29.5.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

19


Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 1/2018 ón gComhairle ar an gcéad léamh go nglacfaí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

(2018/C 184/02)

I.   RÉAMHRÁ

1.

An 11 Aibreán 2013, rinne an Coimisiún an togra thuasluaite maidir le nuachóiriú na n-ionstraimí cosanta trádála lena leasaítear na rialacháin frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm faoi láthair (“nuachóiriú TDI”) a chur faoi bhráid na Comhairle agus na Parlaiminte (1).

2.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh ag seisiún iomlánach dá cuid an 16 Aibreán 2014 (2).

3.

Ag an gcruinniú a bhí aige an 13 Nollaig 2016, tháinig Coiste na mBuanionadaithe ar chomhaontú maidir le sainordú faoina gcuirfeadh an uachtaránacht tús le caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa d'fhonn teacht ar chomhaontú luath ar an dara léamh (3).

4.

Ar an mbonn sin, tionóladh ocht gcruinniú tríthaobhacha le linn uachtaránacht Mhálta agus uachtaránacht na hEastóine in 2017, eadhon an 21 Márta, an 27 Aibreán, an 31 Bealtaine, an 13 Meitheamh, an 18 Deireadh Fómhair, an 7 agus an 23 Samhain agus an 5 Nollaig.

5.

Ag an gcruinniú tríthaobhach polaitiúil deireanach an 5 Nollaig 2017, thángthas ar chomhréiteach sealadach leis an bParlaimint i ndáil le téacs an dréachtrialacháin maidir le nuachóiriú na n-ionstraimí cosanta trádála.

6.

An 15 Nollaig 2017, thacaigh an Mheitheal um Cheisteanna Trádála i gcoitinne leis an gcomhréiteach ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa.

7.

Ag an gcruinniú dá chuid, ina dhiaidh sin, an 20 Nollaig 2017, rinne Coiste na mBuanionadaithe anailís ar an téacs comhréitigh deiridh d’fhonn teacht ar chomhaontú (4).

8.

Chaith Coiste Pharlaimint na hEorpa um Thrádáil Idirnáisiúnta vóta maidir leis an gcomhaontú polaitiúil an 23 Eanáir 2018, a bhí mar léiriú ar thoradh na caibidlíochta, agus d’fhormheas sé é trí thromlach mór (5).

9.

I litir dar dáta an 30 Eanáir 2018, chuir Cathaoirleach Choiste Pharlaimint na hEorpa um Thrádáil Idirnáisiúnta in iúl d’Uachtarán Coreper go molfadh sé don seisiún iomlánach seasamh na Comhairle a ghlacadh, gan aon leasú, ar an dara léamh sa Pharlaimint (6) dá dtíolacfadh an Chomhairle a seasamh go foirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh mar a comhaontaíodh, arna fhíorú ag na dlítheangeolaithe.

10.

An 7 Feabhra 2018, dhearbhaigh Coiste na mBuanionadaithe an téacs comhréitigh deiridh d’fhonn teacht ar chomhaontú (7).

II.   CUSPÓIR

11.

Ba é an aidhm a bhí leis an togra ionstraimí cosanta trádála an Aontais a thabhairt cothrom le dáta agus a nuachóiriú, ionstraimí nach ndearnadh athbhreithniú suntasach orthu ón uair a tugadh Babhta Uragua chun críche sa bhliain 1995, d’fhonn iad a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí chun tacú le hoibreoirí an Aontais.

III.   ANAILÍS AR SHEASAMH NA COMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

A.   Faisnéis Ghinearálta

12.

Leis an Rialachán, cuirtear feabhas ar roinnt saincheisteanna tábhachtacha d'oibreoirí, amhail: níos mó trédhearcachta sna himeachtaí, rochtain níos fearr ar fhaisnéis ag FBManna, ról an oifigigh éisteachta agus dheasc chabhrach FBM a fheabhsú trí chúram nua a thabhairt dóibh oibreoirí a threorú in imeachtaí imscrúdaithe, frith-imchéimniú agus comhdhlúthú na gcleachtas reatha, etc.

A bhuíochas ar na feabhsuithe sin, beidh na hionstraimí cosanta trádála níos intuartha agus soláthrófar réitigh phraiticiúla ar fhíorfhadhbanna a bheidh ag geallsealbhóirí an Aontais agus na hionstraimí á n-úsáid acu.

B.   Gnéithe sonracha — na saincheisteanna is conspóidí

Riail na dleachta is lú

13.

Ba chúis imní ar leith don Chomhairle na forálacha a bhaineann le dífheidhmiú riail na dleachta is lú a bheartaítear i gcás saofa amhábhair. Leis an gcomhréiteach ar tháinig an dá chomhreachtóir air sa chruinniú tríthaobhach deiridh, ceadaítear dífheidhmiú riail na dleachta is lú i gcásanna dea-shainithe:

amhábhair shaofa arb ionann sin agus níos mó ná 17 % den chostas táirgthe, tógtha ar bhonn aonair (tairseach aonair);

saobhadh amhábhair mar a shainmhínítear i liosta ECFE ach leis an bhféidearthacht an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin gníomh tarmligthe chun é a chur ar aon dul le cúinsí ECFE a bheidh ann amach anseo;

i gcás dumpála, beidh ar an gCoimisiún a bhaint de thátal as go soiléir gur chun leasa an Aontais dífheidhmiú riail na dleachta is lú (“tástáil dhearfach leas an Aontais”).

14.

Maidir leis an spriocbhrabús íosta (arb é an leibhéal brabúsachta é is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána, taighde agus forbairt agus nuálaíocht a chlúdach), ghlac an Chomhairle leis an leibhéal 6 % ar a ísle.

15.

Cuirfear caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil san áireamh agus an corrlach díothaithe díobhála á bhunú. Thairis sin, beidh an deis ann costais a bheidh ann amach anseo a chur san áireamh, ar costais iad a eascraíonn as na caighdeáin sin a chur chun feidhme, ach na costais sin a bheith intuartha go soiléir agus cainníochtúil go hoibiachtúil. Úrnuacht is ea é sin atá á saothrú ag Parlaimint na hEorpa, ach tá áirithithe ag an gComhairle nach ndéanfar na costais a chomhaireamh faoi dhó agus go bhfuil na costais cuí-réasúnaithe (8).

16.

I gcás na hionstraime frith-fhóirdheontais, ní féidir riail na dleachta is lú a chur i bhfeidhm a thuilleadh.

Tréimhse an réamhnochta

17.

Comhaontaíodh tréimhse 3 seachtaine réamhnochta in éineacht le trí bheart sábháilteachta breise a rachaidh i ngleic le rioscaí féideartha an charntha stoic: úsáid níos leithne cláraithe allmhairí; bailiú agus cur in iúl athchóirithe staidrimh; agus corrlach díobhála breise le cur leis an dleacht chinntitheach d’fhonn aon charnadh stoic a chúiteamh le linn thréimhse an réamhnochta.

18.

Thairis sin, comhaontaíodh clásal athbhreithnithe maidir le fad na tréimhse réamhnochta. Dhá bhliain tar éis an dáta teacht i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a éifeachtaí a bhí na trí bheart sábháilteachta maidir le dul i ngleic leis an gcarnadh stoic. I bhfianaise an mheasúnaithe sin, ba cheart don Choimisiún an méid seo a leanas a mholadh, trí bhíthin gníomh tarmligthe:

tréimhse an réamhnochta a laghdú go 2 sheachtain dá dtiocfadh méadú suntasach, nárbh fhéidir leis an gCoimisiún aghaidh a thabhairt air, ar allmhairí;

tréimhse an réamhnochta a mhéadú go 4 seachtaine d’fhonn intuarthacht a fheabhsú d’oibreoirí an Aontais mura dtiocfadh aon mhéadú suntasach ar allmhairí nó dá mba rud é go mbeadh an Coimisiún in ann aghaidh a thabhairt air.

Scairbh ilchríochach agus limistéar eacnamaíoch eisiach

19.

Le linn na bpléití leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún, ghlac an Chomhairle, ina theannta sin, le tabhairt isteach clásail cumasúcháin lena gceadófar bearta a shíneadh chuig an scairbh ilchríochach agus an limistéar eacnamaíoch eisiach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme amach anseo. Tá sé áirithithe ag an gComhairle go dtabharfar dóthain ama do na húdaráis custaim an t-ábhar a scrúdú.

Aisíocaíocht dleachtanna

20.

Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa an seasamh ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an bhféidearthacht le haisíocaíocht d'oibreoirí a choimirciú. Má aisghairtear bearta, aisíocfar leis na hallmhaireoirí na dleachtanna breise a bailíodh le linn an athbhreithnithe éaga. Bhí an prionsabal sin ag teacht go hiomlán le sainordú na Comhairle.

Ceardchumainn

21.

Ghlac an Chomhairle leis an leasú ón bParlaimint go mbeidh na ceardchumainn in ann gearáin a chur isteach in éineacht le hearnáil na tionsclaíochta. Beidh siad in ann tacú le gearáin a chomhdaíonn earnáil na tionsclaíochta freisin.

Bíonn na ceardchumainn ina “bpáirtithe leasmhara”, ar an dóigh sin, sna himeachtaí. Bhí ról na gceardchumann i gcosaint trádála glactha ag an gComhairle cheana féin sa chomhad nua modheolaíochta frithdhumpála (9) gaolmhar, comhad lenar modhnaíodh na gníomhartha dlíthiúla céanna.

Fad na n-imscrúduithe

22.

Beidh an fad le haghaidh bearta sealadacha a fhorchur “7 mí de ghnáth ach ní bheidh sé níos mó ná 8 mí”. Caithfear dleachtanna cinntitheacha a fhorchur laistigh de 14 mhí. Ghlac Parlaimint na hEorpa le sainordú na Comhairle.

IV.   CONCLÚID

23.

Léirítear leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach a baineadh amach sa chaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, le tacaíocht an Choimisiúin.

Creideann an Chomhairle gur pacáiste cothromaithe atá ina seasamh agus creideann sí, a luaithe a ghlacfar an Rialachán nua, go gcuirfear ionstraimí cosanta trádála athchóirithe an Aontais i bhfeidhm leis, ar ionstraimí iad atá éifeachtach agus intuartha in aghaidh dúshláin trádála dhomhanda.


(1)  8495/13 + ADD 1-2.

(2)  PE T7-0420/2014

(3)  15466/16

(4)  15530/17

(5)  PE 616.540

(6)  PE 616.821

(7)  5810/18

(8)  Áirítear sa chomhaontú freisin forálacha eile maidir le gnéithe sóisialta agus comhshaoil, ach nach mbaineann le riail na dleachta is lú, i réimsí na ngealltanas praghsanna, na n-athbhreithnithe eatramhacha agus thuarascáil bhliantúil an Choimisiúin.

(9)  Rialachán (AE) 2017/2321 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad, (IO L 338, 19.12.2017, Ich. 1).