10.1.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


TUAIRIM UIMH. 9/2018

(de bhun Airteagal 287(4) CFAE)

a bhaineann leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise AE

CLÁR

 

Mír

Leathanach

ACHOIMRE

I-VI

2

RÉAMHRÁ

1-8

3

CUID A hAON: BARÚLACHA GINEARÁLTA

9-17

4

Dearadh an chláir

9-12

4

Cuspóirí an chláir

13-14

4

Táscairí an chláir

15-16

5

Faireachán, meastóireacht agus tuairisciú an chláir

17

5

CUID A DÓ: BARÚLACHA SONRACHA

18-21

5

Rialacha incháilitheachta

18

5

Rátaí cómhaoinithe

19-20

5

Meastóireacht

21

6

CUID A TRÍ: CONCLÚIDÍ AGUS MOLTAÍ

22-25

6

IARSCRÍBHINN — MHOL CIE LEASUITHE AR AN TOGRA

7

CÚIRT INIÚCHÓIRÍ NA hEORPA,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 325(4) de,

Ag féachaint do thuairim na Cúirte Iniúchóirí maidir leis an gclár Hercule III chun gníomhaíochtaí i réimse chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn (1) (Tuairim 3/2012 (2)),

Ag féachaint do thuarascálacha speisialta ón gCúirt Iniúchóirí 10/2015 (3), 24/2016 (4) agus 19/2017 (5),

Ag féachaint do pháipéir faisnéisithe na Cúirte Iniúchóirí ar a bhfuil i ndán do bheartas airgeadais an Aontais Eorpaigh (6) agus don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027 (7),

Ag féachaint don togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise AE, arna chur faoi bhráid ag an gCoimisiún ar an 30 Bealtaine 2018 (8) (ar a ngairfear “an togra” anseo feasta),

Ag féachaint do na hiarrataí déanta ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún, an 27 Meitheamh 2018 agus an 30 Bealtaine 2018 faoi seach, le haghaidh tuairim maidir leis an togra thuasluaite,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (9);

TÁ AN TUAIRIM SEO A LEANAS ARNA GLACADH:

ACHOIMRE

I.

Áirítear i dtogra an Choimisiúin maidir le Clár Frith-Chalaoise AE le haghaidh chlárthréimhse 2021-2027 sraith beart chun cabhrú leis na Ballstáit agus leis an Aontas calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, agus chun tacú le comhar agus cúnamh riarthach frithpháirteach i gcúrsaí custaim agus talmhaíochta. Ainneoin go ndearna an Coimisiún iarracht an bainistiú buiséadach a shruthlíniú, tá riosca ann go mbeidh forluí agus easpa sineirgí le gníomhaíochtaí a bhfuil gníomhaíochtaí cosúla nó na gníomhaíochtaí céanna á maoiniú acu. Caitheann sé seo amhras ar bhreisluach an chláir.

II.

Níor áiríodh in ullmhúchán an togra measúnú tionchair cuimsitheach agus doiciméadaithe. Bhí meastóireacht ex-ante ag gabháil leis an togra, mar atá arna éileamh ag an Rialachán Airgeadais. Tugaimid dár n-aire, áfach, nach ndearna an Coimisiún measúnú chun an forluí agus na sineirgí idir an clár agus gníomhaíochtaí AE eile a thaiscéaladh, agus chun a bhreisluach a mheas níos fearr. Mar a thugamar dár n-aire i dTuarascáil speisialta 19/2017, chinn an Coimisiún, faoi Hercule II, go bhféadfadh níos mó a bheith déanta chun comhar idir a sheirbhísí a fheabhsú chun forluí a chosc agus chun tairbhe a bhaint as sineirgí i measc clár.

III.

Níl an ráta cómhaoinithe á shonrú sa togra, i.e. an céatadán de ranníocaíocht AE mar chéatadán chostais na ngníomhaíochtaí (tá na costais eile á n-íoc ag an mBallstát). Níl sé seo ag teacht leis an Rialachán Airgeadais. Roimhe seo mholamar go ndéanfaí uasráta cómhaoinithe de 50 % a shocrú le haghaidh chomhchodanna an trealaimh theicniúil, agus 80 % le haghaidh na ngníomhaíochtaí eile.

IV.

Níl cuid de chuspóirí ginearálta agus sonracha an chláir sonrach agus intomhaiste. Níl na táscairí feidhmíochta arna mholadh sách soiléir agus láidir. Tá sé seo contrártha don Rialachán Airgeadais, agus cuireann sé teorainn leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme, an mheastóireacht ar thorthaí, agus spriocdhíriú éifeachtach cistí chuig gníomhaíochtaí a tháirgeann breisluach.

V.

Molaimid go mbeadh cuspóirí an chláir agus na táscairí a bheadh in úsáid chun faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme agus a thorthaí a mheas á sonrú ar bhealach níos fearr ag na comhlachtaí reachtacha agus go n-iarrfaí ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh chun forluí agus sineirgí le gníomhaíochtaí AE eile a thaiscéaladh agus a bhreisluach a mheas.

VI.

Molaimid chomh maith go soiléireoidh na comhlachtaí reachtacha minicíocht an tuairiscithe ar fheidhmíocht agus na rátaí cómhaoinithe atá le cur i bhfeidhm, agus go sonrófar gur cheart go mbeadh na meastóireachtaí á ndéanamh ag meastóir neamhspleách.

RÉAMHRÁ

1.

Tugann Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) freagracht chomhroinnte don Aontas agus do na Ballstáit as leasanna airgeadais an AE a chosaint. Bhí sraith beart chun cabhrú leis na Ballstáit agus leis an Aontas chun calaois a dhéanann difear do na leasanna sin a chosc agus a chomhrac, agus chun tacú le comhar agus cúnamh riarthach frithpháirteach i gcúrsaí custaim agus talmhaíochta, ag gabháil le creataí airgeadais ilbhliantúla (CAIanna) a bhí ann roimhe seo. Le haghaidh chlárthréimhse 2014-2020, ceann de na príomhchláir a bunaíodh chun bearta i gcoinne na calaoise a chur chun feidhme ba ea Hercule III.

2.

Le haghaidh chlárthréimhse 2021-2027, leanfadh an Clár Frith-Chalaoise AE atá arna mholadh formhór d’fhorálacha Hercule III, a chumhdaíonn caiteachas ar chúnamh teicniúil speisialaithe do Bhallstáit, oiliúint spriocdhírithe speisialaithe agus gníomhaíochtaí eile. Díríonn siad seo ar an gcomhrac i gcoinne calaoise agus tacaíonn siad le hoibríochtaí trasteorann. Ina theannta sin, bheadh dhá phríomhchóras á maoiniú ag an gclár: an Córas Faisnéise Frith-Chalaoise (AFIS) (10), a chumhdaíonn iarratais custaim arna mbainistiú ag an gCoimisiún, agus an Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí (IMS), a chabhraíonn le Ballstáit lena n-oibleagáid neamhrialtachtaí braite (calaoiseach agus neamhchalaoiseach) a bhaineann le cistí AE a thuairisciú.

3.

Bheadh dhá chuspóir ghinearálta ag an gclár atá arna mholadh:

(1)

Leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint,

(2)

Tacú le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun cur i bhfeidhm ceart an dlí maidir le cúrsaí custaim agus talmhaíochta a áirithiú.

4.

Bheadh trí chuspóir shonracha aige chomh maith:

(1)

Calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an AE a chosc agus a chomhrac,

(2)

Tacú le tuairisciú neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, maidir le cistí bainistithe comhroinnte agus cúnamh réamhaontachais bhuiséad an AE,

(3)

Uirlisí a sholáthar le haghaidh malartú faisnéise agus tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla i réimse an chúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh i gcúrsaí custaim agus talmhaíochta.

5.

Is é 181 milliún euro an buiséad iomlán atá arna mholadh chun an clár a chur chun feidhme don tréimhse iomlán. Bheadh an méid seo á leithdháileadh go hainmniúil ar thrí chuspóir shonracha mar seo a leanas: 114 milliún euro (63 %), 7 milliún euro (4 %) agus 60 milliún euro (33 %) faoi seach. Bheadh an clár seo á riar go díreach ag an gCoimisiún (11).

6.

Inár dtuairim 3/2012, tharraingíomar aird ar roinnt de na laigí sa mheasúnú feidhmíochta ar Hercule II (12), a dhírigh ar ionchuir agus ar aschuir ach nár thuairiscigh ar thionchar an chláir. Le déanaí, luaitear in achoimre ar ár dtorthaí i dtuarascálacha speisialta 10/2015, 24/2016 agus 19/2017 gur tugadh laigí faoi deara in oibriú AFIS agus IMS. Rinne siad seo difear do chumarsáid agus tuairisciú éifeachtach faisnéise a bhaineann le calaois agus neamhrialtachtaí.

7.

Baineann an tuairim seo leas as an obair atá déanta againn roimhe seo, mar aon le scrúdú ar thogra an Choimisiúin, an mheastóireacht ex-ante (13) atá á tionlacan agus meastóireacht mheántéarma Hercule III (a chumhdaíonn an tréimhse idir Eanáir 2014 agus Meitheamh 2017).

8.

Tá an tuairim seo roinnte i dtrí chuid: barúlacha ginearálta, barúlacha sonracha agus conclúidí.

CUID A hAON: BARÚLACHA GINEARÁLTA

Dearadh an chláir

9.

Sa CAI reatha, is clár caiteachais neamhspleách é Hercule III. Bheadh Hercule III á chomhcheangal leis an mbonn maoinithe le haghaidh AFIS agus IMS sa Chlár Frith-Chalaoise AE. Cé go leanfadh an dá chóras seo a bheith faoi cheangal go hoibríochtúil ag a n-ionstraimí dlí faoi seach (Rialachán (CE) Uimh. 515/97 le haghaidh an chéad chóras agus rialacháin iolracha earnáilsonracha le haghaidh an dara córas), d’aistreofaí forálacha maoinithe AFIS chuig an gclár nua.

10.

Fáiltímid roimh thionsncamh an Choimisiúin bainistiú buiséadach na dtrí ionstraim a shruthlíniú. Tá riosca forluí agus easpa sineirgí le gníomhaíochtaí a bhfuil gníomhaíochtaí cosúla nó na gníomhaíochtaí céanna á maoiniú acu, áfach (14), an chéad chlár Custaim eile, mar shampla. D’fhéadfaí úsáid éifeachtúil agus éifeachtach acmhainní a ghnóthú trí ghníomhaíochtaí i réimsí cosúla a chomhcheangal. I dtuarascáil speisialta 19/2017, thugamar cinneadh an Choimisiúin féin faoi deara, is é sin faoi Hercule II, go bhféadfadh níos mó a bheith déanta chun comhar idir a sheirbhísí a fheabhsú chun tairbhe a bhaint as sineirgí agus chun forluí idir cláir a chosc (15).

11.

Bhí meastóireacht ex-ante ag gabháil leis an togra, mar atá arna éileamh ag Airteagal 34(2) den Rialachán Airgeadais. Níor áiríodh in ullmhúchán an togra seo measúnú tionchair cuimsitheach agus doiciméadaithe, áfach (16). Mheas an Coimisiún nach raibh gá le measúnú, mar go leanfadh an Clár Frith-Chalaoise AE le tionscnaimh atá ann cheana agus mar gheall ar a struchtúr agus buiséad teoranta.

12.

De réir an mheabhráin míniúcháin atá ag tionlacan an togra, d’úsáidfeadh an Coimisiún a chláir oibre bliantúla chun taiscéaladh a dhéanamh ar conas dúbailt a sheachaint agus sineirgí a aimsiú idir an clár nua agus ionstraimí eile sna réimsí beartais céanna. In éagmais measúnú tionchair, measaimid go mbainfeadh togra an Choimisiúin tairbhe as a mheas cibé an n-áiritheodh nó nach n-áiritheodh an clár nua a chomhcheangal le cláir eile a bhfuil gníomhaíochtaí cosúla á maoiniú acu (17) i réimsí amhail Ceartas, Custaim, agus Gnóthaí Baile (18) úsáid níos fearr a bheith á baint as cistí. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an measúnú seo bonn níos fearr a sholáthar chun measúnú a dhéanamh ar bhreisluach an chláir.

Cuspóirí an chláir

13.

Leagtar amach sa togra dhá chuspóir ghinearálta agus trí chuspóir ghinearálta (féach mír 3 agus mír 4). Inár dtuairim, tá cuspóir ginearálta (1) agus cuspóir sonrach (1) róleathan agus d’fhéadfadh go mbeadh siad ag forluí le cuspóirí clár eile. Contrártha don cheanglas in Airteagal 33(3) den Rialachán Airgeadais, níl siad ach SMART i bpáirt (sonrach, intomhaiste, insroichte, ábhartha agus faoi cheangal ama).

14.

Tugaimid faoi deara freisin nach sonraíonn an clár cuspóirí oibríochtúla den chineál a leagtar amach le haghaidh Hercule III. Dá ndéanfaí amhlaidh bhrisfí síos na cuspóirí atá ann faoi láthair i spriocanna oibre níos mionsonraithe agus bheadh sé níos éasca táscairí feidhmíochta a shocrú.

Táscairí an chláir

15.

Éilíonn Airteagal 33(3) den Rialachán Airgeadais go n-úsáidtear táscairí feidhmíochta atá ábhartha, glactha, inchreidte, éasca agus láidir (RACER). Foráiltear sa togra maidir le trí tháscaire atá le húsáid chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn a bhaineann le cuspóirí sonracha an chláir (féach Bosca).

Bosca — Táscairí feidhmíochta atá nasctha le cuspóirí sonracha an chláir

(1)

Tacú le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, arna dtomhas trí:

Ráta sástachta gníomhaíochtaí eagraithe agus (có)mhaoinithe tríd an gclár, agus

Céatadán Ballstát a bhfuil tacaíocht á fáil acu le haghaidh gach bliain den chlár.

(2)

Ráta sástachta úsáideoirí le haghaidh úsáid an Chórais Bainistíochta Neamhrialtachtaí.

(3)

An líon faisnéise um chúnamh frithpháirteach a cuireadh ar fáil agus an líon gníomhaíochtaí a bhaineann le cúnamh frithpháirteach ar tugadh tacaíocht dóibh.

16.

Ní thomhaiseann na táscairí seo na torthaí agus tionchar na gníomhaíochta atá le déanamh chun tacú le cosaint leasanna airgeadais an AE. San fhoirm ina bhfuil siad faoi láthair, ní chomhlíonann siad na critéir RACER ach i bpáirt agus ní bheadh siad oiriúnach chun chomh maith is atá cuspóirí an chláir á mbaint amach a thomhas. Inár dtuairim, ní áirítear sa togra táscairí oiriúnacha a nascann na hacmhainní úsáidte ar ghníomhaíochtaí a bhfuil calaois á cosc acu lena dtionchar.

Faireachán, meastóireacht agus tuairisciú ar an gclár

17.

Chiallódh na heasnaimh thuasluaite i gcuspóirí agus táscairí go mbeadh teorainn leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme an chláir agus leis an meastóireacht (eatramhach agus críochnaitheach) ar na torthaí. Ina theannta sin, ní léirítear sa togra minicíocht an tuairiscithe ar fheidhmíocht. Inár dtuairim, is dea-chleachtas é tuairisciú ar fheidhmíocht go bliantúil (féach Iarscríbhinn).

CUID A DÓ: BARÚLACHA SONRACHA

Rialacha incháilitheachta

18.

Bheadh Airteagal 8 den togra mar bhonn le gach gníomhaíocht a bhfuil na cuspóirí á gcur chun feidhme acu a bheith incháilithe le haghaidh maoiniú. Tugaimid faoi deara nár leag an Coimisiún amach aon rialacha sonracha chun incháilitheacht gníomhaíochtaí atá le maoiniú a mheasúnú. In éagmais na rialacha seo agus ag cur san áireamh go bhfuil cuid de na cuspóirí doiléir (féach mír 3, mír 4 agus mír 13), tá an measúnú róleathan le bheith lánbhrí.

Rátaí cómhaoinithe

19.

Níl ráta cómhaoinithe á shonrú sa togra — an céatadán de ranníocaíocht AE mar chéatadán chostais na ngníomhaíochtaí (tá na costais eile á n-íoc ag an gcomhlacht feidhmiúcháin náisiúnta). Níl sé seo ag teacht leis an Rialachán Airgeadais (19). Faoi Hercule II, bhí an ráta cómhaoinithe le haghaidh cúnamh teicniúil socraithe ag 50 % de chostais incháilithe. Le haghaidh Hercule III, bhí an ráta cómhaoinithe cothrom le 80 % le haghaidh gach gníomhaíocht AE (agus 90 % in imthosca eisceachtúla agus imthosca a bhfuil bonn cuí leo). Ní shoiléirítear sa togra seo, áfach, cé chomh hard agus a d’fhéadfadh an tacaíocht uasta AE a bheith nó cé mhéad a mbeadh ar Bhallstáit a chur ar fáil óna mbuiséid náisiúnta.

20.

Inár dtuairim, ba cheart na huasrátaí cómhaoinithe a shonrú go soiléir sa rialachán (féach Iarscríbhinn) mar go mbeidh an chothromaíocht cheart á háirithiú acu idir an AE agus leasanna náisiúnta, cuirfidh siad úinéireacht Ballstát faoi urrús agus soláthróidh siad trédhearcacht maidir le caiteachas. Shonraíomar inár dTuairim 3/2012 gur cheart go bhfanfadh an t-uasráta cómhaoinithe ag 50 % le haghaidh trealamh teicniúil d’fhonn a áirithiú go bhfuil leasanna AE agus náisiúnta cothrom.

Meastóireacht

21.

Foráiltear in Airteagal 12(1) gur cheart meastóireachtaí a dhéanamh go tráthúil ionas gur féidir iad a áireamh sa phróiseas cinnteoireachta. Ní shonraítear sa togra, áfach, gur cheart go mbeadh na meastóireachtaí seo á ndéanamh ag meastóir neamhspleách. De réir an Choimisiúin (20), is féidir glacadh leis go bhfuil meastóireacht neamhspleách sna cásanna seo a leanas: (i) nuair a dhéanann meastóirí a dtascanna a chur i gcrích gan tionchar nó brú ón eagraíocht a bheith i gceist; (ii) nuair a thugtar rochtain iomlán do mheastóirí ar an bhfaisnéis riachtanach ar fad; agus (iii) nuair atá uathriail iomlán gníomhaíochta ag meastóirí agus nuair a thuairiscíonn siad a dtorthaí. Molaimid go leathnódh an Coimisiún an t-airteagal seo dá réir sin (féach Iarscríbhinn).

CUID A TRÍ: CONCLÚIDÍ AGUS MOLTAÍ

22.

Leanfadh an Clár Frith-Chalaoise AE atá arna mholadh le haghaidh chlárthréimhse 2021-2027 an clár Hercule III atá ann faoi láthair mar aon leis an AFIS agus an IMS a mhaoiniú. Fáiltímid roimh thionscnamh an Choimisiúin a bhainistiú buiséadach a shruthlíniú ar an mbealach seo. D’fhéadfaí úsáid éifeachtúil agus éifeachtach acmhainní a ghnóthú, áfach, trí ghníomhaíochtaí i réimsí cosúla a chomhcheangal (féach mír 2 agus mír 10).

23.

Níl an togra seo bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach agus doiciméadaithe. Tugaimid dár n-aire nach ndearna an Coimisiún measúnú chun an forluí agus na sineirgí idir an clár agus gníomhaíochtaí AE eile a thaiscéaladh, agus chun a bhreisluach a mheas níos fearr (féach mír 11 agus mír 12).

24.

Níl cuid de na cuspóirí ginearálta agus sonracha sonrach agus intomhaiste, agus níl na táscairí feidhmíochta sách soiléir agus láidir. Chuirfeadh sé seo teorainn leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme, an mheastóireacht ar thorthaí, agus spriocdhíriú éifeachtach cistí chuig gníomhaíochtaí a áirithíonn breisluach. Chomh maith leis sin, teipeann ar an togra minicíocht an tuairiscithe feidhmíochta a shoiléiriú (féach mír 13 go mír 17).

25.

Molaimid go ndéanfadh na comhlachtaí reachtacha an méid seo a leanas a luaithe agus is féidir:

(a)

Cuspóirí an chláir agus na táscairí a bheadh in úsáid chun faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme agus chun a thorthaí a mheas a shonrú ar bhealach níos fearr.

(b)

Minicíocht an tuairiscithe feidhmíochta a shoiléiriú, uasrátaí cómhaoinithe a shocrú agus a shonrú gur cheart go mbeadh meastóireachtaí á ndéanamh ag meastóir neamhspleách (féach mír 17, mír 20 agus mír 21). Tá na leasuithe atá á moladh againn luaite san Iarscríbhinn.

(c)

Iarr ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh chun forluí agus sineirgí an chláir le gníomhaíochtaí AE eile a thaiscéaladh, agus chun a bhreisluach a mheas níos fearr.

Ghlac an Chúirt Iniúchóirí leis an Tuairim seo i Lucsamburg ag a cruinniú ar an 15 Samhain 2018.

Don Chúirt Iniúchóirí

Klaus-Heiner LEHNE

Uachtarán


(1)  Féach Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena mbunaítear clár chun gníomhaíochtaí a chur chun cinn i réimse chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh (Clár Hercule III) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE (IO L 84, 20.3.2014, lch. 6).

(2)  IO C 201, 7. 7.2012, lch. 1.

(3)  Tuarascáil speisialta 10/2015: “Ba cheart iarrachtaí aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna le soláthar poiblí i gcaiteachas comhtháthaithe AE a neartú”.

(4)  Tuarascáil speisialta 24/2016: “Teastaíonn tuilleadh iarrachtaí chun feasacht a mhúscailt maidir le comhlíonadh agus chun comhlíonadh le rialacha maidir leis an Státchabhair a fhorfheidhmiú i mbeartas comhtháthaithe”.

(5)  Tuarascáil speisialta 19/2017: “Nósanna imeachta allmhairí: tá tionchar ag easnaimh sa chreat dlíthiúil agus ag cur chun feidhme neamhéifeachtach ar leasanna airgeadais an AE”.

(6)  “A bhfuil i ndán do bheartas airgeadais an Aontais Eorpaigh: conas a oibríonn buiséad an AE a athchóiriú”, páipéar faisnéisithe, an 15 Feabhra 2018.

(7)  “Togra an Choimisiúin le haghaidh Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027”, páipéar faisnéisithe, an 10 Iúil 2018.

(8)  COM(2018) 386 críochnaitheach.

(9)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(10)  Féach Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun cur i bhfeidhm an dlí maidir le cúrsaí custaim agus talmhaíochta a áirithiú, (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(11)  Tá an fhéidearthacht ann go gcuirfear gníomhaíocht shonrach chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach.

(12)  Is é clár Hercule II an clár roimh chlár Hercule III i gclárthréimhse 2007-2013.

(13)  Doiciméad inmheánach oibre: Meastóireacht ex-ante ag tionlacan an togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise AE (SWD(2018) 294 críochnaitheach an 30 Bealtaine 2018).

(14)  Ceartas, Custaim, agus Gnóthaí Baile (féach freisin fonóta 18).

(15)  COM(2015) 221 críochnaitheach an 27 Bealtaine 2015“’Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cuspóirí chlár Hercule II a ghnóthú”’.

(16)  De réir Threoirlínte um Rialáil Níos Fearr (SWD(2017) 350 críochnaitheach an 7 Bealtaine 2017), tá gá le measúnú tionchair nuair is dócha go mbeidh na tionchair eacnamaíocha, chomhshaoil nó shóisialta ionchasacha de ghníomhaíocht AE suntasach (lch. 15).

(17)  Féach go háirithe aithris (13) den togra maidir le héadáil trealamh rialaithe custaim.

(18)  Clár Fiscalis, clár Custaim, clár um Cheartas agus Ciste um Shlándáil Inmheánach.

(19)  Airteagal 186.

(20)  Féach Treoirlínte um Rialáil Níos Fearr (SWD(2017) 350 críochnaitheach an 7 Bealtaine 2017).


IARSCRÍBHINN

Mhol CIE leasuithe ar an togra

Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise AE (COM(2018) 386 críochnaitheach)

Airteagal

Ár moladh / athrú molta

Ráitis

8

Téacs reatha

Gníomhaíochtaí incháilithe

Ní bheidh ach gníomhaíochtaí a bhfuil na cuspóirí dádtagraítear in Airteagal 2 á gcur chun feidhme acu incháilithe le haghaidh maoiniú.

Leasú molta

Gníomhaíochtaí incháilithe agus cómhaoiniú

1.

Ní bheidh ach gníomhaíochtaí a bhfuil na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 á gcur chun feidhme acu incháilithe le haghaidh maoiniú.

2.

Beidh an t-uasráta cómhaoinithe cothrom le xx% le haghaidh trealamh teicniúil. D’fhéadfaí é seo a ardú go xx% i gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a bhfuil bonn cuí leo. Beidh an t-uasráta cómhaoinithe xx% i bhfeidhm i ndáil le gníomhaíochtaí AE eile freisin.

Ba cheart na rátaí cómhaoinithe a léiriú go soiléir sa rialachán (féach mír 20).

11(3)

Cuir an tríú habairt leis: “Déanfar tuairisciú feidhmíochta uair sa bhliain.”

Faoi láthair ní léirítear sa togra minicíocht an tuairiscithe feidhmíochta (féach mír 17).

12(1)

Cuir an dara habairt leis: “Ba cheart go mbeadh siad á ndéanamh ag meastóir neamhspleách.”

Ní luaitear sa togra gur cheart go mbeadh meastóireachtaí á ndéanamh ag meastóir neamhspleách. Molaimid an ceanglas seo a áireamh san airteagal ábhartha (féach mír 21).