Strasbourg, 12.6.2018

COM(2018) 473 final

2018/0249(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí

{SEC(2018) 315 final}
{SWD(2018) 347 final}
{SWD(2018) 348 final}




MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá cosaint éifeachtach a dhéanamh ar ár dteorainneacha seachtracha réamhriachtanach chun an limistéar sábháilte do shaorghluaiseacht daoine agus earraí laistigh den Aontas a áirithiú. Tá sé sin i measc na bpríomhchuspóirí atá ag freagairt an Aontais do na dúshláin i réimsí na himirce agus na slándála freisin mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 1 . Ba cheart cuspóir an Aontais (faoi Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)) maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhaint amach, inter alia, trí chomhbhearta i ndáil le trasnú teorainneacha inmheánacha ag daoine agus i ndáil le rialuithe teorann ag teorainneacha seachtracha an Aontais, chomh maith leis an gcomhbheartas víosaí. Tá buntáistí tábhachtacha, do shaoránaigh Eorpacha agus do ghnólachtaí araon, ag baint le limistéar inmheánach gan teorainneacha a ghnóthú ina bhféadfaidh daoine agus earraí gluaiseacht faoi shaoirse. Tá limistéar Schengen ar cheann de na príomhbhealaí ina bhféadann saoránaigh Eorpacha a gcuid saoirsí a fheidhmiú, agus ina bhféadann an margadh aonair a bheith rathúil agus forbairt a dhéanamh. Tá sé ar cheann de na mórghníomhartha is inbhraite de chuid an Aontais agus dá bhrí sin tá sé níos riachtanaí fós neartú a dhéanamh ar na hiarrachtaí atá beartaithe chun a shláine a choimirciú, go háirithe ag am ina bhfuil dúshláin ann a eascraíonn as brú imirceach.

Bhí buiséad an Aontais thar a bheith tábhachtach chun cistiúchán a chur ar fáil do fhreagairt choiteann ar na gnéithe éagsúla de ghéarchéim na himirce agus do chaomhnú limistéar Schengen. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún breis tacaíochta a chur ar fáil chun ár dteorainneacha seachtracha a dhaingniú. Áirítear leis sin sreafaí earraí agus daoine a bhainistiú i gceart trí rialú na dteorainneacha seachtracha a neartú agus a áirithiú go bhfuil trealamh leordhóthanach ag na Ballstáit chun rialú custaim a dhéanamh.

Ina fhianaise sin, an 2 Bealtaine 2018 ghlac an Coimisiún togra don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse 2021-2027 ina moltar Ciste nua um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha a bhunú lena dtabharfar tacaíocht atá ríthábhachtach agus atá daingnithe do na Ballstáit chun teorainneacha seachtracha coiteanna an Aontais a dhaingniú, le himchlúdach de EUR 9 318 000 000 (i bpraghsanna reatha). Tá méadú faoi cúig i gcomparáid leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha don imchlúdach foriomlán maidir le bainistiú teorainneacha beartaithe don chéad tréimhse eile. Rannchuideoidh an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcomhbheartas víosaí agus Bainistiú Comhtháite Teorainneacha san Eoraip a áirithiú ag na teorainneacha seachtracha d’fhonn trasnú éifeachtúil na dteorainneacha seachtracha a áirithiú. Áirítear leis sin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirceacha agus ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ag na teorainneacha sin, agus ar an mbealach sin rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar an gcoireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag gabháil léi, agus chun leibhéal ard slándála inmheánaí a áirithiú san Aontas, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus, san am céanna, saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas a choimirciú. Ba cheart leanúint de thacaíocht chistiúcháin a thabhairt do na Ballstáit chun a nacmhainneachtaí sna réimsí sin a fhothú agus a fheabhsú agus chun comhoibriú a threisiú, lena náirítear leis na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais. Beidh ról ag an gCiste freisin maidir le haonfhoirmeacht níos mó a áirithiú i ndáil le feidhmiú rialuithe custaim ag na teorainneacha seachtracha, trí aghaidh a thabhairt ar na difríochtaí atá idir na Ballstáit faoi láthair de bharr suíomh geografach agus difríochtaí sna hacmhainneachtaí agus sna hacmhainní atá ar fáil. Laistigh den chreat sin, beidh dhá ionstraim sa Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (CBCT): ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí agus ionstraim i gcomhair tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim 2 . Ní bhaineann an togra ach amháin leis an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí. San am céanna, déanfaidh an Coimisiún togra ar leith a chur i láthair lena gcumhdófar an ionstraim do threalamh rialaithe custaim.

Príomhghné de ghníomhaíocht AE agus réamhriachtanas maidir le gnáthfheidhmiú chóras Schengen is ea bainistiú comhtháite teorainneacha ag na teorainneacha seachtracha san Eoraip a neartú, mar a shainítear i Rialachán (AE) 2016/1624 lena mbunaítear an Garda Teorann agus Cósta Eorpach 3 . Tugtar le chéile sa choincheap a bhaineann le Bainistiú Comhtháite Teorainneacha san Eoraip roinnt comhpháirteanna nach mór aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach cuimsitheach agus comhordaithe, ó réimse an rialaithe teorann, lena náirítear náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil gá acu le cosaint a atreorú, coireacht trasteorann a chosc agus a bhrath, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, go dtí anailísí riosca. Comhpháirt thábhachtach freisin den bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip is ea comhar idirghníomhaireachta, chomh maith le sásraí dlúthpháirtíochta, lena náirítear cistiúchán an Aontais, amhail CBCT nua, agus go háirithe an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí.

Is comhtheorainneacha iad teorainneacha seachtracha AE agus is gá do na húdaráis inniúla náisiúnta, do ghníomhaithe AE agus don Aontas ina iomláine bearta comhchoiteanna agus comhleanúnacha a ghlacadh ina leith. Dá bhrí sin, freagracht chomhroinnte idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (EBCGA) is ea na teorainneacha seachtracha coiteanna sin a bhainistiú, arb iad dhá cholún an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh iad. Le go gcuirfidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip chun feidhme go héifeachtach, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh dlúthchomhar idir a chomhchodanna go léir. Is gá go ndéanfaí acmhainní airgeadais tiomnaithe de chuid AE a dháileadh go leordhóthanach lena áirithiú go mbeidh dóthain acmhainneachta ag na Ballstáit is mó a gcuirfear as dóibh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh rompu, ar mhaithe leis an Aontas ina iomláine. Rannchuideoidh an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí leis sin.

Is gá go mbeadh iarrachtaí na ngardaí teorann náisiúnta agus na núdarás rialaithe custaim a mbeidh tacaíocht acu ón ionstraim á gcomhlánú ag Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta atá láidir agus go hiomlán oibríochtúil agus a bheidh ag croílár chóras AE um bainistiú teorainneacha, ar córas é a bheidh comhtháite go hiomlán. Is é sin an fáth a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún a mholadh go ndéanfaí méadú mór ó scála ar an nGníomhaireacht go dtí stádas iomlán oibríochtúil, agus go mbeadh buanchór de thuairim is 10,000 garda teorann aici 4 . Is gá freisin go mbeadh Gníomhaireacht Eorpach ann agus í ag feidhmiú go maith chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF i limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA).

Sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, cuirfidh cistiúchán an Aontais faoi na hionstraimí um ghníomhaíochtaí seachtracha tacaíocht neartaithe ar fáil ina theannta sin don chomhar le tríú tíortha dírithe ar bhainistiú a dteorainneacha a fheabhsú, ar imirce neamhrialta a chomhrac agus ar bhainistiú sreafaí imirce a fheabhsú.

Is é an príomhdhúshlán a bhfuil sé i gceist aghaidh a thabhairt air sa togra an gá atá le breis solúbthachta i mbainistiú na hionstraime sa todhchaí, i gcomparáid leis an gclárthréimhse reatha, ach, chomh maith leis sin, uirlisí lena áirithiú go ndéanfar cistiúchán a stiúradh i dtreo thosaíochtaí AE agus i dtreo gníomhaíochtaí lena gcuirfear breisluach suntasach ar fáil don Aontas. Tá gá le sásraí nua chun cistiúchán a leithdháileadh i measc bainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar thosaíochtaí nua.

Is í an tsolúbthacht i ndáil le dáileadh cistiúcháin an bunriachtanas atá ann maidir leis an modh ceart soláthair agus na téamaí ar cheart cistiúchán a leithdháileadh orthu a chinneadh, agus san am céanna, mais chriticiúil de chistiúchán láithreach a choinneáil i gcomhair infheistíocht struchtúrach agus i gcomhair infheistíochtaí móra ilbhliantúla i gcomhréir le riachtanais na mBallstát maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a gcórais bainistithe teorainneacha. Chomh maith leis sin, cuirfear an gá atá ag na Ballstáit le hinfheistíocht a dhíriú ar phríomthosaíochtaí AE i gcomhréir le acquis an Aontais, san áireamh go hiomlán i leithdháileadh an chistiúcháin.

Chomh maith le méid bunúsach de EUR 5 000 000 a bhfuil sé i gceist é a leithdháileadh ar na Ballstáit i dtús na clárthréimhse, leithdháilfear an timchlúdach airgeadais atá beartaithe do chláir na mBallstát bunaithe ar eochair dháilte a léireoidh riachtanais na mBallstát agus na brúnna atá orthu in dhá réimse arna gcumhdach leis an ionstraim seo (bainistiú teorainneacha agus víosaí). Dáilfear an cistiúchán bunaithe ar an ualú seo a leanas: 30 % do theorainneacha seachtracha talún, 35 % do theorainneacha seachtracha farraige, 20 % d’aerfoirt agus 15 % d’oifigí consalachta. Maidir le bainistiú teorainneacha, bunófar dáileadh na nacmhainní do theorainneacha farraige agus talún atá ag gach Ballstát ar fhad na dteorainneacha seachtracha sin agus ar an mbrú atá orthu (70 %). Ina theannta sin, beidh an tualach oibre ag na teorainneacha seachtracha farraige agus talún mar thoisc a chuirfear san áireamh nuair a bheidh acmhainní á ndáileadh i leith na dteorainneacha sin (30 %). Déanfar na hacmhainní d’Aerfoirt a dháileadh bunaithe ar ualach oibre na mBallstát ag na haerfoirt sin. Maidir leis na hacmhainní d’oifigí consalachta, déanfar 50 % de na hacmhainní a dháileadh agus líon na noifigí consalachta á gcur san áireamh agus déanfar an 50 % eile a leithdháileadh i ndáil leis an ualach oibre a bhaineann le beartas víosaí a bhainistiú ag na hoifigí consalachta sin.

Is ionann an sciar do chláir na mBallstát agus isteach is amach le 60 % den imchlúdach iomlán airgeadais. Tá sé beartaithe go gcuirfear tuairim is 50 % den imchlúdach ar fáil do na Ballstáit i dtús na clárthréimhse, agus, san am céanna, go bhféadfar an timchlúdach a bhreisiú ó am go ham go fóill féin. Tá sé beartaithe go ndéanfar breisiú seasta amháin de 10 % den imchlúdach ag an meántéarma (coigeartú teicniúil ar an eochair dháilte faoi réir feidhmíocht airgeadais ar dá réir ba cheart don Bhallstáit éilimh ar íocaíochtaí a bheith déanta aige, ar éilimh iad lena gcumhdaítear 10 % ar a laghad de mhéid tosaigh na leithreasuithe i gcomhair íocaíochta).

Ba cheart an 40 % den imchlúdach airgeadais foriomlán atá fanta a bhainistiú tríd an tsaoráid théamach, a chuirfidh cistiúchán ar fáil ó am go ham do roinnt tosaíochtaí arna sainiú i gcinntí maoinithe an Choimisiúin. Cuireann an tsaoráid sin solúbthacht ar fáil maidir le bainistiú na hionstraime mar go gceadaítear léi cistí a eisíoc leis an gcúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin agus na comhpháirteanna seo a leanas den tsaoráid théamach:

tacaíocht do ghníomhaíochtaí sonracha, lena gcuirfear cistiúchán breise ar fáil i gcomhair gníomhaíochtaí tiomnaithe a mbeidh breisluach ard AE ag baint leo, trí chláir náisiúnta na mBallstát;

tacaíocht do ghníomhaíochtaí AE, arna mbainistiú trí bhainistíocht dhíreach agus trí bhainistíocht indíreach; agus

cúnamh éigeandála.

Dhéanfaí gníomhaíochtaí faoin tsaoráid théamach a chlárú trí chláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla, arna nglacadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún. De bharr na saoráide sin beifear ábalta aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí nua chun gníomhaíocht phráinneach a ghlacadh tríd an modh soláthair is fearr a oirfidh don chuspóir beartais.

Thairis sin, coinneoidh an ionstraim tacaíocht d’fheidhmiú na Scéime Idirthurais Speisialta arna cur chun feidhme ag an Liotuáin, i gcomhréir le hoibleagáidí AE, agus tabharfar cúiteamh don Liotuáin as ucht na dtáillí nach mbeidh le fáil aici i leith víosaí idirthurais mar thoradh ar an scéim um an doiciméad idirthurais éascaithe (FTD) agus um an doiciméad idirthurais iarnróid éascaithe (FRTD), amhail na costais a bhainfidh le trealamh agus córais TF a athsholáthar agus a uasghrádú, chomh maith le costais oiliúna agus oibríochtúla.

Déanfar tuilleadh simplithe a áirithiú le cur feidhme na hionstraime, go háirithe trí chur chuige comhtháite a áirithiú le rialacha a mbeidh feidhm acu maidir le Cistí eile de chuid an Aontais a bhainistiú (‘leabhar rialacha aonair’), trí threoir níos fearr a chur ar fáil maidir leis na córais bhainistithe agus rialaithe agus maidir le ceanglais iniúchóireachta, agus trína áirithiú go mbainfear úsáid iomlán as roghanna costais simplithe sna rialacha incháilitheachta faoin mbainistíocht chomhroinnte. Tá sé tábhachtach freisin uasmhéadú a dhéanamh ar bhreisluach AE na ngníomhaíochtaí a dtacófar leo leis an ionstraim agus creat feabhsaithe i ndáil le faireachán agus le meastóireacht a chur chun feidhme chun bainistíocht na gcistí a neartú agus an bhainistíocht sin a bheith bunaithe ar fheidhmíocht.

Foráiltear leis togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus víosaí tógfar ar na hinfheistíochtaí agus ar an méid a gnóthaíodh le tacaíocht na nionstraimí a tháinig roimpi: an Ciste um Theorainneacha Seachtracha in 2007-2013, a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , agus an ionstraim le haghaidh teorainneacha seachtracha agus víosaí mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí (CSI) in 20142020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 .

Leanfar de bheith ag tabhairt tacaíochta, leis an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus víosaí, do bheartais fhoriomlána AE sa limistéar a bhaineann le bainistiú teorainneacha seachtracha agus víosaí, amhail bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a neartú, ceannach trealaimh um bainistiú teorainneacha a úsáidfidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an comhbheartas víosaí agus córais ábhartha TF.

Tá tábhacht anmhór ag baint le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá gníomhach sa réimse a bhaineann le bainistiú teorainneacha, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, eu-LISA, ach freisin Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) chun slándáil teorainneacha agus saorghluaiseacht daoine san Aontas a áirithiú, agus iad ag obair go dlúth le húdaráis na mBallstát. Mar shampla, cinnteoidh na Ballstáit go mbeidh na córais TF ar an leibhéal náisiúnta idir-inoibritheach agus dá bhrí sin go gcumasófar malartú faisnéise idir údaráis éagsúla, agus san am céanna, go náiritheoidh an ghníomhaireacht um chórais mhórscála (eu-LISA) go bhféadfar malartú faisnéise a fheidhmiú idir na córais TF go léir san Aontas. Dá bhrí sin, déanfar comhleanúnachas agus comhlántacht iomlán a áirithiú i ndáil leis an mbealach a dtacaíonn buiséad an Aontais leis na gníomhaireachtaí sin agus leis na Ballstáit tríd an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí. Tá sé tábhachtach freisin comhlántacht le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) agus ag an nGníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach (EFCA) a áirithiú, mar shampla trí threalamh a úsáidtear i gcomhair faireachas muirí agus faireachas ar theorainneacha a chomhroinnt ionas go bhféadfar an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint as acmhainní chun slándáil mhuirí a neartú.

Tá gá le gníomhaíochtaí láidre ó na Ballstáit agus ó na Gníomhaireachtaí lena mbaineann mar fhreagairt ar na príomhdhúshláin sa réimse a bhaineann le bainistiú teorainneacha. Is é sin an fáth a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún an buiséad arna leithdháileadh ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ach go háirithe a mhéadú go suntasach. In éineacht leis an mbuiséad atá beartaithe do eu-LISA, is ionann agus EUR 12 013 000 000 (i bpraghsanna reatha) na ranníocaíochtaí buiséadacha a bheidh sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile. Dá bharr sin, féadfar ról agus tionchar na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta go sonrach a threisiú go mór go háirithe trí bhuanchór ina mbeidh tuairim is 10 000 garda teorann 7 . Ní chumhdaítear, áfach, an cistiúchán arna leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí leis an dá ionstraim lena mbunaítear Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha. Dá bhrí sin, ní rialaítear leis an togra seo ach amháin an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus víosaí lena gcuirfear tacaíocht ar fáil do na Ballstáit chun go gcuirfidh siad bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip chun feidhme ag an teorainn sheachtrach, ar bhonn sineirgíocht iomlán le hobair ghníomhaireachtaí an Aontais sa réimse sin.

     Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Baineann cuspóir beartais an Aontais, is é sin bogadh i dtreo bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, le réimse ina gcomhlánaíonn agus ina dtreisíonn réimsí beartais eile de chuid AE a chéile. De bhrí go dtarlaíonn bainistiú teorainneacha ag na teorainneacha seachtracha, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh comhar agus comhordú idir na húdaráis um bainistiú teorainneacha agus údaráis ábhartha eile, go háirithe údaráis chustaim. Sa chreat airgeadais ilbhliantúil nua, déanfar sineirgí láidre idir na hionstraimí cistiúcháin lena dtacaítear leis na húdaráis sin a áirithiú chun tionchar bhuiséad AE i réimse na himirce agus na dteorainneacha a uasmhéadú.

Trína áirithiú go mbeidh an trealamh agus an saineolas is gá ar fáil do na húdaráis atá freagrach as bainistiú teorainneacha agus as rialú custaim agus go noibreoidh siad le chéile ar bhealach rianúil, féadfaimid a chinntiú go ndéanfar laghdú ar an imirce neamhrialta agus go laghdófar insreabhadh earraí contúirteacha nó earraí nach bhfuil ag teastáil san Aontas. Rannchuideoidh an dá chomhpháirt de CBCT, mar atá an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí agus ionstraim nuabhunaithe do threalamh rialaithe custaim, leis sin. Áiritheofar bainistiú teorainneacha a bheidh láidir éifeachtach leis an gcéad ionstraim agus déanfar saorghluaiseacht daoine a choimirciú san am céanna, agus tacófar le haontas custaim a fheidhmeoidh go maith leis an dara hionstraim. Beidh an chéad ionstraim dírithe go heisiach ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le seiceálacha ar dhaoine i gcomhthéacs rialú teorainneacha, agus beidh an dara hionstraim dírithe ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le trealamh do rialú custaim a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú. Cumhdófar léi trealamh a fhéadfar a úsáid i gcomhair seiceálacha ar earraí agus ar dhaoine. Ar an mbealach sin, déanfar sineirgí idir an dá ionstraim atá mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha a áirithiú go hiomlán.

Tá comhar agus comhordú le húdaráis eile i réimse na himirce agus na slándála tábhachtach chun go mbeidh rath ar bhainistiú comhtháite teorainneacha. Is údaráis iad sin a dhéileálann le tearmann, le bainistiú imirce, le filleadh agus coireacht trasteorann, chomh maith le bheith ina ngníomhaithe sa réimse a bhaineann le slándáil mhuirí agus le faireachas muirí.

Is é an Ciste Tearmainn agus Imirce (CTI) an ionstraim atá beartaithe i gcomhair cistiúcháin sa todhchaí agus leis an ionstraim sin ba cheart tacú le hobair na núdarás náisiúnta i ndáil le glacadh a sholáthar d'iarrthóirí tearmann agus d’imircí nuair a shroicheann siad críoch AE agus i ndáil leo sin nach bhfuil aon cheart fanachta in AE acu a fhilleadh. Feidhmeoidh CTI agus an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí ar bhonn sineirgíocht iomlán chun go mbeidh tionchar níos suntasaí ag an dá Chiste i réimse na himirce agus i réimse an bhainistithe teorainneacha. Tá sé sin tábhachtach chun, mar shampla, líon na nimirceach neamhrialta atá ag teacht isteach san Aontas a laghdú, chomh maith lena áirithiú go gcuirfear iad siúd nach bhfuil aon cheart acu fanacht ar ais chuig a dtíortha tionscnaimh.

Is é an Ciste Slándála Inmheánaí (ISF) nua an ionstraim chistiúcháin a bheidh ann amach anseo ar cheart di rannchuidiú le hardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas, go háirithe trí dhul i ngleic le sceimhlitheoireacht agus le radacú, agus le coireacht eagraithe agus cibearchoireacht agus trí chúnamh agus cosaint a thabhairt d’íospartaigh na coireachta, i gcomhleanúnachas iomlán leis na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón ionstraim a bheidh ann amach anseo maidir le bainistiú teorainneacha agus víosaí.

Féadfar leis an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí trealamh il-úsáide a cheannach i gcomhair faireachas muirí agus chun sineirgí i réimse an fhaireachais mhuirí a uasmhéadú freisin.

Bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht tríd an ionstraim, cuirfear chun feidhme ar bhonn sineirgíocht iomlán agus comhleanúnachas le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas iad, agus beidh siad mar chomhlánú orthu, ar gníomhaíochtaí iad a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais. Go háirithe, agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, déanfar iarracht teacht ar chomhleanúnachas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. Maidir leis an ngné sheachtrach, díreofar an tacaíocht ón ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí ar chomhar feabhsaithe le tríú tíortha agus ar threisiú a dhéanamh ar na príomhghnéithe a bhaineann lena gcumais i ndáil le faireachas teorann agus le bainistiú teorainneacha i réimsí ar díol suime iad ó thaobh bheartas imirce an Aontais agus chuspóirí slándála inmheánaí an Aontais de.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Foráiltear le hAirteagal 3(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach go ‘gcuirfidh an tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, ina náiritheofar saorghluaiseacht daoine i dteannta le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac’.

Féadfar an bunús dlí don ghníomhaíocht atá beartaithe ag an Aontas a fháil sa liosta bearta atá in Airteagal 77(2), agus in Airteagal 79(2)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), amhail an comhbheartas maidir le víosaí, na seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha, aon bhearta chun córas bainistithe chomhtháite a bhunú de réir a chéile do na teorainneacha seachtracha agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac.

Chomh maith leis sin, dírítear aird ar Airteagal 80 CFAE, lena gcuirtear in iúl go láidir go mbeidh na beartais sin de chuid an Aontais a leagtar amach i gCaibidil 2 de Theideal 5 de Chuid a Trí de CFAE agus a gcur chun feidhme faoi rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chóir na freagrachta, lena náirítear na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis, idir na Ballstáit.

Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún togra an 29 Bealtaine 2018 maidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna 8 , chun comhordú na tacaíochta faoi bhainistíocht chomhroinnte a fheabhsú agus chun cur chun feidhme na tacaíochta sin a chomhchuibhiú, agus é mar phríomhaidhm aige sin soláthar beartais a shimpliú 9 . Cumhdófar leis an Rialachán seo freisin an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí freisin ó thaobh na bainistíochta comhroinnte de.

Déantar cuspóirí comhlántacha a shaothrú leis na Cistí éagsúla de chuid an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte agus tá an modh bainistíochta céanna acu, dá bhrí sin, leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. …/… [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] sraith prionsabal coiteann amhail comhpháirtíocht. Tá gnéithe coiteanna na pleanála straitéisí agus an chlársceidealaithe sa Rialachán sin freisin, lena náirítear forálacha maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta atá le tabhairt i gcrích le gach Ballstát, agus leagtar amach leis cur chuige comhchoiteann maidir le treoshuíomh feidhmíochta na gCistí. Dá réir sin, tá coinníollacha cumasaithe san áireamh ann, agus socruithe maidir le faireachán, tuairisciú agus measúnú. Leagtar amach forálacha coiteanna freisin i ndáil le rialacha incháilitheachta, le bainistíocht airgeadais agus le socruithe maidir le bainistíocht agus rialú.

Geoiméadracht athraitheach

Is forbairtí ar acquis Schengen iad na bearta atá beartaithe bunaithe ar Airteagal 77(2) CFAE. Mar thoradh air sin, tá feidhm ag Airteagal 4 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge i ndáil leis an mBallstát sin, chomh maith le hAirteagal 4 de Phrótacal (Uimh. 19) maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh i ndáil le hÉirinn.

Is forbairtí ar acquis Schengen iad na bearta atá beartaithe maidir le teorainneacha agus víosaí a bhfuil ceithre thír nach Ballstáit iad bainteach leo ar bhonn comhaontuithe leis an Aontas. A luaithe a dhéanfar iad a ghlacadh, a fhógairt agus a luaithe a ghlacfar leo, mar thoradh air sin, beidh feidhm ag na bearta atá beartaithe freisin, maidir leis na ceithre thír sin.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Ar an iomlán, is réimse é bainistiú teorainneacha seachtracha ina mbainfidh breisluach soiléir le hidirghabháil an Aontais, i gcomparáid le Ballstáit agus iad ag gníomhú astu féin. Tá deis níos fearr ag an Aontas ná mar atá ag na Ballstáit creat a sholáthar do dhlúthpháirtíocht an Aontais maidir le rialú teorann, beartas víosaí agus bainistiú sreafaí imirce, agus chun ardán a chur ar fáil chun comhchórais TF a fhorbairt, rud a thacóidh le cur chun feidhme na mbeartas sin.

Sa chomhthéacs sin, an tacaíocht airgeadais a sholáthraítear faoin Rialachán seo, cuirfidh sí go háirithe le neartú chumas na mBallstát agus an Aontais sna réimsí beartais sin. Chun na críche sin, is é is aidhm don Rialachán inter alia:

tacú ar bhealach níos córasaí leis na seirbhísí arna soláthar ag Ballstáit aonair maidir leis an limistéar a dhaingniú gan teorainneacha inmheánacha;

chun an comhar idirghníomhaireachta a fheabhsú idir údaráis forfheidhmithe dlí ar na teorainneacha agus údaráis forfheidhmithe dlí eile; agus

a áirithiú go mbeidh breis saintrealaimh ag na Ballstáit chun é a chur ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta le haghaidh oibríochtaí comhpháirteacha ar mhaithe leis an limistéar a choimirciú gan teorainneacha inmheánacha.

Admhaítear go hiomlán gur cheart go ndéanfaí idirghabhálacha ar an leibhéal iomchuí agus nár cheart go rachadh ról an Aontais thar a bhfuil riachtanach.

Comhréireacht

Tá prionsabal na comhréireachta á chomhlíonadh leis an togra agus tagann sé faoin raon feidhme do ghníomhaíocht i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, arna sainiú i dTeideal V de CFAE. Tá na cuspóirí agus leibhéil an chistiúcháin chomhfhreagraigh i gcomhréir lena bhfuiltear ag iarraidh a ghnóthú leis an ionstraim. Tabharfar aghaidh sna gníomhaíochtaí atá beartaithe leis an togra seo ar ghné Eorpach an bhainistithe teorainneacha agus an chomhbheartais víosaí.

An rogha ionstraime

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Cuirtear san áireamh leis an togra torthaí na meastóireachtaí ar an ionstraim chistiúcháin a bhí ann cheana i réimse an bhainistithe teorainneacha agus víosaí. Cuireann sé leis an meastóireacht ex post ar an gCiste um Theorainneacha Seachtracha, an ciste a bhí ann sa chlárthréimhse 2007-2013, agus leis an meastóireacht eatramhach ar an ionstraim don Chiste Slándála Inmheánaí um theorainneacha seachtracha agus víosaí (an Ciste Slándála Inmheánaí Teorainneacha agus Víosaí), arb é sin an Ciste atá ann sa tréimhse reatha (2014-2020).

Maidir le héifeachtacht, meastar go bhfuil an Ciste Slándála Inmheánaí Teorainneacha agus Víosaí éifeachtach sna réimsí ina ndéanann sé idirghabháil, is iad sin an comhbheartas víosaí agus bainistiú teorainneacha. Bhí an Ciste ina chuidiú le taisteal dlisteanach a éascú agus acmhainneachtaí náisiúnta na mBallstát maidir le heisiúint víosaí a threisiú. I mórán de na Ballstáit, is ar bhealach teoranta a rannchuidigh sé go dtí seo le comhar consalachta agus le neartú an chomhair le tríú tíortha. Tacaíodh le forbairt a dhéanamh ar chomhbheartas víosaí trí chórais TF a bhunú agus a fheidhmiú, agus aird faoi leith á tabhairt ar chórais faisnéise víosaí náisiúnta. Rannchuidigh an Ciste le saorghluaiseacht daoine laistigh de limistéar Schengen a choimirciú, trí threisiú a dhéanamh ar an acmhainneachta bainistithe teorainneacha ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Rannchuidigh sé le héifeachtacht na rialuithe ag na teorainneacha seachtracha trí thacaíocht a thabhairt do bhearta a bhí dírithe ar threalamh a bhain le rialú teorainneacha agus le faireachas a cheannach, a nuachóiriú, a uasghrádú agus a athsholáthar. De bharr tosca seachtracha den chuid is mó, ní dhearnadh mórán dul chun cinn maidir le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú beartas a chur chun cinn, ar beartais iad lena náiritheofar nach ndéanfar aon rialú ar dhaoine. Éascaíodh an comhar idir na Ballstáit leis an gCiste, agus rannchuidigh an comhar idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, lena náirítear ceannach trealaimh le húsáid in oibríochtaí comhpháirteacha le cúnamh ón gCiste, leis an dlúthpháirtíocht agus le comhroinnt freagrachtaí.

Ar an iomlán, léiríonn an mheastóireacht, laistigh de theorainneacha na sonraí a bhí ar fáil, gur gnóthaíodh torthaí na nidirghabhálacha ar chostas réasúnach ó thaobh acmhainní daonna agus airgeadais. Mar sin féin, léiríonn formhór na mBallstát go bhfuil gá le treoir bhreise ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Chiste. Féadfar a mheas gur toisc a bhfuil tionchar aici ar éifeachtacht é an tualach riaracháin a bhraitear. D'ainneoin roinnt beart dírithe ar shimpliú agus ar laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin, measann na Ballstáit fós féin go bhfuil an tualach riaracháin trom agus go mbaineann fadhbanna le cur chun feidhme na roghanna costas simplithe. Tugadh faoi deara gur tháinig méadú ar an simpliú faoin mbainistíocht dhíreach.

Tá cuspóirí agus réasúnaíocht bhunaidh an Chiste ábhartha fós tar éis ghéarchéim na himirce. Cuireadh sásraí ábhartha i bhfeidhm i gcéim an chlársceidealaithe agus i gcéim an chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais athraitheacha. Chuidigh an tsolúbthacht a cuireadh ar fáil leis an gCiste Slándála Inmheánaí Teorainneacha agus Víosaí, inar aistríodh airgead idir cuspóirí éagsúla, le haghaidh a thabhairt ar na riachtanais athraitheacha. Bheadh na Ballstáit buíoch, áfach, as an tsolúbthacht níos mó fós a d’eascródh as deireadh a chur le leithdháileadh íosta cistí ar chuspóirí agus as laghdú a dhéanamh ar líon na gcuspóirí náisiúnta.

Meastar go bhfuil an Ciste comhleanúnach le hidirghabhálacha eile den chuid AE agus le hidirghabhálacha náisiúnta eile. Rinneadh comhleanúnachas le hionstraimí maoinithe eile de chuid AE a áirithiú i gcéim an chlársceidealaithe. Cuireadh sásraí comhordaithe i bhfeidhm chun comhleanúnachas leanúnach a áirithiú i gcéim an chur chun feidhme. Tá róil atá thar a bheith tábhachtach ag na coistí faireacháin agus ag na húdaráis fhreagracha maidir le comhleanúnachas a áirithiú. Comhlánaíonn cuspóirí an Chiste na cuspóirí atá ag beartais náisiúnta eile. Rinneadh comhlántacht le hionstraimí maoinithe eile de chuid AE a phleanáil i gcéim an chlársceidealaithe. Cuireadh sásraí comhordaithe i bhfeidhm chun comhlántacht a áirithiú i gcéim an chur chun feidhme, ach d’fhéadfaí tuilleadh feabhais a chur orthu. Déanann na modhanna cur chun feidhme éagsúla a chéile a chomhlánú.

Rinneadh Breisluach AE a áirithiú leis an gCiste trí infheistíochta nuálacha a dhéanamh i mbonneagar agus i dtrealamh. Thacaigh sé leis an gcomhar idir na Ballstáit. Rannchuidigh gníomhaíochtaí oiliúna arna gcumasú leis an gCiste le comhchuibhiú cleachtas idir na Ballstáit. D’fhéadfaí a bheith ag súil le breisluach AE méadaithe sna réimsí a bhaineann le comhar consalachta, comhar le tíortha nach tíortha de AE iad agus córais TF.

Braitheann inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí arna maoiniú ag CSI Teorainneacha agus Víosaí ar chistiúchán leanúnach ó AE, mar gur cosúil nach leor an cistiúchán náisiúnta chun leibhéal infheistíochta den chineál céanna a áirithiú. Tá ról tábhachtach ag gníomhaíochtaí oiliúna maidir le hinbhuanaitheacht gníomhaíochtaí a áirithiú san fhadtéarma.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bhí dhá chomhairliúchán oscailte thiomnaithe phoiblí maidir le cistí AE i réimsí na himirce agus na slándála ar siúl ón 10 Eanáir 2018 go dtí an 9 Márta 2018. Ar an iomlán, leag na freagróirí béim láidir ar an ngá a bhí le simpliú maidir le hionstraimí um chistiúchán gnóthaí baile a sholáthar, le solúbthacht bhreise (i ndáil leis an gcumas freagairt don imirce agus do ghéarchéimeanna a bhaineann le slándáil go háirithe) agus le cistiúchán agus tacaíochta bhreise i réimsí ina bhfuil leibhéil arda comhroinnte freagrachtaí (amhail bainistiú teorainneacha) agus/nó comhar idir na Ballstáit agus leis na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais. Taispeánann na freagraí go bhféadfar éifeachtacht agus éifeachtúlacht ionstraimí, chomh maith le breisluach AE, a fheabhsú leis na bearta sin. Tharraing na páirtithe leasmhara aird freisin ar an ngá a bhí le luamhánacht bhreise maidir le beartas gnóthaí baile i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.

Chuathas i mbun comhairliúcháin leis na Ballstáit agus leis na tíortha a bhfuil baint ag Schengen leo faoi chuimsiú an Choiste AMIF-ISF (ionadaithe na mBallstát atá freagrach as AMIF agus as ISF). Chuir na Ballstáit ionchur ar fáil maidir leis na príomhthosaíochtaí cistiúcháin, le fadhbanna, le hailtireacht na gcistí agus leis na modhanna soláthair. Chuathas i mbun comhairliúcháin freisin leis na príomhpháirtithe leasmhara agus le tairbhithe an chistiúcháin AMIF agus ISF trí bhainistíocht dhíreach agus indíreach, amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, chomh maith le dul i mbun comhairliúcháin le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais.

D’aontaigh na páirtithe leasmhara, le go ndéanfaí breisluach AE a uasmhéadú, gur cheart na tosaíochtaí agus na gealltanais bheartais ar leibhéal AE a léiriú le caiteachas AE agus tacú le cur chun feidhme acquis ghnóthaí baile AE. D’iarr siad go gcuirfí dóthain cistiúcháin ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin reatha agus ar na dúshláin nua atá ag teacht chun cinn. Ba chóir freisin dóthain cistiúcháin a chur ar fáil do na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí breise atá ar siúl acu. D’aontaigh na páirtithe leasmhara gur ghá go mbeadh breis solúbthachta ionsuite i struchtúr na gCistí. Chinn siad gur cheart na cláir náisiúnta ilbhliantúla a choinneáil, chun go mbeadh dóthain solúbthachta coinnithe iontu le go bhféadfaidís freagairt d’imthosca athraitheacha. Bhí eagraíochtaí neamhrialtasacha den tuairim gur cheart leanúint leis an mbainistíocht dhíreach freisin.

Deimhníodh leis na comhairliúcháin sin go raibh comhdhearcadh foriomlán i measc na bpríomhpháirtithe leasmhara gur ghá an raon feidhme leathan do chistiúchán AE sa réimse beartais sin a choinneáil, lena náirítear i ndáil lena ghné sheachtrach, tionchar na mbeartas gnóthaí eachtracha a fheabhsú, simpliú breise maidir le sásraí soláthair agus maidir le solúbthacht, go háirithe chun freagairt d’éigeandálaí.

Bailiú agus úsáid saineolais

Cuireadh tús in 2016 leis an obair ullmhúcháin ar na hionstraimí airgeadais a bheidh ann amach anseo le haghaidh gnóthaí baile agus lean sí ar aghaidh in 2017 agus in 2018. Mar chuid den obair sin, rinne conraitheoir seachtrach staidéar CAI, Bainistiú teorainneacha agus víosaí tar éis 2020, in 2017, agus fuair an measúnú tionchair tacaíocht freisin ó staidéar a d’ullmhaigh conraitheoir seachtrach agus a seoladh i mí Mheán Fómhair 2017. Tugadh na torthaí a bhí ar fáil ó mheastóireachtaí ar na hionstraimí airgeadais a bhí ann cheana agus ó na comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara le chéile sna staidéir sin, agus rinneadh iniúchadh ar na fadhbanna, ar na cuspóirí agus ar na roghanna beartais, lena náirítear an tionchar is dóigh a bheidh acu, faoi mar a scrúdaíodh iad sa mheasúnú tionchair.

Measúnú tionchair

Cumhdaíodh i measúnú tionchair don togra seo an Ciste Tearmainn agus Imirce, CSI nua agus CBCT (comhdhéanta den ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí agus an ionstraim do threalamh rialaithe custaim). Féadfar an bhileog achoimre don mheasúnú tionchair agus an tuairim dhearfach ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála a fháil ar an suíomh gréasáin seo a leanas: http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia .

Rinneadh anailís sa tuarascáil measúnaithe tionchair ar roghanna beartais éagsúla maidir leis an gcaoi a ndéanfar an cistiúchán a sholáthar, agus tugadh aghaidh ar shaincheisteanna amhail comhleanúnachas agus comhlántachtaí le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid AE, an ghné sheachtrach a bhaineann le cistiúchán don imirce agus don tslándáil, solúbthacht i dtimpeallacht airgeadais chobhsaí (lena náirítear an tsaoráid théamach), modhanna bainistithe, an fhéidearthacht a bhaineann le cúnamh éigeandála a chur ar fáil agus sásra féideartha le haghaidh athbhreithniú meántéarma. Is é atá sa rogha thosaíochta meascán de roghanna a chuireann le torthaí agus le moltaí na meastóireachta ex post ar Chistí a bhí ann roimhe seo agus na meastóireachta eatramhaí ar na Cistí reatha.

Tugtar aghaidh sa tuarascáil measúnaithe tionchair ar na moltaí a rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála. Tugtar breac-chuntas sa tábla thíos ar na príomhcheisteanna agus ar na moltaí i gcomhair feabhsúcháin a fuarthas maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, leis an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha) agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus ar an gcaoi ar leasaíodh an tuarascáil measúnaithe tionchair chun iad sin a léiriú.

Príomhcheisteanna an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála

Modhnuithe an tuarascáil measúnaithe tionchair

Ní mhínítear sa tuarascáil conas a bheidh tionchar ag méadú ar inniúlacht AE sna réimsí sin [a bhaineann le gnóthaí baile] agus ag leathnú ar ról na ngníomhaireachtaí ar an gcóras foriomlán.

I ndáil leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, leis an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha) agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí, rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil chun míniú a thabhairt ar an tionchar atá ag inniúlacht AE agus ról breise na nGníomhaireachtaí a leathnú ar róil na gCistí lena mbaineann (roinn 3.2). De bhrí go mbeidh ról lárnach ag na Gníomhaireachtaí Gnóthaí Baile maidir le beartais imirce agus slándála an Aontais a chur chun feidhme, beidh ról tábhachtach acu le linn chéim chlársceidealaithe na gclár náisiúnta agus chuirfeadh a gcuid gníomhaíochtaí faireacháin leis an athbhreithniú meántéarma. Ní bheadh sé de chuspóir ag sainordú leathnaithe na nGníomhaireachtaí na tascanna reatha atá á ndéanamh ag na Ballstáit a ionadú ach bheadh sé de chuspóir aige gníomhaíochtaí an Aontais agus a chuid Ballstát a fheabhsú agus a uasghrádú i réimsí na himirce, an bhainistithe teorainneacha agus na slándála.

Ceisteanna breise agus moltaí i gcomhair feabhsúcháin

Modhnuithe an tuarascáil measúnaithe tionchair

(1) Ba cheart na príomhathruithe i struchtúr an chláir chomh maith leis na tosaíochtaí i gcomparáid leis an gclárthréimhse reatha a chur i láthair sa tuarascáil. Ina theannta sin, ba cheart raon feidhme chomhpháirt sheachtrach an chláir a shoiléiriú sa tuarascáil, i.e. a chomhlántacht leis na hionstraimí seachtracha.

Athbhreithníodh an tuarascáil chun na príomhathruithe ar struchtúr an chláir i gcomparáid leis an gclárthréimhse reatha a chur i láthair (roinn 3.2) agus chun soiléiriú a dhéanamh ar raon feidhme na comhpháirte seachtraí agus a chomhlántacht leis na hionstraimí seachtracha (roinn 3.3). Tá cuspóirí na gCistí bunaithe ar raon feidhme na gCistí a bhí ann roimhe sin, ar measadh, go ginearálta, iad a bheith sách leathan chun tacú le tosaíochtaí beartais AE a chur chun feidhme, agus breisluach AE a sholáthar. Léiríonn na hoiriúnuithe ar thosaíochtaí agus ar ghníomhaíochtaí forbairtí beartais agus an gá atá le sineirgí le Cistí eile de chuid AE. Déanfar idirghabhálacha sa ghné sheachtrach a dhearadh agus a chur chun feidhme agus iad comhleanúnach le gníomhaíocht sheachtrach agus le beartas eachtrach AE, go háirithe le hIonstraim sheachtrach AE.

(2) Ba cheart freisin go míneofaí sa tuarascáil an chaoi a mbeidh tionchar ag leathnú inniúlacht AE agus ag an ról méadaithe a bheidh ag gníomhaireachtaí ar róil na gclár faoi seach. An méadaíonn sé an gá atá le gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta, an gá atá le tarmligean chuig na gníomhaireachtaí, nó an laghdaíonn sé an tosaíocht atá ag roinnt idirghabhálacha?

Tá na modhnuithe a rinneadh ar an tuarascáil lena gcuirtear príomhcheist an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála thuas.

(3) Tuigeann an Bord go raibh an sásra nua do chúlchistí feidhmíochta á fhorbairt fós agus an tuarascáil á dréachtú. Ba cheart, áfach, an sásra roghnaithe a nuashonrú agus a shoiléiriú ina leagan deiridh agus údar a thabhairt leis i bhfianaise taithí a fuarthas ó chistí eile de chuid AE (mar a míníodh don Bhord ó bhéal).

Rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil chun an sásra tosaíochta a uasdátú agus a shoiléiriú, agus taithí ó chistí eile de chuid AE á cur san áireamh chomh maith le forbairtí ó thaobh Rialachán na bhForálacha Coiteanna a bheidh ann amach anseo a ullmhú don bhainistíocht chomhroinnte (roinn 4.1.4). Ní chuirtear aon chúlchiste feidhmíochta tiomnaithe i láthair sa rogha thosaíochta. Cuirtear íosleibhéal de chur chun feidhme airgeadais san áireamh chun cistiúchán breisithe a leithdháileadh sa choigeartú teicniúil ag an meántéarma agus chuirfí na gnéithe a bhaineann le feidhmíocht san áireamh nuair a bheadh cistí breise á gcur ar fáil tríd an tsaoráid théamach.

(4) Ba cheart an dóigh a bhfeidhmeoidh an sásra éigeandála laistigh d’imchlúdaigh gach ceann de na trí chiste don imirce agus don tslándáil a shoiléiriú sa tuarascáil, agus ba cheart a shoiléiriú gur cheart úsáid cúnaimh éigeandála a bheith teoranta mar gheall ar an tsolúbthacht nua a thugtar leis an tsaoráid théamach. Ba cheart an buntáiste a bhaineann leis an sásra sin seachas cistiúchán éigeandála sa chlárthréimhse roimhe seo a mhíniú inti.

Rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil chun soiléirithe a sholáthar faoin gcaoi a bhfeidhmeoidh an sásra éigeandála (roinn 4,1.3). Ba cheart cúnamh éigeandála a chuirfear ar fáil trí na Cistí a bheith mar chomhlánú ar an gCúlchiste le haghaidh Cúnamh Éigeandála (ar leibhéal bhuiséad AE) agus ba cheart é a úsáid i gcásanna atá sainithe go soiléir. Mar thoradh ar an tsolúbthacht atá leabaithe sa tsaoráid théamach, táthar ag súil go mbeidh úsáid an chúnaimh éigeandála níos teoranta ná mar atá sa chlárthréimhse reatha. Féadfar cúnamh éigeandála a chur chun feidhme trí bhainistíocht chomhroinnte, nó trí bhainistíocht dhíreach nó indíreach.

(5) Níl na socruithe faireacháin forbartha go maith. Ba cheart soiléiriú a thabhairt sa tuarascáil ar an gcaoi a ndéanfar an rath na gclár a shainmhíniú agus a thomhas.

Rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil (roinn 5) chun an tomhas ar rath na gclár a chur i láthair. Beidh sé sin bunaithe ar chuspóirí a leagfar síos idir an Coimisiún agus na Ballstáit, ar cuspóirí iad a bheidh le comhaontú sna cláir náisiúnta, agus ar an tomhas ina dhiaidh sin ar a bhfuil gnóthaithe maidir leis na cuspóirí sin, trí tháscairí aschuir agus torthaí a bheidh san áireamh sna tograí dlíthiúla. Leagtar síos na ceanglais tuairiscithe maidir le bainistíocht chomhroinnte i Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Áiritheofar simpliú na hionstraime le Rialachán na bhForálacha Coiteanna 10 trí úsáid a bhaint, a oiread agus is féidir, as rialacha coiteanna chun na cláir a chur chun feidhme. Ina theannta sin, spreagfar na Ballstáit chun úsáid a bhaint as roghanna costais atá níos simplí fós. Déanfar an cur chuige iniúchóireachta a chuíchóiriú chun díriú níos mó ar shampláil iniúchóireachta riosca-bhunaithe agus chun prionsabal ‘na hiniúchóireachta aonair’ a leanúint chun an tualach riaracháin a laghdú.

Gnóthófar tuilleadh simplithe faoin mbainistíocht dhíreach trí úsáid a bhaint as uirlisí TF coiteanna ar fud an Choimisiúin (ríomhsheirbhísí um bainistíocht Deontas).

Cearta bunúsacha

Tá tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais fíor-riachtanach maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme chun tacú leis na Ballstáit ina gcuid iarrachtaí trasnú na dteorainneacha seachtracha a bhainistiú go héifeachtúil agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce agus ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ag na teorainneacha sin amach anseo, agus ar an mbealach sin cúnamh a thabhairt chun coireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag gabháil léi a chomhrac. Déanfar na cuspóirí sin a shaothrú agus gealltanais an Aontais i ndáil le cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán. Déanfar dlúthfhaireachán air sin agus an Ciste á chur chun feidhme.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá EUR 8 018 000 000 (i bpraghsanna reatha) san áireamh i dtogra an Choimisiúin don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile le haghaidh na hionstraime um bainistiú teorainneacha agus um víosaí don tréimhse 20212027.

Déanfar an cur chun feidhme trí bhíthin bainistíocht chomhroinnte, bainistíocht dhíreach nó bainistíocht indíreach. Déanfar na hacmhainní foriomlána a leithdháileadh mar a leanas: thart ar 60 % chuig cláir na mBallstát arna gcur chun feidhme faoin mbainistíocht chomhroinnte; agus 40 % chuig an tsaoráid théamach, le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal trasnáisiúnta agus le haghaidh gníomhaíochtaí an Aontais agus cúnamh éigeandála. Úsáidfear imchlúdach na saoráide téamaí freisin don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cuirfear feabhas ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta, inter alia trí mhodheolaíocht níos fearr chun infheistíochtaí ar fud na gcistí ábhartha de chuid an Aontais a rianú, ar mhaithe le feidhmíocht thráthúil a spreagadh agus a áirithiú go bhféadfar ionchur éifeachtach a sholáthar leis na meastóireachtaí d’aon athbhreithnithe amach anseo ar idirghabhálacha beartais. Déanfar é sin trí tháscairí níos fearr, comhar níos dlúithe leis na comhpháirtithe ábhartha agus sásraí chun feidhmíocht a dhreasú. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach. Déanfar na meastóireachtaí sin i gcomhréir le mír 22 agus le mír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016, áit ar dhearbhaigh na trí institiúid gur cheart go soláthródh na meastóireachtaí ar an reachtaíocht atá ann cheana an bonn le haghaidh measúnuithe tionchair ar na roghanna do ghníomhaíocht bhreise. Déanfar éifeachtaí na hionstraime ar an talamh a mheasúnú sna meastóireachtaí bunaithe ar tháscairí agus ar spriocanna agus ar anailís mhionsonraithe ar a mhéid a fhéadfar a mheas go bhfuil an ionstraim ábhartha, éifeachtach agus éifeachtúil, go soláthraítear a dhóthain breisluach AE léi agus go bhfuil sí comhleanúnach le beartais eile de chuid AE. Cuirfear ceachtanna a foghlaimíodh san áireamh iontu chun sainaithint a dhéanamh ar aon cheisteanna nó aon chumas chun na gníomhaíochtaí agus a gcuid torthaí a fheabhsú agus chun cuidiú le tionchar na hionstraime a uasmhéadú.

Táthar ag súil go dtuairisceoidh na Ballstáit ar chur chun feidhme a gcuid clár i gcomhréir leis na módúlachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leagtar amach i gCaibidil I — Forálacha ginearálta den Rialachán atá beartaithe a chuspóir, a raon feidhme agus na príomhshainmhínithe. Leagtar amach cuspóirí an Rialacháin inti freisin. Tógtar cuid mhór ar an Rialachán reatha don Chiste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha agus Víosaí, sa raon feidhme atá beartaithe do na hairteagail seo, agus forbairtí nua beartais á gcur san áireamh, amhail bunú an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, lena náirítear an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, nuachóiriú ar an gcomhbheartas víosaí agus forbairt ar chórais nua TF ar mhórscála agus a nidir-inoibritheacht. Leagtar béim láidir ar ghníomhaíochtaí tacaíochta a bhfuil gné Eorpach ag baint leo.

Leagtar amach i gCaibidil II — Creat airgeadais agus cur chun feidhme prionsabail ghinearálta i ndáil leis an tacaíocht a sholáthraítear faoin Rialachán agus cuirtear in iúl inti an tábhacht a bhaineann le comhsheasmhacht agus le comhlántachtaí leis na hionstraimí cistiúcháin ábhartha de chuid AE. Leagtar síos inti na modhanna soláthair do na gníomhaíochtaí a dtacófar leo faoin Rialachán: bainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach. Tá an meascán de mhodhanna soláthair atá beartaithe bunaithe ar an taithí dhearfach leis an teaglaim sin agus an ionstraim chistiúcháin reatha á cur chun feidhme.

Leagtar síos na forálacha coiteanna sa chéad chuid den chaibidil seo. Léirítear leis an togra méid don imchlúdach airgeadais don ionstraim agus a úsáid trí shocruithe éagsúla cur chun feidhme.

Tá cur síos sa dara roinn ar an gcreat cur chun feidhme don chuid den ionstraim a bhaineann le bainistíocht chomhroinnte, go háirithe maidir le cláir na mBallstát. Leagtar amach freisin na coinníollacha a mbeidh feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Rialachán, amhail iad siúd a bhaineann le ceannach trealaimh agus gníomhaíochtaí oiliúna. Leagtar amach sa roinn socruithe mionsonraithe don athbhreithniú meántéarma ar chláir na mBallstát agus do chur chun feidhme gníomhaíochtaí sonracha agus tacaíocht oibriúcháin, lena náirítear an Scéim Idirthurais Speisialta.

Leagtar síos sa tríú roinn na forálacha do ghníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, agus leagtar síos sa cheathrú roinn na forálacha do chúnamh éigeandála, ar féidir iad a chur chun feidhme trí bhainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach.

Leagtar amach sa chúigiú roinn (an roinn deiridh) na forálacha riachtanacha maidir le faireachán, tuairisciú, na ceanglais maidir le faisnéis agus cumarsáid agus meastóireacht.

I gCaibidil III — Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha tá forálacha maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún, agus maidir le nós imeachta an Choiste. Sonraítear go mbeidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus go mbeidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát amhail ón 1 Eanáir 2021.

2018/0249 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2) agus Airteagal 79(2)(d) de

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 11 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 12 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)I gcomhthéacs na ndúshlán imirceach atá ag teacht chun cinn san Eoraip, chomh maith le hábhair imní faoi chúrsaí slándála, tá sé fíorthábhachtach go gcaomhnófar an chothromaíocht chúramach idir saorghluaiseacht daoine ar thaobh amháin agus an tslándáil ar an taobh eile. Ba cheart cuspóir an Aontais maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a ghnóthú, i measc nithe eile, trí bhíthin comhbheart maidir le trasnú teorainneacha inmheánacha ag daoine agus maidir le rialuithe teorann ag teorainneacha seachtracha agus trí bhíthin an chomhbheartais víosaí.

(2)De bhun Airteagal 80 CFAE, ba cheart na beartais sin agus cur chun feidhme na mbeartas sin a bheith á rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus prionsabal chomhroinnt chóir na freagrachta idir na Ballstáit, lena náirítear na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis.

(3)I nDearbhú na Róimhe arna shíniú an 25 Meán Fómhair 2017, dhearbhaigh ceannairí 27 mBallstát a ndiongbháilteacht i ndáil le hEoraip shábháilte agus shlán agus i ndáil le hAontas a chruthú, ar Aontas é ina mothóidh na saoránaigh go léir sábháilte agus ina bhféadfaidh siad gluaiseacht faoi shaoirse, Aontas ina mbeidh na teorainneacha seachtracha daingnithe agus a mbeidh beartas imirce aige a bheidh éifeachtúil, freagrach agus inbhuanaithe, lena nurramófar noirm idirnáisiúnta, chomh maith le hEoraip atá meáite ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht eagraithe a chomhrac.

(4)Is é is cuspóir do bheartas an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha seachtracha bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, ar réamhchoinníoll é maidir le saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas agus ar gné bhunúsach é de limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

(5)Tá bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, arna chur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 , comhdhéanta den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena náirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad cúramaí rialaithe ag teorainneacha, riachtanach chun bainistíocht imirce agus slándáil a fheabhsú.

(6)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 14 , sainaithníodh taisteal dlisteanach a éascú, agus imirce neamhrialta agus rioscaí slándála á gcosc, ar cheann de na príomhchuspóirí atá ag freagairt an Aontais ar na dúshláin sna réimsí sin.

(7)D’iarr an Chomhairle Eorpach an 15 Nollaig 2016 15 go leanfaí d'idir-inoibritheacht córas faisnéise agus bunachar sonraí de chuid AE a sholáthar. Leag Chomhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2017 16 béim ar an ngá a bhí le feabhas a chur ar idir-inoibritheacht idir bunachair sonraí agus an 12 Nollaig 2017 ghlac an Chomhairle togra le haghaidh Rialachán maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise de chuid AE 17 .

(8)Chun sláine limistéar Schengen a chaomhnú agus chun a fheidhmiú a neartú, bhí sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, ón 6 Aibreán 2017 i leith, seiceálacha córasacha a dhéanamh in aghaidh bunachair sonraí ábhartha maidir le saoránaigh de chuid AE atá ag trasnú teorainneacha seachtracha AE. Ina theannta sin, d’eisigh an Coimisiún Moladh chuig na Ballstáit maidir le húsáid fheabhsaithe a bhaint as seiceálacha póilíní agus as comhar trasteorann.

(9)Tá tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais fíor-riachtanach maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme le tacú leis na Ballstáit trasnú na dteorainneacha seachtracha a bhainistiú go héifeachtúil agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirceacha agus ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ag na teorainneacha sin amach anseo, rud a rannchuidíonn le haghaidh a thabhairt ar choireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag gabháil léi agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha san am céanna.

(10)Chun cur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip, arna shainiú ag a chomhchodanna i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/1624, a chur chun cinn mar atá: rialú ag teorainneacha, cuardach agus tarrtháil le linn faireachas teorann, anailís riosca, comhar idir na Ballstáit (le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus arna chomhordú aici sin), comhar idirghníomhaireachta (lena náirítear malartú faisnéise ar bhonn rialta), comhar le tríú tíortha, bearta teicniúla agus oibríochtúla laistigh de limistéar Schengen a bhfuil baint acu le rialú ag teorainneacha agus ar bearta iad a ceapadh chun dul i ngleic le hinimirce neamhrialta agus cur in aghaidh na coireachta trasteorann ar bhealach níos fearr, úsáid na teicneolaíochta úrscothaí, sásraí rialaithe cáilíochta agus sásraí dlúthpháirtíochta, agus lena áirithiú go dtiocfaidh sí de bheith ag feidhmiú go hiarbhír, ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontais a chur ar fáil do na Ballstáit.

(11)De bhrí go bhfuil údaráis chustaim na mBallstát ag glacadh le freagrachtaí breise a bhaineann go minic le réimse na slándála agus a chuirtear i gcrích ag an teorainn sheachtrach, is gá aghaidh a thabhairt ar aonfhoirmeacht a áirithiú agus rialú ag teorainneacha agus rialú custaim ag na teorainneacha seachtracha á ndéanamh trí thacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit. Neartófar rialuithe custaim ar an dóigh sin ach, ní hamháin sin, éascófar trádáil dhlisteanach, agus rannchuideofar le haontas custaim a bheidh slán agus éifeachtúil.

(12)Dá bhrí sin, is gá an ciste a bheidh mar chomharba ar an gCiste Slándála Inmheánaí 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhunú 18 trí Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (‘an Ciste’) a chur ar bun.

(13)Mar gheall ar na sainghnéithe dlíthiúla a bhfuil feidhm acu maidir le Teideal V de CFAE agus na bunúis dlí éagsúla is infheidhme i ndáil leis na beartais maidir le teorainneacha seachtracha agus maidir le rialú custaim, ní fhéadfar, de réir dlí, an Ciste a bhunú mar ionstraim aonair.

(14)Ba cheart an Ciste a bhunú, dá bhrí sin, mar chreat cuimsitheach le haghaidh thacaíocht airgeadais an Aontais sa réimse a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus víosaí ina gcuimsítear an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus víosaí (‘an ionstraim’) a bhunaítear leis an Rialachán seo mar aon leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. .../... 19 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart comhlánú a dhéanamh ar an gcreat le Rialachán (AE) Uimh. …/… [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 , ar cheart tagairt a dhéanamh dó sa Rialachán seo i ndáil leis na rialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte.

(15)Ba cheart an ionstraim a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus do na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais maidir le cearta bunúsacha.

(16)San ionstraim, ba cheart cur leis na torthaí agus leis na hinfheistíochtaí a gnóthaíodh le tacaíocht na nionstraimí a tháinig roimpi: an Ciste um Theorainneacha Seachtracha don tréimhse 2007-2013, a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21  agus an ionstraim le haghaidh teorainneacha seachtracha agus víosaí mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 22 , agus ba cheart iad a leathnú chun forbairtí nua a chur san áireamh.

(17)Chun rialú aonfhoirmeach agus ar ardcháilíocht ag teorainneacha seachtracha a áirithiú agus chun taisteal dlisteanach thar theorainneacha seachtracha a éascú, ba cheart an ionstraim a bheith ina rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, lena náirítear na bearta ar fad a bhaineann le beartas, le dlí, le comhar córasach, le comhroinnt ar an ualach, le measúnú ar an staid agus le himthosca athraitheacha maidir le pointí trasnaithe d’imircigh neamhrialta, le pearsanra, le trealamh agus le teicneolaíocht arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ar leibhéil éagsúla, ag gníomhú i gcomhar le gníomhairí eile amhail tríú tíortha agus comhlachtaí eile de chuid AE, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála, agus ceartais (eu-LISA), Europol agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

(18)Ba cheart cur le héifeachtúlacht próiseála víosaí a fheabhsú leis an ionstraim maidir leis na rioscaí a bhaineann le slándáil agus le himirce neamhrialta a bhrath agus a mheas, chomh maith leis na nósanna imeachta maidir le víosaí do thaistealaithe bona fide a éascú. Go háirithe, ba cheart cúnamh airgeadais a chur ar fáil leis an ionstraim chun tacú le digitiú a dhéanamh ar phróiseáil víosaí agus é mar chuspóir aige sin nósanna imeachta maidir le víosaí atá tapa, slán agus áisiúil don chliant a chur ar fáil chun tairbhe na niarratasóirí ar víosaí agus na gconsalachtaí araon. Ba cheart cumhdach consalachta ar fud an domhain a áirithiú leis an ionstraim freisin. Ba cheart cur chun feidhme aonfhoirmeach an chomhbheartais víosaí agus nuachóiriú an bheartais sin a chumhdach leis an ionstraim freisin.

(19)Leis an ionstraim ba cheart tacú le bearta i gcríoch thíortha Schengen atá nasctha le rialú ag teorainneacha mar chuid d’fhorbairt comhchórais um bainistiú comhtháite teorainneacha, lena neartaítear feidhmiú foriomlán limistéar Schengen.

(20)D’fhonn bainistiú na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú, chun rannchuidiú le cosc a chur le himirce neamhrialta agus chun í a chomhrac agus chun rannchuidiú le hardleibhéal slándála laistigh de réimse saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, ba cheart tacú le forbairt a dhéanamh ar chórais mhórscála TF leis an ionstraim, bunaithe ar chórais TF atá ann cheana nó ar chórais nua. Leis an ionstraim ba cheart tacú le bunú na hidir-inoibritheachta idir na córais faisnéise AE sin (an córas dul isteach/imeachta (EES) 23 , an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) 24 , an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS 25 ), Eurodac 26 , Córas Faisnéise Schengen (SIS) 27 , agus an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla do náisiúnaigh tríú tír (ECRISTCN)) 28 sna Ballstáit, chun go mbeidh na córais faisnéise sin de chuid AE agus a gcuid sonraí ag forlíonadh a chéile. Chomh maith leis sin, ba cheart rannchuidiú le forbairtí riachtanacha ar an leibhéal náisiúnta leis an ionstraim tar éis chur chun feidhme na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta ar an leibhéal lárnach (an tairseach cuardaigh Eorpach, seirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí (BMS comhroinnte), stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) agus brathadóir ilchéannachta (MID)) 29 .

(21)Leis an ionstraim ba cheart na gníomhaíochtaí a chomhlánú agus a neartú chun bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme i gcomhréir le freagracht chomhroinnte agus le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arb ionann iad agus dhá cholún an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh. Fágann sin, go háirithe, agus a gcláir náisiúnta á dtarraingt suas ag Ballstáit gur cheart dóibh na huirlisí anailíse agus na treoirlínte oibríochtúla agus teicniúla a d’fhorbair an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chur san áireamh chomh maith leis na curaclaim oiliúna a d’fhorbair sí, amhail an lárchuraclam coiteann chun gardaí teorann a oiliúint, lena náirítear a gcomhpháirteanna i ndáil le cearta bunúsacha agus le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta.
Chun comhlántacht idir an misean agus freagrachtaí na mBallstát maidir le rialú na dteorainneacha seachtracha chomh maith le comhsheasmhacht a áirithiú agus neamhéifeachtúlacht costais a sheachaint, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir leis na dréachtchláir náisiúnta arna gcur isteach ag na Ballstáit a mhéid a thagann sé faoi réim inniúlachtaí na Gníomhaireachta, go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi thacaíocht oibríochta.

(22)San ionstraim ba cheart tacú le cur chun feidhme chur chuige na dteophointí mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce agus a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Meitheamh agus an 26 Meitheamh  2015 30 . Le cur chuige na dteophointí cuirtear tacaíocht oibríochtúil ar fáil do na Ballstáit a ndéanann brú díréireach ón imirce difear dóibh ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Tugtar cúnamh comhtháite, cuimsitheach, spriocdhírithe leis an gcur chuige sin de mheon na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta comhroinnte, agus chomh maith leis sin, d’fhonn sláine limistéar Schengen a choimirciú.

(23)Ar mhaithe le dlúthpháirtíocht i limistéar Schengen ina iomláine agus de mheon na freagrachta comhroinnte maidir le teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint, i gcás ina ndéantar laigí nó rioscaí a shainaithint, go háirithe tar éis mheastóireacht Schengen i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle 31 , ba cheart don Bhallstát lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar an ábhar ar bhealach leordhóthanach trí úsáid a bhaint as acmhainní faoina chlár chun moltaí a chur chun feidhme, ar moltaí iad a glacadh de bhun an Rialacháin sin agus i gcomhréir leis na measúnuithe leochaileachta arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/1624.

(24)Ba cheart dlúthpháirtíocht agus freagracht chomhroinnte a léiriú leis an ionstraim trí chúnamh airgeadais do na Ballstáit sin a chuireann forálacha Schengen maidir le teorainneacha seachtracha agus víosaí i bhfeidhm go hiomlán agus do na Ballstáit sin atá ag ullmhú do bheith iomlán rannpháirteach in Schengen, agus ba cheart do na Ballstáit í a úsáid ar mhaithe le comhbheartas an Aontais maidir leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú.

(25)I gcomhréir le Prótacal Uimh. 5 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 32 maidir le hidirthuras daoine de thalamh idir réigiún Kaliningrad agus codanna eile de Chónaidhm na Rúise, leis an ionstraim ba cheart aon chostas breise a íoc, ar costas é a thabhaítear i gcur chun feidhme fhorálacha sonracha acquis an Aontais lena gcumhdaítear idirthuras den sórt sin, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle agus 33 Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle 34 . Maidir leis an ngá atá le tacaíocht leanúnach airgeadais i gcomhair táillí tarscaoilte, ba cheart é a bheith ag brath, áfach, ar an gcóras víosaí atá i bhfeidhm ag an Aontas le Cónaidhm na Rúise.

(26)Chun rannchuidiú le gnóthú chuspóir beartais na hionstraime, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar aghaidh ina gcláir ar chuspóirí sonracha na hionstraime, go bhfuil na beartais a roghnófar i gcomhréir leis na tosaíochtaí arna gcomhaontú ag AE agus leis na bearta cur chun feidhme arna leagan amach in Iarscríbhinn II agus go bhfuil leithdháileadh acmhainní idir cuspóirí agus gníomhaíochtaí comhréireach leis na dúshláin agus leis na riachtanais nach mór dóibh aghaidh a thabhairt orthu.

(27)Ba cheart sineirgí, comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht a lorg le Cistí eile de chuid AE agus ba cheart forluí idir na gníomhaíochtaí a sheachaint.

(28)Tá filleadh náisiúnach tríú tír atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna neisiúint ag Ballstát ar cheann de chomhpháirteanna an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1624. Mar gheall ar a nádúr agus ar a gcuspóir, áfach, ní thagann bearta i réimse an fhillte faoi raon feidhme thacaíocht na hionstraime agus cumhdaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. …/… [CTI nua] 35 iad.

(29)Chun aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach atá ag údaráis chustaim na mBallstát ag na teorainneacha seachtracha agus chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain acmhainní ar fáil dóibh chun a raon leathan cúramaí ag na teorainneacha sin a chur chun feidhme, leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. … [an Ciste nua um Threalamh Rialaithe Custaim] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart an cistiúchán riachtanach a sholáthar do na húdaráis náisiúnta sin chun infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh chun rialú custaim a dhéanamh chomh maith le trealamh ar féidir cuspóirí eile a bheith leis amhail rialú a dhéanamh ar theorainneacha i dteannta rialú custaim.

(30)Den chuid is mó, féadfaidh trealamh rialaithe custaim a bheith curtha in oiriúint go cothrom nó go teagmhasach do rialuithe comhlíontachta le reachtaíocht eile, amhail forálacha maidir le bainistiú teorainneacha, le víosa nó le comhar póilíneachta. Dá bhrí sin, tá an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha beartaithe mar dhá ionstraim chomhlántacha a bhfuil dhá raon feidhme éagsúla ach chomhtháite acu chun trealamh a cheannach. Ar thaobh amháin, eisiafar leis an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí arna bunú leis an Rialachán seo trealamh is féidir a úsáid do bhainistiú teorainneacha agus do rialú custaim araon. Ar an taobh eile, ní hamháin go mbeidh tacaíocht airgeadais ar fáil ón ionstraim do threalamh rialaithe custaim do threalamh a bhfuil rialuithe custaim mar phríomhchuspóir leis ach féadfar é a úsáid freisin do chuspóirí breise amhail rialuithe ag teorainneacha agus slándáil. Cothóidh an dáileadh sin atá á dhéanamh ar róil an comhar idirghníomhaireachta mar chomhpháirt den chur chuige um bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, dá dtagraítear in Airteagal 4(e) de Rialachán (AE) 2016/1624, agus dá réir sin, féadfaidh na húdaráis chustaim agus na húdaráis teorann oibriú le chéile agus tionchar bhuiséad an Aontais a uasmhéadú trí chomhroinnt agus trí idir-inoibritheacht an trealaimh rialaithe.

(31)Meastar go bhfuil faireachas teorann ar muir ar cheann d’fheidhmeanna an gharda cósta a dhéantar i réimse muirí an Aontais. Na húdaráis náisiúnta a chuireann feidhmeanna garda cósta i gcrích, tá freagracht orthu freisin i leith raon leathan cúraimí, a bhféadfadh an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, cuardach agus tarrtháil, rialú teorann, rialú ar iascach, rialú custaim, forfheidhmiú ginearálta an dlí agus cosaint an chomhshaoil a bheith ar áireamh leo ach gan bheith teoranta dóibh sin. Cuireann raon leathan fheidhmeanna an gharda cósta faoi shainchúram bheartais éagsúla de chuid an Aontais iad, agus ba cheart dóibh sineirgí a lorg chun torthaí níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a bhaint amach.

(32)Chomh maith le comhar an Aontais maidir le feidhmeanna an gharda cósta i measc na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624, na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí arna bunú le Rialachán (CE) 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 agus na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle 37 , ba cheart comhleanúnachas feabhsaithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí sa réimse muirí a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta freisin. Ba cheart sineirgí idir na gníomhaithe éagsúla sa réimse muirí a bheith i gcomhréir le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus le straitéisí um shlándáil mhuirí.

(33)Chun comhlántacht na ngníomhaíochtaí muirí a neartú agus chun comhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí sin a threisiú mar aon le dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus srianta buiséadacha a laghdú i réimse gníomhaíochtaí costasacha amhail an réimse muirí, ba cheart tacú le hoibríochtaí muirí de chineál ilchuspóireach leis an ionstraim, i gcás inarb é faireachas teorann an príomhchuspóir ach, ina bhféadfaí cuspóirí eile a shaothrú san am céanna.

(34)Ba cheart bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht tríd an ionstraim a chur chun feidhme ar bhonn sineirgíocht iomlán agus comhleanúnachas le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas agus ba cheart na bearta sin a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, iarracht a dhéanamh teacht ar chomhleanúnachas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. Maidir leis an ngné sheachtrach, ba cheart tacaíocht ón ionstraim a dhíriú ar chomhar a fheabhsú le tríú tíortha agus ar phríomhghnéithe a threisiú, ar príomhghnéithe iad a bhaineann lena gcumais i ndáil le faireachas teorann agus le bainistiú teorainneacha i réimsí ar díol suime iad ó thaobh bheartas imirce an Aontais agus chuspóirí slándála inmheánaí an Aontais de.

(35)Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit amháin. Ós rud é go bhfuil deis níos fearr ag an Aontas ná mar atá ag na Ballstáit creat a sholáthar chun dlúthpháirtíocht an Aontais a léiriú maidir le rialú teorann, le comhbheartas víosaí agus bainistiú sreafaí imirce, agus chun ardán a chur ar fáil chun comhchórais TF a fhorbairt a bheidh mar bhonn taca leis na beartais sin, rannchuideoidh an tacaíocht airgeadais a sholáthraítear faoin Rialachán seo le cumais na mBallstát agus cumas an Aontais a neartú sna réimsí sin.

(36)Féadfar a mheas nach bhfuil Ballstát ag comhlíonadh an acquis ábhartha de chuid an Aontais, lena náirítear maidir le tacaíocht oibríochta faoin ionstraim seo, murar chomhlíon sé a chuid oibleagáidí faoi na Conarthaí sna réimsí a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus víosaí, má tá baol soiléir ann go sáróidh an Ballstát luachanna an Aontais agus an acquis maidir le bainistiú teorainneacha agus víosaí á chur chun feidhme aige, nó má sainaithníodh easnaimh sa réimse ábhartha i dtuarascáil mheastóireachta faoi shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen.

(37)Ba cheart an gá atá le solúbthacht agus simpliú méadaithe a léiriú san ionstraim agus ceanglais i dtéarmaí intuarthachta á nurramú san am céanna, agus a áirithiú go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(38)Ba cheart na méideanna tosaigh le haghaidh chláir na mBallstát arna ríomh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a bhunú leis an Rialachán seo, ar critéir iad lena léirítear fad agus leibhéil bhagartha ag codanna talún agus mara, an tualach oibre ag na haerfoirt agus ag na consalachtaí chomh maith le líon na gconsalachtaí.

(39)Beidh na méideanna tosaigh sin mar bhonn d’infheistíochtaí fadtéarmacha na mBallstát. Chun athruithe ar an gcás bonnlíne a chur san áireamh, amhail brú ar theorainn sheachtrach an Aontais agus an tualach oibre ag na teorainneacha seachtracha agus ag consalachtaí, leithdháilfear méid breise ar na Ballstáit ag an meántéarma agus beidh sé bunaithe ar na sonraí staitistiúla is déanaí atá ar fáil mar a leagtar amach san eochair dháilte iad agus staid chur chun feidhme an chláir á cur san áireamh.

(40)De bhrí go mbíonn dúshláin i réimse an bhainistithe teorainneacha agus víosaí ag teacht chun cinn de shíor, is gá leithdháileadh cistiúcháin a chur in oiriúint do na hathruithe ar shreafaí imirce, don bhrú ag an teorainn agus do bhagairtí slándála agus cistiúchán a stiúradh i dtreo na dtosaíochtaí a bhfuil an breisluach is airde don Aontas ag baint leo. Chun freagairt do riachtanais phráinneacha, d’athruithe ar bheartais agus do thosaíochtaí an Aontais agus chun cistiúchán a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a bhfuil ardleibhéal breisluacha don Aontas ag baint leo, déanfar cuid den chistiúchán a leithdháileadh go tráthrialta, trí shaoráid théamach, ar ghníomhaíochtaí sonracha, ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus ar chúnamh éigeandála.

(41)Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun cuid dá leithdháileadh don chlár a úsáid chun na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a mhaoiniú trí leas a bhaint as ranníocaíocht níos airde ón Aontas.

(42)Ba cheart an ionstraim a bheith ina rannchuidiú le tacaíocht a thabhairt do na costais oibriúcháin a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus leis an gcomhbheartas víosaí agus le córais mhórscála TF agus dá réir sin cur ar chumas na mBallstát na hacmhainneachtaí sin atá ríthábhachtach don Aontas ina iomláine a choinneáil. Is é atá i gceist le tacaíocht den sórt sin costais shonracha a bhaineann le cuspóirí na hionstraime a aisíoc ina niomláine agus ba cheart an méid sin a bheith mar chuid lárnach de chláir na mBallstát.

(43)D’fhéadfaí cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoin ionstraim a leithdháileadh freisin ar chláir na mBallstát chun gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme i dteannta a leithdháilte tosaigh. Ba cheart na gníomhaíochtaí sonracha sin a shainaithint ar leibhéal an Aontais agus ba cheart baint a bheith acu le gníomhaíochtaí nach mór iarracht chomhoibríoch nó gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh ina leith chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí san Aontais ar gá cistiúchán breise a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó ina leith, amhail trealamh teicniúil a cheannach trí chláir náisiúnta na mBallstát, ar trealamh é a bhfuil gá ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta leis chun a gníomhaíochtaí oibríochtúla a fheidhmiú, próiseáil iarratas ar víosaí a nuachóiriú, córais mhórscála TF nua a fhorbairt agus idir-inoibritheacht idir na córais sin a bhunú. Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí sonracha sin a shainiú ina chláir oibre.

(44)Chun cur chun feidhme chuspóir beartais na hionstraime sin a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta trí chláir na mBallstát, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil leis an ionstraim freisin le haghaidh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh chun críocha straitéiseacha foriomlána a bhaint amach laistigh de raon feidhme idirghabhála na hionstraime i ndáil le hanailís ar bheartais agus nuálaíocht, le foghlaim fhrithpháirteach thrasnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí agus le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a thriail ar fud an Aontais.

(45)Chun go neartófar acmhainneacht an Aontais dul i ngleic láithreach le brú gan choinne nó le brú díréireach ón imirce, go háirithe ag na codanna sin den teorainn inar sainaithníodh an leibhéal tionchair i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 mar leibhéal ar a gcuirfear feidhmiú limistéar Schengen ina iomláine i gcontúirt, mar aon le dul i ngleic le brú ar ranna víosaí chonsalachtaí na mBallstát nó le rioscaí i leith slándáil teorann, ba cheart go bhféadfaí cúnamh éigeandála a chur ar fáil i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach sa Rialachán seo.

(46)Tabharfar aghaidh ar chuspóir beartais na hionstraime seo freisin trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíocht bhuiséadach faoi fhuinneog bheartais nó faoi fhuinneoga beartais [...] an Chiste InvestEU. Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, ar mhodh comhréireach agus níor cheart maoiniú príobháideach a dhúbláil nó a phlódú mar gheall ar ghníomhaíochtaí a dhéantar ná iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart breisluach soiléir Eorpach a bheith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar.

(47)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don ionstraim iomlán arb éard a bheidh ann an príomhmhéid tagartha, de réir bhrí [phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais] 39 , do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(48)Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. .../... [Rialachán Airgeadais nua] (‘Rialachán Airgeadais’) 40 maidir leis an ionstraim seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena náirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha. D’fhonn comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme clár cistiúcháin de chuid an Aontais, beidh feidhm ag an Rialachán Airgeadais maidir leis na gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme sa bhainistíocht dhíreach nó sa bhainistíocht indíreach faoin ionstraim.

(49)D’fhonn gníomhaíochtaí faoin mbainistíocht chomhroinnte a chur chun feidhme, ba cheart an ionstraim a bheith mar chuid de chreat comhleanúnach ina mbeidh an Rialachán seo, an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) Uimh. …/… [RFC].

(50)Le Rialachán (AE) Uimh.  …/… [RFC] bunaítear an creat gníomhaíochta do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), don Chiste Tearmainn agus Imirce (CTI), don Chiste Slándála Inmheánaí (CSI), agus don ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí (IBTV), mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (CBCT), agus leagtar síos ann, go háirithe, na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht,bainistiú agus rialú cistí AE arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ina theannta sin, is gá cuspóirí na hionstraime um bainistiú teorainneacha agus um víosaí sa Rialachán seo a shonrú, agus forálacha sonracha a leagan síos maidir le gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú tríd an ionstraim seo.

(51)Ba cheart na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar an gcumas atá acu cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a sholáthar agus, go háirithe, na costais a bhaineann le rialuithe, an tualach riaracháin, agus an baol a bhaineann le neamhchomhlíonadh a bhfuiltear ag súil leis á gcur san áireamh. Ba cheart breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil nasctha le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a chur san áireamh.

(52)I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. .../... [an Rialachán Airgeadais nua] 41 , Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 43 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 44 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 45 , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(53)Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin leis an Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna, trí chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil iontu i gcomhair seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. Chomh maith leis sin, baineann rialacha a glacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, de bhrí go bhfuil urraim don smacht reachta mar réamhchoinníoll fíor-riachtanach maidir le bainistíocht fhónta airgeadais agus le cistiú éifeachtach AE.

(54)De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle 47 , tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiúchán faoi réir rialacha agus chuspóirí na hionstraime agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(55)De bhun Airteagal 349 de CFAE agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí in AE arna formhuiniú ag an gComhairle ina conclúid an 12 Aibreán 2018, ba cheart do na Ballstáit ábhartha a áirithiú go dtabharfar aghaidh ina gcláir náisiúnta ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, ar bagairtí iad nach mór do na réigiúin fhorimeallacha dul i ngleic leo. Tacaítear leis na Ballstáit sin san ionstraim seo trí acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun cuidiú leis na réigiúin fhorimeallacha de réir mar is iomchuí.

(56)De bhun mhír 22 agus mhír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 48 , is gá an ionstraim seo a mheas ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin ar leith, agus san am céanna rórialáil agus ualach riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. Féadfaidh táscairí intomhaiste a bheith san áireamh sna ceanglais sin, i gcás inarb iomchuí, mar bhonn chun éifeachtaí na hionstraime ar an talamh a mheas. Chun a bhfuil gnóthaithe ag an ionstraim a thomhas, ba cheart táscairí agus spriocanna gaolmhara a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach den ionstraim.

(57)Mar léiriú ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an ionstraim seo le gníomhaíochtaí aeráide príomhshrutha agus le sprioc fhoriomlán a bhaint amach, is é sin go núsáidfear 25% den chaiteachas i mbuiséad AE chun tacú le cuspóirí aeráide. Déanfar gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint nuair a bheidh an ionstraim á hullmhú agus á cur chun feidhme, agus déanfar iad a athmheas i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha agus na bpróiseas athbhreithnithe.

(58)Trí na táscairí agus tríd an tuairisciú airgeadais, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hionstraime, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. .../... [RFC] agus an Rialacháin seo.

(59)Chun gnéithe neamhriachtanacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh agus a leasú ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cómhaoiniú níos airde mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV, le tacaíocht oibriúcháin agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat coiteann faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 49 .

(60)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 . Ba cheart úsáid a bhaint as an nós imeachta scrúdúcháin le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme ina leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus ba cheart úsáid a bhaint as an nós imeachta comhairleach chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na módúlachtaí a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Choimisiún i gcreat an chlársceidealaithe agus an tuairiscithe, ós rud é gur de chineál teicniúil amháin iad.

(61)Níor cheart rannpháirtíocht Bhallstáit san ionstraim seo a bheith ag teacht lena rannpháirtíocht in ionstraim airgeadais shealadach de chuid an Aontais lena dtacaítear leis na Ballstáit is tairbhithe chun, i measc nithe eile, gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an Aontais chun acquis Schengen maidir le teorainneacha agus víosaí agus rialú ag teorainneacha seachtracha a chur chun feidhme.

(62)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis 51 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, rud a thagann faoi réim na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 52 .

(63)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 53 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 54 .

(64)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 55 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 56 .

(65)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, ba cheart don Danmhairg a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh i ndáil leis an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(66)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 57 . Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(67)Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) .../...ón gComhairle [an Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil] 58 ,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.Bunaítear leis an Rialachán seo an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí a bhainistiú (‘an ionstraim’) mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (‘an Ciste’).

2.Go comhpháirteach le Rialachán (AE) Uimh .../... [Ciste um Threalamh Rialaithe Custaim], lena mbunaítear, mar chuid den Chiste 59 um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, bunaítear an Ciste leis an Rialachán seo.

3.Leagtar síos leis cuspóirí na hionstraime, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn 'oibríochtaí measctha' gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena náirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamhiníoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(2)ciallaíonn “pointe trasnaithe teorann” aon phointe trasnaithe atá údaraithe ag na húdaráis inniúla chun teorainneacha seachtracha a thrasnú faoi mar atá curtha in iúl i gcomhréir le hAirteagal 2(8) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 ;

(3)ciallaíonn ‘bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip’ na comhpháirteanna a liostaítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/1624;

(4)ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” teorainneacha na mBallstát: teorainneacha talún lena náirítear teorainneacha abhann agus locha, teorainneacha farraige agus a naerfoirt, a gcalafoirt abhann, a gcalafoirt mhara agus a gcalafoirt locha lena bhfuil feidhm ag forálacha dhlí an Aontais maidir le trasnú teorainneacha seachtracha, lena náirítear na teorainneacha inmheánacha sin áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós;

(5)ciallaíonn "cuid den teorainn sheachtrach" teorainn sheachtrach iomlán talún nó muirí Ballstáit, nó cuid de, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013;

(6)ciallaíonn ‘teophointe’ teophointe mar a shainítear in Airteagal 2(10) de Rialachán (AE) 2016/1624;

(7)ciallaíonn ‘teorainneacha inmheánacha áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós:

(a)an chomhtheorainn idir Ballstát a chuireann acquis Schengen chun feidhme go hiomlán agus Ballstát a bhfuil de cheangal air acquis Schengen a chur chun feidhme ina iomláine, i gcomhréir lena Ionstraim Aontachais, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena núdaraítear dó an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán i bhfeidhm ina leith go fóill;

(b)an chomhtheorainn idir dhá Bhallstát a bhfuil de cheangal orthu acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine, i gcomhréir lena nIonstraimí Aontachais faoi seach, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena núdaraítear dóibh an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán i bhfeidhm ina leith go fóill;

Airteagal 3

Cuspóirí na hionstraime

1.Mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, is é a bheidh i gcuspóir beartais na hionstraime bainistiú comhtháite teorainneacha láidir éifeachtach san Eoraip ag na teorainneacha seachtracha a áirithiú agus san am céanna saorghluaiseacht daoine laistigh den Eoraip a chosaint, i gcomhréir iomlán le gealltanais an Aontais maidir le cearta bunúsacha, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le hardleibhéal slándála san Aontas a ráthú.

2.Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach i mír 1, leis an ionstraim rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)tacú le bainistiú comhtháite éifeachtach teorainneacha ag na teorainneacha seachtracha arna cur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach mar chomhfhreagracht chomhroinnte idir an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as teorainneacha a bhainistiú, trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, an inimirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc agus sreafaí imirce a bhainistiú go héifeachtach;

(a)tacú leis an gcomhbheartas víosaí chun taisteal dlisteanach a éascú agus rioscaí imirce agus slándála a chosc.

3.Faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 2, déanfar an ionstraim a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 4

Raon feidhme na tacaíochta

1.Faoi na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus i gcomhréir leis na bearta a liostaítear in Iarscríbhinn II tacófar leis an ionstraim go háirithe na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III.

2.Chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú, féadfar leis an ionstraim tacú le gníomhaíochtaí i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i dtaca le tríú tíortha agus sna tíortha sin, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 5.

3.Ní bheidh na bearta seo a leanas incháilithe:

(a)na bearta dá dtagraítear i mír 1(a) d'Iarscríbhinn III ag na teorainneacha inmheánacha sin áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós;

(b)gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú teorann a thabhairt isteach athuair go sealadach agus go heisceachtúil ag teorainneacha inmheánacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/399;

(c)i dtaca le rialú earraí:

(1)gníomhaíochtaí a bhfuil rialú earraí go huathúil mar aidhm leo nó mar éifeacht acu;

(2)trealamh a cheannach, a chothabháil nó a uasghrádú, gan modhanna iompair san áireamh, a bhfuil rialú earraí mar aidhm leis nó mar éifeacht leis;

(3)gníomhaíochtaí eile faoin Rialachán seo a bhfuil rialú earraí mar aidhm leis nó mar éifeacht leis.

Maidir le gníomhaíochtaí neamhincháilithe dá dtagraítear sa mhír sin féadfar a mheas go bhfuil siad incháilithe i gcás éigeandála.

Airteagal 5

Eintitis incháilithe

1.Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(i)    Ballstát, nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)    tríú tír atá liostaithe sa chlár faoi na coinníollacha a shonraítear ann;

(b)aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó faoi aon eagraíocht idirnáisiúnta.

2.Níl daoine nádúrtha incháilithe.

3.Go heisceachtúil, tá eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír incháilithe chun bheith rannpháirteach i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.

4.Eintitis dhlíthiúla atá rannpháirteach i gcuibhreannais ina bhfuil dhá eintiteas neamhspleácha ar a laghad, atá bunaithe i mBallstáit éagsúla nó i dtíortha nó i gcríocha éagsúla thar lear atá bainteach leis na Ballstáit nó leis na tríú tíortha sin, tá siad incháilithe.

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

Roinn 1

Forálacha comhchoiteanna

Airteagal 6

Prionsabail ghinearálta

1.Leis an tacaíocht a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo comhlánófar idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus leagfar béim ar bhreisluach a chur le cuspóirí an Rialachán seo.

2.Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo agus a chuireann na Ballstáit ar fáil ag teacht le gníomhaíochtaí, beartais agus le tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí comhlántach le hionstraimí eile de chuid an Aontais.

3.Déanfar an ionstraim a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a), Airteagal 62(1)(b) agus Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 7

An buiséad

1.Is é EUR 8 018 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hionstraime don tréimhse 2021–2027.

2.Úsáidfear an timchlúdach airgeadais mar a leanas:

(a)Déanfar EUR 4 811 000 000 a leithdháileadh ar na cláir a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte agus EUR 157 200 000 as an méid sin ar an Scéim Idirthurais Speisialta, dá dtagraítear in Airteagal 16, a chuirfear chun feidhme faoi bainistíocht chomhroinnte;

(b)Déanfar EUR 3 207 000 000 a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach.

3.Déanfar suas le 0.52 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar an gcúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún le aghaidh an ionstraim a chur chun feidhme.

4.De réir fhorálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais, déanfar socruithe chun sonrú a dhéanamh ar chineál agus rialacha mionsonraithe rannpháirtíocht na dtíortha a bhfuil ról acu i gcur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen. Cuirfear na rannchuidithe airgeadais ó na tíortha sin leis na hacmhainní foriomlána atá ar fáil ó bhuiséad an Aontais dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 8

Forálacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na saoráide téamaí

1.Déanfar an timchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b) a leithdháileadh ar bhealach solúbtha trí bhíthin na saoráide téamaí trí úsáid a bhaint as bainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach mar a leagtar amach i gcláir oibre. Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach maidir lena comhpháirteanna:

(a)gníomhaíochtaí sonracha;

(b)gníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus

(c)cúnamh éigeandála.

Tabharfar tacaíocht don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin as imchlúdach airgeadais na saoráide téamaí. 

2.Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a bhfuil breisluach ard ó thaobh an Aontais ag baint leo nó chun freagairt do riachtanais phráinneacha, i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais mar a shonraítear in Iarscríbhinn II.

3.Nuair a dheonófar cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach ar na Ballstáit, áiritheofar nach ndéantar difear do thionscadail de thoradh tuairimí réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht tionscadal i mbaol.

4.Nuair a dheonófar cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht chomhroinnte, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, chun críocha Airteagal 18 agus Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] nach ndéantar difear do ghníomhaíochtaí atá beartaithe de thoradh tuairimí réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht tionscadal i mbaol.

5.Cinnfidh an Coimisiún an méid foriomlán a chuirfear ar fáil don tsaoráid théamach faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais.

6.Glacfaidh an Coimisiún cinntí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais don tsaoráid théamach ina sainaithneofar na cuspóirí agus na ngníomhaíochtaí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh agus ina shonrófar na méideanna do gach ceann dá chomhpháirteanna dá dtagraítear i mír 1. Leagfar amach i gcinntí airgeadais, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

7.Tar éis dó cinneadh airgeadais a ghlacadh dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh dá réir sin ar na cláir a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte.

8.Féadfaidh cinntí bliantúla nó ilbhliantúla a bheith sna cinntí airgeadais agus féadfar ceann amháin nó níos mó de chomhpháirteanna na saoráide téamaí a chumhdach leo.

Roinn 2
Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte

Airteagal 9

Raon Feidhme

1.Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis an gcuid den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) agus leis na hacmhainní breise atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte de réir chinneadh an Choimisiúin maidir leis an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.

2.Déanfar tacaíocht faoin roinn seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais agus le Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

Airteagal 10

Acmhainní buiséadacha

1.Leithdháilfear na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) ar na cláir náisiúnta a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte ('na cláir') go táscach mar a leanas:

(a)EUR 4 009 000 000 ar na Ballstáit i gcomhréir leis na critéir in Iarscríbhinn I;

(b)EUR 802 000 000 ar na Ballstáit le haghaidh choigeartú na leithdháiltí ar na cláir dá dtagraítear in Airteagal 13(1).

2.I gcás nach leithdháiltear an méid dá dtagraítear i mír 1(b), féadfar an fuílleach a chur leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b).

Airteagal 11

Rátaí cómhaoinithe

1.Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % de chaiteachas incháilithe iomlán tionscadail.

2.Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar thionscadail a chuirfear chun feidhme faoi réir gníomhaíochtaí sonracha.

3.Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

4.Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar thacaíocht oibriúcháin, lena náirítear an Scéim Idirthurais Speisialta.

5.Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar chúnamh éigeandála.

6.Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ón ionstraim seo le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 1 go mír 5.

7.I gcás gach cuspóir sonrach, leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún an gcuirfear an ráta cómhaoinithe le haghaidh gach cuspóir sonrach i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

(a)an ranníocaíocht iomlán, lena náirítear ranníocaíocht phoiblí agus phríobháideach nó

(b)an ranníocaíocht phoiblí amháin.

Airteagal 12

Na cláir

1.Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na tosaíochtaí a dtugtar aghaidh orthu sa chlár aige comhsheasmhach le tosaíochtaí agus dúshláin an Aontais i réimse an bhainistithe teorann agus víosaí agus go bhfreagraíonn siad dóibh, agus go bhfuil siad i gcomhréir go hiomlán le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais. Agus tosaíochtaí a gclár á sainaithint acu áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ar na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh ról ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus, i gcás inarb iomchuí, ag eu-LISA i bhforbairt chlár na Ballstát ag céim luath, a mhéid is a thagann sin faoi inniúlachtaí na ngníomhaireachtaí.

3.Rachaidh sé i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir leis na dréachtchláir agus leagfar béim ar leith ar na gníomhaíochtaí lena náirítear gníomhaíochtaí faoi thacaíocht oibriúcháin i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(a) chun comhleanúnachas agus comhlántacht ghníomhaíochtaí na gníomhaireachta agus ghníomhaíochtaí na mBallstát i dtaca le bainistíocht teorann a áirithiú agus chun maoiniú dúbailte a sheachaint agus costéifeachtúlacht a bhaint amach.

4.Féadfaidh an Coimisiún ról a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus i gcás inarb iomchuí, do eu-LISA, maidir le cúraim faireacháin agus mheastóireachta dá dtagraítear i Roinn 5, go háirithe d'fhonn a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme le tacaíocht ón ionstraim i gcomhréir leis an acquis ábhartha de chuid an Aontais agus le tosaíochtaí atá comhaontaithe ag an Aontas.

5.Tar éis dó na moltaí a ghlacadh faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus na moltaí a eisíodh faoi chuimsiú measúnuithe íogaireachta a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1624, breathnóidh an Ballstát i gceist, i gcomhar leis an gCoimisiún, ar an gcur chuige is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin le tacaíocht na hionstraime seo.

6.Cinnteoidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, go mbeidh ról ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sa phróiseas lena ndéanfar scrúdú ar an gcur chuige is iomchuí chun dul i ngleic leis na moltaí le tacaíocht na hionstraime seo.

7.Agus mír 5 á cur chun feidhme aige, cinnfidh an Ballstát lena mbaineann gur tosaíocht de chuid a chláir a bheidh i gcur chun feidhme beart chun dul i ngleic le haon easnaimh atá ann, go háirithe bearta chun dul i ngleic le heasnaimh thromchúiseacha agus measúnuithe neamhchomhlíontacha.

8.I gcás inarb iomchuí, déanfar an clár i gceist a leasú chun na moltaí dá dtagraítear i mír 5 a chur san áireamh. Ag brath ar thionchar an choigeartaithe, féadfaidh an Coimisiún an clá athbhreithnithe a fhormheas.

9.I gcomhar agus i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hinniúlachtaí na gníomhaireachta, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann acmhainní a athleithdháileadh faoina chlár, lena náirítear na hacmhainní atá clársceidealaithe do thacaíocht oibriúcháin, d'fhonn dul i ngleic leis na moltaí dá dtagraítear i mír 5 a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo.

10.Nuair a chinnfidh Ballstát tionscadail a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír nó sa tríú tír sin le tacaíocht na hionstraime rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún sula gcuirfear tús leis an tionscadal.

11.Gach uair a chinneann Ballstát gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír nó sa tríú tír sin le tacaíocht na hionstraime a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar thrasnuithe teorann neamhúdaraithe agus ar choireacht trasteorann agus le hiad a bhrath, a shainaithint, a rianú, a chosc agus a ghabháil chun críocha an imirce neamhdhleathach agus an choireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac agus chun rannchuidiú le beatha imirceach a chosaint agus a shábháil, áiritheoidh sé go gcuirfidh sé fógra chuig an gCoimisiún faoi aon chomhaontú comhair déthaobhach nó iltaobhach leis an tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013.

12.Maidir le trealamh oibriúcháin, lena náirítear modhanna iompair, agus córais chumarsáide, is gá chun rialú teorann éifeachtach slán a dhéanamh, a ceannaíodh le tacaíocht na hionstraime seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)sula dtionscnóidh siad nósanna imeachta um cheannach chun trealamh oibriúcháin a fháil, lena náirítear modhanna iompair, agus córais chumarsáide le tacaíocht na hionstraime, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonann an trealamh sin na caighdeáin a bhunaítear ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, i gcás inarb ann do na caighdeáin sin, agus fíoróidh siad a sonraíochtaí teicniúla leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus é mar aidhm acu idir-inoibritheacht na sócmhainní a úsáideann an Garda Teorann agus Cósta a áirithiú.

(b)déanfar gach trealamh oibriúcháin mórscála i gcomhair bainistíocht teorann, amhail modhanna iompair agus faireachais aeir agus mhuirí a cheannaigh na Ballstáit a chlárú sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta d'fhonn na sócmhainní sin a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 39(8) de Rialachán (AE) 2016/1624.

(c)Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ítimí a cheannach i gcomhair oibríochtaí muirí ilchuspóireacha a dtugtar tacaíocht dóibh leis an ionstraim ar choinníoll go núsáidfear na hítimí seo, agus iad á noibriú ag na húdaráis náisiúnta ábhartha, le haghaidh oibríochtaí faireachais teorann ar feadh 60 % den tréimhse úsáide iomláine chun críocha náisiúnta in aon bhliain amháin. Clárófar na hítimí sin sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta d'fhonn na sócmhainní sin a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 39(8) de Rialachán (AE) 2016/1624;

(d)chun tacú le pleanáil chomhleanúnach maidir le forbairt acmhainneachta don Ghníomhaireacht um an nGarda Teorann agus Cósta agus le húsáid fhéideartha soláthair chomhpháirtigh, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, mar chuid den líne tuarascála i gcomhréir le hAirteagal 27, maidir leis an bpleanáil ilbhliantúil infhaighte i dtaca leis an trealamh atá beartaithe a cheannach faoin ionstraim. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

13.Bunófar an oiliúint i réimse an bhainistithe teorann a dhéanfar le tacaíocht na hionstraime seo ar na caighdeáin chomhchoiteanna comhchuibhithe ar cháilíocht dhearbhaithe don oideachas agus oiliúint i réimse na gardála teorann agus cósta.

14.Go háirithe saothróidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn IV.

15.Bunófar clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1 d'Iarscríbhinn VI.

Airteagal 13

Athbhreithniú meántéarma

1.In 2024 déanfaidh an Coimisiún an méid breise dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b) i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i mír 1(c) agus i mír míreanna 2 go 11 d'Iarscríbhinn I a leithdháileadh ar chláir na mBallstát lena mbaineann. Bunófar an leithdháileadh ar na sonraí staidrimh is déanaí a bheidh ar fáil maidir leis na critéir dá dtagraítear i mír 1(c) agus míreanna 2 go 11 d'Iarscríbhinn I. Beidh an cistiú éifeachtach don tréimhse amhail ón mbliain féilire 2025.

2.Mura gcumhdaítear 10 % de leithdháileadh tosaigh cláir dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(a) trí bhíthin iarratais ar íocaíocht eatramhach i gcomhréir le hAirteagal 85 de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ní bheidh an Ballstát i gceist incháilithe chun an leithdháileadh breise dá dtagraítear i mír 1 a fháil.

3.Amhail ó 2025, i gcás inarb iomchuí sin, cuirfear san áireamh i leithdháileadh na gcistí ón tsaoráid théamach an dul chun cinn a dhéanfar maidir le garspriocanna an chreata feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] a ghnóthú agus maidir le laigí cur chun feidhme aitheanta.

Airteagal 14

Gníomhaíochtaí sonracha

1.Is é atá i ngníomhaíochtaí sonracha tionscadail trasnáisiúnta nó náisiúnta i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo a d'fhéadfadh Ballstát amháin, roinnt Ballstát nó na Ballstáit uile leithdháileadh breise ina leith a fháil dá gcláir.

2.Féadfaidh Ballstáit, de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10(1), cistiú a fháil do ghníomhaíochtaí sonracha, ar choinníoll go bhfuil sé curtha in iúl mar sin sa chlár agus go núsáidfear é chun cur le cur chun feidhme chuspóirí an Rialacháin seo.

3.Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.

Airteagal 15

Tacaíocht oibriúcháin

1.Tá tacaíocht oibriúcháin ina cuid de leithdháileadh Ballstáit is féidir a úsáid mar thacaíocht leis na húdaráis phoiblí atá freagrach as saothrú na gcúraimí agus na seirbhísí ar cuid de sheirbhís phoiblí don Aontas iad.

2.Féadfaidh Ballstát suas le 30 % den mhéid a leithdháilfear faoin ionstraim ar a chlár oibre chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú do na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí agus na seirbhísí ar seirbhís phoiblí don Aontas iad a shaothrú.

3.Comhlíonfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as tacaíocht oibriúcháin acquis an Aontais maidir le teorainneacha agus víosaí.

4.Léireoidh na Ballstáit sa chlár agus sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 27 an túdar atá le húsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Sula ndéanfaidh sé an clár a fhormheas, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir le hinniúlachtaí na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 12(3), measúnú ar an gcás bonnlíne sna Ballstáit a bhfuil curtha in iúl acu go bhfuil rún acu úsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin, agus an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil agus, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis atá ar fáil i bhfianaise mheastóireachtaí agus mheasúnuithe íogaireachta Schengen, lena náirítear na moltaí a thagann as meastóireachtaí agus measúnuithe íogaireachta Schengen á cur san áireamh aige.

5.Gan dochar d’Airteagal 4(3)(c), díreofar an tacaíocht oibriúcháin ar chúraimí agus seirbhísí sonracha mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.

6.Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach maoiniúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun leasú a dhéanamh ar na cúraimí agus seirbhísí sonracha in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 16

Tacaíocht oibriúcháin don Scéim Idirthurais Speisialta

1.Cuirfidh an ionstraim tacaíocht ar fáil chun cúiteamh a dhéanamh ar tháillí tarscaoilte ó víosaí arna neisiúint chun costais idirthurais agus costais bhreise a tabhaíodh le linn chur chun feidhme na scéime um an doiciméad idirthurais éascaithe (FTD) agus um an doiciméad idirthurais Iarnróid éascaithe (FRTD) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 694/2003.

2.Maidir leis na hacmhainní a leithdháilfear ar an Liotuáin faoin Scéim Idirthurais Speisialta de bhun Airteagal 7(2)(a), cuirfear ar fáil iad mar thacaíocht oibriúcháin bhreise don Liotuáin i gcomhréir le gníomhaíochtaí incháilithe tacaíochta oibriúcháin laistigh den chlár, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.

3.De mhaolú ar Airteagal 15(2), féadfaidh an Liotuáin an méid a leithdháilfear uirthi i gcomhréir le hAirteagal 7(2)(a) a úsáid chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú de bhreis ar an méid a shainítear in Airteagal 15(2).

4.Déanfaidh an Coimisiún agus an Liotuáin athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo i gcás athruithe a imríonn tionchar ar an Scéim Idirthurais Speisialta a bheith ann nó ar fheidhmiú na Scéime sin.

Roinn 3
Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Airteagal 17

Raon Feidhme

Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den Airteagal sin.

Airteagal 18

Gníomhaíochtaí Aontais

1.Is é atá i ngníomhaíochtaí Aontais tionscadail trasnáisiúnta nó náisiúnta nó tionscadail a bhfuil leas áirithe acu don Aontas i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo.

2.Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ionstraim a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Aontais a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 3 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III.

3.Féadfar cistiú a sholáthar le gníomhaíochtaí Aontais, agus féadfaidh an cistiú sin bheith in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfaidh siad maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin.

4.Tabharfar agus bainisteofar deontais faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le [Teideal VIII] den Rialachán Airgeadais.

5.Féadfaidh an coiste meastóireachta a dhéanfaidh measúnú ar na tograí bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.

6.Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in [Airteagal X de] Rialachán (AE) .../... [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].

Airteagal 19

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha arna gcinneadh faoin gClár seo chun feidhme i gcomhréir le [Rialachán InvestEU] agus le [Teideal X] den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 20

Cúnamh teicniúil ar leibhéal an Choimisiúin

Leis an ionstraim féadfar tacú le bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann. Déanfar na bearta sin a mhaoiniú ar an ráta 100 %. 

Airteagal 21

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena náirítear daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, sin é an bonn a bheidh leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 22

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d'fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe sin, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

2.Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an ionstraim seo, lena gníomhaíochtaí agus lena torthaí. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an ionstraim seo, rannchuideofar freisin le cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad a bhaineann siad le tosaíochtaí an Rialacháin seo.

Roinn 4
Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Airteagal 23

Cúnamh éigeandála

1.Leis an ionstraim cuirfear cúnamh airgeadais ar fáil chun dul i ngleic le riachtanais phráinneacha shonracha i gcás éigeandála a thiocfaidh as brú práinneach eisceachtúil i gcás inar thrasnaigh líon mór nó líon díréireach náisiúnaithe tríú tír, ina bhfuil siad ag trasnú nó ina meastar go dtrasnóidh siad teorainneacha seachtracha Ballstáit amháin nó níos mó, go háirithe ag codanna den teorainn a sainítear go gcuirfidh an leibhéal tionchair iontu feidhmiú limistéar Schengen ina iomláine i mbaol, nó le haon chás brú phráinnigh eisceachtúil eile faoi raon feidhme an Rialacháin seo ina néilítear beart láithreach.

2.Féadfaidh cúnamh éigeandála bheith i bhfoirm deontas a bhronnfar go díreach ar ghníomhaireachtaí díláraithe.

3.Féadfar cúnamh éigeandála a leithdháileadh ar chláir na mBallstát de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10(1) ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl amhlaidh sa chlár náisiúnta. Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár.

4.Tabharfar agus bainisteofar deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le [Teideal VIII] den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 24

Cistiú carnach, comhlántach agus comhcheangailte

1.Féadfaidh gníomhú a fuair ranníocaíocht faoin ionstraim ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena náirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach clár de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht, maidir lena ranníocaíocht féin leis an mbeart. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

2.Seo a leanas gníomhaíochtaí a bhronntar dearbhú séala barr feabhais orthu, nó a chomhlíonann na coinníollacha carnacha, comparáideacha:

(a)rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin ionstraim;

(b)comhlíonann siad na ceanglais íosta cáilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

(c)ní fhéadfar iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha,

féadfaidh siad tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ nó ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal 67 de Rialachán (AE) .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) .../... [maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air], ar choinníoll go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin comhleanúnach le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an Chiste lena gcuirtear tacaíocht ar fáil.

Roinn 5

FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT

Roinn 1 Forálacha coiteanna

Airteagal 25

Faireachán agus tuairisciú

1.I gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun Airteagal 43(3)(h)(i)(iii) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh sé faisnéis maidir le feidhmíocht i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le hIarscríbhinn V.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinn V a leasú d’fhonn na hathruithe riachtanacha a dhéanamh ar an bhfaisnéis faoi fheidhmíocht atá le cur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na hionstraime maidir le baint amach chuspóirí sonracha an Rialacháin seo a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII. Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Spriocanna carnacha a bheidh sna garspriocanna a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029.

4.Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil éifeachtach tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, nuair is ábhartha, ar na Ballstáit.

5.Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn na hionstraime i dtreo bhaint amach a chuspóirí, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 29, chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, lena náirítear faisnéis a bheidh le cur ar fáil ag na Ballstáit.

Airteagal 26

Meastóireacht

1.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach ar an Rialachán seo, lena náirítear na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin Rialachán seo.

2.Déanfar meastóireacht mheántearmach shiarghabhálach go tráthúil chun cur leis an bpróiseas cinnteoireachta i gcomhréir leis an amlíne a leagtar amach in Airteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

Foroinn 2 Rialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte

Airteagal 27

Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

1.Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin dáta céanna gach bliain ina dhiaidh sin go 2031 agus an bhliain sin san áireamh cuirfidh na Ballstáit an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht chuig an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 36(6) de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]. Leis an tuarascáil a thíolacfar in 2023 cumhdófar cur chun feidhme an chláir a dhéanfar go dtí an 30 Meitheamh 2022.

2.Leagfar amach sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faisnéis maidir le :

(a)an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir agus maidir le garscpriocanna agus spriocanna a bhaint amach agus na sonraí is déanaí mar a cheanglaítear le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna];

(b)aon saincheisteanna a dhéanann difear d'fheidhmíocht an chláir agus na bearta a rinneadh chun dul i ngleic leo;

(c)an chomhlántacht idir na bearta a dtugtar tacaíocht dóibh leis an ionstraim agus tacaíocht a chuirtear ar fáil ó Chistí Aontais eile, go háirithe bearta i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha;

(d)rannchuidiú an chláir le cur chun feidhme an acquis agus na bpleananna gníomhaíochta ábhartha de chuid an Aontais;

(e)cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(f)comhlíonadh coinníollacha cumasaithe agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin i rith na clárthréimhse.

3.Féadfaidh an Coimisiún barúlacha maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl laistigh den spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

4.Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Airteagal 28

Faireachán agus tuairisciú

1.Bunófar faireachán agus tuairisciú i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1, i dTábla 2 agus i dTábla 3 in Iarscríbhinn VI. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach maoiniúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar na cúraimí agus seirbhísí sonracha in Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hAirteagal 29.

2.Úsáidfear na táscairí coiteanna i gcomhréir le hAirteagal 12(1), le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. …/… [Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

CAIBIDIL III

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 12, 15 25 agus 28 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.Maidir leis an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 12, 15, 25, agus 28, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm aon tráth. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ar an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos faide anonn a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra maidir leis an ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail  12, 15, 25 agus 28 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 30

Nós imeachta coiste

1.Beidh an Coiste Comhordaithe um an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí ina chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás nach dtugann an coiste achomhairc tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme. Ní bheidh feidhm ag an méid sin maidir le gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 27(4) a ghlacadh.

Airteagal 31

Forálacha idirthréimhseacha

1.Ní bheidh éifeacht ag an Rialachán ar leanúint de ná ar leasú na mbeart atá i gceist faoin ionstraim le haghaidh teorainneacha seachtracha agus víosaí mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh 515/2014, a leanfaidh d'fheidhm a bheith aige maidir leis na bearta sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.Speansais an chúnaimh theicniúil agus riaracháin is gá chun an taistriú idir an ionstraim agus na bearta a glacadh faoina réamhtheachtaí, i.e. an ionstraim le haghaidh teorainneacha seachtracha agus víosaí mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán Uimh. 515/2014, féadfar na speansais sin a chumhdach leis an imchlúdach airgeadais.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán



RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais maidir le bainistiú teorainneacha agus víosaí (IBTV).

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

Ceannteideal 4 (Imirce agus bainistiú teorainneacha). Teideal 11. Bainistiú teorainneacha

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

beart nua

beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 61

síneadh ar bheart atá ann cheana

beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

An taisteal dlisteanach a éascú agus cosc a chur leis an imirce neamhrialta agus le rioscaí slándála ag an am céanna, is príomhchuspóir é sin de chuid an chláir oibre maidir leis an imirce. Tá an straitéis Eorpach um bainistiú comhtháite teorainneacha á cur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, le dlúthchomhar idir na comhlachtaí a chomhdhéanann é, mar atá an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus gardaí teorann na mBallstát.

An 14 Márta 2018, chuir an Coimisiún i láthair a chur chuige beartais maidir leis an gcomhbheartas víosaí a chur in oiriúint do dhúshláin nua, lena náirítear athbhreithniú ar an gcreat dlí an chórais faisnéise víosaí (VIS). Ina theannta sin, chuir an Coimisiún i láthair togra dlíthiúil a thugann aghaidh ar na cleachtais éagsúla atá ag na Ballstáit agus a áirithíonn gur féidir ról a bheith ag rialacha eisiúna víosaí i mbeartas an Aontais um athligean isteach.

Chun limistéar Schengen a chaomhnú agus a neartú, tá sé d'oibleagáid ar na Ballstáit, ó bhí an 6 Aibreán 2017 ann, seiceálacha córasacha a dhéanamh, i mbunachair sonraí ábhartha, ar shaoránaigh den Aontas atá ag trasnú theorainneacha seachtracha an Aontais. Lena chois sin, d'eisigh an Coimisiún Moladh chuig na Ballstáit úsáid ní b'fhearr a bhaint as seiceálacha póilíní agus as an gcomhar trasteorann. Cuirfidh na cuspóirí beartais agus na gníomhaíochtaí sin ar fad ar chumas an Aontais a phríomhchuspóir a ghnóthú, mar atá feidhmiú limistéar Schengen a threisiú gan rialú ar theorainneacha inmheánacha; ach, is gach tacú leo le cistiú leordhóthanach ón Aontas.

Le go bhfeidhmeoidh córas lánchomhtháite bainistíochta teorainneacha san Aontas, is gá a áirithiú go bhfuil an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta láidir agus lánoibríochtúil. Dá bhrí sin, bheartaigh an Coimisiún cór seasta de tuairim agus 10,000 garda teorann a chruthú a gcuirfí an oiliúint riachtanach orthu agus a dtabharfaí an tacaíocht airgeadais riachtanach dóibh sa dóigh go méadófaí comhchuid na ngardaí teorann náisiúnta den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach. Mar gheall ar an athrú mór sin a thabhairt isteach, d'fhéadfadh sé gur ghá sainordú na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a leasú, ós í comhchuid an Aontais í den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach.

Ina theannta sin, ba cheart cistiú ón Aontas a bheith in ann dul i ngleic le staideanna ar toradh ar bhrú práinneach eisceachtúil ar na teorainneacha seachtracha iad nó le staideanna eile a éilíonn gníomhaíocht láithreach nach féidir leis na Ballstáit tabhairt fúithi ag gníomhú ina naonar dóibh.

Gan dochar d'aon fhorbairt a dhéanfar ar bheartais amach anseo, beidh ar áireamh in aon togra reachtach a dhéanfar sa réimse seo amach anseo ráiteas airgeadais reachtach ar leith ar féidir na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha dó a chumhdach le clúdach an Chiste seo nó le haon chistiú breise atá le fáil faoi chlúdach an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil.

1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an luach breise a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Tá na dúshláin i réimse an bhainistithe teorainneacha seachtracha idirnasctha agus trasnáisiúnta ó nádúr, agus ní leor mar is féidir leis na Ballstáit dul i ngleic leo ag gníomhú dóibh ina naonar. Sonraítear in Airteagal 80 CFAE go bhfuil na comhbheartais maidir le tearmainn, imirce agus teorainneacha seachtracha bunaithe ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chóir na bhfreagrachtaí idir na Ballstáit. Is é cistiú an Aontais an sásra a thugann éifeacht d'impleachtaí airgeadais an phrionsabail sin. Is í bainistíocht chomhtháite theorainneacha seachtracha an Aontais an bealach is éifeachtaí chun na freagrachtaí sin agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leo a chomhroinnt idir na Ballstáit. Tá cistiú ón Aontas riachtanach sa réimse sin chun a áirithiú go bhfuil an bainistiú comhtháite teorainneacha láidir agus éifeachtach agus chun saorghluaiseacht daoine i limistéar Schengen a chosaint ag an am céanna. Is ó Theideal V CFAE (Limistéar saoirse, slándála agus ceartais) a dhíorthaítear ceart an Aontais gníomhú i réimse na ngnóthaí baile: seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú teorainneacha seachtracha (Airteagal 77 CFAE).

An luach breise ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post)

Ní féidir leis na Ballstáit, ag gníomhú dóibh ina naonar, dul i ngleic leis na dúshláin i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha agus an chomhbheartais víosa.

Nuair a chuirtear deireadh le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha, ní mór bearta coiteanna a dhéanamh freisin chun rialú agus faireachas éifeachtach a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha an Aontais, agus ní mór comhbheartas tearmainn agus imirce a bheith ann. Is gá sin chun limistéar Schengen a choinneáil saor ó rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha, trí chosc a chur le gluaiseachtaí tánaisteacha agus trí dhul i ngleic leo. Sonraítear in Airteagal 80 CFAE go bhfuil na comhbheartais maidir le tearmainn, imirce agus teorainneacha seachtracha bunaithe ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chóir na bhfreagrachtaí idir na Ballstáit. Is é cistiú an Aontais an sásra a thugann éifeacht d'impleachtaí airgeadais an phrionsabail sin.

Tá an tAontas ceaptha chun limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus chruthú, atá saor ó theorainneacha inmheánacha dá shaoránaigh. Sa lá atá inniu ann bíonn an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach á ndéanamh thar theorainneacha, fágann sin go bhfuil sé d'fhreagracht ar an Aontas agus ar na Ballstáit limistéar slándála a chur ar fáil ina bhfuil an duine faoi chosaint, agus sin i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Maidir leis sin, foráiltear sna Conarthaí maidir leis an ngá ardleibhéal slándála a áirithiú, trí bhearta coisctheacha agus trí chomhordú agus comhar idir údaráis phóilíneachta, bhreithiúnacha agus údaráis inniúla eile. Is ar na Ballstáit atá freagracht na líne tosaigh i gcúrsaí bainistithe agus slándála teorann, ach ní féidir leo dul i ngleic go héifeachtach le bagairtí trasnáisiúnta agus iad ag gníomhú ina naonar. Is gá uirlisí a thógáil ar an leibhéal Eorpach a chuirfidh ar a gcumas do na húdaráis náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, d'eagraíochtaí idirnáisiúnta oibriú le chéile go héifeachtach chun dul i ngleic le dúshláin choiteanna.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile chosúil am a chuaigh thart

Cuirtear san áireamh sa togra torthaí na meastóireachta ar an ionstraim chistiúcháin a bhí ann roimhe seo i réimse an bhainistithe teorainneacha agus víosaí.

Meastar gur leor scóip na hionstraime atá ann faoi láthair chun dul i ngleic leis an réimse fairsing saincheisteanna a bhaineann leis an mbainistiú teorainneacha agus víosaí. Ba cheart an ghné sheachtrach den ionstraim a neartú trí acmhainní leordhóthanacha a chur leis an ionstraim chun comhar le tríú tíortha agus i dtríú tíortha a chumhdach lenar féidir tacú le cuspóirí an Aontais i réimse an bainistithe teorainneacha.

Thairis sin, fuarthas sa mheastóireacht gur gá tuilleadh solúbthachta, trí mheascán cothrom de bhainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach a bheith ann, agus trí gan mód bainistíochta an chlúdaigh cistiúcháin iomláin a chinneadh ag tús na clárthréimhse. Fágfaidh sin freisin go mbeifear in ann na cistí a threorú i dtreo thosaíochtaí an Aontais chomh maith le dúshláin phráinneacha ar minic nach féidir iad a thuar nó pleanáil lena naghaidh ag an tús.

Bhí an simpliú ar na topaicí lenar bhain na meastóireachtaí freisin, go sonrach an gá rialacha coiteanna a leagan síos maidir le clársceidealú, tuairisciú agus bhainistiú airgeadais agus na Cistí gnóthaí baile a ailíniú le hionstraimí cistiúcháin comhchosúla de chuid an Aontais.

Ar deireadh, ba cheart tógáil ar an gcomhchreat faireacháin agus meastóireachta atá ann faoi láthair agus ba cheart é a neartú a thuilleadh le go mbeidh an ionstraim níos dírithe ar fheidhmíocht, agus le go ndéanfar tuairisciú níos fearr agus níos minice faoin dul chun cinn i dtaca le gnóthú spriocanna agus garspriocanna.

1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

Tabharfaidh roinnt ionstraimí eile de chuid an Aontais tacaíocht do ghníomhaíochtaí a chomhlánóidh na gníomhaíochta a mhaoineofar faoin ionstraim seo.

Ar an gcéad dul síos, an Ciste um Threalamh Rialaithe Custaim a thabharfaidh tacaíocht, maille leis an ionstraim seo, do ghníomhaíochtaí ag teorainneacha seachtracha an Aontais a mbeidh sé mar aidhm leo leibhéal ard slándála a áirithiú san Aontas. Is í an ionstraim seo a bheidh dírithe ar rialú daoine, agus déileálfaidh an Ciste um Threalamh Rialaithe Custaim le rialú earraí. Tabharfaidh an Ciste um Threalamh Rialaithe Custaim cistiú le haghaidh gach trealaimh, diomaite de mhodhanna iompair, a bhfuil an rialú custaim ar cheann amháin ar a laghad dá chuspóirí. Is féidir cuspóirí bainistithe teorainneacha a áireamh air sin, sa dóigh go gcomhlánaíonn an dá chiste a chéile.

Beidh tuilleadh sineirgí ann leis an gCiste Tearmainn agus Imirce. Tacóidh an ionstraim seo leis an mbainistiú imirce ó thaobh an rialaithe teorann de, ach tacóidh an Ciste Tearmainn agus Imirce leis sin ó thaobh na nósanna imeachta tearmainn d'athlonnú agus d'fhilleadh.

Thairis sin, tacóidh an ionstraim seo le bearta leantacha i dtaobh na dtorthaí ábhartha ar thaighde slándála, trí thacaíocht a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil agus úsáid thorthaí an taighde sin.

Leis na gnéithe seachtracha den ionstraim seo tacófar le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha ar gníomhaíochtaí iad a fhreastalaíonn go príomha ar leasanna agus ar chuspóirí an Aontais, a bhfuil tionchar díreach acu san Aontas agus ina Bhallstáit agus a áirithíonn leanúnachas le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme i gcríoch an Aontais. Déanfar an cistiú sin a cheapadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir le gníomhaíochtaí seachtracha agus beartas seachtrach an Aontais, mar shampla , trí cheangal a chur ar na Ballstáit dul i gcomhairle leis an gCoimisiún sula dtionscnóidh siad gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó le tríú tíortha.

Ar deireadh, áiritheofar go mbeidh sineirgí ann le cistiú ón Aontas i réimse an fhaireachais mhuirí agus na slándála muirí óir fágfaidh an ionstraim seo go bhféadfar, i measc nithe eile, trealamh il-úsáide agus modhanna iompair a cheannach. Déanfaidh sé sin uasmhéadú ar an gcistiú a bheidh le fáil agus cothóidh sé comhar idir na húdaráis ábhartha i ndáil leis an gné mhuirí.

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón 1.1/2021 go dtí an 31.12/2027

   Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 62

Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin 63

Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

Nótaí

Cuirfear an ionstraim atá beartaithe chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach. Is ar na cláir náisiúnta faoi bhainistíocht chomhroinnte a leithdháilfear an chuid is mó de na hacmhainní. Leithdháilfear an chuid eile ar shaoráid théamach ab fhéidir a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha (arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit go náisiúnta nó go trasnáisiúnta), gníomhaíochtaí de chuid an Aontais (bainistíocht dhíreach/indíreach), cúnaimh éigeandála (bainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach), aistriú agus athlonnú (bainistíocht chomhroinnte) agus Gréasán Imirce na hEorpa (bainistíocht dhíreach).

Is le bainistíocht dhíreach a chuirfear chun feidhme an cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún. 

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Bainistíocht dhíreach/indíreach:

Déanfaidh an Coimisiún faireachán díreach ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí de réir na socruithe a bhfuil tuairisc orthu sna comhaontuithe deontais, sna comhaontuithe tarmligthe le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcás inarb infheidhme agus sna conarthaí leis na tairbhithe.

Bainistíocht chomhroinnte:

Bunóidh gach Ballstát córas bainistithe agus rialaithe dá chlár agus áiritheoidh sé cáilíocht agus iontaofacht an chórais faireacháin agus na sonraí faoi tháscairí, i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Chun tosú tapa ar an gcur chun feidhme a éascú, is féidir leanúint, sa chéad chlárthréimhse eile, d'úsáid córas bainistithe agus rialaithe a fheidhmíonn go maith.

Sa chomhthéacs sin, iarrfar ar na Ballstáit coiste faireacháin a chur ar bun a mbeidh an Coimisiún rannpháirteach ann i gcáil comhairleora. Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh sé athbhreithniú ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear do dhul chun cinn an chláir maidir lena chuspóirí a ghnóthú.

Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht ar aghaidh, ina leagfar amach faisnéis faoin dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir agus gnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna. Ina theannta sin, tráchtfar sa tuarascáil ar aon saincheisteanna a imríonn tionchar ar fheidhmíocht an chláir agus tabharfar tuairisc ar na bearta arna ndéanamh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin.

Ag deireadh na tréimhse, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht isteach. Ba cheart an tuarascáil deiridh a bheith dírithe ar an dul chun cinn arna dhéanamh i dtaca le gnóthú chuspóirí an chláir agus ba cheart forléargas a bheith ann ar na príomhshaincheisteanna a rinne difear d'fheidhmíocht na tíre, ar na bearta arna ndéanamh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin agus ar an measúnú ar éifeachtacht na mbeart sin. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfí i láthair inti rannchuidiú an chláir maidir le dul i ngleic leis an dúshláin arna sainaithint sna moltaí ábhartha ón Aontas don Bhallstát, an dul chun cinn i dtaca le gnóthú na spriocanna a leagtar amach sa chreat feidhmíochta, torthaí na meastóireachtaí ábhartha agus na bearta leantacha arna ndéanamh maidir leis na torthaí sin agus torthaí na ngníomhaíochtaí cumarsáide.

De réir thogra RFC, cuirfidh an Ballstát pacáiste dearbhaithe ar aghaidh gach bliain, ina mbeidh na cuntais bhliantúla, an dearbhú bainistíochta agus tuairimí an údaráis iniúchóireachta maidir leis na cuntais, an córas bainistithe agus rialaithe agus dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais arna dhearbhú sna cuntais bhliantúla. Úsáidfidh an Coimisiún an pacáiste sin chun an méid is inmhuirir i leith an Chiste son bhliain chuntasaíochta a chinneadh.

Eagrófar cruinniú athbhreithnithe idir an Coimisiún agus gach Ballstát gach re bliain chun feidhmíocht gach cláir a scrúdú.

Sé huaire in aghaidh na bliana, cuirfidh na Ballstáit sonraí ar aghaidh maidir le gach clár, arna miondealú de réir cuspóirí sonracha. Bainfidh na sonraí sin le costas na noibríochtaí agus le luachanna na táscairí coiteanna aschuir agus toraidh.

Go ginearálta:

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach ar na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoi gCiste seo, i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Ba cheart an mheastóireacht mheántéarma a bheith bunaithe go háirithe ar an meastóireacht mheántéarma ar chláir arna cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2024.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

Léirigh na meastóireachtaí ex post ar chistí AS HOME 2007-2013 agus na meastóireachtaí idirmheánacha ar na cistí atá ag AS HOME faoi láthair gur fhág an meascán modhanna seachadta a bhí ann i réimsí na himirce agus na ngnóthaí baile go raibh bealach éifeachtach ann chun cuspóirí na gcistí a ghnóthú. Coinneofar an leagan amach iomlánaíoch atá ar na sásraí seachadta agus cuimseofar bainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach.

Faoi bhainistíocht chomhroinnte, cuireann na Ballstáit cláir chun feidhme a rannchuidíonn le cuspóirí beartais an Aontais, agus atá saincheaptha dá gcúinsí náisiúnta féin. Áirithíonn an bhainistíocht chomhroinnte go bhfuil an tacaíocht airgeadais ar fail sna stáit rannpháirteacha uile. Thairis sin, faoi bhainistíocht chomhroinnte bíonn intuarthacht cistiúcháin ann agus is féidir leis na Ballstáit, ar acu atá an teolas is fearr ar na dúshláin atá rompu féin, a maoiniú fadtéarmach a phleanáil dá réir. An cistiú breisithe le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha (a dteastaíonn comhar idir na Ballstáit ina leith nó más gá cistiú breise a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó de thoradh cúinsí atá tagtha chun cinn san Aontas) agus le haghaidh gníomhaíochtaí athlonnaithe agus aistrithe, is féidir é a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Nuair a thagann cúinsí nua chun cinn, is féidir leis an gCiste cúnamh éigeandála a thabhairt faoi bhainistíocht chomhroinnte, maille leis an mbainistíocht dhíreach agus indíreach.

Faoi bhainistíocht dhíreach, tacaíonn an Coimisiún le gníomhaíochtaí eile a rannchuidíonn le cuspóirí comhbheartais an Aontais. Cuireann na gníomhaíochtaí tacaíocht shaincheaptha ar fáil maidir le riachtanais phráinneacha shonracha i mBallstáit ar leith ('cúnamh éigeandála'), tacaíonn siad le líonraí agus le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta, tástálann siad gníomhaíochtaí nuálacha ab fhéidir a mhéadú faoi chláir náisiúnta agus cumhdaíonn siad staidéir atá le leas an Aontais ina iomláine ('gníomhaíochtaí an Aontais').

Faoi bhainistíocht indíreach, coinníonn an Ciste an deis cúraimí cur chun feidhme buiséid a tharmligean, inter alia, chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí gnóthaí baile chun críocha áirithe.

I bhfianaise na gcuspóirí agus na riachtanais éagsúla, tá saoráid théamach á beartú faoin gCiste mar bhealach cothromaíocht a fháil idir intuarthacht i ndáil le leithdháileadh ilbhliantúil an chistithe ar na cláir náisiúnta agus solúbthacht chun cistiú a íoc amach go tráthrialta le haghaidh gníomhaíochtaí lena mbaineann ardleibhéal breisluacha don Aontas. Úsáidfear an tsaoráid théamach le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha sna Ballstáit agus i measc na mBallstát, gníomhaíochtaí an Aontais, cúnamh éigeandála, athlonnú agus athshuíomh. Áiritheofar léi gur féidir cistí a leithdháileadh agus a aistriú idir na modhanna éagsúla bainistíochta thuasluaite, ar bhonn timthriall clársceidealaithe dhá bhliain.

Tá tuairisc ar na socruithe íocaíochta don bhainistíocht chomhroinnte i dtogra RFC ina bhforáiltear maidir le réamhmhaoiniú bliantúil, agus ina dhiaidh sin ceithre híocaíocht eatramhacha in aghaidh an chláir agus na bliana bunaithe ar na hiarratais ar íocaíocht arna gcur ar aghaidh ag na Ballstáit le linn na bliana cuntasaíochta. Dála thogra RFC, imréiteofar an réamhmhaoiniú laistigh de bhliain chuntasaíochta na gclár.

Beidh an straitéis rialaithe bunaithe ar an Rialachán Airgeadais nua agus ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Leis an Rialachán Airgeadais nua agus an togra don RFC ba cheart cur leis an úsáid a bhaintear as foirmeacha simplithe deontas amhail cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costais aonaid. Tabharfar isteach foirmeacha nua íocaíochtaí freisin, bunaithe ar na torthaí arna mbaint amach, seachas an costas. Beidh tairbhithe in ann méid sheasta airgid a fháil má chruthaíonn siad go ndearnadh bearta áirithe amhail cúrsaí oiliúna nó soláthar cúnaimh éigeandála. Meastar go simpleoidh sé sin an tualach rialaithe ar leibhéal an tairbhí agus ar leibhéal an Bhallstáit araon (e.g. seiceáil billí agus admhálacha costais).

I gcás bainistíocht chomhroinnte, forbairt is ea togra RFC 64 ar an straitéis bainistithe agus rialaithe atá i bhfeidhm do chlárthréimhse 2014-2020, ach tabharfar isteach bearta áirithe freisin a mbeidh sé mar aidhm leo an cur chun feidhme a shimpliú agus an tualach rialaithe a laghdú ar leibhéal na dtairbhithe agus mBallstát araon. Ar na nithe nua tá:

- deireadh leis an nós imeachta ainmniúcháin (ba cheart go mbeifí in ann dlús a chur le cur chun feidhme na gclár mar gheall air);

- fíoruithe bainistíochta (de chineál riaracháin agus ar an láthair) atá le déanamh ag an údarás bainistíochta ar bhonn riosca (in áit na rialuithe riaracháin 100% a bhí ina gceangal le linn na clárthréimhse 2014-2020). Thairis sin, ar choinníollacha áirithe, féadfaidh na húdaráis bhainistíochta socruithe rialaithe comhréireacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta;

- coinníollacha chun an iliomad iniúchtaí ar an aon oibríocht/chaiteachas amháin a sheachaint.

Cuirfidh údaráis an chláir éilimh eatramhacha ar íocaíochtaí faoi bhráid an Choimisiúin bunaithe ar an gcaiteachas arna thabhú ag na tairbhithe. Faoi thogra RFC, beidh na húdaráis bhainistíochta in ann fíoruithe bainistíochta a dhéanamh ar bhonn riosca agus foráiltear ann freisin maidir le rialuithe sonracha (e.g. rialuithe ar an láthair ag an údarás bainistíochta agus iniúchtaí ar oibríochtaí/chaiteachas ag an údarás iniúchóireachta) tar éis an caiteachas lena mbaineann a bheith dearbhaithe don Choimisiún sna héilimh eatramhacha ar íocaíochtaí. Chun an riosca a mhaolú go naisíocfaí caiteachas neamhincháilithe, cuirfidh RFC uasteorainn 90% le híocaíochtaí eatramhacha an Choimisiúin, ós rud é nach mbeidh ach cuid de na rialuithe náisiúnta déanta faoin tráth sin. Íocfaidh an Coimisiún an fuílleach tar éis an chleachtais bhliantúil lena nimréitítear na cuntais, nuair a gheobhaidh sé an pacáiste dearbhaithe ó údaráis an chláir. Féadfar glancheartúchán airgeadais teacht d’aon neamhrialtacht a bhraithfidh an Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar éis tharchur an phacáiste dearbhaithe bhliantúil.

2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Bainistíocht chomhroinnte:

Níor bhain rioscaí móra earráide le cláir chaiteachais AS HOME go dtí seo. Deimhniú air sin gur minic nach mbíonn aon rud suntasach aimsithe i dtuarascálacha bliantúla na Cúirte Iniúchóirí. Thairis sin, tá athbhreithniú déanta cheana féin ag AS HOME ar a bhunús dlí (Rialachán (AE) 2015/378 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 1042/2014) chun tuilleadh ailínithe a dhéanamh le creat rialaithe na gCistí eile faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus a samhail dearbhaithe, agus chun an leibhéal íseal earráidí ina chláir chaiteachais a chaomhnú. Cuid den iarracht ailínithe sin is ea an togra seo, óir tá a chreat rialaithe ag teacht leis na hardstiúrthóireachtaí eile a bhainistíonn cláir faoi bhainistíocht chomhroinnte.

Faoi bhainistíocht chomhroinnte, na rioscaí ginearálta maidir le cur chun feidhme na gclár atá ann faoi láthair, baineann siad le cur chun feidhme easnamhach an Chiste ag na Ballstáit agus le hearráidí ab fhéidir a bheith ann de dheasca a chasta atá na rialacha agus de dheasca laigí sna córais bhainistithe agus rialaithe. Simpleoidh an RFC an creat rialála trí na rialacha agus na córais bhainistithe agus rialaithe a chomhchuibhiú i gcás na gCistí éagsúla a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ina theannta sin, ceadóidh sé ceanglais rialaithe a bheidh difreáilte de réir riosca (e.g. fíoruithe bainistíochta bunaithe ar riosca, an deis socruithe rialaithe comhréireacha a bheith ann bunaithe ar nósanna imeachta náisiúnta, teorainneacha le hobair iniúchóireachta ó thaobh amú de agus/nó oibríochtaí sonracha).

Bainistíocht dhíreach/indíreach:

De réir na hanailíse a rinneadh le déanaí ar na príomhchineálacha earráidí a bhraitear in iniúchtaí ex post, agus ar na príomhchúiseanna atá leo, eascraíonn na príomhchásanna de neamhchomhlíonadh as drochbhainistíocht airgeadais ar na deontais arna mbronnadh ar thairbhithe, as doiciméid tacaíochta a bheith easnamhach nó in easnamh, as soláthar poiblí mícheart, agus as costais nár buiséadaíodh.

Dá bhíthin sin, is iad na nithe seo is mó is cúis leis na rioscaí:

– cáilíocht na dtionscadal roghnaithe agus a gcur chun feidhme ina dhiaidh sin a áirithiú, treoir dhoiléir nó neamhiomlán a tugadh do thairbhithe nó easpa faireacháin;

– an riosca go núsáidfear ar dhóigh neamhéifeachtúil nó neamhthíosach na cistí arna mbronnadh, i gcás deontas (an chastacht a bhaineann le costais incháilithe iarbhír a aisíoc maille le deiseanna teoranta costais incháilithe a sheiceáil ag an deasc) agus i gcás soláthair freisin (líon srianta d’oibreoirí eacnamaíocha, uaireanta, ag a bhfuil an saineolas atá de dhíth, rud a fhágann nach féidir tairiscintí praghsanna a chur i gcomparáid);

– riosca a bhaineann le cumas eagraíochtaí beaga (go háirithe) rialú éifeachtach a dhéanamh ar chaiteachas agus trédhearcacht na noibríochtaí a dhéanann siad a áirithiú;

– riosca do chlú an Choimisiúin, má aimsítear calaois nó gníomhaíochtaí coiriúla; ní féidir ach dearbhú páirteach a fháil as córais rialaithe inmheánaigh tríú páirtithe i ngeall ar an líon measartha ard conraitheoirí agus tairbhithe ilchineálacha, agus iad ar fad ag feidhmiú a gcóras rialaithe féin, agus iad measartha beag go minic.

Meastar go laghdófar formhór na rioscaí sin a bhuí le dearadh níos fearr a bheith ar na glaonna ar thograí, an treoir do thairbhithe, an spriocdhíriú ar thograí agus úsáid níos fearr a bheith á baint as costais shimplithe agus trasspleáchas ar iniúchtaí agus ar mheasúnuithe mar atá ar áireamh sa Rialachán Airgeadais nua.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

Bainistíocht chomhroinnte:

Meastar go bhfanfaidh costas na rialuithe mar atá sé nó go bhféadfadh laghdú a theacht air i gcás na mBallstát. Don chlárthréimhse reatha (2014-2020), ó bhí 2017 ann, meastar gurb é a bhí i gcostas carnach an rialaithe ag na Ballstáit tuairim is 5% de mhéid iomlán na níocaíochtaí arna niarraidh ag na Ballstáit don bhliain 2017.

Meastar go dtiocfaidh laghdú ar an gcéatadán sin a bhuí le gnóthachain éifeachtúlachta maidir le cur chun feidhme na gclár agus méadú ar na híocaíochtaí leis na Ballstáit.

De thoradh an chur chuige bunaithe a riosca maidir le bainistiú agus rialú atá á thabhairt isteach le RFC, maille leis an iarracht threisithe roghanna costais simplithe a ghlacadh, meastar go laghdófar costas na rialuithe a thuilleadh i gcás na mBallstát.

Bainistíocht dhíreach/indíreach:

Is ionann costas na rialuithe agus tuairim is 2.5 % de na híocaíochtaí a rinne AS HOME. Táthar ag súil go bhfanfaidh sé sin cobhsaí nó go laghdóidh sé beagán i gcás ina leathnófar úsáid roghanna costais simplithe sa chéad chlárthréimhse eile.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá cosc agus brath na calaoise ar cheann de na cuspóirí atá ag an rialú inmheánach mar atá leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus is saincheist mhór rialachais freisin é, nach mór don Choimisiún déileáil leis feadh thimthriall an chaiteachais ina iomláine.

Ina theannta sin, is é príomhaidhm straitéis frithchalaoise AS HOME calaois a chosc, a bhrath agus a leigheas, ag áirithiú, inter alia, go bhfuil a rialuithe inmheánacha frithchalaoise ailínithe go hiomlán le straitéis frithchalaoise an Choimisiúin agus go bhfuil a chur chuige bainistíochta riosca calaoise dírithe ar limistéir riosca calaoise agus freagairtí leordhóthanacha a aithint.

Maidir leis an mbainistíocht chomhroinnte, áiritheoidh na Ballstáit dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais atá ar áireamh sna cuntais a chuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun neamhrialtachtaí, lena náirítear calaois, a chosc, a bhrath agus a cheartú. Dála na clárthréimhse reatha (2014-2020) 65 beidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm acu chun neamhrialtachtaí a bhrath agus maidir leis an bhfrithchalaois agus beidh sé d'oibleagáid orthu tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir le haon neamhrialtacht, lena náirítear amhras calaoise agus calaois léirithe i réimsí na bainistíochta comhroinnte. Leanfaidh bearta frithchalaoise de bheith ina prionsabal ginearálta agus ina noibleagáid ar na Ballstáit.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal 4: 'Imirce agus bainistiú teorainneacha'

LD/LN 66 .

ó thíortha de chuid CSTE 67

ó thíortha is iarrthóirí 68

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

4

11.02.01 — Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí (IBTV) 

LD.

NÍL

NÍL

NÍL

4

11.01.01 — Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí (IBTV) (Cúnamh teicniúil)

LN

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

4

'Imirce agus bainistiú teorainneacha'

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (de réir na línte buiséid a liostaítear faoi 3.1)

Gealltanais

(1)

605.643

1 152.796

1 165.153

1 244.444

1 257.299

1 270.410

1 280.255

7 976.000

Íocaíochtaí

(2)

39,834

73,210

308,262

830,687

1.223,613

1.211,502

1.206,009

3.082,882

7 976.000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir 69  

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

5.654

5.767

5.882

6.000

6.120

6.242

6.335

42.000

IOMLÁN leithreasuithe d'imchlúdach an chláir

Gealltanais

=1+3

611.297

1 158.563

1 171.035

1 250.444

1 263.419

1 276.652

1 286.590

8 018.000

Íocaíochtaí

=2+3

45,488

78,977

314,144

836,687

1.229,733

1.217,744

1.212,344

3.082,882

8 018.000



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

“Caiteachas riaracháin”

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a úsáid arna niontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach , a uaslódáiltear chuig DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

10.329

11.473

13.046

13.046

13.046

13.046

13.046

 

87.032

Caiteachas riaracháin eile

0.202

0.202

0.202

0.202

0.202

0.202

0.202

 

1.412

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

10.531

11.675

13.248

13.248

13.248

13.248

13.248

 

88.444

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

621.83

1 170,24

1 184,28

1 263,69

1 276,67

1 289,90

 

1 299,84

-

8 106,44

Íocaíochtaí

56,02

90,65

327,39

849,93

1.242,98

1.230,99

1.225,59

3.082,88

8 106,44

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

10.329

11.473

13.046

13.046

13.046

13.046

13.046

87.032

Caiteachas riaracháin eile

0.202

0.202

0.202

0.202

0.202

0.202

0.202

1.412

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

10.531

11.675

13.248

13.248

13.248

13.248

13.248

88.444

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 70
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eilede chineál riaracháin

5.654

5.767

5.882

6.000

6.120

6.242

6.335

42.000

Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

5.654

5.767

5.882

6.000

6.120

6.242

6.335

42.000

IOMLÁN

16.185

17.442

19.130

19.248

19.368

19.490

19.583

130.444

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athimlonnaithe laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

65

73

84

84

84

84

84

Toscaireachtaí

3

3

3

3

3

3

3

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) - AC, LA, SNE, INT agus JPD  71

Ceannteideal 7

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa cheanncheathrú

8

8

8

8

8

8

8

- toscaireachtaí

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir 

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN

76

84

95

95

95

95

95

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a athimlonnófar laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Na 95 ball foirne FTE faoi 2027, sin iomlán na mball foirne is gá le haghaidh chur chun feidhme agus bhainistiú an Chiste. Cuimsítear ann na baill foirne atá ag obair in AS HOME i ndáil le CSI cheana féin (bunlíne: 66 FTE = 6 CA, 22 AST, 36 AD lena náirítear 1 AD i dtoscaireacht, 1 SNE, 1 INT) amhail Aibreán 2018 agus baill foirne breise (+6 AST, +23 AD , 2 díobh do na toscaireachtaí). Féach thíos tuairisc ar chúraimí na mball foirne breise sin:

Pleanáil, clársceidealú, caidreamh le Gníomhaireachtaí (+1 AST, + 2 AD):

- ionchur sa nós imeachta buiséadach a sholáthar,

- nasc a chruthú idir cistí agus gníomhaireachtaí (e.g. deontais/comhaontuithe tarmligin do ghníomhaireachtaí) lena náirítear 1 AD don chaidreamh le Frontex go heisiach.

Iniúchtaí, OLAF, CIE (+5 AD):

- rialuithe a dhéanamh, de réir na tuairisce orthu thuas (fíorú ex ante,coiste soláthair, iniúchtaí ex post, iniúchtaí inmheánacha, imréiteach na gcuntas),

- bearta leantacha ar na hiniúchtaí arna mbainistiú ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach agus ag CIE.

Bainistíocht dhíreach (+2 AST, +2 AD):

- cláir oibre bhliantúla/cinntí maoiniúcháin a ullmhú, tosaíochtaí bliantúla a leagan amach,

- cumarsáid leis na páirtithe leasmhara (tairbhithe ionchasacha/iarbhír, Ballstáit, etc.),

- bainistiú a dhéanamh ar ghlaonna ar thograí agus ar ghlaonna ar thairiscintí agus ar na nósanna imeachta roghnúcháin ina ndiaidh sin,

- bainistiú oibríochtúil ar thionscadail.

Bainistíocht chomhroinnte (lena náirítear saoráid théamach) (+2 AST, + 6AD):

- idirphlé beartais a dhéanamh leis na Ballstáit,

- cláir náisiúnta a bhainistiú,

- treoirlínte do na Ballstáit a dhréachtú,

- uirlisí TF bainistithe deontas agus clár náisiúnta a fhorbairt agus a bhainistiú.

Sineirgí leis na cistí eile (+2 AD):

- comhordú le cistí na gné seachtraí,

- comhordú i gcomhthéacs RFC,

- sineirgí agus comhlántacht le cistí eile.

Bainistíocht airgeadais (+1 AST):

- tionscamh airgeadais agus fíorú airgeadais,

- cuntasaíocht,

- faireachán agus tuairisciú ar ghnóthú cuspóirí, lena náirítear tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus tuarascálacha an oifigigh údarúcháin fhotharmligthe.

Baill foirne do stiúrthóireachtaí eile a oibreoidh ar chúrsaí maoiniúcháin (+ 4 AD):

- Oifigigh bheartais atá páirteach i gcur chun feidhme na gcistí (e.g. meastóireacht ar thuarascálacha teicniúla ó thairbhithe faoi bhainistíocht dhíreach, athbhreithniú ar thuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme i gcás na bainistíochta comhroinnte).

Pearsanra seachtrach

Tá na cúraimí inchurtha leis na cúraimí atá ar oifigigh agus ar ghníomhairí ar conradh, diomaite de na cúraimí nach féidir le pearsanra seachtrach a dhéanamh.

Daoine i dtoscaireachtaí

+ 2 AD: Chun forbairt an chur chun feidhme beartais i réimse na ngnóthaí baile a leanúint, go háirithe an ghné sheachtrach di, is gá a leordhóthain saineolais ar ghnóthaí baile a bheith ag toscaireachtaí an Aontais. D'fhéadfadh baill foirne ón gCoimisiún Eorpach agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith i gceist leis sin.

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Leis an togra/tionscnamh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

BS

BS

BS

BS

BS

BS

BS

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 72

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal …………

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Socrófar an méid cruinn trí chomhaontuithe déthaobhacha idir an Coimisiún agus na tíortha aonair a bhaineann le Schengen. Déanfar an comhaontú a chaibidliú amach anseo.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    COM(2015) 240 críochnaitheach an 13 Bealtaine 2015.
(2)    IO C […], […], lch. […].
(3)    Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh.  2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh  2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(4)    Buiséad Nua-aoiseach d’Aontas a Choimircíonn, a Chumasaíonn agus a Chosnaíonn: An Creat Airgeadais Ilbhliantúil do 2021-2027, COM(2018) 321, 2.5.2018.
(5)    Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste um Theorainneacha Seachtracha don tréimhse 2007 go 2013 mar chuid den chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabh Imirce” (IO L 144, 6.6.2007, lch. 22).
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
(7)    COM(2018) 321 críochnaitheach an 2 Bealtaine 2018.
(8)    Rialachán (AE) ../..
(9)    COM(2018) 375 an 29 Bealtaine 2018.
(10)    IO L […], […], lch. […].
(11)    IO C , , lch. .
(12)    IO C , , lch. .
(13)    Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(14)    COM(2015) 240 final an 13 Bealtaine 2015.
(15)     http://www.consilium.europa.eu/en/press/pressreleases/2016/12/15/euco-conclusionsfinal/
(16)     Conclúidí ón gComhairle Eorpach , 22-23 Meitheamh 2017.
(17)    COM(2017) 794 final.
(18)    Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
(19)    IO L […], […], lch. […].
(20)    IO L […], […], lch. […].
(21)    IO L 144, 6.6.2007, lch. 22.
(22)    Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
(23)    Rialachán (AE) 2017/2226 an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
(24)    Rialachán (CE) Uimh. 767/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
(25)    COM(2016) 731 final an 16 Samhain 2016.
(26)    COM(2016) 272 final/2 an 4 Bealtaine 2016.
(27)    COM(2016) 881 final, 882 final agus 883 final an 21 Nollaig 2016.
(28)    COM(2017) 344 final an 29 Meitheamh 2017.
(29)    COM(2017) 794 final an 12 Nollaig 2017.
(30)    EUCO 22/15 CO EUR 8 CONCL 3.
(31)    Rialachán (CE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).
(32)    IO L 236, 23.9.2003, lch. 946.
(33)    Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena mbunaítear Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) sonrach, Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) agus lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus an Lámhleabhar Coiteann (IO L 99, 17.4.2003, lch. 8).
(34)    Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le formáidí aonfhoirmeacha le haghaidh Doiciméid Idirthurais Éascaithe (FTD) agus Doiciméid Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 (IO L 99, 17.4.2003, lch. 15).
(35)    IO L […], […], lch. […].
(36)    Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).
(37)    Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle an 26 Aibreán 2005 lena mbunaítear Gníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 lena mbunaítear córas um rialú is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (IO L 128, 21.5.2005, lch. 1).
(38)    Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur) (IO L 295, 6.11.2013, lch. 11).
(39)    IO C , , lch. .
(40)    IO C , , lch. .
(41)    IO C […], […], lch. […].
(42)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(43)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch.1).
(44)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(45)    Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(46)    Treoir (AE) 2017/1939 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle anIúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(47)    Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(48)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016; IO L 123, 12.5.2016, lch. 1-14
(49)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(50)    IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(51)    IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(52)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an  thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(53)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(54)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).
(55)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(56)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(57)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(58)    IO C […], […], […], lch.
(59)    IO L [..], [...], lch.
(60)    Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
(61)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(62)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx
(63)    D’fhéadfadh sé go ndéanfaí an clár a tharmligean (i bpáirt) go gníomhaireacht feidhmiúcháin, faoi réir thoradh na hanailíse costais is tairbhe agus cinntí gaolmhara le glacadh, agus faoi réir na leithreasuithe riaracháin gaolmhara um chur i bhfeidhm an Chláir sa Choimisiún agus sa ghníomhaireacht feidhmiúcháin a chur in oiriúint dá réir sin.
(64)    COM(2018) 375 final.
(65)    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1042/2014 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2014, Iarscríbhinn I; Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/1973 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015.
(66)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(67)    CSTA: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(68)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(69)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(70)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(71)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmí Sóisearach i dToscaireacht.
(72)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra),  mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. ollmhéideanna lúide na nasbhaintí ábhartha le haghaidh costais bhailiúcháin.

Strasbourg,12.6.2018

COM(2018) 473 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí

{SWD(2018) 347 final}
{SWD(2018) 348 final}
{SEC(2018) 315 final}


IARSCRÍBHINN I

Critéir maidir le leithdháileadh cistí ar na cláir faoi bhainistíocht chomhroinnte

1.Déanfar na hacmhainní atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 10 a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

(a)gheobhaidh gach Ballstát méid seasta EUR 5 000 000 ón ionstraim ag tús na clárthréimhse amháin;

(b)méid EUR 157 200 000 don Scéim Idirthurais Speisialta a leithdháilfear ar an Liotuáin ag tús na clárthréimhse amháin;

(c)agus leithdháilfear na hacmhainní atá fágtha dá dtagraítear in Airteagal 10 bunaithe ar na critéir seo a leanas:

30 % i gcomhair teorainneacha seachtracha talún;

35 % i gcomhair teorainneacha seachtracha muirí;

20 % i gcomhair aerfort.

15 % i gcomhair oifigí consalacha.

2.Déanfar na hacmhainní atá ar fáil faoi mhír 1(c) i gcomhair teorainneacha seachtracha talún agus teorainneacha seachtracha muirí a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

(a)70 % i gcomhair fad a dteorainneacha seachtracha talún agus a dteorainneacha seachtracha muirí, a ndéanfar a ríomh ar bhonn fachtóirí ualaithe i gcomhair gach cuid shonrach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 1 , a chinnfear i gcomhréir le mír 11; agus

(b)30 % don ualach oibre ag a dteorainneacha seachtracha talún agus a dteorainneacha seachtracha muirí, mar a chinnfear i gcomhréir le mír 7(a).

3.Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta an tualú dá dtagraítear i mír 2(a) a chinneadh i gcomhréir le mír 11.

4.Déanfar na hacmhainní a bheidh ar fáil faoi mhír 1(c) i gcomhair aerfort a roinnt ar na Ballstáit de réir an ualaigh oibre ag a naerfoirt, mar a chinnfear i gcomhréir le mír 7(b).

5.Déanfar na hacmhainní atá ar fáil faoi mhír 1(c) i gcomhair oifigí consalacha a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

(a)50 % do líon oifigí consalacha (gan consalachtaí oinigh san áireamh) na mBallstát sna tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE)Uimh. 539/2001 2 ón gComhairle, agus

(b)50 % den ualach oibre i dtaca le beartas víosaí a bhainistiú ag oifigí consalacha na mBallstát sna tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, mar a chinnfear i gcomhréir le mír 7(c) den Iarscríbhinn seo.

6.Chun críche acmhainní a leithdháileadh faoi mhír 1(c), ciallóidh 'teorainneacha seachtracha muirí' teorainn sheachtrach fharraige teorann na mBallstát mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagail 4 go 16 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige. Ach, i gcásanna ina bhfuil oibríochtaí fadtréimhseacha ag teastáil ar bhonn rialta chun imirce neamhdhleathach/dul isteach neamhdhleathach a chosc, is é a bheidh iontu teorainn fhorimeallach na limistéar ina bhfuil bagairt ard. Déanfar an sainmhíniú ar 'theorainneacha muirí seachtracha' i dtaca leis seo a chinneadh trí na sonraí oibríochtúla a chuir na Ballstáit lena mbaineann ar fáil le dhá bhliain anuas a chur san áireamh. Bainfear úsáid go heisiach as an sainmhíniú seo chun críche an Rialacháin seo.

7.Chun críocha an leithdháilte tosaigh den mhaoiniúchán, bunófar an measúnú ar an ualach oibre ar na meánfhigiúirí is déanaí atá ar fáil lena gcumhdaítear na 36 mhí díreach roimhe sin ar dháta infheidhmeacht an Rialacháin seo. Chun críocha an athbhreithnithe mheántéarmach, bunófar an measúnú ar an ualach oibre ar na meánfhigiúirí is déanaí atá ar fáil lena gcumhdaítear na 36 mhí díreach roimhe sin tráth an mheasúnaithe mheántéarmaigh in 2024. Bunófar an measúnú ar an ualach oibre ar na fachtóirí seo a leanas:

(a)ag teorainneacha seachtracha talún agus teorainneacha seachtracha muirí:

(1)70 % don líon trasnuithe teorann seachtraí ag pointí trasnaithe teorann údaraithe;

(2)30 % don líon náisiúnach tríú tíre a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag na teorainneacha seachtracha.

(b)ag aerfoirt:

(1)70 % don líon trasnuithe teorann seachtraí ag pointí trasnaithe teorann údaraithe;

(2)30 % don líon náisiúnach tríú tíre a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag na teorainneacha seachtracha.

(c)ag oifigí consalacha:

an líon iarratas ar víosaí le haghaidh gearrfhanachtaí nó idirthuras aerfoirt.

8.Déanfar na figiúirí tagartha don líon oifigí consalacha dá dtagraítear i mír 5(a) a ríomh de réir na faisnéise atá in Iarscríbhinn 28 a ghabhann le Cinneadh C(2010) 1620 an 19 Márta 2010 ón gCoimisiún lena mbunaítear an Lámhleabhar le haghaidh iarratais ar víosaí a phróiseáil agus ar víosaí a eisíodh cheana a mhodhnú.

I gcás nach gcuireann na Ballstáit na staitisticí lena mbaineann ar fáil, bainfear úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil i leith na mBallstát sin. I gcás nach mbeidh aon sonraí ar fáil i leith Ballstáit, is é nialas an figiúr tagartha a bheidh ann.

9.Is é a bheidh sna figiúirí tagartha don ualach oibre dá dtagraítear:

(a)i mír 7(a)(1) agus mír 7(b)(1) na staitisticí is déanaí a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais;

(b)i mír 7(a)(2) agus 7(b)(2) na staitisticí is déanaí a bheidh curtha ar fáil ag an gCoimisiún (Eurostat) ar bhonn na sonraí a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais;

(c)i mír 7(c) na staitisticí is déanaí a sholáthróidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 46 den Chód Víosaí 3 .

(d)I gcás nach gcuireann na Ballstáit na staitisticí lena mbaineann ar fáil, bainfear úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil i leith na mBallstát sin. I gcás nach mbeidh aon sonraí ar fáil i leith Ballstáit, is é nialas an figiúr tagartha a bheidh ann.

10.Soláthróidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta tuarascáil don Choimisiún ar roinnt na nacmhainní i dtaca le teorainneacha seachtracha talún, teorainneacha seachtracha muirí agus aerfoirt, dá dtagraítear i mír 1(c).

11.Chun críocha an leithdháilte tosaigh, déanfar a shainaithint leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 10 an meánleibhéal bagartha i ngach cuid den teorainn bunaithe ar na meánfhigiúirí is déanaí lena gcumhdaítear na 36 mhí díreach roimhe sin ar dháta infheidhmeacht an Rialacháin seo. Chun críocha an athbhreithnithe mheántéarmach, déanfar a shainaithint leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 10 an meánleibhéal bagartha i ngach cuid den teorainn bunaithe ar na meánfhigiúirí is déanaí lena gcumhdaítear na 36 mhí díreach roimhe tráth an mheasúnaithe mheántéarmaigh in 2024. Cinnfear léi na fachtóirí ualaithe sonracha seo a leanas in aghaidh na coda trí na leibhéil bhagartha a shainmhínítear in Rialachán (AE) Uimh 1052/2013 a chur i bhfeidhm:

(a)fachtóir 0.5 maidir le bagairt íseal;

(b)fachtóir 3 maidir le meánbhagairt

(c)fachtóir 5 maidir le bagairt ard;

(d)fachtóir 8 maidir le bagairt chriticiúil.



IARSCRIBHINN II

Bearta cur chun feidhme

1.Rannchuideoidh an ionstraim leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(a) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)feabhas a chur ar an rialú teorann i gcomhréir le hAirteagal 4(a) de Rialachán (AE) 2016/1624 trí:

i.atreisiú a dhéanamh ar na cumais chun seiceálacha agus faireachas a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha lena náirítear bearta chun coireacht trasteorann, amhail smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine daonna agus an sceimhlitheoireacht, a chosc agus a bhrath;

ii.tacú leis an gcuardach agus an tarrtháil i gcomhthéacs faireachas teorann a dhéanamh ar muir;

iii.bearta oibríochtúla agus teicniúla a chur chun feidhme i limistéar Schengen a bhfuil baint acu le rialú teorann;

iv.anailís a dhéanamh ar na rioscaí atá ann don tslándáil inmheánach agus anailís ar aon bhagairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú nó do shlándáil na dteorainneacha seachtracha;

v.tacú, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, le Ballstáit a bhfuil brú díréireach imirce orthu nó a d'fhéadfadh a bheith orthu ag teorainneacha seachtracha an Aontais, lena náirítear trí atreisiú oibríochtúil agus teicniúil agus trí fhoirne tacaíochta bainistithe imirce a imlonnú i limistéir theophointe.

(b)forbairt bhreise a dhéanamh ar an nGarda Eorpach Teorann agus Cósta, trí acmhainneachtaí chomhchoiteanna a fhothú, comhsholáthar a dhéanamh, caighdeáin chomhcoiteanna a bhunú agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chuíchóiriú;

(c)comhar idirghníomhaireachta a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta i measc na núdarás náisiúnta i ngach Ballstát atá freagrach as rialú teorann nó as cúraimí eile a dhéantar ag na teorainneacha agus ar leibhéal an Aontais, ar thaobh amháin, i measc chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais ar an taobh eile;

(d)cur i bhfeidhm acquis an Aontais maidir le teorainneacha seachtracha a áirithiú, lena náirítear trí cur chun feidhme moltaí ó shásraí rialaithe cáilíochta amhail sásra measúnaithe Schengen i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, measúnuithe íogaireachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1624 agus sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta;

(e)bunú, oibriú agus cothabháil ar chórais mhórscála TF i réimse an bhainistithe teorainneacha, lena náirítear idir-inoibritheacht na gcóras sin agus a mbonneagar cumarsáide.

2.Rannchuideoidh an ionstraim leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(b) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)seirbhísí éifeachtúla soláimhsithe a sholáthar d'iarratasóirí ar víosaí agus san am céanna slándáil agus sláine an chur chuige maidir le víosaí a chothabháil;

(b)cur i bhfeidhm aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le víosaí a áirithiú, lena náirítear forbairt bhreise agus nuachóiriú an chomhbheartais maidir le víosaí;

(c)foirmeacha difriúla comhair idir na Ballstáit a fhorbairt i dtaca le próiseáil víosaí;

(d)bunú, oibriú agus cothabháil ar chórais mhórscála TF i réimse an chomhbheartais maidir le víosaí, lena náirítear idir-inoibritheacht na gcóras sin agus a mbonneagar cumarsáide.



IARSCRÍBHINN III

Raon feidhme na tacaíochta

1.Ag teacht leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) tabharfar tacaíocht leis an ionstraim don mhéid seo go háirithe:

(a)bonneagair, foirgnimh agus córais agus seirbhísí atá ag teastáil ag pointí trasnaithe teorann, i limistéir theophointe agus le haghaidh faireachas teorann idir pointí trasnaithe teorann chun dul i ngleic le trasnuithe teorann neamhúdaraithe, inimirce neamhdhlíthiúil agus coiriúlacht trasteorann ag na teorainneacha seachtracha, agus iad a chosc, chomh maith le sreafaí rianúla taistealaithe dlisteanacha a ráthú;

(b)trealamh oibriúcháin, lena náirítear modhanna iompair, agus córais chumarsáide is gá le haghaidh rialú teorann éifeachtach slán, i gcomhréir leis na caighdeáin a bhunaítear ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, i gcás inarb ann do na caighdeáin sin;

(c)oiliúint i réimse an bhainistithe teorainneacha chomhtháite san Eoraip nó cuidiú lena fhorbairt, agus riachtanais oibríochtúla agus anailís riosca á gcur san áireamh agus i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha;

(d)comhoifigigh idirchaidrimh a thabhairt ar iasacht do thríú tíortha mar a shainmhínítear i Rialachán Uimh ... ... [an Rialachán nua maidir leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair] 4 agus gardaí teorann agus saineolaithe ábhartha eile a thabhairt ar iasacht do na Ballstáit nó ó Bhallstát do thríú tír, an comhar idir líonraí saineolaithe nó oifigigh idirchaidrimh agus a nacmhainneacht oibríochtúil a atreisiú, mar aon le dea-chleachtais a mhalartú agus dlús a chur le hacmhainn líonraí Eorpacha beartais an Aontais a mheasúnú, a chur chun cinn agus a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

(e)staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile arb aidhm dóibh an bhainistíocht teorainneacha chomhtháite san Eoraip a chur chun feidhme nó a fhorbairt, lena náirítear bearta arb aidhm dóibh an Garda Eorpach Teorann agus Cósta a fhorbairt, amhail acmhainneachtaí comhchoiteanna a fhothú, comhsholáthar a dhéanamh, caighdeáin chomhcoiteanna a bhunú agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chuíchóiriú;

(f)gníomhaíochtaí lena ndéantar forbairt ar mhodhanna nuálacha nó teicneolaíochtaí nua a d'fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile a chur i bhfeidhm, go háirithe trí thorthaí tionscadal taighde slándála a chur i bhfeidhm, i gcás ina gcinneann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ag gníomhú dó faoi Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2016/1624, go rannchuidíonn an cur i bhfeidhm sin le hacmhainní oibríochtúla an Gharda Eorpaigh Teorann agus Cósta a fhorbairt;

(g)gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla, atá riachtanach chun na beartais um theorainneacha seachtracha a chur chun feidhme, lena náirítear rialachas limistéar Schengen a neartú trí fhorbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an sásra meastóireachta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 chun cur i bhfeidhm acquis Schengen agus Chód Teorainneacha Schengen a fhíorú, lena náirítear caiteachas misean do shaineolaithe de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát atá rannpháirteach i gcuairteanna ar láithreáin mar aon le bearta chun moltaí a eisíodh de thoradh measúnuithe íogaireachta a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1624, na moltaí sin a chur chun feidhme;

(h)sainaithint, méarlorgaireacht, clárú, seiceálacha slándála, faisnéisiú, soláthar faisnéise, scagthástáil liachta agus íogaireachta, agus, i gcás inar gá, cúram leighis, mar aon le náisiúnaithe ó thríú tíortha a tharchur chuig an nós imeachta iomchuí ag na teorainneacha seachtracha, i limistéir theophointe go háirithe;

(i)gníomhaíochtaí arb aidhm dóibh feasacht maidir le beartais teorainneacha seachtracha a fheabhsú i measc geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne, lena náirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

(j)uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt

(k)tacaíocht oibriúcháin don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip.

2.Ag teacht leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) tabharfar tacaíocht leis an ionstraim don mhéid seo go háirithe:

(a)bonneagair atá ag teastáil chun iarratais ar víosaí a phróiseáil agus don chomhar consalach, lena náirítear bearta slándála, chomh maith le gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar fheabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse d’iarratasóirí ar víosaí;

(b)trealamh oibriúcháin agus córais chumarsáide atá ag teastáil chun iarratais ar víosaí a phróiseáil agus comhar consalach;

(c)oiliúint a chur ar bhaill foirne consalaí agus foirne eile lena rannchuidítear leis an gcomhbheartas víosaí agus leis an gcomhar consalach;

(d)dea-chleachtais agus saineolaithe a athrú, lena náirítear saineolaithe a thabhairt ar iasacht, mar aon le dlús a chur le hacmhainneacht líonraí Eorpacha beartais agus cuspóirí an Aontais a mheasúnú, a chur chun cinn agus a fhorbairt agus tacú leo a thuilleadh;

(e)staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile, amhail gníomhaíochtaí arb aidhm dóibh eolas a fheabhsú trí bhíthin anailísí, faireacháin agus meastóireachta;

(f)gníomhaíochtaí trína bhforbraítear modhanna nuálacha nó a gcuirtear teicneolaíochtaí nua chun oibre a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú;

(g)gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla lena náirítear rialachas limistéar Schengen a neartú trí fhorbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an sásra meastóireachta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, lena náirítear caiteachas misean do shaineolaithe de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát atá rannpháirteach i gcuairteanna ar láithreáin;

(h)gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir le beartais víosaí i measc geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne, lena náirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

(i)uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt

(j)tacaíocht oibriúcháin do chur chun feidhme an chomhbheartais víosaí;

3.Faoin gcuspóir beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1), tacófar leis an ionstraim leis an méid seo go háirithe:

(a)bonneagair agus foirgnimh atá ag teastáil chun córais mhórscála TF agus comhpháirteanna bonneagair cumarsáide atá bainteach leo a óstáil;

(b)trealamh agus córais chumarsáide atá ag teastáil chun dea-fheidhmiú córas mórscála TF a áirithiú;

(c)gníomhaíochtaí oiliúna agus cumarsáide i dtaca le córais mhórscála TF;

(d)córais mhórscála TF a fhorbairt agus a uasghrádú;

(e)staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le córais mhórscála TF lena náirítear a nidir-inoibritheacht a chur chun feidhme;

(f)gníomhaíochtaí trína bhforbraítear modhanna nuálacha nó a gcuirtear teicneolaíochtaí nua chun oibre a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú;

(g)uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt do chórais mhórscála TF sa réimse víosaí agus teorainneacha;

(h)tacaíocht oibriúcháin do chur chun feidhme do chórais mhórscála TF.



IARSCRÍBHINN IV

Gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cómhaoinithe i gcomhréir le h
Airteagal 11(3) agus Airteagal 12(14)

(1)Trealamh oibriúcháin a cheannach trí bhíthin scéimeanna comhpháirteacha soláthair i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, a bheidh le cur ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta le haghaidh a gníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 39(14) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1624.

(1)Bearta lena dtacaítear le comhar idirghníomhaireachta idir Ballstát agus tríú tír comharsanachta a bhfuil comhtheorainn talún nó mhuirí ag an Aontas léi.

(2)Forbairt bhreise ar an nGarda Eorpach Teorann agus Cósta, trí acmhainneachtaí comhchoiteanna a fhothú, comhsholáthar a dhéanamh, caighdeáin chomhchoiteanna a bhunú agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chuíchóiriú, mar a shonraítear i mír 1(b) d'Iarscríbhinn II.

(3)Oifigigh idirchaidrimh dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a imlonnú go comhpháirteach;

(4)Bearta chun íospartaigh na gáinneála ar dhaoine a shainaithint níos fearr agus comhar trasteorann a fheabhsú maidir le lucht gáinneála a bhrath faoi chreat an rialaithe teorann.

(5)Bearta lena ndéanfar modheolaíochtaí nó teicneolaíochtaí nua a chur chun oibre, a aistriú, a thástáil agus a bhailíochtú, lena náirítear treoirthionscadail agus bearta leantacha a bhaineann le tionscadail taighde slándála arna gcistiú ag an Aontas, dá dtagraítear in Iarscríbhinn III.

(6)Bearta lena ndéanfar limistéir theophointe a bhunú agus a bhainistiú sna Ballstáit a bhfuil brú díréireach imirce orthu nó a d'fhéadfadh a bheith orthu.

(7)Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar fhoirmeacha comhair idir na Ballstáit i dtaca le próiseáil víosaí, mar a shonraítear i mír 2(c) d'Iarscríbhinn II.

(8)Láithreacht chonsalach nó ionadaíocht na mBallstát a mhéadú i dtíortha a bhfuil ceanglais víosa orthu, go háirithe i dtíortha nach bhfuil láithreacht ag aon Bhallstát iontu faoi láthair.

Iarscríbhinn V

Croítháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in
Airteagal 25(1);

(a)Cuspóir sonrach 1: Tacú le bainistiú comhtháite éifeachtach teorainneacha ag na teorainneacha seachtracha arna cur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach mar chomhfhreagracht chomhroinnte idir an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as teorainneacha a bhainistiú, trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, an inimirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc agus sreafaí imirce a bhainistiú go héifeachtach;

(1)An líon trasnuithe teorann neamhrialta a bhraitear ag teorainneacha seachtracha an Aontais a) idir na pointí trasnaithe; agus b) ag na pointí trasnaithe teorann

Foinse sonraí: An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

(1)An líon daoine a mbíonn doiciméid chalaoiseacha á núsáid acu a bhraitear ag pointí trasnaithe teorann

Foinse sonraí: An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

(b)Cuspóir sonrach 2: Tacú leis an gcomhbheartas víosaí chun taisteal dlisteanach a éascú agus rioscaí imirce agus slándála a chosc.

(1)An líon daoine a mbíonn doiciméid chalaoiseacha á núsáid acu a bhraitear ag consalachtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste

Foinse sonraí: Ballstáit 5  

(2)Meánam cinnidh (agus treochtaí ) sa chur chuige maidir le víosaí

Foinse sonraí: Ballstáit 6



IARSCRÍBHINN VI

Cineálacha idirghabhála

TÁBLA 1:   CÓID DO DHIMINSEAN AN RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

I.   Bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip

001

Seiceálacha teorann

002

Faireachas teorann – sócmhainní aeir

003

Faireachas teorann – sócmhainní talún

004

Faireachas teorann – sócmhainní muirí

005

Faireachas teorann – córais faireachais teorann uathoibríocha

006

Faireachas teorann – bearta eile

007

Bearta oibríochtúla agus teicniúla i limistéar Schengen a bhfuil baint acu le rialú teorann;

008

Comhfheasacht staide agus malartú faisnéise

009

Anailís riosca

010

Sonraí agus faisnéis a phróiseáil

011

Limistéir theophointe

012

An Garda Eorpach Teorann agus Cósta a fhorbairt

013

Comhar idirghníomhaireachta – ar an leibhéal náisiúnta

014

Comhar idirghníomhaireachta – ar an leibhéal an Aontais Eorpaigh

015

Comhar idirghníomhaireachta – le tríú tíortha

016

Comhoifigigh idirchaidrimh a imlonnú

017

Córais mhórscála TF – Eurodac chun críocha bainistithe teorainneacha

018

Córais mhórscála TF – córais dul isteach/imeachta (EES)

019

Córais mhórscála TF – Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS)

020

Córais mhórscála TF – Córas Faisnéise Schengen (SISII)

021

Córais mhórscála TF – Idir-inoibritheacht

022

Tacaíocht oibriúcháin – bainistiú comhtháite teorainneacha

023

Tacaíocht oibriúcháin – córais mhórscála TF chun críocha bainistithe teorainneacha

024

Tacaíocht oibriúcháin – Scéim Idirthurais Speisialta

II.   Comhbheartas víosaí

001

Feabhas a chur ar phróiseáil iarratas ar víosaí

002

Feabhas a chur ar éifeachtúlacht, ar an tseirbhís don chliant agus ar an tslándáil ag na consalachtaí

003

Slándáil doiciméad / comhairleoirí doiciméad

004

Comhar consalachta

005

Cumhdach consalachta

006

Córais mhórscála TF – Córas Faisnéise Víosaí (VIS)

007

Córais TF eile chun críocha iarratais ar víosaí a phróiseáil

008

Tacaíocht oibriúcháin – An Comhbheartas Víosaí

009

Tacaíocht oibriúcháin – córais mhórscála TF chun críocha iarratais ar víosaí a bhainistiú

010

Tacaíocht oibriúcháin – Scéim Idirthurais Speisialta

III.   Cúnamh teicniúil

001

Faisnéis agus cumarsáid

002

Ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

003

Meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

004

Forbairt acmhainneachtaí

TÁBLA 2:   CÓID DO GHNÉ AN CHINEÁIL MAOINITHE

001

bonneagair agus foirgnimh

002

an modh iompair

003

trealamh oibriúcháin eile.

004

córais chumarsáide

005

Córais TF

006

oiliúint

007

malartú dea-chleachtas – idir na Ballstáit

008

malartú dea-chleachtas – le tríú tíortha

009

saineolaithe

010

staidéir, cruthúnas choincheapa, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí comhchosúla

011

gníomhaíochtaí cumarsáide

012

uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt

013

feidhmiú tionscadal taighde agus obair leantach eile

TÁBLA 3:   CÓID DO DHIMINSEAN NA RIALAITHE MIONSONAITHE MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME

001

Gníomhaíocht shonrach

002

Cúnamh éigeandála

003

Gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV

004

Moltaí meastóireachta Schengen a chur chun feidhme

005

Moltaí maidir le measúnú íogaireachta a chur chun feidhme

006

Comhar le tríú tíortha

007

Gníomhaíochtaí i dtríú tíortha


IARSCRÍBHINN VII

Gníomhaíochtaí atá incháilithe chun tacaíocht oibriúcháin a fháil

   

(a)Faoin sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(a), cumhdófar le tacaíocht oibriúcháin na costais seo a leanas ar choinníoll nach bhfuil siad á gcumhdach ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhthéacs a gníomhaíochtaí oibriúcháin:

(1)costais foirne

(2)trealamh agus bonneagar a chothabháil agus a dheisiú;

(3)costais seirbhíse, lena náirítear limistéir theophointe faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(4)costais reatha oibríochtaí.

Féadfaidh Ballstát is óstach de réir bhrí Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1624/2016 7 úsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin chun na costais reatha a thabhaíonn sé de thoradh a rannpháirtíochta féin sna gníomhaíochtaí oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 25(5) de Rialachán Uimh. 1624/2016 agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó chun críocha a ghníomhaíochtaí rialaithe teorann náisiúnta.

(b)Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2)(b), cumhdófar leis an tacaíocht oibriúcháin:

(1)costais foirne, lena náirítear le haghaidh oiliúna;

(2)costais seirbhíse;

(3)trealamh agus bonneagar a chothabháil agus a dheisiú;

(4)costais a bhaineann le réadmhaoin, lena náirítear costais a bhaineann le cíos agus bonneagar;

(c)Ag teacht leis an gcuspóir beartais a leagtar amach in Airteagal 3(1), cumhdófar leis an tacaíocht oibriúcháin:

(1)costais foirne, lena náirítear le haghaidh oiliúna

(2)bainistiú agus cothabháil oibríochtúil ar chórais mhórscála TF agus a mbonneagair chumarsáide, lena náirítear idir-inoibritheacht na gcóras sin agus an cíos ar áitreabh daingnithe.

(d)I dteannta leis an méid thuas, cuirfear tacaíocht ar fáil i gcomhréir le mír 1 d'Airteagal 16 trí bhíthin tacaíocht oibriúcháin laistigh den chlár don Liotuáin



IARSCRÍBHINN VIII

táscairí aschuir agus torthaí dá dtagraítear in
Airteagal 25(3);

(a)Cuspóir sonrach 1: Tacú le bainistiú comhtháite éifeachtach teorainneacha ag na teorainneacha seachtracha arna cur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach mar chomhfhreagracht chomhroinnte idir an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as teorainneacha a bhainistiú, trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, an inimirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc agus sreafaí imirce a bhainistiú go héifeachtach;

(1)Bonneagar rialaithe teorann, modhanna iompair agus trealamh eile a mhaoinítear le tacaíocht ón ionstraim:

an líon pointí trasnaithe teorann nuathógtha nó uasghrádaithe mar sciar d'iomlán na bpointí trasnaithe teorann nuathógtha nó uasghrádaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

an líon geataí rialaithe uathoibrithe teorann;

an líon modhanna aeriompair;

an líon modhanna iompair mhuirí;

an líon modhanna iompair talún;

an líon ítimí trealaimh a chuirtear ar fáil don Gníomhaireachta Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;

an líon ítimí trealaimh eile, as a dtagann an líon ítimí trealaimh le haghaidh limistéir theophointe a bhunú, a uasghrádú agus a chothabháil chun cíocha an Rialacháin seo;

an líon ítimí trealaimh ilchuspóireacha dá dtugtar leis an ionstraim.

(2)An líon post speisialaithe i dtríú tíortha le tacaíocht ón ionstraim

comhoifigigh idirchaidrimh dá dtagraítear in Iarscríbhinn III;

poist speisialaithe eile a bhaineann le bainistíocht teorainneacha.

(3)An líon tionscadal comhair agus sruthanna comhair, idir na húdaráis náisiúnta agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, a bhunaítear sna Ballstáit le tacaíocht ón ionstraim agus a rannchuidíonn le forbairt an Gharda Eorpaigh Teorann agus Cósta.

(4)An líon ítimí trealaimh a úsáidtear le linn ghníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus a ceannaíodh le tacaíocht ón ionstraim mar sciar den líon iomlán ítimí trealaimh atá cláraithe sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta.

(5)An líon tionscadal comhair agus sruthanna comhair idir na húdaráis náisiúnta agus lárionad comhordúcháin náisiúnta Eurosur a bhunaítear le tacaíocht ón ionstraim.

(6)An líon ball foirne a oiltear i réimsí a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha le tacaíocht ón ionstraim.

(7)An líon feidhmiúlachtaí a fhorbraíodh, a cuireadh chun feidhme, a rinneadh a chothabháil nó a uasghrádú le tacaíocht ón ionstraim, lena náirítear chun críocha idir-inoibritheachta:

An córas Faisnéise Schengen (SISII);

An córas Dul Isteach/ Imeachta (ETIAS);

EES;

An Córas Faisnéise Víosaí (VIS) chun críocha bainistithe teorainneacha:

Eurodac chun críocha bainistithe teorainneacha

An líon nasc idir córais TF agus an Tairseach Cuardaigh Eorpach a mhaoinítear le tacaíocht ón ionstraim;

Aon chórais TF mhórscála eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(8)An líon moltaí meastóireachta Schengen i réimse na dteorainneacha agus na moltaí measúnaithe íogaireachta a chuirtear chun feidhme le tacaíocht na hionstraime, mar sciar de líon iomlán na moltaí a mbeidh impleachtaí airgeadais ag baint leo.

(b)Cuspóir sonrach 2: Tacú leis an gcomhbheartas víosaí chun taisteal dlisteanach a éascú agus rioscaí imirce agus slándála a chosc.

(1)An líon consalachtaí a bunaíodh nó a uasghrádaíodh lasmuigh de limistéar Schengen le tacaíocht na hionstraime mar sciar de líon iomlán chonsalachtaí an Bhallstáit lasmuigh de limistéar Schengen.

(2)An líon ball foirne a oiltear agus líon na gcúrsaí oiliúna i ngnéithe a bhaineann leis an gcomhbheartas víosaí le cabhair na hionstraime.

(3)An líon feidhmiúlachtaí a fhorbraítear, a chuirtear chun feidhme, a dhéantar a chothabháil nó a uasghrádú le tacaíocht na hionstraime, lena náirítear chun críocha idir-inoibritheachta:

VIS;

EES;

Aon chórais TF mhórscála eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(4)An líon cineálacha comhair i measc na mBallstát i dtaca le próiseáil víosaí a bhunú agus a uasghrádú le tacaíocht na hionstraime:

comhshuímh;

comhlárionaid iarratas,

ionadaíochtaí;

nithe eile.

(5)An líon moltaí meastóireachta Schengen i réimse an chomhbheartais víosaí a cuireadh chun feidhme le tacaíocht na hionstraime, mar sciar de líon iomlán na moltaí a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo.

(6)Líon na dtíortha a bhfuil ceanglais víosa orthu ina bhfuil láithreacht ag na Ballstáit iontu nó ina bhfuil méadú tagtha ar an ionadaíocht atá acu iontu le tacaíocht na hionstraime

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) (IO L 295, 6.11.2013, lch. 11.
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
(4)    IO L [..], [...], lch.
(5)    Bailíonn na Ballstáit sonraí don táscaire seo trí bhíthin an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) agus féadfaidh an Coimisiún iad a rochtain sa todhchaí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh, ar feitheamh caibidlíocht faoi thogra an Choimisiúin maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2016/339, Rialachán XX/2018 [an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht], agus Cinneadh 2004/512/EC agus lena naisghairtear Cinneadh2008/633/CGB ón gComhairle (COM(2018) 302 final an 16.05.2018).
(6)    Idem.
(7)    Rialachán (EC) Uimh. 1624/2016 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Eorpach Teorann agus Cósta (OJ L 251, 16.9.2016, lch.1).