An Bhruiséil,11.6.2018

COM(2018) 440 final

2018/0230(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n
x001e
aisghairtear [an Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] agus Rialachán (AE) 375/2014

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2018) 317 final}
{SWD(2018) 318 final}
{SWD(2018) 319 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí

Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar an dlúthpháirtíocht, luach comhroinnte atá go tréan i ngach gné de shochaí na hEorpa. Gné bhunúsach den tionscadal Eorpach is ea an dlúthpháirtíocht, agus treoir shoiléir is ea í i dtaca le daoine óga na hEorpa a chur i dtreo a mianta i ndáil le Aontas Eorpach atá níos fearr a bhaint amach. I nDearbhú na Róimhe, ag ócáid an 60ú comóradh ar shíniú Chonradh na Róimhe, d’athdhearbhaigh ceannairí na 27 mBallstát, agus ceannairí na Comhairle Eorpaí, Pharlaimint na hEorpa, agus an Choimisiúin Eorpaigh, d’athdhearbhaigh siad a dtiomantas an aontacht agus an dlúthpháirtíocht a neartú d’fhonn an tAontas Eorpach a dhéanamh níos tréine agus níos athléimní 1 .

Thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an taitheasc ar Staid an Aontais an 14 Meán Fómhair 2016 agus leagadh béim ar an ngá le hinfheistiú i ndaoine óga agus fógraíodh an smaoineamh maidir le Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a bhunú. Is é aidhm an Chóir deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga ar fud an Aontais Eorpaigh chun cuidiú leis an tsochaí agus chun dlúthpháirtíocht a léiriú agus a gcuid scileanna a fhorbairt agus ar an gcaoi sin ní hamháin taithí oibre ach taithí ríluachmhar daonna a fháil. Ag Cruinniú Mullaigh na Bratasláive an 16 Meán Fómhair 2016 iarradh breis iarrachtaí polaitiúla a dhéanamh chun tacú le hEorpaigh óga agus chun cláir nua de chuid an Aontais a bhunú a thabharfadh deiseanna níos fearr dóibh. I dTeachtaireacht an 7 Nollaig 2016 ón gCoimisiún dar teideal “Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach” 2 , seoladh an chéad chéim den Chór agus luadh arís an sprioc 100 000 Eorpach óg a bheith rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach faoi 2020. Le linn na chéad chéime seo, cuireadh ocht gclár éagsúla AE 3 ar bun chun deiseanna saorálaíochta, cúrsaí oiliúna agus poist a thairiscint do dhaoine óga ar fud an Aontais.

Ós rud é go bhfuil an poitéinseal ann an dlúthpháirtíocht a fhorbairt a thuilleadh i dtaca le híospartaigh géarchéimeanna agus tubaistí i dtríú tíortha, déantar foráil sa togra seo maidir le raon feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a leathnú chun tacaíocht le haghaidh oibríochtaí cabhrach daonnúla i dtríú tíortha a áireamh, lena náirítear na tíortha sin atá lonnaithe i gcomharsanacht na réigiún is forimeallaí den Aontas Eorpach. Mar a léirítear sa mheastóireacht ex-ante a ghabhann leis an togra seo, bheadh go leor cuspóirí ag leathnú den chineál sin, amhail ionad ilfhreastail a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta. Áireofar air sin obair dheonach a dhéanann saorálaithe cabhrach daonnúla, gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht faoi láthair ó thionscnamh na Saorálaithe Cabhrach AE. Ba cheart an tionscnamh seo a bheith ina chuidiú chun acmhainn an Aontais a neartú i dtaobh cabhair dhaonnúil riachtanaisbhunaithe a sholáthar agus chun acmhainn agus teacht aniar pobal i dtríú tíortha atá soghonta nó atá buailte le tubaiste a neartú.

Déantar foráil sa togra seo maidir leis an gcreat dlíthiúil don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach chun na deiseanna a mhéadú do dhaoine óga a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta trí raon feidhme a ghníomhaíochtaí chomh maith lena raon feidhme geografach sa réimse seo a leathnú. Cuideoidh sé sin chun dul i ngleic le riachtanais sa tsochaí san Eoraip nach bhfuiltear ag freastal orthu chun freisin le dul i ngleic le dúshláin dhaonnúla i dtíortha lasmuigh den Aontas. Cuirfidh sé chun cinn freisin forbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil daoine óga.

Tá go leor daoine óga ann ar mhaith leo a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus tá go leor riachtanas ag pobail nach bhfuiltear ag freastal orthu, riachtanais a bhféadfaí freastal orthu ach daoine óga a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin. Tá go leor eagraíochtaí ag lorg daoine óga spreagtha chun cabhrú lena niarrachtaí; dá dtabharfaí tacaíocht dóibh, d’fhéadfadh na heagraíochtaí seo níos mó fós a chur ar fáil do phobail. Tá míchothromaíochtaí sa soláthar agus san éileamh, áfach. Tá bacainní ann freisin ar infhaighteacht na nacmhainní atá ar fáil, ar cháilíocht a áirithiú agus ar ghnéithe éagsúla dlíthiúla.

In éagmais bearta chun eagraíochtaí agus daoine óga a thabhairt le chéile chun an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn, tá an baol ann nach mbainfear leas as an poitéinseal mór atá sna gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta. Is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith air sin go gcaillfí leas mór d’eagraíochtaí, do dhaoine óga agus don tsochaí i gcoitinne gan chúis. Ina theannta sin, mar a léirítear sna meastóireachtaí ex ante agus sna meastóireachtaí a rinneadh ar Erasmus + agus ar Shaorálaithe Cabhrach AE roimhe seo, tá dóigh le feabhsú trí na próisis a shimpliú agus trí thairbhiú d' éifeachtúlachtaí níos fearr de thoradh barainneachtaí scála agus scóipe.

Sa chomhthéacs sin, tá sé d’aidhm ag an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach cur le rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí i ngníomhaíochtaí atá inrochtana agus ar ardchaighdeán. Is bealach é an Cór le comhtháthú, le dlúthpháirtíocht agus leis an daonlathas san Eoraip agus ar an gcoigríoch a neartú agus le dul i ngleic le dúshláin na sochaí agus dúshláin dhaonnúla ar an talamh, agus béim ar leith á cur ar an gcuimsiú sóisialta a chur chun cinn.

Chun an cuspóir ginearálta sin a bhaint amach, cuirfidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach deiseanna atá inrochtana go héasca ar fáil do dhaoine óga chun a bheith rannpháirteach i saorálaíocht, cúrsaí oiliúna nó poist in earnálacha a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht, amhail an geilleagar sóisialta, agus chun tionscadail dlúthpháirtíochta a cheapadh agus a fhorbairt ar a dtionscnamh féin. Leis sin, cuirfear le forbairt phearsanta, shóisialta agus ghairmiúil daoine óga freisin, chomh maith lena ninfhostaitheacht, trí fheabhas a chur ar a scileanna agus a ninniúlachtaí. Tacóidh an Cór freisin le gníomhaíochtaí líonraithe dá rannpháirtithe agus dá heagraíochtaí. Tá sé mar aidhm leo "spiorad" an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a chothú mar aon le braistint chomhuintearais i bpobal níos leithne atá tiomanta don dlúthpháirtíocht, agus malartú cleachtas agus taithí úsáideach a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm ag an gCór freisin a áirithiú:

·go dtugann na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thairgtear do rannpháirtithe óga cuidiú i dtaca le dul i ngleic le dúshláin nithiúla sa tsochaí le hoibríochtaí cabhrach daonnúla riachtanaisbhunaithe, agus cuidiú chun pobail a neartú; agus

·déantar torthaí na foghlama a eascraíonn as rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí den sórt sin a bhailíochtú i gceart.

Foráiltear leis togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana

Beidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ag tarraingt ar thraidisiún agus ar thaithí shaibhir agus sheanbhunaithe na mBallstát i ngníomhaíochtaí a fhreastalaíonn ar leas an phobail, e.g. tríd an tsaorálaíocht. Oibríonn cuid de na Ballstáit cláir náisiúnta ar sheirbhísí sibhialta a thugann deis do dhaoine óga a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus éascaíonn cuid eile gníomhaíochtaí a dhéanann an tsochaí shibhialta.

Ar leibhéal an Aontais, tá deiseanna saorálaíochta á gcur ar fáil ag an tSeirbhís Dheonach Eorpach do dhaoine óga le 20 bliain anuas. Beartais agus cláir amhail an Ráthaíocht don Aos Óg agus an tionscnamh ‘Do chéad phost EURES’, tá siad ag cabhrú le daoine óga cúrsaí oiliúna agus poist a fháil. Tugann tionscnamh na Saorálaithe Cabhrach AE, a seoladh in 2014, an deis do dhaoine taithí shaorálaíocht a fháil i dtír lasmuigh Aontas. Cuidíonn taithí den sórt sin cabhair dhaonnúil a thabhairt san áit is mó ina bhfuil gá leis.

Tá bunús láidir ag baint leis na tionscnaimh sin, bunús a bhfuil an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ag cur leis agus a leathnóidh sé freisin chun deiseanna nua, infheictheacht níos leithne agus tionchar níos mó a chur ar fáil. Cuirfidh an Cór deiseanna nua ar fáil i réimse na cabhrach daonnúla nach mbeidh tacaíocht á fáil acu a thuilleadh ó thionscnamh na Saorálaithe Cabhrach AE (a dtiocfaidh deireadh leis in 2020), agus déanfaidh sé rochtain ar na deiseanna sin a shimpliú do dhaoine óga agus d'eagraíochtaí ar spéis leo iad. Leanfaidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach de bheith ag soláthar pointe iontrála aonair, a mbeidh rochtain air go héasca, ar an Tairseach, agus díreoidh sé ar an bhfor-rochtain is forleithne agus is féidir chuig eagraíochtaí rannpháirteacha agus chuig na daoine óga rannpháirteacha. Déanfaidh sé an oiliúint a bhíonn ar fáil roimh ghníomhaíocht a fhorbairt agus a fheabhsú, tabharfaidh sé an tacaíocht chuí agus déanfaidh sé na torthaí foghlama tar éis gníomhaíochta a bhailíochtú.

Bainfidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach an leas is fearr is féidir as na socruithe bainistíochta atá ann cheana féin, chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú. Ar an gcaoi sin, beifear in ann díriú ar an soláthar agus ar an bhfeidhmíocht is fearr a chur ar fáil gan róualach riaracháin ag baint leis. Chuige sin, cuirfear cur chun feidhme an Chóir de chúram ar struchtúir atá ann cheana.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh comhsheasmhach agus comhlántach le beartais agus cláir ábhartha éagsúla de chuid an Aontais. Áirítear orthu sin go háirithe na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

·oideachas agus oiliúint;

·fostaíocht;

·an comhionannas inscne;

·fiontraíocht (go háirithe an fhiontraíocht shóisialta);

·saoránacht agus rannpháirtíocht dhaonlathach;

·an comhshaol agus cosaint an dúlra;

·gníomhú ar son na haeráide;

·cosc, ullmhacht agus téarnamh ó thubaistí;

·talmhaíocht agus forbairt tuaithe;

·soláthar bia agus earraí neamhbhia;

·sláinte agus folláine

·an chruthaitheacht agus an cultúr;

·an corpoideachas agus an spórt;

·cúnamh agus leas sóisialta;

·glacadh agus lánpháirtiú náisiúnach tríú tír;

·comhar críochach agus comhtháthú;

·comhar thar theorainneacha; agus

·cabhair dhaonnúil.

Sa chéad chéim agus sa dara céim den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach baineadh leas as cláir éagsúla de chuid an Aontais chun deiseanna saorálaíochta, cúrsaí oiliúna nó poist a thairiscint do dhaoine óga ar fud an Aontais Eorpaigh.

Is éard a bheadh sa togra seo cúlra do thríú céim an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, áit a fhágfaidh a imchlúdach féin arna sainiú go soiléir go bhféadfar na gníomhaíochtaí uile a fhorbairt faoin tacar céanna rialacha agus coinníollacha le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, neamhspleách ar réimse an bheartais ar a bhfuil an ghníomhaíocht dírithe. Ós rud é go náirítear sa raon feidhme nua leathnaithe gníomhaíochtaí a thacóidh le hoibríochtaí cabhrach daonnúla, tairbheoidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach de ranníocaíochtaí breise chun tacú le raon feidhme nua na ngníomhaíochtaí. Déanfar na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme i ndlúthchomhar leis na seirbhísí ábhartha laistigh den Choimisiún.

Sa togra ón gCoimisiún maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021–2027, leagadh síos sprioc níos uaillmhianaí le haghaidh príomhshruthú aeráide i gcláir uile an Aontais, maille leis an sprioc fhoriomlán 25 % de chaiteachas an Aontais a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide 4 . Déanfar rannchuidiú an chláir seo le gnóthú na sprice foriomláine sin a rianú le córas marcóirí aeráide de chuid an Aontais ar leibhéal iomchuí imdhealaithe, lena náirítear modheolaíochtaí níos cruinne a úsáid má tá fáil orthu. Leanfaidh an Coimisiún den fhaisnéis a chur i láthair go bliantúil i dtéarmaí leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i gcomhthéacs an dréachtbhuiséid bhliantúil.

Chun tacú le leas iomlán a bhaint as poitéinseal an chláir rannchuidiú le cuspóirí aeráide, féachfaidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint i rith phróisis ullmhúcháin, cur chun feidhme, athbhreithnithe agus meastóireachta an chláir.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar dhá ghné: rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thugann aghaidh ar dhúshláin na sochaí agus an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil.

Dá bhrí sin, tá an togra bunaithe ar Airteagal 165(4), Airteagal 166(4) agus Airteagal 214(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ceadaíonn Airteagal 165(4) don Aontas beart a dhéanamh arb é is aidhm dó “taobhú le forbairt comhaiseag idir daoine óga (...) agus rannpháirtíocht na ndaoine óga i saol daonlathach na hEorpa a chothú”. Tugann beart de chuid an Aontais ar bhonn Airteagal 166(4) bunús dlí iomchuí le haghaidh gníomh ar nós an togra seo a bhfuil sé d’aidhm aige “an ghairmoiliúint tosaigh agus leanúnach a fheabhsú chun an timeascadh agus an tathimeascadh gairmiúil ar mhargadh an tsaothair a éascú” agus “rochtain ar an ngairmoiliúint a éascú agus taobhú le soghluaisteacht oidí agus daoine faoi oiliúint, go háirithe daoine óga.” Le hAirteagal 214(5) tugtar an bunús dlí chun creat a bhunú le haghaidh ranníocaíochtaí comhpháirteacha ó Eorpaigh óga le hoibríochtaí cabhrach daonnúil an Aontais, is é sin Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Mar gheall ar scála Eorpach na gcuspóirí atá beartaithe — daoine óga a chur ag obair ar ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar fud an Aontais agus saorálaithe óga a chur ag cuidiú leis an gcabhair dhaonnúil i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad — is iomchuí beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Gníomhaíochtaí a dhéanfar trí bhíthin an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpach, ní thiocfaidh siad in ionad gníomhaíochtaí den chineál céanna a dhéanfaidh na Ballstáit le haghaidh daoine óga, ach déanfaidh sé iad a chomhlánú agus tacóidh sé leo, agus urramú iomlán á thabhairt do phrionsabal na coimhdeachta ag an am céanna.. Tá traidisiúin ann i ngach Ballstát cláir agus ionstraimí a thacaíonn le gníomhaíochtaí a fhreastalaíonn ar leas an phobail a rith, trí shaorálaíocht go háirithe, ar cláir agus ionstraimí iad atá éagsúil go maith. Déantar foráil i gcleachtas tíortha áirithe maidir le hidirghabháil Stáit, ach i dtíortha eile is í an tsochaí sibhialta a bhíonn ar thús cadhnaíochta. Tá coincheapa agus fochialla éagsúla ag baint le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus obair dheonach, agus bíonn éagsúlacht sna gníomhaíochtaí maidir le hábhar agus fad. Thairis sin, tá go leor tuiscintí éagsúla ann maidir leis an gcaoi a mbaineann cosaint shóisialta le saorálaíocht, chomh maith le céimeanna éagsúla de stádas dlíthiúil, foghlaim agus aitheantas. Ilroinnt a thagann as seo ar fad ar leibhéal an Aontais, agus fágann sin nach mbíonn sé chomh héasca céanna ag daoine óga ó Bhallstát go chéile ar na deiseanna atá le fáil.

Na bearta a dhéanfaidh an tAontas tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, beidh siad ina gcuidiú an ilroinnt sin a shárú, rud a léirítear sa mheastóireacht ex-ante a ghabhann leis an togra seo. Ag an am céanna, tógann sé ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón réimse taithí sna Ballstáit éagsúla. Cuireann sé freisin le saorálaíocht sna Ballstáit áit nach bhfuil sé chomh forleathan faoi láthair, mar a mhol na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo le agus [an Rialacháin maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] á ullmhú 5 . Cuidíonn an Cór chun cáilíocht gníomhaíochtaí éagsúla a fheabhsú do dhaoine óga laistigh den Aontas Eorpach agus ar an gcoigríoch, mar aon le bailíochtú a dtorthaí foghlama. Déanann sé amhlaidh trí roinnt coimircí cáilíochta a chur i bhfeidhm amhail lipéad cáilíochta d’eagraíochtaí rannpháirteacha agus na prionsabail a leagtar amach sa Chreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna 6 .

Thairis sin, tríd an raon feidhme a leathnú chun gníomhaíochtaí a chumhdach a thacaíonn le hoibríochtaí cabhrach daonnúla, feidhmeoidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach mar phointe iontrála aonair chuig gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta saorálaíochta agus gairme ar ardcháilíocht do dhaoine óga ar fud an Aontais agus ar an gcoigríoch. Faoi láthair, níl rochtain orthu sin ach trí dhá scéim ar leith. Áiritheoidh an Cór, dá bhrí sin, go bhfuil na deiseanna céanna ag na daoine óga ar fad ar fud an Aontais a bhfuil suim acu sa scéim dul i mbun réimse leathan gníomhaíochtaí, agus go mbeidh teacht níos éasca acu ar na deiseanna sin. Ach na deiseanna saorálaíochta a thacaíonn le cabhair dhaonnúil a thabhairt faoi chuimsiú bhranda an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpach atá ann cheana, cabhróidh sé le feasacht ar na deiseanna atá ar fáil do dhaoine óga a fheabhsú agus chun an infheictheacht a fheabhsú.

Cuirfidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach gníomhaíochtaí ar fáil is féidir a dhéanamh i dtír nach tír chónaithe na rannpháirtithe í (gníomhaíochtaí trasteorann agus saorálaíocht chun cuidiú leis an gcabhair dhaonnúil) chomh maith le gníomhaíochtaí is féidir tabhairt a dhéanamh i dtír chónaithe na rannpháirtithe (intíre). Maidir le gníomhaíochtaí trasteorann, ní féidir beart a dhéanfaidh na Ballstáit féin teacht in ionad beart ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Is éard is cúis leis sin an ilroinnt sna struchtúir agus sna cláir a chuireann deiseanna saorálaíochta agus cúrsaí oiliúna ar fáil, chomh maith leis an éagsúlacht i dtuiscint agus i gcoincheapa na hearnála a chuireann gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar fáil. A mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí intíre, bíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ina chuidiú chun dul i ngleic le dúshláin áitiúla nó náisiúnta ó pheirspictíocht Eorpach níos leithne. Go sonrach, féadfaidh beart de chuid an Aontais cabhrú le hilroinnt i dtaca le gníomhaíochtaí a thairiscint agus chun ionchuimsitheacht a áirithiú do gach duine óg, lena náirítear iad siúd a mbíonn bacainní rompu dul i ngleic le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta. Cuireann sé freisin comhthéacs Eorpach ar fáil agus cabhraíonn sé chun teacht ar réitigh Eorpacha ar dhúshláin shonracha nach bhfuil teoranta do theorainneacha náisiúnta.

Agus an meall mór ar deireadh, ach struchtúir atá ann cheana agus a bhfuil a luach féin cruthaithe acu a úsáid, áiritheofar go gcuirfear chun feidhme an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Áiritheoidh sé freisin go ndéanfar sineirgíochtaí agus comhlántachtaí le gníomhaíochtaí na mBallstát atá i bhfabhar na hóige agus na cabhrach daonnúla a uasmhéadú. Go deimhin, cé go bhféadfadh na creata náisiúnta torthaí inchurtha a bhaint amach, dhéanfaidís amhlaidh ar dhá oiread an chostais, mar a chonacthas sa mheastóireacht mheántéarma ar chlár Erasmus+ (2014-2020) 7 .

Comhréireacht

Déanfar na feabhsuithe atá beartaithe a chomhtháthú in ailtireacht an chláir atá ann faoi láthair agus úsáidfear na sásraí seachadta atá ann cheana chun an oiread leanúnachais agus cobhsaíochta is féidir a áirithiú leis na cláir a bhí ann roimhe. Tugann an togra aghaidh ar na bearnaí a sainaithníodh sa tairiscint atá ar fáil do dhaoine óga, mar atá deiseanna atá inrochtana go héasca chun dul i mbun gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ionstraim atá beartaithe.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ SIARGHABHÁLACHA, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí siarghabhálacha/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh meastóireacht mheántéarma ar thionscnamh na Saorálaithe Cabhrach AE 8 maidir lena chur chun feidhme sa tréimhse ó lár 2014 go dtí lár 2017. Rinneadh anailís úsáideach agus tugadh léargais sa mheastóireacht ar chur chun feidhme an tionscnaimh, lena náirítear easnaimh agus réimsí a bhféadfaí tuilleadh feabhais a chur orthu. Go háirithe, ní mór aird a thabhairt ar an líon íseal saorálaithe atá á dtabhairt isteach ós rud é go bhféadfaidh sé nach mbainfear an sprioc a leagadh síos ag an tús a bhaint amach. Is féidir aird a dhíriú ar roinnt moltaí atá sa tuarascáil mheastóireachta seachtraí 9 . Mar shampla, moladh sa tuarascáil ceangal aonbhranda agus gníomhaíochtaí cumarsáide a úsáid, rud a mhéadódh infheictheacht na ngníomhaíochtaí ar son oibríochtaí cabhrach daonnúla. Luadh i moladh eile go bhféadfaí aistriú ó fheidhmchlár a bheadh bunaithe ar fholúntais (mar a úsáidtear i dtionscnamh na Saorálaithe Cabhrach AE) go cineál earcaíochta de réir uainchláir (mar a úsáidtear sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach). Ar deireadh, leagadh béim sa mheastóireacht freisin ar an tábhacht a bhaineann le nósanna imeachta breise a shimpliú a tuilleadh, rud a bhainfí amach tríd an bpróiseas a ailíniú leis na próisis atá ann cheana sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach bunaithe go mór ar an tSeirbhís Dheonach Eorpach a bhí ann roimhe seo, arna cur chun feidhme faoi Erasmus+, tá léargas luachmhar ar fáil sa mheastóireacht lárthéarma ar an gclár Erasmus + 10 . Léiríonn na príomhthorthaí éifeachtacht Erasmus + i dtaca le scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt; an breisluach Eorpach doshéanta a bhaineann leis; leibhéal ard comhleanúnachais, go háirithe de bharr comhthiomsú clár agus an ainm branda aonair; agus éifeachtúlacht agus simplíocht an chláir, rud a leagann béim ar chostéifeachtacht gníomhaíochtaí soghluaisteachta agus ar an gcostas bainistíochta laghdaithe (níos lú ná leath de scéimeanna náisiúnta dá samhail).

Treisíonn na torthaí sin an tuairim go mbeadh de thoradh ar raon feidhme an Chóir a leathnú chun na gníomhaíochtaí atá á gcur chun feidhme faoi láthair ag tionscnamh na Saorálaithe Cabhrach AE a áireamh, gnóthachain ó thaobh na héifeachtúlachta de, branda agus seasamh níos soiléire, agus líon níos mó deiseanna do dhaoine óga.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I gcomhairliúchán poiblí a rinneadh le déanaí maidir le cistí an Aontais i réimse na luachanna agus na soghluaisteachta 11 , cuirtear roinnt faisnéise agus anailíse ar fáil is ábhartha do thionscnamh na Saorálaithe Cabhrach AE agus don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach atá ann faoi láthair. Bhí freagairt mhaith ar an gcomhairliúchán agus tháinig 1 839 bhfreagra isteach, ar bhain 1 199 gcinn acu le heagraíocht. Cé nár cuireadh ar fáil aon anailís mhionsonraithe ar na torthaí go fóill, is féidir roinnt réamhbharúlacha a thabhairt. Mar shampla, creideann os cionn 75 % de na freagróirí go bhfuil tábhacht le dlúthpháirtíocht, cuimsiú sóisialta agus forbairt scileanna a chur chun cinn trí bhíthin soghluaisteachta. Creideann níos lú ná 40 % de na freagróirí, áfach, go bhfuil aghaidh á tabhairt go hiomlán nó go maith ar na saincheisteanna sin. Mar sin féin, feiceann na freagróirí go soiléir an breisluach a bhaineann le beart ar leibhéal an Aontais: creideann os cionn 75 % go gcuireann na cláir reatha breisluach ar fáil i gcomparáid leis an méid a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhaint amach ar bhonn náisiúnta, réigiúnach agus/nó go háitiúil.

As measc na bhfreagróirí, thug 135 acu freagra maidir leis na Saorálaithe CabhrachAE agus/nó leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Creideann 82 % acu sin go bhfuil easpa buiséid chun éileamh a shásamh ar cheann de na príomhchonstaicí atá cur cosc ar na cláir atá i bhfeidhm faoi láthair a gcuspóirí a bhaint amach go pointe áirithe ar a laghad. Chomh maith leis sin, i dtaca leis an simpliú atá á lorg trína lánpháirtiú, ní mór a lua gur dóigh le breis agus 68 % de na freagróirí go mbeadh simpliú foirmeacha agus próisis roghnúcháin ina chuidiú chun torthaí na gclár a fheabhsú.

Measúnú tionchair

Ní dhearnadh measúnú tionchair ós rud é go bhfuil inneachar an togra seo ag teacht lena bhfuil sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach atá ann cheana. Ós rud é go mbeidh caiteachas suntasach i gceist leis an togra, áfach, tá meastóireacht ex-ante ag gabháil leis chun na riachtanais atá sa Rialachán Airgeadais a chomhlíonadh 12 .

Sa mheastóireacht rinneadh scrúdú ar dhúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an leathnú ar raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus ar an raon feidhme geografach, agus ar na dúshláin sin a sainaithníodh maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach reatha agus Saorálaithe Cabhrach AE a chur chun feidhme. Léiríodh sa mheastóireacht gur gá don Aontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhóra seo a leanas faoi chuimsiú Cóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh níos leithne.

·Cumarsáid: faoin gcéad chéim den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, bhí mearbhall ar roinnt rannpháirtithe féideartha maidir leis an ról atá aige. Baineann sé sin go háirithe leis na bunchláir ar cuid de chéim 1 iad agus leis na difríochtaí le tionscnamh na Saorálaithe Cabhrach AE;

·Comhleanúnachas: déantar an dá scéim is sofheicthe ag an Aontas Eorpach a scúint óna chéile;

·Glacadh mall le gníomhaíochtaí gairme: níos lú cúrsaí oiliúna agus gníomhaíochtaí poist á dtairiscint ná mar a rabhthas ag súil leis;

·Comhar le scéimeanna náisiúnta: ba cheart an comhar le creata, tionscnaimh agus scéimeanna náisiúnta, ar nós cláir seirbhíse sibhialta nó tionscnaimh atá á reáchtáil go príobháideach, a mhéadú le forluí féideartha na gclár a sheachaint;

·An ghné idir-ghlúine: tá easpa ceangail idir na rannpháirtithe a bhí ann roimhe seo, na rannpháirtithe atá ann faoi láthair agus na rannpháirtithe a bheidh ann amach anseo. Is ionann sin agus a rá go gcailltear saineolas toisc nach naistrítear ó ghlúin amháin rannpháirtithe go dtí an chéad ghlúin eile é;

·Tógáil pobail: na scileanna arna bhfáil tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, níor cheart iad a úsáid chun leasa na dtionscadal atá curtha i gcrích amháin ach ba cheart iad a roinnt ar dhaoine óga agus go forleathan. Tá an Cór ag cailliúint amach ar an eolas sin agus ar roinnt na taithí;

·Córas bainistithe eolais a bhunú: idir bhailiú sonraí go sainaithint agus scaipeadh na gcleachtas is fearr i mbainistiú tionscadal, ní mór don chlár dul i ngleic ar bhealach níos fearr leis an gceist seo chun cáilíocht an tuairiscithe ar thorthaí a mhéadú;

·An próiseas agus na nósanna imeachta lena rialaítear an clár a shimpliú: ach rochtain ar ríomhfhoirmeacha a fheabhsú agus iad a shimpliú, thiocfadh méadú ar na tairiscintí ó eagraíochtaí. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh dúshláin as Rialachán casta nó as tacar gníomhartha reachtacha nach bhfuil solúbtha i dtaca le dul in oiriúint do riachtanais athraitheacha an chláir;

·Saorálaithe a imlonnú chuig gníomhaíochtaí cabhrach daonnúla: ar cheann de na dúshláin tá an mhoill fhada idir an uair a chláraíonn iarrthóirí agus an uair a dhéantar iad a imlonnú.

Tá tuilleadh mínithe ar na dúshláin uile sin sa mheastóireacht a ghabhann leis an togra seo. Tugtar aghaidh ar na dúshláin sin sa Rialachán seo.

Simpliú

Leis an togra seo tugtar isteach roinnt simplithe, i dtrí chatagóir leathana.

·Maidir le daoine aonair: d’fhágfadh leathnú ar an raon feidhme go mbeadh na gníomhaíochtaí saorálaíochta uile agus gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta eile faoi aon chlár amháin. Shimpleodh sé sin go mór an rochtain ar dheiseanna do dhaoine óga ar mian leo a bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta.

·Maidir le heagraíochtaí: trí rialacha uile an chláir a ailíniú, ó chéim an iarratais ar chreidiúnú go dí na ceanglais tuairiscithe ag deireadh an tionscadail, is léir go ndéanfar obair na neagraíochtaí rannpháirteacha a shimpliú ag gach céim de thimthriall an tionscadail. Chomh maith leis sin, laghdófaí líon na nglaonna ar thograí, rud a laghdódh ualach oibre na heagraíochta;

·Ar leibhéal na ninstitiúidí: ach gníomhaíochtaí atá á gcur chun feidhme ag Saorálaithe Cabhrach AE faoi láthair a chomhtháthú sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, simpleofar an obair is gá a dhéanamh do gach gné den chlár. Mar shampla, ní bheidh gá ach le haon ghlao amháin ar thairiscintí seachas dhá cheann i dtaca leis an árachas. Sampla eile is ea an mheastóireacht ar na tograí arna bhfáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal láraithe araon, rud a chuirfí le chéile agus freastal á dhéanamh ar ghnéithe sonracha gach gníomhaíochta ag an am céanna.

Ina theannta sin, déantar simpliú breise ar nósanna imeachta atá ann cheana a mheas. Sampla maith is ea na foirmeacha leictreonacha is gá d'eagraíochtaí a líonadh isteach chun iarratas a dhéanamh ar chistí nó ar an lipéad cáilíochta. Tá na foirmeacha sin de shíor á simpliú, rud a éilíonn níos lú oibre ag eagraíochtaí agus, san am céanna, fanann siad d'ardchaighdeán na ngníomhaíochtaí atá á dtairiscint a ráthú.

Cearta bunúsacha

Tá an togra seo go hiomlán i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 13 , ina naithnítear go bhfuil an dlúthpháirtíocht ar cheann de na luachanna uilechoiteanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe. Go háirithe, cuirtear san áireamh sa togra seo na cearta agus na toirmisc a leagtar síos sna hAirteagail seo a leanas den Chairt:

·5 (Toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe);

·14 (Ceart chun oideachais);

·15 (Saoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh);

·21 (Neamh-idirdhealú);

·32 (Comhionannas idir mná agus fir);

·24 (Cearta an linbh);

·26 (Daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú);

·31 (Dálaí oibre cothroma agus córa); agus

·32 (Toirmeasc ar leanaí a bheith ag obair agus cosaint daoine óga ag an obair).

Ina theannta sin, cabhróidh leathnú ar an raon feidhme chun tacaíocht d’oibríochtaí cabhrach daonnúla i dtíortha lasmuigh den Aontas a áireamh chun cúnamh, fóirithint agus gníomhaíochtaí cosanta a chur ar fáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach sna tíortha sin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gníomhaíochtaí áirithe dírithe ar thacú le grúpaí leochaileacha i dtíortha lasmuigh den Aontas Eorpach, ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair ar ábhair a bhaineann leis an imirce nó ar sholáthar ábhar bia agus neamhbhia i ndiaidh tubaiste nádúrtha. I gcás ar bith, beag beann ar an aidhm atá leo chuirfeadh gníomhaíochtaí a thacaíonn le cabhair dhaonnúil, luachanna an AE chun cinn a thuilleadh, lena náirítear cearta bunúsacha a chosaint, sna pobail ina ndéantar na gníomhaíochtaí.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

I gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027, socrófar an leithdháileadh airgeadais chun an clár a chur chun feidhme don tréimhse sin ag EUR 1 260 000 000 i bpraghsanna reatha 14 .

Tugtar tuilleadh sonraí maidir leis na himpleachtaí buiséadacha agus maidir leis na hacmhainní daonna agus riaracháin atá ag teastáil sa Ráiteas Reachtach agus Airgeadais a ghabhann leis an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Bainfidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach leas as na socruithe bainistíochta agus cur chun feidhme atá i bhfeidhm cheana faoin gclár Erasmus +. Tá an méid sin i gcomhréir leis an anailís a rinneadh sa mheastóireacht ex ante atá ag gabháil leis an togra seo. Áiritheoidh sé freisin cur chun feidhme éifeachtúil agus éifeachtach agus déanfaidh sé sineirgíochtaí a uasmhéadú agus ualaí riaracháin a íoslaghdú.

Ar na socruithe faireacháin agus meastóireachta don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach beidh buanfhaireachán chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus meastóireacht chun measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise atá ar fáil ar éifeachtacht na dtorthaí arna nghnóthú.

Beidh socruithe chun faireachán a dhéanamh bunaithe ar anailís chuimsitheach maidir le haschuir chainníochtúla agus aschuir cháilíochtúla an Chóir. Baileofar na haschuir chainníochtúla ar bhonn córasach tríd na córais TF arna gcur i bhfeidhm chun gníomhaíochtaí an Chóir a bhainistiú. Déanfar faireachán ar na haschuir cháilíochtúla trí shuirbhéireachtaí tréimhsiúla a dhíreoidh ar dhaoine aonair agus ar eagraíochtaí rannpháirteacha araon. Áiritheoidh socruithe tuairiscithe agus measúnaithe a dhéanfaidh na comhlachtaí cur chun feidhme uile go ndéanfar faireachán cuimsitheach ar chur chun feidhme an togra.

Beidh an clár faoi réir meastóireacht neamhspleách freisin, 4 bliana tar éis dháta a ghlactha, d’fhonn torthaí cáilíochtúla na ngníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht á tabhairt dóibh a mheasúnú. Mar chuid den mheastóireacht sin breathnófar ar a dtionchar ar na daoine óga agus na heagraíochtaí rannpháirteacha, agus ar na gnóthachain éifeachtúlachta arna dtabhairt faoi deara sna chéad 4 bliana. Ba cheart a chur san áireamh sa mheastóireacht an fhianaise atá cheana maidir le héifeachtacht agus tionchar thorthaí an Chóir. Áireofar sna foinsí fíoraithe na sonraí faireacháin, an fhaisnéis a áirítear sna pleananna oibre agus sna tuarascálacha ó na comhlachtaí cur chun feidhme, torthaí a eascraíonn ó scaipeadh, ó staidéir fhianaise-bhunaithe, ó shuirbhéireachtaí, etc.

Déanfar meastóireachtaí i gcomhréir le mír 22 agus mír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 15 , ina ndearbhaíonn na trí institiúid gur cheart measúnuithe tionchair ar roghanna i leith tuilleadh gníomhaíochta a bheith bunaithe ar mheastóireachtaí ar an reachtaíocht agus ar na beartais atá ann cheana. Sna meastóireachtaí sin measfar éifeachtaí an chláir ar an talamh ar bhonn tháscairí/spriocanna an chláir agus anailís mhionsonraithe ar a mhéid is féidir a mheas go bhfuil an clár ábhartha éifeachtach éifeachtúil, ar an gceist an leor an breisluach Eorpach a chuireann sé ar fáil agus ar an gceist an bhfuil sé comhleanúnach le beartais eile de chuid AE. Beidh ceachtanna a foghlaimíodh iontu chun aon laigí/fadhbanna atá ann a shainaithint nó aon poitéinseal atá ann breis feabhais a chur ar na bearta nó ar a dtorthaí agus chun cuidiú a núsáid/tionchar a uasmhéadú.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Caibidil I – Forálacha Ginearálta an Rialacháin atá beartaithe: leagtar amach an tábhar, sainmhínithe ar roinnt téamaí athfhillteacha, agus cuspóirí ginearálta agus sonracha ghníomhaíochtaí an Chóir. Tá sé d’aidhm ag an gCór rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar ardcháilíocht a threisiú, agus na gníomhaíochtaí sin a bheidh inrochtana do gach duine óg. Is bealach é chun cur le comhtháthú agus dlúthpháirtíocht san Eoraip agus ar an gcoigríoch, chun tacú le pobail agus chun freagairt do dhúshláin na sochaí agus dúshláin dhaonnúla.

Caibidil II – Gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh: cur síos ar na gníomhaíochtaí atá á mbeartú chun cuspóirí an Rialacháin atá beartaithe a bhaint amach. Áirítear ar bhearta tacaíochta an Aontais Eorpaigh saorálaíocht, cúrsaí oiliúna agus poist, tionscadail agus gníomhaíochtaí líonraithe, atá dhéantar a scaradh ina dhá ghné, agus bearta cáilíochta agus tacaíochta, atá i gcoiteann ag an dá ghné.

Caibidil III — Rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thugann aghaidh ar dhúshláin na sochaí: déantar cur síos ar na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme faoin gcéad ghné. Orthu sin tá saorálaíocht, cúrsaí oiliúna agus gníomhaíochtaí poist, mar aon le tionscadail dlúthpháirtíochta.

Tá cur síos i gCaibidil IV — Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil: déantar cur síos ar na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme faoin dara gné, nach bhfuil inti ach gníomhaíochtaí saorálaíochta.

Caibidil V — Forálacha airgeadais: tugtar sonraí an bhuiséid arna leithdháileadh ar an gclár.

Caibidil VI – Rannpháirtíocht sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach: sainiú na gcritéar le haghaidh na dtíortha, daoine agus eagraíochtaí rannpháirteacha. Is iad na tíortha rannpháirteacha Ballstáit an Aontais Eorpaigh, tíortha lasmuigh den Aontas atá comhlachaithe leis an gclár agus tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár. Is féidir le daoine óga atá idir 17 mbliana agus 30 bliain d’aois clárú ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ach ní féidir leo a bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht go dtí go mbíonn 18 mbliana d'aois slánaithe acu.. Is féidir le heagraíocht rannpháirteach tairiscintí le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a dhéanamh le daoine aonair atá cláraithe le heintiteas poiblí nó príobháideach, nó le heagraíocht a dhéanann gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, ar choinníoll go bhfuil lipéad cáilíochta faighte acu.

Caibidil VII — Clársceidealú, faireachán agus meastóireacht: sonraítear na ceanglais sna réimsí sin agus tugtar liosta de thrí tháscaire ar gá faireachán le déanamh orthu.

Caibidil VIII — Faisnéis, cumarsáid agus scaipeadh: leagtar amach na ceanglais maidir le cumarsáid.

Caibidil IX – Córas Bainistíochta agus Iniúchóireachta: leagtar amach comhlachtaí cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpach. I dtéarmaí bainistíochta, is meascán de bhainistíocht indíreach agus de bhainistíocht dhíreach an modh cur chun feidhme atá beartaithe. Tá teaglaim modhanna bainistíochta bunaithe ar an dea-thaithí a gnóthaíodh i gcur chun feidhme an chláir Erasmus+ agus tógann sé ar na struchtúir atá ann cheana ó thaobh an chláir sin de.

Caibidil X – Córas Rialaithe: an córas maoirseachta is gá atá chun a áirithiú a dhéanamh go dtabharfar aird chuí ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais nuair a chuirtear chun feidhme gníomhaíochtaí arna mhaoiniú faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

Caibidil XI — Comhlántacht: leagtar béim ar na ceanglais i ndáil le chomhsheasmhacht agus comhlántacht i dtaca le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais. Déantar foráil freisin maidir le rialacha i dtaca le comhlántachtaí idir an Clár agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

Caibidil XII — Forálacha idirthréimhseacha agus deiridh : leagtar amach na forálacha is gá chun cumhachtaí áirithe a thabhairt don Choimisiún chun cláir oibre a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus leagtar amach ann dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe. Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát ón 1 Eanáir 2021.



2018/0230 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena naisghairtear [an Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] agus Rialachán (AE) 375/2014

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4), Airteagal 166(4) agus Airteagal 214(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 16 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 17 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is ar an dlúthpháirtíocht atá an tAontas Eorpach bunaithe, i measc a shaoránach agus i measc a Bhallstát. Treoraíonn an comhluach sin a ghníomhaíochtaí agus soláthraíonn sé an aontacht is gá chun dul i ngleic le dúshláin na sochaí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, ar dúshláin iad a bhfuil Eorpaigh óga toilteanach cabhrú dul i ngleic leo trína ndlúthpháirtíocht a chur in iúl sa chleachtas.

(2)San aitheasc ar Staid an Aontais an 14 Meán Fómhair 2016 leagadh béim ar an ngá le hinfheistiú a dhéanamh i ndaoine óga agus fógraíodh go mbunófaí an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ("an Clár") d’fhonn deiseanna a chruthú do dhaoine óga ar fud an Aontais rannchuidiú lánbhrí a dhéanamh don tsochaí, dlúthpháirtíocht a léiriú agus a scileanna a fhorbairt, chun taithí oibre, chomh maith le taithí ríluachmhar daonna, a fháil.

(3)Sa Teachtaireacht “Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach” an 7 Nollaig 2016 18 , leag an Coimisiún béim ar an ngá atá ann an dúshraith a neartú le haghaidh obair dlúthpháirtíochta ar fud na hEorpa, níos mó deiseanna agus deiseanna níos fearr ó thaobh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a sholáthar do dhaoine óga i raon leathan réimsí éagsúla, agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaithe náisiúnta agus áitiúla, lena niarrachtaí dul i ngleic le dúshláin agus géarchéimeanna éagsúla. Seoladh leis an Teachtaireacht sin an chéad chéim den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach faoinar baineadh leas as cláir éagsúla de chuid an Aontais chun deiseanna saorálaíochta, cúrsaí oiliúna nó poist a thairiscint do dhaoine óga ar fud an Aontais Eorpaigh.

(4)Leagtar béim in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ar an dlúthpháirtíocht mar cheann de bhunphrionsabail an Aontais Eorpaigh. Déantar tagairt don phrionsabal sin freisin in Airteagal 21(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach mar chuid de dhúshraith ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh.

(5)Ba cheart deiseanna atá inrochtana go héasca a chur ar fáil do dhaoine óga le bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, a chabhródh leo a dtiomantas maidir le leas pobal a chur in iúl agus ag an am céanna taithí, scileanna agus inniúlachtaí úsáideacha a shealbhú maidir lena bhforbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil, ag feabhsú dá réir sin a ninfhostaitheacht. Thacódh na gníomhaíochtaí sin freisin le soghluaisteacht saorálaithe, oiliúnaithe agus oibrithe óga.

(6)Ba cheart na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thairgtear do dhaoine óga a bheith ar ardcháilíocht, sa mhéid is gur cheart dóibh freastal ar riachtanais sa tsochaí nach bhfuiltear ag freastal orthu cheana, rannchuidiú le pobail a neartú, an deis a thairiscint do dhaoine óga chun eolas agus inniúlachtaí luachmhara a shealbhú, a bheith inrochtana ó thaobh airgid de do dhaoine óga, agus a bheith á gcur chur chun feidhme faoi dhálaí slána sláintiúla.

(7)Pointe aonair iontrála is ea an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach do ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. Ba cheart comhsheasmhacht agus comhlántacht le beartais agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais a áirithiú. Bunaítear an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar láidreachtaí agus sineirgíochtaí clár a bhí ann roimhe agus atá ann anois, go háirithe an tSeirbhís Dheonach Eorpach 19 agus Saorálaithe Cabhrach an Aontais Eorpach 20 . Comhlánaíonn sé freisin na hiarrachtaí a dhéanann na Ballstáit chun tacú le daoine óga agus a naistriú ón scoil go hobair faoin Ráthaíocht don Aos Óg a éascú trí dheiseanna breise a sholáthar dóibh tosú i margadh an tsaothair i bhfoirm cúrsaí oiliúna nó post i réimsí a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht laistigh dá mBallstát nó thar theorainneacha. Áirithítear freisin comhlántacht le líonraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ar nós Líonra Eorpach na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí, EURES agus an líonra Eurodesk. Ina theannta sin, ba cheart comhlántacht idir scéimeanna gaolmhara atá ann cheana – go háirithe scéimeanna náisiúnta dlúthpháirtíochta agus scéimeanna soghluaisteachta do dhaoine óga – agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a áirithiú, ag tógáil ar dhea-chleachtais i gcás inarb iomchuí.

(8)Maidir le léirmhíniú ar reachtaíocht ghaolmhar ar leibhéal an Aontais, ba cheart a mheas gur gníomhaíochtaí coibhéiseacha iad na gníomhaíochtaí saorálaíochta trasteorann faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus na gníomhaíochtaí saorálaíochta a leantar de thacaíocht a thabhairt dóibh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 araon, leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin tSeirbhís Dheonach Eorpach.

(9)Cuireann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach deiseanna nua ar fáil do dhaoine óga chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí saorálaíochta, cúrsaí oiliúna nó poist i réimsí a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht agus chun tionscadail dlúthpháirtíochta a cheapadh agus a fhorbairt ar a dtionscnamh féin. Beidh na deiseanna sin ina chuidiú chun a bhforbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil a fheabhsú. Tacaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach freisin le gníomhaíochtaí líonraithe do rannpháirtithe agus d'eagraíochtaí rannpháirteacha sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus le bearta a áiritheoidh cáilíocht na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo agus a dhéanfaidh bailíochtú a dtorthaí foghlama a fheabhsú. Ar an gcaoi sin, cuideoidh sé freisin le comhar Eorpach atá ábhartha do dhaoine óga agus le feasacht a ardú faoin tionchar dearfach a bhíonn aige.

(10)Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a bheith chun leasa pobal, agus forbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil an duine aonair a chothú san am céanna, agus féadfaidh siad tarlú i bhfoirm saorálaíochta, cúrsaí oiliúna agus post, tionscadal nó gníomhaíochtaí líonraithe, arna bhforbairt i réimsí éagsúla, amhail oideachas agus oiliúint, fostaíocht, comhionannas inscne, fiontraíocht – go háirithe fiontraíocht shóisialta – saoránacht agus rannpháirtíocht dhaonlathach, cosaint an chomhshaoil agus an dúlra, gníomhú ar son na haeráide, cosc tubaistí, ullmhacht agus téarnamh, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, soláthar bia agus ábhar neamhbhia, sláinte agus folláine, cruthaitheacht agus cultúr, corpoideachas agus spórt, cúnamh agus leas sóisialta, glacadh agus lánpháirtíocht náisiúnach tríú tír, comhar agus comhtháthú críochach, agus comhar trasna teorainneacha. Cuimsíonn na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin gné láidir foghlama agus oiliúna trí ghníomhaíochtaí ábhartha is féidir a thairiscint do na rannpháirtithe roimh an ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta, lena linn, agus ina diaidh.

(11)Eispéireas saibhir (laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach araon) i gcomhthéacs na foghlama seachfhoirmiúla agus na foghlama neamhfhoirmiúla, atá i ngníomhaíochtaí saorálaíochta, a fheabhsaíonn forbairt phearsanta, shochoideachasúil agus ghairmiúil daoine óga, chomh maith lena saoránacht ghníomhach agus a ninfhostaitheacht. Níor cheart drochthionchar a bheith ag gníomhaíochtaí saorálaíochta ar fhostaíocht íoctha a d'fhéadfadh a bheith ann ná ar fhostaíocht íoctha atá ann cheana, agus níor cheart breathnú orthu mar ionadaithe ar an bhfostaíocht íoctha. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit obair i gcomhar le chéile maidir le beartais saorálaíochta i réimse na hóige tríd an modh oscailte comhordúcháin.

(12)Féadfaidh cúrsaí oiliúna agus poist i réimsí a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht deiseanna breise a thairiscint do dhaoine óga tosú i margadh an tsaothair agus rannchuidiú le dul i ngleic le príomhdhúshláin na sochaí ag an am céanna. Féadfaidh sé sin infhostaitheacht agus táirgiúlacht daoine óga a chothú agus a naistriú ón oideachas go fostaíocht a éascú, agus tá an-tábhacht leis an méid sin maidir lena ndeiseanna a fheabhsú i margadh an tsaothair. Leanfaidh na cúrsaí oiliúna a thairgtear faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach na prionsabail cháilíochta a leagtar síos sa Mholadh ón gComhairle an 10 Márta 2014 lena mbunaítear Creat Cáilíochta do Chúrsaí Oiliúna 21 . Beidh na cúrsaí oiliúna agus na poist a thairgtear ina gcéad chéim mhór do dhaoine óga chun dul isteach i margadh an tsaothair agus mar sin ba cheart tacaíocht iar-ghníomhaíochta leordhóthanach a bheith ag dul leo. Déanann gníomhaithe ábhartha i margadh an tsaothair, go háirithe i seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha, comhpháirtithe sóisialta agus Comhlachais Tráchtála, cúrsaí oiliúna agus poist a éascú agus faigheann siad íocaíocht ón eagraíocht rannpháirteach. Mar eagraíochtaí rannpháirteacha, ba cheart dóibh iarratas a dhéanamh ar chistiú trí bhíthin struchtúr inniúil cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh d'fhonn feidhmiú mar idirghabhálaí idir na rannpháirtithe óga agus na fostaithe a thairgeann cúrsaí oiliúna agus poist in earnálacha na dlúthpháirtíochta.

(13)Is sócmhainn thábhachtach é meon tionscnaimh daoine óga don tsochaí agus do mhargadh an tsaothair. Cuidíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach an ghné sin a chothú trí dheis a thabhairt do dhaoine óga a dtionscadail féin, arb é is aidhm leo dul i ngleic le dúshláin shonracha chun leasa a bpobal áitiúla féin, a dhearadh agus a chur chun feidhme. Is deis iad na tionscadail sin chun triail a bhaint as smaointe nua agus chun tacú le daoine óga gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thiomáint chun tosaigh astu féin. Is túsphointe iad freisin le haghaidh breis rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus is céad chéim iad chun rannpháirtithe sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a spreagadh i dtreo na féinfhostaíochta nó i dtreo bunú cumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha nó comhlachtaí eile atá gníomhach sna hearnálacha dlúthpháirtíochta, neamhbhrabúis agus in earnáil na hóige.

(14)Ba cheart go mbraithfeadh daoine óga agus eagraíochtaí atá rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach gur cuid de phobal daoine agus eintiteas iad atá tiomanta do dhlúthpháirtíocht a fheabhsú ar fud na hEorpa. San am céanna, tá tacaíocht de dhíth ar eagraíochtaí rannpháirteacha chun a gcumas a neartú maidir le gníomhaíochtaí ardcháilíochta a thairiscint do líon méadaitheach rannpháirtithe. Tacaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach le gníomhaíochtaí líonraithe arb é is aidhm leo rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí rannpháirteacha a neartú sa phobal seo, meon an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a chothú, agus malartú cleachtas úsáideach agus taithí a spreagadh. Cuidíonn na gníomhaíochtaí sin freisin chun feasacht a ardú faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach i measc gníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus chun aiseolas a bhailiú ó rannpháirtithe agus ó eagraíochtaí rannpháirteacha maidir le cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

(15)Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar cháilíocht na ngníomhaíochtaí agus na ndeiseanna eile a thairgtear faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a áirithiú, go háirithe trí oiliúint, tacaíocht teanga, árachas, tacaíocht riaracháin agus tacaíocht iar-ghníomhaíochta a thairiscint do rannpháirtithe agus tríd an fhaisnéis, na scileanna agus na hinniúlachtaí a shealbhaigh siad le linn a neispéireas sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a bhailíochtú. Is den mhórthábhacht iad slándáil agus sábháilteacht na saorálaithe agus níor cheart saorálaithe a imlonnú chuig oibríochtaí a dhéantar i limistéar coinbhleachtaí armtha idirnáisiúnta agus neamh-idirnáisiúnta.

(16)Chun tionchar ghníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar fhorbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil na rannpháirtithe a áirithiú, ní mór an fhaisnéis, na scileanna agus na hinniúlachtaí ar cuspóirí foghlama na gníomhaíochta iad a shainaithint agus a dhoiciméadú go cuí, i gcomhréir leis na himthosca agus na sainiúlachtaí náisiúnta, mar a mholtar sa Mholadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus an fhoghlaim neamhfhoirmiúil a bhailíochtú 22 .

(17)Ba cheart don lipéad cáilíochta comhlíonadh na neagraíochtaí rannpháirteacha le prionsabail agus riachtanais an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a áirithiú, maidir lena gcearta agus lena bhfreagrachtaí ag gach céim d’eispéireas na dlúthpháirtíochta. Is réamhchoinníoll é an lipéad cáilíochta le bheith rannpháirteach ach ní leanann cistiú faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach as sin go huathoibríoch.

(18)Aon eintiteas atá toilteanach a bheith rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ba cheart dó lipéad cáilíochta a fháil ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha iomchuí. An próiseas a mbronntar an lipéad cáilíochta ar a bhonn, ba cheart do chomhlachtaí cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh é a dhéanamh ar bhonn leanúnach. Ba cheart athmheasúnú tráthrialta a dhéanamh ar an lipéad cáilíochta a bhronntar agus d'fhéadfaí é a chúlghairm más amhlaidh, i gcomhthéacs na seiceálacha a dhéantar, nach bhfuil na coinníollacha faoinar bronnadh é á gcomhlíonadh a thuilleadh.

(19)Mar réamhchoinníoll, ba cheart lipéad cáilíochta a bheith faighte ag aon eintiteas atá toilteanach cur isteach ar chistiú chun gníomhaíochtaí a thairiscint faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le daoine nádúrtha atá ag lorg tacaíocht airgeadais dá dtionscadail dlúthpháirtíochta thar ceann grúpa neamhfhoirmiúil de rannpháirtithe sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

(20)Féadfaidh eagraíochtaí rannpháirteacha roinnt feidhmeanna éagsúla a dhéanamh faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. I bhfeidhm óstaigh, déanfaidh siad na gníomhaíochtaí a bhaineann le glacadh leis na rannpháirtithe, lena náirítear gníomhaíochtaí a eagrú agus treoir agus tacaíocht a sholáthar do rannpháirtithe le linn na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta, de réir mar is iomchuí. I bhfeidhm tacaíochta, déanfaidh siad gníomhaíochtaí i ndáil leis na rannpháirtithe a chur amach agus a ullmhú sula bhfágann siad agus le linn na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta agus ina diaidh, lena náirítear oiliúint a thabhairt agus rannpháirtithe a chur i dtreo eagraíochtaí áitiúla tar éis na gníomhaíochta.

(21)Ba cheart méadú ar thionscadail de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a éascú. Ba cheart bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun cabhrú le tionscnóirí thionscadail de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh iarratas ar dheontais a dhéanamh nó sineirgíochtaí a fhorbairt trí thacaíocht a thabhairt ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus ó na cláir a bhaineann le imirce, slándáil, ceartas agus saoránachta, sláinte agus cultúr.

(22)Cuidíonn Ionaid Acmhainní an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh leis na comhlachtaí cur chun feidhme, na heagraíochtaí rannpháirteacha agus leis na daoine óga atá rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach chun cáilíocht chur chun feidhme ghníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a fheabhsú, agus chun feabhas a chur ar shainaithint agus ar bhailíochtú inniúlachtaí a shealbhaítear trí mheán na ngníomhaíochtaí sin, lena náirítear trí dheimhnithe Youthpass a sholáthar.

(23)Ba cheart Tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a fhorbairt i rith an ama chun rochtain éasca ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a áirithiú agus chun ionad ilfhreastail a chur ar fáil do dhaoine agus d’eagraíochtaí ar spéis leo é maidir le, inter alia, clárúchán, sainaithint agus meaitseáil próifílí agus deiseanna, líonrú agus malartuithe fíorúla, oiliúint ar líne, tacaíocht teanga agus iar-ghníomhaíochta chomh maith le feidhmiúlachtaí úsáideacha eile, a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa todhchaí.

(24)Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ag cur san áireamh an Creat Idir-Inoibritheachta Eorpach 23 , lena dtugtar treoir shonrach ar an gcaoi le seirbhísí poiblí digiteacha idir-inoibritheacha a bhunú, agus a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit agus i dtíortha eile is comhaltaí den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach trí Chreata Idir-Inoibritheachta Náisiúnta. Tugtar sa Tairseach 47 moladh nithiúla do na húdaráis phoiblí i dtaca leis an gcaoi le rialachas ar a ngníomhaíochtaí idir-inoibritheachta a fheabhsú, le caidrimh thraseagraíochtúla a bhunú, le próisis a thacaíonn le seirbhísí digiteacha ó cheann go ceann a chuíchóiriú, agus lena náirithiú nach gcuireann an reachtaíocht atá ann cheana agus an reachtaíocht nua isteach ar na hiarrachtaí idir-inoibritheachta.

(25)Tá feidhm ag [an Rialachán Airgeadais nua] 24 (an "Rialachán Airgeadais") maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena náirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(26)Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 26 , féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 27 ón gComhairle, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(27)Tá an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach dírithe ar dhaoine óga idir 18-30 bliain d'aois agus ba cheart gá a bheith le clárúchán roimh ré ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí a chuireann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar fáil.

(28)Tugtar aird ar leith ar a áirithiú go mbíonn na gníomhaíochtaí a dtacaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach leo inrochtana ag gach duine óg, go háirithe iad siúd is mó atá faoi bhuntáiste. Ba cheart bearta speisialta a bheith i bhfeidhm, dá bhrí sin, chun cuimsiú sóisialta agus rannpháirtíocht daoine óga faoi bhuntáiste a chur chun cinn, agus chun na srianta a bhaineann le hiargúltacht roinnt ceantair thuaithe agus na réigiún is forimeallaí den Aontas agus na tíortha agus na críocha thar lear a chur san áireamh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na tíortha rannpháirteacha féachaint leis na bearta iomchuí uile a ghlacadh is gá chun deireadh a chur leis na bacainní dlí agus riaracháin atá ar fheidhmiú ceart an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Ba cheart go réiteodh an méid sin, nuair is féidir, agus gan dochar do acquis Schengen agus dlí an Aontais maidir le dul isteach agus cónaí náisiúnach tríú tíortha, na fhadhbanna riaracháin a chruthaíonn deacrachtaí i dtaca le víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil, agus le Cárta Árachais Sláinte Eorpach a eisiúint i gcás gníomhaíochtaí trasteorann laistigh den Aontas Eorpach.

(29)Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras a chur chun feidhme agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, cuideoidh an Clár seo beart ar son na haeráide a phríomhshruthú agus an sprioc fhoriomlán a bhaint amach go gcaithfear 25 % de chaiteachais bhuiséadacha an Aontais mar thacaíocht do chuspóirí aeráide. Sainaithneofar bearta ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na bearta sin mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha.

(30)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don tréimhse 2021-2027, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil 29 .

(31)Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na mbeart a bhaint amach agus torthaí a thabhairt a roghnófar iad, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Maidir le deontais, áireofar leis seo breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus ar scálaí costas aonaid.

(32)Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach sa Chlár faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gcomhaontú leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme chláir de chuid an Aontais le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Leis an Rialachán seo, ba cheart na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. Ba cheart rannpháirtíocht iomlán tríú tíortha sa Chlár a bheith faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír lena baineann sa Chlár. Chomh maith leis sin, is cuid den rannpháirtíocht iomlán an oibleagáid gníomhaireacht náisiúnta a bhunú agus roinnt de ghníomhaíochtaí an Chláir a bhainistiú ar leibhéal díláraithe. Daoine aonair agus eintitis ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, ba cheart go mbeidís in ann a bheith rannpháirteach i roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Chláir, mar a shainítear sa chlár oibre agus sa glao ar tograí arna fhoilsiú ag an gCoimisiún.

(33)Chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ba cheart forálacha a dhéanamh le go mbeidh tíortha rannpháirteacha agus cláir eile de chuid an Aontais in ann cistiú náisiúnta breise a chur ar fáil i gcomhréir le rialacha an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

(34)De bhun [Airteagal 88 den Chinneadh nua ón gComhairle maidir le comhlachas tíortha agus críocha thar lear] 30 , tá daoine agus eintitis atá bunaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(35)I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas] 31 ba cheart a chur san áireamh sa Chlár staid ar leith na réigiún sin. Déanfar bearta chun rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí sna gníomhaíochtaí uile a mhéadú. Déanfar faireachán agus meastóireacht rialta ar na bearta sin.

(36)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ba cheart don Choimisiún cláir oibre a ghlacadh agus Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi sin. Ba cheart na bearta is gá leis na cláir oibre a chur chun feidhme a leagan amach sa chlár oibre, i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir, leis na critéir roghnúcháin agus dámhachtana le haghaidh deontas, chomh maith le gach aon ghné eile is gá. Ba cheart na cláir oibre agus aon leasú a dhéantar orthu a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin.

(37)De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus rórialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ba cheart a áireamh ar na ceanglais sin táscairí sonracha intomhaiste réalaíocha is féidir a thomhas le himeacht ama, mar bhonn le meastóireacht ar éifeachtaí an Rialacháin ar an talamh.

(38)Ba cheart for-rochtain iomchuí, poiblíocht agus scaipeadh na ndeiseanna agus thorthaí na ngníomhaíochtaí a dtacaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach leo a áirithiú ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus áitiúil. Ba cheart aird ar leith a a thabhairt ar fhiontair shóisialta a spreagann iad le tacú le gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Ba cheart na gníomhaíochtaí for-rochtana, poiblíochta agus scaipthe a bheith ag brath ar chomhlachtaí cur chun feidhme uile an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, lena náirítear, i gcás inarb ábhartha, le tacaíocht na bpríomhpháirtithe leasmhara eile.

(39)D'fhonn cuspóirí an Chláir a bhaint amach níos fearr, ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus do na ghníomhaireachtaí náisiúnta a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí neamhrialtasach, eagraíochtaí don óige agus páirtithe leasmhara áitiúla a bhfuil saineolas acu ar ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta.

(40)Chun an chumarsáid leis an bpobal i gcoitinne a dhéanamh níos éifeachtúla agus chun sineirgíochtaí idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin a threisiú, ba cheart na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo a bheith ina gcuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a chumhdach, ar choinníoll go mbaineann na gníomhaíochtaí sin le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo.

(41)D'fhonn cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach an leas is mó is féidir a bhaint as na socruithe bainistíochta atá ann cheana. Ba cheart, dá bhrí sin, cur chun feidhme an Chláir a chur de chúram ar struchtúir atá ann cheana, eadhon an Coimisiún agus na gníomhaireachtaí náisiúnta arna nainmniú chun bainistiú a dhéanamh ar na bearta dá dtagraítear i gCaibidil III de [Rialachán nua Erasmus]. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle go rialta leis na príomhpháirtithe leasmhara, lena náirítear eagraíochtaí rannpháirteacha, maidir le cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

(42)Chun bainistíocht fhónta airgeadais agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i ngach tír rannpháirteach, ba cheart do gach údarás náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta a ainmniú. Más indéanta, agus d'fhonn an leibhéal éifeachtúlachta is fearr is féidir a bhaint amach, féadfaidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta céanna arna ainmniú do na bearta dá dtagraítear i gCaibidil III de [Rialachán nua Erasmus] a bheith i gceist anseo.

(43)Ba cheart do na Ballstáit féachaint leis na bearta iomchuí uile a ghlacadh is gá chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú ceart an Chláir. Áirítear leis sin teacht ar réiteach, nuair is féidir, agus gan dochar do dhlí an Aontais maidir le dul isteach agus cónaí náisiúnach tríú tíortha, ar fhadhbanna a chruthaíonn deacrachtaí maidir le víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil. I gcomhréir le Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 , spreagtar na Ballstáit le nósanna imeachta meara um ligean isteach a bhunú.

(44)Ba cheart a áirithiú leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, go ndéanfar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus meastóireacht an Chláir a bhailiú ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil agus ar an leibhéal iomchuí gráinneachta. Ba cheart na sonraí sin a chur in iúl don Choimisiún ar dhóigh a chomhlíonann na rialacha ábhartha cosanta sonraí.

(45)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 .

(46)Chun na ceanglais ar thairbhithe a shimpliú, ba cheart úsáid a bhaint as deontais shimplithe i bhfoirm cnapshuimeanna, costais aonaid nó cistiú ar ráta comhréidh a mhéad agus is féidir. Ba cheart a chur san áireamh sna deontais shimplithe chun tacú le gníomhaíochtaí soghluaisteachta an Chláir, arna sainmhíniú ag an gCoimisiún, costais mhaireachtála agus chothaithe na tíre aíochta. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart na Ballstáit a spreagadh freisin chun na deontais sin a dhíolmhú ó aon chánacha agus tobhaigh shóisialta. Ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine chéanna maidir le heintitis phoiblí nó phríobháideacha a thugann tacaíocht airgeadais den sórt sin do na daoine aonair lena mbaineann.

(47)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 34 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí, lena náirítear calaois, a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. D'fhonn táscairí feidhmíochta an Chláir a athbhreithniú agus/nó a chomhlánú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna le saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe.

(48)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 35 . Go háirithe, féachann an Rialachán seo lena náirithiú go nurramaítear an ceart chun comhionannas idir fir agus mná agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe ar bhonn inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiúin nó creidimh, aoise nó claonta ghnéasaigh, agus le cur i bhfeidhm Airteagal 21 agus Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn.

(49)Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus socraítear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, baineann siad freisin le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i dtaca le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistíocht fhónta airgeadais agus maoiniú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.

(50)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar ardcháilíocht a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a scála agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(51)Ba cheart [an Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

(52)Chun an leanúnachas a áirithiú maidir leis an tacaíocht chistiúcháin arna soláthar faoin gClár, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ("an Clár").

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn "gníomhaíocht dlúthpháirtíochta" gníomhaíocht shealadach ar ardcháilíocht atá ina cuidiú chun cuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhaint amach, cuir i gcás saorálaíocht, cúrsaí oiliúna, poist, tionscadail dlúthpháirtíochta agus gníomhaíochtaí líonraithe i réimsí éagsúla, lena náirítear na gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear i mír 13, lena náirithítear an breisluach Eorpach agus comhlíonadh rialacháin sláinte agus sábháilteachta;

(2)ciallaíonn "iarrthóir cláraithe" duine idir aois 17 agus 30 bliain d'aois, a chláraigh ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun suim a léiriú i ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta ach nach bhfuil rannpháirteach i ngníomhaíocht den chineál sin go fóill;

(3)ciallaíonn “rannpháirtí” duine idir aois 18 agus 30 d'aois atá cláraithe ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus atá rannpháirteach i ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta faoi choimirce an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh;

(4)ciallaíonn "daoine óga ar lú iad na deiseanna a bhíonn acu" daoine óga a bhfuil bacainní éigin orthu a chuireann cosc orthu rochtain éifeachtach a bheith acu ar dheiseanna faoin gClár ar chúiseanna eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha, geografacha nó ar chúiseanna sláinte nó toisc go bhfuil siad faoi mhíchumas nó go bhfuil deacrachtaí oideachais acu;

(5)ciallaíonn “eagraíocht rannpháirteach” aon eintiteas poiblí nó príobháideach, idir eintiteas áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, ar bronnadh lipéad cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh orthu;

(6)ciallaíonn "saorálaíocht" gníomhaíocht dlúthpháirtíochta ar gníomhaíocht dheonach gan íocaíocht é a mhaireann suas le 12 mhí;

(7)ciallaíonn "cúrsa oiliúna" gníomhaíocht dlúthpháirtíochta a mhaireann idir 2 mhí agus 6 mhí is féidir a athnuachan uair amháin ar feadh uastréimhse 12 mhí, arb í an eagraíocht rannpháirteach a óstálann an rannpháirtí sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a dhéanann é a thairiscint agus a íoc;

(8)ciallaíonn "post" gníomhaíocht dlúthpháirtíochta a mhaireann idir 2 mhí agus 12 mhí a dhéanann an eagraíocht rannpháirteach a fhostaíonn an rannpháirtí sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a íoc;

(9)ciallaíonn "tionscadal dlúthpháirtíochta" gníomhaíocht dlúthpháirtíochta intíre gan íocaíocht a mhaireann suas le 12 mhí, arna déanamh ag grúpaí de 5 rannpháirtí sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar a laghad, d'fhonn aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin ina bpobal ach breisluach Eorpach soiléir a léiriú san am céanna;

(10)ciallaíonn "lipéad cáilíochta" an deimhniúchán a bhronntar ar eagraíocht rannpháirteach atá toilteanach gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a chur ar fáil faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach i gcáil óstaigh agus/nó i bhfeidhm tacaíochta;

(11)ciallaíonn “Ionad Acmhainní an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh” na feidhmeanna breise a dhéanann gníomhaireachtaí náisiúnta ainmnithe chun tacú le forbairt, cur chun feidhme agus cáilíocht gníomhaíochtaí faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach chomh maith le sainaithint na ninniúlachtaí arna sealbhú ag na rannpháirtithe trína ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta;

(12)ciallaíonn "uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais" ionstraimí a chuidíonn leis na geallsealbhóirí torthaí na foghlama seachfhoirmiúla í agus na foghlama neamhfhoirmiúla a thuiscint, a léirthuiscint agus, de réir mar is iomchuí, a aithint ar fud an Aontais; Gheobhaidh gach rannpháirtí, tar éis dó a ngníomhaíochtaí a chríochnú, deimhniú, amhail Youthpass nó Europass, ina beidh torthaí foghlama na ngníomhaíochtaí mar aon leis na scileanna a d'fhorbair siad lena linn;

(13)ciallaíonn "gníomhaíocht chabhrach daonnúla" gníomhaíocht a thacaíonn le hoibríochtaí cabhrach daonnúla i dtríú tíortha a bhfuil sé beartaithe leo cúnamh éigeandála riachtanaisbhunaithe a sholáthar arb é is aidhm leis beatha a chaomhnú, fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú agus dínit an duine a chothabháil i gcás géarchéimeanna de dhéanamh an duine nó tubaistí nádúrtha, lena náirítear oibríochtaí cúnaimh, fóirithinte agus cosanta le linn géarchéimeanna daonnúla nó go díreach ina ndiaidh, bearta tacaíochta chun rochtain ar dhaoine i ngátar a áirithiú agus chun saorshreabhadh cúnaimh a éascú, mar aon le bearta arb é is aidhm leo an ullmhacht chun tubaistí a fheabhsú agus riosca tubaistí a laghdú, a nascann fóirithint, athshlánú agus forbairt, agus a chuidíonn le hacmhainn chun teacht aniar an phobail a neartú mar aon lena acmhainn dul i ngleic le géarchéimeanna agus teacht astu;

(14)ciallaíonn “tríú tír” tír nach bhfuil ina ball den Aontas;

(15)ciallaíonn "tríú tír atá comhlachaithe leis an gclár" tríú tír is páirtí i gcomhaontú leis an Aontas trínar féidir léi a bheith rannpháirteach sa Chlár agus a chomhlíonann na hoibleagáidí uile a leagtar síos sa Rialachán seo maidir leis na Ballstáit;

(16)ciallaíonn "tríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár" tríú tír nach bhfuil rannpháirteach ina hiomláine sa Chlár ach a bhféadfadh a heintitis dhlíthiúla leas a bhaint as an gClár i gcásanna a bhfuil údar cuí leo chun leasa an Aontais.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.Is é cuspóir ginearálta an Chláir rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí a fheabhsú i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta atá inrochtana agus ar ardcháilíocht mar mhodh chun cuidiú le comhtháthú, dlúthpháirtíocht agus daonlathas a neartú san Aontas agus ar an gcoigríoch agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na sochaí agus dúshláin dhaonnúla ar an talamh, ag díriú go háirithe ar an gcuimsiú sóisialta a chur chun cinn.

2.Is é cuspóir sonrach an Chláir deiseanna atá inrochtana go héasca a sholáthar do dhaoine óga, lena náirítear daoine óga ar lú iad na deiseanna a bhíonn acu, chun gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a dhéanamh san Eoraip agus ar an gcoigríoch, agus feabhas a chur ag an am céanna ar a gcuid inniúlachtaí, agus a ninfhostaitheacht agus a naistriú isteach i margadh an tsaothair a éascú san am céanna.

3.Déanfar cuspóirí an Chláir a chur chun feidhme faoi na gnéithe gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thugann aghaidh ar dhúshláin na sochaí, mar a thagraítear dó in Airteagal 6;

(b)rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a bhaineann leis an gcabhair dhaonnúil (an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil) mar a thagraítear dó in Airteagal 10.

CAIBIDIL II

GNÍOMHAÍOCHTAÍ AN CHÓIR DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA EORPAIGH

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

1.Saothrófar leis an gClár na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 trí bhíthin na gcineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)saorálaíocht, mar a thagraítear di in Airteagal 7 agus in Airteagal 11;

(b)cúrsaí oiliúna agus poist, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 8;

(c)tionscadail dlúthpháirtíochta, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 9;

(d)gníomhaíochtaí líonraithe, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 5;

(e)bearta cáilíochta agus tacaíochta, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 5.

2.Tacóidh an Clár leis na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin a mbaineann breisluach Eorpach soiléir leo, a bhuí leis na tréithe seo a leanas, mar shampla:

(a)na saintréithe trasnáisiúnta a bhaineann leo, go háirithe i dtaca le soghluaisteacht foghlama agus comhar;

(b)an cumas atá iontu cláir agus beartais eile a chomhlánú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(c)an ghné Eorpach a bhaineann leo i dtaca leis na topaicí, na haidhmeanna, na cineálacha cur chuige, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus gnéithe eile de na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin;

(d)an cur chuige atá acu i dtaca le daoine óga ó chúlraí éagsúla a bheith rannpháirteach;

(e)an méid a chuidíonn siad chun uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais a úsáid go héifeachtach.

3.Déanfar na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis na ceanglais shonracha arna leagan síos le haghaidh gach cineál gníomhaíochta arna déanamh faoi chuimsiú an Chláir mar a thagraítear dóibh in Airteagail 5, 7, 8, 9 agus 11, agus leis na creata rialála is infheidhme i dtíortha rannpháirteacha.

4.Tagairtí don tSeirbhís Dheonach Eorpach i reachtaíocht an Aontais, tuigfear leo go náirítear gníomhaíochtaí saorálaíochta faoi Rialachán 1288/2013 agus faoin Rialachán seo araon.

Airteagal 5

Gníomhaíochtaí atá i gcoiteann ag an dá ghné

1.Beidh mar aidhm ag gníomhaíochtaí líonraithe, mar a thagraítear dóibh i bpointe (d) d'Airteagal 4.1, an méid seo a leanas:

(a)cumas na neagraíochtaí rannpháirteacha tionscadal ar cháilíocht mhaith a thairiscint do líon méadaitheach rannpháirtithe sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an cumas sin a neartú ;

(b)rannpháirtithe nua, idir dhaoine óga agus eagraíochtaí rannpháirteacha, a mhealladh;

(c)deiseanna aiseolais a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta; agus

(d)cuidiú a thabhairt i dtaca le scéalta faoi thaithí a mhalartú agus an bhraistint chomhuintearais a neartú i measc na ndaoine aonair agus na neintiteas atá rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus, ar aon gcaoi sin, tacú le tionchar dearfach níos leithne a bheith ag an gCór.

2.Beidh sna áireamh sna bearta cáilíochta agus tacaíochta, mar a thagraítear dóibh i bpointe (e) d'Airteagal 4.1:

(a)bearta arb é is aidhm leo cáilíocht na saorálaíochta, na gcúrsaí oiliúna nó na bpost a áirithiú, lena náirítear oiliúint, tacaíocht teanga, árachas comhlántach, tacaíocht roimh an ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta nó ina diaidh, mar aon le tuilleadh úsáide a bhaint as Youthpass a dhéanann na hinniúlachtaí a shealbhaíonn na rannpháirtithe le linn na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a shainaithint agus a dhoiciméadú, agus fothú acmhainneachta agus tacaíocht riaracháin le haghaidh na neagraíochtaí rannpháirteacha;

(b)forbairt agus cothabháil lipéid cáilíochta le haghaidh eintitis atá toilteanach gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a sholáthar don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach;

(c)gníomhaíochtaí Ionaid Acmhainní an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun tacú le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, cáilíocht an chur chun feidhme a ardú, agus bailíochtú ar thorthaí na ngníomhaíochtaí a fheabhsú;

(d)Tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus seirbhísí ábhartha eile ar líne, chomh maith leis na córais tacaíochta TF agus uirlisí gréasánbhunaithe is gá, a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú.

CAIBIDIL III

RANNPHÁIRTÍOCHT DAOINE ÓGA I nGNÍOMHAÍOCHTAÍ DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA A THUGANN AGHAIDH AR DHÚSHLÁIN NA SOCHAÍ

Airteagal 6

Cuspóir agus cineálacha na ngníomhaíochtaí

1.Gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin ngné "Rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thugann aghaidh ar dhúshláin na sochaí", ba cheart iad a bheith ina gcuidiú go háirithe chun an comhtháthú, an dlúthpháirtíocht agus an daonlathas a neartú san Aontas agus ar an gcoigríoch, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na sochaí freisin agus iarracht ar leith a dhéanamh an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn.

2.Tacóidh an ghné seo leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d) agus (e) d'Airteagal 4.1 ar na bealaí seo a leanas:

(a)saorálaíocht, mar a thagraítear di in Airteagal 7;

(b)cúrsaí oiliúna agus poist, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 8;

(c)tionscadail dlúthpháirtíochta, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 9;

(d)gníomhaíochtaí líonraithe do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí atá rannpháirteach sa ghné seo i gcomhréir le hAirteagal 5;

(e)bearta cáilíochta agus tacaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 5.

Airteagal 7

Saorálaíocht i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta

1.Áireofar le saorálaíocht mar a thagraítear dó i bpointe (a) d'Airteagal 4.1, comhpháirt foghlama agus oiliúna, ní thairgfear í in ionad cúrsaí oiliúna ná post, ní hionann í agus fostaíocht agus beidh sí bunaithe ar chomhaontú saorálaíochta i scríbhinn.

2.Féadfar saorálaíocht a dhéanamh i dtír nach tír chónaithe an rannpháirtí í (trasteorann) nó i dtír chónaithe an rannpháirtí (intíre).

Airteagal 8

Cúrsaí oiliúna agus poist

1.Beidh cúrsa oiliúna, mar a thagraítear dó i bpointe (b) d'Airteagal 4.1 bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn an chúrsa oiliúna i gcomhréir leis an gcreat rialála is infheidhme sa tír ina ndéanfar an cúrsa oiliúna, de réir mar is iomchuí, agus ag cur san áireamh phrionsabail an Chreata Cáilíochta le haghaidh Cúrsaí Oiliúna (2014/C 88/01). Ní thairgfear cúrsaí oiliúna in ionad post.

2.Beidh post, mar a thagraítear dó i bpointe (b) d'Airteagal 4.1, bunaithe ar chonradh fostaíochta i gcomhréir le creat rialála náisiúnta na tíre rannpháirtí ina bhfuil an post á dhéanamh. Ní mhairfidh an tacaíocht airgeadais a thabharfar d'eagraíochtaí rannpháirteacha atá ag tairiscint post níos mó ná 12 mhí i gcásanna ina théann fad an chonartha fostaíochta thar 12 mhí.

3.Cuimseofar comhpháirt foghlama agus oiliúna sna cúrsaí oiliúna agus sna poist.

4.Féadfar cúrsaí oiliúna agus poist a dhéanamh i dtír nach tír chónaithe an rannpháirtí í (trasteorann) nó i dtír chónaithe an rannpháirtí (intíre).

Airteagal 9

Tionscadail dlúthpháirtíochta

Ní thairgfear tionscadal dlúthpháirtíochta, mar a thagraítear dó i bpointe (c) d'Airteagal 4.1, in ionad cúrsaí oiliúna agus/ná post.

CAIBIDIL IV

AN CÓR SAORÁLACH EORPACH UM CHABHAIR DHAONNÚIL

Airteagal 10

Cuspóir agus cineálacha na ngníomhaíochtaí

1.Gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme faoin ngné "an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil", cuideoidh siad go háirithe chun cabhair dhaonnúil riachtanaisbhunaithe a sholáthar, arb é is aidhm léi beatha a chaomhnú, fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú agus dínit an duine a chothabháil agus acmhainn agus teacht aniar pobal atá soghonta nó atá buailte le tubaiste a neartú.

2.Déanfar na gníomhaíochtaí faoin gCaibidil seo i gcomhréir le prionsabail na cabhrach daonnúla, eadhon daonnacht, neodracht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas.

3.Tacóidh an ghné seo leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (d) agus pointe (e) d'Airteagal 4.1, ar na bealaí seo a leanas:

(a)saorálaíocht, mar a thagraítear di in Airteagal 11.

(b)gníomhaíochtaí líonraithe do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí atá rannpháirteach sa ghné seo i gcomhréir le hAirteagal 5;

(c)bearta cáilíochta agus tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 5, ag díriú go háirithe ar bhearta chun sábháilteacht agus slándáil rannpháirtithe a áirithiú.

Airteagal 11

Saorálaíocht chun tacú le hoibríochtaí cabhrach daonnúla

1.Áireofar le saorálaíocht chun tacú le hoibríochtaí cabhrach daonnúla mar a thagraítear di i bpointe (a) d'Airteagal 4.1, comhpháirt foghlama agus oiliúna, ní thairgfear í in ionad cúrsaí oiliúna ná post, agus beidh sí bunaithe ar chomhaontú saorálaíochta i scríbhinn.

2.Ní féidir saorálaíocht faoin ngné seo a dhéanamh i dtríú tíortha, ach amháin más rud é:

(a)go ndéantar gníomhaíochtaí agus oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil sna tríú tíortha sin; agus

(b)nach bhfuil aon choinbhleachtaí armtha idirnáisiúnta agus neamh-idirnáisiúnta leanúnacha ar siúl iontu.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 12

An buiséad

1.Is é EUR 1 260 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027.

2.Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena náirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

3.Gan dochar don Rialachán Airgeadais, féadfaidh caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí a eascraíonn ó thionscadail a áirítear sa chéad chlár oibre a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021.

4.Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit sin. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le [pointe (a) d’Airteagal 62.1] den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le [pointe (c) den Airteagal sin]. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh más féidir.

Airteagal 13

Foirmeacha an chistiúcháin ón Aontas agus modhanna cur chun feidhme

1.Cuirfear an Clár chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach leis na comhlachtaí dá dtagraítear i [bpointe (c) d' Airteagal 62.1] den Rialachán Airgeadais.

2.Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar.

3.Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an baol a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos in [Airteagal X de] Rialachán XXX [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].

4.I gcás roghanna faoin mbainistíocht dhíreach agus indíreach ar aon, féadfaidh an coiste meastóireachta a bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.

CAIBIDIL VI

RANNPHÁIRTÍOCHT SA CHÓR DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA EORPACH

Airteagal 14

Tíortha rannpháirteacha

1.Beidh na deiseanna saorálaíochta, na cúrsaí oiliúna, na poist, na tionscadail dlúthpháirtíochta, na gníomhaíochtaí líonraithe agus na bearta cáilíochta agus tacaíochta mar a thagraítear dóibh in Airteagail 5, 7, 8, 9 agus 11 oscailte do na Ballstáit agus do thíortha agus críocha thar lear.

2.Beidh na deiseanna saorálaíochta, na gníomhaíochtaí líonraithe agus na bearta cáilíochta agus tacaíochta mar a thagraítear dóibh in Airteagal 5 agus Airteagal 7 oscailte daoibh seo a leanas:

(a)comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)tíortha aontacha, iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime ábhartha agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

go náirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais;

go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena náirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh maidir leis an gClár;

go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

3.Ní bheidh na tíortha dá dtagraítear i mír 2 rannpháirteach ina niomláine sa Chlár ach sa mhéid agus a chomhlíonann siad na hoibleagáidí uile a fhorchuirtear ar na Ballstáit leis an Rialachán seo.

4.Féadfaidh deiseanna saorálaíochta agus gníomhaíochtaí líonraithe mar a thagraítear dóibh in Airteagal 5 agus Airteagal 7 a bheidh oscailte d'aon tríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, go háirithe tíortha comharsanachta.

Airteagal 15

Rannpháirtíocht daoine aonair

Daoine aonair atá idir 17 agus 30 bliain d’aois agus atá toilteanach a bheith rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, cláróidh siad ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Ar a shon sin, an tráth a thosóidh saorálaíocht, cúrsa oiliúna, post nó tionscadal dlúthpháirtíochta ní foláir 18 mbliana d’aois ar a laghad a bheith slánaithe ag an duine óg agus gan é a bheith os cionn 30 bliain d’aois.

Airteagal 16

Eagraíochtaí rannpháirteacha

1.Beidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach oscailte do rannpháirtíocht eintiteas poiblí nó príobháideach, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ar choinníoll go bhfuil lipéad cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh faighte acu.

2.Déanfaidh comhlacht inniúil cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh measúnú ar iarratas ó eintiteas ar bheith ina eagraíocht rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar bhonn phrionsabail na córa comhionainne, an chomhionannais deiseanna agus an neamh-idirdhealaithe, teacht in ionad post a sheachaint, soláthair gníomhaíochtaí ar ardcháilíocht a mbaineann gné foghlama leo a dhíríonn ar fhorbairt phearsanta, shocheacnamaíoch agus ghairmiúil, oiliúint agus socruithe oibre agus saorálaíochta leordhóthanacha, timpeallacht agus dálaí sábháilte agus sásúla, agus an phrionsabail neamhbhrabúis i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Is féidir na prionsabail sin a úsáid lena dhearbhú go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí ceanglais an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

3.Mar thoradh ar an measúnú féadfar lipéad cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhronnadh ar an eintiteas. Déanfar an lipéad a gheofar a athmheasúnú go tréimhsiúil agus féadfar é a chúlghairm.

4.Aon eintiteas a bhfuil lipéad cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh faighte aige, tabharfar rochtain ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh dó i gcáil óstaigh, i bhfeidhm tacaíochta, nó an dá rud, agus beidh sé in ann gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thairiscint d'iarrthóirí cláraithe.

5.Ní leanfaidh cistiú faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach go huathoibríoch as lipéad cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a fháil.

6.Féadfaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus bearta ábhartha cáilíochta agus tacaíochta a thairgeann eagraíocht rannpháirteach cistiú a fháil faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach nó ó fhoinsí cistiúcháin eile nach mbíonn ag brath ar bhuiséad an Aontais.

7.I gcás eagraíochtaí atá rannpháirteach i gcomhthéacs gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, tosaíocht a bheidh i sábháilteacht agus slándáil na saorálaithe.

Airteagal 17

Rochtain ar chistiú ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Féadfaidh aon eintiteas poiblí nó príobháideach atá bunaithe i dtír rannpháirteach chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. I gcás na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 11, gheobhaidh an eagraíocht rannpháirteach lipéad cáilíochta mar réamhchoinníoll le cistiú a fháil faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. I gcás na dtionscadal dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 9, féadfaidh daoine nádúrtha cur isteach freisin ar chistiú thar ceann grúpaí neamhfhoirmiúla de rannpháirtithe sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

CAIBIDIL VII

CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 18

Clár oibre

Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in [Airteagal 110] den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme. Ina theannta sin, tabharfar le fios sa chlár oibre an méid a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht agus dáileadh na gcistí idir na Ballstáit agus tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár i gcás na ngníomhaíochtaí a bheidh le bainistiú tríd an ngníomhaireacht náisiúnta. Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30.

Airteagal 19

Faireachán agus tuairisciú

1.Leagtar amach san Iarscríbhinn na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

2.Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar an gClár i dtaca lena chuspóirí a bhaint amach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 29, chun an Iarscríbhinn a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe ar fheidhmíocht go mbaileoidh tairbhithe cistí ón Aontas na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus meastóireacht an Chláir ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, agus ar an leibhéal iomchuí mionsonraithe, de réir bhrí Airteagal [2.5] den Rialachán Airgeadais. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar thairbhithe cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit.

Airteagal 20

Meastóireacht

1.Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe agus a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir. Beidh ag gabháil leis freisin meastóireacht deiridh ar an gclár a tháinig roimhe.

3.Gan dochar do na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil IX agus d'oibleagáidí na ngníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 30 Aibreán 2024, maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Chláir ina gcríocha féin.

4.I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

5.Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

CAIBIDIL VIII

FAISNÉIS, CUMARSÁID AGUS SCAIPEADH

Airteagal 21

Faisnéis, cumarsáid agus scaipeadh

1.Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

2.Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

3.Ceapfaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23 straitéis chomhsheasmhach maidir leis an bhfor-rochtain éifeachtach mar aon le scaipeadh agus saothrú thorthaí na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi na bearta a ndéanann siad bainistiú orthu laistigh den Chlár, agus cuideoidh siad leis an gCoimisiún i dtaca leis an gcúram ginearálta um fhaisnéis faoin gClár a scaipeadh, lena náirítear faisnéis faoi bhearta agus gníomhaíochtaí arna mbainistiú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus trí spriocghrúpaí ábhartha a chur ar an eolas faoi na bearta agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ina dtír.

CAIBIDIL IX

CÓRAS BAINISTÍOCHTA AGUS INIÚCHÓIREACHTA

Airteagal 22

An túdarás náisiúnta

I ngach tír atá rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, gníomhóidh na húdaráis náisiúnta atá ainmnithe chun na bearta dá dtagraítear i gCaibidil III de [Rialachán nua Erasmus] a bhainistiú, gníomhóidh siad mar údaráis náisiúnta faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh freisin Beidh feidhm de réir analaí ag míreanna 1, 2, 6, 7, 9, 10, 11, 12, 13 agus 14 d'Airteagal 23 de [Rialachán nua Erasmus] i gcás an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

Airteagal 23

An ghníomhaireacht náisiúnta

1.I ngach tír atá rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, gníomhóidh na húdaráis náisiúnta atá ainmnithe chun na bearta dá dtagraítear i gCaibidil III de [Rialachán nua Erasmus] a bhainistiú ina dtíortha féin mar ghníomhaireachtaí náisiúnta faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh freisin.

Beidh feidhm de réir analaí ag míreanna 1, 2, 3, 4, 5 agus 6 d'Airteagal 24 de [Rialachán Nua Erasmus] i gcás an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

2.Gan dochar d'Airteagal 24.2 de [Rialachán Nua Erasmus], beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach freisin as gach céim de shaolré tionscadal na ngníomhaíochtaí sin de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a liostaítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhainistiú, i gcomhréir le pointí [(c)(v) agus (vi) d’Airteagal 62.1] den Rialachán Airgeadais.

3.I gcás tíortha dá dtagraítear in Airteagal 14.2 den Rialachán seo, áit nach bhfuil gníomhaireacht náisiúnta ainmnithe don tír sin, bunófar í i gcomhréir le míreanna 1, 3, 4, 5 agus 6 d’Airteagal 24 de [Rialachán Nua Erasmus].

Airteagal 24

An Coimisiún Eorpach

1.I gcomhréir leis na rialacha atá in Airteagal 24 de [Rialachán Nua Erasmus], leagfar síos i ndoiciméad scríofa na rialacha a bhaineann leis an gcaidreamh idir an Coimisiún agus gníomhaireacht náisiúnta agus sa doiciméad scríofa sin:

(a)leagfar síos na caighdeáin rialaithe inmheánaigh le haghaidh na gníomhaireachta náisiúnta lena mbaineann agus na rialacha maidir le bainistiú chistí an Aontais chun tacaíocht deontais ó na gníomhaireachtaí náisiúnta a thabhairt;

(b)áireofar clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta ina bhfuil cúraimí bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta a bhfuil tacaíocht ón Aontas á cur ar fáil di;

(c)sonrófar na ceanglais tuairiscithe atá ar an ngníomhaireacht náisiúnta.

2.Gach bliain, cuirfidh an Coimisiún na cistí seo a leanas ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta:

(a)cistí le haghaidh tacaíocht deontais sa tír rannpháirteach lena mbaineann do ghníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar cuireadh de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta iad a bhainistiú;

(b)ranníocaíocht airgeadais chun tacú le cúraimí bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta arna sainmhíniú i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a ndéantar cur síos orthu i bpointe (b) d’Airteagal 25.3 de [Rialachán Nua Erasmus].

3.Leagfaidh an Coimisiún síos na ceanglais do chlár oibre na gníomhaireachta náisiúnta. Ní chuirfidh an Coimisiún cistí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta sula mbeidh clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta formheasta go foirmiúil aige.

4.Ar bhonn na gceanglas comhlíontachta do ghníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23.3 de [Rialachán Nua Erasmus], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na córais náisiúnta bhainistithe agus rialaithe, ar dhearbhú bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, agus an fhaisnéis arna cur ar fáil ag an údarás náisiúnta maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta i dtaca leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach á cur i gcuntas go cuí.

5.Nuair a bheidh measúnú déanta aige ar an dearbhú bliantúil bainistíochta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, cuirfidh an Coimisiún a thuairim agus a bharúlacha in iúl don ghníomhaireacht náisiúnta agus don údarás náisiúnta.

Airteagal 25

Iniúchtaí

1.Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena náirítear daoine nó eintitis seachas iad sin ar thug institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais sainordú dóibh, sin a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun [Airteagal 127] den Rialachán Airgeadais.

2.Ainmneoidh an túdarás náisiúnta comhlacht iniúchóireachta neamhspleách. Eiseoidh an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách tuairim iniúchóireachta maidir leis an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear in [Airteagal 155.1] den Rialachán Airgeadais.

3.Maidir leis an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta:

(a)beidh na hinniúlachtaí gairmiúla is gá aige chun iniúchtaí san earnáil phoiblí a dhéanamh;

(b)áiritheoidh sé go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta i gcuntas sna hiniúchtaí; agus

(c)ní bheidh coinbhleacht leasa ag baint leis maidir leis an eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23 ina cuid de, agus beidh sé, i dtaca lena chuid feidhmeanna, neamhspleách ar an eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina cuid de.

4.Cuirfidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta ar fáil don Choimisiún agus dá ionadaithe agus don Chúirt Iniúchóirí rochtain iomlán ar gach doiciméad agus tuarascáil a thacaíonn leis an tuairim iniúchóireachta a eisíonn sé maidir le dearbhú bliantúil bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta.

CAIBIDIL X

 CÓRAS RIALAITHE

Airteagal 26

Prionsabail an chórais rialaithe

1.Is ar an gCoimisiún a bheidh cúram na rialuithe maoirseachta maidir leis na gníomhaíochtaí sin de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhainistíonn na gníomhaireachtaí náisiúnta. Leagfaidh sé síos na híoscheanglais do na rialuithe arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht náisiúnta agus ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta.

2.Beidh na príomhrialuithe a dhéanfar ar thairbhithe deontais de chúram ar na gníomhaireachtaí náisiúnta i gcás na ngníomhaíochtaí sin den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a chuirtear de chúram orthu. A bhuí leis na rialuithe sin beidh cinnteacht réasúnach ann go mbainfear úsáid as na deontais arna ndámhachtain de réir mar a bhí beartaithe agus i gcomhréir leis na rialacha de chuid an Aontais is infheidhme.

3.Maidir le cistí arna naistriú chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta, áiritheoidh an Coimisiún comhordú cuí ar a rialuithe leis na húdaráis náisiúnta agus leis na gníomhaireachtaí náisiúnta, ar bhonn an phrionsabail iniúchóireachta aonair agus tar éis anailís rioscabhunaithe a dhéanamh. Ní bhaineann an fhoráil sin le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Airteagal 27

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár de thoradh cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF, beidh ar na cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair san áireamh, rud dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

CAIBIDIL XI

COMHLÁNTACHT

Airteagal 28

Comhlántacht birt ar leibhéal an Aontais

1.Beidh gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh comhsheasmhach agus comhlántach leis na beartais, na hionstraimí agus na cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, go háirithe an clár Erasmus, agus le líonraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais atá ábhartha maidir le gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

2.Beidh gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh comhsheasmhach agus comhlántach freisin leis na beartais, na cláir agus na hionstraimí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta sna tíortha rannpháirteacha. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, na húdaráis náisiúnta agus na gníomhaireachtaí náisiúnta faisnéis a mhalartú faoi na scéimeanna náisiúnta atá ann cheana féin agus na tosaíochtaí a a bhaineann le dlúthpháirtíocht agus an óige, ar lámh amháin, agus gníomhaíochtaí faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, ar an lámh eile, d'fhonn cur leis na dea-chleachtais ábhartha agus éifeachtacht agus éifeachtúlacht a bhaint amach.

3.Beidh gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 11, beidh siad comhsheasmhach agus comhlántach go háirithe le réimsí eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, go háirithe an beartas um chabhair dhaonnúil, an beartas maidir le comhar um fhorbairt, an beartas um méadú, an beartas comharsanachta agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

4.Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí sin na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht maidir leis an ranníocaíocht a dhéanann sé féin leis an ngníomhaíocht. Ní bheidh luach an cistithe charnaigh níos mó ná costais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

5.I gcás ina soláthrófar go comhpháirteach, a bhuí leis an gClár agus le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 1 de [Rialachán (AE) XX Rialachán na bhForálacha Coiteanna], tacaíocht airgeadais do bheart aonair, cuirfear an beart sin chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo, lena náirítear rialacha maidir le méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú.

6.Maidir le bearta is incháilithe faoin gClár a rinneadh a mheas i nglao ar thograí faoin gClár agus a chomhlíonann íosleibhéil cháilíochta an ghlao sin ar thograí, ach nach maoinítear i ngeall ar shrianta buiséadach, féadfaidh sé go bhfaighidh siad tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ nó ó Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 7 d'Airteagal [65] de Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal [8] de Rialachán (AE) XX [maoiniú, bainistiú agus faireachán ar an gComhbheartas Talmhaíochta], ar choinníoll go mbíonn na bearta sin i gcomhréir le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an Chiste a bhfuil an tacaíocht á soláthar aige.

CAIBIDIL XII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19 a thabhairt don Choimisiún ar feadh fhad an Chláir.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 24 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid.. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 30

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste atá ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 cúnamh don Choimisiún.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 31

Aisghairm

Déantar Rialachán (AE) [Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] agus Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 32

Forálacha idirthréimhseacha

1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi [Rialacha maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 375/2014. Beidh feidhm ag na Rialacháin sin maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach chun an taistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi [Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 375/2007 a áirithiú.

3.Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 12.2 a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na bearta agus na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

4.Áiritheoidh na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nach gcuirfear bac ar aistriú idir na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs Chlár (2018-2020) an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme faoin gClár seo.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [fichiú] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

7. Infheistíocht i nDaoine, Comhtháthú Sóisialta agus Luachanna

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

beart nua

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 36

síneadh ar bheart atá ann cheana

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Cór a bhunú d’Eorpaigh óga díograiseacha atá toilteanach a bheith rannpháirteach – ina dtír dhúchais nó ar an gcoigríoch – i ngníomhaíochtaí saorálaíochta, i gcúrsaí oiliúna nó i bpoist i réimse a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht.

Faoi 2027, meastar go beidh deiseanna curtha ar fáil do 350,000 Eorpach óga tríd an gClár.

Tacú le heagraíochtaí chun gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta atá inrochtana agus ar ardcháilíocht a chur ar fáil a mbeifí ag súil leis go bhfreagróidh siad do riachtanais sa tsochaí nach bhfuiltear ag freastal orthu, agus ag an am céanna forbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil daoine óga a fheabhsú.

1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an luach breise a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

Cuireann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach leis an ngné Eorpach den dlúthpháirtíocht. Comhlánfaidh sé freisin beartais phoiblí agus phríobháideacha, cláir agus gníomhaíochtaí agus ní bheidh éifeachtaí iomaíochta nó éifeachtaí an ionadaithe ag baint leis. Áiritheofar an éifeacht chomhlánaithe mar go bhfreagróidh an Clár do riachtanais sa tsochaí nach bhfuiltear ag freastal orthu, i.e. cásanna ina mbíonn riachtanais i measc pobal agus saoránach ann – e.g. mar gheall ar easpa acmhainní – nach bhfuiltear ag freastal orthu i margadh an tsaothair nó ag cláir eile saorálaíochta atá ann cheana nó cineálacha eile clár dlúthpháirtíochta.

Ina theannta sin, mar a mhínítear sa mheastóireacht ex-ante, tagann breisluach Eorpach an togra ó chaighdeán coiteann cáilíochta sna deiseanna atá á dtairiscint; ón dlúthpháirtíocht, a meastar ar luach coiteann Eorpach í; barainneachtaí scála agus raon feidhme, tríd an dá chlár a chomhtháthú; agus comhsheasmhachta, trí na deiseanna uile do dhaoine óga a bhaineann le dlúthpháirtíocht a chomhtháthú in aon chlár amháin.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile chosúil am a chuaigh thart

Bíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ag tarraingt ar thraidisiún agus ar thaithí shaibhir agus sheanbhunaithe na mBallstát i ngníomhaíochtaí a fhreastalaíonn ar leas an phobail, e.g. tríd an tsaorálaíocht. Oibríonn cuid de na Ballstáit cláir náisiúnta ar sheirbhísí sibhialta a thugann deis do dhaoine óga a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus éascaíonn cuid eile gníomhaíochtaí a dhéanann an tsochaí shibhialta.

Ar leibhéal an Aontais, tá an tSeirbhís Dheonach Eorpach (EVS) tar éis deiseanna saorálaíochta a chur ar fáil do dhaoine óga le fiche bliain anuas, agus tá beartais agus cláir ar nós na Ráthaíochta don Aos Óg agus “Do Chéad Phost EURES” ag cabhrú le daoine óga cúrsaí oiliúna agus poist a fháil. Tugann tionscnamh Shaorálaithe Cabhrach an Aontais Eorpaigh, a seoladh in 2014, an deis do shaoránaigh an Aontais saorálaíocht a dhéanamh i dtríú tír, chun tacú agus cuidiú le cabhair dhaonnúil a thabhairt sna háiteanna is mó a bhfuil gá léi.

Tógann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar láidreachtaí agus ar thaithí na dtionscnamh sin, agus baineann sé tairbhe as an mbonn láidir atá leagtha síos cheana acu, agus déanann sé an bonn sin a leathnú amach chun deiseanna nua a thairiscint, infheictheacht níos leithne a chothú agus tionchar níos mó a imirt. Cuirfidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach deiseanna nua ar fáil i réimse na cabhrach daonnúla nach mbeidh tacaíocht á fáil acu a thuilleadh ó thionscnamh Shaorálaithe Cabhrach AE (a dtiocfaidh deireadh leis in 2020) agus déanfaidh sé rochtain ar na deiseanna sin a shimpliú do dhaoine óga agus d'eagraíochtaí ar spéis leo iad. Leanfaidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach de bheith ag soláthar pointe iontrála aonair, a mbeidh rochtain air go héasca, ar an Tairseach, agus díreoidh sé ar an bhfor-rochtain is forleithne agus is féidir chuig eagraíochtaí rannpháirteacha agus chuig na daoine óga rannpháirteacha. Déanfaidh sé an oiliúint a bhíonn ar fáil roimh ghníomhaíocht a fhorbairt agus a fheabhsú, tabharfaidh sé an tacaíocht chuí agus déanfaidh sé na torthaí foghlama tar éis gníomhaíochta a bhailíochtú.

Bainfidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach an leas is fearr is féidir as na socruithe bainistíochta atá ann cheana féin, chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú. Ar an gcaoi sin, beifear in ann díriú ar an soláthar agus ar an bhfeidhmíocht is fearr a chur ar fáil gan róualach riaracháin ag baint leis. Mar gheall air sin, cuirfear cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh de chúram ar chomhlachtaí atá ann cheana féin, i.e. an Coimisiún Eorpach, tríd an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA), agus na ngníomhaireachtaí náisiúnta arna nainmniú le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Chaibidil don Óige de [Rialachán nua Erasmus] lena mbunaítear an Clár Erasmus.

1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

Tá gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh comhsheasmhach agus comhlántach le beartais agus cláir ábhartha éagsúla de chuid an Aontais, go háirithe, ach gan a bheith teoranta dóibh, iad siúd a bhaineann le hoideachas agus oiliúint, fostaíocht, comhionannas inscne, fiontraíocht (go háirithe fiontraíocht shóisialta), saoránacht agus rannpháirtíocht dhaonlathach, cosaint comhshaoil agus dúlra, gníomhaíocht ar son na haeráide, cosc tubaistí, ullmhacht agus téarnamh, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, soláthar bia agus ábhar neamhbhia, sláinte agus folláine, cruthaitheacht agus cultúr, corpoideachas agus spórt, cúnamh agus leas sóisialta, glacadh agus lánpháirtíocht náisiúnach tríú tíortha, comhar réigiúnach agus comhtháthú, comhar thar theorainneacha agus cabhair dhaonnúil.

Sa chéad chéim den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a seoladh i mí na Nollag 2016, baineadh leas as ocht gclár éagsúla de chuid an Aontais chun deiseanna saorálaíochta, cúrsaí oiliúna nó deiseanna fostaíochta a chur ar fáil do dhaoine óga ar fud an Aontais. Cuireadh i bhfeidhm leis na gníomhaíochtaí sin, cibé an ndearnadh iad a chur chun feidhme roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe nó ina dhiaidh, na rialacha agus na coinníollacha a leagadh síos sna cláir ábhartha de chuid an Aontais a mhaoinigh iad le linn na chéad céime den Chlár Dlúthpháirtíochta Eorpach.

Don dara céim, ag tosú le teacht i bhfeidhm [an Rialacháin maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach], beidh roinnt clár de chuid an Aontais ina gcuidiú ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Cuid acu, cuideoidh siad sin trí bhíthin ranníocaíochtaí le himchlúdach airgeadais an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh; cuid eile acu trí bhíthin gníomhaíochtaí tacaíochta a thagann faoin raon feidhme. Ba cheart na ranníocaíochtaí sin a mhaoiniú i gcomhréir le bunghníomhartha ábhartha na gclár lena mbaineann.

Is é an clár seo atá mar chúlra leis an tríú céim den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Ós rud é go náirítear sa raon feidhme nua leathnaithe gníomhaíochtaí a thacóidh le hoibríochtaí cabhrach daonnúla, tairbheoidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach de ranníocaíochtaí breise chun tacú le raon feidhme nua na ngníomhaíochtaí. Déanfar na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme i ndlúthchomhar leis na seirbhísí ábhartha laistigh den Choimisiún.



1.5.Fad agus tionchar airgeadais

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón 1/1/2021 go dtí an 31/12/2027

   Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go 2032 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh ó BBBB go BBBB, agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 37

 Bainistíocht dhíreach dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

Nótaí

Tabharfar na cumhachtaí a bhaineann le bainistiú phríomhghníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh do na gníomhaireachtaí náisiúnta atá freagrach as cur chun feidhme gníomhaíochtaí díláraithe faoin gclár Erasmus. Beidh ar na comhlachtaí sin na gníomhaíochtaí seo, mar shampla: an lipéad cáilíochta agus oiliúint, saorálaíocht, cúrsaí oiliúna agus poist, tionscadail dlúthpháirtíochta, gníomhaíochtaí líonraithe agus Ionaid Acmhainní.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach, trí mheán na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir i bpáirt, gníomhaíochtaí a bhainistiú chun seirbhísí cothrománacha a sholáthar do rannpháirtithe sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach (i.e. An tairseach, oiliúint ar líne, tacaíocht teanga ar líne, árachas) agus bainisteoidh sé i bpáirt gníomhaíochtaí amhail lipéad cáilíochta, gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta (do phróifílí áirithe eagraíochtaí nó cineálacha gníomhaíochtaí) agus gníomhaíochtaí líonraithe (do ghníomhaíochtaí ar an leibhéal Eorpach).

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Beidh buanfhaireachán i gceist i socruithe faireacháin agus meastóireachta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus meastóireacht mar mheasúnú ar an bhfianaise atá ann cheana ar éifeachtacht na dtorthaí a gnóthaíodh.

Beidh socruithe chun faireachán a dhéanamh bunaithe ar anailís chuimsitheach maidir le haschuir chainníochtúla agus aschuir cháilíochtúla an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Baileofar na haschuir chainníochtúla ar bhonn córasach tríd na córais TF atá curtha i bhfeidhm chun gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhainistiú. Déanfar faireachán ar na haschuir cháilíochtúla trí shuirbhéireachtaí tréimhsiúla a dhíríonn ar dhaoine aonair agus ar eagraíochtaí rannpháirteacha araon. Áiritheoidh socruithe tuairiscithe agus measúnaithe a dhéanfaidh na comhlachtaí cur chun feidhme uile go ndéanfar faireachán cuimsitheach ar chur chun feidhme an togra.

Beidh an Clár faoi réir meastóireacht neamhspleách ceithre bliana tar éis dáta an chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí cáilíochtúla na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo, lena náirítear an tionchar a bhíonn acu ar na daoine óga agus ar eagraíochtaí agus an méadú ar éifeachtúlacht a fheictear sna céad ceithre bliana. Ba cheart go náiritheofaí sa mheastóireacht an fhianaise atá ann cheana maidir le héifeachtacht agus tionchar thorthaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Áireofar sna foinsí fíoraithe na sonraí faireacháin, an fhaisnéis a áirítear sna pleananna oibre agus sna tuarascálacha ó na comhlachtaí cur chun feidhme, torthaí a eascraíonn ó scaipeadh, ó staidéir fhianaise-bhunaithe, ó shuirbhéireachtaí, etc.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

I gcomhréir leis an anailís a dhéantar i gcomhthéacs na meastóireachta ex-ante a ghabhann leis an togra seo, agus chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú mar aon le sineirgíochtaí agus chun an tualach rialacháin a íoslaghdú, bainfidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach úsáid as na socruithe bainistithe agus cur chun feidhme atá i bhfeidhm cheana faoin gclár Erasmus+ . Ag tógáil ar an eispéireas dearfach a bhain le cur chun feidhme an chláir seo chomh maith lena struchtúir, déantar foráil sa togra seo maidir le leithdháileadh soiléir cúraimí bainistíochta an Chláir idir an Coimisiún, na gníomhaireachtaí náisiúnta arna mbunú faoin gClár Erasmus+ agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA). Ó bunaíodh é in 2006, tá EACEA tar éis codanna de na cláir Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta, Eoraip do Shaoránaigh agus Saorálaithe Cabhrach AE a chur chun feidhme (chomh maith leis na cláir a bhí ann rompu), mar a deimhníodh le roinnt meastóireachtaí seachtracha neamhspleácha a rinneadh. Tá EACEA i mbun a nósanna imeachta a fheabhsú mar thoradh ar mholtaí a rinne an tSeirbhís Iniúchóireacht Inmheánach. Ag an am céanna, tá feidhmíocht agus éifeachtúlacht inléirithe soláthraithe ag samhail rathúil na ngníomhaireachtaí náisiúnta faoi Erasmus+, mar aon le leibhéal ard cinnteachta agus bainistíochta fónta airgeadais.

2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Aithníodh sa mheastóireacht ex-ante sé riosca fhéideartha is gá faireachán a dhéanamh orthu:

– Nach leor líon na ndaoine óga atá cláraithe sa bhunachar sonraí atá toilteanach gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a dhéanamh.

– Nach leor líon na dtairiscintí ó eagraíochtaí nó na dtairiscintí a fhreagraíonn do réimse suime na rannpháirtithe óga sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

– Go ndéanfadh na heagraíochtaí rannpháirteacha calaois nó go mbeadh neamhrialtachtaí ann i dtaobh na gcistí a fhaigheann siad.

– Go mbeadh ardú ar phraghas an árachais i gcoitinne i ngeall ar chalaois a dhéanfadh na rannpháirtithe.

– Go mbeadh sé contúirteach saorálaí a imlonnú i ngeall ar athrú ar chúinsí i dtríú tír.

– Go laghdófaí ar ghníomhaíochtaí cabhrach daonnúla laistigh de ghníomhaíochtaí eile de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

I gcás gach ceann de na rioscaí sin, rinne anailís chun an dóchúlacht go dtarlóidís a mheas agus chun an tionchar a bheadh acu ar an gClár dá dtarlóidís a mheas. Ina theannta sin, moladh bearta maolaitheacha sa mheastóireacht ex-ante do gach riosca.

Bunófar an córas rialaithe don tionscnamh ar bhealach le héifeachtúlacht agus cost-éifeachtúlacht na rialuithe a áirithiú. Áiritheoidh creataí maoirseachta agus feidhmíochta an Choimisiúin ardleibhéal faireacháin agus aischothaithe mar mhodh chun faisnéis a fháil maidir leis an gcur chuige beartas;

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

Measann an Coimisiún go bhfuil an costas rialaithe domhanda íseal agus sa raon 1-2 %, ag brath ar an mbeart a úsáidtear agus ar an mbuiséad arna bhainistiú (gan buiséad na Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir a chur san áireamh). Tá na costais sin comhréireach agus costéifeachtach i bhfianaise an riosca earráide murach go raibh rialuithe den sórt sin i bhfeidhm, agus an ceanglas atá ann ráta earráide faoi 2 % a áirithiú. Ar bhonn na taithí leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach atá ann faoi láthair agus an clár a tháinig roimhe, mar atá an tSeirbhís Dheonach Eorpach, is lú ná 2 % an ráta ionchais earráide.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Níl na rialuithe atá dírithe ar chalaois a chosc agus a bhrath neamhchosúil leo siúd atá beartaithe chun dlíthiúlacht agus rialtacht na nidirbheart a áirithiú (na hearráidí neamhbheartaithe). Gach bliain déanann an Coimisiún athbhreithniú ar an tuairisciú ar fad ó ghníomhaireachtaí náisiúnta maidir le cásanna féideartha calaoise nó neamhrialtachtaí. Déantar bearta leantacha maidir leis na cásanna sin ar an leibhéal náisiúnta i gcás ina mbíonn rochtain dhíreach ag na gníomhaireachtaí náisiúnta ar shásamh dlíthiúil agus tarchur i gcásanna calaoise.

Cuidíonn seirbhísí an Choimisiúin le himscrúduithe atá ar siúl ag OLAF agus eagraíonn siad na bearta leantacha tar éis do OLAF na himscrúduithe a chur i gcrích. Is beag an dochar airgeadais do bhuiséad an Aontais a éiríonn as calaois a aimsítear i dtuarascálacha cásanna deiridh OLAF maidir le cláir a bhfuil rialacha cistiúcháin agus páirtithe leasmhara cosúla acu. Cuirtear cásanna faoi réir OLAF agus IDOC de réir mar is iomchuí, ach cuirtear bearta leantacha i bhfeidhm i dtaca le líon suntasach cásanna le linn na bliana, i gcomhréir dhíreach le gníomhaireachtaí náisiúnta agus le húdaráis náisiúnta, a bíonn rochtain dhíreach acu ar na heintitis ábhartha dlíthiúla agus frithchalaoise.

Seirbhísí an Choimisiúin atá ag cur an bhirt chun feidhme tá a straitéis féin i gcoinne na calaoise á forbairt agus á cur chun feidhme acu ón mbliain 2014, arna forbairt ar bhonn na modheolaíochta arna cur ar fáil ag OLAF. Déantar an straitéis sin a nuashonrú go rialta agus cuirtear doiciméid nósanna imeachta ar leibhéal níos ísle leis, nuair is iomchuí, (ba é 2017 an uair dheireanach a rinneadh sin) a chumhdaíonn an chaoi a ndéantar cásanna a tharchur agus a ndéantar bearta leantacha ina leith.

Mar a léiríodh i meastóireacht mheántéarma an chláir Erasmus+, i bhfianaise gur beag an scála calaoise laistigh den Chlár agus go bhfuil sí teoranta den chuid is mó do chásanna d'aighneachtaí iomadúla ar iarratais ar thionscadal nó do cheannairí nach gcomhlíonann a ndualgais, meastar gur bearta iomchuí agus comhréireacha iad na bearta atá i bhfeidhm. I bhfianaise leibhéal an tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag calaois ar an gClár atá á bheartú, go háirithe an dochar airgeadais arna thaifeadadh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, ní thugann riosca iarmharach na calaoise údar le bearta breise. Coinníonn seirbhísí an Choimisiúin dlúthchomhar le OLAF agus leanann siad go dlúth na cásanna atá ar siúl. Tá sé indéanta, dá bhrí sin, teacht ar thoradh dearfach ar chinnteacht ó thaobh riosca calaoise de.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 38

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghascaiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[…][Ceannteideal………………………...……………]

LD/LN.

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

2

07 01 XX XX – Tacaíocht riaracháin don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach 

Neamhdhif.

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

2

07 04 01 – An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

LD

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

2

Comhtháthú agus luachanna

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

07 04 01 – an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Gealltanais

(1)

141.595

146.347

153.799

164.372

178.692

197.648

221.547

1,204.000

Íocaíochtaí

(2)

103.858

133.016

145.078

156.215

169.764

187.129

209.231

99.710

1,204.000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir

07 01 XX XX – Tacaíocht riaracháin don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

6.586

6.807

7.153

7.645

8.311

9.193

10.305

56.000

IOMLÁN leithreasuithe d'imchlúdach an chláir

Gealltanais

=1+3

148.181

153.154

160.952

172.017

187.003

206.841

231.852

1,260.000

Íocaíochtaí

=2+3

110.444

139.823

152.231

163.860

178.075

196.321

219.536

99.710

1,260.000

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

2

Comhtháthú agus luachanna

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

07 04 01 – an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Gealltanais

(1)

141.595

146.347

153.799

164.372

178.692

197.648

221.547

1,204.000

Íocaíochtaí

(2)

103.858

133.016

145.078

156.215

169.764

187.129

209.231

99.710

1,204.000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir

07 01 XX XX – Tacaíocht riaracháin don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

6.586

6.807

7.153

7.645

8.311

9.193

10.305

56.000

IOMLÁN leithreasuithe d'imchlúdach an chláir

Gealltanais

=1+3

148.181

153.154

160.952

172.017

187.003

206.841

231.852

1,260.000

Íocaíochtaí

=2+3

110.444

139.823

152.231

163.860

178.075

196.321

219.536

99.710

1,260.000



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

7

“Caiteachas riaracháin”

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a úsáid arna niontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo , a uaslódáiltear chuig DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

2.505

2.505

2.579

2.579

2.579

2.579

2.579

17.905

Caiteachas riaracháin eile

0.838

0.838

0.838

0.838

0.838

0.838

0.838

5.866

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

3.343

3.343

3.417

3.417

3.417

3.417

3.417

23.771

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

151.524

156.497

164.369

175.434

190.420

210.258

235.269

1,283.771

Íocaíochtaí

113.787

143.166

155.648

167.277

181.492

199.738

222.953

99.710

1,283.771

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

2.505

2.505

2.579

2.579

2.579

2.579

2.579

17.905

Caiteachas riaracháin eile

0.838

0.838

0.838

0.838

0.838

0.838

0.838

5.866

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

3.343

3.343

3.417

3.417

3.417

3.417

3.417

23.771

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

6.586

6.807

7.153

7.645

8.311

9.193

10.305

56.000

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

6.586

6.807

7.153

7.645

8.311

9.193

10.305

56.000

IOMLÁN

9.929

10.150

10.570

11.062

11.728

12.610

13.722

79.771

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach 39

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

17

17

17

17

17

17

17

Toscaireachtaí

Taighde

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa cheanncheathrú

1

1

2

2

2

2

2

- toscaireachtaí

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  40

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN

18

18

19

19

19

19

19

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Leis an togra/tionscnamh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

[…]

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

[…]

(1)     http://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2017/03/25-rome-declaration/ .
(2)    An Coimisiún Eorpach (2016): “Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach”, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún (COM(2016) 942 final, 7.12.2016).
(3)    An clár Erasmus+, Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht Sóisialta agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI), an clár LIFE, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Clár Sláinte, an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (trí Interreg) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.
(4)    Buiséad nua-aimseartha le haghaidh Aontas a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn — an Creat Airgeadais Ilbhliantúil do 2021-2027, COM (2018) 321 final.
(5)    [Ar feitheamh tagairt don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach 2018-2020].
(6)    Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le creat Eorpach do phrintíseachtaí ardchaighdeáin agus éifeachtacha (IO C 153, 2.5.2018, lch.1).
(7)    Meastóireacht mheántéarma ar chlár Erasmus+ (2014-2020) (SWD(2018)40), 31 Eanáir 2018.
(8)    Luacháil lártéarma ar Shaorálaithe Cabhrach AE, 2017.
(9)    Tabhair do d’aire nár glacadh an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ná an Doiciméad Inmheánach Oibre maidir le meastóireacht eatramhach ar thionscnamh na Saorálaithe Cabhrach AE go fóill. Féadfar an téacs a foilsíodh sa Tuarascáil/Doiciméad Inmheánach Oibre a chur in ionad na coda sin den mheastóireacht ex ante a luaithe a ghlacfar é.
(10)    Is féidir teacht ar na príomhphointí agus na príomhdhoiciméid ar an leathanach gréasáin a bhaineann leis na meastóireachtaí: https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/documents.evaluations_en .
(11)    Tá anailís chomhdhlúite deiridh ar feitheamh fós.
(12)    [Ar feitheamh tagairt don Rialachán Airgeadais].
(13)    Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (IO C 326, 26.10.2012, lch. 391).
(14)    Buiséad nua-aimseartha le haghaidh Aontas sin a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn — an Creat Airgeadais Ilbhliantúil do 2021-2027, COM (2018) 321 final, lch 29.
(15)    Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1–14).
(16)    IO C , , lch. .
(17)    IO C , , lch. .
(18)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún – Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, (COM(2016) 942 final).
(19)    Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear 'Erasmus+': clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE, (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 50-73).
(20)    Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil ( “an Tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE”) (IO L 122, 24.4.2014, lgh. 1-17)
(21)    Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le creat Eorpach do phrintíseachtaí ardchaighdeáin agus éifeachtacha (IO C 153, 2.5.2018, lch.1).
(22)    Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus an fhoghlaim neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, (IO C 398, 22.12.2012, lch. 1).
(23)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún – An Creat Idir-Inoibritheachta Eorpach – Straitéis Cur Chun Feidhme, (COM(2017) 134 final).
(24)    [Ar feitheamh tagairt don Rialachán Airgeadais].
(25)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(26)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(27)    Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(28)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(29)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(30)    [Ar feitheamh tagairt don Chinneadh nua ón gComhairle maidir le comhlachas tíortha agus críocha thar lear].
(31)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas] COM(2017) 623 final).
(32)    Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha dul isteach agus cónaithe náisiúnach tríú tíortha chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí, tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).
(33)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (OJ L 55 28.2.2011 p.13).
(34)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch.1).
(35)    Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (IO C 326, 26.10.2012, lch. 391).
(36)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(37)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(38)    Is féidir go ndéanfar an Clár (nó cuid de) a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin (EACEA), faoi réir an toraidh a bheidh ar anailís costas-tairbhe agus cinntí gaolmhara atá le déanamh, agus ar na leithreasuithe riaracháin ghaolmhara chun an Clár a chur chun feidhme sa Choimisiún agus sa ghníomhaireacht feidhmiúcháin a oiriúnú dá réir.
(39)    Déantar na hacmhainní daonna a mheas ar bhonn an staid mar atá faoi láthair in DG EAC, agus ar an mbonn sin amháin, agus beidh sé faoi réir tuilleadh athbhreithnithe amach anseo. Meastacháin foirne bunaithe ar an leibhéal foirne sa Choimisiún in 2018 (gan an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin a áireamh) agus céimniú isteach de réir a chéile á chur san áireamh.
(40)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

An Bhruiséil,11.6.2018

COM(2018) 440 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear [an Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] agus Rialachán (AE) 375/2014

{SWD(2018) 317 final}
{SWD(2018) 318 final}
{SWD(2018) 319 final}


IARSCRÍBHINN

Táscairí le haghaidh faireacháin agus tuairiscithe:

(a)líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta;

(b)céatadán na rannpháirtithe ar lú iad na deiseanna a bhíonn acu; agus

(c)líon na neagraíochtaí a bhfuil lipéad cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh acu.