An Bhruiséil,9.2.2018

COM(2018) 61 final

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis

iarratas ón nGearmáin – EGF/2017/008 DE/Goodyear


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

1.Leagtar na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) síos i Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 1 (an ‘Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú’).

2.Tar éis iomarcaíochtaí 2 a theacht chun cinn in Goodyear Dunlop Tires Germany GmbH sa Ghearmáin, chuir an Ghearmáin an tiarratas EGF/2017/008 DE/Goodyear ar ranníocaíocht airgeadais ó CED isteach an 6 Deireadh Fómhair 2017.

3.Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a dhámhachtain.

ACHOIMRE AR AN IARRATAS

Iarratas ar CED

EGF/2017/008 DE/Goodyear

Ballstát

An Ghearmáin

An réigiún/na réigiúin lena mbaineann (Leibhéal 2 NUTS 3 )

Regierungsbezirk Karlsruhe (DE12)

An dáta a cuireadh an tiarratas isteach

6 Deireadh Fómhair 2017

An dáta a admhaíodh go bhfuarthas an tiarratas

6 Deireadh Fómhair 2017

An dáta a iarradh faisnéis bhreise

23 Deireadh Fómhair 2017

An spriocdháta leis an bhfaisnéis bhreise a sholáthar

4 Nollaig 2017

An spriocdháta leis an measúnú a chur i gcrích

26 Feabhra 2018

Critéar idirghabhála

Airteagal 4(1)(a) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú


An príomhfhiontar

Goodyear


An líon fiontar lena mbaineann

1

An earnáil/na hearnálacha gníomhaíochta eacnamaíche

(Rannán NACE Athbhreithniú 2) 4

Rannán 22 NACE Athbhreithniú 2

(Monarú táirgí rubair agus plaisteacha)


An líon fochuideachtaí, soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha

0

An tréimhse thagartha (ceithre mhí ar a mhéad):

14 Iúil 2017 - 5 Deireadh Fómhair 2017

An líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha (a)

632

An líon iomarcaíochtaí roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh (b)

14

An líon iomlán iomarcaíochtaí (a + b)

646

An líon iomlán tairbhithe incháilithe

646

An líon iomlán tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

646

An líon daoine óga ar a bhfuiltear ag díriú nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais nó oiliúna

0

An buiséad do sheirbhísí pearsantaithe (EUR)

3 464 371

An buiséad le haghaidh CED a chur chun feidhme 5 (EUR)

144 348

Buiséad iomlán (EUR)

3 608 719

Ranníocaíocht ó CED (60 %) (EUR)

2 165 231

MEASÚNÚ AR AN IARRATAS

Nós imeachta

4.Chuir an Ghearmáin an tiarratas EGF/2017/008 DE/Goodyear isteach an 6 Deireadh Fómhair 2017, a bhí laistigh de 12 sheachtain ón dáta a comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú. D’admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an tiarratas ar an lá céanna, agus d’iarr sé ar an nGearmáin an 23 Deireadh Fómhair 2017 faisnéis bhreise a sholáthar. Soláthraíodh an fhaisnéis bhreise sin laistigh de shé seachtaine ó iarradh í. An spriocthréimhse 12 sheachtain ó fháil an iarratais chomhlánaithe ar lena linn ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a chur i gcrích ar an gcaoi a bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar á gcomhlíonadh ag an iarratas, rachaidh sí in éag an 26 Feabhra 2018.

Incháilitheacht an iarratais

Na fiontair agus na tairbhithe lena mbaineann

5.Baineann an tiarratas le 646 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in Goodyear Dunlop Tires Germany GmbH. Oibríonn an fiontar sin san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi Rannán 22 NACE Athbhreithniú 2 (Monarú táirgí rubair agus plaisteacha). Tá na hiomarcaíochtaí a rinne Goodyear lonnaithe in Regierungsbezirk Karlsruhe (DE12) sa Ghearmáin, ar réigiún ar leibhéal 2 NUTS é.

Na fiontair agus an líon daoine a dífhostaíodh le linn na tréimhse tagartha

Goodyear Dunlop Tires Germany GmbH

632

Critéir idirghabhála

6.Chuir an Ghearmáin an tiarratas isteach faoi na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1)(a) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, lena gceanglaítear go ndearnadh 500 oibrí ar a laghad iomarcach le linn tréimhse thagartha ceithre mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát, lena náirítear oibrithe ar chuir soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha ar iomarcaíocht iad agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht.

7.Maireann an tréimhse thagartha don iarratas ón 14 Iúil 2017 go dtí an 5 Deireadh Fómhair 2017.

8.Is iad seo a leanas na hiomarcaíochtaí a tháinig chun cinn le linn na tréimhse tagartha:

–632 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in Goodyear.

Iomarcaíochtaí agus deireadh le gníomhaíocht a ríomh

9.Rinneadh na hiomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha a ríomh mar seo a leanas:

–632 oibrí ó dháta fhógra aonair an fhostóra go raibh sé chun an toibrí a leagan as nó chun conradh fostaíochta an oibrí a fhoirceannadh.

Tairbhithe incháilithe

10.I dteannta na noibrithe a ndearnadh tagairt dóibh cheana féin, áirítear leis na tairbhithe incháilithe 14 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh. Cuireadh gach duine de na hoibrithe sin ar iomarcaíocht tar éis an fhógra ghinearálta maidir leis na hiomarcaíochtaí réamh-mheasta an 24 Deireadh Fómhair 2016. Is féidir nasc cúisíoch soiléir a aithint leis an eachtra a spreag na hiomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha.

11.Dá bhrí sin, is é 646 dhuine an líon iomlán tairbhithe incháilithe.

An nasc idir na hiomarcaíochtaí agus na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin na trádála domhanda de bharr an domhandaithe

12.Chun an nasc a aithint idir na hiomarcaíochtaí agus na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin na trádála domhanda de bharr an domhandaithe, áitíonn an Ghearmáin go raibh tionchar diúltach ag an domhandú ar tháirgeadh bonn gluaisteán i ndeighleog B 6 san Aontas Eorpach. Is é an sciar suntasach den mhargadh a ghnóthaigh soláthraithe Áiseacha le blianta beaga anuas is cúis leis sin.

13.Cé go bhfuil feabhas beag tagtha ar an táirgeadh gluaisteán paisinéirí in Aontas an 27 le blianta beaga anuas, thit sé go suntasach le linn na géarchéime airgeadais agus níor fhill sé ar an leibhéal ar a raibh sé in 2006 go dtí 2016. De réir anailísí ó Chomhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na hEorpa  (ACEA), bhí díolacháin gluaisteán beag sa bhliain 2016 fós faoi bhun an leibhéil ar a raibh sé in 2005. Mar sin féin, laghdaigh an sciar den mhargadh domhanda atá ag mótarfheithiclí a mhonaraítear san Eoraip ó 35 % sa bhliain 2001 go 23 % sa bhliain 2016. Mhéadaigh an sciar den mhargadh domhanda atá ag an tSín ó 5 % go 30 % sa tréimhse chéanna 7 . Tá méadú 45 % tagtha ar an táirgeadh gluaisteán san Áise le deich mbliana anuas 8 .

14.Ó 2015 go 2016, tháinig méadú 22 % ar allmhairí isteach san Aontas Eorpach agus tháinig laghdú 3 % ar onnmhairí as 9 . Cé gur ón Tuirc a thagann formhór na bhfeithiclí allmhairithe (agus sciar 29 % den mhargadh aici), ba iad an India (méadú 31 %), an Afraic Theas (méadú 29 %) agus an tSeapáin (méadú 20 %) a bhain an fás is láidre amach in allmhairí mótarfheithiclí sa tréimhse 2015-2016 10 . Ní mór na straitéisí fadtéarmacha margaidh atá i bhfeidhm ag monaróirí gluaisteán agus ag monaróirí bonn araon a chur i gcomhréir le rátaí féideartha fáis. Cé nár tháinig ach méadú 9 % ar mhótarú laistigh den Aontas Eorpach ó 2005 go 2015, tháinig méadú 140 % ar mhótarú san Áise/san Aigéine agus méadú 59 % ar mhótarú i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas sa tréimhse chéanna 11 .

15.Mar sin, tá athrú suntasach tagtha ar an margadh bonn domhanda ó thús na mílaoise i leith. Cé go raibh Bridgestone, Michelin agus Goodyear, na trí rannpháirtí is mó sa mhargadh domhanda, freagrach as 57 % den táirgeadh bonn domhanda sa bhliain 2000, thit an sciar sin go 38 % 2013. Le linn na tréimhse céanna, mhéadaigh an sciar den mhargadh atá ag monaróirí Áiseacha as an tSín, as an Téaváin agus as Singeapór ó 4 % in 2001 go 20 % in 2013, de réir staidéar inmheánach ó Ernst & Young Consulting. De réir Chomhlachas Monaróirí Bonn agus Rubair na hEorpa (ETRMA), ba as an Áise do shé cinn de na 10 monaróir bonn is airde láimhdeachas sa bhliain 2016 12 .

16.Ba líonmhaire i bhfad allmhairí bonn (130 milliún bonn) ná onnmhairí bonn (74 mhilliún bonn) san Aontas Eorpach sa bhliain 2015. Bhí táirgeadh bonn san Aontas Eorpach in 2015 (4.9 milliún tona) fós beagáinín faoi bhun an aschuir in 2007 (5.1 milliún tona) 13 .

17.Léirítear i staidéar a d’fhoilsigh Gesellschaft für Konsumforschung, ar institiúid taighde margaidh é, gurb amhlaidh, cé gur i mdeighleog bonn B a bhí 77 % de na boinn a díoladh sa Ghearmáin in 2005, nach raibh na méideanna boinn sin freagrach ach as 43 % de na díolacháin sa Ghearmáin in 2014, rud a léiríonn aistriú an táirgthe feithiclí beaga chuig na margaí fáis san Áise agus i Meiriceá Theas 14 .

18.Go dtí seo, ní raibh earnáil Rannán 22 NACE Athbhreithniú 2 (Monarú táirgí rubair agus plaisteacha) ina hábhar d’aon iarratas ar CED 15 .

Eachtraí as ar tháinig na hiomarcaíochtaí agus an deireadh le gníomhaíocht

19.Ba é dúnadh iomlán mhonarcha táirgthe Goodyear in Philippsburg an eachtra as ar tháinig na hiomarcaíochtaí atá i gceist. Cuireadh Goodyear Tire & Rubber Company ar bun in Akron, Ohio, Stáit Aontaithe Mheiriceá, i 1898 agus tá sé ar cheann de na monaróirí bonn is mó ar domhan anois. Bunaíodh Deutsche Goodyear GmbH sa bhliain 1954 agus tosaíodh ar mhonarcha bonn na cuideachta in Philippsburg a thógáil sa bhliain 1966. Tá thart ar 7 600 fostaí ag Goodyear Dunlop sa Ghearmáin faoi láthair. Tá a cheanncheathrú sa Ghearmáin lonnaithe in Hanau. Tá monarchana eile ag an gcuideachta sa Ghearmáin, atá lonnaithe in Fürstenwalde, in Wittlich, in Riesa agus in Fulda.

20.Toisc go bhfuil laghdú tagtha ar an aschur gluaisteán ón Aontas Eorpach agus ar an sciar den mhargadh atá aige de bharr an domhandaithe, tá ró-acmhainn shuntasach ag Goodyear i ndeighleog B anois, rud is comhionann le thart ar chúig mhilliún bonn ar fud struchtúr comhtháite táirgthe na cuideachta san Eoraip. Tá sé sin cothrom leis an meánacmhainn bhliantúil atá ag monarcha táirgthe amháin. Dá bhrí sin, b’éigean do Goodyear ceann amháin dá mhonarchana san Eoraip a dhúnadh. Chinn Goodyear an mhonarcha in Philippsburg a dhúnadh, monarcha ag a raibh an acmhainn táirgthe is mó do bhoinn i ndeighleog B i measc na monarchana atá ag Goodyear san Eoraip. Dá bhrí sin, d’fhógair lucht bainistíochta Goodyear an 24 Deireadh Fómhair 2016 go ndúnfaí in 2017 an mhonarcha bonn in Philippsburg, a raibh 888 noibrí aici.

21.Thug Goodyear comhaontú comhchoiteann i gcrích le IG BCE, ar ceardchumann é, an 26 Aibreán 2017, comhaontú lena rialáiltear na téarmaí iomarcaíochta. Tar éis dul i mbun cainte leis an gcomhairle fostaithe, cuireadh an comhaontú sin ar áireamh i scéim iomarcaíochta. Bhí an táirgeadh scortha cheana féin amhail an 15 Iúil 2017 agus fógraíodh go ndúnfaí an mhonarcha an 31 Nollaig 2017.

22.Chomhaontaigh na comhpháirtithe sóisialta le chuideachta aistrithe a chruthú. Níl sé éigeantach faoi dhlí na Gearmáine cuideachta aistrithe a chruthú. Níl aon oibleagáid ar an gcuideachta atá ag dífhostú ranníocaíocht a dhéanamh i leith cuideachta aistrithe a chruthú. Gan rannpháirtíocht na cuideachta atá ag dífhostú, ní chuirfí aon chuideachta aistrithe ar bun. Más amhlaidh a chinneann an chuideachta atá ag dífhostú a bheith rannpháirteach agus go gcomhaontaíonn na comhpháirtithe sóisialta cuideachta aistrithe a chruthú, is le dlí sóisialta na Gearmáine a leagfar an fráma dlíthiúil síos (§§ 110 agus 111, SGB III).

23.Beidh na cuideachtaí aistrithe á mbainistiú ag weitblick - personalpartner GmbH, ar cuideachta í atá faoi úinéireacht Chónaidhm Cheardchumainn na Gearmáine (Deutscher Gewerkschaftsbund - DGB). Shínigh 646 dhuine de na hoibrithe comhaontú tríthaobhach ar dá réir a rachaidh siad isteach sa chuideachta aistrithe nuair a thiocfaidh deireadh go hoifigiúil lena bhfostaíocht le Goodyear. Shínigh 632 oibrí an comhaontú le linn na tréimhse tagartha agus, cé nach go raibh 14 dhuine eile ann nach raibh in ann é a shíniú fós de bharr saoire mháithreachais, etc., táthar ag súil go síneoidh siad an comhaontú roimh fhoirceannadh a gconartha le Goodyear. Maidir leis na daoine a chinn gan dul isteach sa chuideachta aistrithe, bhí post nua faighte acu cheana féin nó chinn siad dul ar scor.

24. Rinne Goodyear scaoilíocaíochtaí, chomhaontaigh sé an liúntas oiliúna (Transferkurzarbeitergeld) a bhreisiú agus chuir sé buiséad athoiliúna thart ar EUR 3 000 ar fáil do gach fostaí. Ríomhtar an tréimhse aistrithe do gach fostaí bunaithe ar fhad a sheirbhíse leis an gcuideachta agus ní mhairfidh sí níos mó ná bliain amháin.

25.Úsáidfear an cúnamh breise ó CED chun na bearta a chomhlánú agus is féidir é a úsáid freisin chun tréimhse ama na mbeart aonair a fhadú. Rachaidh 595 oibrí isteach sa chéad chuideachta aistrithe an 1 Eanáir 2018. Toisc go mbeidh 51 oibrí eile fós i mbun fostaíochta le linn an mhonarcha a dhíchóimeáil, tá cuideachta eile aistrithe ar bun ionas gur féidir leis na hoibrithe atá fágtha dul isteach sa dara cuideachta aistrithe an 1 Aibreán 2018.

An tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta agus ar an bhfostaíocht

26.Meastar go mbeidh drochthionchar suntasach ag na hiomarcaíochtaí ar an ngeilleagar áitiúil. Agus thart ar 13 000 áitritheoir inti, tá cathair Philippsburg suite i ndúiche Waghäusl de chuid na Gníomhaireachta Fostaíochta Poiblí, ina gcónaíonn thart ar 60 000 duine san iomlán. Ós rud é nach bhfuil an earnáil threasach freagrach ach as 48 % den fhostaíocht, tá an earnáil faoi thearcionadaíocht sa réigiún i gcomparáid leis an bhfigiúr do Stát Feidearálach Baden-Württemberg ina iomláine (63 %). Ceann de phríomh-shaintréithe an réigiúin is ea gur os cionn an mheáin atá an céatadán de dhaoine a oibríonn san earnáil monaraíochta. I gcomparáid le dúichí comharsanacha, tá an ráta dífhostaíochta i réigiún Waghäusl measartha ard, cothrom le 5,7 % (Meitheamh 2017), i gcomparáid le 3,3 % in Karlsruhe. Tá an dífhostaíocht i gceantar Waghäusl ag dul i méid, agus méadú 17 % tagtha ar an dífhostaíocht ó anuraidh. Is cosúil go bhfuil saoránaigh a thagann ó chúlra imirceach agus daoine aosta ar na daoine is mó faoi mhíbhuntáiste sa mhargadh saothair réigiúnach. Is daoine nach náisiúnaigh iad 25 % de na daoine dífhostaithe, agus is os cionn 55 bliana d’aois atá beagnach aon trian de na daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach atá ag fáil leas sóisialach. Is faoi na catagóirí sin a thagann sciar mór de na hoibrithe a ndearna Goodyear iomarcach iad freisin.

27.Bhí an mhonarcha de chuid Goodyear ar an bhfostóir is mó sa réigiún, agus stáisiún núicléach ar an dara fostóir is mó. De bharr an chinnidh ón nGearmáin a bheith ina tír neamhnúicléach, dúnfar an stáisiún núicléach laistigh den chéad chúpla bliain eile. Chuir roinnt cuideachtaí beaga agus meánmhéide sa réigiún na céadta oibrí ar iomarcaíocht cheana féin, mar shampla rinneadh 146 dhuine iomarcach i samhradh 2017 i gcuideachta atá ag oibriú san earnáil gluaisteán agus rinneadh 144 dhuine iomarcach mar thoradh ar dhúnadh monaróra preasa. Tá athrú struchtúrach le teacht ar an réigiún. Dá bhrí sin, chuir PES straitéis cáilíochtaí agus scileanna le chéile ina bhfuil aird tugtha ar riachtanais (amach anseo) an mhargaidh shaothair agus ar leibhéal cáilíochtaí na noibrithe lena mbaineann.

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

28.Meastar gurb é 646 dhuine an líon oibrithe iomarcacha a ghlacfaidh páirt sna bearta. Is mar seo a leanas atá an miondealú ar na hoibrithe sin de réir gnéis, saoránachta agus aoisghrúpa:

Catagóir

An líon
tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú (slánaíodh na céatadáin)

Gnéas:

Fir:

641

(99,23 %)

Mná:

5

(0,77 %)

Saoránacht:

saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh:

493

(76,32 %)

saoránaigh nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad:

153

(23,68 %)

Aoisghrúpa:

15-24 bliana:

15

(2,32 %)

25-29 bliain:

33

(5,11 %)

30-54 bliain:

428

(66,25 %)

55-64 bliana:

168

(26,01 %)

os cionn 64 bliana:

2

(0,31 %)

Incháilitheacht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe

29.Mar atá leagtha amach thuas, chomhaontaigh na comhpháirtithe sóisialta go gcruthófaí dhá chuideachta aistrithe lena bhfreastalófaí ar dhá dhream dhifriúla oibrithe iomarcacha de chuid mhonarcha Goodyear, a rachadh isteach sa chéad chuideachta aistrithe an 1 Eanáir 2018 nó sa dara cuideachta aistrithe an 1 Aibreán 2018 faoi seach. Is í an chuideachta aistrithe freisin a sholáthraíonn na bearta breise a thairgeann Goodyear, cé nach bhfuil na bearta sin ina gcuid den iarratas ar CED. I dteannta a chéile, tá na gníomhaíochtaí go léir a bhfuil tuairisc orthu thíos ina bpacáiste de sheirbhísí pearsantaithe a chomhordaíonn na cuideachtaí aistrithe agus is é an aidhm atá leo na hoibrithe iomarcacha a ath-imeascadh isteach san fhostaíocht.

30.Tá na gníomhaíochtaí seo a leanas i gceist leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthrófar d’oibrithe iomarcacha:

–Bearta ardaithe scileanna: Tairgtear bearta ardaithe scileanna d’oibrithe incháilithe tar éis agallaimh phróifílithe agus agallaimh ghairmthreorach d’fhonn cabhrú leo leas a bhaint as deiseanna sa mhargadh saothair. Díreofar sna cúrsaí oiliúna a thairgfear ar earnálacha a mbaineann ionchais sa todhchaí leo, lena náirítear an earnáil miotalóireachta agus an earnáil trádstórála. Is féidir cúrsaí a sholáthar do dhaoine aonair nó do ghrúpaí, cúrsaí inniúlachtaí bunúsacha, cúrsaí ardaithe scileanna agus cúrsaí lena nullmhaítear na rannpháirtithe d’athruithe gairme. Leagfar béim ar leith ar chúrsaí Gearmáinise do rannpháirtithe a bhfuil leibhéal an-íseal scileanna Gearmáinise acu.

–Piarghrúpaí/ceardlanna: Beidh na piarghrúpaí agus na ceardlanna ina bhfóraim ghrúpa a gcabhróidh éascaitheoir leo agus ar lena linn a chabhrófar le rannpháirtithe smaointe agus machnaimh a mhalartú. Is féidir go ndíreofar sna piarghrúpaí ar thopaicí éagsúla, lena náirítear bainistíocht ama, féinbhainistíocht, agus bearta sláinte a chur chun cinn, nó is féidir go mbunófar piarghrúpaí speisialta do rannpháirtithe ó chúlra imirceach. Tairgtear ceardlanna éagsúla, lena náirítear ceardlanna lena bpléitear leis an gcothromaíocht idir an obair agus an saol agus ceardlanna lena bpléitear le saincheisteanna inscne.

–Seirbhís chomhairleach do ghnólachtaí nuathionscanta: Is é a bheidh i gceist leis an tseirbhís chomhairleach pacáiste de sheirbhísí comhairleacha do dhaoine ar spéis leo a ngnólacht féin a chur ar bun. Áireofar leis na seirbhísí sin bearta cóitseála atá oiriúnaithe don duine aonair.

–Cuardach Poist: Oibreoidh scabhtaí gairmiúla fostaíochta chun teacht ar fholúntais fhéideartha phoist nár foilsíodh fós agus a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach d’oibrithe incháilithe. Tá sé beartaithe aonach fostaíochta a reáchtáil freisin.

–Meantóireacht leantach/fostaíocht a aimsiú: Chun an taistriú chuig post nua a éascú agus chun an riosca go gcaillfí an post a íoslaghdú, is féidir le hoibrithe leas a bhaint as seirbhísí breise treoirchomhairleoireachta tar éis dóibh glacadh le post nua.

–Liúntas oiliúna: Tosaítear ar íocaíochtaí a dhéanamh ón dáta a théann an toibrí isteach sa chuideachta aistrithe agus stoptar den íocaíocht a dhéanamh a luaithe a fhágann an duine an chuideachta aistrithe.

31.Leis an tionscadal, rannchuideofar le forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe sa Ghearmáin. Is ar aon dul le straitéis inbhuanaitheachta na Gearmáine atá na bearta a eagraítear agus, anuas air sin, tá deimhniú inbhuanaitheachta ag weitblick – personalpartner GmbH, comhlacht ar cuireadh de chúram air an dá chuideachta aistrithe a chur ar bun.

32.Is ionann na gníomhaíochtaí atá beartaithe, a bhfuil tuairisc orthu anseo, agus bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú. Ní chuirfear na gníomhaíochtaí sin in ionad bearta éighníomhacha cosanta sóisialta.

33.Sholáthair an Ghearmáin an fhaisnéis a theastaíonn maidir le gníomhaíochtaí atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. Dheimhnigh sí nach dtiocfadh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na ngníomhaíochtaí sin.

Buiséad measta

34.Is é EUR 3 608 719 na costais mheasta iomlána, a chuimsíonn caiteachas EUR 3 464 371 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 144 348 ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe.

35.Is é EUR 2 165 231 (60 % de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ó CED.

Gníomhaíochtaí

An líon measta rannpháirtithe

An costas measta (slánaithe) in aghaidh an rannpháirtí 16
(EUR)

Costais mheasta iomlána

(EUR)

Seirbhísí pearsantaithe (Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(a) agus (c) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú)

Bearta ardaithe scileanna (Qualifizierungsmaßnahmen)

288

4 512

1 299 516

Piarghrúpaí/ceardlanna

276

1 294

357 086

Seirbhís chomhairleach do ghnólachtaí nuathionscanta (Existenzgründerberatung)

30

1 690

50 710

Cuardach Poist (Stellenakquise)

350

369

129 319

Meantóireacht leantach/fostaíocht a aimsiú (Nachbetreuung/Beschäftigungssicherung)

646

643

415 211

Fo-iomlán (a):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe

–

2 251 842

(65 %)

Liúntais agus dreasachtaí (Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(b) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú)

Liúntas oiliúna (Transferkurzarbeitergeld)

646

1 877

1 212 529

Fo-iomlán (b):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe:

–

1 212 529

(35 %)

Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(4) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú

1. Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

–

21 652

2. Bainistíocht

–

79 391

3. Faisnéis agus poiblíocht

–

7 218

4. Rialú agus tuairisciú

–

36 087

Fo-iomlán (c):

An céatadán de na costais iomlána:

–

144 348

(4 %)

Costais iomlána (a + b + c):

–

3 608 719

Ranníocaíocht ó CED (60 % de na costais iomlána)

–

2 165 231

36.Costais na ngníomhaíochtaí atá sainaithnithe sa tábla thuas mar ghníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(b) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, ní mó iad ná 35 % de na costais iomlána don phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe. Dheimhnigh an Ghearmáin go bhfuil na gníomhaíochtaí sin ag brath ar rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cuardach poist nó le hoiliúint.

Tréimhse incháilitheachta caiteachais

37.An 1 Eanáir 2018, chuir an Ghearmáin tús leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú. Dá bhrí sin, beidh an caiteachas ar na gníomhaíochtaí incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 1 Eanáir 2020.

38.An 7 Iúil 2017, thosaigh an Ghearmáin ag tabhú an chaiteachais riaracháin ba ghá a chaitheamh chun CED a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, beidh an caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 7 Iúil 2017 go dtí an 1 Iúil 2020.

Comhlántacht maidir le gníomhaíochtaí a chistítear le cistí náisiúnta nó le cistí an Aontais

39.Is iad an buiséad feidearálach agus Bundesagentur für Arbeit (an tSeirbhís Fheidearálach um Fhostaíocht Phoiblí) na foinsí as a gcuirfear réamh-mhaoiniú náisiúnta nó comhchistiú náisiúnta ar fáil. Is as na foinsí sin a chistítear ranníocaíocht náisiúnta 40 % de chostais iomlána na mbeart atá á maoiniú ag CED agus a thairgeann an chuideachta aistrithe 17 .

40.Maidir leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu thuas agus atá ag fáil ranníocaíocht airgeadais ó CED, dheimhnigh an Ghearmáin nach bhfaighidís ranníocaíochtaí airgeadais freisin ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais.

Nósanna imeachta le haghaidh dul gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú nó lena nionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha

41.Chuir an Ghearmáin in iúl gur dréachtaíodh an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na páirtithe go léir lena mbaineann, go háirithe ionadaithe do na hoibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht, comhpháirtithe sóisialta agus údaráis réigiúnacha. Le haghaidh na mbeart a bhfuil CED ag tacú leo a phleanáil, reáchtáil an Aireacht Fheidearálach Saothair agus Gnóthaí Sóisialta cainteanna le lucht bainistíochta Goodyear, leis an gcomhairle fostaithe, le IG BCE, ar ceardchumann é, agus le PES chun plé a dhéanamh ar an scóip atá ann tacaíocht fhéideartha a fháil ó CED. Le linn plé chruinniú comhchéime an 7 Iúil 2017, thacaigh na páirtithe go léir lena mbaineann go soiléir le hiarratas féideartha ar CED. Bhí na páirtithe go léir ag obair i ndlúthchomhair le chéile agus chuir PES an coincheap don phacáiste beartaithe de bhearta pearsantaithe i láthair an 18 Meán Fómhair 2017.

Córais bhainistíochta agus rialaithe

42.Déantar cur síos san iarratas ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe lena sonraítear freagrachtaí na gcomhlachtaí lena mbaineann. Chuir an Ghearmáin in iúl don Choimisiún go ndéanfadh na comhlachtaí laistigh den Aireacht Fheidearálach Saothair agus Gnóthaí Sóisialta (Bundesministerium für Arbeit und Soziales) a bhainistíonn Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), go ndéanfadh siad an ranníocaíocht airgeadais a bhainistiú freisin. Laistigh den 'Gruppe Europäische Fonds für Beschäftigung', áfach, is é 'Referat EF 4' a ghníomhaíonn mar údarás bainistíochta do CED agus is é 'Referat EF 1' an túdarás bainistíochta do CSE. Is é an 'Organisationseinheit Prüfbehörde' an túdarás rialaithe do CED agus do CSE araon. Bhainistigh na comhlachtaí sin na ranníocaíochtaí a chuir CED ar fáil don Ghearmáin roimhe sin. Maidir le roinnt de na cúraimí atá ar údarás bainistíochta CED, tá siad tarmligthe go buan chuig PES trí chomhaontú riaracháin.

Na gealltanais a thug an Ballstát lena mbaineann

43.Thug an Ghearmáin na dearbhuithe go léir a theastaíonn maidir leis na nithe seo:

–cloífear leis na prionsabail um chóir chomhionann agus neamh-idirdhealú maidir leis an rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin,

–comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,

–rinne Goodyear, a lean lena ghníomhaíochtaí tar éis dó na daoine lena mbaineann a leagan as, a chuid oibleagáidí dlíthiúla lena rialaítear na hiomarcaíochtaí a chomhlíonadh agus riar sé dá chuid oibrithe dá réir,

–ní bhfaighidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe tacaíocht airgeadais as cistí eile nó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais agus coiscfear aon mhaoiniú dúbailte,

–beidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag teacht le gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis na Cistí Struchtúracha,

–cloífidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED le rialacha nós imeachta agus ábhartha an Aontais maidir le Státchabhair.

IMPLEACHT BHUISÉADACH

Togra buiséadach

44.Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 18 .

45.Tar éis dó an tiarratas a scrúdú i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, agus tar éis dó an líon tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú, na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus na costais mheasta a chur san áireamh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún úsáid a bhaint as CED EUR 2 165 231, arb é 60 % de chostais iomlána na ngníomhaíochtaí atá beartaithe é, chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don iarratas.

46.Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe úsáid a bhaint as CED, mar a leagtar síos i bpointe 13 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais 19 .

Gníomhartha gaolmhara

47.An tráth céanna a thíolacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh úsáid a bhaint as CED, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le haghaidh EUR 2 165 231 a aistriú chuig an líne bhuiséadach iomchuí.

48.An tráth céanna a ghlacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cinneadh a thiocfaidh i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cinneadh atá beartaithe CED a shlógadh.

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis

iarratas ón nGearmáin – EGF/2017/008 DE/Goodyear

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 20 , agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais 21 , agus go háirithe pointe 13 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is é an aidhm atá leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe nómar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na noibrithe sin sa mhargadh saothair.

(2)Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle 22 .

(3)An 6 Deireadh Fómhair 2017, chuir an Ghearmáin iarratas isteach ar úsáid a bhaint as CED i dtaca le hiomarcaíochtaí in Goodyear Dunlop Tires Germany GmbH sa Ghearmáin. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart úsáid a bhaint as CED chun ranníocaíocht airgeadais EUR 2 165 231 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Ghearmáin isteach.

(5)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a thógfar chun úsáid a bhaint as CED, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh sin ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2018, bainfear úsáid as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun méid EUR 2 165 231 a sholáthar i leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus i leithreasaí íocaíochta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [the date of its adoption]*.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2)    De réir bhrí Airteagal 3 den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú.
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 1046/2012 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú comhchoiteann na naonad críche le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú i dtaca le tarchur na hamshraithe le haghaidh an mhiondealaithe réigiúnaigh nua (IO L 310, 9.11.2012, lch. 34).
(4)    IO L 393, 30.12.2006, lch. 1.
(5)    I gcomhréir leis an gceathrú mír d’Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.
(6)    Ar an iomlán, tá an margadh bonn comhdhéanta de dhá dheighleog atá sainithe de réir méideanna fonsa rotha. Cuimsíonn deighleog B méideanna fonsa atá sa raon idir 13 horlaí agus 16 horlaí, a úsáidtear de ghnáth le haghaidh feithiclí beaga nó meánmhéide, agus cuimsíonn deighleog A méideanna fonsa atá sa raon idir 17 norlaí agus 22 orlach, a úsáidtear de ghnáth le haghaidh gluaisteáin mhóra.
(7)    ACEA The Automobile Industry Pocket Guide 2017-2018 http://www.acea.be/publications/article/acea-pocket-guide
(8)    OICA 2017: Staidreamh, http://www.oica.net/category/production-statistics/
(9)    Eurostat 2017: Trádáil mótarfheithiclí lasmuigh den Aontas Eorpach de réir catagóire, 2013-2016 (sna milliúin EUR), http://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/File:Extra_EU_trade_of_motor_vehicles,_by_category,_2013-2016_(EUR_million).png
(10)    ACEA The Automobile Industry Pocket Guide 2017-2018 http://www.acea.be/publications/article/acea-pocket-guide
(11)    ACEA The Automobile Industry Pocket Guide 2017-2018 http://www.acea.be/publications/article/acea-pocket-guide
(12)    ETRMA 2017: Staidreamh - Eagrán 2016, Uimh. 8, http://www.etrma.org/uploads/Modules/Documentsmanager/20161208---statistics-booklet-2016-final5.pdf.
(13)    ETRMA 2017: Staidreamh - Eagrán 2016, Uimh. 8, http://www.etrma.org/uploads/Modules/Documentsmanager/20161208---statistics-booklet-2016-final5.pdf
(14)    GFK 2015: Sonraí Rianaithe ó GfK maidir le Díolacháin Tráchtála, Trádáil Bonn sa Ghearmáin, Eanáir-Nollaig 2005 go hEanáir-Nollaig 2014, https://blog.gfk.com/wp-content/uploads/2015/04/01-a.png
(15)    Bhí earnáil Rannán 29 NACE, Athbhreithniú 2 (Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí) ina hábhar do 23 iarratas ar CED, a raibh 13 cinn díobh bunaithe ar an domhandú a bhaineann le trádáil agus 10 gcinn díobh bunaithe ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta. I gcuid mhór de na cásanna sin, bhí leibhéil éagsúla tionchair ag an dá chritéar (an domhandú agus an ghéarchéim) ar an gcinneadh oibrithe a leagan as. Is faoin mBallstát ansin atá sé a dhéanamh amach cén critéar díobh a bhí ar an bpríomhchúis in aon iarratas ar leith agus anailís réasúnaithe a sholáthar ar an nasc idir na hiomarcaíochtaí agus an critéar lena mbaineann, agus cúisíocht shoiléir á léiriú aige.
(16)    Na costais mheasta iomlána arna roinnt ar an líon measta rannpháirtithe; chun deachúlacha a sheachaint, slánaítear na meánchostais mheasta in aghaidh an rannpháirtí.
(17)    Maidir le soláthar an phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe, ina gcuimsítear an tíoc liúntas agus bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, is féidir tús a chur leis a luaithe a théann na hoibrithe go hoifigiúil isteach sa chuideachta aistrithe (an 1 Eanáir 2018 nó an 1 Aibreán 2018 faoi seach). Ón gcéad lá ar aghaidh, íoctar liúntais oiliúna (an "Transferkurzarbeitergeld") le hoibrithe, ar liúntais iad atá incháilithe le haghaidh chomhchistiú CED le linn do na hoibrithe iomarcacha cloí le bearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair.
(18)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
(19)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(20)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(21)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(22)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).