An Bhruiséil,8.3.2018

COM(2018) 113 final

2018/0048(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Soláthraithe Eorpacha Seirbhísí Sluachistiúcháin do Ghnólachtaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2018) 56 final}
{SWD(2018) 57 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ghlac an Coimisiún pacáiste beart inniu chun Aontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú, mar aon leis an Teachtaireacht “Aontas na Margaí Caipitil a chur i gCrích faoi 2019 – is mithid dlús a chur lena chur i bhfeidhm”. Sa phacáiste áirítear an togra seo, chomh maith le togra le haghaidh creat cumasúcháin de chuid an Aontais maidir le bannaí faoi chumhdach, togra lena néascófar dáileadh trasteorann cistí infheistíochta, togra maidir leis an dlí is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de agus Teachtaireacht maidir leis an dlí is infheidhme maidir le héifeachtaí dílsithe na nidirbheart urrús.

Is cuid de thosaíocht an Choimisiúin an tionscnamh seo Aontas na Margaí Caipitil a bhunú agus é mar aidhm leis cur leis an teacht atá ag cuideachtaí nuálacha, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí neamhliostaithe eile ar mhaoiniú 1 .

Sa lá atá inniu ann, is deacair leis na gnólachtaí sin teacht ar mhaoiniú, go háirithe nuair a aistríonn siad ó chéim gnólachta nuathionscanta go céim an leathnaithe, de dheasca faisnéis struchtúrach éagothrom. Is minic róspleáchas ar iasachtaí neamhurraithe gearrthéarmacha bainc a bheith costasach. Ina theannta sin, rinne an ghéarchéim airgeadais in 2008 difear an-mhór don líon iasachtaí a thugann bainc do ghnólachtaí nuathionscanta agus d'Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) agus tá obair mhór acu go fóill an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim a bhaint amach arís, rud a d'fhág go raibh easpa cistí ina cúis thábhachtach le sciar maith de chliseadh gnólachtaí nuathionscanta. Is mó an tábhacht a bhaineann leis na saincheisteanna sin sna Ballstáit nach bhfuil margaí caipitil agus córas baincéireachta chomh forbartha céanna iontu.

Ó tharla gur foirm nua de sheirbhís airgeadais é sluachistiúchán a bhfuil teicneolaíocht ina cuidiú aige, is fearr a d’fhéadfadh sé cuidiú chun infheisteoirí agus tionscadail ghnó a bhfuil cistiú de dhíth orthu a mheaitseáil. Gníomhaíonn ardáin sluachistiúcháin mar idirghabhálaithe idir infheisteoirí agus gnólachtaí, rud a fhágann gur fusa atá infheistóirí in ann tionscadail a aithint a bhfuil suim acu iontu agus tacú leo. Is féidir le sluachistiúchán éirí ina fhoinse thábhachtach le haghaidh maoiniú neamhbhainc agus ar an dóigh sin cuirfidh sé príomhspriocanna Aontas na Margaí Caipitil chun cinn, is é sin tacú le comhtháthú airgeadais níos inbhuanaithe agus le hinfheistíochtaí príobháideacha a rachaidh chun sochair do phoist a chruthú agus d’fhás eacnamaíoch. Diaidh ar dhiaidh, tá sluachistiúchán ag éirí ina chuid thábhachtach de phróiseas leantach cistiúcháin do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí ag na céimeanna tosaigh, gnólachtaí a fhaigheann a gcuid maoinithe ó dhaoine muinteartha, ó chairde nó ó chistí dílse de ghnách go dtí go mbaintear babhtaí forbartha níos deireanaí amach, tráth a thosaíonn cistí caipitil fiontair nó cistí cothromais phríobháidigh ag léiriú suime iontu fiú. Ar an dóigh sin, is féidir le sluachistiúchán rogha mhalartach ar iasachtaí bainc neamhurraithe a chur ar fáil, iasachtaí arb iad na príomhfhoinsí airgeadais seachtracha iad d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, go háirithe le linn thréimhse thosaigh na gníomhaíochta.

Tá Seirbhísí an Choimisiúin ag déanamh faireacháin ar shluachistiúchán le roinnt blianta anuas. I dTeachtaireacht a foilsíodh in 2014 2 agus i ndoiciméad inmheánach oibre a foilsíodh i mí Bealtaine 2016 3 baineadh de chonclúid as nach raibh aon chás láidir ann le haghaidh idirghabháil beartais ar leith an Aontais Eorpaigh ag an bpointe sin. San am céanna, thug Seirbhísí an Choimisiúin gealltanas faireachán a dhéanamh ar an margadh sin agus, ó shin i leith, tá fianaise mhór cruinnithe acu maidir le bacainní ar ghníomhaíocht thrasteorann agus ar fhorbairt an mhargaidh inmheánaigh trí bhíthin comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus staidéir sheachtracha. Ina theannta sin, ó tharla dlús leanúnach na hearnála sluachistiúcháin a bheith suite i líon beag Ballstát, leagtar béim ar an ngá an modh cistiúcháin seo a chur ar fáil ar bhonn níos forleithne ar mhaithe le lucht cuardach cistiúcháin agus infheisteoirí sna Ballstáit go léir.

Bunaítear leis an togra seo lipéad Eorpach le haghaidh ardáin sluachistiúcháin atá bunaithe ar infheistíocht agus ar iasachtaí, lipéad a dhéanann gníomhaíocht thrasteorann a chumasú agus é mar aidhm leis aghaidh a thabhairt ar rioscaí ar bhonn comhréireach. Is é is aidhm leis an togra forbairt seirbhísí sluachistiúcháin a éascú ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus, ar an gcaoi sin, an rochtain ar mhaoiniú a mhéadú d’fhiontraithe, do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghnólachtaí atá i mbun fáis agus do FBManna go ginearálta. Sin an fáth a ndéantar sluachistiúchán ar bhonn deontais agus luaíochta a eisiamh ó raon feidhme an tionscnaimh seo. Gníomh neamhchomhréireach a bheadh ann dá gcuirfí na samhlacha gnó sin san áireamh ar an ábhar nach mbíonn siad ag plé le táirgí airgeadais agus na neamhshiméadrachtaí a chruthaítear leo. Ina theannta sin, tá feidhm ag reachtaíocht cosanta tomhaltóirí an Aontais Eorpaigh cheana maidir le sluachistiúchán ar bhonn luaíochta agus tá rialacha déine maidir le tomhaltóirí a choimirciú ag gabháil léi.

Níl feidhm ag an togra seo maidir leis na seirbhísí a sholáthraítear d’úinéirí tionscadail ina gcáil mar thomhaltóirí mar a shainítear in Airteagal 3(a) de Threoir 2008/48/CE. Dá bhrí sin, sa togra ní áirítear tomhaltóirí a thugann iasachtaí chun críocha tomhaltais ar an ábhar nach iasachtaí do ghnólachtaí iad agus, go pointe, tagann sé faoi raon feidhme reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá ann cheana, go sonrach: (i) nuair a fhaigheann tomhaltóir iasacht le haghaidh a thomhaltais phearsanta agus é ag oibriú lasmuigh dá inniúlacht ghairmiúil tagann an ghníomhaíocht sin faoi théarmaí tagartha na Treorach maidir le Creidmheas Tomhaltais; agus (ii) i gcás in bhfaigheann tomhaltóir iasacht chun maoin dhochorraithe a cheannach, tagann an ghníomhaíocht sin faoi théarmaí tagartha na Treorach um Chreidmheas Morgáiste.

Is é is aidhm leis an togra seo freisin infheisteoirí a chumasú tríd an fhaisnéis is gá a thabhairt dóibh maidir le sluachistiúchán, lena náirítear an fhaisnéis i dtaobh na rioscaí a ghabhann leis. Le go gcuirfidh infheisteoirí iontaobh sna seirbhísí nuálaíocha seo, ceanglaítear leis an togra seo ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na coimircí is gá a bheith i bhfeidhm acu chun an baol go dtiocfaidh drochthoradh astu a íoslaghdú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Go dtí seo, ní raibh soláthar seirbhísí sluachistiúcháin faoi réir ghníomhaíocht spriocdhírithe an Aontais Eorpaigh. Bhí samhlacha gnó á gcur in oiriúint do chreata náisiúnta an-difriúla ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus tá siad faoi réir chórais an Aontais agus córas náisiúnta a bhí ann cheana a chur chun feidhme tríd na húdaráis inniúla náisiúnta. Mar thoradh ar nádúr dinimiciúil samhlacha gnó agus léirithe difriúla ar fud na mBallstát ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá ann cheana, tá éagsúlacht mhór creat rialála ann le haghaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, is é sin le rá nach mbíonn rialachán ar bith ann ar uairibh agus ar uairibh eile cuirtear rialacha cosanta infheisteoirí i bhfeidhm go dian. Go dtí seo, tá córais náisiúnta shaincheapa curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát le haghaidh sluachistiúcháin, agus san am céanna ceanglaíonn Ballstáit eile ar ardáin sluachistiúcháin ceadúnas a fháil agus a bheith ag oibriú faoi chreata an Aontais atá ann cheana, mar atá an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID II), an Treoir um Sheirbhísí Íocaíochta agus an Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Malartacha Infheistíochta.

Níl sé beartaithe leis an Treoir seo maidir le creat dlí um sluachistiú Eorpach idirghabháil a dhéanamh ar chórais náisiúnta shaincheaptha nó ar cheadúnais atá ann cheana, lena náirítear iad siúd faoi MiFID II, faoin Treoir um Sheirbhísí Íocaíochta nó faoin Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Malartacha Infheistíochta, ach ina choinne sin go bhfaighidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin caoi ar lipéad an Aontais Eorpaigh a iarraidh, rud a chuireann ar a gcumas a noibríochtaí a mhéadú ar fud an Aontais faoi choinníollacha áirithe.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is é is aidhm leis an togra an rochtain ar mhaoiniú a leathnú le haghaidh cuideachtaí nuálaíocha, FBManna agus gnólachtaí eile neamhliostaithe, i gcomhréir le tosaíocht an Choimisiúin Aontas na Margaí Caipitil a bhunú. Trí chead a thabhairt d’ardáin a noibríochtaí a mhéadú ar fud an mhargaidh Eorpaigh, is é is aidhm leis an togra rochtain a bheith ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna ar fhoinsí malartacha caipitil i gcomhréir le tionscnaimh eile, arb é ab aidhm leo rochtain ar mhaoiniú a éascú do na heintitis sin, mar atá an creat um Chistí Caipitil Fiontair Eorpacha.

Tá an tionscnamh seo mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin le haghaidh Teicneolaíocht Airgeadais, freisin, a cuireadh le chéile chun tuiscint níos fearr a fháil ar an teicneolaíocht agus le cur ar chumas na teicneolaíochta tacú le hearnáil na seirbhísí airgeadais. Go deimhin, is í earnáil na seirbhísí airgeadais is mó a bhaineann úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha agus cuidíonn sí go mór le claochlú digiteach na sochaí. Tá na teicneolaíochtaí sin ag athrú an dóigh a mbíonn rochtain ag tomhaltóirí agus ag gnólachtaí ar sheirbhísí, agus tá siad ag cur feabhais ar an gcumas rioscaí a mheas agus a thuiscint. Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún chur chuige níos dírithe ar nuálaíocht a roghnú maidir le Teicneolaíocht Airgeadais trí thimpeallacht rialála a éascú inar féidir seirbhísí airgeadais, táirgí agus réitigh nuálaíocha a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh i dtimpeallacht shlán chobhsaí ó thaobh airgeadais de le haghaidh infheisteoirí agus gnólachtaí araon.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo, lena gceadaítear bearta um chomhfhogasú forálacha náisiúnta a ghlacadh arb é is cuspóir leo an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú.

Faoi láthair, ní féidir le sluachistiúchán tairbhe a bhaint as an margadh inmheánach in éagmais córas sainainmnithe comhleanúnach le haghaidh maoirseachta agus rialála. Cé go gcuireann roinnt Ballstát an creat le haghaidh seirbhísí airgeadais atá ann faoi láthair i bhfeidhm maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, i mBallstáit eile fágtar amuigh as an gcóras rialála iad agus iad ag oibriú faoi dhíolúintí san am céanna, de réir mar a oireann don tsamhail shonrach gnó i gceist. Ag an am céanna, tá líon áirithe Ballstát eile, líon atá ag dul i méid, ag cur creat saincheaptha náisiúnta chun feidhme chun freastal go sonrach ar ghníomhaíochtaí sluachistiúcháin.

Ar an dóigh sin, cuireann creata, rialacha agus léirithe éagsúla na samhlacha gnó a chuirtear i bhfeidhm maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar fud an Aontais bac ar an acmhainneacht gníomhaíocht sluachistiúcháin a mhéadú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Na difríochtaí móra maidir le caighdeáin rialála agus na raonta feidhme reachtacha éagsúla a ghlac na Ballstáit, cuireann siad bacainn ar ardáin sluachistiúcháin a noibríochtaí a mhéadú ar fud an Aontais mar go mbíonn orthu a samhlacha gnó a athrú de réir gach dlínse, rud a éilíonn iliomad údaruithe nó clárúchán go minic agus a fhágann nár mhór dlíthe náisiúnta éagsúla a chomhlíonadh, agus dlíthe a bhaineann le réimse na margaíochta agus cosaint tomhaltóra ina measc sin. Dá thoradh sin tá costais arda, castacht dhlíthiúil agus éiginnteacht ann do sholáthraithe seirbhísí sluachiustiúcháin, agus is é is cúis leis sin an margadh a bheith ilroinnte gan gá chomh maith le heaspa barainneachtaí scála agus le cineálacha cur chuige neamhchomhréireacha maidir le trédhearcacht agus rioscaí airgeadais. Bacainn atá sna héagsúlachtaí sin ar bhunú agus ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh.

Cuireann an cás seo bac ar chumas ardáin sluachistiúcháin dul isteach i margaí eile an Aontais lasmuigh den mhargadh náisiúnta agus fágann sé nach bhfuil dreasachtaí airgeadais do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin á gcur i bhfiedhm ach i dtíortha móra an Aontais agus iontu sin amháin, tíortha a bhfuil margadh sách mór iontu. Dá bhrí sin, cuireann sé seo bac ar an gcumas margadh inmheánach comhtháite san Aontas a fhorbairt le haghaidh seirbhísí sluachistiúcháin.

San am céanna, tá teorainn ar inrochtaineacht infheisteoirí agus ar a gcumas riosca a éagsúlú ar an dóigh chéanna in éagmais margadh inmheánach. Tá earnálacha tábhachtacha agus nuálacha ann, mar atá an teicneolaíocht, cás inar beag an tábhacht a bhaineann le bheith i ngaireacht gheografach chun infheistiú, agus dá bharr sin is mór an spleáchas sna hearnálacha sin ar infheisteoirí idirnáisiúnta. De dheasca na mbacainní trasteorann ar tugadh aird orthu thuas, tá obair ag infheisteoirí idirnáisiúnta teacht chun cinn ar ardáin sluachistiúcháin Eorpacha, in ainneoin an fháis thapa ar mhargaí baile. Dá thoradh sin, an deacracht atá ag infheisteoirí a bheith páirteach ar bhonn trasteorann, cruthaíonn sé costais chuardaigh bhreise agus cuireann sé srian ar shaorshreabhadh caipitil laistigh den Aontas.

Is léir go dtéann líon áirithe gnólachtaí i muinín eintiteas dlíthiúil a ionchorprú agus cistí a thiomsú i dtíortha ina bhfuil margaí forbartha sluachistiúcháin. Cé go mb’fhéidir go mbeadh tionchar ag fachtóirí eile air seo, mar atá an téiceachóras áitiúil airgeadais, fágann sé nach mbeadh gnólachtaí beaga in earnálacha a bhfuil soghluaiseacht íseal fachtóirí táirgeachta iontu in ann teacht ar na deiseanna cistiúcháin seo mura mbeadh margadh sluachistiúcháin baile ann cheana. Dá bhrí sin, mura féidir le hárdáin agus le hinfheisteoirí gluaiseacht thar theorainneacha, féadfaidh sé bac a chur ar ghnólachtaí as réimse mhór earnálacha teacht ar mhaoiniú.

Cruthaíonn na héagsúlachtaí seo éagothroime iomaíochta le haghaidh soláthraithe ardán agus sin ag brath ar an áit a bhfuil siad lonnaithe, má dhéantar samhlacha cistiúcháin a ilroinnt ar bhonn náisiúnta, rud a chruthódh bacainní breise ar mhargadh inmheánach i seirbhísí sluachistiúcháin. Ar na príomhchúiseanna leis sin tá léirithe difriúla ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus an dóigh a gcaitear leo chomh maith leis an mímhuinín breise maidir le héiginnteacht agus ardchostais chuardaigh a chothaítear i measc infheisteoirí atá ag plé le hinfheistíocht thrasteorann. Níos tábhachtaí arís, ó tharla léirithe den sórt sin agus an dóigh a gcaitear le seirbhísí sluachistiúcháin a bheith chomh héagsúil sin, cruthaítear éiginnteacht dhlíthiúil le haghaidh infheisteoirí miondíola, dream a dhíspreagtar ó sheirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar i bhfianaise cosaint lag nó éiginnte maidir lena gcuid ceart, cosaint dlí agus easpa trédhearcachta i dtéarmaí praghsála agus muirear a ghabhann le hinfheistíochtaí sna tionscadail.

Trí choinníollacha oibriúcháin aonfhoirmeacha a thabhairt isteach le haghaidh gnólachtaí laistigh den Aontas Eorpach, sáraíonn an togra na difríochtaí i gcreata dlíthiúla náisiúnta arb é ilroinnt an mhargaidh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh an toradh a bhí orthu, agus laghdaíonn sé go mór an chastacht, an tualach airgeadais agus riaracháin do na páirtithe leasmhara go léir, i.e. ardáin sluachistiúcháin, úinéirí tionscadal agus infheisteoirí. San am céanna, déanann sé cothroime iomaíochta a áirithiú idir na soláthraithe seirbhísí go léir tríd an lipéad Eorpach céanna a úsáid.

Coimhdeacht

Faoi Airteagal 4 CFAE, ní mór gníomhaíocht AE chun an margadh inmheánach a chur i gcrích a mheas i dtaca le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ní mór a mheasúnú an amhlaidh nárbh fhéidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a ghnóthú faoi chuimsiú a gcóras dlí náisiúnta agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gcuspóirí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.

De dheasca na gcineálacha cur chuige difriúla a ghlac na Ballstáit agus na léirithe éagsúla atá acu ar ghníomhaíocht sluachistiúcháin, bhí béim mhéadaitheach á cur ar na saincheisteanna atá leagtha amach anseo. Ós rud é gurb iad córais náisiúnta shaincheaptha an príomhbhac ar ardáin, bac a dhéanann an margadh a ilroinnt a thuilleadh, ní féidir na cuspóirí a ghnóthú trí ghníomhaíocht aonair ar leibhéal na mBallstát.

Tá faireachán á dhéanamh ag Ranna an Choimisiúin ar an margadh le roinnt blianta anuas agus d'aithin siad go bhfuil ag méadú ar fhadhbanna éagsúla nach mór idirghabháil a dhéanamh ina leith ar leibhéal an Aontais. San fhianaise a bailíodh trí staidéir agus trí chomhairliúcháin phoiblí, léiríodh go bhfuil tacaíocht láidir ann le haghaidh gníomhaíochta. Ní dhearna na Ballstáit aon iarracht chomhordúcháin go nuige seo maidir le rialacha le haghaidh seirbhísí iasachtaithe a sholáthraíonn institiúidí nach nglacann le taiscí agus níl cur i bhfeidhm rialacha MiFID maidir le hardáin sluachistiúcháin atá bunaithe ar infheistíocht sách aonfhoirmeach chun gur féidir gníomhaíocht trasteorann a dhéanamh. Ní fhéadfadh na bearta a dhéanann na Ballstáit ach a margadh féin a leigheas, agus níor leor sin chun an tionchar diúltach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a laghdú.

Is amhlaidh nach bhfuil rochtain ar mhaoiniú ó na margaí caipitil ag na céimeanna tosaigh ach ag tíortha móra an Aontais Eorpaigh agus tá teorainn ar inrochtaineacht agus ar chumas infheisteoirí riosca a éagsúlú ar an dóigh chéanna beag beann ar an áit ina bhfuil siad lonnaithe go geografach. Trí chreat a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais, d'áiritheofaí go bhféadfadh gníomhaíochtaí sluachistiúcháin a shaothrú faoi nós imeachta an phas ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Dá thoradh sin, bheadh tuilleadh iomaíochais ann idir soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus bheadh na Ballstáit a bhfuil margaí beaga inmheánacha acu in ann foinsí cistiúcháin malartacha a fhorbairt. Chuirfeadh sé a thuilleadh caipitil ar fáil freisin do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna agus bheadh teacht ag infheisteoirí ar chineál sócmhainní malartach.

Comhréireacht

De réir phrionsabal na comhréireachta, níor cheart inneachar agus foirm ghníomhaíocht AE a dhul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach.

Inniu féin, na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar mian leo a gcuid seirbhísí a thairiscint i mBallstáit eile, tá cead acu sin a dhéanamh a mhéid agus a fhaigheann siad ceadúnas áitiúil chuige agus go gcloíonn siad le córas sluachistiúcháin náisiúnta an Bhallstáit sin. Go praiticiúil, fágann sin nár mhór do sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin roinnt córas éagsúil a chomhlíonadh san am céanna chomh maith lena shamhail gnó féin a athrú más mian leis seirbhísí a thairiscint ar bhonn trasteorann. Cuireann sin bac nach beag ar chumas soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a ngnó a mhéadú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Is ar ghníomhaíochtaí tiomsaithe caipitil ar bhonn níos lú a chuirtear béim maidir le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin le haghaidh tionscadal, gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna. Mar sin féin, tá ar sholáthraithe i roinnt Ballstát an reachtaíocht earnálach atá anois ann a chur i bhfeidhm, amhail MiFID II agus MiFIR. D'fhéadfadh sé go bhfuil na rialacha sin díréireach le haghaidh gníomhaíochtaí beaga. De bhreis air sin, d'fhéadfadh sé nach bhfuil na rialacha sin oiriúnach don fheidhm atá acu. Cuimsíonn an sluachistiúchán roinnt samhlacha gnó éagsúla, agus b'fhéidir nach dtabharfaí aghaidh orthu uile, agus d’fhéadfadh éifeachtaí iarmharta rialála nach bhféadfaí a thuar a bheith acu. Dá dheasca sin, b’fhéidir nach bhféadfaí líon méadaitheach ardán a chlúdach ar bhealach comhréireach, ar ardáin iad ina ndéantar samhlacha gnó éagsúla a mheascadh, agus d’fhéadfadh baint a bheith acu le hidirbhearta atá bunaithe ar iasachtú agus ar infheistíocht.

Dá mbeadh córas sluachistiúcháin Eorpach deonach aonair ann faoi lipéad Soláthraí Seirbhísí Sluachistiúchistiúcháin Eorpach, córas a roghnódh ardáin nuair is áil leo gnó a dhéanamh ar bhonn trasteorann, d’fhágfadh sé creata sluacistiúcháin náisiúnta gan athrú, ach thabharfadh sé deis san am céanna d’ardáin ar mian leo sin, a noibríochtaí a mhéadú ar leibhéal Eorpach agus gnó a dhéanamh ar bhonn trasteorann. Leis sin, d'fhéadfaí laghdú sách tapa agus mór a dhéanamh ar chostais dul isteach sa mhargadh (costais rialála agus mhaoirseachta) le haghaidh ardáin sluachistiúcháin atá ag oibriú (nó a bhfuil sé beartaithe acu oibriú) ar bhonn trasteorann, ós rud é nach ndéanfaí iad a údarú ach uair amháin. Ag an am céanna, bheadh an córas sin níos comhréirí ná i gcás rialacha MiFID. An córas sin atá beartaithe arb é is aidhm leis seirbhísí a sholáthar, bheadh solúbthacht go leor ann maidir le gníomhaíochtaí ardáin a chuimsiú ina mbeadh iliomad samhlacha gnó, ar an ábhar go gcuireann sé córas aonair ar fáil a bhfuil feidhm aige maidir le samhlacha atá bunaithe ar infheistíocht agus samhlacha atá bunaithe ar iasachtú araon (rud a laghdódh éiginnteacht rialála). An cur chuige sin, d’áiritheodh sé freisin go seasfaidh an córas an aimsir i bhfianaise forbairt thapa laistigh den earnáil agus úsáid ionstraimí éagsúla.

Bheadh an rogha tosaíochta comhleanúnach maidir leis an gcreat reachtach freisin, mar gur féidir le creata airgeadais seanbhunaithe cómhaireachtáil ann laistigh den chóras seo, ach go mbeadh eisceacht ann i gcomhréir leis an bparaiméadar EUR aon mhilliún arna leagan síos i gcuid ríthábhachtach eile de dhlí AE, agus go háirithe i Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a bheidh urrúis á dtairiscint don phobal nó nuair a cheadaítear isteach lena dtrádáil iad i margadh rialaithe 4 . Dhéanfadh an cur chuige sin rioscaí a bhaineann le harbatráiste rialála a laghdú, agus dhéanfadh sé gníomhaíochtaí trasteorann a éascú i gcomhréir le cosaint stóinseach infheisteoirí agus creat cobhsaíochta airgeadais.

An rogha ionstraime

Faoi Airteagal 114 CFAE, is féidir gníomhartha a ghlacadh i bhfoirm Rialacháin nó Treorach. Sa chás seo roghnaíodh rialachán mar bheadh "Lipéad AE" ann agus le go mbeidh sé éifeachtúil, ní mór feidhm dhíreach a bheith aige maidir le gach Ballstát.

Ar an dara dul síos, ós rud é go leagtar síos ceanglais chomhchuibhithe sa Rialachán atá beartaithe maidir le hardáin sluachistiúcháin arb áil leo údarú a fháil ina gceann agus ina gceann, ní ceart an Rialachán a bheith faoi réir rialacha sonracha náisiúnta. Dá bhrí sin, sa chás seo is iomchuí Rialachán ná Treoir. Mar sin féin, na gnéithe sin a thiocfadh lasmuigh de raon feidhme an togra bheidís faoi réir rialacha náisiúnta, lena náirítear gnéithe a dhéanann forálacha na dTreoracha AE is infheidhme a thrasuí.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Sna freagraí ar chomhairliúcháin an Choimisiúin maidir le sluachistiúchán in 2013, sa Pháipéar Uaine maidir le hAontas na Margaí Caipitil in 2014, in Athbhreithniú Meántéarma Aontas na Margaí Caipitil in 2017 agus sa chomhairliúchán maidir le teicneolaíocht airgeadais in 2017, tugadh fianaise cháilíochtúil a thacaíonn le measúnú tionchair a fhorbairt. D’aithin freagróirí chomhairliúchán an Pháipéir Uaine maidir le hAontas na Margaí Caipitil go raibh líon bacainní ann ar fhorbairt ardáin sluachistiúcháin a rialaítear mar is iomchuí, mar a leanas: bacainní rialála, faisnéis a bheith gann agus ar bheagán cáilíochta, agus bacainní eile mar atá easpa margaí tánaisteacha agus bacainní cánach. Mheas roinnt freagróirí go ndéanfadh idirghabháil AE idirbhearta trasteorann a éascú ar chostas níos ísle. Is iomaí ráiteas cosúil a fuarthas ó fhreagróirí chomhairliúchán an Athbhreithnithe Meántéarma maidir le hAontas na Margaí Caipitil ag áitiú i bhfábhar creat dlíthiúil ceart a fhorbairt le haghaidh sluachistiúcháin ar fud an Aontais chun a áirithiú go gcosnófar infheisteoirí agus tomhaltóirí go hiomchuí, agus ar a ngcaoi sin margadh sách mór a fhorbairt.

Rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir le ‘Teicneolaíocht airgeadais: earnáil airgeadais Eorpach atá níos iomaíche agus níos nuálaí’. Fuair an comhairliúchán poiblí 226 fhreagra san iomlán a raibh daoine aonair, an lucht tionscail (ó éagsúlacht mhór rannpháirtithe sa mhargadh), rialtóirí agus maoirseoirí Eorpacha, úsáideoirí agus ceardchumainn san áireamh ann. Foilsíodh achoimre ar a ndúradh mar aon le hachoimre mhionsonraithe ar fhreagraí aonair an chomhairliúcháin phoiblí an 12 Meán Fómhair 2017. Tríd agus tríd, mheas na freagróirí go bhfuil tionchar díreach ag córais rialála náisiúnta le haghaidh sluachistiúcháin san Eoraip ar fhorbairt na hearnála sluachistiúcháin. Dearcadh coiteann a bhí sa mhéid sin i measc na bhfreagróirí ar fad (ar bhonn pearsanta, eagraíochtaí príobháideacha, údaráis phoiblí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta). Beagnach leathchuid de na freagróirí a thug tuairim uathu faoin ábhar, chreid siad go gcuireann córais rialála náisiúnta bac ar ghníomhaíocht sluachistiúcháin thrasteorann agus go bhfuil gá le comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais. Thug siad sin le fios freisin go raibh an margadh ilroinnte de bharr éagsúlachtaí sna córais a glacadh sna Ballstáit difriúla. Ina theannta sin, bhí siad ann a d’áitigh gurb é an bac a chuirtear ar ghníomhaíocht trasteorann trí rialacháin náisiúnta a chur le hais a chéile a chuireann as d’iomaíochas ceart, rud a d’fhág go raibh sé deacair agus níos costasaí d’ardáin méadú agus an méid is gá a bhaint amach le go ndéanfar brabús san fhadtéarma.

Lena chois sin, chuir seirbhísí an Choimisiúin sraith ceardlann ar bun ina ndeachaigh siad i gcomhairle leis na Ballstáit, comhlachtaí trádála agus a gcuid comhaltaí. Reáchtáladh trí cheardlann rialála maidir le sluachistiúchán i gcomhar leis na Ballstáit i mí na Nollag 2014, i mí Feabhra 2016 agus i mí na Samhna 2017, i gcreat Shainghrúpa an Choiste Eorpach um Urrúis. Tharraing saineolaithe aird ar líon áirithe saincheisteanna a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu chun bacainní dlíthiúla a sheachaint agus chun gníomhaíocht sluachistiúcháin a chur chun cinn san Aontas, amhail faisnéis a roinnt, sonraí a bhailiú, tacsanomaíocht choiteann a bhunú, tacú le gníomhaíochtaí faoi nós imeachta an phas, agus ceanglais níos cóineasaithe maidir le faisnéis a nochtadh le haghaidh eisiúintí urrúis faoi bhun thairseach an réamheolaire. Bhunaigh seirbhísí an Choimisiúin Fóram Sluachistiúcháin Eorpach do Pháirtithe Leasmhara in 2015 freisin mar bheadh sainghrúpa ionadaithe ann do chomhlachais grúpaí páirtithe leasmhara agus údaráis náisiúnta a bhfuil baint acu leis an ábhar. Ar deireadh, reáchtáladh ceardlann maidir le sluachistiúchán trasteorann i mí an Mheithimh 2017 maidir leis an staidéar "Constaicí margaidh agus rialála atá i mbealach an tsluachistiúcháin san Aontas Eorpach a aithint”.

Bailiú agus úsáid saineolais

Baineann an togra leas as lear mór taighde deisce, staidéir sheachtracha, comhairliúcháin spriocdhírithe, agallaimh, grúpaí fócais, ceardlanna agus nithe nach iad. Ó thosaigh an Coimisiún ag déanamh faireacháin ar an margadh in 2013, bhí an tábhar a úsáideadh á bhailiú acu. Ar na hábhair sin bhí cruinnithe le páirtithe leasmhara, staidéir a rinneadh thar ceann an Choimisiúin agus staidéir a rinne páirtithe leasmhara an tionscail, doiciméid inmheánacha oibre, tuairimí agus comhairle ó na húdaráis mhaoirseachta, staidéir agus páipéir taighde acadúil. Coimisiúnaíodh staidéar arb é ab aidhm leis na bacainní ar sheirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar ar bhonn trasteorann a shainaithint.

Measúnú tionchair

Ag gabháil leis an togra seo tá measúnú tionchair a tíolacadh an 18 Samhain 2017 agus rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála é a fhormheas an 15 Nollaig 2017.

D’iarr an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an dréachtmheasúnú tionchair a leasú chun an méid seo a leanas a shoiléiriú (i) réasúnaíocht an tionscnaimh agus an phráinn a bhí leis agus an dóigh ar fhorbair seasamh an Choimisiúin ina leith le blianta beaga anuas, mar aon le míniú breise a thabhairt ar an gcúis a ndírítear isteach ar na riachtanais a bhíonn ar mhaoinithe fiontraithe nuálacha i dtús a bhforbartha, gnólachtaí beaga agus gnólachtaí nuathionscanta ag na céimeanna tosaigh ar fad; (ii) a mhéid atá an togra réamhbhreathnaitheach agus a bhfuil sé ar a chumas forbairtí a bheidh ann amach anseo a chomhtháthú (iii) an tábhacht a bhaineann le hilroinnt rialála i gcomparáid le bacainní nár tugadh aghaidh orthu sa togra; (iv) fianaise bhreise maidir leis an éileamh ar ghníomhaíocht trasteorann; (v) an idirghníomhaíocht idir an togra agus reachtaíocht na hearnála atá ann cheana féin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus (vi) an túdar le rogha an mhaoirseora ábhartha agus tionchar an togra ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí. Leasaíodh an measúnú tionchair dá réir.

Thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú tionchair nach bhfuil margaí sluachistiúcháin an Aontais le haghaidh maoiniú gnó rófhorbartha den chuid is mó i gcomparáid le mórgheilleagair eile ach - rud níos tábhachtaí - níl siad in ann oibriú ar bhonn trasteorann mar is ceart. De bharr a ilroinnte atá na córais rialála agus go dtagann siad salach ar a chéile, níl ardáin sluachistiúcháin in ann méadú agus a gcuid seirbhísí a sholáthar gan bhac ar fud na hEorpa. Ar an dóigh chéanna, seachnaíonn infheisteoirí gníomhaíocht thrasteorann de dheasca easpa muiníne sna hardáin sin agus sna creata rialála ilroinnte faoina rialaítear iad agus a bhfuil feidhm acu maidir le soláthar na seirbhíse. Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna seo, sainaithníodh ceithre rogha beartais sa mheasúnú tionchair mar seo a leanas:

(1)Bonnlíne - gan gníomh ar bith ón Aontas.

(2)Rogha 1 - Bunaithe ar chaipiteal dea-cháile: caighdeáin íosta a bhaineann le dea-chleachtais

(3)Rogha 2 - Cur chuige bunaithe ar an táirge i gceist: sluachistiúchán a chuimsiú laistigh de leabhar rialacha aonair an Aontais atá ann cheana

(4)Rogha 3 - Réiteach comhlántach bunaithe ar sheirbhís: córas le haghaidh ‘Soláthraithe Seirbhísí Sluachistiúcháin Eorpacha’

Sa chéad rogha, an bonnlíne, rinneadh anailís ar na forbairtí margaidh a bheadh ann i gcás nach ndéanfadh an tAontas beart ar bith. Mura ndéanfaidh an tAontas beart, ní bheidh ardáin sluachistiúcháin in ann méadú ar bhonn trasteorann mar a bhí roimhe fiú, agus le tuilleadh coinbhleachtaí ag teacht chun cinn de réir a chéile idir córais náisiúnta, b’fhéidir go gcruthófaí bealaí éalaithe a sháródh cosaint infheisteoirí agus sláine an mhargaidh.

Sa dara rogha, rinneadh forbairt ar an deis gnéithe comhchuibhithe íosta a thabhairt isteach ar fud an Aontais, agus iad a chumasc le dea-chleachtais. Níor coinníodh an rogha seo ach an oiread ar an ábhar go gcruthódh sé éiginnteacht rialála mhíchuí de bharr an tsásra fhorfheidhmiúcháin féinrialaithe agus an idirghníomhaíocht idir é sin agus córais náisiúnta atá ar bun cheana féin.

Sa tríú rogha rinneadh an cás a mheas an bhféadfaí forálacha a thabhairt isteach maidir le seirbhísí sluachistiúcháin faoi chreat reachtach an Aontais atá ann faoi láthair, amhail MiFID, agus córas aonair a chruthú do ghníomhaíochtaí seirbhísí sluachistiúcháin bunaithe ar iasachtú, córas nach bhfuil creat Eorpach ann dó faoi láthair. Cinneadh gan an córas sluachistiúcháin a chuimsiú i Leabhar Rialacha Aonair an Aontais mar nach bhfuil sé chomh cost-éifeachtúil le roghanna eile, cé go mbeadh torthaí comhchosúla air ó thaobh sláine agus trédhearcachta de.

Sa cheathrú rogha, an rogha thosaíochta, bhíothas ag meas an bhféadfaí lipéad AE a thabhairt isteach do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, lipéad a ndéanfaí é a údarú agus a mhaoirsiú ar leibhéal an Aontais faoi chóras de chuid an Aontais. Leis an rogha seo, déantar solúbthacht i leith samhlacha gnó (samhlacha a bhfuil an tsaoirse ag gabháil leo an lipéad AE a roghnú nó fanacht leis an gcóras náisiúnta) a chumasc le cosaint comhréireach infheisteoirí agus le rialacha eagrúcháin. Ina theannta sin, déanann an córas cuimsitheach faoi nós imeachta an phas foráil maidir le huirlis chost-éifeachtúil le haghaidh méadú faoi chreat coiteann, rud a laghdódh éiginnteacht rialála agus a d’ísleodh ualaigh riaracháin.

Cearta bunúsacha

Tá an tAontas tiomanta d'ardchaighdeáin i dtaca le cosaint na gceart bunúsach agus tá raon leathan de choinbhinsiúin maidir le cearta an duine sínithe aige. Sa chomhthéacs sin, ní dócha go mbeidh tionchar díreach ag an togra ar na cearta seo, a liostaítear i bpríomhchoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá mar dhlúthchuid de Chonarthaí an Aontais, agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá impleachtaí ag gabháil leis an rogha thosaíochta ó thaobh costas agus ualach riaracháin de do ÚEUM. Beidh méid agus dáileachán na gcostas sin ag brath ar na ceanglais bheachta a chuirfear ar Sholáthraithe Seirbhísí Sluachistiúcháin Eorpach agus ar na cúraimí maoirseachta agus faireacháin a bhaineann leo.

Má ghlactar leis gur ÚEUM a bheidh i gceannas ar údarú agus ar mhaoirsiú 25 Sholáthraí Seirbhísí Sluachistiúchistiúcháin Eorpach sa chéad bhliain iomlán den chur chun feidhme (2020), beidh tionchar beagnach EUR 1 637 000 ar chostais (glan ar tháillí a ghearrtar ar an tionscal) sa bhliain sin. Sa mheastachán sin tá leathchuid de luach EUR 500 000 ar chostais aon uaire a roinnfear thar an gcéad dá bhliain, airgead a úsáidfear chun na córais teicneolaíochta faisnéise is gá a bhunú. Ós rud é gur earnáil óg atá san earnáil sluachistiúcháin Eorpach go fóill, rud is léir ó na hardáin bheaga atá ar ioncam teoranta, coinnítear uasteorainn ar tháillí Soláthraithe Seirbhísí Sluachistiúcháin Eorpach ar thairseach iomchuí.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is é is aidhm leis an togra rialacha aonfhoirmeacha a bhunú maidir le sluachistiúcháin ar leibhéal an Aontais. Ní thagann sé in áit rialacha náisiúnta maidir le sluachistiúcháin i gcás a bhfuil siad ann cheana. Faoin togra, is féidir le soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a roghnú cé acu seirbhís a sholáthar nó leanúint dá soláthar ar bhonn náisiúnta faoin dlí náisiúnta is infheidhme (lena náirítear i gcás ina roghnaíonn Ballstát áirithe MiFID II a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí sluachistiúcháin) nó údarú a iarraidh seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar faoin Rialachán atá beartaithe. I gcás ina ndéantar údarú faoi rialacha an Aontais, cumhdaítear faoin údarú sin soláthar na seirbhísí i mBallstát aonair agus ar bhonn trasteorann. Má roghnaíonn an soláthraí rialacha an Aontais a chur i bhfeidhm, déantar an túdarú faoi na rialacha náisiúnta is infheidhme a tharraingt siar. Le húdarú arna dheonú faoin Rialachán seo, bheadh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in ann seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar faoi nós imeachta an phas ar fud na mBallstát ar fad.

In Airteagal 1 sainítear an tábhar; go háirithe, leagtar amach in Airteagal 1 go bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus bunaítear ann ceanglais aonfhoirmeacha maidir lena noibríochtaí, eagar, údarú agus lena maoirsiú leanúnach. In Airteagal 2 sainítear an raon feidhme maidir le cur i bhfeidhm, rud atá teoranta do na daoine dlítheanacha a roghnaíonn údarú a iarraidh de bhun Airteagal 11 agus dóibh siúd a údaraítear i gcomhréir leis an Airteagal sin. Déanann sé foráil freisin maidir le díolúintí agus dá mbua sin ba cheart nach mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraítear do thomhaltóirí, mar a shainítear in Airteagal 3(a) de Threoir 2008/48/CE, maidir le seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar ag daoine dlítheanacha a bhfuil údarú tugtha dóibh mar ghnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE, nó maidir le seirbhís sluachistiúcháin arna soláthar ag daoine nadúrtha nó daoine dlítheanacha a bhfuil údarú tugtha dóibh chun na críche sin faoin dlí náisiúnta. De thairbhe na forála sin, na daoine a bhfuil údarú tugtha dóibh mar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar mian leo leanúint de bheith ag soláthar seirbhísí lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, níor cheart go mbeidís in ann oibriú faoin údarú arna dheonú de bhun an Rialacháin seo. Na daoine sin a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin trasteorann bunaithe ar infheistíocht, ba cheart dóibh údarú a iarraidh faoi Threoir 2014/65/AE agus ba cheart a núdarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin faoin Rialachán seo a tharraingt siar.

In Airteagal 3 leagtar amach téarmaí agus sainmhínithe a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo, go háirithe, “seirbhísí sluachistiúcháin”, “ardán sluachistiúcháin”, “soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin”, “ tairiscint sluachistiúcháin” agus cinn eile nach iad. Rud tábhachtach, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun gnéithe teicniúla breise a shainiú maidir leis na sainmhínithe atá leagtha síos in Airteagal 2 chun forbairtí margaidh, forbairtí teicneolaíocha agus taithí a chur san áireamh.

I gCaibidil II leagtar amach an fhoráil maidir le seirbhísí sluachistiúcháin (Airteagal 4), bainistíocht éifeachtúil stuama (Airteagal 5) agus gearáin a láimhseáil (Airteagal 6). De bhua na bhforálacha sin, ní mór do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na ceanglais eagrúcháin a chomhlíonadh i gcónaí, agus san am céanna, na daoine nádúrtha a bhfuil de chumhacht acu soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú, ba cheart scileanna agus taithí ghairmiúil iomchuí a bheith acu. I dtaca le coinbhleachtaí leasa (Airteagal 7), ní mór do sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin socruithe riaracháin agus eagrúcháin éifeachtúla a choinneáil agus a oibriú d’fhonn gach beart réasúnach a dhéanamh chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint ionas nach ndéanfaidh siad dochar míchuí do leasanna a chuid cliant. Ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin gach beart iomchuí a dhéanamh chun coinbhleachtaí leasa a aithint agus a sheachaint nó a bhainistiú eatarthu féin, lena náirítear a gcuid bainisteoirí agus fostaithe, nó aon duine atá nasctha go díreach nó go hindíreach leo agus lena gcliaint trí rialú, nó idir cliant amháin agus cliant eile, a éiríonn aníos agus iad i mbun aon seirbhísí a sholáthar. Leagtar amach rialacha maidir le heisfhoinsiú agus slánchoimeád sócmhainní cliant in Airteagal 8 agus in Airteagal 9.

I gCaibidil III leagtar amach forálacha maidir le húdarú agus ceanglais mhaoirseachta leanúnacha. Go sonrach, déanann Airteagal 10 foráil do cheanglas le haghaidh údarú agus leagtar amach ann na coinníollacha údaraithe do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin. Go háirithe, ní mór do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin líon áirithe critéar a shásamh le go dtabharfaidh ÚEUM a údarú dóibh. In Airteagal 10 leagtar amach na nósanna imeachta maidir le hiarratais ar údarú a dheonú agus a dhiúltú. In Airteagal 11 ceanglaítear ar ÚEUM clár soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bhunú, clár cothrom le dáta a bheidh ar fáil go poiblí. In Airteagal 12 sonraítear nách mór seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar faoi mhaoirseacht ÚEUM. In Airteagal 13 leagtar amach forálacha maidir leis an údarú a tharraingt siar.

I gCaibidil IV leagtar amach forálacha maidir le cosaint infheisteoirí agus trédhearcacht. De bhun Airteagal 14, gach faisnéis ó sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, lena náirítear cumarsáid margaíochta, ní mór di a bheith iomlán, soiléir agus ceart. In Airteagal 15 leagtar amach measúnú tosaigh maidir le hoiriúnacht cliaint ionchasaigh agus déantar foráil ann go dtabharfaidh ardáin deis d’infheisteoirí an cumas atá iontu caillteannais a sheasamh a ionsamhlú. In Airteagal 16 tugtar a thuilleadh mínithe maidir le mionsonraí agus inneachar, chomh maith le foirm agus ceanglais eile na Bileoige Faisnéise Infheistíochta Bunriachtanaí. In Airteagal 17 pléitear leis an mbord fógraí agus in Airteagal 18 pléitear leis an gceart rochtain a bheith ag infheisteoir ar na taifid.

I gCaibidil V leagtar amach forálacha maidir le cumarsáid margaíochta. Go sonrach, leagtar amach in Airteagal 19 ceanglais mhionsonraithe le haghaidh cumarsáid margaíochta agus ceanglaítear le hAirteagal 20 ar údaráis inniúla náisiúnta dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta a fhoilsiú agus a choinneáil ar a suíomhanna gréasáin, ar forálacha iad atá infheidhme maidir le cumarsáidí margaíochta soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin.

I gCaibidil VI leagtar amach forálacha mionsonraithe maidir le hÚEUM i dtaobh a chuid cumhachtaí agus inniúlachtaí, pribhléid dhlíthiúil (Airteagal 21), iarraidh ar fhaisnéis (Airteagal 22), imscrúduithe ginearálta (Airteagal 23), cigireachtaí ar an láthair (Airteagal 24), malartú faisnéise (Airteagal 25), rúndacht ghairmiúil (Airteagal 26), bearta maoirseachta a dhéanann ÚEUM (Airteagal 27), chomh maith le smachtbhannaí riaracháin agus bearta eile, go háirithe, fíneálacha (Airteagal 28), íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla (Airteagal 29), nochtadh, cineál agus forfheidhmiú fíneálacha (Airteagal 30) agus na rialacha nós imeachta a ghabhann leo maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus fíneálacha a fhorchur (Airteagal 31).

In Airteagal 32 leagtar amach ceanglais maidir le héisteacht a thabhairt do dhaoine lena mbaineann agus in Airteagal 33 ceanglais maidir le dlínse gan teorainn a bheith ag an gCúirt Bhreithiúnais ar chinntí ÚEUM. I gcomhréir le hAirteagal 34, ba cheart ÚEUM a bheith in ann táillí a ghearradh ar sholáthraithe seirbhísí sluachisticháin i gcomhréir leis an Rialachán agus i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an Rialacháin. In Airteagal 35 leagtar amach go bhféadfadh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le treoirlínte ÚEUM.

Féadfaidh sé nach mbeifear in ann sluachistiúchán a chosaint ar sciúradh airgid nó ar chleachtais mhaoinithe sceimhlitheoireachta, mar is amhlaidh i dtaca le seirbhís airgeadais ar bith eile. Dá bhrí sin, déanann an Rialachán foráil maidir le coimircí iomchuí chun na rioscaí go ndéanfar cleachtais den sórt sin a íoslaghdú. Go háirithe, ceanglaítear in Airteagal 9 nach mór íocaíochtaí le haghaidh idirbhearta sluachistiúcháin trí eintitis a údaraítear faoin Treoir um Sheirbhísí Íocaíochta agus, dá bhrí sin, atá faoi réir an cheathrú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid, is cuma más é an tardán féin nó tríú páirtí a dhéanann an íocaíocht. In Airteagal 9 leagtar amach freisin nach mór do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a áirithiú nach nglacfaidh úinéirí tionscadail le cistiúchán ó thairiscintí sluachistiúcháin nó le haon íocaíocht ach trí eintiteas a údaraítear faoin Treoir um Sheirbhísí Íocaíochta. In Airteagal 10 tugtar isteach ceanglais ar mhaithe le ‘dea-cháil’ bainisteoirí, lena náirítear gan aon taifead coiriúil a bheith acu faoi reachtaíocht maidir leis an frithsciúradh airgid. In Airteagal 13 ceanglaítear ar Údaráis Inniúla Náisiúnta, lena náirítear údaráis inniúla náisiúnta arna nainmniú faoi fhorálacha Threoir (AE) 2015/849, aon cheist a bhaineann le hábhar faoin Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid agus a bhfuil baint aige le hardán sluachistiúcháin a chur in iúl d’ÚEUM. Féadfaidh ÚEUM an ceadúnas a tharraingt siar ina dhiaidh sin bunaithe ar an bhfaisnéis sin. Déantar foráil in Airteagal 38, d’fhonn cobhsaíocht airgeadais a áirithiú a thuilleadh trí rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, gur cheart don Coimisiún measúnú a dhéanamh ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chur faoi réir oibleagáidí le haghaidh forálacha náisiúnta a chomhlíonadh lena gcuirtear Treoir (AE) 2015/849 chun feidhme i ndáil le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta agus soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin den sórt sin a chur ar liosta na neintiteas atá faoi oibleagáid chun críocha Threoir (AE) 2015/849.

Cumhdaítear feidhmiú an tarmligin d’fhonn gníomhartha tarmligthe an Choimisiúin a ghlacadh i gCaibidil VII. Sa togra le haghaidh Rialacháin tá cumhachtuithe ann don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh ina sonraítear mionsonruithe áirithe, ceanglais agus socruithe de réir mar a leagtar iad amach sa Rialachán.



2018/0048 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Soláthraithe Eorpacha Seirbhísí Sluachistiúcháin do Ghnólachtaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach, 5

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 6

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá méadú ag teacht ar an úsáid atá á baint as an sluachistiú mar fhoirm bhunaithe maoiniúcháin mhalartaigh d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bhíonn ag brath go hiondúil ar infheistíochtaí beaga. Is cineál nua idirghabhála an sluachistiú ina nidirghníomhaíonn an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin lena chuid cliant ar ardán digiteach gan aon riosca dílis a ghlacadh d'fhonn infheisteoirí a mheaitseáil le gnólachtaí atá ag iarraidh cistiú chun cistiú a chur ar fáil, is cuma cén méid a thagann as an gcistiú sin, bíodh sé ina chomhaontú iasachta, ina bhun cothromais nó ina bhun urrúsbhunaithe inaistrithe. Dá bharr sin is iomchuí an sluachistiú iasachtbhunaithe agus an sluachistiú infheistíochtbhunaithe a thabhairt faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhrí gur bealaí inchomparáide iad chun gnó a chistiú.

(2)Is deacair do chuideachtaí beaga agus cuideachtaí nuaghinte maoiniú a fháil nuair a aistríonn siad ó bheith ina gcuideachtaí nuathionscanta go dtí céim an mhéadaithe. Féadann an sluachistiú cuidiú leis na cuideachtaí sin rochtain a fháil ar mhaoiniú agus ar an gcaoi sin cuidiú a thabhairt an tAontas na Margaí Caipitil a thabhairt i gcrích. Is minic nach mbíonn na cuideachtaí sin in ann maoiniú a rochtain agus is fadhb dóibh é sin fiú sna Ballstáit inar lean an rochtain ar mhaoiniú ó na bainc de bheith cobhsaí fad a bhí an ghéarchéim airgeadais ar siúl. Is cleachtas bunaithe anois an sluachistiú chun tionscadal nó fiontar a chistiú, go hiondúil cistiú a dhéanann líon mór daoine agus eagraíochtaí, trí bhíthin ardáin ar líne ar a mbailíonn saoránaigh, eagraíochtaí agus gnólachtaí, lena náirítear gnólachtaí nuathionscanta, suimeanna beaga airgid.

(3)Go ginearálta is ar thrí chineál gníomhaí a bhíonn soláthar seirbhísí sluachistiúcháin ag brath: úinéir an tionscadail a mholann an togra atá le cistiú, infheisteoirí a chistíonn an tionscadal atá beartaithe, trí bhíthin infheistíochtaí teoranta go ginearálta, agus eagraíocht idirghabhálach i bhfoirm soláthraí seirbhísí a thugann le chéile úinéirí tionscadail agus infheisteoirí.

(4)Is foinse mhalartach airgeadais dhíreach an sluachistiú ach, ina theannta sin, is féidir le cuideachtaí tairbhí eile a bhaint as. Féadann sé bailíochtú idé agus coincheapa a thabhairt d'úinéir an tionscadail agus rochtain a thabhairt ar líon mór daoine agus léargas agus faisnéis a chur ar fáil don fhiontraí agus féadann sé a bheith ina uirlis mhargaíochta má éiríonn le feachtas sluachistiúcháin.

(5)Tá córais shaincheaptha inmheánacha i leith sluachistiúcháin tugtha isteach ag roinnt Ballstát cheana. Tá na córais curtha in oiriúint do shaintréithe agus riachtanais na margaí agus na ninfheisteoirí áitiúla. Dá bharr sin, tá difríochtaí idir na rialacha náisiúnta atá ann cheana i dtaca leis na coinníollacha maidir le hardáin sluachistiúcháin a oibriú, raon feidhme na ngníomhaíochtaí a cheadaítear agus ceanglais maidir le ceadúnú.

(6)Is é a dhéanann na difríochtaí idir na rialacha náisiúnta atá ann cheana bac a chur ar sheirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar ar bhonn trasteorann agus ar an gcaoi sin bíonn éifeacht dhíreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do na seirbhísí sin. Go háirithe, de bhrí go bhfuil an creat dlí ilroinnte ar bhonn teorainneacha náisiúnta cruthaítear costais chomhlíonta shubstaintiúla d'infheisteoirí miondíola ar minic a bhíonn orthu aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí atá díréireach le méid a ninfheistíochta agus na rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí sluachistiúcháin trasteorann a chinneadh. Dá bharr sin, is minic a dhíspreagtar na hinfheisteoirí sin le hinfheistíocht trasteorann a dhéanamh trí bhíthin ardáin sluachistiúcháin. Ar an ábhar sin, díspreagtar soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a oibríonn na hardáin sin le seirbhísí a thairiscint i mBallstát cé is moite den Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe. Mar thoradh air sin, is ar bhonn náisiúnta a bhí gníomhaíochtaí sluachistiúcháin á ndéanamh go dtí seo rud a rinne dochar do mhargadh sluachistiúcháin ar fud an Aontais agus ar an gcaoi sin fágadh gnólachtaí gan rochtain ar sheirbhísí sluachistiúcháin.

(7)D'fhonn gníomhaíochtaí sluachistiúcháin trasteorann a chur chun cinn agus d'fhonn feidhmiú na saoirse a éascú chun na seirbhísí sin a sholáthar agus a ghlacadh ar an margadh inmheánach do sholáthraithe sluachistiúcháin ní mór, dá bharr sin, aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ann cheana ar fheidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí sluachistiúcháin. Má dhéantar foráil maidir le tacar aonair rialacha maidir le soláthar seirbhís sluachistiúcháin lena dtugtar de rogha do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin iarratas a dhéanamh ar údarú aonair is infheidhme ar fud an Aontais chun a ngníomhaíocht a dhéanamh faoi na rialacha sin,beidh sin ina chéadchéim iomchuí chun gníomhaíochtaí sluachistiúcháin trasteorann a chothú agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh aonair.

(8)Trí aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí sluachistiúcháin, is é aidhm don Rialachán seo cistiú gnó trasteorann a chothú. Ba cheart nach dtiocfadh seirbhísí sluachistiúcháin i dtaca le hiasachtaí a thabhairt do thomhaltóirí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(a) de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(9)Chun nach mbeidh an ghníomhaíocht chéanna faoi réir údaráis éagsúla san Aontas, ba cheart seirbhís sluachistiúcháin a sholáthraíonn daoine á údaraíodh faoi Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 nó a sholáthraítear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart an tseirbhís sluachistiúcháin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(10)I dtaca le sluachistiú iasachtbhunaithe, ba cheart an deis a bheith ann deonú iasachtaí, lena náirítear seirbhísí amhail tairiscintí sluachistiúcháin a chur faoi bhráid cliant nó rátáil a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa úinéara tionscadail, a éascú trí shamhlacha gnó difriúla a chuimsiú ann agus ar an gcaoi sin comhaontú iasachta a thabhairt i gcrích idir cliant amháin nó níos mó agus úinéir tionscadail amháin nó níos mó trí bhíthin ardán sluachistiúcháin.

(11)I dtaca le sluachistiú infheistíochtbhunaithe, is coimirce thábhachtach d'infheisteoirí inaistritheacht urrúis lenar féidir leo scor óna ninfheistíocht de bharr go dtugtar deis dhleathach dóibh leis a nús a dhiúscairt ar na margaí caipitil. Dá bharr sin, ní chumhdaítear agus ní cheadaítear leis an Rialachán seo ach sluachistiú infheistíochtbhunaithe i dtaca le hurrúis inaistrithe. Ba cheart ionstraimí airgeadais cé is moite d'urrúis inaistrithe a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo toisc go bhfuil rioscaí sna hurrúis d'infheisteoirí nach féidir a bhainistiú go hiomchuí faoin gcreat dlí seo.

(12)I bhfianaise na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht sluachistiúcháin, ar mhaithe le hinfheisteoirí a chosaint go héifeachtach, is iomchuí tairseach comaoine uasta a fhorchur maidir le gach tairiscint sluachistiúcháin. Ba cheart an tairseach a shocrú ag EUR 1 000 000 toisc go bhfreagraíonn an tairseach sin don tairseach a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 maidir le tarraingt suas réamheolaire ar mó a thairseach ná an tsuim sin agus formheas éigeantach air.

(13)Chun arbatráiste rialála a sheachaint agus maoirseacht éifeachtach ar na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a áirithiú, ba cheart cosc a chur ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal, mura mbeidh siad údaraithe mar institiúid chreidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 8 i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 .

(14)Chun an cuspóir sin a chomhlíonadh, ba cheart an rogha a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin údarú aonair a bheadh bailí ar fud an Aontais a iarraidh agus a ngníomhaíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais aonfhoirmeacha sin. Mar sin féin, chun go mbeidh na tairiscintí sluachistiúcháin arna ndíriú go heisiach ar mhargaí náisiúnta ar fáil ar bhonn níos leithne, i gcás ina roghnófar soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a seirbhísí a sholáthar faoin dlí náisiúnta is infheidhme ba cheart an deis a bheith acu sin a dhéanamh fós. Ar an gcaoi sin, ba cheart na ceanglais aonfhoirmeacha a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith roghnach agus dá bharr sin níor cheart iad a bheith infheidhme maidir leis na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin a thogróidh gníomhú ar bhonn náisiúnta amháin.

(15)Chun ardleibhéal cosanta d'infheisteoirí a choinneáil, chun na rioscaí a bhaineann le sluachistiú a laghdú agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis na cliaint uile, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin beartas a chur ar bun a bheidh ceaptha a áirithiú go ndéanfar tionscadail a roghnú ar bhealach gairmiúil cothrom trédhearcach agus go soláthrófar seirbhísí sluachistiúcháin ar an mbealach céanna.

(16)Chun feabhas a chur ar na seirbhísí a sholáthraíonn siad dá gcliaint, féadfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin lánrogha a fheidhmiú thar ceann a gcliant i dtaca le paraiméadair orduithe an chliaint ar choinníoll go dtabharfaidh siad gach céim is gá chun an toradh is fearr is féidir a bhaint amach dá gcliaint agus go nochtfaidh siad modh agus paraiméadair na lánrogha go beacht. Chun a áirithiú go dtabharfar deiseanna infheistíochta d'infheisteoirí ionchasacha ar bhonn neodrach, níor cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin aon luach saothair, lascaine ná tairbhe neamhairgeadaíochta a íoc ná a ghlacadh as orduithe infheisteora a stiúradh chuig tairiscint ar leith atá ar a nardán acu nó chuig tairiscint ar leith a bheidh le fáil ar ardán tríú páirtí.

(17)Is é is aidhm don Rialachán seo infheistíocht dhíreach a éascú agus nach gcruthófar deiseanna arbatráiste rialála d'idirghabhálaithe airgeadais atá á rialáil faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais, rialacha an Aontais lena rialaítear bainisteoirí sócmhainní go háirithe. Ba cheart an úsáid a bhaintear as struchtúir dhlíthiúla, lena náirítear meáin shainchuspóireacha, a rialú go dian agus níor cheart sin a cheadú ach i gcás ina mbeidh údar cuí leis.

(18)Is gá córas éifeachtach rialachais a áirithiú chun bainistiú riosca iomchuí a dhéanamh agus chun aon choinbhleacht leasa a chosc. Ba cheart socruithe rialachais a dhéanamh do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin lena náiritheofar go ndéanfar bainistiú éifeachtach stuama agus ba cheart dea-cháil a bheith ar an lucht bainistíochta agus eolas agus taithí leordhóthanach a bheith acu. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin nósanna imeachta a bhunú chun gearáin óna gcliaint a ghlacadh agus a láimhseáil.

(19)Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin feidhmiú mar idirghabhálaithe neodracha idir a gcuid cliant ar a nardáin féin. Chun coinbhleachtaí leasa a chosc, ba cheart ceanglais áirithe a leagan síos i dtaca le soláthraithe, bainisteoirí agus fostaithe seirbhísí sluachistiúcháin nó le haon duine a stiúrann iad go díreach nó go neamhdhíreach. Go háirithe, ba cheart cosc a bheith ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin aon rannpháirtíocht airgeadais a bheith acu sna tairiscintí sluachistiúcháin ar a nardáin sluachistiúcháin féin. Anuas air sin, ba cheart do scairshealbhóirí a bhfuil breis agus 20% nó níos mó den scairchaipiteal nó de na cearta vótála ina seilbh acu, do bhainisteoirí, d'fhostaithe, nó d'aon duine a stiúrann ardáin sluachistiúcháin go díreach nó go neamhdhíreach, níor cheart dóibh gníomhú mar chliaint, i dtaca leis na seirbhísí sluachistiúcháin a thairgtear ar an ardán sluachistiúcháin sin.

(20)Ar mhaithe le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar go héifeachtach rianúil, ba cheart ceadú do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin aon fheidhm oibríochtúil a chur de chúram, go hiomlán nó i bpáirt, ar sholáthraithe seirbhísí ar choinníoll nach ndéanfaidh an seachfhoinsiú aon díobháil ábhartha do cháilíocht rialuithe inmheánacha na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ná don mhaoirseacht orthu Os a choinne sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bheith lánfhreagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo.

(21)Is gá údarú mar sholáthraí seirbhísí íocaíochta i gcomhréir le Treoir(AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 chun cistí cliant a choinneáil agus seirbhísí íocaíochta a sholáthar. Ní féidir an ceanglas údarúcháin sin a chomhlíonadh le húdarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin. Dá bhrí sin, is iomchuí a shoiléiriú nach mór soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a údarú mar sheirbhís íocaíochta freisin i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/2366, i gcás ina gcuirfidh sé na seirbhísí íocaíochta sin ar fáil i ndáil lena sheirbhísí sluachistiúcháin. Ionas gur féidir maoirseacht iomchuí a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin, ba cheart a chur in iúl don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) cé acu atá sé beartaithe ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin féin seirbhísí íocaíochta a sholáthar, agus an túdarú iomchuí aige, nó an tseirbhís a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí údaraithe.

(22)Tá feidhmiú rianúil na seirbhísí sluachcistiúcháin, scála leordhóthanach agus muinín an phobail sna seirbhísí sin riachtanach d'fhás agus d'fhorbairt trasteorann na seirbhísí sin. Dá bharr sin, ní mór ceanglais aonfhoirmeacha chomhréireacha is infheidhme go díreach maidir le húdarú agus pointe aonair maoirseachta a leagan síos.

(23)Cuireann ardleibhéal muiníne infheisteoirí le fás na seirbhísí sluachistiúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais maidir le seirbhísí sluachistiúcháin trasteorann na seirbhísí sin a sholáthar é a dhéanamh níos fusa rioscaí oibríochtúla a bhainistiú agus ardleibhéal trédhearcachta agus cosanta infheisteoirí a áirithiú.

(24)Féadann seirbhísí sluachistiúcháin a bheith neamhchosanta ar sciúradh airgid agus ar rioscaí i leith maoiniú sceimhlitheoireachta, mar a léirítear go soiléir sa tuarascáil ón gCoimisiún ar an measúnú ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhfuil éifeacht acu ar an margadh inmheánach agus a bhaineann le cásanna trasteorann 12 . Dá bharr sin ba cheart coimircí a bheartú agus coinníollacha maidir le húdarú á gcomhlíonadh, dea-cháil an lucht bainistíochta á measúnú, seirbhísí íocaíochta á soláthar trí eintitis cheadúnaithe agus tríothu sin amháin faoi réir ceanglais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. D’fhonn cobhsaíocht airgeadais a áirithiú a thuilleadh trí rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, gur cheart don Coimisiún measúnú a dhéanamh ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chur faoi réir oibleagáidí le haghaidh forálacha náisiúnta a chomhlíonadh lena gcuirtear Treoir (AE) 2015/849 chun feidhme i ndáil le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta agus soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin den sórt sin a chur ar liosta na neintiteas atá faoi oibleagáid chun críocha Threoir (AE) 2015/849.

(25)Ionas go mbeidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in ann oibriú ar bhonn trasteorann gan bheith i ngleic le rialacha éagsúla agus, ar an gcaoi sin, cistiú tionscadal ar fud an Aontais a éascú d'infheisteoirí ó Bhallstáit eile, níor cheart cead a thabhairt do na Ballstáit ceanglais bhreise a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin atá údaraithe ag ÚEUM.

(26)Leis an bpróiseas údarúcháin ba cheart an deis a thabhairt ÚEUM a chur ar an eolas maidir leis na seirbhísí atá beartaithe ag na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, measúnú a dhéanamh ar cháilíocht a lucht bainistíochta, agus measúnú a dhéanamh ar eagraíocht agus nósanna imeachta inmheánacha a bheidh curtha ar bun ag na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ionchasacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais leis an Rialachán seo a áirithiú.

(27)Chun trédhearcacht maidir le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin a éascú d'infheisteoirí miondíola, ba cheart do ÚEUM clár poiblí cothrom le dáta a bhunú de na seirbhísí sluachistiúcháin go léir atá ag feidhmiú san Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(28)Ba cheart an túdarú a aistarraingt mura mbeidh na coinníollacha faoinar eisíodh é á gcomhlíonadh a thuilleadh. Go háirithe, ba cheart an deis a bheith ag ÚEUM a mheas an ndearnadh dochar do dhea-cháil an lucht bainistíochta nó ar cliseadh go tubaisteach ar na nósanna imeachta agus na córais inmheánacha Chun cuidiú le ÚEUM a mheasúnú ar cheart údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin a aistarraingt, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta fógra a thabhairt do ÚEUM i gcás inar chaill soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, nó tríú páirtí a bhí ag gníomhú thar a cheann, a údarú mar sheirbhís íocaíochta, nó inar fionnadh go ndearna sé sárú ar Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 .

(29)Chun go mbeidh tuiscint shoiléir ag infheisteoirí ionchasacha ar chineál na rioscaí lena mbaineann agus ar na costais agus na muirir a bhaineann le seirbhís sluachistiúcháin, ba cheart don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin faisnéis iomchuí a chur ar fáil dá chliaint.

(30)Níl an infheistíocht i dtáirgí a ndéantar a mhargú ar ardáin sluachistiúcháin inchomparáide leis an infheistíocht i dtáirgí traidisiúnta agus níor cheart na táirgí sin a mhargú ar an mbonn sin. Mar sin féin, chun go mbeidh tuiscint shoiléir ag infheisteoirí ionchasacha ar leibhéal na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht sluachistiúcháin ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin triail eolais iontrála a dhéanamh ar a ninfheisteoirí ionchasacha chun an teolas atá acu ar chúrsaí infheistíochta a chinneadh. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rabhadh sainráite a thabhairt d'infheisteoirí ionchasacha uair ar bith a meastar na seirbhísí sluachistiúcháin sin a bheith míchuí dóibh.

(31)Ionas go mbeidh infheisteoirí in ann cinneadh infheistíochta stuama a dhéanamh ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a sholáthar d'infheisteoirí ionchasacha. Cuirfear sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí rabhadh d'infheisteoirí ionchasacha maidir leis an timpeallacht infheistíochta ina bhfuil siad gur timpeallacht ardriosca í agus nach gcumhdaítear í leis an scéim um chúiteamh taiscí ná na ráthaíochtaí cúitimh d'infheisteoirí.

(32)Ba cheart saintréithe sonracha agus na rioscaí a bhaineann le gnólachtaí atá ar chéim luathfhorbartha a chur san áireamh sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí agus ba cheart díriú inti ar fhaisnéis ábhartha faoi na húinéirí tionscadail, faoi chearta infheisteoirí agus faoi na táillí a ghearrfar orthu agus na cineálacha urrús agus comhaontuithe iasachta a thairgfear. Toisc gurb é an túinéir tionscadail is fearr atá i ann an fhaisnéis sin a sholáthar, ba cheart gurbh é a tharraingeodh suas an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí. Mar sin féin, ós rud é gurb iad na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin atá freagrach as a ninfheisteoirí ionchasacha a chur ar an eolas, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí comhlánaithe go hiomlán.

(33)Chun go mbeidh rochtain rianúil chaoithiúil ar mhargaí caipitil ag gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, chun a gcostais mhaoiniúcháin a laghdú agus chun go mbeidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in ann moill agus costais a sheachaint, níor cheart d'údarás inniúil an doiciméad faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a fhormheas.

(34)Chun costais agus ualach riaracháin nach bhfuil gá leo ar sholáthar seirbhísí trasteorann a sheachaint, ba cheart gan cumarsáidí margaíochta a bheith faoi réir na gceanglas aistriúcháin i gcás ina gcuirfear ar fáil iad i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais.

(35)Níor cheart cead a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin aon mheaitseáil lánroghnach nó neamh-lánroghnach a dhéanamh ar leasanna ceannaithe agus díola toisc go mbeadh údarú mar chuideachta infheistíochta de dhíth don ghníomhaíocht sin i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2014/65/AE nó mar mhargadh rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 44 den Treoir sin. Ba cheart go gceadófaí do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ligean d'infheisteoirí a rinne infheistíocht ar a nardán dul i dteagmháil le chéile agus idirbhearta a dhéanamh ar a nardán i dtaca leis an infheistíocht a rinneadh den chéad uair ar an ardán sin. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chur in iúl dá gcliaint nach bhfuil córas trádála á oibriú acu agus gur dá rogha féin a dhéanfaidh na cliaint aon ghníomhaíocht ceannaithe nó díola ar an ardán agus gurb iad na cliaint féin a bheidh freagrach as an gníomhaíocht sin.

(36)Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na taifid uile is iomchuí a bhaineann lena seirbhísí agus a nidirbhearta a choinneáil chun an trédhearcacht a éascú agus chun an chumarsáid leis an gcliant a dhoiciméadú go hiomchuí.

(37)Chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom agus go neamh-idirdhealaitheach le hinfheisteoirí níor cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus a seirbhísí á gcur chun cinn acu aon tionscadal ar leith a láimhseáil ar bhealach níos fabhraí ná aon tionscadail eile a thairgfear ar a nardán trí aird ar leith a tharraingt air. Ba cheart gan aon tagairt a dhéanamh d'aon tionscadal atá tosaithe nó d'aon tionscadal atá le déanamh sna cumarsáidí margaíochta a bhaineann le hardán sluachistiúcháin. Níor cheart cosc a chur ar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin tagairt a dhéanamh do thairiscintí a tugadh chun críche go rathúil nuair nach féidir infheistiú a thuilleadh sna tairiscintí sin ar an ardán.

(38)Chun cinnteacht dhlíthiúil níos mó a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin atá ag oibriú ar fud an Aontais agus chun rochtain níos fusa ar an margadh a áirithiú, ba cheart faisnéis iomlán maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is infheidhme sna Ballstáit a fhoilsiú, agus achoimre orthu, a bhaineann go sonrach leis na socruithe lena rialaítear cumarsáidí margaíochta na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. Chuige sin, ba cheart go gcoinneodh na húdaráis inniúla agus ÚEUM bunachair shonraí lárnacha.

(39)Chun teacht ar thuiscint níos fearr ar mhéid na néagsúlachtaí rialála atá idir na Ballstáit sna ceanglais is infheidhme maidir le teachtaireachtaí margaíochta, ba cheart do na húdaráis inniúla tuarascáil mhionsonraithe a chur ar fáil gach bliain do ÚEUM maidir lena ngníomhaíochtaí forfheidhmithe sa réimse sin.

(40)Tá sé ríthábhachtach comhlíonadh na gceanglas a áirithiú go héifeachtach éifeachtúil maidir le húdarú agus soláthar seirbhísí sluachistiúcháin ar bhonn trasteorann i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart inniúlachtaí a thabhairt mar sin do ÚEUM chun údarú a dheonú agus chun maoirseacht a dhéanamh. Ionas go mbeidh ÚEUM in ann an sainordú maoirseachta sin a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht a thabhairt dó faisnéis a iarraidh, imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, fógraí agus rabhaidh phoiblí a eisiúint agus smachtbhannaí a fhorchur. Ba cheart go mbainfeadh ÚEUM úsáid as a inniúlachtaí maoirseachta agus forchurtha smachtbhannaí ar bhealach comhréireach.

(41)Dá dtabharfaí na hinniúlachtaí sin do ÚEUM b'éifeachtaí agus ba lárnaí a dhéanfaí údarú agus maoirseacht agus bheadh barainneachtaí scála ann. Ba cheart go mbeadh an-tairbhe le baint ag na rannpháirtithe sa mhargadh as an gcóras maoirseachta lárnaí toisc go gcuirfí dá bharr le trédhearcacht sonraí, cosaint infheisteoirí agus éifeachtúlacht margaidh.

(42)Ba cheart do ÚEUM táillí a ghearradh ar eintitis ar a ndéanann sé maoirseacht dhíreach chun a chuid costas a chumhdach, lena náirítear forchostais. Ba cheart leibhéal na táille a bheith comhréireach le méid an eintitis a bhfuil maoirseacht dhíreach á déanamh air ó tharla gur ar chéim na luathfhorbartha atá an tionscal sluachistiúcháin.

(43)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá aghaidh a thabhairt ar ilroinnt an chreata is infheidhme maidir le seirbhísí sluachistiúcháin chun feidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus, san am céanna, cosaint d'infheisteoirí agus éifeachtúlacht an mhargaidh a fheabhsú, agus cuidiú Aontas na Margaí Caipitil a bhunú, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(44)Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar chun é a chur ar aon dul leis na rialacha náisiúnta lenar trasuíodh Treoir XXX/XXXX/AE (Treoir (AE) …/… an …. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), lena ndíolmhaítear soláthraithe seirbhísí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ó chur i bhfeidhm Threoir 2014/65/AE.

(45)Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail arna naithint i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus prionsabail sin.

(46)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 .

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I
Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1
Ábhar

Bunaítear ceanglais aonfhoirmeacha leis an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a oibriú agus a eagrú;

(b)soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu;

(c)an trédhearcacht agus cumarsáidí margaíochta i ndáil le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin san Aontas.

Airteagal 2
Raon feidhme

1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le daoine dlítheanacha a shocraíonn údarú a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 10 agus maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a údaraítear i gcomhréir leis an Airteagal sin i ndáil le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin.

2.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraítear d'úinéirí tionscadail ar tomhaltóirí iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3(a) de Threoir 2008/48/CE;

(b)seirbhisí sluachistiúcháin a sholáthraíonn daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a údaraíodh mar ghnólacht infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE;

(c)seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn daoine nádúrtha nó dlítheanacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(d)tairiscintí sluachistiúcháin ina bhfuil comaoin is mó ná EUR 1 000 000 in aghaidh na tairisceana sluachistiúcháin a ríomhfar thar thréimhse 12 mhí maidir le tionscadal sluachistiúcháin ar leith.

Airteagal 3
Sainmhínithe

1.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn 'seirbhís sluachistiúcháin' an leas cistiúcháin gnó atá ag infheistíochtaí agus ag úinéirí tionscadail a mheaitseáil trí ardán sluachistiúcháin a úsáid a bhfuil aon cheann díobh seo a leanas i gceist leis:

(i)deonú iasachtaí a éascú;

(ii)urrúis inaistrithe arna neisiúint ag úinéirí tionscadail a láithriú gan gealltanas daingean, dá dtagraítear i bpointe 7 de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus orduithe cliaint a ghlacadh agus a tharchur, dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, maidir leis na hurrúis inaistrithe sin;

(b)ciallaíonn 'ardán sluachistiúcháin' córas faisnéise leictreonach arna oibriú nó arna bhainistiú ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(c)ciallaíonn 'soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin' duine dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin agus ar údaraigh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) chun na críche sin é i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo;

(d)ciallaíonn 'tairiscint sluachistiúcháin' aon chumarsáid ó sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ina bhfuil faisnéis lena gcuirtear ar chumas infheisteoirí ionchasacha cinneadh a dhéanamh faoin bhfiúntas a bhaineann le hidirbheart sluachistiúcháin a dhéanamh;

(e)ciallaíonn 'cliant' aon infheisteoir ionchasach nó iarbhír dá soláthraíonn soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin seirbhísí sluachistiúcháin nó dá bhféadfaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin na seirbhísí sin a sholáthar;

(f)ciallaíonn 'úinéir tionscadail' aon duine a fhéachann lena thionscadal sluachistiúcháin a chistiú trí ardán sluachistiúcháin;

(g)ciallaíonn 'infheisteoir' aon duine a dheonaíonn iasachtaí trí ardán sluachistiúcháin nó a fhaigheann urrúis inaistrithe tríd sin;

(h)ciallaíonn 'tionscadal sluachistiúcháin' an ghníomhaíocht ghnó nó na gníomhaíochtaí gnó a chistíonn úinéir tionscadail nó a fhéachann lena cistiú nó lena gcistiú tríd an tairiscint sluachistiúcháin;

(i)ciallaíonn ‘urrúis inaistrithe’ urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(44) de Threoir 2014/65/AE;

(j)ciallaíonn 'cumarsáidí margaíochta' aon fhaisnéis nó cumarsáid ó sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin chuig infheisteoir ionchasach nó úinéir tionscadail ionchasach maidir le seirbhísí an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, seachas na nochtuithe infheisteoirí a cheanglaítear faoin Rialachán seo;

(k)ciallaíonn 'meán marthanach' ionstraim lena bhféadfar faisnéis a stóráil sa dóigh is gur féidir tagairt di sa todhchaí agus go ceann tréimhse leordhóthanach chun críocha na faisnéise agus lena bhféadfar an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;

(l)ciallaíonn 'meán sainchuspóireach' nó 'MSC' eintitis arb é an taon chuspóir amháin atá leo urrúsú a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1075/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach 15 .

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun eilimintí teicniúla de na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 a shonrú tuilleadh chun aird a thabhairt ar fhorbairtí an mhargaidh, ar fhorbairtí teicneolaíochta agus ar thaithí arna fáil ar oibriú ardán sluachistiúcháin agus ar sholáthar seirbhísí sluachistiúcháin.

Caibidil II
Soláthar seirbhísí sluachistiúcháin agus na ceanglais eagraíochtúla agus oibríochtúla atá ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin

Airteagal 4
Soláthar seirbhísí sluachistiúcháin

1.Ní sholáthróidh ach amháin daoine dlítheanacha seirbhísí sluachistiúcháin ar daoine dlítheanacha iad ag a bhfuil bunaíocht éifeachtach chobhsaí i mBallstát den Aontas agus a údaraíodh mar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo.

2.Gníomhóidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar bhealach macánta cothrom gairmiúil chun leas a gcliant agus a gcliant ionchasach.

3.Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin aon luach saothair, lascaine ná sochar neamhairgeadaíochta a íoc ná ní ghlacfaidh sé le haon cheann díobh sin as orduithe infheisteoirí a sheoladh chuig tairiscint sluachistiúcháin ar leith arna déanamh ar a nardán nó chuig tairiscint sluachistiúcháin ar leith arna soláthar ag ardán tríú páirtí.

4.Féadfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin lánrogha a fheidhmiú thar ceann a gcliant i leith pharaiméadair orduithe na gcliant ina ndéanfaidh siad modh beacht agus paraiméadair na lánrogha sin a nochtadh dá gcliaint agus gach beart is gá chun an toradh is fearr is féidir a fháil dá gcliaint.

5.Maidir le húsáid meán sainchuspóireach le haghaidh soláthar seirbhísí sluachistiúcháin, ní bheidh sé de cheart ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ach sócmhainn amháin a aistriú chuig an meán sainchuspóireach chun a chur ar chumas infheisteoirí neamhchosaint ar an tsócmhainn sin a ghlacadh trí urrúis a fháil. Is faoi infheisteoirí, agus infheisteoirí amháin, a bheidh sé cinneadh a dhéanamh maidir le neamhchosaint ar an tsócmhainn bhunúsach sin a ghlacadh.

Airteagal 5
Bainistíocht éifeachtach stuama

Bunóidh lucht bainistíochta na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin cur chun feidhme beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha agus déanfaidh sé maoirseacht orthu chun bainistíocht éifeachtach stuama a áirithiú, lena náirítear leithscaradh dualgas, leanúnachas gnó agus seachaint coinbhleachtaí leasa, ar mhodh lena gcuirtear sláine an mhargaidh agus leas a gcliant chun cinn.

Airteagal 6
Láimhseáil gearán

1.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin nósanna imeachta éifeachtacha trédhearcacha a bhunú agus a choinneáil chun gearáin a fuarthas ó chliaint a láimhseáil go pras, go cothrom agus go comhsheasmhach.

2.Beidh cliaint in ann gearáin a dhéanamh saor in aisce le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin.

3.Coimeádfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin taifead ar na gearáin go léir a fuarthas agus de na bearta a rinneadh.

4.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun na ceanglais, na formáidí caighdeánacha agus na nósanna imeachta a shonrú maidir le gearáin a láimhseáil.

Airteagal 7
Coinbhleachtaí leasa

1.Ní bheidh aon rannpháirtíocht airgeadais ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in aon tairiscint sluachistiúcháin ar a nardáin sluachistiúcháin.

2.Ní ghlacfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin le haon duine de na daoine seo a leanas mar chliaint dá gcuid: aon duine dá scairshealbhóirí a bhfuil 20% nó níos mó den scairchaipiteal nó de na cearta vótála ina seilbh, aon duine dá mbainisteoirí nó dá bhfostaithe, nó aon duine atá nasctha go díreach nó go hindíreach le rialú leis na scairshealbhóirí, leis na bainisteoirí agus leis na fostaithe sin dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(35)(b) de Threoir 2014/65/AE.

3.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rialacha inmheánacha éifeachtacha a choinneáil agus a oibriú chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

4.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin gach beart iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh idir na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin féin, a scairshealbhóirí, a mbainisteoirí agus a bhfostaithe, nó aon duine atá nasctha go díreach nó hindíreach le rialú leo mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(35)(b) de Threoir 2014/65/AE, agus a gcliaint, nó idir cliant agus cliant eile.

5.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an cineál ginearálta agus na foinsí coinbhleachtaí leasa a nochtadh dá gcliaint agus dá gcliaint ionchasacha agus na bearta a dhéanann siad chun na rioscaí sin a mhaolú nuair a mheasann siad gur gá sin chun go mbeidh éifeacht leis na bearta arna ndéanamh i gcomhréir leis na rialacha inmheánacha dá dtagraítear i mír 3.

6.Maidir leis an nochtadh dá dtagraítear i mír 5:

(a)is i meán marthanach a dhéanfar é;

(a)áireofar mionsonraí leordhóthanacha ann, agus tabharfar aird ar chineál gach cliaint, chun a chumasú do gach cliant cinneadh eolasach a dhéanamh faoin tseirbhís as a neascraíonn an choinbhleacht leasa.

7.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)na ceanglais maidir le rialacha inmheánacha a choinneáil nó a oibriú dá dtagraítear i mír 3;

(b)na bearta dá dtagraítear i mír 4;

(c)na socruithe don nochtadh dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6.

Airteagal 8
Eisfhoinsiú

1.Le linn do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bheith ag brath ar thríú páirtí chun feidhmeanna oibríochtúla a chomhlíonadh, déanfaidh siad gach beart réasúnach chun riosca oibríochtúil breise a sheachaint.

2.Trí fheidhmeanna oibríochtúla a eisfhoinsiú, ní dhéanfar díobháil ábhartha do cháilíocht rialú inmheánach na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ná do chumas ÚEUM faireachán a dhéanamh féachaint an bhfuil an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ag comhlíonadh na noibleagáidí go léir a leagtar síos sa Rialachán seo.

3.Beidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin lánfhreagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo i leith na ngníomhaíochtaí eisfhoinsithe.

Airteagal 9
Sócmhainní cliant a choimeád slán, cistí a shealbhú agus seirbhísí íocaíochta a sholáthar

1.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a gcliaint ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn siad seirbhísí chun seirbhísí a choimeád slán, agus na téarmaí agus na coinníollacha faoina ndéanann siad amhlaidh, lena náirítear tagairtí don dlí náisiúnta is infheidhme;

(b)cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn siad féin seirbhísí chun sócmhainní a choimeád slán nó an soláthraíonn tríú páirtí iad;

(c)cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus cistí a shealbhú agus a choimeád slán nó an ndéantar an méid sin trí sholáthraí tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann.

2.Ní shealbhóidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ná soláthraithe tríú páirtí ag gníomhú thar a gceann cistí cliant ná ní sholáthróidh siad seirbhísí íocaíochta mura rud é go bhfuil na cistí sin beartaithe le haghaidh soláthar seirbhísí íocaíochta i ndáil leis na seirbhísí sluachistiúcháin agus gur institiúid íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(11) de Threoir (AE) 2015/2366 an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó an soláthraí tríú páirtí atá ag gníomhú thar a cheann.

3.Déanfar na cistí dá dtagraítear i mír 2 a choimeád slán i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/2366.

4.I gcás nach ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin iad féin seirbhísí íocaíochta a sholáthar ná cistí a shealbhú ná cistí a choimeád slán i ndáil leis na seirbhísí sluachistiúcháin ná nach ndéanfaidh siad amhlaidh trí thríú páirtí, cuirfidh na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin socruithe i bhfeidhm agus coinneoidh siad iad chun a áirithiú nach nglacfaidh úinéirí tionscadail le cistiú i leith tairiscintí sluachistiúcháin ná le haon íocaíocht ach amháin trí bhíthin soláthraí seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(11) de Threoir (AE) 2015/2366.

Caibidil II
Soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu

Airteagal 10
Údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin

1.Duine dlítheanach ag a bhfuil sé beartaithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, cuirfidh sé iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin chuig ÚEUM.

2.Beidh na nithe seo a leanas go léir san iarratas dá dtagraítear i mír 1:

(a)seoladh an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh;

(b)    stádas dlí an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh;

(c)airteagail chomhlachais an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh;

(d)    clár oibríochtaí ina leagtar amach na cineálacha seirbhísí sluachistiúcháin ar mian leis an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach a sholáthar;

(e)tuairisc ar shocruithe rialachais agus sásraí rialaithe inmheánaigh an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, lena náirítear nósanna imeachta bainistíochta riosca agus cuntasaíochta;

(f)tuairisc ar chórais, acmhainní agus nósanna imeachta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh chun na córais próiseála sonraí a rialú agus a choimirciú;

(g)    tuairisc ar shocruithe leanúnachais gnó an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh;

(h)céannacht na ndaoine atá freagrach as an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach a bhainistiú;

(i)cruthúnas go bhfuil dea-chlú ar na daoine dá dtagraítear i bpointe (h) agus go bhfuil eolas agus taithí iomchuí acu chun an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach a bhainistiú;

(j)    tuairisc ar rialacha inmheánacha an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh chun cosc a chur ar na daoine seo a leanas idirbhearta sluachistiúcháin a dhéanamh arna dtairiscint ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach: scairshealbhóirí a shealbhaíonn 20% nó níos mó den scairchaipiteal nó de na cearta vótála, a bhainisteoirí nó a fhostaithe nó aon duine eile atá nasctha go díreach nó go hindíreach leo le rialú;

(k)tuairisc ar shocruithe eisfhoinsiúcháin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh;

(l)tuairisc ar nósanna imeachta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh maidir le gearáin ó chliaint a láimhseáil;

(m)i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na seirbhísí íocaíochta a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach a sholáthar faoi Threoir (AE) 2015/2366.

3.Chun críocha mhír 2(i), soláthróidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin cruthúnas ar an méid seo a leanas:

(a)nach ann do thaifead coiriúil i leith ciontuithe ná pionóis maidir le rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm sna réimsí seo a leanas: an dlí tráchtála, an dlí dócmhainneachta, an reachtaíocht maidir le seirbhísí airgeadais, an reachtaíocht maidir le frithsciúradh airgid, an chalaois nó dliteanas gairmiúil le haghaidh na ndaoine go léir a bhfuil baint acu leis an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú;

(b)maidir leis na daoine a bhfuil comhbhaint acu leis an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú, cruthúnas go bhfuil eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach acu chun an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú agus go gceanglaítear ar na daoine sin am leordhóthanach a thabhairt chun a ndualgais a chomhlíonadh.

4.Laistigh de 20 lá oibre ón iarratas dá dtagraítear i mír 1 a fháil, measúnóidh ÚEUM cé acu a comhlánaíodh nó nár comhlánaíodh an tiarratas. I gcás nach mbeidh an tiarratas comhlánaithe, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos faoina mbeidh ar an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an fhaisnéis a fágadh ar lár a sholáthar.

5.I gcás ina mbeidh iarratas dá dtagraítear i mír 1 comhlánaithe, tabharfaidh ÚEUM fógra láithreach don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach faoi sin.

6.Measúnóidh ÚEUM, laistigh de dhá mhí ón tráth a fhaightear iarratas comhlánaithe, cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus glacfaidh sé cinneadh lán-réasúnaithe chun údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin a dheonú nó a dhiúltú. Beidh sé de cheart ag ÚEUM údarú a dhiúltú más ann d'fhorais oibiachtúla fhollasacha chun a chreidiúint go bhféadfadh bainistíocht an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas a chur i mbaol: bainistíocht stuama fhónta éifeachtach agus leanúnachas gnó an tsoláthraí seirbhísí sin chomh maith le haird leordhóthanach a thabhairt ar leas a chliant agus ar shláine an mhargaidh.

7.Tabharfaidh ÚEUM fógra don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin faoina chinneadh laistigh de chúig lá oibre tar éis an cinneadh sin a ghlacadh.

8.Beidh an túdarú dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach agus bailí ar fud chríoch an Aontais ina iomláine.

9.Ní cheanglóidh na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bheith i láthair go fisiciúil i gcríoch Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin bunaithe chun seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar ar bhonn trasteorann.

10.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 37 chun na ceanglais agus na socruithe a bhaineann leis an iarratas dá dtagraítear i mír 1 a shonrú tuilleadh.

Airteagal 11
Clár le haghaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin

1.Bunóidh ÚEUM clár de na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go léir. Cuirfear an clár sin ar fáil don phobal ar a shuíomh gréasáin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn rialta.

2.Beidh na sonraí seo a leanas sa chlár dá dtagraítear i mír 1:

(a)ainm agus foirm dlí an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(b)ainm tráchtála agus seoladh idirlín an ardáin sluachistiúcháin arna oibriú ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(c)faisnéis faoi na seirbhísí a núdaraítear an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ina leith;

(d)smachtbhannaí arna bhforchur ar an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó ar a bhainisteoirí.

3.Aon údarú a tharraingítear siar i gcomhréir le hAirteagal 13, foilseofar sa chlár go ceann cúig bliana é.

Airteagal 12
An mhaoirseacht

1.Soláthróidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a seirbhísí faoi mhaoirseacht ÚEUM.

2.Comhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na coinníollacha maidir le húdarú gach tráth.

3.Measúnóidh ÚEUM cé acu atá nó nach bhfuil na hoibleagáidí a ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir leo á gcomhlíonadh ag na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin.

4.Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin fógra gan moill mhíchuí do ÚEUM faoi aon athruithe ábhartha a dhéanfar ar na coinníollacha maidir le húdarú agus, arna iarraidh sin, tabharfaidh siad an fhaisnéis is gá chun a mheas an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh acu.

Airteagal 13
Údarú a tharraingt siar

1.Beidh de chumhacht ag ÚEUM an túdarú atá faighte ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a tharraingt siar in aon cheann de na cúinsí seo a leanas i gcás gur fíor an méid seo a leanas faoin soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin:

(a)níor úsáid sé a údarú laistigh de 18 mí tar éis an túdarú a dheonú dó;

(b)thréig sé a údarú go sainráite;

(c)níor sholáthair sé seirbhísí sluachistiúcháin ar feadh sé mhí as a chéile;

(d)fuair sé a údarú ar mhodhanna neamhrialta, lena náirítear trí ráitis bhréagacha a dhéanamh ina iarratas ar údarú;

(e)níl na coinníollacha faoinar deonaíodh an túdarú á gcomhlíonadh aige a thuilleadh;

(f)sháraigh sé forálacha an Rialacháin seo go tromchúiseach.

2.Tabharfaidh údaráis inniúla náisiúnta fógra do ÚEUM gan mhoill faoin méid seo a leanas:

(a)gur chaill soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, nó soláthraí tríú páirtí ag gníomhú dó thar ceann an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin sin, a údarú mar institiúid íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2015/2366/AE;

(b)gur sháraigh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, nó a bhainisteoirí, a fhostaithe nó tríú páirtithe ag gníomhú thar a cheann, forálacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir (AE) 2015/849 chun feidhme i leith sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.

Beidh feidhm ag 2(b) maidir le húdaráis inniúla náisiúnta arna gceapadh faoi fhorálacha Threoir (AE) 2015/849.

3.Tarraingeoidh ÚEUM siar an túdarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin i gcás ina mbeidh ÚEUM den tuairim go ndéantar difear leis na fíorais dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 do dhea-chlú lucht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, nó go léirítear mainneachtain ar na socruithe rialachais, ar na sásraí rialúcháin inmheánaigh nó ar na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5.

4.Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, d'údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin bunaithe faoina chinneadh an túdarú atá faighte ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a tharraingt siar.

Caibidil IV
An trédhearcacht agus triail eolais iontrála arna déanamh ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin

Airteagal 14
Faisnéis do chliaint

1.An fhaisnéis uile, lena náirítear cumarsáidí margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 19, ó sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin do chliaint nó do chliaint ionchasacha fúthu féin, faoi na costais agus na muirir a bhaineann le seirbhísí sluachistiúcháin nó le hinfheistíochtaí, faoi na coinníollacha sluachistiúcháin, lena náirítear critéir roghnúcháin le haghaidh tionscadail sluachistiúcháin, nó faoi chineál a seirbhísí sluachistiúcháin agus faoi na rioscaí a bhaineann leo, beidh an fhaisnéis sin soiléir, cuimsitheach, iomlán agus ceart.

2.Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 do chliaint ionchasacha sula ndéanfaidh siad idirbheart sluachistiúcháin.

3.Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do na cliaint agus do na cliaint ionchasacha uile ar roinn de shuíomh gréasáin an ardáin sluachistiúcháin atá sainaitheanta go soiléir agus déanfar amhlaidh go neamh-idirdhealaitheach.

Airteagal 15
Triail eolais iontrála agus ionsamhlú ar an gcumas caillteanas a sheasamh

1.Maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, sula dtabharfaidh siad rochtain iomlán d'infheisteoirí ionchasacha ar a dtairiscintí sluachistiúcháin, measúnóidh siad cé acu atá nó nach bhfuil na seirbhísí sluachistiúcháin arna dtairiscint iomchuí do na hinfheisteoirí ionchasacha agus cé na seirbhísí sluachistiúcháin atá iomchuí dóibh.

2.Chun críocha an mheasúnaithe de bhun na chéad mhíre, iarrfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faisnéis faoin eolas bunúsach atá ag an infheisteoir ionchasach agus faoin tuiscint atá aige ar an riosca a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh trí chéile agus leis na cineálacha infheistíochta arna dtairiscint ar an ardán sluachistiúcháin, lena náirítear faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)na hinfheistíochtaí a rinne an tinfheisteoir ionchasach roimhe in urrúis inaistrithe nó i gcomhaontuithe iasachta, lena náirítear i ngnólachtaí atá ina dtús nó i gcéim an leata;

(b)aon eolas nó taithí ghairmiúil ábhartha i ndáil le hinfheistíochtaí sluachistiúcháin.

3.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na bearta is gá chun mír 1 a chomhlíonadh le haghaidh gach infheisteora gach dhá bhliain.

4.I gcás nach soláthróidh infheisteoirí ionchasacha an fhaisnéis is gá de bhun mhír 1, nó i gcás ina measfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, ar bhonn na faisnéise arna fáil faoi mhír 1, gur eolas neamhleor atá ag na hinfheisteoirí ionchasacha, cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na hinfheisteoirí ionchasacha sin ar an eolas go bhféadfaidh na seirbhísí arna dtairiscint ar a nardáin a bheith míchuí dóibh agus tabharfaidh siad rabhadh riosca dóibh. Ní chuirfear cosc ar infheisteoirí ionchasacha infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail sluachistiúcháin de dheasca na faisnéise nó an rabhaidh riosca sin. 

5.Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an deis d'infheisteoirí ionchasacha agus d'infheisteoirí gach tráth ionsamhlú a dhéanamh ar an gcumas atá iontu caillteanas a sheasamh, arna ríomh mar 10% dá nglanfhiúchas, bunaithe ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)ioncam rialta agus ioncam iomlán, agus cé acu a thuilltear nó nach dtuilltear an tioncam ar bhonn buan nó sealadach;

(b)sócmhainní, lena náirítear infheistíochtaí airgeadais, maoin phearsanta agus infheistíochta, cistí pinsin agus aon taiscí airgid;

(c)gealltanais airgeadais, lena náirítear gealltanais rialta, reatha nó todhchaí.

Beag beann ar thorthaí an ionsamhlaithe, ní chuirfear cosc ar infheisteoirí ionchasacha ná ar infheisteoirí infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail sluachistiúcháin.

6.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 leis na socruithe is gá a shonrú chun:

(a)an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh;

(b)an tionsamhlú dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh;

(c)an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4 a sholáthar.

Airteagal 16
Bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí

1.Soláthróidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí d'infheisteoirí ionchasacha arna tarraingt suas ag an úinéir tionscadail le haghaidh gach tairisceana sluachistiúcháin. Dréachtófar an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí i dteanga amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

2.Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí dá dtagraítear i mír 1:

(a)an fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn;

(b)an ráiteas míniúcháin seo a leanas a bheidh díreach faoi theideal na bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí:

"Níor fhíoraigh ná níor fhormheas ÚEUM ná údaráis inniúla náisiúnta an tairiscint sluachistiúcháin seo.

Níor measadh oiriúnacht d'oideachais ná d'eolais sular deonaíodh rochtain ar an infheistíocht seo duit. Tríd an infheistíocht seo a dhéanamh, glacann tú leis an riosca iomlán a bhaineann leis an infheistíocht seo a dhéanamh, lena náirítear an riosca i leith an tairgead arna infheistiú a chailleadh i bpáirt nó ina iomláine.";

(c)rabhadh riosca mar a leanas:

"Baineann rioscaí le hinfheistíocht a dhéanamh sa tairiscint sluachistiúcháin seo, lena náirítear an riosca i leith an tairgead arna infheistiú a chailleadh i bpáirt nó ina iomláine. Níl d'infheistíocht cumhdaithe faoi na scéimeanna ráthaíochta taiscí agus cúitimh d'infheisteoirí arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus le Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.**

D'fhéadfadh sé nach bhfaighfeá aon toradh ar d'infheistíocht.

Ní táirge coigilte é seo agus níor cheart duit níos mó ná 10% de do ghlansócmhainní a infheistiú i dtionscadail sluachistiúcháin.

D'fhéadfadh sé nach mbeifeá in ann na hionstraimí infheistíochta a dhíol nuair is mian leat.

_______________

*    Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, Lch. 149).

**    Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí (IO L 084, 26.3.1997, Lch. 22)."

3.Beidh an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí soiléir, sothuigthe, iomlán agus ceart agus ní bheidh aon fhonótaí inti seachas na cinn ina ndéantar tagairtí don dlí infheidhme. Léireofar í ar mheán aonair marthanach is féidir a dhealú go soiléir ó chumarsáidí margaíochta agus 6 thaobh ar a mhéad a bheidh uirthi i bhformáid leathanaigh A4 má chuirtear i gcló í.

4.Déanfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nuashonrú ar an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí gach tráth agus go ceann thréimhse bhailíochta iomlán na tairisceana sluachistiúcháin.

5.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun agus i bhfeidhm chun iomláine agus soiléire na faisnéise atá sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a fhíorú.

6.Nuair a aithníonn soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin gur fágadh ní ábhartha ar lár, go ndearnadh botún ábhartha nó go bhfuil míchruinneas ábhartha sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, déanfaidh an túinéir tionscadail an fhaisnéis sin a chomhlánú nó a leasú. I gcás nach bhféadfar an fhaisnéis a chomhlánú ná a leasú, ní dhéanfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an tairiscint sluachistiúcháin ná ní chuirfidh sé an tairiscint atá ann cheana ar ceal go dtí go mbeidh an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí i gcomhréir le ceanglais an Airteagail seo.

7.Féadfaidh infheisteoir a iarraidh ar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin socrú a dhéanamh go naistreofar an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí i rogha teanga an infheisteora. Léireofar go cruinn san aistriúchán a bhfuil sa phríomhbhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí.

Mura soláthróidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an taistriúchán ar an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí arna iarraidh, cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin comhairle shoiléir ar an infheisteoir gan an infheistíocht a dhéanamh.

8.Ní cheanglóidh údaráis inniúla náisiúnta fógra ex ante ná formheas ar bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí.

9.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 ina sonrófar:

(a)na ceanglais maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus san Iarscríbhinn a thíolacadh agus ábhar na samhla chuige sin;

(b)cineálacha na rioscaí atá ábhartha maidir leis an tairiscint sluachistiúcháin agus, dá bhrí sin, nach mór a nochtadh i gcomhréir le Cuid C den Iarscríbhinn;

(c)na táillí agus na costais dá dtagraítear i bpointe (a) de Chuid H den Iarscríbhinn, lena náirítear miondealú ar na costais dhíreacha agus indíreacha a sheasfaidh an tinfheisteoir.

Airteagal 17
Bord fógraí

1.Maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a thugann cead dá ninfheisteoirí idirghníomhú go díreach le chéile chun comhaontuithe iasachta nó urrúis inaistrithe a cheannach agus a dhíol a ndearnadh iad a shluachistiú ar dtús ar a nardáin féin, cuirfidh siad a gcliaint ar an eolas nach noibríonn siad córas trádála agus gur de rogha an chliaint féin atá an ghníomhaíocht cheannaigh agus díola sin agus gur ar an gcliant féin atá an fhreagracht.

2.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a mholann praghas tagartha don díol agus don cheannach dá dtagraítear i mír 1 a gcliaint a chur ar an eolas nach bhfuil an praghas tagartha arna mholadh ceangailteach agus tabharfaidh siad bunús leis an bpraghas tagartha sin.

Airteagal 18
Rochtain ar thaifid

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas:

(a)coimeádfaidh siad taifid a bhaineann lena seirbhísí agus lena nidirbhearta ar mheán marthanach ar feadh cúig bliana;

(b)áiritheoidh siad go bhfuil rochtain láithreach ag a gcliaint gach tráth ar thaifid na seirbhísí arna soláthar dóibh;

(c)coinneoidh siad go ceann cúig bliana na comhaontuithe go léir arna ndéanamh idir na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus a gcliaint.

Caibidil V
Cumarsáidí margaíochta

Airteagal 19
Ceanglais maidir le cumarsáidí margaíochta

1.Maidir leis na cumarsáidí margaíochta go léir a dhéantar le hinfheisteoirí, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go bhféadfar iad a aithint go soiléir mar chumarsáidí den sórt sin.

2.Ní bheidh margaíocht ar thionscadail nó tairiscintí sluachistiúcháin aonair atá pleanáilte nó ar feitheamh i gceist le haon chumarsáid mhargaíochta. Ar chumarsáidí margaíochta, ní fhéadfar ach an méid seo a leanas a léiriú: an áit a bhféadfaidh cliaint faisnéis a fháil faoi thionscadail nó tairiscintí aonair agus an teanga ina bhféadfaidh siad déanamh amhlaidh.

3.Le haghaidh na gcumarsáidí margaíochta de chuid soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, úsáidfidh siad teanga oifigiúil amháin nó níos mó den Bhallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin gníomhach nó teanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

4.Ní cheanglóidh údaráis inniúla náisiúnta fógra ex ante ná formheas ar chumarsáidí margaíochta.

Airteagal 20
Forálacha náisiúnta a bhaineann le ceanglais mhargaíochta a phoiblí

1.Déanfaidh údaráis inniúla náisiúnta na forálacha náisiúnta reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta ar a suíomhanna gréasáin ar forálacha iad atá infheidhme maidir le cumarsáidí margaíochta soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin.

2.Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚEUM faoi na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin dá dtagraítear i mír 1 agus faoi na hipearnaisc chuig suíomhanna gréasáin na núdarás inniúil ina bhfuil an fhaisnéis sin foilsithe. Soláthróidh údaráis inniúla achoimre ar na forálacha náisiúnta ábhartha sin do ÚEUM i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

3.Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM faoi aon athrú ar an bhfaisnéis arna soláthar de bhun mhír 2 agus tíolacfaidh siad achoimre nuashonraithe ar na forálacha náisiúnta ábhartha gan mhoill.

4.Déanfaidh ÚEUM achoimre ar na forálacha náisiúnta ábhartha a fhoilsiú agus a choinneáil ar a shuíomh gréasáin i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta chomh maith leis na hipearnaisc chuig suíomhanna gréasáin na núdarás inniúil dá dtagraítear i mír 1. Ní bheidh ÚEUM faoi dhliteanas i leith na faisnéise a thíolactar san achoimre.

5.Is iad na húdaráis inniúla náisiúnta a bheidh ina bpointí teagmhála aonair agus is iad a bheidh freagrach as faisnéis faoi rialacha margaíochta a sholáthar ina mBallstáit féin.

6.Féadfaidh ÚEUM treoirlínte nó moltaí a eisiúint chuig údaráis inniúla náisiúnta ina sonrófar na dea-chleachtais i gcomhair cumarsáidí margaíochta agus na dea-chleachtais maidir le cumarsáidí margaíochta soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a fhíorú.

7.Tuairisceoidh údaráis inniúla do ÚEUM ar bhonn rialta, agus ar bhonn bliantúil ar a laghad, faoi na bearta forfheidhmiúcháin a ghlac siad le linn na bliana roimhe sin ar bhonn a bhforálacha náisiúnta reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is infheidhme maidir le cumarsáidí margaíochta soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin. Go háirithe, cuirfear an méid seo a leanas sa tuarascáil:

(a)líon iomlán na mbeart forfheidhmiúcháin arna dhéanamh de réir chineál an mhí-iompair, i gcás inarb infheidhme;

(b)torthaí na mbeart forfheidhmiúcháin, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, lena náirítear na cineálacha smachtbhannaí arna bhforchur de réir an chineáil smachtbhanna nó leigheasanna arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin;

(c)samplaí, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, den dóigh ar dhéileáil údaráis inniúla le mainneachtain soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na forálacha náisiúnta a chomhlíonadh.

Caibidil VI
Cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚEUM

Roinn I
Inniúlachtaí agus nósanna imeachta

Airteagal 21
Pribhléid dhlíthiúil

Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM le hAirteagal 22 go hAirteagal 25 nó d'aon oifigeach nó duine eile arna údarú ag ÚEUM, ní bhainfear úsáid astu chun a cheangal go nochtfar faisnéis atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil.

Airteagal 22
Iarraidh ar fhaisnéis 

1.Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a thabhairt chun a chur ar chumas ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo:

(a)soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó duine ag a bhfuil soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin á rialú go díreach nó go hindíreach nó atá á rialú amhlaidh ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(b)úinéirí tionscadail ag a bhfuil tairiscint ar ardán sluachistiúcháin déanta roimhe sin nó ag a bhfuil ceann á dhéanamh;

(c)tríú páirtithe arna nainmniú chun feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil leis an tseirbhís sluachistiúcháin a sholáthair i gcomhréir le hAirteagal 8;

(d)bainisteoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c);

(e)iniúchóirí agus comhairleoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c);

2.In aon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

(a)déanfar tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)luafar cuspóir na hiarrata;

(c)sonrófar an fhaisnéis is gá;

(d)áireofar teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;

(e)léireofar méid na fíneála a bheidh le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 28 i gcás ina mbeidh an fhaisnéis arna tabhairt mícheart nó míthreorach.

3.Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 le cinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a)tagróidh sé don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)sonróidh sé an fhaisnéis is gá;

(d)socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;

(e)sonróidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 29 i gcás ina ndéanfar an fhaisnéis riachtanach a thabhairt ar aird go neamhiomlán;

(f)léireoidh sé méid na fíneála dá bhforáiltear in Airteagal 28, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g)léireoidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an ceart chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a nionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir an dlí nó de réir a mbunreachta, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí a údaraíodh go cuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.I gcás na ndaoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad bunaithe.

Airteagal 23
Imscrúduithe ginearálta

1.Féadfaidh ÚEUM imscrúduithe a dhéanamh ar dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 22(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;

(b)cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid, de na sonraí, de na nósanna imeachta agus den ábhar eile sin, nó sleachta a thógáil astu nó a fháil;

(c)aon duine dá dtagraítear in Airteagal 22(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;

(d)agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdúcháin;

(e)taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí.

2.Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na nimscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonrófar ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. San údarú sin freisin léireofar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 29 i gcás nach dtabharfar ar aird na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar riachtanach eile nó na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 22(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus léireofar na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 28 i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 22(1) mícheart nó míthreorach.

3.Cuirtear de cheangal ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 22(1) géilleadh d'imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ón ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 29, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

4.I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an timscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin.

5.Má bhíonn gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

6.I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an túdarás sin:

(a)go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 barántúil;

(b)go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad treallach ná iomarcach.

7.Chun críocha phointe (b) de mhír 6, féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe i ndáil leis na forais amhrais atá ag ÚEUM go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus lena thromchúisí atá an sárú a bhfuiltear in amhras faoi agus le cineál rannpháirtíochta an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Mar sin féin, ní athbhreithneoidh an túdarás breithiúnach náisiúnta an gá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 24
Cigireachtaí ar an láthair

1.Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí riachtanacha uile ar an láthair a dhéanamh ar aon áitreabh gnó de chuid na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 22(1).

2.Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 23(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó agus leabhair nó taifid a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

3.In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an túdarás inniúil ábhartha a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go cuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an túdarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.

4.Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonrófar ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 33, i gcás nach rachaidh na daoine lena mbaineann faoin gcigireacht.

5.Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23(1) faoi chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a gcuirfear tús léi, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 29, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

6.Ar iarraidh a fháil ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin.

7.Féadfaidh ÚEUM freisin a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí imscrúdaitheacha sonracha agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 23(1) a dhéanamh thar a cheann.

8.I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

9.Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

10.I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an túdarás sin an méid seo a leanas:

(a)go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 4 barántúil;

(b)go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad treallach ná iomarcach.

11.Chun críocha mhír 10(b), féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe i ndáil leis na forais amhrais atá ag ÚEUM go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus lena thromchúisí atá an sárú a bhfuiltear in amhras faoi agus le cineál rannpháirtíochta an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Mar sin féin, ní athbhreithneoidh an túdarás breithiúnach náisiúnta an gá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 25
Malartú faisnéise

Soláthróidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis riachtanach dá chéile chun críocha a ndualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Airteagal 26
Rúndacht ghairmiúil

Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 76 de Threoir 2014/65/AE maidir le ÚEUM agus maidir leis na daoine go léir a oibríonn nó a d'oibrigh do ÚEUM nó d'aon duine eile a ndearna ÚEUM cúraimí a tharmligean chucu, lena náirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ÚEUM.

Airteagal 27
Bearta maoirseachta ag ÚEUM

1.I gcás ina bhfaighidh ÚEUM amach go ndearna duine a liostaítear in Airteagal 22(1)(a) ceann de na sáruithe a liostaítear i gCaibidil I go Caibidil V, féadfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an duine deireadh a chur leis an sárú;

(b)cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de bhun Airteagal 28 agus Airteagal 29;

(c)fógraí poiblí a eisiúint;

(d)rabhaidh a eisiúint.

2.Agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, tabharfaidh ÚEUM aird ar chineál agus tromchúis an tsáraithe, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a)fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b)cé acu a bhí nó nach raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha ina leith ar shlí eile;

(c)an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

(d)leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(e)acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;

(f)an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;

(g)méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(h)a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(i)sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

(j)bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.

3.Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon bheart arna dhéanamh de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon chinneadh den sórt sin a nochtadh don phobal ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.

4.Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear i mír 3:

(a)ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;

(b)i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

(c)ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Roinn II
SMACHTBHANNAÍ RIARACHÁIN AGUS BEARTA EILE

Airteagal 28
Fíneálacha

1.Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 31(5), go bhfaigheann ÚEUM amach go ndearna duine, d'aon ghnó nó le faillí, ceann de na sáruithe a liostaítear i gCaibidil I go Caibidil V, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 3.

2.Measfar go ndearnadh sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar thosca oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh duine d'aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

3.Is ionann méid iomlán na fíneála dá dtagraítear i mír 1 agus 5% ar a mhéad de láimhdeachas bliantúil an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin le linn bliain féilire.

4.Le linn an leibhéal fíneála a chinneadh de bhun mhír 1, tabharfaidh ÚEUM aird ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 27(2).

Airteagal 29
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun iallach a chur:

(a)ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 23;

(b)ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 22(1):

(i)faisnéis iomlán a sholáthar arna hiarraidh le cinneadh de bhun Airteagal 22;

(ii)géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt ar aird, agus faisnéis eile arna soláthar in imscrúdú arna sheoladh le cinneadh de bhun Airteagal 23 a chomhlánú agus a cheartú;

(iii)dul faoi chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 24.

2.Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.

3.D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla 3% den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2% den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta a sonraítear sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

4.Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil go ceann uastréimhse sé mhí tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.

Airteagal 30
Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna fhorchur de bhun Airteagal 28 agus Airteagal 29 a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfaí dochar mór do na margaí airgeadais de dheasca an nochta sin don phobal nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh sa nochtadh sin aon sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 16 .

2.Is de chineál riaracháin iad na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur de bhun Airteagal 34 agus Airteagal 35.

3.I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna lena chinneadh.

4.Beidh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur de bhun Airteagal 28 agus Airteagal 29 infhorfheidhmithe.

5.Beidh an forfheidhmiú faoi réir na rialacha nósanna imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéanfar é.

6.Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 31
Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh

1.I gcás go gcinnfidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann lena léirítear go bhféadfadh sé gurb ann d'fhíorais ar dóigh dóibh a bheith ina gceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i gCaibidil I go Caibidil V, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an tábhar a imscrúdú. Ní bheidh baint ag an oifigeach ceaptha ná ní bheidh baint dhíreach nó indíreach aige i bpróiseas maoirseachta ná údarúcháin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin lena mbaineann agus comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar ÚEUM.

2.Déanfaidh an toifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, ag tabhairt aird ar aon bharúlacha a thíolacfaidh na daoine atá faoi réir na nimscrúduithe agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a fhionnachtana, faoi bhráid ÚEUM.

3.Chun a chuid cúraimí a dhéanamh, féadfaidh an toifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 22 agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 23 agus le hAirteagal 24.

4.Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis a bheidh bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

5.Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a fhionnachtana a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi réir na nimscrúduithe éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á nimscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na daoine lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt fúthu agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an toifigeach imscrúdúcháin a fhionnachtana.

6.Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn imscrúduithe a dhéanfar faoin Airteagal seo.

7.Agus an comhad ina bhfuil a fhionnachtana á chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh an toifigeach imscrúdúcháin fógra do na daoine atá faoi réir na nimscrúduithe. Beidh na daoine atá faoi réir na nimscrúduithe i dteideal rochtain a fháil ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile i dtaca lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda lena ndéantar difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart chun rochtain a fháil ar an gcomhad.

8.Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh fionnachtana an oifigigh imscrúdúcháin agus, ar iarraidh a fháil ó na daoine faoi réir na nimscrúduithe, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 32, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i gCaibidil I go Caibidil V déanta ag na daoine atá faoi réir na nimscrúduithe agus, i gcás den sórt sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 31.

9.Ní bheidh an toifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití ÚEUM ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ÚEUM.

10.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 faoin [cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena náirítear forálacha maidir le cearta na cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha agus le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

11.Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina bhfaighidh sé amach, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann lena léirítear go bhféadfadh sé gurb ann d'fhíorais ar dóigh dóibh a bheith ina gcionta coiriúla. Ina theannta sin, ní fhorchuirfidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú nó ciontú a rinneadh roimhe sin a d'eascair as fíoras nó fíorais arb ionann iad go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 32
Daoine lena mbaineann a éisteacht

1.Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 27, Airteagal 28 agus Airteagal 29, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na nimeachtaí éisteacht a fháil faoina fhionnachtana. Is ar na fionnachtana sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na nimeachtaí a dtuairimí a thabhairt fúthu, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a fhionnachtana.

2.Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. I gcás den sórt sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an cinneadh a dhéanamh.

3.Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúduithe a urramú go hiomlán le linn na nimeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a fháil ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile i dtaca lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM san áireamh sa cheart chun rochtain a fháil ar an gcomhad.

Airteagal 33
Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais cinntí a athbhreithniú ar dá réir a d'fhorchuir ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil nó a d'fhorchuir sé aon smachtbhanna nó beart riaracháin eile i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

Airteagal 34
Táillí maidir le húdarú agus maoirseacht

1.Gearrfaidh ÚEUM táillí ar sholáthraithe seirbhísí sluachisticháin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 3. Cumhdófar sna táillí sin caiteachas ÚEUM a bhaineann le húdarú a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus le maoirseacht a dhéanamh orthu agus le haon chostais a aisíoc a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus obair á déanamh acu de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 35.

2.Cuirfear teorainn le méid na táille a ghearrtar ar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin aonair agus is éard a bheidh i gceist leis an teorainn sin ná méid atá coibhéiseach le méid ghníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

3.Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun go sonrófar na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a níocfar iad chomh maith leis an modheolaíocht chun go ríomhfar an tuasmhéid a fhéadfadh ÚEUM a ghearradh in aghaidh an eintitis faoi mhír 2.

Airteagal 35
Tarmligean cúraimí ag ÚEUM chuig údaráis inniúla

1.I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go cuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun iarrataí a dhéanamh ar fhaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 22 agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 23 agus le hAirteagal 24 a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.

2.Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo a leanas:

(a)raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b)an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

(c)tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuige.

3.I gcomhréir leis an rialachán maidir le táillí arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 34(3), déanfaidh ÚEUM údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a dhéanamh.

4.Déanfaidh ÚEUM an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.

Airteagal 36
Cosaint sonraí

1.Maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, déanfaidh údaráis inniúla a gcuid cúraimí chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2.Maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag ÚEUM faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfar Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Caibidil VII
Gníomhartha tarmligthe

Airteagal 37
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 6(4), Airteagal 7(7), Airteagal 10(10), Airteagal 15(6), Airteagal 16(9), Airteagal 31(10) agus Airteagal 34(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinnte ón [Oifig na bhFoilseachán: Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 6(4), Airteagal 7(7), Airteagal 10(10), Airteagal 15(6), Airteagal 16(9), Airteagal 31(10) agus Airteagal 34(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 6(4), Airteagal 7(7), Airteagal 10(10), Airteagal 15(6), Airteagal 16(9), Airteagal 31(10) agus Airteagal 34(3) i bhfeidhm ach mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Caibidil VIII
Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 38
Tuarascáil

1.Roimh [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] tíolacfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus beidh togra reachtach ag gabháil léi i gcás inarb iomchuí.

2.Déanfar measúnú ar an méid seo a leanas sa tuarascáil:

(a)feidhmiú an mhargaidh le haghaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin san Aontas, lena náirítear forbairt agus treochtaí an mhargaidh, agus taithí mhaoirseachta arna fáil ag ÚEUM á tabhairt ar aird, líon na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú ag ÚEUM agus a sciar den mhargadh agus go háirithe scrúdófar an gá na sainmhínithe a leagtar amach sa Rialachán seo a choigeartú agus cé acu atá nó nach bhfuil raon na seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo fós iomchuí;

(b)tionchar an Rialacháin ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh i seirbhísí sluachistiúcháin, lena náirítear an tionchar atá aige ar rochtain FBManna ar mhaoiniú agus an tionchar atá aige ar infheisteoirí agus ar chatagóirí eile daoine a ndéantar difear dóibh de dheasca na seirbhísí sin;

(c)cur chun feidhme na nuálaíochta teicneolaíochta in earnáil an tsluachistiúcháin, lena náirítear na samhlacha gnó agus na teicneolaíochtaí nua nuálacha a chur i bhfeidhm;

(d)cé acu atá nó nach bhfuil an tairseach a leagtar amach in Airteagal 2(2)(d) fós iomchuí chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a shaothrú;

(e)na héifeachtaí atá ag na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta, lena rialaítear cumarsáidí margaíochta soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, ar an tsaoirse chun seirbhísí, iomaíocht agus cosaint infheisteoirí a sholáthar;

(f)cur i bhfeidhm na smachtbhannaí riaracháin agus go háirithe an gá atá ann na smachtbhannaí riaracháin a leagtar amach le haghaidh sárú ar an Rialachán seo a chomhchuibhiú tuilleadh.

(g)an riachtanas agus an chomhréireacht a bhaineann le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chur faoi réir oibleagáidí le haghaidh forálacha náisiúnta a chomhlíonadh lena gcuirtear Treoir (AE) 2015/849 chun feidhme i ndáil le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta agus soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin den sórt sin a chur ar liosta na neintiteas atá faoi oibleagáid chun críocha Threoir (AE) 2015/849.

Airteagal 39
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Soláthraithe Eorpacha Seirbhísí Sluachistiúcháin le haghaidh Gnólachtaí

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

An réimse beartais: Cobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil

Gníomhaíocht: Aontas na Margaí Caipitil

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 17  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Cur le margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime, agus bonn tionsclaíoch níos láidre faoi

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.

1. É a chur ar chumas ardáin méadú ó scála;

2. Sláine ardán a threisiú;

3. Trédhearcacht ardán a threisiú d'infheisteoirí

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

1. Tá SESSanna in ann a gcroíghníomhaíochtaí a dhéanamh ar fud na mBallstát go léir agus idirghabháil a dhéanamh maidir le tionscadail as gach cearn den Aontas Eorpach.

2. Cuirtear feabhas ar mhuinín infheisteoirí go háirithe agus rochtain á fáil ar ardáin agus infheistíocht á déanamh ar bhonn trasteorann.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Dhéanfadh ranna an Choimisiúin faireachán ar éifeachtaí na rogha beartais a coinníodh ar bhonn an liosta táscairí neamh-uileghabhálaigh seo a leanas:

1. Tionchair ar na hardáin:

a.    Líon na dtíortha ina roghnaíonn ardáin a bheith páirteach

b.    An méid bliantúil idirbheart sluachistiúcháin i dtíortha san Aontas

c.    An bonn infheisteoirí de réir chineál na ninfheisteoirí

d.    Líon, méid agus cineál na dtionscadal arna gcistiú go trasteorann

e.    Méid na sreafaí infheistíochta trasteorann

2.    Costais dhíreacha

a.    Táillí ceadúnúcháin

b.    Táillí maoirseachta agus rialála

c.    Costais fhorfheidhmiúcháin

3.    Costais/sochair indíreacha

a.    Éabhlóid na dtáillí arna níoc chun tionscadail a mhaoiniú / infheistíocht a dhéanamh

b.    Éabhlóid ar an meánmhéid ticéid

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Ba cheart dul i ngleic leis na dúshláin seo a leanas leis an togra:

1) An Margadh Aonair: tá ardáin sluachistiúcháin ag brath go mór ar éifeachtaí líonra. Ní hamháin go nardaítear inmharthanacht samhlacha gnó a bhuí le scálú ach bíonn tairbhí méadaithe ag baint leis sin d'úsáideoirí ardáin – infheisteoirí agus úinéirí tionscadail – ina theannta sin. Tá deacrachtaí móra ag ardáin sluachistiúcháin i láthair na huaire agus iarracht á déanamh acu leathnú i mBallstát eile den Aontas agus, dá bhrí sin, bíonn siad teoranta laistigh dá dteorainneacha náisiúnta den chuid is mó. A bhuí leis an tionscnamh seo, tabharfar an deis d'ardáin ar mian leo oibriú ar leibhéal an Aontais cur isteach ar cheadúnas de chineál Soláthraí Eorpach Seirbhísí Sluachistiúcháin (SESS) tríd an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, rud a ligfidh dóibh seirbhísí a sholáthar go rianúil ar fud an Mhargaidh Aonair.

2) Sláine agus Sábháilteacht na hEarnála: níl sluachistiú ina earnáil iontaofa aibí go fóill agus tá infheisteoirí an-aireach faoi infheistíochtaí a dhéanamh ar bhonn trasteorann. Sraith éagsúla rialacha is cúis, i bpáirt, leis sin, ar rialacha iad arna nglacadh ag Ballstáit dhifriúla rud a chruthaíonn neamhchinnteacht maidir le hinfheidhmeacht coimircí, láimhseáil an díchill chuí chomh maith leis an leibhéal grinnscrúdúcháin. Leis an tionscnamh seo soláthrófar lipéad Eorpach so-aitheanta agus tríd sin, áiritheofar timpeallacht thrédhearcach shlán le haghaidh idirghábháil ciste, rud a ligfidh d'infheisteoirí díriú ar inmharthanacht na dtionscadal ar mian leo tacaíocht a thabhairt dóibh.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh sé teacht mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain ó chomhordú, deimhneacht dhlíthiúil, níos mó éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo is ionann 'breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais' agus an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil ón Aontas atá sa bhreis ar an luach a bheadh cruthaithe murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú astu féin.

A bhuí le gníomhaíocht ón Aontas, thiocfadh laghdú mór ar an gcastacht agus na ar hualaí airgeadais agus riaracháin atá ar na páirtithe leasmhara go léir, i.e. ardáin sluachistiúcháin, úinéirí tionscadail agus infheisteoirí, agus, san am céanna, d'áiritheofaí cothrom iomaíochta i measc na soláthraithe seirbhísí go léir a úsáideann an lipéad AE céanna. De bhreis air sin, rialacha stuamachta, dálaí oibríochtúla agus rialacha maidir le trédhearcacht a chomhchuibhiú do na gníomhaithe ábhartha go léir, thiocfadh as sin tairbhí soiléire i gcomhair cosaint infheisteoirí agus cobhsaíocht airgeadais. Trí na gnéithe riachtanacha d'ardán sluachistiúcháin a chomhchuibhiú, tá sé mar aidhm leis an togra creat aonfhoirmeach a bhunú i ndáil leis an sainmhíniú ar an ngníomhaíocht sluachistiúcháin sin, agus rialacha comhchoiteanna á socrú go soiléir i réimsí sonracha.

De réir fianaise nua atá ag teacht chun cinn ó chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus mar chuid de staidéir sheachtracha, is gá beart a dhéanamh an tráth seo. Tá sé mar chuspóir ag an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais cur le forbairt éifeachtach éifeachtúil na seirbhísí sluachistiúcháin san Aontas, le cosaint infheisteoirí agus le cobhsaíocht agus éifeachtacht an chórais airgeadais, le haghaidh gheilleagar, shaoránaigh agus ghnólachtaí an Aontais. Tá an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún ina chuidiú chun tuiscint bhreise a fháil ar an bhfáth gur fearr is féidir na cuspóirí sin a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Tionscnamh nua

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá cuspóirí an togra seo comhsheasmhach le roinnt beartas AE tábhachtach eile agus tionscnamh leanúnach, go háirithe Aontas na Margaí Caipitil, tionscnamh na teicneolaíochta airgeadais agus an Margadh Aonair Digiteach.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 18  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

   trí ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

☒ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

Nótaí

Neamhbhainteach

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

I gcomhréir le socruithe atá ann cheana, ullmhaíonn na ÚMEnna tuarascálacha rialta ar a ngníomhaíochtaí (lena náirítear tuairisciú inmheánach don bhainistíocht shinsearach, tuairisciú do na boird agus tuarascáil bhliantúil a thabhairt ar aird), agus tá siad faoi réir a niniúchta ag Cúirt na nIniúchóirí agus ag Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin maidir lena núsáid acmhainní agus a bhfeidhmíocht. An faireachán agus an tuairisciú ar na gníomhaíochtaí a áirítear sa togra, beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais atá ann cheana agus le haon cheanglais nua a thiocfaidh as an togra seo.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

I bhfianaise mhéid beag an mhargaidh atá dírithe ar thacaíocht airgeadais a thabhairt do chuideachtaí beaga i gcéim luath, níor aithníodh aon rioscaí móra eacnamaíocha, cobhsaíochta airgeadais ná aon rioscaí eile. Tugtar ar aird go mbíonn riosca an-ard ag baint le tionscadail a ndéantar idirghabháil maidir leo ar ardáin sluachistiúcháin, mar sin féin, léirítear an méid sin trí rabhaidh riosca a thugtar d'infheisteoirí agus trí choimircí eile agus, ar an gcaoi sin, áirithítear go mbíonn infheisteoirí eolach ar a dtimpeallacht roghnaithe nach bhfuil inchurtha le spás le haghaidh táirgí coigiltis ach ina soláthraítear spás chun tacaíocht a thabhairt d'fhiontair. Ní cheadaítear d'ardáin féin a bheith rannpháirteach trí infheistíocht a dhéanamh ná na tairiscintí sin a fhrithghealladh agus ní chuidíonn siad ach amháin le hidirbhearta a éascú idir na páirtithe.

2.2.2.Modhanna rialaithe atá beartaithe

Cuirtear chun feidhme cheana féin na córais bhainistíochta agus rialaithe dá bhforáiltear sna Rialacháin maidir le ÚMEnna. Oibríonn ÚMEnna i ndlúthchomhar le Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin lena áirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin iomchuí i réimsí uile an chreata rialaithe inmheánaigh. Beidh feidhm freisin ag na socruithe sin maidir le ról ÚMEnna de réir an togra reatha.

Ina theannta sin, déanann Parlaimint na hEorpa, gach bliain airgeadais de bhun moladh ón gComhairle, urscaoileadh a thabhairt do gach ÚME chun a bhuiséad a chur chun feidhme.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, tá feidhm gan aon srian maidir leis na ÚMEnna ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Tá straitéis frithchalaoise thiomnaithe agus plean gníomhaíochta a thagann aisti ag na ÚMEnna. Na gníomhaíochtaí treisithe atá ag na ÚMEnna i réimse na frithchalaoise, beidh siad i gcomhréir leis na nithe seo a leanas: na rialacha agus an treoir dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais (bearta frithchalaoise mar chuid de bhainistíocht airgeadais fhónta), beartais coiscthe calaoise OLAF, na forálacha dá bhforáiltear faoi Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin (COM(2011)376), agus a leagtar amach sa Chur Chuige Coiteann i ndáil le gníomhaireachtaí díláraithe AE (Iúil 2012) agus an treochlár i ndáil leis sin.

Ina theannta sin, sna Rialacháin lena mbunaítear na ÚMEnna agus i Rialacháin Airgeadais na ÚMEnna, leagtar amach na forálacha maidir le cur chun feidhme agus rialú bhuiséad na ÚMEnna agus na rialacha airgeadais is infheidhme, lena náirítear na cinn sin a bhfuil sé mar aidhm acu calaois agus neamhrialtachtaí a chosc.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal………………………...…………]

LD/LN 19 .

ó thíortha de chuid CSTE 20

ó thíortha is iarrthóirí 21

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1a

12 02 06 ÚEUM

LD/LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[…]

[XX.YY.YY.YY]

[…]

[…]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

Uimhir

[Ceannteideal……………...……………………………………………………………….]

Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Teideal 1: Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(1)

0.764

1.637

2.401

Íocaíochtaí

(2)

0.764

1.637

2. 401

Teideal 2:

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2 a)

Teideal 3:

Gealltanais

(3 a)

Íocaíochtaí

(3b)

IOMLÁN leithreasuithe
i gcomhair ÚEUM

Gealltanais

=1+1a +3a

0.764

1. 637

2. 401

Íocaíochtaí

=2+2a

+3b

0.764

1. 637

2. 401





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna

0.401

0.995

1.396

• Caiteachas riaracháin eile

0.091

0.236

0.327

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

0.764

1. 637

2. 401

Íocaíochtaí

0.764

1. 637

2. 401

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe [an chomhlachta]

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 22

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 23 ...

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna [an chomhlachta]

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Oifigigh (Gráid AD)

2

6

8

Oifigigh (Gráid AST)

Baill foirne ar conradh

1

1

2

Pearsanra sealadach

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

IOMLÁN

3

7

An tionchar a mheastar a bheidh ar an bhfoireann (FTE breise) – an plean bunaíochta

Grúpa feidhme agus grád

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

AD16

AD15

AD14

AD13

AD12

AD11

AD10

AD9

AD8

AD7

AD6

AD5

 

AD Iomlán

AST11

AST10

AST9

AST8

AST7

AST6

AST5

AST4

AST3

AST2

AST1

AST Iomlán

AST/SC 6

AST/SC 5

AST/SC 4

AST/SC 3

AST/SC 2

AST/SC 1

AST/SC Iomlán

MÓRIOMLÁN

An tionchar a mheastar a bheidh ar an bhfoireann (sa bhreis) – pearsanra seachtrach

Gníomhairí ar conradh

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Grúpa feidhme IV

Grúpa feidhme III

Grúpa feidhme II

Grúpa feidhme I

Iomlán

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Luaitear an dáta earcaíochta atá beartaithe agus cuirtear an dáta in oiriúint mar is iomchuí (más i mí Iúil atá sé beartaithe an earcaíocht a dhéanamh, ní chuirtear san áireamh ach 50% den chostas) agus tabhair míniúcháin bhreise in iarscríbhinn.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach don mháthair-Ard-Stiúrthóireacht

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an chéad deachúil ar a mhéad)

Bliain
2020

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 24

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy 25

- sa cheanncheathrú 26

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

Ba cheart tuairisc ar ríomh an chostais i gcomhair aonaid FTE a bheith ar áireamh i roinn 3 d'Iarscríbhinn V.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 27 .

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 28

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

[…]

AN IARSCRÍBHINN a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach i ndáil le Togra le haghaidh Rialachán maidir le Soláthraithe Eorpacha Seirbhísí Sluachistiúcháin (SESSanna) le haghaidh gnólachtaí

Modheolaíocht fheidhmeach agus na príomhthoimhdí bunúsacha

Rinneadh na costais a bhaineann le Soláthraithe Eorpacha Seirbhísí Sluachistiúcháin (SESSanna) a bheith á núdarú ag ÚEUM agus le maoirseacht a bheith á déanamh aige orthu de réir trí chatagóir costas: na costais foirne, na costais riaracháin agus na costais oibríochtúla 29 .

De réir réamh-mheastacháin reatha ón gCoimisiún chun cúraimí údarúcháin agus maoirseachta SESS a dhéanamh, beidh gá le 4 bhall foirne nua in 2019 agus le 9 mball foirne breise don bhliain 2020. Bheadh an méid sin sa bhreis ar an bhfoireann atá ag obair in ÚEUM faoi láthair agus atá cumhdaithe faoin mbuiséad reatha do ÚEUM. Dhéanfaí na costais a mhaoiniú as buiséad an Aontais ionas nach gcuirfí ualach táillí díréireacha ar thionscal nuaghinte. Baileofar ranníocaíochtaí ó SESS a bheidh údaraithe faoin gcóras seo, ach cuirfear teorainn i bhfeidhm, áfach, mar a mhionsonraítear i dtéacs an togra.

Léiríonn an gá atá le baill foirne bhreise na cúraimí breise a tugadh do ÚEUM faoin Rialachán agus a bhaineann le SESSanna a chomhordú agus maoirseacht a dhéanamh orthu:

·Próisis údarúcháin a ullmhú agus a bhainistiú;

·Clárlann lárnach a bhunú agus a choinneáil;

·Caighdeáin theicniúla a fhoráiltear sa Rialachán a fhorbairt;

·Bileoga Faisnéise Infheistíochta Bunriachtanaí a athbhreithniú

·Ullmhú do chomhordúchán agus do mhaoirseacht leanúnach a dhéanamh ar SESSanna

·Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh go bliantúil ar eochairtháscairí feidhmíochta

Tá na cúraimí nua sin leagtha amach sa Rialachán atá beartaithe agus tá breis mionsonraí ina leith tugtha sa mheabhrán míniúcháin. Ar na cúraimí sin, áirítear na nithe seo a leanas, ach níl siad teoranta dóibh: SESSanna a údarú agus a chlárú, maoirseacht a dhéanamh ar SESSanna cláraithe, teagmhálacha tréimhsiúla a cheangal le lucht bainistíochta/foireann na neintiteas a ndéantar maoirseacht orthu, ceisteanna, gearáin nó iarrataí ó údaráis inniúla náisiúnta nó ó thomhaltóirí a fhreagairt, faireachán a dhéanamh ar cheanglais SESS a chomhlíonadh mar a leagtar amach sa Rialachán maidir le SESS, faisnéis a iarraidh ar SESSanna nó ó dhaoine a bhfuil baint acu leis na heintitis a bhainistiú, cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, taifid a scrúdú agus daoine a éisteacht maidir le sáruithe a líomhnaítear a bheith déanta ar an Rialachán, an Bhileog Faisnéise Infheistíochta Bunriachtanaí a scrúdú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán chomh maith le doiciméid riachtanacha a aistriú. D'fhéadfadh ÚEUM an ról údarú SESS a tharraingt siar agus bearta maoirseachta eile a dhéanamh mar a liostaítear sa Rialachán maidir le SESS.

Léirítear sa roinn seo a leanas na toimhdí ginearálta maidir le hacmhainní breise a ríomh, an costas a bhaineann leis an bhfoireann nua agus leis an mbonneagar TF breise.

Toimhdí ginearálta a dhéantar agus acmhainní breise á ríomh

Agus acmhainní breise á ríomh, rinneadh na toimhdí seo a leanas.

Glactar leis go gcuirfear an Rialachán i bhfeidhm i dtús 2019 agus go mbainfidh ÚEUM úsáid as an mbliain le hullmhúcháin a dhéanamh chun caighdeáin theicniúla rialála agus comhairlí teicniúla mar aon le próisis agus nósanna imeachta a dhréachtú. In 2020, bunaithe ar líon na nardán sluachistiúcháin atá sa mhargadh i láthair na huaire agus ar mhéid, gníomhaíocht, dálaí margaidh ginearálta na nardán sin agus líon na nardán a rinne iarracht cheana leathnú go trasteorann, meastar go ndéanfaidh ÚEUM maoirseacht ar ionann agus 25 eintiteas.

Glactar leis gur poist le haghaidh foireann bhuan nó gníomhairí ar conradh a bheidh i gceist le poist bhreise. Glactar leis gurb é EUR 173 000 an meánchostas bliantúil iomlán 30 d'fhoireann bhuan agus gurb é EUR 86 000 an meánchostas bliantúil iomlán do ghníomhairí ar conradh. Má chuirtear costais phinsin agus earcaíochta san áireamh, cé go gcuirtear costais foirne riaracháin agus oibríochtúla i gcatagóir ar leith, tugtar achoimre sa tábla thíos ar an meánchostas bliantúil iomlán de réir na catagóire foirne.

Tábla 1 Costais Foirne

Catagóir Foirne

2019 Meánchostais foirne bhliantúla iomlána (*)

2020 Meánchostais foirne bhliantúla iomlána (*)

Oifigeach

EUR 158 020

EUR 153 687

Gníomhaire ar conradh

EUR 85 640

EUR 72 640

(*) Tá an méid seo a leanas san áireamh ann: costais earcaíochta, tuarastail agus liúntais, ranníocaíochtaí pinsin, costais eile (oiliúint, leigheas, scoil, bainistiú foirne). Ní chuirtear costais foirne (e.g. costais mhisin) ná costais oibríochtúla (e.g. costais bunachar sonraí, cruinnithe agus dlí) san áireamh.

Ríomh na foirne breise

Léirítear i dTábla 2 na hacmhainní foirne atá beartaithe ag ÚEUM a éileamh chun na feidhmeanna a leagtar amach sa Rialachán a chur i gcrích.

Tábla 2 FTE iomlán in aghaidh na bliana

2019

2020

AD

2

6

CA

1

1

Iomlán

3

7

Déanfar riachtanais iar-2020 a ríomh agus a shannadh i gcomhthéacs an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo.

Caiteachas Eile

Caiteachais eile amhail an chlárlann a chur ar bun maille le bunachair sonraí agus costais eile, áiríodh laistigh de chostais oibríochtúla i dTábla 3 iad. Glactar leis gur EUR 250 000 a bheidh i gceist le costais TF le haghaidh an dá bhliain 2019 agus 2020 agus tiocfaidh laghdú orthu go EUR 50 000 ina dhiaidh sin. Áirítear costais aistriúcháin freisin laistigh den tsraith faoi chostais oibríochtúla agus EUR 350 000 atá i gceist leo go bliantúil.

Caiteachas iomlán 2019-2020

Agus aird á tabhairt ar na toimhdí thuas, léirítear sa tábla thíos na méideanna iomlána measta a bhaineann leis an gcur ar bun agus leis na cúraimí maoirseachta agus údarúcháin a bheidh le comhlíonadh ag ÚEUM don tréimhse 2019-2020.

Tábla 3 Caiteachais iomlána maidir le SESS ag ÚEUM sna blianta 2019-2020, in EUR

2019

2020

Caiteachas foirne

EUR 401 680

EUR 994 760

Caiteachas riaracháin

EUR 90 720

EUR 236 040

Caiteachas oibríochtúil

EUR 271 600

EUR 656 200

Caiteachas iomlán

EUR 764 000

EUR 1 887 000

Táillí arna mbailiú ó eintitis cheadúnaithe(*)

0

25 x EUR 10 000

Buiséad iomlán ón tionscal

0

EUR 250 000

Tionchar iomlán ar bhuiséad an Aontais

EUR 764 000

EUR 1 637 000

(1)    Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2015 maidir le hAontas Margaí Caipitil a Thógáil, dúradh freisin, “gur cheart go gcruthódh Aontas na Margaí Caipitil timpeallacht rialála iomchuí a chuireann feabhas ar rochtain trasteorann ar fhaisnéis maidir leis na gnólachtaí a bhfuil struchtúir chreidmheasa, chuasachothromais agus chothromais á gcuardach acu chun fás samhlacha maoinithe neamhbhainc a chur chun cinn, lena náirítear sluachistiúchán agus iasachtú idir phiaraí”. Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2015 maidir le hAontas Margaí Caipitil a Thógáil (2015/2634(RSP)), mír 47. Ar fáil ag http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?pubRef=-//EP//NONSGML+TA+P8-TA-2015-0268+0+DOC+PDF+V0//E    
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le hAcmhainneacht an tSluachistiúcháin a Scaoileadh san Aontas Eorpach, COIM(2014)172 final, 27.3.2014.
(3)    SWD(2016) 154 final, ar fáil anseo: https://ec.europa.eu/transparency/regdoc/rep/10102/2016/EN/10102-2016-154-EN-F1-1.PDF
(4)    IO L 168, 30.6.2017, Lch. 12.
(5)    IO C , , Lch. .
(6)    IO C , , Lch. .
(7)    Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, Lch. 66).
(8)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, Lch. 349).
(9)    Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena naisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, Lch. 12).
(10)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena naisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, Lch. 338).
(11)    Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena naisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, Lch. 35).
(12)    COM(2017) 340 final, Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an measúnú ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhfuil éifeacht acu ar an margadh inmheánach agus a bhaineann le cásanna trasteorann.
(13)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).
(14)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, Lch. 1).
(15)    IO L 297, 7.11.2013, Lch. 107.
(16)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, Lch. 1).
(17)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(18)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx .
(19)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
(20)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(21)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(22)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(23)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(24)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(25)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(26)    Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go príomha.
(27)    Féach Airteagal 11 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020.
(28)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
(29)    Áirítear costais aistriúcháin agus TF i gcostais oibríochtúla.
(30)    Cuirtear costais phinsin agus earcaíochta as an áireamh, ach, cuirtear costais foirne oibríochtúla (e.g. costais mhisin) agus riaracháin (e.g. costais bunachar sonraí, cruinnithe agus dlí) san áireamh.

An Bhruiséil,8.3.2018

COM(2018) 113 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le Soláthraithe Eorpacha Seirbhísí Sluachistiúcháin do Ghnólachtaí

{SWD(2018) 56 final}
{SWD(2018) 57 final}


IARSCRÍBHINN

Faisnéis a bheidh le soláthar ar an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí

Cuid A: Faisnéis faoi úinéir/úinéirí an tionscadail agus faoin tionscadal sluachistiúcháin

(a)Céannacht, stádas dlí, úinéireacht, bainistíocht agus sonraí teagmhála;

(b)Príomhghníomhaíochtaí; táirgí nó seirbhísí atá á dtairiscint;

(c)Hípearnasc leis an ráiteas airgeadais is déanaí ó úinéir an tionscadail, má tá fáil air;

(d)Tuairisc ar an tionscadal sluachistiúcháin, lena náirítear an cuspóir atá leis agus na príomhghnéithe a bhaineann leis.

Cuid B: Príomhghnéithe an phróiseas sluachistiúcháin agus coinníollacha le haghaidh caipiteal a thiomsú nó cistí a fháil ar iasacht, de réir mar is iomchuí

(a)Sprioc-chaipiteal íosta atá le tiomsú nó sprioc-chistí atá le fáil ar iasacht i dtairiscint aonair sluachistiúcháin agus líon na dtairiscintí atá críochnaithe ag úinéir an tionscadail nó ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin don tionscadal sluachistiúcháin sin;

(b)Spriocdháta le haghaidh an sprioc a bhaint amach, is é sin caipiteal a thiomsú nó cistí a fháil ar iasacht;

(c)Faisnéis maidir le hiarmhairtí mura dtiomsaítear an sprioc-chaipiteal nó mura bhfaightear na sprioc-chistí ar iasacht faoin spriocdháta sin;

(d)An tuasmhéid faoi thairiscint nuair nach ionann sin agus an sprioc-chaipiteal a leagtar amach i bpointe (a);

(e)Méid na gcistí dílse arna ngeallúint ag úinéir an tionscadail don tionscadal sluachistiúcháin;

(f)Athrú ar chomhdhéanamh chaipitil nó iasachtaí an eisitheora i ndáil leis an tairiscint shluachistiúcháin.

Cuid C: Fachtóirí Riosca

Cur i láthair maidir leis na príomhrioscaí a ghabhann le maoiniú an tionscadail shluachistiúcháin, leis an earnáil, leis an dtionscadal, le húinéir an tionscadail agus a ghabhann leis an ionstraim infheistíochta, lena náirítear rioscaí geoghrafacha, i gcás inarb ábhartha.

CUID D: Faisnéis i ndáil le hurrúis a thairiscint

(a)Méid iomlán agus cineál ionstraimí infheistíochta atá le tairiscint;

(b)Praghas suibscríbhinne;

(c)Cibé an nglactar le ró-shuibscríbhinní agus an dóigh a leithdháiltear iad;

(d)Téarmaí suibscríbhinne agus íocaíochta;

(e)Cumhdach ionstraimí infheistíochta agus a seachadadh ar infheisteoirí;

(f)An áit a ndéanann an ráthóir nó comhthaobhacht an infheistíocht a urrú:

(i)cibé an duine dlítheanach é an ráthóir nó an soláthraí comhthaobhaigh sin;

(ii)céannacht, stádas dlíthiúil agus sonraí teagmhála an ráthóra nó an tsoláthraí chomhthaobhaigh sin;

(iii)faisnéis maidir le cineál agus téarmaí na ráthaíochta nó na comhthaobhachta;

(g)Más infheidhme, gealltanas daingean urrúis a aischeannach agus an tréimhse ama le haghaidh aischeannach dá shórt;

(h)Maidir le hionstraimí neamhchothromais, an ráta úis ainmniúil, an dáta a bheidh an tús iníoctha, na dátaí dlite le haghaidh íocaíochtaí úis, an dáta aibíochta agus an toradh is infheidhme.

Cuid E: Faisnéis an eisitheora, i gcás nach é úinéir an tionscadail an teisitheoir agus gur aonán sainchuspóireach dá bharr sin é.

(a)Cibé an bhfuil aonán sainchuspóireach á idirchur idir úinéir an tionscadail agus an tinfheisteoir;

(b)Sonraí teagmhála an eisitheora.

Cuid F: Cearta infheisteoirí

(a)Cearta bunúsacha a ghabhann leis na hurrúis;

(b)Srianta a bhfuil na hurrúis faoina réir;

(c)Cur síos ar aon srian maidir le haistriú urrús;

(d)Deiseanna maidir le scor;

(e)Maidir le hurrúis chothromais, dáileachán caipitil agus cearta vótála roimh an mhéadaithe agus ina dhiaidh ar chaipiteal mar thoradh ar an tairiscint (má ghlactar leis go mbeidh gach urrús faoi shuibscríbhinn).

Cuid G: Nochtadh i ndáil leis an gcomhaontú iasachta

I gcás ina bhfuil baint ag idirghabháil creidmheasa leis an dtairiscint sluachistiúcháin, in ionad na faisnéise dá dtagraítear i gCuid D, i gCuid E agus i gCuid F, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí:

(a)Cineál agus fad an chomhaontaithe chreidmheasa;

(b)Rátaí úis is infheidhme nó, más infheidhme, cúiteamh eile don infheisteoir;

(c)Bearta maolaithe riosca, amhail cibé an bhfuil creidmheas urraithe nó nach bhfuil;

(d)Sceideal amúchadh na príomhshuime agus aisíoc úis.

Cuid H: Táillí, faisnéis agus sásamh dlíthiúil

(a)Na muirir a ghearrtar ar an infheisteoir, agus na costais a thabhaíonn sé, i ndáil leis an infheistíocht;

(b)An áit agus an dóigh ar féidir teacht ar fhaisnéis bhreise saor in aisce faoin tionscadal sluachistiúcháin, faoi úinéir an tionscadail agus faoi eisitheoir an tionscadail;

(c)An dóigh agus cé leis a bhféadfaidh infheisteoir gearán a dhéanamh faoin infheistíocht nó faoi iompar úinéir an tionscadail nó faoin soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.