An Bhruiséil,14.3.2018

COM(2018) 139 final

2018/0066(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (códú)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an-bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos soaimsithe do na saoránaigh agus, dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans chun úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar orthu.

Ní féidir an aidhm seo a bhaint amach fad is atá líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shainaithint.

Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir agus trédhearcach.

2.Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, ar an 1 Aibreán 1987 1 treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe.

3.Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992) 2 agus cuireadh i bhfios an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith.

Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán le linn an códú á dhéanamh.

Ós rud é nach ceadmhach aon athruithe a dhéanamh ar shubstaint na n-ionstraimí ar a mbeidh tionchar ag an gcódú, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, i gcomhaontú idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994, go bhféadfaí nós imeachta brostaithe a úsáid chun ionstraimí códúcháin a ghlacadh go mear.

4.Is é is cuspóir don togra seo códú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin 3 . Glacfaidh an Rialachán nua ionad an dá ghníomh a chuimsítear ann 4 ; ar an ábhar sin, ní dhéanann sé ach iad a thabhairt le chéile agus gan ach na leasuithe foirmiúla sin amháin a dhéanamh a bhfuil gá leo don phróiseas códúcháin féin.

5.Rinneadh an togra códúcháin a tharraingt suas ar bhonn réamh-chomhdhlúthú, in 24 theanga oifigiúla, ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 agus ar na hionstraimí lena leasaítear é. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán códaithe.

ê 539/2001 (oiriúnaithe)

2018/0066 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (códú)

TÁ PARLIAMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh Ö ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Õ, agus go háirithe Airteagal Ö 77(2)(a) Õ de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 5 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

ê 

(1)Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 6 a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta 7 . Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

ê 2414/2001 Airteagal 1.1

(2)Foráiltear leis an Rialachán seo do chomhchuibhiú iomlán maidir leis na tríú tíortha sin a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa chun teorainneacha seachtracha na mBallstát a thrasnú agus maidir leis na tíortha sin a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.

ê 509/2014 aithris 2 (oiriúnaithe)

(3)Ba cheart go ndéanfaí cinneadh na dtríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa, nó díolmhaithe uaidh, ar bhonn measúnaithe breithnithe, de réir gach cáis ar leith Ö ar roinnt critéar Õ. Ba cheart an measúnú seo a dhéanamh go tréimhsiúil agus go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh air moltaí reachtacha a bheith ann chunIarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, d’ainneoin go bhféadfadh go mbeadh leasuithe tírshonrach ar na hIarscríbhinní sin i gcásanna áirithe, mar shampla mar thoradh ar phróiseas léirscaoilte víosaí nó mar thoradh deiridh ar fhionraí shealadach na díolúine víosa.

ê 509/2014 aithris 3 (oiriúnaithe)

(4)Ba cheart go mbeadh comhdhéanamh liostaí na dtríú tíortha in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II ar comhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo, agus ba cheart go bhfanfadh sé ar comhréir leis na critéir sin. Tagairtí do thríú tíortha a bhfuil athrú tagtha ar an staid ina bhfuil siad i ndáil leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó Iarscríbhinn amháin go dtí an Iarscríbhinn eile.

ê 509/2014 aithris 8 (oiriúnaithe)

(5)Maidir le forbairtí sa dlí idirnáisiúnta as a leanfaidh athruithe ar stádas nó ainmniú Stát nó eintiteas áirithe, ba cheart iad a léiriú in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

ê 539/2001 aithris 6 (oiriúnaithe)

(6)Toisc go bhfuil náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Lichtinstéin agus na hIorua díolmhaithe ón gceanglas víosa mar gheall ar an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, níor Ö cheart Õ na tíortha sin Ö a chur san áireamh Õ sa liosta Ö tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa Õ.

ê 453/2003 aithris 3 (oiriúnaithe)

(7)Ós rud é go bhforáiltear leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine le saorghluaiseacht gan víosa do náisiúnaigh de chuid na hEilvéise, níor cheart an Eilvéis Ö a chur san áireamh sa liosta tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa Õ.

ê 539/2001 aithris 7 (oiriúnaithe)

(8)Maidir le daoine gan stát agus dídeanaithe aitheanta, gan dochar do na hoibleagáidí faoi chonarthaí idirnáisiúnta a shínigh na Ballstáit agus go háirithe an Comhaontú Eorpach maidir le Deireadh a chur le Víosaí do Dhídeanaithe a síníodh in Strasbourg an 20 Aibreán 1959, ba cheart an cinneadh i leith an cheanglais víosa nó an díolúine a bhunú ar an tríú tír ina bhfuil cónaí ar na daoine sin agus a d'eisigh a gcuid doiciméad taistil. Ós rud é, áfach, go bhfuil difríochtaí sa reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir le daoine gan stát agus dídeanaithe aitheanta, Ö ba cheart do Õ na Ballstáit Ö a bheith in ann Õ cinneadh a dhéanamh ar cheart na catagóirí sin daoine Ö a bheith díolmhaithe Õ, sa chás gur tríú tír í an tír ina bhfuil cónaí ar na daoine sin agus a d'eisigh a gcuid doiciméad taistil agus a bhfuil a cuid náisiúnach díolmhaithe ón gceanglas víosa.

ê 1932/2006 aithris 7 (oiriúnaithe)

(9)Ö I gcomhréir le Õ Rialachán (CE) Uimh 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 , Ö ba cheart Õ díolúine ón gceanglas víosa do shealbhóirí Ö cheadúnais Õ tráchta teorann áitiúil Ö a leagan síos Õ.

ê 1932/2006 aithris 5 (oiriúnaithe)

(10)Ö Ba cheart go bhféadfadh Õ na Ballstáit foráil Ö a Õ dhéanamh maidir le díolúine ón gceanglas víosa do shealbhóirí atá i seilbh pasanna áirithe seachas gnáthphasanna.

ê 539/2001 aithris 8 (oiriúnaithe)

(11)I gcásanna sonracha ina mbeidh gá le rialacha speisialta víosa, Ö ba cheart go bhféadfadh Õ na Ballstáit catagóirí áirithe daoine Ö a Õ dhíolmhú ón gceanglas víosa nó féadfaidh siad é a fhorchur orthu i gcomhréir le dlí nó nós idirnáisiúnta poiblí.

ê 1932/2006 aithris 6 (oiriúnaithe)

(12)Ö Ba cheart go bhféadfadh Õ na Ballstáit dídeanaithe aitheanta, daoine gan stát, is é sin na daoine sin Ö atá cumhdaithe ag an Õ gCoinbhinsiún i dtaobh Stádas Daoine gan Stát an 28 Meán Fómhair 1954 chomh maith leis na daoine atá lasmuigh de raon feidhme an Choinbhinsiúin sin, agus daltaí scoile atá ag taisteal ar thurasanna scoile i gcás ina bhfuil na daoine sna catagóirí sin ina gcónaí i dtríú tír Ö a áirítear sa liosta tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa Õ, a dhíolmhú ón gceanglas víosa.

ê 1932/2006 aithris 8 (oiriúnaithe)

(13)Ba cheart na socruithe lena rialaítear díolúintí ón gceanglas víosa a bheith i gcomhréir leis na cleachtais iarbhír. Tugann Ballstáit áirithe Ö díolúintí Õ ó na ceanglais víosa do náisiúnaigh tríú tíortha Ö a áirítear sa liosta tríú tíortha a bhfuil ceangal ar náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát Õ ar bhaill de na fórsaí armtha iad atá ag taisteal ar ghnó de chuid ECAT nó ar ghnó Chomhpháirtíocht na Síochána. Ar chúiseanna a bhaineann le cinnteacht dhlíthiúil, cé go bhfuil na díolúintí sin bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta lasmuigh de dhlí an Ö Aontais Õ, ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh sa Rialachán Ö seo Õ.

ê 1289/2013 aithris 3

(14)Is cuspóir í an chómhalartacht iomlán víosaí ar cheart don Aontas a shaothrú ar bhealach onnghníomhach ina chaidreamh le tríú tíortha, agus inchreidteacht agus leanúnachas bheartas seachtrach an Aontais a fheabhsú ar an mbealach sin.

ê 539/2013 aithris 5, 1289/2013 aithris 1 (oiriúnaithe)

(15)Ba cheart foráil a dhéanamh do shásra Ö Aontais Õ lena gcumasófaí cur chun feidhme phrionsabal na cómhalartachta má chinneann ceann de na tríú tíortha a áirítear Ö sa liosta tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa Õ náisiúnaigh de chuid ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit a chur faoi réir an cheanglais víosa. Ö Ba cheart don Õ sásra sin foráil a dhéanamh do fhreagra ón Aontas ar mhaithe le dlúthpháirtíocht, má chuireann tríú tír Ö den sort sin Õ ceanglas víosa i bhfeidhm do na náisiúnaigh i mBallstát amháin ar a laghad.

ê 1289/2013 aithris 2 (oiriúnaithe)

(16)Ar fhógra a fháil ó Bhallstát go bhfuil tríú tír Ö a áirítear sa liosta tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa Õ ag cur ceanglais víosa i bhfeidhm le haghaidh náisiúnaigh an Bhallstáit sin, ba cheart go ngníomhódh gach Ballstát ar aon bhonn, agus freagra Aontais á thabhairt dá bhíthin sin ar chás a bhfuil éifeacht aige ar an Aontas ina iomláine agus lena gcaitear lena chuid saoránach faoi réir ar Ö bhealaí éagsúla Õ.

ê 1289/2013 aithris 11 (oiriúnaithe)

(17)D'fhonn a áirithiú go mbeidh páirt Ö iomchuí Õ ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle sa dara céim de chur chun feidhme shásra na cómhalartachta, ráite an nádúr polaitiúil ró-íogair a ghabhann le fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh uile tríú tír Ö a áirítear sa liosta tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa Õ agus a himpleachtaí cothrománacha ar Bhallstáit, ar na tíortha a mbaineann Schengen leo agus ar an Aontas féin, go háirithe i dtaca lena gcaidreamh seachtrach agus feidhmiú ginearálta limistéir Schengen, ba cheart na cumhachtaí maidir le gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún i ndáil le gnéithe áiririthe den sásra cómhalartachta. Cuirtear san áireamh le cumhacht den sórt sin a tharmligean don Choimisiún an gá atá le plé polaitiúil faoi bheartas an Aontais maidir le víosaí i limistéar Schengen. Léirítear leis freisin an gá atá le trédhearcacht Ö leordhóthanach Õ agus cinnteacht reachtach a áirithiú maidir leis an sásra cómhalartachta a chur i bhfeidhm nuair a chuirtear i bhfeidhm é ar náisiúnaigh uile ón tríú tír lena mbaineann, go háirithe trí leasú sealadach comhfhreagrach ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe Ö agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 9  Õ. Ö Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Õ Parlaimint na hEorpa agus Ö an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe Õ.

ê 1289/2013 aithris 4 (oiriúnaithe)

(18)Ba cheart Ö go bhforálfaí Õ leis an Rialachán seo sásra le haghaidh fionraíocht shealadach na díolúine ón gceanglas víosa le haghaidh tríú tíre Ö a áirítear sa liosta tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa Õ ("an sásra fionraíochta") i staid éigeandála nuair atá freagairt phráinneach ag teastáil chun deacrachtaí atá ag Ballstát amháin ar a laghad a réiteach, agus tionchar ginearálta na staide éigeandála ar an Aontas Eorpach ina iomláine á chur san áireamh.

ê 1289/2013 aithris 12

(19)D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an sásra fionraíochta agus forálacha áirithe den sásra cómhalartachta i bhfeidhm go héifeachtach agus go háirithe chun go bhféadfar na tosca uile atá ábhartha chomh maith leis na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann faoi chur chun feidhme na sásraí sin a áireamh go cuí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don gCoimisiún i ndáil leis na catagóirí a chinneadh maidir le náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann ar cheart dóibh a bheith faoi réir fionraíocht shealadach na díolúine ón gceanglas víosa laistigh de chreat shásra na cómhalartachta; agus faoi fhad comhfhreagrach na fionraíochta sin agus na cumhachtaí chun an sásra fionraíochta a chur chun feidhme. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 . Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh.

ê 1289/2013 aithris 7 (oiriúnaithe)

(20)sé riachtanach aon mhí-úsáid a bheadh mar thoradh ar dhíolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh ó thríú tír i gcás cuairteanna gearrchónaithe a sheachaint agus Ö a chur i gcoinne an Õ mhí-úsáid sin nuair a d'fhéadfadh na daoine sin beartas poiblí (ordre public) nó slándáil inmheánach na mBallstát lena mbaineann a chur i mbaol.

ê 2017/371 aithris 2 (oiriúnaithe)

(21)Le sásra fionraíochta, ba cheart Ö go bhféadfadh Õ Ballstáit fógra a thabhairt faoi na himthosca arbh fhéidir fionraíocht a bheith mar thoradh orthu, agus Ö don Choimisiún Õ an sásra fionraíochta a chur ar obair ar a thionscnamh féin.

ê 2017/371 aithris 3 (oiriúnaithe)

(22)Go háirithe, ba cheart úsáid an tsásra fionraíochta a éascu trí tréimhsí tagartha agus sprioc-amanna Ö gearra Õ, rud a d’fhágfadh go mbeadh an nós imeachta gasta, agus Ö ba cheart go n-áireofaí Õ na forais ar féidir fionraíocht a chur i bhfeidhm, ionas go gcuimseofaí laghdú ar an gcomhar maidir le hathligean isteach, mar aon le méadú suntasach ar na rioscaí do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach na mBallstát. Ba cheart, go háirithe, a chuimsiú leis an laghdú sin ar an gcomhar méadú suntasach ar ráta diúltaithe na n-iarratas ar athligean isteach, lena n-áirítear do náisiúnaigh tríú tír a rinne idirthuras tríd an tríú tír lena mbaineann, i gcás ina ndéantar foráil maidir le hoibleagáid um athligean isteach den sórt sin i gcomhaontú um athligean isteach a tugadh i gcrích idir an tAontas nó Ballstát agus an tríú tír sin. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an sásra fionraíochta a chur ar obair freisin i gcás nach bhfuil an tríú tír ag comhoibriú i ndáil le hathligean isteach, go háirithe i gcás ina bhfuil comhaontú um athligean isteach tugtha i gcrích idir an tríú tír lena mbaineann agus an tAontas.

ê 2017/371 aithris 4

(23)Chun críocha an tsásra fionraíochta, léirítear le méadú suntasach méadú a sháraíonn tairseach 50 %. Féadfaidh sé méadú níos ísle a léiriú freisin má mheasann an Coimisiún go bhfuil sé infheidhme sa chás áirithe sin ar thug an Ballstát lena mbaineann fógra ina leith.

ê 2017/371 aithris 5

(24)Chun críocha an tsásra fionraíochta, léirítear le ráta íseal aitheantais ráta aitheantais maidir le hiarratais ar thearmann atá cothrom le thart faoi 3 nó 4 %. Féadfaidh sé ráta aitheantais níos airde a léiriú freisin má mheasann an Coimisiún go bhfuil sé infheidhme sa chás áirithe sin ar thug an Ballstát lena mbaineann fógra ina leith.

ê 2017/371 aithris 6 (oiriúnaithe)

(25)Tá sé riachtanach aon mhí-úsáid a bhainfí as an díolúine ón gceanglas víosa a sheachaint agus Ö a chur i gcoinne aon mhí-úsáid Õ i gcás ina dtagann méadú ar an mbrú imirce, mar thoradh ar mhéadú gan bhunús ar iarratais ar thearmann, mar shampla, agus nuair a bhíonn iarratais gan bhunús ar cheadanna cónaithe mar thoradh air.

ê 2017/371 aithris 7 (oiriúnaithe)

(26)D’fhonn a áirithiú go leanfar de na ceanglais shonracha a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht díolúine ón gceanglas víosa, ar díolúine í a deonaíodh de thoradh ar idirphlé rathúil maidir le léirscaoileadh víosa, a chomhall i bhfad na haimsire, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an staid sna tríú tíortha lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar an staid maidir le cearta an duine sna tríú tíortha lena mbaineann.

ê 2017/371 aithris 8 (oiriúnaithe)

(27)Ba cheart don Choimisiún tuairisciú go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, go ceann tréimhse seacht mbliana tar éis do léirscaoileadh víosa do tríú tír Ö áirithe Õ teacht i bhfeidhm, agus ina dhiaidh sin nuair a mheasann an Coimisiún gur gá, nó arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle.

ê 2017/371 aithris 9

(28)Sula nglacfaidh sé aon chinneadh an díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tír a chur ar fionraí go sealadach, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar an staid maidir le cearta an duine sa tríú tír sin agus ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh teacht as fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa don staid sin.

ê 2017/371 aithris 11

(29)Le fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa trí ghníomh cur chun feidhme, ba cheart catagóirí áirithe náisiúnach an tríú tír lena mbaineann a chumhdach, trí thagairt a dhéanamh do na cineálacha ábhartha doiciméad taistil agus, i gcás inarb iomchuí, do chritéir bhreise, amhail daoine atá ag taisteal den chéad uair chuig críoch na mBallstát. Ba cheart a chinneadh leis an ngníomh cur chun feidhme catagóirí na náisiúnach ar cheart feidhm a bheith ag an bhfionraíocht maidir leo, agus na himthosca sonracha ar thug Ballstát amháin nó roinnt Ballstát fógra maidir leo nó a thuairiscigh an Coimisiún agus prionsabal na comhréireachta á gcur san áireamh.

ê 2017/371 aithris 12 (oiriúnaithe)

(30)D’fhonn a áirithiú go mbeidh páirt Ö iomchuí Õ ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i gcur chun feidhme an tsásra fionraíochta, i bhfianaise na híogaireachta polaitiúla a ghabhann le fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh uile na dtríú tíortha Ö a áirítear sa liosta tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa Õ agus a himpleachtaí cothrománacha ar na Ballstáit agus ar an Aontas féin, go háirithe i dtaca lena gcaidreamh seachtrach agus feidhmiú ginearálta limistéar Schengen, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le fionraíocht sealadach na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh na dtríú tíortha lena mbaineann.

ê 539/2001 aithris 9 (oiriúnaithe)

(31)Chun a áirithiú go ndéanfar an córas Ö víosa Õ a riar ar bhealach oscailte agus go gcuirfear na daoine lena mbaineann ar an eolas, ba cheart do na Ballstáit na bearta a ndéanann siad de bhun an Rialacháin seo a chur in iúl Ö don Choimisiún Õ agus Ö do na Ballstáit eile Õ. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart an fhaisnéis sin a fhoilsiú freisin in Iris Oifigiúil Ö an Aontais Eorpaigh Õ.

ê 539/2001 aithris 10 (oiriúnaithe)

(32)Ö Níor cheart go ndéanfadh Õ na coinníollacha lena rialaítear dul isteach i gcríoch na mBallstát nó eisiúint víosaí difear do na rialacha lena rialaítear aitheantas a thabhairt do bhailíocht doiciméad taistil.

ê 539/2001 aithris 11 (oiriúnaithe)

(33)I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta Ö mar a leagtar amach Õ in Airteagal 5 den Chonradh Ö ar an Aontas Eorpach Õ, is bealach riachtanach agus iomchuí araon é chun a áirithiú go Ö n-oibreoidh an comhbheartas maidir le víosaí Õ go héifeachtúil Ö dul ar iontaoibh Õ Rialacháin lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.

ê 1289/2013 aithris 10 (oiriúnaithe)

(34)Ba cheart go mbeadh Ö an Õ Rialachán Ö seo Õ gan dochar do chur i bhfeidhm comhaontuithe idirnáisiúnta a chuir an Comhphobal Eorpach i gcrích roimh theacht i bhfeidhm Rialachán Ö (CE) Uimh. 539/2001 Õ, oibleagáidí a fhágann gur gá imeacht ón Ö gcomhbheartas Õ maidir le víosaí, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh.

ê 509/2014 aithris 9

(35)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 11 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 12 .

ê 509/2014 aithris 10

(36)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 13 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B agus i bpointe C d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 14 .

ê 509/2014 aithris 11

(37)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 15 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B agus i bpointe C d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 16 .

ê 2414/2001 aithris 12

(38)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle 17 ; dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

ê 509/2014 aithris 13

(39)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 18 ; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a cur i bhfeidhm,

ê 539/2001

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

ê 509/2014 Airteagal 1.1 (oiriúnaithe)

Airteagal 1

Ö Bunaítear leis an Õ Rialachán seo na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa, nó díolmhaithe uaidh ar bhonn measúnaithe de réir gach cáis ar leith ar roinnt critéar a bhaineann, inter alia, le hinimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádála coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena n-áirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach.

ê 610/2013 Airteagal 4.2

Airteagal 2

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘víosa’ víosa faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 .

ê 539/2001 (oiriúnaithe)

Airteagal 3

1. Beidh sé de cheangal ar náisiúnaigh na dtríú tíortha atá Ö liostaithe Õ in Iarscríbhinn I víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát.

ê Ceartúchán, IO L 29, 3.2.2007, lch. 10

2. Gan dochar do na ceanglais a eascraíonn as an gComhaontú Eorpach maidir le Deireadh a chur le Víosaí do Dhídeanaithe a síníodh i Strasbourg an 20 Aibreán 1959, beidh sé de cheangal ar dhídeanaithe aitheanta agus daoine gan stát víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát más tríú tír í atá ar an liosta atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo an tríú tír a d'eisigh a ndoiciméad taistil agus a bhfuil cónaí orthu inti.

ê 539/2001 (oiriúnaithe)

è1 610/2013 Airteagal 4.1

Airteagal 4

1. è1 Beidh náisiúnaigh tríú tíortha atá Ö liostaithe Õ in Iarscríbhinn II díolmhaithe ón gceanglas atá leagtha amach in Airteagal 3(1) i gcás fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá. ç

ê Ceartúchán, IO L 29, 3.2.2007, lch. 10 (oiriúnaithe)

2. Beidh na daoine seo a leanas díolmhaithe ón gceanglas víosa:

(a)náisiúnaigh tríú tíortha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a bhfuil Ö cead Õ tráchta teorann áitiúil ina seilbh acu a d'eisigh na Ballstáit de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 sa chás go bhfeidhmíonn na sealbhóirí sin na cearta atá acu faoi Chóras an Tráchta Teorann Áitiúil;

(b)daltaí scoile ar náisiúnaigh iad de thríú tír atá ar an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus a bhfuil cónaí orthu i mBallstát a chuireann i bhfeidhm Cinneadh 94/795/CGB 20 agus a dhéanann taisteal i gcomhthéacs turas scoile mar bhaill de ghrúpa de dhaltaí scoile a bhfuil múinteoir ón scoil atá i gceist ina dteannta;

(c)dídeanaithe aitheanta agus daoine gan stát agus daoine eile nach bhfuil náisiúntacht tír ar bith acu a bhfuil cónaí orthu i mBallstát agus a bhfuil doiciméad taistil ina seilbh acu a d'eisigh an Ballstát sin.

ê 539/2001 (oiriúnaithe)

Airteagal 5

Náisiúnaigh tríú tíortha nua a bhí mar chuid de Ö thríú Õ tíortha atá Ö liostaithe Õ in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, beidh siad faoi réir fhorálacha Airteagal 3 agus Airteagal 4 faoi seach mura ndéanann an Chomhairle cinneadh dá mhalairt faoin nós imeachta atá leagtha síos i bhforáil ábhartha an Chonartha Ö ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Õ agus go dtí go ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh den sórt sin.

Airteagal 6

ê 1289/2013 Airteagal 1.3(a) (oiriúnaithe)

1. Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón gceanglas víosa dá bhforáiltear Ö in Õ Airteagal 3 nó ón díolúine ón gceanglas víosa dá bhforáiltear Ö in Õ Airteagal 4 i gcás na ndaoine seo a leanas:

(a)sealbhóirí pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse/oifigiúla nó pasanna speisialta;

(b)baill d'aerchriú agus de mhuirchriú sibhialtach agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh;

(c)baill de mhuirchriú sibhialtach nuair a rachaidh siad i dtír, ar baill iad a mbeidh doiciméad aitheantais maraí acu a eisíodh i gcomhréir le Coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair Uimh. 108 an 13 Bealtaine 1958 nó Uimh. 185 an 16 Meitheamh 2003 nó i gcomhréir le Coinbhinsiún na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta maidir le Muirthrácht Idirnáisiúnta a Éascú an 9 Aibreán 1965;

(d)criú agus baill de mhisin éigeandála nó tarrthála i gcás tubaiste nó tionóisce;

(e)criú sibhialtach long a bheidh ag loingsiú in uiscí intíre idirnáisiúnta;

(f)sealbhóirí doiciméad taistil a d'eisigh eagraíochtaí idirnáisiúnta idir-rialtasacha a bhfuil Ballstát amháin ar a laghad ina bhall díobh, nó a d'eisigh eintitis eile a n-aithneoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil siad faoi réir an dlí idirnáisiúnta, le hoifigigh na n-eagraíochtaí nó na n-eintiteas sin.

ê Ceartúchán, IO L 29, 3.2.2007, lch. 10 (oiriúnaithe)

2. Féadfaidh Ballstát na daoine a leanas a dhíolmhú ón gceanglas víosa:

(a)dalta scoile ag a bhfuil náisiúntacht tríú tíre atá ar an liosta in Iarscríbhinn I a bhfuil cónaí air i dtríú tír atá ar an liosta in Iarscríbhinn II nó san Eilvéis nó i Lichtinstéin agus a dhéanann taisteal i gcomhthéacs turas scoile mar bhall de ghrúpa de dhaltaí scoile a bhfuil múinteoir ón scoil atá i gceist ina dteannta;

(b)dídeanaithe aitheanta agus daoine gan stát má tá an tríú tír ina bhfuil cónaí orthu agus a d'eisigh a ndoiciméid taistil ar cheann de na tríú tíortha atá ar an liosta in Iarscríbhinn II;

(c)baill de na fórsaí armtha a dhéanann taisteal ar mhaithe le gnó Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) nó Chomhpháirtíocht na Síochána agus sealbhóirí orduithe céannachta agus gluaiseachta dá bhforáiltear le Comhaontú an 19 Meitheamh 1951 idir Pháirtithe ECAT maidir le stádas a gcuid fórsaí;

ê 1289/2013 Airteagal 1.3(b)

(d)gan dochar do na ceanglais a eascraíonn as an gComhaontú Eorpach maidir le Deireadh a chur le Víosaí do Dhídeanaithe a síníodh in Strasbourg an 20 Aibreán 1959, lena n-aithnítear dídeanaithe agus daoine gan stát agus daoine eile nach bhfuil náisiúntacht aon tíre acu agus a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn agus a bhfuil doiciméad taistil acu a d'eisigh an Ríocht Aontaithe nó Éire, a aithneoidh an Ballstát lena mbaineann.

ê 539/2001 (oiriúnaithe)

3. Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh d'eisceachtaí i ndáil leis an díolúine ón gceanglas víosa Ö dá dtagraítear Õ in Airteagal 4 maidir le daoine a bhíonn i mbun gníomhaíochta íoctha le linn a bhfanachta.

ê 1289/2013 Aireagalt 1.1(a) (oiriúnaithe)

Airteagal 7

I gcás inar chuir tríú tír atá liostaithe in Iarscríbhinn II ceanglas víosa i bhfeidhm le haghaidh náisiúnach Ballstáit amháin ar a laghad, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)laistigh de 30 lá tar éis don tríú tír an ceanglas víosa a chur chun feidhme, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas ina leith i scríbhinn.

Maidir leis an bhfógra sin:

(i)sonrófar ann dáta cur chun feidhme an cheanglais víosa agus cineálacha na ndoiciméad taistil agus na víosaí lena mbaineann;

(ii)áireofar leis an bhfógra sin míniú mionsonraithe ar na réamhbhearta a rinne an Ballstát lena mbaineann d'fhonn taisteal gan víosa a áirithiú leis an tríú tír lena mbaineann agus áireofar leis an fhaisnéis go léir is ábhartha.

Foilseoidh an Coimisiún faisnéis Ö a bhaineann leis an Õ bhfógra sin gan mhoill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear faisnéis maidir le dáta cur chun feidhme an cheanglais víosa agus cineálacha na ndoiciméad taistil agus na víosaí lena mbaineann.

Má chineann an tríú tír an ceanglas víosa a tharraingt siar sula n-éagann an sprioc-am dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo, ní thabharfar an fógra, nó, aistarraingeofar é agus ní fhoilseofar an fhaisnéis;

(b)déanfaidh an Coimisiún, láithreach bonn tar éis dháta an fhoilsithe dá dtagraítear sa tríú fomhír de phointe (a) agus i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, glacfaidh an Coimisiún céimeanna, i gcomhar le húdaráis an tríú tír, go háirithe i réimsí polaitiúla, eacnamaíocha agus tráchtála, d'fhonn taisteal gan víosa a athbhunú nó a thabhairt isteach agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill maidir leis na céimeanna sin;

(c)i gcás nach bhfuil an tríú tír tar éis an ceanglas víosa a tharraingt siar laistigh de 90 lá tar éis dáta an fhoilsithe dá dtagraítear sa tríú fomhír de phointe (a) agus in ainneoin na gcéimeanna a glacadh i gcomhréir le pointe (b), féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a iarraidh ar an gCoimisiún an díolúine ón gceanglas víosa a fhionraí do chatagóirí áirithe náisiúnach an tríú tír sin. I gcás ina ndéanfaidh Ballstát iarraidh dá shórt, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi;

(d)Déanfaidh an Coimisiún, agus céimeanna breise á meá aige i gcomhréir le pointe (e), pointe (f) nó pointe (h), toradh na mbeart arna nglacadh ag an mBallstát lena mbaineann chun taisteal gan víosa leis an tríú tír i gceist a áirithiú, mar aon leis na céimeanna a ghlacfar i gcomhréir le pointe (b) chun a athbhunú nó a thabhairt isteach, agus na hiarmhairtí a thagann ó fhionraí na díolúine ón gceanglas víosa i ndáil leis an gcaidreamh seachtrach a bhíonn ag an Aontas agus a Bhallstáit leis an tríú tír ábhartha si;

(e)muna mbíonn an ceanglas víosa tarraingthe siar ag an tríú tír sin lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún, Ö laistigh de Õ shé mhí ar a dhéanaí ó dháta an fhoilsithe dá dtagraítear sa tríú fomhír de phointe (a) agus ansin ag eatraimh nach faide ná sé mhí laistigh de thréimhse iomlán nach rachaidh thar an dáta ina Ö dtagann an Õ gníomh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (f) Ö i bhfeidhm Õ nó má chuirtear ina aghaidh:

(i)gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ar iarraidh ón mBallstát (Ballstáit) lena mbaineann nó ar a thionscnamh féin lena gcuirfear ar fionraí go sealadach, go ceann tréimhse sé mhí, an díolúine ón gceanglas víosa atá ag catagóirí áirithe náisiúnach ón tríú tír lena mbaineann; Ö Socrófar Õ leis an ngníomh cur chun feidhme sin dáta, laistigh de 90 lá tar éis a theacht i bhfeidhm, ar a ngabhfaidh éifeacht le fionraí na díolúine ón gceanglas víosa, agus na hacmhainní atá ar fáil i gconsalachtaí na mBallstát á gcur san áireamh. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, féadfaidh an Coimisiún tréimhsí breise nach faide ná sé mhí a chur leis an bhfionraí sin agus modhnú a dhéanamh ar chatagóirí na náisiúnach ón tríú tír atá i dtreis agus ar fionraíodh an díolúine ón gceanglas víosa ina leith.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 6 den Rialachán sin, éileofar go mbeidh víosa ina sheilbh ag gach catagóir náisiúnaigh ón tríú tír dá dtagraítear sa ghníomh cur chun feidhme, le linn thréimhsí na fionraíochta sin, agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát; nó

(ii)cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an choiste dá dtagraítear in Airteagal 11(1) lena ndéanfar measúnú ar an gcás agus ina léireofar na cúiseanna ar bheartaigh an coiste gan an díolúine ón gceanglas víosa a fhionraí agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis.

Cuirfear na tosca ábhartha uile, amhail iad siúd dá dtagraítear i bpointe (d), san áireamh sa tuarascáil sin. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle plé polaitiúil a dhéanamh ar bhonn na tuarascála sin;

(f)muna mbíonn an ceanglas víosa tarraingthe siar ag an tríú tír lena mbaineann laistigh de 24 mhí tar éis dháta an fhoilsithe dá dtagraítear sa tríú fomhír de phointe (a), glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10 lena gcuirfear Ö an díolúine ón gceanglas víosa Õ ar fionraí sealadach ar feadh tréimhse 12 mhí le haghaidh náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann. Ö Socrófar Õ leis an ngníomh tarmligthe dáta, laistigh de 90 lá tar éis a theacht i bhfeidhm, ar a ngabhfaidh éifeacht leis an bhfionraí maidir Ö leis an díolúine ón gceanglas víosa Õ, agus na hacmhainní atá ar fáil i gconsalachtaí na mBallstát á gcur san áireamh agus lena leasófar Iarscríbhinn II dá réir. Déanfar an leasú sin trí bhíthin fonóta a chur le hais ainm an tríú tír atá i dtreis, ina gcuirtear in iúl go bhfuil an díolúine ón víosa ar fionraí i ndáil leis an tríú tír sin agus ina sainníteaar tréimhse na fionraíochta sin.

Maidir leis an dáta ar a ngabhann éifeacht le fionraíocht Ö na díolúine ón gceanglas víosa Õ do náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann nó i gcás ina mbíonn agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe á chur in iúl de bhun Airteagal 10(5), rachaidh aon ghníomh tarmligthe a glacadh de bhun phointe (e) a bhaineann leis an tríú tír sin.

Má tharlaíonn sé go ndéanann an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh mar a thagraítear dó i bpointe (h), cuirfear sé mhí de shíneadh breise leis an tréimhse fionraithe Ö maidir leis an díolúine ón gceanglas víosa Õ dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo. Déanfar an fonóta dá dtagraítear san fhomhír sin a leasú dá réir.

Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 6, éileofar go mbeidh víosa ina sheilbh ag gach catagóir náisiúnaigh ón tríú tír a mbaineann an gníomh tarmligthe léi, le linn thréimhsí na fionraíochta sin, agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát;

(g)aon fhógra a dhéanfaidh Ballstát eile ina dhiaidh sin de bhun phointe (a) a bhaineann leis an tríú tír chéanna le linn thréimhse feidhme na mbeart de réir phointí (e) go (f) i ndáil leis an tríú tír sin, déanfar iad a chumasc sna nósanna imeachta leantacha sin gan fad a chur leis na sprioc-amanna nó le tréimhsí feidhme a leithéidí de bhearta;

(h)Muna bhfuil an ceanglas víosa tarraingthe siar ag an tríú tír laistigh de shé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an gnímh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (f), féadfaidh an Coimisiún togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú a thíolacadh chun an tagairt don tríú tír a aistriú ó Iarscríbhinn II go dtí Iarscríbhinn I;

(i)ní chuirfidh na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí (e), (f) agus (h) isteach ar an gceart atá ag an gCoimisiún togra reachtaíochta a chur isteach am ar bith lena leasaítear an Rialachán sin d'fhonn an tagairt don tríú tír lena mbaineann a aistriú ó Iarscríbhinn II go dtí Iarscríbhinn I;

(j)I gcás ina gcuirfidh an tríú tír lena mbaineann deireadh leis an gceanglas víosa, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún faoi sin láithreach. Foilseoidh an Coimisiún an fógra gan mhoill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Aon ghníomh cur chun feidhme nó gníomh tarmhligthe a ghlactar de bhun phointe (e) nó phointe (f) a bhaineann leis an tríú tír lena mbaineann, rachaidh sé in éag seacht lá tar éis an fhoilsithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo. Má tá ceanglas víosa tugtha isteach ag an tríú tír atá i dtreis maidir le náisiúnaigh de chuid dhá Bhallstát nó níos mó, éagfaidh na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a bhaineann leis an tríú tír sin seacht lá tar éis an fógra a fhoilsiú a bhaineann leis an mBallstát deiridh a raibh a náisiúnaigh faoi réir cheanglas víosa ag an tríú tír sin. Déanfar an fonóta sa chéad fhomhír de phointe (f) a scrios tar éis don gníomh tarmligthe lena mbaineann dul in éag. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis maidir leis an dul in éag sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gan mhoill.

Sa chás ina gcuireann an tríú tír atá i dtreis deireadh leis an gceanglas víosa agus nach dtugann an Ballstát lena mbaineann aon fhógra di i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den phointe seo, leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh gan mhoill ar a thionscnamh féin leis an bhfoilsiúchán dá dtagraítear sa bhfomhír sin agus beidh feidhm ag an dara fomhír den phointe seo.

ê 2017/371 Airteagal 1(1) (oiriúnaithe)

Airteagal 8

1. De mhaolú ar Airteagal 4, déanfar an díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II a chur ar fionraí go sealadach, bunaithe ar shonraí ábhartha agus oibiachtúla, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2. Féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún más rud é, thar thréimhse dhá mhí, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna den bhliain roimhe sin, nó Ö i gcomparáid Õ leis an dá mhí dheireanacha roimh theacht i bhfeidhm na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II, más rud é gurb ann do cheann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a)méadú suntasach a theacht ar an líon náisiúnach den tríú tír sin ar diúltaíodh dul isteach dóibh nó a bhfuarthas go bhfuil siad ag fanacht ar chríoch an Bhallstáit gan ceart chuige sin a bheith acu;

(b)méadú suntasach a theacht ar an líon iarratas ar thearmann ó náisiúnaigh den tríú tír sin, ar tír í a bhfuil an ráta aitheantais íseal ina leith;

(c)laghdú ar an gcomhar leis an tríú tír sin maidir le hathligean isteach, arna fhíorú le sonraí leordhóthanacha, go háirithe méadú suntasach a bheith tagtha ar ráta diúltaithe na n-iarratas ar athligean isteach a chuir an Ballstát faoi bhráid an tríú tír sin, ar iarratais iad a bhaineann le náisiúnaigh den tríú tír sin nó, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i gcomhaontú um athligean isteach a tugadh i gcrích idir an tAontas nó an Ballstát sin agus an tríú tír sin, le náisiúnaigh tríú tír a rinne idirthuras tríd an tríú tír sin;

(d)riosca méadaithe nó garbhagairt a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach na mBallstát, go háirithe méadú suntasach ar chionta coiriúla tromchúiseacha, a bhaineann le náisiúnaigh ón tríú tír sin, arna bhfíorú le faisnéis oibiachtúil, nithiúil ábhartha agus le sonraí arna gcur ar fáil ag údaráis inniúla.

Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfar na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe agus cuimseofar leis sonraí agus staidreamh ábhartha mar aon le míniú mionsonraithe ar na réamhbhearta atá glactha ag an mBallstát lena mbaineann d’fhonn an staid a leigheas. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a shonrú san fhógra uaidh na catagóirí náisiúnach ón tríú tír lena mbaineann atá le cumhdach le gníomh cur chun feidhme faoimhír 6(a), Ö agus na Õ cúiseanna mionsonraithe atá leis Ö á sonrú Õ. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach faoi fhógra den sórt sin.

3. I gcás ina bhfuil faisnéis nithiúil iontaofa ag an gCoimisiún, agus sonraí, tuarascálacha agus staidreamh ábhartha á gcur san áireamh aige i dtaobh na n-imthosca dá dtagraítear i mír 2(a), (b), (c) nó (d), ar iomthosca iad a éiríonn i mBallstát amháin nó níos mó, nó i gcás nach bhfuil an tríú tír ag comhoibriú i ndáil le hathligean isteach, go háirithe i gcás ina bhfuil comhaontú um athligean isteach tugtha i gcrích idir an tríú tír sin agus an tAontas, Ö déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go pras maidir lena anailís, agus beidh feidhm ag forálacha mhír 6 Õ.

Ö Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfaidh a bheith i gceist maidir le neamh-chomhoibriú i ndáil le hathligean isteach, mar shampla Õ

iarratais ar athligean isteach a dhiúltú nó mainniú iad a phróiseáil in am trátha;

mainniú doiciméid taistil a eisiúint in am trátha, ar chun críocha an fhillidh laistigh de na sprioc-amanna Ö leagtha amach Õ sa chomhaontú um athligean isteach iad nó gan glacadh le doiciméid taistil Eorpacha arna n-eisiúint tar éis dhul in éag na sprioc-amanna Ö leagtha amach Õ sa chomhaontú um athligean isteach; nó

an comhaontú um athligean isteach a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí.

4. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar Ö chomhlíonadh Õ leanúnach na gceanglas sonrach, atá bunaithe ar Airteagal 1 agus a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht léirscaoilte víosa arna dheonú, ag na tríú tíortha ar díolmhaíodh a náisiúnaigh ón gceanglas víosa agus iad ag taisteal chuig críoch Ballstát, ar díolúine í ar toradh í ar idirphlé rathúil maidir le léirscaoileadh víosa idir an tAontas agus an tríú tír sin.

Ina theannta sin, tuairisceoidh an Coimisiún go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, go ceann tréimhse seacht mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm léirscaoileadh víosa don tríú tír sin, agus ina dhiaidh sin nuair a mheasann an Coimisiún go bhfuil gá leis, nó arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle. Díreofar sa tuarascáil ar na tríú tíortha ar ina leith a mheasann an Coimisiún nach Ö gcomhlíonann Õ ceanglais áirithe a thuilleadh, bunaithe ar fhaisnéis nithiúil iontaofa.

Ö Beidh feidhm ag mír 6 i Õ gcás ina dtaispeánann tuarascáil ón gCoimisiún nach Ö gcomhlíontar Õ ceann amháin nó níos mó de na ceanglais shonracha a thuilleadh i ndáil le tríú tír ar leith.

5. Scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra arna thabhairt de bhun mhír 2, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)cibé acu an ann d’aon cheann de na Ö himthosca dá dtagraítear Õ i mír 2 nó nach ann dóibh;

(b)líon na mBallstát a ndéanann aon cheann de na Ö himthosca dá dtagraítear Õ I mír 2 difear dóibh;

(c)tionchar foriomlán na n-imthosca dá dtagraítear i mír 2 maidir le staid na himirce san Aontas i bhfianaise na sonraí a chuir na Ballstáit ar fáil nó atá ar fáil don Choimisiún;

(d)na tuarascálacha a ullmhóidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach, an Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn nó an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) nó aon institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais nó eagraíocht idirnáisiúnta atá inniúil sna hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, má éilítear sin leis na himthosca sa chás sonrach;

(e)Ö an fhaisnéis Õ a d’fhéadfadh a bheith tugtha ag an mBallstát lena mbaineann san fhógra uaidh maidir le bearta féideartha faoi mhír 6(a);

(f)ceist fhoriomlán an bheartais phoiblí agus na slándála inmheánaí, i gcomhairliúcháin leis an mBallstát lena mbaineann.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall ar thorthaí a scrúdaithe.

6. I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn na hanailíse dá dtagraítear i mír 3, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 4, nó ar bhonn an scrúdaithe dá dtagraítear i mír 5, agus iarmhairtí fhionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa do chaidreamh seachtrach an Aontais agus na mBallstát leis an tríú tír lena mbaineann á gcur san áireamh aige, agus é ag obair i ndlúthchomhar leis an tríú tír lena mbaineann chun teacht ar réitigh mhalartacha fhadtéarmacha ag an am céanna, go bhfuil gá le gníomhaíocht, nó i gcás inar thug tromlach simplí de na Ballstáit fógra don Choimisiún á rá gurb ann d’imthosca dá dtagraítear I mír 2(a), (b), (c) nó (d), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)lacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcuirfear an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí go sealadach do náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann go ceann tréimhse naoi mí. Beidh feidhm ag an bhfionraíocht maidir le catagóirí áirithe náisiúnach den tríú tír lena mbaineann, trí thagairt do na cineálacha ábhartha doiciméad taistil agus, i gcás inarb iomchuí, do chritéir bhreise. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh aige maidir leis na catagóirí a bhfuil feidhm ag an bhfionraíocht leo, déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, catagóirí atá mór a ndóthain chun go mbeidh siad ina gcabhair éifeachtúil chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca dá dtagraítear i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 a áireamh i ngach cás sonrach, agus urramóidh sé prionsabal na comhréireachta i gcomhthráth. Glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme laistigh de mhí amháin:

(i)tar éis dó na fógraí dá dtagraítear i mír 2 a fháil;

(ii)tar éis dó a bheith curtha ar an eolas faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3;

(iii)tar éis dó an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 a thíolacadh; nó

(iv)tar éis dó an fógra a fháil ó thromlach simplí de na Ballstáit á rá gurb ann d’imthosca dá dtagraítear i mír 2(a), (b), (c) nó (d).

Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2)a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin. Ö Socróidh sé Õ an dáta a dtiocfaidh fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa i bhfeidhm.

Le linn na tréimhse fionraíochta, bunóidh an Coimisiún idirphlé feabhsaithe leis an tríú tír lena mbaineann, d’fhonn go leigheasfaí na himthosca atá i gceist.

(b)I gcás inarb ann i gcónaí do na himthosca dá dtagraítear i mír 2, i mír 3 agus i mír 4, glacfaidh an Coimisiún, ar a dhéanaí dhá mhí roimh dhul in éag na tréimhse naoi mí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10 lena gcuirfear cur i bhfeidhm Iarscríbhinn II ar fionraí go sealadach go ceann tréimhse 18 mí maidir le náisiúnaigh uile an tríú tír lena mbaineann. Beidh feidhm ag an ngníomh tarmligthe ó dháta dhul in éag an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus déanfar Iarscríbhinn II a leasú leis dá réir. Déanfar an leasú sin trí fhonóta a chur le hais ainm an tríú tír atá i gceist, lena léirítear go bhfuil an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí i ndáil leis an tríú tír sin agus ina sonrófar tréimhse na fionraíochta sin.

I gcás inar thíolaic an Coimisiún togra reachtach de bhun mhír 7, déanfar an tréimhse fionraíochta Ö na díolúine ón gceanglas víosa Õ dá bhforáiltear sa ghníomh tarmligthe a fhadú sé mhí. Déanfar an fonóta a leasú dá réir sin.

Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 6, cuirfear de cheangal, le linn na tréimhse fionraíochta, ar náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann víosaí a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát.

Ballstát a dhéanann foráil, i gcomhréir le hAirteagal 6, do dhíolúintí nua ón gceanglas víosa do chatagóir náisiúnach den tríú tír a chumhdaítear leis an ngníomh lena gcuirtear an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí, cuirfidh sé na bearta sin in iúl i gcomhréir le hAirteagal 12.

7 Roimh dheireadh thréimhse bailíochta an ghnímh tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 6(b), déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Féadfaidh togra reachtach maidir le leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo a bheith ag gabháil leis an tuarascáil d’fhonn an tagairt don tríú tír lena mbaineann a aistriú ó Iarscríbhinn II chuig Iarscríbhinn I.

8. I gcás ina mbeidh togra reachtach tíolactha ag an gCoimisiún de bhun mhír 7, féadfaidh sé bailíocht an ghnímh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 6 a fhadú go ceann tréimhse nach faide ná 12 mhí. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a ghlacfar an cinneadh chun bailíocht an ghnímh cur chun feidhme a fhadú.

ê 2017/371 Airteagal 1(2) (oiriúnaithe)

Airteagal 9

1. Faoin 10 Eanáir 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéantar measúnú ar éifeachtacht an tsásra cómhalartachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus, más gá, déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh maidir leis an Rialachán seo a leasú.Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i leith Ö aon Õ togra den sórt sin Ö i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach Õ.

ê 2017/371 Airteagal 1(3) (oiriúnaithe)

2. Faoin 29 Márta 2021, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a mbeidh measúnú inti ar éifeachtacht an tsásra fiontraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 8 agus, más gá, déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh maidir leis an Rialachán seo a leasú.Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i leith togra den sórt sin Ö i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach Õ.

ê 2017/371 Airteagal 1(4) (oiriúnaithe)

Airteagal 10

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 7 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 9 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear inAirteagal 8(6)(b) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 28 Márta 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

4. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 7 agusin Airteagal 8(6)(b) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

5. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n- ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

6. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

7. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun phointe (f) d’Airteagal 7 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse cheithre mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

8. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhunAirteagal 8(6)(b) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid.

ê 1289/2013 Airteagal 1.4.

Airteagal 11

1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

ê 539/2001 (oiriúnaithe)

Article 12

1. Cuirfidh na Ballstáit in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún na bearta a rinne siad de bhun Airteagal 6, laistigh de chúig lá oibre Ö faoi ghlacadh na mbeart sin Õ.

2. Déanfaidh an Coimisiún, ar mhaithe le faisnéis, na bearta a cuireadh in iúl de bhun mhír 1 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil Ö an Aontais Eorpaigh Õ.

Article 13

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d'inniúlacht na mBallstát maidir le haitheantas a thabhairt do Stáit agus d'aonaid chríche agus do phasanna, do dhoiciméid taistil agus d'aitheantais arna n-eisiúint ag údaráis na Stát nó na gcríocha sin.

Article 14

ê 

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV.

ê 2414/2001 Airteagal 1.3 (oiriúnaithe)

Article 15

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an Ö fichiú Õ lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúi l Ö an Aontais Eorpaigh Õ.

ê 539/2001 (oiriúnaithe)

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis Ö na Conarthaí Õ.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COIM (87) 868 Miontuairiscí.
(2)    Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na Conclúidí.
(3)    Códú a cuireadh ar chlár reachtaíochta 2017.
(4)    Féach Iarscríbhinn III a ghabhann leis an togra seo.
(5)    IO L […], […], lch. […].
(6)    Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1).
(7)    Féach Iarscríbhinn III.
(8)    Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha maidir le trácht teorann áitiúil ag teorainneacha seachtracha talún na mBallstát agus lena leasaítear forálacha Choinbhinsiún Schengen (IO L 405, 30.12.2006, lch. 1).
(9)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(10)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle and 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(11)    IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(12)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(13)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(14)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).
(15)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(16)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(17)    Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
(18)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(19)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
(20)    Cinneadh 94/795/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 1994 maidir le gníomhaíocht chomhpháirteach, cinneadh a ghlac an Chomhairle de bhun Airteagal K.3.2.b den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le saoráidí taistil do dhaltaí scoile ó thríu tíortha a bhfuil cónaí orthu i mBallstát (IO L 327, 19.12.1994, lch 1).

An Bhruiséil,14.3.2018

COM(2018) 139 final

IARSCRÍBHINNÍ

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (códú)


ê 539/2001 (oiriúnaithe)

IARSCRÍBHINN I

Ö Liosta tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh Õ

1.STÁIT

An Aetóip

An Afganastáin

An Afraic Theas

An Ailgéir

An Airméin

Angóla

An Araib Shádach

An Asarbaiseáin

Bairéin

Beinin

An Bhanglaidéis

An Bhealarúis

An Bheilís

ê Ceartúchán, IO L 29, 3.2.2007, lch. 10

An Bholaiv

ê 539/2001

An Bhotsuáin

An Bhurúin

An Bhútáin

Buircíne Fasó

Camarún

Catar

An Chambóid

An Chasacstáin

An Chéinia

An Chirgeastáin

An Chóiré Thuaidh

An Congó

An Cósta Eabhair

Cuáit

Cúba

Djibouti

ê 453/2003 Airteagal 1.1(b)

Eacuadór

ê 539/2001 (oiriúnaithe)

An Éigipt

Éimin

An Eiritré

Fidsí

Gána

An Ghabúin

An Ghaimbia

An Ghuáin

An Ghuine

An Ghuine Mheánchiorclach

Guine Bissau

Háítí

Iamáice

An Iaráic

An Iráin

An India

An Indinéis

An Iordáin

Laos

Leosóta

An Libéir

An Libia

An Liobáin

Madagascar

Ö Maenmar/Burma Õ

Mailí

Maracó

An Mhaláiv

An Mháratáin

An Mhongóil

Mósaimbíc

An Namaib

Neipeal

An Nigéir

An Nígir

Nua-Ghuine Phapua

Ö Oileáin Chomóra Õ

Na hOileáin Fhilipíneacha

Oileáin Mhaildíve

Óman

An Phacastáin

An Phoblacht Dhoiminiceach

Poblacht Dhaonlathach an Chongó

Poblacht na hAfraice Láir

Rinn Verde

Ruanda

An Rúis

An tSaimbia

São Tomé agus Príncipe

Sead

An tSeineagáil

Siarra Leon

An tSín

An tSiombáib

An tSiria

An tSomáil

Srí Lanca

An tSuasalainn

An tSúdáin

ê 509/2014 Airteagal 1.2(a)

An tSúdáin Theas

ê 539/2001 (oiriúnaithe)

Suranam

An Táidsíceastáin

An Tansáin

An Téalainn

Tóga

An Túinéis

An Tuirc

An Tuircméanastáin

Uganda

An Úisbéiceastáin

Vítneam

2.EINTITIS AGUS ÚDARÁIS CHRÍCHE NACH BHFUIL AITHEANTA MAR STÁIT AG BALLSTÁT AMHÁIN AR A LAGHAD

ê 1244/2009 Airteagal 1.1(b)

An Chosaiv mar atá sainmhínithe le Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 10 Meitheamh 1999

ê 539/2001

Údarás Náisiúnta na Palaistíne

_____________

ê 539/2001 (oiriúnaithe)

IARSCRÍBHINN II

Ö Liosta tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh i gcás fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá Õ

1.STÁIT

ê 539/2001

An Airgintín

ê 1091/2010 Airteagal 1.2 (oiriúnaithe)

An Albáin 1  

ê 539/2001

Andóra

ê Ceartúchán, IO L 29, 3.2.2007, lch. 10 (oiriúnaithe)

Antigua agus Barbúda

ê 509/2014 Airteagal 1.3(a)

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha 2

ê 539/2001

An Astráil

ê Ceartúchán, IO L 29, 3.2.2007, lch. 10 (oiriúnaithe)

Na Bahámaí

Barbadós 

ê 1091/2010 Airteagal 1.2 (oiriúnaithe)

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin 3

ê 539/2001

An Bhrasaíl

ê Ceartúchán, IO L 29, 3.2.2007, lch. 10 (oiriúnaithe)

Brúiné

ê 539/2001

Ceanada

An Chóiré Theas

ê 509/2014 Airteagal 1.3(a) (oiriúnaithe)

An Cholóim

Cireabaití 4

ê 539/2001

Cósta Ríce

ê 509/2014 Airteagal 1.3(a) (oiriúnaithe)

Doiminice 5

Greanáda 6

ê 539/2001 (oiriúnaithe)

Guatamala

Hondúras

ê 539/2001

Iosrael

Meicsiceo

An Mhalaeisia

ê 509/2014 Airteagal 1.3(a)

An Mhicrinéis 7

ê 259/2014 Airteagal 1.2 (oiriúnaithe)

An Mholdóiv Ö  8  Õ

ê 539/2001

Monacó

ê 1244/2009 Airteagal 1.2 (oiriúnaithe)

Montainéagró Ö  9  Õ

ê 509/2014 Airteagal 1.3(a)

Nárú 10

ê 539/2001

Nicearagua

An Nua-Shéalainn

ê 509/2014 Airteagal 1.3(a) (oiriúnaithe)

Oileáin Marshall 11

Oileáin Palau 12

Oileáin Sholomón

ê Ceartúchán, IO L 29, 3.2.2007, lch. 10 (oiriúnaithe)

Oileán Mhuirís

ê 509/2014 Airteagal 1.3(a) (oiriúnaithe)

Oileán na Tríonóide agus Tobága

ê 539/2001

Panama

Paragua

ê 509/2014 Airteagal 1.3(a)

Peiriú 13

ê 1244/2009 Airteagal 1.2 (oiriúnaithe)

Poblacht iarIúgslavach na Macadóine Ö  14  Õ

ê 509/2014 Airteagal 1.3(a) (oiriúnaithe)

Saint Lucia 15

ê 539/2001

An tSalvadóir

ê 2017/372 Art. 1(b)

An tSeoirsia 16

ê 509/2014 Airteagal 1.3(a)

Samó

ê Ceartúchán, IO L 29, 3.2.2007, lch. 10

San Críostóir-Nimheas

ê 539/2001

San Mairíne

ê 509/2014 Airteagal 1.3(a) (oiriúnaithe)

San Uinseann agus na Greanáidíní 17

ê 539/2001

An tSeapáin

ê 1244/2009 Airteagal 1.2 (oiriúnaithe)

An tSeirbia (ach amháin sealbhóirí pasanna na Seirbia a d'eisigh Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (i Seirbis: Koordinaciona uprava)) Ö  18  Õ

ê Ceartúchán, IO L 29, 3.2.2007, lch. 10 (oiriúnaithe)

Na Séiséil

ê 539/2001

An tSile

Singeapór

Na Stáit Aontaithe

An Suí Naofa

ê 509/2014 Airteagal 1.3(a)

Tíomór Thoir 19

Tonga 20

Tuvalu 21

ê 2017/850 Art. 1.3(a)

An Úcráin 22

ê 539/2001

Uragua

ê 509/2014 Airteagal 1.3(a)

Vanuatú 23

ê 539/2001 (oiriúnaithe)

Veiniséala

2.SAINRÉIGIÚIN RIARACHÁIN DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE

Sainréigiún Riaracháin Hong Cong Ö  24  Õ

Sainréigiún Riaracháin Macao Ö  25  Õ

ê 509/2014 Airteagal 1.3(b)

3.SAORÁNAIGH BHRIOTANACHA NACH NÁISIÚNAITHE DE CHUID RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN IAD CHUN CRÍOCHA DHLÍ AN AONTAIS

Náisiúnaithe Briotanacha (Thar Lear)

Daoine is saoránaigh de Chríocha Briotanacha thar lear (BOTC)

Saoránaigh Bhriotánacha thar lear (BOC)

Daoine Briotanacha faoi chosaint (BPP)

Géillsinigh Bhriotanacha (BS)

ê 1211/2010 Airteagal 1.2 (oiriúnaithe)

4.EINTITIS AGUS ÚDARÁIS CHRÍCHE NACH bhFUIL AITHEANTA MAR STÁIT AG BALLSTÁT AMHÁIN AR A LAGHAD

An Téaváin Ö  26  Õ

é 

IARSCRÍBHINN III

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle
(
IO L 81, 21.3.2001, lch. 1)

Rialachán (CE) Uimh. 2414/2001ón gComhairle 
(IO L 327, 12.12.2001, lch. 1)

Rialachán (CE) Uimh. 453/2003 ón gComhairle
(IO L 69, 13.3.2003, lch. 10)

Ionstraim Aontachais 2003, Iarscríbhinn II, pointe 18(B)

Rialachán (CE) Uimh. 851/2005 ón gComhairle
(IO L 141, 4.6.2005, lch. 3)

Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle
(IO L 363, 20.12.2006, lch. 1)

An t-aonú fleasc déag maidir le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, agus pointe 11(B)(3) den Iarscríbhinn amháin

Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006 ón gComhairle
(IO L 405, 30.12.2006, lch. 23)

Rialachán (CE) Uimh. 1244/2009 ón gComhairle
(IO L 336, 18.12.2009, lch. 1)

Rialachán (AE) Uimh. 1091/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 329, 14.12.2010, lch. 1)

Rialachán (AE) Uimh. 1211/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 339, 22.12.2010, lch. 6)

Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle
(IO L 158, 10.6.2013, lch. 1)

An ceathrú fleasc d'Airteagal 1(1)(k), agus pointe 13(B)(2) den Iarscríbhinn amháin

Rialachán (AE) Uimh. 610/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 182, 29.6.2013,
lch. 1)

Airteagal 4 amháin

Rialachán (AE) Uimh. 1289/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 347, 20.12.2013, lch. 74)

Rialachán (AE) Uimh. 259/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 105, 8.4.2014, lch. 9)

Rialachán (AE) Uimh. 509/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 149, 20.5.2014, lch. 67)

Rialachán (AE) 2017/371
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 61, 8.3.2017, lch. 1)

Rialachán (AE) 2017/372
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 61, 8.3.2017, lch. 7)

Rialachán (AE) 2017/850
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 133, 22.5.2017, lch. 1)

_____________

IARSCRÍBHINN IV

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh 539/2001

An Rialachán seo

Airteagal -1

Airteagal 1

Airteagal 1(1), an chéad fhomhír

Airteagal 3(1)

Airteagal 1(1), an dara fomhír

Airteagal 3(2)

Airteagal 1(2), an chéad fhomhír

Airteagal 4(1)

Airteagal 1(2), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(2), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 1(2), an dara fomhír,
an chéad fleasc

Airteagal 4(2)(a)

Airteagal 1(2), an dara fomhír, an dara fleasc

Airteagal 4(2)(b)

Airteagal 1(2), an dara fomhír, an tríú fleasc

Airteagal 4(2)(c)

Airteagal 1(3)

Airteagal 5

Airteagal 1(4)

Airteagal 7

Airteagal 1a(1) agus (2)

Airteagal 8(1) agus (2)

Airteagal 1a(2a)

Airteagal 8(3)

Airteagal 1a(2b)

Airteagal 8(4)

Airteagal 1a(3)

Airteagal 8(5)

Airteagal 1a(4)

Airteagal 8(6)

Airteagal 1a(5)

Airteagal 8(7)

Airteagal 1a(6)

Airteagal 8(8)

Airteagal 1b

Airteagal 9(1)

Airteagal 1c

Airteagal 9(2)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 4a

Airteagal 11

Airteagal 4b(1) agus (2)

Airteagal 10(1) agus (2)

Airteagal 4b(2a)

Airteagal 10(3)

Airteagal 4b(3)

Airteagal 10(4)

Airteagal 4b(3a)

Airteagal 10(5)

Airteagal 4b(4)

Airteagal 10(6)

Airteagal 4b(5)

Airteagal 10(7)

Airteagal 4b(6)

Airteagal 10(8)

Airteagal 5

Airteagal 12

Airteagal 6

Airteagal 13

Airteagal 7

Airteagal 14

Airteagal 8

Airteagal 15

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

_____________

(1)    Ö Beidh Õ feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha agus maidir leo sin amháin.
(2)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(3)    Ö Beidh Õ feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha agus maidir leo sin amháin.
(4)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(5)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(6)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(7)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(8)    Beidh Ö feidhm ag an díolúine ón gceanglas Õ víosa do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).
(9)    Ö Beidh feidhm ag Õ an díolúine ón Ö gceanglas víosa Õ le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha agus leo siúd amháin.
(10)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(11)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(12)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(13)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(14)    Ö Beidh feidhm ag Õ an díolúine ón Ö gceanglas víosa Õ le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha agus leo siúd amháin.
(15)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(16)    Déanfar an díolúine ón gceanglas víosa a theorannú do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint ag an tSeoirsia i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).
(17)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(18)    Ö Beidh feidhm ag Õ an díolúine ón Ö gceanglas víosa Õ le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha agus leo siúd amháin.
(19)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(20)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(21)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(22)    Déanfar an díolúine ón gceanglas víosa a theorannú do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).
(23)    Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.
(24)    Ö Beidh feidhm ag Õ an díolúine ón Ö gceanglas víosa Õ le sealbhóirí pas de chuid 'Sainréigiún Riaracháin Hong Cong' agus leo siúd amháin.
(25)    Ö Beidh feidhm ag Õ an díolúine ón Ö gceanglas víosa Õ le sealbhóirí pas de chuid 'Região Administrativa Especial de Macau' agus leo siúd amháin.
(26)    Ö Beidh Õ feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa maidir le sealbhóirí pasanna arna n-eisiúint ag an Téaváin ar pasanna iad a bhfuil uimhir chárta aitheantais orthu, agus maidir leo sin amháin.