An Bhruiséil,12.3.2018

COM(2018) 94 final

2018/0043(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le ceist na mbannaí faoi chumhdach agus na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2018) 50}
{SWD(2018) 51}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ghlac an Coimisiún inniu pacáiste beart chun Aontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú, maille leis an Teachtaireacht "Completing Capital Markets Union by 2019 – time to accelerate delivery" [Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích faoi 2019 – tá sé in am dlús a chur leis an bpróiseas]. Sa phacáiste sin tá an togra seo chomh maith le togra chun dáileadh trasteorann cistí infheistíochta a éascú, togra maidir leis an dlí is infheidhme maidir leis na héifeachtaí a bhíonn le sannadh teideal agus Teachtaireacht maidir leis an dlí is infheidhme maidir le héifeachtaí dílseánacha idirbheart in urrúis.

Is éard is oibleagáidí fiachais ann bannaí faoi chumhdach arna gcosaint in aghaidh linn sócmhainní tiomnaithe, ag a bhfuil iontaoibh dhíreach ag sealbhóirí bannaí mar chreidiúnaithe fabhracha. San am céanna, beidh sealbhóirí bannaí i dteideal go fóill éileamh in aghaidh an eintiteas eisiúna mar ghnáthchreidiúnaithe. Tugtar an sásra ‘déiontaoibhe’ ar an éileamh dúbailte seo in aghaidh an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus an eisitheora.

Is institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach agus mar sin, is foinse thábhachtach agus éifeachtúil chistiúcháin le haghaidh bainc Eorpacha iad. Éascaíonn siad maoiniú na niasachtaí morgáiste agus na hearnála poiblí, agus tacú níos forleithne ar an gcaoi sin le hiasachtaí. Buntáiste mór atá le bannaí faoi chumhdach i gcomparáid le cineálacha eile foinsí cistiúcháin bainc amhail urrúis de bhun sócmhainní, ná go gcoinníonn eisitheoirí an riosca ar a gcláir chomhardaithe agus go mbíonn éilimh ag infheisteoirí go díreach leis an mbanc. Dá bhrí sin, cuirtear ar chumas na mbanc iasachtaí níos mó a thabhairt agus ar bhealach níos sábháilte. Ba chúis mhór é sin gur éirigh go maith le banna faoi chumhdach le linn na géarchéime airgeadais i gcomparáid le hionstraimí eile cistiúcháin. Ba fhoinse chistiúcháin iontaofa chobhsaí iad le haghaidh bainc Eorpacha nuair a bhí bealaí eile cistiúcháin gann.

Chuirfeadh creat cumasúcháin do bhannaí faoi chumhdach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh lena núsáid mar fhoinse chistiúcháin chobhsaí agus chostéifeachtach le haghaidh institiúidí creidmheasa, go háirithe i gcás nach bhfuil na margaí chomh forbartha iontu, chun cuidiú leis an bhfíorgheilleagar a mhaoiniú i gcomhréir le cuspóirí aontas na margaí caipitil. Leis an gcreat cumasúcháin, chuirfí réimse níos leithne agus sábháilte deiseanna ar fáil d’infheisteoirí agus bheadh sin ina chuidiú chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú. Beidh ar na Ballstáit na rialacha sin a thrasuí, agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh na creataí náisiúnta um bannaí faoi chumhdach na ceanglais prionsabal-bhunaithe atá leagtha amach sa togra seo. Dá bhrí sin ní mór na bannaí faoi chumhdach uile ar fud na hEorpa na híoscheanglais maidir le comhchuibhiú a chomhlíonadh.

Tá an creat cumasúcháin um bannaí faoi chumhdach ina chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin do 2018 1 . Sa litir intinne a lean a aitheasc is déanaí ar Staid an Aontais Eorpaigh, dhearbhaigh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh go seolfaí nó go gcuirfí creat cumasúcháin um bannaí faoi chumhdach i gcrích faoi dheireadh 2018 chun margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a áirithiú 2 . Dhearbhaigh an Coimisiún an rún seo san Athbhreithniú Meántéarma ar Phlean Gníomhaíochta Mheitheamh 2017 maidir le hAontas na Margaí Caipitil 3 .

Tá forbairt na mbannaí faoi chumhdach ar fud ar mhargaidh aonair míchothrom; tá siad an-tábhachtach i roinnt Ballstát ach níl siad chomh tábhachtach sin i roinnt Ballstát eile. Thairis sin, ní thugtar aghaidh orthu go hiomlán i ndlí an Aontais. Cé go mbaineann siad leas as láimhseáil fhabhrach rialála agus stuamachta i gcásanna éagsúla i bhfianaise na rioscaí níos lú (e.g. ní bhíonn ar na bainc a bhíonn ag infheistiú iontu oiread caipitil rialála a chur i leataobh is a chuireann siad agus iad ag infheistiú i sócmhainní eile), ní thugtar aghaidh go cuimsitheach i ndlí an Aontais ar a bhfuil i gceist le banna faoi chumhdach. Ina áit sin, faigheann bannaí faoi chumhdach láimhseáil fhabhrach, mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/65/CE 4 . Dréachtaíodh an sainmhíniú sin, áfach, agus sprioc shonrach leis - srian a chur ar a bhféadfadh gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) infheistiú a dhéanamh ann - agus níl sé oiriúnach do mhórchuspóirí aontas na margaí caipitil.

Ba cheart go gcuirfeadh creat reachtach an Aontais ar bhannaí faoi chumhdach le cumas na ninstitiúidí airgeadais, agus go háirithe le cumas na mbanc, maoiniú a chur isteach san fhíorgheilleagar agus rannchuidiú le bannaí faoi chumhdach a cheapadh ar fud an Aontais, go háirithe sna Ballstáit sin nach bhfuil margadh ann dóibh faoi láthair.

Leis an gcreat freisin, mhéadófaí sreafaí trasteorann caipitil agus infheistíochta. Dá bhrí sin, chuideodh sé le haontas na margaí caipitil agus go háirithe le leas níos mó a bhaint as cumas na ninstitiúid airgeadais tacú leis an ngeilleagar i gcoitinne. D'áiritheofaí leis, go háirithe, go mbeadh fáil ag na bainc ar raon leathan uirlisí sábháilte agus éifeachtúla don chistiú.

Treoir agus Rialachán atá sa chreat - is ceart féachaint ar an dá ionstraim mar phacáiste aonair.

Leis an togra atá beartaithe, sonrófar buneilimintí na mbannaí faoi chumhdach agus cuirfear sainmhíniú comhchoiteann ar fáil agus é ina phointe tagartha chomhsheasmhaí agus mhionsonraithe chun críocha na rialála stuamachta, agus beidh feidhm aige sna hearnálacha airgeadais ar fad. Bunófar leis, gnéithe struchtúracha na hionstraime, maoirseacht phoiblí a bhaineann le bannaí faoi chumhdach go sonrach, rialacha lena gceadófar úsáid an lipéid ‘Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach’ agus oibleagáidí foilsithe na núdarás inniúil i réimse na mbannaí faoi chumhdach.

Leis an Rialachán atá beartaithe leasófar go príomha Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (RCC)). De thoradh na leasuithe, forbrófar an láimhseáil stuamachta atá ann faoi láthair ach cuirfear leis na ceanglais maidir le híos-rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh agus le sócmhainní ionadaíochta. Neartóidís na ceanglais maidir le láimhseáil fhabhrach caipitil a thabhairt do bhannaí faoi chumhdach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Cuid d’obair leantach is ea an togra seo lena chinntiú gur leor cáilíocht na mbannaí faoi chumhdach chun cúis mhaith a bheith lena láimhseáil fhabhrach leanúnach.

Forbairt ar obair leantach an Údaráis Bhaincéireachta Eorpaí (ÚBE) atá ann chun dea-chleachtais a shainaithint maidir le bannaí faoi chumhdach a eisiúint 5 . Freagairt is ea an obair sin ar mholadh an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (BERS) go ndéanfaí dea-chleachtais a shainaithint agus faireachán orthu chun a áirithiú go mbeidh creataí daingne agus comhsheasmhacha maidir le bannaí faoi chumhdach ar fud an Aontais 6 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is é ceann de na cuspóirí is tábhachtaí atá ag an gCoimisiún ná infheistíocht a spreagadh agus poist a chruthú. Tá roinnt tionscnamh seolta ag an gCoimisiún lena chinntiú go bhfuil an córas airgeadais ag rannchuidiú go hiomlán ina leith sin. An chéad cheann orthu sin aontas na margaí caipitil, lena mbaineann sraith tionscnamh chun cistiúchán i gcomhair fás na hEorpa a chur ar fáil. Ba cheart bannaí faoi chumhdach a chur i gcomhthéacs aontas na margaí caipitil, ós rud é gurb é maoiniúchán ó na bainc an sruth cistiúcháin is tábhachtaí ar fad san Eoraip agus tá leas a bhaint as an gcumas baincéireachta chun tacú leis an ngeillegar ar fad ar ghníomhaíochtaí aontas na margaí caipitil. Is ionann bannaí faoi chumhdach agus uirlis chistiúcháin éifeachtúil agus chobhsaí do na bainc Eorpacha. Ba cheart creat reachtach ar bhannaí faoi chumhdach a chomhchuibhiú a chur i gcomhthéacs an bheartais níos leithne seo.

Cuspóir tábhachtach eile de chuid an Choimisiúin i réimse na margaí airgeadais ná deimhin a dhéanamh de go dtugann ceanglais chaipitil na mbanc na rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní san áireamh ina gcláir chomhardaithe. Dá réir sin, áirítear leis na ceanglais RCC go mbeidh ardleibhéal aonfhoirmeach cosanta infheisteoirí ar na bannaí faoi chumhdach a dtugtar an láimhseáil is fabhraí dóibh. Ar an ábhar nach dtugtar aghaidh go cuimsitheach i ndlí an Aontais, áfach, ar a bhfuil i gceist le banna faoi chumhdach (féach thuas), tá gá le comhchuibhiú chun a áirithiú go mbeidh tréithe struchtúrtha cosúla ag na bannaí faoi chumhdach ar fud an Aontais, sa dóigh go mbeidh siad comhleanúnach leis na ceanglais stuamachta ábhartha. Tá comhchuibhiú na mbannaí faoi chumhdach, dá bhrí sin, i gcomhréir le haidhm an Choimisiúin faoi chobhsaíocht airgeadais, mar atá leagtha amach sa rialachán ar mhargaí airgeadais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tugtar an inniúlacht do na hinstitiúidí Eorpacha forálacha iomchuí a leagan síos a bhfuil bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar chuspóir acu (Airteagal 114 CFAE). Cuimsítear leis sin reachtaíocht maidir le feidhmiú mhargaí na mbannaí faoi chumhdach mar chuid den reachtaíocht ghinearálta i dtaca le feidhmiú na margaí airgeadais.

Coimhdeacht (maidir le hnniúlacht neamheisiatach)

Ar an ábhar go gcinntear gnéithe struchtúracha na mbannaí faoi chumhdach go príomha faoi láthair ar leibhéal náisiúnta, tugtar a láimhseáil fhabhrach faoi dhlí an Aontais Eorpaigh do chineálacha éagsúla táirgí dáiríre. Tá gá le gníomh an Aontais Eorpaigh chun creat coiteann maidir le bannaí faoi chumhdach a bhunú ar fud an Aontais, lena áirithiú go mbeidh a dtréithe struchtúrtha i gcomhréir leis na tréithe riosca lena dtugtar bonn cirt do láimhseáil fhabhrach ón Aontas Eorpach. Tá gá le gníomh an Aontais Eorpaigh chun creat coiteann a bhunú freisin chun margaí bannaí faoi chumhdach a cheapadh ar fud an Aontais agus tacú le hinfheistíochtaí trasteorann i bhfianaise chuspóirí Aontas na Mhargaí Caipitil.

Comhréireacht

Mar a leagtar amach sa mheasúnú tionchair tionlacain, le rogha na tosaíochta (comhchuibhiú íosta bunaithe ar na córais náisiúnta) ba cheart go bhféadfaí an chuid is mó de chuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach ar chostas réasúnta. Leis an rogha seo, cuirtear an tsolúbthacht is gá chun freastal ar shainiúlachtaí na mBallstát i gcothrom leis san aonfhoirmeacht is gá chun go mbeidh comhleanúnachas ar leibhéal an Aontais. Éireofar leis na cuspóirí a bhaint amach, agus san am céanna íoslaghdófar an cur isteach agus na costais idirthréimhseacha. Is aidhm bhunúsach an chuir chuige sa phacáiste seo cur isteach ar mhargaí náisiúnta aibí atá ag feidhmiú go maith a sheachaint, agus úsáid níos leithne de bhannaí faoi chumhdach a spreagadh. Áirítear leis an togra seo forálacha ar mharthanú na mbannaí atá ann cheana d’fhonn costais dá neisitheoirí agus do na margaí a íoslaghdú. Mar a léiríodh sa mheasúnú tionchair, is féidir bheith ag súil le costais atá comhréireach maidir leis na tairbhí ionchasacha.

An rogha ionstraime

Is ionstraim iomchuí é treoir le gcreat dlí comhchuibhithe do bhannaí faoi chumhdach ar leibhéal an Aontais a bhunú. Tá an Treoir seo bunaithe ar phrionsabail, lena mbíonn an íosmhéid d’fhorálacha mionsonraithe is gá chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag sraith chomhchoiteann bunrialacha struchtúrtha ar fud an mhargaidh aonair. Beidh saoirse áirithe ag na Ballstáit a ndlíthe féin a cheapadh chun na prionsabail atá leagtha amach sa Treoir a thrasuí.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Baineann an tionscnamh sin maidir le bannaí faoi chumhdach le réimse nach bhfuil ach cuid bheag de reachtaíocht an Aontais dírithe air faoi láthair.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara roinnt uaireanta agus é ag ullmhú an togra seo, go háirithe trí bhíthin:

i)    comhairliúchán poiblí oscailte faoi ar bhannaí faoi chumhdach (Meán Fómhair 2015 go 6 Eanáir 2016);

ii)    measúnú ar thionchar tionscanta a fhoilsiú (9 Meitheamh 2017);

iii)    dhá chruinniú den Sainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas (EGBPI) agus cruinniú amháin den Chomhairle um Maoirseacht Foraoisí (FSC).

Faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil, an chuspóir a bhí leis an gcomhairliúchán poiblí ná measúnú a dhéanamh ar laigí agus leochaileachtaí i margaí náisiúnta na mbannaí faoi chumhdach agus meastóireacht a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le creat Eorpach. Cé go raibh imní ar fhreagróirí go bhféadfadh comhchuibhiú bunaithe ar ‘cur chuige amháin do chách’ cur isteach ar mhargaí dea-fheidhmiúla agus solúbthacht agus an raon táirgí atá ar fáil a laghdú, chuir siad a dtacaíocht do gníomhaíocht dírithe ar an Aontas Eorpach in iúl, cé gur cáiréiseach í an tacaíocht sin, ar choinníoll go mbeidh an comhchuibhiú prionsabail-bhunaithe, go gcuirfidh sé le creataí atá ann cheana agus go gcuirfear sainiúlachtaí na margaí náisiúnta san áireamh. Pléadh torthaí an chomhairliúcháin ag éisteacht phoiblí an 1 Feabhra 2016 7 .

Fuair an Coimisiún ceithre fhreagra sa mheasúnú tionchair tosaigh, agus thacaigh leo go léir le tionscnamh reachtach an Aontais Eorpaigh. Thug na freagróirí aghaidh ar ghnéithe faoi leith de na creataí náisiúnta (e.g. Leachtacht) agus dhearbhaigh siad dearcadh a bhí ar an iomlán i bhfách le comhchuibhiú agus gan dochar a dhéanamh do na córais náisiúnta atá ag feidhmiú go maith.

Ag an gcéad chruinniú EGBPI (an 9 Meitheamh 2017), chuir formhór na mBallstát a gcuid tacaíochta in iúl do chreat an Aontais Eorpaigh maidir le bannaí faoi chumhdach bunaithe ar chomhairle ÚBE in 2016, ar choinníoll go mbeidh sé bunaithe ar phrionsabail i gcónaí. Ag an dara cruinniú (an 28 Meán Fómhair 2017), rinneadh plé níos cuimsithí, ach ar an iomlán, thacaigh na Ballstáit fós le cur chuige bunaithe ar phrionsabail. Chuir na Ballstáit a mhacasamhail de dhearcadh in iúl ag cruinniú FSC in Iúil 2017.

Leis an togra seo, beidh tuilleadh cruinnithe le páirtithe leasmhara agus le hinstitiúidí den Aontas Eorpach. Dhírigh na páirtithe leasmhara, i gcoitinne, (agus an fócas acu de ghnáth ar an ngné is ábhartha dá gcás féin), ar chomhordú a dhéanamh ar an ngá atá leis an gcreat atá ann faoi láthair a athrú chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le stuamacht agus an mhian gan cur isteach ar chórais náisiúnta atá ag feidhmiú go maith. Fuarthas aiseolas ar ábhair imní stuamachta maidir le láimhseáil fhabhrach na mbannaí faoi chumhdach go príomha ó BERS, ó ÚBE agus ón Banc Ceannais Eorpach, agus roinnt aiseolais den chineál céanna ó na húdaráis inniúla sna Ballstáit ag a bhfuil margaí bhannaí faoi chumhdach atá dea-fhorbartha agus ó ghníomhaireachtaí rátála. San am céanna, fuarthas aiseolas ar mhargaí náisiúnta atá ag feidhmiú go maith go príomha ó na Ballstáit ag a bhfuil margaí bhannaí faoi chumhdach atá dea-fhorbartha, ó eisitheoirí agus ó infheisteoirí.

Chuir Parlaimint na hEorpa a tacaíocht le haghaigh gníomhaíochta in iúl freisin, agus í ag iarraidh creat reachtach ar bhannaí faoi chumhdach 8 .

Bailiú agus úsáid saineolais

An 1 Iúil 2014, d’eisigh ÚBE tuarascáil inar sainaithníodh dea-chleachtais agus é mar sprioc aige creataí daingne agus comhsheasmhacha maidir le bannaí faoi chumhdach a áirithiú ar fud an Aontais 9 . Rinneadh an tuarascáil seo mar fhreagairt ar mholadh BERS, Nollaig 2012, faoi na hinstitiúidí creidmheasa a chistiú 10 . Leagadh amach inti freisin tuairim ÚBE i dtaca le leordhóthanacht na láimhseála stuamachta atá ann faoi láthair, ó rinne an Coimisiún glao ar chomhairle i mí na Nollag 2013 ar bhonn Airteagal 503 CRR 11 .

Mar obair leantach, mhol BERS go ndéanfadh ÚBE faireachán ar fheidhmiú mhargadh na mbannaí faoi chumhdach trí thagairt do na dea-chleachtais a shaithaithin sé agus d’iarr sé ar ÚBE bearta breise a mholadh dá mba ghá leo.

Mar fhreagairt air sin, d’eisigh ÚBE Tuarascáil ar bhannaí faoi chumhdach - moltaí faoi na creataí um bhannaí faoi chumhdach san Aontas Eorpach a chomhchuibhiú i mí na Nollag 2016. Áirítear leis sin anailís chuimsitheach ar fhorbairtí rialála i gcreataí um bhannaí faoi chumhdach i mBallstáit aonair, agus béim ar leith ar leibhéal an ailínithe leis na dea-chleachtais a sainaithníodh sa tuarascáil dheireanach. Mar fhorbairt ar thorthaí na hanailíse, d’iarr ÚBE beart reachtach chun bannaí faoi chumhdach ar leibhéal an Aontais a chomhchuibhiú.

Forbairt is ea an togra seo ar anailís agus comhairle ÚBE. Ní imíonn sé ón gcomhairle sin ach i mionréimsí, e.g. maidir le leibhéal na sonraithe lena mbaineann na díorthaigh ar leis an gcomhthiomsú cumhdaigh iad; i leith monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh gan a bheith éigeantach; agus, i dtaca le leibhéal an róurrúsaithe chomhthaobhaigh.

I mí Lúnasa 2016, bhí staidéar coimisiúnaithe ag an gCoimisiún ó ICF 12 chun feidhmiú na margaí bannaí faoi chumhdach atá ann faoi láthair a mheas, maille leis na costais agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith le bearta an Aontais Eorpaigh. Sa staidéar, a foilsíodh i mí na Bealtaine 2017, scrúdaíodh na tairbhí agus na costais a d’fhéadfadh a bheith i gceist le moltaí ÚBE. Ar an iomlán, baineadh de thátal ann gur mhó na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith le tionscnamh reachtach ná na costais a d’fhéadfadh a bheith ann, agus dá bhrí sin, bhí bunús le beart reachtach.

I mí na Nollag 2017, chuir Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) bailchríoch ar na hathchóirithe rialála iar-ghéarchéime gan réiteach ó chreat idirnáisiúnta rialála Basel III um bainc 13 . Mar chuid de na hathchóirithe, rinne Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) athbhreithniú ar an gcur chuige caighdeánaithe maidir le riosca creidmheasa trí, inter alia, caighdeáin nua um neamhchosaint ar bhannaí faoi chumhdach a chur san áireamh. Den chéad uair riamh, ar leibhéal náisiúnta, tá na caighdeáin nua an-chosúil le cur chuige an Aontais Eorpaigh i RCC, lena mbaineann neamhchosaint ar bhannaí faoi chumhdach leas as ualaí riosca níos ísle faoi réir coinníollacha áirithe. Dá réir sin, aithnítear go bhfuil láimhseáil an Aontais Eorpaigh i dtaca le bannaí faoi chumhdach inmharthana ó thaobh stuamachta de agus go bhfuil údar léi i ngeall ar bhuntréithe na hionstraime.

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo, a cuireadh faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 6 Deireadh Fómhair 2017 agus a formheasadh an 17 Samhain 2017 14 .

Mhol RSB an measúnú tionchair as a bheith cuimsitheach agus struchtúrtha go maith agus d’aithin sé go gcuirtear a loighic idirghabhála i bhfeidhm ann ar bhealach córasach agus go bhfuil leibhéal ard cainníochtaithe ann chun bunús a chur lena chonclúidí. Mhol RSB cur leis an tuarascáil i roinnt gnéithe teoranta:

a)    na cúiseanna le ‘29ú córas’ a mheas mítharraingteach;    agus

b)    Soiléire níos mó i dtaca le buneilimintí chur chuige an ‘chomhchuibhithe íosta’, agus cé acu (agus conas) a imíonn siad ó chomhairle ÚBE (cuireadh isteach Iarscríbhinn 6 chun na críche seo).

Leasaíodh an measúnú tionchair dá réir, agus tugadh aghaidh ar thuilleadh moltaí de chuid RSB:

i)    míniú níos mionsonraithe maidir leis an mbille urraithe Eorpach (ESN);

ii)    réasúnú níos mionsonraithe ar na buntáistí le bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

iii)    anailís níos cuimsithí ar thionchar an chomhchuibhithe rialála ar thrádáil trasteorann (eisiúint, infheistíocht) i mbannaí faoi chumhdach;

iv)    rogha curtha i leataobh maidir le láimhseáil stuamachta na mbannaí faoi chumhdach a choigeartú amháin;

v)    míniú níos cuimsithí ar an ‘éifeacht faoi bhealach’ arna mheas i litríocht airgeadais; agus

vi)    tábla ar a dtaispeántar an bhaint idir faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht agus na tairbhí tagarmhairc.

Mheas an Coimisiún roinnt roghanna beartais chun margaí na mbannaí faoi chumhdach a fhorbairt agus lena dtugtar aghaidh ar imní stuamachta. Tá siad éagsúil óna chéile ó thaobh leibhéal an chomhchuibhithe, ó rogha neamh-rialála go roghanna lena mbaineann comhchuibhiú iomlán, mar atá:

·Bonnlíne: Gan aon ní a dhéanamh;

·rogha 1:: Rogha neamhrialála;

·rogha 2:: Comhchuibhiú íosta bunaithe ar na córais náisiúnta;

·rogha 3:: Comhchuibhiú iomlán in ionad na gcóras náisiúnta; agus

·rogha 4:: an ‘29ú córas’ a bheidh comhthreomhar leis na córais náisiúnta.

Measadh go raibh rogha 1 (neamhrialála) neamhéifeachtach chun na cuspóirí a bhaint amach, cionn is nach féidir glacadh leis go leanfaidh na Ballsáit na dea-chleachtais. Le rogha 3, is dócha go mbainfí na cuspóirí amach, ach d’fhéadfaí go mbeadh cur isteach ar na margaí atá ann cheana atá ag feidhmiú go maith. Tá rogha 4 (‘29ú córas’ lena mbeadh córas lánpháirtithe d’eisitheoirí ar bhonn deonach in ionad dlíthe náisiúnta ar bhannaí faoi chumhdach, gan gá le hathchóirithe ar dhlíthe náisiúnta atá ann cheana) ag brath ar rannpháirtíocht an tionscail le bheith éifeachtach. Tugtar le fios ó na comhairliúcháin nach dócha go mbeadh a leithéid de rannpháirtíocht ann; laghdódh sin an dóchúlacht go mbainfí na cuspóirí luaite amach. Ina theannta sin, chuirfeadh córas comhthreomhar le tuilleadh ilroinnte agus le dúbláil costas.

Is é an rogha a coinníodh na rogha 2 (comhchuibhiú íosta bunaithe ar na córais náisiúnta). Forbairt atá ann ar na moltaí a rinneadh i dtuarascáil ÚBE 2016, diomaite de roinnt dialltaí teoranta (i gcomhréir le héilimh ó na páirtithe leasmhara le linn na gcomhairliúchán, tá níos lú mionsonraithe i roinnt forálacha ná mar a moladh sa tuarascáil chun go mbeadh níos mó saoirse chun córais náisiúnta atá ann cheana atá ag feidhmiú go maith). Ní bhíonn tionchar ag na dialltaí ar bhunghnéithe struchtúracha bannaí faoi chumhdach ná ar a bhfaireachán. Leis an rogha a coinníodh baintear amach formhór chuspóirí an tionscnaimh ar chostas réasúnta. Thairis sin, cuirtear an tsolúbthacht is gá chun freastal ar shainiúlachtaí na mBallstát i gcothrom leis an aonfhoirmeacht is gá chun go mbeidh comhleanúnachas ar leibhéal an Aontais. Is dócha gurb í an rogha is éifeachtaí chun na cuspóirí a bhaint amach, agus san am céanna beidh sí éifeachtúil agus íoslaghdófar cur isteach agus costais idirthréimhseacha. Is ceann de na roghanna níos uaillmhianaí i dtéarmaí rialála é freisin, agus an ceann is mó a bhfuil tacaíocht na bpáirtithe leasmhara leis.

Dá gcuirfí an rogha seo i bhfeidhm cheapfaí margaí bannaí faoi chumhdach in áiteanna nach bhfuil siad ann nó nach bhfuil siad sách forbartha go fóill. Laghdófaí costais chistiúcháin an eisitheora freisin, bheadh sí ina cuidiú chun an bonn infheisteoirí a éagsúlú, d’éascófaí infheistíochtaí trasteorann agus mheallfaí infheisteoirí nach as na Ballstáit iad. Ar an iomlán, laghdófaí costais iasachtaíochta leis an rogha seo.

Leis an rogha seo, thabharfaí aghaidh ar imní stuamachta, lena náirítear maidir le nuálaíocht sa mhargadh, agus chinnteofaí an tairbhe stuamachta maidir le gnéithe struchtúrtha an táirge a ailíniú le láimhseáil stuamachta fhabhrach ar leibhéal an Aontais. Threiseofaí cosaint infheisteoirí agus laghdódh a gnéithe feabhsaithe creidmheasa a gcostais díchill chuí.

Faoi rogha na tosaíochta, táthar ag súil le méadú ar na costais riaracháin dhíreacha aon uair amháin agus athfhillteacha d’eisitheoirí i ndlínsí ísealchostais (féach an measúnú tionchair). Bheadh méadú freisin ar chostais do mhaoirseoirí. San am céanna, bhainfeadh eisitheoirí tairbhe as costais chistiúcháin níos ísle agus chuige sin, bhainfeadh saoránaigh leas as costais iasachtaíochta níos lú. Ní thiocfadh méadú ar na costais d’infheisteoirí, i bhfianaise na gcostas díchill cuí níos lú.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tá an pacáiste maidir le bannaí faoi chumhdach, agus an Treoir seo go háirithe, dírithe ar réimse atá rialáilte den chuid is mó ar an leibhéal náisiúnta faoi láthair. De bharr an chomhchuibhithe íosta, beidh simpliú ó thaobh bun-ailíniú a dhéanamh ar bhuneilimintí na gcóras náisiúnta.

Cearta bunúsacha

Tá an tAontas Eorpach tiomanta d'ardleibhéil cosanta ceart bunúsach. Sa chomhthéacs seo, ní dócha go mbeidh tionchar díreach ag an togra seo ar na cearta sin mar atá liostaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cúig bliana tar éis spriocdháta an trasuí agus i ndlúthchomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthátail faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar an mheastóireacht sin i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr.

Dhéanfadh na Ballstáit faireachán go tráthrialta ar chur i bhfeidhm na Treorach, de réir táscairí éagsúla (e.g. an cineál eisitheora, an líon ceadanna, an cineál sócmhainní incháilithe, leibhéal an róurrúsaithe chomhthaobhaigh; eisiúint le struchtúir aibíochta is féidir a shíneadh).

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Is éard is oibleagáidí fiachais ann bannaí faoi chumhdach arna gcosaint in aghaidh linn sócmhainní tiomnaithe, ag a bhfuil iontaoibh dhíreach ag sealbhóirí bannaí mar chreidiúnaithe fabhracha. Is iad na hinstitiúidí creidmheasa a d'eisíodh bannaí faoi chumhdach go dtí seo. De réir an ghnáis sin is iad na hinstitiúidí creidmheasa amháin a cheadaítear leis an Treoir seo bannaí faoi chumhdach a eisiúint. Tá sin ag teacht leis an gcineál ionstraime atá i gceist arb é is aidhm di cistiú a chur ar fáil le haghaidh iasachtaí agus is le hinstitiúid chreidbheasa a bhaineann sé iasachtaí a thabhairt ar mórscála. Sa bhreis air sin, tá an acmhainneacht eolais agus bhainistíochta ag na hinstitiúidí creidmheasa i leith an riosca creidmheasa a bhaineann leis na hiasachtaí sa chomhthiomsú cumhdaigh agus tá siad faoi réir cheanglais chaipitil fhónta lena gcuirtear taca le cosaint infheisteoirí mar atá leagtha síos sa sásra déiontaoibhe.

Féadfaidh eisitheoirí a chomhlíonann an Treoir seo lipéad ‘Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach’ a úsáid, ar féidir é a úsáid in éineacht le lipéid náisiúnta shonracha.

Gnéithe struchtúracha de bhannaí faoi chumhdach

Foráiltear leis an roinn seo sraith de cheanglais struchtúrtha níos sonraithe ná iad sin i dTreoir GCUI agus ba cheart go gcuideodh siad le cáilíocht na mbannaí faoi chumhdach an Aontais Eorpaigh. Go sonrach:

De bharr na déiontaoibhe, bíonn éileamh dúbailte ag infheisteoirí ar eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach agus ar na sócmhainní sa linn chumhdaigh araon;

Ciallaíonn scoiteacht féimheachta nach féidir tréimhse aibíochta na mbannaí faoi chumhdach a ghiorrú go huathoibríoch de bharr dócmhainneacht nó réiteach an eisitheora. Tá sé tábhachtach a chinntiú go naisíoctar infheisteoirí i gcomhréir leis an sceideal conarthach fiú i gcás mainneachtana. Tá baint dhíreach ag scoiteacht féimheachta leis an sásra déiontaoibhe agus is bunghné de chreat na mbannaí faoi chumhdach í;

Áirítear sa Treoir seo forálacha chun cáilíocht an chomhthiomsaithe cumhdaigh a áirithiú, go háirithe nach núsáidfear ach sócmhainní d’ardcháilíocht mar chomhthaobhacht. Tá forálacha ábhartha ann maidir le leithscaradh agus suíomh na sócmhainní faoi chumhdaigh, le haonfhoirmeacht na sócmhainní, lena chinntiú go bhfuil na tréithe céanna cáilíochta ag sócmhainní atá lonnaithe taobh amuigh den Aontas Eorpach is atá san Aontas féin, lena áirithiú nach núsáidfear conarthaí díorthach ach amháin chun críocha fálaithe i ndáil leis an linn chumhdaigh, agus tá forálacha ábhartha ann i dtaca le feidhmiú an mhonatóra ar chomhthiomsú cumhdaigh. Ar deireadh, ní mór do na dliteanais bhannaí faoi chumhdach a bheith clúdaithe ag sócmhainní cumhdaigh i gcónaí;

ós rud é gurb iad bainc mhóra a eisíonn bannaí faoi chumhdach, is minic nach mbíonn breith ag institiúidí beaga ar a dtairbhí. Ceadaítear leis an Treoir seo d'eisitheoirí sócmhainní cumhdaigh ó roinnt institiúidí creidmheasa faoi dhálaí áirithe. An rún atá taobh thiar de sin ná institiúidí beaga a spreagadh chun eisiúint agus rochtain a thabhairt dóibh ar chistiúchán na mbannaí faoi chumhdach;

áirítear leis na forbairtí margaidh i réimse na mbannaí faoi chumhdach struchtúir leachtachta nua chun aghaidh a thabhairt ar aisioncronachtaí leachtachta agus ar aisioncronachtaí aibíochta. I bhfianaise breis úsáide á baint as bannaí faoi chumhdach lena gceadaítear síntí aibíochta agus go maolaítear an riosca mainneachtana le struchtúir den chineál sin, leis an Treoir seo, rialáiltear na struchtúir chun a áirithiú nach mbeidh siad teimhneach ná níos casta ná mar is gá agus nach nathróidh siad gnéithe struchtúrtha na mbannaí faoi chumhdach, lena mbeadh neamhchosaint ar rioscaí méadaithe d’infheisteoirí;

Leis an Treoir seo, chun dul i ngleic leis an riosca leachtachta, leagtar síos ceanglais le haghaidh mhaolán leachtachta a bhaineann go sonrach leis an gcomhthiomsú cumhdaigh, lena gcomhlánaítear na ceanglais maidir le leachtacht stuamachta i bpíosaí ábhartha eile de reachtaíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh;

Áirítear leis an Treoir seo an fhéidearthacht go mbeidh monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh ag teastáil ó Bhallstáit. Ba cheart go mbeadh ceapachán mhonatóra ar chomhthiomsú cumhdaigh gan dochar do fhreagrachtaí na núdarás inniúil maidir le feidhmiú na maoirseachta poiblí sonraí a leagtar amach sa Treoir seo; agus

Áirítear sa Treoir seo ceanglais trédhearcachta a chuireann le tionscnaimh reachtóirí náisiúnta agus rannpháirtithe sa mhargadh faisnéis a nochtadh d’infheisteoirí bannaí faoi chumhdach. Leis na ceanglais sin, áiritheofar leibhéal aonfhoirmeach nochta agus beidh infheisteoirí in ann rioscaí bhannaí faoi chumhdach a mheas.

Maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach

Bunghné de chuid mhór creataí náisiúnta um bhannaí faoi chumhdach is ea maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus an aidhm shonrach atá léi ná infheisteoirí a chosaint. Leis an Treoir seo, déantar na codanna de mhaoirseacht den chineál sin a chomhchuibhiú agus sainítear tascanna agus freagrachtaí na núdarás inniúil náisiúnta a bheidh ag déanamh maoirseachta. I bhfianaise raon feidhme na treorach seo agus ag cur san áireamh gur maoirseacht táirge í an mhaoirseacht shainiúil seo ar bhannaí faoi chumhdach atá éagsúil ó mhaoirseacht ghinearálta de chineál stuamachta, ba cheart do na Ballstáit a bheith ábalta údaráis inniúla éagsúla a cheapadh. I gcásanna dá leithéid, leis an Treoir seo, tá ceangal ar na húdaráis inniúla comhoibriú go dlúth le chéile.

D’fhonn a rathú go gcomhlíonfar an Treoir seo, tá ceangal ar na Ballstáit foráil a dhéanamh le haghaidh pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus forfheidhmithe ag na húdaráis inniúla. Tá na pionóis agus na bearta faoi réir cheanglais bhunúsacha maidir le seolaithe, na critéir atá le cur san áireamh ina gcur i bhfeidhm, foilsiúchán, cumhachtaí tábhachtacha i ndáil le pionóis a ghearradh, agus i leith leibhéal na bpionós,

Lipéadú

Faoi láthair, is minic a chuirtear bannaí faoi chumhdach ar an margadh san Aontas Eorpach faoi ainmníochtaí agus lipéid náisiúnta. Leis an Treoir seo ceadaítear d'institiúidí creidmheasa an lipéad sonrach ''Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach'' a úsáid agus iad ag eisiúint bannaí faoi chumhdach. Leis an lipéad seo beidh sé níos éasca ar infheisteoirí cáilíocht na mbannaí faoi chumhdach a mheas. Os a choinne sin, ba cheart úsáid an lipéid sin a bheith roghnach, agus ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit a nainmníochtaí náisiúnta agus a gcreat lipéadaithe féin a choimeád maille leis an lipéad ''Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach'', ar choinníoll go gcomhlíonann na hainmníochtaí agus an creat lipéadaithe sin na ceanglais atá leagtha amach sa Treoir seo.

An bhaint leis an gcreat réitigh 

Níl sé beartaithe go ndéanfar leis an Treoir seo córais dócmhainneachta a chomhchuibhiú ná go nathrófar láimhseáil na mbannaí faoi chumhdach i gcásanna réitigh faoi Threoir 2014/59/AE (an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc nó (TTRB)) 15 . Is é go mbunaítear prionsabail ghinearálta leis lena rialáiltear riaradh na gclár ar bhannaí faoi chumhdach i gcásanna dócmhainneacht/réiteach an eisitheora. I gcás réiteach institiúide creidmheasa, tabharfaidh TTRB cead don údarás réitigh an institiúid sin a rialú, go háirithe trína sócmhainní agus a maoin a bhainistiú agus a dhiúscairt, lena náirítear a clár bannaí faoi chumhdach. Féadfaidh an túdarás réitigh tascanna dá leithéid a fheidhmiú go díreach nó féadfaidh bainisteoir speisialta nó duine ceaptha ag an údarás réitigh seo a dhéanamh go hindíreach. Ní athrófar leis an Treoir seo láimhseáil na mbannaí faoi chumhdach faoi TTRB lena neisiatar bannaí faoi chumhdach ó chur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí suas go leibhéal na comhthaobhachta sa chomhthiomsú cumhdaigh mar atá leagtha síos sa tríú mír d’Airteagal 44(2) de TTRB. Is comhthaobhacht iad na conarthaí díorthach a áirítear leis an gcomhthiomsú cumhdaigh agus ní féidir iad a fhoirceannadh de dhroim dócmhainneacht nó réiteach a eisitheora chun a áirithiú nach ndéanfar difear don chomhthiomsú cumhdaigh, go mbeidh sé fós leithscartha agus go mbeidh a dhótháin cistiúcháin fós aige. Áirítear leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc coimircí chun cosc a chur ar scaradh dliteanas, ceart agus conarthaí atá nasctha, agus cuirtear srian ar na cleachtais sin a bhaineann le conarthaí leis an gcontrapháirtí céanna a chumhdaítear le socruithe urrúis, bannaí faoi chumhdach san áireamh. I gcás ina mbeidh feidhm ag an gcoimirce, ba cheart do na húdaráis réitigh iarracht a dhéanamh na conarthaí nasctha uile a bhaineann le socrú atá faoi chosaint a aistriú, nó iad uile a choinneáil san institiúid a bhfuil ag cliseadh air.

Córas tríú tír

Faoi láthair, níl córas ginearálta tríú tír um bannaí faoi chumhdach i ndlí an Aontais. Os a choinne sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún (Rialachán Tarmligthe ar an gCeanglas maidir le Cumhdach Leachtachta, LCR) 16 is féidir láimhseáil fhabhrach a bheith ann do na bannaí eachtrannacha faoi chumhdach a chomhlíonann rialacha sonracha coibhéise chun críocha an mhaoláin leachtachta a chinneadh. Tá raon na coibhéise an-srianta, mar baineann sé le páirt theoranta amháin den mhaolán leachtachta a ríomh.

Leis an Treoir seo, déantar foráil don Choimisiún, i ndlúthchomhar le ÚBE, chun measúnú a dhéanamh a dhéanamh ar cé acu an bhfuil córas coibhéise ginearálta le haghaidh eisitheoirí bannaí faoi chumhdach i dtríú tír agus le haghaidh infheisteoirí riachtanach nó iomchuí.

Leasuithe ar Threoracha eile

Leis an Treoir seo, beidh athrú ar shainmhíniú na mbannaí faoi chumhdach in Airteagal 52(4) de Threoir UCITS agus beidh sí ina pointe aonair tagartha do reachtaíocht uile an Aontais i ndáil le bannaí faoi chumhdach. Is ceart dá bhrí sin, an sainmhíniú i dTreoir UCITS a scriosadh agus tagairt don sainmhiú sa Treoir seo a chur ina áit. Ar an gcaoi chéanna, is ceart tagairtí i dtreoracha eile do shainmhíniú Threoir UCITS a bhaint agus tagairt don sainmhiniú sa Treoir seo a chur ina áit.

2018/0043 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le ceist na mbannaí faoi chumhdach agus na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53 agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 17 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 18 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Foráiltear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 maidir le ceanglais an-ghinearálta a bhaineann le heilimintí struchtúracha bannaí faoi chumhdach. Ní bhaineann na ceanglais sin ach leis an riachtanas atá ann go neiseoidh institiúid chreidmheasa a bhfuil a hoifig chláraithe i mBallstát na bannaí faoi chumhdach agus go mbeidh siad faoi réir maoirseacht phoiblí speisialta agus sásra déiontaoibhe. Le creataí náisiúnta bannaí faoi chumhdach téitear i ngleic leis na fadhbanna sin agus rialáiltear iad i bhfad níos mionsonraithe. Tá forálacha struchtúracha eile sna creataí náisiúnta sin freisin, go háirithe rialacha maidir le comhdhéanamh an chomhthiomsaithe cumhdaigh, critéir incháilitheachta sócmhainní, an deis sócmhainní a chomhthiomsú, na hoibleagáidí trédhearcachta agus tuairiscithe agus na rialacha maidir le maolú riosca leachtachta. Tá difríochtaí idir cur chuige rialála na mBallstát i leith ábhair shubstainteacha freisin. I roinnt Ballstát níl aon chreat náisiúnta tiomnaithe le haghaidh bannaí faoi chumhdach. Dá dheasca sin níl na príomheilimintí struchtúracha atá le comhlíonadh ag bannaí faoi chumhdach arna neisiúint san Aontas leagtha amach fós i ndlí an Aontais.

(2)In Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 tá coinníollacha sa bhreis ar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE chun láimhseáil stuamachta fhabhrach a fháil i leith ceanglais chaipitil lena gceadaítear d'institiúidí creidmheasa a infheistíonn i mbannaí faoi chumhdach níos lú caipitil a bheith ina seilbh ná mar a bhíonn nuair a infheistíonn siad i sócmhainní eile. Cé go méadaítear leibhéal comhchuibhithe bannaí faoi chumhdach laistigh den Aontas leis na ceanglais bhreise sin, comhlíonann siad an cuspóir sonrach na coinníollacha a leagan síos a bhaineann le láimhseáil fhabhrach a thabhairt d'infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus ní infheidhme na ceanglais sin lasmuigh de chreat Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(3)I sleachta eile de dhlí an Aontais lena náirítear Rialachán Tarmligthe 2015/61 (AE) ón gCoimisiún 21 , Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún 22 agus Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , tagraítear freisin don sainmhíniú a leagtar amach i dTreoir 2009/65/CE mar thagairt chun sainaithint a dhéanamh ar bhannaí faoi chumhdach a bhféadfar an láimhseáil fhabhrach a thabhairt dóibh a chuir na gníomhartha sin ar bun d'infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach. Ach bíonn difríochtaí idir foclaíocht na ngníomhartha sin de réir a gcuspóirí agus a nábhair agus, dá bhrí sin, níl aon úsáid chomhsheasmhach á baint as an téarma ''bannaí faoi chumhdach''.

(4)Is féidir glacadh leis go bhfuil láimhseáil bannaí faoi chumhdach comhchuibhithe ar an iomlán i leith na gcoinníollacha atá le hinfheistíocht i mbannaí faoi chumhdach. Os a choinne sin, tá easpa comhchuibhithe san Aontas i leith na gcoinníollacha atá le bannaí faoi chumhdach a eisiúint agus tá roinnt iarmhairtí leis sin. Ar an gcéad dul síos, tugtar láimhseáil fhabhrach go comhionann d'ionstraimí nach ionann a gcineál agus a leibhéal riosca agus cosanta infheisteoirí. Ar an dara dul síos, ós rud é go bhfuil creataí náisiúnta éagsúil le chéile, nó, i gcás Ballstáit áirithe, nach bhfuil aon chreat náisiúnta ann, tá bacainní roimh fhorbairt margaidh aonair i mbannaí faoi chumhdach a bheidh fíor-chomhtháthaithe agus bunaithe ar shainmhíniú comhaontaithe lena náiritheofaí leibhéal iomchuí cosanta infheisteoirí. Ar an tríú dul síos, is féidir go gcruthóidh na héagsúlachtaí idir na coimircí sna rialacha náisiúnta riosca i leith cobhsaíocht airgeadais i gcás inar féidir bannaí faoi chumhdach, ag a bhfuil leibhéil éagsúla cosanta infheisteoirí, a cheannach mar bhannaí faoi chumhdach ar fud an Aontais agus gur bhféadfar láimhseáil stuamachta fhabhrach a thabhairt dóibh faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

(5)Dá bhrí sin, is gá na córais náisiúnta a chomhchuibhiú chun a áirithiú go ndéanfar forbairt rianúil leanúnach ar mhargaí dea-fheidhmeacha i mbannaí faoi chumhdach san Aontas agus chun rioscaí agus leochaileachtaí féideartha i leith cobhsaíocht airgeadais a theorannú. Leis an gcomhchuibhiú ar bhonn prionsabal sin socrófar bunlíne coiteann le haghaidh cheist na mbannaí faoi chumhdach uile san Aontas. Chun comhchuibhiú a dhéanamh ní mór do gach Ballstát creat bannaí faoi chumhdach a bhunú agus ba cheart gurbh fhusa, dá bharr sin, margadh i mbannaí faoi chumhdach a fhorbairt sna Ballstáit sin nach bhfuil ceann ann cheana. Le margadh den chineál sin chuirfí foinse chobhsaí mhaoiniúcháin ar fáil d'institiúidí creidmheasa arbh fhearr a gcumas, ar an mbonn sin, morgáistí inacmhainne a chur ar fáil do thomhaltóirí agus cuideachtaí agus a chuirfeadh infheistíochtaí níos sábháilte ar fáil d'infheisteoirí.

(6)D’eisigh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (''BERS'') moladh 24 lenar iarradh ar údaráis náisiúnta inniúla agus ar an Údarás Baincéireachta Eorpach (''ÚBE'') dea-chleachtais maidir le bannaí faoi chumhdach a shainaithint agus comhchuibhiú na gcreataí náisiúnta a spreagadh. Moladh ann freisin go gcomhordódh ÚBE gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, go háirithe i leith cáilíocht agus leithscaradh comhthiomsuithe cumhdaigh, scoiteacht féimheachta na mbannaí faoi chumhdach, na rioscaí sócmhainne agus dliteanais a mbíonn éifeacht acu ar chomhthiomsuithe cumhdaigh agus nochtadh chomhdhéanamh chomhthiomsuithe cumhdaigh. Iarradh sa mholadh freisin ar ÚBE faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú mhargadh na mbannaí faoi chumhdach trí thagairt do na dea-chleachtais arna sainaithint ag ÚBE go ceann dhá bhliain, chun an gá le beart reachtach a mheas agus a chur faoi bhráid BERS agus an Choimisiúin.

(7)D'eisigh an Coimisiún glao ar chomhairle do ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 503(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i Nollaig 2013.

(8)Mar fhreagra ar mholadh an 20 Nollaig 2012 ó BERS agus ar ghlao an Choimisiúin ar chomhairle i Nollag 2013, d’eisigh ÚBE tuarascáil an 1 Iúil 2014 25 . Tá moladh sa tuarascáil sin go ndéanfaí creataí náisiúnta dlíthiúla, rialála agus maoirseachta i leith bannaí faoi chumhdach a chóineasú a thuilleadh chun níos mór tacaíochta a thabhairt do láimhseáil aonair ualaí riosca fabhracha a bheith ann le haghaidh bannaí faoi chumhdach san Aontas.

(9)Mar a bheartaigh BERS, rinne ÚBE faireachán breise ar fheidhmiú an mhargaidh i mbannaí faoi chumhdach trí thagairt do na dea-chleachtais mar a bhí leagtha amach sa mholadh sin ar feadh dhá bhliain. Ar an mbonn sin, chuir ÚBE an dara tuarascáil maidir le bannaí faoi chumhdach ar fáil do BERS, don Chomhairle agus don Choimisiún an 20 Nollaig 2016 26 . Bhí an chonclúid sa tuarascáil sin gur ghá tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh chun a áirithiú go mbeadh sainmhínithe agus láimhseáil rialála níos comhsheasmhaí ann i leith bannaí faoi chumhdach san Aontas. Bhí conclúid sa tuarascáil freisin gur cheart comhchuibhiú a bhunú ar na margaí dea-fheidhmeacha atá ann cheana i roinnt Ballstát.

(10)Is iad na hinstitiúidí creidmheasa a d'eisíodh bannaí faoi chumhdach go dtí seo. Baineann an ionstraim le maoiniú a chur ar fáil le haghaidh iasachtaí agus tá sé ar cheann de phríomhghníomhaíochtaí na ninstitiúidí creidmheasa iasachtaí a thabhairt ar mórscála. Dá réir sin tá sé de cheanglais sa dlí de chuid an Aontais maidir le láimhseáil fhabhrach a thabhairt do bhannaí faoi chumhdach nach mór institiúidí creidmheasa iad a eisiúint.

(11)Áirithítear trí cheist na mbannaí faoi chumhdach a fhágáil faoi na hinstitiúidí creidmheasa amháin go mbeidh an teolas is gá ag an eisitheoir chun an riosca creidmheasa a bhainistiú a bhaineann leis na hiasachtaí sa chomhthiomsú cumhdaigh. Lena chois sin, áirithítear ar an dóigh sin go mbeidh an teisitheoir faoi réir ceanglais chaipitil atá ina gcúltaca ag an gcosaint infheisteoirí atá ag an sásra déiontaoibhe, sásra a thugann teideal don infheisteoir ar an eisitheoir bannaí faoi chumhdach agus ar na sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh araon. Dá bhrí sin, trí eisiúint bannaí faoi chumhdach a fhágáil faoi na hinstitiúidí creidmheasa amháin, áirithítear go mbeidh na bannaí faoi chumhdach ina nuirlis mhaoiniúcháin shábháilte éifeachtúil, rud a chuireann leis an gcosaint infheisteoirí agus leis an gcobhsaíocht airgeadais,dhá chuspóir de chuid na mbeartas poiblí chun an leasa ghinearálta. Bheadh sé i gcomhréir freisin le cur chuige margaí dea-fheidhmeacha nach ceadmhach ach d'institiúidí creidmheasa bannaí faoi chumhdach a eisiúint iontu.

(12)Dá bhrí sin, is iomchuí an chumhacht bannaí faoi chumhdach a eisiúint a thabhairt d'institiúidí creidmheasa de réir bhrí Airteagal 4(1)(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus do na hinstitiúidí sin amháin. Is é is príomhchuspóir don Treoir seo na coinníollacha a rialáil faoinar féidir leis na hinstitiúidí creidmheasa sin bannaí faoi chumhdach a eisiúint mar uirlis mhaoiniúcháin trí na ceanglais táirgí agus an mhaoirseacht ar tháirgí a bhfuil siad faoina réir a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh ardleibhéal cosanta infheisteoirí ann.

(13)Is gá sásra déiontaoibhe a bheith ann agus is cuid é de chuid mhór creataí náisiúnta bannaí faoi chumhdach agus is buneilimint é de bhannaí faoi chumhdach dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE. Dá bhrí sin, is gá an coincheap sin a shonrú chun a áirithiú go mbeidh teideal ag infheisteoirí ar an eisitheoir bannaí faoi chumhdach agus ar na sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaithe araon faoi choinníollacha comhchuibhithe.

(14)Ba cheart scoiteacht féimheachta a bheith ina gné riachtanach de bhannaí faoi chumhdach freisin chun a áirithiú go naisíocfar na hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach ar dháta aibíochta an bhanna. Is féidir go gcuirfidh dlús uathoibríoch le aisíocaíocht de dhroim mhainneachtain an eisitheora isteach ar an rangú díobh sin a rinne infheistíocht i mbannaí faoi chumhdach agus, dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go naisíocfar infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach i gcomhréir leis an sceideal conarthach agus i gcás mainneachtana. Dá réir sin, tá baint dhíreach ag an scoiteacht féimheachta leis an sásra déiontaoibhe agus mar sin de, is ceart í a bheith ina bunghné de chreat na mbannaí faoi chumhdach.

(15)Bunghné eile atá le creataí náisiúnta um bannaí faoi chumhdach atá ann cheana gur cheart na sócmhainní ar comhthaobhacht iad a bheith ar ardcháilíocht chun stóinseacht an chomhthiomsaithe cumhdaigh a áirithiú. Déantar sócmhainní ar ardcháilíocht a aithint trí shaintréithe a bheith acu lena mbíonn siad incháilithe na héilimh atá bainteach leis an mbanna faoi chumhdach a chumhdach. Dá bhrí sin, is iomchuí saintréithe cáilíochta ginearálta a leagan amach ar cheart sócmhainní a bheith i gcomhréir leo chun bheith incháilithe chun a núsáide mar chomhtaobhacht. Ba cheart a mheas go bhfuil sócmhainní atá liostaithe i bpointí (a) go (g) d'Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 incháilithe chun a núsáide mar chomhthaobhacht sa chomhthiomsú cumhdaigh, laistigh de chreat bannaí faoi chumhdach, agus ba cheart a mheas go bhfuil iasachtaí lena mbaineann gnóthais poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(b) de Threoir 2006/111/CE ón gCoimisiún incháilithe freisin, ach, chomh maith leis sin, ba cheart a mheas go bhfuil sócmhainní eile atá ar ardcháilíocht den chineál céanna incháilithe faoin Treoir, ar choinníoll gur féidir a luach margaidh nó a luach iasachta morgáiste a dhéanamh amach. Lena chois sin, ba cheart rialacha a bheith sa Treoir chun a áirithiú gur féidir sócmhainní, lena náirítear iasachtaí, a athshealbhú nó a ghlao isteach le comhaontú cosanta in-fhorfheidhmithe, bíodh sé i bhfoirm morgáiste traidisiúnta nó le muirear, lian nó ráthaíocht lena dtugtar an leibhéal céanna cosanta dlíthiúla agus lena náirithítear, sa chaoi sin, go mbeidh an leibhéal céanna sábháilteachta ann d'infheisteoirí. Mar sin féin, níor cheart na forálacha sin maidir le hincháilitheacht sócmhainní cosc a chur ar na Ballstáit cead a thabhairt catagóirí eile sócmhainní a úsáid mar chomhthaobhacht ina gcreataí náisiúnta ar choinníoll go gcomhlíonann na sócmhainní dlí an Aontais. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit sócmhainní a eisiamh ina gcreataí náisiúnta.

(16)Tá saintréithe struchtúracha sonracha ag bannaí faoi chumhdach arbh é is aidhm leo infheisteoirí a chosaint i gcónaí. Ar na saintréithe sin tá an ceanglas go bhfuil teideal ag infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach ní hamháin ar an eisitheoir ach, chomh maith leis sin, ar shócmhainní i gcomhthiomsú cumhdaigh tiomnaithe. Chun a áirithiú go mbeidh na sócmhainní sin ar ardcháilíocht, ba cheart ceanglais shonracha a leagan síos maidir le cáilíocht sócmhainní ar féidir iad a chur i gcomhthiomsú. Ní hionann na ceanglais struchtúracha sin a bhaineann le táirgí agus na ceanglais stuamachta is infheidhme maidir le hinstitiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach. Níor cheart na ceanglais struchtúracha a bhaineann le táirgí a bheith dírithe ar shláinte stuamachta na hinstitiúide eisiúna a áirithiú, ach ar infheisteoirí a chosaint trí cheanglais shonracha a fhorchur ar an mbanna faoi chumhdach féin. Chomh maith leis an gceanglas sonrach sócmhainní ar ardcháilíocht a úsáid sa chomhthiomsú cumhdaigh, is iomchuí ceanglais ghinearálta ghnéithe an chomhthiomsaithe cumhdaigh a rialáil chun cosaint infheisteoirí a neartú a thuilleadh. Ba cheart rialacha sonracha a bheith ina gcuid de na ceanglais atá dírithe ar an gcomhthiomsú cumhdaigh a chosaint, lena náirítear rialacha maidir le leithscaradh (lena náirítear leithscaradh a dhéantar le meán sainchuspóireach) agus suí sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh chun a áirithiú go gcosnófar cearta an infheisteora i gcás réiteach nó dhócmhainneacht an eisitheora. Tá sé tábhachtach freisin comhdhéanamh an chomhthiomsaithe cumhdaigh a rialáil chun a áirithiú go mbeidh sé aonchineálach agus chun gur fusa don infheisteoir measúnú riosca cothrom a dhéanamh. Ar a bharr sin, ba cheart sainmhíniú ar na ceanglais maidir le cumhdach a chur sa Treoir seo, gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit cead a thabhairt maolú a dhéanamh ar mhodhanna éagsúla, e.g. rioscaí airgeadra agus rátaí úis. Is féidir ríomh an chumhdaigh agus na gcoinníollacha faoinar féidir conarthaí díorthach a chuimsiú sa chomhthiomsú cumhdaigh a shainiú freisin chun a áirithiú go mbeidh comhthiomsuithe cumhdaigh faoi réir comhchaighdeáin ardcháilíochta ar fud an Aontais.

(17)Tá sé á cheangal ag roinnt Ballstát cheana go ndéanfaidh monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh cúraimí sonracha maidir le cáilíocht na sócmhainní incháilithe agus go náiritheoidh sé go mbeidh ceanglais náisiúnta chumhdaigh á gcomhlíonadh. Dá bhrí sin, d’fhonn láimhseáil na mbannaí faoi chumhdach ar fud an Aontais a chomhchuibhiú, tá sé tábhachtach go saineofar go soiléir cúraimí agus freagrachtaí an mhonatóra ar chomhthiomsú cumhdaigh, i gcás ina bhfuil sé leagtha síos sa chreat náisiúnta gur gá monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh a bheith ann. Ní chuirtear freagrachtaí na núdarás náisiúnta inniúil ar ceal i dtaca le maoirseacht phoiblí ar leith toisc monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh a bheith ann.

(18)Bíonn deacrachtaí ag mioninstitiúidí creidmheasa nuair a eisíonn siad bannaí faoi chumhdach mar gur minic a bhíonn réamhchostais arda a bhaineann le bunú clár bannaí faoi chumhdach. Tá tábhacht ar leith le leachtacht i margaí i mbannaí faoi chumhdach freisin agus is de réir chainníocht na mbannaí gan íoc a shocraítear an leachtacht sin den chuid is mó. Dá bhrí sin, is iomchuí cead a thabhairt do dhá institiúid creidmheasa nó níos mó cómhaoiniú a dhéanamh chun gur féidir le mioninstitiúidí creidmheasa bannaí faoi chumhdach a eisiúint. Ar an gcaoi sin, d'fhéadfadh roinnt institiúidí creidmheasa sócmhainní a chomhthiomsú mar chomhthaobhacht le haghaidh bannaí faoi chumhdach a d'eiseodh institiúid chreidmheasa amháin agus b'fhusa dá bharr sin bannaí faoi chumhdach a eisiúint sna Ballstáit sin nach bhfuil margaí dea-fhorbartha iontu faoi láthair. Tá sé tábhachtach go náiritheoidh na ceanglais maidir le comhaontuithe comhchistiúcháin a úsáid go comhlíonfaidh sócmhainní arna naistriú chuig institiúidí creidmheasa eisiúna na ceanglais maidir le hincháilitheacht sócmhainní agus leithscaradh sócmhainní cumhdaigh faoi dhlí an Aontais.

(19)Leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 roinnt coinníollacha atá le comhlíonadh maidir le bannaí faoi chumhdach arna gcomhthaobhú le heintitis urrúsúcháin. Baineann ceann de na coinníollacha sin leis an méid is féidir an cineál sin comhthaobhachta a úsáid agus cuireann sí teorainn l0 % nó 15 % de mhéid na mbannaí faoi chumhdach gan íoc le húsáid na struchtúr sin. Féadfaidh na húdaráis inniúla an choinníoll sin a tharscaoileadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Bhí an chonclúid in athbhreithniú an Choimisiún 27 ar a iomchuí atá an tarscaoileadh sin nár cheart cead a thabhairt ionstraimí urrúsúcháin ná bannaí faoi chumhdach a úsáid mar chomhthaobhacht le bannaí faoi chumhdach a eisiúint ach amháin i gcás bannaí faoi chumhdach eile (''struchtúir de bhannaí faoi chumhdach inghrúpa comhthiomsaithe'') ach gur cheart cead a thabhairt sin a dhéanamh gan teorainneacha trí thagairt a dhéanamh do mhéid na mbannaí faoi chumhdach gan íoc. Dá mb'fhéidir bannaí faoi chumhdach ó eisitheoirí éagsúla a chomhthiomsú mar shócmhainní cumhdaigh le haghaidh maoiniú inghrúpa, b'fhusa eisiúint bannaí faoi chumhdach a fhorbairt, i margaí atá ag teacht chun cinn chomh maith, agus, dá bhrí sin, b'iomchuí creat a thabhairt isteach le haghaidh úsáid na struchtúr sin i ndlí an Aontais.

(20)Cuid riachtanach den chineál sin ionstraime airgeadais is ea trédhearcacht an chomhthiomsaithe cumhdaigh mar go gcuireann sí leis an inchomparáideacht agus gur féidir le hinfheisteoirí dá barr an mheastóireacht riosca is gá a dhéanamh. I dTreoir 2003/71/CE 28 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tá rialacha maidir le dréachtú, formheas agus dáileadh na réamheolairí a bheidh le foilsiú nuair a thairgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad sa trádáil ar mhargadh rialáilte atá suite i mBallstát nó atá ag feidhmiú i mBallstát. D'fhorbair reachtóirí náisiúnta agus rannpháirtithe sa mhargadh de réir a chéile roinnt tionscnamh maidir leis an bhfaisnéis atá le nochtadh d'infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach chun forlíonadh a dhéanamh ar Threoir 2003/71/CE. Is gá, áfach, a shonrú ar leibhéal an Aontais cén tíosleibhéal coiteann faisnéise ba cheart a chur ar fáil d'infheisteoirí sula gceannóidh siad bannaí faoi chumhdach nó le linn dóibh iad a cheannach. Ba cheart an cead a thabhairt do na Ballstáit na híoscheanglais sin a fhorlíonadh le forálacha breise.

(21)Buneilimint i gcosaint infheisteoirí na mbannaí faoi chumhdach a áirithiú is ea riosca leachtachta na hionstraime a mhaolú. Tá sin ríthábhachtach chun a áirithiú go naisíocfar go tapa na dliteanais a bhaineann leis an mbanna faoi chumhdach. Is iomchuí mar sin maolán leachtachta comhthiomsaithe cumhdaigh a thabhairt isteach chun dul i ngleic le rioscaí ganntanais leachtachta, amhail neamhréireanna in aibíochtaí agus rátaí úis, briseadh ar íocaíochtaí, rioscaí cóimheasctha, díorthaigh agus dliteanais oibríochtúla eile gan íoc laistigh de chlár na mbannaí faoi chumhdach. Tá difríocht idir an maolán leachtachta le haghaidh an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus na ceanglais leachtachta ginearálta a fhorchuirtear ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le gníomhartha eile de chuid dhlí an Aontais sa mhéid go mbaineann an maolán go díreach leis an gcomhthiomsú cumhdaigh agus go bhfuil sé dírithe ar na rioscaí leachtachta a bhaineann go sonrach leis a mhaolú. Chun ualaí rialála a íoslaghdú ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit idirghníomhaíocht iomchuí a cheadú le ceanglais leachtachta arna bhunú le gníomhartha eile de chuid dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta lena bhfuil cuspóirí seachas maolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nár cheart an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta a bheith infheidhme ach amháin i gcás nach bhforchuirfear aon cheanglas leachtachta eile ar an institiúid chreidmheasa faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta le linn na tréimhse atá cumhdaithe ag na ceanglais eile sin.

(22)I roinnt Ballstát, ceapadh struchtúir nuálacha i gcomhair próifílí aibíochta d’fhonn aghaidh a thabhairt ar rioscaí leachtachta féideartha, neamhréireanna in aibíochtaí san áireamh. Ar na struchtúir sin tá an deis an aibíocht atá beartaithe don bhanna faoi chumhdach a shíneadh ar feadh tréimhse áirithe ama nó ligean do na sreabha airgid sa chomhthiomsú cumhdaigh aistriú go díreach chuig sealbhóirí bannaí faoi chumhdach. D’fhonn struchtúir aibíochtaí insínte a chomhchuibhiú ar fud an Aontais, tá sé tábhachtach go náiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na coinníollacha faoina bhféadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt na struchtúir sin a shainaithint róchasta agus nach mbeidh infheisteoirí neamhchosanta ar níos mó rioscaí.

(23)Is eilimint lena sainítear bannaí faoi chumhdach é creat maoirseachta poiblí ar leith a bheith ann, de réir Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE. Ní shainítear sa Treoir sin, áfach, cineál ná ábhair na maoirseachta sin ná na húdaráis ba cheart a bheith freagrach aisti. Tá sé ríthábhachtach mar sin go ndéanfar buneilimintí na maoirseachta poiblí sin ar bhannaí faoi chumhdach a chomhchuibhiú agus go leagfar amach go soiléir cúraimí agus freagrachtaí na núdarás inniúil náisiúnta a dhéanfaidh í.

(24)Ós rud é nach bhfuil baint ag an maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach le maoirseacht na ninstitiúidí creidmheasa san Aontas Eorpach, is ceart an deis a bheith ag na Ballstáit údaráis inniúla náisiúnta eile a cheapadh chun na cúraimí maoirseachta éagsúla sin a dhéanamh in áit an údaráis a bhfuil maoirseacht ghinearálta na hinstitiúide creidmheasa faoina chúram. Os a choinne sin, d'fhonn a áirithiú go mbeidh cur i bhfeidhm na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach ar fud an Aontais comhsheasmhach, is gá a cheangal go mbeidh na húdaráis inniúla a bheidh i mbun maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach ag obair i ndlúthchomhar leis an údarás inniúil a bheidh i mbun maoirseacht ghinearálta ar na hinstitiúidí creidmheasa.

(25)Ba cheart é a bheith ina choinníoll le cead a thabhairt d'institiúidí creidmheasa bannaí faoi chumhdach a eisiúint go ndéanfar maoirseacht phoiblí ar na bannaí faoi chumhdach. Ós rud é nár cheart cead a thabhairt ach do na hinstitiúidí creidmheasa bannaí faoi chumhdach a eisiúint, ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll leis an gcead sin go bhfuair an institiúid údarú mar institiúid chreidmheasa. Ba cheart forálacha maidir leis na coinníollacha faoinar féidir le hinstitiúidí creidmheasa arna núdarú faoi dhlí an Aontais cead a fháil bannaí faoi chumhdach a eisiúint faoi chlár bannaí faoi chumhdach.

(26)Maidir le raon an cheada, ní bheidh clár bannaí faoi chumhdach ann murar bunaíodh comhthiomsú cumhdaigh amháin nó níos mó le haghaidh chéad eisiúint na mbannaí faoi chumhdach. Ní hionann i gcónaí eisiúintí éagsúla (Uimhreacha éagsúla Aitheantais Idirnáisiúnta Urrús) faoin gclár bannaí faoi chumhdach agus cláir ar leith bannaí faoi chumhdach.

(27)Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a forchuireadh ar na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach agus chun láimhseáil agus comhlíonadh comhchosúla a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a cheapadh a bheidh éifeachtach comhréireach athchomhairleach.

(28)Ba cheart na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile sin atá leagtha síos ag na Ballstáit ceanglais sár-riachtanacha áirithe a chomhlíonadh maidir le seolaithe na bpionós nó na mbeart sin, leis na critéir atá le cur san áireamh ina gcur i bhfeidhm, le hoibleagáidí foilsithe na núdarás inniúil a bhfuil maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach faoina gcúram, leis an gcumhacht pionóis a ghearradh agus le leibhéal na bpionós riaracháin airgid a fhéadfar a fhorchur.

(29)Ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla a bheidh ag déanamh maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach na himthosca ábhartha uile san áireamh d’fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach na bpionós riaracháin agus na mbeart eile sna mBallstáit a áirithiú, agus cinneadh á dhéanamh faoin gcineál pionóis riaracháin nó birt riaracháin eile agus faoi leibhéal na bpionós sin.

(30)D’fhonn sáruithe ionchasacha na gceanglas maidir le heisiúint agus margú na mbannaí faoi chumhdach a bhrath, ba cheart na cumhachtaí imscrúdúcháin is gá a bheith ag na húdaráis inniúla i mbun maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach, agus ba cheart sásraí éifeachtacha a bheith acu chun tuairisciú na sáruithe ionchasacha nó iarbhír a spreagadh. Ba cheart na sásraí sin a bheith gan dochar do chearta cosanta aon duine nó eintitis a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca chur i bhfeidhm na gcumhachtaí agus na sásraí sin.

(31)Ina theannta sin, ba cheart é a bheith de chumhacht ag na húdaráis inniúla i mbun maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach pionóis a ghearradh agus bearta riaracháin eile a ghlacadh chun an raon feidhme gníomhaíochta is mó is féidir i ndiaidh sárú a áirithiú agus chun gur fusa tuilleadh sáruithe a chosc, is cuma cé acu atá cáiliú pionóis riaracháin nó birt riaracháin eile faoin dlí náisiúnta ag bearta den chineál sin nó nach bhfuil. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le pionóis bhreise, agus leibhéal níos airde pionós riaracháin airgid ná na cinn dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(32)Bíonn na dlíthe náisiúnta atá ann cheana maidir le bannaí faoi chumhdach faoi réir rialáil mhionshonraithe ar an leibhéal náisiúnta agus maoirseacht ar eisiúint na mbannaí faoi chumhdach agus clár lena áirithiú go gcosnófar cearta infheisteoirí i gcónaí i dtaobh eisiúint na mbannaí faoi chumhdach. Áirítear leis an maoirseacht sin faireachán leanúnach ar ghnéithe an chláir, ar na ceanglais chumhdaigh agus ar cháilíocht an chomhthiomsaithe cumhdaigh. Eilimint riachtanach de chosaint infheisteoirí is ea leibhéal leordhóthanach faisnéise a bheith ag infheisteoirí faoin gcreat rialála lena rialaítear eisiúint na mbannaí faoi chumhdach. Is iomchuí mar sin a áirithiú go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla faisnéis go rialta a bhaineann lena mbearta náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus maidir leis an dóigh a ndéanann siad maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach.

(33)Faoi láthair, cuirtear bannaí faoi chumhdach ar an margadh san Aontas Eorpach faoi ainmníochtaí agus lipéid náisiúnta, agus tá cuid acu sin bunaithe le fada. I roinnt Ballstát áfach, níl na hainmníochtaí ná na lipéid náisiúnta sin ann. Is cosúil gur gá mar sin cead a thabhairt d’institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach san Aontas an lipéad sonrach ‘Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach’ a úsáid agus iad ag díol bannaí faoi chumhdach le hinfheisteoirí sna Ballstáit agus sna tríú tíortha araon, ar choinníoll go gcomhlíonann na bannaí faoi chumhdach sin na ceanglais atá leagtha amach i ndlí an Aontais. Is gá lipéad den chineál sin a bhunú chun gur fusa do na hinfheisteoirí sin cáilíochtaí na mbannaí faoi chumhdach a mheas agus, dá bhrí sin, iad a dhéanamh níos tarraingtí mar mheán infheistíochta laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. Ba cheart úsáid an lipéid sin a bheith roghnach, áfach, agus ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit a bheith a naimníochtaí náisiúnta agus a gcreat lipéadaithe féin a choimeád maille leis an lipéad ''Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach''.

(34)D'fhonn cur i bhfeidhm na Treorach seo a mheas, ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar le ÚBE faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na mbannaí faoi chumhdach san Aontas Eorpach agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi leibhéal na cosanta infheisteoirí agus forbairt na margaí i mbannaí faoi chumhdach. Lena chois sin, ba cheart an tuarascáil a dhíriú ar na forbairtí maidir leis na sócmhainní lena ndéantar eisiúint na mbannaí faoi chumhdach a chomhthaobhú, lena náirítear an deis a bheith ag na Ballstáit eisiúint bannaí faoi chumhdach a cheadú d’fhonn iasachtaí a chistiú a bhaineann le gnóthais phoiblí.

(35)Faoi láthair, níl córas coibhéise ann i leith bannaí faoi chumhdach arna neisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha aitheantas a fháil ón Aontas ach amháin i gcomhthéacs stuamachta i gcás ina dtugtar láimhseáil fhabhrach ó thaobh leachtachta do roinnt bannaí tríú tír faoi choinníollacha áirithe. Mar sin de, ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar le ÚBE an gá agus an tábhacht a mheas atá le córas coibhéise a thabhairt isteach i gcomhair eisitheoirí tríú tír agus infheisteoirí bhannaí faoi chumhdach. Ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis an dáta a bheidh na forálacha lena dtrasuífear an Treoir seo le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maille le togra reachtach, más iomchuí, faoin gceist seo.

(36)Is saintréith de chuid bannaí faoi chumhdach go mbíonn aibíocht roinnt blianta sceidealta acu. Dá bhrí sin, is gá bearta idirthréimhseacha a chur san áireamh chun a áirithiú i leith bannaí faoi chumhdach a eisíodh an [OP: Cuir isteach an dáta atá luaite sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo] nach nimreofar tionchar orthu.

(37)Mar thoradh ar chreat aonfhoirmeach um bannaí faoi chumhdach a leagan síos, is ceart an cur síos ar bhannaí faoi chumhdach in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE a mhodhnú. Sainítear bannaí faoi chumhdach i dTreoir 2014/59/AE trí thagairt d’Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE agus as siocair go bhfuil athrú ar an gcur síos seo, is ceart Treoir 2014/59/AE a athrú freisin. Thairis sin, chun nach ndéanfar difear do na bannaí faoi chumhdach a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE roimh [OP: Cuir isteach an dáta atá luaite sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo], ba cheart tagairt do na bannaí sin agus iad a shainiú i gcónaí mar bhannaí faoi chumhdach go dtí dáta a naibíochta. Ba cheart dá bhrí sin Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE a leasú dá réir.

(38)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar iomchuí leis 29 , doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite lena míneofar an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar leis na doiciméid sin a tharchur.

(39)Toisc nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, is gá creat coiteann um bannaí faoi chumhdach a bhunú, lena áirithiú go mbeidh tréithe struchtúracha na mbannaí faoi chumhdach ar fud an Aontais i gcomhréir leis na tréithe riosca lena dtugtar bonn cirt do láimhseáil fhabhrach, ach, de bharr an ghá le margaí i mbannaí faoi chumhdach a fhorbairt ar fud an Aontais agus tacú le hinfheistíochtaí trasteorann, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(40)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 agus thug sé tuairim uaidh an… 31 ,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
 

Airteagal 1
Ábhar

Leagtar síos sa Treoir seo na rialacha cosanta infheisteoirí a leanas lena mbaineann:

(1)ceanglais maidir le bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(2)gnéithe struchtúrtha na mbannaí faoi chumhdach;

(3)maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach;

(4)ceanglais foilsithe ar údaráis inniúla i ndáil le bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 2
Raon feidhme

Baineann an Treoir seo le bannaí faoi chumhdach arna neisiúint ag institiúidí creidmheasa atá bunaithe san Aontas.

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn “banna faoi chumhdach” oibleagáid fiachais atá eisithe ag institiúid chreidmheasa agus atá urrúsaithe ag comhthiomsú sócmhainní faoi chumhdach ar féidir le hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach dul ina niontaobh mar chreidiúnaithe tosaíochta;

(2)ciallaíonn “clár bannaí faoi chumhdach” na sócmhainní agus na dliteanais de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 15 mar aon le gníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa a bhaineann le bannaí faoi chumhdach a eisiúint faoi chead amháin arna dhámhachtain i gcomhréir le hAirteagal 19;

(3)ciallaíonn “comhthiomsú cumhdaigh” na sócmhainní arb iad an chomhthaobhacht iad ar na bannaí faoi chumhdach agus atá leithscartha ó shócmhainní eile atá ag an institiúid chreidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(4)ciallaíonn “institiúid chreidmheasa” institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(5)ciallaíonn “institiúid speisialaithe creidmheasa morgáiste” institiúid chreidmheasa a chistíonn iasachtaí amháin trí bhannaí faoi chumhdach a eisiúint, atá ceadaithe de réir an dlí iasachtaí morgáiste agus earnála poiblí a dhéanamh agus nach bhfuil ceadaithe éarlaisí a ghlacadh ach ar féidir léi cistí in-aisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal;

(6)ciallaíonn “luathú ar bhanna faoi chumhdach” cás ina bhfógraíonn institiúid chreidmheasa a bhfuil banna faoi chumhdach eisithe aici nó ionadaí na hinstitiúide creidmheasa sin go bhfuil banna faoi chumhdach iníoctha láithreach agus go bhfuil íocaíochtaí ina leith do na hinfheisteoirí sa bhanna faoi chumhdach le híoc tráth níos luaithe ná an dáta aibíochta bunaidh;

(7)ciallaíonn “luach margaidh”, chun críocha maoine dochorraithe, go bhfuil luach margaidh sainithe i bpointe (76) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(8)ciallaíonn “luach iasachta morgáiste”, chun críocha maoine dochorraithe, an luach iasachta morgáiste mar a shainmhínítear i bpointe (74) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(9)ciallaíonn “réadmhaoin chónaitheach” réadmhaoin chónaitheach de réir mar a shainmhínítear i bpointe (75) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(10)ciallaíonn “sócmhainn phríomhúil” sócmhainn chinsealach sa chomhthiomsú cumhdaigh lena socraítear nádúr an chomhthiomsaithe chumhdaigh;

(11)ciallaíonn “sócmhainn ionadaíochta” sócmhainn a rannchuidíonn le ceanglais chumhdaigh, cé is moite de na sócmhainní príomhúla;

(12)ciallaíonn “róurrúsú comhthaobhach” leibhéal reachtach nó conarthach na comhthaobhachta atá os cionn an cheanglais cumhdaigh de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 15;

(13)ciallaíonn “ceanglas cistithe meaitseála” rialacha lena leagtar síos nach mór meaitseáil a dhéanamh idir na sreabha airgid idir dliteanais agus sócmhainní a bhfuil íocaíocht ina leith dlite trína áirithiú go bhfaighfear íocaíochtaí ó iasachtóirí sula ndéanfar íocaíochtaí d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus go mbeidh na suimeanna a gheofar ó iasachtóirí coibhéiseach ar a laghad le luach na níocaíochtaí atá le híoc le hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach;

(14)ciallaíonn “glan-eis-sreabhadh airgeadra intíre” gach dliteanas, lena náirítear íocaíochtaí príomhshuime agus úis mar aon le híocaíochtaí faoi chonarthaí díorthach an chláir bannaí faoi chumhdach tar éis na hinsreabha arna ndíorthú ó na sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh a asbhaint;

(15)ciallaíonn “struchtúr aibíochta insínte” sásra lena dtugtar deis aibíocht sceidealta bannaí faoi chumhdach a shíneadh ar feadh tréimhse áirithe ama agus i gcás ina dtarlóidh truicear sonrach;

(16)ciallaíonn “maoirseacht phoiblí ar bhanna faoi chumhdach” maoirseacht ar chláir bannaí faoi chumhdach lena náirítear comhlíonadh agus forfheidhmiú na gceanglas is infheidhme maidir le heisiúint na mbannaí faoi chumhdach;

(17)ciallaíonn “riarthóir speisialta” an duine nó an taonán a ceapadh chun clár bannaí faoi chumhdach a riar i gcás dhócmhainneacht na hinstitiúide creidmheasa a d’eisigh bannaí faoi chumhdach faoin gclár sin.

TEIDEAL II
GNÉITHE STRUCHTÚRACHA NA mBANNAÍ FAOI CHUMHDACH

Caibidil 1
iontaoibh agus scoiteacht féimheachta

Airteagal 4
iontaoibh

1.Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena dtabharfar teidlíocht do na hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach ar na teidil seo a leanas:

(a)teideal i leith na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(b)i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach; teideal céadtosaíochta ar an bpríomhshuim agus aon ús fabhraithe ó shócmhainní a áirítear sa chomhthiomsú cumhdaigh;

(c)i gcás dhócmhainneacht na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach agus i gcás nach féidir an teideal céadtosaíochta a chomhlíonadh go hiomlán dá dtagraítear i bpointe (b), teideal ar eastát dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa sin, institiúid atá rangaithe pari passu le teidil ghnáthchreidiúnaithe neamhurraithe na hinstitiúide creidmheasa a arna socrú i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear an rangú i ngnáthnósanna imeachta dócmhainneachta.

2.Beidh na teidil dá dtagraítear i mír 1 teoranta d’íoc iomlán oibleagáidí atá ceangailte leis na bannaí faoi chumhdach.

3.Chun críocha phointe (c) de mhír 1 i gcás dócmhainneachta de chuid institiúide speisialta creidmheasa morgáiste, féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena ndámhfar teideal d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach atá rangaithe ar leibhéal níos sinsearaí ná teideal ghnáthchreidiúnaithe neamhurraithe na hinstitiúide speisialaithe creidmheasa morgáiste sin, rud a shocrófar de réir na ndlíthe náisiúnta lena rialaítear rangú creidiúnaithe i ngáthnósanna imeachta dócmhainneachta, ach an téileamh sin fós rangaithe ar leibhéal níos sóisearaí ná aon cheann de na creidiúnaithe tosaíochta eile.

Airteagal 5
Scoiteacht féimheachta na mbannaí faoi chumhdach

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na hoibleagaidí a ghabhann leis na bannaí faoi chumhdach faoi réir luathú uathoibríoch de dhroim dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach.

Caibidil 2
Comhthiomsú cumhdaigh agus cumhdach

Roinn I
Sócmhainní incháilithe

Airteagal 6
Sócmhainní incháilithe

1.Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí cheanglas a dhéanamh de go mbeidh na bannaí faoi chumhdach chomhthaobhaithe i ngach tráth ag sócmhainní ardcháilíochta dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó ag sócmhainní ardcháilíochta eile a chomhlíonann na ceanglais a leanas ar a laghad:

(a)is féidir luach an mhargaidh nó luach iasachta morgáiste na sócmhainní a dhéanamh amach i dtaobh;

(b)tá morgáiste, táille, lian nó ráthaíocht eile i leith na sócmhainne in-fhorfheidhmithe;

(c)comhlíonadh gach ceanglas dlíthiúil maidir leis an morgáiste, an táille, an lian nó ráthaíocht eile a bhunú i leith na sócmhainne;

(d)cuireann an morgáiste, an táille, an lian nó an ráthaíocht eile lena nurrúsaítear an tsócmhainn ar chumas na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach luach na sócmhainne a réadú gan moill mhíchuí.

Chun críocha phointe (a), leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir le luacháil sócmhainní.

Chun críocha phointe (b), leagfaidh na Ballstáit rialacha síos le haghaidh comhdú agus clárú pras morgáistí, táillí, lian nó ráthaíochtaí maidir le sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh.

Chun críocha phointe (b) agus phointe (d), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach in-fhorfheidhmitheacht na sócmhainní a mheas sula gcuirfear iad sa chomhthiomsú cumhdaigh.

2.Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí cheanglas a dhéanamh de go mbeidh nósanna imeachta curtha ar bun ag na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach chun faireachán a dhéanamh féachaint an bhfuil na sócmhainní a úsáidtear mar chomhthaobhacht árachaithe a ndóthain in aghaidh riosca damáiste.

3.Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, cuirfidh na Ballstáit de cheanglas ar institiúidí creidmheasa, a eisíonn bannaí faoi chumhdach, na sócmhainní a úsáidtear mar chomhthaobhacht a dhoiciméadú anuas ar a mbeartais iasachtaithe maidir lena gcomhlíontacht leis na míreanna sin.

Airteagal 7
Sócmhainní atá suite lasmuigh den Aontas

1.Faoi réir na forála i mír 2, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach sócmhainní atá suite lasmuigh den Aontas Eorpach a chur sa chomhthiomsú cumhdaigh.

2.Nuair a dhéanann Ballstáit foráil le haghaidh an chuimsithe dá dtagraítear i mír 1 áiritheoidh siad cosaint d’infheisteoirí i bhfíordheimhniú ina sonrófar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na sócmhainní atá suite lasmuigh den Aontas na ceanglais go léir atá leagtha amach in Airteagal 6 agus cé acu atá nó nach bhfuil na sócmhainní sin in-fhorfheidhmithe ar chaoi atá cosúil le cás na sócmhainní atá suite laistigh den Aontas.

Airteagal 8
Struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in ionghrúpa

Is féidir le Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le húsáid, trí bhíthin idirbheart ionghrúpa, bannaí faoi chumhdach arna neisiúint ag institiúid chreidmheasa ar le grúpa í (''bannaí faoi chumhdach arna neisiúint go hinmheánach’'') mar chomhthaobhacht le haghaidh eisiúint sheachtrach bannaí faoi chumhdach a rinne institiúid chreidmheasa eile ''ar leis an ngrúpa céanna í'' (''bannaí faoi chumhdach arna neisiúint go seachtrach''). Áiritheoidh na Ballstáit cosaint infheisteoirí trí na ceanglais seo a leanas ar a laghad a áireamh sna rialacha sin:

(a)taifeadtear na bannaí faoi chumhdach arna neisiúint go hinmheánach, a úsáidtear mar chomhthaobhacht le haghaidh bannaí faoi chumhdach arna neisiúint go seachtrach, ar chlár comhardaithe na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach a eisítear go seachtrach;

(a)tá teideal ag an institiúid chreidmheasa a eisíonn an banna faoi chumhdach a eisítear go seachtrach ar an institiúid chreidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach a eisítear go hinmheánach, atá urrúsaithe ag na bannaí faoi chumhdach a eisítear go hinmheánach;

(b)díoltar na bannaí faoi chumhdach a eisítear go seachtrach d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach lasmuigh den ghrúpa;

(c)tá na bannaí faoi chumhdach a eisítear go hinmheánach agus go seachtrach araon incháilithe le haghaidh chéim cáilíochta creidmheasa 1 dá dtagraítear i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus iad comhthaobhaithe ag morgáistí maoine cónaithí nó tráchtála.

Airteagal 9
Comhchistiú

1.Faoi réir na bhforálacha i mír 2, ceadóidh na Ballstáit úsáid iasachtaí atá comhthaobhaithe ag morgáistí maoine cónaithe nó maoine tráchtála, ag táillí, liain nó cearta urrúis inchomparáide atá tugtha ag institiúid chreidmheasa mar shócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh le haghaidh eisiúint bannaí faoi chumhdach ó institiúid chreidmheasa eile.

2.Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí rialacha a leagan síos lena rialófar aistriú iasachtaí agus morgáistí, táillí, lian nó cearta urrúis inchomparáide ón institiúid chreidmheasa a d’eisigh iad don institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach. Áiritheofar leis na rialacha sin go gcomhlíonfar na ceanglais ar fad atá leagtha síos in Airteagail 6 agus 12.

Airteagal 10
Comhdhéanamh an chomhthiomsaithe chumhdaigh

Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí le foráil do leibhéal leordhóthanach aonchineálachta i dtaobh na sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh ionas go mbeidh a ngnéithe struchtúracha, saolré a sócmhainní nó a bpróifílí riosca cosúil le chéile.

Airteagal 11
Conarthaí díorthach sa chomhthiomsú cumhdaigh

1.Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí chead a thabhairt conarthaí díorthach a chur sa chomhthiomsú cumhdaigh ach amháin i gcás ina mbeidh na ceanglais seo a leanas ar a laghad comhlíonta:

(a)tá na conarthaí díorthach sa chomhthiomsú cumhdaigh go heisiach chun críocha fálú riosca;

(b)tá na conarthaí díorthach doiciméadaithe go leordhóthanach;

(c)ní féidir na conarthaí díorthach a leithscaradh i gcomhréir le hAirteagal 12;

(d)ní féidir na conarthaí díorthach a fhoirceannadh de dhroim dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(e)tá na rialacha atá leagtha síos i gcomhréir le mír 2 comhlíonta sna conarthaí díorthach.

2.D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais atá liostaithe i mír 1, leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir le conarthaí díorthach an chomhthiomsaithe cumhdaigh lena náireofar ar a laghad:

(a)na critéir incháilitheachta le haghaidh na contrapháirtithe fálúcháin;

(b)na teorainneacha le méid na gconarthaí díorthach sa chomhthiomsú cumhdaigh;

(c)an doiciméadú is gá a sholáthar maidir le conarthaí díorthach.

Airteagal 12
Leithscaradh sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh

1.Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trína cheangal go gcomhlíonfaidh leithscaradh sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh na ceanglais seo a leanas:

(a)tá na sócmhainní go léir sa chomhthiomsú cumhdaigh inaitheanta ag an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(b)tá na sócmhainní go léir sa chomhthiomsú cumhdaigh faoi réir idirscaradh atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá in-fhorfheidhmithe ag an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(c)Tá gach sócmhainn sa chomhthiomsú cumhdaigh cosanta ó theidil tríú páirtí agus ní cuid aon sócmhainn acu d’eastát dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach.

Chun críocha na chéad fhomhíre, áiritheofar aon chomhthaobhacht a fuarthas maidir le suíomhanna conarthaí díorthach leis na sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh.

1.Beidh feidhm ag an leithscaradh sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh dá dtagraítear i mír 1 freisin i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 13
Monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh

1.Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gceapfaidh na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach monatóir chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar an gcomhthiomsú cumhdaigh i dtaca leis na ceanglais atá leagtha amach idir Airteagal 6 agus Airteagal 12 agus idir Airteagal 14 agus Airteagal 17.

2.I gcás ina núsáidfidh na Ballstáit an rogha dá bhforáiltear i mír 1, beidh orthu rialacha a leagan síos maidir leis na gnéithe a leanas ar a laghad:

(a)an monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh a cheapadh agus a chur as oifig;

(b)aon chritéir incháilitheachta maidir leis an monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh;

(c)ról agus dualgais an mhonatóra ar chomhthiomsú cumhdaigh, lena náirítear i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(d)an oibleagáid tuairisciú don údarás inniúil atá ainmnithe de bhun Airteagal 18(2);

(e)an ceart rochtana ar an bhfaisnéis is gá le haghaidh dualgais mhonatóir an chomhthiomsaithe chumhdaigh a dhéanamh.

3.Beidh an monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh scoite agus neamhspleách ón institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach agus ó iniúchóir na hinstitiúide creidmheasa sin.

4.I gcás ina núsáidfidh Ballstáit an rogha dá foráiltear i mír 1, cuirfidh siad sin in iúl do ÚBE.

Airteagal 14
Faisnéis d’infheisteoirí

1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faisnéis ar fáil faoi chláir na mbannaí faoi chumhdach atá mionsonraithe a dhóthain le gur féidir le hinsfheisteoirí próifíl agus rioscaí an chláir sin a mheas agus dícheall cuí a dhéanamh.

2.Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil d’infheisteoirí go ráithiúil ar a laghad, agus go mbeidh an fhaisnéis punainne seo a leanas ar a laghad san áireamh:

(a)luach an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus na mbannaí faoi chumhdach gan íoc;

(b)dáileachán geografach agus cineál na sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh, méid a niasachtaí agus modh luachála na niasachtaí;

(c)sonraí faoi rioscaí a bhaineann le rátaí úis, airgeadra, creidmheas, margadh agus leachtacht;

(d)struchtúr aibíochta na sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh agus na mbannaí faoi chumhdach;

(e)leibhéil an chumhdaigh atá ag teastáil, róurrúsú comhthaobhach conarthach agus deonach;

(f)céatadán na niasachtaí atá níos mó ná nócha lá thar téarma.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil d’infheisteoirí ar bhonn comhiomlánaithe. D’fhéadfadh na Ballstáit a cheangal freisin go gcuirfí an fhaisnéis ar fáil ar bhonn iasacht ar iasacht.

3.Áiritheoidh na Ballstáit cosaint infheisteoirí trína cheangal ar institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach an fhaisnéis a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí i gcomhréir le mír 1 agus 2 a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin.

Roinn II
Ceanglais maidir le cumhdach agus leachtacht

Airteagal 15
Ceanglais maidir le cumhdach

1.Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí éileamh nach mór do na cláir bannaí faoi chumhdach ar fad na ceanglais chumhdaigh a leanas ar a laghad a chomhlíonadh i ngach tráth:

(a)gach dliteanas i dtaobh na mbannaí faoi chumhdach, lena náirítear na hoibleagáidí maidir le híoc na príomhshuime agus aon ús fabhraithe ar bhannaí faoi chumhdach atá iníoctha mar aon le costais a bhaineann le clár bannaí faoi chumhdach a chothabháil agus a riar, tá sé cumhdaithe ag na sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh;

(b)áirithítear sa ríomh ar mhéid an chumhdaigh atá de dhíth go bhfuil an luach céanna ar a laghad ar mhéid ainmniúil iomlán na sócmhainní go léir sa chomhthiomsú cumhdaigh agus méid ainmniúil iomlán na mbannaí faoi chumhdach atá iníoctha (“príomhshuim ainmniúil”);

(c)rannchuidíonn na sócmhainní seo a leanas sa chomhthiomsú cumhdaigh leis an gceanglas cumhdaigh:

(i)sócmhainní príomhúla;

(ii)sócmhainní ionadaíochta;

(iii)sócmhainní leachtacha i seilbh i gcomhréir le hAirteagal 16;

(iv)conarthaí díorthach atá i seilbh i gcomhréir le hAirteagal 11;

(v)urrúsú comhthaobhach reachtach;

(d)ní rannchuidíonn teidil neamh-chomhthaobhaithe ina mbreithnítear go ndearnadh mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178 de Rialachán (EU) Uimh. 575/2013 leis an gcomhthiomsú cumhdaigh.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, d’fhéadfadh Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le prionsabail ríofa eile ar an gcoinníoll nach gcruthaíonn siad leibhéal níos ísle cumhdaigh ná an leibhéal arna ríomh faoin bprionsabal ainmniúil.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ríomh an chumhdaigh agus ríomh na ndliteanas bunaithe ar an modheolaíocht chéanna.

Airteagal 16
An ceanglas um maolán leachtachta le haghaidh comhthiomsú cumhdaigh

1.Áiritheoidh na Ballstáit cosaint infheisteoirí trína cheangal go mbeidh i gcónaí sa chomhthiomsú cumhdaigh maolán leachtachta ina mbeidh sócmhainní leachtacha ar fáil chun eis-sreabhadh leachtachta chlár na mbannaí faoi chumhdach a chumhdach.

2.Clúdóidh an maolán leachtachta le haghaidh comhthiomsú cumhdaigh eis-sreabhadh na leachtachta glaine ar feadh 180 lá féilire.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuimseoidh an maolán leachtachta le haghaidh comhthiomsú cumhdaigh dá dtagraítear i mír 1 na cineálacha sócmhainní seo a leanas:

(a)sócmhainní atá cáilithe mar shócmhainní ar leibhéal 1, leibhéal 2A agus leibhéal 2B de bhun Airteagail 10, 11 agus 12 den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61, arna luacháil i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán Tarmligthe sin agus leithscartha i gcomhréir le hAirteagal 13 den Treoir seo;

(b)neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa atá incháilithe do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 129(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhómhír, áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nach féidir teidil neamh-chomhthaobhaithe ó neamhchosaintí ar mainneachtain a bheith ina gcuid de mhaolán leachtachta an chomhthiomsaithe chumhdaigh.

4.I gcás ina mbeidh an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faoi réir ceanglais leachtachta i gcomhréir le gníomhartha an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, d’fhéadfadh Ballstáit cinneadh a dhéanamh nach bhfuil feidhm ag na rialacha náisiúnta lena trasuíodh mír 1, mír 2 agus mír 3 ar feadh na tréimhse atá réamhbheartaithe sna gníomhartha sin de chuid dhlí an Aontais.

5.D’fhéadfadh na Ballstáit cead a thabhairt an phríomhshuim le haghaidh struchtúir aibíochta insínte a ríomh bunaithe ar dháta aibíochta deiridh an bhanna faoi chumhdach.

6.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbaineann na ceanglais atá leagtha amach i mír 1 leis na bannaí faoi chumhdach atá faoi réir ceanglais cistithe meaitseála.

Airteagal 17
Coinníollacha le haghaidh stuchtúir aibíochta insínte

1.Féadfaidh na Ballstáit eisiúint bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte a cheadú i gcás ina náiritheofar cosaint d’infheisteoirí tríd an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)tá na truicir sínte aibíochta sonraithe sa chonradh nó sa reacht;

(b)ní dhéantar an síneadh aibíochta a thruicearú faoi réir rogha na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(c)is leor é an fhaisnéis a chuirtear ar fáil don infheisteoir faoin struchtúr aibíochta chun iad a chumasú riosca an bhanna faoi chumhdach a dhéanamh amach, agus áirítear léi cur síos mionsonraithe ar an méid a leanas:

(i)truicear na síntí aibíochta;

(ii)iarmhairtí i leith síntí aibíochta i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(iii)ról an údaráis inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 18(2) agus an riarthóra speisialta maidir leis an síneadh aibíochta, nuair is ábhartha;

(d)is féidir dáta aibíochta deiridh an bhanna faoi chumhdach a dhéanamh amach i gcónaí;

(e)níl éifeacht ag an síneadh aibíochta ar rangú infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach;

(f)Ní athraíonn síneadh tréimhse na haibíochta gnéithe struchtúracha na mbannaí faoi chumhdach maidir leis an déiontaoibh dá dtagraítear in Airteagal 4 agus an scoiteacht féimheachta dá dtagraítear in Airteagal 5.

2.Cuirfidh na Ballstáit ina bhfuil cead bannaí faoi chumhdach a eisiúint a bhfuil struchtúir aibíochta insínte acu, a gcinneadh in iúl do ÚBE.

TEIDEAL III
MAOIRSEACHT PHOIBLÍ AR BHANNAÍ FAOI CHUMHDACH

Airteagal 18
Maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach

1.Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí fhoráil a dhéanamh go bhfuil eisiúint bannaí faoi chumhdach faoi réir maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach.

2.Chun críocha na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach dá dtagraítear i mír 1, ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó. Cuirfidh siad na húdaráis ainmnithe sin in iúl don Choimisiún agus do ÚBE agus léireoidh siad aon roinnt ar fheidhmeanna agus ar dhualgais.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun fhomhír 2 faireachán ar eisiúint bannaí faoi chumhdach ionas gur féidir leo measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos sna forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go gcláróidh institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach a gcuid idirbheart go léir maidir leis an gclár bannaí faoi chumhdach agus go bhfuil córais agus próisis doiciméadúcháin leordhóthanacha iomchuí i bhfeidhm acu.

5.Ina theannta sin áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na bearta iomchuí i bhfeidhm chun na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun mhír 2 a chumasú teacht ar an bhfaisnéis atá de dhíth chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos sna forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo, imscrúdú a dhéanamh ar na sáruithe féideartha ar na ceanglais sin, agus pionóis riaracháin mar aon le bearta feabhais a fhorchur i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh Airteagal 23.

6.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an saineolas, na hacmhainní, an cumas oibríochtúil, na cumhachtaí agus an neamhspleáchas is gá ag na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun mhír 2, chun na feidhmeanna a bhaineann leis an maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach a chomhlíonadh.

Airteagal 19
Cead le haghaidh cláir bannaí faoi chumhdach

1.Áiritheoidh na Ballstáit cosaint infheisteoirí trína cheangal go mbeidh cead clár bhannaí faoi chumhdach faighte sula neiseofar bannaí faoi chumhdach faoi gclár sin. Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht na ceadanna sin a thabhairt d’údaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 18(2).

2.Leagfaidh na Ballstáit na ceanglais síos maidir leis an gcead dá dtagraítear i mír 1, lena náireofar an méid a leanas ar a laghad:

(a)clár leordhóthanach oibríochtaí lena leagtar amach eisiúint bannaí faoi chumhdach;

(b)beartais leordhóthanacha, próisis agus modheolaíochtaí dírithe ar chosaint infheisteoirí chun iasachtaí atá san áireamh leis an gcomhthiomsú cumhdaigh a fhormheas, a leasú, a athnuachan agus a athmhaoiniú;

(c)lucht bainistíochta agus foireann atá tiomnaithe don chlár bannaí faoi chumhdach lena mbaineann cáilíochtaí leordhóthanacha agus eolas leordhóthanach maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus riar an chláir bannaí faoi chumhdach;

(d)leagan amach riarachán an chomhthiomsaithe chumhdaigh lena gcomhlíontar na ceanglais ábhartha atá leagtar síos sna forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo.

Airteagal 20
Maoirseacht phoiblí ar bhanna faoi chumhdach i gcás dócmhainneachta nó réitigh

1.Comhoibreoidh údaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) leis an údarás réitigh i gcás réiteach ar institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach d’fhonn a áirithiú go gcaomhnófar cearta agus leasanna na ninfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach, lena náirítear ar a laghad bainistiú leanúnach chlár na mbannaí faoi chumhdach le linn thréimhse an phróisis réitigh a fhíorú.

2.Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh le go gceapfar riarthóir speisialta i gcás réiteach ar institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach d’fhonn a áirithiú go gcaomhnófar cearta agus leasanna na ninfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach, lena náirítear ar a laghad bainistiú leanúnach chlár na mbannaí faoi chumhdach le linn thréimhse an phróisis dócmhainneachta a fhíordheimhniú.

Nuair a úsáideann na Ballstáit an rogha sin, déanfaidh siad ceanglas go rachfar i gcomhairle leis na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 18(2) maidir le ceapadh agus cur as oifig an riarthóra speisialta.

3.I gcás ina ndéanfaidh Ballstáit foráil maidir le riarthóir speisialta a cheapadh i gcomhréir le mír 2, glacfaidh siad rialacha lena leagfar síos cúraimí agus dualgais an riarthóra speisialta sin maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)na dliteanais a bhaineann leis na bannaí faoi chumhdach a urscaoileadh;

(b)sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh a bhainistiú agus a réadú, lena náirítear a naistriú i dteannta le dliteanais bannaí faoi chumhdach chuig institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(c)na hidirbhearta dlíthiúla is gá a dhéanamh le go mbeidh riaradh iomchuí ar an gcomhthiomsú cumhdaigh, le haghaidh faireachán leanúnach ar chumhdach na ndliteanas a ghabhann leis na bannaí faoi chumhdach, chun imeachtaí a thionscnamh d’fhonn sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh a aisghabháil agus chun na sócmhainní atá fágtha, tar éis do gach dliteanas banna faoi chumhdach a bheith comhlíonta, a aistriú chuig eastát dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa a d’eisigh na bannaí faoi chumhdach.

4.Áiritheoidh na Ballstáit comhordú agus malartú faisnéise chun críocha an phróisis dócmhainneachta nó réitigh idir na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 18(2), an riarthóir speisialta i gcás gur ceapadh an riarthóir sin agus an túdarás réitigh.

Airteagal 21
Tuairisciú do na húdaráis inniúla

1.Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí cheanglas a dhéanamh de go ndéanfaidh na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach an fhaisnéis atá leagtha amach i mír 2 faoi chláir bannaí faoi chumhdach a thuairisciú do na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 18(2). Déanfar an tuairisciú ar bhonn rialta agus ar bhonn iarratais. Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir le minicíocht na tuairisce ar bhonn rialta.

2.Tá ceangal sna hoibleagáidí tuairiscithe atá le leagan síos de bhun mhír 1 gur gá an fhaisnéis a chur ar fáil i ndáil leis na ceanglais a leanas ar a laghad ón gclár bannaí faoi chumhdach:

(a)iontaoibh i gcomhréir le hAirteagal 4;

(b)scoiteacht féimheachta an bhanna faoi chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 5;

(c)incháilitheacht na gceanglas maidir le sócmhainní agus comhthiomsú cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 6 go 11;

(d)leithscaradh sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 12;

(e)feidhmiú an mhonatóra ar chomhthiomsú cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 13;

(f)ceanglais maidir le faisnéis d’infheisteoirí i gcomhréir le hAirteagal 14;

(g)ceanglais maidir le cumhdach i gcomhréir le hAirteagal 15;

(h)maolán leachtachta an chomhthiomsaithe chumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 16;

(i)na coinníollacha le haghaidh struchtúir aibíochta insínte i gcomhréir le hAirteagal 17.

3.Déanfaidh na Ballstáit foráil le haghaidh rialacha maidir le tuairisciú i dtaobh na gceanglas atá leagtha amach i mír 2 ag na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 18(2) i gcás dócmhainneacht nó réiteach institiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 22
Cumhachtaí na n
údarás inniúil chun críocha maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach

1.Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí na cumhachtaí uile maoirseachta, imscrúdúcháin agus smachtbhannaí is gá chun cúram na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach a thabhairt d’údaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 18(2).

2.Áireofar leis na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas:

(a)an chumhacht ceadanna a dhámhachtain nó a dhiúltú de bhun Airteagal 19;

(b)an chumhacht athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an gclár bannaí faoi chumhdach d’fhonn measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na Treorach seo;

(c)an chumhacht iniúchtaí ar an láithreán agus lasmuigh den láithreán a dhéanamh;

(d)an chumhacht smachtbhannaí riaracháin nó pionóis agus bearta feabhais a fhorchur i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh Airteagal 23;

(e)an chumhacht treoirlínte maoirseachta maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach a ghlacadh agus a chur chun feidhme.

Airteagal 23
Pionóis riaracháin agus bearta feabhais

1.Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena mbunófar pionóis riaracháin iomchuí mar aon le bearta feabhais is infheidhme sna cásanna a leanas:

(a)fuair institiúid chreidmheasa cead bannaí faoi chumhdach a eisiúint trí ráitis bhréagacha nó trí mhodhanna mírialta eile;

(b)ní chomhlíonann institiúid chreidmheasa na coinníollacha faoinar tugadh cead a thuilleadh;

(c)eisíonn institiúid chreidmheasa bannaí faoi chumhdach gan an cead a fháil i gcomhréir leis na forálacha lenar trasuíodh Airteagal 19;

(d)ní chomhlíonann institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais atá leagtha amach sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 4;

(e)eisíonn institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach bannaí faoi chumhdach nach gcomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 5;

(f)eisíonn institiúid chreidmheasa bannaí faoi chumhdach gan an cead a fháil i gcomhréir leis na forálacha lenar trasuíodh Airteagal 6;

(g)eisíonn institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach bannaí faoi chumhdach arna gcomhthaobhú ag sócmhainní atá suite lasmuigh den Aontas de shárú ar na ceanglais atá leagtha síos sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 7;

(h)comhthaobhaíonn institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach bannaí faoi chumhdach atá i struchtúr ionghrúpa de chomhthiomsú bannaí faoi chumhdach de shárú ar na ceanglais atá leagtha síos sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 8;

(i)ní chomhlíonann institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na coinníollacha le haghaidh cómhaoinithe atá leagtha síos sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 9;

(j)ní chomhlíonann institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais maidir le comhdhéanamh comhthiomsaithe chumhdaigh atá leagtha síos sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 10;

(k)institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach lena náirítear conarthaí díorthach sa chomhthiomsú cumhdaigh seachas chun críocha fálaithe nó ní chomhlíonann sí na ceanglais atá leagtha síos sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 11;

(l)ní éiríonn leis an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais maidir le leithscaradh na sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh a chomhlíonadh i gcomhréir leis na forálacha lenar trasuíodh Airteagal 12;

(m)ní thuairiscíonn institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faisnéis a nó cuireann sí faisnéis neamhiomlán nó míchruinn a chur ar fáil de shárú ar na forálacha lenar trasuíodh Airteagal 14;

(n)tharla sé arís agus arís eile nár choimeád nó ar dhóigh leanúnach institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach maolán leachtachta ar chomhthiomsú cumhdaigh de shárú ar na forálacha lenar trasuíodh Airteagal 16;

(o)ní comhlíonann an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na coinníollacha maidir le struchtúir aibíochta insínte atá leagtha síos sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 17 a chomhlíonadh;

(p)ní thuairiscíonn institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faisnéis nó cuireann sí faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn ar fáil faoi na hoibleagáidí de shárú ar na forálacha lenar trasuíodh pointí (a) go (i) d’Airteagal 21(2).

2.Beidh na pionóis agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach comhréireach athchomhairleach agus áireofar an méid seo a leanas ar a laghad iontu:

(a)tarraingt siar ceada bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(b)ráiteas poiblí, ina léireofar céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 24;

(c)ordú ina gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus gan bheith i mbun na hiompraíochta sin in athuair;

(d)smachtbhannaí airgid riaracháin.

3.Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirfear pionóis riaracháin agus bearta feabhais chun feidhme go héifeachtach.

4.Áiritheoidh na Ballstáit agus iad ag cinneadh cén chineál pionós riaracháin nó bearta feabhais eile agus mhéid na bpionós riaracháin airgid sin, a chuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh sna cásanna seo a leanas, más ábhartha:

(a)tromchúis an tsáraithe agus a fhad a mhair sé;

(b)méid freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú, lena náirítear láimhdeachas iomlán duine dhlítheanaigh nó ioncam bliantúil duine nádúrtha;

(d)méid na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(e)na caillteanais tríú páirtithe mar gheall ar shárú, a mhéid is féidir na caillteanais sin a dhéanamh amach;

(f)an méid a chomhoibrigh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú leis an údarás inniúil;

(g)sáruithe a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú roimhe sin;

(h)aon iarmhairtí sistéamacha iarbhír nó féideartha de thoradh an tsáraithe.

5.I gcás ina mbeidh feidhm ag na forálacha dá dtagraítear i mír 1 maidir le daoine dlítheanacha, áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirfidh na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 18(2) na pionóis riaracháin agus na bearta feabhais a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus maidir le daoine aonair eile atá freagrach as an sárú faoin dlí naisiúnta.

6.Áiritheoidh na Ballstáit, sula ndéanfar aon chinneadh lena bhforchuirfear pionóis riaracháin nó bearta feabhais mar atá leagtha amach i mír 2, go dtabharfaidh na húdaráis inniúla a ainmníodh de bhun Airteagal 18(2), an deis don duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann é féin a chur in iúl.

7.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon chinneadh lena bhforchuirfear smachtbhannaí riaracháin nó bearta feabhais, mar a leagtar amach i mír 2, réasúnaithe mar is ceart agus go mbeidh sé faoi réir cead achomhairc.

Airteagal 24
Smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais a fhoilsiú

1.Áiritheoidh na Ballstáit go náireofar leis na forálacha lena dtrasuiodh an Treoir seo rialacha lena gceanglófar go bhfoilseofar smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais gan moill mhíchuí ar láithreán gréasáin oifigiúil na núdarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2).

2.Ceanglófar leis na rialacha a ghlacfar de bhun mhír 1 go bhfoilseofar ar a laghad aon chinneadh nach féidir a achomharc agus a fhorchuirfear de dheasca sárú ar na forálacha lenar trasuíodh an Treoir seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go náireofar leis an bhfoilseachán sin faisnéis faoi chineál agus saghas an tsáraithe agus céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar a bhforchuireadh an pionós. Áiritheoidh siad freisin go ndéanfar an fhaisnéis sin a fhoilsiú gan moill míchuí tar éis na pionóis sin a bheith curtha in iúl don duine sin agus faoi réir mhír 4.

4.I gcás ina gceadóidh Ballstáit pionóis a fhoilsiú a bhfuil ábhar achomhairc ina naghaidh, foilseoidh na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 18(2) freisin, gan moill mhíchuí, ar a láithreán gréasáin oifigiúil, faisnéis maidir le stádas an achomhairc agus lena thoradh.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 18(2) na pionóis a fhoilsiú ar bhonn anaithnid agus ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina ngearrfar an pionós ar dhuine nádúrtha agus go gcinnfear go bhfuil sé díréireach sonraí pearsanta a fhoilsiú;

(b)i gcás ina gcuirfeadh foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt;

(c)i gcás ina mbeadh an foilsiú ina chúis, a mhéid is féidir a dhéanamh amach, le damáiste díréireach do na hinstitiúidí nó do na daoine nádúrtha atá i gceist.

6.I gcás cinneadh smachtbhanna nó beart a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, féadfaidh na Ballstáit foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar.

7.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar freisin aon rialú deiridh cúirte lenar cuireadh ar neamhní cinneadh maidir le smachtbhanna riaracháin nó beart feabhais a fhorchur.

8.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfanfaidh aon fhoilseachán dá dtagraítear i mír 2 go mír 6, ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 18(2) go ceann cúig bliana tar éis a fhoilsithe. Sonraí pearsanta a bheidh san fhoilsiú, ní choinneofar ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil iad ach ar feadh na tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

9.Cuirfidh na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 18(2) ÚBE ar an eolas faoi aon smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais arna bhforchur, lena náireofar, nuair is iomchuí, aon achomharc ina dtaobh agus an toradh a bhí orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis mar aon le sonraí faoin mbreithiúnas críochnaitheach i ndáil le haon smachtbhanna coiriúil a forchuireadh agus go gcuirfear an méid sin faoi bhráid ÚBE.

10.Coimeádfaidh ÚBE bunachar sonraí lárnach de smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais a cuireadh in iúl dóibh. Is iad na húdaráis inniúla amháin a mbeidh rochtain acu ar an mbunachar sonraí sin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 9.

Airteagal 25
Oibleagáidí maidir le comhoibriú

1.Áiritheoidh na Ballstáit go noibreoidh na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 18(2) go i ndlúthchomhar leis an údarás inniúil a fheidhmíonn maoirseacht ghinearálta ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais is infheidhme maidir leis na hinstitiúidí sin.

2.Ina theannta sin áiritheoidh na Ballstáit go noibreoidh na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 18(2) i ndlúthchomhar le chéile. Beidh soláthar faisnéise dá chéile atá ábhartha d’fheidhmiú chúraimí maoirseachta na núdarás eile faoi na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo san áireamh sa chomhoibriú sin.

3.Chun críocha an dara habairt de mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 18(2) na nithe seo a leanas:

(d)gach faisnéis ábhartha a chur in iúl ar iarratas ó údarás inniúil eile dá leithéid;

(e)aon fhaisnéis atá riachtanach d’údaráis inniúla eile i mBallstáit eile a chur in iúl dá dtionscnamh féin.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go noibreoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 i gcomhar le ÚBE chun críocha na Treorach seo.

5.Chun críocha an Airteagail seo, measfar go bhfuil faisnéis ríthábhachtach más féidir léi tionchar suntasach a imirt ar an measúnú ar eisiúint bannaí faoi chumhdach i mBallstát eile.

Airteagal 26
Ceanglais maidir le nochtadh

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 18(2) an fhaisnéis seo a leanas ar a suíomh gréasáin oifigiúil:

(a)téacsanna a ndlíthe náisiúnta, rialacháin, rialacha riaracháin agus na treorach ginearálta arna nglacadh maidir le bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(b)liosta institiúidí creidmheasa a bhfuil cead acu bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(c)liosta na mbannaí faoi chumhdach ar ceadmhach an lipéad Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach a úsáid leo.

2.Beidh an fhaisnéis a fhoilseofar i gcomhréir leis an gcéad mhír cuimsitheach agus cruinn go leor chun gur féidir comparáid a bhfuil ciall léi a dhéanamh ar na cineálacha cur chuige éagsúla arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát éagsúil. Nuashonrófar an fhaisnéis sin chun aon athrú a chur san áireamh.

3.Chun críocha phointe (b) agus phointe(c) de mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 18(2) ÚBE ar an eolas faoi liostaí na ninstitiúidí creidmheasa agus na mbannaí faoi chumhdach.

TEIDEAL IV
Lipéadú
 

Airteagal 27
Lipéadú

Ceadóidh na Ballstáit d’institiúidí creidmheasa lipéad na mBannaí Eorpacha faoi Chumhdach a úsáid i dtaca le bannaí faoi chumhdach a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos sna forálacha lenar trasuíodh an Treoir seo.

TEIDEAL V
LEASUITHE AR THREORACHA EILE

Airteagal 28
Leasú ar Threoir 2009/65/CE

Leasaítear Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE mar a leanas:

(1)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Féadfaidh Ballstáit an teorainn 5 % atá leagtha síos sa chéad fhomhír de mhír 1 a ardú go dtí uasmhéid 25 % i gcás ina mbeidh na bannaí eisithe roimh [OP: cuir isteach an dáta atá leagtha síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 1 lá] agus a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach sa mhír seo, sa leagan is infheidhme ar dháta a neisiúna, agus má bhíonn na bannaí ina mbannaí faoi chumhdach de réir an tsainmhínithe i gcomhréir le pointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 20XX/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

____________________________

*    [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle … maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE (IO C […], […], lch. […])].";

(2)    scriostar an tríú fomhír.

Airteagal 29
Leasú ar Threoir 2014/59/AE

In Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 96:

"(96)    ciallaíonn "banna faoi chumhdach" ionstraim dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, sa leagan is infheidhme ar dháta a eisiúna, agus eisithe roimh [OP: cuir isteach an dáta atá leagtha síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 1 lá] nó banna faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 20XX/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;

__________________________________

*    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

**    [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle … maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE (IO C […], […], lch. […])].".

TEIDEAL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30
Bearta idirthréimhseacha

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an XX [OP: cuir isteach an dáta atá leagtha síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 1 lá”] agus a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE sa leagan is infheidhme ar dháta a neisiúna, nach mbeidh siad faoi réir na gceanglas atá leagtha amach in Airteagail 5 go 12 agus in Airteagail 15, 16, 17 agus 19 den Treoir seo, ach féadfar tagairt dóibh fós mar bhannaí faoi chumhdach i gcomhréir leis an Treoir seo go dtí go mbeidh siad aibí.

Airteagal 31
Athbhreithnithe agus tuarascálacha

1.Faoi XX [OP: cuir isteach an dáta atá luaite sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo +3 bliana], cuirfidh an Coimisiún, i dlúthchomhar le ÚBE, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maidir le cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar córas coibhéise a thabhairt isteach le haghaidh institiúidí creidmheasa tríú tír a eisíonn bannaí faoi chumhdach, agus le haghaidh infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach, agus forbairtí idirnáisiúnta i réimse na mbannaí faoi chumhdach, go háirithe forbairt creataí reachtacha i dtríú tíortha, á dtabhairt san áireamh acu.

2.Faoi XX [OP: cuir isteach an dáta atá luaite sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo +3 bliana], cuirfidh an Coimisiún, i dlúthchomhar le ÚBE tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ar chur chun feidhme na Treorach seo i leith leibhéal na cosanta infheisteoirí agus na bhforbairtí maidir le bannaí faoi chumhdach a eisiúint san Aontas Eorpach, lena náirítear:

(a)forbairtí i dtaca le líon na gceadanna chun bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(b)forbairtí i ndáil le líon na mbannaí faoi chumhdach a eisíodh i gcomhréir leis na forálacha lenar trasuíodh an Treoir seo agus i gcomhréir le hAirteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)forbairtí maidir leis na sócmhainní lena gcomhthaobhaítear eisiúint na mbannaí faoi chumhdach;

(d)forbairtí i leith leibhéal an róurrúsaithe chomhthaobhaigh;

(e)infheistíochtaí trasteorann i mbannaí faoi chumhdach, lena náirítear infheistíocht ó thríú tíortha agus chucu;

(f)forbairtí i dtaca le heisiúint bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte

3.Chun críocha mhír 2 faoin XX [OP: Cuir isteach an dáta atá leagtha síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 2 bhliain] aistreoidh na Ballstáit faisnéis maidir le pointí (a) go (f) chuig an gCoimisiún.

Airteagal 32

Trasuí

1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialúcháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [le cur isteach – teacht i bhfeidhm + 1 bhliain] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Feidhmeoidh siad na forálacha sin ón [le cur isteach – an dáta sa chéad fhomhír + 1 lá].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh cén tslí leis an tagairt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse atá cumhdaithe ag an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 34

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COM(2017)650.
(2)    An Coimisiún Eorpach (2017). “Staid an Aontais Eorpaigh 2017: Litir Intinne chuig an Uachtarán Antonio Tajani agus chuig an bPríomh-Aire Jüri Ratas
(3)    COM(2017)292.
(4)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(5)    Tuarascáil ar chreataí an Aontais Eorpaigh um bhannaí faoi chumhdach agus láimhseáil chaipitil, ÚBE (2014);    
Tuarascáil ar bhannaí faoi chumhdach - moltaí faoi na creataí um bhannaí faoi chumhdach san Aontas Eorpach a chomhchuibhiú, ÚBE (2016).
(6)    Moladh an 20 Nollaig 2012 faoi institiúidí creidmheasa a chistiú, an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS/2012/2) (2013/C 119/01).
(7)    Torthaí an chomhairliúcháin phoiblí: http://ec.europa.eu/finance/consultations/2015/covered-bonds/index_en.htm  
(8)    Réiteach an 4 Iúil 2017 ar an tuarascáil Towards a pan-European covered bonds framework (2017/2005(INI)).
(9)    Tuarascáil ar chreataí an Aontais Eorpaigh um bhannaí faoi chumhdach agus láimhseáil chaipitil, ÚBE (2014).
(10)    Moladh an 20 Nollaig 2012 faoi institiúidí creidmheasa a chistiú, an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS/2012/2) (2013/C 119/01).
(11)    Glao chuig ÚBE ar chomhairle i ndáil le ceanglais chaipitil na mbannaí faoi chumhdach, tagairt Ares(2013) 3780921 (20.12.2013).
(12)    Bannaí faoi chumhdach san Aontas Eorpach: creataí dlí agus iompraíochtaí margaidh a chomhchuibhiú, ICF (2017).
(13)    Basel III: bailchríoch a chur ar athchóirithe iar-ghéarchéime, Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (7.12.2017).
(14)    SWD(2018) 51 agus SWD(2018) 50.
(15)    Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(16)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).
(17)    OI C , , lch. .
(18)    OI C , , lch. .
(19)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(20)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(21)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).
(22)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena ndéantar forlíonadh ar Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1).
(23)    Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(24)    Moladh ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 20 Nollaig 2012 maidir le hinstitiúidí creidmheasa a chistiú (BERS/2012/2) (2013/T 119/01).
(25)    Tuarascáil ó ÚBE maidir le creataí bannaí faoi chumhdach agus láimhseáil chaipitil (2014).
(26)    Tuarascáil ó ÚBÉ maidir le bannaí faoi chumhdach - Moltaí i dtaca le comhchuibhiú creataí bannaí faoi chumhdach san Aontas Eorpach (2016) ÚBE-Op-2016-23.
(27)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hAirteagal 503 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 Ceanglas caipitil le haghaidh bannaí faoi chumhdach(COM/2015/0509 final).
(28)    Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad sa trádáil agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).
(29)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(30)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(31)    [IO C (...).]