An Bhruiséil,24.5.2018

COM(2018) 354 final

2018/0179(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le nochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí inbhuanaithe agus rioscaí inbhuanaitheachta agus lena leasaítear Treoir (AE) 2016/2341

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2018) 257 final}
{SWD(2018) 264 final}
{SWD(2018) 265 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is cuid é an togra seo de thionscnamh níos forleithne de chuid an Choimisiúin maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe. Leagtar an bhunchloch leis do chreat AE ina gcuirtear ceisteanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) ag croí an chórais airgeadais chun cuidiú le claochlú gheilleagar na hEorpa ina chóras níos glaise, níos athléimní agus níos ciorclaí. Ba cheart fachtóirí ESG a chur san áireamh nuair a ghlactar cinntí maidir le hinfheistíochtaí chun is go mbeadh infheistíochtaí ní b’inbhuanaithe.

Is éard is aidhm leis an togra seo agus leis na gníomhartha reachtúla atá beartaithe in éineacht leis ceisteanna ESG a chomhtháthú sa phróiseas infheistíochta agus comhairleach ar bhealach comhsheasmhach thar na hearnálacha. Ba cheart a áireamh leis sin go gcomhtháthófaí rannpháirtithe margaidh airgeadais ESG ina bpróisis inmheánacha agus go gcuirfidís a gcuid cliant ar an eolas ina leith sin — gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna), cuideachtaí bainistíochta, bainisteoirí cistí infheistíochtaí malartacha (BCIManna), gnóthais árachais, institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna), bainisteoirí cistí caipitil fiontair Eorpacha (EuVECA), bainisteoirí cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (EuSEF) agus cuideachtaí infheistíochta - ar rannpháirtithe iad a fhaigheann sainordú óna gcliaint nó óna dtairbhithe chun cinntí infheistíochta a ghlacadh ar a son. D’áiritheofaí leis an togra seo freisin go mbreithneodh cuideachtaí infheistíochta agus árachais a sholáthraíonn comhairle ESG mar spreagthóirí luacha mar chuid den chomhairle a thugtar mar chuid dá ndualgais d’infheisteoirí; agus go soláthraíonn sí an fhaisnéis ghaolmhar d’infheisteoirí. Ina theannta sin, chun cuidiú le hinfheisteoirí lorg carbóin na ninfheistíochtaí a chur i gcomparáid le chéile, tugtar isteach catagóirí nua tagarmharcanna leis na tograí, is iad sin tagarmharc ísealcharbóin agus tagarmharc maidir le tionchar dearfach carbóin. Ba cheart do na tograí seo, a threisíonn a chéile, infheistíochtaí i dtionscadail agus sócmhainní inbhuanaithe a éascú ar fud an Aontais Eorpaigh.

Coinníonn pacáiste an Choimisiúin le hiarrachtaí domhanda i dtreo geilleagair níos inbhuanaithe. Roghnaigh Rialtais ó fud an domhain slí ní b’inbhuanaithe dár gcruinne agus dár ngeilleagar ach glacadh le Comhaontú Pháras 2016 maidir leis an athrú aeráide agus le Clár 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe. 

Tá an tAontas Eorpach tiomanta don fhorbairt a shásaíonn éilimh an tam i láthair gan cumas na nglúnta amach anseo a chur i mbaol chun a gcuid éileamh féin a shásamh. Tá an inbhuanaitheacht tar éis bheith ag croílár an tionscadail Eorpaigh le hachar fada. Aithnítear i gConarthaí AE na gnéithe sóisialta agus comhshaoil; agus ba cheart aghaidh a thabhairt orthu in éineacht.

Nasctar sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na chéad chéimeanna eile do thodhchaí Eorpach inbhuanaithe 1 ón mbliain 2016 na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) le Clár 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe le creat beartais na hEorpa chun a áirithiú go nglactar san áireamh ón tús na SDGanna, idir laistigh den AE agus ar fud an domhain, le gach gníomh AE agus tionscnamh beartais. Tá an tAontas Eorpach lántiomanta freisin chun spriocanna aeráide agus fuinnimh AE don bhliain 2030 a ghnóthú, agus chun an fhorbairt inbhuanaithe a phríomhshruthú i mbeartais AE, faoi mar a d’fhógair Jean-Claude Juncker sna Treoirlínte Polaitiúla don Choimisiún Eorpach ón mbliain 2014 2 . Is amhlaidh dá réir a chuireann go leor de thosaíochtaí beartais an Choimisiúin Eorpaigh do na blianta 2014-2020 le cuspóirí aeráide AE, agus a chuireann siad chun feidhm Clár 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Áirítear leo siúd an Plean Infheistíochta don Eoraip 3 , Pacáiste an Gheilleagair Chiorclaigh, Pacáiste an Aontais Fuinnimh, an tathbhreithniú ar Straitéis Bhithgheilleagair AE 4 , Aontas na Margaí Caipitil 5  agus Buiséad AE do na blianta 2014-2020, lena náirítear an Ciste Comhtháthaithe agus tionscadail taighde. Ina theannta sin, sheol an Coimisiún ardán d’ilpháirtithe leasmhara chun dea-chleachtais a athleanúint agus a idirmhalartú maidir le forfheidhmiú na SDGanna.

Teastaíonn infheistíochtaí móra chun spriocanna inbhuanaitheachta AE a ghnóthú. Meastar go dteastaíonn infheistíocht bhliantúil bhreise 180 billiún EUR chun spriocanna aeráide agus fuinnimh a shásamh amháin faoin mbliain 2030. 6 Caithfidh chuid thábhachtach de na sreafaí airgeadais sin teacht ón earnáil phríobháideach. Is éard a bheidh i gceist le druidim na bearna infheistíochta sin go natreorófar go mór sreafaí caipitil phríobháidigh i dtreo infheistíochtaí níos inbhuanaithe; agus teastóidh athmhachnamh cuimsitheach ar an gcreat airgeadais Eorpach chuige sin.

Sa chomhthéacs sin, bhunaigh an Coimisiún i mí na Nollag 2016Sainghrúpa Ardleibhéil chun straitéis AE chuimsitheach agus uileghabhálach a fhorbairt maidir leis an airgeadais inbhuanaithe. Léiríodh fís chuimsitheach maidir leis an airgeadas inbhuanaithe don Eoraip i dtuarascáil an Ghrúpa, a foilsíodh an 31 Eanáir 2018, agus aithníodh dhá riachtanas inti do chóras airgeadais na hEorpa. Ba é an chéad cheann ná maoiniú ar mhaithe leis an bhfás inbhuanaithe agus cuimsitheach a fheabhsú. Ba é an dara ceann chun an chobhsaíocht airgeadais a neartú ach gnéithe comhshaoil, sóisialta agus rialachais a áireamh leis an gcinnteoireacht infheistíochta. Mar bheart leantach, d’fhoilsigh an Coimisiún an 7 Márta 2018 Action Plan on Financing Sustainable Growth 7 (Plean Gníomhaíochta maidir le Maoiniú an Fháis Inbhuanaithe).

Soláthraítear táirgí airgeadais, bídís ina gcistí infheistíochta, árachas beatha nó táirgí pinsin, agus seirbhís bainistíochta punainne chun caipiteal infheisteoirí a chomhthiomsú, agus an caipiteal sin a chomh-infheistiú trí phunann ionstraimí airgeadais ar nó stoic, bannaí agus urrús eile. Cé go gceanglaítear ar infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainní, de réir na rialacha reatha i dTreoir 2009/65/CE 8 , Treoir 2009/138/CE 9 , Treoir 2011/61/AE 10 , Treoir 2014/65/AE 11 agus Treoir (AE) 2016/2341 12 , gníomhú chun leasa a gcliant agus go bhforáiltear maidir le raon feidhme do chomhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta; ní bhreithnítear agus ní chomhtháthaítear go córasach leo iad ar bhealach comhsheasmhach ina gcinntí infheistíochta agus próiseas nochta.

Comhlánaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE le ceithre chreat cistí:

·Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha 13 ,

·Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha 14 ,

·Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha 15 , agus

·Rialachán (AE) 2017/1131 maidir le cistí margaidh airgid 16 .

Críochnaítear an tírdhreach rialála maidir le táirgí airgeadais leis na rialacha dáileacháin, lena náirítear rialacha maidir le comhairle, arna leagan síos i dTreoir 2014/65/AE agus Treoir (AE) 2016/97 17 . Ní mór do chuideachtaí infheistíochta agus d’idirghabhálaithe árachais a sholáthraíonn comhairle de réir na dTreoracha sin gníomhú chun leasa a gcliant, ach ní cheanglaítear go follasach leo go ndéanfaí rioscaí ESG a mheas ina gcomhairle ná na ceisteanna sin a nochtadh.

Is ionann Treoir (AE) 2016/2341 agus an chéad chéim i dtreo chreat nochta achomair in earnáil na seirbhísí airgeadais i ndáil le fachtóirí ESG. Ba le Treoir (AE) 2017/828 18 maidir le rannpháirtíocht fhadtéarmach páirtithe leasmhara a méadaíodh na hoibleagáidí trédhearcachta d’infheisteoirí institiúideacha agus do bhainisteoirí sócmhainní ach iallach a chur orthu straitéis rannpháirtíochta a fhorbairt agus a nochtadh lenar áiríodh tuairisc ar an gcaoi a ndéanann siad faireachán ar chuideachtaí infheistiúcháin maidir le feidhmíocht neamhairgeadais, tionchar sóisialta agus comhshaoil agus rialachas corparáideach, agus chun nochtadh ar bhonn bliantúil an chaoi inar cuireadh chun feidhm a mbeartas rannpháirtíochta. Dá ainneoin sin is uile, is amhlaidh atá easpa trédhearcachta fós ann faoin gcaoi ina mbreithníonn infheisteoirí institiúideacha, bainisteoirí sócmhainní agus comhairleoirí airgeadais rioscaí inbhuanaitheachta ina gcinnteoireacht infheistíochta nó ina bpróisis chomhairleacha. Mar thoradh ar an méid sin, ní bhfaigheann a gcuid cliant an fhaisnéis iomlán a theastaíonn uathu chun a gcuid cinntí ná moltaí infheistíochta a mhúnlú. Ina theannta sin, na gnóthais a thagann faoi réir Treoir 2014/95/AE 19 maidir le faisnéis neamhairgeadais agus éagsúlachta a bheith á nochtadh ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe lenar leasaíodh Treoir 2013/34/AE 20 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara; dréachtaíonn siad ráitis neamhairgeadais faoi fhorbairt, feidhmíocht, suíomh agus tionchar ghníomhaíochtaí na ngnóthas, a bhaineann inter alia le cúrsaí comhshaoil, sóisialta agus fostaithe.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tugtar isteach ceanglais bhreise leis an togra seo do na gnéithe reatha den reachtaíocht ábhartha. Is comhsheasmhach iad na gnéithe nua sin le cuspóirí na bhforálacha beartais reatha sa réimse beartais, agus go háirithe Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE, Treoir 2011/61/AE, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2016/97, Treoir (AE) 2016/2341, Rialachán (AE) Uimh. 345/2013, Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 agus Rialachán (AE) 2015/760. Ailínítear na rialacha sna creataí reachtúla éagsúla leis an togra seo, agus cosnaítear an chomhsheasmhacht leo.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Feictear iarmhairtí tubaisteacha agus dothuartha an athraithe aeráide agus an ídithe acmhainní níos mó os comhair na hEorpa. Sin é an fáth gurb í an eochair d’iomaíochas fadtéarmach de gheilleagar an Aontais Eorpaigh an fás eacnamaíoch níos inbhuanaithe, i.e. aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, níos tíosaí ar acmhainní agus níos ciorclaí, níos mó trédhearcachta agus smaointeoireacht agus pleanáil fadtéarmach, agus cobhsaíocht an chórais airgeadais á háirithiú ag an am céanna. Óir go bhfeidhmíonn an córas airgeadais ról ríthábhachtach leis sin, ní mór dúinn an caipiteal príobháideach a spreagadh chun infheistíochtaí níos inbhuanaithe. Tá an cineál smaointeoireachta sin mar chroí den tionscadal Aontas na Margaí Caipitil (CMU) 21 .

Is comhlántach é an togra seo don chuspóir sin, agus is beart tosaíochta é san athbhreithniú lárthéarma CMU óir go bhfaightear ann bearta chun cumhacht chlaochlaitheach na teicneolaíochta airgeadais a shaothrú agus chun an caipiteal príobháideach a iomlaoidiú chuig an infheistíocht inbhuanaithe. Rannchuidíonn sé le forbairt margaí caipitil níos comhtháite trína éascú d’infheisteoirí tairbhe a bhaint as an margadh aonair agus cinntí eolasacha á nglacadh acu.

Tá an togra seo mar chuid de phacáiste AE níos cuimsithí chun clár aeráide agus forbartha inbhuanaithe AE a ghnóthú, agus cuireann sé le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do na blianta 2014-2020, ar nós Beartas d’Aer Glan, Pacáiste an Gheilleagair Chiorclaigh, an Straitéis don Aontas Fuinnimh, lena náirítear Pacáiste an Fhuinnimh Ghlain do Gach Eorpach agus Straitéis AE um Oiriúnú don Athrú Aeráide. Neamhchosúil le tionscnaimh AE eile, dírítear an togra seo go follasach ar ghnéithe maoinithe leis an earnáil phríobháideach. Is comhsheasmhach é leis an athbhreithniú ar Chóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais 22 ina bhforáiltear do leasuithe le rialacháin lena mbunaítear an tÚdarás Baincéireachta Eorpach 23 , an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde 24 agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí 25 sa chaoi go dtugann na hÚdaráis san áireamh na rioscaí a bhaineann le fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais nuair a dhéanann siad a gcuid tascanna. Is ar an gcaoi sin a náirithítear leis gur comhsheasmhaí iad gníomhaíochtaí margaidh airgeadais le cuspóirí inbhuanaithe. Foráiltear le togra an Choimisiúin maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) do roinnt ábhar nochta i ndáil le fachtóirí ESG 26 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tagann an togra seo faoi limistéar na hinniúlachta comhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus tá sé bunaithe ar Airteagal 114 CFAE lena gceadaítear do ghlacadh le bearta maidir le comhfhogasú na bhforálacha náisiúnta lena gcuspóir mar bhunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Treisítear cosaint na ninfheisteoirí deiridh lena nochtadh toisc gurb í an aidhm a bhaineann leo chun a roghanna infheistíochta a mhúnlú níos fearr. Ní féidir le hinfheisteoirí deiridh an tairbhe a bhaint faoi láthair as an margadh inmheánach toisc nach bhfuil aon chreat nochta saintiomanta agus soiléir ann maidir le comhtháthú na rioscaí ESG ag bainisteoirí sócmhainní, lena náirítear cuideachtaí infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne, IORPanna agus soláthraithe pinsean eile, gnóthais árachais a chuireann IBIPanna ar fáil, idirghabhálaithe árachais agus cuideachtaí infheistíochta a sholáthraíonn comhairle. Anuas air sin, ní bhfaigheann infheisteoirí deiridh nochtaí soiléire faoi láthair le táirgí agus seirbhísí airgeadais a dhírítear ar infheistíochtaí inbhuanaithe.

Tugtar le fios ón anailís a rinneadh mar chuid den tuarascáil ar an measúnú tionchair go mbíonn easpa dreasachtaí rialála ag rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus ag comhairleoirí airgeadais chun an chaoi ina gcomhtháthaíonn siad fachtóirí inbhuanaitheachta lena bpróiseas cinnteoireachta infheistíochta a nochtadh d’infheisteoirí deiridh. Is deacra agus is costasaí d’infheisteoirí deiridh leis seo ar a seal féin chun roghanna infheistíochta eolasacha a dhéanamh. Nochtaí a dhéantar sna hearnálacha um bainistiú sócmhainní, árachais agus pinsean; tá siad fós neamhchórasach, neamhleanúnach; mainnítear leo chun inchomparáideacht a áirithiú.

Aithníodh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair difríochtaí nach beag i measc na mBallstát agus na nearnálacha seirbhísí airgeadais. Tá forbairt chomhthreomhar ann freisin de chleachtais mhargadhbhunaithe bunaithe ar thosaíochtaí arna spreagadh leis an tráchtáil, óna dtagann torthaí éagsúla, agus lena ngintear ilroinnt mhargaidh neamhriachtanach breise. Is fíordheacair le caighdeáin um nochtadh agus cleachtais mhargadhbhunaithe éagsúla chun comparáid a dhéanamh idir táirgí agus seirbhísí airgeadais éagsúla, cruthaítear dálaí éagothroma leo do tháirgí agus seirbhísí airgeadais, déantúsóirí agus bealaí dáileacháin, agus crochtar bacainní breise leo don mhargadh inmheánach. Is mearbhallach freisin iad na héagsúlachtaí d’infheisteoirí deiridh, agus saobhtar a gcinntí infheistíochta leo agus laghdaítear deiseanna leo d’infheistíochtaí inbhuanaithe. Téann riachtanais agus chur chuige éagsúla i gcoinne na saoirsí bunúsacha, agus is amhlaidh a fheidhmíonn siad tionchar díreach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ina theannta sin, is amhlaidh chun freagra a thabhairt do Chomhaontú Aeráide Pháras, óir gur spreagthóirí tábhachtacha atá sna rannpháirtithe margaidh airgeadais, ar dócha go nglacfaidh Ballstáit le bearta náisiúnta éagsúla breise chun dreasachtaí a thabhairt d’infheistíochtaí níos inbhuanaithe. Is amhlaidh a d’fhéadfaí bacainní a chruthú leis na bearta éagsúla sin d’fheidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh, agus bheith díobhálach do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais. Ní rialaítear rochtain ar an margadh do na rannpháirtithe agus do na comhairleoirí airgeadais sin sa mhargadh airgeadais leis na rialacha maidir le nochtadh, agus rialaítear leo an chaoi ina ndéantar a ngníomhaíochtaí. Is mar bhonn iad na rialacha d’fheidhmiú ceart agus sábháilte an mhargaidh inmheánaigh, tugtar cosaint leo don iomaíocht idir rannpháirtithe agus comhairleoirí airgeadais éagsúla sa mhargadh airgeadais, agus caomhnaítear na dreasachtaí iompraíochta don nuálaíocht leo. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí iomchuí.

Rialaítear glacadh gníomhaíochtaí mar bhainisteoirí cistí le Treoir 2009/65/CE, le Treoir 2011/61/AE Uimh. 345/2013 agus le Rialachán (AE) Uimh. 346/2013. Rialaítear glacadh gníomhaíochta mar IORPanna le Treoir (AE) 2016/2341, mar ghnóthais árachais le Treoir 2009/138/CE, mar sholáthraithe bainistíochta punainne le Treoir 2014/65/AE, agus mar chomhairleoirí airgeadais le Treoir 2014/65/AE agus le Treoir (AE) 2016/97. Tiocfaidh na rannpháirtithe agus comhairleoirí airgeadais sin sa mhargadh airgeadais fós faoi réir na gcreataí sin, agus beidh na rialacha maidir le nochtadh sa Rialachán nua seo mar fhorlíonadh leis na rialacha maidir le nochtadh a leagtar síos iontu.

Leasaítear leis an togra Treoir (AE) 2016/2341, a bhí bunaithe ar Airteagail 53, 62 agus 114(1) CFAE. Cumhachtaítear an Coimisiún leis chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina sonraítear riail an “duine stuama” maidir le rioscaí ESG a mheas agus maidir le fachtóirí ESG a áireamh i gcinntí infheistíochta agus próisis bainistíochta riosca. Óir gur cheart na fachtóirí agus rioscaí ESG a chomhtháthú cheana leis an rialachas ginearálta agus an bainistiú riosca, ba cheart na gníomhaíochtaí sin a eagrú chun na gníomhartha tarmligthe a chomhlíonadh. Óir go bhfuil an Coimisiún ag beartú chun leas a bhaint as na cumhachtuithe reatha faoin Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE chun comhtháthú na rioscaí ESG faoi na Treoracha sin a shonrú, foráiltear leis na cumhachtuithe faoin Treoir (AE) 2016/2341 do bhealach chun cosaint tomhaltóirí a chumhdach go cothrom agus do chothrom na féinne idir IORPanna agus rannpháirtithe eile sa mhargadh airgeadais. Óir go mbaineann na hathruithe a mholtar a dhéanamh ar Threoir (AE) 2016/2341 le rialacha i ndáil le hiompar infheistíochta ag IORPanna, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí iomchuí.

   Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Cloíonn an togra seo le prionsabal na coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ní féidir gníomh Aontais tarlú ach amháin nach féidir na haidhmeanna samhlaithe a ghnóthú leis na Ballstáit ina naonar. Níl na fadhbanna aitheanta teoranta do chríoch Ballstáit amháin. Is í an aidhm leis an togra dá bharr réiteach comhordaithe ar easnaimh i reachtaíocht reatha an Aontais Eorpaigh a áirithiú, ag cuimsiú rannpháirtithe margaidh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais. Aonfhoirmeacht agus cinnteacht dhlíthiúil chun saoirsí an Chonartha a theachtadh; is féidir iad a áirithiú níos fearr ach gníomh a ghlacadh ar leibhéal AE.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal an comhréireachta arna leagan amach in Airteagal 5 CFAE. Tá gá leis na bearta molta chun cuspóirí na trédhearcachta agus laghdú um chostais chuardaigh na ninfheisteoirí a ghnóthú, chun fáil amach an chaoi ina gcomhtháthaítear rioscaí inbhuanaitheachta sa phróiseas infheistíochta ag rannpháirtithe margaidh agus comhairleoirí airgeadais. Is eochairchuid í infhaighteacht agus cáilíocht na faisnéise faoin ngné sin chun coinníollacha cothroma a chruthú ach cur chuige soiléir a áirithiú thar na hearnálacha agus na Ballstáit. Léiríodh sna comhairliúcháin gur teoranta iad na costais chun fachtóirí ESG a bhreithniú agus a chomhtháthú.

Moltar sa tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo nach mbreithnítear agus nach néilítear go sainráite le Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE, Treoir 2011/61/AE, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2016/97, Treoir (AE) 2016/2341, Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 nochtaí maidir le hinbhuanaitheacht a dhéanamh. Is í aidhm an togra seo chun costais chuardaigh a laghdú d’infheisteoirí deiridh maidir le hinfheistíochtaí inbhuanaithe.

Ina dhiaidh sin, ní théann an togra thar na ceanglais chun dul i ngleic le saincheisteanna ar leibhéal AE.

An rogha ionstraime

Áirítear leis an togra seo forálacha lena dtugtar aghaidh ar bhealach comhordaithe ar easnaimh maidir le bearta cosanta infheisteoirí agus ráthaítear cinnteacht dhlíthiúil níos mó d’infheisteoirí deiridh leis. Ní réiteofaí an easpa trédhearcachta maidir le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta agus infheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh amháin le leasú Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE, Treoir 2011/61/AE, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2016/97, Treoir (AE) 2016/2341, Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013; óir go bhféadfaí forfheidhmiú éagothrom teacht mar thoradh air sin. Is í an aidhm leis an togra chun trédhearcacht a mhéadú maidir le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta agus dul ar aghaidh le hinfheistíochtaí inbhuanaithe. Tá gá le rialachán arb infheidhmithe go díreach é, lena soláthraítear comhchuibhiú iomlán, chun na cuspóirí beartais sin a ghnóthú; agus is é an bealach is fearr é chun comhchuibhiú uasta a sheachadadh idir na creataí rialála éagsúla agus éagsúlachtaí a chosc.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Moladh sna freagraí do chomhairliúchán poiblí maidir leis an infheistíocht fhadtéarmach agus inbhuanaithe (18 Nollaig 2015 chuig 31 Márta 2016) gur lag é an nasc idir dualgais na ninfheisteoirí institiúideacha agus na mbainisteoirí sócmhainní, agus nach gcomhtháthaíonn na margaí na rioscaí ESG a ndóthain, agus nach bhfreagraíonn siad go leordhóthanach do dheiseanna ESG.

Bunaíodh an Sainghrúpa Ardleibhéil maidir leis an Airgeadas Inbhuanaithe (HLEG) i mí na Nollag 2016 chun cuidiú le straitéis AE a fhorbairt um Airgeadas Inbhuanaithe trí mheán moltaí: d’fhoilsigh sé tuarascáil eatramhach HLEG maidir le geilleagar Eorpach inbhuanaithe a mhaoiniú i lár mhí Iúil 2017; agus cuireadh an tuarascáil i láthair ag imeacht le páirtithe leasmhara an 18 Iúil 2017, le ceistneoir comhairliúcháin ina diaidh sin. Foilsíodh ráiteas aiseolais i dteannta tuarascáil deiridh HLEG maidir le geilleagar Eorpach inbhuanaithe an 31 Eanáir 2018. Déantar achoimre sa ráiteas aiseolais ar fhreagraí na bhfreagróirí don cheistneoir. Chonacthas treochtaí láidre áirithe sna freagraí go léir, lenar áiríodh

·an tábhacht a bhaineann le straitéis shoiléir ar fud an Aontais Eorpaigh maidir leis an inbhuanaitheacht;

·an tábhacht a bhaineann le soláthar comhshaoil fhabhraigh don infheistíocht inbhuanaithe agus don airgeadas leantach;

·an téileamh chun dualgais infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainní a shainiú maidir leis an inbhuanaitheacht, a d’fhéadfaí a leathnú chun ceisteanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais ní b’fhorleithne a leabú; ba cheart go náireofaí leis an dualgas sin an inbhuanaitheacht féin;

·an téileamh ar nochtaí feabhsaithe.

Fuair an Coimisiún ocht bhfreagra ar an measúnú ar thionchar tionscanta maidir le dualgais infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainní maidir leis an inbhuanaitheacht (13 Samhain 2017 go 11 Nollaig 2017). Thacaigh siad go léir le saothar an Choimisiúin chun a áirithiú go ndéantar fachtóirí inbhuanaitheachta a mheasúnú, go dtugtar san áireamh go comhsheasmhach iad agus go nochtadh iad le hinfheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainní. Ina theannta sin, thagair siad go léir do shaincheisteanna ar nós na trédhearcachta agus an nochta, maoirseacht ar lánpháirtiú ESG, soiléire um dhualgais infheisteoirí i reachtaíocht reatha AE, inchomparáideacht agus iontaofacht na sonraí infhaighte nó bainistiú riosca agus socruithe rialachais.

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle a thuilleadh le páirtithe leasmhara trí chomhairliúchán poiblí agus dualgais infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainní maidir leis an inbhuanaitheacht (13 Samhain 2017 chuig 29 Eanáir 2018). Lean an comhairliúchán ar dhá cheann de na hocht moladh i dtuarascáil eatramhach HLEG, agus fiafraíodh tuairimí go sonrach maidir le comhtháthú na bhfachtóir ESG ag infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainní. Fuair an Coimisiún 191 freagra don chomhairliúchán.

Ba é an Coimisiún freisin a rinne agallaimh spriocdhírithe le páirtithe leasmhara (idir Eanáir agus Feabhra 2018), i.e. le bainisteoirí sócmhainní agus infheisteoirí institiúideacha meánmhéide/móra (cuideachtaí árachais agus cistí pinsean) atá tar éis fachtóirí ESG a chomhtháthú cheana féin ina bpróiseas cinnteoireachta infheistíochta agus/nó a mbíonn táirgí infheistíochta freagracha go sóisialta acu. Cuireadh agallamh ar 23 eintiteas. Baineadh leas as ceistneoirí maidir le hionchur agus sonraí. Dheimhnigh tromlach mór na neintiteas a cuireadh faoi agallamh an gá chun soiléiriú a thabhairt ar leibhéal AE an mbaineann measúnú ar rioscaí i ndáil le ESG le dualgais infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainní, agus iad a thabhairt san áireamh de réir mar b’ábhartha. Thug na heintitis a cuireadh faoi agallamh tuilleadh sonraí faoi limistéir ar nós na straitéise infheistíochta, bainistiú rioscaí, bearta rialachais (i.e. coiste sonrach maidir le ESG, comhalta boird ESG, próisis rialaithe inmheánaigh maidir le ESG), rannpháirtíocht le hinstitiúidí infheistiúcháin, agus beartas vótála. Luaigh roinnt eintiteas go mbíonn beartais ESG ar leithligh i bhfeidhm acu, nach mór dóibh tuairisciú dá gcoiste ESG agus dá mbord, agus go mbíonn a mbeartais luacha saothair ailínithe le ESG. Luaigh na bainisteoirí sócmhainní gur áiríodh leis na tairbhí ó chomhtháthú ESG a thionchar dearfach ar fheidhmíocht airgeadais (go háirithe thar an bhfadtéarma, tréithe riosca/toraidh feabhsaithe na punainne a bhainistíonn siad, tairbhí cáile den chomhtháthú ESG, agus an cumas chun cliaint nua a mhealladh. Luaigh na hárachóirí agus na soláthraithe pinsean méadú san éileamh ag infheisteoirí. Nochtann an chuid is mó de na heintitis a cuireadh faoi agallamh nithe a bhaineann le ESG ag leibhéal an eintitis sna tuarascálacha bliantúla/tréimhsiúla, agus baineann nochtadh sonrach do chliaint do chinn eile, nach poiblí é. Tá cúpla eintiteas tar éis nochtadh ESG poiblí a thosú ag leibhéal an táirge.

Ina theannta sin, d’eagraigh an Coimisiún comhdháil an 18 Iúil 2017 dar teideal Sustainable Finance: Interim Report [Airgeadas Inbhuanaithe: Tuarascáil Eatramhach]. Bhí an deis ag tuairim 450 ionadaí chun plé a dhéanamh ar thuarascáil eatramhach HLEG agus chun aiseolas a thabhairt. Ba é an Coimisiún freisin a d’eagraigh comhdháil ardleibhéil maidir le maoiniú an fháis inbhuanaithe an 22 Márta 2018 chun dlús a choinneáil leis an One Planet Summit, agus chun leanúint ar aghaidh le dlúthú na tacaíochta agus an tiomantais ó cheannairí AE agus ó eochairghníomhairí príobháideacha do na hathruithe a theastaíonn sa chóras airgeadais chun an taistriú chuig geilleagar ísealcharbóin a chistiú.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhraith an Coimisiún ar roinnt staidéar, foinsí faisnéise agus sonraí ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, ECFE, HLEG, Eurosif, an lucht acadúil, meithleacha machnaimh, an Comhlachas Eorpach maidir le Bainistíocht Ciste agus Sócmhainní, tuarascálacha margaidh agus staidéir le cuideachtaí príobháideacha. Tarraingíodh sa phróiseas freisin ar staidéar leis an gCoimisiún maidir le hÉifeachtúlacht Acmhainne agus Dualgais Mhuiníneacha na nInfheisteoirí a foilsíodh thiar sa bhliain 2015. Bhraith an Coimisiún freisin ar thaithí le dhá thionscadal Fís 2020 a bhain leis an airgeadas inbhuanaithe, i.e. tionscadal chun méadracht, tagarmharcanna agus uirlisí measúnachta a fhorbairt maidir le hinfheistíocht fuinnimh inbhuanaithe (SI) don earnáil airgeadais agus tionscadal maidir le rioscaí agus deiseanna a bhaineann leis an aistriú fuinnimh.

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair chun an tionscnamh sin a ullmhú.

Glactar san áireamh leis an togra na tuairimí (an tuairim dhearfach le hagúis arna heisiúint an 14 Bealtaine 2018 agus an dá thuairim dhiúltacha roimhe sin) arna neisiúint ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála. Tugtar aghaidh sa togra agus sa mheasúnú tionchair leasaithe ar mholtaí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, a tháinig chun críche lena dtuairimí gurbh éigeantach iad na coigeartuithe sula rachfaí ar aghaidh a thuilleadh leis an tionscnamh seo. Bhain ábhair imní móra an Bhoird leis na costais a bhaineann le riachtanais nochta, d’eisitheoirí níos lú agus d’eintitis airgeadais ábhartha araon. Is amhlaidh dá bharr a léirítear imní an Bhoird leis na roghanna beartais sa tuarascáil ar an measúnú tionchair:

(a)soiléiriú na nochtaí i ndáil le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta agus na riachtanas nochta a bhaineann le táirgí nó seirbhísí airgeadais i mbun infheistíochtaí inbhuanaithe;

(b)aithint dreasachtaí do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus do chomhairleoirí airgeadais chun ciorrú na gcostas a bhainfeadh do chuideachtaí infheistiúcháin, eadhon chun leas a bhaint as faisnéise sna tuarascálacha bainistíochta nó sna ráitis neamhairgeadais i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE;

(c)foráil do shamplaí de chásanna nach bhféadfadh an fhaisnéis agus na sonraí bheith ar fáil go díreach ar an margadh nó go bhféadfadh cáilíocht íseal agus/nó inchomparáideacht bheith leis na sonraí infhaighte;

(d)feabhsú ar léiriú na comhbhabhtálacha idir costais agus tairbhí.

I dtéarmaí ginearálta, is iad seo a leanas na roghanna beartais a ndearnadh measúnú orthu sa mheasúnú tionchair:

(a)ceanglas follasach a áireamh do chomhtháthú na rioscaí ESG leis an gcinneadh infheistíochta nó leis na próisis chomhairleacha mar chuid de dhualgais i leith infheisteoirí agus/nó tairbhithe;

(b)nochtadh éigeantach a thabhairt isteach ag leibhéal na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus na gcomhairleoirí airgeadais faoin gcaoi ina gcomhtháthaítear rioscaí ESG sa chinneadh infheistíochta agus sa phróisis chomhairleacha;

(c)nochtadh éigeantach a thabhairt isteach do tháirge nó seirbhís airgeadais faoi leith, maidir le comhtháthú rioscaí ESG sa chinneadh infheistíochta nó sa phróiseas comhairleach;

(d)ina theannta sin, sa chás go maíonn rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais go mbaineann cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe le táirgí nó seirbhísí áirithe, ní mór dóibh faisnéis maidir le rannchuidiú na gcinntí infheistíochta le cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe a nochtadh (nochtadh ex-post sa ghnáth-thuairisciú) agus faoin gcaoi ina mbíonn an straitéis infheistíochta ailínithe leis na cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe (nochtadh ex-ante sna doiciméid réamhchonarthacha agus chonarthacha).

Clúdaítear roghanna beartais (a), (b), (c) agus (d) leis an Rialachán seo. Clúdaítear rogha beartais (a) leis an leasú le Treoir (AE) 2016/2341 lena dtugtar isteach cumhachtuithe don Choimisiún chun glacadh le gníomhartha tarmligthe faoi seach.

Léiríodh san aiseolas ó pháirtithe leasmhara go mbainfeadh na tionchair eacnamaíocha seo a leanas le cur chuige glan agus soiléir maidir le comhtháthú na rioscaí ESG. Ar an gcéad dul síos, beidh níos mó faisnéise ag infheisteoirí deiridh faoin gcaoi ina gcomhtháthaíonn rannpháirtithe margaidh agus comhairleoirí airgeadais rioscaí ESG ina gcinnteoireacht infheistíochta nó próisis chomhairleacha. Thabharfaí rioscaí ESG ní ba chórasaí san áireamh um shamhaltú airgeadais, óna dtiocfadh comhbhabhtáil optamúil idir riosca agus toradh san fhadtéarma ar a laghad, ag cothú éifeachtúlachta margaidh dá réir. Tabharfaidh sé sin spreagadh do rannpháirtithe margaidh airgeadais agus do chomhairleoirí airgeadais chun bheith nuálach ó thaobh straitéisí infheistíochta de nó ina gcuid moltaí de bharr réimse fachtóirí níos forleithne a mheas, idir chinn airgeadais agus neamhairgeadais, ag cruthú coinníollacha dá réir chun infheisteoirí nua a mhealladh. Agus méadófar an iomaíocht sa deireadh thiar leis, ag dreasú eintiteas chun glacadh le caighdeáin arda ESG.

Tugadh le fios san aiseolas ó pháirtithe leasmhara freisin gur cuid iad na costais a bhaineann le ESG de na costais inmheánacha agus eagrúcháin foriomlána a bhaineann le bainistiú rioscaí agus faireachán ar neamhchosaintí áirithe. Is amhlaidh a d’áireofaí na tascanna breise a chuirfí ar rannpháirtithe margaidh airgeadais agus ar chomhairleoirí airgeadais faoin tionscnamh seo taobh istigh de na nósanna imeachta eagrúcháin agus oibriúcháin reatha.

Méadófar an trédhearcacht fhoriomlán leis na nochtaí éigeantacha, ach aisiméadracht na faisnéise idir infheisteoirí deiridh agus eintitis airgeadais a laghdú. Méadófar gráinneacht na faisnéise infhaighte d’infheisteoirí deiridh. Beidh an fhaisnéis éifeacht chun an margadh a bhaint amach, agus fónfaidh sí níos fearr don chuspóir ginearálta chun costais chuardaigh a laghdú d’infheisteoirí deiridh.

Thug roinnt páirtithe leasmhara le fios go dtiocfadh na costais ba shuntasaí ó athbhreithniú na ndoiciméad réamhchonarthach agus conarthach (e.g. timpeall 40 000 EUR in aghaidh an réamheolaire, ar chostas aonuaire é). Táthar ag dúil go mbeidh na costais sin teoranta dá mbeadh idirthréimhse ann, faoi mar a mholfaí de réir na rogha ab fhearr. Ina theannta sin, thug siad le fios go gcaithfear an réamheolaire a athbhreithniú go tréimhsiúil i gcás ar bith; dá réir sin, ba cheart gur chodán de sin a bheadh sa chostas a bhainfeadh le cur faisnéise i ndáil le ESG leis. Anuas air sin, baineann tairbhí ó thaobh clú de d’eintitis airgeadais leis an nochtadh, chomh maith le costais laghdaithe d’infheisteoirí deiridh chun teacht ar tháirgí agus/nó seirbhísí airgeadais agus chun glacadh le cinntí infheistíochta a chomhfhreagraíonn dá roghanna inbhuanaitheachta.

Ba cheart gurbh é an meascán de mhargadh níos iomaíche agus níos éifeachtúla sna táirgí agus seirbhísí ESG agus den éileamh méadaitheach ó infheisteoirí deiridh dóibh, le cuidiú ón laghdú sna costais chuardaigh, ba chúis le forás an mhargaidh sin sa deireadh thiar.

Cearta bunúsacha

Cuirtear chun cinn leis an togra na cearta atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha (an “Chairt”). Feidhmíonn sé tionchar ar chomhtháthú ardleibhéal cosanta comhshaoil (Airteagal 37 den Chairt) agus na gceart sóisialta éagsúil (cosúil le hAirteagail 25 agus 26 den Chairt) maille leis an gcomhtháthú sóisialta (Airteagal 36 den Chairt) óir gurb é an príomhchuspóir leis comhtháthú fachtóirí inbhuanaitheachta ag infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainní a chothú, agus foráil a dhéanamh maidir le creat nochta i ndáil le comhtháthú agus tionchair na ninfheistíochtaí ar an ngeilleagar réadúil, agus maidir lena gcumas spreagadh a thabhairt agus foráil a dhéanamh maidir leis na dreasachtaí cearta chun aistriú chuig geilleagar glas, ísealcharbóin agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bhaineann tionchar buiséadach leis an togra don Choimisiún.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar meastóireacht ar an Rialachán seo 60 mí ar a dhéanaí tar éis a theachta i bhfeidhme.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leagtar síos le hAirteagal 1 ábhar an Rialacháin, eadhon na ceanglais trédhearcachta de rannpháirtithe margaidh airgeadais, idirghabhálaithe árachais a sholáthraíonn comhairle árachais maidir le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe (“IBIPanna”) agus cuideachtaí infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta (comhairleoirí airgeadais), maidir le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta ina bpróisis chinnteoireachta nó, nuair is ábhartha, próisis chomhairleacha agus trédhearcacht maidir le táirgí airgeadais a dhírítear ar infheistíochtaí inbhuanaithe, lena náirítear laghdú sna hastaíochtaí carbóin.

Leagtar amach in Airteagal 2 na téarmaí agus na sainmhínithe as a mbaintear leas chun críocha na Rialacháin seo, go háirithe “rannpháirtí margaidh airgeadais”, “táirge airgeadais”, “infheistíochtaí inbhuanaithe” agus cinn eile nach iad. Is amhlaidh go sonrach a chiallaíonn “rannpháirtí margaidh airgeadais” gnóthas árachais a sholáthraíonn IBIP, bainisteoir ciste infheistíochta malartaigh (“BCIM”), cuideachta infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne, institiúid um chóir ar scor ceirde (“IORP”), nó cuideachta bainistíochta GCUInna, bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach nó ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach. Óir gurb amhlaidh faoi Rialachán (AE) 2015/760 27 , nach féidir cistí infheistíochta fadtéarmacha (“ELTIFanna”) a bhainistiú ach amháin ag BCIManna, a thagann BCIManna a bhainistíonn ELTIFanna faoi réir an tsainmhínithe mar rannpháirtí margaidh airgeadais, agus ní mór dóibh dá réir na ceanglais trédhearcachta faoin Rialachán seo maidir le ELTIFanna a shásamh. Chun is go náireofaí grúp-pholasaithe árachais saoil le comhpháirteanna infheistíochta faoi raon feidhme an Rialacháin seo, is chun críoch an Rialacháin seo a áirítear le IBIPanna na IBIPanna a shainítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 28 maille le táirgí infheistíochta árachais a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí gairmiúla.

Ní mór do rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi Airteagal 3 beartais a fhoilsiú i scríbhinn maidir le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta sa phróiseas cinnteoireachta infheistíochta. Ní mór do rannpháirtithe margaidh airgeadais iad a fhoilsiú ar a láithreáin ghréasáin agus na beartais a choinneáil cothrom le dáta. Síneann an oibleagáid sin chuig comhairleoirí airgeadais.

Is le hAirteagal 4 a leagtar síos nach mór do rannpháirtithe margaidh airgeadais faisnéis a áireamh i nochtaí réamhchonarthacha faoin gcaoi ina gcuimsíonn rannpháirtithe margaidh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais na rioscaí inbhuanaitheachta. Is ionann sin agus a mbíonn de dhíth cheana féin faoi na rialacha earnálacha is infheidhmithe (Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE, Treoir 2011/61/AE, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2016/97, Treoir (AE) 2016/2341, Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013). Ní mór do rannpháirtithe margaidh airgeadais tuairiscí a thabhairt ar na nósanna imeachta agus coinníollacha a chuirtear chun feidhme do chomhtháthú na gcinntí infheistíochta, a mhéad atáthar ag suil go mbeidh tionchar ag rioscaí inbhuanaitheachta ar fháltais na dtáirgí airgeadais arna dtairiscint, agus don chaoi ina gcuirtear san áireamh le beartais luacha saothair na rannpháirtithe margaidh airgeadais comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta agus na ninfheistíochtaí inbhuanaithe. Gearrtar na hoibleagáidí céanna, arna gcur in oiriúint don phróiseas comhairleach, ar na comhairleoirí airgeadais.

Leagtar amach le hAirteagal 5 na rialacha maidir le trédhearcacht réamhchonarthach ar infheistíochtaí inbhuanaithe. Ní mór do rannpháirtithe margaidh airgeadais faisnéis a áireamh maidir leis an gcaoi ina náirithítear infheistíochtaí inbhuanaithe, i.e. an ainmníodh innéacs mar thagarmharc agus míniú faoin bhfáth gurb éagsúil iad an tualú agus eilimintí an tagarmhairc le hinnéacs margaidh leathain. Na bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a sholáthraíonn faisnéis faoin tionchar sóisialta dearfach ar a ndírítear ciste faoi leith i gcomhréir leis na modheolaíochtaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, féadfaidh siad úsáid a bhaint as an bhfaisnéis sin chun críocha Airteagal 5. Leagtar síos le hAirteagal 5 na rialacha maidir le nochtadh do tháirgí airgeadais a bhfuil mar sprioc acu astaíochtaí carbóin a laghdú. Cumhachtaítear an Coimisiún leis an Airteagal seo chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh, ar mhaithe le nochtaí réamhchonarthacha a chaighdeánú agus a chuíchóiriú. Ba cheart dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, tríd an gComhchoiste leis na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (“an Comhchoiste”), leis an Údarás Baincéireachta Eorpach (“ÚBE”), leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (“ÚEÁPC”) agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ÚEUM”).

Tugtar isteach le hAirteagal 6 ceanglas ar rannpháirtithe margaidh airgeadais tuairisc a fhoilsiú ar a láithreáin ghréasáin in aice leis an bhfaisnéis atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 7, maidir leis an sprioc d’infheistíochtaí inbhuanaithe, faisnéis maidir leis na modheolaíochta a úsáidtear chun measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na ninfheistíochtaí agus faireachán a dhéanamh uirthi. Foráiltear leis an Airteagal seo freisin maidir le cumhachtú chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh d’fhonn nochtaí réamhchonarthacha a chaighdeánú agus a chuíchóiriú. Ba cheart dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, i gcomhar leis an gComhchoiste, le ÚBE, le ÚEÁPC agus le ÚEUM.

Óir nach bhforáiltear leis na ceanglais reatha um nochtadh a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh gur gá an fhaisnéis uile a nochtadh atá riachtanach chun infheisteoirí deiridh a chur ar an eolas i gceart faoi thionchar a gcuid infheistíochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, ceanglaítear ar rannpháirtithe margaidh airgeadais faoi Airteagal 7 tuairisc a thabhairt i dtuarascálacha tréimhsiúla ar shonraíocht thionchar na ninfheistíochtaí inbhuanaithe trí bhíthin táscairí inbhuanaitheachta ábhartha. Na bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a sholáthraíonn faisnéis faoin tionchar sóisialta foriomlán a ghnóthaítear agus na modheolaíochtaí gaolmhara a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, féadfaidh siad úsáid a bhaint as an bhfaisnéis sin chun críocha Airteagal 7. Sa chás gur ainmníodh innéacs mar thagarmharc, ní mór do rannpháirtithe margaidh airgeadais a áireamh freisin, i gcás inar ainmníodh innéacs mar thagarmharc, comparáid idir tionchair na punainne de réir an tagarmhairc ar thaobh amháin agus de réir innéacs margaidh leathan ar an taobh eile, i dtéarmaí ualú, eilimintí agus táscairí inbhuanaitheachta. Ba cheart na tuairiscí a chur leis na noibleagáidí tuairiscithe maidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais a leagtar síos le Treoir 2009/65/CE, Treoir 2011/61/AE, Treoir (AE) 2016/2341, Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013. Maidir leis na táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe, leagtar síos le Treoir 2009/138/CE oibleagáidí tuairiscithe bliantúla ar bith ar ghnóthais árachais. Is amhlaidh dá réir a áirithítear le hAirteagal 7 go gcuirtear na nochtaí faoi seach ar fáil go bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 185(6) le Treoir 2009/138/CE, i.e. i scríbhinn, agus i dteanga oifigiúil arna cinneadh i gcomhréir leis an Treoir sin. Áirithítear le hAirteagal 7 freisin go nochtann na cuideachtaí infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne an fhaisnéis sna tuarascálacha tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE. Is chun na ceanglais nochta a shásamh, is féidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais leas a bhaint as faisnéis i dtuarascálacha bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 19 nó i ráitis neamhairgeadais i gcomhréir le hAirteagal 19a de Threoir 2013/34/AE. Leagtar síos leis an Airteagal seo freisin cumhachtú chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh d’fhonn nochtaí a chaighdeánú agus a chuíchóiriú. Ba cheart dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, i gcomhar leis an gComhchoiste, le ÚBE, le ÚEÁPC agus le ÚEUM.

Is amhlaidh faoi Airteagal 8 nach mór do rannpháirtithe margaidh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais a áirithiú go gcoinnítear gach faisnéis a fhoilsítear ar a láithreáin ghréasáin cothrom le dáta, lena náirítear míniú soiléir faoi aon leasuithe leis an bhfaisnéis fhoilsithe.

Is amhlaidh faoi Airteagal 9 nach mór do rannpháirtithe margaidh agus comhairleoirí airgeadais a áirithiú nach sáraíonn cumarsáidí margaíochta an fhaisnéis a nochtar de bhun an Rialacháin seo mura bhforáiltear maidir le rialacha níos doichte leis an reachtaíocht earnálach, go sonrach Treoir 2009/65/CE, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2016/97 agus Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014. Tugtar de chumhacht don Choimisiún le hAirteagal 9 freisin caighdeáin theicniúla a chur chun feidhme. Ba cheart dréachtchaighdeáin theicniúla forfheidhmithe a fhorbairt, i gcomhar leis an gComhchoiste, le ÚBE, le ÚEÁPC agus le ÚEUM.

Leasaítear le hAirteagal 10 Treoir (AE) 2016/2341. Cumhachtaítear an Coimisiún leis an leasú sin chun sonrú sna gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, riail an “duine stuama” maidir le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a mheas; agus maidir le fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a áireamh i gcinntí infheistíochta inmheánacha agus próisis bainistíochta riosca. Óir go bhfuil feidhm cheana féin ag rialacha rialachais agus bainistíochta riosca faoi Threoir (AE) 2016/2341 maidir le cinntí infheistíochta agus measúnuithe rioscaí, lena náirítear ceisteanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais; ba cheart go múnlófaí na gníomhaíochtaí agus na próisis bhunúsacha leis na IORPanna chun na gníomhartha tarmligthe a chomhlíonadh. Ba cheart a áirithiú leis na gníomhartha tarmligthe go bhfuil siad comhsheasmhach, nuair is ábhartha, leis na gníomhartha tarmligthe a glacadh faoi Threoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE.

Leagtar síos le hAirteagal 11 go gcaithfear meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ar a dhéanaí 60 mí tar éis dó teacht i bhfeidhm.

Faoi Airteagal 12, ba cheart feidhm a bheith leis an Rialachán seo 12 mhí tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is amhlaidh ámh a bhainfidh feidhm leis na cumhachtuithe arna leagan síos in Airteagal 5(5), Airteagal 6(2), Airteagal 7(4), Airteagal 9(2) agus Airteagal 10 ó dháta teachta i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ina theannta sin, lena áirithiú go mbaineann na chéad tuarascálacha bliantúla ina dtugtar faisnéis i gcomhréir le hAirteagal 7(1) go (3) leis an mbliain féilire ina hiomláine, cuirtear siar cur chun feidhme Airteagal 7(1) go (3) chuig an 1 Eanáir den bhliain tar éis an dáta dá dtagraítear sa dara fomhír den Airteagal seo.

2018/0179 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le nochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí inbhuanaithe agus rioscaí inbhuanaitheachta agus lena leasaítear Treoir (AE) 2016/2341

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 29 ,

Ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 30 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is bunriachtanas é an taistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe, níos tíosaí ar acmhainní agus níos ciorclaí chun iomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais a áirithiú. Féachann Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide (COP21), arna dhaingniú ag an Aontas an 5 Deireadh Fómhair 2016 31 agus a tháinig i bhfeidhm an 4 Samhain 2016, leis an bhfreagairt don athrú aeráide a neartú, i measc modhanna eile, trí shreafaí airgeadais a thabhairt ar aon dul leis an gcur chuige i dtreo leibhéal íseal astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.

(2)Maidir le Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 , Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 , Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 , Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 , Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 , Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 , Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 , tá sé mar chomhchuspóir acu glacadh gníomhaíochtaí agus dul i mbun gníomhaíochtaí a éascú do ghnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna), do bhainisteoirí cistí infheistíochtaí malartacha (BCIManna), do ghnóthais árachais, gnólachtaí infheistíochta, idirghabhálaithe árachais, institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna), do bhainisteoirí cistí caipitil fiontair cáilitheacha (bainisteoirí EuVECA) agus do bhainisteoirí cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha (bainisteoirí EuSEF). Áirithítear leis na Treoracha agus na Rialacháin sin cosaint níos aonfhoirmí d’infheisteoirí deiridh agus éascaítear dóibh tairbhe a bhaint as réimse leathan táirgí agus seirbhísí airgeadais, agus ag an am céanna déantar foráil maidir le rialacha a chuireann ar chumas infheisteoirí cinntí eolasacha infheistíochta a dhéanamh. Cé gur baineadh na cuspóirí sin amach den chuid is mó, a fhad a bhaineann le nochtaí d’infheisteoirí deiridh faoi chomhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta agus spriocanna inbhuanaithe infheistíochta i gcinnteoireacht infheistíochta ag cuideachtaí bainistíochta GCUInna, BCIManna, gnóthais árachais, gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne, IORPanna, soláthraithe pinsin, agus ag bainisteoirí EuVECA agus bainisteoirí EuSEF (rannpháirtithe margaidh airgeadais) agus a fhad a bhaineann le nochtaí d’infheisteoirí aonair faoi chomhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta i bpróisis chomhairleacha ag idirghabhálaithe árachais a sholáthraíonn comhairle árachais maidir le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe (IBIPanna) agus ag gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta (comhairleoirí airgeadais); níl siad forbartha go leor mar nach bhfuil nochtaí den chineál sin faoi réir ceanglais chomhchuibhithe fós.

(3)Gan rialacha comhchuibhithe Aontais a bheith ann maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de d’infheisteoirí deiridh, is dócha go leanfar de bhearta éagsúla a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta agus b’fhéidir go leanfaí de chineálacha éagsúla cur chuige in earnálacha airgeadais éagsúla. Mar thoradh ar bhearta agus ar chur chuige den sórt sin, bheadh mórshaobhadh iomaíochta ann fós i ngeall ar dhifríochtaí móra a bheith sna caighdeáin nochta. Ina theannta sin, mar thoradh ar fhorbairt a tharla ag an am céanna ar chleachtais mhargadhbhunaithe, de réir tosaíochtaí atá dírithe ar an tráchtáil agus is cúis le torthaí éagsúla, tá an margadh á ilroinnt a thuilleadh agus tá seans ann go gcuirfí isteach níos mó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa todhchaí. Mar gheall ar chaighdeáin éagsúla nochta is deacair comparáid a dhéanamh idir táirgí agus seirbhísí airgeadais éagsúla, agus cruthaítear éagothroime idir na táirgí agus na seirbhísí sin agus idir bealaí dáileacháin, agus cuirtear bacainní breise ar an margadh inmheánach. Féadfaidh éagsúlachtaí den sórt sin mearbhall a chur ar infheisteoirí deiridh freisin agus a gcinntí infheistíochta a shaobhadh. Agus comhréireacht le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide á áirithiú ag na Ballstáit, is dócha go nglacfaidh siad bearta náisiúnta éagsúla a d’fhéadfadh bacainní a chruthú ar fheidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh agus a bheith le haimhleas rannpháirtithe margaidh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais. Ina theannta sin, i ngeall ar easpa rialacha comhchuibhithe a bhaineann le trédhearcacht tá sé deacair ag infheisteoirí deiridh comparáid éifeachtach a dhéanamh idir táirgí agus seirbhísí airgeadais éagsúla i mBallstáit éagsúla maidir lena rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais agus spriocanna infheistíochta inbhuanaithe. Dá bhrí sin, is gá dul i ngleic leis na bacainní atá ann cheana ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí a chosc.

(4)Ní mór sainmhíniú comhchuibhithe a leagan síos ar “infheistíochtaí inbhuanaithe” chun cur i bhfeidhm comhleanúnach an Rialacháin seo a áirithiú agus lena áirithiú go gcuirfidh rannpháirtithe margaidh airgeadais i bhfeidhm go soiléir agus go leanúnach na hoibleagáidí nochta a leagtar síos sa Rialachán.

(5)Ba cheart beartais luacha saothair rannpháirtithe margaidh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais a bheith comhsheasmhach le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta agus, nuair is ábhartha, le spriocanna infheistíochta inbhuanaithe, agus ba cheart iad a cheapadh chun go gcabhróidh siad le fás inbhuanaithe fadtéarmach. Mar sin de, ba cheart faisnéis a bheith i nochtaí réamhchonarthacha ar an dóigh a bhfuil beartais luacha saothair na neintiteas comhsheasmhach le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta agus i gcomhréir, nuair is ábhartha, le spriocanna infheistíochta inbhuanaithe na dtáirgí agus na seirbhísí airgeadais a chuireann na rannpháirtithe margaidh airgeadais ar fáil nó a dtugann na comhairleoirí airgeadais comhairle fúthu.

(6)Ós rud é go bhfuil tagarmharcanna inbhuanaitheachta ina bpointí tagartha caighdeánacha lenar féidir infheistíochtaí inbhuanaithe a thomhas, ba cheart infheisteoirí deiridh a chur ar an eolas, trí bhíthin nochtaí réamhchonarthacha, faoi oiriúnacht an innéacs ainmnithe, eadhon ailíniú an innéacs sin leis an sprioc infheistíochta inbhuanaithe. Ba cheart do rannpháirtithe margaidh airgeadais na fáthanna a nochtadh freisin a bhfuil ualú agus eilimintí éagsúla an innéacs ainmnithe difriúil i gcomparáid le hinnéacs leathan margaidh. Chun trédhearcacht a chothú tuilleadh, ba cheart do rannpháirtithe margaidh airgeadais léiriú a thabhairt ar an áit a bhfuil fáil ar an modheolaíocht a úsáidtear chun an tinnéacs ainmnithe agus an tinnéacs leathan margaidh a ríomh, chun go mbeidh an fhaisnéis riachtanach ag infheisteoirí deiridh ar an mbealach ar roghnaíodh agus ar ualaíodh sócmhainní foluiteacha na ninnéacsanna, cé na sócmhainní a fágadh amach agus cén fáth, an dóigh a ndearnadh tomhas ar thionchair na sócmhainní foluiteacha ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, nó cé na foinsí sonraí a úsáideadh. Mar thoradh ar nochtaí den sórt sin ba cheart a bheith in ann comparáid éifeachtach a dhéanamh agus ba cheart dóibh cabhrú le tuiscint cheart a fhorbairt ar infheistíochtaí atá neamhdhíobhálach don inbhuanaitheacht. I gcás nár ainmníodh aon innéacs mar thagarmharc, ba cheart do rannpháirtithe margaidh airgeadais a mhíniú conas a bhaintear amach an sprioc infheistíochta inbhuanaithe.

(7)I gcás ina bhfuil sé mar sprioc ag táirge nó seirbhís airgeadais astaíochtaí carbóin a laghdú, ba cheart a áireamh i nochtaí réamhchonarthacha leibhéal na nastaíochta ísealcharbóin ar a bhfuiltear ag díriú. I gcásanna nach bhfuil aon tagarmharc comhchuibhithe carbóin ón Aontas ar fáil, ba cheart a áireamh sna nochtaí míniú mionsonraithe ar an dóigh a náirithítear go gcloítear i gcónaí leis an sprioc sin.

(8)Chun trédhearcacht a fheabhsú agus infheisteoirí deiridh a chur ar an eolas, ba cheart rialáil a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis ar an gcaoi a ndéanann rannpháirtithe margaidh airgeadais rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú sna próisis chinnteoireachta infheistíochta agus ar an gcaoi a ndéanann comhairleoirí airgeadais na rioscaí sin a chomhtháthú i bpróisis chomhairleacha, trína cheangal ar na heintitis sin an fhaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta ar a láithreáin ghréasáin.

(9)Leis na ceanglais reatha maidir le nochtadh a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais, ní fhoráiltear gur gá an fhaisnéis uile a nochtadh atá riachtanach chun infheisteoirí deiridh a chur ar an eolas i gceart faoin tionchar atá ag a ninfheistíochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. Mar sin de, is iomchuí ceanglais níos sainiúla a leagan amach maidir le nochtadh a fhad a bhaineann le hinfheistíochtaí inbhuanaithe. Mar shampla, ba cheart tuairisciú rialta a dhéanamh ar an tionchar foriomlán atá ag táirgí airgeadais ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, trí bhíthin táscairí atá ábhartha don sprioc infheistíochta inbhuanaithe roghnaithe. I gcás inar ainmníodh innéacs iomchuí mar thagarmharc, ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar freisin le haghaidh an innéacs ainmnithe agus le haghaidh innéacs leathan margaidh sa dóigh is gur féidir comparáid a dhéanamh eatarthu. Ba cheart a nochtadh freisin faisnéis ar eilimintí an innéacs ainmnithe agus an innéacs leathan margaidh i dteannta lena nualuithe, chun tuilleadh faisnéise a sholáthar ar an dóigh a ngnóthaítear na spriocanna infheistíochtaí inbhuanaithe. I gcás ina gcuireann bainisteoirí EuSEF faisnéis ar fáil ar an tionchar sóisialta dearfach ar a bhfuil ciste ar leith dírithe, ar an toradh sóisialta foriomlán a gnóthaíodh agus ar na modhanna gaolmhara a úsáideadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, féadfaidh siad, nuair is iomchuí, an teolas sin a úsáid chun críocha na nochtaí faoin Rialachán seo.

(10)Forchuirtear le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 oibleagáidí trédhearcachta maidir le gnéithe sóisialta, comhshaoil agus gnéithe a bhaineann le rialachas corparáideach i dtuairisciú neamhairgeadais. Níl foirm ná cur i láthair an tuairiscithe a éilítear leis na Treoracha sin oiriúnach, áfach, lena úsáid ag rannpháirtithe margaidh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais agus iad ag plé le hinfheisteoirí deiridh. Ba cheart an rogha a bheith ag rannpháirtithe margaidh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais faisnéis a úsáid i dtuarascálacha bainistíochta agus i ráitis neamhairgeadais i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE chun críocha an Rialacháin seo, nuair is iomchuí.

(11)Chun a áirithiú gurb iontaofa an fhaisnéis a fhoilsítear ar láithreáin ghréasáin rannpháirtithe margaidh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais, ba cheart an fhaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta, agus ba cheart aon athbhreithniú nó aon athrú ar an bhfaisnéis a mhíniú go soiléir.

(12)D’fhonn a shonrú mar a dhéanann IORPanna cinntí infheistíochta agus mar a mheasann siad rioscaí d’fhonn rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dTreoir (AE) 2016/2341. Tá feidhm ag rialacha rialachais agus bainistíochta riosca cheana maidir le cinntí infheistíochta agus measúnuithe rioscaí d’fhonn leanúnachas agus rialtacht a áirithiú i bhfeidhmíocht gníomhaíochtaí IORPanna. Ba cheart na cinntí infheistíochta agus measúnú na rioscaí ábhartha, lena náirítear rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais, a dhéanamh ar dhóigh ina náirithítear comhréireacht le leasanna comhaltaí agus tairbhithe. Le gníomhaíochtaí agus próisis bhunúsacha na IORPanna, ba cheart a áirithiú go ngnóthaítear cuspóir na ngníomhartha tarmligthe. Ba cheart a áirithiú go bhfuil na gníomhartha tarmligthe sin comhsheasmhach, nuair is ábhartha, leis na gníomhartha tarmligthe a glacadh faoi Threoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go háirithe, chun rannpháirteachas comhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe sainghrúpaí an Choimisiúin a phléann le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(13)Ba cheart don Údarás Baincéireachta Eorpach (“ÚBE”), don Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (“ÚEÁPC”) agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ÚEUM”) (a dtugtar na “ÚMEnna” orthu go cineálach) arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 41 Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 faoi seach, trí mheán an Chomhchoiste, caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena dtugtar tuilleadh mionsonraí ar chur i láthair agus ar ábhar na faisnéise maidir le spriocanna infheistíochta inbhuanaitheachta atá le nochtadh i ndoiciméid réamhchonarthacha, i dtuarascálacha tréimhsiúla agus ar láithreáin ghréasáin rannpháirtithe margaidh airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán Uimh. 1093/2010, de Rialachán Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh.

(14)Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh arna bhforbairt ag na ÚMEnna trí mheán an Chomhchoiste, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, chun cur i láthair caighdeánach infheistíochtaí inbhuanaithe i gcumarsáid mhargaíochta a bhunú.

(15)Ós rud é go dtugtar achoimre i bprionsabal sna tuarascálacha tréimhsiúla ar thorthaí gnó do bhlianta féilire iomlána, ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le ceanglais trédhearcachta i dtuarascálacha a chur siar go dtí [PO: Cuir isteach an 1 Eanáir den bhliain tar éis an dáta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 12].

(16)Ba cheart do na rialacha maidir le nochtadh sa Rialachán seo forálacha Threoir 2009/65/CE, Threoir 2009/138/CE, Threoir 2011/61/AE, Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 44 Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 a fhorlíonadh agus ba cheart feidhm a bheidh acu de bhreis ar na forálacha sin.

(17)Leis an togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(18)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon cosaint d’infheisteoirí deiridh a neartú agus nochtaí dóibh a fheabhsú, lena náirítear i gcás ceannacháin thrasteorann d’infheisteoirí deiridh, ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais mar gheall gur gá ceanglais nochta aonfhoirmeacha a leagan síos ag leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir leis an trédhearcacht nach mór do rannpháirtithe margaidh airgeadais, d’idirghabhálaithe árachais a sholáthraíonn comhairle árachais i ndáil le IBIPanna agus do ghnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta a chur i bhfeidhm i dtaobh comhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta sa phróiseas cinnteoireachta infheistíochta nó sa phróiseas comhairleach, agus i dtaobh trédhearcacht táirgí airgeadais a bhfuil mar sprioc acu infheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh, lena náirítear astaíochtaí carbóin a laghdú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn “rannpháirtí margaidh airgeadais” aon cheann díobh seo a leanas:

(i)gnóthas árachais a chuireann IBIP ar fáil, BCIM, gnólacht infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne, IORP nó soláthraí táirge pinsin;

(ii)bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;

(iii)bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;

(iv)cuideachta bainistíochta GCUInna;

(b)ciallaíonn “gnóthas árachais” gnóthas árachais atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2009/138/CE;

(c)ciallaíonn “IBIP” ceann de na nithe a leanas:

(i)táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 ;

(ii)táirge árachais, arna chur ar fáil d’infheisteoir gairmiúil, a thairgeann luach aibíochta nó géilliúna atá neamhchosanta go páirteach nó go hiomlán, go díreach nó go hindíreach, ar luaineachtaí an mhargaidh;

(d)ciallaíonn “BCIM” BCIM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(b) de Threoir 2011/61/AE;

(e)ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(1) de Threoir 2014/65/AE;

(f)ciallaíonn “bainistíocht punainne” bainistíocht punainne mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(8) de Threoir 2014/65/AE;

(g)ciallaíonn “IORP” institiúid um chóir ar scor ceirde atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2016/2341;

(h)ciallaíonn “táirge pinsin” ceann de na nithe seo a leanas:

(i)táirge pinsin dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014;

(ii)táirge pinsin aonair dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014;

(i)ciallaíonn “cuideachta bainistíochta GCUInna” cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2009/65/CE nó cuideachta infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) di;

(j)ciallaíonn “táirge airgeadais” bainistíocht punainne, CIM, IBIP, táirge pinsin, scéim pinsin nó GCUI;

(k)ciallaíonn “CIM” CIM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(l)ciallaíonn “scéim pinsin” scéim pinsin mar a shainmhínítear in Airteagal 6(2) de Threoir (AE) 2016/2341;

(m)ciallaíonn “GCUI” gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2009/65/CE;

(n)ciallaíonn “comhairle infheistíochta” comhairle infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(4) de Threoir 2014/65/AE;

(o)ciallaíonn “infheistíochtaí inbhuanaithe” aon cheann de na nithe seo a leanas nó teaglaim díobh:

(i)infheistíochtaí i ngníomhaíocht eacnamaíoch a chuireann le cuspóir comhshaoil, lena náirítear infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de [PO: Cuir isteach tagairt don Rialachán maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú];

(ii)infheistíochtaí i ngníomhaíocht eacnamaíoch a chuireann le cuspóir sóisialta, agus go háirithe infheistíocht a chabhraíonn le dul i ngleic leis an éagothroime, infheistíocht a chothaíonn comhtháthú sóisialta, lánpháirtiú sóisialta agus caidreamh fostaithe, nó infheistíocht i gcaipiteal daonna nó i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta;

(iii)infheistíochtaí i gcuideachtaí a bhfuil cleachtais mhaithe rialachais acu, agus go háirithe i gcuideachtaí lena mbaineann struchtúir fhónta bhainistíochta, caidreamh fostaithe, luach saothair do bhaill foirne ábhartha agus comhlíonadh cánach;

(p)ciallaíonn “infheisteoir miondíola” infheisteoir nach infheisteoir gairmiúil é;

(q)ciallaíonn “infheisteoir gairmiúil” cliant a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(r)ciallaíonn “idirghabhálaí árachais” idirghabhálaí árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(3) de Threoir (AE) 2016/97;

(s)ciallaíonn “comhairle árachais” comhairle mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(15) de Threoir (AE) 2016/97.

Airteagal 3

Trédhearcacht na mbeartas maidir le rioscaí inbhuanaitheachta

1.Foilseoidh rannpháirtithe margaidh airgeadais beartais i scríbhinn ar a láithreáin ghréasáin maidir le comhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta sa phróiseas cinnteoireachta infheistíochta.

2.Foilseoidh idirghabhálaithe árachais a sholáthraíonn comhairle árachais maidir le IBIPanna agus gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta beartais i scríbhinn ar a láithreáin ghréasáin maidir le comhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta i gcomhairle infheistíochta nó i gcomhairle árachais.

Airteagal 4

Trédhearcacht chomhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta

1.Áireoidh rannpháirtithe margaidh airgeadais tuairisc ar na nithe a leanas i nochtaí réamhchonarthacha:

(a)na nósanna imeachta agus na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm chun rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú i gcinntí infheistíochta;

(b)a mhéad atáthar ag súil go mbeidh tionchar ábhartha ag rioscaí inbhuanaitheachta ar fháltais na dtáirgí airgeadais a chuirtear ar fáil;

(c)an chaoi a bhfuil beartais luacha saothair rannpháirtithe margaidh airgeadais comhsheasmhach le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta agus i gcomhréir, nuair is ábhartha, le sprioc infheistíochta inbhuanaitheachta an táirge airgeadais.

2.Áireoidh idirghabhálaithe árachais a sholáthraíonn comhairle árachais maidir le IBIPanna agus gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta tuairisc ar na nithe a leanas i nochtaí réamhchonarthacha:

(a)na nósanna imeachta agus na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm chun rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú i gcomhairle infheistíochta nó i gcomhairle árachais;

(b)a mhéad atáthar ag súil go mbeidh tionchar ábhartha ag rioscaí inbhuanaitheachta ar fháltais na dtáirgí airgeadais a dtugtar comhairle fúthu;

(c)an chaoi a bhfuil beartais luacha saothair na ngnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta agus na nidirghabhálaithe árachais a sholáthraíonn comhairle árachais maidir le IBIPanna comhsheasmhach le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta agus i gcomhréir, nuair is ábhartha, le sprioc infheistíochta inbhuanaithe an táirge airgeadais a dtugtar comhairle faoi.

3.Déanfar na nochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 mar seo a leanas:

(a)i gcás BCIManna, sna nochtaí d’infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Threoir 2011/61/AE;

(b)i gcás gnóthais árachais, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 185(2) de Threoir 2009/138/CE;

(c)i gcás IORPanna, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/2341;

(d)i gcás bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;

(e)i gcás bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;

(f)i gcás soláthraithe táirgí pinsin, i scríbhinn in am trátha sula mbíonn infheisteoir miondíola faoi cheangal ag conradh a bhaineann le táirge pinsin;

(g)i gcás cuideachtaí bainistíochta GCUInna, sa réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 69 de Threoir 2009/65/CE;

(h)i gcás gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne nó a sholáthraíonn comhairle infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 24(4) de Threoir 2014/65/AE;

(i)i gcás idirghabhálaithe airgeadais a sholáthraíonn comhairle árachais maidir le IBIPanna, i gcomhréir le hAirteagal 29(1) de Threoir (AE) 2016/97.

Airteagal 5

Trédhearcacht infheistíochtaí inbhuanaithe i nochtaí réamhchonarthacha

1.I gcás ina bhfuil sé mar sprioc ag táirge airgeadais infheistíochtaí inbhuanaithe nó infheistíochtaí a bhfuil tréithe cosúla acu a dhéanamh, agus inar ainmníodh innéacs mar thagarmharc, beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal (4)1:

(a)faisnéis ar an gcaoi a bhfuil an tinnéacs ainmnithe ailínithe leis an sprioc sin;

(b)míniú ar an bhfáth a bhfuil ualú agus eilimintí an innéacs ainmnithe atá ailínithe leis an sprioc sin difriúil ó innéacs leathan margaidh.

2.I gcás ina bhfuil sé mar sprioc ag táirge airgeadais infheistíochtaí inbhuanaithe nó infheistíochtaí a bhfuil tréithe cosúla acu a dhéanamh, agus nár ainmníodh aon innéacs mar thagarmharc, áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) míniú ar an gcaoi a mbaintear amach an sprioc sin.

3.I gcás ina bhfuil sé mar sprioc ag táirge airgeadais astaíochtaí carbóin a laghdú, áireofar san fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 4(1) leibhéal na nastaíochta ísealcharbóin ar a bhfuiltear ag díriú.

De mhaolú ar mhír 2, i gcás nach bhfuil [tagarmharc ísealcharbóin AE] ná [tagarmharc maidir le tionchar dearfach carbóin] ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1011, áireofar leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4 míniú mionsonraithe ar an gcaoi a náirithítear go leantar leis an iarracht chun an sprioc sin, i.e. astaíochtaí carbóin a laghdú, a ghnóthú.

4.San fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 4(1) áireoidh rannpháirtithe margaidh airgeadais léiriú ar an áit a bhfuil fáil ar an modheolaíocht a úsáidtear leis na hinnéacsanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na tagarmharcanna dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo a ríomh.

5.Déanfaidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), trí Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (“Comhchoiste”), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar a thuilleadh na mionsonraí maidir le cur i láthair agus ábhar na faisnéise atá le nochtadh de bhun an Airteagail seo.

6.Cuirfidh ÚBE, ÚEÁPC agus ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi [PO: Cuir isteach an dáta 18 mí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm].

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 6

Trédhearcacht infheistíochtaí inbhuanaithe ar láithreáin ghréasáin

1.I gcás gach táirge airgeadais dá dtagraítear i mír (1), mír (2) agus mír (3) d’Airteagal 5, foilseoidh rannpháirtithe margaidh airgeadais an fhaisnéis seo a leanas ar a láithreáin ghréasáin agus coinneoidh siad í cothrom le dáta:

(a)tuairisc ar an sprioc infheistíochta inbhuanaithe;

(b)faisnéis ar na modheolaíochtaí a úsáidtear chun measúnú, tomhas agus faireachán a dhéanamh ar thionchar na ninfheistíochtaí inbhuanaithe a roghnaíodh don táirge airgeadais, lena náirítear a fhoinsí sonraí, critéir scagtha do na sócmhainní foluiteacha agus na táscairí inbhuanaitheachta ábhartha a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar thionchar inbhuanaithe foriomlán an táirge airgeadais;

(c)an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5;

(d)an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7.

Foilseofar ar bhealach soiléir agus in áit fheiceálach ar an láithreán gréasáin an fhaisnéis atá le nochtadh de bhun na chéad fhomhíre.

2.Forbróidh ÚBE, ÚEÁPC agus ÚEUM, trí mheán an Chomhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar a thuilleadh na mionsonraí maidir le cur i láthair agus ábhar na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 1.

Cuirfidh ÚBE, ÚEÁPC agus ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi [PO: Cuir isteach an dáta 18 mí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm].

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 7

Trédhearcacht infheistíochtaí inbhuanaithe i dtuarascálacha tréimhsiúla

1.I gcás ina gcuireann rannpháirtithe margaidh airgeadais ar fáil táirge airgeadais dá dtagraítear i mír (1), i mír (2) agus i mír (3) d’Airteagal 5, áireoidh siad tuairisc ar na nithe seo a leanas ina dtuarascálacha tréimhsiúla:

(a)tionchar foriomlán an táirge airgeadais ó thaobh na hinbhuanaitheachta de trí bhíthin táscairí inbhuanaitheachta ábhartha;

(b)i gcás inar ainmníodh innéacs mar thagarmharc, comparáid idir tionchar foriomlán an táirge airgeadais leis an innéacs ainmnithe agus le hinnéacs leathan margaidh maidir le hualú, eilimintí agus táscairí inbhuanaitheachta.

2.Déanfar na nochtaí dá dtagraítear i mír 1 mar seo a leanas:

(a)i gcás BCIManna, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE;

(b)i gcás gnóthas árachais, ar bhonn bliantúil i scríbhinn i gcomhréir le hAirteagal 185(6) de Threoir 2009/138/CE;

(c)i gcás IORPanna, sa ráiteas maidir le sochair phinsin dá dtagraítear in Airteagal 38 de Threoir (AE) 2016/2341 agus i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 43 de Threoir (AE) 2016/2341;

(d)i gcás bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;

(e)i gcás bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;

(f)i gcás soláthraithe táirgí pinsin, i scríbhinn agus ar a laghad i dtuarascálacha bliantúla nó i dtuarascálacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(g)i gcás cuideachtaí bainistíochta GCUInna nó cuideachtaí infheistíochta GCUInna, sna tuarascálacha leathbhliantúla agus bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 69 de Threoir 2009/65/CE;

(h)i gcás gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne, sna tuarascálacha tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE.

3.Chun críocha mhír 1, féadfaidh rannpháirtithe margaidh airgeadais an fhaisnéis i dtuarascálacha bainistíochta a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 19 nó an fhaisnéis i ráitis neamhairgeadais a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 19a de Threoir 2013/34/AE nuair is iomchuí.

4.Forbróidh ÚBE, ÚEÁPC agus ÚEUM, trí mheán an Chomhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar a thuilleadh na mionsonraí maidir le cur i láthair agus ábhar na faisnéise dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh ÚBE, ÚEÁPC agus ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi [PO: Cuir isteach an dáta 18 mí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm].

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 8

Athbhreithniú ar nochtaí

1.Áiritheoidh rannpháirtithe margaidh airgeadais go gcoimeádfar cothrom le dáta aon fhaisnéis a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagal 3 nó le hAirteagal 6. I gcás ina leasaíonn rannpháirtithe margaidh airgeadais faisnéis den sórt sin, foilseofar míniú soiléir ar an athrú sin ar an láithreán gréasáin céanna.

2.Beidh feidhm ag mír 1 mutatis mutandis maidir le hidirghabhálaithe árachais a sholáthraíonn comhairle árachais maidir le IBIPanna agus gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta, i ndáil le haon fhaisnéis a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagal 3.

Airteagal 9

Cumarsáid mhargaíochta

1.Gan dochar do reachtaíocht earnála níos righne, go háirithe Treoir 2009/65/CE, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, áiritheoidh rannpháirtithe margaidh airgeadais, idirghabhálaithe árachais a sholáthraíonn comhairle árachais maidir le IBIPanna agus gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta nach mbréagnaíonn a gcumarsáid mhargaíochta an fhaisnéis a nochtar de bhun an Rialacháin seo.

2.Féadfaidh ÚBE, ÚEÁPC agus ÚEUM, trí mheán an Chomhchoiste, caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a dhréachtú chun cur i láthair caighdeánach na faisnéise ar infheistíochtaí inbhuanaithe a chinneadh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 10

Leasuithe ar Threoir (AE) 2016/2341

Leasaítear Treoir (AE) 2016/2341 mar seo a leanas:

(1)In Airteagal 19, cuirtear an mhír 9 seo a leanas leis:

“9. Tugtar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 60a, bearta a ghlacadh lena náiritheofar:

(a)go gcuirtear san áireamh riail an “duine stuama” maidir le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a mheas;

(b)go náirítear imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais i gcinntí infheistíochta inmheánacha agus i bpróisis bainistíochta riosca.

Cuirfear san áireamh leis na gníomhartha tarmligthe sin méid, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na IORPanna agus na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin, agus áiritheoidh siad comhsheasmhacht le hAirteagal 14 de Threoir 2009/65/CE, le hAirteagal 132 de Threoir 2009/138/CE agus le hAirteagal 12 de Threoir 2011/61/AE.”;

(2)cuirtear isteach an tAirteagal 60a seo a leanas:

Airteagal 60a

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19(9), a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19(9) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 11

Meastóireacht

Faoin [PO: Cuir isteach dáta 60 mí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [PO: Cuir isteach 12 mhí tar éis dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh].

Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 5(5), ag Airteagal 6(2), ag Airteagal 7(4), ag Airteagal 9(2) agus ag Airteagal 10 ón [PO: Cuir isteach dáta an teachta i bhfeidhm] agus beidh feidhm ag Airteagal 7(1) go (3) ón [PO: Cuir isteach an 1 Eanáir na bliana tar éis an dáta dá dtagraítear sa dara fomhír].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Na chéad chéimeanna eile le haghaidh todhchaí inbhuanaithe don Eoraip. Gníomh Eorpach don inbhuanaitheacht (COM(2016) 739 deiridh).
(2)    Tús Nua don Eoraip: Mo Chlár i ndáil le Poist, Fás, Cothromaíocht agus Athrú Daonlathach - Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile, Strasbourg, 15 Iúil 2014.
(3)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta: (Plean Infheistíochta don Eoraip (COM(2014) 0903 deiridh).
(4)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le hathbhreithniú ar Straitéis Bhithgheilleagair 2012 na hEorpa (SWD(2017) 374 final).
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta chun Aontas na Margaí Caipitil a Thógáil (COM(2015) 468 final).
(6)    Is meáneasnamh bliantúil infheistíochta atá sa mheastachán don tréimhse idir na blianta 2021 agus 2030, bunaithe ar réamh-mheastacháin na samhla PRIMES arna húsáid ag an gCoimisiún Eorpach sa Mheasúnú Tionchair de Thogra na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (2016).
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Action Plan: (Plean Gníomhaíochta:) Financing Sustainable Growth (COM(2018)097 final). (Maoiniú an Fháis Inbhuanaithe (COM(2018)097 final)
(8)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(9)    Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais (Sócmhainneacht II) agus an gnó sin a shaothrú (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(10)    Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(11)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(12)    Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(13)    Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).
(14)    Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).
(15)    Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).
(16)    Rialachán (AE) Uimh. 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).
(17)    Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).
(18)    Treoir (AE) 2017/828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leasaítear Treoir 2007/36/CE a mhéid a bhaineann le spreagadh rannpháirtíocht scairshealbhóirí fadtéarmacha (IO L 132, 20.5.2017, lch. 1).
(19)    Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta le gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lch. 1).
(20)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(21)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta chun Aontas na Margaí Caipitil a Thógáil (COM(2015) 468 final).
(22)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, 1094/2010, 1095/2010, 345/2013, 346/2013, 600/2014, 2015/760, 2016/1011, 2017/1129 (COM(2017) 536 final).
(23)    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(24)    Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(25)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(26)    Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpaigh (TPPU) (COM(2017) 343 final).
(27)    Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).
(28)    Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).
(29)    IO C , , lch. .
(30)    IO C , , lch. .
(31)    Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Samhain 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).
(32)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtacha, rialúcháin, agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(33)    Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais (Sócmhainneacht II) agus an gnó sin a shaothrú (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(34)    Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(35)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(36)    Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).
(37)    Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(38)    Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).
(39)    Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).
(40)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(41)    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(42)    Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(43)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(44)    Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(45)    Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).