An Bhruiséil,12.3.2018

COM(2018) 92 final

2018/0041(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2018) 54}
{SWD(2018) 55}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ghlac an Coimisiún pacáiste beart inniu chun Aontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú, in éineacht leis an Teachtaireacht "Aontas na Margaí Caipitil a chur i gCrích faoi 2019 - am le dlús a chur lena chur i bhfeidhm". Áirítear sa phacáiste an togra seo agus togra le haghaidh rialachán maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta a éascú, lena leasaítear freisin Treoir (Uimh.) 345/2013 1 agus Treoir 346/2013 2 , chomh maith le togra le haghaidh creat cumasúcháin de chuid an Aontais maidir le bannaí faoi chumhdach, togra le haghaidh creat cumasúcháin maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin Eorpacha do ghnólachtaí, togra maidir leis an dlí is infheidhme i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh teideal de agus Teachtaireacht maidir leis an dlí is infheidhme i dtaca le héifeachtaí dílsithe na nidirbheart urrús.

Leis an togra seo leasaítear forálacha áirithe de Threoir 2009/65/CE 3 agus Treoir 2011/61/AE 4 chun bacainní rialála ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta san Aontas a laghdú. Táthar ag súil leis go laghdóidh na bearta nua seo na costais a bhaineann le trasnú teorann do bhainisteoirí cistí agus go dtacódh siad le níos mó margaithe trasteorann i gcás cistí infheistíochta. Le hiomaíocht mhéadaithe san Aontas cuideofar le tuilleadh rogha agus luach níos fearr a chur ar fáil d’infheisteoirí.

Beartaíodh an togra seo i gClár Oibre 2018 5 an Choimisiúin agus ba cheart é a chur i gcomhthéacs ní ba leithne Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 6 agus an Athbhreithnithe Meántéarma ar Aontas na Margaí Caipitil 7 chun fíormhargadh caipitil inmheánach a bhunú trí aghaidh a thabhairt ar ilroinnt sna margaí caipitil, deireadh a chur le bacainní rialála ar mhaoiniú an gheilleagair agus soláthar caipitil do ghnólachtaí a mhéadú. Is dídhreasacht shuntasach i dtaca leis an dáileadh trasteorann cistí iad bacainní rialála, eadhon ceanglais mhargaíochta na mBallstát, táillí rialála agus ceanglais fhógra agus riaracháin. Sainaithníodh na bacainní sin mar fhreagairt ar an bPáipéar Uaine ar Aontas na Margaí Caipitil 8 , ar an nGlao ar Fhianaise maidir le creat rialála an Aontais do sheirbhísí airgeadais 9 agus ar an gcomhairliúchán poiblí ar bhacainní ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta 10 .

Is éard is cistí infheistíochta ann táirgí infheistíochta a cruthaíodh d’aon toisc chun caipiteal infheisteoirí a chomhthiomsú agus chun an caipiteal sin a chomhinfheistiú i bpunann ionstraimí airgeadais amhail stoic, bannaí agus urrúis eile. San Aontas, is féidir cistí infheistíochta a aicmiú mar chomhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus cistí infheistíochta malartacha (CIManna) arna mbainistiú ag bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha. Tá GCUInna cumhdaithe ag Treoir 2009/65/CE agus tá CIManna cumhdaithe ag Treoir 2011/61/AE. Tá Treoir 2011/61/AE á comhlánú le ceithre chreat ciste:

·Rialachán (Uimh.) 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha,

·Rialachán (Uimh.) 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha,

·Rialachán 2015/460 11 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha agus

·Rialachán 2017/1131 12 maidir le cistí margaidh airgid.

Is é comhchuspóir na rialacha seo go sonrach dáileadh trasteorann a dhéanamh níos éasca agus ardleibhéal cosanta infheisteoirí á áirithiú ag an am céanna.

Tá cead tugtha sna rialacha le haghaidh chistí infheistíochta an Aontais do bhainisteoirí cistí a gcistí a dháileadh agus, seachas i gcásanna áirithe, a bhainistiú ar fud an Aontais. Cé go bhfuil fás rábach tagtha ar chistí infheistíochta an Aontais, agus luach iomlán EUR 14 310 billiún de shócmhainní faoi bhainistíocht i Meitheamh 2017 13 , tá margadh cistí infheistíochta an Aontais fós á eagrú mar mhargadh náisiúnta den chuid is mó. Tá 70 % de na sócmhainní uilig faoi bhainistíocht á gcoinneáil i gcistí infheistíochta nach bhfuil cláraithe i gcomhair díolacháin ach ina margadh intíre amháin 14 . Níl ach 37 % de na GCUInna agus thart ar 3 % de na CIManna cláraithe i gcomhair díolacháin i níos mó ná trí Bhallstát. I gcomparáid leis na Stáit Aontaithe, tá margadh an Aontais níos lú ó thaobh sócmhainní faoi bhainistíocht de. Mar sin féin, tá i bhfad níos mó cistí san Aontas (58 125 san Aontas i gcomparáid le 15 415 sna Stáit Aontaithe) 15 . Fágann sé sin go bhfuil cistí an Aontais i bhfad níos lú ar an meán. Imríonn sé sin tionchar diúltach ar bharainneachtaí scála, ar na táillí a íocann infheisteoirí agus ar an mbealach ina noibríonn an margadh inmheánach i dtaca le cistí infheistíochta.

Aithnítear sa togra freisin go bhfuil tosca eile lasmuigh de raon feidhme an togra seo atá ina mbac ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta san Aontas. Áirítear leis na tosca sin córais chánacha náisiúnta is infheidhme maidir le cistí infheistíochta agus infheisteoirí, bealaí dáilte ingearacha agus sainroghanna cultúrtha i dtaca le táirgí infheistíochta intíre.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo á chur i láthair in éineacht le togra le haghaidh Rialachán maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013. Tá leasuithe ann ar fhorálacha áirithe is infheidhme maidir le dáileadh trasteorann cistí infheistíochta, a leagtar síos i dTreoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE. Sainaithníodh go raibh forálacha den chineál sin trom nó nach raibh siad soiléir go leor agus gur cheadaigh siad ceanglais bhreise (‘rórialáil’) a chruthú nuair a trasuíodh iad i gcórais náisiúnta dlí. Tá na leasuithe sin comhsheasmhach le cuspóirí na dTreoracha, a bhfuil sé mar aidhm acu margadh aonair le haghaidh cistí infheistíochta a bhunú agus dáileadh trasteorann cistí infheistíochta a éascú. Leis an togra freisin ailínítear na rialacha idir na creataí reachtacha éagsúla le haghaidh cistí infheistíochta. Dá bhrí sin, tá an chomhsheasmhacht cosanta le forálacha beartais atá ann cheana.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is í an phríomhthosaíocht atá ag an gCoimisiún geilleagar na hEorpa a neartú agus infheistíocht a spreagadh chun poist a chruthú. Gné lárnach den Phlean Infheistíochta don Eoraip 16 , a bhfuil sé d'aidhm leis geilleagar na hEorpa a neartú agus infheistíocht a spreagadh sna 28 mBallstát uile, is ea margadh aonair níos doimhne le haghaidh caipitil a chruthú – is é sin Aontas Margaí Caipitil. Feabhsóidh margaí caipitil níos doimhne agus comhtháite an rochtain atá ag cuideachtaí ar chaipiteal agus, san am céanna, cuideoidh siad le deiseanna infheistíochta nua a chothú do choigilteoirí.

Tá an togra seo ag teacht leis an gcuspóir sin agus le gníomhaíocht tosaíochta Athbhreithniú Meántéarma Aontas na Margaí Caipitil 17 , mar go bhfuil bearta ann chun bacainní ar an margadh caipitil a bhaint. Cuireann sé le forbairt margaí caipitil níos comhtháite trí é a dhéanamh níos fusa d’infheisteoirí, bainisteoirí cistí agus gnóthais infheistithe leas a bhaint as an margadh aonair.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tagann an gníomh reachtach seo faoi chuimsiú inniúlacht roinnte i gcomhréir le hAirteagal 4(2)a den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá sé d'aidhm leis bunú agus soláthar seirbhísí laistigh den mhargadh aonair a éascú, sa chaoi go ndéanfar tuilleadh forbartha ar na prionsabail ghinearálta maidir leis an gceart bunaíochta agus leis an tsaoirse seirbhísí a sholáthar atá cumhdaithe in Airteagal 49 agus Airteagal 56 CFAE, agus go gcuirfear iad chun feidhme.

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 53(1) CFAE, arb é an bunús é le Treoir 2009/65/CE (sean-Airteagal 47(2)CE) agus Treoir 2011/61/AE. Faoi láthair tá bacainní rialála ag cur cosc ar an margadh inmheánach le haghaidh cistí infheistíochta feidhmiú de réir a phoitéinsil iomláin. Áirítear leis na bacainní sin éagsúlacht i gcur chun feidhme náisiúnta fhorálacha an dá Threoir seo, rud a fhágann gur deacair do chistí infheistíochta leas iomlán a bhaint as na saoirsí a thugann an Conradh dóibh. Moltar leasuithe áirithe ar na rialacha atá ann cheana chun tuilleadh soiléire agus comhchuibhithe a bhaint amach nuair is gá. Is é is cuspóir do na leasuithe sin aghaidh a thabhairt ar thionchair dhíobhálacha na mbacainní sainaitheanta a choisceann rochtain ar an margadh ar bhainisteoirí ar mian leo a gcistí infheistíochta a thairiscint i mBallstát eile trí sheirbhísí trasteorann a sholáthar nó trí bhrainse a bhunú sa Bhallstát eile sin. Moltar sa togra na rialacha is infheidhme maidir le GCUInna agus BCIManna a ailíniú agus moltar freisin bearta nua chun deireadh a chur le bacainní ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Comhlíonann an togra seo prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ní fhéadfar gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a dhéanamh ach i gcás nach féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach leo féin. Níl an fhadhb shainaitheanta, is é sin bacainní rialála ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta, teoranta do chríoch Ballstáit amháin. Dá réir sin, is é is cuspóir leis an togra a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach do sheirbhísí cistí infheistíochta go rianúil, mar shampla trí chomhchuimhiú breise a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann le saoráidí áitiúla a chur ar fáil d’infheisteoirí sna Ballstáit óstacha. Ina theannta sin, féadfar aonfhoirmeacht agus deimhneacht dhlíthiúil chur chun feidhme na saoirsí a eascraíonn ón gConradh a áirithiú níos fearr trí ghníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra seo prionsabal na comhréireachta arna leagan amach in Airteagal 5den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Tá na bearta a mholtar riachtanach le go mbainfear amach an cuspóir chun bacainní rialála ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta san Aontas a laghdú. Ní féidir leis na Ballstáit leo féin dul i ngleic le bacainní rialála atá fós ann, agus is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun creat comhchuibhithe a leagan síos.

Sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo, tá réamh-mheastacháin, atá bunaithe ar thoimhdí fíorasacha réadúla, ar an gcoigilteas costais. Leis an togra, laghdófar an tualach comhlíontachta agus na costais chomhlíontachta ar chistí infheistíochta trí cheanglais throma, agus an chastacht nach bhfuil gá léi agus an éiginnteacht dhlíthiúil a bhaineann leis na rialacha lena rialaítear an dáileadh trasteorann cistí, a bhaint. Dá bhrí sin, ní théann an togra thar an méid is gá chun dul i ngleic leis na saincheisteanna ar leibhéal an Aontais.

An rogha ionstraime

Leis an togra seo, leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE. Mar sin, is iomchuí Treoir a roghnú mar ionstraim lena leasófar na rialacha atá leagtha síos cheana sna Treoracha chun a áirithiú go ndíchuirfear na bacainní sainaitheanta.

Tá cuspóir na nósanna imeachta nua maidir le réamh-mhargú agus fógraí a chur ar ceal, atá á dtabhairt isteach leis an togra seo, i gcomhréir le cuspóir Threoir 2009/65/CE agus Threoir 2011/61/AE, a bhfuil sé d'aidhm aige go mbeidh sé níos éasca do bhainisteoirí cistí comhinfheistíochta rochtain a fháil ar an margadh. Leis na nósanna imeachta sin, comhchuibhítear cleachtais éagsúla a tugadh isteach i roinnt Ballstát sna réimsí nár comhchuibhíodh. Agus é á chur san áireamh gur gá do na Ballstáit a rialacha náisiúnta, lena rialaítear an rochtain atá ag bainisteoirí cistí infheistíochta ar a margaí, a fhorlíonadh nó a leasú, is Treoir, lena dtabharfar isteach na nósanna imeachta sin sa chreat dlíthiúil atá ag an Aontas cheana, í an rogha is iomchuí.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Agus an togra seo á ullmhú, rinne an Coimisiún mionmheastóireacht ar fhorálacha ábhartha Threoir 2009/65/CE agus Threoir 2011/61/AE agus ar cheanglais bhreise arna bhforchur ag Ballstáit.

Léirigh an mheastóireacht sin go bhfuil rath áirithe ar an margadh aonair ach, ina ainneoin sin, go dteipeann air a phoitéinseal iomlán a bhaint amach i dtaca le dáileadh trasteorann cistí infheistíochta, ar an ábhar go bhfuil cuid mhór bacainní ar na cistí fós. Ina theannta sin, ní leor an trédhearcacht a sholáthraíonn an creat dlíthiúil atá ann cheana maidir le ceanglais dhlíthiúla agus cleachtais riaracháin atá lasmuigh den chomhchuibhiú a tugadh isteach le Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE. Léirigh meastóireacht an Choimisiúin go bhfuil éagsúlacht mhór i gcuir chuige na mBallstát maidir le ceanglais agus fíoruithe na gcumarsáidí margaíochta. Tá éagsúlacht mhór freisin sna táillí agus muirir a ghearrann údaráis inniúla náisiúnta ar chúraimí maoirseachta i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE. Is bacainní iad seo go léir ar dháileadh trasteorann níos leithne de chistí infheistíochta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tugadh le fios le freagairtí do dhá chomhairliúchán gur chuir bacainní rialála ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta cosc ar thairbhí iomlána an mhargaidh aonair a bhaint amach. Seoladh an chéad chomhairliúchán, an Páipéar Uaine ar Aontas na Margaí Caipitil, an 18 Feabhra 2015. Seoladh an dara comhairliúchán, an Glao ar Fhianaise maidir le creat rialála an Aontais Eorpaigh do sheirbhísí airgeadais, ar an 30 Meán Fómhair 2015.

Iarradh faisnéis bhreise maidir le cleachtais náisiúnta ar údaráis inniúla agus ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA). Ar iarratas ón gCoimisiún, rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí suirbhé ar údaráis inniúla i 2016, inar iarradh sonraí faoi chleachtais náisiúnta reatha i réimsí amhail táillí rialála agus ceanglais mhargaíochta.

Bunaithe ar an ionchur a fuarthas ó Pháipéar Uaine Aontas na Margaí Caipitil agus ón nGlao ar Fhianaise agus ó shuirbhé ESMA, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí an 2 Meitheamh 2016 maidir le dáileadh trasteorann cistí infheistíochta 18 . I bhfianaise an aischothaithe faighte cheana, lorgaíodh sa chomhairliúchán samplaí praiticiúla de na fadhbanna atá ann agus fianaise ar a dtionchar. D’fhonn go bhfaighfí líon ard freagairtí, d’eagraigh an Coimisiún seónna bóthair le comhlachais bhainistíochta sócmhainní agus lena mbaill i bpríomhionaid na bainistíochta sócmhainní san Aontas, i.e. Lucsamburg, an Fhrainc, Éire, an Ríocht Aontaithe, an Ghearmáin agus an Bheilg. Reáchtáladh roinnt cruinnithe agus glaonna comhdhála le comhlachais infheisteoirí náisiúnta agus Eorpacha, agus cuireadh an comhairliúchán i láthair Ghrúpa Úsáideoirí na Seirbhísí Airgeadais an 15 Meán Fómhair 2016. Fuarthas 64 freagra san iomlán. 52 ó chomhlachais nó cuideachtaí, 8 ó údaráis phoiblí nó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus 4 ó dhaoine aonair. Thug mórchuid na bhfreagairtí le fios gur dhídhreasacht shuntasach i dtaca le dáileadh trasteorann iad bacainní rialála.

Ar iarratas ón gCoimisiún agus bunaithe ar an bhfianaise a fuarthas, rinne ÚEUM suirbhé leantach i 2017 chun breis eolais a fháil ar chleachtais mhargaíochta shonracha agus ceanglais fhógra sna Ballstáit.

D’eagraigh an Coimisiún cruinnithe freisin le tionscal na gcistí infheistíochta agus comhlachais infheisteoirí Eorpacha chun tuilleadh eolais a fháil. Seoladh ceistneoir an 30 Bealtaine 2017 chuig ocht gcomhlacht trádála faoi na réimsí éagsúla atá cumhdaithe ag dáileadh trasteorann cistí infheistíochta. Bhí béim ar leith ar chainníochtú na gcostas arna gcruthú ag na bacainní rialála ar dháileadh trasteorann agus cinneadh na dtairbhí féideartha do bhainisteoirí sócmhainní agus d’infheisteoirí a bhainfeadh leis na bacainní sin a bhaint. Tugadh le tuiscint in aiseolas go neascraíonn costais shubstainteacha as na bacainní rialála: Is ionann iad agus 1 go 4 % de speansais iomlána chuideachta infheistíochta. Ina theannta sin, rinneadh suirbhé spriocdhírithe i mí Dheireadh Fómhair 2017 ar 60 ciste infheistíochta beag, meánmhéide agus mór bunaithe ar nós imeachta samplála srathaithe randamaithe. Dearbhaíodh leis an suirbhé ábharthacht na mbacainní rialála agus an gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle freisin le páirtithe leasmhara i Meitheamh agus Iúil 2017 trí mheasúnú ar thionchar tionscanta 19 . Thacaigh na cúig fhreagairt a fuarthas ó bhainisteoirí sócmhainní, óna gcomhlachais agus ó chomhlachais a gcomhairleoirí airgeadais le tionscnamh an Choimisiúin d’fhonn na bacainní ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta a laghdú.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhí an Coimisiún ag brath ar fhaisnéis agus sonraí ó Morningstar 20 , an Comhlachas Eorpach maidir le Bainistíocht Ciste agus Sócmhainní (EFAMA) agus tuarascálacha margaidh agus staidéir ó chuideachtaí príobháideacha. Sa bhreis air sin, rinneadh léirmheas ar litríocht acadúil, go háirithe litríocht maidir leis an tionchar atá ag dáileadh trasteorann ar an iomaíocht agus an tiompar a mheastar a bheidh ag tomhaltóirí.

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair leis an tionscnamh seo a ullmhú.

An 1 Nollaig 2017, thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach uaidh agus rinne sé moltaí d’fhonn tuilleadh feabhais a chur ar an dréacht-tuarascáil ar an measúnú tionchair. Modhnaíodh an dréacht-tuarascáil ina dhiaidh sin le barúlacha an Bhoird a chur san áireamh 21 . Bhain na príomhathruithe a mhol an Bord leis an méid seo a leanas:

·tosca a théann i bhfeidhm ar dháileadh trasteorann nach bhfuil cumhdaithe leis an tionscnamh,

·tuairisc i mbonnlíne thionscnamh a rinneadh le déanaí lena nimrítear tionchar (neamhdhíreach) ar dháileadh trasteorann cistí,

·struchtúr agus cur i láthair na roghanna, measúnú orthu agus comparáid eatarthu agus

·cur i láthair, doiciméadú agus cáiliú na modhanna cainníochtúla agus a dtorthaí.

Táthar ag foilsiú, i dteannta an togra seo, an leagain athbhreithnithe den tuarascáil ar an measúnú tionchair agus an achoimre feidhmiúcháin ar an tuarascáil ar an measúnú tionchair 22 .

Meastar raon roghanna beartais sa tuarascáil ar an measúnú tionchair. Bunaithe ar an measúnú a rinneadh orthu, seo a leanas na roghanna beartais:

(a)Ba cheart go mbeadh ceanglais náisiúnta mhargaíochta níos trédhearcaí ann ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart an sainmhíniú ar réamh-mhargaíocht atá i dTreoir 2011/61/AE a chomhchuibhiú, agus ba cheart an próiseas a bhaineann le hábhair mhargaíochta a sheiceáil a leagan amach ar bhealach níos soiléire.

(b)Ba cheart táillí rialála a bheith níos trédhearcaí ar leibhéal an Aontais, agus ba cheart prionsabail ardleibhéil a thabhairt isteach d’fhonn tuilleadh comhsheasmhachta a áirithiú sa dóigh ina ndéantar táillí rialála a shocrú.

(c)Ba cheart rogha na saoráidí tacú le hinfheisteoirí áitiúla a fhágáil faoi bhainisteoirí cistí infheistíochta, agus coimircí a bheith ann d’infheisteoirí.

(d)Ba cheart tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh ar na nósanna imeachta agus na ceanglais a bhaineann le fógraí a nuashonrú agus fógraí a chur ar ceal i dtaca le húsáid an phas margaíochta.

Laghdaítear bacainní rialála go mór leis na roghanna beartais i dteannta a chéile. Méadaítear leo an acmhainneacht le margaíocht trasteorann a dhéanamh ar thuilleadh cistí, iomaíocht a fheabhsú, ilroinnt margaidh a ísliú agus tuilleadh rogha a thabhairt d’infheisteoirí san Aontas. Tá tairbhí neamhdhíreacha ag baint leis na roghanna beartais freisin mar gheall ar a dtionchar ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol. Ba cheart go neascróidh níos mó deiseanna as tuilleadh dáilte trasteorann chun infheistíocht a dhéanamh i gcistí infheistíochta a bhfuil spriocanna sóisialta nó comhshaoil á saothrú leo. D’fhéadfadh sé sin dlús a chur le fás sna réimsí sin dá réir.

Maidir le gach ciste infheistíochta atá á mhargú faoi láthair ar bhonn trasteorann san Aontas, táthar ag súil leis na roghanna beartais go léir in éineacht a chéile EUR 306 go 440 milliún de chostais (costais athfhillteacha) a choigilt in aghaidh na bliana. Táthar ag súil leis go mbeidh na coigiltis ar chostais aonuaire níos mó fós. EUR 378 go 467 milliún. Ba cheart go bhfeidhmeodh na laghduithe sin ar chostais mar dhreasachtaí le tuilleadh gníomhaíochtaí trasteorann a fhorbairt agus tacú le margadh aonair níos comhtháite do chistí infheistíochta.

Cumhdaítear leis an Treoir seo roghanna beartais (c) agus (d). Leis an Rialachán atá beartaithe, cumhdaítear roghanna beartais (a) agus (b) faoi seach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ba cheart go neascródh as an togra seo laghduithe suntasacha ar chostais do bhainisteoirí cuideachtaí infheistíochta a dháileann a gcistí trasna na teorann san Aontas, nó a bhfuil sé i gceist acu é sin a dhéanamh. Beidh éifeacht dhearfach ag na laghduithe sin ar chostais ach go háirithe ar bhainisteoirí cistí a bhíonn ag bainistiú líon beag cistí infheistíochta nó cistí infheistíochta a bhfuil sócmhainní níos lú faoi bhainistíocht acu, ós rud é go bhfuil bonn níos lú acu ar a bhféadfaidh siad na costais a leathadh.

Cé nach bhfuil an togra seo dírithe go sonrach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), bainfidh FBManna tairbhe go hindíreach as an togra seo. Mar a tharlaíonn sé, cuirfidh dáileadh trasteorann méadaithe de chistí infheistíochta dlús le fás chistí infheistíochta an Aontais agus a gcuid infheistíochtaí in FBManna, go háirithe ó chistí caipitil fiontair.

Cearta bunúsacha

Leis an togra, cuirtear na cearta atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha (an ‘Chairt’) chun cinn. Is é príomhchuspóir an tionscnaimh seo an ceart chun seirbhísí a sholáthar in aon Bhallstát, mar a leagtar síos in Airteagal 15(2) den Chairt, a éascú, lena náiritheofar nach ndéanfar aon idirdhealú, fiú idirdhealú indíreach, ar fhorais na náisiúntachta (cur chun feidhme breise ar Airteagal 21(2) den Chairt). Ar deireadh, déanfar an toirmeasc ar chearta a mhí-úsáid, mar atá an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, a chur san áireamh go cuí, mar a fhorordaítear in Airteagal 54 den Chairt.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh tionchar ag an togra seo ar bhuiséad an Choimisiúin.

5.EILIMINTÍ EILE

·Meastóireacht

Déanfar meastóireacht ar an Treoir seo agus ar an Rialachán maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, 36 mhí tar éis dháta trasuite na Treorach seo. Beidh an Coimisiún ag brath ar chomhairliúchán poiblí agus ar phlé le ESMA agus leis na húdaráis inniúla.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Cumhdaítear na hathruithe seo a leanas sa togra:

(1)Leasuithe ar Threoir 2009/65/CE (Airteagal 1)

Moltar Airteagal 77 de Threoir 2009/65/CE a scriosadh. Tá na ceanglais fheabhsaithe i dtaca le teachtaireachtaí margaithe leagtha síos sa togra le haghaidh Rialacháin maidir le héascú dháileadh trasteorann cistí. Cuirfear na prionsabail seo, a bunaíodh le haghaidh teachtaireachtaí margaithe, i bhfeidhm ar gach bainisteoir sócmhainní a mhargaíonn a gcistí, cibé cineál atá i gceist. Leis an athrú sin áiritheofar go mbeidh cothrom iomaíochta agus an leibhéal céanna cosanta infheisteoirí ann ar fud na mBallstát.

Moltar Airteagal 91(3) de Threoir 2009/65/CE a scriosadh. Leis an bhforáil sin ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeifear in ann teacht ar a ndlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta, lena rialaítear margú trasteorann GCUInna laistigh dá gcríocha, go héasca i gcéin, go leictreonach agus i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. I dtogra comhthreomhar le haghaidh Rialachán maidir le héascú dháileadh trasteorann cistí, foráiltear do rialacha sonracha faoi thrédhearcacht dlíthe agus ceanglais náisiúnta is infheidhme maidir le teachtaireachtaí margaithe i dtaca leis na cistí comhinfheistíochta ar fad. Áiritheoidh na rialacha sin go mbaileoidh agus go bhfoilseoidh ESMA faisnéis shoiléir chuimsitheach nuashonraithe.

Moltar Airteagal 92 de Threoir 2009/65/CE a leasú. Leis an bhforáil sin ní fhorchuirtear oibleagáid ar GCUInna saoráidí áitiúla a bheith acu i ngach Ballstát ina margaítear GCUInna. Mar sin féin, ó thaobh na praiticiúlachta de, bíonn gá ag neart Ballstát le saoráidí ina gcríoch féin chun sealbhóirí aonaid a íoc, aonaid a athcheannach nó a fhuascailt agus an teolas nach mór a sholáthar as cistí a chur ar fáil. Bíonn gá ag roinnt Ballstát leis na saoráidí áitiúla sin freisin chun cúraimí breise a dhéanamh, amhail déileáil le gearáin nó feidhmiú mar dháileoir áitiúil nó feidhmiú mar ionadaí dlíthiúil (lena náirítear plé leis an údarás inniúil náisiúnta).

Tá costas mór ag baint le ceanglais na saoráidí áitiúla ach is beag breisluach atá acu de bharr úsáid na teicneolaíochta digití. Dá bhrí sin, leis an togra seo toirmisctear forchur na láithreachta fisiciúla. Cé go bhfuil sé leagtha síos sa togra seo go mbunófar saoráidí i ngach Ballstát ina ndéantar gníomhaíochtaí margaithe agus ina bhfreastalaítear ar ghníomhaíochtaí amhail suibscríbhinní a dhéanamh, íocaíochtaí a dhéanamh nó aonaid a athcheannach agus a fhuascailt, tá cead tugtha ann do bhainisteoirí cistí modhanna cianchumarsáide leictreonacha nó eile a úsáid le hinfheisteoirí. Ba cheart an fhaisnéis agus na modhanna cumarsáide a bheith ar fáil d’infheisteoirí i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an tinfheisteoir lonnaithe.

Tá sé d'aidhm ag na leasuithe ar Airteagal 17 agus Airteagal 93 de Threoir 2009/65/CE nósanna imeachta náisiúnta le haghaidh athruithe ar an nós imeachta maidir le fógra a thabhairt le haghaidh GCUInna a ailíniú ó chineálacha ciste go cheile agus ó Bhallstát go chéile. Tá gá, ach go háirithe, le hachar ama beacht ina gcuirfear cinntí na núdarás inniúil in iúl ionas go náiritheofar go mbeidh na rialacha aonfhoirmeach agus go ndéanfar níos éifeachtúla na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta. Tá gá le hachar ama beacht freisin lena áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta lena rialaítear athruithe ar an bhfaisnéis a chuireann BCIManna ar fáil sa phróiseas fógartha ailínithe le Treoir 2011/61/AE.

Cuirtear Airteagal 93a nua le Treoir 2009/65/CE chun na coinníollacha le haghaidh GCUInna, a chinneann a ngníomhaíochtaí margaithe i mBallstát a stopadh, a chur leis na nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt. Ní cheadaítear do bhainisteoirí sócmhainní fógraí maidir leis an margú ar a GCUI a chur ar ceal ach amháin má tá infheistíocht déanta sa GCUI sin, i mBallstát sainaitheanta, ag uasmhéid de 10 ninfheisteoir ag a bhfuil suas go 1 % de shócmhainní faoi bhainistíocht an GCUI sin. Deimhneoidh na húdaráis inniúla i mBallstát baile an GCUI sin comhlíonadh an cheanglais sin, lena náirítear an ceanglas trédhearcachta agus foilsiúcháin ar infheisteoirí agus an tairiscint athcheannaigh. Tar éis fógraí maidir le gníomhaíochtaí margaithe i mBallstát a chur ar ceal, beidh oibleagáid fós ar infheisteoirí atá fós ann eolas a chur ar fáil.

(2)Leasuithe ar an Treoir maidir le Bainisteoirí ar Chistí Malartacha Infheistíochta (Airteagal 2)

Moltar sainmhíniú ar réamh-mhargú a chur le hAirteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE agus Airteagal 30a, lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir BCIM de chuid an Aontais dul i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaithe, a chur isteach. Tá sé tábhachtach coimircí leordhóthanacha a sholáthar ionas go gcoiscfear aon dul timpeall féideartha ar cheanglais Threoir 2011/61/AE a bhfuil feidhm acu maidir le CIM a mhargú sa Bhallstát baile nó ar an taobh thall den teorann i mBallstát eile. Dá bhrí sin, ceadaítear do BCIM smaoineamh infheistíochta nó straitéis infheistíochta a thástáil le hinfheisteoirí gairmiúla ach ní cheadaítear dóibh CIM bunaithe a chur chun cinn gan fógra a thabhairt, faoi mar a fhorordaítear sa Treoir. Thairis sin, nuair a fhilleann infheisteoirí gairmiúla ar na BCIManna tar éis a gcuid gníomhaíochtaí réamh-mhargaithe, meastar gur de thoradh margaíochta aon suibscríobh le haonaid nó le scaireanna de chuid CIM bunaithe ar deireadh nó de chuid CIM comhchosúil arna bhainistiú ag an BCIM sin.

Cuirtear Airteagal 32a le Treoir 2011/61/AE chun an nós imeachta agus na coinníollacha le haghaidh BCIManna, ar mian leo a ngníomhaíochtaí margaithe i mBallstát ar leith a scor, a chur leis na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt. Ní féidir BCIM a údarú fógraí maidir leis an margú ar CIM de chuid an Aontais atá á bhainistiú aige a chur ar ceal ach amháin má tá uasmhéid de 10 ninfheisteoir ann ag a bhfuil suas go 1 % de shócmhainní faoi bhainistíocht an CIM sin i mBallstát sainaitheanta. Ní mór don BCIM cur in iúl do na húdaráis inniúla ina Bhallstát baile conas a chomhlíonfaidh sé na coinníollacha maidir le fógraí a chur ar ceal agus maidir le fógra poiblí a thabhairt nuair a chuirtear fógraí ar ceal. Chomh maith leis sin, ní mór don BCIM na húdaráis a chur ar an eolas faoi na tairiscintí a fuair na hinfheisteoirí chun aonaid agus scaireanna de chuid an CIM nach bhfuil le margú níos mó ina Bhallstát a athcheannach. Maidir leis na ceanglais trédhearcachta nach mór d’infheisteoirí a chomhlíonadh de bhun Threoir 2011/61/AE, beidh feidhm acu fós maidir le hinfheisteoirí a choinníonn a ninfheistíocht tar éis fógraí na ngníomhaíochtaí margaithe sa Bhallstát ar leith sin a chur ar ceal.

Cuirtear Airteagal 43a isteach i dTreoir 2011/61/AE lena áirithiú go mbeidh láimhseáil chomhsheasmhach ann i leith infheisteoirí miondíola, cibé cineál ciste a gcinneann siad infheistiú ann. I gcás ina gceadóidh Ballstáit do BCIManna aonaid nó scaireanna de cuid CIManna ina gcríoch a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, ba cheart do na BCIManna sin saoráidí a chur ar fáil d’infheisteoirí miondíola chun freastal ar ghníomhaíochtaí amhail suibscríbhinní a dhéanamh, íocaíochtaí a dhéanamh nó aonaid a athcheannach agus a fhuascailt. Chun na críche sin, beidh BCIManna in ann modhanna cianchumarsáide leictreonacha nó eile a úsáid.

2018/0041 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 23 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 24 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(3)Comhchuspóir de chuid Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 agus de chuid Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 is ea cothromas iomaíochta do ghnóthais chomhinfheistíochta a áirithiú agus deireadh a chur le srianta le saorghluaiseacht aonad agus scaireanna cistí comhinfheistíochta san Aontas, agus ag an am céanna a áirithiú go mbeidh cosaint níos aonfhoirmí ann d’infheisteoirí. Cé gur baineadh na cuspóirí sin amach den chuid is mó, cuireann bacainní áirithe isteach ar chumas bainisteoirí cistí leas iomlán a bhaint as an margadh inmheánach fós.

(4)Comhlánaítear na rialacha a mholtar sa Treoir seo le Rialachán tiomnaithe [maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013]. Leagann sé síos rialacha agus forálacha breise maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna). Ba cheart na coinníollacha le haghaidh bainisteoirí cistí a fheidhmíonn sa mhargadh inmheánach a chomhordú a thuilleadh agus dáileadh trasteorann na gcistí atá á mbainistiú acu a éascú leis Rialachán sin agus an Treoir seo le chéile.

(5)Is gá an bhearna rialála a líonadh agus an nós imeachta lena rialaítear fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi na hathruithe atá á mbeartú ag BCIManna i dtaca lena gcistí bainistithe a ailíniú leo sin a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE.

(6)Le Rialachán [maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013] bunaítear rialacha nua lena gceanglaítear ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun a shonrú cén fhaisnéis atá de dhíth, agus cé na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta atá le húsáid le haghaidh tharchur na faisnéise sin maidir le cistí a bhainistiú agus margú cistí a ghlacadh nó a scor faoi Threoir 2009/65CE agus Treoir 2011/61/AE. Dá bhrí sin, níl aon ghá a thuilleadh le forálacha an dá Threoir sin lena dtugtar cumhachtaí lánroghnacha do ESMA chun caighdeáin theicniúla rialála agus dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh fógraí a fhorbairt, agus dá bhrí sin ba cheart iad a scriosadh.

(7)Leis an Rialachán [maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013] neartaítear na prionsabail is infheidhme maidir le teachtaireachtaí margaithe a rialaítear le Treoir 2009/65/CE agus cuirtear na prionsabail sin i bhfeidhm ar na BCIManna, rud a mbeidh ardleibhéal cosanta infheisteoirí mar thoradh air, beag beann ar an gcineál infheisteora. Dá thoradh sin, níl aon ghá a thuilleadh leis na forálacha comhfhreagracha i dTreoir 2009/65/CE maidir le teachtaireachtaí margaithe agus inrochtaineacht dlíthe náisiúnta agus rialú a bhaineann leis an socrú i dtaca le haonaid de chuid GCUInna a mhargú, agus dá bhrí sin ba cheart iad a scriosadh.

(8)Tá sé léirithe go mbaineann ualach trom leis na forálacha i dTreoir 2009/65/CE, lena gceanglaítear ar GCUInna saoráidí a chur ar fáil d’infheisteoirí, faoi mar atá siad curtha chun feidhme ag córais náisiúnta dlí áirithe. Ina theannta sin, is annamh a úsáideann infheisteoirí na saoráidí áitiúla mar a ceapadh sa Treoir. Is é an tidirghníomhú díreach leis an mbainisteoir ciste, go leictreonach nó ar an nguthán, an modh cumarsáide is fearr le hinfheisteoirí anois, nach ionann agus mar a bhí, agus cuirtear íocaíochtaí agus fuascailtí i gcrích ar bhealaí eile. Cé go núsáidtear na saoráidí sin chun críocha riaracháin, amhail aisghabháil trasteorann táillí rialála, ba cheart aghaidh a thabhairt ar cheisteanna den chineál sin ar mhodhanna eile, comhar idir na húdaráis inniúla san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a bhunú lena nuachóireofar agus lena sonrófar na ceanglais a bhaineann le saoráidí a chur ar fáil d’infheisteoirí agus níor cheart ceangal a bheith ar Bhallstáit láithreacht fhisiciúil a bheith acu. Ag an am céanna ba cheart a áirithiú leis na rialacha go mbeidh teacht ag infheisteoirí ar an bhfaisnéise a bhfuil siad ina teideal.

(9)D’fhonn a áirithiú go gcaithfear go comhleanúnach le hinfheisteoirí miondíola, is gá na ceanglais a bhaineann le saoráidí a chur i bhfeidhm freisin ar BCIManna i gcásanna ina gcéadóidh Ballstáit dóibh aonaid nó scaireanna de chuid CIManna a mhargú le hinfheisteoirí miondíola ina gcríoch féin.

(10)Ar an ábhar nach bhfuil coinníollacha soiléire aonfhoirmeacha ann le haghaidh margú aonaid nó scaireanna de chuid GCUI nó CIM de chuid an Aontais i mBallstát óstach a scor, tá éiginnteacht eacnamaíoch agus dhlíthiúil ann do bhainisteoirí cistí. Dá bhrí sin, leis an togra seo leagtar coinníollacha soiléire síos, lena náirítear tairseacha faoina bhféadfadh díchlárú tarlú. Léiríonn na tairseacha cén uair a fhéadfaidh bainisteoir ciste a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí an chiste neamhshuntasach i mBallstát óstach áirithe. Bunaítear na coinníollacha sa chaoi go mbainfidh siad cothromaíocht amach idir, ar thaobh amháin, an leas a bhaineann bainisteoirí cistí as bheith in ann cistí margaithe a dhíchlárú nuair a chomhlíonfar na coinníollacha atá leagtha síos, agus ar an taobh eile, leas infheisteoirí as an mBallstát óstach lena mbaineann sa chiste.

(11)Maidir leis an deis deireadh a chur le margú GCUInna nó CIManna de chuid an Aontais i mBallstát áirithe, níor cheart costas a bheith ar infheisteoirí dá barr, ná níor cheart coimircí faoi Threoir 2009/65/CE nó Treoir 2011/61/AE a bheith níos lú dá barr, go háirithe i dtaca lena gceart rochtana ar fhaisnéis chruinn faoi ghníomhaíochtaí na gcistí sin atá ar siúl i gcónaí.

(12)Tá cásanna ann inar mian le BCIM suim infheisteoirí i smaoineamh nó i straitéis infheistíochta ar leith a thástáil ach nach mór dó dul i ngleic le cineálacha éagsúla láimhseála gníomhaíochtaí réamh-mhargaithe i gcórais náisiúnta dlí éagsúla. I roinnt Ballstát ina bhfuil réamh-mhargú ceadaithe, tá éagsúlacht mhór idir an sainmhíniú atá air sin agus na coinníollacha a bhaineann leis sna Ballstáit éagsúla. Mar sin féin, i mBallstáit eile níl coincheap an réamh-mhargaithe ann in aon chor. Chun dul i ngleic leis an éagsúlacht sin, ba cheart sainmhíniú comhchuibhithe ar réamh-mhargú a chur ar fáil agus ba cheart coinníollacha faoinar féidir le BCIM de chuid an Aontais páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí sin a leagan síos.

(13)Ní aithneofar gníomhaíocht mar réamh-mhargú faoin Treoir seo ach má bhíonn baint aige le smaoineamh nó straitéis infheistíochta gan CIM iarbhír a bheith bunaithe lena aghaidh cheana. Dá réir sin, le linn thréimhse an réamh-mhargaithe, ní féidir le hinfheisteoirí suibscríobh leis na haonaid nó na scaireanna de chuid CIM mar nach bhfuil an ciste sin ann fós, agus níor cheart cead a thabhairt doiciméid tairisceana, i dréachtfhoirm féin, a dháileadh ar infheisteoirí féideartha le linn na céime sin. Mar sin féin, nuair a leantar na gníomhaíochtaí réamh-mhargaithe a thairgeann an BCIM maidir le haonaid nó scaireanna suibscríofa de chuid CIM a bhfuil gnéithe de cosúil leis an smaoineamh infheistíochta réamh-mhargaithe, ba cheart an nós imeachta margaithe um fhógra iomchuí a leanúint agus níor cheart an BCIM a bheith in ann sirtheoireacht droim ar ais a ghairm.

(14)D’fhonn cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá sioncrónú a dhéanamh ar dhátaí teacht i bhfeidhm dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin lena gcuirtear an Treoir seo agus an Rialachán [maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013] maidir le teachtaireachtaí margaithe agus réamh-mhargú chun feidhme. Chomh maith leis sin, is gá comhordú a dhéanamh ar na cumhachtaí a tugadh don Choimisiún ionas go nglacfar dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme, mar a d’fhorbair ESMA, faoin Rialachán [maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013] maidir le fógraí, litreacha fógraí nó fógraí scríofa i dtaobh gníomhaíochtaí trasteorann atá le scriosadh leis an Treoir seo as Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE faoi seach.

(15)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 27 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a mbeidh údar cuí leis, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite ina míneofar an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar leis na doiciméid sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2009/65/CE

Leasaítear Treoir 2009/65/CE mar seo a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 17 mar seo a leanas:

(a)cuirtear isteach an mhír 8a seo a leanas:

‘I gcás, de bhun athrú dá dtagraítear i mír 8, nach mbeidh an GCUI ag comhlíonadh na Treorach seo a thuilleadh, cuirfidh na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear i mír 8in iúl don chuideachta bhainistíochta faoi cheann 10 lá oibre nach bhfuil an tathrú sin le cur i chun feidhme aici.

I gcás ina gcuirfear athrú dá dtagraítear i mír 8chun feidhme tar éis fógra a thabhairt i gcomhréir leis an gcéad mhír agus nach mbeidh an GCUI ag comhlíonadh na Treorach seo a thuilleadh de bhun an athraithe sin, glacfaidh na húdaráis inniúla i mBallstát baile an GCUI gach beart cuí i gcomhréir le hAirteagal 98.

I gcás nach mbeidh tionchar ag athrú dá dtagraítear i mír 8ar an méid a chomhlíonann cuideachta bainistíochta an Treoir seo, cuirfidh na húdaráis inniúla i mBallstát baile na cuideachta bainistíochta na hathruithe sin in iúl do na húdaráis inniúla i mBallstát óstach na cuideachta bainistíochta faoi cheann de 10 lá oibre.

(b)scriostar mír 10.

(2)in Airteagal 18, scriostar mír 5.

(3)scriostar Airteagal 77.

(4)in Airteagal 91, scriostar mír 3.

(5)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 92:

‘Airteagal 92

1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh cuideachta bhainistíochta an GCUI, i ngach Ballstát ina bhfuil sé i gceist aici aonaid de chuid GCUI a mhargú, saoráidí chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

(a)orduithe um shuibscríobh, íocaíocht, athcheannach agus fuascailt de chuid infheisteoirí agus a bhaineann le haonaid an GCUI, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i ndoiciméid mhargaithe an GCUI, a phróiseáil;

(b)faisnéis faoi conas is féidir orduithe dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh agus faoi conas a íoctar fáltais athcheannaigh agus fuascailte, a chur ar fáil d’infheisteoirí;

(c)láimhseáil faisnéise a bhaineann le feidhmiú na gceart atá ag infheisteoirí de bharr a ninfheistíochta sa GCUI sa Bhallstát ina bhfuil an GCUI á mhargú, a éascú;

(d)na nithe seo a leanas a chur ar fáil chun gur féidir imscrúdú a dhéanamh orthu agus cóipeanna a dhéanamh díobh:

(i)    rialacha ciste nó ionstraimí corpraithe an GCUI;

(ii)    an tuarascáil bhliantúil is déanaí ón GCUI;

(e)faisnéis a bhaineann leis na cúraimí a dhéanann na saoráidí ar mheán marthanach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(m), a chur ar fáil d’infheisteoirí.

2. Ní cheanglóidh na Ballstáit ar chuideachta bhainistíochta an GCUI láithreacht fhisiciúil a bheith aici chun críche mhír 1.

3. Áiritheoidh cuideachta bhainistíochta an GCUI go mbeidh na cineálacha agus na gnéithe seo a leanas i gceist leis na saoráidí dá dtagraítear i mír 1:

(a)déantar a gcúraimí i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an GCUI á mhargú;

(b)is cuideachta bhainistíochta é an GCUI féin, nó tríú heintiteas faoi réir rialáil lena rialaítear na cúraimí atá le déanamh, nó iad araon, a dheanfaidh na cúraimí;

Chun críocha phointe (b), i gcás ina ndéanfaidh tríú heintiteas na cúraimí, tabharfar fianaise ar cheapadh an tríú heintiteas le conradh i scríbhinn ina sonrófar cé na cúraimí dá dtagraítear i mír 1nach ndéanfaidh cuideachta bhainistíochta an GCUI agus ina mbeidh sé leagtha síos go bhfaighidh an tríú heintiteas an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha ar fad ó chuideachta bhainistíochta an GCUI.’

(6)in Airteagal 93, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8. I gcás athrú ar an bhfaisnéis sa litir fhógra a cuireadh isteach i gcomhréir le mír 1, nó i gcás athrú ar an aicme scaireanna atá le margú, tabharfaidh an GCUI fógra i scríbhinn faoin athrú d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile ar a laghad mí amháin sula gcuirfear an tathrú chun feidhme.

I gcás, de bhun athrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír nach gcomhlíonfaidh an GCUI an Treoir seo a thuilleadh, cuirfidh na húdaráis inniúla ábhartha in iúl don GCUI faoi cheann 10 lá oibre nach bhfuil an tathrú sin le cur i chun feidhme aige.

I gcás ina gcuirfear athrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun feidhme tar éis fógra a thabhairt i gcomhréir leis an dara fomhír agus nach mbeidh an GCUI ag comhlíonadh na Treorach seo a thuilleadh de bhun an athraithe sin, glacfaidh na húdaráis inniúla i mBallstát baile an GCUI gach beart iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 98, lena náirítear an toirmeasc sainráite ar mhargú an GCUI, más gá.

I gcás nach mbeidh tionchar ag na hathruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar chumas an GCUI an Treoir seo a chomhlíonadh, cuirfidh na húdaráis inniúla i mBallstát baile an GCUI na hathruithe sin in iúl, gan moill mhíchuí, do na húdaráis inniúla i mBallstát óstach an GCUI.’

(7)cuirtear isteach an tAirteagal 93a seo a leanas:

Airteagal 93 a

1. Áiritheoidh na húdaráis inniúla i mBallstát baile an GCUI gur féidir leis an GCUI sin scor dá naonaid a mhargú i mBallstát ina bhfuil fógra tugtha faoina ghníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 93, má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)ní bheidh aonaid GCUI i seilbh aon infheisteora a bhfuil sainchónaí air nó a bhfuil oifig chláraithe aige i mBallstát ina bhfuil fógra tugtha faoina ghníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 93, ná ní bheidh aonaid GCUI ar níos lú ná 1 % de shócmhainní faoi bhainistíocht an GCUI sin iad i seilbh níos mó ná 10 ninfheisteoir;

(b)    maidir le haonaid uile a GCUI atá i seilbh infheisteoirí i mBallstát ina bhfuil fógra tugtha faoi ghníomhaíochtaí an GCUI i gcomhréir le hAirteagal 93, poibleofar iltairiscint chun iad a athcheannach, saor ó aon mhuirir nó asbhaintí, ar feadh 30 lá oibre ar a laghad agus cuirfear an iltairiscint chuig gach infheisteoir sa Bhallstát óstach arb eol a gcéannacht, duine ar dhuine.

(c)maidir leis an rún deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí margaithe sa Bhallstát ina bhfuil fógra tugtha ag an GCUI faoina ghníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 93, poibleofar an rún trí mheán atá ar fáil go poiblí agus is gnách a úsáid le GCUI a mhargú agus atá oiriúnach do ghnáth-infheisteoir in GCUInna.

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) agus (c) ar fáil i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit inar margaíodh an GCUI.

2. Cuirfidh an GCUI litir fógra faoi bhráid údarás inniúil a Bhallstáit baile ina gcuimseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

3. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI, tráth nach déanaí ná 20 lá oibre ó fuarthas an fógra dá dtagraítear i mír 2, an fógra sin a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé beartaithe deireadh a chur le margú an GCUI, agus chuig ESMA.

Tar éis tharchur an chomhaid fógra de bhun na céad fomhíre, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI an tarchur sin in iúl láithreach don GCUI. Ón dáta sin ar aghaidh, scoirfidh an GCUI de mhargú uile a aonaid sa Bhallstát a shainaithníodh sa litir fógra dá dtagraítear i mír 2.

4. Leanfaidh an GCUI den fhaisnéis a éilítear faoi Airteagail 68 go 82 agus faoi Airteagal 94 a chur ar fáil d’infheisteoirí atá go fóill infheistithe sa GCUI.

5. Ceadóidh na Ballstáit úsáid gach modha leictreonaigh nó eile cianchumarsáide chun críocha mhír 4, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis agus an modh cumarsáide ar fáil d’infheisteoirí i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an tinfheisteoir lonnaithe.’

(8)in Airteagal 95, scriostar mír 2(a).

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2011/61/AE

Leasaítear Treoir 2011/61/AE mar a leanas:

(1)in Airteagal 4(1), idir pointí (ae) agus (af), cuirtear isteach an pointe (aea) seo a leanas:

‘(aea) ciallaíonn “réamh-mhargú” soláthar díreach nó indíreach faisnéise faoi straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta a dhéanann BCIM, nó a dhéantar thar a cheann, d’infheisteoirí gairmiúla a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas nó atá cláraithe san Aontas d’fhonn a spéis in CIM nach bhfuil cláraithe fós a thástáil.’

(2)cuirtear Airteagal 30a mar seo a leanas isteach ag tús CHAIBIDIL VI:

Airteagal 30a

Coinníollacha maidir le réamh-mhargú san Aontas ag BCIM AE

1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh BCIM AE údaraithe páirt a ghlacadh i réamh-mhargú san Aontas, ach amháin sa chás ina mbaineann an méid a leanas leis an bhfaisnéis arna cur i láthair d’infheisteoirí gairmiúla féideartha:

(a)baineann sí le CIM bunaithe;

(b)tá tagairt inti do CIM bunaithe;

(c)cuireann sí ar chumas infheisteoirí gealltanas a thabhairt aonaid nó scaireanna de CIM ar leith a fháil;

(d)is ionann í agus réamheolaire, doiciméid bhunreachtúla le haghaidh CIM nach bhfuil bunaithe fós, lena dtairgtear doiciméid, foirmeacha suibscríbhinne nó doiciméid chomhchosúla i bhfoirm dhréachtach nó i bhfoirm chríochnúil lena gcuirtear ar chumas infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh.

2. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil gá le haon cheangal gníomhaíochtaí reámh-mhargaithe a chur in iúl do na húdaráis inniúla le go mbeidh BCIM AE in ann tabhairt faoi ghníomhaíochtaí réamh-mhargaithe.

3. Measfar suibscríbhinn infheisteoirí gairmiúla d’aonaid nó de scaireanna CIM arna bhunú tar éis an réamh-mhargaithe i gcomhréir le mír 1nó d’aonaid nó de scaireanna CIManna a bhainistíonn nó a mhargaíonn an BCIM AE a bhí bainteach le réamh-mhargú CIM nach bhfuil bunaithe fós de thoradh ar mhargú.’

(3)in Airteagal 31, scriostar mír 5.

(4)leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 7:

‘Más rud é, de bhun athruithe atá beartaithe, nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh níos mó ag an mbainistiú a dhéanann an BCIM ar an CIM nó nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh níos mó ag an BCIM ar shlí eile, cuirfidh na húdaráis inniúla ábhartha in iúl don BCIM laistigh de 20 lá oibre nach bhfuil an tathrú le cur i bhfeidhm aige.’

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír de mhír 7:

‘Mura ndéanfaidh na hathruithe difear don mhéid a chomhlíonann an bainistiú a dhéanann an BCIM ar an CIM an Treoir seo, nó don mhéid a chomhlíonann an BCIM an Treoir seo ar shlí eile, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM, laistigh d’aon mhí amháin, na hathruithe sin a chur in iúl d’údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM.’

(c) scriostar mír 8.

(5)cuirtear isteach an tAirteagal 32a seo a leanas:

Airteagal 32a

Scor de mhargú aonad nó scaireanna CIManna AE sna Ballstáit cé is moite de Bhallstát baile an BCIM

1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh BCIM AE scor de bheith ag margú aonaid nó scaireanna CIM AE atá á bhainistiú aige sa Bhallstát ina ndearnadh fógra dá ghníomhaíochtaí margaithe a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 32, i gcás ina bhfuil na coinníollacha seo a leanas go léir á gcomhlíonadh:

(a)níl aonaid ná scaireanna den CIM sin i seilbh aon infheisteora, a bhfuil sainchónaí air nó a bhfuil oifig chláraithe aige sa Bhallstát, ina bhfuil fógra dá ghníomhaíochtaí margaithe tarchurtha i gcomhréir le hAirteagal 32, ná níl aonaid ná scaireanna an CIM ar lú ná 1 % iad de shócmhainní faoi bhainistíocht an CIM sin i seilbh níos mó ná 10 infheisteoirí;

(b)    tá poibliú déanta ar feadh 30 lá oibre ar a laghad ar iltairiscint a chuid aonad nó scaireanna CIM uile atá i seilbh infheisteoirí sa Bhallstát a athcheannach, saor ó aon mhuirir nó asbhaintí, i gcás ina bhfuil fógra maidir lena ghníomhaíochtaí margaithe tarchurtha i gcomhréir le hAirteagal 32, agus tá an poibliú sin dírithe ar gach infheisteoir ina aonar sa Bhallstát sin arb eol cé hé féin;

(c)tá poibliú déanta go bhfuil sé beartaithe deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí margaithe ar chríoch an Bhallstáit, i gcás ina bhfuil fógra maidir lena ghníomhaíochtaí margaithe tarchurtha i gcomhréir le hAirteagal 32, trí mheán atá ar fáil go poiblí agus is gnách do mhargú CIM agus atá oiriúnach do ghnáth-infheisteoir CIM.

2. Cuirfidh an BCIM fógra faoi bhráid údarás inniúil a Bhallstáit baile ina gcuimseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

3. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM, tráth nach déanaí ná 20 lá oibre ó fuarthas an fógra iomlán dá dtagraítear i mír 2, an fógra sin a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé beartaithe deireadh a chur le margú CIM, agus chuig ESMA.

Tar éis tharchur an chomhaid fógra de bhun na chéad fhomhíre, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM an tarchur sin in iúl láithreach don BCIM. Ón dáta sin ar aghaidh, scoirfidh an BCIM de mhargú uile aonad nó scaireanna CIM atá á bhainistiú aige sa Bhallstát atá sainaitheanta sa litir fógra dá dtagraítear i mír 2.

4. Leanfaidh an BCIM den fhaisnéis a éilítear faoi Airteagal 22 agus Airteagal 23 a chur ar fáil d’infheisteoirí atá fós infheistithe sa CIM AE.

5. Ceadóidh na Ballstáit úsáid gach modha leictreonaigh nó eile cianchumarsáide chun críocha mhír 4.

(6)in Airteagal 33, scriostar mír 7 agus mír 8.

(7)cuirtear isteach an tAirteagal 43a seo a leanas:

Airteagal 43a

Saoráidí ar fáil d'infheisteoirí míondíola

1. Gan dochar d’Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/760 28 , áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh CBIM, i ngach Ballstát ina bhfuil sé ar intinn aige aonaid nó scaireanna CIM a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, saoráidí a bhunú leis na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

(a)orduithe um shuibscríobh, íocaíocht, athcheannach agus fuascailt de chuid infheisteoirí agus a bhaineann le haonaid nó scaireanna an CIM, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i ndoiciméid mhargaithe an CIM, a phróiseáil;

(b)faisnéis a chur ar fáil d’infheisteoirí faoi conas is féidir orduithe dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh agus conas a íoctar fáltais athcheannaigh agus fuascailte;

(c)láimhseáil faisnéise a bhaineann le cur i bhfeidhm na gceart atá ag infheisteoirí de bharr a ninfheistíochta sa CIM sa Bhallstát ina bhfuil an CIM á mhargú, a éascú;

(d)an méid seo a leanas a chur ar fáil d’infheisteoirí chun gur féidir imscrúdú a dheanamh orthu agus cóipeanna a dhéanamh díobh:

(i)    rialacha ciste nó ionstraimí corpraithe an CIM;

(ii)    an tuarascáil bhliantúil is déanaí ón CIM;

(e)faisnéis atá ábhartha do na cúraimí a dhéanann na saoráidí a chur ar fáil d’infheisteoirí ar mheán marthanach mar atá sonraithe in Airteagal 2(1)(m) de Threoir 2009/65/CE.

2. Ní cheanglóidh na Ballstáit ar BCIM a bheith i láthair go fisiciúil chun críocha mhír 1.

3. Áiritheoidh an BCIM go gcuimsíonn na saoráidí dá dtagraítear i mír 1na cineálacha seo a leanas agus go bhfuil na saintréithe seo a leanas acu:

(a)déantar a gcúraimí i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an CIM á mhargú;

(b)déanann an BCIM féin nó tríú eintiteas, faoi réir rialachán lena rialaítear na cúraimí atá le déanamh, nó iad araon, a gcúraimí.

Chun críocha phointe (b), i gcás ina gcuirfidh tríú eintiteas na saoráidí ar fáil, tabharfar fianaise ar an gceapachán sin le conradh i scríbhinn, ina sonrófar cé na cúraimí a shonraítear i mír 1nach bhfuil á ndéanamh ag an CBIM agus go bhfaighidh an tríú heintiteas an fhaisnéis ábhartha agus na doiciméid ábhartha go léir ón BCIM.’

Airteagal 3

Trasuí

1.Foilseoidh agus glacfaidh na Ballstáit, faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm] ar a dhéanaí, na rialacha, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá riachtanach chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [PO: Cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Meastóireacht

Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 36 mí tar éis dháta trasuite na Treorach seo] déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, ar bhonn comhairliúchán poiblí agus i bhfianaise idirphléití le ESMA agus le húdaráis inniúla, ar chur i bhfeidhm na Treorach seo.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 1(1)(b), 1(2) 1(8), 2(3), 2(4)(c) agus 2(6) ó dháta teacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Airteagal 6

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).
(3)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comh-infheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.
(4)    Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, IO L 174 7.7.2011, lch. 1.
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre an Choimisiúin 2018 Clár oibre d’Eoraip níos aontaithe, níos láidre agus níos daonlathaí.
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thógáil (COM(2015)468 final).
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: an tAthbhreithniú Meántéarma ar Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil (COM(2017) 292 final).
(8)    Páipéar Uaine: Aontas Margaí Caipitil a Thógáil, COM(2015) 63 final.
(9)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Glao ar Fhianaise — Creat rialála an Aontais do sheirbhísí airgeadais, COM(2016) 855 final.
(10)     https://ec.europa.eu/info/publications/consultation-cross-border-distribution-investment-funds_en .
(11)    Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lgh. 98-121).
(12)    Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).
(13)    EFAMA, Eisiúint Staitistiúil Ráithiúil Q2 2017.
(14)    Áirítear leis sin cistí ‘turas fillte’ mar a thugtar orthu, i.e. nuair a chláraíonn bainisteoir sainchónaí ciste i mBallstát eile agus nuair nach ndáileann sé ar ais é ansin ach ar an margadh ina bhfuil sé lonnaithe.
(15)    EFAMA, Leabhar Fíricí 2017 agus Leabhar Fíricí 2017 Institiúid Cuideachtaí Infheistíochta (ICI) 2017.
(16)    http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1507119651257&uri=CELEX:52014DC0903
(17)    Dírítear le tuilleadh tionscnamh ar éascú infheistíochtaí trasteorann freisin, e.g. comhairle faoi chaighdeáin reatha an Aontais maidir le láimhseáil infheistíochtaí trasteorann an Aontais agus réiteach cairdiúil ar dhíospóidí infheistíochta.
(18)     https://ec.europa.eu/info/publications/consultation-cross-border-distribution-investment-funds_en .
(19)    https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/initiatives/ares-2017-3132069_en.
(20)    Is soláthraí neamhspleách taighde agus sonraí é Morningstar.
(21)    An tuairim ón Bord um Ghrinnscrúdú Rialála SEC(2018)129 final.
(22)    An tuarascáil ar an measúnú tionchair agus an achoimre feidhmiúcháin. SWD(2018)54 final agus SWD(2018)55 final.
(23)    OI C […], […], lch. […].
(24)    OI C , , lch. .
(25)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna), IO L 302, 17.11.2009, lch 32.
(26)    Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (BCIM), IO L 174, 1.7.2011, lch. 1.
(27)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(28)    Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha IO L 123, 19.5.2015, lch. 9.