle a chur ar an mbord rialaithe maidir le grúpaí oibre a chur ar bun, i gcás inar gá faoi chomhordú foriomlán comhalta amháin den Bhord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta nó níos mó, i dtaca le saincheisteanna sonracha a bhaineann le hobair an Lárionaid Inniúlachta.

3.Toghfaidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta a chathaoirleach féin.

4.Déanfaidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta a rialacha nós imeachta a ghlacadh, lena n-áirítear ainmniúchán na n-ionadaithe a labhróidh ar son an Bhoird Chomhairligh i gcás inarb ábhartha agus fad a n-ainmniúcháin.

Airteagal 20

Cúraimí an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta

Cuirfidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta comhairle ar an Lárionad Inniúlachta maidir le feidhmiú a ghníomhaíochtaí; ina theannta sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:

(7)comhairle straitéiseach agus ionchur a thabhairt don stiúrthóir feidhmiúcháin agus don bhord rialaithe chun an plean oibre agus an plean straitéiseach ilbhliantúil a dhréachtú laistigh de na spriocanna a shocraíonn an bord rialaithe;

(8)comhairliúcháin phoiblí a eagrú a bheidh oscailte do na geallsealbhóirí uile, idir phoiblí agus phríobháideach, a bhfuil leas acu i réimse na cibearshlándála, chun ionchur a bhailiú don chomhairle straitéiseach dá dtagraítear i mír 1;

(9)aiseolas ar phlean oibre agus plean straitéiseach ilbhliantúil an Lárionaid Inniúlachta a chur chun cinn agus a bhailiú.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 21

An ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

1.Le ranníocaíocht an Aontais leis an Lárionad Inniúlachta chun costais riaracháin agus oibríochtúla a chumhdach cuimseofar na nithe seo a leanas:

(a)EUR 1 981 668 000 don Chlár don Eoraip Dhigiteach, lena n-áirítear suas le EUR 23 746 000 le haghaidh costais riaracháin;

(b)Méid áirithe, lena n-airítear le haghaidh costais riaracháin, ón gClár Fís Eorpach a shocrófar agus an próiseas pleanála straitéisí atá le déanamh de bhun Airteagal 6(6) de Rialachán XXX [an Rialachán maidir le Fís Eorpach] á chur san áireamh.

2.Íocfar an ranníocaíocht uasta ón Aontas ó na leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais a leithdháilfear ar [an gClár don Eoraip Dhigiteach] agus ar an gclár sonrach lena gcuirtear chun feidhme an Clár Fís Eorpach, arna chur ar bun le Cinneadh XXX.

3.Cuirfidh an Lárionad Inniúlachta bearta cibearshlándála [an Chláir don Eoraip Dhigiteach] agus [an Chláir Fís Eorpach] chun feidhme i gcomhréir le pointe (c) (iv) d’Airteagal 62 de Rialachán (AE, Euratom) XXX 29 [an Rialachán Airgeadais].

4.Ní chumhdófar leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4(8)(b).

Airteagal 22

Ranníocaíochtaí ó na Ballstáit rannpháirteacha

1.Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha ranníocaíocht iomlán maidir le costais oibríochtúla agus riaracháin an Lárionaid Inniúlachta arb ionann na méideanna sin ar a laghad agus na méideanna sin in Airteagal 21(1) den Rialachán seo.

2.Chun críche measúnú a dhéanamh ar na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus pointe (b)(ii) d’Airteagal 23(3), cinnfear na costais i gcomhréir le gnáthchleachtais chuntasaíochta costála na mBallstát lena mbaineann, le caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme an Bhallstáit, agus leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta agus na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais is infheidhme. Déanfaidh iniúchóir seachtrach neamhspleách arna cheapadh ag an mBallstát lena mbaineann na costais a dheimhniú. Féadfaidh an Lárionad Inniúlachta an modh luachála a fhíorú i gcás aon éiginnteacht a eascróidh as an deimhniú.

3.I gcás ina dtarlóidh sé go ndéanfaidh aon Bhallstát rannpháirteach a ghealltanais maidir lena ranníocaíocht airgeadais a mhainneachtain, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin é sin i scríbhinn agus socróidh sé tréimhse réasúnach faoina ndéanfar an mhainneachtain sin a leigheas. Mura ndéantar an cás a leigheas laistigh den tréimhse sin, tionólfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cruinniú den bhord rialaithe chun cinneadh a dhéanamh an dtarraingeofar siar ceart vótála an Bhallstáit rannpháirtigh mainneachtana nó an ndéanfar aon bhearta eile go dtí go gcomhlíonfaidh sé a oibleagáidí. Cuirfear cearta vótála an Bhallstáit rannpháirtigh mainneachtana ar fionraí go dtí go ndéanfaidh sé mainneachtain a ghealltanas a leigheas.

4.Féadfaidh an Coimisiún deireadh a chur le ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an Lárionad Inniúlachta, í a laghdú go comhréireach nó í a chur ar fionraí mura rannchuidíonn na Ballstáit rannpháirteacha, mura rannchuidíonn siad ach i bpáirt nó má rannchuidíonn siad go mall maidir leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1.

5.Faoin 31 Eanáir gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit rannpháirteacha tuairisc don bhord rialaithe maidir le luach na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a rinneadh i ngach bliain airgeadais roimhe sin.

Airteagal 23

Costais agus acmhainní an Lárionaid Inniúlachta

1.Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit an Lárionad Inniúlachta a chistiú go comhpháirteach trí ranníocaíochtaí airgeadais a íocfar i dtráthchodanna agus trí ranníocaíochtaí arb é a bheidh iontu costais arna dtabhú ag lárionaid chomhordúcháin náisiúnta agus tairbhithe trí bhearta a chur chun feidhme nach n-aisíocfaidh an Lárionad Inniúlachta.

2.Ní ghabhfaidh costais riaracháin an Lárionaid Inniúlachta thar EUR [uimhir] agus cumhdófar iad trí bhíthin ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanfar a roinnt go cothrom ar bhonn bliantúil idir an tAontas agus na Ballstáit rannpháirteacha. Má tharlaíonn sé nach n-úsáidfear cuid den ranníocaíocht maidir le costais riaracháin, féadfar í a chur ar fáil chun costais oibríochtúla an Lárionaid Inniúlachta a chumhdach.

3.Cumhdófar costais oibríochtúla an Lárionaid Inniúlachta trí bhíthin na nithe seo a leanas: 

(c)ranníocaíocht airgeadais ón Aontas;

(d)ranníocaíochtaí ó na Ballstáit rannpháirteacha i bhfoirm:

(i)    ranníocaíochtaí airgeadais; agus

(ii)    i gcás inarb ábhartha, ranníocaíochtaí comhchineáil ó na Ballstáit rannpháirteacha maidir leis na costais arna dtabhú ag lárionaid chomhordúcháin náisiúnta agus tairbhithe trí bhearta indíreacha a chur chun feidhme lúide ranníocaíocht an Lárionaid Inniúlachta agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas maidir leis na costais sin;

4.Ar acmhainní an Lárionaid Inniúlachta a iontrálfar ina bhuiséad, áireofar na ranníocaíochtaí seo a leanas:

(e)ranníocaíochtaí airgeadais na mBallstát rannpháirteach maidir leis na costais riaracháin;

(f)ranníocaíochtaí airgeadais na mBallstát rannpháirteach maidir leis na costais oibríochtúla;

(g)aon ioncam a ghinfidh an Lárionad Inniúlachta;

(h)aon ranníocaíochtaí, acmhainní agus ioncaim eile.

5.Measfar aon ús a eascróidh as na ranníocaíochtaí a íocfaidh na Ballstáit rannpháirteacha leis an Lárionad Inniúlachta a bheith mar ioncam aige.

6.Is é is aidhm d’acmhainní uile an Lárionaid Inniúlachta agus a ghníomhaíochtaí na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach.

7.Is faoi úinéireacht an Lárionaid Inniúlachta a bheidh na sócmhainní uile a ghinfidh sé nó a aistreofar chuige chun a chuspóirí a bhaint amach.

8.Ní íocfar le comhaltaí rannpháirteacha an Lárionaid Inniúlachta aon ioncam barrachais de bhreis ar chaiteachas ach amháin nuair a dhéanfar an Lárionad Inniúlachta a fhoirceannadh.

Airteagal 24

Ceangaltais airgeadais

Ní ghabhfaidh ceangaltais airgeadais an Lárionaid Inniúlachta thar mhéid na n-acmhainní atá ar fáil nó atá geallta ag a chomhaltaí dá bhuiséad.

Airteagal 25

An bhliain airgeadais

Tosóidh an bhliain airgeadais an 1 Eanáir agus críochnóidh sí an 31 Nollaig.

Airteagal 26

An buiséad a bhunú

1.Gach bliain, tarraingeoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin suas dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an Lárionaid Inniúlachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, agus cuirfidh sé an dréachtráiteas sin, mar aon le dréachtphlean bunaíochta, ar aghaidh chuig an mbord rialaithe. Beidh ioncam agus caiteachas ar comhardú. Cuimseofar le caiteachas an Lárionaid Inniúlachta na costais foirne, riaracháin, bhonneagair agus oibríochtúla. Coinneofar costais riaracháin chomh híseal agus is féidir.

2.Gach bliain, soláthróidh an bord rialaithe ráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an Lárionaid Inniúlachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, ar bhonn dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas dá dtagraítear i mír 1.

3.Déanfaidh an bord rialaithe, faoin 31 Eanáir gach bliain, an ráiteas meastachán dá dtagraítear i mír 2, a bheidh ina chuid den dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair, a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

4.Ar bhonn an ráitis meastachán sin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad an Aontais na meastacháin sin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle iad i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 CFAE.

5.Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe don ranníocaíocht a thabharfar don Lárionad Inniúlachta.

6.Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an plean bunaíochta don Lárionad Inniúlachta.

7.Glacfaidh an bord rialaithe buiséad an Lárionaid in éineacht leis an bplean oibre. Beidh sé críochnaitheach tar éis buiséad ginearálta an Aontais a ghlacadh go cinntitheach. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an bord rialaithe buiséad agus plean oibre an Lárionaid Inniúlachta a choigeartú i gcomhréir le buiséad ginearálta an Aontais.

Airteagal 27

Cuntais an Lárionaid Inniúlachta a thíolacadh agus a urscaoileadh

Déanfar cuntais shealadacha agus cuntais chríochnaitheacha an Lárionaid Inniúlachta a thíolacadh agus a urscaoileadh de réir rialacha agus amchlár an Rialacháin Airgeadais agus a rialacha airgeadais a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 29.

Airteagal 28

Tuairisciú oibríochtúil agus airgeadais

1.Tabharfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin tuairisc bhliantúil don bhord rialaithe ar chomhlíonadh a chuid dualgas i gcomhréir le rialacha airgeadais an Lárionaid Inniúlachta.

2.Laistigh de dhá mhí ó chlabhsúr gach bliain airgeadais, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin faoi bhráid an bhoird rialaithe lena formheas tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí maidir leis an dul chun a rinne an Lárionad Inniúlachta an bhliain féilire roimhe sin, go háirithe maidir leis an bplean oibre don bhliain sin. Áireofar sa tuarascáil sin, inter alia, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)bearta oibríochtúla a rinneadh agus an caiteachas comhfhreagrach;

(j)na bearta a tíolacadh, lena n-áirítear miondealú de réir chineál an rannpháirtí, FBManna san áireamh, agus de réir Ballstáit;

(k)na bearta a roghnaíodh lena gcistiú, lena n-áirítear miondealú de réir chineál an rannpháirtí, FBManna san áireamh, agus de réir Ballstáit agus a léiríonn an dóigh ar thug an Lárionad Inniúlachta cuidiú do rannpháirtithe agus bearta aonair;

(l)an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach agus moltaí le haghaidh tuilleadh oibre is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.A luaithe a dhéanfaidh an bord rialaithe an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a fhormheas, cuirfear ar fáil go poiblí í.

Airteagal 29

Rialacha airgeadais

Glacfaidh an Lárionad Inniúlachta a rialacha sonracha airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán XXX [an Rialachán nua Airgeadais].

Airteagal 30

Leasanna airgeadais a chosaint

1.Déanfaidh an Lárionad Inniúlachta bearta iomchuí lena áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí smachtbhannaí riaracháin a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.Tabharfaidh an Lárionad Inniúlachta d’fhoireann an Choimisiúin agus do dhaoine eile atá údaraithe ag an gCoimisiún, agus don Chúirt Iniúchóirí, rochtain ar láithreáin agus áitribh agus ar an bhfaisnéis uile, lena n-áirítear faisnéis i bhfoirm leictreonach, is gá chun a a gcuid iniúchtaí a dhéanamh.

3.Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 30 agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 , d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasa airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú nó conradh deontais a chistítear go díreach nó go hindíreach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.Gan dochar do mhír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo, beidh i gconarthaí agus comhaontuithe deontais a thiocfaidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme forálacha lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Lárionad Inniúlachta, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach. I gcás ina ndéanfar cur chun feidhme gníomhaíochta a sheachfhoinsiú nó a fho-tharmligean, ina iomláine nó i bpáirt, nó i gcás inar gá conradh soláthair nó tacaíocht airgeadais a dhámhachtain do thríú páirtí ina leith, beidh sa chonradh nó sa chomhaontú deontais an oibleagáid atá ar an gconraitheoir nó ar an tairbhí ceangal a chur ar aon tríú páirtí lena mbaineann glacadh go follasach leis na cumhachtaí sin de chuid an Choimisiúin, an Lárionaid Inniúlachtaí, na Cúirte Iniúchóirí agus OLAF.

CAIBIDIL IV

Foireann an Lárionaid Inniúlachta

Airteagal 31

Foireann

1.Maidir le foireann an Lárionaid Inniúlachta, beidh feidhm ina leith ag Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh mar a leagtar síos iad le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 32 ón gComhairle (“na Rialacháin Foirne” agus “na Coinníollacha Fostaíochta”) agus ag na rialacha arna nglacadh go comhpháirteach ag institiúidí an Aontais Eorpaigh chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha fostaíochta sin a chur i bhfeidhm.

2.Feidhmeoidh an bord rialaithe, i ndáil le baill foirne an Lárionaid Inniúlachtaí, na cumhachtaí a tugadh dó leis na Rialacháin Foirne maidir leis an údarás ceapacháin agus na cumhachtaí a tugadh dó leis na Coinníollacha Fostaíochta maidir leis an údarás atá cumhachtaithe chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”).

3.Glacfaidh an bord rialaithe, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean don stiúrthóir feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoina bhféadtar an tarmligean sin a chur ar fionraí. Údaraítear an stiúrthóir feidhmiúcháin chun na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

4.I gcás inar gá sin in imthosca eisceachtúla, féadfaidh an bord rialaithe, trí chinneadh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin, chomh maith le haon fho-tharmligean a dhéanann an stiúrthóir feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach. I gcás den sórt sin, feidhmeoidh an bord rialaithe é féin cumhachtaí an údaráis ceapacháin nó tarmligfidh sé na cumhachtaí sin chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne de chuid an Lárionaid Inniúlachtaí nach é an stiúrthóir feidhmiúcháin é.

5.Glacfaidh an bord rialaithe rialacha cur chun feidhme maidir leis na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

6.Socrófar na hacmhainní foirne i bplean bunaíochta foirne an Lárionaid Inniúlachta lena gcuirfear in iúl líon na bpost sealadach de réir feidhmghrúpa agus gráid agus líon na mball foirne ar conradh arna sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha, i gcomhréir lena bhuiséad bliantúil.

7.Is é a bheidh i bhfoireann an Lárionaid Inniúlachta baill foirne shealadacha agus baill foirne ar conradh.

8.Íocfaidh an Lárionad Inniúlachta na costais uile a bhaineann le baill foirne.

Airteagal 32

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.Féadfaidh an Lárionad Inniúlachta úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an Lárionad Inniúlachtaí.

2.Glacfaidh an bord rialaithe, i gcomhar leis an gCoimisiún, cinneadh lena leagfar síos na rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Lárionad Inniúlachta.

Airteagal 33

Pribhléidí agus Díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Lárionad Inniúlachta agus lena fhoireann.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 34

Rialacha slándála

1.Beidh feidhm ag Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) Uimh. XXX [an Clár don Eoraip Dhigiteach] maidir le gach beart a chistítear leis an Lárionad Inniúlachta.

2.Beidh feidhm ag na rialacha sonracha slándála seo a leanas maidir le bearta a chistítear ón gClár Fís Eorpach:

(m)chun críche Airteagal 34(1) [Úinéireacht agus cosaint] de Rialachán (AE) Uimh. XXX [Fís Eorpach], nuair a fhoráiltear dó sa phlean oibre, féadtar an deonú maidir le ceadúnais neamheisiacha a theorannú do thríú páirtithe atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá á rialú ag na Ballstáit agus/nó náisiúnaigh de chuid na mBallstát;

(n)ceadúnas a aistriú nó a dheonú chuig eintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtír chomhlachaithe nó atá bunaithe san Aontas ach atá á rialú ó thríú tíortha, beidh ansin freisin foras chun agóid a dhéanamh in aghaidh aistrithe úinéireachta torthaí, nó in aghaidh ceadúnas eisiach a dheonú maidir le torthaí, chun críche Airteagal 36(4)(b) [Aistriú agus ceadúnú] de Rialachán (AE) Uimh. XXX [Fís Eorpach];

(o)chun críche Airteagal 37(3)(a) [Cearta rochtana] de Rialachán (AE) Uimh. XXX [Fís Eorpach], nuair a fhoráiltearmaidir leo sa phlean oibre, féadfaidh an deonú maidir le rochtain ar thorthaí agus cúlra a theorannú d’eintiteas dlítheanach, agus dó sin amháin, atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá á rialú ag na Ballstáit agus/nó náisiúnaigh de chuid na mBallstát.

Airteagal 35

Trédhearcacht

1.Cuirfidh an Lárionad Inniúlachta a ghníomhaíochtaí i gcrích le hardleibhéal trédhearcachta.

2.Áiritheoidh an Lárionad Inniúlachta go ndéanfar faisnéis iomchuí oibiachtúil iontaofa a bhfuil teacht uirthi go héasca a thabhairt don phobal agus d’aon pháirtithe leasmhara, go háirithe maidir le torthaí a chuid oibre. Poibleoidh sé freisin na dearbhuithe leasa a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 41.

3.Féadfaidh an bord rialaithe, ag gníomhú dó ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, údarás a thabhairt do pháirtithe leasmhara breathnú ar nósanna imeachta a bhaineann le cuid de ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta.

4.Leagfaidh an Lárionad Inniúlachta síos, ina rialacha nós imeachta, na socruithe praiticiúla chun na rialacha trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme. Tabharfar leis sin, i gcás beart a chistítear ón gClár Fís Eorpach, aird chuí ar na forálacha in Iarscríbhinn III den Rialachán maidir le Fís Eorpach.

Airteagal 36

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

1.Gan dochar d’Airteagal 35, ní sceithfidh an Lárionad Inniúlachta le tríú páirtithe aon fhaisnéis arna próiseáil aici nó arna tabhairt di a bhfuil iarraidh réasúnaithe déanta ina leith déileáil go rúnda, go hiomlán nó go páirteach, léi.

2.Comhaltaí an bhoird rialaithe, an stiúrthóir feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta, saineolaithe seachtracha atá páirteach sna Grúpaí Oibre ad hoc, agus comhaltaí foirne an Lárionaid, comhlíonfaidh siad ceanglais rúndachta faoi Airteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, fiú amháin nuair a bheidh deireadh lena gcuid dualgas.

3.Glacfaidh bord rialaithe an Lárionaid Inniúlachta rialacha slándála an Lárionaid Inniúlachta, tar éis don Choimisiún iad a fhormheas, bunaithe ar na prionsabail agus na rialacha a leagtar síos i rialacha slándála an Choimisiúin chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, lena n-áirítear inter alia forálacha maidir leis an bhfaisnéis sin a phróiseáil agus a stóráil mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún 33 agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún 34 .

4.Féadfaidh an Lárionad Inniúlachta na bearta uile is gá a dhéanamh chun gurb éasca an fhaisnéis is ábhartha maidir lena chúraimí a mhalartú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, leis na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais. Beidh formheas an Choimisiúin roimh ré ag aon socrú riaracháin a dhéanfar chun na críche sin maidir le faisnéis rúnaicmithe AE a chomhroinnt nó, murab ann do shocrú den sórt sin, ag aon socrú eisceachtúil ad hoc lena scaoilfear faisnéis rúnaicmithe AE.

Airteagal 37

Rochtain ar dhoiciméid

1.Beidh feidhm maidir leis na doiciméid a bheidh i seilbh an Lárionaid Inniúlachtaí ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

2.Glacfaidh an bord rialaithe socruithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme laistigh de shé mhí ón dáta a bhunófar an Lárionad Inniúlachta.

3.Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an Lárionad Inniúlachta de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman faoi Airteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó a bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 38

Faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú

1.Áiritheoidh an Lárionad Inniúlachta go mbeidh a ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a bhainistítear trí na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta agus tríd an Líonra, faoi réir faireachán leanúnach agus córasach agus meastóireacht thráthrialta. Áiritheoidh an Lárionad Inniúlachta go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil agus forchuirfear ceanglais tuairiscithe atá comhréireach ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit. Foilseofar torthaí na meastóireachta.

2.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar an Lárionad Inniúlachta ach faisnéis leordhóthanach a bheith ar fáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, ach tráth nach faide ná trí bliana go leith ó chuirfear an Rialachán seo chun feidhme den chéad uair. Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ar an meastóireacht sin agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í faoin 31 Nollaig 2024. Tabharfaidh an Lárionad Inniúlachta agus na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.

3.Sa mheastóireacht dá dtagraítear i mír 2 beidh measúnú ar na torthaí a bhain an Lárionad Inniúlachta amach, ag féachaint dá chuspóirí, dá shainordú agus dá chúraimí. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt leis an Lárionad Inniúlachta a bheith ag leanúint ar aghaidh i dtaca lena chuspóirí, lena shainordú agus lena chúraimí sainithe, féadfaidh sé a mholadh go ndéanfar sainordú an Lárionaid Inniúlachta a leagtar amach in Airteagal 46 a fhadú.

4.Ar bhonn chonclúidí na meastóireachta eatramhaí dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún gníomhú i gcomhréir le [hAirteagal 22(5)] nó aon bhearta eile iomchuí a dhéanamh.

5.Beidh an faireachán, an mheastóireacht, an céimniú amach agus an t-athnuachan a dhéanfar ar an ranníocaíocht airgeadais ón gClár Fís Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 8, Airteagal 45 agus Airteagal 47, le hIarscríbhinn III den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus le rialacha mionsonraithe arna n-aontú maidir le cur chun feidhme.

6.Beidh an faireachán, an tuairisciú agus an mheastóireacht a dhéanfar ar an ranníocaíocht airgeadais ón gClár don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25 den Chlár don Eoraip Dhigiteach.

7. I gcás ina ndéanfar an Lárionad Inniúlachta a fhoirceannadh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an Lárionad Inniúlachta laistigh de shé mhí tar éis an Lárionad Inniúlachta a fhoirceannadh, ach tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis tús a chur leis an nós imeachta foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 46 den Rialachán seo. Cuirfear torthaí na meastóireachta deiridh sin i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 39

Dliteanas an Lárionaid Inniúlachta

1.Beidh dliteanas conarthach an Lárionaid Inniúlachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú, leis an gcinneadh nó leis an gconradh i dtrácht.

2.I gcás dliteanas neamhchonarthach, slánóidh an Lárionaid Inniúlachta, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh í a fhoireann agus iad ag feidhmiú a ndualgas ba chúis leis.

3.Aon íocaíocht a dhéanfaidh an Lárionad Inniúlachta i leith an dliteanais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 agus na costais agus na speansais a thabhófar ina leith, measfar gur caiteachas de chuid an Lárionad Inniúlachta an íocaíocht sin agus cumhdófar as acmhainní an Lárionaid í.

4.Is é an Lárionad Inniúlachta amháin a bheidh freagrach as a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

Airteagal 40

Dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an dlí is infheidhme

1.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:

(1)de bhun aon chlásal eadrána atá i gcomhaontuithe, cinntí nó conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag an Lárionad Inniúlachta;

(2)i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh ar dhamáiste arb iad baill foirne an Lárionaid Inniúlachta is cúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu;

(3)in aon díospóid idir an Lárionad Inniúlachta agus a bhaill foirne faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a leagtar síos leis na Rialacháin Foirne.

2.Maidir le haon ábhar nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo nó le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, beidh feidhm ag dlí an Bhallstáit ina bhfuil ceannáras an Lárionaid Inniúlachta suite.

Airteagal 41

Dliteanas comhaltaí agus árachas

1.Beidh dliteanas airgeadais na gcomhaltaí i leith fhiacha an Lárionaid Inniúlachta teoranta don ranníocaíocht atá déanta acu cheana féin i leith na gcostas riaracháin.

2.Déanfaidh an Lárionad Inniúlachta árachas iomchuí a thógáil amach agus a choimeád.

Airteagal 42

Coinbhleachtaí leasa

Glacfaidh bord rialaithe an Lárionaid Inniúlachta rialacha chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i leith a chomhaltaí, a chomhlachtaí agus a bhaill foirne. Cuimseofar sna rialacha sin na forálacha arb é is aidhm dóibh coinbhleacht leasa a sheachaint i ndáil le hionadaithe na gcomhaltaí ar baill iad den bhord rialaithe agus den Bhord Chomhairleach Eolaíoch agus Tionsclaíoch i gcomhréir le Rialachán XXX [an Rialachán nua Airgeadais].

Airteagal 43

Cosaint sonraí pearsanta

1.Beidh an phróiseáil a dhéanfaidh an Lárionad Inniúlachta ar shonraí pearsanta faoi réir Rialachán (AE) Uimh. XXX/2018 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2.Glacfaidh an bord rialaithe na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal XX(3) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/2018. Féadfaidh an bord rialaithe na bearta breise is gá a ghlacadh chun go gcuirfidh an Lárionad Inniúlachta Rialachán (AE) Uimh. XXX/2018 i bhfeidhm.

Airteagal 44

Tacaíocht ón mBallstát óstach

Féadfar comhaontú riaracháin a thabhairt i gcrích idir an Lárionad Inniúlachta agus an Ballstát [an Bheilg] ina bhfuil a cheannáras suite maidir le pribhléidí agus díolúintí agus tacaíocht eile a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil don Lárionad Inniúlachta.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 45

Bearta tosaigh

1.Beidh an Coimisiún freagrach as an Lárionad Inniúlachta a bhunú agus as an obair thosaigh a dhéanfaidh sé go dtí go mbeidh an acmhainneacht oibríochtúil aige chun a bhuiséad féin a chur chun feidhme. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le dlí an Aontais, gach beart is gá le rannpháirtíocht chomhlachtaí inniúla an Lárionaid Inniúlachta.

2.Chun críche mhír 1, go dtí go rachaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin i mbun a dhualgas tar éis don bhord rialaithe é a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 16, féadfaidh an Coimisiún stiúrthóir feidhmiúcháin eatramhach a ainmniú chun na dualgais atá sannta don stiúrthóir feidhmiúcháin a fheidhmiú agus féadfaidh líon teoranta oifigeach de chuid an Choimisiúin cuidiú leis. Féadfaidh an Coimisiún líon teoranta dá chuid oifigeach a shannadh ar bhonn eatramhach.

3.Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin eatramhach gach íocaíocht a chumhdaítear le leithreasuithe dá bhforáiltear i mbuiséad bliantúil an Lárionaid Inniúlachta a údarú ach an buiséad sin a bheith formheasta ag an mbord rialaithe agus féadfaidh sé comhaontuithe, cinntí agus conarthaí a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí foirne, tar éis plean bunaíochta foirne an Lárionaid Inniúlachta a ghlacadh.

4.Cinnfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin eatramhach, de chomhthoil le stiúrthóir feidhmiúcháin an Lárionaid Inniúlachta agus faoi réir fhaomhadh an bhoird rialaithe, an dáta a bheidh sé de chumas ag an Lárionad Inniúlachta a bhuiséad féin a chur chun feidhme. Ón dáta sin amach, staonfaidh an Coimisiún ó ghealltanais agus íocaíochtaí a dhéanamh i leith ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta.

Airteagal 46

Fad ama

1.Bunófar an Lárionad Inniúlachta don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2029.

2.Ag deireadh na tréimhse sin, mura bhforáiltear a mhalairt trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo, cuirfear i ngníomh an próiseas foirceanta. Déanfar an próiseas foirceanta a chur i ngníomh go huathoibríoch má tharraingíonn an tAontas agus gach Ballstát rannpháirteach siar ón Lárionad Inniúlachta.

3.Ar mhaithe leis na himeachtaí a stiúradh chun an Lárionad Inniúlachta a fhoirceannadh, ceapfaidh an bord rialaithe leachtaitheoir amháin nó níos mó, a chomhlíonfaidh cinntí an bhoird rialaithe.

4.Nuair a dhéanfar an Lárionad Inniúlachta a fhoirceannadh, úsáidfear a shócmhainní chun a dhliteanais agus an caiteachas a bhaineann lena fhoirceannadh a chumhdach. Déanfar aon bharrachas a dháileadh ar an Aontas agus ar na Ballstáit rannpháirteacha i gcomhréir lena ranníocaíocht airgeadais leis an Lárionad Inniúlachta. Aisíocfar le buiséad an Aontais aon bharrachas a dháilfear ar an Aontas.

Airteagal 47

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála

1.2.Réimse beartais/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 35  

An taighde agus an nuálaíocht

Infheistíochtaí Straitéiseacha Eorpacha

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 36  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

1. Margadh Aonair Digiteach Nasctha

2. Borradh Nua faoi Phoist, Fás agus Infheistíocht

1.4.2.An cuspóir sonrach/na cuspóirí sonracha lena mbaineann

Cuspóirí sonracha

1.3 Is féidir leis an ngeilleagar digiteach a fhéidearthacht iomlán a fhorbairt le buntacaíocht tionscnamh lena gcumasaítear fás iomlán na dteicneolaíochtaí digiteacha agus sonraí.

2.1 Coimeádann an Eoraip an seasamh atá aici mar cheannaire domhanda sa gheilleagar digiteach, áit ar féidir le cuideachtaí Eorpacha fás ar bhonn domhanda, ag baint tairbhe as fiontraíocht dhigiteach láidir agus as gnólachtaí nuathionscanta a bhfuil rath orthu, agus áit a bhfuil saineolas ag an earnáil tionsclaíochta agus na seirbhísí poiblí ar an gclaochlú digiteach.

2.2. A bhuí leis an taighde Eorpach, aimsítear deiseanna infheistíochta le haghaidh dul chun cinn ceannródaíoch agus tionscadail shuaitheanta a d'fhéadfadh a bheith ann, go háirithe an Clár Fís 2020/Fís Eorpach agus trí úsáid a bhaint as comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Féachfaidh an Lárionad Inniúlachta, i dteannta leis an Líonra agus leis an bPobal, na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

(1)    tacú le cur chun feidhme na coda cibearshlándála den Chlár don Eoraip Dhigiteach, a bunaíodh le Rialachán Uimh. XXX, agus go háirithe le bearta a bhaineann le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. XXX [an Clár don Eoraip Dhigiteach] agus leis an gClár Fís Eorpach a bunaíodh le Rialachán Uimh. XXX agus go háirithe Roinn 2.2.6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. XXX maidir leis an gclár sonrach a bhunú lena gcuirtear an Clár Fís Eorpach chun feidhme, an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht, agus le cláir eile an Aontais i gcás ina bhforálfar maidir leo i ngníomhartha dlíthiúla an Aontais]

(2)    cumais, eolas agus bonneagair chibearshlándála a fheabhsú chun leas na dtionscal, na hearnála poiblí agus na bpobal taighde,

(3)    cuidiú na táirgí agus na réitigh chibearshlándála is déanaí a chur in úsáid i ngach cuid den gheilleagar,

(4)    tuiscint ar an gcibearshlándáil a fheabhsú agus cuidiú an bhearna scileanna in earnáil na cibearshlándála san Aontas a laghdú,

(5)    cuidiú an taighde agus an fhorbairt in earnáil na cibearshlándála san Aontas a neartú,

(6)    comhar idir na hearnálacha sibhialtacha agus cosanta a fheabhsú maidir le teicneolaíochtaí dé-úsáide agus feidhmchláir dhé-úsáide,

(7)    sineirgíochtaí idir gnéithe sibhialtacha agus cosanta na cibearshlándála a fheabhsú,

(8)    cúnamh a thabhairt obair Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta (“an Líonra”) dá dtagraítear in Airteagal 10 agus obair an Phobail um Inniúlacht Cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 12 a chomhordú agus a éascú.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

·    Líon an bhonneagair cibearshlándála/na n-uirlisí cibearshlándála arna soláthar go comhpháirteach.

·    Rochtain ar am tástála agus turgnaimh arna cur ar fáil do thaighdeoirí Eorpacha agus don earnáil tionsclaíochta ar fud an Líonra agus laistigh den Lárionad. Má tá na saoráidí ann cheana, méadú ar líon na n-uaireanta cloig a bheidh ar fáil do na pobail sin i gcomparáid leis na huaireanta cloig atá ar fáil i láthair na huaire.

·    Líon na bpobal úsáideoirí a ndéanfar freastal orthu agus líon na dtaighdeoirí a mbeidh rochtain acu ar shaoráidí cibearshlándála Eorpacha i gcomparáid le líon na dtaighdeoirí ar gá dóibh acmhainní dá leithéid a lorg lasmuigh den Eoraip.

·    An méadú a thiocfaidh ar iomaíochas soláthraithe Eorpacha de réir a chéile, arna thomhas i dtéarmaí sciar an mhargaidh dhomhanda (25 % de sciar an mhargaidh a bheith acu faoi 2027 atá sa sprioc), agus i dtéarmaí sciar de thorthaí Eorpacha i dtaobh Taighde agus Forbartha arna n-úsáid ag an earnáil tionsclaíochta.

·    Rannchuidiú leis na céad teicneolaíochtaí cibearshlándála eile, arna thomhas i dtéarmaí cóipchirt, paitinní, foilseacháin eolaíocha agus táirgí tráchtála.

·    Líon na gcuraclam scileanna cibearshlándála atá measúnaithe agus ailínithe, líon na gclár deimhnithe gairmiúil cibearshlándála atá measúnaithe;

·    An líon eolaithe, mac léinn agus úsáideoirí (riaracháin thionsclaíocha agus phoiblí) atá oilte.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Mais chriticiúil infheistíochta a bhaint amach i bhforbairt theicneolaíoch agus thionsclaíoch na cibearshlándála, agus chun ilroinnt na n-acmhainneachtaí ábhartha atá scaipthe ar fud an Aontais a shárú.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE

Is saincheist í an chibearshlándáil atá ina ábhar comhleasa don Aontas, de réir mar atá dearbhaithe ag na Conclúidí ón gComhairle atá luaite thuas. Cás den chineál sin is ea scála agus carachtar trasteorann teagmhas amhail WannaCryNonPetya. Mar gheall ar nádúr agus scála na ndúshlán teicneolaíoch ó thaobh na cibearshlándála de, anuas ar chomhordú neamhleor iarrachtaí laistigh agus i ngach cuid den earnáil tionsclaíochta, teastaíonn ón earnáil phoiblí agus ón bpobal taighde go dtabharfadh an tAontas Eorpach tuilleadh tacaíochta d’iarrachtaí comhordúcháin ionas go ndéanfaí mais chriticiúil acmhainní a chomhthiomsú agus bainistiú eolais agus sócmhainní ar bhonn níos fearr a áirithiú. Tá sé sin ag teastáil ag féachaint do na ceanglais acmhainní a bhaineann le cumais áirithe maidir le taighde, forbairt agus imlonnú i dtaobh na cibearshlándála; an gá rochtain a chur ar fáil ar fhios ghnó maidir leis an gcibearshlándáil i ndisciplíní éagsúla (nach mbíonn ar fáil go minic ach ar bhonn páirteach ar leibhéal náisiúnta); nádúr domhanda slabhraí luacha tionsclaíocha, agus gníomhaíocht iomaitheoirí domhanda a oibríonn sna margaí uile.

Bíonn acmhainní agus saineolas de dhíth ar scála chomh hard sin go mbeadh sé deacair d’aon Bhallstát beart a dhéanamh ar an scála sin ina aonar. Mar shampla, d’fhéadfadh infheistíocht dar luach thart ar EUR 900 milliún ón Aontas Eorpach a bheith ag teastáil ó líonra cumarsáide candamach uile-Eorpach, ag brath ar na hinfheistíochtaí ó na Ballstáit (le bheith idirnasctha/comhlántach) agus a mhéad agus a ligfeadh an teicneolaíocht sin na bonneagair atá ann cheana a athúsáid.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Dearbhaíodh i measúnú eatramhach an Chláir Fís2020 agus i measúnuithe ar chláir eile go bhfuil tacaíocht an Aontais maidir le taighde agus forbairt agus na dúshláin shochaíocha lena mbaineann fós ábhartha (ina measc sin “Sochaithe Slána”, lena ndéantar tacaíocht a chur ar fáil don taighde agus don fhorbairt ar an gcibearshlándáil). San am céanna, dearbhaíonn an mheastóireacht go bhfuil sé ina dhúshlán fós ceannaireacht thionsclaíoch a neartú agus go bhfuil bearna nuálaíochta ann go fóill, de bharr go bhfuil an tAontas Eorpach ag titim siar maidir le nuálaíocht cheannrodaíoch lena gcruthaítear margaí.

Is cosúil go ndearbhaítear i meastóireacht mheántéarma na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (CEF) an breisluach a bhaineann le hidirghabháil an Aontais Eorpaigh in earnálacha eile seachas an taighde agus an fhorbairt, cé go mbíonn fócas pas beag éagsúil (maidir le slándáil oibríochtúil) agus loighic idirghabhála i gceist le cibearshlándáil faoin CEF. Ag an am céanna, thug tromlach fhaighteoirí deontais cibearshlándála CEF – an comhphobal d'Fhoirne náisiúnta Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRTanna) – le fios gur mhaith leo clár tacaíochta saincheaptha faoin gcéad CAI eile.

Ba chéim thosaigh stuama é in 2016 nuair a cruthaíodh an chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (cPPP) maidir leis an gcibearshlándáil san Aontas Eorpach chun an pobal taighde, pobal na hearnála tionsclaíochta agus pobal na hearnála poiblí a thabhairt le chéile chun taighde agus nuálaíocht i dtaobh cibearshlándála a éascú agus ba cheart go soláthrófaí, laistigh de theorainneacha chreat airgeadais 2014-2020, torthaí maithe níos dírithe maidir le taighde agus nuálaíocht. Lig an cPPP do chomhpháirtithe tionsclaíocha a dtiomantas maidir lena gcaiteachas aonair a léiriú i dtaobh réimsí arna sainiú i gClár Oibre na comhpháirtíochta um Thaighde agus Nuálaíocht Straitéiseach.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tacaíocht bhreise do na forálacha agus do na gníomhaithe beartais cibearshlándála atá ann faoi láthair a bheidh sa Líonra um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus sa Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála. Beidh sainordú an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála i gcomhréir le hiarrachtaí ENISA ach tá fócas éagsúil i gceist leis agus tá sraith éagsúil scileanna riachtanach dó. Cé go bhfuil ról le himirt ag ENISA comhairle a thabhairt maidir le taighde agus nuálaíocht i dtaobh cibearshlándála san Aontas Eorpach, ní foláir nó go ndíríonn a shainordú molta den chuid is mó ar thascanna eile atá ríthábhachtach le haghaidh athléimneacht chibearshlándála san Aontas Eorpach a neartú. Ba cheart go spreagfadh an Lárionad forbairt agus cur in úsáid na teicneolaíochta sa chibearshlándáil agus go gcomhlánódh sé na hiarrachtaí forbartha acmhainneachta sa réimse sin ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta.

Oibreoidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála i dteannta leis an Líonra um inniúlachtaí cibearshlándála chun tacú le taighde le haghaidh caighdeánú agus próisis deimhniúcháin a éascú agus a luathú, go háirithe na cinn sin a bhaineann le scéimeanna deimhnithe cibearshlándála de réir bhrí an Ghnímh um Chibearshlándáil.

Feidhmeoidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála mar shásra cur chun feidhme aonair don dá chlár Eorpach lena dtacaítear le cibearshlándáil (an Clár don Eoraip Dhigiteach, an Clár Fís Eorpach) agus an comhleanúnachas agus na sineirgíochtaí eatarthu a fheabhsú.

Foráiltear sa tionscnamh seo gur féidir iarrachtaí na mBallstát a chomhlánú trí ionchur iomchuí a chur ar fáil do lucht déanta beartas oideachais chun oideachas um chibearshlándáil a fheabhsú (m.sh. trí churaclaim chibearshlándála i gcórais oideachais shibhialtacha agus mhíleata mar aon le hábhar d’oideachas bunúsach cibearshlándála a fhorbairt). Ina theannta sin, chumasófaí leis ailíniú agus measúnú leanúnach ar chláir deimhnithe cibearshlándála ghairmiúla - na gníomhaíochtaí riachtanacha go léir chun cúnamh a thabhairt an bhearna i scileanna cibearshlándála a líonadh agus rochtain ag tionscail agus ag pobail eile ar speisialtóirí cibearshlándála a éascú. Tabharfaidh ailíniú ar oideachas agus ar scileanna cúnamh fórsa saothair cibearshlándála cáilithe a fhorbairt – rud atá ina shócmhainn phríomhúil le haghaidh cuideachtaí cibearshlándála agus le haghaidh tionscail eile a bhfuil baint acu leis an gcibearshlándáil.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 01/01/2021 go dtí an 31/12/2029

Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go 2031 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 37  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n-áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

In Airteagal 28 tá forálacha mionsonraithe maidir le faireachán agus tuairisciú.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Chun na rioscaí a bhaineann le hoibriú an Lárionaid Inniúlachta a mhaolú tar éis é a chur ar bun agus na moilleanna a bhain leis sin, tacóidh an Coimisiún leis an Lárionad Inniúlachta le linn na céime seo chun a áirithiú go ndéanfar príomhphearsanra a earcú go mear agus córas rialaithe inmheánach éifeachtúil agus nósanna imeachta iontaofa a chur ar bun.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

Beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin freagrach as oibríochtaí agus as bainistíocht ó lá go lá ar an Lárionad Inniúlachta agus is é a bheidh ina ionadaí dlíthiúil ar a shon. Beidh an stiúrthóir cuntasach don bhord rialaithe agus tuairisceoidh sé dó ar bhonn leanúnach maidir le forbairt ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta.

Is ag an mbord rialaithe atá an fhreagracht fhoriomlán as treoshuíomh straitéiseach agus oibríochtaí an Lárionaid Inniúlachta agus déanfaidh siad cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí lena mbaineann a mhaoirsiú.

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an bord rialaithe na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Lárionad Inniúlachta. Cloífidh siad le Rialachán (AE) Uimh. 1271/2013 ach amháin i gcás go mbeidh gá sonrach gan é sin a dhéanamh le haghaidh oibriú an Lárionaid Inniúlachta agus go bhfuil faomhadh ina leith tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.

Beidh na cumhachtaí céanna ag iniúchóir inmheánach an Choimisiúin ar an Lárionad Inniúlachta is a bheidh aige ar an gCoimisiún. Beidh sé de chumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, iniúchtaí a dhéanamh ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir ag a mbeidh cistí Aontais faighte ón Lárionad Inniúlachta.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

Na costais agus na tairbhí a bhaineann le rialuithe

Beidh costas rialaithe an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála roinnte idir costas na maoirseachta ar leibhéal an Choimisiúin agus costas na rialuithe oibriúcháin ar leibhéal an chomhlachta cur chun feidhme.

Meastar go mbeidh costas na rialuithe ar leibhéal an Lárionaid Inniúlachta thart ar 1.19 % de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí oibriúcháin arna gcur chun feidhme ar leibhéal an Lárionaid Inniúlachta.

Meastar go mbeidh costas na maoirseachta ar leibhéal an Choimisiúin thart ar 1.20 % de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí oibriúcháin arna gcur chun feidhme ar leibhéal an Lárionaid Inniúlachta.

Má ghlactar leis gurb é an Coimisiún a dhéanfaidh bainistiú ar an gclár iomlán, gan tacaíocht ó chomhlacht cur chun feidhme, beidh an costas a bhaineann le rialú cuid mhaith níos airde agus féadfaidh sé gur timpeall 7.7 % de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bheidh ann.

Is é is aidhm do na rialuithe dá bhforáiltear a áirithiú go ndéanfaidh an Coimisiún maoirseacht rianúil éifeachtach ar na heintitis cur chun feidhme agus go mbeidh an méid is gá iontaofachta ann ar leibhéal an Choimisiúin.

Is iad seo a leanas tairbhí na rialuithe:

-    A sheachaint go roghnófaí tograí níos laige nó tograí easpacha.

-    Pleanáil agus úsáid chistí an Aontais a bharrfheabhsú chun nach mbainfear de bhreisluach AE.

-    Cáilíocht na gcomhaontuithe deontais a áirithiú, earráidí a sheachaint agus eintitis dhlíthiúla á sainaithint, a áirithiú go ndéanfar Ranníocaíochtaí an Aontais a ríomh i gceart agus na ráthaíochtaí is gá a dhéanamh le go n-oibreoidh na deontais i gceart.

-    Costais nach bhfuil incháilithe a bhrath ag céim na híocaíochta.

-    Earráidí a dhéanann difear do dhlíthiúlacht agus do rialtacht na n-oibríochtaí a bhrath ag céim na hiniúchóireachta.

An leibhéal earráide a mheastar

Is é an aidhm atá ann an ráta earráidí iarmharacha a choinneáil faoin tairseach 2 % don Chlár iomlán agus, san am céanna, an t-ualach rialaithe ar thairbhithe a theorannú chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir cuspóir na dlíthiúlachta agus na rialtachta agus cuspóirí eile, amhail tarraingteacht an Chláir, go háirithe do FBManna agus costas na rialuithe.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile d'fhonn a shuíomh an ndearnadh aon chalaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le deontas nó le conradh arna mhaoiniú ag an Lárionad Inniúlachta.

Cuimseoidh comhaontuithe, cinntí agus conarthaí a eascraíonn as cur chun feidhme an Rialacháin seo forálacha lena dtabharfadh sainchumhacht don Choimisiún, don Lárionad Inniúlachta, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe a dhéanamh, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

Áiritheoidh an Lárionad Inniúlachta go bhfuil leasanna airgeadais a chuid comhaltaí cosanta go leordhóthanach trí rialuithe inmheánacha agus seachtracha iomchuí a dhéanamh nó a choimisiúnú.

Aontóidh an Lárionad Inniúlachta don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le fiosruithe inmheánacha na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF). Glacfaidh an Lárionad Inniúlachta na bearta is gá chun imscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag OLAF a éascú.

Glacfaidh an Lárionad Inniúlachta straitéis frithchalaoise, bunaithe ar anailís ar riosca calaoise agus ar bhreithnithe costais is tairbhe. Cosnóidh sé leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

·Línte nua buiséid atá á n-iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil:

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

Difreáilte/Neamhdhifreáilte 38 .

ó thíortha de chuid CSTE 39

ó thíortha is iarrthóirí 40

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

Ceannteideal 1: An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus an Clár Oibre Digiteach

01 02 XX XX an Clár Fís Eorpach An Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála – tacaíocht maidir le caiteachas

01 02 XX XX an Clár Fís Eorpach An Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála

02 06 01 XX An Clár don Eoraip Dhigiteach An Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála – tacaíocht maidir le caiteachas

02 06 01 XX An Clár don Eoraip Dhigiteach An Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála 

Difreáilte

TÁ (má shonraítear é sa Chlár oibre bliantúil)

TÁ (teoranta do chodanna áirithe den Chlár)

NÍL

·Tá ionchas ann go dtiocfaidh na ranníocaíochtaí leis na línte buiséid úd ón méid a leanas:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid

Bliain 2021

Bliain 2022

Bliain 2023

Bliain 2024

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain 2027

Iomlán

01 01 01 01 Caiteachas a bhaineann le hoifigigh taighde agus le gníomhairí sealadacha – an Clár Fís Eorpach

pm

pm

pm

pm

pm

pm

pm

pm

01 01 01 02 Pearsanra seachtrach lena gcuirtear cláir thaighde chun feidhme – an Clár Fís Eorpach

pm

pm

pm

pm

pm

pm

pm

pm

01 01 01 03 Caiteachas bainistíochta eile le haghaidh taighde – an Clár Fís Eorpach

pm

pm

pm

pm

pm

pm

pm

pm

01 02 02 Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch

pm

pm

pm

pm

pm

pm

pm

pm

02 01 04 tacaíocht riaracháin – an Clár don Eoraip Dhigiteach

1,238

3,030

3,743

3,818

3,894

3,972

4,051

23,746

02 06 01 Cibearshlándáil – an Clár don Eoraip Dhigiteach

284,892

322,244

327,578

248,382

253,295

258,214

263,316

1.957,922

Caiteachas iomlán

286,130

325,274

331,320

252,200

257,189

262,186

267,368

1.981,668

Molfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht ó imchlúdach airgeadais na braisle “Sochaí Chuimsitheach agus Shlán” de Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch” den Chlár Fís Eorpach (imchlúdach iomlán dar luach EUR 2 800 000 000) dá dtagraítear in Airteagal 21(1)(b) le linn an phróisis reachtaigh agus i gcás ar bith sula ndéantar aon chomhaontú polaitiúil. Beidh an togra bunaithe ar thoradh an phróisis pleanála straitéisí de réir mar atá sainithe in Airteagal 6(6) de Rialachán XXX [an Clár Réime Fís 2020].

Ní áirítear sna méideanna thuas an ranníocaíocht ó na Ballstáit le haghaidh chostais oibríochtúla agus riaracháin an Lárionaid Inniúlachta, i gcomhréir le ranníocaíocht airgeadais an Aontais.

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

1

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus an Clár Oibre Digiteach

2021 41

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Teideal 1 (caiteachas foirne)

Gealltanais = Íocaíochtaí

(1)

0,619

1,515

1,871

1,909

1,947

1,986

2,026

 

11,873

Teideal 2 (Caiteachas ar bhonneagar agus caiteachas oibríochta)

Gealltanais = Íocaíochtaí

(2)

0,619

1,515

1,871

1,909

1,947

1,986

2,026

 

11,873

Teideal 3 (caiteachas oibríochtúil)

Gealltanais

(3)

284,892

322,244

327,578

248,382

253,295

258,214

263,316

 

1.957,922

Íocaíochtaí

(4)

21,221

102,765

150,212

167,336

156,475

150,124

148,074

1.061,715

1.957,922

IOMLÁN leithreasuithe d’imchlúdach na gclár 42

Gealltanais

=1+2+3

286,130

325,274

331,320

252,200

257,189

262,186

267,368

 

1.981,668

Íocaíochtaí

=1+2+4

22,459

105,795

153,954

171,154

160,369

154,096

152,126

1.061,715

1.981,668





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

7

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna 

3,090

3,233

3,233

3,233

3,233

3,233

3,805

 

23,060

Caiteachas riaracháin eile

0,105

0,100

0,104

0,141

0,147

0,153

0,159

 

0,909

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

3,195

3,333

3,337

3,374

3,380

3,386

3,964

 

23,969

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
i ngach CEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

289,325

328,607

334,657

255,574

260,569

265,572

271,332

2.005,637

Íocaíochtaí

25,654

109,128

157,291

174,528

163,749

157,482

156,090

1.²061,715

2.005,637

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

3,090

3,233

3,233

3,233

3,233

3,233

3,805

23,060

Caiteachas riaracháin eile

0,105

0,100

0,104

0,141

0,147

0,153

0,159

0,909

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

3,195

3,333

3,337

3,374

3,380

3,386

3,964

23,969

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 43
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

1,238

3,030

3,743

3,818

3,894

3,972

4,051

23,746

Fo-iomlánlasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

1,238

3,030

3,743

3,818

3,894

3,972

4,051

23,746

IOMLÁN

4,433

6,363

7,079

7,192

7,274

7,358

8,016

47,715

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Comhfhreagraíonn na leithreasuithe thuasluaite, ar gá iad le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin lasmuigh de Cheannteideal 7 a chumhdach, do na méideanna atá cumhdaithe i ranníocaíocht airgeadais an Aontais ón gClár don Eoraip Dhigiteach.

Méadófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin lasmuigh de Cheannteideal 7 faoi na méideanna atá cumhdaithe i ranníocaíocht airgeadais an Aontais ón gClár Fís Eorpach, nuair a dhéanfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht ó imchlúdach airgeadais na braisle “Sochaí Chuimsitheach agus Shlán” de Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch” sa Chlár Fís Eorpach (imchlúdach iomlán dar luach EUR 2 800 000 000) dá dtagraítear in Airteagal 21(1)(b) a mholadh le linn an phróisis reachtaigh agus i gcás ar bith sula ndéanfar aon chomhaontú polaitiúil.

Ní áirítear i méideanna na leithreasuithe thuasluaite, ar gá iad le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin lasmuigh de Cheannteideal 7 a chumhdach, an ranníocaíocht ó na Ballstáit le haghaidh chostais riaracháin an Lárionaid Inniúlachta, i gcomhréir le ranníocaíocht airgeadais an Aontais.

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach sa Choimisiún

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

20

21

21

21

21

21

22

Toscaireachtaí

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) - CA, LA, SNE, INT agus JED  44

Ceannteideal 7

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa Cheanncheathrú

3

3

3

3

3

3

3

- i dToscaireachtaí

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  45

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN

23

23

24

24

24

25

25

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Na tascanna atá faoi iontaoibh an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála, lena n-áirítear costais tacaíochta agus chomhordúcháin.

Forbairt beartais agus comhordú i réimse na cibearshlándála maidir leis na tascanna arna gcur faoi iontaoibh an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála, m.sh. maidir le socrú tosaíochtaí don bheartas taighde agus tionsclaíoch, comhar ginearálta idir na Ballstáit agus oibreoirí eacnamaíocha, comhsheasmhacht le creat deimhnithe cibearshlándála an Aontais Eorpaigh a bheidh ann sa todhchaí, obair maidir le dliteanas agus dualgas cúraim, nó comhordú le beartais maidir le ríomhaireacht ardfheidhmíochta, intleacht shaorga, agus scileanna digiteacha. .

Baill foirne sheachtracha

Na tascanna atá faoi iontaoibh an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála, lena n-áirítear costais tacaíochta agus chomhordúcháin.

Forbairt beartais agus comhordú i réimse na cibearshlándála maidir leis na tascanna arna gcur faoi iontaoibh an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála, m.sh. maidir le socrú tosaíochtaí don bheartas taighde agus tionsclaíoch, comhar ginearálta idir na Ballstáit agus oibreoirí eacnamaíocha, comhsheasmhacht le creat deimhnithe cibearshlándála an Aontais Eorpaigh a bheidh ann sa todhchaí, obair maidir le dliteanas agus dualgas cúraim, nó comhordú le beartais maidir le ríomhaireacht ardfheidhmíochta, intleacht shaorga, agus scileanna digiteacha. .

3.2.2.2.Na riachtanais mheasta maidir le hacmhainní daonna sa Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála

 

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Oifigigh an Choimisiúin

Ar AD iad

Ar AST iad

Ar AST-SC iad

Gníomhairí sealadacha

Ar AD iad

10

11

13

13

13

13

13

Ar AST iad

Ar AST-SC iad

Gníomhairí ar conradh

26

32

39

39

39

39

39

SNInna

1

1

1

1

1

1

1

Iomlán

37

44

53

53

53

53

53

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Cur chun feidhme oibríochtúil na dtascanna atá faoi iontaoibh an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo, lena n-áirítear costais tacaíochta agus chomhordúcháin.

Baill foirne sheachtracha

Cur chun feidhme oibríochtúil na dtascanna atá faoi iontaoibh an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo, lena n-áirítear costais tacaíochta agus chomhordúcháin.

Comhfhreagraíonn an riachtanais mheasta thuas maidir le hacmhainní daonna sa Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála do na riachtanais mheasta chun ranníocaíocht airgeadais an Aontais faoin gclár don Eoraip Dhigiteach a chur chun feidhme.

Méadófar na riachtanais mheasta thuas maidir le hacmhainní daonna sa Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála faoi na riachtanais mheasta chun ranníocaíocht airgeadais an Aontais faoin gClár Fís Eorpach a chur chun feidhme, nuair a dhéanfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht ó imchlúdach airgeadais na braisle “Sochaí Chuimsitheach agus Shlán” de Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch” sa Chlár Fís Eorpach (imchlúdach iomlán dar luach EUR 2 800 000 000) dá dtagraítear in Airteagal 21(1)(b) a mholadh le linn an phróisis reachtaigh agus i gcás ar bith sula ndéanfar aon chomhaontú polaitiúil.

3.2.2.3.An plean chun an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála a bhunú

Grúpa feidhme agus grád

2021

2022

2023

2024

2025

2025

2025

AD 16

AD 15

AD 14

1

1

1

1

1

1

1

AD 13

AD 12

AD 11

AD 10

AD 9

5

5

6

6

6

6

6

AD 8

1

1

1

1

1

1

1

AD 7

1

2

3

3

3

3

3

AD 6

1

1

1

1

1

1

1

AD 5

1

1

1

1

1

1

1

Iomlán AD

10

11

13

13

13

13

13

AST 11

AST 10

AST 9

AST 8

AST 7

AST 6

AST 5

AST 4

AST 3

AST 2

AST 1

Iomlán AST

AST 6

AST 5

AST 4

AST 3

AST 2

AST 1

AST/SC Iomlán

MÓRIOMLÁN

10

11

13

13

13

13

13

3.2.2.4.An tionchar measta ar an bhfoireann (bhreise) – pearsanra seachtrach an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála

Gníomhairí ar conradh

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Grúpa feidhme IV

20

22

29

29

29

29

29

Grúpa feidhme III

2

4

4

4

4

4

4

Grúpa feidhme II

4

6

6

6

6

6

6

Grúpa feidhme I

Iomlán

26

32

39

39

39

39

39

 

Chun neodracht maidir le ríomh foirne a áirithiú, déanfar an soláthar foirne breise sa Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála a fhritháireamh i bpáirt faoi laghdú ar líon na n-oifigeach agus na mball foirne seachtrach (i.e. an plean bunaíochta agus an pearsanra seachtrach atá i bhfeidhm faoi láthair) i seirbhísí ábhartha an Choimisiúin.

Déanfar líon foirne an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála i bpointí 3.2.2.2-4 a chúiteamh mar seo a leanas 46 :

IOMLÁN

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Oifigigh an Choimisiúin

5

5

6

6

6

6

6

Gníomhairí sealadacha

Gníomhairí ar conradh

14

17

20

20

20

20

20

SNInna

IOMLÁN FTE

19

22

26

26

26

26

26

An líon foirne

19

22

26

26

26

26

26

Beidh an cúiteamh acmhainní daonna sa Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála i gcomhréir le sciar ranníocaíocht airgeadais an Aontais, i.e. 50%.

Baineann an cúiteamh thuas le riachtanais mheasta maidir le hacmhainní daonna sa Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála le haghaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais ón gclár don Eoraip Dhigiteach a chur chun feidhme.

Méadófar an cúiteamh thuas faoi na riachtanais mheasta chun ranníocaíocht airgeadais an Aontais faoin gClár Fís Eorpach a chur chun feidhme, nuair a dhéanfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht ó imchlúdach airgeadais na braisle “Sochaí Chuimsitheach agus Shlán” de Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch” sa Chlár Fís Eorpach (imchlúdach iomlán dar luach EUR 2 800 000 000) dá dtagraítear in Airteagal 21(1)(b) a mholadh le linn an phróisis reachtaigh agus i gcás ar bith sula ndéanfar aon chomhaontú polaitiúil.

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Leis an togra/tionscnamh seo:

   Ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   Déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe 47 atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Na Ballstáit – ranníocaíocht leis an gcaiteachas foirne

0,619

1,515

1,871

1,909

1,947

1,986

2,026

11,873

Na Ballstáit – ranníocaíocht leis an gcaiteachas ar bhonneagar agus caiteachas oibríochta

0,619

1,515

1,871

1,909

1,947

1,986

2,026

11,873

Na Ballstáit – ranníocaíocht leis an gcaiteachas oibríochtúil

284,892

322,244

327,578

248,382

253,295

258,214

263,316

1.957,922

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

286,130

325,274

331,320

252,200

257,189

262,186

267,368

1.981,668

Ní bhaineann an ranníocaíocht tríú páirtí thuas ach le cómhaoiniú i gcomhréir le hacmhainní airgeadais an Aontais atá tiomanta do chibearshlándáil faoin gClár don Eoraip Dhigiteach. Méadófar an ranníocaíocht tríú páirtí thuas nuair a dhéanfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht airgeadais ón mbraisle “Sochaí Chuimsitheach agus Shlán” de Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch” den Chlár Fís Eorpach (imchlúdach iomlán dar luach EUR 2 800 000 000) dá dtagraítear in Airteagal 21(1)(b) le linn an phróisis reachtaigh agus i gcás ar bith sula ndéanfar aon chomhaontú polaitiúil. Beidh an togra bunaithe ar thoradh an phróisis pleanála straitéisí de réir mar atá sainithe in Airteagal 6(6) de Rialachán XXX [an Clár Réime Fís 2020].

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam..

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

sonraigh le do thoil, má tá an t-ioncam sannta do línte caiteachais    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 48

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE: Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh: Cibearspás Oscailte, Sábháilte agus Slán, JOIN(2013) 1 final
(2)    Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
(3)    TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE: Resilience, Deterrence and Defence: Building strong cybersecurity for the EU (Athléimneacht, Díspreagadh agus Cosaint: Cibearshlándáil láidir a thógáil don Aontas Eorpach), JOIN(2017) 450 final
(4)    An Dréachttuarascáil Deiridh maidir leis an Staidéar Margaidh um Chibearshlándáil, 2018
(5)    An Dréachttuarascáil Deiridh maidir leis an Staidéar Margaidh um Chibearshlándáil, 2018
(6)    Tuarascálacha Teicniúla an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde: Lárionaid Eorpacha Saineolais maidir leis an gCibearshlándáil, 2018
(7)    Tuarascáil Theicniúil an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde: Torthaí an Chleachtaidh Mapála (Féach Iarscríbhinn 4 agus Iarscríbhinn 5 le haghaidh sonraí)
(8)    Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Resilience, Deterrence and Defence: Building strong cybersecurity for the EU [Athléimneacht, díspreagadh agus cosaint: Cibearshlándáil láidir a thógáil don Aontas], arna nglacadh ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta an 20 Samhain 2017.
(9)    COM(2018) 434 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár don Eoraip Dhigiteach le haghaidh na tréimhse 2021-2027
(10)    Féach SWD(2018) 305
(11)    COM(2018) 435 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus le leathadh
(12)    Mar atá sainmhínithe in COM(2018) 435 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus le leathadh; agus dá dtagraítear in COM(2018) 434 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár don Eoraip Dhigiteach le haghaidh na tréimhse 2021-2027.
(13)    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ENISA, "Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil", agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013, agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (''an Gníomh um Chibearshlándáil'', COM(2017) 477 final/3)
(14)    Tá sé seo gan dochar do na sásraí deimhniúcháin faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí, ina mbíonn ról le himirt ag na húdaráis cosanta sonraí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (“An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí”)
(15)    E.g. Cruinniú comhchéime ardleibhéil le Ballstáit, an LeasUachtarán Ansip, an Coimisinéir Gabriel, 5 Nollaig 2017
(16)    An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta: Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Resilience, Deterrence and Defence: Building strong cybersecurity for the EU [Athléimneacht, díspreagadh agus cosaint: Cibearshlándáil láidir a thógáil don Aontas Eorpach] (an 20 Samhain 2017)
(17)    SEGS, Márta 2018
(18)    IO C, , lch. .
(19)    IO C , , lch. .
(20)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle:: Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh: Cibearspás Oscailte, Sábháilte agus Slán JOIN(2013) 1 final.
(21)    Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L  194, 19.7.2016, lch. 1).
(22)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal Resilience, Deterrence and Defence: Building strong cybersecurity for the EU [Athléimneacht, díspreagadh agus cosaint: Cibearshlándáil láidir a thógáil don Aontas Eorpach], JOIN (2017) 450 final.
(23)    Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L  194, 19.7.2016, lch. 1).
(24)    Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L  145, 31.5.2001, lch. 43).
(25)    [cuir isteach an teideal agus an tagairt IO]
(26)    [cuir isteach an teideal iomlán agus tagairt IO]
(27)    [cuir isteach an teideal iomlán agus tagairt IO]
(28)    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an gcreatRialachán airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L  328, 7.12.2013, lch. 42).
(29)    [cuir isteach an teideal iomlán agus an tagairt IO]
(30)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(31)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(32)    Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).
(33)    Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).
(34)    Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
(35)    ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(36)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(37)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(38)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(39)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(40)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(41)    Níl áireamh ar na leithreasuithe foirne ach ar feadh leathbhliana in 2021
(42)    Ní bhaineann na leithreasuithe iomlána atá leagtha amach ach le hacmhainní airgeadais an Aontais Eorpaigh atá tiomanta don chibearshlándáil faoin gClár don Eoraip Dhigiteach. Molfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht ó imchlúdach airgeadais na braisle “Sochaí Chuimsitheach agus Shlán” de Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch” den Chlár Fís Eorpach (imchlúdach iomlán dar luach EUR 2 800 000 000) dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(b) le linn an phróisis reachtaigh agus i gcás ar bith sula ndéantar aon chomhaontú polaitiúil. Beidh an togra bunaithe ar thoradh an phróisis pleanála straitéisí de réir mar atá sainithe in Airteagal 6(6) de Rialachán XXX [an Clár Réime Fís 2020].
(43)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(44)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Gairmithe Sóisearacha i dToscaireachtaí.
(45)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(46)    Faoi réir mhéid deiridh an bhuiséid a ndéanfar a chur chun feidhme a tharmligean don Lárionad Inniúlachta
(47)    Ranníocaíocht chomhchineál mheasta ó na Ballstáit
(48)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.