An Bhruiséil,9.4.2018

COM(2018) 165 final

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2018/000 TA 2018 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) i Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena naisghairtear Rialachán (CE)1927/2006 1 (an ‘Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú’).

ACHOIMRE AR AN IARRATAS AGUS ANAILÍS

Sonraí ríthábhachtacha:

Uimhir thagartha CED    EGF/2018/000

An Coimisiún Eorpach    Cúnamh teicniúil

Caiteachas riaracháin: buiséad leagtha amach in EUR    345 000

% caiteachas riaracháin (uasteorainn: 0,5 %)    0,2 %

I gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Rialachán maidir le CED, féadfar go gcuirfear uasmhéid 0.5 % den mhéid uasta bliantúil a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

Cúnamh teicniúil atá le cistiú agus miondealú na gcostas a mheastar a bheidh air

1.Úsáidfear an ranníocaíocht le haghaidh costas a luaitear in Airteagal 11(1) agus in Airteagal 11(4) chomh maith le hAirteagal 12(2), in Airteagal 12(3) agus in Airteagal 12(4) den Rialachán maidir le CED, mar a shonraítear thíos faoi seo.

2.Faireachán agus bailiú sonraí: Déanfaidh an Coimisiún sonraí a bhailiú maidir le hiarratais a fhaightear, a íoctar agus a ndéantar iad a fhoirceannadh, agus maidir le bearta a bheartaítear agus a chuirtear chun feidhme. Cuirfear na sonraí sin ar fáil ar an láithreán gréasáin agus tiomsófar iad i bhfoirm iomchuí le haghaidh Thuarascálacha Débhliantúla 2019 agus 2021. Bunaithe ar obair a rinneadh le blianta beaga anuas, is é EUR 20 000 costais na gníomhaíochta seo.

3.Faisnéis: An laithreán gréasáin maidir le CED 2 , arna bhunú ag an gCoimisiún laistigh dá limistéar Fostaíochta, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsithe, agus atá á chothabháil aige i gcomhréir le hAirteagal 12(2) den Rialachán maidir le CED, déanfar é a nuashonrú agus a leathnú go rialta, agus aistreofar gach eilimint nua isteach i dteangacha uile an Aontais. Déanfar feasacht ghinearálta faoi CED a mhéadú agus cuirfear a infheictheacht chun cinn. Cuirfear rith cló beag de mheasúnú leath-théarma CED ar fáil agus foilseofar ar líne é ag an am céanna freisin. Cumhdófar CED i bhfoilseacháin éagsúla an Choimisiúin agus i ngníomhaíochtaí closamhairc dá bhforáiltear in Airteagal 11(4) den Rialachán maidir le CED. Meastar gur EUR 20 000 an costas a bheidh ar na míreanna sin in 2018.

4.Bunachar eolais / comhéadán iarratas a chruthú: Tá an Coimisiún ag leanúint dá chuid oibre maidir le nósanna imeachta a chaighdeánú le haghaidh iarratais CED a fháil agus a bhainistiú, agus é ag úsáid feidhmiúlachtaí an chórais um malartú sonraí leictreonacha 2014, feidhmiúlachtaí ina gcomhtháthófar é. Ar an gcaoi sin, táthar in ann iarratais faoin Rialachán maidir le CED a shimpliú, an phróiseáil a bhaineann leo a dhéanamh níos tapa agus táthar in ann tuarascálacha a bhaint astu ar bhonn níos fusa le haghaidh riachtanais éagsúla. Déantar nósanna imeachta tuairiscithe a chomhtháthú chomh maith. Feidhmíonn modúl Cúloifige mar bheadh comhéadan ann idir an córas um malartú sonraí leictreonacha agus córas faisnéise airgeadais agus cuntasaíochta an Choimisiúin ABAC, lena néascaítear oibríochtaí airgeadais CED. Ós rud é go ndearnadh tromlach an ríomhchláraithe le blianta beaga anuas, ní gá ach dlaoi mhullaigh a chur ar athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann nó iad a choigeartú. A bhuí le costais ríomhchláraithe a bheith níos ísle agus costais cothabhála gan a bheith athraithe, is lú na cistí atá ag teastáil ná mar a bhí i mblianta beaga anuas. Meastar gurb é EUR 80 000 costas na míreanna sin, suim a bheidh mar ranníocaíocht ó CED ann ar mhaithe le forbairt bhreise agus nuashonrú an chórais um malartú sonraí leictreonacha agus leis an gcothabháil rialta a bhaineann leis.

5.Tacaíocht riaracháin agus theicniúil: Beidh trí chruinniú á dtionól ag Sainghrúpa Daoine Teagmhála CED (idir tús mhí Meitheamh 2018 agus deireadh mhí Bealtaine 2019), agus beidh comhalta ann ó gach Ballstát. Is é EUR 105 000 an costas a mheastar a bheidh ar na cruinnithe sin.

6.Ina theannta sin, chun líonrú a chur chun cinn i measc na mBallstát, eagróidh an Coimisiún dhá sheimineár le rannpháirtíocht comhlachtaí cur chun feidhme CED agus a chuid comhpháirtithe sóisialta. A mhéid is féidir sin, déanfar iad seo a sceidealú gar do na dátaí céanna ar a mbeidh dhá cheann de thrí chruinniú an tSainghrúpa agus díreofar isteach ar shaincheisteanna a éiríonn aníos as cur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin maidir le CED ar leibhéal an phobail. Is é EUR 120 000 an costas a mheastar a bheidh ar na míreanna sin.

Míreanna

Uimhir mheasta

Costas measta in aghaidh gach míre
(arna leagan amach in EUR)

Costais iomlána
(arna leagan amach in EUR)

Faireachán agus bailiú sonraí

Ilghnéitheach

Ilghnéitheach

20 000

Gníomhaíochtaí faisnéise

Ilghnéitheach

Ilghnéitheach

20 000

Cruthú, nuashonrú agus cothabháil bunachar eolais / comhéadan iarratas sa chóras um malartú sonraí leictreonacha

Ilghnéitheach

Ilghnéitheach

80 000

Tacaíocht riaracháin agus theicniúil: Cruinnithe Shainghrúpa Daoine Teagmhála CED

3

35 000

105 000

Tacaíocht riaracháin agus theicniúil: Seimineáir maidir le cur chun feidhme CED

2

60 000

120 000

Costais mheasta iomlána

345 000

Maoiniú

7.Is é EUR 150 milliún an tuasbhuiséad bliantúil le haghaidh CED in 2018 de réir praghsanna 2011 (EUR 172 303 000 de réir praghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 3 .

8.Luaitear go sonrach in Airteagal 11(1) den Rialachán maidir le CED gur féidir 0.5 % den mhéid sin a chur ar fáil (i.e. EUR 861 515 in 2018) le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún. Faoi láthair, tá an méid iomlán le haghaidh 2018 ar fáil go fóill; ní dhearnadh aon chuid de a shannadh do chúnamh teicniúil. Tá an méid atá beartaithe cothrom le 0.2 % den uasbhuiséad bliantúil atá ar fáil le haghaidh CED in 2018.

9.Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe CED a shlógadh i gcomhpháirt le chéile, mar a leagtar síos i bpointe 13 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais 4 .

Gníomhartha gaolmhara

10.An tráth céanna a thíolacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le haghaidh EUR 345 000 a aistriú chuig an líne bhuiséadach iomchuí.

Foinse leithreasaí íocaíochtaí

11.Úsáidfear leithreasaí ó líne bhuiséadach CED chun an méid is gá a chumhdach le haghaidh cúnamh teicniúil, EUR 345 000.

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2018/000 TA 2018 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) 1927/2006 5 , agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais 6 , agus go háirithe pointe 13 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is é an aidhm atá leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíochtaí i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na noibrithe sin sa mhargadh saothair.

(2)Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 7 ón gComhairle.

(3)Foráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 go bhféadfar uasmhéid 0.5 % de mhéid uasta bliantúil CED a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun an tsuim EUR 345 000 a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún..

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2018, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun an tsuim EUR 345 000 a sholáthar i leithreasaí faoi chomhair gealltanas agus i leithreasaí íocaíochta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2)     http://ec.europa.eu/egf  
(3)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
(4)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(5)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(6)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.