AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.5.2018
COM(2018) 336 final
2018/0168(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leastaítear Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
{SEC(2018) 248 final}
{SWD(2018) 247 final}
{SWD(2018) 248 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is príomhionstraim dlí é an Treoir maidir le Mótarárachas atá mar bhonn taca le feidhmiú rianúil an Mhargaidh Aonair. Leis an Treoir, is féidir le cónaitheoirí de chuid an Aontais Eorpaigh teorainneacha inmheánacha an Aontais a thrasnú lena bhfeithiclí chun críocha gnó agus áineasa araon. Ar bhonn aonphréimhe, is féidir le cónaitheoirí de chuid an Aontais taisteal aon áit gan an gá le hárachas breise a cheannach agus, ar an dóigh chéanna, féachtar leis an Treoir ardleibhéal cóineasaithe a bhaint amach i dtaca le cosaint d’íospartaigh fhéideartha timpistí mótarfheithiclí. Tá an Treoir bunriachtanach freisin maidir le feidhmiú Limistéar Schengen.
Glacadh an chéad Treoir de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le mótarárachas in 1972 agus bhí dhá chuspóir léi: íospartaigh timpistí mótarfheithiclí a chosaint (le gné thrasteorann nó ina héagmais) agus saorghluaiseacht mótarfheithiclí idir na Ballstáit a éascú. Tá reachtaíocht mhótarárachais an Aontais bunaithe ar Chóras Idirnáisiúnta an Chárta Ghlais, ar comhaontú neamh-AE é ina bhfuil 48 dtír páirteach, ach téann reachtaíocht an Aontas thairis sin. Ó bhí 1972 ann, neartaíodh an Treoir de réir a chéile agus treisíodh a forálacha le cúig Threoir eile; comhdhlúthaíodh iad i dTreoir 2009/103/CE (ar a ngairfear an Treoir anseo feasta). I measc phríomhghnéithe na Treorach, tá na nithe seo a leanas:
·Oibleagáid ar mhótarfheithiclí polasaí mótarárachais tríú páirtí a bheith acu, agus é bailí i ngach cearn den Aontas ar bhonn aonphréimhe.
·Íosmhéideanna cumhdaigh éigeantacha nach mór do pholasaithe árachais a sholáthar (féadfaidh sé go mbeidh cumhdach níos airde ag teastáil ó na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta).
·Toirmeasc ar na Ballstáit seiceálacha córasacha a dhéanamh ar árachas feithiclí atá bunaithe de ghnáth i mBallstát eile.
·Oibleagáid ar na Ballstáit cistí ráthaíochta a chur ar bun le haghaidh cúiteamh d’íospartaigh timpistí a tharlaíonn de thoradh feithiclí neamhárachaithe nó gan aithint.
·Cosaint d’íospartaigh timpistí mótarfheithiclí i mBallstát nach é a mBallstát cónaithe (“íospartaigh ar cuairt”).
·Ceart sealbhóirí polasaí ráiteas faoi stair a néileamh don chuig bliana deiridh a fháil óna nárachóir.
Chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas na reachtaíochta mótarárachais a mheas, d’fhógair Clár Oibre an Choimisiúin 2016 meastóireacht ar an Treoir. Is é conclúid na meastóireachta go bhfuil an mhórchuid de ghnéithe na Treorach oiriúnach dá gcuspóir go fóill, cé gurbh iomchuí leasuithe áirithe a dhéanamh ar réimsí faoi leith.
Thairis sin, sa Phlean Gníomhaíochta faoi Sheirbhísí Airgeadais do Thomhaltóirí a foilsíodh i Márta 2017, d’fhógair an Coimisiún go ndéanfadh sé cinneadh go luath, tar éis meastóireachta, maidir le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Treoir chun cosaint íospartaigh timpistí tráchta a threisiú i gcás ina mbeidh an t-árachóir dócmhainneach, agus chun feabhas a chur ar aithint na ráiteas faoi stair na néileamh, go háirithe i gcomhthéacs trasteorann. Leis an togra reatha, tugtar aghaidh ar an dá shaincheist sin, in éineacht le trí shaincheist eile atá sonraithe sa mheastóireacht: seiceálacha árachais chun tiomáint neamhárachaithe a chomhrac, comhchuibhiú íosmhéideanna cumhdaigh, agus raon feidhme na Treorach.
1) Dóchmainneacht an árachóra
De réir na Treorach, ní mór comhlachtaí cúitimh a bhunú i ngach Ballstát chun costais a easraíonn as timpistí a tharlaíonn de thoradh feithiclí neamhárachaithe nó gan aithint a sheasamh. Mar sin féin, faoi láthair, níl aon cheangal ar na comhlachtaí sin costais na néileamh a sheasamh i gcás ina mbeidh mótarárachóir an pháirtí faoi dhliteanas dócmhainneach. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh sé go mbeidh íospartaigh timpistí a tharlaíonn de thoradh feithiclí neamhárachaithe nó dorianaithe fágtha gan aon chúiteamh, mura bhforáiltear maidir le haon scéim cosanta shonrach faoin dlí náisiúnta.
Tá dhá príomh-shaincheist ag baint le timpiste ina bhfuil páirtí faoi dhliteanas ag a bhfuil árachóir dócmhainneach. Ní bhíonn sé i gcónaí soiléir cé atá freagrach as cúiteamh tosaigh an íospartaigh (“oifig thosaigh”), má tá aon duine freagrach as. Ar an dara dul síos, bíonn sé doiléir cé ar a bhfuil an fhreagracht airgeadais deiridh as an éileamh (“cúloifig”). Tá tábhacht leis na saincheisteanna seo go háirithe nuair atá árachas á sholáthar ag an árachóir ar bhonn trasteorann trí bhíthin saorsholáthar seirbhísí. I roinnt cásanna dócmhainneachta den chineál sin le déanaí, bhí moill ar chúiteamh a íoc le híospartaigh timpistí a tharla de thoradh shealbhóirí polasaí na nárachóirí dócmhainneacha, agus ba le nósanna imeachta dlíthiúla náisiúnta a cinneadh freagracht agus leibhéal an chúitimh.
2) Stair na néileamh
Sa Phlean Gníomhaíochta faoi Sheirbhísí Airgeadais do Thomhaltóirí, tuairiscítear gníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh i réimse na ráiteas faoi stair na néileamh a rachadh chun tairbhe do shaoránaigh a aistríonn thar teorainneacha. Chun an t-aistriú chuig soláthraí árachais nua a éascú, leis an Treoir reatha foráiltear gurb éigean do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an ceart ag an sealbhóir polasaí ráiteas faoi stair na néileamh, lena gcumhdaítear na cúig bliana deiridh, a iarraidh. Mar sin féin, níl aon cheangal ar árachóirí na ráitis seo a chur san áireamh agus préimheanna á ríomh acu. Léiríodh sa mheastóireacht gur minic a dhéanann árachóirí neamhaird de na ráitis sin, go háirithe nuair is árachóir i mBallstát eile a d’eisigh iad, agus ceistítear a mbarántúlacht in amanna. Chun a éascú d’arachóirí ráitis faoi stair na-éileamh a fhíordheimhniú, tá sé tairbhiúil go mbeidh an t-ábhar agus an fhormáid mar an gcéanna ar fud an Aontais. Sa bhreis air sin, dá gcuirfeadh árachóirí stair na néileamh san áireamh chun críocha préimheanna a chinneadh, ba cheart nach mbeadh aon éagsúlacht ann ar bhonn náisiúntachta ná ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh an sealbhóir polasaí roimhe sin amháin.
3) Rioscaí a bhaineann leis an tiomáint neamhárachaithe
De réir Chomhlachas na nÚdarás Cláraithe Tiománaithe agus Feithiclí Eorpach (EREG), is fadhb mhéadaitheach laistigh den Aontas é an tiomáint neamhárachaithe, is é sin mótarfheithicil a thiomáint gan mótarárachas tríú páirtí éigeantach. Meastar gurb é € 870 milliún an costas a bhain le héilimh in 2011 ar fud an Aontais ar fad.
Bíonn tionchar diúltach ag an tiomáint neamhárachaithe ar réimse leathan páirtithe leasmhara, lena náirítear íospartaigh timpistí, árachóirí, cistí ráthaíochta agus sealbhóirí polasaí mótarárachais.
Is fadhb é an tiomáint neamhárachaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. Le hAirteagal 3 den Treoir, ceanglaítear ar gach Ballstát “gach beart iomchuí a dhéanamh lena áirithiú go bhfuil dliteanas sibhialta i dtaca le húsáid feithiclí atá bunaithe ina chríoch de ghnáth cumhdaithe faoi árachas”. Leis an Treoir, ní fhorordaítear na gníomhaíochtaí ba cheart a dhéanamh ach tá oibleagáid ar na Ballstáit gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun na rioscaí a bhaineann leis an tiomáint neamhárachaithe a laghdú. Ceadaítear dóibh fíorú córasach intíre a dhéanamh ar mhótarárachas tríú páirtí na bpolasaithe cláraithe, seiceálacha cois bóthair a dhéanamh agus pionóis éifeachtacha ar úinéirí feithiclí neamhárachaithe a bhunú.
Tá gné uile-Aontais ag baint leis an tiomáint neamhárachaithe mar ní hamháin go dtiomáintear feithiclí neamhárachaithe sna Ballstáit ina bhfuil siad cláraithe ach i mBallstáit eile freisin. Mar sin féin, le hAirteagal 4 den Treoir, toirmisctear seiceálacha árachais ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth i mBallstát eile mar gur bac iad ar shaorghluaiseacht feithiclí sa mhargadh inmheánach agus, go indíreach, ar shaorghluaiseacht daoine.
Le hAirteagal 4 den Treoir, toirmisctear gach seiceáil chórasach ar árachas feithiclí atá bunaithe de ghnáth i mBallstát eile, lena náirítear seiceálacha nuair nach gá an fheithicil a stopadh. Le forbairtí teicneolaíochta nua áirithe (teicneolaíocht aitheanta uimhirphlátaí), áfach, is féidir seiceálacha a dhéanamh gan bac a chur ar fheithiclí agus ní chuirfí isteach ar shaorghluaiseacht daoine ná feithiclí. Dá bhrí sin, leis an togra, d’fhéadfaí árachas feithiclí a fhíorú, más rud é gur cuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta iad na seiceálacha sin, nach bhfuil siad idirdhealaitheach,nach gá an fheithicil a stopadh agus más rud é go bhfuil siad riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir beartaithe a bhaint amach.
Sa bhreis air sin, le fíorú a dhéanamh ar árachas feithiclí atá ag teacht isteach sa chríoch náisiúnta, is gá sonraí a mhalartú idir na Ballstáit; sa chás sin is gá cearta, saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú. I dtaca le forálacha Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí, tá feidhm acu maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun an tiomáint neamhárachaithe a chomhrac. Le reachtaíocht intíre, ba ghá na coinníollacha agus ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán sin a urramú, go háirithe chun a áirithiú go bpróiseálfar sonraí pearsanta ar bhealach dleathach cóir trédhearcach, go mbaileofar iad chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha, go ndéanfar tagairt do bhunús dlí ábhartha na próiseála, go gcomhlíonfar na ceanglais slándála agus rúndachta ábhartha atá leagtha síos i Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí agus go nurramófar na prionsabail maidir le riachtanas, comhréireacht, teorannú de réir cuspóra agus tréimhse coinneála sonraí chomhréireach. Lena chois sin, ba cheart cosaint sonraí pearsanta trí dhearadh agus cosaint sonraí mar réamhshocrú a bheith leabaithe i ngach córas próiseála sonraí a fhorbrófar agus a úsáidfear laistigh de chreat reachtaíochta na mBallstát. Maidir le gach oibríocht próiseála, lena náirítear oibríochtaí a bhaineann le comhar riaracháin agus cúnamh frithpháirteach idir údaráis inniúla na mBallstát, ba cheart na hoibríochtaí sin a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta atá leagtha síos i Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí, agus i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha.
4) Íosmhéideanna cumhdaigh
Le hAirteagal 9 den Treoir, leagtar síos íosmhéideanna cumhdaigh éigeantacha ar gá cúiteamh a sholáthar ina leith faoi pholasaí mótarárachais tríú páirtí. Leis na híosmhéideanna sin, áirithítear go mbeidh íosleibhéal cosanta leordhóthanach ann le haghaidh íospartaigh timpistí mótarfheithiclí ar fud an Aontais i gcás díobháil phearsanta agus damáiste do mhaoin, beag beann ar chatagóir na feithicle. Mar sin féin, cé gurb é is aidhm don Treoir íosmhéideanna cumhdaigh comhionanna a bhunú i ngach Ballstát, faoi láthair tá 13 Bhallstát ann atá faoi réir íosmhéideanna atá níos ísle ná na méideanna is airde atá leagtha síos sa Treoir. Is é is cúis leis sin idirthréimhsí i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Treoir Uimh. 84/5/CEE, a leasaíodh le Treoir 2005/14/CE, agus lenar ceadaíodh do roinnt Ballstát moill a chur ar na híosmhéideanna iomlána a chur i bhfeidhm. Mar gheall ar dhátaí tagartha éagsúla le haghaidh Ballstáit éagsúla i dtaca leis na híosmhéideanna a athríomh go tréimhsiúil, áfach, tá bearna ann fós idir na 13 Bhallstát a bhain tairbhe as na hidirthréimhsí agus na Ballstáit eile ar fad. Cé go ndeachaigh na hidirthréimhsí in éag idir an dá linn, tá an bhearna ann mar go núsáidtear na dátaí faoi seach le haghaidh dheireadh na nidirthréimhsí sin mar dhátaí tagartha fós chun boilsciú a nuashonrú gach cúig bliana. Dá bhrí sin, ní hionann na híosmhéideanna sin i ngach Ballstát go fóill. Is féidir leis na Ballstáit a cheangal go mbeidh méideanna cumhdaigh sna polasaithe mótarárachais tríú páirtí sa Bhallstát níos airde ná na híosmhéideanna a fhorchuirtear sa Treoir ach, sa mhórchuid de na 13 Bhallstát a bhfuil méideanna éigeantacha níos ísle acu, níl aon cheangal ann maidir le méideanna cumhdaigh níos airde.
5) Raon Feidhme na Treorach
Soiléiríodh raon feidhme na Treorach i bhfianaise roinnt breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, breithiúnais ó na cásanna “Vnuk”, “Andrade” and “Torreiro” go príomha. Le breithiúnas Vnuk i Méan Fómhair 2014, soiléiríodh raon feidhme oibleagáid an mhótarárachais tríú páirtí in Airteagal 3 den Treoir sa mhéid is go gcumhdaítear leis an raon feidhme aon ghníomh comhsheasmhach le “gnáthfheidhmiú” feithicle, beag beann ar an suíomh ina núsáidtear an fheithicil. Le breithiúnas Rodrigues de Andrade an 28 Samhain 2017, soiléiríodh nár cheart ach “gnáthúsáid feithicle mar mhodh iompair” agus “beag beann ar an tír-raon” a bheith cumhdaithe faoi mhótarárachas tríú páirtí, agus nach gcumhdaítear timpistí inar úsáideadh an fheithicil chun críocha talmhaíochta amháin. Soiléiríodh sna rialuithe seo go bhfuil mótarfheithiclí ceaptha lena núsáid mar mhodh taistil de ghnáth, beag beann ar thréithe na bhfeithiclí sin, agus go gcumhdaítear faoi úsáid na bhfeithiclí sin aon úsáid feithicle atá comhsheasmhach lena gnáthfheidhmiú mar mhodh taistil, beag beann ar an tír-raon ar a núsáidtear an mhótarfheithicil agus ar cé acu an bhfuil sí ina stad nó ag gluaiseacht. Leis an rialú sin, tá sé soiléir go bhfuil timpistí a tharla le linn gnáthúsáid feithicle chun críocha iompair, lena náirítear ar réadmhaoin phríobháideach, fós faoi raon feidhme na Treorach.
Dá bhrí sin, chun deimhneacht agus soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú, leis an togra reatha códaítear dlí-eolaíocht na Cúirte i reachtaíocht an Aontais. Áirithítear leis sin go gcuirtear cásdlí na Cúirte chun feidhme go haonfhoirmeach sa dlí náisiúnta.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá na leasuithe atá beartaithe comhsheasmhach le cuspóirí ginearálta na Treorach chun ardleibhéal cosanta a áirithiú d’íospartaigh timpistí tráchta, agus saorghluaiseacht daoine agus feithiclí ar fud an Aontais a éascú. Leis na leasuithe, feabhsófar an iontaoibh as margadh aonair an mhótarárachais trí bhorradh a chur faoin deimhneacht dhlíthiúil a bhaineann le mótarárachas a dhíol trasteorann faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, rud lena laghdófar an riosca a bhaineann le dócmhainneacht fhéideartha árachóra mótarfheithicle. Tá margadh aonair an mhótarárachais ríthábhachtach freisin do ghnóthais árachais mar gur cuid thábhachtach de ghnó árachais neamhshaoil san Aontas é mótarárachas. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina phríomhchuspóir ag gníomhaíocht an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais an margadh inmheánach sa réimse sin a dhaingniú agus a chomhdhlúthú.
Go háirithe, leis an leasú atá beartaithe maidir le dócmhainneacht árachóra, comhlánaítear Airteagal 10 lena gcumhdaítear cosaint d’íospartaigh timpistí ina bhfuil feithiclí neamhárachaithe agus gan aithint. Leis an leasú ar Airteagal 4 den Treoir, treisítear deiseanna na mBallstát a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáid árachais na Treorach agus, san am céanna, cinntítear saorghluaiseacht daoine agus feithiclí. Thairis sin, leis an leasú ar Airteagal 9 maidir le híosmhéideanna cumhdaigh, áirithítear íoschosaint chomhionann i ngach Ballstát. Leis an leasú maidir leis na ráitis faoi stair na néileamh, comhlánaítear na ceanglais atá ann cheana in Airteagal 16 agus áirithítear leis fíordheimhniú níos éasca ar ráitis faoi stair na néileamh agus cóireáil chomhionann na sealbhóirí polasaí. Sa bhreis air sin, le códú dhlí-eolaíocht CBAE, soiléirítear raon feidhme na Treorach.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Leis an togra seo, tacaítear le saorghluaiseacht daoine agus earraí, ar saoirsí bunúsacha de chuid an Aontais Eorpaigh iad. Tá sé comhsheasmhach freisin le prionsabail an mhargaidh inmheánaigh, lena náirithítear saorsholáthar seirbhísí agus saorbhunú ag árachóirí. Mar shampla, leis an gceart treisithe i dtaca le ráiteas faoi stair na néileamh, éascófar saorghluaiseacht daoine agus leis na forálacha maidir le dócmhainneacht árachóirí méadófar iontaoibh an phobail as díolachán trasteorann mótarárachais.
Tá an togra comhsheasmhach freisin le Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí, lena náirithítear bailiú agus cóireáil iomchuí sonraí chun críche fhorfheidhmiú an dlí incheadaithe faoi chreat na Treorach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena gceadaítear bearta um chomhfhogasú forálacha náisiúnta a ghlacadh arb é is cuspóir leo an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú, bunús dlí an togra chun an Treoir a leasú. Leis na leasuithe atá beartaithe, díchuirtear tuilleadh bacainní díreacha agus indíreacha áirithe ar fheidhmiú cuí agus ar chomhlánú margaidh chomhtháite le haghaidh mótarárachais, éascaítear saorghluaiseacht feithiclí idir na Ballstáit agus ráthaítear cóireáil inchomparáide, beag beann ar an áit san Aontas a dtarlaíonn timpiste. Neartófar margadh aonair an mhótarárachais trí iontaoibh as cúiteamh iomlán a spreagadh i sealbhóirí polasaithe agus íospartaigh fhéideartha, fiú i gcás dócmhainneacht mótarárachóra trasteorann.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Faoi Airteagal 4 CFAE, ní mór gníomhaíocht de chuid an Aontais chun an margadh inmheánach a chur i gcrích a mheas i bhfianaise phrionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5(3) de CAE.
Sa chomhthéacs seo, meabhraítear go gcosnaítear leis an Treoir íospartaigh timpistí a tharla i mBallstát de chuid an Aontais nach é a mBallstát cónaí, agus íospartaigh intíre timpistí a tharla de thoradh tiománaí ó Bhallstát eile. Ní féidir na bearta atá beartaithe sa togra a achtú ach ar leibhéal an Aontais, mar go mbaineann siad le hárachóirí trasteorann gníomhacha, sealbhóirí polasaí mótarárachais trasteorann soghluaiste agus seiceálacha árachais trasteorann ar fheithiclí.
Chun go bhfeidhmeoidh an margadh aonair go rianúil, tá sé an-tábhachtach go gcúiteofar íospartaigh timpistí tráchta i gcás dócmhainneacht trasteorann árachóra. Gníomhaíocht neamh-chomhordaithe trí bhíthin meascán creataí agus comhaontuithe deonacha idir oifigí mótarárachais náisiúnta, ní féidir léi sin a ráthú go gcúiteofar íospartaigh go cuí agus go roinnfear rioscaí go cothrom idir na Ballstáit. Ní féidir le hiarrachtaí neamh-chomhordaithe na mBallstát cothrom na Féinne a bhaint amach idir na Ballstáit uile maidir le híosmhéideanna cumhdaigh chun íoschosaint chomhionann d’íospartaigh timpistí tráchta ar fud an Aontais a áirithiú. Ní féidir le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta aghaidh a thabhairt ar an tiomáint neamhárachaithe i gcás trácht trasteorann. Thairis sin, is le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais amháin is féidir cosaint íospartach a áirithiú i gcás timpistí ina bhfuil árachóir trasteorann dócmhainneach. Is le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais amháin is féidir cur i bhfeidhm aonfhoirmeach raon feidhme na Treorach a áirithiú. Ar deireadh, ní féidir le gníomhaíocht neamh-chomhordaithe a áirithiú go gcaithfidh árachóirí go comhionann le ráitis faoi stair na néileamh ó shealbhóirí ionchasacha a aistríonn thar teorainneacha.
•Comhréireacht
Cuirtear prionsabal na comhréireachta san áireamh go hiomlán sa togra, is é sin nár cheart gníomhaíocht an Aontais dul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. Measadh agus ceapadh na roghanna beartais chun an chothromaíocht cheart a aimsiú idir leas an phobail atá i gceist (go háirithe an gá leis an tiomáint neamhárachaithe a laghdú agus íosleibhéal comhionann cosanta d’íospartaigh a áirithiú) agus na costais a d’fhéadfadh a bheith ann d’údaráis phoiblí, árachóirí agus sealbhóirí polasaí, chun cost-éifeachtúlacht na mbeart atá beartaithe a áirithiú.
•An rogha ionstraime
Faoi Airteagal 114 CFAE, is féidir gníomhartha a ghlacadh i bhfoirm Rialacháin nó Treorach. Roghnaíodh treoir ar an ábhar gur treoir é freisin an gníomh dlí lena mbaineann na leasuithe atá beartaithe.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht fheidhmiú na Treorach a mheas, rinneadh meastóireacht ina raibh comhairliúchán poiblí ón 28 Iúil go dtí an 20 Deireadh Fómhair 2017.
Léiríodh i dtorthaí an chomhairliúcháin phoiblí go raibh na páirtithe leasmhara sásta ar an iomlán le feidhmiú mhórchuid na bpríomhghnéithe sa Treoir. Bhí tacaíocht leathan ann ó gach catagóir páirtithe leasmhara do thionscnamh de chuid an Aontais chun a áirithiú go níocfaí cúiteamh go mear le híospartaigh timpistí i gcás dócmhainneacht mhótarárachóra, go háirithe i gcomhthéacs trasteorann. Tacaíonn tromlach na bpáirtithe leasmhara le rogha lena gcuirfí an fhreagracht airgeadais deiridh sna cásanna sin ar Bhallstát baile bunaíochta an mhótarárachóra i gceist, agus an fhreagracht tosaigh ar Bhallstát cónaithe an íospartaigh chun cúiteamh mear a áirithiú.
Ní raibh aon pháirtí leasmhar i gcoinne íosmhéideanna cosanta mótarárachais a chomhchuibhiú leis an leibhéal níos airde ag a bhfuil feidhm cheana féin in 15 Bhallstát. Thacaigh roinnt eagraíochtaí tomhaltóirí le leibhéal difreáilte níos airde i dtaca le cumhdach éigeantach le haghaidh feithiclí níos mó amhail leoraithe agus cóistí, ach chuir an earnáil árachais agus cuideachtaí leoraithe agus cóistí ina choinne sin. Dar leo nach raibh aon údar leis agus go gcruthófaí leis costais árachais níos airde a thitfeadh ar thomhaltóirí deiridh (go háirithe mar go bhféadfaidh sé gurb iad feithiclí níos lú freisin is cúis le timpiste ina bhfuil cóiste ar a bhfuil neart paisinéirí).
Maidir le ráitis faoi stair na néileamh a aithint ag árachóir nua, go háirithe i mBallstát nua, chuir roinnt saoránach aonair a dtaithí dhiúltach ina leith seo in iúl agus d’iarr siad idirghabháil chun a áirithiú go gcaithfeadh árachóirí le saoránaigh shoghluaiste thrasteorann ar an mbealach céanna le saoránaigh reatha an Bhallstáit, i dtaca lena ráitis faoi stair na néileamh a aithint. Bhí an earnáil árachais i gcoinne oibleagáidí ceangailteacha ar árachóirí ina leith seo mar go mbeadh siad díréireach.
Maidir leis an tiomáint neamhárachaithe, níl raibh aon pháirtí leasmhar i gcoinne seiceálacha árachais neamhfheiceálacha a údarú ina núsáidfear teicneolaíocht aitheanta uimhirphlátaí nach gá an fheithicil a stopadh.
Thairis sin, ar an iomlán, bhíothas i bhfabhar raon feidhme na Treorach a shoiléiriú i bhfianaise dhlí-eolaíocht nua na Cúirte. D’iarr páirtithe leasmhara ón earnáil mhótarspóirt go neisiafaí an earnáil sin ón Treoir.
Tá an togra seo bunaithe freisin ar thorthaí a fuarthas ó na nithe seo a leanas:
– comhairliúchán poiblí (ón 30 Meán Fómhair 2015 go dtí an 31 Eanáir 2016) i gcreat an Ghlao ar Fhianaise maidir le creat rialála an Aontais do sheirbhísí airgeadais inar iarradh aiseolas agus fianaise eimpíreach ar bhuntáistí, tionchair neamhbheartaithe, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na reachtaíochta airgeadais, agus éisteacht phoiblí ar an nGlao ar Fhianaise, a eagraíodh an 17 Bealtaine 2016;
– cruinniú comhchéime maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir a eagraíodh an 12 Iúil 2017 ina raibh grúpaí páirtithe leasmhara, go háirithe árachóirí, eagraíochtaí tomhaltóirí, Comhairle na nOifigí agus Údaráis de chuid na mBallstát;
– malartú tuairimí le saineolaithe ó Údaráis de chuid na mBallstát (an Sainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas);
– staitisticí agus tuarascálacha ó Chomhairle na nOifigí Mótarárachais (comhlachtaí dlí príobháideacha ar a gcuirtear cúraimí áirithe faoin Treoir).
•Measúnú tionchair
I gcomhréir lena bheartas “Rialáil Níos Fearr”, rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais. Tá an measúnú tionchair tacaithe ag tuairim dhearfach arna heisiúint ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 9 Márta 2018Sna barúlacha a thug an Bord, mhol sé gur cheart don mheasúnú tionchair soiléiriú a thabhairt ar mhéid an athraithe reachtaigh atá beartaithe do raon feidhme na Treorach agus ar na fáthanna nach ndearnadh measúnú iomlán ar na himpleachtaí. Ar a bharr sin, d’iarr an Bord an measúnú tionchair a chur leis an meastóireacht agus údar níos fearr a thabhairt i dtaca leis na bearta reachtacha atá beartaithe. Chomh maith leis sin, d’iarr an Bord míniú níos fearr a thabhairt ar an bhfáth a meastar go seasfaidh an Treoir an aimsir go háirithe i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta nua amhail feithiclí gan tiománaí agus rothair leictreacha. Tá an togra i gcomhréir le conclúidí an mheasúnaithe tionchair.
Mar fhreagra ar bharúlacha an Bhoird, i dtaca le raon feidhme na Treorach, mínítear sa mheasúnú tionchair leasaithe gur fearr códú, is é sin, príomhfhoráil na rialuithe comhleanúnacha ón gCúirt Bhreithiúnais maidir leis an raon feidhme a chur isteach sa Treoir chun soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú. Leis sin, d’fhéadfadh na Ballstáit na hathruithe atá intuigthe ó na rialuithe a chur chun feidhme ar bhealach ordúil trédhearcach. Thairis sin, leis sin, thabharfaí breis deimhneacht dhlíthiúil do pháirtithe leasmhara maidir le raon feidhme na Treorach, mar go dtrasuífí rialuithe na cúirte go díreach sa reachtaíocht náisiúnta. Leis an gcódú, éascaítear freisin forfheidhmiú dhlí an Aontais sa réimse seo mar go mbeadh gnáthfheidhmiú trasuí ag gabháil leis.
Thairis sin, maidir le forbairtí teicneolaíochta a bheidh ann amach anseo, mínítear sa mheasúnú tionchair go bhfuil feidhm cheana féin ag oibleagáid na Treorach chun mótarárachas tríú páirtí éigeantach a fháil maidir le feithiclí gan tiománaí agus feithiclí leath-uathrialaitheacha. Is é an phríomhréasúnaíocht leis sin an gá leanúnach le híospartaigh timpistí ina bhfuil feithiclí gan tiománaí san Aontas a chosaint agus a chúiteamh. Tharla roinnt timpistí de thoradh feithiclí gan tiománaí (agus feithiclí leath-uathrialaitheacha), rud a léiríonn an gá le saoránaigh de chuid an Aontais a chosaint i gcás timpiste. Ina theannta sin, mínítear sa mheasúnú tionchair go dtagann cineálacha nua mótarfheithiclí, amhail rothair leictreacha, Segwayanna agus scútair leictreacha faoi raon feidhme na Treoracha cheana féin. Féadfaidh sé go dtarlóidh timpistí nuair a úsáidtear na mótarfheithiclí leictreacha seo sa trácht agus ní mór íospartaigh na dtimpistí sin a chosaint agus a chúiteamh go mear. Mar sin féin, sa Treoir atá ann cheana, tugtar an chumhacht do na Ballstáit mótarfheithiclí den chineál sin a dhíolmhú ó mhótarárachas tríú páirtí i gcás ina measfaidh siad gur gá sin. Le linn an chomhairliúcháin phoiblí, d’iarr roinnt eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar earnáil na rothar leictreach go neisiafaí feithiclí den chineál sin ón Treoir féin, mar gur áitigh siad go bhféadfaí an bonn a bhaint de roghnú na rothar leictreach dá mba rud é go mbeadh gá le hárachas tríú páirtí. Ní mheastar go bhfuil gá leis sin i bhfianaise na cumhachta atá ag na Ballstáit rothair leictreacha nó aon mhótarfheithicil leictreach nua eile a dhíolmhú. Sa chás sin, is ar na cistí ráthaíochta nua a thitfeadh na costais a bhainfeadh le cúiteamh a thabhairt d’íospartaigh timpistí de thoradh na gcineálacha nua feithiclí sin. Leis sin soláthraítear an leibhéal is airde cosanta d’íospartaigh gan an gá le haon ghníomhaíocht eile ón Aontas.
Sa mheasúnú tionchair, rinneadh anailís ar roinnt roghanna beartais maidir le gach fadhb a aithníodh:
Mar gurb ann don Treoir cheana, is é an rogha bhonnlíne i ngach cás gan aon athrú a dhéanamh ar an Treoir. Sa bhreis ar an gcás bonnlíne, rinneadh anailís sa mheasúnú tionchair ar réimse roghanna beartais eile.
Maidir le dócmhainneacht árachóirí, ábhar nach bhfuil mar chuid den Treoir faoi láthair, is é a bhí sa dara rogha freagracht as cúiteamh tosaigh d’íospartaigh a fhorchur gan an fhreagracht deiridh a fhorchur. Is é a bhí sa tríú rogha an dá fhreagracht a ainmniú, ina mbeadh an fhreagracht tosaigh ar Bhallstát cónaithe an íospartaigh agus an fhreagracht deiridh ar Bhallstát bunaíochta an árachóra dhócmhainnigh. Socraíodh sa mheasúnú tionchair gurb é an tríú rogha an rogha thosaíochta mar go náiritheofaí léi cúiteamh mear d’íospartaigh agus go dtabharfaí d’árachóirí, comhlachtaí cúitimh náisiúnta agus sealbhóirí polasaí mótarárachais breis deimhneacht dhlíthiúil i dtaca le réiteach tosaigh agus deiridh na néileamh, lena laghdófaí an gá le himeachtaí dlíthiúla.
Maidir le híosmhéideanna cumhdaigh, sa bhreis ar an gcás bonnlíne, is é a bhí sa dara rogha íosmhéideanna cumhdaigh a chomhchuibhiú leis an íosmhéid éigeantach is airde atá i bhfeidhm faoi láthair sna Ballstáit. Is é a bhí sa tríú rogha a measadh, méideanna éigeantacha cumhdaigh níos airde a fhorchur ar fheithiclí níos mó amhail leoraithe agus busanna. Socraíodh sa mheasúnú tionchair gurb é an dara rogha an rogha thosaíochta mar go náirithítear léi íoschosaint chomhionann d’íospartaigh ar fud an Aontais, agus níl fianaise leordhóthanach ann chun tacú leis an tríú rogha.
Maidir le stair na néileamh, sa bhreis ar an gcás bonnlíne, is é a bhí sa dara rogha moladh a chur chuig na Ballstáit i dtaca le cóireáil na ráiteas faoi stair na néileamh. Is é a bhí sa tríú rogha gan comhchuibhiú a dhéanamh ach ar theimpléad na ráiteas faoi stair na néileamh, gan cóireáil éigeantach na ráiteas sin a fhorchur ar árachóirí, chun fíordheimhniú frith-chalaoise a éascú. Is é a bhí sa cheathrú rogha ceanglas neamh-idirdhealaithe a fhorchur ar árachóirí maidir le cóireáil na ráiteas faoi stair na néileamh a d’eisigh árachóirí i mBallstáit eile agus ceanglas trédhearcachta maidir leis an ráiteas a úsáid. Socraíodh sa mheasúnú tionchair gurb é an rogha dheiridh sin an rogha thosaíochta mar go néascófaí léi caighdeánú ar ráitis faoi stair na néileamh agus go náiritheofaí cóireáil chomhionann na ráiteas faoi stair na néileamh idir sealbhóirí polasaí intíre agus sealbhóirí polasaí a aistríonn thar teorainneacha.
Maidir leis an tiomáint neamhárachaithe, sa bhreis ar an gcás bonnlíne, is é a bhí sa dara rogha seiceálacha neamhfheiceálacha (a bhfuil cosc orthu faoi láthair) a údarú do na Ballstáit ar bhonn deonach. Is é a bhí sa tríú rogha seiceálacha árachais neamhfheiceálacha teorann a dhéanamh éigeantach. Measadh gur leis an tríú rogha is fearr a d’fhéadfaí an tiomáint neamhárachaithe a laghdú i gcomparáid leis an dara rogha. Mar sin féin, measadh sa mheasúnú tionchair gur mhó na costais ná na tairbhí i gcás an tríú rogha in go leor Ballstát, mar nach bhfuil leibhéil na tiomána neamhárachaithe comhionann ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, socraíodh sa mheasúnú tionchair gurb é an dara rogha (seiceálacha neamhfheiceálacha deonacha) an rogha thosaíochta.
Maidir le raon feidhme na Treorach, mínítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an measúnú tionchair go gcódófar cásdlí reatha de chuid na Cúirte Breithiúnais trí bhíthin sainmhíniú ar “úsáid feithicle”, ar an ábhar nár thug na páirtithe leasmhara aon fhianaise go nginfear aon chostas iomarcach leis an raon mar atá sé sainmhínithe sa chásdlí. Go deimhin, i mBallstáit áirithe, forchuirtear ceanglas mótarárachais tríú páirtí i gcomhréir leis an gcásdlí cheana, gan préimheanna árachais ró-arda, lena náirítear préimheanna le haghaidh imeachtaí mótarspóirt.
Ní bheidh aon tionchar suntasach ag an togra seo ar an gcomhshaol, mar nach mbeidh tionchar ag na leasuithe atá beartaithe ar mhéid na tráchta.
Ní mheastar go mbeidh tionchar sóisialta suntasach ag an togra thar na tairbhí a tuairiscíodh cheana. Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe an tiomáint neamhárachaithe a laghdú, rud a d’fhéadfadh préimheanna mótarárachais a laghdú, agus leibhéal cosanta d’íospartaigh timpistí a fheabhsú, rud a d’fhéadfadh dul chun sochair do gach saoránach san Aontas. Leis an togra, seachnaítear an riosca go bhféadfadh préimheanna mótarárachais ardú go mór. Leis na bearta atá beartaithe maidir le híoschosaint, go háirithe, níl i gceist ach ailíniú na níosmhéideanna cumhdaigh chun íoschosaint chomhionann a áirithiú i ngach Ballstát.
Ní bheidh aon tionchar sonraíoch ag an togra seo ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, cé is moite dá gcáil mar ghnáthshealbhóirí polasaí mótarárachais. Beidh tionchar ar FBManna agus micrifhiontair ina gcáil mar oibreoirí feithiclí dá bhfuil árachas riachtanach. Sna Ballstáit sin ina nardófar na híosmhéideanna cosanta beagán, féadfaidh sé go dtiocfaidh ardú beag ar phréimheanna árachais na sealbhóirí polasaí, lena náirítear FBManna agus micrifhiontair, sna Ballstáit sin.
•Cearta bunúsacha
Leis an togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt), an ceart chun maoine (Airteagal 17 den Chairt), agus prionsabal an chomhionannais idir fir agus mná (Airteagal 23 den Chairt). Tacaítear freisin le cuspóirí Airteagal 16 den Chairt lena bhforáiltear saoirse fiontraíochta, le cuspóirí Airteagal 38 den Chairt lena bhforáiltear maidir le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, agus le cuspóirí Airteagal 45 den Chairt maidir le saoirse gluaiseachta agus cónaithe na saoránach.
REFIT
Tá an togra seo comhsheasmhach le cuspóirí an tsimplithe agus an laghdaithe costais. Maidir le dócmhainneacht árachóirí, beidh níos lú costais dlíthíochta ann mar go socrófar leis an Treoir róil shoiléire i dtaca leis an íocaíocht tosaigh don íospartach agus leis an bhfreagracht deiridh as an éileamh. Ina theannta sin, le seiceálacha neamhfheiceálacha, laghdófaí an riosca a bhaineann leis an tiomáint neamhárachaithe agus leis sin d’fhéadfaí go laghdófaí éilimh i gcoinne eagraíochtaí cúitimh agus ranníocaíochtaí na nárachóirí. Sa bhreis air sin, le caighdeánú breise ar ráitis faoi stair na néileamh, shimpleofaí fíorú bharántúlacht na ráiteas faoi stair na néileamh arna soláthar ag árachóirí seachtracha. Ar deireadh, níl aon cheanglas tuairiscithe nua d’údaráis phoiblí i gceist leis an togra.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí ag an togra maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.
D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag an togra maidir le buiséid náisiúnta na mBallstát sin a bhéarfadh an rogha i dtaca le seiceálacha árachais neamhfheiceálacha teorann ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth i mBallstát eile, seiceálacha ina mbeadh gá le teicneolaíocht aitheanta uimhirphlátaí a úsáid agus le faisnéis maidir le stádas árachais feithiclí a mhalartú le Ballstáit eile.
Sa bhreis air sin, beidh ar na Ballstáit comhlacht a ainmniú a bheidh freagrach as íospartaigh a chúiteamh i gcás dhócmhainneacht trasteorann na nárachóirí, ach meastar go bhféadfaí an cúram breise sin a chur ar chomhlacht atá ann cheana (ciste ráthaíochta árachais ginearálta nó an ciste ráthaíochta náisiúnta le haghaidh timpistí a tharlaíonn de thoradh feithiclí neamhárachaithe nó gan aithint). Is le ranníocaíochtaí ó ghnóthais árachais a mhaoineofar na costais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an bheartais i gcomhar leis na Ballstáit. Cúig bliana tar éis an dáta trasuite, cuirfidh an Coimisiún ar fáil meastóireacht ar an Treoir seo. Sa mheastóireacht, scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach an togra, lena náirítear aon tionchar suntasach ar ghnóthais.
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
Chun cuspóir an togra seo a chomhlíonadh agus chun easnaimh agus neamhréireanna féideartha a sheachaint i dtaca lena chur chun feidhme i ndlí náisiúnta na mBallstát, beidh gá le doiciméid mhíniúcháin chun cabhrú le trasuí agus chun gur féidir fíorú éifeachtach a dhéanamh. Leis seo, tugtar údar leis an ngá go gcuirfeadh na Ballstáit doiciméid mhíniúcháin i bhfoirm e.g. tábla comhghaoil in éineacht leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Le hAirteagal 1 den togra, leasaítear an Treoir. Sna tagairtí seo thíos tagraítear do na hairteagail leasaithe nó na hairteagail nua den Treoir, mura sonraítear a mhalairt.
In Airteagal 1, tugtar isteach an sainmhíniú “úsáid feithicle” chun na breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás Vnuk C-162/13 an 14 Meán Fómhair 2014, cás Rodrigues de Andrade C-514/16 an 28 Samhain 2017, agus cás Torreiro C-334/16 an 20 Nollaig 2017 a chorprú. Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais ina cuid rialuithe go bhfuil mótarfheithiclí ceaptha lena núsáid mar mhodh taistil de ghnáth, beag beann ar thréithe na bhfeithiclí sin. Thairis sin, shoiléirigh an Chúirt go gcumhdaítear faoi úsáid na bhfeithiclí sin aon úsáid feithicle atá comhsheasmhach lena gnáthfheidhmiú mar mhodh taistil, beag beann ar an tír-raon ar a núsáidtear an mhótarfheithicil agus ar cé acu an bhfuil sí ina stad nó ag gluaiseacht.
Maidir leis an tiomáint neamhárachaithe, leasaítear Airteagal 4 chun a údarú do na Ballstáit seiceálacha a dhéanamh ar árachas feithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch Ballstáit eile agus ar árachas feithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch tríú tír atá ag teacht isteach ina gcríoch ó chríoch Ballstáit eile ar choinníoll go bhfuil na seiceálacha sin neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach, go bhfuil siad mar chuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta agus nach gá an fheithicil a stopadh chun críocha na seiceála sin. Ní mór na seiceálacha sin a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin.
Chun íoschosaint chomhionann d’íospartaigh timpistí mótarfheithiclí a áirithiú ar leibhéal an Aontais:
– leasaítear Airteagal 9(1) chun íosmhéideanna cumhdaigh éigeantacha d’íospartaigh a chomhchuibhiú ar fud an Aontais, gan dochar d’aon ráthaíocht níos airde a fhéadfaidh na Ballstáit a fhorordú;
– leasaítear Airteagal 9(2) chun an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na híosmhéideanna cumhdaigh comhchuibhithe d’íospartaigh a nuashonrú de réir boilscithe gach cúig bliana.
Chun cumhdach íospartach a áirithiú i gcás dócmhainneacht nó foirceannadh nó neamh-chomhoibriú árachóra, foráiltear go háirithe san Airteagal 10a nua:
– go mbunóidh nó go gceapfaidh gach Ballstát comhlacht a mbeidh de chúram air cúiteamh a sholáthar as damáiste do mhaoin nó díobhálacha pearsanta a tharlaíonn de thoradh feithicle arna hárachú ag gnóthas atá faoi réir imeachtaí féimheachta nó foirceanta, nó i gcás nach mbeidh freagra réasúnaithe tugtha ag an árachóir laistigh de thrí mhí den dáta a chuir an duine díobhálaithe isteach éileamh ar chúiteamh nach bhfuil freagra réasúnaithe ina leith soláthraithe ag an árachóir;
– gurb é an comhlacht sin sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar dhaoine díobhálaithe a chúiteoidh iad;
– go mbeidh an ceart ag an gcomhlacht aisíocaíocht an chúitimh sin a éileamh ón gcomhlacht sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas árachais a d’eisigh an polasaí bunaithe (is ar an gcomhlacht deiridh sin a bheidh an fhreagracht deiridh);
– go gcumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ionas go sonrófar cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí a bhunófar nó a údarófar de bhun Airteagal 10a maidir leis an aisíocaíocht.
Maidir le ráitis faoi stair na néileamh, leasaítear Airteagal 16 chun:
– comhchuibhiú a dhéanamh ar na ráitis a bhaineann le héilimh tríú páirtí rathúla i gcoinne an tsealbhóra polasaí le cúig bliana anuas. Beidh na ráitis sin bunaithe ar theimpléad caighdeánaithe, atá le glacadh ag an gCoimisiún Eorpach le gníomh cur chun feidhme;
– a áirithiú go ndéanfaidh gnóthais árachais cóireáil neamh-idirdhealaitheach ar stair na néileamh, beag beann ar náisiúntacht saoránaigh nó ar an mBallstát ina raibh cónaí ar shaoránach roimhe sin.
2018/0168 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leastaítear Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Tá tábhacht ar leith le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i dtaca le húsáid mótarfheithiclí (mótarárachas) do shaoránaigh na hEorpa, is cuma más sealbhóirí polasaí nó íospartaigh fhéideartha timpistí iad. Is mórábhar cúraim do ghnóthais árachais é freisin mar gur deighleog shuntasach de ghnó árachais neamhshaoil san Aontas é. Chomh maith leis sin, bíonn tionchar ag mótarárachas ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus feithiclí. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina phríomhchuspóir ag gníomhaíocht an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais margadh inmheánach an mhótarárachais a dhaingniú agus a chomhdhlúthú.
(2)Rinne an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena náirítear a héifeachtúlacht, éifeachtacht agus comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais. Ba é conclúid na meastóireachta go bhfeidhmíonn Treoir 2009/103/CE go maith ar an iomlán, agus nach gá í a leasú maidir le tromlach na ngnéithe. Mar sin féin, aithníodh ceithre réimse ina mbeadh leasuithe spriocdhírithe iomchuí: cúiteamh d’íospartaigh timpistí i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais, íosmhéideanna cumhdaigh árachais éigeantacha, na seiceálacha árachais a dhéanann na Ballstáit ar fheithiclí, agus an úsáid a bhaineann gnóthas árachais nua as ráitis faoi stair na néileamh de chuid sealbhóirí polasaí.
(3)Thairis sin, i mbreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le déanaí, is iad sin Vnuk, Rodrigues de Andrade agus Torreiro, shoiléirigh an Chúirt ciall na bhfocal “úsáid feithicle”. Shoiléirigh an Chúirt go háirithe go bhfuil mótarfheithiclí ceaptha lena núsáid mar mhodh taistil de ghnáth, beag beann ar thréithe na bhfeithiclí sin, agus soiléiríodh go gcumhdaítear faoi úsáid na bhfeithiclí sin aon úsáid feithicle atá comhsheasmhach lena gnáthfheidhmiú mar mhodh taistil, beag beann ar an tír-raon ar a núsáidtear an mhótarfheithicil agus ar cé acu an bhfuil sí ina stad nó ag gluaiseacht. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí léiriú a thabhairt ar an gcásdlí sin i dTreoir 2009/103/CE trí shainmhíniú ar “úsáid feithicle” a thabhairt isteach.
(4)Níor cheart do na Ballstáit seiceálacha árachais a dhéanamh ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch Ballstáit eile ná ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch tríú tír atá ag teacht isteach ina gcríoch ó chríoch Ballstáit eile. Le forbairtí teicneolaíochta nua, is féidir seiceálacha árachais a dhéanamh ar fheithiclí gan iad a stopadh agus mar sin gan cur isteach ar shaorghluaiseacht daoine. Is iomchuí, dá bhrí sin, na seiceálacha sin maidir le hárachas feithiclí a cheadú, ar choinníoll go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach, gur cuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta iad agus nach gá an fheithicil a stopadh.
(5)Maidir leis na Ballstáit sin a chinneann córas a bhunú lena bpróiseáiltear sonraí pearsanta a d’fhéadfadh a bheith roinnte le Ballstáit eile ina dhiaidh sin, amhail sonraí ó theicneolaíocht aitheanta uimhirphlátaí, ní mór dóibh reachtaíocht a rith lenar féidir sonraí pearsanta a phróiseáil chun an tiomáint neamhárachaithe a chomhrac agus, san am céanna, ní mór dóibh bearta iomchuí a bhunú chun cearta, saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú. Tá feidhm ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun an tiomáint neamhárachaithe a chomhrac. I reachtaíocht na mBallstát, ba cheart go háirithe an chríoch shonrach a shonrú, tagairt don bhunús dlí ábhartha, na ceanglais slándála ábhartha a chomhlíonadh agus na prionsabail maidir le riachtanas, comhréireacht agus teorannú de réir cuspóra a urramú, agus tréimhse coinneála sonraí chomhréireach a leagan síos. Lena chois sin, ba cheart na prionsabail maidir le cosaint sonraí pearsanta trí dhearadh agus cosaint sonraí mar réamhshocrú a chur i bhfeidhm i ngach córas próiseála sonraí a fhorbrófar agus a úsáidfear laistigh de chreat reachtaíochta na mBallstát.
(6)Le Treoir 2009/103/CE, leagtar síos faoi láthair dátaí tagartha éagsúla le haghaidh athríomh tréimhsiúil a dhéanamh ar na híosmhéideanna cumhdaigh i mBallstáit éagsúla, as a neascraíonn íosmhéideanna cumhdaigh éagsúla, ag brath ar an mBallstát. Chun íoschosaint chomhionann do dhaoine díobhálaithe ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart na híosmhéideanna sin a chomhchuibhiú agus clásal athbhreithnithe aonfhoirmeach a thabhairt isteach. Is iad an tInnéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí arna fhoilsiú ag Eurostat, agus na rialacha nós imeachta lena rialaítear an t-athbhreithniú agus lena leagtar amach tráthchlár aonfhoirmeach, a bheidh mar thagarmharc ag an athbhreithniú sin.
(7)Ar mhaithe le cosaint éifeachtach éifeachtúil d’íospartaigh timpistí tráchta, ní mór i gcónaí a ndíobhálacha pearsanta nó damáiste dá maoin a chúiteamh leis na híospartaigh sin, beag beann ar cé acu an bhfuil gnóthas árachais an pháirtí faoi dhliteanas sócmhainneach nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit comhlacht a bhunú nó a ainmniú chun an cúiteamh tosaigh a sholáthar do dhaoine díobhálacha a chónaíonn laistigh dá gcríoch de ghnáth, agus ag a mbeidh an ceart an cúiteamh sin a aiséileamh ón gcomhlacht atá bunaithe nó ainmnithe chun na críche céanna sin i mBallstát bunaíochta an ghnóthais árachais a d’eisigh an polasaí d’fheithicil an pháirtí faoi dhliteanas. Mar sin féin, ionas nach ndéanfaí éilimh chomhthreomhara, níor cheart cead a bheith ag íospartaigh timpistí tráchta éileamh ar chúiteamh a chur faoi bhráid an chomhlachta sin dá mba rud é gur chuir siad a néileamh faoi bhráid an ghnóthais árachais lena mbaineann cheana féin, nó gur thionscain siad caingean dlí in éadan an ghnóthais árachais cheana féin, agus go bhfuil an t-éileamh sin fós á bhreithniú agus go bhfuil an chaingean sin fós ar feitheamh.
(8)Maidir le startha na néileamh a bhí cheana féin ag sealbhóirí polasaí ar mian leo conarthaí árachais nua a chur i gcrích le gnóthais árachais, ba cheart a bheith in ann na startha sin a fhíordheimhniú go héasca chun aithint stair na néileamh sin a éascú nuair atá polasaí árachais nua á chur i gcrích. Chun fíorú agus fíordheimhniú na ráiteas faoi stair na néileamh a éascú, tá sé tábhachtach go mbeidh ábhar agus formáid an ráitis faoi stair na néileamh sin mar an gcéanna i ngach Ballstát. Sa bhreis air sin, maidir le gnóthais árachais a chuireann ráitis faoi stair na néileamh san áireamh chun préimheanna mótarárachais a chinneadh, níor cheart dóibh idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntachta ná ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh an sealbhóir polasaí roimhe sin amháin. Ionas go mbeidh na Ballstáit in ann fíorú a dhéanamh ar conas a chaitheann gnóthais árachais le ráitis faoi stair na néileamh, ba cheart do ghnóthais árachais a bpolasaithe a fhoilsiú maidir le húsáid stair na néileamh agus préimheanna á ríomh acu.
(9)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le hábhar agus formáid an ráitis faoi stair na néileamh. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(10)Chun a áirithiú go mbeidh na híosmhéideanna ag teacht leis na dálaí athraitheacha eacnamaíocha (agus nach gcreimfear iad le himeacht aimsire), ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na híosmhéideanna cumhdaigh mótarárachais tríú páirtí sin a oiriúnú chun léiriú a thabhairt ar na dálaí athraitheacha eacnamaíocha, agus chun cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí a bhunófar chun cúiteamh a sholáthar nó a chuirfear de chúram orthu cúiteamh a sholáthar de bhun Airteagal 10a maidir leis an aisíocaíocht a shonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(11)Mar chuid den mheastóireacht ar fheidhmiú na Treorach, ba cheart don Choimisiún Eorpach faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh san am céanna: líon na níospartach, méid na néileamh nár íocadh fós de bharr moilleanna ar íocaíochtaí de thoradh cásanna dócmhainneachta trasteorann, leibhéal na níosmhéideanna cumhdaigh sna Ballstáit, méid na néileamh de bharr na tiomána neamhárachaithe a bhaineann le trácht trasteorann agus líon na ngearán maidir le ráitis faoi stair na néileamh.
(12)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, go háirithe íoschosaint chomhionann d’íospartaigh timpistí tráchta ar fud an Aontais a áirithiú agus cosaint íospartaigh i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais a áirithiú, a bhaint amach go leordhóthanach agus, de bharr a néifeachtaí, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
(13)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.
(14)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/103/CE a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir 2009/103/CE mar seo a leanas:
(1)
In Airteagal 1, cuirtear isteach an pointe 1a seo a leanas:
“1a.
ciallaíonn “úsáid feithicle” aon úsáid a bhaintear as feithicil atá ceaptha lena húsáid mar mhodh taistil de ghnáth, atá comhsheasmhach le gnáthfheidhmiú na feithicle sin, beag beann ar thréithe na feithicle agus beag beann ar an tír-raon ar a núsáidtear an mhótarfheithicil agus ar cé acu an bhfuil sí ina stad nó ag gluaiseacht.”;
(2)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:
“Airteagal 4
Seiceálacha árachais
1. Ní dhéanfaidh na Ballstáit seiceálacha ar árachas i gcoinne dliteanas sibhialta i dtaca le feithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch Ballstáit eile ná i dtaca le feithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch tríú tír atá ag teacht isteach ina gcríoch ó chríoch Ballstáit eile.
Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit seiceálacha árachais a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil na seiceálacha sin neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir beartaithe a bhaint amach, agus
a) go ndéantar iad mar chuid de rialú nach bhfuil dírithe ar fhíorú árachais amháin nó
b) go bhfuil siad mar chuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta agus nach gá an fheithicil a stopadh.
2. Ar bhonn dhlí an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, is féidir sonraí pearsanta a phróiseáil nuair is gá chun tiomáint neamhárachaithe a chomhrac i gcás feithiclí atá ag taisteal i mBallstát nach é an Ballstát ina bhfuil siad bunaithe de ghnáth, mar atá leagtha amach in Airteagal 1. Beidh an dlí seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus, leis an dlí seo freisin, leagfar síos bearta iomchuí chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú.
______________________________________________________________
*
”;
(3)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:
“1.
Gan dochar d'aon ráthaíocht níos airde a fhéadfaidh na Ballstáit a fhorordú, ceanglóidh gach Ballstáit go mbeidh an t-árachas dá dtagraítear in Airteagal 3 éigeantach i dtaca leis na híosmhéideanna seo a leanas:
(a)
le haghaidh díobhálacha pearsanta: EUR 6 070 000 in aghaidh na timpiste, beag beann ar líon na níospartach, nó EUR 1 220 000 in aghaidh an íospartaigh;
(b)
le haghaidh damáistí do mhaoin, EUR 1 220 000 in aghaidh an éilimh, beag beann ar líon na níospartach.
Maidir leis na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu, comhshófar na híosmhéideanna isteach ina nairgeadra náisiúnta trí chur i bhfeidhm an ráta malairte mar atá ar an [Publications Office – set the date of entry in force of this Directive] agus mar a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.
Gach cúig bliana ón [an dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na méideanna dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT) a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**.
Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28b maidir le hoiriúnú na méideanna sin de réir ICPT laistigh de shé mhí tar éis dheireadh gach tréimhse cúig bliana sin.
Maidir leis na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu, comhshófar na méideanna isteach ina nairgeadra náisiúnta trí chur i bhfeidhm an ráta malairte ar an dáta a ríomhtar na híosmhéideanna nua agus mar a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.”
**
Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle (IO L 135, 24.5.2016, lch. 11).
(4)
cuirtear isteach an tAirteagal 10a seo a leanas:
“Airteagal 10a
Cosaint daoine díobhálacha i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais nó easpa comhair gnóthais árachais
1.
Bunóidh nó údaróidh na Ballstáit comhlacht chun cúiteamh a thabhairt do dhaoine díobhálacha a chónaíonn ar a gcríoch de ghnáth, ar a laghad suas go teorainneacha na hoibleagáide árachais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) maidir le díobhálacha pearsanta nó damáiste do mhaoin de thoradh feithicil arna hárachú ag gnóthas árachais in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)
tá an gnóthas árachais faoi réir imeachtaí féimheachta;
(b)
tá an gnóthas árachais faoi réir imeacht foirceanta mar a shainmhínítear in Airteagal 268(d) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***;
(c)
níl freagra réasúnaithe tugtha ag an ngnóthas árachais ná ag a nionadaí éileamh ar na pointí a rinneadh san éileamh ar chúiteamh laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a chuir an duine díobhálaithe a éileamh nó a héileamh faoi bhráid an ghnóthais árachais sin.
2.
Ní fhéadfaidh daoine díobhálacha éileamh a chur faoi bhráid an chomhlachta dá dtagraítear i mír 1 más rud é go bhfuil éileamh curtha acu go díreach faoi bhráid an ghnóthais árachais nó go bhfuil caingean dlí tionscanta acu go díreach in éadan an ghnóthais árachais agus go bhfuil an t-éileamh nó an chaingean dlí sin fós ar feitheamh.
3.
Tabharfaidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 freagra ar an éileamh laistigh de dhá mhí tar éis an dáta a chuir an duine díobhálach a éileamh nó a héileamh ar chúiteamh isteach.
4.
Más rud é go bhfuil an duine díobhálach ina chónaí i mBallstát eile nach é an Ballstát ina bhfuil an gnóthas árachais dá dtagraítear i mír 1 bunaithe, beidh an comhlacht, dá dtagraítear i mír 1 agus a thug cúiteamh don duine díobhálach sin ina Bhallstát cónaí, i dteideal aisíocaíocht a éileamh i leith na suime a íocadh i bhfoirm cúiteamh ón gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas árachais a d’eisigh polasaí an pháirtí faoi dhliteanas bunaithe.
5.
Tá mír 1 go mír 4 gan dochar:
(a)
do cheart na mBallstát féachaint ar an gcúiteamh a íocann an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 mar chúiteamh fochuideachta nó neamh-fhochuideachta;
(b)
do cheart na mBallstát foráil maidir le réiteach na néileamh i dtaca leis an timpiste chéanna idir:
(i)
an comhlacht dá dtagraítear i mír 1;
(ii)
an duine nó daoine faoi dhliteanas as an timpiste;
(iii)
gnóthais árachais eile nó comhlachtaí slándála sóisialta ar gá dóibh an duine díobhálach a chúiteamh.
6.
Ní cheadóidh na Ballstáit don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht chúitimh a dhéanamh faoi réir aon cheanglas ach amháin na ceanglais atá leagtha síos sa Treoir seo. Ní dhéanfar an íocaíocht go háirithe faoi réir an cheanglais gur cheart don duine díobhálach a dheimhniú nach bhfuil an páirtí faoi dhliteanas in ann íoc nó toilteanach íoc.
7.
Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28b, ionas go sonrófar cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí a bhunófar nó a údarófar de bhun Airteagal 10a maidir leis an aisíocaíocht.”
***
Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).”;
(5)
leasaítear Airteagal 16 mar seo a leanas:
(a)
cuirtear an abairt seo a leanas isteach ag deireadh an dara mír:
“Déanfaidh siad amhlaidh trí úsáid a bhaint as foirm an ráitis faoi stair na néileamh”;
(b)
cuirtear an fomhíreanna seo a leanas leis:
“Nuair atá ráitis faoi stair na néileamh, arna neisiúint ag gnóthais árachais eile nó comhlachtaí eile dá dtagraítear sa dara fomhír, á gcur san áireamh ag na gnóthais árachais nó na comhlachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit nach gcaithfidh siad le sealbhóirí polasaí ar bhealach idirdhealaitheach nó nach ngearrfaidh siad formhuirear ar a bpréimheanna de bharr a náisiúntachta nó ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh siad roimhe sin amháin.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh gnóthais árachais a bpolasaithe maidir le húsáid na ráiteas faoi stair na néileamh agus préimheanna á ríomh acu.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28a(2) lena sonraítear ábhair agus formáid an ráitis faoi stair na néileamh dá dtagraítear sa dara fomhír. Áireofar sa ráiteas sin faisnéis faoi gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a)
céannacht an ghnóthais árachais a eisíonn an ráiteas faoi stair na néileamh;
(b)
céannacht an tsealbhóra polasaí;
(c)
an fheithicil árachaithe;
(d)
tréimhse chumhdaigh na feithicle árachaithe;
(e)
líon agus luach na néileamh tríú páirtí dearbhaithe le linn na tréimhse cumhdaithe ag an ráiteas faoi stair na néileamh.”
(6)
cuirtear isteach na hAirteagail 28a, 28b agus 28c seo a leanas:
“Airteagal 28a
Nós imeachta coiste
1. Cabhróidh an Coiste Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme, a bunaíodh le Cinneadh 2004/9/CE, leis an gCoimisiún****. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*****.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 28b
Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Maidir leis an gcumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus in Airteagal 10a(7), tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse neamhchinntithe ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 30.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus in Airteagal 10a(7) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Nuair a bheidh gníomh tarmligthe glactha ag an gCoimisiún, tabharfaidh sé fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(2) agus Airteagal 10a(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 28c
Meastóireacht
Déanfar meastóireacht ar an Treoir seo, tráth nach déanaí ná seacht mbliana tar éis dháta trasuí na Treorach seo. Cuirfidh an Coimisiúin conclúidí na meastóireachta, in éineacht lena bharúlacha, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
______________________________________________________________________________
****
Cinneadh 2004/9/CE ón gComhairle an 5 Samhain 2003 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme (IO L3, 7.1.2004, lch. 34).
*****
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”.
Airteagal 2
Trasuí
Foilseoidh agus glacfaidh na Ballstáit, faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm] ar a dhéanaí, na rialacha, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá riachtanach chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm].
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den chineál sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den chineál sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán