An Bhruiséil,18.4.2018

COM(2018) 199 final

2018/0097(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 maidir le cainníochtaí ainmniúla de FMT:Italicshochu/FMT aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 29 Samhain 2012, d'údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le hidirbheartaíocht maidir le Comhaontú Saorthrádála leis an tSeapáin.

Ar bhonn na dtreoracha idirbheartaíochta a ghlac an Chomhairle in 2012 1 , tá an Coimisiún tar éis Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (EPA) cuimsitheach uaillmhianach a thabhairt i gcrích trí idirbheartaíocht leis an tSeapáin d'fhonn deiseanna nua agus deimhneacht dhlíthiúil a chruthú le go bhfásfaidh trádáil agus infheistíocht idir na comhpháirtithe sin. Na téacsanna a comhaontaíodh de thoradh na hidirbheartaíochta, cuireadh ar fáil don phobal iad agus is féidir teacht orthu ag an nasc seo:

http://trade.ec.europa.eu/doclib/press/index.cfm?id=1684

Tá an togra seo á thíolacadh anuas ar na tograí seo a leanas:

-Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin;

-Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin;

-Togra le haghaidh rialachán maidir le coimircí a chumhdóidh coimircí dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin.

Is é is aidhm do thogra an Choimisiúin forálacha an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin a chur chun feidhme maidir le honnmhairiú ón tSeapáin chuig an Aontas shochu aondriogtha, deoch bhiotáilleach arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin agus a dhéanfar a onnmhairiú chuig an Aontas i mbuidéil thraidisiúnta ceithre go (合)nó aon sho(升) 2 amháin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin go hiomlán i gcomhréir le beartais an Aontais agus ní chuirfidh sé d'fhiacha ar an Aontas Eorpach leasú a dhéanamh ar a rialacha, ar a rialacháin ná ar a chaighdeáin in aon earnáil rialáilte (e.g. rialacha teicniúla agus caighdeáin táirgí, rialacha sláintíochta agus fíteashláintíochta, rialacháin maidir le bia agus sábháilteacht, caighdeáin slándála agus sábháilteachta, rialacha maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe, cosaint an chomhshaoil, cosaint tomhaltóirí, etc.) cé is moite den ghá atá ann maolú a thabhairt isteach chun onnmhairiú as an tSeapáin shochu aondriogtha, deoch bhiotáilleach arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin a éascú, a onnmhairítear i mbuidéil traidisiúnta ceithre go(合) nó aon sho (升) amháin.

Is é is aidhm don togra seo ón gCoimisiún maolú ar rialacha an Aontais maidir le méid buidéal a thabhairt isteach le haghaidh shochu aondriogtha, deoch bhiotáilleach arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin agus a gcuirtear ar díol i mbuidéil thraidisiúnta de mhéid ceithre go (合)nó aon sho (升) amháin atá cothrom leis na cainníochtaí ainmniúla 720 ml (tá aon go amháin cothrom le 180 ml) agus 1800 ml, faoi seach, agus nach náirítear faoi láthair i measc na gcainníochtaí ainmniúla a cheadaítear san Aontas faoi Threoir 2007/45/CE lena leagtar síos na rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla táirgí réamhphacáilte.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Comhaontú um Chomhpháirtíochta Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin go hiomlán i gcomhréir le beartais an Aontais agus ní chuirfidh sé d'fhiacha ar an Aontas Eorpach leasú a dhéanamh ar a rialacha, ar a rialacháin ná ar a chaighdeáin in aon earnáil rialáilte (e.g. rialacha teicniúla agus caighdeáin táirgí, rialacha sláintíochta agus fíteasláintíochta, rialacháin maidir le bia agus sábháilteacht, caighdeáin slándála agus sábháilteachta, rialacha maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe, cosaint an chomhshaoil, cosaint tomhaltóirí, etc.)

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ós rud é gur leasú é an togra seo ar Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L39, 13.2.2008, lch.16).

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

I gcomhréir le hAirteagal 3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), inniúlacht eisiach de chuid an Aontais is ea an comhbheartas tráchtála, agus tá an Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin le síniú dá réir.

Leis an an togra seo cuirtear foráil de chuid an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin chun feidhme, lena ndéantar maolú i gcás shochu aondriogtha, ar rialacha an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis na cainníochtaí ainmniúla de dheochanna biotáilleacha is féidir a chur ar an margadh (Treoir 2007/45/CE). Ní féidir an maolú sin a thabhairt isteach ach amháin le gníomh reachtaíochta de chuid an Aontais.

Comhréireacht

Tá an Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin i gcomhréir le fís na straitéise Eoraip 2020 agus tá sé ina chuidiú chun aidhmeanna trádála agus forbartha an Aontais a bhaint amach. Is é is aidhm don togra seo foráil de chuid an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin a chur chun feidhme i ndlíchóras an Aontais Eorpaigh.

An rogha ionstraime

An maolú atá beartaithe chun an Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin a chur chun feidhme, ní féidir é a thabhairt isteach ach amháin trí bhíthin Rialacháin ós rud é gur gá dó a bheith i bhfeidhm i gcomhthráth sna Ballstáit uile ar theacht i bhfeidhm don Chomhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bailiú agus úsáid saineolais

Measúnú tionchair

Rinneadh meastóireachtaí agus comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara mar chuid den phróiseas a raibh tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin mar thoradh air. Na sonraí maidir leis na comhairliúcháin agus na meastóireachtaí sin, tá siad ar fáil sa togra ón gCoimisiún maidir le Cinneadh ón gComhairle faoi shíniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin.

Rinne an conraitheoir seachtrach London School of Economics Enterprises Measúnú Tionchair maidir le hInbhuanaitheacht Trádála ar an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin. Cuirtear na sonraí sin ar fáil sa togra ón gCoimisiún maidir le Cinneadh ón gComhairle faoin síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin.

Níl an Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin faoi réir nósanna imeachta REFIT. Ní faoi réir nósanna imeachta REFIT atá an togra seo ach oiread.

Cearta bunúsacha

Ní dhéanann an togra aon difear do chosaint chearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra seo don Aontas.

Beidh tionchar airgeadais ag an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin ar bhuiséad an Aontais ó thaobh ioncaim de. Meastar go bhféadfadh luach na ndleachtanna nach níocfar a bheith chomh hard le EUR 1.6 billiún ar chur chun feidhme an chomhaontaithe ina iomláine.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Níl pleananna cur chun feidhme ná socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe beartaithe don togra seo.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Níl infheidhme.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an togra, tugtar isteach maolú sonrach ar na cainníochtaí ainmniúla le haghaidh deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Airteagal 3 agus i Roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2007/45/CE i dtaobh shochu aondriogtha, deoch bhiotáilleach arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, le gur féidir é a chur ar mhargadh an Aontais i mbuidéil thraidisiúnta den mhéid ceithre go(合) agus aon sho amháin(升), atá cothrom leis na cainníochtaí ainmniúla 720 ml agus 1 800 ml, faoi seach, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais eile an Aontais maidir le deochanna biotáilleacha den chineál sin.

2018/0097 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 maidir le cainníochtaí ainmniúla de shochu aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 3 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)De réir Cinneadh a glacadh an 29 Samhain 2012, d'údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le hidirbheartaíocht leis an tSeapáin maidir le comhaontú saorthrádála.

(2)Tá an idirbheartaíocht maidir leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin (dá ngairfear “an Comhaontú” anseo feasta) tugtha i gcrích.

(3)Foráiltear le hIarscríbhinn 2-D a ghabhann leis an gcomhaontú maidir le shochu aondhiogtha, mar a shainmhínítear é i bhfo-alt 10 d'Airteagal 3 den Dlí um Cháin ar Dheochanna Meisciúla na Seapáine (Dlí Uimh. 6 de 1953) arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, go gceadófar é a chur ar mhargadh an Aontais Eorpaigh i mbuidéil thraidisiúnta de mhéid ceithre go(合) agus aon sho ) atá cothrom leis na cainníochtaí ainmniúla 720 ml agus 1 800 ml, faoi seach, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais dhlíthiúla eile de chuid an Aontais is infheidhme.

(4)Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 nach féidir deochanna biotáilleacha réamhphacáilte a chur ar mhargadh an Aontais ach amháin má réamhphacáiltear iad de réir na gcainníochtaí ainmniúla a liostaítear i roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin. Maidir le deochanna biotáilleacha, déantar tagairt i roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2007/45/CE do naoi gcainníocht ainmniúla feadh an eatraimh idir 100 ml go 2000 ml. Ní chuirtear san áireamh sna cainníochtaí ainmniúla sin 720 ml agus 1800 ml, arb iad sin na cainníochtaí ainmniúla ina ndéantar shochu aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota, a bhuidéalú agus a chur ar an margadh sa tSeapáin.

(5)Is gá, dá bhrí sin, maolú ar na cainníochtaí ainmniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2007/45/EC maidir le biotáillí chun a áirithiú gur féidir shochu aondriogtha, deoch bhiotáilleach arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais, faoi mar a leagtar amach sa Chomhaontú, i mbuidéil thraidisiúnta de chainníochtaí ainmniúla 720 ml agus de 1800 ml atá cothrom le méideanna buidéal Seapánach ceithre go(合) agus aon sho  (升)amháin, faoi seach.

(6)Is gá an maolú sin a thabhairt isteach le leasú ar an Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 chun a áirithiú gur féidir shochu aondriogtha, deoch bhiotáilleach arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar an margadh i gcomhthráth sna Ballstáit uile ar theacht i bhfeidhm don Chomhaontú.

(7)Dá réir sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 110/2008 a leasú.

(8)Chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe a áirithiú maidir le shochu aondriogtha, deoch bhiotáilleach arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón lá a thiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 mar a leanas:

Cuirtear an tAirteagal 24a seo a leanas i gCaibidil IV:

"Airteagal 24a

Maolú ar Threoir 2007/45/CE

De mhaolú ar Airteagal 3 de Threoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus ón séú sraith i roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin, is féidir shochu** aondriogtha, deoch bhiotáilleach arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais i gcainníochtaí ainmniúla 720 ml agus 1800 ml.

----------------------------

*    Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos na rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla táirgí réamhphacáilte, lena naisghairtear Treoir 75/106/CEE ón gComhairle agus Treoir 80/232/CEE ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir 76/211/CEE ón gComhairle (IO L 247, 21.9.2007, lch. 17).

**    Dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2-D a ghabhann leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an [...] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm leis ón lá a thiocfaidh an Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Tá treoracha maidir le hidirbheartaíocht Chomhaontú Saorthrádála leis an tSeapáin ar fáil ag http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/september/tradoc_156051.en12.pdf  
(2)    Tá 1 sho (升) cothrom le 1800ml agus tá 1 go(合)cothrom le 180ml.
(3)    IO C , , lch. .
(4)    Treoir 2007/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos na rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla táirgí réamhphacáilte, lena naisghairtear Treoir 75/106/CEE ón gComhairle agus Treoir 80/232/CEE ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir 76/211/CEE ón gComhairle (IO L 247, 21.9.2007, lch. 17).
(5)    Rialachán (AE) 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografachadeochanna biotáilleacha agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16) ón gComhairle.