An Bhruiséil,9.3.2018

COM(2018) 127 final

2018/0058(COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear tacaíocht mhacra-airgeadais bhreise ar fáil don Úcráin

{SWD(2018) 66 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

·Forais agus cuspóirí an togra

Tá an chomhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin neartaithe go mór le blianta beaga anuas agus ní comhar déthaobhach atá ann a thuilleadh ach comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch atá ag fás de réir a chéile. Is é an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, a síníodh in 2014 agus a chuimsíonn Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, an phríomhionstraim atá ann chun an Úcráin agus an tAontas a thabhairt níos gaire dá chéile. Táthar á dhéanamh sin trí naisc pholaitiúla agus eacnamaíocha níos doimhne, agus an meas ar luachanna coiteanna, a chur chun cinn. Tá codanna áirithe den Chomhaontú Comhlachais a bhfuiltear á gcur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 1 Samhain 2014 ann, agus tá an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála i bhfeidhm ó bhí an 1 Eanáir 2016 ann. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017 tar éis don Úcráin agus do Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh é a dhaingniú agus Comhairle an Aontais Eorpaigh é a thabhairt i gcrích i mí Iúil 2017. 

Ainneoin borradh a bheith faoi fhás gheilleagar na hÚcráine arís in 2016-2017, sin tar éis cúlú mór a bhí ann in 2014-2015, tá an geilleagar sin fós neamhchosanta ar shuaitheadh ón taobh amuigh. Is léir sin ó spleáchas ard na tíre ar onnmhairiú tráchtearraí, ón moill ar shlánú chúlchistí idirnáisiúnta na tíre, agus ó na fiacha móra atá ag tíortha eile ar an Úcráin, rud a thiocfaidh i gceist go háirithe a luaithe a chuirfear tús arís in 2019 le hoibleagáidí íocaíochta i leith Eorabhannaí athstruchtúraithe. Sa chomhthéacs sin, is den ríthábhacht an tacaíocht a fhaigheann an Úcráin óna comhpháirtithe idirnáisiúnta.

I mí an Mhárta 2015, d’fhormheas an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) clár maidir le Saoráid Fhadaithe Chistiúcháin don Úcráin arbh fhiú USD 17.5 billiún nó mar sin é. Tiocfaidh deireadh leis an gclár sin i Márta 2019. Chomh maith leis an tacaíocht airgeadais ó CAI fuair an Úcráin tacaíocht nach beag ón Aontas Eorpach, ó Bhallstáit an Aontais, ó pháirtithe déthaobhacha éagsúla (e.g. SAM, an tSeapáin, Ceanada, an Eilvéis) agus ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar nós an Bhainc Dhomhanda, an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI). Mar go bhfuil an téarnamh eacnamaíoch leochaileach go fóill, áfach, agus go bhfuil laigí éagsúla fós ann, beidh gá ag an Úcráin le maoiniú seachtrach breise in 2018 agus i dtús 2019, agus measann CAI go mbeidh USD 4.5 billiún (thart ar EUR 3.8 billiún 1 ) ag teastáil ón tír.

An 29 Samhain 2017, chuir Aire Airgeadais na hÚcráine, Oleksandr Danyliuk litir oifigiúil chuig Leas-Uachtarán Valdis Dombrovskis sa Choimisiún Eorpach inar iarradh tacaíocht bhreise mhacra-airgeadais ar an Aontas Eorpach. Chabhródh an tacaíocht sin riachtanais maoinithe sheachtraigh na tíre a shásamh agus athchóirithe a chur chun feidhme.

I bhfianaise na hiarrata sin agus staid eacnamaíoch na hÚcráine, go háirithe agus riachtanais maoinithe sheachtraigh bhreise ag teacht chun cinn, tá an Coimisiún Eorpach ag cur togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, togra lena gcuirfear tacaíocht mhacra-airgeadais (TMA) bhreise ar fáil don Úcráin, ar bhonn Airteagal 212 de CFAE, ar luach suas le EUR 1 bhilliún a chuirfear ar fáil mar iasachtaí meántéarmacha go fadtéarmacha in dhá thráthchuid ar leith.

An tacaíocht nua mhacra-airgeadais atá beartaithe, chomhlánódh sé na trí oibríocht TMA a bhí ann roimhe seo, EUR 3.4 billiún ar an iomlán, a rinneadh leis an Úcráin ó bhí an ghéarchéim ann in 2014. Eisíocadh EUR 2.8 billiún san iomlán sa tacaíocht sin, lena náirítear EUR 1.6 billiún in 2014-2015 (faoi TMA I agus TMA II) agus dhá thráthchuid de EUR 600 milliún an ceann i mí Iúil 2015 agus i mí Aibreáin 2017 (faoi TMA III). Níor eisíocadh an tríú tráthchuid, an ceann deireanach, de EUR 600 milliún faoi TMA III, a bhí le heisíoc ar an gcoinníoll go gcuirfí 21 bheart beartais a comhaontaíodh le húdaráis na hÚcráine, chun feidhme. Cé gur chomhlíon an Úcráin líon mór gealltanas beartais a bhain leis an tráthchuid sin, ní raibh ceithre bheart, lena náirítear dhá bheart a bhain leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe, curtha chun feidhme faoin tráth a d’imigh tréimhse bhailíochta na tacaíochta as feidhm in Eanáir 2018. Ar na cúiseanna sin, ní raibh an Coimisiún in acmhainn an tráthchuid dheireanach faoi TMA III a eisíoc agus cuireadh ar ceal go hoifigiúil í an 18 Eanáir 2018.

Is é is cuspóir don tacaíocht mhacra-airgeadais atá beartaithe cabhrú leis an Úcráin cuid dá riachtanais maoinithe sheachtraigh a shásamh in 2018-2019 agus, ar an gcaoi sin, comhardú gearrthéarmach íocaíochtaí agus leochaileacht fhioscach an gheilleagair a laghdú. Lena chois sin, thabharfadh an tacaíocht ón Aontas dreasachtaí chun dlús a chur le hiarrachtaí na hÚcráine athchóirithe a chur i bhfeidhm trí Mheabhrán Tuisceana a chomhaontú le húdaráis na hÚcráine ina leagfaí amach pacáiste cuí beart a thacódh leis an gcoigeartú eacnamaíoch agus le hathchóirithe struchtúracha. Dhéanfadh an Coimisiún iarracht teacht ar chomhdhearcadh leathan le húdaráis na hÚcráine, lena náiritheofaí úinéireacht agus, ar an gcaoi sin, lena méadófaí an dóchúlacht go gcuirfí an choinníollacht chomhaontaithe chun feidhme go réidh. Ba cheart go ngabhfadh na coinníollacha beartais i ngleic leis na laigí móra atá i ngeilleagar na hÚcráine agus i gcóras rialachais eacnamaíoch na tíre agus go mbeidís i gcomhréir leis na gealltanais a thug an Úcráin maidir le hathchóiriú i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Comhlachais, agus in ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais agus i gclár coigeartúcháin a rinneadh i gcomhar le CAI agus an Banc Domhanda. Ní éireoidh leis an mbabhta seo de thacaíocht mhacra-airgeadais mura ndéanfar bearta i gcoinne an éillithe agus bearta lena nathchóireofar an córas rialachais.

De bhrí nár chuir an Úcráin an clár beartais a bhaineann le TMA III chun feidhme ina iomláine, rud a d’fhág go raibh ar an gCoimisiún an tráthchuid dheireanach a chur ar ceal i mí Eanáir 2018, is iomchuí coinníollacha sonracha a leagan síos maidir leis an dá thráthchuid atá sa tacaíocht seo. Tá sé beartaithe, go háirithe, na bearta nár cuireadh chun feidhme faoin gclár roimhe seo a léiriú mar seo a leanas:

·Maidir le fíorú dearbhuithe sócmhainní oifigeach poiblí, d’éileodh an Coimisiún go mbunófaí córas éifeachtach fíorúcháin, lena náirítear bogearraí uathoibríocha fíorúcháin a bhfuil rochtain dhíreach uathoibríoch acu ar bhunachair sonraí agus ar chláir stáit. Sa Mheabhrán a bheidh le haontú leis an Úcráin faoin mbabhta nua de thacaíocht mhacra-airgeadais atá beartaithe, d’éileodh an Coimisiún, dá bhrí sin, an tuathchóras fíorúcháin thuasluaite a bheith i bhfeidhm agus ar obair, agus líon mór dearbhuithe fíoraithe a bheith san uathchóras, agus tosaíocht a bheith tugtha d’oifigigh ardleibhéil.

·Maidir le fíorú na sonraí a sholáthróidh cuideachtaí i dtaobh a núinéirí tairbhiúla agus maidir le hoibleagáid tuairiscithe cuideachtaí a fhorfheidhmiú, is gá a thuiscint gur ina thús atá sé seo ar leibhéal idirnáisiúnta, an tAontas Eorpach san áireamh. Arna iarraidh sin don Úcráin, eagrófar malartuithe saineolais idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach, d’fhonn céimeanna indéanta a leagan amach don Úcráin le go bhféadfaidh sí córas fíorúcháin a chur i ngníomh. Ar an mbonn sin, d’fhéadfaí tagarmharcanna inláimhsithe maidir le córas fíorúcháin a shonrú sa Mheabhrán, mar choinníoll sa chlár tacaíochta macra-airgeadais.

·toirmeasc ar onnmhairiú adhmaid fós i bhfeidhm, rud nach bhfuil ag teacht leis an rún staonadh ó bhearta sriantacha trádála agus beidh ar an gcoiste parlaiminteach cuí san Úcráin dlí lena naisghairtear an toirmeasc sin a bhreithniú. Rachaidh an Coimisiún i dteagmháil le húdaráis na hÚcráine d’fhonn réiteach a aimsiú ar an mbearrán seo trí ionstraimí trádála ar leith a úsáid, agus tríd an réiteach díospóide déthaobhach a úsáid b’fhéidir.

·Maidir leis an dlí lena mbunaítear clár lárnach creidmheasa, ghlac parlaimint na hÚcráine é an 6 Feabhra 2018 agus tháinig sé i bhfeidhm an 4 Márta 2018. Is féidir glacadh leis, dá bhrí sin, go bhfuil an beart sin curtha chun feidhme agus ní gá é a léiriú sa Mheabhrán nua.

Lena chois sin, beidh, i Meabhrán an chláir nua, bearta eile a bheidh ar an Úcráin a chur chun feidhme le go mbeidh sí i dteideal an chéad tráthchuid agus an dara tráthchuid a fháil. Ina measc sin, beidh bearta i réimse na bainistíochta airgeadais phoiblí, rud a chuimsítear faoi gach clár beartais a bhaineann le tacaíocht mhacra-airgeadais. Díreoidh an choinníollacht sin, ar leibhéal níos ginearálta, le líon áirithe earnálacha tábhachtacha a bhfuil baint acu le cobhsú maicreacnamaíoch na hÚcráine.

De réir an chur síos níos mionsonraithe atá sa doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an togra seo agus bunaithe, i measc rudaí eile, ar an measúnú ar an staid pholaitiúil a rinne an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí le chéile, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil na réamhchoinníollacha polaitiúla agus eacnamaíocha comhlíonta maidir leis an tacaíocht mhacra-airgeadais atá beartaithe.

·Comhthéacs ginearálta

Rinne cúlú eacnamaíochta mór go leor dochar don Úcráin in 2014 agus 2015, tráth a chrap an olltáirgeacht intíre 6.6 % agus 9.8 % faoi seach. Cé gur léiriú ar laigí seanbhunaithe maicreacnamaíocha agus struchtúracha na hÚcráine an ghéarchéim eacnamaíoch sin, is é is mó a chuir dlús leis an caillteanas muiníne agus an damáiste a rinneadh don acmhainn táirgthe de thoradh na coinbhleachta a spreagadh de dheasca gníomhaíochtaí díchobhsaithe na Rúise in oirthear na tíre. An meascán de fhreagairt láidir beartais agus pacáiste tacaíochta idirnáisiúnta ar scála mór, sin a chabhraigh fás a chur faoin ngeilleagar arís in 2016 (2.3 %). Leanadh den téarnamh in 2017, agus meastar gur ardaigh olltáirgeacht intíre na tíre go 2.2 %, ainneoin an tionchair dhiúltaigh a bhí ag an mbac ar lastas a tugadh isteach i Márta 2017 maidir leis na limistéir nach raibh faoi smacht an rialtais. B’infheistíocht agus tomhaltas na dteaghlach a spreag an méadú ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha in 2017, de bharr feabhas a bheith tagtha ar mhuinín daoine agus ar phá.

Ainneoin na géarchéime eacnamaíche, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Úcráin le trí bliana anuas maidir le hairgeadas poiblí na tíre a chomhdhlúthú. Rinneadh an teasnamh fioscach iomlán, lena náirítear easnamh na cuideachta ola agus gáis Naftogaz, a laghdú ó 10 % den olltáirgeacht intíre (OTI) in 2014 go dtí 2.4 % in 2016 (i gcomparáid leis an sprioc 3.7 % a aontaíodh le haghaidh 2016 faoi chlár CAI). Bhí feidhmiú an bhuiséid láidir le linn 2017 a bhuí le dianchóras bailithe cánach, ardú ar íocaíochtaí díbhinne a rinne gnólachtaí atá faoi úinéireacht stáit agus roinnt fachtóirí aonuaire ar nós coigistiú sócmhainní reoite an iarUachtaráin Yanukovych (1 % den OTI ar an iomlán). Mar thoradh air sin, ba isteach agus amach le 1.5 % den OTI easnamh comhdhlúite bhuiséad an stáit. Na heasnaimh gharfhioscacha a bhaineann le hathchaipitliú cuideachtaí agus banc atá faoi úinéireacht stáit, tá na heasnaimh sin laghdaithe go mór, ós rud é, go háirithe, gur cuireadh deireadh le heasnamh oibriúcháin Naftogaz. Fágann an comhdhlúthú fioscach sin, agus staid measartha cobhsaí an ráta malairte ó bhí 2016 ann, go bhfuil fiachas an rialtais ghinearálta laghdaithe go dtí 76 %, nó mar sin, den OTI ag deireadh 2017 (titim ó 81 % ag deireadh 2016).

Tá easnamh fioscach 2.4 % den OTI (i gcomhréir leis an uasteorainn 2.5 % dá bhforáiltear i gclár CAI) beartaithe le buiséad 2018 agus tá sé bunaithe ar thoimhde 3 % d’fhíorfhás OTI agus boilsciú 9 % ar phraghas an tomhaltóra. Tá an claonadh frithbhoilscithe a bhí ann ó Earrach 2015 (60.9 % in Aibreán 2015) go dtí lár 2016 (6.9 % i Meitheamh 2016) iompaithe droim ar ais de réir a chéile. Ó shin i leith, tá an méadú ar bhoilsciú (14.1 % in Eanáir 2018) á bhrú chun cinn de bharr an mhéadaithe ar na costais táirgthe agus ar éileamh tomhaltóirí (go háirithe de thoradh an mhéadaithe ar phá), agus an ardaithe ar phraghas bia amh (de bharr an tseaca i dtús 2017 a rinne damáiste do bharra) agus ar phraghsanna breosla. De bharr an mhéadaithe ar an mbrú boilscitheach bhí ar an mbanc ceannais an ráta úis ar pholasaithe a ardú 4.5 pointe céatadáin charnacha ó Dheireadh Fómhair 2017 go dtí 17 % ar an 2 Márta 2018.

Maidir leis an earnáil sheachtrach, tá an teasnamh i gcuntas reatha na hÚcráine méadaithe de réir a chéile (3.5 % den OTI in 2017) de thoradh an choigeartaithe ghéir anuas a tharla de dheasca na géarchéime eacnamaíche (ó 9 % OTI in 2013 go 0.3 % in 2015). Ba de thoradh théarnamh an allmhairithe infheistíochta (de bharr an fheabhais ar mhuinín na ngnólachtaí) agus thomhaltas seasmhach na dteaghlach an méadú sin den chuid is mó. Cuireadh srian le méadú breise ar an gcuntas reatha de bharr ardú mór ar líon na nonnmhairí (méadú 17 % bliain ar bhliain in 2017) a bhuí le geilleagar domhanda a bhí ag dul i méad agus téarmaí fabhracha trádála. Tá méadú freisin ar insreabhadh caipitil phríobháidigh nach infheistíocht dhíreach choigríche, go háirithe mar thoradh ar Eorabhanna USD 3 bhilliún a shocraigh an rialtas i Meán Fómhair 2017. Leis an tacaíocht a fuair an Úcráin óna comhpháirtithe iltaobhacha agus déthaobhacha, agus de bharr choigeartú an chuntais reatha agus theacht ar ais sreafaí airgeadais príobháideacha de réir a chéile, bhí an Úcráin in acmhainn a cuid cistí idirnáisiúnta a shlánú go USD 18.6 billiún faoi dheireadh mhí Eanáir 2018, ainneoin easpa infheistíocht dhíreach choigríche.

Cé gur tháinig feabhas ar an staid eacnamaíoch ó bhí 2015 ann, tá laigí éagsúla ann go fóill de thoradh spleáchas ard na tíre ar onnmhairiú tráchtearraí, na moille ar shlánú chúlchistí idirnáisiúnta na tíre agus na bhfiach mór atá ag tíortha eile ar an tír. Lena chois sin, tá baol ann go bhféadfaí cur isteach ar an téarnamh, téarnamh nach téarnamh an-mhór é go fóill, de dheasca na héagobhsaíochta i dtimpeallacht pholaitiúil na tíre agus an bhaoil go bhféadfadh an teannas sa taobh thoir den tír dul i ndéine.

Toisc an Úcráin a bheith ina honnmhaireoir tráchtearraí (is fiú thart ar 70 % d’onnmhairí tráchtála na hÚcráine táirgí talmhaíochta agus miotail), tá sí neamhchosanta go leor ar théarmaí trádála níos measa agus ar na bearta a rinne an Rúis chun srian a chur ar iompar tráchtearraí as an Úcráin. Bhí an titim dhomhanda ar phraghsanna tráchtearraí ina gné thábhachtach de ghéarchéim chomhardú na níocaíochtaí a bhí ann sa tír in 2009 agus arís sa tréimhse 2014-2015.

Is foinse eile leochaileachta na fiacha móra atá ag tíortha eile ar an Úcráin . Ainneoin díghiaráil dhian a bheith déanta ag na hearnálacha corparáideacha agus baincéireachta ó bhí géarchéim 2014 ann, bhí an fiachas seachtrach comhlán cothrom le USD 117.3 billiún ar an 1 Deireadh Fómhair 2017 (111 % den OTI), lena náirítear USD 47.5 billiún d’aibíochtaí gearrthéarmacha (45 % den OTI). Cé gur leis an earnáil phríobháideach, den chuid is mó, a bhaineann an fiachas sin agus nach ionann é, dá bhrí sin, agus dliteanas díreach i leith an stáit, tá cuid de a bhfuil baint aici le cuideachtaí atá faoi úinéireacht stáit (agus a bhíonn ráthaithe ag an stát uaireanta) agus is ionann sin agus dliteanas teagmhasach ar na húdaráis. De réir mar a chúlaigh an ghéarchéim tháinig titim mhór ar an méid fiachas seachtrach díreach faoi úinéireacht stáit a d’aibigh an bhliain ina dhiaidh sin, de réir mar a chuaigh na húdaráis i muinín iasachtaí fadtéarmacha ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus toisc go ndearnadh USD 15 bhilliún d’fhiachas cistithe (faoi úinéireacht dhíreach agus faoi ráthaíocht) a athsceidealú tríd an ‘oibríocht fiachais’, mar a thugtar air, i Samhain 2015. Tá sé ard go leor go fóill, mar sin féin, agus is mór iad na hoibleagáidí aisíocaíochta in 2018-2019.

Tá na cúlchistí faoi bhun chaighdeáin CAI maidir le leordhóthanacht, go háirithe agus fiacha móra ag tíortha eile ar an Úcráin. Cé gur éirigh leis an tír a cúlchistí idirnáisiúnta comhlána a shlánú le trí bliana anuas, bhí an próiseas níos moille ná mar a bhí beartaithe i dtosach ag CAI. Gan ach USD 18.6 billiún sna cúlchistí ag deireadh mhí Eanáir 2018, is faoi bhun an leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim atá siad agus faoi bhun an leibhéil a bhí tuartha do dheireadh 2017 nuair a seoladh clár CAI (USD 22.3 billiún). D’fhéadfadh brú a bheith ar na cúlchistí arís in 2018-2019 nuair a bheidh súil leis go mbeidh ar an tír os cionn USD 12 bhilliún a íoc (ús agus bunairgead) i leith fiachas seachtrach díreach agus indíreach an rialtais. Beidh an tréimhse sin ina mbeidh lear mór aisíocaíochtaí fiachais le déanamh ag tarlú i dtráth a bheidh toghchán uachtaránachta agus toghchán parlaiminte ann in 2019. Sa chomhthéacs sin, dealraíonn sé go mbeidh gá cúlchistí idirnáisiúnta na hÚcráine a shlánú tuilleadh, agus chabhródh an tacaíocht mhacra-airgeadais bhreise ón Aontas Eorpach san iarracht sin, le cabhair dhíreach (na híocaíochtaí) agus cabhair indíreach (chun an tinsreabhadh caipitil phríobháidigh a spreagadh agus níos mó muiníne a chothú as an airgeadra áitiúil).

Sa chomhthéacs sin, is den ríthábhacht an tacaíocht a fhaigheann an Úcráin ó CAI agus óna comhpháirtithe idirnáisiúnta, an tAontas Eorpach san áireamh. I gcás an chláir maidir le Saoráid Fhadaithe Chistiúcháin don Úcráin ar luach USD 17.5 billiún a d’fhormheas CAI i mí an Mhárta 2015, comhlánaíodh an clár sin, ó thosaigh an ghéarchéim, le tacaíocht nach beag ó chomhpháirtithe déthaobhacha na hÚcráine, an tAontas Eorpach san áireamh. Tá breis tacaíochta tugtha freisin ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar nós an Bhainc Dhomhanda, an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) chun tacú le haistriú geilleagrach na tíre. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil geilleagar na hÚcráine leochaileach go fóill agus go bhfuil roinnt laigí ann, measann CAI go mbeidh gá ag an tír le maoiniú seachtrach breise in 2018 agus i dtús 2019, suim suas le USD 4.5 billiún (thart ar EUR 3.8 billiún 2 ). An tacaíocht mhacra-airgeadais atá beartaithe, chlúdódh sí 26.5 % d’iomlán an mhaoinithe bhreise sin. Tá an Banc Domhanda ag ullmhú iasacht nua USD 800 milliún faoin mBeartas Forbartha chun cabhrú leis an mbearna sa mhaoiniú a laghdú. Nuair a chuirtear an iasacht sin ón mBanc Domhanda san áireamh, is as tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais Eorpaigh a mhaoineofar 32 % den easnamh USD 3.7 billiún a bheidh ann mar iarmhéid.

·Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Cuireadh tacaíocht mhacra-airgeadais ar fáil don Úcráin faoi cheithre chinneadh ar leith:

Cinneadh ón gComhairle an 12 Iúil 2002 lena gcuirtear tacaíocht mhacra-airgeadais bhreise ar fáil don Úcráin (2002/639/CE) 3

Cinneadh Uimh. 646/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena gcuirtear tacaíocht mhacra-airgeadais ar fáil don Úcráin 4  

Cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena gcuirtear tacaíocht mhacra-airgeadais ar fáil don Úcráin (2014/215/AE) 5

Cinneadh Uimh. (AE) 2015/601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Aibreán 2015 lena gcuirtear tacaíocht mhacra-airgeadais ar fáil don Úcráin 6  

·Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile de chuid an Aontais

Tá an tacaíocht mhacra-airgeadais atá beartaithe comhsheasmhach le tiomantas an Aontais Eorpaigh tacú le próiseas aistrithe gheilleagraigh agus pholaitiúil na hÚcráine. Tá sé comhsheasmhach leis na prionsabail faoina rialaítear úsáid na tacaíochta macra-airgeadais, lena náirítear an ghné eisceachtúil atá léi, réamhchoinníollacha polaitiúla, comhlántacht, coinníollacht agus smacht airgeadais.

Tá an tacaíocht mhacra-airgeadais atá beartaithe i gcomhréir le cuspóirí Bheartas Comharsanachta na hEorpa. Cabhraíonn sé cuspóirí an Aontais Eorpaigh maidir le cobhsaíocht eacnamaíoch agus forbairt san Úcráin a chur chun cinn agus, níos ginearálta fós, an bhuanseasmhacht a chur chun cinn i gcomharsanacht Oirthear na hEorpa. Trí thacú le hiarrachtaí na núdarás creat seasmhach maicreacnamaíoch a bhunú agus athchóirithe struchtúracha uaillmhianacha a chur chun feidhme, cuirfidh an tacaíocht mhacra-airgeadais atá beartaithe leis an mbreisluach a bhaineann leis an ról atá ag an Aontas Eorpach san Úcráin agus le héifeachtacht cineálacha eile tacaíochta airgeadais ón Aontas, lena náirítear tacaíocht buiséid agus deontais atá ar fáil trí ionstraimí airgeadais seachtracha faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha don tréimhse 2014-2020. An tacaíocht mhacra-airgeadais atá beartaithe, is dlúthchuid í freisin den tacaíocht idirnáisiúnta iomlán a thabharfar don Úcráin agus comhlánóidh sí an cúnamh a thugann deontóirí iltaobhacha agus déthaobhacha eile.

Tá naisc thábhachtacha eacnamaíocha idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach. An 1 Meán Fómhair 2017, tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin i bhfeidhm. Na forálacha a bhaineann le Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, bhí siad á gcur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 1 Eanáir 2016 ann, tráth a thosaigh an tAontas agus an Úcráin ag oscailt a gcuid margaí earraí agus seirbhísí dá chéile. Tá an tAontas Eorpach ar an gcéad chomhpháirtí trádála atá ag an Úcráin, agus b’fhiú an trádáil sin agus 40.6 % (de réir luacha) de thrádáil iomlán na hÚcráine in 2016. Tháinig méadú breise ar an trádáil dhéthaobhach in 2017. Tháinig ardú 27.3 % bliain ar bhliain ar onnmhairí na hÚcráine chuig an Aontas agus ardú 22.1 % (de réir luacha) ar an méid a allmhairíodh ón Aontas Eorpach.

2.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

·Achoimre ar an mbeart atá beartaithe

Cuirfidh an tAontas Eorpach tacaíocht mhacra-airgeadais suas le EUR 1 bhilliún ar fáil don Úcráin. Cuirfear ar fáil í i bhfoirm iasachtaí meántéarmacha go fadtéarmacha agus cabhróidh sí riachtanais maoinithe sheachtraigh na hÚcráine a chumhdach sa tréimhse 2018-2019. Tá sé beartaithe an tacaíocht airgeadais a eisíoc ina dá thráthchuid. Ar an gcoinníoll go mbeidh na bearta beartais a bhaineann le gach tráthchuid ar leith curtha chun feidhme go tráthúil, tá súil an chéad tráthchuid a eisíoc sa dara leath de 2018, agus an dara tráthchuid sa chéad leath de 2019. Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an tacaíocht sin. Beidh forálacha sonracha maidir le cosc ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile i bhfeidhm, forálacha a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Tiocfaidh an Coimisiún agus údaráis na hÚcráine ar chomhaontú i dtaobh Meabhrán Tuisceana ina leagfar amach bearta le haghaidh athchóiriú struchtúrach a bhaineann leis an tacaíocht mhacra-airgeadais atá beartaithe, lena náirítear uainiú agus seicheamhú na tacaíochta. Thairis sin, de réir mar is gnách i gcás tacaíocht mhacra-airgeadais, dhéanfaí na heisíocaíochtaí ar choinníoll go mbeadh, inter alia, toradh sásúil ar na hathbhreithnithe a dhéanfaí faoi chlár CAI agus go leanfadh an Úcráin de bheith ag tarraingt as cistí CAI.

·Bunús dlí

Is é Airteagal 212 CFAE an bunús dlí leis an togra seo.

·Prionsabal na coimhdeachta

Urramaítear prionsabal na coimhdeachta ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin na cuspóirí a ghnóthú go leordhóthanach maidir le cobhsaíocht ghearrthéarmach mhaicreacnamaíoch a chur ar ais san Úcráin agus gur fearr a fhéadfaidh an tAontas Eorpach iad a ghnóthú. Is iad na príomhchúiseanna leis sin na srianta buiséadacha atá ann ar an leibhéal náisiúnta agus an gá le comhordú rímhaith idir na deontóirí le go bhféadfar cur le scála agus le héifeachtacht na tacaíochta.

·Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta. Ní théann sé thar an méid is gá chun na cuspóirí maidir le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch ghearrthéarmach a ghnóthú.

Mar a d’aithin an Coimisiún ar bhonn mheastacháin CAI i gcomhthéacs an tsocraithe teannta, tá méid na tacaíochta cothrom le thart ar 26.5 % den easnamh maoinithe bhreise a mheastar a bheidh ann sa tréimhse 2018-2019. Tá údar maith leis an ngealltanas tábhachtach sin: ar an gcéad dul síos, tábhacht pholaitiúil na hÚcráine do chobhsaíocht Chomharsanacht na hEorpa; ar an dara dul síos, an comhlachas polaitiúil agus an comhtháthú eacnamaíoch idir an tAontas agus an Úcráin mar a thugtar le tuiscint sa Chomhaontú Comhlachais idir an dá thír a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017; agus, ar an tríú dul síos, an riocht dhúshlánach ina bhfuil an Úcráin, go háirithe mar thoradh ar an gcoinbhleacht atá sa chuid thoir den tír.

·An rogha ionstraime

Ní bheadh maoiniú tionscadail ná cúnamh teicniúil oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí maicreacnamaíocha. Is é an fiúntas is mó a bhaineann le tacaíocht mhacra-airgeadais thar aon ionstraim eile atá ag an Aontas Eorpach go laghdaítear srian an mhaoinithe sheachtraigh go pras agus go gcruthaítear creat seasmhach maicreacnamaíoch, lena náirítear comhardú íocaíochtaí agus cás buiséadach inbhuanaithe, agus creat iomchuí le haghaidh athchóirithe struchtúracha. Trí chreat iomchuí a chur ar bun le haghaidh beartais mhaicreacnamaíocha agus struchtúracha, tá sé de bhua ag an tacaíocht mhacra-airgeadais go gcuireann sí le héifeachtacht na mbeart a mhaoinítear cheana féin san Úcráin faoi ionstraimí airgeadais eile níos spriocdhírithe atá ag an Aontas.

3.TORTHAÍ Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

·Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Agus an togra seo le haghaidh tacaíocht mhacra-airgeadais á ullmhú, bhí seirbhísí an Choimisiúin i dteagmháil rialta le húdaráis na hÚcráine chun úinéireacht ar an gclár a chothú san Úcráin. Thairis sin, ós rud é go gcuirtear tacaíocht mhacra-airgeadais ar fáil mar chuid lárnach den tacaíocht idirnáisiúnta ar mhaithe le cobhsaíocht gheilleagrach na hÚcráine, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe idirnáisiúnta na hÚcráine, e.g. CAI agus an Banc Domhanda atá ag tacú leis an tír le cláir mhaoiniúcháin measartha mór.

·Bailiú agus úsáid saineolais

Rinne an Coimisiún, i gcomhar le saineolaithe seachtracha, Measúnú Oibríochtúil inar fíoraíodh cáilíocht agus iontaofacht scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta riaracháin na hÚcráine agus ullmhaíodh an tuarascáil dheiridh i mí Lúnasa 2014. Tá súil Measúnú Oibríochtúil nua a dhéanamh sa dara ráithe de 2018 d’fhonn an dul chun cinn is déanaí a chur san áireamh.

·Measúnú tionchair

Is ionstraim éigeandála eisceachtúil í tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais Eorpaigh agus is é is cuspóir di aghaidh a thabhairt ar mhórdheacrachtaí comhardaithe íocaíochtaí i dtríú tíortha. Ar an ábhar sin, ní gá, mar chuid den togra seo maidir le tacaíocht mhacra-airgeadais, Measúnú Tionchair a dhéanamh i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr (SWD(2015) 111 final) mar go bhfuil práinn pholaitiúil ann bogadh ar aghaidh go tapa sa chás éigeandála seo a dteastaíonn mearfhreagairt ina leith.

Ar leibhéal níos ginearálta, tógann tograí an Choimisiúin sa réimse seo ar na ceachtanna a foghlaimíodh as meastóireachtaí ex post a rinneadh ar oibríochtaí eile i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh. Maidir leis an tacaíocht mhacra-airgeadais agus an clár um choigeartú eacnamaíoch agus athchóiriú a théann léi, cabhróidh sin chun riachtanais mhaoinithe na hÚcráine a shásamh sa ghearrthéarma agus tacóidh sé le bearta beartais a bhfuil sé mar chuspóir leo seasaimh fhioscacha agus sheachtracha na tíre a neartú sa ghearrthéarma agus bunsraith a leagan don fhás inbhuanaithe.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is i bhfoirm iasachtaí a chuirfí an tacaíocht sin ar fáil agus mhaoineofaí í le hoibríochtaí iasachtaíochta a dhéanfadh an Coimisiún thar ceann an Aontais Eorpaigh. Beidh costais bhuiséadacha na tacaíochta comhfhreagrach don soláthar as líne buiséid 01 03 06 (“Soláthar don Chiste Ráthaíochta”) ag ráta 9 % de na méideanna a eisíocfar leis an gciste ráthaíochta le haghaidh iasachtú seachtrach ón Aontas Eorpach. Má ghlactar leis go neisíocfar an chéad iasacht EUR 500 milliún in 2018 agus an dara hiasacht EUR 500 milliún in 2019, fágfaidh sé, de réir na rialacha lena rialaítear sásra an chiste ráthaíochta, go ndéanfar an soláthar sin don chiste i mbuiséid 2020 (EUR 45 mhilliún) agus 2021 (EUR 45 mhilliún).

Bunaithe ar na méideanna atá tuartha faoi láthair i dtaobh úsáid líne buiséid 01 03 06, measann an Coimisiún go bhfuil sé d’acmhainn ag an Aontas an tionchar buiséadach a bheidh ag an tacaíocht mhacra-airgeadais atá beartaithe don Úcráin a sheasamh.

5.EILIMINTÍ ROGHNACHA

·Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha

Tá clásal éagtha sa togra seo. Chuirfí an tacaíocht mhacra-airgeadais atá beartaithe ar fáil ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith, tréimhse a thosódh an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana.

2018/0058 (COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear tacaíocht mhacra-airgeadais bhreise ar fáil don Úcráin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)    Tá dul chun cinn á dhéanamh i rith an ama i dtaca leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus Chomhpháirtíocht an Oirthir. An 1 Meán Fómhair 2017, tháinig Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, lena náirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, i bhfeidhm.

(2)    Ó earrach 2014 i leith, tá clár uaillmhianach um athchóiriú á chur i bhfeidhm ag an Úcráin a bhfuil sé mar aidhm leis an geilleagar a chobhsú agus slí bheatha shaoránaigh na tíre a fheabhsú. Rinne an Úcráin agus an tAontas le chéile clár um athchóiriú a leagan síos (an Clár Comhlachais, a nuashonraíodh don uair dheireanach i Márta 2015). Ar na príomhthosaíochtaí atá sa chlár tá an comhrac i gcoinne an éillithe maille le hathchóirithe bunreachtúla, toghchánacha agus breithiúnacha.

(3)    Sa bhreis ar an tacaíocht pholaitiúil atá á tabhairt ag an Aontas, i Márta 2014 gheall sé pacáiste airgeadais os cionn EUR 11 bhilliún chun tacú le cobhsú an gheilleagair agus le cur chun feidhme athchóirithe san Úcráin, agus chuimsigh an pacáiste sin EUR 1.6 billiún de thacaíocht mhacra-airgeadais de bhun Chinneadh 2002/639/CE ón gComhairle 7 , Chinneadh Uimh. 646/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 agus Chinneadh 2014/215/AE ón gComhairle 9 . I bhfianaise riachtanais shuntasacha na hÚcráine i dtaobh maoiniú seachtrach, cuireadh EUR 1.8 billiún breise de thacaíocht mhacra-airgeadais ar fáil don tír in Aibreán 2015 de bhun Chinneadh (AE) 2015/601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 .

(4)    Ó Bhealtaine 2014, tá EUR 2.81 billiún de thacaíocht mhacra-airgeadais faighte ag an Úcráin ón Aontas, lena náirítear EUR 1.2 billiún as an EUR 1.8 billiún a cuireadh ar fáil faoi Chinneadh (AE) 2015/601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. An tríú tráthchuid – an tráthchuid dheireanach – den tacaíocht mhacra-airgeadais a bhí le cur ar fáil faoi Chinneadh (AE) 2015/601, agus arbh fhiú EUR 600 milliún í, cuireadh ar ceal í an 18 Eanáir 2018 toisc nár chomhlíon an Úcráin clár na nathchóirithe struchtúracha ina iomláine, rud a bhí mar choinníoll leis an tráthchuid sin.

(5)    An 11 Márta 2015, d'fhormheas an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) clár ceithre bliana maidir le Saoráid Fhadaithe Chistiúcháin don Úcráin, clár arbh fhiú thart ar USD 17.5 billiún é, chun tacú le clár um choigeartú eacnamaíoch agus um athchóiriú na tíre, agus rinneadh eisíocaíocht USD 8.5 billiún den airgead sin sa tréimhse 2015-2017. Chomh maith leis an tacaíocht airgeadais ó CAI fuair an Úcráin tacaíocht nach beag ó pháirtithe déthaobhacha éagsúla (lena náirítear an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, SAM, an tSeapáin agus Ceanada). Tá breis tacaíochta á tabhairt freisin ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar nós an Bhainc Dhomhanda, an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) chun tacú le haistriú geilleagrach na hÚcráine.

(6)    I ndiaidh mhisean teicniúil CAI i Samhain 2017, rinne sé athbhreithniú ar na meastacháin a bhí déanta aige ar riachtanais maoinithe sheachtraigh na hÚcráine, agus d'aithin sé easnamh eile USD 4.5 billiún do 2018 agus 2019. Is mó i bhfad na riachtanais mhaoinithe sin ná an maoiniú atá geallta go dtí seo ag an bpobal idirnáisiúnta, maoiniú a chuimsíonn tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais de bhun Chinneadh 2002/639/CE ón gComhairle, Chinneadh Uimh. 646/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Chinneadh 2014/215/AE ón gComhairle agus Chinneadh (AE) 2015/601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(7)    I Samhain 2017, i bhfianaise na drochstaide eacnamaíche agus airgeadais a bhí go fóill san Úcráin, d'iarr na húdaráis tacaíocht bhreise mhacra-airgeadais ar an Aontas.

(8)    Ag an gComhairle Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a tionóladh an 8 Nollaig 2017, d'athdhearbhaigh an tAontas go raibh sé ag seasamh le móriarrachtaí na hÚcráine athchóirithe a chur i bhfeidhm, lena náirítear tacaíocht airgeadais a chuirfeadh sé ar fáil bunaithe ar dhul chun cinn nithiúil an athchóirithe.

(9)    Ós rud é go gcumhdaítear an Úcráin faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, ba cheart a mheas go bhfuil sí incháilithe chun tacaíocht mhacra-airgeadais a fháil ón Aontas.

(10)    Is é ba cheart a bheith i dtacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú na níocaíochtaí, agus é mar aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha maoinithe sheachtraigh an tairbhí, agus ba cheart an tacaíocht sin a úsáid mar bhonn le clár a chur chun feidhme faoina gcuirfí bearta láidre práinneacha i bhfeidhm maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, bearta a bheadh ceaptha staid an tairbhí i dtaca le comhardú na níocaíochtaí a fheabhsú sa ghearrthéarma.

(11)    Ós rud é go bhfuil easnamh maoinithe sheachtraigh fós ann maidir le comhardú íocaíochtaí na hÚcráine, ar mó é ná na hacmhainní atá á gcur ar fáil ag CAI agus ag institiúidí iltaobhacha eile, meastar, faoi na cúinsí eisceachtúla sin, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na hÚcráine ar thacaíocht do chobhsú a geilleagair é don Aontas tacaíocht mhacra-airgeadais a chur ar fáil, i gcomhar le clár CAI. Thacódh tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais le cobhsú an gheilleagair agus le clár um athchóiriú struchtúrach na hÚcráine, agus chuirfeadh sí leis na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú airgeadais CAI.

(12)    Ba cheart tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais a bheith dírithe ar staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú san Úcráin, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre.

(13)    Déanfar méid na tacaíochta macra-airgeadais ón Aontas a chinneadh ar bhonn measúnú cainníochtúil iomlán ar na riachtanais maoinithe sheachtraigh atá fós ag an Úcráin, agus cuirfear san áireamh cumas na tíre sin a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta a cuireadh ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Ba cheart go gcuirfeadh tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais leis na cláir agus na hacmhainní atá á gcur ar fáil ag CAI agus ag an mBanc Domhanda. Agus méid na tacaíochta á chinneadh, cuirtear san áireamh, freisin, na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ó dheontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha agus an gá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, maille leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoinithe sheachtraigh eile san Úcráin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.

(14)    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, leis na príomhphrionsabail, príomhchuspóirí agus príomhbhearta a bhaineann le réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(15)    Ba cheart tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais a bheith i gcomhréir le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Úcráin. Ba cheart do sheirbhísí an Choimisiúin agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile agus an tacaíocht mhacra-airgeadais á cur i bhfeidhm chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(16)    Ba cheart tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais a bheith ag tacú leis an ngealltanas atá tugtha ag an Úcráin luachanna atá i gcoiteann aici leis an Aontas a urramú, amhail an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urramú chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus leis an ngealltanas atá tugtha aici maidir le prionsabail na trádála oscailte cothroime riailbhunaithe a urramú.

(17)    Ba cheart a leagan síos mar réamhchoinníoll i dtaca le tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais a thabhairt don Úcráin nach mór don Úcráin sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú – lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí – maille leis an smacht reachta, agus gealltanas a thabhairt go nurramófar cearta an duine. Ina theannta sin, ba cheart do na cuspóirí sonracha atá le tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí san Úcráin a neartú agus ba cheart dóibh athchóirithe struchtúracha atá dírithe ar fhás inbhuanaithe cuimsitheach, cruthú post agus comhdhlúthú fioscach a chur chun cinn. Ba cheart don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus don Choimisiún faireachán rialta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na réamhchoinníollacha sin a chomhlíonadh agus na cuspóirí sin a bhaint amach.

(18)    Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha le tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais, ba cheart don Úcráin na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus neamhrialtachtaí eile i dtaca leis an tacaíocht a chosc agus a chomhrac. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an gCoimisiún seiceálacha a dhéanamh agus an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh.

(19)    Eisíoctar tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais gan dochar do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina gcáil mar údarás buiséadach.

(20)    Ba cheart méideanna an tsoláthair a theastaíonn don tacaíocht mhacra-airgeadais a bheith i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

(21)    Is é an Coimisiún ar ceart dó tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon dul chun cinn a dhéantar maidir leis an tacaíocht, agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

(22)    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 .

(23)    Ba cheart tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha an bheartais eacnamaíoch, a leagfar síos i Meabhrán Tuisceana. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoin Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith leis an nós imeachta comhairleach, mar riail ghinearálta, i ngach cás seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise an tionchair thábhachtaigh a d'fhéadfadh a bheith ag an tacaíocht sin de bhreis agus EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid na tacaíochta macra-airgeadais atá an tAontas a thabhairt don Úcráin, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana, agus maidir leis an gcás ina ndéanfaí an tacaíocht sin a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.Cuirfidh an tAontas tacaíocht mhacra-airgeadais EUR 1 bhilliún ar a mhéid ar fáil don Úcráin ("tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais"), d'fhonn tacú le cobhsú gheilleagar na hÚcráine agus le clár substainteach um athchóiriú. Beidh an tacaíocht sin ina cuidiú chun riachtanais na hÚcráine maidir le comhardú na níocaíochtaí, mar a aithníodh iad i gclár CAI, a chumhdach.

2.I bhfoirm iasachtaí a bheidh iomlán na tacaíochta macra-airgeadais a chuirfidh an tAontas ar fáil don Úcráin. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, an tairgead is gá a fháil ar iasacht ó na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus an tairgead sin a thabhairt ar iasacht don Úcráin. 15 bliana an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag na hiasachtaí sin.

3.Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an chaoi a neisíocfar tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais, de réir na gcomhaontuithe agus na gcomhthuiscintí a tugadh i gcrích idir CAI agus an Úcráin, agus de réir phríomhphrionsabail agus phríomhchuspóirí na nathchóirithe eacnamaíocha arna leagan síos sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, lena náirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, arna chomhaontú faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi aon dul chun cinn maidir le tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais, lena náirítear eisíocaíochtaí na tacaíochta sin, agus cuirfidh sé na doiciméid ábhartha ar fáil do na hinstitiúidí sin in am trátha.

4.Cuirfear tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais ar fáil ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith, tréimhse a thosóidh an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

5.Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais á heisíoc, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais maoinithe na hÚcráine i gcomparáid leis na riachtanais a measadh a bheadh ann, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), méid na tacaíochta a laghdú nó cuirfidh sé an tacaíocht ar fionraí nó ar ceal.

Airteagal 2

1.Beidh mar réamhchoinníoll i dtaca le tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais a thabhairt don Úcráin nach mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú – lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí – maille leis an smacht reachta, agus gealltanas a thabhairt go nurramófar cearta an duine.

2.Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll sin le linn shaolré na tacaíochta macra-airgeadais a thabharfaidh an tAontas.

3.Cuirfear mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle 12 .

Airteagal 3

1.I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar le húdaráis na hÚcráine, coinníollacha dea-shainithe airgeadais agus an bheartais eacnamaíoch, a mbeidh tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais faoina réir, agus leagfar na coinníollacha sin síos i Meabhrán Tuisceana ("an Meabhrán Tuisceana") ina mbeidh clár ama chun na coinníollacha sin a chomhlíonadh. Beidh coinníollacha airgeadais agus coinníollacha an bheartais eacnamaíoch a leagfar síos sa Mheabhrán Tuisceana i gcomhréir leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena náirítear an coigeartú macra-eacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an Úcráin le tacaíocht ó CAI.

2.Féachfaidh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí san Úcráin a fheabhsú, lena náirítear i dtaca le tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais a úsáid. Cuirfear san áireamh freisin i gceapadh na mbeart beartais, aon dul chun cinn atá déanta i dtaca le margaí na hÚcráine agus an Aontais a oscailt dá chéile, trádáil chothrom riailbhunaithe a fhorbairt agus tosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.I gComhaontú Iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na hÚcráine, leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann le tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais.

4.Fíoróidh an Coimisiún, ag tréimhsí rialta, go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, agus fiosróidh sé freisin an bhfuil beartais eacnamaíocha na hÚcráine i gcomhréir leis na cuspóirí atá le tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais. Á dhéanamh sin dó, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, más gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

Airteagal 4

1.Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh an Coimisiún tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais ar fáil ina dhá tráthchuid. Leagfar síos méid gach tráthchoda sa Mheabhrán Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3.

2.Déanfar na méideanna de thacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais a sholáthar, i gcás inar gá, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle 13 .

3.Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le heisíocaíocht na dtráthchodanna faoi réir na coinníollacha seo a leanas uile a bheith comhlíonta:

(a)an réamhchoinníoll a leagtar síos in Airteagal 2;

(b)teist leanúnach shásúil maidir le clár a chur chun feidhme faoina gcuirfí i bhfeidhm bearta láidre maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, clár a fhaigheann tacaíocht ó shocrú creidmheasa CAI nach socrú réamhchúraim é; agus

(c)cur chun feidhme sásúil coinníollacha airgeadais agus choinníollacha an bheartais eacnamaíoch arna gcomhaontú sa Mheabhrán Tuisceana.

Ní dhéanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná trí bliana tar éis an chéad tráthchuid a eisíoc.

4.I gcás ina measann an Coimisiún nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos i mír 3, déanfaidh sé na heisíocaíochtaí de thacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. Sna cásanna sin, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cúiseanna a bhaineann leis an gcur ar fionraí nó an cur ar ceal sin.

5.Is le Banc Náisiúnta na hÚcráine a eisíocfar tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais. Faoi réir na bhforálacha atá le comhaontú sa Mheabhrán Tuisceana, lena náirítear deimhniú na riachtanas maoinithe sheachtraigh atá fós ann, féadfar cistí an Aontais a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na hÚcráine ina cáil mar thairbhí deireanach.

Airteagal 5

1.Na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe a bhaineann le tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais, is in euro a dhéanfar iad agus beidh an dáta luacha céanna orthu agus ní bheidh aon bhaint ag an Aontas leis an gclaochlú aibíochtaí, ná ní nochtfar é ar aon riosca ó thaobh ráta malairte nó ráta úis de, nó ar aon riosca tráchtála eile.

2.I gcás ina gceadófar sin, agus má iarann an Úcráin amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go náirítear clásal luath-aisíocaíochta i dtéarmaí agus coinníollacha na hiasachta agus go bhfuil clásal comhfhreagrach i dtéarmaí agus coinníollacha na noibríochtaí iasachtaíochta.

3.I gcás ina gceadófar ráta úis níos fabhraí i leith na hiasachta agus má iarrann an Úcráin amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh iomlán na niasachtaí tosaigh, nó páirt díobh, a athmhaoiniú, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Déanfar oibríochtaí athmhaoiniúcháin nó athstruchturúcháin i gcomhréir le mír 1 agus mír 4 agus ní dhéanfaidh siad aibíocht na niasachtaí lena mbaineann a shíneadh ná ní mhéadóidh siad méid an chaipitil gan íoc ar dháta an athmhaoiniúcháin nó an athstruchturúcháin.

4.Is ar an Úcráin a bheidh aon chostas a thabhóidh an tAontas i dtaca leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe faoin gCinneadh seo.

5.Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon dul chun cinn a dhéanfar i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

Airteagal 6

1.Cuirfear tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euraomt) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún 15 .

2.Is faoi bhainistiú díreach a dhéanfar tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais a chur chun feidhme.

3.Beidh sa Chomhaontú Iasachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) forálacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)a áirithiú go ndearbhóidh an Úcráin go rialta gur baineadh úsáid cheart as an maoiniú arna fháil ó bhuiséad an Aontais, go ndéanfaidh sí bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtabharfaidh sí caingean dlí chun aon chistí míleithreasaithe a cuireadh ar fáil faoin gCinneadh seo a aisghabháil;

(b)cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú, agus foráil a dhéanamh go háirithe maidir le bearta sonracha i dtaca le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile a dhéanann dochar do thacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 16 , Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 17 , agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 ;

(c)údarú sainráite a thabhairt don Choimisiún, lena náirítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, nó a ionadaithe, seiceálacha a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair;

(d)údarú sainráite a thabhairt don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais ar fáil, lena náirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, ar nós measúnuithe oibríochtúla;

(e)a áirithiú go bhfuil an tAontas i dteideal luath-aisíocaíocht na hiasachta i gcás inar suíodh, i dtaca le bainistiú thacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais, go raibh baint ag an Úcráin le calaois nó le héilliú nó le gníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

4.Sula gcuirfear tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún a mheas, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, a fhónta agus atá socruithe airgeadais na hÚcráine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánacha agus seachtracha is ábhartha maidir leis an tacaíocht.

Airteagal 7

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

1.Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil ar chun chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena náirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin:

(a)scrúdófar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le tacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais a chur chun feidhme;

(b)déanfar staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine a mheas, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur chun feidhme;

(c)luafar an nasc idir coinníollacha an bheartais eacnamaíoch a leagtar síos sa Mheabhrán Tuisceana, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach na hÚcráine agus cinntí an Choimisiúin maidir le heisíoc na dtráthchodanna atá i dtacaíocht mhacra-airgeadais an Aontais.

2.Tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis don tréimhse bhailíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(4) dul in éag, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina measfar torthaí agus éifeachtúlacht na tacaíochta macra-airgeadais ón Aontas agus a mhéad a chuidigh sé i dtaca leis na cuspóirí a bhí leis an tacaíocht sin a bhaint amach.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa            Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán            An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.    LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

Tacaíocht mhacra-airgeadais don Úcráin

1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 19  

An réimse beartais:    Teideal 01 – Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Gníomhaíocht:    Teideal 03 – Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

X Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

1.4.    Cuspóirí

1.4.1.    Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

“Borradh nua a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht: an rathúnas a chothú taobh amuigh den Aontas Eorpach"

Na gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu le DG ECFIN, tá baint acu leis an méid seo a leanas:

(d)Cobhsaíocht mhacra-airgeadais agus athchóirithe spreagtha fáis a chur chun cinn taobh amuigh den Aontas Eorpach ar bhealaí éagsúla lena náirítear comhphlé rialta eacnamaíoch le comhpháirtithe tábhachtacha agus tacaíocht mhacra-airgeadais a chur ar fáil; agus

(e)Tacaíocht a thabhairt don phróiseas maidir le méadú, do chur chun feidhme Bheartas Comharsanachta agus thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh i dtríú tíortha trí anailís eacnamaíoch a dhéanamh agus trí mheasúnuithe ar bheartais agus comhairle a chur ar fáil.

1.4.2.    Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach: “An tathúnas a chothú taobh amuigh den Aontas Eorpach"

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann: Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais Idirnáisiúnta.

1.4.3.    An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Is éard atá sa tacaíocht atá beartaithe iasacht suas le EUR 1 bhilliún a thabharfaidh an tAontas Eorpach don Úcráin, d'fhonn dálaí níos inbhuanaithe a chothú maidir le comhardú na níocaíochtaí. Íocfar an tacaíocht ina dhá tráthchuid, agus ba chóir go gcabhródh sé sin leis an tír fuascailt a fháil ar na deacrachtaí atá aici maidir leis an ngeilleagar agus le comhardú na níocaíochtaí. Ina theannta sin, cothóidh an tacaíocht sin athchóirithe struchtúracha arb é is aidhm dóibh fás inbhuanaithe eacnamaíoch a mhéadú agus bainistíocht airgeadais phoiblí a fheabhsú.

1.4.4.    Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Beidh ceangal ar na húdaráis tuairisc a thabhairt go rialta do sheirbhísí an Choimisiúin faoi thacar táscairí agus tuarascáil chuimsitheach a ullmhú faoi chomhlíonadh na gcoinníollacha a comhaontaíodh maidir le beartais sula níocfar tráthchodanna na tacaíochta.

Leanfaidh an Coimisiún d'fhaireachán a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais phoiblí, tar éis an mheasúnaithe oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta riaracháin san Úcráin, measúnú a dhéanfaí sa dara ráithe de 2018. Cuirfidh Toscaireacht an Aontais san Úcráin tuairiscí ar fáil go rialta faoi shaincheisteanna a bhaineann le faireachán ar an tacaíocht. Fanfaidh seirbhísí an Choimisiúin i ndlúth-theagmháil leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus leis an mBanc Domhanda chun leas a bhaint as an tuiscint atá acu de thoradh a ngníomhaíochtaí reatha sa Úcráin.

Leis an gcinneadh reachtach atá beartaithe, foráiltear go gcuirfear tuarascáil bhliantúil faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa, agus beidh measúnú ar chur chun feidhme na hoibríochta sa tuarascáil sin. Déanfar meastóireacht ex post neamhspleách ar an tacaíocht laistigh de dhá bhliain tar éis don tréimhse cur chun feidhme dul in éag.

1.5.    Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.    Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Beidh eisíocaíocht na tacaíochta ag brath ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha polaitiúla agus ar theist shásúil ar chur chun feidhme socraithe airgeadais idir an Úcráin agus CAI. Sa bhreis air sin, tiocfaidh an Coimisiún ar chomhaontú le húdaráis na hÚcráine maidir le coinníollacha sonracha beartais, agus liostófar iad i Meabhrán Tuisceana.

1.5.2.    Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE

Is trí chabhrú leis an tír cur leis an mbuanseasmhacht eacnamaíoch sheachtrach atá aici a chabhróidh an tacaíocht mhacra-airgeadais (TMA) atá beartaithe an chobhsaíocht mhacraieacnamaíoch agus athchóirithe eacnamaíocha a chur chun cinn sa tír. Is trí acmhainní atá curtha ar fáil ag ionstraimí eile an Aontais, ag na hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus ag deontóirí eile a chomhlánú a chothófar éifeachtacht fhoriomlán phacáiste na tacaíochta airgeadais arna chomhaontú ag an bpobal idirnáisiúnta deontóirí aimsir na géarchéime.

Ina theannta sin, beidh an clár atá beartaithe ina chuidiú chun dúthracht an rialtais a neartú maidir le hathchóiriú na tíre. Bainfear an toradh sin amach, inter alia, trí choinníollacht iomchuí maidir le heisíocaíocht na tacaíochta. I gcomhthéacs níos leithne maidir leis an gclár, tabharfar le fios do thíortha eile sa réigiún go bhfuil an tAontas faoi réir tacaíocht a thabhairt do thíortha atá ag tabhairt bhóthar an athchóirithe orthu féin aimsir na ndeacrachtaí eacnamaíocha ach an bóthar sin a bheith leagtha amach go soiléir.

1.5.3.    Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Ó 2004 i leith, rinneadh cúig mheastóireacht ex-post déag ar oibríochtaí tacaíochta macra-airgeadais. Is í an chonclúid a baineadh as na meastóireachtaí sin gurb amhlaidh a bhíonn an tacaíocht mhacra-airgeadais ina cuidiú, bíodh is gur cuidiú ar leibhéal íseal nó indíreach a bhíonn ann uaireanta, le feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht sheachtrach agus ar an gcobhsaíocht mhaicreacnamaíoch sa tír is faighteoir agus go gcabhraíonn sí le hathchóirithe struchtúracha a bhaint amach. I bhformhór na gcásanna, ba chun sochair a chuaigh an tacaíocht mhacra-airgeadais do chomhardú íocaíochtaí na tíre is faighteoir agus chuidigh léi a srianta buiséideacha a mhaolú. Ba thoradh eile ar an tacaíocht gur mhéadaigh ar an bhfás eacnamaíoch de bheagán.

Le linn meastóireachta neamhspleáiche in 2017, rinneadh scrúdú ar luach breise, tionchar, dearadh agus cur chun feidhme an dá oibríocht TMA a rinneadh roimhe sin san Úcráin (TMA I agus TMA II inar eisíocadh EUR 1.61 billiún ar an iomlán in 2014-2015) agus measadh iad a bheith ábhartha, éifeachtach agus curtha i bhfeidhm go héifeachtúil. Is iad na príomhchonclúidí a d'eascair as an meastóireacht gur imir an tacaíocht mhacra-airgeadais, mar thoradh ar cé chomh tapa agus a úsáideadh í i measc cúiseanna eile, gur imir sí tionchar dearfach ar gheilleagar na hÚcráine, gur cobhsaíodh na dálaí airgeadais, gur seachnaíodh bearta a rachadh chun dochair don tsochaí (laghduithe breise ar chaiteachas poiblí mar shampla). Ina theannta sin, chuidigh sé le hiarrachtaí athchóiriúcháin na tíre.

1.5.4.    Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá an tAontas Eorpach ar cheann de na príomhdheontóirí atá ag an Úcráin, agus tugann sé tacaíocht d'athchóirithe eacnamaíocha, struchtúracha agus institiúideacha na tíre maille le tacaíocht dá sochaí shibhialta. Is é is aidhm don togra seo an leibhéal tacaíochta reatha, suas le EUR 200 milliún de dheontais in aghaidh na bliana, an leibhéal sin a choinneáil don tréimhse 2018-2020 freisin, ar choinníoll go leanfar leis an dul chun cinn maidir le hathchóirithe. Amach ón tacaíocht a thugtar maidir le hathchóirithe eacnamaíocha agus rialtais, bheadh sé mar aidhm leis an tacaíocht mhacra-airgeadais ón Aontas deimhin a dhéanamh de go mbeadh fáil níos fearr ag saoránaigh na hÚcráine ar oideachas, ar phoist agus ar chúram sláinte, go háirithe ag na saoránaigh is leochailí, lena náirítear iad siúd a d'fhulaing de bharr na coinbhleachta san Oirthear.

I gcomparáid le hionstraimí eile de chuid an Aontais, ba é an breisluach ba thábhachtaí a bhainfeadh le tacaíocht mhacra-airgeadais creat maicreacnamaíoch cobhsaí a thógáil trí bhealaí éagsúla, lena náirítear comhardú íocaíochtaí agus staid bhuiséadach inbhuanaithe a chothú, mar aon le creat iomchuí chun athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn. Ní chuirtear tacaíocht airgeadais rialta ar fáil mar chuid den tacaíocht mhacra-airgeadais. Cuirfear deireadh leis an tacaíocht mhacra-airgeadais a luaithe is a chuirfear staid sheachtrach airgeadais na tíre ar ais ar bhealach na hinbhuanaitheachta.

Ina theannta sin bheadh an tacaíocht mhacra-airgeadais comhsheasmhach le hidirghabhálacha atá beartaithe ag na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, go háirithe na cláir um choigeartú agus athchóiriú a dtugann an CAI agus an Banc Domhanda tacaíocht dóibh.

1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

X    Togra/tionscnamh i bhfeidhm ar feadh 2.5 bliana ón uair a tháinig an Meabhrán Tuisceana, mar a luaitear in Airteagal (1.4) den Chinneadh, i bhfeidhm.

X    Tionchar airgeadais ó 2018 go 2021

1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe 20  

X Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

2.    BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

De chineál maicreacnamaíoch is ea an tacaíocht seo agus ceapadh í i gcomhréir leis an gclár eacnamaíoch a bhfuil tacaíocht CAI leis. Déanfar faireachán ar an mbeart atá á chur i gcrích ag seirbhísí an Choimisiúin de réir an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm an tsocraithe CAI agus de réir bhearta athchóirithe sonracha atá le comhaontú le húdaráis na hÚcráine i Meabhrán Tuisceana (féach freisin pointe 1.4.4).

2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.    Na rioscaí a aithníodh.

Tá rioscaí ó thaobh muiníne, polaitíochta agus beartas de ag an tacaíocht mhacra-airgeadais atá beartaithe.

Tá baol ann go núsáidfí an tacaíocht mhacra-airgeadais ar bhealach calaoiseach. Toisc nach bhfuil an tacaíocht mhacra-airgeadais sannta ag an Úcráin do chostais ar leith (murab ionann agus an maoiniú do thionscadail, mar shampla), tá baint ag an mbaol sin le tosca amhail caighdeán ginearálta na gcóras bainistíochta i mBanc Ceannais na hÚcráine agus san Aireacht Airgeadais, nósanna imeachta riaracháin, feidhmeanna rialaithe agus maoirseachta, slándáil córas TF agus oiriúnacht na ninniúlachtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí.

Tá baol eile ann, is é sin go mb'fhéidir nach néireodh leis an Úcráin ús a íoc ar a cuid dliteanas airgeadais i leith an Aontais, dliteanais a bheadh ceangailte leis na hiasachtaí macra-airgeadais atá beartaithe (riosca mainneachtana nó creidmheasa), rud a d'fhéadfadh titim amach, cuir i gcás, dá rachadh comhordú íocaíochtaí agus staid fhioscach na tíre in olcas an athuair.

An staid gheopholaitiúil réigiúnach is cúis le baol mór eile don tacaíocht, go háirithe an choinbhleacht atá fós ar siúl in oirthear na tíre, rud a chuireann ó dhoras mórán insreabhadh caipitil phríobháidigh. Dá rachadh an staid gheopholaitiúil réigiúnach in olcas, d'fhéadfadh sé sin tionchar diúltach a imirt ar chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch na hÚcráine, rud a chuirfeadh isteach ar éifeachtacht chlár CAI agus ar eisíocaíocht agus/nó aisíocaíocht na tacaíochta macra-airgeadais atá beartaithe. Ina theannta sin, tá an caidreamh achrannach atá fós ann idir an Úcráin agus an Rúis, arb í ceann de na margaí is tábhachtaí ag an Úcráin í, tá an caidreamh sin ag cur isteach go mór ar théarnamh eacnamaíoch na tíre.

Laistigh den tír féin, is iad is cúis leis na príomhrioscaí an timpeallacht pholaitiúil chasta agus dreamanna a bhfuil leas láidir dílsithe acu atá ag cur i gcoinne na nathchóirithe. D'fhágfadh sé sin nach gcuirfí an tathchóiriú i bhfeidhm i gceart, agus níos measa fós, nach gcuirfí i bhfeidhm iad roimh na toghcháin náisiúnta in 2019, rud a chuirfeadh ó mhaith cur chun feidhme na tacaíochta macra-airgeadais atá beartaithe trí chur isteach ar dhul chun cinn chlár CAI agus ar bhealaí eile.

2.2.2.    Modhanna rialaithe atá beartaithe

Beidh an tacaíocht mhacra-airgeadais faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena náirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

2.2.3.    Costais agus sochair na rialuithe agus an ráta dóchúil neamh-chomhlíonta

Léirítear i dTábla 3.2.1 na bunchostais atá ar an gCoimisiún maidir le modhanna fíorúcháin agus rialaithe, chomh maith le costas an Mheasúnaithe Oibríochtúil ar na scagchuarda airgeadais agus na nósanna imeachta riaracháin, measúnú a dhéantar sula dtugtar an tacaíocht mhacra-airgeadais. Sa bhreis air sin, tá costais ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus i gcás idirghabháil ón Oifig Eorpach Frithchalaoise. Ní hamháin go gcabhraíonn an Measúnú Oibríochtúil le rioscaí maidir le míleithreasú na gcistí a mheas, ach bíonn faisnéis úsáideach le baint as i dtaobh na nathchóirithe atá ag teastáil maidir le bainistíocht airgeadais phoiblí. Maidir leis an ráta dóchúil neamh-chomhlíontachta, meastar gur íseal atá an riosca neamh-chomhlíontachta (gan an iasacht a aisíoc nó míleithreasú na gcistí), i bhfianaise na taithí a fuarthas ó bunaíodh an ionstraim tacaíochta macra-airgeadais.

2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Chun na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid chalaoiseach a mhaolú, tá roinnt beart déanta cheana agus déanfar bearta eile amach anseo:

I dtús báire, is éard a bheidh sa Chomhaontú Iasachta tacar forálacha maidir le cigireacht, calaois a chosc, iniúchtaí agus aisghabháil cistí i gcás calaoise nó caimiléireachta. Anuas air sin, tá sé beartaithe go gceanglófar roinnt coinníollacha beartais sonracha leis an tacaíocht, lena náirítear coinníollacha a bhaineann le réimse na bainistíochta airgeadais phoiblí, agus é sin d'fhonn éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht a threisiú. Ina theannta sin, déanfar an tairgead a lóisteáil i gcuntas ar leith de chuid Bhanc Náisiúnta na hÚcráine.

Thairis sin, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Airgeadais, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin Measúnú Oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta riaracháin na hÚcráine chun a fháil amach an bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha á dtabhairt ag na nósanna imeachta atá ann maidir le bainistíocht tacaíochta cláir, tacaíocht mhacra-airgeadais san áireamh. Cumhdaítear leis an measúnú saincheisteanna ar nós ullmhúchán agus feidhmiú an bhuiséid, rialú airgeadais inmheánach poiblí, iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha, soláthar poiblí, bainistíocht airgid thirim agus fiachais phoiblí, chomh maith le neamhspleáchas an bhainc ceannais. Réamhthorthaí na cuideachta comhairleachta atá i mbun an Mheasúnaithe Oibríochtúil seo, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad sa dara ráithe de 2018. Déanfaidh toscaireacht an Aontais Eorpaigh i gCív grinnfhaireachán breise ar fhorbairtí sa réimse sin. Ina theannta sin, tá tacaíocht bhuiséadach á úsáid ag an gCoimisiún chun cabhrú le húdaráis na hÚcraine a gcórais bainistithe airgeadais phoiblí a fheabhsú, agus tacaíonn deontóirí eile go mór leis na hiarrachtaí sin.

Ar deireadh, beidh an tacaíocht mhacra-airgeadais faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena náirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.


3.    AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

Línte buiséid atá ann cheana do chaiteachas

01 03 02 Tacaíocht mhacra-airgeadais

01 03 06 Soláthar don Chiste Ráthaíochta

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Tuairisc………………...……….]

LD/LN
( 21 )

ó thíortha de chuid CSTE 22

ó thíortha is iarrthóirí 23

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

4

01 03 02

Tacaíocht mhacra-airgeadais

Difreáilte

Níl

Níl

Níl

Níl

4

01 03 06

Soláthar don Chiste Ráthaíochta

LN

Níl

Níl

Níl

Níl

01 03 06 – De réir an togra ón gCoimisiún, déanfar soláthar don Chiste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an gciste 24 , ag úsáid na leithreasuithe faoi líne buiséid 01 03 06 ("Soláthar don Chiste Ráthaíochta"), agus ag ráta 9 % den na dliteanais iomlána gan íoc. Ríomhfar méid an tsoláthair ag tús na bliana "n" mar an difríocht idir an spriocmhéid agus glansócmhainní an Chiste ag deireadh na bliana "n-1". Déanfar an méid sin a iontráil le linn na bliana "n" sa dréachtbhuiséad do "n+1" agus íocfar go héifeachtach é in aon idirbheart amháin i dtús na bliana "n+1" as an líne buiséid "Soláthar don Chiste Ráthaíochta" (líne buiséid 01 03 06). Dá thoradh sin, déanfar 9 % (i.e. EUR 90 milliún ar a mhéad) den mhéid a íocfar amach go héifeachtach, déanfar é chur san áireamh sa spriocmhéid ag deireadh na bliana "n-1" chun an soláthar don Chiste a ríomh.

Línte nua buiséid atá á niarraidh: neamhbhainteach.

.

3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.    Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil



4

[Ceannteideal: An tAontas ina chomhpháirtí domhanda]

Ard-Stiúrthóireacht: <ECFIN>

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain 2021

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne buiséid 01 03 06 Soláthar don Chiste Ráthaíochta

Gealltanais

(1a)

45

45

90

Íocaíochtaí

(2 a)

45

45

90

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(measúnú oibríochtúil agus meastóireacht ex post)

Líne buiséid 01 03 02 Tacaíocht mhacra-airgeadais

Gealltanais

(3)

0.07

0.15

0.22

Íocaíochtaí

(3 a)

0.07

0.15

0.22

IOMLÁN leithreasuithe
i gcomhair Ard-Stiúrthóireacht

Gealltanais

=1+1a +3

0.07

45

45.15

90.22

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

0.07

45

45.15

90.22



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

45

45

90

Íocaíochtaí

(5)

45

45

90

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

0.07

0.15

0.22

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

0.07

45

45.15

90.22

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.07

45

45.15

90.22



Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil:


5

"Caiteachas riaracháin"

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
2021

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: ECFIN

• Acmhainní daonna

0.043

0.429

0.215

0.010

0.010

0.706

• Caiteachas riaracháin eile

0.010

0.040

0.020

0.070

IOMLÁN Ard Stiúrthóireacht ECFIN

Leithreasuithe

0.053

0.469

0.235

0.010

0.010

0.776

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5

den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.053

0.469

0.235

0.010

0.010

0.777

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
2021

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5

den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

0.053

0.539

0.235

45.01

45.16

90.997

Íocaíochtaí

0.053

0.539

0.235

45.01

45.16

90.997



3.2.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 25

Bliain 2017

Bliain 2018

Bliain 2019

Bliain 2020

Bliain 2021

Saghas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

- Aschur 1

Meastóireacht ex post

1

0.150

1

0.150

Aschur
2

Measúnú oibríochtúil

1

0.070

1

0.070

- Aschur 3

Soláthar don Chiste Ráthaíochta

1

45

1

45

2

90.0

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

1

0.070

1

45

2

45.150

4

90.22

COSTAS IOMLÁN

1

0.070

1

45

2

45.150

4

90.22

3.2.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.    Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

X Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

26

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
2021

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0.043

0.429

0.215

0.010

0.010

0.707

Caiteachas riaracháin eile (misin)

0.010

0.040

0,020

0.070

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.053

0.469

0.235

0.010

0.010

0.777

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 27 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0.053

0.469

0.235

0.010

0.010

0.777

Soláthrófar na leithreasuithe de chineál riaracháin is gá trí leithreasuithe na hArd-Stiúrthóireachta a rinneadh a shannadh cheana do bhainistiú an bhirt agus/nó a a rinneadh a ath-imlonnú cheana laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.2.     Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

X Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
2017

Bliain 2018

Bliain 2019

Bliain 2020

Bliain
2021

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

01 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0.3

3.0

1.5

0.07

0.07

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 28  

XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy 29

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, SNE, INT - Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

0.3

3.0

1.5

0.07

0.07

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Stiúrthóir Stiúrthóireacht D: An oibríocht a mhaoirsiú agus a bhainistiú, dul i gcomhairle leis an gComhairle agus leis an bParlaimint maidir le glacadh an Chinnidh agus maidir le faomhadh an Mheabhráin Tuisceana (MT), an MT a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine, tuarascálacha a athbhreithniú, misin a stiúradh agus an dul chun cinn i dtaobh comhlíonadh coinníollachta a mheasúnú.

Ceann aonaid/Leascheann aonaid Stiúrthóireacht D: Cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir maidir leis an méid seo a leanas: an oibríocht a bhainistiú, dul i gcomhairle leis an gComhairle agus leis an bParlaimint maidir le glacadh an Chinnidh agus maidir le faomhadh an MT, an MT agus an Comhaontú Saoráide Iasachta (in éineacht le Stiúrthóireacht L) a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine, tuarascálacha a athbhreithniú agus an dul chun cinn i dtaobh comhlíonadh coinníollachta a mheasúnú.

Eacnamaithe, Earnáil TMA (Stiúrthóireacht D): An Cinneadh agus an MT a ullmhú, dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta, misin athbhreithnithe a sheoladh, tuarascálacha fhoireann an Choimisiúin a ullmhú mar aon le nósanna imeachta an Choimisiúin maidir le bainistiú na tacaíochta, dul i gcomhairle le saineolaithe seachtracha maidir leis an measúnú oibríochtúil agus maidir leis an meastóireacht ex post.

Stiúrthóireacht L (Aonaid L4, L5 agus L6 faoi mhaoirseacht an Stiúrthóra): An Comhaontú Saoráide Iasachta a ullmhú, é a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine agus é a fháil faofa ag na seirbhísí de chuid an Choimisiúin a bhfuil an cúram sin orthu, agus é a fháil sínithe ag an dá pháirtí. Teacht i bhfeidhm an Chomhaontuithe Saoráide Iasachta a leanúint. Cinneadh nó cinntí an Choimisiúin a ullmhú maidir leis na hidirbhearta iasachta, cur isteach na nIarratas ar Chistí a leanúint, na bainc a roghnú, na hidirbhearta iasachta a ullmhú agus a chur i gcrích agus na cistí a íoc amach leis an Úcráin. Na hoibríochtaí cúloifige a dhéanamh lena leantar aisíocaíocht na hiasachta/na niasachtaí. Na tuarascálacha comhfhreagracha a ullmhú maidir leis na hoibríochtaí sin.

Pearsanra seachtrach

Neamhbhainteach

3.2.4.    Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

X Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

3.2.5.    Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

X Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

X Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

(1)    Tá gach malairt sa doiciméad seo bunaithe ar ráta malairte 1.19 idir EUR agus USD.
(2)    Tá gach malairt sa doiciméad seo bunaithe ar ráta malairte 1.19 idir EUR agus USD.
(3)    IO L 209, 6.8.2002, lgh. 22-23.
(4)    IO L 179, 14.7.2010, lch. 1.
(5)    IO L 111, 15.4.2014, lch. 85.
(6)    IO L 100, 17.4.2015, lgh. 1-7.
(7)    Cinneadh 2002/639/CE ón gComhairle an 12 Iúil 2012 lena gcuirtear tacaíocht mhacra-airgeadais bhreise ar fáil don Úcráin, IO L 209, 6.8.2002, lch. 22.
(8)    Cinneadh Uimh. 646/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena gcuirtear tacaíocht mhacra-airgeadais ar fáil don Úcráin, IO L 179, 14.7.2010, lch. 1.
(9)    Cinneadh 2014/215/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena gcuirtear tacaíocht mhacra-airgeadais ar fáil don Úcráin, IO L 111, 15.4.2014, lch. 85.
(10)    Cinneadh (AE) 2015/601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Aibreán 2015, IO L 100, 17.4.2015, lch. 1.
(11)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(12)    Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
(13)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).
(14)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(15)    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, p. 1).
(16)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(17)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(18)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(19)    ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(20)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(21)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(22)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(23)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(24)    Rialachán (CE, EURATOM) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha, IO L 145, 10.6.2009, lch. 10.
(25)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(26)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(27)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(28)    CA= Gníomhaire Conartha; LA =Gníomhaire Áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT = Ball foirne gníomhaireachta (‘Intérimaire’); JED= ‘Jeune Expert en Délégation’ (Saineolaí Sóisearach i dToscaireacht).
(29)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").