An Bhruiséil,30.5.2018

COM(2018) 384 final

2018/0208(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an clár um Cheartas

{SWD(2018) 290 final}
{SWD(2018) 291 final}
{SEC(2018) 274 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Foráiltear leis an togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta chur i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

·Forais agus cuspóirí

Is é is aidhm don Aontas Eorpach an tsíocháin, a luachanna agus dea-bhail a phobal a chur chun cinn. Is pobal dlí é an tAontas agus is iad a luachanna a bhonn. Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ‘go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine, lena náirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an tiolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir’. Tá na luachanna sin mar bhonn do na cearta a theachtann daoine atá ina gcónaí san Aontas. Tugann an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh le chéile, i dtéacs amháin, na cearta pearsanta, sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta uile a theachtann daoine san Aontas.

Luaitear in Airteagal 3 CAE gurb é ‘is aidhm don Aontas an tsíocháin, a luachanna agus dea-bhail a phobal a chur chun cinn’ agus, ‘go nurramóidh an tAontas an saibhreas atá san éagsúlacht chultúrtha agus teangacha, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú’. I bpáipéar machnaimh an Choimisiúin maidir le todhchaí airgeadais an Aontais 1 deirtear go ‘dtacaíonn buiséad an Aontais leis an aidhm sin, ag obair i dteannta le buiséid náisiúnta agus ag comhlánú iarrachtaí eile ar leibhéal Eorpach agus náisiúnta’.

Cuimsíonn luachanna an Aontais na nithe seo go háirithe: cearta bunúsacha, neamh-idirdhealú agus comhionannas, frithchiníochas agus caoinfhulaingt, meas ar dhínit an duine, an smacht reachta agus neamhspleáchas na mbreithiúna, éagsúlacht chultúrtha, sochaí shibhialta bheoga, saoirse chun tuairimí a nochtadh agus rannpháirtíocht na saoránach sa saol daonlathach. Tá gá le limistéar Eorpach Ceartais oibre agus córais cheartais náisiúnta éifeachtacha chun go mbeidh an margadh inmheánach faoi bhláth agus chun comhluachanna an Aontais a chaomhnú.

Ar cheann de na deich dtosaíocht pholaitiúla atá leagtha síos ag an gCoimisiún tá Aontas athruithe daonlathacha, agus ina fhianaise sin tá an Coimisiún ag féachaint leis na saoránaigh a spreagadh chun páirt a ghlacadh in idirphlé faoina a ndéanann an tAontas agus faoin dóigh a bhfeidhmíonn chun gur móide muinín daoine as an Aontas.

Is féidir breisluach agus cabhair chun comhluachanna Eorpacha a chaomhnú teacht d’airgeadas an Aontais.

Chun luachanna agus cearta coiteanna Eorpacha a chur chun cinn, chomhcheangail an tAontas Eorpach roinnt ionstraimí le chéile i meascán beartais reachtaíochta, beartas agus cistiúcháin. Go háirithe, bhí fócas láidir ar an tsochaí sna cláir mhaoinithe seo a leanas agus baineann siad go dlúth le luachanna Eorpacha: an clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht, an clár um an Eoraip ar son na Saoránach agus an clár um Cheartas.

Tá dul chun cinn mór déanta ag na cláir sin maidir le luachanna a chur chun cinn agus na cearta a thugann reachtaíocht AE do dhaoine ar fud an Aontais a chur chun feidhme. Le roinnt samplaí a thabhairt, tá níos mó daoine ar an eolas faoina gcearta, a stair choitianta agus ar a gcultúr, tá níos mó ban fostaithe, tá cearta leanaí curtha chun cinn agus á gcosaint, tá córais cheartais níos éifeachtaí le cleachtóirí dlí atá ar an eolas maidir le conas agus cén uair acquis AE a chur i bhfeidhm agus comhar trasteorann rathúil ann, tá rannpháirtíocht fheabhsaithe dhaonlathach shibhialta ann ar leibhéal an Aontais, agus tuiscint níos doimhne agus meas ar chuimhní, ar chultúir agus ar thraidisiúin éagsúla.

Faoi dhlí an Aontais, is féidir le daoine brath ar shraith ceart agus ar chórais cheartais neamhspleácha agus éifeachtacha, agus meas ar an smacht reachta. Tá a thiomantas daingean léirithe ag AE chun aghaidh a thabhairt ar an bhforéigean i gcoinne ban agus páistí, chun comhrac a dhéanamh i gcoinne gach cineál idirdhealaithe, agus chun cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn agus a chosaint, agus chun tacú le sochaí shibhialta bheoga agus láidir san Aontas Eorpach.

In ainneoin an dul chun cinn atá déanta faoi na cláir reatha, tá roinnt bearnaí fós ann sna réimsí beartais lena mbaineann agus tá dúshláin nua tar éis teacht chun cinn a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu. Tá dhá dhúshlán choiteanna roimh an Aontas maidir le ceartas, cearta agus luachanna:

An ghairm atá ag an Aontas a bheith ina phobal atá bunaithe ar luachanna agus cearta coiteanna, ar oidhreacht staire agus cultúir choiteann agus ar rannpháirtíocht daoine, tá cosc á chur air sin ag gluaiseachtaí áirithe atá ag teacht chun cinn atá ag tabhairt dhúshláin idé na sochaí atá oscailte cuimsitheach comhtháite daonlathach agus inar féidir, de bharr rannpháirtíocht na saoránach agus cearta a chomhlíonadh, dóigh bheatha choiteann faoi chaoinfhulgaint a chothú.

Na cláir atá ag an Aontas atá tiomanta do luachanna, do chearta, do shaoránacht agus do cheartas, tá siad ilroinnte agus níl ar fáil dóibh ach acmhainní teoranta, agus dá dheasca sin tá srian ar acmhainn an Aontais freagairt do dhúshláin atá ann agus a bheidh ann. D'aithin na freagróirí ar an gcomhairliúchán poiblí "easpa buiséid na gclár chun freastal ar éileamh" mar phríomhchonstaic a deir siad a d'fhéadfadh cosc a chur ar na cláir reatha óna gcuid cuspóirí a bhaint amach.

Léiríonn anailís níos mionsonraithe:

Ní theachtann daoine a gcearta go hiomlán fós: tá neamhionannais agus idirdhealú ar bhonn inscne, bunúis chiníoch nó eitnigh, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta ann fós. Is cuid dá saol laethúil fós é an foréigean do chuid mhór ban, leanaí agus daoine eile atá i mbaol;

Tá tuilleadh le déanamh chun a chinntiú go bhfuil na saoránaigh ar an eolas faoi luachanna an Aontais agus faoi na buntáistí a leanann saoránacht an Aontais, agus chun níos mó rannpháirtíochta polaitiúla agus sóisialta a chothú agus feabhas a chur ar thuiscint daoine ar an Aontas, agus ar a stair, a oidhreacht chultúrtha agus an éagsúlacht atá ann;

Na cearta a eascraíonn ó shaoránacht an Aontais – saorghluaiseacht, cosaint chonsalach agus cearta vótála – níltear láneolach orthu agus ní chuirtear i bhfeidhm ina niomláine iad, rud a chuireann cosc ar na saoránaigh páirt a ghlacadh i ngnóthaí polaitiúla agus sóisialta.

I ngeall ar nithe mar ghéarchéimeanna eacnamaíocha, éagothromaíochtaí nach bhfuil deireadh leo, agus dúshláin ar nós na himirce, tá daoine áirithe ag cur amhras sna cearta bunúsacha agus sna luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe. I roinnt cásanna, tá agóid á déanamh i gcoinne an smachta reachta, rochtain ar an gceartas, spás don tsochaí shibhialta agus neamhspleáchas na mbreithiúna.

Níl an comhar breithiúnach a dhéantar in ábhair shibhialta agus choiriúla leordhóthanach agus is doiligh fós an ceartas a rochtain i ngach Ballstát. Is gá feabhas a chur ar uirlisí chun faisnéis chomparáideach a bhailiú maidir le cáilíocht, neamhspleáchas agus éifeachtúlacht chórais cheartais na mBallstát. Tá an easpa muiníne i gcórais bhreithiúnacha na mBallstát eile ina chonstaic mhór ar aitheantas frithpháirteach agus ar chomhar breithiúnach.

D’fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha teacht de gan dul i ngleic leis na dúshláin sin, cuir i gcás muinín daoine sa daonlathas agus an tacaíocht do chosaint luachanna agus ceart bunúsach dul i laghad.

Tá na dúshláin seo coitianta do na Ballstáit uile agus tá gnéithe trasteorann ag baint leo. Cé go bhfuil gníomhaíocht ar leibhéal náisiúnta tábhachtach, níl giaráil leordhóthanach ag Ballstáit aonair chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

Tá impleachtaí móra ag baint le luachanna agus cearta AE a chur chun cinn agus a chosaint maidir le saol polaitiúil, sóisialta, cultúrtha, breithiúnach agus eacnamaíoch an Aontais agus cuireann sé le tionchar inbhraite AE ar ghnáthshaol laethúil na ndaoine. Ní mór gníomhaíocht ar leibhéal AE sa réimse sin a chothú agus a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí atá fós ann agus ar dhúshláin nua, agus a áirithiú go gcuirfear chun cinn cearta agus luachanna, go ndéanfar cearta agus luachanna a chosaint go héifeachtach agus a urramú; cabhróidh sé sin leis an margadh inmheánach a chomhlánú agus rathúnas agus comhtháthú a chothú san Aontas. Tabharfaidh sé deis don Aontas ról lárnach a bheith aige freisin maidir lena luachanna a chosaint agus a chur chun cinn ar leibhéal domhanda agus cur le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

Tacóidh an clár nua um Cheartas le forbairt bhreise a dhéanamh ar limistéar Eorpach ceartais bunaithe ar luachanna an Aontais, an smacht reachta agus aitheantas agus muinín fhrithpháirteach, go háirithe trí rochtain ar an gceartas a éascú, agus comhar breithiúnach a chur chun cinn in ábhair shibhialta agus choiriúla agus trí éifeachtacht na gcóras ceartais náisiúnta.

I dteannta an chláir um Chearta agus Luachanna, beidh an clár nua seo ina chuid de Chiste nua um Cheartas, Cearta agus Luachanna, ag cuidiú le sochaithe oscailte, daonlathacha, iolraíocha agus cuimsitheacha a chothabháil. Ina theannta sin cabhróidh sé le daoine a chumasú trí chearta agus luachanna a chosaint agus a chur chun cinn agus trí limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt tuilleadh.

·Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana

Cuireann an Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna go díreach le roinnt de thosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh 2 , go háirithe, chun limistéar ceartais agus ceart bunúsach a chruthú bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach, margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime, comhaontú na margaí caipitil, margadh aonair digiteach ceangailte, agus Aontas d'athrú daonlathach, d'fhás agus do phoist.

·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Leis an gCiste um Cheartas, Cearta agus Luachanna agus leis an dá chlár chistiúcháin atá mar bhonn faoin gciste sin, cuideofar luachanna an Aontais agus urramú an smachta reachta a neartú agus a chaomhnú agus cuideofar, freisin, an saghas sochaí atá ó mhuintir na hEorpa a chothú, is é sin sochaithe oscailte daonlathacha cuimsitheacha cruthaitheacha. De réir na rialacha atá ann faoi láthair, tá dualgas ar na Ballstáit a thaispeáint go bhfuil rialacha agus nósanna imeachta daingne acu chun airgead an Aontais Eorpaigh a bhainistiú agus go bhfuil maoiniú an Aontais faoi chosaint leordhóthanach ar mhíúsáid agus ar chalaois. Is iad na breithiúna neamhspleácha a sheasann leis an smacht reachta agus leis an deimhneacht dhlíthiúil sna Ballstáit uile, agus iadsan amháin, atá in ann a ráthú gur leor an chosaint a thugtar d’airgead as buiséad an Aontais.

Ar bhonn Airteagal 322 CFAE, tá Rialachán curtha i láthair ag an gCoimisiún maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit. Beidh an Rialachán nua ina chomhlánú ar na hionstraimí arb é is aidhm dóibh luachanna coiteanna an Aontais a chaomhnú, an clár seo san áireamh.

Beidh dlúthshineirgí ag an gclár le roinnt beartas agus le cláir chistiúcháin na mbeart sin, go háirithe:

beartais fostaíochta, shóisialta agus oideachais

Cumas ceartais agus forfheidhmithe éifeachtaigh, e.g. trí oiliúint a chur ar chleachtóirí dlí;

comhar forbartha, seachtrach agus beartais mhéadaithe

Léirítear cur chun cinn luachanna agus cearta san Aontas trína gcur chun cinn ar leibhéal domhanda, lena náirítear trí naisc le cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Maidir leis seo, ba cheart sineirgí a fhorbairt, go háirithe le gníomhaíocht sheachtrach AE ar leibhéal iltaobhach ach freisin i gcúnamh comhair um fhorbairt agus i mbeartas méadaithe, chun comhtháthú a áirithiú maidir le cur chun cinn, mar shampla, rochtain ar an gceartas agus an smacht reachta.

Ba cheart sineirgí a threisiú freisin le hionstraimí gníomhaíochta seachtraí a d'fhéadfadh tacaíocht a thabhairt do chomhar trasteorann le tíortha tosaíochta nach bhfuil san Aontas i réimsí a bhfuil tábhacht leo le haghaidh Eoraip atá slán agus sábháilte.

margadh aonair

Trí ghníomhaíochtaí cistiúcháin ar dhlí na gcuideachtaí, ar dhlí na gconarthaí agus ar fhrithsciúradh airgid, déanfaidh clár an mhargaidh aonair sa todhchaí an clár um Cheartas a chomhlánú agus cuirfidh sé go díreach le cur chun feidhme bheartas an Aontais i réimse an cheartais agus le limistéar Eorpach ceartais a chruthú, agus leanfaidh sé na línte beartais sa limistéar sin. Tá feidhm leis sin freisin maidir le beartas tomhaltóirí;

bonneagar straitéiseach

Déanfar sineirgí a bhaineann le digitiú agus idirnascadh córas TF a fhorbairt tuilleadh faoin gclár Digiteach Eorpach;

taighde agus nuálaíocht 

Cuimsíonn Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht de chuid Fís don Eoraip gníomhaíochtaí a thugann aghaidh ar Shochaí atá Uilechuimsitheach agus Slán, lena náirítear ábhair um cheartas agus tomhaltóirí, agus teicneolaíochtaí atá ábhartha go sochaíoch a chuimsíonn cibearshlándáil nó intleacht shaorga agus eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin tábhachtacha eile. Déanfar iniúchadh ar chros-toirchiú agus é mar aidhm aige an tuiscint ar ardteicneolaíochtaí sa tsochaí, sa daonlathas agus sa chóras breithiúnach a dhoimhniú, agus conas díriú ar a sochair.

imirce, bainistiú teorainneacha agus beartas slándála

Gníomhóidh an clár um Cheartas agus cistí eile AE a chuimsíonn imirce, bainistiú teorainneacha agus go háirithe slándáil i gcomhlántacht lena chéile trí dhíriú ar chéimeanna éagsúla na ngníomhaíochtaí agus na nósanna imeachta a theastaíonn chun limistéar Eorpach slándála agus ceartais a bhunú. Ós rud é go bhfuil naisc intreacha idir an tslándáil agus an ceartas ar an talamh, beidh sineirgí áirithe ann maidir le cosaint leordhóthanach a sholáthar d'íospartaigh na coireachta, cistiú a dhéanamh ar fhoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus oiliúint bhreithiúnach, idir-inoibritheacht a áirithiú leis an gcóras faisnéise Eorpach um thaifid choiriúla, feabhas a chur ar choinníollacha coinneála agus ar chomhar idirghníomhaireachta i réimsí an cheartais agus na slándála, lena náirítear trí ghníomhaireachtaí a bhaineann le ceartas, amhail Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

beartas comhshaoil

Tá sé de chumas ag an gclár um Cheartas tacú le bearta atá dírithe ar an gcoireacht chomhshaoil a chomhrac agus, i measc nithe eile, rannchuidiú le cur chun feidhme na Treorach um Choireacht Chomhshaoil 3 . Déanfaidh bearta chun tacú le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla clár ar leithligh a chomhlánú agus a threisiú chun breithiúna agus ionchúisitheoirí a oiliúint i réimse an dlí comhshaoil agus an fhéidearthacht tionscadail a chistiú maidir le rochtain ar an gceartas i gcúrsaí comhshaoil a leagtar amach sa Rialachán LIFE 4 . Cuideoidh siad freisin lena áirithiú go bhféadfaidh córais cheartais náisiúnta rochtain éifeachtach a sholáthar ar an gceartas faoi Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas in Ábhair Chomhshaoil 5 .

Bearta ar son na haeráide a phríomhshruthú

Sa togra ón gCoimisiún maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, leagadh síos sprioc níos uaillmhianaí maidir le bearta ar son na haeráide a phríomhshruthú i gcláir uile an Aontais, is é sin 25% san iomlán de chaiteachas an Aontais a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide a bhaint amach. Déanfar rannchuidiú an chláir seo le gnóthú na sprice foriomláine sin a rianú le córas marcóirí aeráide de chuid an Aontais ar leibhéal iomchuí imdhealaithe, lena náirítear modheolaíochtaí níos cruinne a úsáid má bhíonn fáil ar a leithéid. Leanfaidh an Coimisiún den fhaisnéis a chur i láthair go bliantúil i dtéarmaí leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i gcomhthéacs an dréachtbhuiséid bhliantúil.

Chun gur fusa lánleas a bhaint as poitéinseal an chláir rannchuidiú le cuspóirí aeráide, féachfaidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint i rith phróisis ullmhúcháin, cur chun feidhme, athbhreithnithe agus meastóireachta an chláir.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 81(1) agus (2) agus Airteagal 82(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Foráiltear le hAirteagal 81(1) CFAE go bhforbróidh an tAontas comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann aige. Foráiltear le hAirteagal 81(2) CFAE maidir le bearta a ghlacadh atá dírithe ar aitheantas frithpháirteach agus forfheidhmiú breithiúnas a áirithiú; an tseirbhís trasteorann de dhoiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha; rochtain éifeachtach ar an gceartas agus tacaíocht d’oiliúint na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí.

Foráiltear le hAirteagal 82(2) CFAE maidir le bearta chun comhar breithiúnach a chur chun cinn in ábhair choiriúla.

Ceadaítear leis an teaglaim d'Airteagal 81 agus Airteagal 82 CFAE do chur chuige cuimsitheach maidir le tacú le forbairt an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla, go háirithe maidir le saincheisteanna trasghearrtha a dhéanann difear don dá limistéar ceartais.

·Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Urramaíonn na gníomhaíochtaí cistiúcháin atá beartaithe prionsabail bhreisluacha Eorpaigh agus na coimhdeachta. Díríonn cistiú ó bhuiséad an Aontais ar chuspóirí nach féidir a bhaint amach go leordhóthanach ag na Ballstáit féin, i gcás inar féidir le hidirghabháil an Aontais breisluach a chur leis. Cuireann gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo le feidhmiú éifeachtach an acquis trí mhuinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a fhorbairt, trí chomhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus trí chur i bhfeidhm dhlí an Aontais go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach a áirithiú. Is fearr atá an tAontas in ann ná na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar staideanna trasteorann agus clár Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil. Tabharfar tacaíocht do bhonn fónta anailíse chun tacú le beartais agus chun iad a fhorbairt. Le hidirghabháil an Aontais is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus tugann siad barainneacht scála.

·Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta mar nach dtéann sé thar an íosmhéid is gá chun an cuspóir sonraithe a bhaint amach ar leibhéal na hEorpa.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

·Meastóireachtaí siarghabhálacha/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Léiríonn an mheastóireacht mheántéarma ar an gclár um Cheartas don tréimhse 2014-2020 go bhfuil breisluach Eorpach ard soláthraithe leis. Ní bheadh na Ballstát ag gníomhú ina naonair in ann na torthaí céanna a bhaint amach i dtéarmaí méide agus raon feidhme. Tá sé seo fíor maidir le cuspóir ginearálta an Chláir, i.e. limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt bunaithe ar aitheantas frithpháirteach agus ar mhuinín frithpháirteach, agus maidir lena chuspóirí sonracha. Aontaíonn na tairbhithe go bhfuil sé ríthábhachtach oiliúint bhreithiúnach a chur ar fáil ar leibhéal na hEorpa chun limistéar Eorpach ceartais a chruthú agus forfheidhmiú réidh agus comhordaithe dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil an beart a chothaítear ag cuspóirí sonracha na hoiliúna breithiúnaí inbhuanaithe, ós rud é go gcothaíonn sé eolas dlíthiúil agus inniúlachtaí leanúnacha a shealbhú, agus ag an am céanna soláthraíonn sé deiseanna líonraithe agus deiseanna chun muinín a thógáil i measc foirne breithiúnaí ó Bhallstáit éagsúla.

Tá na cineálacha gníomhaíochtaí atá cistithe ag an gclár agus na torthaí tionscadail éifeachtach chun eolas ar dhlí agus ar bheartais an Aontais a fheabhsú. Meastar feidhmiú an chláir um Cheartas mar fheabhsúchán ar na cláir a bhí ann roimhe sin, maidir le díriú ar bheartais agus a bheith bainteach leis na grúpaí leasmhara iomchuí agus d'fhéadfaí dáileadh na niarrachtaí i measc chuspóirí an Chláir a chothromú sa todhchaí. Tá gá le hiarrachtaí fós chun gach spriocghrúpa i ngach Ballstát a bhaint amach agus d'fhéadfaí gníomhaíochtaí cumarsáide a neartú.

D'éirigh le cineál an chláir solúbthacht oibríochtúil a áirithiú, rud a ligeann don Choimisiún na cláir oibre bhliantúla a oiriúnú do riachtanais atá ag teacht chun cinn i réimse an bheartais cheartais. Ar an iomlán, tá an clár an-ábhartha agus tá sé ailínithe le riachtanais na spriocghrúpaí roghnaithe ach d'fhéadfaí anailís níos córasaí a dhéanamh ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara. Go háirithe, tá an cumas tábhachtach aige a thosaíochtaí a oiriúnú do riachtanais atá ag teacht chun cinn i réimse an bheartais cheartais, chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna is ábhartha. Is é sin an toradh atá ar chuspóirí sonracha leathana an chláir; mar rinne sé roinnt clár ón gclárthréimhse roimhe sin a ionchorprú ann. Is í an tsolúbthacht sin i dtéarmaí beartais agus socrú chlár oibre is tábhachtaí do thorthaí maithe an chláir. Cuireann an Clár leibhéal maith comhtháthaithe agus comhlántachta ar fáil le hionstraimí, cláir agus gníomhaíochtaí eile AE. Bheadh comhordú agus malartú faisnéise le cláir agus le tionscadail eile AE ríthábhachtach chun cur leis an gcomhtháthú.

Bhí cur chun feidhme an chláir um Cheartas sásúil maidir le deontais ghníomhaíochta, agus deontais oibríochtúla, ach ba cheart feabhas a chur ar phleanáil tosaigh gníomhaíochtaí soláthair. Níl mórán raon feidhme ann maidir le hionstraimí cistiúcháin malartacha a úsáid, amhail ionstraimí airgeadais nuálacha. Breithníonn na tairbhithe na hionstraimí atá ann faoi láthair (deontais ghníomhaíochta, deontais oibríochtúla agus gníomhaíochtaí soláthair) oiriúnach do riachtanais an chláir. Mar sin féin, tá solúbthacht ann maidir le riachtanais tuairiscithe áirithe a shruthlíniú agus a shimpliú i gcomhthéacs na ndeontas, agus a áirithiú ag an am céanna go ndéantar an rialú riachtanach ar chaiteachas acmhainní poiblí.

Tá na táscairí clár-shonracha oiriúnach chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo chuspóirí an Chláir, ach uaireanta is deacair iad a mheas mar gheall ar easpa uirlisí leordhóthanacha (i.e. suirbhé sástachta).

Meastar go raibh cumas na rannpháirtithe mar ghné thábhachtach a raibh tionchar aige ar fheidhmíocht ghníomhaíochtaí cistithe mar go bhféadfadh cumas teoranta (riaracháin, airgeadais, eagrúcháin) a bheith ina chúis le rannpháirtíocht theoranta i ngníomhaíochtaí an chláir (go háirithe i mBallstáit áirithe). Dá réir sin, d'fhéadfadh go mbeadh gá le forbairtacmhainní agus cúnamh teicniúil.

Níl aon raon feidhme soiléir ann le haghaidh tuilleadh simplithe maidir le modh bainistíochta an chláir. Tá an modh díreach bainistíochta reatha oiriúnach mar gheall ar mhéid an chláir, agus is dócha go ndéanfadh modhanna malartacha (amhail bainistíocht chomhroinnte) acmhainní an chláir a scaipeadh róchaol, rud a laghdódh cumas an chláir acmhainní a dhíriú ar chomhthosaíochtaí agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn. D'fhéadfaí simpliú a lorg, dar leis na tairbhithe, maidir le faisnéis acmhainne riachtanaí riaracháin agus airgeadais a dhréachtú agus a sholáthar agus iad ag glacadh páirte i nglaonna ar thograí.

Thairis sin, tá raon ann chun an Tairseach na Rannpháirtithe a shaincheapadh in oiriúint do riachtanais na gcineálacha éagsúla eagraíochta a bhaineann go hiondúil leis an gclár (amhail institiúidí oiliúna). Maidir leis seo, léiríodh go soiléir gur breithníodh an treocht maidir le digitiú céimnitheach ar bhonn dearfach agus gur cheart go leanfaí leis.

·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Áiríodh sa straitéis chomhairliúcháin a thacaíonn le hobair ullmhúcháin an chláir nua um Cheartas comhairliúchán poiblí faoi chuimsiú an togra don chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) iar-2020 i réimse na luachanna agus na soghluaisteachta, comhairliúcháin phoiblí arna ndéanamh faoi chuimsiú meastóireachta meántéarma na gclár cistiúcháin reatha, agus roinnt comhairliúchán ad hoc a d'eagraigh an Coimisiún i bhfoirm cruinnithe comhchéime le páirtithe leasmhara, comhdhálacha agus seimineáir ar na saincheisteanna a chumhdaítear leis an measúnú tionchair, a thógann den chuid is mó ar thoradh na gcomhairliúchán sin.

Comhairliúchán oscailte poiblí maidir le cistí AE i réimse na luachanna agus na soghluaisteachta

Rinneadh comhairliúcháin i gcomhthéacs meastóireachtaí ar chláir airgeadais reatha AE a chumhdaíonn roinnt réimsí beartais agus a d’fhéach go háirithe ar fheidhmíocht reatha agus ar dhúshláin sa todhchaí. Ba é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí maidir le cistí AE i réimse na luachanna agus na soghluaisteachta ná tuairimí na bpáirtithe leasmhara go léir a bhailiú maidir le conas lántairbhe a bhaint as gach aon euro de bhuiséad AE. Bhí an comhairliúchán poiblí maidir le cistí AE i limistéar luachanna agus soghluaisteachta oscailte ón 10 Eanáir 2018 go dtí an 9 Márta 2018 i 23 theanga oifigiúla AE.

Mar fhreagra ar an gcomhairliúchán poiblí ar líne maidir le cistí AE i réimse na luachanna agus na soghluaisteachta, fuair an Coimisiún méid iomlán de 1 839 bhfreagra ó gach cearn den Eoraip. Díobh sin, tháinig 52% ó fhreagróirí a raibh taithí acu ar Erasmus+ agus tháinig 43% ó fhreagróirí a raibh taithí acu ar an gclár Eoraip na Cruthaitheachta.

Fuarthas freagra amháin, ar a laghad, ó gach Ballstát. Is í an Ghearmáin an tír chónaithe leis an líon is mó freagraí (24.4%), agus an Fhrainc ina dhiaidh sin (8.7%), an Bheilg ina dhiaidh sin (7.7%) agus an Spáinn ina dhiaidh sin (5.4%).

As na 1 839 bhfreagra a fuarthas ar an gceistneoir ar líne, tháinig 65.2% acu (1 199) ó eagraíochtaí agus 34.8% (640) ó dhaoine aonair.

Bhí réimse leathan páirtithe leasmhara ar aon tuairim leo: de na 1 199 bhfreagra sin ó eagraíochtaí, tháinig 355 (19.3%) ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, ardáin nó líonraí, 270 (14.7%) ó fhiontair phríobháideacha (micrifhiontair agus gnólachtaí beaga, den chuid is mó) agus 127 (6.9%) ó thaighdeoirí agus acadóirí.

Díríonn an anailís a achoimrítear thíos ar na freagróirí a bhfuil taithí acu ar na cláir a seo a leanas de chuid AE:

1. An Clár um an Eoraip ar son na Saoránach agus/nó

2. An Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht agus/nó

3. An clár Eoraip na Cruthaitheachta agus/nó

4. An clár um Cheartas.

Seo thíos cuid de na príomhthorthaí:

De réir na bhfreagróirí is dúshláin bheartais choiteanna thábhachtacha iad, ‘Féiniúlacht Eorpach agus luachanna coiteanna a chur chun cinn’ agus ‘cearta agus comhionannas a chur chun cinn’ (ar cheann de na chéad cheithre dhúshlán a luaitear) chun aghaidh a thabhairt orthu i ngach ceann de na ceithre chlár. Is cosúil gur dúshláin thábhachtacha iad ‘Tacaíocht a thabhairt do shaoránacht ghníomhach, rannpháirtíocht dhaonlathach sa tsochaí agus don smacht reachta’ agus ‘Cuimsiú sóisialta agus cothroime a chur chun cinn’ chun aghaidh a thabhairt orthu sna cláir lena mbaineann chomh maith leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta, ach ar bhonn níos lú, ina bhfuil na dúshláin eacnamaíocha agus éagsúlacht chultúrtha níos tábhachtaí.

Measann leathchuid nó níos mó de na freagróirí a raibh taithí acu ar na ceithre chlár lena mbaineann an méid seo a leanas mar bheartais a thugann aghaidh go hiomlán nó go réasúnta maith ar na dúshláin, ‘Tacaíocht a thabhairt don nuálaíocht’, ‘Éagsúlacht chultúrtha agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chothú’, ‘Féiniúlacht Eorpach agus luachanna coiteanna a chur chun cinn’. Ina theannta sin, measann 52% de na freagróirí a bhfuil taithí acu ar an gclár Eoraip na Cruthaitheachta go dtugann an beartas chun ‘Tacú le hiomaíochas earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha na hEorpa’ aghaidh ar na dúshláin go hiomlán nó go measartha maith.

Aontaíonn thart ar 80% de na freagróirí a raibh taithí acu ar na ceithre chlár AE thuasluaite go gcuireann na cláir seo go mór nó go measartha mór leis an mbreisluach a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhaint amach ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus/nó áitiúil.

Tá na príomhchonstaicí a d'aithin na freagróirí a d'fhéadfadh bac a chur ar na cláir/cistí reatha óna gcuspóirí a bhaint amach an-chosúil lena chéile is cuma cé acu clár atá i gceist: Is iad seo a leanas na trí chonstaic is mó a aithnítear: ‘Easpa buiséid na gclár chun éileamh a shásamh’; ‘Easpa tacaíochta ar fáil do pháirtithe leasmhara ar mhionscála’; ‘Easpa tacaíochta d'iarratasóirí céaduaire’.

Aontaíonn freagróirí a bhfuil taithí acu ar cheann amháin nó níos mó de na ceithre chlár AE gur fíor gurb iad a leanas na príomhbhearta atá le déanamh chun an tualach riaracháin do thairbhithe a shimpliú agus a laghdú, is iad sin ‘úsáid a bhaint as foirmeacha iarratais atá níos simplithe’, ‘líonra struchtúraithe agus comhpháirtíochtaí a éascú’, ‘cistiú a éascú le haghaidh gníomhaíochtaí a thrasnaíonn na hearnálacha gníomhaíochta’ agus ‘comhordú níos fearr idir cláir/cistí éagsúla’.

·Measúnú tionchair

Ullmhaíodh an measúnú tionchair d’fhonn anailís a dhéanamh ar thogra féideartha maidir le Clár um Chultúr, Cearta agus Luachanna Eorpacha, lena gcumascfaí an clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020, an clár um an Eoraip ar son na Saoránach, an clár Eoraip na Cruthaitheachta agus an clár um Cheartas. Chinn an Coimisiún ar chlár neamhspleách a bheith ann, is é sin Eoraip na Cruthaitheachta, agus Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna a bhunú agus dá chlár cistiúcháin mar bhonn faoin gciste sin. an clár um Cheartas agus an clár um Chearta agus Luachanna. Tá an measúnú tionchair bailí i gcónaí a fhad a bhaineann le tacú leis na tionscnaimh sin.

An 20 Aibreán 2018, thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar an measúnú tionchair a ghabhann leis seo. Chuimsigh an Bord moladh chun an tuarascáil a fheabhsú tuilleadh, roinnt gnéithe tábhachtacha maidir le leas iomlán a bhaint as na torthaí meastóireachta agus as torthaí na bhfionnachtana, dearadh níos fearr ar thosaíochtaí amach anseo agus soiléiriú ar thionchar ionchais na nathruithe i meicníochtaí seachadta. Neartaíodh na gnéithe sin sa leagan deiridh den mheasúnú tionchair. Sa mheasúnú tionchair tiomsaíodh na ceachtanna a foghlaimíodh ón gclár Eoraip na Cruthaitheachta, an clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht, an clár um an Eoraip ar son na Saoránach agus an clár um Cheartas agus moladh struchtúr nua. Ina theannta sin rinne sé iniúchadh ar mheicníochtaí seachadta a chuirfidh luachanna agus cultúr AE chun cinn agus a bhainfidh amach cuspóirí na héifeachtúlachta, na solúbthachta, na sineirgí agus an tsimplithe a leagtar síos don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile. Cuireadh torthaí an mheasúnaithe meántéarma san áireamh go hiomchuí. Léirigh gach clár a ndearnadh meastóireacht air breisluach soiléir. Leis an mbraisle nua tabharfar deis chun tuilleadh leasa a bhaint as féidearthachtaí na gclár reatha chun luachanna AE a chur chun cinn agus breisluach AE a mhéadú.

Rinneadh anailís ar thrí phríomhchás:

An status quo maidir le ceithre chlár cistiúcháin a chothabháil faoin bhfobhraisle ‘luachanna’ de bhuiséad AE, is é sin an clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht, an clár um Cheartas, an clár Eoraip na Cruthaitheachta, an clár um an Eoraip ar son na Saoránach.

Mar mhalairt ar an staid reatha agus ar an gcás bunlíne, moladh sa dara cás sineirgí a fhorbairt i measc na gclár reatha agus iad a chomhcheangal chun mír polaitíochta amháin ar luachanna AE a chruthú le dhá chlár cistiúcháin bhunúsacha: an Clár um Chultúr, Cearta agus Luachanna Eorpacha agus an Clár um Cheartas.

Sa tríú cás bheadh aon chlár cistiúcháin amháin a chumhdaíonn na ceithre chlár cistiúcháin a liostaíodh thuas.

An cás bunlíne: an status quo le ceithre chlár cistiúcháin agus gearradh 15% de bhuiséad comhréireach

Léiríonn anailís ar an gcás bunlíne le gearradh féideartha de 15% den chistiú atá ar fáil go mbeadh iarmhairtí diúltacha ann maidir le cur chun feidhme beartais. Go háirithe:

Le laghdú 15% ar chistiú don chlár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht (REC) bheadh tosaíocht bhliantúil mar thoradh air, i.e. comhchruinniú cistiúcháin i roinnt réimsí beartais i mbliain amháin agus réimsí beartais eile á gcur chun cinn sna blianta ina dhiaidh sin, contrártha do na riachtanais mhéadaithe sa réimse. Leis an laghdú sin bheadh gearradh siar freisin ar staidéir, ar bhailiú sonraí, ar fheachtais um múscailt feasachta etc., nithe ar fad is gá chun beartas agus reachtaíocht fhónta, fhianaise-bhunaithe a bheith ann.

Maidir leis an gclár um an Eoraip ar son na Saoránach, dhéanfadh gearradh buiséadach de 15% an buiséad bunlíne a laghdú go dtí €157 milliún nach bhfuil leordhóthanach do thiomantas an Choimisiúin chun saoránaigh a chur i lár phróiseas na hEorpa. Ní bhainfí amach mais chriticiúil na rannpháirtithe a thuilleadh agus an cumhach geografach gníomhaíochtaí is gá chun an tionchar atá beartaithe a bhaint amach. Chumasódh leithdháileadh buiséadach seasmhach (bunaithe ar bhuiséad 2017) leanúnachas ach ní bheadh ach tionchar teoranta leis fós.

Ciallaíonn laghdú 15% sa chistiú don fhochlár MEDIA Eoraip na Cruthaitheachta go gcaithfí sruthlíniú a dhéanamh agus díriú ar líon teoranta gníomhaíochtaí. Bheadh tionchar díréireach ag laghdú suntasach sa chistiú ar thíortha ar lú a dtáirgthe agus/nó ar thíortha a bhfuil limistéar srianta geografach/teanga acu. Laghdódh sé freisin líon na ngníomhaíochtaí oiliúna do ghairmithe closamhairc agus líon na gcomhtháirgeachtaí AE, ar oibreacha iad is fearr a thaistealaionn trasna teorainneacha. Dá ndéanfaí laghdú ar scóip an líonra d'oibreoirí pictiúrlainne bheadh drochthionchar aige sin maidir le rochtain saoránach den Aontas, go háirithe ó thíortha na hEorpa Láir agus Thoir, go dtí ábhar Eorpach neamhnáisiúnach.

Dá ndéanfaí laghdú 15% d'fhochlár Chultúr a bhaineann leis an Eoraip Chruthaitheach ní fhéadfaí mais chriticiúil a bhaint amach chun freagairt do riachtanais na nearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha. Chiallódh sé sin go mbeadh laghdú sa bhreisluach Eorpach i gceist agus dá bhrí sin tionchar laghdaithe ar éagsúlacht chultúrtha, níos lú deiseanna ann don chomhar trasteorann, níos lú deiseanna margaidh agus níos lú féidearthachtaí gairme do chleachtóirí ó na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha. Laghdófaí an tionchar ar an tsochaí, agus d'fhéadfaí go mbeadh gá oscailt idirnáisiúnta an chláir a theorannú chuig an leibhéal réamh-2014 agus deireadh a chur le rannpháirtíocht phríomh-thíortha comhpháirtíochta comharsanachta AE.

D’fhéadfaí an Ráthaíocht Airgeadais do na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a bheith i mbaol, rud a dhéanfadh dochar d’Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta, go háirithe do na tíortha Thoir nach bhfuil a margaí airgeadais chomh forbartha agus, dá bhrí sin, tá níos lú féidearthachtaí iontu rochtain a fháil ar chistiú.

Rogha a caitheadh amach sa mheasúnú tionchair: aon chlár amháin

Ar chúiseanna a bhaineann leis an mbunús dlí, tá an rogha atá molta sa tríú cás d'aon ionstraim/chlár amháin caite amach. Go deimhin, tá an chuid is mó de na gníomhaíochtaí agus na beartais bunaithe ar airteagail a dhéanann foráil do ghnáthnós imeachta reachtach ach amháin i gcás an chláir um an Eoraip ar son na Saoránach. Faoi láthair tá príomhfhócas an chláir um an Eoraip ar son na Saoránach ar rannpháirtíocht shibhialta agus dá bhrí sin tá sé bunaithe ar Airteagal 352 CFAE (aontoilíocht). Tar éis anailís a dhéanamh, d'fhéadfaí cuspóirí na ngníomhaíochtaí comhfhreagracha a oiriúnú, dá ndéanfaí a bhfócas a mhodhnú go pointe áirithe, chun freastal ar an gcur chuige nua maidir le clár níos leithne; i gcás mar sin, bheadh siad faoi raon feidhme Airteagal 167(1) agus (2) CFAE, dá ndéantar foráil don ghnáthnós imeachta reachtach. De bharr sheasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann maidir leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus seasamh na Danmhairge mar a leagtar síos i bPrótacail 21 agus 22 atá i gceangal leis na Conarthaí, ní mór don chlár um Cheartas, áfach, agus an gnáthnós imeachta reachtach á ordú aige ag an am céanna, fanacht mar ionstraim ar leithligh.

Rogha atá beartaithe sa mheasúnú tionchair: creat luachanna AE le dhá chlár cistiúcháin

Léirítear san anailís go bhfuil feabhas le déanamh maidir leis an staid reatha de cheithre chlár cistiúcháin. Dá bhrí sin, mar mhalairt ar an staid reatha agus ar an gcás bunlíne, tá sé beartaithe go ndéanfar sineirgí a fhorbairt i measc na gclár reatha agus na línte sainchumais agus iad a chur le chéile faoi mhír polaitíochta amháin ar luachanna AE le dhá chlár cistiúcháin bhunúsacha: an clár um Chultúr, Cearta agus Luachanna Eorpacha agus an clár um Cheartas, mar a chuirtear i láthair thíos:

Ag seo an aidhm atá ag struchtúr nua an chistiúcháin amach anseo mar mhalairt ar an gcás bunlíne:

sineirgí a fhorbairt i measc beartas, ag teacht ar chomhthuiscint le haghaidh gníomhaíochta, fós ag urramú a gcuid sainiúlachtaí;

forluí agus ilroinnt a laghdú;

solúbthacht a áirithiú maidir le leithdháileadh cistí, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh méid áirithe intuarthachta ann maidir le cistiú atá tiomanta do gach beartas;

gníomhaíochtaí trasearnála agus nuálacha a chothú;

mais chriticiúil acmhainní a áirithiú chun luachanna a chur chun cinn, agus riachtanais gach beartais a chur san áireamh freisin.

Rogha mhalartach a coinníodh

Chinn an Coimisiún ar chlár neamhspleách a bheith ann, is é sin Eoraip na Cruthaitheachta, agus Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna a bhunú agus dá chlár cistiúcháin mar bhonn faoin gciste sin: an clár um Cheartas agus an clár um Chearta agus Luachanna. Tá an measúnú tionchair bailí i gcónaí a fhad a bhaineann le tacú leis na tionscnaimh sin. Léirítear an cinneadh sin sa phacáiste togra don CAI iar-2020 a chuir an Coimisiún i láthair an 2 Bealtaine 2018 6 .

·Simpliú

Féachfar le húsáid a bhaint as bearta simplithe, e.g. cnapshuimeanna, rátaí cothroma agus costais aonaid, leis an gclár um Cheartas a chur chun feidhme.

Is ionann castacht agus ilchineálacht na rialacha cistiúcháin do na cláir reatha agus bac d’iarratasóirí. Tá ról tábhachtach ag baint le pointe iontrála aonair d'úsáideoirí seachtracha chun páirt a ghlacadh i saolré na ndeontas (tairseach na rannpháirtithe), lena náirítear córas bainistíochta deontas foriomlán chun an rochtain ar an gclár a shimpliú. Leanfar le bainistiú ar an gclár um Cheartas trí chóras corparáideach TF an Choimisiúin atá á fhorbairt faoi láthair ar bhonn H2020.

·Cearta bunúsacha

Tá dlúthbhaint ag cuspóirí an chláir le cearta bunúsacha a chur chun cinn agus tá siad i gcomhréir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, beidh an clár um Cheartas (agus an clár um Chearta agus Luachanna) mar chuid de Chiste um Cheartas, Cearta agus Luachanna de bhuiséad an Aontais Eorpaigh atá dírithe ar shochaithe oscailte, daonlathacha agus cuimsitheacha a chothú, lena ndéantar daoine a chumasú trí chearta agus luachanna a chosaint agus a chur chun cinn, agus trí limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt tuilleadh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is é [EUR 305 000 000] (i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an chláir um Cheartas don tréimhse an 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

5.EILIMINTÍ EILE

·Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag bainistiú an chláir um Cheartas go díreach le haghaidh deontas agus soláthar araon.

Forbrófar plean cur chun feidhme chun na socruithe a shonrú maidir le reáchtáil an chláir.

Déanfar plean faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt chun a shonrú conas a chaithfear gníomhaíochtaí a dhéanamh go hiarbhír, agus faoi cé acu straitéis sonraí. Déanfar faireachán ar an gclár ar bhonn leanúnach (e.g. chun freastal go tráthúil ar aon imeachtaí gan choinne agus riachtanais eisceachtúla) agus ar bhonn rialta (chun tuairisc a thabhairt ar phríomhimeachtaí amhail glaonna ar thograí, athbhreithnithe tionscadail, imeachtaí comhordúcháin agus scaipthe) agus, i gcás inarb ábhartha, cuirfear an faireachán san áireamh maidir le príomhtháscairí an chláir. Ina dhiaidh sin cuirfear na tuairiscí faireacháin san áireamh maidir le:

hathbhreithniú meántéarma (tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis tús a chur le cur chun feidhme an chláir), i dteannta na meastóireachta críochnaithí ar na cláir a bhí ann roimhe. agus

meastóireacht chríochnaitheach (le comhlíonadh tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse cláraithe).

Déanfar na meastóireachtaí sin i gcomhréir le mír 22 agus mír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 7 , i gcás inar dhearbhaigh na trí institiúid gur chóir go gcuirfeadh meastóireachtaí ar reachtaíocht agus ar bheartas atá ann cheana féin an bunús ar fáil le haghaidh measúnuithe tionchair maidir le roghanna le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta. Sna meastóireachtaí déanfar measúnú ar éifeachtaí an chláir ar an talamh ar bhonn táscairí/spriocanna an chláir agus déanfar anailís mhionsonraithe ar an méid a mheasfar an clár a bheith ábhartha, éifeachtach agus éifeachtúil, go soláthraíonn sé go leor breisluacha AE agus go bhfuil sé comhleanúnach le beartais eile AE. Áireofar orthu na ceachtanna a foghlaimíodh chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh/fhadhbanna a aithníodh nó aon fhéidearthacht chun gníomhaíochtaí nó torthaí a fheabhsú tuilleadh agus chun cuidiú lena saothrú/dtionchar a bharrfheabhsú.

Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do gach institiúid ábhartha eile AE trí thuarascálacha faireacháin agus meastóireachta agus scórchlár poiblí de na príomhtháscairí cláir.

·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is í aidhm an chur chuige atá beartaithe simpliú na nósanna imeachta cistiúcháin a chomhcheangal, mar atá iarrtha ag na rannpháirtithe uile, le cur chuige atá níos dírithe ar thorthaí.

Leagtar amach sa togra cuspóirí ginearálta agus sonracha an chláir (Airteagal 3) agus na cineálacha gníomhaíochta atá le cistiú (Iarscríbhinn 1). Sainíonn na cuspóirí ginearálta agus sonracha raon feidhme an chláir (réimsí beartais), cé go bhfuil na cineálacha gníomhaíochta dírithe ar chistiú, tá feidhm acu maidir le gach réimse beartais lena mbaineann agus soláthraíonn siad sainmhíniú trasghearrtha ar na haschuir fhéideartha. Ag an am céanna, léiríonn na cineálacha gníomhaíochta conas is féidir le cistiú breisluach suntasach a chur leis na cuspóirí beartais a bhaint amach.

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, bunóidh an Coimisiún na tosaíochtaí cistiúcháin ar bhonn bliantúil sna réimsí beartais faoi seach. Tá rannpháirtíocht oscailte do gach eintiteas dlíthiúil atá bunaithe go dleathach i mBallstát nó i dtír rannpháirteach nach bhfuil san Aontas, gan aon srianta breise maidir le rochtain ar an gclár.

Ceadaíonn an struchtúr sin simpliú a dhéanamh agus don chlár a bheith dírithe níos dlúithe ar riachtanais agus ar fhorbairtí beartais. Thairis sin, soláthraíonn sé comhthéacs seasmhach le haghaidh meastóireachta, toisc go bhfuil na cuspóirí sonracha nasctha go díreach le táscairí a bheidh comhsheasmhach le linn ré an chláir agus déanfar faireachán agus measúnú orthu go rialta. Ar mhaithe le solúbthacht agus cur chun feidhme níos fearr, ní mholtar go ndéanfar méideanna sonracha a fhorchoimeád do chuspóirí sonracha aonair laistigh den chlár.

2018/0208 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an clár um Cheartas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(1) agus (2) agus Airteagal 82(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 8 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 9 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)De réir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ‘tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine, lena náirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an tiolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir’. Sonraítear in Airteagal 3 ina theannta sin gurb é ‘is aidhm don Aontas an tsíocháin, a luachanna agus dea-bhail a phobal a chur chun cinn’ agus, i measc nithe eile, ‘go nurramóidh an tAontas an saibhreas atá san éagsúlacht chultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú’. Athdhearbhaítear na luachanna sin agus cuirtear in iúl iad sna cearta, sna saoirsí agus sna prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ('an Chairt').

(2)Ní mór na cearta agus na luachanna sin a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú, a roinnt ar na saoránaigh agus na pobail laistigh den Aontas agus a bheith i gcroílár shochaithe na hEorpa. Dá bhrí sin, cruthófar Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna, ina gcuimseofar an clár um Chearta agus Luachanna agus an clár um Cheartas i mbuiséad an Aontais. Tráth a chaithfidh sochaithe Eorpacha aghaidh a thabhairt ar antoisceachas, radacachas agus easaontais, is tábhachtaí murab ionann agus riamh ceartas, cearta agus luachanna an Aontais a chur chun cinn, a neartú, agus a chosaint, mar atá: cearta an duine, meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta. Beidh impleachtaí móra díreacha aige sin ar an saol polaitiúil, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch san Aontas. Mar chuid den Chiste nua, cumascfar sa chlár um Chearta agus Luachanna an Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 agus an clár um an Eoraip ar son na Saoránach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle 11 . Leanfaidh an clár um Cheartas (dá ngairtear an ‘Clár’ anseo feasta) de thacaíocht a thabhairt maidir le forbairt a dhéanamh ar limistéar Eorpach ceartais comhtháite agus comhar trasteorann, i leanúnachas leis an gClár um Cheartas don tréimhse 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 (dá ngairtear ‘an Clár ba réamhtheachtaí’ anseo feasta).

(3)Déanfar an Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna agus an dá chlár cistiúcháin atá mar bhonn faoi a dhíriú, go príomha, ar dhaoine agus ar eintitis a rannchuidíonn le beocht agus beatha a chur sna luachanna, sna cearta agus san éagsúlacht shaibhir is coiteann dúinn. Is é an cuspóir bunaidh an tsochaí seo againn atá bunaithe ar chearta agus atá cothrom, uilechuimsitheach agus daonlathach a chothú agus a chothabháil. Áirítear leis sin sochaí shibhialta bhríomhar, a spreagann rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta na ndaoine agus éagsúlacht shaibhir shochaí na hEorpa a chothú, bunaithe freisin ar an stair agus ar an gcuimhne is coiteann dúinn. In Airteagal 11 de Chonradh ar an Aontas Eorpach sonraítear freisin go dtabharfaidh na hinstitiúidí, ar dhóigheanna iomchuí, an deis do shaoránaigh agus dá gcomhlachais ionadaíochta, a dtuairimí a chur in iúl agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

(4)Foráiltear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú, le hurraim do chearta bunúsacha agus do chórais agus do thraidisiúin dhlíthiúla éagsúla na mBallstát. Chuige sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh chun comhar breithiúnach a fhorbairt in ábhair shibhialta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstát i réimse chosc na coireachta agus chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun cinn. Agus limistéar Eorpach ceartais á fhorbairt tuilleadh amach anseo ba cheart a áirithiú go dtabharfar lánurraim do chearta bunúsacha agus do phrionsabail agus do luachanna coiteanna, amhail an neamh-idirdhealú, comhionannas inscne, rochtain éifeachtach ar an gceartas do chách, an smacht reachta agus córas breithiúnach neamhspleách dea-fheidhmiúil.

(5)Ba cheart cistiú leanúint de bheith ar cheann de na huirlisí tábhachtacha chun na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha síos ag na Conarthaí a chur chun feidhme go rathúil. Ba cheart iad a bhaint amach, inter alia, trí Chlár um Cheartas solúbtha agus éifeachtach a bhunú lena bhféadfar pleanáil agus cur chun feidhme na spriocanna sin a éascú.

(6)Maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas le bearta a ghlacadh maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i leith breithiúnas agus cinntí breithiúnacha, arb é dúshraith an chomhair bhreithiúnaigh é laistigh den Aontas ó bhí Comhairle Eorpach Tampere ann an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 1999. Éilíonn aitheantas frithpháirteach ardleibhéal muiníne frithpháirtí i measc na mBallstát. Glacadh bearta chun dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i roinnt réimsí chun aitheantas frithpháirteach a éascú agus muinín fhrithpháirteach a chothú. Tá ríthábhacht ag baint le limistéar ceartais dea-fheidhmiúil, ina gcuirtear deireadh le constaicí in imeachtaí breithiúnacha trasteorann agus rochtain ar cheartas i gcásanna trasteorann, chun fás eacnamaíoch a áirithiú.

(7)Tá urramú an smachta reachta riachtanach le haghaidh ardleibhéal muiníne frithpháirtí i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile, go háirithe maidir le comhar breithiúnach éifeachtach in ábhair shibhialta agus choiriúla atá bunaithe ar aitheantas frithpháirteach. Tá an smacht reachta ar cheann de na luachanna coiteanna atá cumhdaithe ag Airteagal 2 CAE, agus is léiriú nithiúil ar an smacht reachta prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí dá bhforáiltear le hAirteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Déanann cur chun cinn an smachta reachta, trí thacú leis na hiarrachtaí a dhéantar neamhspleáchas, cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras ceartais náisiúnta a fheabhsú, an mhuinín fhrithpháirteach sin a neartú atá fíor-riachtanach le haghaidh comhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla.

(8)De bhun Airteagail 81(2)(h) agus 82(1)(c) CFAE, tacóidh an tAontas le hoiliúint na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí mar uirlis chun comhar breithiúnach a fheabhsú in ábhair shibhialta agus choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar bhreithiúnais agus ar chinntí breithiúnacha. Is uirlis thábhachtach í oiliúint a chur ar ghairmithe ceartais chun tuiscint choiteann a chothú i dtaobh na dóighe is fearr leis an smacht reachta a chaomhnú. Rannchuidíonn sin le limistéar Eorpach ceartais a thógáil trí chultúr breithiúnach coiteann a chruthú i measc gairmithe ceartais na mBallstát. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear an dlí i bhfeidhm go ceart agus go comhleanúnach san Aontas agus muinín fhrithpháirteach idir gairmithe ceartais in imeachtaí trasteorann a áirithiú. Ba cheart na gníomhaíochtaí oiliúna a fhaigheann tacaíocht ón gClár a bheith bunaithe ar mheasúnuithe fónta ar riachtanais oiliúna, úsáid a bhaint as modheolaíocht úrscothach, imeachtaí trasteorann a bhailíonn gairmithe ceartais ó Bhallstáit éagsúla a áirithiú, gnéithe gníomhacha foghlama agus líonraithe a chuimsiú ann agus ba cheart dóibh a bheith inbhuanaithe.

(9)Féadfaidh gníomhaithe éagsúla a bheith i gceist le hoiliúint bhreithiúnach, amhail údaráis dhlíthiúla, bhreithiúnacha agus riaracháin, institiúidí acadúla, comhlachtaí náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an oiliúint bhreithiúnach, eagraíochtaí oiliúna nó líonraí ar an leibhéal Eorpach nó líonraí de chomhordaitheoirí cúirte maidir le dlí an Aontais. Maidir le comhlachtaí agus eintiteas a shaothraíonn leas ginearálta Eorpach i réimse na hoiliúna breithiúnaí, amhail an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (‘GEOB’), Acadamh an Dlí Eorpaigh (‘ERA’), Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna (‘ENCJ’), Comhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas-Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh, Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach agus an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí, ba cheart dóibh leanúint den pháirt atá acu i gcur chun cinn clár oiliúna a bhfuil gné cheart Eorpach iontu do na breithiúna agus don fhoireann bhreithiúnach, agus a bhféadfaí, dá bhrí sin, tacaíocht leordhóthanach airgeadais a dheonú dóibh i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na critéir a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo.

(10)Ba cheart don chlár tacú le clár oibre bliantúil GEOB, ar gníomhaire riachtanach é d'oiliúint bhreithiúnach. Is cás eisceachtúil é GEOB arae is é an taon líonra é ar leibhéal an Aontais a thugann le chéile comhlachtaí oiliúna breithiúnaí na mBallstát. Tá sé i riocht uathúil chun malartuithe a eagrú do bhreithiúna agus ionchúisitheoirí nua agus dóibh siúd a bhfuil taithí acu idir na Ballstáit uile agus chun obair na gcomhlachtaí náisiúnta oiliúna breithiúnaí a chomhordú maidir le gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú ar dhlí an Aontais agus chun cleachtais mhaithe oiliúna a chur chun cinn. Ina theannta sin soláthraíonn GEOB gníomhaíochtaí oiliúna den scoth, agus sin ar dhóigh chost-éifeachtúil ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, cuimsítear leis comhlachtaí oiliúna breithiúnaí ó thíortha is iarrthóirí mar chomhaltaí breathnóirí.

(11)Ba cheart do bhearta faoin gClár tacú le haitheantas frithpháirteach feabhsaithe maidir le cinntí breithiúnacha agus breithiúnais agus an comhfhogasú reachtaíochta is gá a éascóidh comhar idir na húdaráis ábhartha go léir, lena náirítear Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais, agus cosaint dlí maidir le cearta daoine aonair in ábhair shibhialta agus thráchtála. Ba cheart don Chlár freisin an reachtaíocht nósanna imeachta maidir le cásanna trasteorann a chur chun cinn agus cur le cóineasú níos mó a dhéanamh sa dlí sibhialta d’fhonn cabhrú deireadh a chur le nithe a bhacann dea-fheidhmiú agus feidhmiú éifeachtach nósanna imeachta breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha, chun leas gach páirtí i ndíospóid shibhialta a dhéanamh. Ar deireadh, chun tacú le forfheidhmiú éifeachtach agus cur i bhfeidhm praiticiúil dhlí an Aontais maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta, ba cheart don Chlár tacú le feidhmiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála a bunaíodh le cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle.

(12)De bhun Airteagal 3(3) CAE, Airteagal 24 de Chairt agus de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989, ba cheart don Chlár tacú le cearta an linbh a chosaint, agus ba cheart dó cur chun cinn chearta an linbh a phríomhshruthú i gcur chun feidhme a chuid gníomhaíochtaí go léir.

(13)Leis an gClár don tréimhse 2014-2020 cumasaíodh gníomhaíochtaí oiliúna a bhaineann le dlí an Aontais, go háirithe maidir le raon feidhme agus cur i bhfeidhm na Cairte, agus iad dírithe ar chomhaltaí de na breithiúna agus cleachtóirí dlí eile. Ina chonclúidí dar dáta an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cur i bhfeidhm na Cairte in 2016, mheabhraigh an Chomhairle an tábhacht a bhaineann le feasacht a mhúscailt maidir le cur i bhfeidhm na Cairte, lena náirítear i measc lucht ceaptha beartas, cleachtóirí dlí agus sealbhóirí ceart iad féin, ar bhonn náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, chun cearta bunúsacha a phríomhshruthú ar bhealach comhsheasmhach, tá sé riachtanach tacaíocht airgeadais a leathnú chuig gníomhaíochtaí múscailte feasachta d'údaráis phoiblí eile seachas údaráis bhreithiúnacha agus cleachtóirí dlí.

(14)De bhun Airteagal 67 CFAE, ba cheart don Aontas a bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus urraim ann do chearta bunúsacha, rud a bhfuil rochtain ar an gceartas ríthábhachtach lena aghaidh. Chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú, agus d'fhonn an mhuinín fhrithpháirteach atá fíor-riachtanach chun dea-fheidhmiú limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a chinntiú, is gá tacaíocht airgeadais a leathnú chuig gníomhaíochtaí údarás eile seachas údaráis bhreithiúnacha agus cleachtóirí dlí, agus chuig eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a rannchuidíonn leis na cuspóirí sin.

(15)De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 CFAE, ba cheart don Chlár tacú le príomhshruthú chuspóirí an chomhionannais idir mná agus fir agus le cuspóirí an neamh-idirdhealaithe ina ghníomhaíochtaí uile.

(16)Ba cheart go rannchuideodh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe ag Rialachán seo le limistéar Eorpach ceartais a chruthú trí chomhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus trí dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach. Ba cheart do ghníomhaíochtaí cistiúcháin rannchuidiú le tuiscint choiteann ar luachanna an Aontais, an smacht reachta, eolas níos fearr ar dhlí an Aontais agus ar bheartais an Aontais, eolas agus dea-chleachtais a roinnt maidir le hionstraimí an chomhair bhreithiúnaigh a úsáid ag na páirtithe leasmhara go léir lena mbaineann, agus le hiomadú réiteach digiteach comh-inoibritheach a thacaíonn le comhar trasteorann leanúnach agus éifeachtach, agus ba cheart bonn fónta anailíse a sholáthar chun tacú le forbairt agus forfheidhmiú agus cur i bhfeidhm ceart dhlíthe agus bheartais an Aontais. Le hidirghabháil an Aontais is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus barainneachtaí scála a ghiniúint. Fairis sin, is fearr is féidir leis an tAontas Eorpach ná na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghnóthaí trasteorann agus clár Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil.

(17)Ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí ginearálta a áirithiú le hobair chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, amhail EUROJUST, EU-LISa agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, agus ba cheart dó obair ghníomhaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta eile a chur san áireamh sna limistéir a chumhdaítear leis an gClár.

(18)Is gá breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí go léir a dhéantar laistigh den Chlár a áirithiú, agus is gá a gcomhlántacht le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus a gcomhsheasmhacht le gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais a áirithiú freisin. Chun leithdháileadh éifeachtach cistí a áirithiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais, ba cheart féachaint le comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí idir cláir chistiúcháin a thacaíonn le réimsí beartais a bhfuil dlúthcheangal acu lena chéile, go háirithe laistigh den Chiste um Cheartas, Cearta agus Luachanna – agus dá bhrí sin leis an gClár um Chearta agus Luachanna- agus idir an Clár agus Clár an Mhargaidh Aonair, Bainistiú Teorainneacha agus Slándála, go háirithe na Cistí um Thearmann, Imirce agus um Shlándáil Inmheánach, Bonneagar Straitéiseach, go háirithe Clár Digiteach na hEorpa, Clár Erasmus+, an Clár Réime um thaighde agus nuálaíocht, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus Rialachán LIFE 13 .

(19)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don chlár um Cheartas arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí [pointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais 14 ], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(20)Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. [an Rialachán Airgeadais nua] (an ‘Rialachán Airgeadais’) maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena náirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(21)Maidir leis na cineálacha cistiúcháin agus na modhanna cur chun feidhme atá le húsáid faoin Rialachán seo, is ar bhonn a gcumas cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, lena náirítear, go háirithe, costas na rialuithe, an tualach riaracháin, agus an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Chuige sin ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, rud dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

(22)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 ,Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 16 ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 17 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1939 18 ón gComhairle, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a chinneadh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus rochtain is gá a dheonú don Choimisiún, OLAF, OIPE agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus a áirithiú go ndeonóidh aon tríú páirtí a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais cearta coibhéiseacha.

(23)Féadfaidh tríú tíortha atá ina mbaill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais faoi chuimsiú an chomhair a bunaíodh faoin gcomhaontú LEE, lena ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár trí chinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin, ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart sainfhoráil a thabhairt isteach sa Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) chomh maith le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a ninniúlachtaí faoi seach a chur i gcrích go cuimsitheach.

Rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá feidhm acu maidir leis an Rialachán seo. Leis an Rialachán Airgeadais a leagtar síos na rialacha sin agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnamh ginearálaithe maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit, toisc go bhfuil an urraim don smacht reachta ina réamhchoinníoll riachtanach maidir le bainistiú fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach AE.

(25)De bhun [De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE 20 ] ón gComhairle, tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus cuspóirí an Chláir agus na socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(26)Tá tábhacht ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, agus léiriú air sin is ea é go rannchuideoidh an Clár seo le príomhshruthú i mbeartais an Aontais na ngníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide agus le baint amach na sprice arb é atá inti 25 % de caiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid den mheastóireacht mheántéarma ar an gclár.

(27)De bhun mhír 22 agus mhír 23 den chomhaontú Idirinstitiúideach do Reachtóireacht Níos Fearr dar dáta an 13 Aibreán 2016, ní mór an Clár seo a mheas ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí cheanglais shonracha faireacháin, agus rórialáil agus ualaí riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh táscairí intomhaiste a bheith ar áireamh sna ceanglais sin, chun éifeachtaí an Chláir ar an talamh a mheas.

(28)D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le táscairí mar atá leagtha amach in Airteagal 12 agus Airteagal 14 agus in Iarscríbhinn II. Tá sé tábhachtach, go háirithe, don Choimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(29)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 .

(30)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(31)[I gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn [, le litir an …,] gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. NÓ

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.]

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I
Forálacha Ginearálta

Airteagal 1
Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo an clár um Cheartas (an 'Clár').

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.Ciallaíonn ‘na breithiúna agus an fhoireann bhreithiúnach’ breithiúna, ionchúisitheoirí agus foireann na cúirte, chomh maith le gairmithe ceartais eile a bhaineann leis na breithiúna, mar shampla dlíodóirí, nótairí, báillí nó oifigigh um fhorfheidhmiú, cleachtóirí dócmhainneachta, idirghabhálaithe, ateangairí cúirte agus aistritheoirí, saineolaithe cúirte, foireann príosúin agus oifigigh phromhaidh.

Airteagal 3
Cuspóirí an Chláir

1.Tá sé mar chuspóir ginearálta ag an gClár rannchuidiú le forbairt bhreise a dhéanamh ar limistéar Eorpach ceartais atá bunaithe ar an smacht reachta, ar aitheantas frithpháirteach agus ar mhuinín fhrithpháirteach;

2.Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár, mar atá mionsonraithe tuilleadh in Iarscríbhinn I:

(a)comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla a éascú agus tacú leis an saghas sin comhair, agus an smacht reachta a chur chun cinn, lena náirítear tacú leis na hiarrachtaí chun éifeachtacht na gcóras ceartais náisiúnta a fheabhsú agus cinntí a fhorfheidhmiú;

(b)tacú le hoiliúint bhreithiúnach agus sin a chur chun cinn, d'fhonn cultúr coiteann dlíthiúil, breithiúnach agus smacht reachta a chothú;

(c)rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú do gach duine, lena náirítear trí mheáin leictreonacha, trí nósanna imeachta sibhialta agus coiriúla éifeachtacha a chur chun cinn agus trí thacú le cearta íospartach na coireachta agus le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, agus na cearta sin a chur chun cinn.

Airteagal 4
Buiséad

1.Is é EUR [305 000 000] i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027.

2.Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena náiritear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

3.Gan dochar don Rialachán Airgeadais, féadfaidh caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí a thig as tionscadail a áirítear sa chéad chlár oibre a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021.

4.Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit sin. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(c). Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh i gcás inar féidir é.

Airteagal 5
Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

(a)Comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

(b)tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó chomhairlí comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin.

(d)Tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll

-go náirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht i dtaca le ranníocaíochtaí agus sochair an tríu tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais;

-go leagtar síos leis coinníollacha rannpháirtíochta na gclár, lena náirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais a dhéantar le cláir aonair agus na costais riaracháin a bhaineann leo. Is éard a bheidh sna ranníocaíochtaí sin ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] [den Rialachán Airgeadais nua].

-nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht chinnteoireachta don tríú tír maidir leis an gclár;

-go ráthaíonn sé cearta an Aontais bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus a leasanna airgeadais a chosaint.

Airteagal 6
Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.Cuirfear an Clár chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 61(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

2.Féadfaidh an Clár cistiú a sholáthar ar cheann de na bealaí a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais.

3.[Féadfaidh ranníocaíochtaí le meicníocht fhrithpháirteach árachais an riosca a bhaineann le cistí a ghnóthú atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in [Airteagal X de] Rialachán XXX [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].

Airteagal 7
Cineálacha gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóir a shroicheadh a shainítear in Airteagal 3, féadfaidh siad cistiú a fháil faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I incháilithe le haghaidh cistiúcháin.

Caibidil II
Deontais

Airteagal 8
Deontais

1.Tabharfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 9
Carnach [, comhlántach] agus cistiú comhcheangailte

1.Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena náirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. [Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata].

2.I gcás ina dtabharfaidh an Clár agus na Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] tacaíocht airgeadais chomhpháirteach do ghníomhaíocht aonair, cuirfear an ghníomhaíocht sin chun feidhme de réir na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo, lena náirítear rialacha maidir le méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú.

3.Gníomhaíochtaí atá incháilithe faoin gClár agus a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír, féadfar iad a shainaithint d'fhonn iad a chistiú leis na Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte. Sa chás sin beidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe agus ag na rialacha incháilitheacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Comhlíonfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

(b)comhlíonann siad na ceanglais íosta cáilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

(c)ní fhéadfar iad a chistiú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.

Cuirfidh an túdarás bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal [65] de Rialachán (AE) [XX] [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] na gníomhaíochtaí chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach sa Rialachán sin agus déanfaidh siad rialacháin shonracha a chistiú, lena náirítear rialacha maidir le ceartúcháin airgeadais."

Airteagal 10
Eintitis incháilithe

1.Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in [Airteagal 197] den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 2 agus 3.

2.Tá na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

·Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

·tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár;

(b)aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta;

3.Is féidir deontas oibríochtúil a dhámhachtain, gan glao ar thograí, don Ghréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach chun caiteachas a bhaineann lena chlár oibre buan a chumhdach.

Caibidil III
Cláreagrú, Faireachán, Meastóireacht agus Rialú

Airteagal 11
Clár oibre

1.Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme.

2.Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 17.

Airteagal 12
Faireachán agus tuairisciú

1.Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

2.Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir i leith a chuspóirí a bhaint amach, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 14, chun na forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt, lena náirítear trí leasuithe ar Iarscríbhinn II a athbhreithniú agus comhlánú a dhéanamh ar na táscairí i gcás inar gá.

3.Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit.

Airteagal 13
Meastóireacht

1.Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.

3.I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

4.Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 14
An tarmligean a fhei
dhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12 i bhfeidhm mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15
Leasanna airgeadais an Aontais a chosa
int

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár de thoradh cinneadh arna dhéanamh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar i measc na gceart sin an ceart chun imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Caibidil IV
Fo
rálacha Idirthréimhseacha agus Críochnaitheacha

Airteagal 16
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

2.Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 17
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 18
Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013, le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 19
Forálacha idirthréimhseacha

1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, faoi Rialachán Uimh. 1382/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear i gcrích iad.

2.Féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach chun an taistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh faoina réamhtheachtaí, Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 a áirithiú freisin.

3.Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Clár um Cheartas

1.2.Réimsí beartais/beartas lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 22  

II. Comhtháthú agus Luachanna

7. Infheistiú i nDaoine, Comhtháthú Sóisialta agus Luachanna

Ceartas, Cearta agus Luachanna…

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 beart nua

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 23  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

De bharr gur príomh-uirlis í an reachtaíocht chun cuspóirí an Aontais i limistéar an Cheartais a chur chun feidhme, is gá é a chomhlánú trí mhodhanna eile. Sa chomhthéacs seo, tá ról tábhachtach ag an gcistiú. Go háirithe, ba cheart do chistiú cur le héifeachtacht na reachtaíochta trí eolas, feasacht agus cumas na saoránach, gairmithe agus páirtithe leasmhara a fheabhsú trí thacú le:

- faisnéis agus feasacht an phobail a mhúscailt, lena náirítear tacaíocht d’fheachtais náisiúnta agus Eorpacha chun daoine a chur ar an eolas maidir lena gcearta, mar a ráthófar faoi dhlí an Aontais, agus conas iad a fhorfheidhmiú go praiticiúil;

- oiliúint agus forbairt acmhainní do ghairmithe dlíthiúla (amhail breithiúna agus ionchúisitheoirí) agus cleachtóirí eile, á dtrealmhú leis na huirlisí chun cearta agus beartais an Aontais a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

Tá ról lárnach ag cistiú freisin maidir le comhar a chur chun cinn ar leibhéal trasnáisiúnta agus muinín fhrithpháirteach a fhorbairt trí:

- líonraí a neartú, i.e. eagraíochtaí ar fud an Aontais chun cuidiú le tionscnaimh a ullmhú sa todhchaí sa réimse seo, chomh maith lena gcur chun feidhme go comhsheasmhach a chur chun cinn ar fud na hEorpa;

- comhar trasteorann maidir le forfheidhmiú, mar shampla córais foláirimh do leanaí ar iarraidh, comhar oibríochtúil agus trasteorann frithdhrugaí a chomhordú.

Ina theannta sin, ba cheart don chistiú tacú le:

- Taighde, anailís agus gníomhaíochtaí tacaíochta eile, d’fhonn faisnéis shoiléir agus mhionsonraithe a sholáthar don reachtóir maidir leis na fadhbanna agus an staid ar an talamh. Áirítear torthaí na ngníomhaíochtaí sin i bhforbairt agus cur chun feidhme bheartas an Aontais agus cinntítear leo go bhfuil siad bunaithe ar fhianaise, dea-spriocdhírithe agus dea-struchtúrtha.

Cuirfear na gníomhaíochtaí sin go léir chun feidhme thar an tréimhse iomlán 2021-2027. Tá sé deacair feidhmiú céimneach beacht a leagan síos ag an bpointe seo, ag smaoineamh ar luas na ndúshlán polaitiúil nua a gcaithfimid aghaidh a thabhairt orthu agus freagairt dóibh.

1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an luach breise a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Díríonn an cistiú a chumhdaítear ag an gClár um Cheartas ar ghníomhaíochtaí inar féidir le hidirghabháil an Aontais breisluach a thabhairt i gcomparáid le gníomhaíocht na mBallstát ina naonar. Rannchuidíonn gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo le feidhmiú éifeachtach an acquis trí mhuinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a chothú, trí chomhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus trí dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach ar fud an Aontais. Ní fhéadfaidh ach gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais gníomhaíochtaí comhordaithe a sholáthar a bhféadfaidh Ballstát uile an Aontais teacht orthu. Is fearr atá an tAontas Eorpach ná na Ballstáit in ann aghaidh a thabhairt ar staideanna trasteorann agus ardán Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil. Gan tacaíocht ón Aontas, bheadh claonadh ag páirtithe leasmhara aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna den chineál céanna ar bhealach ilroinnte agus neamhcheangailte.

An luach breise ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post)

Mar thoradh ar chomhoibriú agus líonrú idir páirtithe leasmhara beidh scaipeadh na ndea-chleachtas ann, go háirithe cur chuige nuálach agus comhtháite i mBallstáit éagsúla. Beidh na rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí sin ag feidhmiú mar iolraitheoirí ina ngníomhaíochtaí gairmiúla faoi seach agus scaipfidh siad na dea-chleachtais ar bhonn níos leithne laistigh dá mBallstát.

Tabharfar tacaíocht do bhonn fónta anailíse agus d’fhorbairt beartas. Ceadaíonn idirghabháil an Aontais Eorpaigh go ndéanfar na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus tugann siad barainneacht scála. Ní sholáthródh cistiú ar leibhéal náisiúnta na torthaí céanna, ach cur chuige ilroinnte agus teoranta nach gcumhdódh riachtanais an Aontais Eorpaigh ina iomláine.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile chosúil am a chuaigh thart

D'éirigh leis an meastóireacht mheántéarma a rinneadh don chlár reatha i limistéar an cheartais éifeachtacht iomlán an chláir agus bailíocht a chuspóirí a dheimhniú, ach aithníodh roinnt gnéithe le haghaidh feabhsúcháin, go háirithe an méadú ar líon faighteoirí féideartha maidir le gníomhaíochtaí an Chláir, athbhreithniú na dtáscairí faireacháin, neartú sineirgí le cláir agus tionscnaimh chistiúcháin ábhartha eile de chuid an Aontais.

1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

Féachfaidh an Clár le sineirgí, comhsheasmhacht agus comhlántachtaí le hionstraimí eile de chuid an Aontais, inter alia leis na cláir i réimsí imirce, bainistiú teorainneacha agus slándáil, tomhaltóirí, fostaíocht, sóisialta agus oideachas, forbairt sheachtrach agus comhar. Seachnófar dúbláil le gníomhaíochtaí faoi na cláir eile sin, agus féadfar acmhainní a roinnt idir an clár um Cheartas agus an Clár um Chearta agus Luachanna chun comhchuspóirí a bhaint amach.

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

X tréimhse theoranta

x    i bhfeidhm ón 01/01/2021 go dtí an 31/12/2027

x    Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó 2021 go 2027 agus tuilleadh do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 24  

x Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

x ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Áiríonn an togra oibleagáidí faireacháin agus meastóireachta. Déanfar faireachán ar ghnóthú na gcuspóirí sonracha ar bhonn na dtáscairí atá sa togra; ar bhonn bliantúil.

Thairis sin, soláthróidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta eatramhach faoi lár 2025 ar a dhéanaí maidir le gnóthú chuspóirí an Chláir, éifeachtúlacht úsáid acmhainní agus a bhreisluach Eorpach. Cuirfear meastóireacht ex post ar na tionchair níos fadtéarmaí agus ar inbhuanaitheacht éifeachtaí an Chláir ar fáil tar éis dheireadh an Chláir.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

Trí bhainistiú díreach, tacaíonn an Coimisiún le gníomhaíochtaí eile a rannchuidíonn le cuspóirí comhbheartais an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún an Clár um Cheartas a bhainistiú go díreach mar go gceadaíonn sé sin na cláir a oiriúnú níos fearr do riachtanais an bheartais agus níos mó solúbthachta a bheith acu chun tosaíochtaí a athoiriúnú i gcás riachtanas atá ag teacht chun cinn. Chomh maith le bainistíocht dhíreach ón gCoimisiún, ligfidh sé teagmhálacha díreacha a bhunú le tairbhithe/conraitheoirí a bhíonn ag gabháil go díreach do ghníomhaíochtaí a fhreastalaíonn ar bheartais an Aontais.

Tháinig meastóireacht eatramhach an Chláir um Cheartas don tréimhse 2014-2020 ar an gconclúid, cé go bhfuil raon feidhme ann le haghaidh simplithe laistigh den Chlár um Cheartas, go bhfuil an raon feidhme sin teoranta laistigh den chreat bainistíochta reatha. Mar sin féin is gnéithe simplithe iad úsáid níos leithne na nuirlisí corparáideacha TF maidir le bainistíocht deontas agus costais aonaid a thabhairt isteach níos leithne i mbainistiú an Chláir.

2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Tá dhá phríomhriosca ag baint le gníomhaíochtaí cistiúcháin DG JUST:

- an riosca nach é an tionscadal is fearr is féidir dul i ngleic leis an tsaincheist a aithníodh a roghnófar

- na rioscaí a bhaineann le neamhrialtacht agus neamhdhleathacht na gcostas a éilítear agus a aisíoctar.

Maidir leis an riosca dlíthiúlachta agus rialtachta, bunaithe ar na príomhchúiseanna agus ar na cineálacha earráidí is minice a bhraithtear in iniúchtaí ex-post, is cosúil go neascraíonn na príomhréimsí neamhrialtachtaí ó dhroch-bhainistíocht airgeadais na dtairbhithe, de dheasca drochthuiscint ar na rialacha go príomha, mar gheall ar a gcastacht, go háirithe na rialacha maidir le hincháilitheacht costas.

Dá bhíthin sin, is iad na nithe seo is mó is cúis leis na rioscaí

– cáilíocht na dtionscadal roghnaithe agus a bhfeidhmiú teicniúil ina dhiaidh sin a áirithiú;

– An riosca a bhaineann le húsáid neamhéifeachtúil nó neamheacnamaíoch a bhaint as cistí a dámhadh, maidir le deontais (castacht na gcostas incháilithe iarbhír a aisíoc) agus maidir le soláthar (uaireanta bíonn líon teoranta soláthraithe eacnamaíocha a bhfuil an saineolas is gá acu nach dtugann dóthain féidearthachtaí chun tairiscintí praghais a chur i gcomparáid);

– Calaois

Meastar an ráta earráidí iarmharacha in 2017 (do dheontais) ag 2.63%.

Táthar ag súil go laghdófar an chuid is mó de na rioscaí seo a bhuí le:

- dearadh níos fearr ar ghlaonna ar thograí

- treoir níos fearr do thairbhithe agus spriocdhíriú ar thograí

- úsáid mhéadaithe na gcostas simplithe dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais nua

- úsáid na gcóras corparáideach chun tograí agus deontais a bhainistiú

- na bearta dá bhforáiltear i straitéis frithchalaoise.

Cur síos ar an gcóras rialaithe inmheánaigh

Is é an córas rialaithe atá beartaithe don chlár sa todhchaí ná leanúint den chóras rialaithe reatha.

Chun na rioscaí a theorannú agus an ráta earráide a laghdú, beidh an straitéis rialaithe bunaithe ar an Rialachán Airgeadais nua agus ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Ba cheart don Rialachán Airgeadais nua agus an dréacht-togra don chlár um Cheartas cur leis an úsáid a bhaintear as foirmeacha simplithe deontas amhail cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costais aonaid.

Tá an straitéis rialaithe comhdhéanta de bhloic thógála éagsúla:

- clárú, meastóireacht agus roghnú tograí d'fhonn a áirithiú nach ndéantar ach na tograí is fearr a chistiú;

- Tabhairt chun críche agus faireachán ar na comhaontuithe deontais: Tá gach idirbheart agus nósanna imeachta faoi réir fíoraithe ex ante ag an gClár agus ag Aonad bainistíochta airgeadais DG JUST, chomh maith leis na haonaid bheartais ábhartha. Is é lucht an Chláir agus an tAonad bainistíochta airgeadais a dhéanann an fíorú airgeadais. I gcás deontas, déantar éilimh ar chostais a fhíorú go críochnúil, agus iarrtar doiciméid tacaíochta nuair a mheastar gur gá sin, bunaithe ar mheasúnú riosca.

- déantar iniúchtaí ex post a árachú trí Chomhaontú Leibhéal Seirbhíse leis an Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile: Déanann an earnáil rialaithe ex-post "straitéis braite" a chur i bhfeidhm atá dírithe ar líon uasta aimhrialtachtaí a bhrath d’fhonn íocaíochtaí neamhdhlite a ghnóthú. Bunaithe ar an straitéis sin, déantar na hiniúchtaí ar shampla de thionscadail a roghnaítear beagnach go hiomlán ar bhonn anailíse riosca.

Ba cheart rialuithe ex-post a bheith ag brath freisin ar inaistriú faisnéise maidir le hiniúchtaí agus go ndéanfaí faisnéis atá ar fáil a chomhroinnt chun an tualach riaracháin a laghdú tuilleadh agus cost-éifeachtúlacht a mhéadú (Airteagal 127 agus Airteagal 128 den Rialachán Airgeadais nua)

A bhuí le trí eilimint sin na straitéise rialaithe, is féidir a mheas go mbeidh an ráta earráide faoi bhun na tairsí ábharthachta 2%.

Is ionann costas na rialuithe agus tuairim is 4.49% de na híocaíochtaí a rinne an DG JUST. Táthar ag súil go bhfanfaidh sé sin cobhsaí nó go laghdóidh sé beagán i gcás ina leathnófar úsáid roghanna costais simplithe sa chéad tréimhse cláraithe eile.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá Straitéis Frithchalaoise formheasta ag an DG JUST in Aibreán 2018. Leanfaidh an Ard-Stiúrthóireacht ar aghaidh ag cur a Straitéis Frith-Chalaoise i bhfeidhm i gcomhréir le Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin (CAFS) chun a áirithiú inter alia go bhfuil a rialuithe inmheánacha frith-chalaoise ailínithe go hiomlán leis an CAFS agus go bhfuil a chur chuige bainistíochta riosca calaoise dírithe ar limistéir riosca calaoise agus freagairtí leordhóthanacha a aithint.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid atá beartaithe

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
Ceannteideal 2: Comhtháthú agus Luachanna

07.06 Ceartas, Cearta agus Luachanna

LD/LN 25 .

ó thíortha de chuid CSTE 26

ó thíortha is iarrthóirí*

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

Clár um Cheartas

07.01.05.01

[]

LN

NÍL

Clár um Cheartas

07.06.01.01

07.06.01.02

07.06.01.03

[]…]

LD

NÍL

*Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ionchasacha ó na Balcáin Thiar.

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

<2>

07.06.01Ceannteideal Ceannteideal 2: Comhtháthú agus Luachanna

07.06 Ceartas, Cearta agus Luachanna

Clár um Cheartas

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (de réir na línte buiséid a liostaítear faoi 3.1)

Gealltanais

(1)

42.596

42.580

42.555

42.522

42.481

42.432

42.134

297.300

Íocaíochtaí

(2)

4.880

20.234

27.250

29.742

31.131

31.698

31.648

120.717

297.300

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir*

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

1.100

1.100

1.100

1.100

1.100

1.100

1.100

7.700

IOMLÁN leithreasuithe d'imchlúdach an chláir

Gealltanais

=1+3

43.696

43.680

43.655

43.622

43.581

43.532

43.234

305.000

Íocaíochtaí

=2+3

5.980

21.334

28.350

30.842

32.231

32.798

32.748

120.717

305.000

Tá na leithreasaí beartaithe chun gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán a chistiú. Déanfar na méideanna thuas a roinnt idir na trí chuspóir shonracha, go comhfhogasúil mar a leanas: comhar breithiúnach 30%, oiliúint bhreithiúnach 35% agus rochtain ar cheartas 35%. Céatadáin tháscacha atá sna céatadáin sin mar go bhfuil gá le solúbthacht.

* Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

7

“Caiteachas riaracháin”

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

18.349

18.349

18.349

18.349

18.349

18.349

18.349

128.443

Caiteachas riaracháin eile

0.700

0.700

0.700

0.700

0.700

0.700

0.700

4.900

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

19.049

19.049

19.049

19.049

19.049

19.049

19.049

133.343

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

62.745

62.729

62.704

62.704

62.630

62.581

62.283

438.343

Íocaíochtaí

25.029

40.383

47.399

49.891

51.280

51.847

51.797

120.717

438.343

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

x    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

18.349

18.349

18.349

18.349

18.349

18.349

18.349

128.443

Caiteachas riaracháin eile

0.700

0.700

0.700

0.700

0.700

0.700

0.700

4.900

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

19.049

19.049

19.049

19.049

19.049

19.049

19.049

133.343

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 27
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

1.100

1.100

1.100

1.100

1.100

1.100

1.100

7.700

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

1.100

1.100

1.100

1.100

1.100

1.100

1.100

7.700

IOMLÁN

20,149

20,149

20,149

20,149

20,149

20,149

20,149

141,043

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

x    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

115.5

115.5

115.5

115.5

115.5

115.5

115.5

Toscaireachtaí

Taighde

Foireann sheachtrach (san Aonad Comhionann Lánaimseartha: FTE) - AC, LA, SNE, INT agus JPD  28

Ceannteideal 7

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa cheanncheathrú

24

24

24

24

24

24

24

- toscaireachtaí

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  29

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN

139.5

139.5

139.5

139.5

139.5

139.5

139.5

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

DG JUST: Sannadh gach ceann de FTEnna DG JUST do cheann den 3 chlár atá ann faoi láthair,

FTE don Chlár um Cheartas: 40% ó JUST.04 An taonad bainistíochta cláir agus airgeadais, 40% ó aonaid chothrománacha eile agus FTEnna ó na haonaid bheartais atá nasctha leis an gclár um Cheartas (eadhon aonaid: A1, B1, B2, B4, C1)

DG COMP: 0,5 AD, 1 AST

Pearsanra seachtrach

FTEnna atá nasctha leis an gclár um Cheartas

DG COMP: 1 AC

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Leis an togra/tionscnamh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

    ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 30

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal ………….

(1)    COM(2017)358
(2)     https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/juncker-political-guidelines-speech_en.pdf  
(3)    Treoir 2008/99
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le clár a bhunú don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE.
(5)    Cinneadh 2005/370/CE.
(6)    COM(2018)321.
(7)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le reachtóireacht níos fearr an 13 Aibreán 2016; IO L 123, 12.5.2016, lch. 1-14.
(8)    IO C , , lch. .
(9)    IO C , , lch. .
(10)    Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).
(11)    Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip do Shaoránaigh’ don tréimhse 2014-2020 (IO L 115, 17.4.2014, lch.3).
(12)    Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).
(13)    Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 ar bhunú Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE.
(14)    [ IO L 373, 20.12.2013, lch. 1. http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv:OJ.C_.2013.373.1.0001.01.ENG&toc=OJ:C:2013:373:TOC ]
(15)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(16)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).
(17)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(18)    Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(19)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(20)    Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(21)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
(22)    ABM: bainistíocht de réir gníomhaíochtaí; ABB: buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(23)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(24)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(25)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(26)    CSTA: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(27)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(28)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmí Sóisearach i dToscaireacht.
(29)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(30)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20% de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,30.5.2018

COM(2018) 384 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Clár um Cheartas


IARSCRÍBHINN I

Gníomhaíochtaí an chláir

Déanfar cuspóirí sonracha an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3 (2) a shaothrú go háirithe trí thacaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí a leanas:

1.múscailt feasachta, faisnéis a scaipeadh chun eolas a fheabhsú ar bheartais an Aontais agus ar dhlí an Aontais lena náirítear dlí substainteach agus dlí nós imeachta, ionstraimí comhair bhreithiúnaigh, cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus dlí comparáideach agus caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta;

2.foghlaim fhrithpháirteach trí dhea-chleachtais a mhalartú i measc na bpáirtithe leasmhara chun feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint fhrithpháirteach ar an dlí sibhialta agus ar an dlí choiriúil agus ar chórais dhlíthiúla agus bhreithiúnacha na mBallstát, lena náirítear an smacht reachta, agus feabhas a chur ar mhuinín fhrithpháirteach;

3.gníomhaíochtaí anailíse agus faireacháin 1 chun feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint ar na constaicí a d'fhéadfadh a bheith ar dhea-fheidhmiú an limistéir Eorpaigh cheartais agus chun cur chun feidhme dhlí an Aontais agus beartais sna Ballstáit a fheabhsú;

4.páirtithe leasmhara ábhartha a chur faoi oiliúint chun eolas ar bheartais an Aontais agus ar dhlí an Aontais a fheabhsú, lena náirítear inter alia an dlí substainteach agus an dlí nós imeachta, úsáid ionstraimí comhair bhreithiúnaigh an Aontais, cás-dlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an dlítheangeolaíocht agus an dlí comparáideach.

5.forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar uirlisí Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht córas breithiúnach agus ar an gcomhar eatarthu trí bhíthin theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, lena náirítear trí idir-inoibritheacht thrasteorann córas agus feidhmeanna.

6.forbairt acmhainní a dhéanamh ar líonraí tábhachtacha ar an leibhéal Eorpach agus ar líonraí breithiúnacha Eorpacha, lena náirítear líonraí arna mbunú le dlí an Aontais chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais a áirithiú, chun dlí an Aontais, spriocanna beartais agus straitéisí i réimsí an chláir a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh agus chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár.

7.eolas ar an gclár, scaipeadh agus inaistritheacht a thorthaí a fheabhsú agus for-rochtain saoránach a chothú, lena náirítear deasca cláir/líonra teagmhála náisiúnta a bhunú agus tacú leo.

IARSCRÍBHINN II

Táscairí

Déanfar faireachán ar an gClár ar bhonn sraith táscairí atá beartaithe tomhas a dhéanamh ar a mhéid atá cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir bainte amach agus d'fhonn na hualaí agus na costais riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar sonraí maidir leis an tsraith a leanas de tháscairí ríthábhachtacha.

Líon comhaltaí na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí oiliúna (lena náirítear malartuithe foirne, cuairteanna staidéir, ceardlanna agus seimineáir) arna gcistiú ag an gClár, lena náirítear deontas oibriúcháin an GEOB

Líon na malartuithe faisnéise sa Chóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS)

Líon na namas ar thairseach an ríomhcheartais / ar na leathanaigh a thugann aghaidh ar an ngá atá le faisnéis maidir le cásanna sibhialta trasteorann

Líon na ndaoine a thairbhigh ó na gníomhaíochtaí a leanas:

(i) foghlaim fhrithpháirteach agus malartú gníomhaíochtaí dea-chleachtas;

(ii) gníomhaíochtaí ar mhaithe le múscailt feasachta, le faisnéis agus le scaipeadh na faisnéise

(1)    Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin, mar shampla, bailiú sonraí agus staidrimh; forbairt modheolaíochtaí coiteanna agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí nó tagarmharcanna; staidéir, taighde, anailísí agus suirbhéanna; meastóireachtaí; measúnú tionchair; forbairt agus foilsiú treoracha, tuarascálacha agus ábhair oideachais.