An Bhruiséil,1.6.2018

COM(2018) 385 final

2018/0209(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2018) 275 final}
{SWD(2018) 292 final}
{SWD(2018) 293 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Foráiltear leis an togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta cur i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Forais agus cuspóirí

Bíonn tionchar ag fadhbanna comhshaoil agus aeráide ar shláinte agus ar chaighdeán beatha shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus, ina theannta sin, ar infhaighteacht agus ar stádas acmhainní nádúrtha, rud a fhágann go leagtar costais ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar. Is tionscadal nuachóirithe eacnamaíoch don Eoraip an taistriú chuig geilleagar ísealcharbóin ciorclach agus tá sé ar cheann de thosaíochtaí Choimisiún Juncker. Leis an aistriú chuig geilleagar atá úrnua, glan agus níos ciorclaí, ní foláir mórathruithe ar infheistíochtaí i dtreo bonneagar nua, nuatheicneolaíochtaí, samhlacha nua gnó, agus modhanna nua táirgthe agus tomhaltais i dtaca le gach cineál earra agus seirbhíse, bia agus acmhainní nádúrtha san áireamh. Is ceannródaí domhanda é an tAontas Eorpach i dtaca le cosaint an chomhshaoil agus gníomhú ar son na haeráide. Le 40 bliain anuas, tá raon leathan beartas, cistí agus uirlisí maidir leis an gcomhshaol curtha i bhfeidhm ag an Aontas arb iad na caighdeáin is nua-aimseartha ar domhan iad. Is mian leis an Aontas an ról sin a choimeád agus cur leis.

Is den riachtanas é agus is tosaíocht é muid a bheith ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid. Tá ról catalaíoch ag an gclár LIFE chun cabhrú an tAontas a athrú ó bhonn agus sochaí a dhéanamh de atá glan, a bhfuil geilleagar ciorclach ag feidhmiú inti, atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus ar sochaí ísealcharbóin aeráidseasmhach í. Trí bhíthin tacaíocht spriocdhírithe ón gclár LIFE do ghníomhaíochtaí beartais agus gníomhaíochtaí maidir lena nglacadh sa mhargadh, déantar cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, déantar sláinte an duine a chosaint, agus leantar d’úsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha a chur chun cinn.

Anuas air sin, cuidítear leis an gclár LIFE na gealltanais a thug an tAontas Eorpach faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide, faoin Aontas Fuinnimh agus faoin gCreat Beartais maidir le Fuinneamh agus Aeráid do 2030 a chomhlíonadh agus cuspóirí dícharbónaithe san fhadtéarma a bhaint amach. Ina theannta sin, tá an Clár comhsheasmhach le huaillmhian an Aontais a bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite.

Mar atá molta in “Next steps for a sustainable European future” [Na chéad chéimeanna eile le haghaidh todhchaí inbhuanaithe don Eoraip], creat treorach ríthábhachtach is ea Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe do bheartais uile an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, déanfar iad a phríomhshruthú sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

D’ainneoin go dtéann gníomhaíochtaí faoin gclár LIFE don tréimhse 2014 go 2020 1 i ngleic go díreach le fadhbanna áirithe ar an láthair, is ar bhealach indíreach a bhíonn an tionchar is mó ag an gClár a bhuí lena ról mar chatalaíoch: an tacaíocht do ghníomhaíochtaí ar scála beag atá ceaptha cleachtais inbhuanaithe maidir le táirgeadh, dáileadh agus tomhaltas a chur ar bun, a mhéadú nó a bhrostú, agus caipiteal nádúrtha a chosaint, trí bhíthin na nithe seo a leanas:

forbairt agus malartú an dea-chleachtais agus an eolais a éascú;

cur leis na hacmhainneachtaí agus dlús a chur le reachtaíocht agus beartais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a chur chun feidhme agus an taistriú chuig fuinneamh glan a éascú;

cúnamh a thabhairt do pháirtithe leasmhara teicneolaíochtaí agus réitigh ar scála beag a thástáil, agus

cistiú ó fhoinsí eile a fhorscaoileadh.

Ba cheart an cur chuige sin a shaothrú a thuilleadh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2021 go 2027.

De thoradh phríomhshruthú na gníomhaíochta ar son na haeráide in ionstraimí uile an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile, tiocfaidh méadú ar an gcistiú atá ar fáil don nuálaíocht, don oiriúnú sóisialta agus don chumhachtú is gá ionas gur féidir le gnólachtaí, fostaithe agus saoránaigh na hacmhainneachtaí agus na scileanna a fhorbairt chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Leis an gclár LIFE, cuideofar le nuálaíocht ar scála beag, rud a chabhróidh le saoránaigh gníomhú ar son na haeráide agus dá bpobail áitiúla.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is é an clár LIFE an taon chiste de chuid an Aontais atá tiomnaithe ina iomláine do chuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid. De bhrí nach bhfuil ach buiséad measartha beag ag an gClár, tá sé spriocdhírithe, sa chéad chás de, ar bhearna idir cláir an Aontais lena dtugtar tacaíocht do thaighde agus nuálaíocht agus, sa dara cás de, cláir an Aontais lena maoinítear úsáid mhórscála a bhaint as bearta. Leis an gClár, mar sin, dúntar an bhearna idir forbairt eolais nua agus cur chun feidhme an eolais sin.

Ar leibhéal an Aontais, is iondúil go gcistítear infheistíochtaí móra i ngníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide trí bhíthin mórchláir chistiúcháin, agus déantar aidhmeanna comhshaoil agus aeráide a chomhtháthú i gcuspóirí na mórchlár sin (príomhshruthú), lena náirítear na cistí forbraíochta réigiúnaí, na cistí maidir le talmhaíocht agus forbairt tuaithe, na cistí muirí agus iascaigh, an clár taighde agus nuálaíochta Fís Eorpach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, mar aon le hionstraimí beartais sheachtraigh agus ionstraimí airgeadais an Aontais; i gcás an chláir LIFE áfach, is ar bhealach indíreach a bhíonn an tionchar is mó ag an gClár a bhuí lena ról mar chatalaíoch chun tacú le gníomhaíochtaí ar scála beag atá ceaptha cleachtais atá glan agus inbhuanaithe maidir le táirgeadh, dáileadh agus tomhaltas a chur ar bun, a mhéadú nó a bhrostú, agus cáilíocht an chomhshaoil a fheabhsú agus cuidiú cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach.

Déanfar sineirgíochtaí a lorg idir na deontais atá maoinithe ag an gclár LIFE agus na deontais atá maoinithe ag cláir eile de chuid an Aontais, tionscadail taispeána faoi gclár Fís Eorpach cuir i gcás óir, d’ainneoin spriocanna ar leith a bheith ag na cláir agus iad a bheith difriúil ó thaobh méide agus cineáil de, baineann gníomhaíochtaí gaolmhara leo. Leis an gclár Fís Eorpach, rachfar i ngleic le dúshláin chomhshaoil agus tosaíochtaí an Aontais trí bhíthin gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, bunaithe ar fhaisnéis ón bpróiseas pleanála straitéisí, go háirithe i mbraislí tiomnaithe. Mar riail ghinearálta, cumhdófar leis an gclár Fís Eorpach gníomhaíochtaí a tacaíonn le réitigh nuálacha a fhorbairt, a thaispeáint agus le glacadh na réiteach sin sa mhargadh, a bhfuil gné thrasnáisiúnta ag baint leo, ar réitigh úrnua iad ó thaobh an Aontais Eorpaigh de agus ar féidir iad a mhacasamhlú ar fud an Aontais. Beidh sé mar éifeacht chatalaíoch ag tionscadail sheanbhunaithe an chláir LIFE teicneolaíochtaí nó modheolaíochtaí oiriúnacha a fhorbairt, a thástáil nó a chur os comhair an phobail chun beartas comhshaoil agus aeráide an Aontais a chur chun feidhme ar an láthair i gcomhthéacsanna sonracha, ar féidir iad a úsáid ar mhórscála ina dhiaidh sin, arna gcistiú ó fhoinsí eile. D’fhéadfaí poitéinseal an chláir InvestEU a úsáid chun tionscadail dúlra straitéiseacha agus tionscadail chomhtháite straitéiseacha a mhaoiniú agus chun tacú le glacadh an Chláir.

I roinnt réimsí, an dúlra agus an bhithéagsúlacht cuir i gcás, lena náirítear éiceachórais mhuirí, tá ról uathúil ríthábhachtach ag an gclár LIFE. Tugadh sineirgíochtaí agus comhlántachtaí faoi deara go háirithe i gcás cláir maidir le forbairt tuaithe agus, ina theannta sin, idir tionscadail maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide agus bainistiú riosca tubaistí Ba cheart na sineirgíochtaí agus na comhlántachtaí sin a neartú faoin gcéad chlár LIFE eile don tréimhse 2021–2027 trí raon feidhme an chláir taighde maidir le gníomhaíochtaí áirithe lena dtugtar tacaíocht don aistriú chuig fuinneamh glan a choigeartú, ar gníomhaíochtaí iad lena gcuidítear an tathrú aeráide a mhaolú.

De thoradh an fhochláir don aistriú chuig fuinneamh glan a chomhtháthú sa chlár LIFE, méadaítear comhleanúnachas foriomlán chistiú an Aontais agus, san am céanna, cruthaítear deiseanna iontacha do shineirgíochtaí le haghaidh bearta eile comhshaoil agus aeráide.

Maidir leis an gclár Fís Eorpach, baineann comhlántacht shoiléir le gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta i réimse an fhuinnimh ghlain a chistiú. Tiocfaidh an chéad ghlúin eile de theicneolaíochtaí agus dea-chleachtais de na réitigh taighde agus nuálaíochta arna bhforbairt faoin gclár Fís Eorpach le tacaíocht ó cheannródaithe, rud is féidir a mhacasamhlú ag céim níos faide anonn le tacaíocht fothaithe acmhainneachta ón bhfochlár don aistriú chuig fuinneamh glan.

Tá an fochlár don aistriú chuig fuinneamh glan agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa comhlántach ó thaobh cineáil agus bunloighic idirghabhála de. Go háirithe, is cuid ríthábhachtach de loighic idirghabhála na Saoráide um Chónascadh na hEorpa an ghné thrasteorann.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí agus coimhdeacht

Is é Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide. Leis an mbunús dlí sin, cumhdaítear freisin na gníomhaíochtaí lena dtugtar tacaíocht don aistriú chuig fuinneamh glan óir cuidíonn siad ar bhealach díreach an tathrú aeráide a mhaolú. Go deimhin faoin gclár LIFE reatha, cistítear gníomhaíochtaí áirithe lena gcuirtear feabhas ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus ar an úsáid a bhaintear as fuinneamh in-athnuaite de bharr go gcuidíonn siad go mór chun an tathrú aeráide a mhaolú, agus is minic freisin a chruthaítear dá mbarr tairbhí indíreacha ó thaobh an chomhshaoil de, cáilíocht an aeir a fheabhsú cuir i gcás.

Is fadhbanna trasteorann nó trasnáisiúnta formhór na bhfadhbanna comhshaoil agus ní féidir leis na Ballstáit astu féin na fadhbanna sin a réiteach go leordhóthanach. Is gá idirghabháil an Aontais chun sásraí leordhóthanacha a chur ar bun chun déileáil le fadhbanna den sórt sin ar bhealach éifeachtúil agus chun teipeanna ó thaobh an chomhordaithe de a sheachaint.

Anuas air sin, is earraí poiblí Eorpacha iad sócmhainní comhshaoil nach mór a bhainistiú mar is ceart chun dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair a áirithiú.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ SIARGHABHÁLACHA, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí siarghabhálacha

D’ainneoin gur tugadh faoin meastóireacht mheántéarma a rinneadh le déanaí ar an gclár LIFE 2014–2020 2 ag céim luath de chur chun feidhme an Chláir, tráth nach raibh tús curtha ach le tionscadail 2014 agus 2015, dheimhnigh an mheastóireacht sin go bhfuil gach cosúlacht ann go bhfuil an Clár éifeachtach, éifeachtúil agus ábhartha agus go bhfuil sé ag cur leis an straitéis Eoraip 2020. Anuas air sin, tá formhór na bpáirtithe leasmhara den tuairim gur ionstraim ríthábhachtach é an clár LIFE chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhshaoil agus aeráide.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar chuid den mheastóireacht mheántéarma ar an gclár LIFE, rinneadh mórchuid gníomhaíochtaí comhairliúcháin, lena náirítear (i) comhairliúchán poiblí 12 sheachtain as ar tháinig breis agus 250 freagra (ii) sé shuirbhé ar leith ar a bhfuarthas os cionn 200 freagra, agus (iii) 150 agallamh (agus i gcás inarb ábhartha, cuairteanna ar an láthair) ar ghrúpaí na bpríomhpháirtithe leasmhara lena náirítear tairbhithe tionscadail, comhordaitheoirí tionscadail, seirbhísí an Choimisiúin, oifigigh na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, saineolaithe faireacháin seachtracha agus páirtithe leasmhara ionstraimí airgeadais.

Cuireadh san áireamh freisin an tuairim ó Choiste na Réigiún agus ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le torthaí na meastóireachta meántéarma, óir mheas siad go bhféadfadh roghanna a bheith ann don chlár LIFE tar éis 2020.

Chun críocha an togra seo, comhlánaíodh an comhairliúchán forleathan a rinneadh leis na páirtithe leasmhara le tuairimí a fuarthas ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus roinnt gníomhaíochtaí breise comhairliúcháin a rinneadh le páirtithe leasmhara sna Ballstáit.

A bhuí leis na comhairliúcháin, deimhníodh ábharthacht an Chláir chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais agus na fadhbanna i réimse na haeráide agus an chomhshaoil agus a thábhachtaí is atá sé go leanfar den Chlár, lena náirítear gach príomhchineál idirghabhála. Mar sin féin, leagadh béim ar an ngá atá le riaradh an Chláir a shimpliú. Rinneadh moladh éifeachtaí catalaíocha agus poitéinseal na dtionscadal comhtháite a neartú.

Measúnú tionchair

Chun feidhmíocht agus ról catalaíoch an Chláir a fheabhsú, scrúdaíodh dhá rogha le gurbh fhusa d’iarratasóirí ó na Ballstáit uile rochtain a bheith acu ar an gClár. I dtaca leis an rogha tacaíocht láraithe a sholáthar do líonra uile na bpointí teagmhála náisiúnta in ionad na dtionscadal fothaithe acmhainneachta mar atá faoi láthair (nach bhfuil rochtain orthu ach ag Ballstáit áirithe), measadh gur rud dearfach é agus ba cheart é a chur chun feidhme. Féadfar an rogha a mheas amach anseo an leibhéal cómhaoinithe a mhéadú agus an deis a bheith ann an leibhéal cómhaoinithe sin a choigeartú agus an Clár á chur chun feidhme.

Rinneadh roinnt roghanna chomhlántacha a mheas chun feidhmíocht agus ról catalaíoch an Chláir a fheabhsú. Measadh gur rud dearfach iad. Meastar gurb é an síneadh ar úsáid a bhaint as tionscadail chomhtháite, i gcás tionscadail chomhtháite straitéiseacha amach anseo, meastar gurb é sin an sásra lena nimrítear an tionchar is mó bunaithe ar an taithí ó threoirthionscadal na dtionscadal comhtháite sa chlár LIFE reatha. Meastar gur príomhthosaíocht é an méadú ar raon feidhme agus líon na dtionscadal comhtháite straitéiseach. I gcomparáid leis an mbuiséad atá ann faoi láthair don chlár LIFE, ba ghá, dá thoradh sin, an buiséad a mhéadú.

Bunaithe ar an measúnú tionchair, ba cheart an tacaíocht a thugtar d’fhothú acmhainneachta le haghaidh an aistrithe chuig fuinneamh glan lena gcuidítear an tathrú aeráide a mhaolú, agus a chistítear i láthair na huaire faoin gclár Fís 2020 don tréimhse 2014–2020, ba cheart an cistiú sin a chuimsiú faoin gclár LIFE sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile. Is de bhrí gur oiriúnaí an clár LIFE ó thaobh loighic idirghabhála, cuspóirí agus sásraí seachadta de, agus ó thaobh grúpa spriocdhírithe tairbhithe de chomh maith, i gcomparáid leis an gcreat taighde agus nuálaíochta ar oiriúnaí é chun teicneolaíochtaí úrnua a fhorbairt seachas tacú le macasamhlú na dteicneolaíochtaí sin agus lena núsáid ar scála níos leithne. Dá ndéanfaí fochlár don aistriú chuig fuinneamh glan a chomhtháthú sa chlár LIFE, thabharfaí aghaidh ar na heasnaimh sin agus mhéadófaí comhleanúnachas foriomlán chistiú an Aontais agus, san am céanna, chruthófaí deiseanna do shineirgíochtaí le gníomhaíochtaí eile comhshaoil agus aeráide. Sa réimse maidir le gníomhú ar son na haeráide, ag leanúint dá raibh sa chlár LIFE 2014–2020, áireofar freisin sa chlár LIFE fochlár maidir leis an maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin.

Sa mheasúnú tionchair, rinneadh plé ar an gcaoi a bhféadfadh ról níos láidre a bheith ag an gClár i gcur chun feidhme bheartais an Aontais maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht. Cé gur measadh go raibh an rogha maidir le comhchiste bainistíochta faoin gclár LIFE neamhéifeachtúil, d’fhéadfadh ról feabhsaithe a bheith ag an gclár LIFE i bpríomhshruthú an bheartais maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht i mbeartais agus cláir eile airgeadais de chuid an Aontais, bunaithe ar sciar níos cothroime den bhuiséad lena bhféadfaí cistí a ghiaráil ó na cláir eile mhaoiniúcháin sin.

Ina theannta sin, baineadh de thátal as an measúnú tionchair gur cheart go leanfadh an Clár de dheontais bheaga don bhithéagsúlacht a mhaoiniú trí bhíthin na scéime deonaí do sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais i gcríocha Eorpacha thar lear (BEST).

Chun eilimintí an Chláir a bhaineann leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht a chomhdhlúthú, cuireadh ar bun fochlár ar leith don dúlra agus don bhithéagsúlacht i réimse an chomhshaoil. I réimse an chomhshaoil freisin, áirítear fochlár don gheilleagar ciorclach agus do chaighdeán na beatha arb é is aidhm dó tacú le gnéithe eile de bheartas comhshaoil an Aontais, go háirithe an taistriú chuig geilleagar ciorclach, bainistíocht fhónta agus éifeachtúil acmhainní comhshaoil, amhail an taer, an tuisce agus an talamh, agus dea-rialachas comhshaoil a chur chun cinn.

Níl aon mhórimpleachtaí diúltacha ag baint leis na roghanna atá ann macasamhlú a fheabhsú agus cur le solúbthacht an Chláir agus, ina theannta sin, leis an bhféidearthacht díriú ar shaincheisteanna tábhachtacha agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn trí bhíthin an Rialachán agus an clár oibre ilbhliantúil a shimpliú; ba cheart iad araon a thabhairt isteach.

Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar an measúnú tionchair an 13 Aibreán 2018, ach bhí roinnt agús léi.

D’iarr an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála sa tuairim uaidh ar an dréachtmheasúnú tionchair soiléiriú breise ar an gcóras faireacháin agus ar tháscairí beartaithe an tionscnaimh seo. D’iarr an Bord freisin, i dtaca le haon síneadh beartaithe ar raon feidhme an chláir LIFE maidir leis an dúlra, go naithneofaí na himpleachtaí a bheadh ag an leathnú sin d’fhealsúnacht, struchtúr agus sásra seachadta an chláir LIFE. Rinneadh na moltaí a bhí sa tuairim a chuimsiú sa tuarascáil. Rinneadh, go háirithe, an measúnú tionchair a leathnú chun an dóigh a dtabharfar aghaidh ar na heasnaimh a sainaithníodh maidir leis an gcóras faireacháin don chlárthréimhse reatha a léiriú. Ina theannta sin, athbhreithníodh an liosta táscairí lena ndéantar measúnú ar an gClár chun gur fearr iad a ailíniú le cuspóirí an Chláir. Cuireadh isteach in Iarscríbhinn 8 anailís níos mionsonraithe ar na roghanna i dtaca leis an síneadh ar raon feidhme an chláir LIFE maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht agus an tuairisc ar an rogha athdhréachtaithe sa mheasúnú tionchair.

Tá an bhileog achoimre agus an tuairim dhearfach ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála ar fáil anseo: http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia&year=2018&serviceId=11&s=Search.

Simpliú

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nua, géilleann na cinntí maidir le clársceidealú agus na cinntí mionsonraithe faoi bhainistiú an Chláir do na cláir ilbhliantúla oibre. Mar a sainaithníodh sa mheasúnú tionchair, déanfar bearta iomchuí ag an tráth seo chun na nósanna imeachta bainistíochta a shimpliú.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra, leagtar amach na himpleachtaí buiséadacha agus na hacmhainní daonna agus riaracháin is gá chun an Clár a chur chun feidhme.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá an clár LIFE faoi bhainistiú díreach an Choimisiúin Eorpaigh. Tarmligeadh cur chun feidhme eilimintí áirithe an Chláir chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, mar a bhí amhlaidh maidir leis an gclár LIFE 2014–2020 a chur chun feidhme. Toisc go raibh an measúnú a rinneadh ar chur chun feidhme an Chláir reatha dearfach ar an iomlán, d’fhéadfaí cur chun feidhme an chláir LIFE 2021–2027 a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin chomh maith, faoi réir thoradh na hanailíse costais is tairbhe agus cinntí lena mbaineann atá le déanamh.

Déanfar meastóireachtaí i gcomhréir le mír 22 agus mír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 3 , inar dheimhnigh na trí institiúid gur cheart do mheastóireachtaí ar reachtaíocht agus beartais atá ann cheana an bunús a sholáthar do mheasúnuithe tionchair ar na roghanna atá ann chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh. Leis na meastóireachtaí, déanfar measúnú ar éifeachtaí an Chláir ar an láthair bunaithe ar na táscairí/spriocanna cláir agus ar anailís mhionsonraithe ar an méid is féidir a mheas go bhfuil an Clár ábhartha, éifeachtach agus éifeachtúil, go soláthraíonn sé luach breise don Aontas agus go bhfuil sé comhleanúnach le beartais eile an Aontais. Beidh sna meastóireachtaí sin ceachtanna a foghlaimíodh chun aon easnaimh nó aon fhadhbanna a shainaithint nó aon phoitéinseal tuilleadh feabhsaithe a chur ar na gníomhaíochtaí nó torthaí na ngníomhaíochtaí agus a núsáid nó a dtionchar a mhéadú a oiread is féidir.

Sa togra ón gCoimisiún maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021–2027, leagadh síos sprioc níos uaillmhianaí le haghaidh príomhshruthú aeráide i gcláir uile an Aontais, maille leis an sprioc fhoriomlán 25 % de chaiteachas an Aontais a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide. Déanfar rannchuidiú an Chláir seo le gnóthú na sprice foriomláine sin a rianú le córas marcóirí aeráide de chuid an Aontais ar leibhéal iomchuí imdhealaithe, lena náirítear modheolaíochtaí níos cruinne a úsáid má tá fáil orthu. Leanfaidh an Coimisiún den fhaisnéis a chur i láthair go bliantúil i dtéarmaí leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i gcomhthéacs an dréachtbhuiséid bhliantúil.

Ina theannta sin, ba cheart don Aontas a chaiteachas i leith na bithéagsúlachta a rianú chun a oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún maidir leis an éagsúlacht bhitheolaíoch. Ba cheart freisin ceanglais maidir le rianú i reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh.

Chun tacú le leas iomlán a bhaint as poitéinseal an Chláir rannchuidiú le cuspóirí aeráide, féachfaidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint i rith phróisis ullmhúcháin, cur chun feidhme, athbhreithnithe agus meastóireachta an Chláir.

2018/0209 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 4 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 5 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá reachtaíocht agus beartas AE maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le reachtaíocht agus beartas ábhartha AE maidir le fuinneamh glan tar éis feabhsuithe substaintiúla a chur ar staid an chomhshaoil. Mar sin féin, tá mórdhúshláin chomhshaoil agus aeráide fós ann agus mura dtabharfar aghaidh orthu, beidh iarmhairtí suntasacha diúltacha ann don Aontas agus do dhea-bhail na saoránach.

(2)Is é an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 don tréimhse 2014–2020, an clár is déanaí de shraith clár de chuid an Aontais le linn 25 bliana lena dtugtar tacaíocht do chur chun feidhme na dtosaíochtaí reachtaíochta agus beartais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid. Rinneadh measúnú dearfach ar an gClár i meastóireacht mheántéarma 7 a rinneadh air le déanaí agus tugadh le fios go bhfuil gach cosúlacht ann go bhfuil an Clár éifeachtach, éifeachtúil agus ábhartha. Ba cheart, mar sin, leanúint den chlár LIFE 2014–2020 ach roinnt modhnuithe a dhéanamh air a sainaithníodh sa mheastóireacht mheántéarma agus i measúnuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin. Ar an ábhar sin, ba cheart Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) (“an Clár”) a bhunú don tréimhse dar tús 2021.

(3)Trí bhíthin tabhairt faoi chuspóirí agus spriocanna an Aontais a bhaint amach, arna leagan síos ag reachtaíocht, beartas, pleananna agus gealltanais idirnáisiúnta maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le reachtaíocht, beartas, pleananna agus gealltanais idirnáisiúnta a bhaineann le fuinneamh glan, ba cheart go dtacódh an Clár leis an athrú i dtreo geilleagar glan ciorclach fuinneamhéifeachtúil ísealcharbóin aeráidseasmhach, le cáilíocht an chomhshaoil a chosaint agus a fheabhsú agus le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, bíodh sé trí idirghabhálacha díreacha nó trí thacú leis na cuspóirí sin a chomhtháthú i mbeartais eile.

(4)Tá an tAontas tiomanta do fhreagairt chuimsitheach a fhorbairt ar spriocanna forbartha inbhuanaithe Chlár Oibre na Náisiún Aontaithe 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, lena gcuirtear béim ar an nasc intreach idir acmhainní nádúrtha a bhainistiú chun a ninfhaighteacht fhadtéarmach a áirithiú, seirbhísí éiceachórais agus an nasc atá idir iad agus sláinte an duine agus fás eacnamaíoch atá inbhuanaithe agus cuimsitheach ar bhonn sóisialta. Ar an ábhar sin, ba cheart go gcuideodh an Clár ar dhóigh shuntasach le forbairt eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta.

(5)Ba cheart go gcuideodh an Clár leis an bhforbairt inbhuanaithe agus cuspóirí agus spriocanna reachtaíocht, straitéisí, phleananna agus ghealltanais idirnáisiúnta AE maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le cuspóirí agus spriocanna reachtaíocht, straitéisí, phleananna agus ghealltanais idirnáisiúnta ábhartha AE maidir le fuinneamh glan a bhaint amach, go háirithe Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe 8 , an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch 9 agus Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide 10 (“Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide”).

(6)Chun na cuspóirí uileghabhálacha a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach Pacáiste an gheilleagair chiorclaigh 11 , Creat 2030 i gcomhair beartais aeráide agus fuinnimh 12 , 13 , 14 , reachtaíocht an Aontais maidir leis an dúlra 15 , mar aon le beartais eile lena mbaineann 16 , 17 , 18 , 19 , 20 , a chur chun feidhme.

(7)Chun na gealltanais a thug an tAontas faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide a chomhlíonadh, is gá an tAontas Eorpach a athrú ina shochaí fhuinneamhéifeachtúil ísealcharbóin aeráidseasmhach. Ní foláir, dá réir sin, gníomhaíochtaí a dhíríonn go háirithe ar na hearnálacha is mó a chuireann le leibhéil astaíochtaí agus truaillithe CO2, agus a thacaíonn le creat beartais 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus pleananna náisiúnta comhtháite na mBallstát don fhuinneamh agus don aeráid a chur chun feidhme agus le hullmhúcháin do straitéis aeráide agus fuinnimh an Aontais, idir an straitéis do lár an chéid agus an straitéis fhadtéarmach. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh sa Chlár bearta lena dtugtar tacaíocht do chur chun feidhme bheartas an Aontais um oiriúnú don athrú aeráide chun aon laige de thoradh éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide a laghdú.

(8)Cuidíonn an taistriú chuig fuinneamh glan go mór chun an tathrú aeráide a mhaolú agus bíonn tairbhí indíreacha ann ó thaobh an chomhshaoil de dá bharr. Gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta lena dtacaítear leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus a chisteofar go 2020 faoin gclár Fís 2020, ba cheart iad sin a chomhtháthú sa Chlár ó tharla nach é an cuspóir atá ag na cistí sin an barr feabhais a chistiú agus an nuálaíocht a spreagadh, ach glacadh na teicneolaíochta atá ann cheana a éascú, rud a chuideoidh an tathrú aeráide a mhaolú. A bhuí leis na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta sin a bheith mar chuid den Chlár, cruthaítear deiseanna do shineirgíochtaí idir na fochláir agus méadaítear comhleanúnachas foriomlán chistiú an Aontais. Ar an ábhar sin, ba cheart sonraí maidir le glacadh réiteach taighde agus nuálaíochta atá ann cheana sna tionscadail LIFE a bhailiú agus a scaipeadh, an clár Fís Eorpach agus na cláir a bhí ann roimhe san áireamh.

(9)Sna measúnuithe tionchair a rinneadh ar an reachtaíocht maidir le fuinneamh glan, meastar go mbeidh gá le hinfheistíochtaí breise de EUR 177 mbilliún in aghaidh na bliana le linn na tréimhse 2021 go 2030 chun spriocanna fuinnimh AE 2030 a bhaint amach. Baineann na bearnaí is mó leis an infheistíocht i ndícharbónú foirgneamh (éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí in-athnuaite fuinnimh ar scála beag) áit ar gá caipiteal a dhíriú i dtreo tionscadail de chineál ard-dáilte. Ar cheann de chuspóirí an fhochláir don aistriú chuig fuinneamh glan tá acmhainneacht a fhorbairt maidir le forbairt agus comhiomlánú tionscadal agus, ar an dóigh sin, cuidiú freisin cistí a iompar ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus infheistíochtaí i bhfuinneamh glan a spreagadh agus, ina theannta sin, úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais arna soláthar faoin gclár InvestEU.

(10)De thoradh sineirgíochtaí leis an gclár Fís Eorpach, ba cheart a áirithiú go sainaithnítear agus go mbunaítear na riachtanais taighde agus nuálaíochta chun dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil, aeráide agus fuinnimh laistigh den Aontas le linn an phróisis pleanála maidir le taighde straitéiseach agus nuálaíocht de chuid an chláir Fís Eorpach. Ba cheart don chlár LIFE leanúint de bheith ag gníomhú mar chatalaíoch chun reachtaíocht agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol, leis an aeráid agus le fuinneamh glan a chur chun feidhme, lena náirítear trí bhíthin glacadh torthaí taighde agus nuálaíochta ón gclár Fís Eorpach agus na torthaí sin a chur i bhfeidhm agus cuidiú iad a chur á núsáid ar scála níos leithne áit a bhféadfaidh siad aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhshaoil, aeráide agus aistrithe fuinnimh. Smaointe nua ceannródaíocha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme thionscadail an chláir LIFE, is féidir leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach de chuid an chláir Fís Eorpach tacú leis na smaointe sin a chur á núsáid ar scála níos leithne agus a thráchtálú.

(11)Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici ón gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Gníomhaíochtaí a fhaigheann cistiú carnach ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, ní dhéanfar ach iniúchadh amháin ar na gníomhaíochtaí sin, lena gcumhdófar na cláir uile i dtrácht agus na rialacha is infheidhme lena mbaineann.

(12)Leis an bpacáiste is déanaí ón Aontas maidir leis an athbhreithniú ar chur chun feidhme an bheartais comhshaoil 21 , léirítear gur gá dul chun cinn nach beag a dhéanamh chun cur chun feidhme acquis an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhshaol a bhrostú agus chun comhtháthú cuspóirí comhshaoil agus aeráide i mbeartais eile a fheabhsú. Ar an ábhar sin, ba cheart go bhfeidhmeodh an Clár mar chatalaíoch chun an cur chun cinn is gá a bhaint amach trí bhíthin cuir chuige nua a fhorbairt, a thástáil agus a mhacasamhlú; tacú le beartas a fhorbairt, agus faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh air; rannpháirteachas páirtithe leasmhara a fheabhsú; infheistíochtaí ó chláir infheistíochta uile an Aontais nó ó fhoinsí eile airgeadais a fhorscaoileadh agus tacú le gníomhaíochtaí chun na constaicí éagsúla i gcur chun feidhme éifeachtach na bpríomhphleananna a cheanglaítear faoin reachtaíocht chomhshaoil a shárú.

(13)Chun cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, lena náirítear in éiceachórais mhuirí, is gá tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíochta agus beartais ábhartha de chuid an Aontais, agus measúnú a dhéanamh orthu, lena náirítear Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2020 22 , Treoir 92/43/CEE ón gComhairle 23 , Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 agus Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 , go háirithe trí chur leis an mbonn eolais chun beartas a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus trí dhea-chleachtais agus réitigh ar scála beag nó atá oiriúnaithe do chomhthéacsanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar leith a fhorbairt, a thástáil, a thaispeáint agus a chur i bhfeidhm, lena náirítear cuir chuige chomhtháite maidir le cur chun feidhme na gcreataí gníomhaíochta tosaíochta arna nullmhú ar bhonn Threoir 92/43/CEE. Ba cheart don Aontas a chaiteachas i leith na bithéagsúlachta a rianú chun a oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún maidir leis an éagsúlacht bhitheolaíoch. Ba cheart freisin ceanglais maidir le rianú i reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh.

(14)Leis na meastóireachtaí agus na measúnuithe a rinneadh le déanaí, lena náirítear an tathbhreithniú meántéarma a rinneadh ar Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2020 agus ar an tSeiceáil Oiriúnachta ar an reachtaíocht maidir leis an dúlra, léirítear go bhfuil an easpa maoinithe leordhóthanaigh ar cheann de na bunchúiseanna is mó le heaspa cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir leis an dúlra agus straitéis na bithéagsúlachta. Féadfaidh na hionstraimí airgeadais is mó de chuid an Aontais, lena náirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, cuidiú go mór chun freastal ar na riachtanais sin. Leis an gClár, is féidir tuilleadh feabhsaithe a chur ar éifeachtúlacht an phríomhshruthaithe sin trí thionscadail dúlra straitéiseacha atá tiomanta do spreagadh a thabhairt do chur chun feidhme reachtaíocht agus bheartas an Aontais maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht, lena náirítear gníomhaíochtaí a leagtar amach i gcreataí gníomhaíochta tosaíochta arna bhforbairt i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE. Ba cheart do thionscadail dúlra straitéiseacha tacú le cláir gníomhaíochtaí sna Ballstáit chun cuspóirí ábhartha dúlra agus bithéagsúlachta a phríomhshruthú i mbeartais agus cláir mhaoiniúcháin eile agus, ar an dóigh sin, a áirithiú go bhforscaoiltear cistí iomchuí chun na beartais sin a chur chun feidhme. D’fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh mar chuid dá bplean straitéiseach don chomhbheartas talmhaíochta sciar áirithe den leithdháileadh ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe a úsáid chun tacaíocht a ghiaráil le haghaidh gníomhaíochtaí a chomhlánaíonn tionscadail dúlra straitéiseacha mar a shainítear faoin Rialachán seo.

(15)Leis an scéim dheonach maidir le seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais i gcríocha Eorpacha thar lear (BEST), cuirtear chun cinn caomhnú na bithéagsúlachta, lena náirítear an bhithéagsúlacht mhuirí, agus úsáid inbhuanaithe seirbhísí éiceachórais, lena náirítear cuir chuige atá bunaithe ar an éiceachóras maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide agus an maolú ar an athrú aeráide, sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus i dtíortha agus críocha thar lear. A bhuí leis na seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais sin i gcríocha Eorpacha thar lear (BEST), ardaíodh feasacht maidir le tábhacht éiceolaíoch na réigiún is forimeallaí agus na dtíortha agus na gcríoch thar lear chun an bhithéagsúlacht dhomhanda a chaomhnú. Chuir na tíortha agus na críocha thar lear in iúl sna dearbhuithe aireachta a rinne siad in 2017 agus 2018 gur mór acu an scéim seo de dheontais bheaga don bhithéagsúlacht. Is iomchuí ligean don Chlár leanúint de dheontais bheaga don bhithéagsúlacht a mhaoiniú sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus i dtíortha agus críocha thar lear.

(16)Chun an geilleagar ciorclach a chur chun cinn, is gá athrú meoin a bheith ann maidir leis an gcaoi a ndéantar ábhair agus earraí, lena náirítear plaistigh, a dhearadh, a tháirgeadh, a úsáid agus a dhiúscairt. Ba cheart go gcuideodh an Clár leis an aistriú chuig samhail an gheilleagair chiorclaigh trí thacaíocht airgeadais lena ndírítear ar ghníomhaithe éagsúla (gnólachtaí, údaráis phoiblí agus tomhaltóirí), go háirithe trí bhíthin an teicneolaíocht, na cleachtais agus na réitigh is fearr atá oiriúnaithe do chomhthéacsanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar leith a chur i bhfeidhm, a fhorbairt agus a mhacasamhlú, lena náirítear trí chuir chuige chomhtháite maidir le pleananna bainistithe dramhaíola agus pleananna maidir le cosc ar dhramhaíl a chur chun feidhme. Trí thacú leis an straitéis i leith plaisteach a chur chun feidhme, is féidir beart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt go háirithe ar fhadhb an bhruscair mhuirí.

(17)Ó thaobh an bheartais aeir de, is é cuspóir fadtéarmach an Aontais cáilíocht aeir a bhaint amach ar leibhéal nach mbeidh mórthionchair dhiúltacha aige ar shláinte an duine agus nach gcuirfeadh sé sláinte an duine i mbaol. Tá an pobal ar an eolas faoi thruailliú an aeir agus tá na saoránaigh ag súil le beart ó na húdaráis. Le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 , leagtar béim ar an ról is féidir a bheith ag cistiú ón Aontas i gcuspóirí maidir le haer glan a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart go dtabharfadh an Clár tacaíocht do thionscadail, lena náirítear tionscadail chomhtháite straitéiseacha, lena bhféadfaí cistí poiblí agus príobháideacha a ghiaráil agus a d’fhéadfadh a bheith ina neiseamláir don dea-chleachtas agus ina gcatalaíoch chun pleananna agus reachtaíocht maidir le cáilíocht an aeir a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, ilréigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta.

(18)Le Treoir 2000/60/CE, cuireadh ar bun creat chun uiscí dromchla, uiscí cósta, uiscí trasdultacha agus screamhuisce an Aontais Eorpaigh a chosaint. A bhuí leis an teachtaireacht dar teideal Blueprint to Safeguard Europe's Water Resources 27 [an Treoirphlean chun acmhainní uisce na hEorpa a chosaint] ina néilítear go ndéanfar cuspóirí an bheartais uisce a chur chun feidhme níos fearr agus a chomhtháthú a thuilleadh i réimsí beartais eile, tacaítear le cuspóirí na Treorach. Ar an ábhar sin, ba cheart don Chlár tacú le tionscadail a chuidíonn le cur chun feidhme éifeachtach Threoir 2000/60/CE agus reachtaíochta eile uisce de chuid an Aontais lena gcuidítear dea-stádas dhobharlaigh an Aontais a bhaint amach trí dhea-chleachtais a chur i bhfeidhm, a fhorbairt agus a mhacasamhlú, agus trí ghníomhaíochtaí comhlántacha faoi chláir nó foinsí airgeadais eile de chuid an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh.

(19)Tá cosaint agus athbhunú an chomhshaoil mhuirí ar cheann d’aidhmeanna foriomlána bheartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh. Leis an gClár, ba cheart tacú leis na nithe seo a leanas: an bhithéagsúlacht agus éiceachórais mhuirí a bhainistiú, a chaomhnú, a athbhunú agus faireachán a dhéanamh orthu, go háirithe i láithreáin mhuirí Natura 2000, agus speicis a chosaint i gcomhréir leis na creataí gníomhaíochta tosaíochta arna bhforbairt de bhun Threoir 92/43/CEE; stádas maith comhshaoil a bhaint amach i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 ; farraigí atá glan agus folláin a chur chun cinn; straitéis Eorpach maidir le plaisteach i ngeilleagar ciorclach a chur chun feidhme, chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhaineann le trealamh iascaireachta caillte agus bruscar muirí go háirithe; agus rannpháirtíocht an Aontais i rialachas idirnáisiúnta aigéan a chur chun cinn, rud atá ríthábhachtach chun cuspóirí Chlár oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach agus aigéin fholláine a áirithiú do dhaoine amach anseo. Ba cheart a áireamh i dtionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail dúlra straitéiseacha an Chláir gníomhaíochtaí ábhartha arb é is aidhm dóibh an comhshaol muirí a chosaint.

(20)Chun feabhas a chur ar an rialachas maidir leis an gcomhshaol, leis an athrú aeráide agus le hábhair a bhaineann leis an aistriú chuig fuinneamh glan, ní mór rannpháirteachas na sochaí sibhialta a áirithiú trí fheasacht an phobail a ardú, rannpháirtíocht na dtomhaltóirí a mhéadú agus an rannpháirteachas le páirtithe leasmhara a leathnú, lena náirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, i gcomhairliúchán maidir le beartais ghaolmhara agus maidir leis na beartais sin a chur chun feidhme.

(21)Cé gur cheart feabhsú an rialachais ar gach leibhéal a bheith ina chuspóir trasearnálach d’fhochláir uile an Chláir, ba cheart don Chlár tacú le forbairt agus cur chun feidhme na reachtaíochta cothrománaí maidir le rialachas comhshaoil, lena náirítear reachtaíocht lena gcuirtear chun feidhme Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil 29 .

(22)Ba cheart don Chlár gníomhaithe margaidh a ullmhú agus tacaíocht a thabhairt dóibh don athrú i dtreo geilleagar glan ciorclach fuinneamhéifeachtúil ísealcharbóin aeráidseasmhach trí bhíthin deiseanna nua gnó a thástáil, scileanna gairmiúla a uasghrádú, rochtain tomhaltóirí ar earraí agus seirbhísí inbhuanaithe a éascú, lucht tionchair a fhostú agus a chumhachtú agus modhanna nuálacha a thástáil chun na próisis agus an tírdhreach gnó atá ann cheana a oiriúnú. Chun tacú le glacadh níos leithne réiteach inbhuanaithe sa mhargadh, ba cheart glacadh an phobail i gcoitinne agus rannpháirtíocht na dtomhaltóirí a chur chun cinn.

(23)Ar leibhéal an Aontais, is iondúil go gcistítear infheistíochtaí móra i ngníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide trí bhíthin mórchláir chistiúcháin de chuid an Aontais (príomhshruthú). I gcomhthéacs ról catalaíoch na dtionscadal comhtháite straitéiseach agus na dtionscadal dúlra straitéiseach atá le forbairt faoin gClár, ba cheart deiseanna maoiniúcháin a ghiaráil leis na cláir chistiúcháin sin agus le foinsí eile cistiúcháin, amhail cistí náisiúnta, agus sineirgíochtaí a chruthú.

(24)Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuidiú a bheidh sa Chlár sin chun an ghníomhaíocht ar son na haeráide a phríomhshruthú agus chun sprioc fhoriomlán 25 % de chaiteachais bhuiséadacha an Aontais a bhaint amach maidir leis an tacaíocht do chuspóirí aeráide. Le gníomhaíochtaí faoin gClár seo, meastar go gcaithfear 61 % d’imchlúdach airgeadais foriomlán an Chláir ar chuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha.

(25)Agus an Clár á chur chun feidhme, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an straitéis maidir leis na réigiúin is forimeallaí 30 i bhfianaise Airteagal 349 CFAE agus riachtanais shonracha na réigiún sin agus a leochailí atá siad. Ba cheart freisin beartais eile an Aontais nach beartais maidir leis an gcomhshaoil agus leis an aeráid, agus nach beartais ábhartha maidir leis an aistriú chuig fuinneamh glan iad a chur san áireamh.

(26)Chun tacú le cur chun feidhme an Chláir, ba cheart don Choimisiún comhoibriú le pointí teagmhála náisiúnta an Chláir, seimineáir agus ceardlanna a eagrú, liostaí de thionscadail arna gcistiú faoin gclár LIFE a fhoilsiú nó tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eile chun torthaí tionscadail a scaipeadh agus éascaíocht a dhéanamh do mhalartuithe taithí, eolais agus dea-chleachtas agus do mhacasamhlú torthaí tionscadail ar fud an Aontais Leis na gníomhaíochtaí sin, ba cheart go háirithe díriú ar na Ballstáit ag a bhfuil glacadh íseal cistí agus an chumarsáid agus an comhar a éascú idir tairbhithe, iarratasóirí nó páirtithe leasmhara tionscadail, ar tionscadail iad atá curtha i gcrích agus tionscadail atá idir lámha sa réimse céanna.

(27)Bunaíodh Líonra an Aontais Eorpaigh maidir le dlí an chomhshaoil a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú (IMPEL), Líonra Eorpach na nionchúisitheoirí don chomhshaol (ENPE) agus Fóram breithiúna an Aontais Eorpaigh don chomhshaol (EUFJE) chun an comhoibriú idir na Ballstáit a éascú agus tá ról uathúil acu i reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol a fhorfheidhmiú. Cuireann na comhlachais sin go mór le comhsheasmhacht sa dóigh a ndéantar reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais, saobhadh iomaíochta a sheachaint, cuidiú cáilíocht an iniúchta comhshaoil agus sásraí forfheidhmithe dlí a fheabhsú trí bhíthin córas líonraithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an Bhallstáit araon, agus malartú faisnéise agus taithí a sholáthar ag leibhéil dhifriúla riaracháin, chomh maith le hoiliúint chríochnúil agus dianphlé i dtaca le saincheisteanna comhshaoil agus na gnéithe forfheidhmithe a bhaineann leo, lena náirítear próisis faireacháin agus próisis cheadúcháin. I bhfianaise a rannchuidithe le cuspóirí an Chláir, is iomchuí a údarú deontais a dhámhachtain do IMPEL, ENPE agus EUFJE gan glao ar thograí ionas go leanfaí de thacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí na gcomhlachas sin. Ina theannta sin, i gcásanna eile is féidir nach gá glao de bhun cheanglais ghinearálta an Rialacháin Airgeadais, i gcás comhlachtaí arna nainmniú ag na Ballstáit, mar shampla, agus ag feidhmiú faoina gcúram, i gcás ina sainaithneofar na Ballstáit sin mar thairbhithe deontais trí bhíthin ghníomh reachtach an Aontais.

(28)Is iomchuí imchlúdach airgeadais a leagan síos don Chlár arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais 31 .

(29)Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar na rialacha sin síos sa Rialachán Airgeadais agus is iad a chinneann, go háirithe, an nós imeachta le haghaidh an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear iontu maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Ina theannta sin, baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais ar easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, óir réamhchoinníoll bunriachtanach le haghaidh bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach ón Aontas is ea urramú an smachta reachta.

(30)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 , Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 33 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 34 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 35 , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(31)Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na gníomhaíochta a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar na rioscaí a mheastar a thiocfadh de neamh-chomhlíonadh. Maidir le deontais, ba cheart a áireamh leis seo breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus scálaí costas aonaid.

(32)Ina theannta sin, ba cheart cuspóirí beartais an Chláir a shaothrú le hionstraimí airgeadais agus le ráthaíocht bhuiséadach faoin ngné nó faoi na gnéithe sin de bheartas […] an chláir InvestEU.

(33)De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle 37 , tá eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Maidir leis na heintitis sin, áfach, ba cheart dóibh a rannpháirtíocht sa Chlár seo a dhíriú go príomha ar thionscadail faoin bhfochlár don dúlra agus don bhithéagsúlacht.

(34)Ba cheart deis isteach sa Chlár a bheith ag tríú tíortha i gcomhréir leis na comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin, lena mbunaítear na coinníollacha sonracha a bhaineann lena rannpháirtíocht.

(35)Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gcomhaontú leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach leis an Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach.

(36)De bhun phointe 22 agus phointe 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéise arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha agus, san am céanna, ró-rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, a sheachaint. Ar na ceanglais sin, is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí sin, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an láthair. Is de thoradh rannchuidithe indíreacha fadtéarmacha nach furasta a thomhas chun raon iomlán cuspóirí comhshaoil agus aeráide de chuid an Aontais a bhaint amach a bhíonn tionchar iomlán ag an gClár. Chun faireachán a dhéanamh ar an gClár, ba cheart táscairí aschuir dhírigh agus ceanglais rianaithe a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlánú le comhbhailiúchán táscairí sonracha ar leibhéal an tionscadail a dtabharfar tuairisc orthu i gcláir oibre nó glaonna ar thograí, inter alia, Natura 2000 agus astaíochtaí truailleán áirithe aeir.

(37)Chun go bhféadfar na táscairí a athbhreithniú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na táscairí atá le húsáid chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach a chuspóirí ginearálta agus sonracha, go háirithe d’fhonn iad a ailíniú ar tháscairí a leagtar amach i leith cláir eile de chuid an Aontais. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(38)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cuidiú an fhorbairt inbhuanaithe agus cuspóirí agus spriocanna reachtaíocht, straitéisí, phleananna nó ghealltanais idirnáisiúnta AE maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le cuspóirí agus spriocanna reachtaíocht, straitéisí, phleananna nó ghealltanais idirnáisiúnta ábhartha AE maidir le fuinneamh glan a bhaint amach go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(39)Ar an ábhar sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 a aisghairm

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) (“an Clár”).

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021–2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn “tionscadail dúlra straitéiseacha” tionscadail a thacaíonn le cuspóirí dúlra agus bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach trí chláir chomhleanúnacha gníomhaíochta a chur chun feidhme sna Ballstáit chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí sin a phríomhshruthú i mbeartais agus ionstraimí eile airgeadais, lena náirítear trí na creataí gníomhaíochta tosaíochta arna mbunú de bhun Threoir 92/43/CEE a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe;

(2)ciallaíonn “tionscadail chomhtháite straitéiseacha” tionscadail a chuireann chun feidhme ar scála réigiúnach, ilréigiúnach, náisiúnta nó trasnáisiúnta straitéisí nó pleananna gníomhaíochta comhshaoil nó aeráide arna bhforbairt ag údaráis na mBallstát agus a cheanglaítear le reachtaíocht nó beartas sonrach an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid nó reachtaíocht nó beartas sonrach ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh glan agus, san am céanna, lena náirithítear rannpháirteachas páirtithe leasmhara agus lena gcuirtear chun cinn comhordú le foinse chistiúcháin amháin eile ar a laghad de chuid an Aontais, náisiúnta nó phríobháideach agus an fhoinse chistiúcháin sin a fhorscaoileadh;

(3)ciallaíonn “tionscadail cúnaimh theicniúil” tionscadail a thugann tacaíocht chun an acmhainneacht maidir le páirt a ghlacadh i dtionscadail ghníomhaíochta chaighdeánacha a fhorbairt, tionscadail chomhtháite straitéiseacha a ullmhú, rochtain ar ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais a ullmhú nó bearta eile is gá chun ullmhú i gcomhair torthaí ó thionscadail eile arna gcistiú faoin gClár, faoi na cláir a tháinig roimhe nó cláir eile de chuid an Aontais a chur á núsáid ar scála níos leithne nó a mhacasamhlú, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a shaothrú;

(4)ciallaíonn “tionscadail ghníomhaíochta caighdeánacha” tionscadail nach tionscadail chomhtháite straitéiseacha nó tionscadail cúnaimh theicniúil iad a shaothraíonn cuspóirí sonracha an Chláir a leagtar amach in Airteagal 3(2);

(5)ciallaíonn “oibríochtaí measctha” gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena náirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán (AE, Euratom) 2018/... (“an Rialachán Airgeadais”), lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-iníoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(6)ciallaíonn “eintiteas dlíthiúil” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlíthiúil agus a aithnítear mar eintiteas dlíthiúil faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir le hAirteagal 190(2)(c) den Rialachán Airgeadais;

Airteagal 3
Cuspóirí an Chláir

1.Is é cuspóir ginearálta an Chláir cuidiú leis an athrú i dtreo geilleagar glan ciorclach fuinneamhéifeachtúil ísealcharbóin aeráidseasmhach, lena náirítear an taistriú chuig fuinneamh glan, cáilíocht an chomhshaoil a chosaint agus a fheabhsú agus cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú.

2.Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a)teicnící agus cuir chuige nuálacha a fhorbairt, a thaispeáint agus a chur chun cinn chun cuspóirí reachtaíocht agus bheartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus maidir le gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach, lena náirítear an taistriú chuig fuinneamh glan, agus cuidiú dea-chleachtais maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht a chur i bhfeidhm;

(b)tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht agus bheartas ábhartha an Aontais, agus faireachán a dhéanamh orthu, lena náirítear rialachas trí acmhainneachtaí gníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus rannpháirteachas na sochaí sibhialta a fheabhsú;

(c)an úsáid mhórscála a bhaintear as réitigh theicniúla agus réitigh a bhfuil baint acu le beartas, ar réitigh rathúla iad, a spreagadh chun reachtaíocht agus beartas ábhartha an Aontais a chur chun feidhme trí bhíthin torthaí a mhacasamhlú, cuspóirí gaolmhara a chomhtháthú i mbeartais eile agus i gcleachtais san earnáil phoiblí agus phríobháideach, infheistíocht a fhorscaoileadh agus rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú.

Airteagal 4
Struchtúr an chláir

Seo a leanas struchtúr an Chláir:

(1)réimse an chomhshaoil, lena náirítear:

(a)an fochlár don dúlra agus don bhithéagsúlacht;

(b)an fochlár don gheilleagar ciorclach agus do chaighdeán na beatha;

(2)an réimse maidir le gníomhú ar son na haeráide, lena náirítear:

(a)an fochlár don mhaolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin;

(b)an fochlár don aistriú chuig fuinneamh glan.

Airteagal 5
An buiséad

1.Is é EUR 5 450 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021–2027.

2.Maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 1, seo a leanas a dháileadh táscach:

(a)EUR 3 500 000 000 do réimse an chomhshaoil, ina náirítear

(1)EUR 2 150 000 000 le haghaidh an fhochláir don dúlra agus don bhithéagsúlacht;

(2)EUR 1 350 000 000 le haghaidh an fhochláir don gheilleagar ciorclach agus do chaighdeán na beatha;

(a)EUR 1 950 000 000 don réimse maidir le gníomhú ar son na haeráide, ina náirítear

(1)EUR 950 000 000 le haghaidh an fhochláir don mhaolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin;

(2)EUR 1 000 000 000 le haghaidh an fhochláir don aistriú chuig fuinneamh glan.

3.Beidh na méideanna dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 gan dochar d’fhorálacha solúbthachta a leagtar amach i Rialachán (AE) ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 , sa [an Rialachán nua maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil] agus sa Rialachán Airgeadais.

4.Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena náirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

5.Leis an gClár, féadfar gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún a mhaoiniú chun tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le reachtaíocht agus beartais ábhartha an Aontais maidir leis an aistriú chuig fuinneamh glan a ullmhú, a chur chun feidhme agus a phríomhshruthú chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh le gníomhaíochtaí den sórt sin:

(a)faisnéis agus cumarsáid, lena náirítear feachtais ardaithe feasachta. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh i dtaca le gníomhaíochtaí cumarsáide de bhun an Rialacháin seo, cumhdófar freisin cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais agus, ina theannta sin, maidir le stádas chur chun feidhme agus thrasuíomh reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le stádas chur chun feidhme agus thrasuíomh reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh glan;

(b)staidéir, suirbhéanna, samhaltú agus cruthú creatlaí cáis;

(c)tionscadail nach gcistítear faoin gClár, beartais, cláir agus reachtaíocht a ullmhú agus a chur chun feidhme chomh maith le faireachán, seiceáil agus meastóireacht a dhéanamh orthu;

(d)ceardlanna, comhdhálacha agus cruinnithe;

(e)líonrú agus ardáin dea-chleachtais;

(f)gníomhaíochtaí eile.

Airteagal 6
Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.Beidh deis isteach sa Chlár ag na tríú tíortha seo a leanas:

(a)comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

(b)tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll

go náirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá páirteach i gcláir an Aontais;

go leagtar síos coinníollacha do rannpháirtíocht sna cláir, lena náirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh maidir leis an gClár;

go ráthaítear cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

2.I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár de thoradh cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar ar na cearta sin an ceart chun imscrúduithe a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Airteagal 7
Sineirgíochtaí le cláir eile de chuid an Aontais

Cuirfear an Clár chun feidhme ar bhealach lena náirithítear a chomhsheasmhacht le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, an clár Fís Eorpach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus InvestEU, chun sineirgíochtaí a chruthú, go háirithe maidir le tionscadail dúlra straitéiseacha agus tionscadail chomhtháite straitéiseacha, agus chun tacú le glacadh le réitigh arna bhforbairt faoin gClár agus na réitigh sin a mhacasamhlú.

Airteagal 8
Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal [61(1)(c)] den Rialachán Airgeadais.

2.Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfaidh sé maoiniú a sholáthar freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha.

CAIBIDIL II
INCHÁILITHEACHT

Airteagal 9
Deontais

Tabharfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 10
Gníomhaíochtaí incháilithe

1.Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.

2.Féadfar na cineálacha gníomhaíochta seo a leanas a mhaoiniú le deontais:

(a)tionscadail dúlra straitéiseacha faoin bhfochlár dá dtagraítear i bpointe (1)(a) d’Airteagal 4;

(b)tionscadail chomhtháite straitéiseacha faoi na fochláir dá dtagraítear i bpointe (1)(b), pointe (2)(a) agus pointe (2)(b) d’Airteagal 4;

(c)tionscadail cúnaimh theicniúil;

(d)tionscadail ghníomhaíochta caighdeánacha;

(e)tionscadail eile is gá ar mhaithe leis an gcuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3(1) a bhaint amach.

3.I gcomhréir le creataí gníomhaíochta tosaíochta arna mbunú de bhun Threoir 92/43/CEE, tabharfar tacaíocht do thionscadail faoin bhfochlár don dúlra agus don bhithéagsúlacht i dtaca le láithreáin Natura 2000 a bhainistiú, a athbhunú agus faireachán a dhéanamh orthu i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE agus le Treoir 2009/147/CE.

4.Féadfar gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas a mhaoiniú le deontais, ar choinníoll go saothraítear leis an tionscadal cuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais agus gur gá na gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas chun éifeachtacht na nidirghabhálacha a dhéantar i gcríocha na mBallstát a áirithiú.

5.Le deontais oibriúcháin, tacófar le feidhmiú na neintiteas neamhbhrabúsach atá rannpháirteach i bhforbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht agus bheartas an Aontais agus atá gníomhach go príomha i réimse an chomhshaoil nó sa réimse maidir le gníomhú ar son na haeráide, lena náirítear an taistriú chuig fuinneamh glan.

Airteagal 11
Eintitis incháilithe

1.Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal [197] den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2 go mír 3.

2.Tá na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha nó na críocha seo a leanas:

(1)Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(2)tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár;

(3)tríú tíortha eile atá liostaithe sa chlár oibre faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 4 go mír 6;

(b)aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta.

3.Níl daoine nádúrtha incháilithe.

4.Go heisceachtúil, tá eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach chun éifeachtúlacht na nidirghabhálacha a dhéantar san Aontas a áirithiú.

5.Eintitis dhlíthiúla atá rannpháirteach i gcuibhreannais ina bhfuil trí eintiteas neamhspleácha ar a laghad, atá bunaithe i mBallstáit éagsúla nó i dtíortha nó i gcríocha éagsúla thar lear atá bainteach leis na Ballstáit nó leis na tríú tíortha sin atá comhlachaithe leis an gClár nó le tríú tíortha eile, tá siad incháilithe.

6.I bprionsabal, ba cheart d’eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár costais a rannpháirtíochta a sheasamh.

Airteagal 12
Glao ar thograí

Gan dochar d’Airteagal [188] den Rialachán Airgeadais, féadfar deontais a dhámhachtain ar na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I gan glao ar thograí.

Airteagal 13
Critéir dhámhachtana

Leagfar amach na critéir roghnúcháin sna glaonna ar thograí ag cur san áireamh na nithe seo a leanas:

(a)seachnófar leis na tionscadail arna maoiniú ag an gClár an bonn a bhaint ó chuspóirí comhshaoil, cuspóirí aeráide nó cuspóirí ábhartha maidir le fuinneamh glan an Chláir agus, i gcás inar féidir, cuirfear chun cinn úsáid an tsoláthair phoiblí ghlais;

(a)tabharfar tosaíocht do thionscadail lena soláthraítear tairbhí indíreacha agus lena gcuirtear chun cinn sineirgíochtaí idir na fochláir dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b)tabharfar tosaíocht do thionscadail ar mó an deis go ndéanfaidh na hearnálacha poiblí nó príobháideacha iad a mhacasamhlú agus a ghlacadh nó lena ndéanfar na hinfheistíochtaí nó na hacmhainní airgeadais is mó a fhorscaoileadh (poitéinseal catalaíoch);

(c)áiritheofar inmhacasamhlú thorthaí na dtionscadal gníomhaíochta caighdeánach;

(d)ó thaobh na meastóireachta a dhéanfar orthu, tabharfar buntáiste sa bhreis do thionscadail a chuirfidh le torthaí tionscadal eile nó a chuirfidh le húsáid na dtorthaí sin ar scála níos leithne, ar tionscadail iad arna gcistiú faoin gClár, faoi na cláir a tháinig roimhe nó le cistí eile de chuid an Aontais;

(e)i gcás inarb iomchuí, tabharfar aird speisialta ar thionscadail i limistéir gheografacha a bhfuil riachtanais shonracha acu nó toisc a leochailí atá siad, amhail limistéir a bhfuil dúshláin shonracha chomhshaoil nó srianta nádúrtha iontu, limistéir trasteorann nó réigiúin fhorimeallacha.

Airteagal 14
Costais incháilithe a bhaineann le ceannach talún

Le cois na gcritéar a leagtar amach in Airteagal [186] den Rialachán Airgeadais, measfar costais a bhaineann le ceannach talún a bheith incháilithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(f)

(a)cuideoidh an ceannachán le feabhsú, cothabháil agus athchóiriú shláine líonra Natura 2000 a bunaíodh de bhun Airteagal 3 de Threoir 92/43/CEE, lena náirítear trí bhíthin nascthacht a fheabhsú trí chonairí, áiseanna foráis, nó eilimintí eile den bhonneagar glas a chruthú;

(b)is é ceannach talún an taon bhealach amháin nó an bealach is éifeachtaí ó thaobh costais de chun an toradh is inmhianaithe i dtaobh caomhnú de a bhaint amach;

(c)cuirfear an talamh arna ceannach in áirithe go fadtéarmach d’úsáid a bheidh ag luí leis na cuspóirí a leagtar amach sa Chlár;

(d)áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann, ar mhodh aistrithe nó ar dhóigh eile, go gcuirfear an talamh sin in áirithe go fadtéarmach chun críocha chaomhnú an dúlra.

Airteagal 15
Cistiú carnach, comhlántach agus comhpháirteach

1.Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici ó chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir rannpháirtigh de chuid an Aontais maidir lena rannchuidiú féin leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó chláir dhifriúla an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

2.I gcás gníomhaíochtaí ar bronnadh deimhniú an tSéala Barr Feabhais orthu, nó a chomhlíonann na coinníollacha carnacha comparáideacha seo a leanas:

(a)rinneadh measúnú ar na gníomhaíochtaí i nglao ar thograí faoin gClár;

(b)comhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;

(c)ní fhéadfar iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus nó ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal [67] de Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal [8] de Rialachán (AE) XX [an Rialachán maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air], ar choinníoll go bhfuil na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an chiste lena dtugtar tacaíocht.

CAIBIDIL III
OIBRÍOCHTAÍ MEASCTHA

Airteagal 16
Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha faoin gClár seo chun feidhme i gcomhréir leis an [Rialachán maidir le InvestEU] agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

CAIBIDIL IV
CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 17
Clár oibre

1.Is le dhá chlár oibre ilbhliantúla ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

2.Déanfar le gach clár oibre ilbhliantúil, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3, an méid seo a leanas a shonrú:

(a)leithdháileadh na gcistí faoi chuimsiú gach fochláir idir na riachtanais a luaitear sna fochláir sin agus na cineálacha difriúla cistiúcháin;

(b)na topaicí tionscadail nó na riachtanais shonracha a bhfuil réamh-leithdháileadh cistiúcháin ann do na tionscadail dá dtagraítear i bpointe (c) agus pointe (d) d’Airteagal 10(2);

(c)na spriocphleananna ar ina leith a bhféadfar cistiú a iarraidh do thionscadail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(2);

(d)an uastréimhse incháilitheachta do chur chun feidhme an tionscadail.

Airteagal 18
Faireachán agus tuairisciú

1.Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

2.Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 21, chun Iarscríbhinn II a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas chun gur féidir táscairí in-chomhiomlánaithe aschuir agus tionchair a thiomsú do chuspóirí ábhartha sonracha uile beartais comhshaoil agus aeráide, lena náirítear i dtaca le Natura 2000 agus astaíochtaí truailleán áirithe aeir, CO2 san áireamh.

4.Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú rialta ar phríomhshruthú cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta, lena náirítear méid an chaiteachais. An méid a chuidíonn an Rialachán seo le sprioc 25 % de bhuiséad uile an chaiteachais lena dtugtar tacaíocht chun cuspóirí aeráide a bhaint amach, déanfar é a rianú trí bhíthin chóras marcóirí aeráide an Aontais. Déanfar an caiteachas maidir leis an mbithéagsúlacht a rianú le tacar ar leith marcóirí. Na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a mheastar a chabhróidh cuspóirí comhshaoil agus aeráide faoi seach a bhaint amach le linn na tréimhse 2021–2027 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil ar an leibhéal iomchuí imdhealaithe, úsáidfear na modhanna rianaithe sin chun iad a chainníochtú. Cuirfear an caiteachas i láthair go bliantúil i ráiteas buiséadach an Chláir. Tabharfar tuairisc go tráthrialta ar an dóigh a gcuidíonn an Clár le cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta a bhaint amach i gcomhthéacs meastóireachtaí agus na tuarascála bliantúla.

5.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar shineirgíochtaí idir an Clár agus cláir chomhlántacha eile de chuid an Aontais, agus idir a fhochláir.

Airteagal 19
Meastóireacht

1.Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár ach a mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach faide ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.

3.I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear sa dara mír d’Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

4.Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

CAIBIDIL V
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 20
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na tionscadail agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

2.Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár ina gcuidiú freisin maidir le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 21
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 18(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 18(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 22
Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 23
Forálacha idirthréimhseacha

1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 agus Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013, a leanfaidh d’fheidhm a bheith acu maidir leis na tionscadail lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach chun an taistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 agus Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 a áirithiú.

3.Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 31 Nollaig 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na tionscadail nach mbeidh curtha i gcrích faoin dáta sin a bhainistiú.

4.Féadfar athshreabha ó ionstraimí airgeadais arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 a infheistiú sna hionstraimí airgeadais arna mbunú faoin [gciste InvestEU].

5.Úsáidfear na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d’ioncam sannta a eascraíonn as aisíoc méideanna a íocadh go mícheart de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 nó Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 , chun an Clár a mhaoiniú.

Airteagal 24
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

III. Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 41  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Meastar go dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.

Sula gcuirfear chun feidhme é, déanfar na nithe seo a leanas:

– roinnt gníomhaíochtaí ullmhúcháin ar tugadh fúthu i gcreat an Chláir reatha, a theastaíonn go háirithe chun tús gan mhoill a chur le cur chun feidhme an fhochláir maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht;

– an clár oibre ilbhliantúil a ghlacadh lena sannfar leithdháileadh na gcistí faoi chuimsiú gach fochláir idir na cineálacha difriúla cistiúcháin, téamaí na dtionscadal nó na riachtanais shonracha ar gá réamh-leithdháileadh cistiúcháin ina leith, na cineálacha spriocphleananna a bhféadfaidh cistiú a iarraidh i leith tionscadail chomhtháite straitéiseacha, chomh maith leis an uastréimhse incháilitheachta chun na tionscadail a chur chun feidhme.

1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an luach breise a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Eascraíonn luach breise an Chláir ón ról catalaíoch atá leis ó thaobh tacú le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus agus maidir leis an aeráid a fhorbairt, mar aon le gníomhaíochtaí lena gcuirtear feabhas ar chuspóirí maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhaint amach, lena náirítear an taistriú chuig fuinneamh glan ar fud an Aontais.

Is follas nach féidir fadhbanna comhshaoil, lena náirítear an tathrú aeráide, a chur faoi réir theorainneacha na polaitíochta, an dlí ná an duine agus nach féidir leis na Ballstáit astu féin na fadhbanna sin a réiteach go leordhóthanach. Ní mór don Aontas idirghabháil a dhéanamh trí bhíthin uirlis atá saincheaptha don chomhshaol agus don aeráid, lena náirítear an éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite, chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin ar dhóigh éifeachtúil, teipeanna comhordúcháin a sheachaint, agus príomhshruthú an bheartais comhshaoil agus aeráide a éascú i mbuiséad an Aontais agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe a bheith ag an mbeartas sin.

Is éifeachtaí an cur chun feidhme a bhaintear amach mar, a bhuí leis an gclár LIFE, rannchuidítear le beartais agus reachtaíocht an Aontais don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, lena náirithítear comhordú ar leibhéal an Aontais, agus lena soláthraítear ardán ar leibhéal an Aontais chun dea-chleachtais a chomhroinnt agus chun réitigh níos éifeachtúla a thaispeáint, lena náirítear réitigh don aistriú chuig fuinneamh glan, ar nithe iad atá le macasamhlú ar bhonn níos leithne san Aontas.

Leis an gclár LIFE, is féidir comhroinnt na freagrachta a fheabhsú agus, san am céanna, an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn chun sócmhainní comhshaoil an Aontais a bhainistiú agus a chaomhnú, ar earraí poiblí iad de ghnáth agus nach bhfuil dáilte go cothrom ar fud an Aontais. Ní hiondúil go léirítear sa mhargadh na costais agus na tairbhí a bhaineann leo agus, ar an ábhar sin, is gá a áirithiú go ndéanfar an tualach lena mbaineann a chomhroinnt ar mhaithe le dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair.

Leis an gclár LIFE, dírítear ar thionscadail ar scála measartha beag agus cuirtear ar fáil infheistíocht aonuaire i réimse sonrach, ag fáil réidh le bacainní tosaigh agus ag tástáil cur chuige nua, lena ndéantar gníomhaíochtaí níos leithne a spreagadh agus an beartas maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a phríomhshruthú in uirlisí mórchaiteachais de chuid an Aontais.

Trí bhíthin tionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail dúlra straitéiseacha, cruthaítear sineirgíochtaí i gcistí an Aontais agus cistí náisiúnta lena néascaítear reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme.

Anuas air sin, maoinítear leis an gclár LIFE na gníomhaíochtaí agus na bearta sin ar lú an maoiniú a bheadh ar fáil dóibh, murach an Clár, dá bhfágfaí an maoiniú sin faoi na Ballstáit amháin. I dtaca le píosaí áirithe reachtaíochta de chuid an Aontais maidir leis an gcomhshaol, amhail an Treoir maidir le Gnáthóga agus an Treoir um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta, aithnítear go sonrach gur gá maoiniú ón Aontas chun a gcuspóirí a bhaint amach.

Tá an luach breise ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post) nasctha lena éifeacht chatalaíoch agus, ar an ábhar sin, leis an tionchar a bheidh ag na nithe seo a leanas:

– reachtaíocht agus beartais nua nó reachtaíocht agus beartais mhodhnaithe arna gcomhaontú agus arna gcur chun feidhme ar an leibhéal idirnáisiúnta, Comhaontú Pháras cuir i gcás, agus ar leibhéal an Aontais,

– teicnící, cuir chuige agus dea-chleachtas atá nua agus nuálach a chur chun feidhme, agus

– réitigh theicniúla agus réitigh a bhfuil baint acu le beartas, ar réitigh rathúla iad, a chur i bhfeidhm chun cuspóirí maidir leis an gcomhshaol, maidir le gníomhú ar son na haeráide agus maidir le fuinneamh glan a chomhtháthú i mbeartais eile agus i gcleachtais san earnáil phoiblí agus phríobháideach.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile chosúil am a chuaigh thart

Baintear de thátal as an meastóireacht deiridh a rinneadh ar an gclár LIFE+ (2007–2013) gur éirigh leis an gClár cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol a chur chun cinn agus go raibh luach breise nach beag ann don Aontas. Sainaithníodh freisin, áfach, roinnt easnamh sa Chlár. Trí bhíthin athruithe a dhéanamh ar an gcaoi a leagadh amach an clár LIFE reatha (2014–2020), tugadh aghaidh ar fhormhór mór na neasnamh sin.

Rinneadh iniúchadh ar a éifeachtaí a bhí na hathruithe sin sa mheastóireacht mheántéarma a rinneadh le déanaí ar an gclár LIFE. D’ainneoin gur tugadh faoin meastóireacht ag céim luath de chur chun feidhme an Chláir, tráth nach raibh tús curtha ach le tionscadail 2014 agus 2015, dheimhnigh an tathbhreithniú sin go bhfuil gach cosúlacht ann go bhfuil an Clár éifeachtach, éifeachtúil agus ábhartha agus go bhfuil sé ag cur leis an straitéis Eoraip 2020. Anuas air sin, tá formhór mór na bpáirtithe leasmhara a bhí rannpháirteach sa chomhairliúchán poiblí den tuairim gur uirlis ríthábhachtach é an clár LIFE chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhshaoil agus aeráide.

Tá achoimre anseo thíos ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón meastóireacht mheántéarma agus, i gcás inarb ábhartha, moltaí ó athbhreithnithe eile a rinneadh ar an gclár LIFE. Trí ghné atá i gceist: ábharthacht, comhleanúnachas agus cumhdach an Chláir; a éifeachtaí atá an Clár agus an éifeacht chatalaíoch atá leis; agus éifeachtúlacht agus simpliú an Chláir. Sa Chlár reatha, cuireadh san áireamh cuid de na conclúidí i gcur chun feidhme an Chláir.

1. Ábharthacht, comhleanúnachas agus cumhdach an Chláir

   Tá an clár LIFE, agus na cuspóirí ginearálta atá leis, ábhartha agus tá siad dírithe ar thosaíochtaí reatha beartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid. Ina theannta sin, freagraíonn na sé réimse tosaíochta a shainítear sa chlár LIFE reatha do na riachtanais.

   Bíonn tionchar ag thart ar 13 % de thionscadail an chláir LIFE ar níos mó ná réimse téamach amháin. Is forluí sineirgeach é: má chuirtear idirspleáchas acmhainní nádúrtha san áireamh, is éifeachtaí tionscadail ilchuspóireacha. Trí bhíthin pointí bónais a bhronnadh le linn na meastóireachta, cúitítear tionchar iomlán na dtionscadal sin.

   I ngeall ar an mbuiséad beag, scóip leathan na gcuspóirí beartais ar a ndírítear agus na dúshláin nua, ní fhéadfar aghaidh a thabhairt ar na réimsí uile ar dhóigh leordhóthanach roimh dheireadh na clárthréimhse. Ba ghá méadú mór ar an mbuiséad chun tairseach chriticiúil a chruthú lena spreagfaí athrú ar shaincheisteanna uile maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an aeráid.

   Dá ndéanfaí scóip an Chláir a laghdú, áfach, bheadh móriarmhairtí aige sin ar an dóigh a dtabharfaí aghaidh ar cheann amháin nó níos mó de thosaíochtaí an Chláir, mar shampla úsáid éifeachtúil acmhainní, cáilíocht an uisce agus an aeir, laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, an dúlra agus an bhithéagsúlacht lena náirítear caomhnú an chomhshaoil mhuirí, etc.

   Tá aon fhorluí idir na deontais atá maoinithe ag an gclár LIFE agus na deontais atá maoinithe ag cláir eile de chuid an Aontais, tionscadail taispeána faoin gclár Fís 2020 cuir i gcás, sineirgisteach óir tá spriocanna agus gníomhaíochtaí ar leith ag na cláir, ar spriocanna agus gníomhaíochtaí iad atá gaolmhar ach, san am céanna, atá difriúil ó thaobh méide agus cineáil de. I roinnt réimsí, an dúlra agus an bhithéagsúlacht cuir i gcás, lena náirítear éiceachórais mhuirí, tá ról uathúil ríthábhachtach ag an gClár. Tugadh sineirgíochtaí agus comhlántachtaí faoi deara go háirithe i gcás cláir thaighde, cláir chomhtháthaithe agus cláir forbraíochta tuaithe. Mar sin féin, d’fhéadfaí feabhas a áireamh dá ndéanfaí sásraí sineirgíochta a fhorbairt go córasach.

2. A éifeachtaí atá an Clár agus an éifeacht chatalaíoch atá leis

   Ar an iomlán, is cosúil gur sásraí seachadta éifeachtacha iad na cineálacha éagsúla deontais (tionscadail ghníomhaíochta caighdeánacha, tionscadail chomhtháite, cúnamh teicniúil le haghaidh tionscadail chomhtháite, tionscadail ullmhúcháin agus tacaíocht d’eagraíochtaí neamhrialtasacha).

   Leis na tionscadail chomhtháite, lena ndéantar cur chun feidhme gníomhaíochtaí ar mhórscála críochach a chomhordú, léiríodh poitéinseal nach beag éifeacht chatalaíoch an chláir LIFE a fheabhsú. A bhuí le maoiniú de EUR 251.7 milliún ón gclár LIFE do thionscadail chomhtháite faoin gClár reatha sa tréimhse 2014–2016, meastar go spreagfar infheistíochtaí de thart ar EUR 5.7 billiún san iomlán i ngníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide. Ar an dóigh sin, i gcás gach euro ón gclár LIFE a chaitear, meastar go núsáidfear 22 euro eile ó fhoinsí eile ar bhealach comhordaithe le haghaidh cuspóirí comhshaoil agus aeráide.

   Tá an ionstraim phíolótach airgeadais, an ionstraim maidir le maoiniú príobháideach le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh, dírithe ar acmhainneacht na ninstitiúidí airgeadais a mhéadú chun táirgí sonracha iasachta a dhíríonn ar infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt agus a thástáil. Glacadh go maith leis an ionstraim sin agus léiríodh léi, tar éis na céime píolótaí, go bhféadfaí iasachtaí píolótacha i dtaca le héifeachtúlacht fuinnimh a chur á núsáid ar scála níos leithne agus a phríomhshruthú trí bhíthin ionstraimí airgeadais ábhartha arna bhforscaoileadh ó chláir an Aontais, go háirithe faoin gclár InvestEU amach anseo.

   D’iarr Coiste Eorpach na Réigiún ar an gclár LIFE comhlántacht níos mó idir maoiniú príobháideach le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh agus ionstraimí airgeadais ábhartha eile a bhaint amach.

   Leis an ionstraim phíolótach airgeadais dá ngairtear an tSaoráid Mhaoiniúcháin um Chaipiteal Nádúrtha, soláthraítear iasachtaí, caipiteal agus ráthaíochtaí le haghaidh beart maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide lenar féidir ioncam a ghiniúint nó costais a shábháil. Tá sé beartaithe tacar oibríochtaí iontaofa inmhacasamhlaithe a leagan síos a fhéadfar a úsáid mar “chruthúnas coincheapa” chun a léiriú d’infheisteoirí ionchasacha a tharraingtí atá oibríochtaí lena dtugtar aghaidh, ar dhóigh dhíreach, ar chuspóirí maidir leis an mbithéagsúlacht agus maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide. Níor glacadh ach go mall leis an ionstraim toisc gur gá cleachtais bhaincéireachta a oiriúnú chun na torthaí ar na hinfheistíochtaí sin a mheas, agus an gá atá le feabhas a chur ar cháilíocht na niarratas ar thionscadail. De thoradh na meastóireachta meántéarma ar an gclár LIFE, rinneadh roinnt coigeartuithe chun an ionstraim a dhéanamh níos feiceálaí agus chun an tsaoráid um chúnamh teicniúil a chur chun gnímh. Tá feabhas tar éis teacht ar líon na dtionscadal dá bharr. Ceann de na moltaí a bhfuil aghaidh le tabhairt air go fóill is ea an tacaíocht airgeadais a chomhlánú le deontais spriocdhírithe, próiseas a dtugtar “cumasc” air.

   Meastar gur sásra seachadta tábhachtach iad conarthaí soláthair phoiblí chun tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt chun reachtaíocht agus beartais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a ullmhú agus iad a chur chun feidhme/a fhorfheidhmiú. Tá éifeacht chatalaíoch thábhachtach leo.

3. Éifeachtúlacht agus simpliú an Chláir

   A bhuí le tarmligean na bainistíochta ón gCoimisiún chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (EASME), spáráladh costais agus feabhsaíodh éifeachtúlacht an Chláir toisc gur tugadh isteach leis barainneachtaí scála chun an líon mór oibríochtaí aonchineálacha agus caighdeánaithe is gá chun deontais a bhainistiú a chur chun feidhme.

   Tá an clár LIFE measartha éifeachtúil i gcomparáid le cláir eile de chuid an Aontais. I dtéarmaí coibhneasta, tá costas i bhfad níos lú ag baint leis an gclár LIFE a bhainistiú ná cláir eile den chineál céanna, an clár le haghaidh iomaíochais fiontar agus fiontar beag agus meánmhéide, cuir i gcás, agus an clár Fís 2020. Mar thoradh ar na cleachtais bhainistíochta arb é a saintréith úsáid na tacaíochta seachtraí chun faireachán a dhéanamh ar na tionscadail, bhí ráta an-ard rathúlachta ann agus ráta an-íseal earráidí, mar atá 0.25 % in 2017, an ráta is ísle as measc chláir uile an Aontais.

Céard eile is féidir a dhéanamh:

   Trí bhíthin tionscadail a stiúradh ar bhealach spriocdhírithe i dtreo príomhthosaíochtaí a thuilleadh, d’fhéadfaí a mbéim agus a bhfeidhmíocht a fheabhsú, go háirithe i gcás an fhochláir maidir leis an gcomhshaol, áit a sainítear na tosaíochtaí téamacha sa Rialachán ar feadh tréimhse seacht mbliana faoi láthair. D’fhéadfadh sé nach dtabharfaí aghaidh, le líon leordhóthanach idirghabhálacha, ar thosaíochtaí nua a thiocfaidh chun cinn le linn na clárthréimhse seacht mbliana, amhail an geilleagar ciorclach agus earnálacha lena mbaineann, mar shampla plaistigh, nó ar thosaíochtaí eile nach ndírítear orthu le tionscadail, ar tionscadail iad a roghnófar mar thoradh ar ghlao ar thograí bunaithe ar chur chuige ón mbun aníos.

   Tá tairbhithe den tuairim go bhfuil an tualach riaracháin ró-ard. Mar sin, ní mór an Rialachán, mar aon leis an bpróiseas iarratais agus tuairiscithe, a shimpliú. Tugadh isteach roinnt beart simpliúcháin cheana agus tá cinn eile a dtástáil.

   Tá líon íseal tairbhithe ó chuid de na Ballstáit rannpháirteach agus tá baol ann gur laige éifeacht chatalaíoch an Chláir dá bharr. Tá fianaise ann a thugann le fios nach bhfuil leithdháiltí náisiúnta éifeachtach chun díriú ar an bhfadhb seo: mar thoradh air, tháinig laghdú ar rannpháirtíocht na dtíortha ar mhó a rannpháirtíocht gan rannpháirtíocht na dtíortha eile a fheabhsú. Cuireadh deireadh leis ó 2018 ar aghaidh. D’ainneoin go bhfuil deontais fothaithe acmhainneachta a tugadh isteach in 2014 fós ar fáil agus go bhfuil sé ró-luath teacht ar chonclúid ina leith, níl ach cuma mheasartha ar na torthaí. Ba cheart bealaí nua a lorg chun rannpháirtíocht mhíchothrom a mhaolú.

   Dá mhéad a dhéantar na torthaí tionscadail a mhacasamhlú, is ea is fearr an éifeacht chatalaíoch a bheidh ag an gclár LIFE. I dtuarascáil ó 2016, d’ainneoin poitéinseal maith a bheith ag thart ar thrí cheathrú de thionscadail maidir le macasamhlú, maítear go bhfuil áit ann do mhacasamhlú iarbhír a fheabhsú. Ar na bacainní is mó, luann na tairbhithe easpa na nithe seo a leanas: acmhainní airgeadais, spéis ag lucht déanta cinntí agus a dtuiscint ar an bpráinn, faisnéis agus cumarsáid ar leith i dtaobh réitigh inaistrithe, agus acmhainneacht maidir le pleanáil infheistíochtaí.

1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

Is é an clár LIFE an taon chiste de chuid an Aontais atá tiomnaithe ina iomláine do chuspóirí comhshaoil agus aeráide, lena náirítear an taistriú chuig fuinneamh glan. Tá sé spriocdhírithe ar bhearna idir cláir an Aontais, sa chéad chás de, lena dtugtar tacaíocht do thaighde agus nuálaíocht agus, sa dara cás de, cláir an Aontais lena maoinítear úsáid mhórscála a bhaint as bearta (féach Léaráid 1
thíos).

Mar a léirítear i Léaráid 1, ag an gcéad chéim, “taighde agus nuálaíocht”, tá taighde príomhúil lena gcuirtear feabhas ar eolas eolaíoch agus taispeáint theicniúil chun nuálaíochtaí inmharthanachta a chruthú. Ní chumhdaítear leis an gclár LIFE an réimse sin cé is moite de ghníomhaíochtaí taighde ar scála beag lena dtugtar tacaíocht do chuspóirí eile i dtionscadail. Ag an dara céim, “taispeáint/dea-chleachtas”, áirítear éifeachtacht teicneolaíochtaí, cur chuige agus beartas nua a thástáil, a thaispeáint agus a phíolótú mar mhodhanna cur chun feidhme beartais. Is ag an gcéim seo den chuid is mó a mhaoinítear gníomhaíochtaí leis an gclár LIFE, go háirithe tionscadail ghníomhaíochta chaighdeánacha “seanbhunaithe”. Ina theannta sin, maoinítear gníomhaíochtaí leis an gclár LIFE ag an tríú céim, dá ngairtear “úsáid/feabhsú/feasacht a éascú”, trí bhíthin tionscadail chomhtháite straitéiseacha, cuir i gcás, agus gníomhaíochtaí lena dtacaítear leis an aistriú chuig fuinneamh glan. Ag an gcéim seo, réitíonn tionscadail an bealach d’úsáid teicneolaíochtaí agus cur chuige iomchuí ar mhórscála. Ag an gceathrú céim, “réitigh ghlasa a chistiú ar mhórscála”, cumhdaítear an cás ina bhfuil teicneolaíocht, cur chuige nó beartas inchreidte ach is é rochtain ar chistiú an phríomhbhacainn. Leis an gclár LIFE, ní sholáthraítear maoiniú le haghaidh cur chun feidhme ar mhórscála.

D’ainneoin go dtéann gníomhaíochtaí faoin gclár LIFE i ngleic go díreach le fadhbanna áirithe ar an láthair, is ar bhealach indíreach a bhíonn an tionchar is mó ag an gClár a bhuí lena ról mar chatalaíoch: an tacaíocht do ghníomhaíochtaí ar scála beag atá ceaptha cleachtais inbhuanaithe maidir le táirgeadh, dáileadh agus tomhaltas a chur ar bun, a mhéadú nó a bhrostú trí bhíthin na nithe seo a leanas:

   forbairt agus malartú an dea-chleachtais agus an eolais a éascú,

   cur leis na hacmhainneachtaí agus dlús a chur le reachtaíocht agus beartais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a chur chun feidhme,

   cúnamh a thabhairt do pháirtithe leasmhara teicneolaíochtaí agus réitigh ar scála beag a thástáil; agus

   cistiú ó fhoinsí eile a fhorscaoileadh.

Léaráid 1. Cumhdach an chláir LIFE agus mhórchláir agus mhórchistí eile an Choimisiúin Eorpaigh

Foinse: an Coimisiún Eorpach

Leis an measúnú tionchair, deimhnítear na conclúidí ón meastóireacht mheántéarma ar an gclár LIFE go bhfuil aon fhorluí i dtaca leis na céimeanna maoiniúcháin a bhaineann le beartas comhshaoil agus aeráide a chur chun feidhme agus a fhorbairt (féach Léaráid 1 thuas) sineirgeach.

Déanfar sineirgíochtaí a fhorbairt go háirithe leis an [gciste InvestEU], go mór mór an chuid sin den chiste a bhaineann le bonneagar inbhuanaithe, leis an [gclár Fís Eorpach, le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh].

Tá an clár LIFE ceaptha chun tacú le teicnící, cuir chuige agus dea-chleachtas a thaispeáint is féidir a mhacasamhlú agus ar féidir cur lena núsáid ar scála níos mó i gcláir atá níos mó. Le tionscadail chomhtháite straitéiseacha an chláir LIFE, déantar cistí Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus príobháideacha eile a fhorscaoileadh chun príomhphleananna don chomhshaol agus don aeráid a chur chun feidhme, mar shampla pleananna bainistíochta abhantraí, pleananna i leith aer glan, etc. A bhuí le tionscadail dúlra straitéiseacha, ó thaobh an dúlra agus na bithéagsúlachta de go háirithe, cuirfear chun feidhme cláir ghníomhaíochta chomhleanúnacha chun cuspóirí agus tosaíochtaí dúlra agus bithéagsúlachta an Aontais a phríomhshruthú i mbeartais agus ionstraimí eile airgeadais, lena náirítear trí na creataí gníomhaíochta tosaíochta arna mbunú de bhun Threoir 92/43/CEE a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe. Is é is aidhm do na tionscadail sin comhordú a dhéanamh ar na hacmhainní atá ar fáil chun tacú leis na cuspóirí maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht agus, ar an dóigh sin, príomhshruthú a fheabhsú.

Leis an measúnú tionchair, rinneadh iniúchadh freisin ar dhá rogha shonracha maidir le scóip an Chláir agus é mar rún forbairt níos fearr a dhéanamh ar shineirgíochtaí ionchasacha, lena dtugtar aghaidh ar aon bhearna nó fhorluí.

Ar thaobh amháin de, ag cur san áireamh an cuspóir agus an chéim den chineál céanna ar a bhfuil fochlár an chláir LIFE don aeráid dírithe, neartófar comhleanúnachas foriomlán agus sineirgíochtaí foriomlána an Chláir chun beartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol, maidir leis an aeráid agus maidir le fuinneamh glan a chur chun feidhme de thoradh gníomhaíochtaí tacaíochta maidir leis an aistriú chuig fuinneamh glan a chomhtháthú.

Ar an taobh eile de, de thoradh leanúint de sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais i gcríocha Eorpacha thar lear (BEST) 42 a mhaoiniú faoi fhochlár an Chláir LIFE don dúlra agus don bhithéagsúlacht, tabharfar aghaidh ar bhearna a bhaineann le maoiniú na bithéagsúlachta sna réigiúin is forimeallaí agus i dtíortha agus críocha thar lear agus ceadófar, dá bharr, sineirgíochtaí ar cuireadh tús leo faoi BEST a fhorbairt a thuilleadh.

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón 01/01/2021 go dtí an 31/12/2027

   Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go 2036 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 43  

Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

☑ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

☑ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

☑ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

☑ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

☑ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

☑ comhlachtaí dlí poiblí;

☑ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

☑ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

Nótaí:

Féadfar cur chun feidhme an Chláir a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin, faoi réir thoradh an mheasúnaithe costais is tairbhe agus na gcinntí lena mbaineann atá le déanamh.

D’fhéadfaí bainistíocht indíreach a úsáid ar bhonn ad hoc agus maidir le sciar teoranta d’imchlúdach airgeadais an Chláir, trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, an Banc Eorpach Infheistíochta nó an Ciste Eorpach Infheistíochta nó eagraíochtaí eile. Beidh sé sin ag brath ar chineál na gcúraimí atá i dtrácht.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Breithníodh sa mheastóireacht mheántéarma go bhfuil an faireachán agus an mheastóireacht reatha éifeachtach agus éifeachtúil den chuid is mó.

Maidir leis an úsáid a bhaintear as cistí sna tionscadail, léirítear leis na torthaí rialuithe ex post ar an gclár LIFE Plus agus faireachán ar an láthair ar thionscadail LIFE go mbaineann céatadán an-ard de na tionscadail torthaí fónta amach agus gur ísle i bhfad “ráta earráide” an Chláir, eadhon an méid sin a mheastar a bheith i mbaol, ná an tagarmharc ábharthachta den tairseach 2 % agus go bhfuil sé ag laghdú: in 2012, EUR 2.27 a bhí ann in aghaidh gach EUR 100 a caitheadh, laghdaigh sé sin go EUR 1.24 in 2015 agus, go deimhin, laghdaigh sé arís go EUR 0.44 in 2016 agus EUR 0.25 in 2017, an ráta is lú as measc chláir uile an Aontais.

Tá faireachán an Chláir bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó chláir roimhe seo agus déantar an faireachán sin mar seo a leanas:

1. ar leibhéal an tionscadail agus

2. ar leibhéal an Chláir.

1. I dtaca le gach togra, ní mór na torthaí lena bhfuiltear ag súil ina leith a chur in iúl agus sin a léiriú i dtéarmaí an toraidh ar leibhéal an tionscadail. Sainítear na torthaí sin de réir tacar príomhtháscáirí feidhmíochta réamhshainithe. I dtaca leis na tionscadail, déanann an fhoireann faireacháin agus an toifigeach tionscadail na táscairí sin a bhailíochtú agus is leis na táscairí sin a dhéantar faireachán ar dhul chun cinn an tionscadail. Déanfar na táscairí a nuashonrú go tráthrialta agus cuirfear na luachanna ionchais i gcomparáid leis na luachanna iarbhír sa tuarascáil mheántéarma agus sa tuarascáil deiridh.

Na tionscadail maidir leis an gcomhshaol, maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht, agus maidir le gníomhú ar son na haeráide, tá sé beartaithe go dtabharfar cuairteanna faireacháin orthu ar a laghad uair sa bhliain agus tabharfaidh baill foirne ón gCoimisiún cuairt ar gach tionscadal ar a laghad uair amháin. Cuirfear aiseolas ar fáil don tairbhí chun feidhmíocht a fheabhsú. Cruthófar comhad faireacháin ag tús gach tionscadail a bheidh ina thuarascáil ghearr lena náireofar cur síos ar an tionscadal mar aon le gníomhaíochtaí achoimrithe agus aschuir agus torthaí ionchais. Le cuairteanna ón bhfoireann faireacháin uair in aghaidh na bliana, soláthrófar forléargas ar chur chun feidhme an tionscadail, braithfear fadhbanna go luath agus tabharfar aghaidh orthu. Cuideoidh sé sin le ráta ard rathúlachta na dtionscadal agus le ráta íseal earráide an Chláir.

Chomh maith leis an tuarascáil deiridh, ceanglaítear ar gach tionscadal plean a thíolacadh don tréimhse tar éis an chláir LIFE, lena náirítear inter alia liosta de na himpleachtaí a mheastar a bheidh ann a úsáidfear mar bhunús chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht na dtorthaí tionscadail. Leanfar ar aghaidh leis an gcleachtas reatha de chuairteanna faireacháin ex post le haghaidh tionscadal roghnaithe. Leis sin, soláthrófar faisnéis maidir le hinmhacasamhlú na dtionscadal tar éis bliain amháin agus cuideofar le measúnú a dhéanamh ar éifeacht chatalaíoch an Chláir

2. Ar leibhéal an Chláir, leagtar amach leis na cláir oibre ilbhliantúla tosaíochtaí téamacha ar leith maidir lena bhfad ama agus a gcuspóirí sonracha, lena náirítear torthaí ionchais (líon na dtionscadal comhtháite straitéiseach a mheastar a bheidh ann, cuir i gcás, cumhdach Natura 2000 le tionscadail LIFE, cumhdach dúiche abhantraí le tionscadail LIFE). Ag deireadh an ghlao ar thograí gach bliain, déanfaidh an Coimisiún anailís ar cé acu an bhfuil líon leordhóthanach tionscadal maoinithe le haghaidh réimse gníomhaíochta áirithe nó nach bhfuil agus déanfaidh sé coigeartuithe de réir mar is gá chun na spriocanna meántéarma a bhaint amach.

Déanfar na príomhnithe atá bainte amach i dtaca le tosaíochtaí faoi leith a thíolacadh le linn cnuaschruinnithe agus déanfar achoimre orthu i dtuarascálacha téamacha. Is iad sin ceann amháin de na huirlisí a úsáidtear chun torthaí a scaipeadh agus chun tacú le beartas a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Tá sé iontach deacair measúnú a dhéanamh ar éifeacht chatalaíoch an Chláir, ag cur san áireamh an raon leathan tionscnamh a mhaoinítear agus toisc go meastar nach mbeidh éifeacht chatalaíoch na dtionscadal le feiceáil ach san fhadtéarma den chuid is mó, nuair a bheidh deireadh leis na tionscadail. Ar an ábhar sin, ní mór cothromaíocht a aimsiú idir an gá atá le sonraí mionsonraithe ábhartha a fháil, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, na costais agus an tualach riaracháin lena mbaineann ar an tairbhí.

Chuige sin, úsáidfear na foinsí faisnéise seo a leanas i gcomhar le sonraí a thiomsófar ar leibhéal an tionscadail:

1.    déanfar measúnú ar shampla de thorthaí na dtionscadal bunaithe ar fhoinsí agus uirlisí atá neamhspleách ar an tionscadal é féin, sonraí réigiúnacha i dtaca le cáilíocht an aeir, cuir i gcás, nó sonraí ó chlár na bhfiontar. Déanfar na tionscadail sin a shainaithint ar bhonn córasach;

2.    sonraí arna soláthar ar bhonn deonach ag tairbhithe tionscadal, ar tionscadail iad ar tháinig deireadh leo cheana féin, arna seiceáil ar bhonn samplach agus trí bhíthin misin ex post;

3.    tiomsófar sonraí ar bhonn córasach maidir le méid foriomlán na nacmhainní airgeadais arna bhforscaoileadh agus/nó arna gcomhordú ag na tionscadail;

4.    fiosrúcháin ó ghníomhaithe tábhachtacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

Ar an dóigh sin, aistreofar tuilleadh an tualach a bhaineann le sonraí a thiomsú ó na tairbhithe chuig na monatóirí (an fhoireann faireacháin, monatóirí seachtracha, EASME agus an Coimisiún).

Cuirfear chun feidhme meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht ex post ar an gClár in 2024 agus 2027 faoi seach. Mar a shainítear sa mheasúnú tionchair, ag cur san áireamh fad meánach an tionscadail, soláthrófar leis na meastóireachtaí sin forléargas ar an an gClár le linn an ama atá sé i bhfeidhm, comhlánaithe le hanailís ar fheidhmíocht an chláir LIFE 2014–2020 agus ar thionchar an chláir LIFE Plus.

Chun fianaise a sholáthar de na tairbhí indíreacha is féidir teacht ón gClár maidir le tosaíochtaí sonracha, amhail gníomhú ar son na haeráide agus na bithéagsúlachta, agus chun léiriú níos fearr a thabhairt ar an leibhéal caiteachais atá ar fáil sa Chlár ina iomláine do na tosaíochtaí sin, áireofar leis an gcreat faireacháin modheolaíocht chun rianú a dhéanamh ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht, mar atá sainithe i dTeachtaireacht an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil.

A bhuí leis sin, beifear in ann na caiteachais sa chlár LIFE a bhaineann leis an dá thosaíocht sin a shainaithint.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún a bheidh sa mhodh bainistíochta le haghaidh an chláir LIFE agus féadfar í a tharmligean i bpáirt chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin atá ann cheana. Ó am go chéile, i gcás gníomhaíochtaí ad hoc ar leith, d’fhéadfadh bainistíocht indíreach a bheith i gceist.

Tabharfaidh grúpa saineolaithe ar a bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit cúnamh don Choimisiún.

Beidh an córas rialaithe inmheánaigh bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí. Is iad seo a leanas príomhghnéithe an chórais sin, a mbeidh feidhm acu maidir le gach idirbheart airgeadais idir dheontais, sholáthar agus duaiseanna:

   na scagchuarda airgeadais bunaithe, go háirithe, ar rialú ex ante gach idirbhirt agus ar rialuithe sonracha ar chuid de na hidirbhearta sin;

   na rialuithe a dhéanfar ar acmhainneacht airgeadais agus acmhainneacht theicniúil na niarratasóirí nó na dtairgeoirí sula ndéanfar an dámhachtain;

   na tuarascálacha bliantúla agus na tuarascálacha feidhmíochta mar aon le tuarascálacha eile lena ndírítear ar bhainistíocht cuntasaíochta, bainistíocht airgeadais agus bainistíocht oibríochtúil.

I gcás roinnt tionscadal réamhshainithe, arna roghnú ar bhonn riosca (chun earráidí a bhrath agus a cheartú) nó ar bhonn sampláil ionadaíoch (chun dearbhú réasúnta a thabhairt don oifigeach údarúcháin faoi dhlíthiúlacht agus rialtacht na nidirbheart), déanfar iniúchtaí ex post ar an láthair.

Cuirtear san áireamh na moltaí a eascraíonn ó mheastóireachtaí an chláir, na tuarascálacha arna neisiúint ag an iniúchóir inmheánach agus tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí arb é is aidhm dóibh éifeachtacht agus luach breise Eorpach an Chláir a mhéadú.

2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Tá an córas rialaithe inmheánaigh bunaithe den chuid is mó ar an taithí a fuarthas le linn 25 bliana den chlár LIFE a bhainistiú.

I measc tairbhithe na dtionscadal, áirítear mórchuid eagraíochtaí difriúla: fiontair bheaga agus mhóra (tugtar 44 % den mhaoiniú iomlán d’fhiontair, arb é 33 % díobh fiontair bheaga agus mheánmhéide), chomh maith le heagraíochtaí neamhthráchtála príobháideacha (24 %) agus comhlachtaí poiblí (32 %).

Roghnaítear tograí de réir dhintiúir ghairmiúla agus chobhsaíocht airgeadais na dtairbhithe agus de réir critéar eile arna bhforchur leis an mbunús dlí.

Baintear úsáid as an gcóras réamhrabhaidh i rith an phróisis roghnúcháin chun rioscaí féideartha a bhaineann le tairbhithe féideartha na ndeontas arna mbainistiú go lárnach a shainaithint. Déantar anailís ar an riosca i dtaca le cistiú dúbailte le linn do na tionscadail a bheith á roghnú agus malartaítear faisnéis le seirbhísí eile ar bhonn córasach.

Déantar seisiúin oiliúna ar chéimeanna éagsúla an timthrialla bainistithe tionscadail a reáchtáil ar an áitreabh le haghaidh na mbainisteoirí tionscadail chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha bainistíochta agus airgeadais. Chun teacht ar réiteach maidir le ceisteanna áirithe, cuirtear chun cinn teagmháil dhíreach le hoifigigh tionscadail agus oifigigh airgeadais sa Choimisiún agus sa ghníomhaireacht.

Mínítear príomhcheanglais na gcomhaontuithe deontais go hiomchuí do na tairbhithe ag cuairteanna ar an láthair agus ag cruinnithe comhordúcháin. De thoradh misin faireacháin a eagrú an uair a chuirtear tús leis na tionscadail go háirithe, arb é is aidhm dóibh fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann ag céim an-luath a bhrath, go mór mór ar leibhéal na gcóras rialaithe arna gcur ar bun ag na tairbhithe, agus na fadhbanna sin a cheartú, léiríodh gur uirlis ríthábhachtach iad na misin sin chun cásanna de neamh-chomhlíonadh a laghdú.

Reáchtáiltear seisiúin faisnéise le haghaidh na niniúchóirí ex post maidir leis na saintréithe calaoise a d’fhéadfaí a bhrath le linn iniúchóireachta ar an láthair ar ráitis airgeadais. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin straitéis frithchalaoise, féach pointe 2.3 thíos.

Tagann na rioscaí a shainaithnítear i dtaca le cur chun feidhme an Chláir faoi na catagóirí seo a leanas go príomha:

-    an riosca nach mbainfear úsáid leordhóthanach nó éifeachtach as cistí spriocdhírithe mar aon leis an riosca go ndéanfar cistí a fhoroinnt go hiomarcach i ngeall ar raon feidhme críochach nó téamach níos mó;

-    earráidí agus neamhéifeachtúlachtaí ar ann dóibh toisc a chasta atá na rialacha do na tairbhithe agus don Choimisiún, incháilitheacht costas, cuir i gcás, nó il-línte buiséid.

Má dhéantar an Clár a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin, beidh na rioscaí seo a leanas ann:

-    caillteanas ionchuir ó na tionscadail ó thaobh ceapadh beartais de agus a mhalairt;

-    teipeanna comhordúcháin má dhéantar an Clár a tharmligean i bpáirt (chuig an ngníomhaireacht feidhmiúcháin, chuig deontóirí eile nó institiúidí airgeadais);

-    an riosca, má dhéantar an Clár a tharmligean i bpáirt, nach saineofar ar dhóigh shoiléir teorainneacha na bhfreagrachtaí i dtaca le cúraimí arna dtarmligean chuig an ngníomhaireacht a bhainistiú agus a rialú.

Maidir leis an gcéad dá riosca, tugadh aghaidh orthu go páirteach trí bhíthin roghanna sonracha arna nanailísiú sa mheasúnú tionchair, eadhon

1. Béim straitéiseach an Chláir a fheabhsú trí bhíthin an Rialachán agus an clár oibre ilbhliantúil a shimpliú

2. An tualach riaracháin a laghdú d’iarratasóirí agus do thairbhithe

3. Na nósanna imeachta a chuíchóiriú le haghaidh buiséad an Aontais a chur chun feidhme

Cuireadh cosc roimhe seo ar na rioscaí a bhaineann le fo-iarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcúram bainistíochta a aistriú chuig EASME, amhail an easpa leanúnachais agus caillteanas ionchuir ó na tionscadail ó thaobh ceapadh beartais de agus a mhalairt, trí acmhainní daonna tábhachtacha a aistriú ón gCoimisiún chuig EASME agus trí obair a dhéanamh ar straitéis maidir le beartas a chomhtháthú lena náirítear gníomhaíochtaí i rith an ama agus gníomhaíochtaí aonuaire chun na nithe seo a leanas a áirithiú:

-    léirítear riachtanais bheartais i gcur chun feidhme an Chláir agus na dtionscadal;

-    cuirtear conclúidí agus torthaí na dtionscadal in iúl do lucht déanta beartas agus is féidir leo úsáid a bhaint as na conclúidí agus torthaí sin.

Leis an straitéis, áirítear gníomhaíochtaí amhail oiliúint a chur ar bhaill foirne na gníomhaireachta i dtaobh beartais shonracha, cnuaschruinnithe téamacha comhpháirteacha, machnamh comhroinnte ar riachtanais bheartais sna glaonna ar thograí, aiseolas a sholáthar faoi thorthaí tionscadail atá ábhartha i dtaca le ceapadh beartais, etc.

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

Faoi láthair, déantar an clár LIFE don tréimhse 2014–2020 a tharmligean den chuid is mó chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin. Tá an ráiteas airgeadais bunaithe ar an tuiscint go gcuirfidh seirbhísí inmheánacha an Choimisiúin Clár 2020–2027 chun feidhme. Déanfar an éifeachtúlacht chostais a bhaineann le cúraimí a tharmligean chuig gníomhaireacht sheachtrach a mheasúnú bunaithe ar anailís costais agus tairbhe.

Tionscadail:

-    Roghnú tionscadal/meastóireacht ar thionscadail/caibidlíocht tionscadal: rialuithe coisctheacha ar na comhaid ar fad más iomchuí le cúnamh ó shaineolaithe seachtracha;

-    Cur chun feidhme tionscadal trí bhíthin deontas: faireachán coisctheach agus braiteach, cuairteanna ar an láthair le haghaidh gach tionscadail uair amháin ar a laghad le linn a shaolré;

-    Roimh an íocaíocht dheiridh: rialuithe braiteacha agus ceartaitheacha, athbhreithniú deisce ar na comhaid ar fad lena náirítear úsáid fhairsing deimhnithe iniúchóireachta seachtraí.

Déanfar rialuithe ex post ar dheontais ar an láthair gach bliain. Ina theannta sin, tabharfar isteach cineál nua iniúchóireachta, “iniúchóireachtaí deisce”, chun seiceálacha bainistíochta a dhéanamh gan a bheith ar an láthair.

Ní féidir rialuithe faoin gclár LIFE a scaradh amach ó bhainistíocht an Chláir: in 2017, bhí EUR 20 milliún ar an mbainistíocht, lena náirítear gach rialú ar an láthair. Is ionann sin agus 4 % den mhéid iomlán a ndearnadh bainistiú air in 2017.

De bhíthin na simplithe atá beartaithe ó thaobh bhainistiú an Chláir de agus na rialacha maidir le hincháilitheacht costas, meastar go dtiocfaidh laghdú beag ar mhéid na gcostas rialaithe.

   Maidir leis an gceanglas togra iomlán a chur isteach ag tús an phróisis iarratais, ba cheart, i bhfianaise na taithí ón obair phíolótach atá fós ar siúl, machnamh a dhéanamh ar an gceanglas sin a tharscaoileadh a thuilleadh tríd an úsáid a bhaintear as nós imeachta dámhachtana dhá chéim le haghaidh tionscadail gníomhaíochtaí caighdeánaí a leathnú. Tá sé sin i bhfeidhm cheana i gcás tionscadail chomhtháite agus tá sé á phíolótú i gcás roinnt tionscadail seanbhunaithe. Laghdódh sé an tualach riaracháin ar iarratasóirí.

   Ceanglais tuairiscithe a oiriúnú i gcomhréir le fad agus castacht na dtionscadal agus luach an deontais.

   Bunachar sonraí na dtáscairí a shimpliú, bunaithe ar bhéim an tionscadail.

   Úsáid a bhaint as roghanna costais simplithe, íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí, teorainn le costais incháilithe i gcás deontas.

   Úsáid a bhaint as fodheontais lena mbaineann ceanglais laghdaithe i dtaca le tuairisciú, le rannpháirtíocht na foirne faireacháin.

   An próiseas iarratais a shimpliú, lena náirítear foirmeacha agus doiciméid tacaíochta a chuíchóiriú.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Áirítear leis an gcalaois mí-iompar inmheánach agus seachtrach. Cumhdaítear léi aon sárú ar leasanna airgeadais an Aontais mar a shainítear sa Choinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint. Is é an rún a bhí ann an ghné is tábhachtaí lena ndealaítear idir calaois agus neamhrialtacht. Is féidir díobháil cáile mar aon le tionchar airgeadais a bheith i gceist le calaois.

I gcomhréir le modheolaíocht agus treoir OLAF, forbraítear straitéis frithchalaoise ar leibhéal na hArd-Stiúrthóireachta bunaithe ar mheasúnuithe riosca calaoise ar phríomhghníomhaíochtaí bainistithe airgeadais agus neamhairgeadais.

Rinneadh na measúnuithe calaoise sa tréimhse Meitheamh – Lúnasa 2015 agus déanfar iad a nuashonrú in 2018. Leis an measúnú calaoise, cuireadh san áireamh freisin an tiniúchadh leantach a rinne an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach ar straitéis frithchalaoise SIAC agus tuarascálacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Is é conclúid fhoriomlán na measúnuithe riosca calaoise go bhfuil riosca iarmharach íseal ann de chalaois ábhartha neamhbhraite (dóchúlacht agus tionchar).

Rinneadh athbhreithniú sonrach ar na réimsí inar measúnaíodh go raibh riosca iarmharach íseal go meánach ann:

(1) Soláthar: Bunaithe ar an measúnú riosca, tá sé réasúnach a mheas go laghdaítear ar dhóigh éifeachtach, de thoradh na rialuithe atá curtha i bhfeidhm, na rioscaí is mó calaoise le linn chéimeanna ullmhúcháin, meastóireachta, dámhachtana agus cur chun feidhme an phróisis soláthair, i.e. sonraíochtaí tairisceana atá claonta, coinbhleachtaí leasa nach nochtar, nós imeachta meastóireachta atá éagothrom, claonpháirteachas idir conraitheoirí, claonpháirteachas le conraitheoir agus trádáil cos istigh, conraitheoirí bréige, bradaíl, agus cistiú dúbailte. Sainaithníodh na réimsí seo a leanas a meastar a bhfuil riosca iarmharach íseal go meánach ag baint leo: a) Claonpháirteachas le conraitheoir glacadh le feidhmíocht atá faoi bhun an chaighdeáin; b) Bradaíl / Ionadú earraí; agus réimse a meastar a bhfuil riosca iarmharach meánach ag baint leis c) Cistiú dúbailte.

Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí iarmharacha calaoise sin, táthar ag eagrú go mbainfear úsáid rialta as seicliostaí an chórais foláirimh, ar cuid den straitéis frithchalaoise é, agus as bunachair shonraí sheachtracha, na bunachair shonraí sin atá luaite ar shuíomh gréasáin frithchalaoise OLAF mar shampla, chomh maith le seisiúin bhreise oiliúna i gcomhar le OLAF.

(2) Deontais: Bunaithe ar an measúnú riosca, is féidir a mheas go laghdaítear ar dhóigh éifeachtach, de thoradh na rialuithe atá curtha i bhfeidhm, na rioscaí is mó calaoise le linn chéimeanna meastóireachta, conraitheoireachta agus ex post an phróisis deontas, i.e. coinbhleachtaí leasa nach nochtar, nós imeachta meastóireachta atá éagothrom, gníomhaíochtaí nach ndéantar de réir tuairisc theicniúil, méideanna iomarcacha a íoctar, cistiú dúbailte, agus iarracht ar chalaois. Sainaithníodh an réimse seo a leanas a meastar a bhfuil riosca iarmharach meánach ag baint leis: 1) Cistiú dúbailte; agus réimse a meastar a bhfuil riosca iarmharach íseal go meánach ag baint leis 2) Cásanna calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann nach mbraitear

Tá na rioscaí sin á laghdú a thuilleadh trí bhíthin seisiúin bhreise oiliúna i gcomhar le OLAF agus úsáid rialta a bhaint as seicliostaí an chórais foláirimh, ar cuid den straitéis frithchalaoise é.

(3) Caiteachas riaracháin: Bunaithe ar an measúnú riosca, leis na rialuithe atá i bhfeidhm laghdaítear ar dhóigh éifeachtach na rioscaí is mó calaoise sna réimsí seo a leanas: an oiliúint, foilseacháin, cruinnithe inmheánacha, agus eilimintí costais ó thaobh caiteachas riaracháin ar liúntais cothaithe agus ionadaíochta, i.e. íocaíocht chalaoiseach a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chostais neamh-incháilithe.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

09 02
An Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)

LD/LN 44 .

ó thíortha de chuid CSTE 45

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

Teideal 3 – Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol

09 02 XX An comhshaol

Difreáilte

NÍL

09 02 XX XX An dúlra agus an bhithéagsúlacht

Difreáilte

NÍL

09 02 XX XX An geilleagar ciorclach agus caighdeán na beatha

Difreáilte

NÍL

09 02 XX An maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin

Difreáilte

NÍL

09 02 XX An taistriú chuig fuinneamh glan

Difreáilte

NÍL

09 01 XX XX An comhshaol – caiteachais ar bhainistíocht riaracháin

Neamhdhifreáilte.

NÍL

09 01 XX XX An maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú – caiteachais ar bhainistíocht riaracháin

Neamhdhifreáilte.

NÍL

09 01 XX XX An taistriú chuig fuinneamh glan – caiteachais ar bhainistíocht riaracháin

Neamhdhifreáilte.

NÍL

Leis na línte buiséid atá beartaithe, léirítear na réimsí gníomhaíochtaí a thugtar le fios sna tograí ón gCoimisiún maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua don tréimhse 2021 go 2027 (COM(2018)321 final) a glacadh an 2ú Bealtaine 2018 agus a chomhfhreagraíonn do struchtúr an Chláir, mar a áirítear sa dréacht-Rialachán

D’fhéadfaí an ainmníocht bhuiséadach a thíolactar sa ráiteas airgeadais reachtach a athrú agus tá sé fós faoi réir cinntí breise atá le glacadh

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 46

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

3

Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

09 02 XX XX An dúlra agus an bhithéagsúlacht

Gealltanais

(1)

261,992

268,057

277,446

290,490

307,658

329,587

355,431

0,000

2090,660

Íocaíochtaí

(2)

9,268

102,459

127,137

156,468

191,813

228,469

258,373

1016,672

2090,660

09 02 XX XX An geilleagar ciorclach agus caighdeán na beatha

Gealltanais

(1)

164,507

168,315

174,210

182,400

193,180

206,950

223,177

0,000

1312,740

Íocaíochtaí

(2)

5,820

64,335

79,831

98,248

120,440

143,458

162,234

638,376

1312,740

09 02 XX An maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin

Gealltanais

(1)

122,203

124,671

127,128

129,937

132,564

135,333

137,190

0,000

909,027

Íocaíochtaí

(2)

2,625

46,522

57,168

69,099

81,848

93,115

98,996

459,653

909,027

09 02 XX An taistriú chuig fuinneamh glan

Gealltanais

(1)

132,117

134,810

137,556

140,357

143,214

146,129

148,317

0,000

982,500

Íocaíochtaí

(2)

6,247

52,548

63,913

76,317

89,829

101,689

108,113

483,846

982,500

09 01 XX XX An comhshaol – caiteachais ar bhainistíocht riaracháin  47  

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

13,500

13,600

13,700

13,800

13,900

14,000

14,100

0,000

96,600

09 01 XX XX An maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin – caiteachais ar bhainistíocht riaracháin 

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

5,684

5,773

5,925

5,777

5,864

5,864

6,086

0,000

40,973

09 01 XX XX An taistriú chuig fuinneamh glan – caiteachais ar bhainistíocht riaracháin  48

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

2,500

2,500

2,500

2,500

2,500

2,500

2,500

0,000

17,500

An comhshaol

Gealltanais

439,999

449,972

465,356

486,690

514,738

550,537

592,708

0,000

3 500,000

Íocaíochtaí

28,588

180,394

220,668

268,516

326,153

385,927

434,707

1 655,048

3 500,000

Gníomhú ar son na hAeráide

Gealltanais

262,504

267,754

273,109

278,571

284,143

289,826

294,093

0,000

1 950,000

Íocaíochtaí

17,056

107,343

129,506

153,693

180,041

203,168

215,695

943,499

1 950,000

IOMLÁN leithreasuithe d’imchlúdach an chláir

Gealltanais

=1+3

702,503

717,726

738,465

765,261

798,881

840,363

886,801

5.450,000

Íocaíochtaí

=2+3

45,643

287,736

350,174

422,208

506,194

589,095

650,402

2.598,547

5.450,000



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

7

“Caiteachas riaracháin”

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna 49  

17,017

21,879

28,314

30,602

35,464

38,038

40,755

212,069

Caiteachas riaracháin eile

1,061

1,312

1,920

1,620

1,646

1,746

2,396

11,702

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

18,078

18,078

23,191

30,234

32,222

37,110

39,784

43,151

223,771

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

720,580

740,917

768,699

797,483

835,991

880,148

929,952

0

5673,771

Íocaíochtaí

63,721

310,927

380,408

454,431

543,304

628,879

693,553

2598,547

5673,771

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna 50

17,017

21,879

28,314

30,602

35,464

38,038

40,755

212,069

Caiteachas riaracháin eile

1,061

1,312

1,920

1,620

1,646

1,746

2,396

11,702

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

18,078

23,191

30,234

32,222

37,110

39,784

43,151

223,771

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 51
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Caiteachas eilede chineál riaracháin

21,684

21,873

22,125

22,077

22,264

22,364

22,686

155,073

Fo-iomlánlasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7den chreat airgeadais ilbhliantúil

21,684

21,873

22,125

22,077

22,264

22,364

22,686

155,073

IOMLÁN

39,761856

45,064144

52,358484

54,298484

59,374624

62,148624

65,837624

378,84384

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin 52

119

153

198

214

248

266

285

Toscaireachtaí

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) – CA, LA, SNE, INT agus JED  53

Ceannteideal 7

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN

119

153

198

214

248

266

285

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Bainistiú oibríochtúil agus airgeadais ghníomhaíochtaí uile an Chláir (deontais, conarthaí soláthair, duaiseanna, etc.)

Sineirgíochtaí agus comhordú le cláir eile a fhorbairt

Faireachán agus meastóireacht

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Leis an togra/tionscnamh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 54

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185).
(2)    Report on the Mid-term Evaluation of the Programme for Environment and Climate Action (LIFE) [An Tuarascáil maidir leis an Meastóireacht Mheántéarma ar an gClár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)] ( SWD(2017) 355 final ) .
(3)    An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr; IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1–14.
(4)    IO C , , lch. .
(5)    IO C , , lch. .
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185).
(7)    Report on the Mid-term Evaluation of the Programme for Environment and Climate Action (LIFE) [An Tuarascáil maidir leis an Meastóireacht Mheántéarma ar an gClár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)] ( SWD(2017) 355 final ) .
(8)    Clár Oibre 2030, Rún a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25/09/2015.
(9)    93/626/CEE: Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 309, 13.12.1993, lch. 1).
(10)    IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(11)    COM(2015) 614 final, 02.12.2015.
(12)    Creat 2030 i gcomhair beartais aeráide agus fuinnimh, COM(2014) 15, 22.01.2014.
(13)    Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, COM(2013) 216, 16.04.2013.
(14)    An pacáiste um fhuinneamh glan do mhuintir na hEorpa ar fad, COM(2016) 860, 30.11.2016.
(15)    An plean gníomhaíochta maidir leis an dúlra, le daoine agus leis an ngeilleagar, COM(2017) 198, 27.04.2017.
(16)    An clár maidir le haer glan don Eoraip, COM(2013) 918.
(17)    Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(18)    An straitéis théamach do chosaint ithreach, COM(2006) 231.
(19)    An straitéis maidir le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí, COM/2016/0501 final.
(20)    An plean gníomhaíochta maidir le bonneagar breoslaí malartacha faoi Airteagal 10(6) de Threoir 2014/94/AE, 8.11.2017.
(21)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – The EU Environmental Implementation Review: Common challenges and how to combine efforts to deliver better results [Athbhreithniú an Aontais Eorpaigh ar chur chun feidhme an bheartais comhshaoil: Dúshláin choiteanna agus conas oibriú as lámh a chéile chun torthaí níos fearr a bhaint amach] (COM/2017/063 final).
(22)    COM(2011) 244 final.
(23)    Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(24)    Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(25)    Treoir (AE) 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).
(26)    Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena naisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
(27)    COM(2012) 673 final.
(28)    Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(29)    IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.
(30)    COM(2017) 623 final
(31)    IO L 373, 20.12.2013, lch. 1.
(32)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(33)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).
(34)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(35)    [Teideal iomlán agus faisnéis maidir le IO].
(36)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(37)    Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(38)    [Cuir isteach an teideal iomlán agus faisnéis maidir le IO]
(39)    Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 maidir leis an Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol (LIFE+) (IO L 149, 9.6.2007, lch. 1).
(40)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(41)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(42)    Murab ann do bhunús sonrach dlí, is é an túdarás buiséadach a shocraíonn maoiniú na scéime gach bliain: in 2018, maoiníodh réamhbheart. De réir an Rialacháin Airgeadais, tá réamhbheart ceaptha chun togra a ullmhú le haghaidh gníomhaíochtaí amach anseo a ghlacadh agus ní féidir é a athnuachan ar feadh tréimhse níos faide ná trí bliana as a chéile. Is gá, dá bhrí sin, creat maoiniúcháin a sholáthar chun a áirithiú go leanfaí de BEST tar éis 2020.
(43)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(44)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(45)    CSTA: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(46)    Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.
(47)    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir. Cuimsíonn sé na méideanna is gá chun na gealltanais nár úsáideadh ó chláir 2014–2020 (“an oidhreacht”) a bhainistiú, ar gealltanais iad atá á mbainistiú faoi láthair ag gníomhaireacht feidhmiúcháin.
(48)    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir. Ní chuimsíonn sé an méid is gá chun na gealltanais nár úsáideadh ó chláir 2014–2020 (“an oidhreacht”) a bhainistiú toisc gur maoiníodh iad faoin gclár Fís 2020.
(49)

   Meastar go ndéanfar an Clár a tharmligean i bpáirt chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin, faoi réir thoradh an mheasúnaithe costais is tairbhe agus na gcinntí lena mbaineann atá le déanamh. Déanfar na leithreasuithe riaracháin lena mbaineann maidir le cur chun feidhme an Chláir ag an gCoimisiún agus ag an ngníomhaireacht feidhmiúcháin a oiriúnú dá réir. 

(50)    Níl acmhainní daonna ar fáil ag na trí Ard-Stiúrthóireacht chun an ghníomhaíocht atá beartaithe a bhainistiú ar an ábhar nach bhfuil mórchuid na gníomhaíochta faoi chuimsiú Chlár 2014–2020 á bainistiú ag aon cheann de na hArd-Stiúrthóireachtaí sin; is faoi chúram gníomhaireacht feidhmiúcháin sheachtrach atá bainistiú na gníomhaíochta sin agus táthar den tuairim go dtiocfaidh méadú leanúnach ar an ngníomhaíocht faoi chuimsiú na bhfochlár atá á mbainistiú ag Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (an dúlra agus an bhithéagsúlacht, an geilleagar ciorclach agus caighdeán na beatha).
(51)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(52)    Áirítear leis sin na hacmhainní daonna is gá chun an Clár nua a bhainistiú mar aon leis na hacmhainní daonna in Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil is gá chun an oidhreacht atá fágtha den chlár LIFE+ a bhainistiú,
(53)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(54)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,1.6.2018

COM(2018) 385 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán

lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013

{SEC(2018) 275 final}
{SWD(2018) 292 final}
{SWD(2018) 293 final}


IARSCRÍBHINN I

Comhlachtaí ar ar féidir deontais a bhronnadh gan glao ar thograí a dhéanamh.

1.Líonra an Aontais Eorpaigh maidir le dlí an chomhshaoil a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú (IMPEL);

2.Líonra Eorpach na nionchúisitheoirí don chomhshaol (ENPE);

3.Fóram breithiúna an Aontais Eorpaigh don chomhshaol (EUFJE).

IARSCRIBHINN II

Táscairí

1.Táscairí aschuir

1.1.Líon na dtionscadal lena ndéantar teicnící agus cuir chuige nuálacha a fhorbairt, a thaispeáint agus a chur chun cinn chun;

1.2.Líon na dtionscadal lena ndéantar dea-chleachtais maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht a chur i bhfeidhm;

1.3.Líon na dtionscadal maidir le forbairt, cur chun feidhme, faireachán nó forfheidhmiú reachtaíocht agus bheartas ábhartha an Aontais;

1.4.Líon na dtionscadal lena ndéantar acmhainneachtaí gníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus rannpháirteachas na sochaí sibhialta a fheabhsú;

1.5.Líon na dtionscadal lena ndéantar

pleananna nó straitéisí tábhachtacha;

cláir ghníomhaíochta chun an dúlra agus an bhithéagsúlacht a phríomhshruthú.

2.Táscairí toraidh

2.1.Glanathrú ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, bunaithe ar chomhbhailiúchán táscairí ar leibhéal an tionscadail a shonrófar i nglaonna ar thograí faoi na fochláir do na réimsí seo a leanas:

An dúlra agus an bhithéagsúlacht;

An geilleagar ciorclach agus caighdeán na beatha lena gcumhdaítear dhá cheann díobh seo a leanas:

Cáilíocht an aeir

Ithir

Uisce

Dramhaíl

Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin;

An t-aistriú chuig fuinneamh glan.

2.2.Infheistíochtaí carnacha arna spreagadh ag na tionscadail nó maoiniú a fuarthas rochtain air (EUR milliún);

2.3.Líon na neagraíochtaí atá páirteach sna tionscadail nó atá ag fáil deontas oibriúcháin;

2.4.Sciar de tionscadail a raibh éifeacht chatalaíoch acu tar éis dáta deiridh an tionscadail.