An Bhruiséil,31.5.2018

COM(2018) 387 final

2018/0212(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí a bhunú

{SEC(2018) 277 final}
{SWD(2018) 297 final}
{SWD(2018) 298 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

San aitheasc ar Staid an Aontais a thug sé in 2017 agus sa litir intinne a ghabhann leis, d'fhógair an tUachtarán Juncker go raibh sé de rún ag an gCoimisiún tograí nithiúla a dhéanamh i leith líne bhuiséad thiomnaithe a chruthú laistigh den bhuiséad don limistéar euro, lena bhforálfaí, le cois nithe eile, maidir le sásra um chobhsú. Rinneadh mionsonrú breise ar an rún sin i dTeachtaireacht an 6 Nollaig 2017 ón gCoimisiún maidir le hionstraimí buiséadacha nua le haghaidh limistéar euro cobhsaí faoi chuimsiú an Aontais ar cuid é de phacáiste tionscnamh chun Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a dhoimhniú 1 . Tá an pacáiste bunaithe go háirithe ar Thuarascáil an 22 Meitheamh 2015 ón gCúigear Uachtarán maidir le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a chur i gcrích 2 agus ar Pháipéar Machnaimh an 31 Bealtaine 2017 ón gCoimisiún maidir le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a dhoimhniú 3 .

Tá doimhniú Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa (AEA) agus nuachóiriú airgeadas poiblí AE ina bpríomhshnáitheanna sa díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa ar cuireadh tús leis le Páipéar Bán an 1 Márta 2017 ón gCoimisiún 4 . Cuireadh béim arís air sin i bPáipéar Machnaimh an 28 Meitheamh 2017 ar thodhchaí airgeadas AE 5 . San am i láthair tá deis ann ar tograí nithiúla ceannródaíocha a sheoladh maidir le todhchaí AEA agus, comh maith leis sin, maidir le conas is féidir airgeadas poiblí AE a úsáid amach anseo chun cuidiú a thabhairt freagairt do dhúshláin arna sainaithint.

Tá an breisluach Eorpach i gcroílár na díospóireachta faoi airgeadas poiblí Eorpach. Ba cheart acmhainní AE a úsáid chun earraí poiblí Eorpacha a mhaoiniú. Téann na hearraí sin chun sochair do AE ina iomláine agus ní féidir le haon Bhallstát amháin iad a áirithiú go héifeachtúil. I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, ba cheart do AE bearta a dhéanamh nuair ba mhóide luach euro gach cáiníocóra é i dtaca le bearta a dhéanafaí ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach nó an leibhéal áitiúil amháin.

Rachadh doimhniú AEA chun sochair don limistéar euro agus do AE ina iomláine. Dá mbeadh an limistéar euro níos comhtháthaithe agus níos feidhmiúla, ba mhó an chobhsaíocht agus an rath a bheadh ann do chách in AE agus d'áiritheofaí san am céanna chluinfí glór eacnamaíocht na hEorpa go soiléir ar ardán an domhain. Is é is aidhm don sásra um chobhsú, ceann de na hionstraimí buiséadacha nua atá curtha i láthair sa Teachtaireacht ón gCoimisiún, dul i ngleic le cuid de riachtanais shonracha na mBallstát sa limistéar euro agus na mBallstát atá ar an mbealach chuig ballraíocht sa limistéar euro agus atá páirteach sa sásra ráta malartaithe dá dtagraítear in Airteagal 140(1) CFAE, agus gan dearmad a dhéanamh de na riachtanais agus de na mianta atá acu mar Bhallstáit de chuid AE. Agus é a dhéanamh sin, tá sé dírithe freisin ar shineirgíochtaí a uasmhéadú idir ionstraimí atá ann cheana agus ionstraimí a bheidh ann amach anseo, mar a chuirfidh an Coimisiún i láthair i mBealtaine 2018 mar chuid dá mholtaí don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil AE iar-2020.

Chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú, ní mór bearta daingne ó na Ballstáit agus tacaíocht leordhóthanach ó ionstraimí buiséadacha agus ionstraimí comhordaithe beartas AE. Tá cruthú an tsásra um chobhsú ar cheann de na caíonna ar féidir úsáid níos fearr a bhaint as buiséad AE chun comhsheasmhacht ár ngeilleagar idirspleách a fheabhsú agus, sa chaoí sin, cur leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta. An dul chun cinn a dhéanfaidh idir thíortha sa limistéar euro agus tíortha lasmuigh de i leith cur chun feidhme athchóirithe agus cóineasú suas, rachaidh sé chun sochair do chách.

Faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún iasachtaí a fháil agus a thabhairt chun cúnamh airgeadais a thabhairt. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás bainistiú iasachtaí a tugadh faoin tSaoráid um Chomhardú na nÍocaíochtaí’ chun tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit lasmuigh den limistéar euro i gcás deacrachtaí lena gcomhardú íocaíochtaí. Is amhlaidh atá freisin i gcás iasachtaí a thabharfar faoin Sásra um Chobhsú Airgeadais Eorpach. Ós rud é gur oibríochtaí comhuaineacha iad na bailiú na gcistí agus tabhairt na niasachtaí comhfhreagracha, ní imreofar aon tionchar díreach ar bhuiséad AE a fhad a onóróidh na Ballstáit is faighteoirí a noibleagáidí.

Cé gur cuireadh chun cinn cóineasú sóisialta agus eacnamaíoch suas le buiséad AE riamh anall agus gur méadaíodh an chumhacht iasachtaí a thabhairt atá ar fáil ar leibhéal AE le blianta beaga anuas chun freagairt do chásanna an-dian, ní raibh an cobhsú maicreacnamaíoch ina chuspóir sainráite ag buiséad AE go dtí seo. Foghlaimíodh le linn bhlianta na géarchéime airgeadais freisin nach bhfuil leagan amach agus raon airgeadas poiblí AE iomlán inchurtha fós le riachtanais shonracha an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta – i gcás na mBallstát sa limistéar euro nó i gcás Ballstáit atá ar an mbealach chuig ballraíocht sa limistéar euro.

Chun cuidiú leis na Ballstáit sa limistéar euro freagairt níos fearr do dhálaí atá ag athrú go tapa agus a ngeilleagar a chobhsú tríd an infheistíocht phoiblí a chaomhnú má thagann rúscadh neamhshiméadrach mór orthu, ba cheart sásra um chobhsú a chruthú. De bharr aontú an bheartais airgeadaíochta i limistéar airgeadra aonair, tá athrú tagtha ar ionstraimí beartais maicreacnamaíocha atá faoi stiúir Ballstáit atá páirteach. Cé go bhfuil gach tír éagsúil agus go ndéanann méid agus struchtúr an gheilleagair difear don dóchúlacht go dtiocfaidh rúscadh ar gheilleagar, léirigh an ghéarchéim go raibh laigí sna hacmhainní a bhí ar fáil do Bhallstáit aonair sa limistéar euro chun rúscadh mór neamhshiméadrach a ionsú; chaill cuid acu, go deimhin, rochtain ar na margaí lena bhféadfadh siad iad féin a mhaoiniú. I roinnt cásanna, tháinig cúluithe eacnamaíocha marthanacha agus éifeachtaí iarmharta ar Bhallstáit eile as sin.

Ina fhianaise sin, agus ar acht go dtoileoidh na Ballstáit leo, tá dóigheanna ann chun ionstraimí buiséadacha ar leibhéal AE a fhorbairt lenarbh fhéidir cur le cobhsaíocht an limistéir euro agus cuidiú le AE ina iomláine. Chun a áirithiú go néireoidh leo agus go mbeidh siad éifeachtach, agus chun a neifeachtúlacht i leith an cháiníocóra a uasmhéadú, ní mór na hionstraimí sin a cheapadh i sineirgíocht iomlán le hionstraimí buiséadacha eile atá i gcreat níos leithne san Aontas. Ar a bharr sin, amach anseo, ba cheart ról a thabhairt don Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) nó don ionstraim dlí a thiocfaidh ina ionad i bhfoirm Ciste Airgeadaíochta Eorpach i leith tacaíocht a thabhairt do chobhsú maicreacnamaíoch más é sin an rud is mian le Ballstáit sa limistéar euro arb iad a gheallsealbhóirí iad.

Tá an Rialachán atá beartaithe maidir leis an Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí (SECI) a bhunú ar cheann de na tionscnaimh lena naistrítear an glao sásra um chobhsú a bhunú a chuideodh éifeachtaí an rúiscthe neamhshiméadraigh a mhaolú agus an riosca a sheachaint go mbeidh drochéifeachtaí iarmharta sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i leith 'ionstraimí buiséadacha nua le haghaidh limistéar euro cobhsaí faoi chuimsiú an Aontais' 6 . Ceapadh an sásra um chobhsú le haghaidh na mBallstát sa limistéar euro agus ba cheart deis a bheith ag Ballstáit lasmuigh den limistéar euro a chuaigh isteach i sásra ráta malartaithe II a bheith páirteach ann tar éis cinneadh dearfach chuige sin ó chomhaltaí ERM II.

Tá an tionscnamh i bhfoirm togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi Airteagal 175(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). De réir Airteagal 175(3) CFAE is ceadmhach ionstraim a chruthú lena dtabharfaí tacaíocht d'infheistíocht i mBallstáit atá i ngleic le rúscadh neamhshiméadrach mór chun comhtháthú a neartú. Is gá an beart sin lasmuigh de na Cistí Struchtúracha nach bhforáiltear iontu maidir le hionstraim shonrach chun tacaíocht a thabhairt do chobhsú maicreacnamaíocht trí infheistíocht phoiblí a choinneáil ar bun i gcás rúscadh neamhshiméadrach mór agus tá sé gan dochar do bhearta a socraíodh faoi chuimsiú beartais eile de chuid an Aontais.

Rachadh sé chun sochair do na Ballstáit dá mbainfeadh siad amach agus dá gcoinneodh siad ar bun ardcháilíocht ina gcórais agus a gcleachtais bainistithe infheistíochta poiblí. Dá bhrí sin, tá Iarscríbhinn ina forlíonadh ar an togra lena socraítear an modh agus na critéir le haghaidh measúnú ar na córais agus na cleachtais bainistithe infheistíochta poiblí chun a shainaithint cén áit ar gá iad a neartú chun tionchar na hinfheistíochta poiblí agus an tacaíocht fhéideartha faoin ionstraim atá beartaithe a mhéadú.

Faoin togra atá ann faoi láthair, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún cúnamh airgeadais a thabhairt do Bhallstáit atá i ngleic le rúscadh neamhshiméadrach mór trí iasachtaí a fháil ar na margaí airgeadais nó le gníomhaithe airgeadais, chun na fáltais sin a a thabhairt ar aghaidh ar iasacht mar thacaíocht don Bhallstát lena mbaineann coinníoll ar bun infheistíochta poiblí incháilithe. Ar a bharr sin, foráiltear maidir le fóirdheontas ráta úis lena gcumhdófar na costais ráta úis a tabhaigh an Ballstát is faighteoir ar an iasacht.

An cinneadh a rinne an Coimisiún tacaíocht a thabhairt faoin ionstraim, tá sé faoin gcoinníoll go gcomhlíonfaidh an Ballstát lena mbaineann dianchritéir incháilitheachta ar bhonn comhlíonadh cinntí agus moltaí faoin gcreat faireachais fhioscaigh mhaicreacnamaíoch. Cuimhnítear gur ceart do na Ballstáit beartais fhioscacha fhónta a fheidhmiú agus cur le maoláin sábháilteachta fhioscacha nuair a bhíonn ag éirí go maith leis an ngeilleagar. Tá na critéir maidir leis an tacaíocht faoin ionstraim a ghníomhachtú bunaithe ar dhéthruicear dífhostaíochta. Rinneadh an rogha sin mar go bhfuil méaduithe móra ar rátaí dífhostaíochta i mBallstát sonrach ina gcomhartha ábhartha go bhfuil rúscadh neamhshiméadrach ann.

Ar a bharr sin, áirithítear gur féidir aidhm an Rialacháin atá beartaithe a bhaint amach, mar atá a áirithiú nach gcuirfidh rúscadh neamhshiméadrach mór an comhtháthú i mbaol, le hoibleagáid an tacaíocht a fuarthas a úsáid le haghaidh infheistíocht de réir cuspóirí beartais faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus chun an meánleibhéal infheistíochta poiblí le cúig bliana anuas a choinneáil ar bun.

Tá foirmlí sa togra freisin chun méid na tacaíochta iasachta agus méid an fhóirdheontais ráta úis a shocrú go huathoibríoch. Maidir le comhpháirt na hiasachta, socraítear an méid sin trí uasleibhéal na hinfheistíochta poiblí incháilithe ar féidir tacaíocht a thabhairt dó agus déine an rúiscthe neamhshiméadraigh mhóir a chur san áireamh.

Os a choinne sin, foráiltear maidir le rogha theoranta shrianta a bheith ag an gCoimisiún méid na hiasachta a mhéadú suas le huasleibhéal infheistíochta poiblí incháilithe. Socraítear an rogha sin freisin ar bhonn foirmle lena léirítear cóimheas na hinfheistíochta poiblí incháilithe agus an olltáirge intíre in AE le cúig bliana sular iarr an Ballstát lena mbaineann an tacaíocht agus olltáirgeacht intíre an Bhallstáit lena mbaineann sa tréimhse chéanna.

Gabhann dréacht-chomhaontú idir-rialtasach atá le haontú ag na Ballstáit eatarthu féin maidir le ranníocaíochtaí arna ríomh ar bhonn an sciar d'ioncam airgeadaíochta a leithdháileadh ar a mbainc cheannais náisiúnta a aistriú chuig an gCiste Tacaíochta um Chobhsú a bunaíodh faoin Rialachán. Is é príomhchuspóir an Chiste sin, atá le ranníocaíochtaí náisiúnta a fháil, na fóirdheontais ráta úis atá Ballstáit i dteideal a fháil a mhaoiniú. Cumhdaíonn na fóirdheontais ráta úis 100 faoin gcéad den chostas úis a thabhaítear ar na hiasachtaí.

Leis na critéir mhionsonraithe incháilitheachta agus ghníomhachtaithe comh maith leis na foirmlí chun tacaíocht iasachta agus fóirdheontais ráta úis a ríomh, is féidir nós imeachta cinnteoireachta tapa lom a bheith ag an gCoimisiún.

Níl sé curtha as an áireamh gurbh fhéidir leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) nó leis an ionstraim dlí a thiocfadh ina ionad a chinneadh go neamhspleách ag am áirithe amach anseo tacaíochta a thabhairt i gcomhthráth leis an ionstraim a bhunófar faoin Rialachán atá beartaithe. Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall a áirithiú go dtabharfar an cúnamh sin ar bhealach atá comhsheasmhach leis an Rialachán atá beartaithe.

Chun freastal ar an idirghníomhaíocht chomhuaineach fhéideartha sin idir an cúnamh ó SCE a thabharfar agus an ionstraim sin, tugtar an deis sa togra don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i líon teoranta réimsí Go háirithe, foráiltear le gníomh tarmligthe chun an malartú faisnéise faoi ghnéithe tábhachtacha den iasacht a rialú faoin scéim sin. Lena chois sin, foráiltear leis an deis gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán atá beartaithe a fhorlíonadh nó a leasú trí rialacha a leagan siós maidir le comhlántacht idir an cúnamh ó SCE agus méideanna tacaíochta ó SECI arna ríomh ar bhonn na hionstraime atá beartaithe agus chun freastal ar thabhairt fóirdheontas ráta úis le haghaidh costas úis a tabhaíodh ar an gcúnamh ó SCE.

Tá sé tábhachtach a chuimhneamh freisin gur cheart dearcadh ar an ionstraim SECI a bhunófar faoin Rialachán atá beartaithe mar an chéad chéim d'fhorbairt fhadtéarmach sásra árachais dheonaigh chun críche cobhsaithe mhaicreacnamaíoch. Bheadh an sásra sin bunaithe ar ranníocaíochtaí deonacha ó Bhallstáit sa limistéar euro agus b'fhéidir acmhainn a bheith aige iasachtaí a fháil. Foráiltear maidir le hathbhreithniú ar an Rialachán atá beartaithe cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin chun saincheisteanna féideartha a mheas agus chun aghaidh a thabhairt orthu.

Foráiltear leis an togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á chur i láthair le haghaidh Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as Euratom ar bhonn Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, fógra a fuair Comhairle na hEorpa an 29 Márta 2017.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

Tá an ionstraim SECI faoin Rialachán atá beartaithe comhsheasmhach le hionstraimí eile faoin mbeartas comhtháthaithe. Forlíonann an ionstraim na cláir a dtugann an tAontas tacaíocht dóibh faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, faoin gCiste Comhtháthaithe, faoi Chiste Sóisialta na hEorpa, faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Talmhaíochta ar níos mó iad ná leathchuid den infheistíocht phoiblí iomlán le blianta beaga anuas agus a chuir go mór leis an bpróiseas lenar cuidíodh le réigiúin agus tíortha ar fud AE teacht a fhad leis na tíortha agus na réigiúin eile ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha agus sóisialta de. Maidir leis sin, tugadh faoi deara go ndearnadh nasc níos mó freisin idir tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh agus na cláir a dtugann an tAontas tacaíocht dóibh faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, faoin gCiste Comhtháthaithe, faoi Chiste Sóisialta na hEorpa, faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Talmhaíochta, trí choinníollacha ex-ante agus coinníollacha maicreacnamaíocha a thabhairt isteach 7 . Is féidir incháilitheacht do thacaíocht faoin ionstraim SECI a dhéanamh amach le coinníollacha den chineál céanna. Ar a bharr sin, forlíonann an ionstraim SECI ionstraimí eile ar leibhéal AE freisin, ionstraimí lenar féidir, go háirithe, rúscadh eacnamaíoch a mhaolú ar an leibhéal náisiúnta nó áitiúil amhail Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh lena dtugtar cúnamh airgid do Bhallstáit/réigiúin ar bhuail tubaistí móra iad; agus an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhanda lena dtugtar tacaíocht do dhaoine a chaill a bpost de dheasca athruithe móra struchtúracha sna patrúin trádála domhanda nó de dheasca géarchéim dhomhanda eacnamaíoch agus fhioscach.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an ionstraim faoin Rialachán atá beartaithe comhsheasmhach leis na rialacha maidir le comhordú beartas eacnamaíoch, lena náirítear an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Ní féidir a bheith incháilithe faoin ionstraim SECI mura bhfuiltear ag comhlíonadh cinntí agus moltaí faoin gcreat faireachais fhioscaigh mhaicreacnamaíoch. Is é an Seimeastar Eorpach an phríomhuirlis chun beartais na mBallstát a chomhordú ar leibhéal AE agus is tríd a phléann na Ballstáit a dtosaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus buiséadacha agus a dhéantar faireachán ar dhul chun cinn ag amanna áirithe le linn na bliana. I gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, is féidir an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a úsaid chun a áirithiú go mbeidh an tairgeadas poiblí fónta agus nach an riosca ann go mbeidh míchothromaíochtaí ann. Ar a bharr sin, tríd an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an tsolúbthacht a bhaineann leis na rialacha atá ann cheana sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, neartaíodh an nasc idir infheistíocht, athchóirithe struchtúracha agus freagracht fhioscach agus cuireadh san áireamh ar bhealach níos fearr na dálaí timthriallacha eacnamaíocha a mbíonn na Ballstáit fúthu.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 175(3) CFAE bunús dlí an togra seo; Chun an tAirteagal sin a úsáid, ní mór trí choinníoll a chomhlíonadh agus tá gach ceann acu comhlíonta.

Is é an chéad choinníoll nach mór bearta sonracha a bheith ag cur le neartú an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh. Leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe creat lom lenar féidir cúnamh airgeadais a thabhairt do Bhallstáit sa limistéar euro agus do Bhallstáit lasmuigh de atá páirteach sa sásra ráta malartaithe (ERM II) chun tacú le hinfheistíocht phoiblí incháilithe i bhfoirm iasachtaí agus fóirdheontas ráta úis chun rúscadh neamhshiméadrach mór a mhaolú chun an comhtháthú a neartú. Is uirlis chomhlántach í an ionstraim sin lena gcuidítear le Ballstáit is faighteoirí infheistíocht a chuireann leis an bhfás a choinneáil ar bun i gcás neamhchobhsaíocht mhaicreacnamaíoch. Mar an gcéanna, cuideoidh sin an coigeartú eacnamaíoch sa Bhallstát nó sna Ballstáit sa limistéar euro lena mbaineann agus é nó iad a thabhairt ar ais chuig bealach fáis inbhuanaithe seachas an cúlú eacnamaíoch a dhoimhniú agus a fhadú, rud a d'imreodh drochthionchar ar a chomhtháthú nó ar a gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta. Ba cheart an ionstraim sin a ghníomhachtú i gcás rúscadh neamhshiméadrach mór i mBallstát, nó i roinnt Ballstát, nuair a thiocfaidh laigí sásraí agus beartas náisiúnta eile chun cinn, agus í a bheith faoi réir dianchritéir incháilitheachta bunaithe ar chreat faireachais fhioscaigh agus eacnamaíoch an Aontais. Ar a bharr sin, ba cheart tacaíocht faoin ionstraim a threorú chun tacaíocht a thabhairt d'infheistíocht phoiblí incháilithe chun tacú le hinfheistíocht phoiblí incháilithe chun tacú le téamaí faoi chistí SIE. Is mar sin is fusa an táthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú má théitear i ngleic le héifeachtaí rúiscthe neamhshiméadraigh mhóir leis na hionstraimí trí thacaíocht a thabhairt do choinneáil ar bun an leibhéil infheistíochta poiblí.

Is é an dara coinníoll go bhfuil gá leis an mbeart sin lasmuigh de na Cistí Struchtúracha. Ní fhreastalaíonn na Cistí Struchtúracha ná aon ionstraim shonrach eile ar chuspóir an chobhsaithe mhaicreacnamaíoch trí infheistíocht phoiblí a choiineáil ar bun i mBallstáit. Tá an gá le hionstraim den chineál sin bunaithe ar eilimintí fíorasacha ós rud é nach féidir rúscadh neamhshiméadrach mór a mhaolú go hiomlán le hathchóirithe struchtúracha, cobhsaitheoirí fioscacha uathoibríocha, bearta beartais fhioscaigh roghnacha agus beartas airgeadais aonair an Eurochórais.

Is é an tríú coinníoll go bhfuil an togra gan dochar do na bearta a leagadh síos faoi chuimsiú beartas eile de chuid an Aontais. Go háirithe, tá incháilitheacht d'aon tacaíocht faoin ionstraim bunaithe go sainráite ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na cinntí agus na moltaí dá bhforáiltear i gcreat faireachais fhioscaigh mhaicreacnamaíoch an Aontais de bhun Theideal VII de Chuid II de CFAE.

Féadfar beart atá bunaithe ar Airteagal 175(3) CFAE agus a bhfuil sé de chuspóir leis an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú, féadfar é a ceapadh sa chaoi nach gcomhlíonfaidh ach foshraith de na Ballstáit na coinníollach riachtanacha le hincháilitheacht don tacaíocht, i gcás ina mbeidh an teorainn bunaithe ar chúis oibiachtúil. Is príomhchuspóirí faoi na Airteagal 3 CAE iad cur chun cinn an comhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh agus bunú aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta. De dheasca an leagan amach atá air faoi láthair, níl an deis san aontas airgeadra ar rúscadh neamhshiméadrach mór a mhaolú le sásra lenar féidir a áirithiú go héifeachtach go gcoinneofar ar bun leibhéal infheistíochta poiblí na mBallstát. Ós rud é nach bhfuil beartas airgeadaíochta agus bealaí coigeartúcháin ráta malartaithe ar an leibhéal náisiúnta tá teorainn leis na hionstraimí atá ar fáil chun dul i ngleic le rúscadh neamhshiméadrach i mBallstáit sa limistéar euro, mar atá athchóirithe struchtúracha agus beartais fhioscacha, ach, chomh maith leis sin, teorainn níos mó leis an mbeartas airgeadaíochta aonair. Cé gurb iad na Ballstáit lasmuigh den limistéar euro atá freagrach as a mbeartas náisiúnta airgeadaíochta agus ráta malartaithe fós, tá na Ballstáit siúd a ghlacfaidh an euro sna blianta beaga atá amach romhainn agus a bheidh páirteach sa sásra ráta úis (ERM II), mar chuid de chomhlíonadh a noibleagáidí i leith an taontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhaint amach, tá siad teoranta cheana de facto i leith a mbeartas ráta úis agus airgeadaíochta.

   Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Baineann gné uile-Eorpach leathan le cobhsaíocht an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) agus leis na Ballstáit a ghlac an euro. Tá na Ballstáit sa limistéar euro an-nasctha le chéile ó thaobh na heacnamaíochta de. Ba cheart a áirithiú nach dtiocfaidh cásanna strus níos doimhne agus níos leithne a mbeidh drochthionchar acu ar an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta. Os a choinne sin, de bharr leagan amach AEA ag a bhfuil beartas airgeadaíochta aonair ach beartas fioscach díláraithe ar an leibhéal náisiúnta, ní leor ábaltacht na mBallstát sa limistéar euro chun rúscadh neamhshiméadrach mór a ionsú. Is gá freisin infhaighteacht uirlisí a neartú nuair a bhíonn AEA i ngleic le fadhbanna an-mhór nuair a thagann rúscadh mór chun cinn i mBallstáit aonair. Cé gurb iad na Ballstáit lasmuigh den limistéar euro atá freagrach as a mbeartas náisiúnta airgeadaíochta agus ráta malartaithe fós, tá na Ballstáit siúd a ghlacfaidh an euro sna blianta beaga atá amach romhainn agus a bheidh páirteach sa sásra ráta úis (ERM II), mar chuid de chomhlíonadh a noibleagáidí i leith an taontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhaint amach, tá siad teoranta cheana de facto i leith a mbeartas ráta úis agus airgeadaíochta. Léirigh an ghéarchéim airgeadais agus an ghéarchéim eacnamaíoch a lean í go bhfuil laigí móra i bhfeidhmiú na gcobhsaitheoirí fioscacha agus na mbeart beartais fhioscaigh ar an leibhéal náisiúnta, fiú i mBallstáit ag a bhfuil leibhéil ísle fiachais phoiblí agus ar cosúil go bhfuil a nairgeadas poiblí fónta. Tháinig patrún comh-thimthriallach i leith beartais fhioscacha as sin, rud a rinne dochar do cháilíocht an airgeadais phoiblí, i gcás na hinfheistíochta poiblí go háirithe. Comh maith leis sin, léiríonn na teagmhais a tháinig tar éis a chéile gur féidir a bheith ag brath go rómhór ar an mbeartas airgeadaíochta aonair chun cobhsú a dhéanamh faoi dhálaí diana eacnamaíocha. Ina fhianaise sin is léir gur gá ionstraim choiteann a bhunú ar leibhéal an Aontais chun an rúscadh sin a ionsú chun nach mbeidh méadú ar na difríochtaí san fheidhmiú maicreacnamaíoch idir Ballstáit sa limistéar euro, agus, chomh maith leis sin, Ballstáit lasmuigh den limistéar euro atá páirteach sa sásra ráta malartaithe (ERM II), rud a chuireann an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta i mbaol.

Ní féidir leis na Ballstáit leo féin cuspóir an Rialacháin bheartaithe seo a bhaint amach go leordhóthanach agus is fearr is féidir, dá bhrí sin, de bharr scála an bhearta, é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 5(3) CAE.

Comhréireacht

Tá sé d'aidhm leis an togra tacaíocht a thabhairt d'infheistíocht phoiblí chun an comhtháthú a neartú i mBallstáit atá i ngleic le rúscadh neamhshiméadrach mór. Leagtar amach ann creat cuíchóirithe chun cúnamh airgeadais a thabhairt i bhfoirm iasachtaí agus fóirdheontais ráta úis. Is uirlis chomhlántach í an ionstraim ar nós ionstraimí atá ann cheana chun poist, fás agus infheistíocht agus beartais fhioscacha náisiúnta a mhaoiniú, agus, chomh maith leis sin, cúnamh airgeadais ar nós SCAE agus SCE chun dul i ngleic le géarchéimeanna.

Leis an nós imeachta cinnteoireachta is féidir leis an gCoimisiún airgead a chur ar fáil agus a íoc amach go tapa tar éis comhlíonadh critéar atá sainithe go soiléir maidir le hincháilitheacht agus gníomhachtú chomh maith le critéir lena socraítear an infheistíocht phoiblí ar cheart tacaíocht a thabhairt di.

San am céanna ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun dul i ngleic le rúscadh neamhshiméadrach mór trí thacaíocht a thabhairt d'infheistíocht phoiblí. Tá aon tacaíocht a thabharfar faoin ionstraim atá beartaithe faoi réir dianchritéir incháilitheachta bunaithe ar chomhlíonadh cinntí agus moltaí faoi chreat faireachais fhioscaigh mhaicreacnamaíoch agus critéir shoiléire gníomhachtaithe bunaithe ar déthruicear fostaíochta. Ar a bharr sin, tá sé d'oibleagáid ar an mBallstát is faighteoir an cúnamh a fuair sé a úsáid le haghaidh infheistíocht phoiblí incháilithe lena dtacaítear le cuspóirí Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Foráiltear maidir le sásra rialaithe ceartaitheach. Déantar méid na niasachtaí agus na bhfóirdheontas a shocrú ar bhonn foirmle lena gcuirtear san áireamh go hiomchuí an uasmhéid infheistíochta poiblí incháilithe lenar féidir tacaíocht a thabhairt agus ar a dhéine atá an rúscadh neamhshiméadrach. Ar a bharr sin, chun a áirithiú gur fhéidir leis an méid Ballstát is féidir a bheith incháilithe do thacaíocht iasachta, socraítear uasteorainn atá ina feidhm de na hacmhainní atá fágtha agus ar fáil i mbuiséad AE. Cumhdaíonn fóirdheontais ráta úis an costas úis a thabhaigh Ballstáit ar iasachtaí a fuarthas faoin ionstraim. Ar deireadh, chun tionchar na hinfheistíochta poiblí agus na tacaíochta féideartha faoin scéim a mhéadú, foráiltear maidir le próiseas chun cáilíocht córas agus cleachtas infheistíochta poiblí a ardú.

An rogha ionstraime

Tá an gníomh seo i bhfoirm Rialacháin ós rud é go gcruthaíonn sé ionstraim nua lena gcuirfear le cobhsú maicreacnamaíoch agus nach mór é a bheith ina cheangal go huile agus go hiomlán agusinfheidhme go díreach i ngach Ballstát.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhí an measúnú ar an ionstraim atá beartaithe ag brath den chuid is mó ar shaineolas inmheánach. Chun measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíocht fhéideartha an tsásra um chobhsú nó an tsásra árachais, rinneadh ionsamhluithe ar shonraí ó thréimhse roimhe sin (1985 to 2017). Tá an cur chuige sin i gcomhréir le caighdeáin na litríochta ar an ábhar sin (Carnot et al. 2017 Arnold et al. 2018; Claveres and Stráský, 2018). Rinneadh measúnú ar thionchar cobhsaithe an tsásra um chobhsú agus an tsásra árachais le hionsamhluithe samhla maicreacnamaíche (QUEST, a cheap an Coimisiún agus a úsáideadh go minic chun tionchar athchóirithe beartais a mheasúnú). Tá na torthaí ag teacht le cleachtadh den chineál céanna a rinne CAI (Arnold et al., 2018). Ar leibhéal níos ginearálta, tugadh san áireamh go hiomchuí litríocht a bhaineann le heacnamaíocht agus beartais maidir leis an mbunús atá le sásra um chobhsú. Tugadh lé ar leibhéal an Aontais atá ar siúl fós san áireamh chomh maith.

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ina thaca ag an togra seo. An 27 Aibreán 2018, d'eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach le forchoimeádais air. [is gá hipearnasc a chur isteach chuig an tuairim ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála] Tugadh aghaidh ar na ceisteanna a d'ardaigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála sa leagan athbhreithnithe den Doiciméad Inmheánach Oibre maidir leis an Measúnú Tionchair [is gá hipearnasc a chur isteach chuig an tuairim ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála]. Cuireadh leis an tuairisc ar an bpríomhrogha bheartais agus an idirghníomhaíocht le lhionstraimí eile, lena náirítear an comhdhéanamh agus na socruithe maidir le cistiú. Tá an chonclúid maidir leis an rogha thosaíochta curtha i láthair níos mionsonraithe. Tá tuilleadh mionsonraí i ndáil leis na hathruithe a rinneadh tar éis na tuairime ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála in Iarscríbhinn shonrach sa Doiciméad Inmheánach Oibre maidir leis an Measúnú Tionchair.

Scrúdaíodh trí rogha bheartais le haghaidh sásra um chobhsú sa mheasúnú tionchair, cé is moite de rogha 1, an status quo.

Freagraíonn rogha 2 do scéim um iasachtaí a thabhairt agus a fháil atá dírithe ar infheistíocht phoiblí. Dhéanfadh gníomhaí lárnach, i.e. an tAontas Eorpach, iasachtaí a thabhairt maille le deontais teoranta do Bhallstáit faoi rúscadh mór chun an ghníomhaíocht infheistíocht poiblí a choinneáil ar bun. Is maidir leis an Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí is mó a fhreagraíonn sé don Choimisiún.

Sásra árachais atá i rogha 3. Dhéanfaí ranníocaíochtaí tráthrialta, go háirithe nuair a bheadh an geilleagar ar an ngnáthdhóigh nó nuair a bheadh ag éirí go maith leis, nó acmhainn dhílis a charnadh i gciste. Nuair a bheadh Ballstát faoi rúscadh mór, gheobhadh sé tacaíocht i bhfoirm íocaíochtaí amach/deontas. Is dócha go mbeadh gá le hacmhainn iasachtaíochta theoranta chun a áirithiú go mbeadh an toibriú ag leanúint ar aghaidh an tam ar fad agus go mbeadh sé inchreidte.

Buiséad tiomnaithe don limistéar euro atá i rogha 4. Ní hé an cobhsú eacnamaíoch a bheadh ina phríomhsprioc ag buiséad coiteann, ach soláthar earraí poiblí Eorpacha. Os a choinne sin, dá mbeifí ag brath ar ioncaim thimthriallacha (e.g. cáin ioncaim corparáideach) agus caiteachas frith-thriallach (e.g. sochair dhífhostaíochta), chuirfeadh sin le cobhsú maicreacnamaíoch trí cobhsaitheoirí uathoibríocha ar leibhéal AE. Sa bhreis air sin, d'fhéadfaí foráil maidir le heilimintí roghnacha, lenarbh fhéidir cothú breise a dhéanamh ar thréithe a chuirfeadh cobhsú chun cinn.

Dá mbeadh Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí ann (rogha 2), chuideodh sin an cuspóir cobhsú a bhaint amach trí thacaíocht mhaoiniúcháin a chur ar fáil dá gcuirfeadh rúscadh neamhshiméadrach mór isteach ar Bhallstát. Bheadh an tacaíocht sin dírithe ar infheistíochtaí poiblí in earnálacha tosaíochta agus bheadh sí faoi réir gníomhachtú eacnamaíoch agus coinníollacha incháilitheachta. Beidh soláthar na tacaíochta ina spreagadh mór le príomh-infheistíochtaí poiblí a chosaint agus, dá réir sin, leibhéal iomchuí caiteachais a choinneáil ar bun, rud atá riachtanach chun go bhfásfaidh an geilleagar amach anseo. Ar an dóigh sin, chothódh an scéim torthaí a bheadh an-éagsúil le torthaí na géarchéime deireanaí i roinnt tíortha inar ciorraíodh go mór an infheistíocht phoiblí. Tá an tionchar cobhsaithe mhaicreacnamaíoch sa rogha seo teoranta ós rud é gur mar iasacht a thabharfaí an tacaíocht. Agus é i ngleic le rúscadh mór, bheadh ar an mBallstát rogha a dhéanamh idir tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht le caiteachas easnaimh nó smacht a choinneáil ar an méadú ar a fhiachas poiblí. Mhaolófaí comheisiacht na rogha sin, áfach, mar go dtabharfaí rochtain don Bhallstát ar mhaoiniú níos saoire ná mar atá ar an margadh. Lena chois sin, b'fhéidir go nimreodh soláthar mhaoiniú AE tionchar láidir comharthaíochta do rannpháirtithe sa mhargadh, rud is féidir a bheith ina chatalaíoch chun nach gcaillfear rochtain ar an margadh agus nach mbeidh gá le clár coigeartaithe airgeadais iomlán. Tá an rogha seo ag teacht le ceanglas nach ndéanfar aon aistriú buan, sa mhéid gur tacaíocht shealadach iad iasachtaí de réir a nádúir agus go bhfuil ceangal dlí ar an mBallstát iasacht a íoc ar ais. Tá tábhacht ar leith leis an gcoinníoll sin. Tá deighilt i dtuairimí na bpáirtithe leasmhara san am i láthair ar an ngá atá le sásra um chobhsú agus ar an bhfoirm a bheadh air, go háirithe de bharr ábhair imní faoi neodracht ó thír go tír. Is féidir, dá réir sin, gur fusa rogha 2 a chur i bhfeidhm, ó thaobh na polaitíochta de, san am is gaire dúinn ar a laghad.

Dá mbeadh sásra árachais ann (rogha 3), b'fhéidir íocaíochtaí móra amach a dhéanamh i gcás rúscadh neamhshiméadrach mór a dhéanfadh difear do Bhallstát, faoi réir gníomhachtú eacnamaíoch agus coinníollacha incháilitheachta. Leis na 'híocaíochtaí amach árachais' sin, laghdófaí go mór comheisiacht na rogha ghearrthéarmaí a bheadh le déanamh ag na Ballstáit lena mbaineann idir tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht agus smacht a choinneáil ar an ardú ar a bhfiacha agus ar a neasnaimh. Dá bhrí sin, chomhlánódh na híocaíochtaí amach na cobhsaitheoirí náisiúnta uathoibríocha i gcás dálaí neamhfhabhracha. B'fhusa dá mbarr beartas fioscach níos réidhe agus níos frith-thimthriallach a dhéanamh feadh an timthrialla, rud a d'ardódh freisin cáilíocht an airgeadais náisiúnta phoiblí agus a dhéanfadh níos fusa seachaint an bhorrtha agus an chliste in infheistíochtaí poiblí. De réir a pharaiméadraithe, is féidir tionchar cumhachtach cobhsaithe éilimh a bheith ag an rogha sin, fiú i gcás méid beag ranníocaíochtaí. Os a choinne sin, tá sé réasúnta deacair rogha 3 a chur in oiriúint le cuspóir na neodrachta ó thír go tír, mar gurbh fhéidir go bhfaigheadh roinnt Ballstát íocaíochtaí amach níos minice ná Ballstáit eile, ós rud é go mbeadh timthriallta níos luainí ina ngeilleagar, mar shampla. Tá roinnt gnéithe deartha ab fhéidir a bheadh tábhachtach i leith dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh chuspóir neodracht na dtíortha de, amhail ranníocaíochtaí níos mó nuair a bheadh ag éirí go maith leis an ngeilleagar (rud a d'áiritheodh go dtabharfadh geilleagair níos luainí níos mó ranníocaíochtaí agus a chuirfeadh dlús le déanamh na maolán), agus cineál rátála taithí (ranníocaíochtaí modhnaithe de réir úsáid roimhe sin). Mar sin féin, is mór idir an méid atá páirtithe leasmhara éagsúla i bhfabhar leis an rogha sin faoi láthair, ós féidir go síleann roinnt acu go mbaineann an iomarca rioscaí leis agus go dtéann sé thar fhreagra comhréireach ar na dúshláin atá i gceist.

Dá mbeadh buiséad don limistéar euro ann (rogha 4), chuirfeadh sin le cobhsú rúiscthe mhóir le luaineachtaí uathoibríocha i dtimthriall ioncaim agus/nó chaiteachais an bhuiséid sin. Tá éifeachtacht an tsásra sin ag brath ar íogaireacht thimthriallach chomhdhéanamh an bhuiséid agus ar a mhéid. De bharr impleachtaí rogha 4, dhéanfaí ábhairín níos mó ná sásra um chobhsú a chur ar fáil, ós rud é go naistreofaí inniúlachtaí um leithdháileadh ioncam agus caiteachas ón leibhéal náisiúnta go dtí an leibhéal Eorpach dá mbeadh buiséad iomlán ann, ar bharr an méid atá ar an leibhéal Eorpach de bharr bhuiséad AE. Bheadh gá le toil pholaitiúil láidir agus comhaontú polaitiúil láidir chun a leithéid de bhuiséad a chur ar bun. Bheadh gá le tuilleadh machnaimh agus plé chun a ábhar agus a inghlacthacht pholaitiúil a mheas.

Ba cheart a chuimhneamh nach bhfuil na roghanna beartais éagsúla comheisiach agus gur féidir iad a chumasc. San am i láthair is é an rogha tosaíochta go mbeadh Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí ann (rogha 2). Thacódh sin go mór leis na cuspóirí a bhfuil achoimre orthu i roinn 4 den tuarascáil ar an measúnú tionchair. Is dá bharr sin a choinnigh an Coimisiún an rogha sin mar chuid dá thogra. Is féidir tréithe a chuirfeadh an cobhsú chun cinn ar bhealach an-éifeachtach a chur ar fáil le sásra árachais (rogha 3) agus féadfaidh sé a bheith comhsheasmhach le neodracht tíortha má dheartar go maith é, ach tá gá le tuilleadh machnaimh agus plé chun a inmharthanacht a mheas agus chun a inghlacthacht pholaitiúil a mhéadú. Is mór a neartódh sásra árachais leagan amach AEA agus ba mhór a luach dá bharr sin. Cé nach bhfuil an Coimisiún ag cur i láthair togra foirmiúil fós, ba cheart dearcadh ar shásra árachais mar chuid den sásra um chobhsú mar phacáiste a chuirfeadh le rogha 2 agus a chomhlánódh í. Chruthódh an pacáiste sin cnuasach comhsheasmhach lenarbh fhéidir cobhsú mór a dhéanamh. Le rogha 4 is féidir roinnt tréithe a chur ar fáil a chuirfeadh cobhsú chun cinn a mbeadh a réim ag brath go mór ar mhéid agus comhdhéanamh na rogha, ach tá gá le tuilleadh machnaimh agus plé chun a inmharthanacht a mheas agus chun a inghlacthacht pholaitiúil a mhéadú.

Tionchar maicreacnamaíoch, den chuid is mó, a bheadh i dtionchar scéime cobhsaithe infheistíochtaí (rogha 2) agus sásra árachais (rogha 3), ar an dóigh a pléadh thuas. Sa bhreis air sin, le rogha 2, an ionstraim cobhsaithe infheistíochtaí, d'fheabhsódh comhdhéanamh an airgeadais phoiblí trí ghníomhaíocht infheistíochta poiblí a fheabhsú. Ar an dóigh sin tá gné maidir le scileanna a choimeád/a uasghrádú ag baint léi agus thiocfadh roinnt sochair shóisialta aisti dá bharr sin. I rogha 3, an sásra árachais, bheadh an tionchar comhshaoil agus sóisialta réasúnta neamhdhíreach agus deacair a mheas. I rogha 4, buiséad an limistéir euro, ba dhócha gur dhea-thionchar a bheadh sa tionchar comhshaoil agus sóisialta, ach níl sainmhíniú na rogha mionsonraithe go leor chun gur féidir measúnú domhain a dhéanamh uirthi.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

B'fhéidir go mbeadh impleachtaí buiséadacha leis an togra. Na hiasachtaí a d'fhéadfadh an Coimisiún a thabhairt faoin ionstraim bheartaithe seo, is feidhm iad de chuid uasteorainn sheasta EUR 30 billiún. Ar an dóigh sin, is dliteanais theagmhasacha iad na hiasachtaí sin do bhuiséad AE i gcás ina mainneoidh Ballstát in aisíoc iasachta a tugadh faoin scéim.

Is le Ciste Tacaíochta um Chobhsú dá dtabharfaí ranníocaíochtaí náisiúnta bliantúla bunaithe ar sciar bhanc ceannais náisiúnta gach Ballstáit sa limistéar euro in ioncam airgeadaíochta an Eurochórais a mhaoineofaí leis an bhfóirdheontas ráta úis. D'úsáidfí an táscaire céanna i gcás Ballstáit lasmuigh den limistéar euro atá páirteach sa sásra malartaithe (ERM II). Ar an dóigh sin is ioncam a sannadh go seachtrach iad na ranníocaíochtaí náisiúnta sin agus níl tionchar acu ar bhuiséad AE.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Foráiltear sa ghníomh maidir le tuairisciú agus athbhreithniú ar a chur i bhfeidhm gach cúig bliana. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta a chur i láthair ina mbeidh, le cois nithe eile, meastóireacht ar éifeachtacht an Rialacháin chomh maith leis na dóigheanna a chuireann sé le beartais eacnamaíocha Bhallstáit an euro sa chaoi go neartófar an comhtháthú san Aontas, go néireoidh le straitéis an Aontais le haghaidh fáis agus post, agus go bhfeabhsófar infheistíocht phoiblí i mBallstáit sa limistéar euro a fhaigheann tacaíocht faoin ngníomh. I gcás ina measfar gurb iomchuí, déanfar meastóireacht sa tuarascáil freisin ar a oiriúnaí atá sé sásra árachais a fhorbairt le haghaidh cobhsú eacnamaíoch. I gcás ina measfar gurb iomchuí, beidh togra maidir le leasuithe beartaithe ar an ngníomh seo ag gabháil leis an tuarascáil sin. Gheobhaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Grúpa Euro an tuarascáil sin.

Déanfar meastóireachtaí i gcomhréir le mír 22 agus mír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach 13 Aibreán 2016 8 , inar dhearbhaigh trí institiúid gur cheart measúnuithe tionchair ar roghanna i leith tuilleadh beart a bheith bunaithe ar mheastóireachtaí ar an reachtaíocht agus ar na beartais a bhí ann cheana. Sna meastóireachtaí sin measfar éifeachtaí an chláir ar an talamh ar bhonn tháscairí/spriocanna an chláir agus anailís mhionsonraithe ar a mhéid is féidir a mheas go bhfuil an clár ábhartha éifeachtach éifeachtúil, ar an gceist an leor an breisluach Eorpach a chuireann sé ar fáil agus ar an gceist an bhfuil sé comhleanúnach le beartais eile de chuid AE. Beidh ceachtanna a foghlaimíodh iontu chun aon laigí/fadhbanna atá ann a shainaithint nó aon poitéinseal atá ann breis feabhais a chur ar na bearta nó ar a dtorthaí agus chun cuidiú a núsáid/tionchar a uasmhéadú.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I gCuid I den Rialachán atá beartaithe (Airteagal 1 agus Airteagal 2) foráiltear maidir le Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí (SECI) a bhunú mar ionstraim cúnaimh airgeadais faoi Airteagal [220] den Rialachán Airgeadais athbhreithnithe chun tacú le hinfheistíocht phoiblí do Bhallstát atá i ngleic le rúscadh neamhshiméadrach mór chun an comhtháthú a neartú. Ar a bharr sin, tá na foirmeacha leagtha amach ann inar féidir an cúnamh airgeadais sin a thabhairt, mar atá iasachtaí agus fóirdheontais ráta úis. Tá sé leagtha síos sa chuid sin freisin gur cheart an Rialachán a chur i bhfeidhm maidir le Ballstáit sa limistéar euro chomh maithe le Ballstáit lasmuigh den limistéar euro atá páirteach sa sásra ráta malartaithe (ERM II). Lena chois sin, tá na sainmhínithe is tábhachtaí sa chuid sin, sainmhínithe a úsáidtear ar fud an ghnímh.

I gCuid II den Rialachán atá beartaithe (Airteagail 3 go dtí 5) tá na critéir ba ghá do Bhallstát a chomhlíonadh chun tacaíocht a fháil faoi SECI. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir dhá shraith critéar.

Sa chéad dul síos, tá critéir sa ghníomh atá beartaithe atá bunaithe ar chomhlíonadh cinntí agus moltaí faoi chreat fioscach an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 126(8) agus Airteagal 126(11) de CFAE agus i Rialachán (AE) Uimh. 1466/97 agus faoin gcreat faireachais mhaicreacnamaíoch arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011. Ba cheart a leagan síos freisin, i gcás ina mbeadh Ballstát sa limistéar euro faoi chlár coigeartaithe airgeadais, nach bhfaigheadh sé tacaíocht faoin scéim sin ach gur faoin gclár a d'fhreastalófaí ar aon riachtanais mhaoiniúcháin chun tacú le hinfheistíocht phoiblí Tá an córas céanna beartaithe le haghaidh Ballstáit lasmuigh den limistéar euro faoi chuimsiú an ghnímh atá beartaithe má fhaigheann siad tacaíocht comhardaithe íocaíochtaí. Ar deireadh, i gcás ina dtoileodh Ballstáit comhaontú idir-rialtasach chun an fóirdheontas ráta úis a mhaoiniú a thabhairt i gcrích, ba cheart é a bheith ina chritéar incháilithe go ndéanfadh Ballstát ranníocaíochtaí bliantúla sula mbeadh sé in ann fóirdheontas ráta úis a fháil.

Ar an dara dul síos, ba cheart foráil maidir le critéir ghníomhachtaithe chun freastal ar ghníomhachtú luath éifeachtach tacaíochta ó SECI. Ba cheart an gníomhachtú sin a bheith bunaithe ar dhéthruicear dífhostaíochta a bheadh bunaithe ar dhá ní: leibhéal an ráta dífhostaíochta náisiúnta i dtaca leis an meánráta a bhí ann roimhe sin agus an tathrú ar an dífhostaíocht i dtaca le tairseach áirithe sa bhliain roimhe sin. Ar an gcéad dul síos, cuireadh an rogha i leith gníomhachtú ar bhonn rátaí dífhostaíochta ar roinnt cúiseanna. Tá an ráta dífhostaíochta ina shártháscaire ar an timthriall gnó. Lena chois sin, cuireann éifeachtaí an rúiscthe ar airgeadas poiblí moill ar an timthriall fáis de ghnáth agus, dáiríre, bíonn siad a bheag nó a mhór ar aon dul leis an timthriall dífhostaíochta. Sa bhreis air sin, ní chuirfeadh an mhoill de dheasca úsáid an ráta dífhostaíochta isteach ar fhóntas chuspóir cobhsaithe na hionstraime mar gur ghá do na Ballstáit ar dtús dul i muinín a gcobhsaitheoirí uathoibríocha agus a mbeartas. Sa dar dul síos, dá núsáidfí déthruicear gníomhachtaithe, d'áiritheofaí ar bhealach níos cinnte go raibh an Ballstát lena mbaineann i ngleic le rúscadh neamhshiméadrach mór lena mbaineann gné shealadach tírshonrach. Comh maith leis sin, leis an déthruicear gníomhachtaithe, d'fhéadfaí tacaíocht a spriocdhíriú ar chásanna meatha eacnamaíoch mhóir. Spriocdhíreofaí an déthruicear ar chásanna ina mbeadh méadú ag teacht ar an dífhostaíocht.

Ar a bharr sin, foráiltear sa Chuid sin maidir le hoibleagáid ar na Ballstáit a gheobhaidh cúnamh faoin Rialachán beartaithe seo an tacaíocht a infheistiú in infheistíocht phoiblí incháilithe, i.e. ollfhoirmiú caipitil sheasta a dhéanfadh an rialtas ginearálta chun tacú le cuspóirí beartais arna sainaithint i Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus le hinfheistíocht shóisialta (oideachas agus oiliúint) agus, chomh maith leis sin, leibhéal na hinfheistíochta poiblí go ginearálta i dtaca le meánleibhéal na hinfheistíochta poiblí le cúig bliana anuas a choinneáil ar bun. Maidir leis an dara heilimint, ba cheart roghnachas éigin a bheith ag an gCoimisiún i leith a mheasúnaithe chun freastal ar chásanna inar fhorbair an infheistíocht phoiblí i mBallstát ar bhealach neamh-inbhuanaithe. Ba cheart foráil maidir le sásra ceartaitheach chun nach ndéanfar caiteachas neamh-incháilithe agus nach mbeidh dliteanas iasachtaí neamh-incháilithe ar an Aontas. Is cosúil gur gá sin chun leas airgeadais an Aontais a chosaint. I gcás nach mbeadh an critéar sin comhlíonta ag Ballstát, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún aisíoc na hiasachta ina hiomláine nó i bpáirt a iarraidh agus a chinneadh nach mbeadh an Ballstát lena mbaineann in ann fóirdheontas ráta úis a fháil tar éis dó an iasacht a aisíoc. Ba cheart toradh an rialaithe sin a chur ar fáil don phobal freisin.

I gCuid III den Rialachán atá beartaithe (Airteagail 6 go dtí 8) tá an nós imeachta maidir le tacaíocht ó SECI a thabhairt go luath. Tar éis dó iarratas a fháil, ba cheart don Choimisiún a fhíorú gur comhlíonadh na critéir incháilitheachta agus gníomhachtaithe agus, chomh maith leis sin, a chinneadh cé hiad téarmaí na tacaíochta i bhfoirm iasachta. Ba cheart eilimintí amhail an méid, an mheán-aibíocht, an phraghsáil agus an tréimhse infhála a shocrú. Ba cheart an Ballstát is faighteoir a bheith i dteideal fhóirdheontas ráta úis a fháil nuair a aisíocfaidh sé an iasacht nó nuair a bheidh íocaíochtaí úis dlite. Lena chois sin, leagtar síos sa chuid sin den ghníomh atá beartaithe cé na foirmeacha a bheidh ar thacaíocht ó SECI.

I gCuid IV den Rialachán atá beartaithe (Airteagail 7 go dtí 10) leagtar síos ar dtús cén clúdach airgeadais a bheidh ag an ionstraim. Maidir le hiasachtaí, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún iasachtaí a fháil ar na margaí chun iad a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don Ballstát lena mbaineann. Ba cheart uasteorainn EUR 30 billiún a bhí leis na hiasachtaí sin. Maidir le fóirdheontais ráta úis, ba cheart iad a úsáid chun frithchúiteamh a dhéanamh ar na costais ús a thabhaigh Ballstáit ar an iasacht. Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún an Sásra Tacaíochta um Chobhsú a úsáid chun na fóirdheontais sin a mhaoiniú. Sa chuid sin freisin tá foirmle leagtha amach ba cheart don Choimisiún a úsáid chun méideanna na hiasachta agus an fhóirdheontais úis faoi SECI a shocrú.

Maidir le comhpháirt iasachta na hionstraime sin, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir an fhoirmle lena socraítear uasleibhéal na hinfheistíochta poiblí incháilithe (Is) ar féidir tacaíocht a thabhairt di agus an fhoirmle lena socraítear an méid tacaíochta (S) a thabharfar i bhfoirm iasachta. Idirghníomhaíonn an dá fhoirmle sin le chéile. Ba cheart uasleibhéal na hinfheistíochta poiblí incháilithe (Is) ar féidir tacaíocht a thabhairt di a shocrú go huathoibríoch ar bhonn foirmle lena léirítear cóimheas na hinfheistíochta poiblí incháilithe agus na holltáirgeachta intíre in AE le cúig bliana sular iarr an Ballstát lena mbaineann an tacaíocht agus olltáirgeacht intíre an Bhallstáit lena mbaineann sa tréimhse chéanna. Ba cheart an tuasleibhéal sin a scálú freisin i dtreo acmhainní infhála, mar atá an uasteorainn sheasta a leagtar síos sa Rialachán. Ba cheart uasmhéid na hiasachta ó SECI a shocrú go huathoibríoch ar bhonn foirmle lena gcuirtear san áireamh an tuasmhéid infheistíochta poiblí incháilithe ar féidir tacaíocht a thabhairt di agus ar a dhéine atá an rúscadh neamhshiméadrach. Ba cheart an iasachta a scálú freisin de réir a dhéine atá an rúscadh le fachtóir (β). Ba cheart méid na hiasachta a mhéadú suas le huasleibhéal na hinfheistíochta poiblí incháilithe (Is) i gcás ina mbeadh an rúscadh neamhshiméadrach thar a bheith dian. Bheadh an méadú ar an ráta dífhostaíochta náisiúnta ráithiúil ina tháscaire chuige sin. Ar deireadh, ba cheart teorainn 30 faoin gcéad de na hacmhainní atá ar fáil fós faoin uasteorainn arna socrú chun na hiasachtaí a chalabrú do na hacmhainní atá ar fáil i mbuiséad AE, ba cheart an teorainn sin a chur leis an tacaíocht iasachta chun a áirithiú go bhféadfadh a oiread Ballstát agus is féidir a bheith incháilithe do thacaíocht faoin ionstraim sin.

Ba cheart méid an fhóirdheontas ráta úis a shocrú go huathoibríoch mar chéatadán seasta de na costais úis a thabhaigh an Ballstát ar an iasacht faoin ionstraim seo.

Ar deireadh, foráiltear sa chuid sin den Rialachán atá beartaithe maidir le féidearthacht go mbeadh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) nó don ionstraim dlí a thiocfaidh ina ionad páirteach i gcás ina gcinnfeadh an ionstraim sin amach anseo cúnamh airgeadais a thabhairt freisin chun tacú le hinfheistíocht chun críocha cobhsaithe mhaicreacnamaíoch. Chuige sin, dhéanfadh an Coimisiún a dhícheall a áirithiú go dtabharfaí an cúnamh sin faoi choinníollacha a bheadh comhsheasmhach leis na coinníollacha faoin Rialachán beartaithe seo. Ba cheart foráil maidir lena thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán atá beartaithe a fhorlíonadh i dtaca le malartú faisnéise faoi eilimintí éagsúla de chuid na hiasachta agus na rialacha lena socraítear comhlántacht idir cúnamh ó SCE agus tacaíocht faoin ionstraim sin ar bhonn na bhfoirmlí le haghaidh na hiasachta agus an fhóirdheontais ráta úis.

I gCuid V den Rialachán atá beartaithe (Airteagail 11 go dtí 16) tá na rialacha nós imeachta maidir le híoc amach agus cur chun feidhme na tacaíochta iasachta faoin ionstraim sin. Go sonrach, tá rialacha ann maidir le híoc amach, oibríochtaí lena dtugtar amach nó lena bhfaightear iasachtaí, na costais agus riar na niasachtaí. Ar deireadh, foráiltear maidir le rialacha rialúcháin.

I gCuid VI den Rialachán atá beartaithe (Airteagail 17 go dtí 19), foráiltear maidir le bunú an Chiste Tacaíochta um Chobhsú (an Ciste) agus lena úsáid. Ba cheart ranníocaíochtaí ó na Ballstáit a chur isteach sa Chiste i gcomhréir le comhaontú idir-rialtasach lena socrófar an modh lena ríomhfar iad agus na rialacha maidir lena naistriú. I gcás Ballstáit sa limistéar euro, ba cheart ranníocaíochtaí náisiúnta a ríomh mar chéatadán den ioncam airgeadaíochta arna leithdháileadh ar bhainc cheannais náisiúnta Ballstát sa limistéar euro. Chun na ranníocaíochtaí a ríomh, ba cheart do BCE a chur in iúl don Choimisiún gach bliain faoin 30 Aibreán cá mhéad ioncaim airgeadaíochta a leithdháileadh ar gach banc ceannais náisiúnta. I gcás Ballstáit lasmuigh den limistéar euro atá faoi raon feidhme an ghnímh atá beartaithe, ba cheart ioncam airgeadaíochta de chuid Eurochóras a úsáid mar bhonn ríomha le haghaidh a ranníocaíochta náisiúnta. Ba cheart eochair shonrach a chur i bhfeidhm. Ar choinníoll go mbeadh an comhaontú idir-rialtasach sin tugtha i gcrích, níor cheart fóirdheontas ráta úis a thabhairt go dtí go mbeadh ranníocaíocht bhliantúil íoctha ag na Ballstáit.

Is chun an fóirdheontas ráta úis ba cheart an Ciste a úsáid, agus chuige sin amháin. Níor cheart an fóirdheontas sin a thabhairt mura mbeadh acmhainní le fáil sa Chiste agus ba cheart córas iarchurtha íocaíochtaí a chur ar bun ar eagla nár leor na hacmhainní a bheadh ann. Ba cheart don Choimisiún an Ciste a riar ar bhonn straitéis infheistíochta stuama sábháilte.

I gCuid VII den ghníomh atá beartaithe (Airteagal 20) foráiltear maidir le measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún ar cháilíocht córas agus cleachtas infheistíochta poiblí. Ba cheart foráil maidir leis an measúnú sin mar bheart tionlacain chun tionchar na hinfheistíochta poiblí agus na tacaíochta ó SCEI a mhéadú. Leagtar amach an modh mionsonraithe in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán atá beartaithe agus tá sé bunaithe ar na cleachtais is déanaí.

I gCuid VII den Rialachán atá beartaithe (Airteagail 21 go dtí 23) foráiltear maidir le rialacha maidir le feidhmiú cumhachtaí tarmligthe, tuairisciú agus athbhreithniú agus teacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe. Maidir le tuairisciú tráthrialta, ba cheart don Choimisiún, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí atá sé sásra árachais a cheapadh le haghaidh cobhsú maicreacnamaíoch agus an cheist a mheas an gcuirfear infheistíocht shóisialta in oideachas agus oiliúint isteach sa sainmhíniú ar infheistíocht phoiblí incháilithe a luaithe a bheidh figiúirí iontaofa ar fáil.

 

2018/0212 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí a bhunú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 9 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 10 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 11 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is príomhchuspóirí faoi na Conarthaí iad cur chun cinn an comhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh agus bunú aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA).

(2)Dá neartófaí an comhtháthú eacnamaíoch idir na Ballstáit arb é an euro a nairgeadra, chuirfeadh sin le cobhsaíocht an aontais airgeadaíochta agus le forbairt chomhchuí an Aontais ina iomláine.

(3)Ba cheart do na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha a fheidhmiú agus a comhordú sa chaoi go mbainfear amach an cuspóir an chomhtháthaithe eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú.

(4)An ghéarchéim airgeadais agus an cor chun donais eacnamaíoch a tháinig ar an domhan agus ar an limistéar euro nach raibh a leithéidí ann riamh roimhe, léirigh siad nach leor iad na hionstraimí a bhí ar fáil amhail an beartas airgeadaíochta aonair, na cobhsaitheoirí fioscacha uathoibríocha agus na bearta beartais fhioscaigh roghnacha airgeadais náisiúnta chun rúscadh neamhshiméadrach a ionsú.

(5)Chun gur fusa coigeartú maicreacnamaíoch a dhéanamh agus aon rúscadh neamhshiméadrach atá sa chóras institiúideach faoi láthair a mhaolú, bíonn ar na Ballstáit arb é an euro a nairgeadra agus Ballstáit eile atá páirteach sa sásra ráta malartaithe (ERM II) a bheith ag brath níos mó ar na hionstraimí sa bheartas eacnamaíoch atá fágtha, amhail cobhsaitheoirí fioscacha uathoibríocha agus bearta fioscacha roghnacha eile, rud a fhágann go mbíonn an coigeartú níos deacra ar an iomlán. Tá sé intuigthe as na teagmhais a tháinig tar éis a chéile le linn na géarchéime sa limistéar euro go rabhthas ag brath go mór ar an mbeartas airgeadaíochta aonair chun cobhsú maicreacnamaíoch a dhéanamh faoi dhálaí diana eacnamaíocha.

(6)Tháinig patrún comh-thimthriallach i leith beartais fhioscacha as an ngéarchéim, rud a rinne dochar do cháilíocht an airgeadais phoiblí, i gcás na hinfheistíochta poiblí go háirithe. Mar an gcéanna, chuir an teasnamh sin le héagsúlachtaí forleathana san fheidhmíocht mhaicreacnamaíoch idir na Ballstáit, rud a chuir an comhtháthú i mbaol.

(7)Tá gá le hionstraimí breise, mar sin, chun nach dtiocfaidh cásanna strus níos doimhne agus níos leithne amach anseo as rúscadh neamhshiméadrach agus chun nach lagófar an comhtháthú.

(8)Go háirithe, chun cuidiú leis na Ballstáit arb é an euro a nairgeadas freagairt níos fearr do dhálaí atá ag athrú go tapa agus a ngeilleagar a chobhsú tríd an infheistíocht phoiblí a choinneáil ar bun má thagann rúscadh neamhshiméadrach mór orthu, ba cheart Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí (SECI) a bhunú.

(9)Ba cheart SECI a bheith ina bhuntáiste ní hamháin ag na Ballstáit arb é an euro a nairgeadra ach, chomh maith leis sin, ag Ballstáit eile atá páirteach sa sásra ráta malartaithe (ERM II).

(10)Ba cheart SECI a bheith ina ionstraim de chuid an Aontais a chomhlánaíonn beartais fhioscacha náisiúnta. Ba cheart a chuimhneamh gur cheart do na Ballstáit beartais fhioscacha fhónta a fheidhmiú agus cur le maoláin sábháilteachta fhioscacha nuair a bhíonn ag éirí go maith leis an ngeilleagar.

(11)Ar leibhéal an Aontais is é Seimeastar Eorpach chomhordú an bheartais eacnamaíoch an creat lena sainaithnítear tosaíochtaí athchóiriúcháin náisiúnta agus lena ndéantar faireachán ar a gcur chun feidhme. Ceapann na Ballstáit a gcuid straitéisí infheistíochta ilbhliantúla náisiúnta féin sa dóigh is go dtacaíonn siad le cur chun feidhme na dtosaíochtaí athchóiriúcháin sin. Ba cheart na straitéisí sin a chur i láthair in éineacht leis na cláir náisiúnta bhliantúla um athchóiriú chun na tionscadail infheistíochta tosaíochta a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh le cistiú náisiúnta agus/nó cistiú ón Aontas, chun sin a achoimriú agus a chomhordú. Ba cheart leas a bhaint astu, freisin, chun cistiú ón Aontas a úsáid ar dhóigh chomhleanúnach agus chun a oiread tairbhe is féidir a bhaint as breisluach na tacaíochta airgeadais atá le fáil, go háirithe, ó na cláir a dtacaíonn an tAontas leo faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, faoin gCiste Comhtháite, faoi Chiste Sóisialta na hEorpa, faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, faoi SECI agus faoi InvestEU, i gcás inarb ábhartha.

(12)Is féidir go dtabharfaidh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) nó an ionstraim dlí a thiocfaidh ina ionad tacaíocht sa bhreis ar an tacaíocht faoi SECI.

(13)Ba cheart tacaíocht ó SECI a thabhairt i gcás ina mbeidh Ballstát amháin arb é an euro a airgeadra nó Ballstáit eile atá páirteach sa sásra malartaithe nó roinnt Ballstát den chineál sin (ERM II) i ngleic le rúscadh neamhshiméadrach. Tá an-chomhchoibhneas idir athruithe ar na rátaí dífhostaíochta agus luaineachtaí sa timthriall gnó i mBallstáit den chineál sin. Dá bhrí sin, má bhíonn méaduithe móra ar rátaí dífhostaíochta os cionn na meánrátaí fadtéarmacha i mBallstát áirithe, is comhartha soiléir é sin go bhfuil rúscadh neamhshiméadrach ann. Is mó i bhfad a théann rúscadh neamhshiméadrach i bhfeidhm ar Bhallstát amháin nó roinnt Ballstát ná ar mheán na mBallstát eile.

(14)Ba cheart déthruicear a bheith ann atá bunaithe ar leibhéal an ráta dífhostaíochta náisiúnta i dtaca leis an meánráta a bhí ann roimhe sin agus ar an athrú ar an dífhostaíocht i dtaca le tairseach áirithe chun a shocrú an ngníomhachtófar an tacaíocht ó SECI.

(15)Aon Bhallstát a bheidh ag iarraidh tacaíocht ó SECI, ba cheart dó dianchritéir incháilitheachta a chomhlíonadh atá bunaithe ar a mhéid a chomhlíon sé cinntí agus moltaí faoi chreat faireachais fhioscaigh eacnamaíoch an Aontais le dhá bhliain roimh an iarraidh ar thacaíocht ó SECI sa chaoi nach lú a spreagfar é le beartais bhuiséadacha stuama a fheidhmiú.

(16)Na Ballstáit arb é an euro a nairgeadra agus a fhaigheann cúnamh airgeadais ó SCE, ón Sásra um Chobhsú Airgeadais Eorpach (SCAE) nó ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus atá faoi chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch de réir bhrí Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 , níor cheart tacaíocht ó SECI a thabhairt dóibh ós rud é go bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar a riachtanais airgeadais, an gá atá ann a ninfheistíocht phoiblí a choinneáil ar bun san áireamh, leis an gcúnamh airgeadais atáthar a thabhairt dóibh.

(17)Na Ballstáit ag a bhfuil maolú agus a fhaigheann tacaíocht ó thaobh comhardú íocaíochtaí de réir bhrí phointe (a) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle 13 , níor cheart tacaíocht ó SECI a thabhairt dóibh ós rud é go bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar a riachtanais airgeadais, an gá atá ann a ninfheistíocht phoiblí a choinneáil ar bun san áireamh, leis an tsaoráid cúnaimh airgeadais a bronnadh orthu.

(18)Ba cheart tacaíocht ó SECI a thabhairt le hiasachtaí do na Ballstáit lena mbaineann. Leis an ionstraim sin, thabharfaí maoiniú dóibh chun gurbh fhéidir leo leanúint de bheith ag feidhmiú infheistíocht phoiblí.

(19)Sa bhreis ar iasachtaí, ba cheart fóirdheontais ráta úis a thabhairt do na Ballstáit lena mbaineann chun na costais úis a bhaineann leis na hiasachtaí sin a chumhdach, mar chineál sonrach cúnaimh airgeadais faoi Airteagal 220 den Rialachán Airgeadais. Leis an bhfóirdheontas ráta úis sin thabharfaí tacaíocht sa bhreis ar an iasacht do Bhallstáit faoi rúscadh neamhshiméadrach a bheadh faoi dhálaí cúnga maoiniúcháin sna margaí airgeadais.

(20)Chun go dtabharfar tacaíocht ó SECI go tapa, ba cheart an inniúlacht a thabhairt don Choimisiún na hiasachtaí a thabhairt nuair atá na critéir incháilitheacht agus ghníomhachtaithe comhlíonta agus cinneadh a dhéanamh maidir le fóirdheontais ráta úis a thabhairt.

(21)Ba cheart do na Ballstáit an tacaíocht a fuair siad faoi SECI a infheistiú in infheistíocht phoiblí incháilithe agus, chomh maith leis sin, leibhéal na hinfheistíochta poiblí a choinneáil ar bun go ginearálta i dtaca le meánleibhéal na hinfheistíochta poiblí le cúig bliana anuas chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá leis an Rialachán seo. Maidir leis sin, táthar ag súil leis go dtabharfaidh na Ballstáit tosaíocht d'infheistíocht incháilithe a choinneáil ar bun i gcláir a dtugann an tAontas tacaíocht dóibh faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, faoin gCiste Comhtháthaithe, faoi Chiste Sóisialta na hEorpa, faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Talmhaíochta, trí choinníollacha ex-ante agus coinníollacha maicreacnamaíocha a thabhairt isteach.

(22)Chuige sin, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an gceist ar chomhlíon an Ballstát lena mbaineann na coinníollacha sin. Murar chomhlíon, ba cheart don Ballstát lena mbaineann an iasacht iomlán a tugadh nó cuid di a thabhairt ar ais agus níor cheart é a bheith i dteideal fóirdheontas ráta úis a fháil.

(23)Ba cheart an tuasleibhéal infheistíochta poiblí ar féidir tacaíocht a thabhairt di le hiasacht ó SECI do Bhallstát a shocrú go huathoibríoch ar bhonn foirmle ina náireofar cóimheas na hinfheistíochta poiblí incháilithe agus na olltáirgeachta intíre san Aontas thar thréimhse cúig bliana sular iarr an Ballstát iasacht agus a olltáirgeachta intíre thar an tréimhse chéanna sin. Ba cheart an tuasleibhéal infheistíochta poiblí incháilithe a scálú freisin le fachtóir scálaithe (a) i dtreo na huasteorann seasta i mbuiséad an Aontais. Socraítear an fachtóir mar fhachtóir lenarbh fhéidir, i bhfianaise na géarchéime a bhí ann le déanaí, an tacaíocht uile ó SECI a thabhairt do na Ballstáit lena mbaineann dá mbeadh an sásra ar bun.

(24)Ba cheart méid na hiasachta ó SECI a shocrú go huathoibríoch ar bhonn foirmle lena gcuirtear san áireamh, sa chéad dul síos, an tuasmhéid infheistíochta poiblí incháilithe ar féidir tacaíocht a thabhairt di faoi SECI agus, sa dara dul síos, a dhéine atá an rúscadh neamhshiméadrach. An tacaíocht a shocrófar ar bhonn na foirmle sin, ba cheart í a scálú freisin de réir a dhéine atá an rúscadh le fachtóir (β). Socraítear an fachtóir sa chaoi go dtabharfar an tuasmhéid tacaíochta ar fáil don Bhallstát lena mbaineann i gcás rúscadh a chuireann méadú níos mó ná 2.5 pointe céatadáin leis an dífhostaíocht. B'fhéidir iasacht ó SECI a mhéadú suas go dtí an tuasleibhéal infheistíochta poiblí incháilithe i gcás ina mbeadh an rúscadh neamhshiméadrach thar a bheith dian de réir táscairí eile ar áit an Bhallstáit sa timthriall eacnamaíoch (e.g. suirbhéanna muiníne) agus anailís níos doimhne ar an staid mhaicreacnamaíoch (a dhéantar go háirithe i gcomhthéacs na réamhaisnéise maicreacnamaíche agus an tSeimeastair Eorpaigh). Chun a áirithiú go bhféadfadh a oiread Ballstát agus is féidir a bheith incháilithe do thacaíocht faoi SECI, níor cheart an iasacht do Bhallstát a bheith os cionn 30 faoin gcéad de na hacmhainní atá ar fáil fós faoin uasteorainn arna socrú chun na hiasachtaí faoi SECI a chalabrú don acmhainn atá ar fáil i mbuiséad an Aontais.

(25)Ba cheart méid na bhfóirdheontas ráta úis ó SECI a shocrú mar chéatadán de na costais ráta úis a thabhaigh an Ballstát ar an iasacht a tugadh faoi SECI.

(26)Ba cheart Ciste Tacaíochta um Chobhsú a bhunú chun an fhóirdheontas ráta úis a mhaoiniú. Ba cheart na ranníocaíochtaí ó Bhallstáit arb é a nairgeadra an euro agus ó Bhallstáit atá páirteach sa sásra ráta malartaithe (ERM II) a thabhairt don Chiste Tacaíochta um Chobhsú.

(27)Ba cheart idir shocrú mhéid na ranníocaíochtaí náisiúnta leis an gCiste Tacaíochta um Chobhsú agus aistriú na ranníocaíochtaí sin a rialú le comhaontú idir-rialtasach atá le tabhairt i gcrích idir na Ballstáit arb é an euro a nairgeadra agus Ballstáit eile atá atá páirteach sa sásra ráta malartaithe (ERM II). Ba cheart foráil a bheith sa chomhaontú go ríomhfaí na ranníocaíochtaí ó na Ballstáit uile ar bhonn an sciar de bhainc ceannais na mBallstát arb é an euro a nairgeadra in ioncam airgeadaíochta an Eurochórais. I gcás Ballstáit atá páirteach in ERM II, ba cheart foráil maidir le heochair shonrach chun na ranníocaíochtaí náisiúnta a shocrú. Ba cheart an Coimisiún a bheith de chúnamh ag na Ballstáit agus iad ag ríomh na ranníocaíochtaí sin. Chuige sin, ba cheart do Bhanc Ceannais na hEorpa (BCE) a chur in iúl don Choimisiún cén méid ioncaim airgeadaíochta a bhfuil bainc cheannais náisiúnta Eurochórais ina theideal.

(28)Tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe idir-rialtasaigh sin, ba cheart coinníoll a bheith ann nach níocfaí an fóirdheontas ráta úis leis an mBallstát lena mbaineann mura naistreodh an Ballstát sin a ranníocaíocht bhliantúil chuig an gCiste Tacaíochta um Chobhsú. Níor cheart fóirdheontais ráta úis a íoc mura mbeadh acmhainní leordhóthanacha le fáil sa Chiste Tacaíochta um Chobhsú. Chuirfí íoc fóirdheontas ráta úis as an gCiste Tacaíochta um Chobhsú ar fionraí dá mbeadh an fóirdheontas ráta úis do Bhallstát sonrach os cionn 30 faoin gcéad de na hacmhainní ar fáil sa Chiste Tacaíochta um Chobhsú.

(29)Ba cheart an cúram sócmhainní an Chiste Tacaíochta um Chobhsú a bhainistiú go sábháilte stuama a bheith ar an gCoimisiún.

(30)Chun tionchar na hinfheistíochta poiblí agus na tacaíochta féideartha ó SECI a mhéadú, ba cheart cáilíocht chórais infheistíochta poiblí na mBallstát a áirithiú agus, nuair is iomchuí, a threisiú. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh go tráthrialta i bhfoirm tuarascála agus, más gá, moltaí a chur sa tuarascáil i leith cáilíocht na gcóras agus na gcleachtas bainistithe infheistíochta poiblí a feabhsú. Ba cheart do Bhallstát cúnamh teicniúil a iarraidh ar an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún misin theicniúla a ghlacadh air féin.

(31)Chun na rialacha a shocrú maidir le SCE nó leis an ionstraim dlí a thiocfaidh ina ionad a bheith páirteach i dtabhairt cúnaimh airgeadais i gcomhthráth leis an gCoimisiún chun tacaíocht a thabhairt d'infheistíocht phoiblí, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le malartú faisnéise ábhartha faoin iasacht ó SECI, le tionchar rannpháirtíocht SCE i ríomh an méid tacaíochta ó SECI agus le tabhairt fóirdheontas ráta úis as an gCiste Tacaíochta um Chobhsú don Bhallstát ar son costais a tabhaíodh de bharr cúnamh airgeadais ó SCE. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena socraítear an céatadán san fhoirmle le haghaidh an fhóirdheontas ráta úis a ríomh, na rialacha maidir le riar an Chiste Tacaíochta um Chobhsú agus na prionsabail agus na critéir mhionsonraithe i leith a straitéise infheistíochta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 14 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(32)De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo, go háirithe chun a éifeachtaí atá sé, a mhéid a chuireann sé le feidhmiú beartas eacnamaíoch sna Ballstáit agus le straitéis an Aontais le haghaidh post agus fáis agus chun a dhéanamh amach cé na forbairtí is féidir a dhéanamh is gá chun sásra árachais a chruthú chun críocha cobhsaithe mhaicreacnamaíoch. Déanfar sin ar bhonn faisnéis arna bailiú le ceanglais faireacháin shonracha, agus rórialáil agus ualaí riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Rialacháin ar an talamh.

(33)Ba cheart dearcadh ar SECI mar an chéad chéim d'fhorbairt fhadtéarmach sásra árachais críochnaithe chun freastal ar chobhsaíocht maicreacnamaíoch. Ag an gcéim sin, bheadh SECI bunaithe ar iasachtaí agus ar fhóirdheontais ráta úis a thabhairt. San am céanna, níl sé curtha as an áireamh gurbh fhéidir go mbeadh SCE nó an ionstraim dlí a thiocfaidh ina ionad páirteach amach anseo trí chúnamh airgeadais a thabhairt do Bhallstáit arb é an euro a nairgeadra agus atá faoi dhálaí eacnamaíocha neamhfhabhracha chun tacaíocht a thabhairt d'infheistíocht phoiblí. Lena chois sin, b'fhéidir sásra árachais dheonaigh ag a bhfuil acmhainn iasachtaíochta ar bhonn ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit a chur ar bun amach anseo chun go mbeidh ionstraim chumhachtach ann chun críocha cobhsaithe mhaicreacnamaíoch in aghaidh rúscadh mór neamhshiméadrach.

(34)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, chun a dhéanamh amach an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fuair cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

(35)Tá feidhm ag rialacha cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Tá na rialacha sin leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus socraítear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna agus chur chun feidhme neamhdhíreach, agus déantar foráil leo maidir le srianta le freagracht gníomhaithe airgeadais. Ina theannta sin, baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais ar easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, óir réamhchoinníoll bunriachtanach le haghaidh na bainistíochta fónta airgeadais is ea urramú an smachta reachta.

(36)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, mar atá Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí a chur ar bun chun rúscadh neamhshiméadrach a ionsú arbh fhéidir go gcuirfeadh siad an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta i mbaol, nach féidir leo an cuspóir sin a bhaint amach go leordhóthanach de bharr leagan amach AEA, mar atá go bhfuil beartas airgeadaíochta láraithe aige ach nach bhfuil beartais fhioscacha náisiúnta aige, ach gur fearr is féidir, de bharr scála na mbeart is gá, é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Conradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID I

FORÁLACHA RÉAMHRÁITEACHA

Airteagal

Ábhar agus raon feidhme

1. Leis an Rialachán seo bunaítear Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí (SECI).

2. Tabharfaidh SECI cúnamh airgeadais i bhfoirm iasachtaí agus fóirdheontas ráta úis le haghaidh infheistíocht phoiblí do Bhallstát atá faoi rúscadh neamhshiméadrach mór.

3. Beidh tacaíocht ó SECI ar fáil do na Ballstáit eile atá páirteach sa sásra ráta malartaithe dá dtagraítear in Airteagal 140(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

() ciallaíonn 'comhaontú' comhaontú idir-rialtasach a tugadh i gcrích idir na Ballstáit uile arb é an euro a nairgeadra agus Ballstáit eile atá páirteach sa sásra ráta malartaithe (ERM II) lena socraítear ríomh agus a ranníocaíochtaí airgeadais leis an gCiste Tacaíochta um Chobhsú agus a naistriú chuige;

() ciallaíonn 'infheistíocht phoiblí': ollfhoirmiú caipitil sheasta a dhéanann rialtas ginearálta a dhéanann rialtas ginearálta mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 ;

() ciallaíonn 'infheistíocht phoiblí incháilithe': (a) infheistíocht phoiblí a dhéantar chun tacú le cuspóirí beartais mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. [XX] de [XX] [cuir isteach tagairt don leagan nua de Rialachán na bhForálacha Coiteanna] 16 agus (b) aon chaiteachas i réimsí an oideachais agus na hoiliúna mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013;

() ciallaíonn 'tacaíocht ó SECI' cúnamh airgeadais ón Aontas de réir bhrí Airteagal [220] den Rialachán Airgeadais i bhfoirm iasachtaí agus fóirdheontas faoi SECI lena dtugtar tacaíocht d'infheistíocht phoiblí incháilithe;

(5) ciallaíonn 'córais agus cleachtais bainistíochta infheistíochta poiblí' próisis inmheánacha na mBallstát i leith infheistíocht náisiúnta a phleanáil, a leithdháileadh agus a chur chun feidhme;

() ciallaíonn 'straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach' na spriocanna agus na cuspóirí comhroinnte lena stiúrtar bearta na mBallstát agus an Aontais agus a leagtar amach sna Conclúidí a ghlac an Chomhairle Eorpach an 17 Meitheamh 2010 mar Iarscríbhinn I (Straitéis nua Eorpach le haghaidh Post agus Fáis, Ceannspriocanna AE), Moladh (AE) 2015/1184 an 14 Iúil 2015 ón gComhairle 17 maidir le treoirlínte ginearálta i leith beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh, agus i gCinneadh (AE) 2016/1838 ón gComhairle 18 agus in aon leasú ar na spriocanna agus na comhchuspóirí sin.

CUID I

CRITÉIR

Airteagal

Critéir incháilitheachta

. Beidh Ballstát incháilithe do thacaíocht ó SECI i gcás nach mbeidh sé faoi réir:

() cinneadh ón gComhairle lena leagtar amach nach ndearnadh aon bhearta éifeachtacha chun a easnamh iomarcach a cheartú faoi Airteagal 126(8) nó Airteagal 126(11) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh sna blianta díreach roimh an iarraidh ar thacaíocht ó SECI;

() cinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 6(2) nó Airteagal 10 de Rialachán (EU) Uimh. 1466/97 ón gComhairle 19 lena leagtar amach nach ndearnadh aon bhearta éifeachtacha chun aghaidh a thabhairt ar an imeacht suntasach a braitheadh sna blianta díreach roimh an iarraidh ar thacaíocht ó SECI.

() dhá mholadh a rinne an Chomhairle i ndiaidh a chéile in aon nós imeachta míchothromaíochtaí amháin, i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 ar na forais nach ndearna an Ballstát plean gníomhaíochta ceartaithí neamh-leordhóthanach a chur isteach sna blianta díreach roimh an iarraidh ar thacaíocht ó SECI;

() dhá chinneadh a rinne an Chomhairle i ndiaidh a chéile ina aon nós imeachta um míchothromaíocht amháin, i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tar éis di neamh-chomhlíontacht an Ballstáit a dheimhniú ar fhorais nach ndearna an Ballstát an ghníomhaíocht cheartaitheach a moladh sna blianta díreach roimh an iarraidh ar thacaíocht ó SECI;

() cinneadh ón gComhairle lena bhformheastar clár coigeartaithe maicreacnamaíochta de réir bhrí Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013;

(f) cinneadh ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme saoráid cúnaimh airgeadais mheántéarmaigh de réir bhrí phointe (a) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle 21 .

2. I gcás inar tháinig comhaontú i bhfeidhm, ní bheidh Ballstát incháilithe fóirdheontas ráta úis a fháil ach amháin má chomhlíonann sé a oibleagáidí faoin gcomhaontú.

Airteagal

Critéir ghníomhachtaithe

. Measfar go bhfuil Ballstát faoi rúscadh neamhshiméadrach mór má chomhlíontar na critéir ghníomhachtaithe seo a leanas i gcomhthráth:

) bhí an ráta dífhostaíochta náisiúnta ráithiúil os cionn an mheánráta dífhostaíochta sa Bhallstát lena mbaineann le 60 ráithe roimh an ráithe ina ndearnadh an iarraidh;

) tháinig méadú níos mó ná aon phointe céatadáin ar an ráta dífhostaíochta náisiúnta i dtaca leis an ráta dífhostaíochta a taifeadadh le linn an ráithe chéanna an bhliain roimhe sin.

. Déanfar amach an ráta dífhostaíochta chun críocha mhír 1 trí thagairt do Rialachán (AE) Uimh. 577/98 22

Go háirithe, tagraíonn sé do ráta dífhostaíochta a bhaineann leis an bpobal iomlán, gach catagóir aoise san áireamh, mar chéatadán den phobal gníomhach.

. Coigeartófar de réir dhálaí éagsúla gach séasúir an ráta dífhostaíochta náisiúnta ráithiúil a úsáidfear chun críocha mhír 1 den Airteagal seo agus phointe (c) d'Airteagal 8(1).

Airteagal

Infheistíocht dá dtugtar tacaíocht

. Gach bliain dá bhfaighidh sé iasacht ó SECI, déanfaidh Ballstát a fhaigheann tacaíocht ó SECI an méid seo a leanas:

() méid a chomhfhreagraíonn ar a laghad do mhéid na hiasachta ó SECI a infheistiú in infheistíocht phoiblí incháilithe,

() leibhéal na hinfheistíochta poiblí go ginearálta i dtaca le meánleibhéal na hinfheistíochta poiblí le cúig bliana anuas a choinneáil ar bun.

Dá ainneoin sin, féadfaidh an Coimisiún a dhéanamh amach agus é ag glacadh an chinnidh i gcomhréir le hAirteagal (2) nach bhfuil an leibhéal sin infheistíochta poiblí inbhuanaithe agus sa chás sin socróidh sé an leibhéal infheistíochta poiblí atá le coinneáil ar bun.

. An bhliain tar éis íoc amach na hiasachta ó SECI, scrúdóidh an Coimisiún an cheist ar chomhlíon an Ballstát lena mbaineann na critéir dá dtagraítear i mír 1. Go háirithe, fíoróidh an Coimisiún freisin a mhéid a choinnigh an Ballstát lena mbaineann infheistíocht incháilithe ar bun i gcláir a dtugann an tAontas tacaíocht dóibh faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, faoin gCiste Comhtháthaithe, faoi Chiste Sóisialta na hEorpa, faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Talmhaíochta.

Má dhéanann an Coimisiún amach, tar éis dó éisteacht a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann, nár comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh sé cinneadh:

() lena niarrfar luathíoc na hiasachta ó SECI ina hiomláine nó i bpáirt, de réir mar is iomchuí; agus

() lena leagfar amach nach mbeidh an Ballstát lena mbaineann i dteideal fóirdheontas ráta úis a fháil tar éis aisíoc na hiasachta ó SECI.

Glacfaidh an Coimisiún a chinneadh gan moill mhíchuí agus cuirfidh sé ar fáil don phobal é.

CUID III

AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE SECI AGUS FOIRM SECI

Airteagal

An nós imeachta maidir le tacaíocht ó SECI a thabhairt

. I gcás ina gcomhlíonfaidh Ballstát na critéir incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal  agus ina mbeidh sé faoi rúscadh neamhshiméadrach mór dá dtagraítear in Airteagal 4, féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún uair sa bhliain tacaíocht ó SECI a thabhairt dó. Léireoidh an Ballstát a riachtanais tacaíochta.

Déanfaidh an Coimisiún na hiarrataí a mheasúnú agus a fhreagairt san ord ina bhfaighidh sé iad. Gníomhóidh sé gan moill mhíchuí.

. Cinnfidh an Coimisiún cé hiad téarmaí na tacaíochta ó SECI. Sa chinneadh sin beidh méid, meánaibíocht, foirmle phraghsála agus tréimhse infhála na hiasachta ó SECI agus méid an fhóirdheontais ráta úis, agus rialacha mionsonraithe eile is gá chun an tacaíocht a chur chun feidhme. Agus é ag socrú théarmaí na tacaíochta ó SECI, cuirfidh an Coimsisiún san áireamh an méid a mheastar atá inbhuanaithe de réir bhrí Airteagal [210(3)] de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. XX (an 'Rialachán Airgeadais') faoin uasteorainn acmhainní dílse le haghaidh leithreasuithe íocaíochta.

CUID IV

MÉID NA TACAÍOCHTA Ó SECI

Airteagal

UASMHÉID IASACHTAÍ

Beidh teorainn EURO 30 billiún leis an méid gan íoc íocaíochtaí a thabharfar do Bhallstáit faoin Rialachán seo de réir prionsabail.

Airteagal

MÉID IASACHTA Ó SECI

. Gan dochar do mhír 3 socrófar méid iasachta ó SECI ( de réir na foirmle seo a leanas:



Chun críche na foirmle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

Tá () cothrom le 0.66;

() ciallaíonn an tuasleibhéal infheistíochta poiblí a bhféadfaidh SECI tacaíocht a thabhairt dó sa Bhallstát lena mbaineann dá dtagraítear i mír 2;

(c) ciallaíonn ' an méadú ar an ráta dífhostaíochta náisiúnta ráithiúil dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal (1) a shloinntear i bpointí céatadán;

(d) ciallaíonn an 'leibhéal tairsí' an tairseach a shainítear i bpointe (b) d'Airteagal (1) a shloinntear i bpointí céatadán.

Dá ainneoin sin, féadfaidh an Coimisiún méid iasachta ó SECU a mhéadú suas le méid i gcás ina mbeidh an rúscadh neamhshiméadrach mór faoin mBallstát lena mbaineann thar a bheith dian.

2. Socrófar an tuasmhéid infheistíochta poiblí incháilithe a bhféadfaidh SECI tacaíocht a thabhairt dó i mBallstát ( de réir na foirmle seo a leanas:

Chun críocha an na foirmle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

() Tá 'α' cothrom le 11.5;

(b) ciallaíonn cóimheas na hinfheistíochta poiblí incháilithe agus na holltáirgeachta intíre san Aontas, i bpraghsanna reatha agus ar an meán le cúig bliana iomlána roimh an iarraidh ar thacaíocht ó SECI i gcomhréir le hAirteagal (1);

(c) ciallaíonn ' an olltáirgeacht intíre san Aontas, i bpraghsanna reatha agus ar an meán le cúig bliana iomlána roimh an iarraidh ar thacaíocht ó SECI i gcomhréir le hAirteagal (1);

. Ní bheidh iasacht ó SECI os cionn 30 faoin gcéad den mhéid atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagal  tar éis asbhaint mhéid iomlán na niasachtaí gan íoc a tugadh faoi SECI.

Airteagal

Méid na bhfóirdheontas ráta úis ó SECI

. Ranníocfar le fóirdheontas ráta úis (FRÚ) le costais úis na hiasachta ó SECI a thabhóidh an Ballstát. Socrófar méid fóirdheontais ráta úis ó SECI de réir na foirmle seo a leanas:

Chun críche na forála seo, ciallaíonn 'costas ráta úis' méid an úis ar bhonn na foirmle praghsála a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal (2) agus aon athmhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 12(4) á chur san áireamh;

. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 21 chun an Rialachán seo a leasú tríd an céatadán dá dtagraítear i mír 1 a shocrú más dealraitheach gur gá sin de réir chur chun feidhme an chomhaontaithe nó iarchur íocaíochtaí faoi Airteagal 18(2).

Airteagal

Tacaíocht airgeadais ó SCE nó ón ionstraim dlí a thiocfaidh ina ionad

. I gcás ina dtabharfaidh SCE nó an ionstraim dlí a thiocfaidh ina ionad cúnamh airgeadais do Bhallstáit chun tacú le hinfheistíocht phoiblí incháilithe faoi mhódúlachtaí agus coinníollacha atá comhsheasmhach leis an Rialachán seo, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 21 chun:

() an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an malartú faisnéise a shonrú idir an Coimisiún agus SCE nó an ionstraim dlí a thiocfaidh ina ionad i leith na neilimintí dá dtagraítear in Airteagal 6(2);

(b) an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha a leagan síos maidir le comhlántacht idir an cúnamh airgeadais ó SCE nó ón ionstraim dlí a thiocfaidh ina ionad agus méideanna tacaíochta ó SECI a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 9;

(c) Airteagal 9 agus Airteagal 18 a leasú nó a fhorlíonadh chun gur féidir fóirdheontas ráta úis ón gCiste Tacaíochta um Chobhsú do Bhallstáit le haghaidh costais úis arna dtabhú ar chúnamh airgeadais a thug SCE nó an ionstraim dlí a thiocfaidh ina ionad chun tacú le hinfheistíocht phoiblí incháilithe.

CUID V

NÓSANN IMEACHTA MAIDIR LE hÍOC AMACH AGUS CUR CHUN FEIDHME

Teideal I

Iasachtaí

Airteagal 

An iasacht a íoc amach

. Is in aon tráthchuid amháin a íocfar amach iasacht ó SECI, de réir prionsabail.

 

Airteagal

Oibríochtaí faighte agus tugtha iasachtaí

. Is in euro a dhéanfar na hoibríochtaí faighte agus tugtha iasachtaí

. Tar éis don Choimisiún cinneadh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal (2), tá sé d'údarás ag an gCoimisiún iasachtaí a fháil ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais ag an tráth is iomchuí idir íocaíochtaí amach beartaithe chun costas an chistithe a bharrfheabhsú agus a chlú mar eisitheoir sna margaí a chaomhnú. Déanfar cistí a bailíodh ach nár íocadh amach fós a choinneáil i gcónaí i gcuntas tiomnaithe airgid nó urrús a láimhseálfar i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le hoibríochtaí lasmuigh den bhuiséad agus ní féadfar iad a úsáid chun aon chríoch cé is moite de thacaíocht airgeadais a thabhairt do Bhallstáit faoin sásra reatha.

. I gcás ina bhfaighidh Ballstát iasacht ó SECI lena bhfuil clásal luathíocaíochta agus ina gcinnfidh sé an rogha sin a fheidhmiú, tabharfaidh an Coimisiún na céimeanna is gá.

. Ar iarratas an Bhallstáit nó ar thionscnamh an Choimisiúin agus i gcás inar féidir de réir na ndálaí feabhsú a chur ar ráta úis na hiasachta ó SECI, féadfaidh an Coimisiún a iasacht tosaigh a athmhaoiniú ina hiomláine nó i bpáirt nó na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú.

Airteagal

Costais

Gan dochar d'Airteagal 9, is é an Ballstát a gheobhaidh an iasacht ó SECI a íocfaidh na costais a thabhaigh an tAontas agus é ag déanamh agus ag tabhairt i gcrích gach oibríochta.

Airteagal

Riar na niasachtaí

. Cuirfidh an Coimisiún na socruithe riachtanacha ar bun le haghaidh riar na niasachtaí le BCE.

. Osclóidh an Ballstát lena mbaineann cuntas ar leith lena bhanc ceannais náisiúnta le haghaidh riar na tacaíochta ó BCE a fuair sé. Ar a bharr sin, aistreoidh sé an prionsabal agus an tús atá dlite faoin iasacht ó SECI chuig cuntas le BCE 14 lá oibre TARGET2 roimh an dáta dlite comhfhreagrach.

Teideal II

Fóirdheontas ráta úis

Airteagal

Íoc amach an fhóirdheontais ráta úis

Gan dochar d'Airteagal 5(2) agus Airteagal 16, íocfar an fóirdheontas ráta úis leis an mBallstát lena mbaineann nuair a aisíocfaidh an Ballstát an iasacht ó SECI nó an tús atá dlite.

Teideal III

Rialú

Airteagal

Rialú agus iniúchtaí

1. Gan dochar d'Airteagal 27 de Reacht Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus Bhanc Ceannais na hEorpa, beidh an ceart ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa aon rialú nó iniúchadh airgeadais a mheasfaidh sí atá riachtanach i leith bhainistiú na tuarascála ó SECI a dhéanamh sa Bhallstát lena mbaineann.

2. Beidh an ceart áirithe ag an gCoimisiún, lena náirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise, a oifigigh nó ionadaithe cuíúdaraithe a sheoladh chun aon rialuithe teicniúla nó airgeadais a dhéanamh a mheasann sé is gá i leith tacaíocht ó SECI.

3. Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintiteas, lena náirítear daoine nó eintitis cé is moite dóibh sin ar thug institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais sainordú dóibh, sin é a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

CUID VI

AN CISTE TACAÍOCHTA COBHSAÍOCHTA

Airteagal

Bunú an Chiste Tacaíochta um Chobhsú

. Bunaítear leis seo an Chiste Tacaíochta um Chobhsú.

. Tabharfar an méid seo a leanas don Chiste Tacaíochta um Chobhsú:

(a) ranníocaíochtaí ó na Ballstáit i gcomhréir leis an gcomhaontú;

(b) brabús ar acmhainní infheistithe an Chiste Tacaíochta um Chobhsú;

(c) aisíocaíochtaí fóirdheontas ráta úis a dhéanfaidh na Ballstáit i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 5(2).

. Beidh ioncam ón gCiste Tacaíochta um Chobhsú dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 2 ina ioncam sannta seachtrach, agus beidh ioncam dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 2 ina ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal [21(4)] den Rialachán Airgeadais.

. Chun na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a ríomh, cuirfidh BCE in iúl don Choimisiún faoin 30 Aibreán ar a dhéanaí in aon bhliain áirithe, cá mhéad ioncaim airgeadaíochta a leithdháileadh do bhainc cheannais náisiúnta Eurochórais de bhun Airteagal 32 de Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Airteagal

Úsáid an Chiste Tacaíochta um Chobhsú

. Is chun fóirdheontais ráta úis a íoc le Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 9 agus chuige sin amháin a fhéadfar acmhainní an Chiste Tacaíochta um Chobhsú a úsáid.

. Ní bheidh íoc fóirdheontais ráta úis os cionn 30 faoin gcéad de na hacmhainní a bheidh ar fáil sa Chiste Tacaíochta um Chobhsú nuair a bheidh an íocaíocht sin leis an mBallstát dlite. Iarchuirfear aon íocaíocht bhreise. Aon ranníocaíochtaí nua leis an gCiste Tacaíochta um Chobhsú dá dtagraítear in Airteagal 17(2), úsáidfear iad ar dtús chun íocaíochtaí iarchurtha leis na Ballstáit a onórú. Má bhíonn níos mó ná íocaíocht iarchurtha amháin ann, socrófar an tord ina nonórófar na híocaíochtaí sin de réir fhad ama an iarchuir, an fad ama is faide ar dtús.

Airteagal

Riar an Chiste Tacaíochta um Chobhsú

. Riarfaidh an Coimisiún an Ciste Tacaíochta um Chobhsú go díreach i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear faoi mhír 3.

. Beidh straitéis infheistíochta stuama shábháilte ag an gCoimisiún a bhforáiltear maidir léi sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais de réir na rialacha stuamachta iomchuí, agus infheisteoidh sé na méideanna atá sa Chiste Tacaíochta um Chobhsú in ionstraimí margaidh airgid thirim agus coibhéise airgid, in urrúis a bhaineann le creidmheas agus dochar, amhail taiscí téarma, bannaí, nótaí, oibleagáidí nó urrúis de bhun sócmhainní, lena náirítear le cúpóin ráta chomhlúthaigh nó nialasaigh, agus urrúis innéacsnasctha. Beidh an éagsúlacht leordhóthanach idir infheistíochtaí ó thaobh earnála, áite agus comhréireachta de. Is chun sochair an Chiste Tacaíochta um Chobhsú aon bhrabús ar na hinfheistíochtaí sin.

3. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíonfar an Rialachán seo trí na rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le riar an Chiste Tacaíochta um Chobhsú agus na prionsabail agus na critéir i leith a straitéise infheistíochta, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 21.

CUID VII

CÁILÍOCHT NA gCÓRAS AGUS NA gCLEACHTAS BAINISTITHE INFHEISTÍOCHTA POIBLÍ

Airteagal

Cáilíocht na gcóras agus na gcleachtas bainistithe infheistíochta poiblí

. Chun tionchar na hinfheistíochta poiblí agus na tacaíochta féideartha ó SECI a mhéadú, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun go mbeidh na córais agus na cleachtais bainistithe infheistíochta poiblí ar ardcháilíocht.

. Faoin [Dáta dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, agus gach cúig bliana tar a éis sin, scrúdóidh an Coimisiún cáilíocht na gcóras agus na gcleachtas bainistithe infheistíochta poiblí sna Ballstáit. Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh measúnú cáilíochtúil agus scór bunaithe ar shraith táscairí agus, más gá, moltaí i leith cáilíocht na gcóras agus na gcleachtas bainistithe infheistíochta poiblí a feabhsú. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.

. Leagtar amach san Iarscríbhinn an modh le haghaidh cáilíocht na gcóras agus na gcleachtas bainistithe infheistíochta poiblí a mheasúnú. Déanfaidh an Coimisiún oiriúnacht an mhodha, agus na gcritéar a úsáidtear, a mheasúnú go tráthrialta agus déanfaidh sé iad a choigeartú nó a mhodhnú i gcás inar gá. Cuirfidh an Coimisiún athruithe ar an mbunmhodh agus ar na critéir ar fáil don phobal.

. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leasófar nó lena bhforlíonfar an Rialachán seo tríd an modh agus na critéar dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 21.

CUID VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal

Tarmligean a fheidhmiú

. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

. Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 19(3) agus Airteagal 20(5) don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón [Dáta dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 19(3) agus Airteagal 20(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 10, Airteagal 19(3) agus Airteagal 20(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle faoi cheann dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal

Tuairisciú agus athbhreithniú

. Leagtar amach in Iarscríbhinn 2 na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Rialacháin maidir le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in aithris 36 agus Airteagal 1.

2. Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 21, chun Iarscríbhinn II a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3. Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí iasachtaí ó SECI.

4. Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

5. Déanfar meastóireacht eatramhach ar SECI nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme SECI. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar SECI ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Measúnófar sa mheastóireacht sin, le cois nithe eile,

() éifeachtacht an Rialacháin seo;

() an méid a chuir SECI le feidhmiú beartais eacnamaíocha Ballstát sa chaoi go neartófar comhtháthú san Aontas;

() an méid a chuir an Rialachán seo le baint amach straitéis an Aontais le haghaidh fáis agus post;

(d) a oiriúnaí a bhí sé sásra árachais dheonaigh a fhorbairt le haghaidh cobhsú eacnamaíoch.

I gcás inarb iomchuí, beidh togra maidir le leasuithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an meastóireacht sin.

6. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Ghrúpa Euro, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tiocfaidh mír (b) d'Airteagal 2(2) i bhfeidhm an [DÁTA].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

An tUachtarán    An tUachtarán

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí a bhunú.

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

X◻ beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 23  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Is beart leantach é an tionscnamh seo ar Theachtaireacht an 6 Nollaig 2017 ón gCoimisiún maidir le hionstraimí buiséadacha nua le haghaidh limistéar euro cobhsaí faoi chuimsiú an Aontais ar cuid é de phacáiste tionscnamh chun Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a dhoimhniú. Tá sé bunaithe go háirithe ar Thuarascáil an 22 Meitheamh 2015 ón gCúigear Uachtarán maidir le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a chur i gcrích agus ar Pháipéar Machnaimh an 31 Bealtaine 2017 ón gCoimisiún maidir le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a dhoimhniú.

Cuirfear i bhfeidhm é maidir le Ballstáit sa limistéar euro agus maidir le Ballstáit a chuaigh isteach in ERMII] ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na critéir incháilitheachta agus gníomhachtaithe a leagtar síos sa Rialachán.

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm [an 20ú lá tar éis] a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an luach breise a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (ex-ante): In aontas airgeadra bíonn roinnt línte cosanta ar rúscadh suaiteach: margaí solúbtha, lena náirítear margaí airgeadais éifeachtacha, beartais rialtais fhónta (lena náirítear tógáil maolán sábháilteachta fioscach nuair a bhíonn ag éirí go maith leis an ngeilleagar chun go mbeifear in ann rúscadh a ionsú nuair a thiocfaidh siad) agus sraith ionstraimí coiteanna chun géarchéimeanna a láimhseáil. Os a choinne sin, fiú má bhíonn na heilimintí sin uile ar bun, i gcás rúscadh mór, ní leor iad chun a áirithiú go ndéanfar cobhsú ceart go háirithe i ngeilleagair bheaga oscailte, mar is léir ar an ngéarchéim airgeadais a bhí ann le déanaí. Tá gá le hionstraim fhioscach ar leibhéal an limistéir euro chun rúscadh mór a láimhseáil chun róualach ar an gcoimhdeacht náisiúnta a shárú. Mar eilimint fhorlíontach shárthábhachtach, bheadh an sásra um chobhsú ar obair i gcás rúscadh mór a dhéanfadh difear do Bhallstát, nó do roinnt Ballstát, nuair a thiocfadh laigí sásraí eile agus beartas náisiúnta chun cinn sa chaoi go mbeadh rioscaí móra eacnamaíocha ann don Bhallstát féin agus don limistéar ina iomláine chomh maith. Bheadh sé tábhachtach a áirithiú nach dtiocfadh cásanna strus níos doimhne agus níos leithne as rúscadh agus cora móra chun donais. Dá mbeadh sásra um chobhsú ann, sheachnófaí na cásanna sin mar go mbeadh an deis ann tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit faoi strus mór. Lena chois sin, dá mbeadh beartais fhioscacha níos leordhóthanaí agus níos frith-thimthriallaí ann ar an leibhéal náisiúnta, chuirfeadh sin le seasamh fioscach comhiomlán níos comhsheasmhaí sa chaoi go mbeadh dea-éifeachtaí iarmharta ann do Bhallstáit eile chomh maith. Lena chois sin, thacódh an sásra um chobhsú le Ballstáit nuair a bheadh na hacmhainní le haghaidh cobhsú ar an leibhéal náisiúnta ag éirí gann, ach sular ghá dul i muinín cúnamh airgid, sa chaoi gur lú na costais choigeartaithe.

An breisluach ón Aontas a shíltear a ghinfear (ex-post); ba cheart go gcobhsódh an Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí infheistíocht phoiblí incháilithe sna Ballstáit atá faoi rúscadh neamhshiméadrach mór nuair nach leor oibriú cobhsaitheoirí náisiúnta uathoibríocha, go bhfuil rogha ann i leith an bheartais fhioscaigh náisiúnta idir cobhsú agus inbhuanaitheacht agus go bhfuil srian leis an mbeartas airgeadais agus nach féidir an beartas fioscach a chur níos faide. Trí thacú le hinfheistíocht phoiblí, chuideodh an scéim titim mhór san fhás meántéarmach agus fadtéarmach a sheachaint de bharr coigeartú ar an leibhéal náisiúnta agus b'fhéidir, de bharr na tacaíochta sin, nach mbeadh an mBallstát lena mbaineann cúnamh airgeadais a iarraidh de dheasca an rúisctha.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile chosúil am a chuaigh thart

Seo an chéad uair dár tugadh sásra um chobhsú isteach mar chuid d'athchóirithe doimhnithe AEA. Léirigh an ghéarchéim airgeadais dheireanach a íogaire atá na Ballstáit, lena náirítear na Ballstáit ag a bhfuil airgeadra fónta ex-ante, i leith rúscadh eacnamaíoch mór. As an rúscadh sin tháinig meath mór ar sheasamh fioscach na mBallstát lena mbaineann agus is minic a bhí ar na Ballstáit sin cláir cúnaimh airgeadais a iarraidh dá dheasca sin. Mar sin féin, faoin am a iarradh cláir cúnaimh airgeadais, bhí na costais coigeartúcháin eacnamaíoch an-ard cheana agus is mór an tionchar a bhí ag an gcoigeartú a lean sin ar a rátaí fáis mheántéarmaigh agus fhadtéarmaigh. Bheadh sé d'aidhm leis an sásra um chobhsú nach mbeadh an fhadhb sin ann arís le linn géarchéim eile.

1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

Tá an ionstraim SECI faoin Rialachán atá beartaithe comhsheasmhach le hionstraimí eile faoin mbeartas comhtháthaithe. Forlíonann an ionstraim na cláir a dtugann an tAontas tacaíocht dóibh faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, faoin gCiste Comhtháthaithe, faoi Chiste Sóisialta na hEorpa, faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Talmhaíochta ar níos mó iad ná leathchuid den infheistíocht phoiblí iomlán le blianta beaga anuas agus a chuir go mór leis an bpróiseas lenar cuidíodh le réigiúin agus tíortha ar fud AE teacht a fhad leis na tíortha agus na réigiúin eile ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha agus sóisialta de. Maidir leis sin, tugadh faoi deara go ndearnadh nasc níos mó freisin idir tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh agus na cláir a dtugann an tAontas tacaíocht dóibh faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, faoin gCiste Comhtháthaithe, faoi Chiste Sóisialta na hEorpa, faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Talmhaíochta, trí choinníollacha ex-ante agus coinníollacha maicreacnamaíocha a thabhairt isteach. Is féidir incháilitheacht do thacaíocht faoin ionstraim SECI a dhéanamh amach le coinníollacha den chineál céanna. Ar a bharr sin, forlíonann an ionstraim SECI ionstraimí eile ar leibhéal AE freisin, ionstraimí lenar féidir, go háirithe, rúscadh eacnamaíoch a mhaolú ar an leibhéal náisiúnta nó áitiúil amhail Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh lena dtugtar cúnamh airgid do Bhallstáit/réigiúin ar bhuail tubaistí móra iad; agus an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhanda lena dtagtar tacaíocht do dhaoine a chaill a bpost de dheasca athruithe móra struchtúracha sna patrúin trádála domhanda nó de dheasca géarchéim dhomhanda eacnamaíoch agus fhioscach.

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

 tréimhse theoranta

   a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

X◻ tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn tréimhse tosaigh dar tús [an 20ú lá tar éis] fhoilsiú an Rialacháin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní chuirfear an togra chun feidhme go dtí go gcomhlíonfaidh an Ballstát a gheobhaidh an tacaíocht na critéir incháilitheachta agus ghníomhachtaithe. Bheadh sé i bhfeidhm a fhad a chomhlíonfaí coinníoll an déthruicir.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 24  

X ◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

X◻ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

◻ trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonrófar níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Ar iarratas an Bhallstáit, measfaidh an Coimisiún an cheist an gcomhlíonann an Ballstát lena mbaineann na critéir ghníomhachtaithe agus incháilitheachta i leith a bheith i dteideal cúnamh a fháil ón sásra um chobhsú. Ar a bharr sin, sa bhliain tar éis íoc amach na hiasachta ó SECI, scrúdóidh an Coimisiún an cheist ar chloígh an Ballstát lena mbaineann leis an gcoinníoll go ninfheisteofaí na hiasachtaí in infheistíocht phoiblí incháilithe agus go gcoinneodh an Ballstát an leibhéal céanna infheistíochta poiblí ar bun i dtaca le meánleibhéal a infheistíochta poiblí le cúig bliain anuas. Mar sin féin, féadfaidh an Coimisiún a dhéanamh amach nach bhfuil leibhéal na hinfheistíochta poiblí ón mBallstát inbhuanaithe agus sa chás sin socróidh sé an leibhéal infheistíochta poiblí atá le coinneáil ar bun.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún na ranníocaíochtaí leis an gCiste Tacaíochta um Chobhsú a ríomh, tá sé de cheangal ar BCE a thuairisciú don Choimisiún faoin 30 Aibreán ar a dhéanaí gach bliain cá mhéad ioncam airgeadaíochta a leithdháileadh do na bainc cheannais náisiúnta de bhun Airteagal 32 de Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh i leith Ballstáit sa limistéar euro.

Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro, ríomhfar a ranníocaíochtaí leis an gCiste Tacaíochta um Chobhsú ar bhonn an táscaire chéanna (ioncam airgeadaíochta Eurochórais), ach faoi réir eochair ríomha.

Faoi cheann dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin agus gach cúig bliana tar a éis sin, scrúdóidh an Coimisiún cáilíocht na gcóras agus na gcleachtas bainistithe infheistíochta poiblí sna Ballstáit. Ullmhóidh sé tuarascáil ina mbeidh measúnú cáilíochtúil agus scór a bheidh bunaithe ar shraith táscairí. Más gá, tabharfaidh sé moltaí i leith cáilíocht na gcóras agus na gcleachtas bainistithe infheistíochta poiblí a fheabhsú. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.

Gach cúig bliana, déanfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a athbhreithniú agus ullmhóidh sé tuarascáil ina leith. Cuirfear an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an Ghrúpa Euro. Ar bhonn thorthaí na tuarascála sin, cuirfidh an Coimisiún togra le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo leis an tuarascáil nuair is iomchuí.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

In Airteagal 16 den Rialachán, tugtar an ceart do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa aon rialú nó iniúchadh airgeadais a mheasfaidh sí atá riachtanach i leith bhainistiú na tuarascála ó SECI a dhéanamh sa Bhallstát lena mbaineann. Tá an ceart ag an gCoimisiún, lena náirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise, a oifigigh nó ionadaithe cuíúdaraithe a sheoladh chun aon rialuithe teicniúla nó airgeadais a dhéanamh a mheasann sé is gá i leith tacaíocht ó SECI.

Maidir leis an gcuid den scéim a bhaineann le hiasachtaí, socróidh an Coimisiún téarmaí na hiasachta (i.e. méid, meán-aibíocht, foirmle phraghsála, tréimhse infhála na hiasachta agus méid an fhóirdheontais ráta úis agus rialacha mionsonraithe eile is gá chun an tacaíocht a chur chun feidhme). Is é an Ballstát a gheobhaidh an iasacht ó SECI a íocfaidh na costais a thabhaigh an tAontas agus é ag déanamh agus ag tabhairt i gcrích gach oibríochta. Cuirfidh an Coimisiún na socruithe is gá ar bun le haghaidh riar na niasachtaí le BCE. Osclóidh an Ballstát lena mbaineann cuntas ar leith lena bhanc ceannais náisiúnta le haghaidh riar na tacaíochta ó BCE a fuair sé. Aistreoidh sé an prionsabal agus an tús atá dlite faoin iasacht ó SECI chuig cuntas le BCE 14 lá oibre TARGET2 roimh an dáta dlite comhfhreagrach.

Maidir le riar an Chiste Tacaíochta um Chobhsú le haghaidh an fhóirdheontais ráta úis, Foráiltear in Airteagal 19 den Rialachán go mbeidh straitéis infheistíochta stuama shábháilte ag an gCoimisiún i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais de réir na rialacha stuamachta iomchuí. Infheisteoidh an Coimisiún na méideanna atá sa Chiste Tacaíochta um Chobhsú in airgead atá ar fáil agus ina luach d'ionstraimí margaidh airgid, in urrúis a bhaineann le creidmheas agus dochar, amhail taiscí téarma, bannaí, nótaí, oibleagáidí nó urrúis de bhun sócmhainní, lena náirítear le cúpóin ráta chomhlúthaigh nó nialasaigh, agus urrúis innéacsnasctha. Is leor an éagsúlacht a bheidh idir infheistíochtaí ó thaobh earnála, áite agus comhréireachta de. Is chun sochair an Chiste Tacaíochta Cobhsaíochta aon bhrabús ar na hinfheistíochtaí sin.

Is éard a bheidh i gcistiú an Chiste Tacaíochta um Chobhsú, ranníocaíochtaí ó na Ballstáit, brabús ar acmhainní infheistithe an Chiste Tacaíochta um Chobhsú agus aisíocaíochtaí ó na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5(2)(b) den Rialachán.

2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Tá na hiasachtaí ó SECI a thugtar do Bhallstáit cumhdaithe ag ráthaíocht ó bhuiséad AE agus baineann riosca airgeadais leo. Tá teorainn EURO 30 billiún leis an méid íocaíochtaí a thabharfar do Bhallstáit faoin Rialachán seo de réir prionsabail. Tá na hacmhainní is gá chun an riosca airgeadais a láimhseáil a bhaineann leis na hiasachtaí sin i mbuiséad AE.

Ní fhaigheann an Sásra Tacaíochta um Chobhsú le haghaidh fóirdheontais ráta úis aon acmhainn ó bhuiséad AE.

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

Bliain amháin tar éis íoc amach an tacaíocht iasachta faoin ionstraim, fíoróidh an Coimisiúnan ndearna an Ballstát a fuair an tacaíocht í a infheistiú in infheistíocht phoiblí incháilithe a chomhfhreagraíonn don mhéid na hiasachta agus ar choinnigh sé an leibhéal céanna infheistíocht poiblí ar bun i dtaca le meánleibhéal a infheistíochta poiblí le cúig bliana anuas, murar mheas an Coimisiún go raibh an leibhéal sin neamh-inbhuanaithe. I gcás nár comhlíonadh an critéar sin, glacfar cinneadh aisíoc luath na hiasachta (ina hiomláine nó i bpáirt) agus gan an fóirdheontas ráta úis a íoc. Is é is aidhm don sásra ceartaitheach sin, a áirithiú nach dtabhóidh buiséad an Aontais dliteanais theagmhasacha de dheasca infheistíocht neamh-incháilithe.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá an ceart ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa aon rialú nó iniúchadh airgeadais a mheasann sí atá riachtanach i leith bhainistiú na tuarascála ó SECI a dhéanamh sa Bhallstát lena mbaineann.

Tá an ceart ag an gCoimisiún, lena náirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise, a oifigigh nó ionadaithe cuíúdaraithe a sheoladh chun aon rialuithe teicniúla nó airgeadais a dhéanamh a mheasann sé is gá i leith tacaíocht ó SECI.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil:

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir 2
Ceannteideal Comhtháthú agus Luachanna

LD/LN 25 .

ó thíortha de chuid CSTE 26

ó thíortha is iarrthóirí 27

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

<…>

2 Ceannteideal Comhtháthú agus Luachanna

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (de réir na línte buiséid a liostaítear faoi 3.1)

Gealltanais

(1)

Íocaíochtaí

(2)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir 28  

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

IOMLÁN leithreasuithe d'imchlúdach an chláir

Gealltanais

=1+3

Íocaíochtaí

=2+3



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

7

“Caiteachas riaracháin”

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

0.715

0.715

0.715

0.715

0.715

0.858

0.858

5.291

Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.715

0.715

0.715

0.715

0.715

0.858

0.858

5.291

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

0.715

0.715

0.715

0.715

0.715

0.858

0.858

5.291

Íocaíochtaí

0.715

0.715

0.715

0.715

0.715

0.858

0.858

5.291

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0.715

0.715

0.715

0.715

0.715

0.858

0.858

5.291

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.715

0.715

0.715

0.715

0.715

0.858

0.858

5.291

lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 29
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Caiteachas eile
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0.715

0.715

0.715

0.715

0.715

0.858

0.858

5.291

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

5

5

5

5

5

6

6

Toscaireachtaí

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha:: (i gcoibhéis lánaimseartha) - CA, LA, SNE, INT agus JPD  30

Ceannteideal 7

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  31

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN

5

5

5

5

5

6

6

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Leis an togra/tionscnamh seo:

   ní fhoráiltear maidir le cómhaoiniú ó thríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

X    Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

X     ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin X    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 32

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal: gá le X líne pm

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

Bheadh ioncam a shannfaí go hinmheánach ó bhainistíocht sócmhainní an Chiste Tacaíochta um Chobhsú

(1)    COM(2017) 822 final, 6 Nollaig 2017
(2)    Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a chur i gCrích, Tuarascáil ó Jean-Claude Juncker, i ndúthchomhar le Donald Tusk, Jeroen Dijselbloem, Mario Draghi agus Martin Schulz, an 22 Meitheamh 2015.
(3)    COM(2017) 358, 28 Meitheamh 2017.
(4)    COM(2017) 2025, 1 Márta 2017.
(5)    COM(2017) 358, 28 Meitheamh 2017.
(6)    COM(2017) 822 final, 6 Nollaig 2018
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013
(8)    An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr; IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1–14.
(9)    IO C , , lch. .
(10)    IO C , , lch. .
(11)    IO C , , lch. .
(12)    Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leneartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lch. 1).
(13)    Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach i leith chomhardú íocaíochtaí na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002).
(14)    IO L 231, 12.5.2016, lch. 1.
(15)    Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le Córas Eorpach na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, Lch. 1).
(16)    [cuir isteach tagairt cheart don leagan nua de Rialachán na bhForálacha Coiteanna]
(17)    IO L 192, 18.7.2015, lch. 27
(18)    IO L 280, 18.10.2016, lch. 30
(19)    Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.
(20)    Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.
(21)    Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle IO L 1, 23.02.2002, lch. 1
(22)    Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle an 9 Márta 1998 maidir le suirbhé samplach ar an bhfórsa saothair a eagrú sa Chomhphobal IO L 77, 14.3.1998, lch. 3
(23)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(24)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(25)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(26)    CSTA: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(27)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha sna na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(28)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(29)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(30)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmí Sóisearach i dToscaireacht.
(31)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(32)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,31.5.2018

COM(2018) 387 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí a bhunú

{SEC(2018) 277 final}
{SWD(2018) 297 final}
{SWD(2018) 298 final}


IARSCRÍBHINN I

MODH CHUN CÁILÍOCHT NA gCÓRAS AGUS NA gCLEACHTAS BAINISTITHE INFHEISTÍOCHTA POIBLÍ SNA BALLSTÁIT A MHEAS

1. Raon Feidhme

Chun tionchar na hinfheistíochta poiblí agus na tacaíochta féideartha ó SECI a mhéadú, cuirfidh an measúnú ar chórais agus cleachtais bainistithe infheistíochta poiblí an mBallstát lena n-ardcháilíocht. Cuirfidh an measúnú sin le héifeacht phleanáil, leithdháileadh agus chur chun feidhme na hinfheistíochta poiblí ar an leibhéal náisiúnta.

Tá na táscairí bunaithe ar na prionsabail a leagtar síos leis an Rialachán seo meidir le haidhm agus raon feidhme SECI, critéir incháilitheachta agus critéir ghníomhachtaithe.

2. Táscairí

Scrúdóidh an Coimisiún, i gcomhthéacs an mheasúnaithe cháilíochtúil dá dtagraítear in Airteagal 1, 15 tháscaire i leith cinnteoireacht faoin infheistíocht phoiblí ag trí chéim éagsúla de thimthriall na hinfheistíochta poiblí dá dtagraítear in Airteagal 1.

Is iad seo trí chéim thimthriall na hinfheistíochta poiblí:

1. pleanáil na hinfheistíochta poiblí ar fud na hearnála poiblí (“céim na pleanála”);

2. leithdháileadh na hinfheistíochta poiblí ar earnálacha agus ar thionscadail (“céim an leithdháilte”);

3. cur chun feidhme tionscadal in am agus de réir an bhuiséid (“céim an chur chun feidhme”).

Úsáidfear na táscairí seo a leanas chun céim na pleanála a mheas:

(a) tá na rialacha fioscacha agus na prionsabail fhioscacha leagtha amach sa chaoi go n-áirithítear leo go mbeidh leibhéil fhoriomlána na hinfheistíochta poiblí leordhóthanach intuartha inbhuanaithe;

(b) tá na pleananna earnálacha leagtha amach sa chaoi go n-áirithítear leo go mbeidh cinntí faoin infheistíocht poiblí bunaithe ar thosaíochtaí, meastacháin chostais agus cuspóirí soiléire praiticiúla.

(c) tá na socruithe comhordaithe lárnach agus áitiúla leagtha amach sa chaoi go bhfuil pleananna infheistíochta poiblí comhtháthaithe idir na leibhéil éagsúla den rialtas, go bhfuil cinnteacht iontu faoi chistiú ón rialtas lárnach agus go n-áirithítear leo go mbeidh tabhairt iasachtaí fonáisiúnta ar leibhéil inbhuanaithe;

(d) bainistítear comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha sa chaoi go n-áirithítear leo go measfar, agus go roghnófar tionscadail agus dliteanais comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha go héifeachtach agus go ndéanfar faireachán éifeachtach orthu.

(e) tá na rialacha maidir le cuideachtaí bunachair leagtha amach sa chaoi go n-áirithítear leo go mbeidh na margaí le haghaidh soláthar seirbhísí bunachair oscailte iomaíocha, go mbeidh praghsáil an aschuir bonneagair oibiachtúil agus go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar phleananna infheistíochta na gcuideachtaí bonneagair.

Úsáidfear na táscairí seo a leanas chun céim an leithdháilte a mheas:

(a) buiséadú ilbhliantúil ina bhfuil trédhearcacht agus intuarthacht i leith leibhéil na hinfheistíochta ó aireachtaí, cláir agus tionscadail sa mheántéarma;

(b) cuimsitheacht bhuiséadach a léireofar tríd an infheistíocht phoiblí uile, cibé cainéal cistiúcháin a úsáidfear, a bheith údaraithe ag an reachtas agus nochta sna doiciméid bhuiséadacha;

(c) aontacht bhuiséadach a léireofar trí chaipiteal láithreach na gcinntí faoi thionscadail aonair agus na costais oibríochtúla agus chothabhála a bhainfidh leo a chur san áireamh iontu;

(d) breithmheas tionscadal a léireofar trí bhreithmheas a dhéanamh agus a fhoilsiú ar na tograí le haghaidh tionscadail le modh caighdeánach agus ina gcuirfear riosca féideartha san áireamh;

(e) roghnú tionscadal a léireofar trí thionscadail a roghnú agus a fhormheas go córasach ar bhonn critéir thrédhearcacha agus iad a bheith ar na tionscadail infheistíochta poiblí fhormheasta.

Úsáidfear na táscairí seo a leanas chun céim an chur chun feidhme a mheas:

(a) cosaint na hinfheistíochta poiblí a léireofar le leithreasuithe tionscadail ar leor iad chun costais iomlán na dtionscadal a chumhdach agus nach féidir a atreorú faoi rogha an fheidhmeannais amháin;

(b) infhaighteacht chistiúcháin lenar féidir tionscadail a phleanáil agus a thiomnú ar bhonn réamhaisnéisí iontaofa agus sreabha airgid tapa as an státchiste;

(c) trédhearcacht fhorghníomhú an bhuiséid: tairgtear tionscadail infheistíochta poiblí móra de réir próiseas iomaíoch trédhearcach, déantar faireachán orthu le linn chur chun feidhme na dtionscadal agus iniúchtar iad go neamhspleách;

(d) bainistíocht tionscadal: sainaithnítear bainisteoir tionscadail agus oibríonn sé i gcomhréir le pleananna cur chun feidhme feabhsaithe agus cuireann sé nósanna imeachta agus treoirlínte caighdeánaithe ar fáil maidir le coigeartú tionscadal

(e) faireachán ar shócmhainní poiblí: ráitis airgeadais lena bhfuil cuspóir ginearálta

3. Scórchlár agus tuairisciú

Déanfar scórchlár agus achoimre le haghaidh gach Ballstáit chun láidreachtaí agus laigí na gcóras agus na gcleachtas bainistithe infheistíochta a shainaithint go trédhearcach.

Cuirfidh an Coimisiún torthaí a mheasúnaithe i láthair i dtuarascáil a chuirfear faoi bhráid na mBallstát.

4. Moltaí

Féadfaidh an Coimisiún moltaí praiticiúla a chur faoi bhráid na mBallstát ar bhonn a mheasúnaithe chun gur féidir leis na Ballstáit lena mbaineann feabhas a chur ar éifeachtacht a chóras agus na chleachtas bainistithe infheistíochta.


An Bhruiséil,31.5.2018

COM(2018) 387 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

on the establishment of a European Investment Stabilisation Function
maidir le Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí a bhunú

{SEC(2018) 277 final}
{SWD(2018) 297 final}
{SWD(2018) 298 final}


IARSCRIBHINN II

TÁSCAIRÍ FAIREACHÁIN LE hAGHAIDH TUAIRISCÚ AGUS ATHBHREITHNIÚ

1. Raon Feidhme

De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Rialacháin i dtreo bhaint amach na gcuspóirí a leagtar amach in aithris 35 agus Airteagal 1.

Déanfar sin ar bhonn faisnéis arna bailiú le ceanglais faireacháin shonracha, agus rórialáil agus ualaí riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Rialacháin ar an talamh.

2. Táscairí

Féadfaidh an Coimisiún na táscairí seo a leanas a úsáid chun dul chun cinn an Rialacháin i dtreo bhaint amach a chuspóirí i gcomhthéacs an tuairiscithe agus an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 22:

(a) an tolltáirge intíre

(b) bearta na bearna aschuir:

(c) fostaíocht, an ráta dífhostaíochta, na rátaí rannpháirtíochta, táscairí ar fhostaíocht pháirtaimseartha, uaireanta an chloig a oibrítear;

(d) an tollfhoirmiú caipitil sheasta a dhéanann an rialtas ginearálta, sonraí earnálacha san áireamh

(e) an tollfhoirmiú caipitil sheasta a mhaoinítear le cláir a dtugann an tAontas tacaíocht dóibh faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, faoin gCiste Comhtháthaithe, faoi Chiste Sóisialta na hEorpa, faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe;

(f) cuntais an rialtais ghinearálta, lena náirítear comhardú an bhuiséid, comhardú an bhuiséid arna choigeartú de réir na dtimthriallta, an seasamh fioscach, an teasnamh poiblí, patrúin ioncaim lena náirítear cásanna amhantair agus gannchion, cobhsaitheoirí uathoibríoch;

(g) sonraí i ndáil leis na margaí airgeadais, amhail rátaí úis bannaí flaithiúnais.