AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.6.2018
COM(2018) 443 final
2018/0233(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an clár 'Fiscalis' chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim
{SWD(2018) 323 final}
{SWD(2018) 324 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
An 2 Bealtaine 2018, ghlac an Coimisiún pacáiste maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile don tréimhse 2021-2027. Mhol an Coimisiún buiséad nua, nua-aimseartha agus fadtéarmach, agus é go mór in oiriúint do thosaíochtaí polaitiúla Aontas an 27. Leis an mbuiséad atá beartaithe nasctar ionstraimí nua le cláir nuachóirithe chun tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach go héifeachtúil. Agus é ag cur leis na bunsraitheanna sin, tá clár nua Fiscalis á mholadh ag an gCoimisiún faoin gceannteideal buiséid Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach. Leis an gclár sin, rannchuideofar le hoibriú beartas cánach a fheabhsú, lena náirítear comhar riaracháin, agus tacófar le húdaráis chánach mar a thuairiscítear sa Teachtaireacht a ghabhann leis an togra le haghaidh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil.
Foráiltear leis an togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe á rá go bhfuil sé ar intinn ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Forais agus cuspóirí
Níl a dóthain acmhainneachta ag an Aontas ná ag na húdaráis chánach náisiúnta ná níl a dhóthain comhair á dhéanamh acu – laistigh de AE agus le tríú tíortha araon – chun a misin a dhéanamh go héifeachtach agus go héifeachtúil. Ní mór dóibh freagraí gasta agus comhpháirteacha a thabhairt ar fhadhbanna atá ag teacht chun cinn amhail calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach, digitiú agus samhlacha gnó nua, agus ualach riaracháin nach bhfuil gá leis á chosc do shaoránaigh agus do ghnólachtaí in idirbhearta trasteorann san am céanna. Eascraíonn dúshláin nua go leanúnach as na treochtaí sin ó thaobh feidhmiú agus feidhmíocht údarás cánach náisiúnta de. Tá gá le bealaí feabhsaithe agus nuálacha dá mbarr chun a bpríomhchúram a dhéanamh i.e. cánacha a bhailiú a chuirtear go díreach leis an mbuiséad náisiúnta agus go hindíreach le buiséad an Aontais. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún clár Fiscalis ina gcuimsítear acmhainní agus buiséad lena dtacófar le beartas cánach agus le húdaráis chánach trí ghníomhaíochtaí fothaithe riaracháin agus teicneolaíochta faisnéise (TF) agus trí chomhar oibríochtúil.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana
Tá an togra seo i gcomhréir le clár oibre an Choimisiúin chun córas cánach cothrom agus éifeachtúil a áirithiú san Aontas d’fhonn, inter alia, cosaint a dhéanamh ar an gcumas atá in údaráis chánach na mBallstát cánacha a bhailiú. Is é is aidhm do roinnt mhaith de na tionscnaimh arna nglacadh sa chreat cur le trédhearcacht chánach agus feabhas a chur ar chomhar riaracháin, inter alia, trí fhaisnéis chánach ábhartha a mhalartú. Sa chár Fiscalis atá beartaithe, soláthrófar na hacmhainní buiséadacha agus eile chun tacú leis na hidirghabhálacha rialála sin agus lena gcur chun feidhme. Is gnéithe tábhachtacha den chomhar riaracháin iad na córais leictreonacha Eorpacha ábhartha, rud a chuireann ar chumas údaráis chánach na mBallstát faisnéis a mhalartú.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo ag teacht le cláir ghníomhaíochta eile atá beartaithe ag AE a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu i réimsí inniúlachta gaolmhara go háirithe:
–An clár Custaim, lena dtacaítear le comhar i réimse an chustaim;
–Clár frithchalaoise AE lena dtéitear i ngleic le calaois chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 325 CFAE;
–Clár an Mhargaidh Aonair, lena dtacaítear le gníomhaíochtaí AE chun gur fearr a fheidhmeoidh an margadh aonair;
–An Clár Tacaíochta um Athchóiriú lena gcuidítear le tíortha AE sonracha institiúidí ar éifeachtúla ná mar a bhí iad a thógáil, creataí rialachais a neartú agus cur lena éifeachtúla atá údaráis phoiblí.
Ar deireadh, d’fhéadfadh tuilleadh sineirgíochtaí a bheith ann sa réimse TF le tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais amhail an Clár don Eoraip Dhigiteach, na cláir uile lena núsáidtear córais leictreonacha (shuntasacha), athúsáid na mbloc tógála den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta, an Plean Rollach do chaighdeánú TFC, an plean gníomhaíochta um Theicneolaíocht Airgeadais, an clár Fís Eorpach, obair Fhaireachlann Bhlocshlabhra agus Fhóram Blocshlabhra AE agus tionscnaimh eile faoi rioscaí i dtaobh calaoise agus cibearshlándála.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Baineann cuid thábhachtach den chlár Fiscalis le tacú le malartú faisnéise idir na Ballstáit faoi chuimsiú comhar riaracháin sa réimse cánachais san Aontas Eorpach. Sa reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais maidir le comhar riaracháin, foráiltear go mbainfidh na Ballstáit úsáid as na córais faisnéise Eorpacha. Sonraítear sa togra seo go náiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go ndéanfar na córais leictreonacha Eorpacha dá dtagraítear i gCaibidil IV a fhorbairt agus a oibriú go leordhóthanach. Sa chomhthéacs sin, déantar foráil ann go ndéanfaidh siad comhordú rialta ar a gcuid idirghabhálacha, agus go dtiocfaidh siad ar chomhaontú maidir leis na gnéithe uile is gá d’fhonn inoibritheacht, idirnascacht agus feabhsú leanúnach na gcóras leictreonach Eorpach a áirithiú. Tá foráil ann freisin maidir leis na cúraimí agus na freagrachtaí nach mór dóibh a ghlacadh chun comhordú a dhéanamh ar bhunú agus ar fheidhmiú na gcomhpháirteanna coiteanna agus náisiúnta de na córais leictreonacha Eorpacha, d’fhonn a áirithiú go bhfuil siad ag oibriú, go bhfuil siad idirnasctha agus go mbítear ag cur feabhas orthu i dtólamh. Rannchuideoidh na gnéithe fothaithe acmhainneachta TF sin mar aon le gnéithe fothaithe acmhainneachta eile den chlár le feidhmiú feabhsaithe an mhargaidh inmheánaigh agus, dá bhrí sin, tá údar leis an gclár a bhunú ar Airteagal 114 CFAE.
Sa chlár Fiscalis atá beartaithe, soláthraítear sásraí, acmhainní agus an maoiniú is gá chun tacú le beartas cánach agus comhar idir údaráis chánach a fheabhsú. Sa bheart atá beartaithe tá, inter alia, cruinnithe agus imeachtaí ad-hoc comhchosúla, comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe agus gníomhaíochtaí i dtaca le fothú inniúlacht agus acmhainnneacht an duine, ina bhféadfaidh na Ballstáit agus a noifigigh a bheith rannpháirteach ar bhonn deonach. Is é aidhm fhoriomlán na ngníomhaíochtaí sin, feabhas a chur ar chomhar riaracháin agus acmhainneacht riaracháin na mBallstát a fheabhsú i réimse an chánachais, rud a fhágann go bhfuil údar le hAirteagal 197 CFAE a úsáid.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí cánach AE a bhaint amach leo féin, mar atá calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac, feabhas a chur ar chothroime chánach agus ar thrédhearcacht chomh maith le tacú le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le hiomaíochas. Tá gá le rialacha coiteanna, comhordú agus comhar idir údaráis chánach na mBallstát chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus dul i ngleic leis na dúshláin uile lena mbaineann.
Ní féidir ardleibhéal comhair agus comhordaithe den sórt sin a bhaint amach ach amháin le cur chuige láraithe, go hidéalach ar leibhéal an Aontais. Is costéifeachtaí an réiteach é gníomhaíochtaí Fiscalis a dhéanamh ná creat comhair ar leith a chur ar bun i ngach tír rannpháirteach ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach agus réitigh náisiúnta TF ar fhadhbanna trasnáisiúnta a fhorbairt. Thairis sin, a bhuí leis na gníomhaíochtaí Fiscalis agus leis na sásraí comhair, is féidir muinín údarás cánach náisiúnta a neartú go mór rud atá riachtanach chun comhar rianúil agus comhfheidhmiú córas cánach AE sa mhargadh aonair a chinntiú.
Sa chomhthéacs sin, sa chlár Fiscalis díreofar idirghabháil AE ar shásraí éifeachtúla a chur ar bun (mar aon leis na huirlisí TF riachtanacha) do chomhar riaracháin, d'fhonn acmhainní ar éifeachtaí ná mar a bhí iad a sholáthar d'údaráis chánach náisiúnta sa chomhrac i gcoinne calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach, agus comhlíonadh cánach an cháiníocóra á éascú san am céanna.
•Comhréireacht
Caithfear formhór mór an bhuiséid bheartaithe ar ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF. Tá an cur chuige a roghnaíodh bunaithe ar shamhail ailtireachta TF ina bhfuil córais leictreonacha Eorpacha comhdhéanta de mheascán de chomhpháirteanna coiteanna agus náisiúnta. Tá tosaíocht ag an tsamhail sin ar shamhail ailtireachta TF atá lánláraithe mar, leis an gcéad cheann, fágtar cuid den fhreagracht bhuiséadach faoi na Ballstáit a dhéanfaidh na comhpháirteanna TF náisiúnta a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta agus roghanna, ceanglais agus srianta náisiúnta á gcur san áireamh san am céanna freisin. Dá bhrí sin, déantar idir-inoibritheacht agus idirnascacht a fheabhsú ar mhaithe leis an margadh inmheánach ar bhealach comhréireach.
•An rogha ionstraime
Is iomchuí idirghabháil AE a dhéanamh trí bhíthin clár maoiniúcháin. Tá comharba ar an gclár Fiscalis 2020 á mholadh ag an gCoimisiún mar rialachán.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí siarghabhálacha/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Cuirtear san áireamh sa togra seo moltaí na meastóireachta deiridh ar an gclár Fiscalis 2013 mar aon le réamhthorthaí na meastóireachta meántéarma leanúnaí ar an gclár Fiscalis 2020. Léirítear iontu go bhfuil breisluach láidir AE á sholáthar leis an gclár, go bhfuil muinín á cothú agus dlúthchomhar á chothú idir na Ballstáit agus le tíortha rannpháirteacha eile freisin (tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha). Éascaítear cur chun feidhme reachtaíocht AE leis an gclár freisin, mar aon le gnóthachain éifeachtúlachta (trí acmhainní a thiomsú) go háirithe ó thaobh córais leictreonacha de (ina dtagann barainneacht scála agus costais forbartha laghdaithe as idirghabháil AE) agus modúil oiliúna de (inar thuairiscigh údaráis áirithe gur shábháil siad am agus airgead a bhuí le hidirghabháil AE). Thuairiscigh rannpháirtithe freisin go bhfuil an-leas agus leas méadaithe acu i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha (go háirithe cuairteanna oibre, seimineáir agus ceardlanna) mar uirlis éifeachtach lena rannchuidítear le comhar agus lena bhfeabhsaítear malartú faisnéise idir údaráis chánach. Maidir le Fiscalis 2020, meastar gur meán cumhachtach é tabhairt isteach Foirne Saineolaithe mar gheall ar na socruithe cistiúcháin sonracha agus oibríochtúla chun dlúthchomhar a dhoimhniú (ar bhonn réigiúnach nó téamach). Léirigh rannpháirtithe áirithe go bhféadfaí dáileadh reatha na gcistí a mhéadú i bhfabhar na gníomhaíochta fothaithe acmhainneachta riaracháin sin.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Rinne an Coimisiún staidéar seachtrach a choimisiúnú chun tacú le meastóireacht ex-ante inar áiríodh gníomhaíochtaí comhairliúchán tiomnaithe chun an tuairim a fháil ó na páirtithe leasmhara uile ar scála leathan. I bhfianaise raon feidhme sonrach an chláir (is iad na húdaráis chánach na tairbhithe díreacha amháin), bhí na comhairliúcháin sin dírithe ar údaráis chánach trí bhíthin plé i ngrúpa tionscadail, cuairteanna de réir tíre/cás-staidéir agus suirbhéanna tiomnaithe. Bhí na gníomhaíochtaí sin comhlánaithe le hagallaimh le comhlachais ghnó, le heagraíochtaí neambhrabúis, le hacadóirí agus le rannpháirtithe sa chlár Fiscalis 2020, le comhairleoirí agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta (e.g. an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta).
Daingníodh sa staidéar seachtrach agus sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin gaolmhara gur ré dhúshlánach a bhí roimh údaráis chánach agus gur ghá clár uaillmhianach a thabhairt isteach i ndáil le dhá phríomhghné: ar thaobh amháin, leanúint de ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta (TF agus an duine) agus de ghníomhaíochtaí comhair agus na gníomhaíochtaí sin a athneartú chun forálacha cánach AE agus náisiúnta a chur i bhfeidhm go cuí agus, ar an taobh eile, comhar oibríochtúil feabhsaithe agus cur chuige feabhsaithe a ghlacadh i dtaca leis an nuálaíocht.
Rinneadh comhairliúchán poiblí oscailte maidir le “cistí AE i réimse na hinfheistíochta, an taighde agus na nuálaíochta, FBManna agus an mhargadh aonair”. Tríd sin, bailíodh tuairimí na saoránach maidir le dúshláin bheartais agus riachtanais idirghabhála AE, i measc nithe eile, maidir le cánachas.
•Saineolaithe seachtracha
Rinne an Coimisiún staidéar seachtrach a choimisiúnú chun tacú leis an meastóireacht ex-ante trí fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil a sholáthar. Ba é cuspóir an tsannacháin sin, na príomhghnéithe a shainaithint lena réiteofar an bealach tar éis 2020 ó thaobh cánachais de, chomh maith leis na fadhbanna a shainaithint nach mór d'údaráis chánach na mBallstát dul i ngleic leo a d'fhéadfaí aghaidh a thabhairt orthu faoi idirghabháil maoinithe AE amach anseo, agus aird á tabhairt ar chineál na ngnéithe arna sainaithint agus ar a niarmhairtí.
Bhí an staidéar ina chuidiú don Choimisiún chun: - cuspóirí a shainaithint d’idirghabháil ar leibhéal AE bunaithe ar na gnéithe agus ar na fadhbanna arna sainaithint; - roghanna beartais AE féideartha a shainaithint chun na cuspóirí sin a bhaint amach, idirghabháil maoinithe AE a úsáid amach anseo mar fhreagairt do na gnéithe agus do na fadhbanna arna sainaithint agus measúnú a dhéanamh ar na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil a mbeifear ag súil leo ó na roghanna sainaitheanta; - comparáid a dhéanamh idir na roghanna de réir na gcritéar socraithe (amhail éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas) agus iad a rangú.
•Measúnú tionchair
I bhfianaise an leanúnachas i leith inneachar, struchtúr agus mhéid bhuiséad an chláir Fiscalis bheartaithe i gcomparáid leis an gclár Fiscalis 2020 roimhe sin, measadh go raibh gá le measúnú tionchair. Measadh gur leordhóthanaí meastóireacht ex-ante chun na ceanglais maidir le Rialáil Níos Fearr a chomhlíonadh ar bhealach comhréireach.
•Simpliú
Tá an clár leanúnach sruthlínithe cheana agus dírithe go mór ar aschuir agus ar thorthaí. Cuirtear chun feidhme leis na simplithe ar fad a sainaithníodh sna meastóireachtaí a rinneadh roimhe sin. Is éard a bheadh i gceist leis an bpríomhshimpliú breise arna shainaithint úsáid bhreisithe cnapshuimeanna nó costas aonaid agus an deis cláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh chun an tualach riaracháin bliantúil a bhaineann leis an nós imeachta coiste a sheachaint.
•Cearta bunúsacha
Níl aon tionchar ag an togra seo ar chearta bunúsacha.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Tá uainiú an athbhreithnithe ar chláir chistiúcháin AE nasctha leis an togra le haghaidh Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua, mar a moladh an 2 Bealtaine 2018. I gcomhréir leis an togra seo, sa Rialachán seo maidir leis an gclár Fiscalis, tá creat buiséadach EUR 270 milliún (i bpraghsanna reatha) le haghaidh na tréimhse 2021-2027.
Déanfar an clár Fiscalis a chur chun feidhme i modh bainistíochta dírí agus ar bhonn tosaíochtaí. Bunaítear cláir oibre — i dteannta na bpáirtithe leasmhara — ina sonraítear na tosaíochtaí do thréimhse shonrach.
Beidh tionchar ag an gclár ar ioncam an Aontais agus na mBallstát. Cé nach bhféadfar an méid sin a chainníochtú, déanfar an obair a dhéanann na húdaráis chánach i dtaca le bailiú cánacha díreacha agus indíreacha a éascú agus a shruthlíniú a bhuí leis an gclár. Trí cháilíocht na hoibre a mhéadú trí chomhar agus trí fhothú acmhainneachta TF agus an duine, is éifeachtúla ná mar atá a bheidh údaráis chánach chun leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfar measúnú ar thionchar an chláir Fiscalis bheartaithe trí mheastóireachtaí eatramhacha agus deiridh agus trí fhaireachán a dhéanamh ar thacar eochairtháscairí feidhmíochta ardleibhéil ar bhonn leanúnach. Déanfar na meastóireachtaí sin i gcomhréir le mír 22 agus mír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016, inar dhearbhaigh na trí institiúid gur cheart measúnuithe tionchair ar roghanna i leith tuilleadh gníomhaíochta a bheith bunaithe ar mheastóireachtaí ar an reachtaíocht agus ar na beartais a bhí ann cheana; Sna meastóireachtaí déanfar measúnú ar éifeachtaí na hIonstraime ar an láthair ar bhonn táscairí agus spriocanna agus anailís mhionsonraithe ar a mhéid is féidir a mheas go bhfuil an ionstraim ábhartha éifeachtach éifeachtúil, gur leor an breisluach Eorpach a chuirtear ar fáil léi agus go bhfuil sí comhleanúnach le beartais AE eile. Beidh ceachtanna a foghlaimíodh san áireamh iontu chun aon laigí nó fadhbanna atá ann a shainaithint nó aon phoitéinseal atá ann breis feabhais a chur ar na gníomhaíochtaí nó ar a dtorthaí agus chun cuidiú lena dtionchar a uasmhéadú. Áireofar iontu freisin sainaithint agus cainníochtú costas, tairbhí agus coigiltis rialála.
Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe meastóireachta go mbaileofar sonraí chun meastóireacht a dhéanamh ar an gclár ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, agus ar an leibhéal gráinneachta iomchuí; déanfar na sonraí agus an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún ar dhóigh atá i gcomhréir le forálacha dlíthiúla eile; mar shampla, i gcás inar gá, ba cheart sonraí pearsanta a choinneáil anaithnid. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.
Beidh torthaí agus aischuir an chláir faoi réir measúnú ar bhonn rialta trí chóras faireacháin cuimsitheach, bunaithe ar tháscairí réamhshainithe agus an gá atá le luach ar airgead a fháil á chur san áireamh.
Bainfear sonraí chun feidhmíocht a thomhas as uirlisí bailithe sonraí éagsúla. Is iad na príomhuirlisí atá beartaithe i láthair na huaire foirmeacha leantacha gníomhaíochtaí, foirmeacha measúnaithe ócáidí agus suirbhéanna rialta ar oifigigh chánach.
Ós rud é go bhfuil ról tacaíochta ag an gclár chun cuidiú le húdaráis tíortha rannpháirteacha faisnéis a roinnt agus a nacmhainneacht a threisiú, tá an córas faireacháin dírithe ar dhul chun cinn ghníomhaíochtaí an chláir a leanúint ó thaobh táscairí ar leibhéil aischur de. Aon uair is féidir, déantar scrúdú ar tháscairí freisin i réimsí i ndáil le cuspóirí ardleibhéil an chláir.
Eiseoidh an Choimisiún, ar bhonn bliantúil, tuarascáil ar dhul chun cinn an chláir ina mbeidh achoimre ar an bhfeidhmíocht i dtaca le cuspóirí an chláir agus leis na táscairí aischuir agus toraidh lena mbaineann.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Caibidil I – Forálacha Coiteanna
Rinneadh raon feidhme an chláir a choigeartú chun go bhféadfar tacú ar bhealach níos cuimsithí le beartais chánach agus le húdaráis chánach i bhfianaise riachtanais atá ag teacht chun cinn. Cé go bhfuil sé mar chuspóir foriomlán leis an gclár Fiscalis 2020 reatha feidhmiú cuí na gcóras cánachais sa mhargadh inmheánach a fheabhsú, leis an gclár atá beartaithe tacófar le beartais chánach agus le húdaráis chánach náisiúnta agus, dá bhrí sin, is fearr an freastal a dhéanfar ar riachtanais tacaíochta a eascraíonn inter alia ó thionscnaimh beartais eile ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an clár beartaithe chun rannchuidiú le calaois chánach, le himghabháil cánach agus le seachaint cánach a chosc agus a chomhrac; ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a chosc agus a laghdú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí in idirbhearta trasteorann; lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach agus iomaíochas AE a chothú; cur chuige comhpháirteach ón Aontas a chur chun cinn agus tacú leis i bhfóraim idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, fiú má chuirtear cuspóirí an chláir in iúl ar bhealach atá beagán éagsúil agus ar bhealach simplithe – gan cuspóirí oibríochtúla – is ionann cuspóirí an chláir i bprionsabal.
Dála an chláir Fiscalis 2020 reatha, beidh an clár nua oscailte do rannpháirtíocht ó na Ballstáit, ó thíortha aontacha, ó thíortha is iarrthóirí agus ó iarrthóirí ionchasacha. I gcomhréir le beartas foriomlán an Aontais, maidir le tíortha de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus tríú tíortha, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha idir an tAontas agus na tíortha sin, beidh siad in ann freisin páirt a ghlacadh sa chlár faoi choinníollacha áirithe.
Caibidil II – Incháilitheacht
Tríd is tríd, tá na cineálacha gníomhaíochtaí a mheastar a bheith incháilithe le haghaidh cistiú faoin gclár cosúil leo sin faoin gclár reatha. Mar sin féin, rinneadh tíopeolaíocht na ngníomhaíochtaí sin a shimpliú agus a laghdú d’fhonn tuilleadh solúbthachta a thabhairt. Sa liosta táscach in Iarscríbhinn 1, tugtar forbhreathnú ar ghníomhaíochtaí nithiúla a d’fhéadfaí a chistiú faoin gclár.
Bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh leis an uirlis reatha i leith na bhFoirne Saineolaithe faoin gclár Fiscalis 2020 reatha, tá béim ar leith sa togra ar chomhar struchtúrtha tionscadalbhunaithe agus é mar aidhm aige cur le comhar oibríochtúil feabhsaithe agus foráil a dhéanamh maidir le foirmeacha doimhne comhtháite comhair idir tíortha rannpháirteacha.
Rud úrnua i gcomparáid leis an gclár reatha is ea an fhoráil a bhaineann le gníomhaíochtaí atá riachtanach chun na córais leictreonacha Eorpacha le haghaidh comhar le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a oiriúnú nó a leathnú. Tríd sin, soláthraítear sásra atá níos éasca agus níos simplí ná an sásra atá san áireamh sa chlár Fiscalis 2020, agus leis sin ní dhéantar foráil maidir le haon mhodhnú ar na córais leictreonacha Eorpacha a mhaoiniú lena úsáid gan comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích leis an tríú tír ábhartha de réir Airteagal 218 de CFAE. Ionas go ráthófar aga freagartha barrmhaith chun an idirnascacht sin a chur i bhfeidhm le tríú tíortha, déantar foráil sa togra maidir leis na hoiriúnuithe nó leis na síntí is gá agus maidir le socruithe riaracháin a ghlacadh ina mbeidh na coinníollacha ábhartha, lena náirítear ranníocaíocht airgeadais a d’fhéadfadh a bheith dlite ag an tríú tír nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht. Ní bheadh sé sin indéanta ach amháin dá mbeadh an ghníomhaíocht chun leas an Aontais.
I bhfianaise thábhacht an domhandaithe, a bhuí leis an gClár, leanfar de dheis a thabhairt d'ionadaithe a bheith páirteach, ar ionadaithe údarás rialtais iad, lena náirítear ionadaithe ó thríú tíortha, mar aon le hionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó oibreoirí eacnamaíocha nó ón tsochaí shibhialta mar shaineolaithe seachtracha, i gcás ina rachaidh sé chun tairbhe do na gníomhaíochtaí lena gcuirtear cuspóir an Chláir chun feidhme.
Caibidil III - Deontais
Cuirfear an clár chun feidhme trí na sásraí caiteachais de chuid an Aontais is mó a úsáidtear, eadhon soláthar poiblí agus deontais. Maidir le deontais, leagtar síos sa togra nach mbeidh feidhm ag aon ghlao ar thogra sa chás ina bhfuil na heintitis incháilithe ina núdaráis chustaim.
Faoi mar a rinneadh roimhe sin, ba cheart gníomhaíochtaí suas le 100% a chistiú leis an gClár mar gheall ar an mbreisluach AE mór atá acu. Nuair is gá deontais a dhámhachtain le haghaidh gníomhaíochtaí, déanfar an ráta cómhaoinithe is infheidhme a leagan amach sna cláir oibre.
Caibidil IV - Forálacha sonracha maidir le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF
Is é is aidhm leis na forálacha faoin gcaibidil seo creat feabhsaithe agus rialachas feabhsaithe a sholáthar le haghaidh na ngníomhaíochtaí forbartha acmhainní TF arna ndéanamh faoin gclár. Bunaithe ar an taithí a fuarthas ar chláir Fiscalis roimhe sin agus i bhfianaise líon méadaithe na gcóras leictreonach Eorpach, moltar roinnt gnéithe úrnua. Cuimsíodh sainmhíniú feabhsaithe ar chomhpháirteanna coiteanna agus ar chomhpháirteanna náisiúnta chun fíorstaid tionscadal TF agus a ngnéithe a léiriú. Liostaíodh na cúraimí atá ar an gCoimisiún ar thaobh amháin agus ar na Ballstáit ar an taobh eile. Ar deireadh, is fearr a bheifear in ann acmhainní daonna agus buiséadacha a phleanáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE a bhuí le Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais, a bheidh le tarraingt suas ag an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit. Tugadh dualgais tuairiscithe tionlacain isteach chun gur fearr is féidir faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF.
Caibidil V - Cláreagrú, faireachán, meastóireacht agus rialú
I bhfianaise gur de chineál meántéarma go fadtéarma iad na cuspóirí arna saothrú agus taithí a fuarthas le himeacht ama mar dhúshraith, ba cheart roinnt blianta a bheith cumhdaithe i gcláir oibre. Is gné úrnua é sin i gcomparáid leis an gclár Fiscalis 2020 reatha ina ndéantar foráil maidir le cláir oibre bhliantúla. Cé nach mbeidh tionchar ag cláir oibre ilbhliantúla ar chur chun feidhme an Chláir, laghdófar an tualach riaracháin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon.
Beidh coiste don Chlár Fiscalis (nós imeachta scrúdúcháin) de chúnamh ag an gCoimisiún.
Cuireadh liosta príomhtháscairí isteach in Iarscríbhinn 2 chun feabhas a chur ar an bhfaireachán ar an gclár agus ar fheidhmíocht an chláir ón tús. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt, lena náirítear trí leasuithe ar Iarscríbhinn 2 chun athbhreithniú agus/nó comhlánú a dhéanamh ar an liosta táscairí i gcás inar gá.
Déanfar meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.
Caibidil VI - An tarmligean a fheidhmiú agus an nós imeachta coiste
Tugtar de chumhacht don Choimisiún cumhachtaí tarmligthe a ghlacadh maidir le hathbhreithniú an chreata faireacháin feidhmíochta agus maidir le táscairí gaolmhara.
Beidh coiste i gcomhair an Cláir Fiscalis (nós imeachta scrúdúcháin) de chúnamh ag an gCoimisiún.
Caibidil VII — Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha deiridh
Tabharfar faisnéis chomhtháite, éifeachtach, chomhréireach agus spriocdhírithe do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.
2018/0233 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an clár 'Fiscalis' chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 197 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Leis an gclár Fiscalis 2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus a chuireann an Coimisiún chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na tíortha comhlachaithe, agus le réamhtheachtaithe an chláir, rannchuidíodh go mór le comhar a éascú agus a fheabhsú idir údaráis chánach laistigh den Aontas. D'aithin údaráis chánach na dtíortha rannpháirteacha breisluach na gclár sin, lena náirítear maidir le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha Bhallstáit an Aontais agus cáiníocóirí a chosaint. Ní féidir dul i ngleic leis na dúshláin arna sainaithint do na chéad deich mbliana eile mura mbreathnaíonn na Ballstáit níos faide ná teorainneacha a gcríoch riaracháin féin nó mura dtéann siad i ndlúthchomhar lena gcontrapháirtithe.
(2)Leis an gclár Fiscalis 2020, cuirtear creat Aontais ar fáil do na Ballstáit ina bhféadfar na gníomhaíochtaí comhair sin a fhorbairt, rud atá níos costéifeachtúla ná gach Ballstát a bheith ag cur a chreata comhair aonair ar bun ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach. Is iomchuí a áirithiú, dá bhrí sin, go leanfar den chlár sin trí chlár nua a bhunú sa réimse céanna, an clár Fiscalis ('an Clár').
(3)Trí chreat gníomhaíochtaí a sholáthar lena dtugtar tacaíocht don mhargadh aonair, lena gcothaítear iomaíochas an Aontais agus lena gcosnaítear leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát, leis an gClár, ba cheart rannchuidiú le calaois chánach, le himghabháil cánach agus le seachaint cánach a chosc agus a chomhrac; ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a chosc agus a laghdú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí in idirbhearta trasteorann; lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach agus iomaíochas an Aontais a chothú; agus tacaíocht a thabhairt do chur chuige comhpháirteach ón Aontas i bhfóraim idirnáisiúnta.
(4)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais.
(5)D'fhonn an próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, ba cheart an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht tíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí, mar aon le hiarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa ar chuntar go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe. Féadfar é a oscailt do thríú tíortha eile freisin, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha idir an tAontas agus na tíortha sin lena gcumhdaítear a rannpháirtíocht in aon chlár de chuid an Aontais.
(6)Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) [2018/XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ('an Rialachán Airgeadais') maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena náirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíochtaí saineolaithe seachtracha.
(7)Léiríodh go bhfuil na gníomhaíochtaí a bhí i bhfeidhm faoin gclár Fiscalis 2020 leordhóthanach agus gur cheart, dá bhrí sin, iad a choinneáil. Ionas go bhféadfaí simplíocht agus solúbthacht bhreise a sholáthar agus an Clár á chur i ngníomh agus, ar an dóigh sin, ionas gurbh fhearr ab fhéidir a chuspóirí a bhaint amach, níor cheart na gníomhaíochtaí a shainiú ach amháin ó thaobh catagóirí foriomlána de le liosta samplaí léiriúcháin de ghníomhaíochtaí nithiúla. Trí chomhar agus trí fhothú acmhainneachta, leis an gclár Fiscalis, ba cheart tacaíocht a thabhairt do ghlacadh agus úsáid éifeachtach na nuálaíochta agus an méid sin a chur chun cinn, ionas gurbh fhearr ab fhéidir na príomhthosaíochtaí cánachais a bhaint amach.
(8)I bhfianaise soghluaisteacht mhéadaithe cáiníocóirí, líon na nidirbheart trasteorann agus idirnáisiúnú ionstraimí airgeadais a bhfuil i bhfad níos mó ná teorainneacha an Aontais i gceist leo, d'fhéadfadh sé go mbeadh leas ag an Aontas nó ag na Ballstáit i gcórais leictreonacha Eorpacha a oiriúnú do thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta nó sna córais sin a shíneadh leo. Tríd sin, bheifí in ann, go háirithe, an tualach riaracháin agus na costais a sheachaint a bheadh i gceist le dhá chóras leictreonacha chosúla a fhorbairt, ceann chun faisnéis a mhalartú san Aontas agus ceann eile chun faisnéis a mhalartú go hidirnáisiúnta. Dá bhrí sin, nuair atá údar cuí leis i ngeall ar an leas sin, ba cheart oiriúnuithe córas leictreonach Eorpach nó síntí leo arna ndéanamh le haghaidh comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith ina gcostais incháilithe faoin gClár.
(9)I ngeall ar an tábhacht a bhaineann le domhandú, ba cheart leanúint de dheis rannpháirtíochta a thabhairt do shaineolaithe seachtracha leis an gClár de réir bhrí Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais. Ba cheart do na saineolaithe seachtracha sin a bheith ina nionadaithe údarás rialtais den chuid is mó, lena náirítear ó thríú tíortha neamhchomhlachaithe, mar aon le hionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, oibreoirí eacnamaíocha, cáiníocóirí agus an tsochaí shibhialta.
(10)I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin a bhaineann le comhleanúnachas agus simpliú clár cistiúcháin a áirithiú, a leagtar amach ina Theachtaireacht an 19 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal 'Athbhreithniú Bhuiséad AE', ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais más ionann na cuspóirí atá á saothrú le gníomhaíochtaí an chláir atá beartaithe agus cuspóirí roinnt ionstraimí cistiúcháin eile, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh, áfach. Ba cheart go náiritheofaí leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár comhleanúnachas ó thaobh úsáid acmhainní an Aontais de chun tacaíocht a thabhairt do bheartas cánach agus d'údaráis chustaim.
(11)Meastar go núsáidfear an chuid is mó den bhuiséad faoin gClár le haghaidh gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta Teicneolaíochta Faisnéise (TF). Dá bhrí sin, i bhforálacha sonracha, ba cheart cur síos a dhéanamh ar na comhpháirteanna coiteanna agus náisiúnta faoi seach de na córais leictreonacha Eorpacha. Thairis sin, ba cheart raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát a shainiú go soiléir.
(12)Ní cheanglaítear Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais a tharraingt suas i láthair na huaire chun timpeallacht leictreonach atá comhleanúnach comh-inoibritheach a chruthú le haghaidh cánachais san Aontas. Chun comhleanúnachas agus comhordú gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Chlár maidir le plean straitéiseach ilbhliantúil den sórt sin a chur le chéile le haghaidh cánachais.
(13)Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme trí bhíthin cláir oibre. I bhfianaise gur de chineál meántéarma go fadtéarma iad na cuspóirí arna saothrú agus taithí a fuarthas le himeacht ama mar dhúshraith, ba cheart go bhféadfaí roinnt blianta a chumhdach i gcláir oibre. Laghdófar an tualach riaracháin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon leis an aistriú ó chláir oibre bhliantúla go cláir oibre ilbhliantúla.
(14)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(15)De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gclár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus rórialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit, go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na hIonstraime ar an láthair.
(16)Chun freagairt go hiomchuí d'athruithe i dtosaíochtaí beartais cánach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí chun gnóthú chuspóirí sonracha an Chláir a thomhas. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna le saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe.
(17)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.
(18)Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Ina theannta sin, baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais ar easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, óir réamhchoinníoll bunriachtanach le haghaidh na bainistíochta fónta airgeadais agus maoiniú éifeachtach AE is ea urramú an smachta reachta.
(19)Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.
(20)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(21)Gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ba cheart dá bhrí sin an Rialachán sin a aisghairm,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
1.Bunaítear an clár 'Fiscalis' leis an Rialachán seo chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim ('Clár').
2.Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn 'cánachas' ábhair, lena náirítear dearadh, riar, forfheidhmiú agus comhlíonadh, i ndáil leis na cánacha agus leis na dleachtanna seo a leanas:
(a)cáin bhreisluacha dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle;
(b)dleachtanna máil ar alcól dá bhforáiltear i dTreoir 92/83/CEE ón gComhairle;
(c)dleachtanna máil ar tháirgí tobac dá bhforáiltear i dTreoir 2011/64/AE ón gComhairle;
(d)cánacha ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas dá bhforáiltear i dTreoir 2003/96/CE ón gComhairle;
(e)cánacha agus dleachtanna eile dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) de Threoir 2010/24/AE ón gComhairle a mhéid a bhaineann siad leis an margadh inmheánach agus le comhar riaracháin idir na Ballstáit;
(2)ciallaíonn 'údaráis chánach' na húdaráis phoiblí agus na comhlachtaí eile atá freagrach as cánachas nó as gníomhaíochtaí a bhaineann le cáin;
(3)ciallaíonn 'córais leictreonacha Eorpacha' córais leictreonacha atá riachtanach do chánachas agus do mhisin údarás cánach a fhorghníomhú;
(4)ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nach bhfuil ina ball den Aontas.
Airteagal 3
Cuspóirí an Chláir
1.Tá sé mar chuspóir ginearálta leis an gClár tacaíocht a thabhairt d'údaráis chánach agus do chánach chun feidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú, iomaíochas an Aontais a chothú agus leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint.
2.Tá cuspóir ar leith ag an gClár, is é sin, tacaíocht a thabhairt do bheartas cánach, do chomhar cánach agus d'fhothú acmhainneachta riaracháin, lena náirítear inniúlacht an duine agus córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú.
Airteagal 4
An buiséad
1.Is é EUR 270 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021-2027.
2.Féadfar a chumhdach freisin leis an méid dá dtagraítear i mír 1 speansais maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú an Chláir agus le meastóireacht a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí an Chláir. Ina theannta sin, féadfar a chumhdach leis speansais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, a fhad a bhaineann siad sin le cuspóirí an Chláir, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena náirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú an Chláir.
Airteagal 5
Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár
Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:
(a)tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;
(b)countries covered by the European Neighbourhood Policy, in accordance with the general principles and general terms and conditions for the participation of those countries in Union programmes established in the respective framework agreements and association Council decisions, or similar agreements, and in accordance with the specific conditions laid down in agreements between the Union and those countries, provided that those countries have reached a sufficient level of approximation of the relevant legislation and administrative methods to those of the Union;
(c)tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:
–go náirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais;
–go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena náirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] de Rialachán [2018/XXXX] [an Rialachán Airgeadais nua] a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;
–nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht chinnteoireachta don tríú tír maidir leis an gClár;
–go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.
Airteagal 6
Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas
1.Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.
2.Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíocht speansas taistil agus cothaithe arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha.
CAIBIDIL II
INCHÁILITHEACHT
Airteagal 7
Gníomhaíochtaí incháilithe
1.Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.
2.Beidh an méid seo a leanas san áireamh sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1:
(a)cruinnithe agus ócáidí ad hoc comhchosúla;
(b)comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe;
(c)gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF, go háirithe forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach;
(d)gníomhaíochtaí maidir le fothú inniúlachtaí agus acmhainneacht an duine;
(e)tacaíocht agus gníomhaíochtaí eile, lena náirítear:
(1)staidéir;
(2)gníomhaíochtaí nuálaíochta, go háirithe cruthúnas coincheap, treoirthionscnaimh agus tionscnaimh fréamhshamhaltaithe;
(3)gníomhaíochtaí cumarsáide a forbraíodh i gcomhpháirt;
(4)aon ghníomhaíocht eile dá bhforáiltear sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 13, atá riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach nó chun tacú leo.
Cuirtear foirmeacha gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) i láthair i liosta neamh-uileghabhálach in Iarscríbhinn 1.
3.Maidir le gníomhaíochtaí arb éard atá i gceist leo oiriúnuithe do chomhpháirteanna coiteanna de na córais leictreonacha Eorpacha nó síntí leo a fhorbairt agus a oibriú le haghaidh comhar le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, beidh siad incháilithe le haghaidh cistiú nuair is chun leas an Aontais atá siad. Cuirfidh an Coimisiún na socruithe riaracháin is gá i bhfeidhm, lena bhféadfar foráil a dhéanamh maidir le ranníocaíocht airgeadais ó na tríú páirtithe lena mbaineann na gníomhaíochtaí sin.
4.I gcás ina bhfuil baint ag gníomhaíocht fothaithe acmhainneachta TF dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 le forbairt agus oibriú córais leictreonaigh Eorpaigh, ní bheidh ach na costais a bhaineann leis na freagrachtaí arna dtabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 11(2) incháilithe le haghaidh cistiú faoin gClár. Is iad na Ballstáit a íocfaidh na costais a bhaineann leis na freagrachtaí a thugtar dóibh de bhun Airteagal 11(3).
Airteagal 8
Saineolaithe seachtracha
1.Aon uair inar tairbhiúil chun na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach, i gcás ionadaithe ó údaráis rialtais, lena náirítear iad sin ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár de bhun Airteagal 5, ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile, oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d'oibreoirí eacnamaíocha agus don tsochaí shibhialta, féadfaidh siad páirt a ghlacadh mar shaineolaithe seachtracha i ngníomhaíochtaí arna neagrú faoin gClár.
2.Beidh costais arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha dá dtagraítear i mír 1 incháilithe le haghaidh aisíocaíocht faoin gClár i gcomhréir le forálacha Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais.
3.Roghnóidh an Coimisiún na saineolaithe seachtracha bunaithe ar na scileanna, ar an taithí agus ar an eolas atá acu is ábhartha don ghníomhaíocht shonrach, agus déanfar aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint san am céanna.
CAIBIDIL III
DEONTAIS
Airteagal 9
Dámhachtain, comhlántacht agus cistiú comhcheangailte
1.Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.
2.Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoi chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn an ranníocaíocht na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus féadfar an tacaíocht as na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.
3.I gcomhréir le hAirteagal 198(f) den Rialachán Airgeadais, dámhfar na deontais gan glao ar thograí i gcás inar údaráis chánach de chuid na mBallstát agus na dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo iad na heintitis incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.
Airteagal 10
Ráta cómhaoinithe
1.De mhaolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais, féadfar suas le 100% de chostais incháilithe gníomhaíochta a mhaoiniú leis an gClár.
2.Sna cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 13, leagfar amach an ráta cómhaoinithe is infheidhme i gcás ina néileofar go mbronnfar deontais de réir na ngníomhaíochtaí.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ FOTHAITHE ACMHAINNEACHTA TF
Airteagal 11
Freagrachtaí
1.Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit an fhorbairt agus an toibriú i gcomhar, lena náirítear dearadh, sonraíocht, tástáil comhréireachta, úsáid, cothabháil, éabhlóid, slándáil, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta, na gcóras leictreonach Eorpach a liostaítear sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá dtagraítear in Airteagal 12.
2.Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:
(a)forbairt agus oibriú comhpháirteanna coiteanna arna mbunú faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá bhforáiltear in Airteagal 12;
(b)forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú go foriomlán chun críocha a ninoibritheachta, a nidirnascachta agus a bhfeabhsaithe leanúnaigh agus a gcur chun feidhme shioncronaithe;
(c)comhordú córas leictreonach Eorpach ar leibhéal an Aontais d'fhonn iad a chur ar aghaidh agus a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta;
(d)forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú maidir lena nidirghníomhaíochtaí le tríú páirtithe, seachas gníomhaíochtaí atá ceaptha chun ceanglais náisiúnta a chomhlíonadh;
(e)comhordú córas leictreonach Eorpach le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomh-Rialtas ar leibhéal an Aontais.
3.Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:
(a)forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta arna mbunú faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá bhforáiltear in Airteagal 12;
(b)forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta córas leictreonach Eorpach a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta;
(c)córais leictreonacha Eorpacha a chomhordú le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomh-Rialtas ar leibhéal an Aontais;
(d)soláthar rialta faisnéise don Choimisiún maidir leis na bearta arna ndéanamh chun go bhféadfaidh a núdaráis nó a noibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann lánúsáid a bhaint as córais leictreonacha Eorpacha;
(e)cur chun feidhme córas leictreonach Eorpach ar an leibhéal náisiúnta.
Airteagal 12
Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais
1.Déanfaidh an Coimisiún Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta ina liostófar gach cúram ábhartha chun córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú agus ina naicmeofar gach córas, nó cuid de:
(a)mar chomhpháirt choiteann: mar chomhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais, atá ar fáil do gach Ballstát nó atá sainaitheanta mar chomhpháirt choiteann ag an gCoimisiún ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála agus cuíchóirithe;
(b)mar chomhpháirt náisiúnta: mar chomhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar an leibhéal náisiúnta, atá ar fáil sa Bhallstát a chruthaigh comhpháirt den sórt sin nó a rannchuidigh lena comhchruthú;
(c)nó meascán den dá rud.
2.Ina theannta sin, cuirfear san áireamh sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais gníomhaíochtaí nuálaíochta agus treoirghníomhaíochtaí mar aon leis na modheolaíochtaí agus leis na huirlisí tacaíochta i ndáil leis na córais leictreonacha Eorpacha.
3.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach cúram a shanntar dóibh a chur i gcrích faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá dtagraítear i mír 1. Tuairisceoidh siad go rialta don Choimisiún freisin maidir leis an dul chun cinn a dhéanfaidh siad lena gcúraimí.
4.Tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar an dul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá dtagraítear i mír 1 lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin. Beidh na tuarascálacha bliantúla sin bunaithe ar fhormáid réamhshocraithe.
5.Tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, bunóidh an Coimisiún, ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 4, tuarascáil chomhdhlúite ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún i gcur chun feidhme an phlean dá dtagraítear i mír 1 agus poibleoidh sé an tuarascáil sin.
CAIBIDIL V
CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ
Airteagal 13
Clár oibre
1.Is leis na cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 108 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme.
2.Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre ilbhliantúla trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
Airteagal 14
Faireachán agus tuairisciú
1.Leagtar amach in Iarscríbhinn 2 na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.
2.Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 17, chun Iarscríbhinn 2 a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.
3.Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.
Airteagal 15
Meastóireacht
1.Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.
2.Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an chláir.
3.I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.
4.Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.
Airteagal 16
Iniúchtaí agus imscrúduithe
I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa chlár de thoradh cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dhlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar ar na cearta sin an ceart chun imscrúduithe a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).
CAIBIDIL VI
AN NÓS IMEACHTA COISTE AGUS AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ
Airteagal 17
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 18
Nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh coiste dá ngairfear "Coiste an Chláir Fiscalis" cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH
Airteagal 19
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht
1.Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.
2.Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.
Airteagal 20
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.
Airteagal 21
Forálacha idirthréimhseacha
1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.
2.Ina theannta sin, féadfaidh clúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an taistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaí an Chláir, Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013, a áirithiú.
3.Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.
Airteagal 22
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1Teideal an togra/tionscnaimh
1.2Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)
1.3An cineál togra/tionscnaimh
1.4Forais an togra/tionscnaimh
1.5Fad agus tionchar airgeadais
1.6Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2Córas bainistíochta agus rialaithe
2.3Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
3.2An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár Fiscalis le haghaidh comhar i réimse an chustaim
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)
An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
◻ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
X síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Forais an togra/tionscnaimh
1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Cuirfear an clár chun feidhme trí ghníomh cur chun feidhme lena nglactar clár oibre ilbhliantúil. Glacfar an clár sa chéad ráithe de 2021 tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Fiscalis. Déanfar an clár oibre ilbhliantúil a fhorghníomhú trí chomhaontuithe deontais a thabhairt i gcrích leis na tairbhithe agus trí chonarthaí soláthair phoiblí a thabhairt i gcrích leis na soláthraithe seirbhísí ag tosú sa dara ráithe de 2021 ar a dhéanaí.
1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an luach breise a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.
Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)
Tá deacracht fós ag an Aontas agus ag na húdaráis chánach náisiúnta toisc nach bhfuil a dóthain acmhainneachta acu ná a dhóthain comhair á dhéanamh acu – laistigh de AE agus le tríú tíortha araon – chun a misin dhéanamh go héifeachtach agus go héifeachtúil. Ní mór dóibh freagraí gasta agus comhpháirteacha a thabhairt ar fhadhbanna a thagann chun cinn amhail imghabháil cánach agus seachaint cánach, digitiú agus samhlacha gnó nua, agus ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a chosc do shaoránaigh agus do ghnólachtaí in idirbhearta trasteorann. Eascraíonn dúshláin nua go leanúnach as na treochtaí sin ó thaobh feidhmiú agus feidhmíocht údarás cánach náisiúnta. Bíonn gá le bealaí feabhsaithe agus nuálacha chun a bpríomhchúram a dhéanamh i.e. cánacha a bhailiú a chuirtear go díreach leis an mbuiséad náisiúnta agus go hindíreach le buiséad an Aontais. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún clár Fiscalis ina gcuimsítear acmhainní agus buiséad lena dtacófar le beartas cánach agus le húdaráis chánach trí ghníomhaíochtaí fothaithe riaracháin agus TF agus trí chomhar oibríochtúil.
An luach breise ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post)
Caithfear formhór mór an bhuiséid bheartaithe ar ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF. Líonra ardslándála tiomnaithe cumarsáide atá ina bhunchloch ag an gcomhar custaim lena náirithítear nach gá do gach riarachán náisiúnta ach é féin a nascadh uair amháin leis an mbonneagar coiteann sin chun bheith in ann faisnéis de shaghas ar bith a mhalartú. Murach an bonneagar sin a bheith ar fáil, bheadh ar na Ballstáit iad féin a nascadh 27 nuaire le córais náisiúnta gach ceann de na Ballstáit eile.
1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil eile san am a chuaigh thart
Cuirtear san áireamh sa togra seo moltaí na meastóireachta deiridh ar Fiscalis 2013 mar aon le réamhthorthaí na meastóireachta meántéarma leanúnaí ar Fiscalis 2020. Léirítear iontu go bhfuil breisluach láidir AE á sholáthar leis an gclár, go bhfuil muinín á cothú agus dlúthchomhar á chothú idir na Ballstáit agus le tíortha rannpháirteacha eile freisin (tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha). Éascaítear cur chun feidhme reachtaíocht AE leis an gclár freisin, mar aon le gnóthachain éifeachtúlachta (trí acmhainní a thiomsú) go háirithe ó thaobh córais leictreonacha de (ina dtagann barainneacht scála agus costais forbartha laghdaithe as idirghabháil ón Aontas) agus modúil oiliúna de (inar thuairiscigh údaráis áirithe gur shábháil siad am agus airgead a bhuí le hidirghabháil AE). Thuairiscigh rannpháirtithe freisin go bhfuil an-leas agus leas méadaithe acu i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha (go háirithe cuairteanna oibre, seimineáir agus ceardlanna) mar uirlis éifeachtach lena rannchuidítear le comhar agus lena bhfeabhsaítear malartú faisnéise idir údaráis chánach. Meastar gur uirlis chumhachtach é tabhairt isteach Foirne Saineolaithe mar gheall ar na socruithe cistiúcháin sonracha agus oibríochtúla chun dlúthchomhar a dhoimhniú (ar bhonn réigiúnach nó téamach). Léirigh rannpháirtithe áirithe go bhféadfaí dáileadh reatha na gcistí a mhéadú i bhfabhar na gníomhaíochta fothaithe acmhainneachta riaracháin sin.
1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann
Tá an togra seo ag teacht le cláir ghníomhaíochta agus cistí gníomhaíochta eile atá beartaithe ag AE a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu i réimsí gaolmhara:
-
An clár Custaim, lena dtacaítear le comhar i réimse an chustaim;
-
An clár frithchalaoise de chuid AE lena dtéitear i ngleic le calaois chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 325 CFAE;
-
Clár an Mhargaidh Aonair, lena dtacaítear le gníomhaíochtaí AE chun gur fearr a fheidhmeoidh an margadh aonair;
-
An Clár Tacaíochta um Athchóiriú lena gcuidítear le tíortha AE sonracha institiúidí ar éifeachtúla ná mar a bhí iad a thógáil, creataí rialachais a neartú agus cur lena éifeachtúla atá údaráis phoiblí.
1.5.Fad agus tionchar airgeadais
X tréimhse theoranta
–X
i bhfeidhm ón 01/01/2021 go dtí an 31/12/2027
–X
Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go 2030 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
◻ tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
X Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún
–X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻ trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí poiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn 'Nótaí' le do thoil.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
Déanfar measúnú ar thionchar an chláir Fiscalis bheartaithe trí mheastóireachtaí eatramhacha agus deiridh agus trí fhaireachán a dhéanamh ar thacar eochairtháscairí feidhmíochta ardleibhéil ar bhonn leanúnach.
Beidh torthaí agus aischuir an chláir faoi réir measúnú ar bhonn rialta trí chóras faireacháin cuimsitheach, bunaithe ar tháscairí réamhshainithe agus an gá atá le luach ar airgead a fháil á chur san áireamh. Bainfear leas as uirlisí éagsúla bailithe sonraí chun sonraí a fháil le feidhmíocht a thomhas lena náirítear foirmeacha leantacha gníomhaíochtaí, foirmeacha measúnaithe ócáidí agus suirbhéanna rialta ar oifigigh chánach.
Ós rud é go bhfuil ról tacaíochta ag an gclár chun cuidiú le húdaráis tíortha rannpháirteacha faisnéis a roinnt agus a nacmhainneacht a threisiú, tá an córas faireacháin dírithe ar dhul chun cinn ghníomhaíochtaí an chláir a leanúint ó thaobh táscairí ar leibhéil aischur de. Aon uair is féidir, déantar scrúdú ar tháscairí freisin i réimsí i ndáil le cuspóirí ardleibhéil an chláir.
Eiseoidh an Choimisiún, ar bhonn bliantúil, tuarascáil ar dhul chun cinn an chláir ina mbeidh achoimre ar an bhfeidhmíocht i dtaca le cuspóirí an chláir agus i ndáil leis na dtáscairí aischuir agus toraidh lena mbaineann.
2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme cistiúcháin, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis rialaithe atá beartaithe
Cuirfear an clár chun feidhme faoin modh bainistíochta dírí i bhfianaise chineál ghníomhaíochtaí an chláir, na béime a leagtar sa chlár ar údaráis chánach mar thairbhithe agus cheannasacht náisiúnta na mBallstát maidir le cánachas. Leis an modh bainistíochta sin, déantar foráil maidir le hacmhainní airgeadais a leithdháileadh ar an dóigh is éifeachtúla agus is féidir leis an tionchar is mó agus is féidir. Go deimhin, tugtar solúbthacht agus cumhacht stiúrtha don Choimisiún leis an gclár chun na cistí iomchuí a leithdháileadh ar bhonn bliantúil trí a chinneadh airgeadais de réir tosaíochtaí arna gcomhaontú leis na Ballstáit trí nós imeachta coiste, lena náirítear riachtanais atá ag teacht chun cinn.
Déanfar an clár a chur chun feidhme trí bhíthin soláthair den chuid is mó agus, go pointe áirithe, trí bhíthin comhaontuithe deontais arna mbunú leis na húdaráis náisiúnta.
I dtaca le soláthar, déantar na modúlachtaí íocaíochta a ailíniú go hiomlán le caighdeáin chorparáideacha (réamh-mhaoiniú ar bith; tá na híocaíochtaí uile nasctha le glacadh le gnéithe insoláthartha réamhshainithe).
I dtaca le deontais, tá réamh-mhaoiniú suas le 90% beartaithe. Déantar íocaíocht deiridh nó gnóthuithe le haghaidh deontas ar bhonn tuarascálacha airgeadais mar aon le hiniúchtaí ex-post ar an láthair.
Tá an córas rialaithe le haghaidh soláthair bunaithe ar fhíorú críochnúil ex-ante ar 100% de na hidirbhearta uile agus dá bhrí sin cuirtear aon earráid tráth íocaíochta as an áireamh.
I dtaca le deontais, tá cur chuige déach ag an straitéis rialaithe:
(1) críochnaítear tuarascálacha airgeadais na núdarás náisiúnta tar éis athbhreithniú tapa a dhéanamh ar na doiciméid, agus an tordú íocaíochta deiridh nó an tordú gnóthaithe ina dhiaidh sin (rud a laghdaíonn na moilleanna ar íocaíochtaí). Déantar na horduithe íocaíochta nó na horduithe gnóthaithe sin a fhíorú trí na gnáthrialuithe ex-ante sna snagchuarda airgeadais (fíorú ex-ante ar 100% de na hidirbhearta).
(2) tá iniúchtaí ex-post ar an láthair sna Ballstáit mar bhonn taca leis na rialuithe thuas. Tá sé i gceist ag an Ard-Stiúrthóireacht TAXUD misin iniúchóireachta a dhéanamh ar an láthair i dtrí Bhallstát go cúig Bhallstát in aghaidh na bliana agus é mar rún aici tromlach na dtíortha rannpháirteacha a chumhdach roimh dheireadh na clárthréimhse.
2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Tá na rioscaí a bhaineann leis na hidirbhearta airgeadais lena gcuirtear an clár chun feidhme teoranta.
(1) Maidir le soláthar, déantar formhór na nidirbheart (atá nasctha den chuid is mó le forbairt agus oibriú córas leictreonach) a chur chun feidhme ag úsáid creatchonarthaí atá anois ann agus/nó trí bhíthin comhtharmligean chuig ranna eile de chuid an Choimisiúin.
Leis an gcóras rialaithe inmheánaigh foriomlán a bhí i bhfeidhm san Ard-Stiúrthóireacht TAXUD (bunaithe ar fhíorú ex-ante críochnúil ar 100% de na hidirbhearta gaolmhara), bhíothas in ann na rátaí earráidí sa chlár roimhe a choinneáil go mór faoi bhun na tairsí ábharthachta (i.e. ar leibhéal measta 0,5%). Leanfar den chóras rialaithe sin a úsáid agus a chur i bhfeidhm le haghaidh gach idirbhirt faoin gclár nua rud a áiritheoidh go mbeidh rátaí earráidí go mór faoi bhun na tairsí ábharthachta.
(2) Maidir le deontais, tá an leibhéal íseal riosca céanna i gceist leis na hidirbhearta go háirithe ós rud é:
•
go bhfuil na tairbhithe ina núdaráis chánach ar na Ballstáit agus ar na tíortha is iarrthóirí agus ar na hiarrthóirí ionchasacha – i gcás den sórt sin níl aon ghlaonna ar thograí i gceist;
•
go bhfuil caiteachas nasctha den chuid is mó le gníomhaíochtaí iomadúla agus méideanna atá réasúnta beag i gceist le haghaidh gach gníomhaíochta (aisíocaíochtaí caiteachas taistil agus cothaithe go príomha);
•
go bhfuil taifeadadh gníomhaíochtaí agus tiomsú tuarascálacha airgeadais faoi réir úsáid éigeantach ART2 (an córas leictreonach a úsáidtear le faireachán a dhéanamh ar an gcaiteachas) - cuimsítear rialuithe áirithe sa chóras sin;
•
go bhfuil na tionscadail agus na gníomhaíochtaí uile faoin gclár formheasta ex ante ag an Ard-Stiúrthóireacht TAXUD, áirítear dlíthiúlacht agus rialtacht na ngealltanas deontas trí na rialuithe a bhaineann leis na céimeanna roghnúcháin agus conarthacha;
•
go ndearbhaítear leis an anailís ar na hearráidí is coitianta arna mbrath le linn fíoruithe ex-post a rinneadh roimhe sin nó iniúchtaí ex-post ar an láthair go bhfuil riosca íseal ag baint leis na hidirbhearta airgeadais gaolmhara.
Faoin gclár roimhe sin, bhí an ráta earráidí don chuid arna cur chun feidhme trí bhíthin deontas faoi bhun na tairsí ábharthachta (i.e. timpeall 1%) go leanúnach. Leanfar den chóras rialaithe sin a chur i bhfeidhm rud a áiritheoidh go mbeidh rátaí earráidí faoi bhun na tairsí ábharthachta.
2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)
B'ionann costas bliantúil na rialuithe faoin gclár roimhe agus timpeall 1.5% go leanúnach (costas na rialuithe uile (soláthar agus deontais) ar íocaíochtaí arna ndéanamh le linn na bliana) agus meastar go bhfuil sé costéifeachtach.
Tá an riosca earráide, mar a léirítear thuas, teoranta i bhfianaise chineál agus mhodh cur chun feidhme na nidirbheart airgeadais gaolmhar. De bhreis air sin, tá sé mar aidhm leis an gcóras rialaithe inmheánaigh foriomlán, bunaithe ar fhíoruithe ex-ante críochnúla, gach earráid ionchasach a bhaint roimh an íocaíocht nó roimh an ndúnadh.
Laghdaítear an riosca earráide a d'fhéadfadh a bheith i gceist tráth íocaíochta/dúnta leis na rialuithe ex-post ar an láthair ós rud é gur mór an díspreagadh iad.
Léiríodh go bhfuil an straitéis rialaithe atá i bhfeidhm éifeachtach agus éifeachtúil faoin gclár roimhe agus go bhfuil costas an rialaithe teoranta.
Ós rud é go núsáidfear na córais rialaithe chéanna don chlár nua, beidh an costas a mheastar a bhainfidh le rialuithe agus leibhéal an riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis tráth na híocaíochta nó an dúnta faoin gclár nua ar an dul céanna.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
Tá straitéis frithchalaoise na hArd-Stiúrthóireachta TAXUD dírithe ar chultúr frithchalaoise a bhfuil borradh faoi a fhorbairt laistigh den Ard-Stiúrthóireacht trí ghníomhaíochtaí múscailte feasachta faoi rioscaí calaoise a d'fhéadfadh a bheith i gceist agus iompar eiticiúil i measc fhoireann na hArd-Stiúrthóireachta TAXUD. De bhreis air sin, tugtar aghaidh sa straitéis ar chomhar gníomhach le OLAF agus gnéithe calaoise a chomhtháthú sa timthriall um Pleanáil Straitéiseach agus Cláreagrú de chuid na hArd-Stiúrthóireachta.
Ós rud é go gcuirfear an clár chun feidhme (den chuid is mó) trí sholáthar, maidir le cuspóir 3 de straitéis frithchalaoise na hArd-Stiúrthóireachta TAXUD (i.e. "Feasacht a mhúscailt i dtaobh coinbhleacht leasa a d'fhéadfadh a bheith i gceist ag déileáil le páirtithe leasmhara seachtracha amhail brústocairí, tairgeoirí, conraitheoirí") agus béim ar 1) thaifid ar theagmhálacha le brústocairí a choinneáil, 2) ar bhainistíocht láraithe nósanna imeachta soláthair agus teagmhálacha le tairgeoirí, 3) ar oiliúint thiomnaithe ó thaobh teagmhálacha le brústocairí, beidh sé infheidhme go háirithe maidir le cur chun feidhme an chláir. De bhreis air sin, beidh aon chalaois agus neamhrialtacht a d'fhéadfadh a bheith ann san áireamh i gcomhairliúchán éigeantach an Chórais Luathbhraite agus Eisiaimh roimh chonarthaí a dhámhachtain (agus aon idirbheart airgeadais).
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais
|
|
1
|
03.01 An Margadh Aonair – Líne riaracháin
03.04 An Margadh Aonair – Comhar i réimse an chustaim (FISCALIS)
|
Difreáilte
|
NÍL
|
TÁ
|
TÁ
|
NÍL
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
1
|
'An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach'
|
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (de réir na línte buiséid a liostaítear faoi 3.1)
|
Gealltanais
|
(1)
|
33.202
|
34.036
|
35.326
|
37.122
|
39.494
|
42.540
|
46.180
|
|
267.900
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
7.957
|
24.607
|
31.141
|
33.479
|
35.699
|
38.342
|
41.504
|
55.171
|
267.900
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(3)
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
|
2.100
|
|
IOMLÁN leithreasuithe d'imchlúdach an chláir
|
Gealltanais
|
=1+3
|
33.502
|
34.336
|
35.626
|
37.422
|
39.794
|
42.840
|
46.480
|
|
270.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+3
|
8.257
|
24.907
|
31.441
|
33.779
|
35.999
|
38.642
|
41.804
|
55.171
|
270.000
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
7
|
“Caiteachas riaracháin”
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
|
Acmhainní daonna
|
6.556
|
6.556
|
6.556
|
6.556
|
6.556
|
6.556
|
6.556
|
|
45.892
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.303
|
0.303
|
0.303
|
0.303
|
0.303
|
0.303
|
0.303
|
|
2.121
|
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
6.859
|
6.859
|
6.859
|
6.859
|
6.859
|
6.859
|
6.859
|
|
48.013
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
40.361
|
41.195
|
42.485
|
44.281
|
46.653
|
49.699
|
53.339
|
|
318.013
|
|
|
Íocaíochtaí
|
15.116
|
31.766
|
38.300
|
40.638
|
42.858
|
45.501
|
48.663
|
55.171
|
318.013
|
3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–X
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
6.556
|
6.556
|
6.556
|
6.556
|
6.556
|
6.556
|
6.556
|
45.892
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.303
|
0.303
|
0.303
|
0.303
|
0.303
|
0.303
|
0.303
|
2.121
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
6.859
|
6.859
|
6.859
|
6.859
|
6.859
|
6.859
|
6.859
|
48.013
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
2.100
|
|
Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
0.300
|
2.100
|
|
IOMLÁN
|
7.159
|
7.159
|
7.159
|
7.159
|
7.159
|
7.159
|
7.159
|
50.113
|
Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.
–X
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin
|
42
|
42
|
42
|
42
|
42
|
42
|
42
|
|
Toscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Taighde
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: (FTE) - CA, LA, SNE, INT agus JPD
Ceannteideal 7
|
|
Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
- sa cheanncheathrú
|
7
|
7
|
7
|
7
|
7
|
7
|
7
|
|
|
- toscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Arna maoiniú as imchlúdach an chláir
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- toscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Taighde
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
49
|
49
|
49
|
49
|
49
|
49
|
49
|
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
San áireamh sna figiúirí tá foireann atá ag obair ar bhainistiú díreach agus cur chun feidhme an chláir chomh maith le foireann atá ag obair ar réimsí beartais a fhaigheann tacaíocht nó cistiú ón gclár.
|
|
Foireann sheachtrach
|
San áireamh sna figiúirí tá foireann atá ag obair ar bhainistiú díreach agus cur chun feidhme an chláir chomh maith le foireann atá ag obair ar réimsí beartais a fhaigheann tacaíocht nó cistiú ón gclár.
|
3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
Leis an togra/tionscnamh seo:
–X
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–◻
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–◻
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–X
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–X
ar acmhainní dílse
–◻ ar ioncam eile
má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ◻
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
D’fhéadfadh tionchar an chláir dul i bhfeidhm go hindíreach ar ioncam AE toisc go bhfuiltear ag tnúth go mbaileofar níos mó CBL trí éifeachtúlacht údarás cánach náisiúnta a fheabhsú. Ní féidir an tionchar sin a chainníochtú, áfach.