An Bhruiséil,8.11.2017

SWD(2017) 651 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Measúnú tionchair ar Thogra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (athmhúnlu)

[...]

{COM(2017) 676 final}
{SWD(2017) 650 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar Thogra athmhúnlaithe le haghaidh Rialachán lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Leis na Rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair, leagtar síos spriocanna i leith astaíochtaí CO2 ar fud an Aontais do ghluaisteáin nua agus veaineanna nua go dtí 2020/2021. B’uirlis bhunúsach na caighdeáin a leagadh amach sna Rialacháin sin chun nuálaíocht agus infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin a bhrú chun cinn. Bhí siad ina gcuidiú do thionscal mótarfheithiclí an Aontais Eorpaigh a cheannaireacht theicneolaíoch dhomhanda a choimeád agus astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua a laghdú. Chuaigh costais níos ísle ar bhreosla chun sochair do na tomhaltóirí.

Mar sin féin, táthar tar éis na príomhfhadhbanna seo a leanas a shainaithint: 1) ní bhaintear úsáid leordhóthanach as na feithiclí is éifeachtúla, lena náirítear feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, chun na gealltanais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus chun cáilíocht an aeir, go háirithe i gceantair uirbeacha, a fheabhsú; 2) cailleann tomhaltóirí san Aontas aon choigiltis breosla a d’fhéadfadh a bheith ann; 3) tá baol ann go gcaillfidh an tAontas Eorpach an buntáiste iomaíoch atá aige toisc nach leor an nuálaíocht atá á déanamh i dteicneolaíochtaí íseal-astaíochta mótarfheithiclí san fhadtéarma.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Leis an togra, táthar ag súil go mbainfear amach na nithe seo a leanas: 1) cuidiú chun gealltanais an Aontais Eorpaigh faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach trí astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin agus veaineanna a laghdú ar bhealach costéifeachtach, 2) na costais ídithe breosla ar thomhaltóirí a laghdú, 3) iomaíochas thionscal mótarfheithiclí an Aontais a neartú agus an fhostaíocht a spreagadh.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

Gan tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas, is dócha gur beag laghdú substainteach breise a bheadh ar CO2 ó ghluaisteáin agus veaineanna nua. Beidh caighdeáin CO2 tar éis 2020 ina gcuidiú do na Ballstáit chun a spriocanna ceangailteacha laghdúcháin astaíochtaí do 2030, a mholtar faoin Rialachán maidir le comhroinnt díchill, a bhaint amach. Is dealraitheach gur lú an éifeacht a bheadh ag tionscnaimh náisiúnta agus áitiúla astu féin mar tá baol ann nach mbeadh siad i gcomhréir le chéile agus, ar an dóigh sin, go ndéanfaí an margadh inmheánach a ilroinnt.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

Breithníodh roghanna éagsúla beartais i dtaca leis na ceisteanna seo a leanas:

1)Spriocanna i leith astaíochtaí CO2;

2)Dáileadh na niarrachtaí i measc monaróirí;

3)Dreasachtaí le haghaidh feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha;

4)Eilimintí le haghaidh cur chun feidhme costéifeachtach;

5)An rialachas a neartú.

Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo 

Maidir leis na spriocleibhéil, is lú tacaíocht go ginearálta a thugann monaróirí do spriocleibhéil 2030 i gcomparáid le heagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus tomhaltóirí atá i bhfabhar spriocleibhéil atá níos uaillmhianaí do 2025 agus 2030 araon. Maidir le dáileadh na niarrachtaí, tacaíonn monaróirí le cuar teorainnluacha atá bunaithe ar mhais, ach is fearr le heagraíochtaí neamhrialtasacha an lorg a úsáid mar pharaiméadar fóntais. Cé go bhfuil tionscal na mótarfheithiclí, den chuid is mó, i gcoinne sainordú i dtaca le feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, éilíonn soláthraithe cadhnraí agus leictreachais, infheisteoirí bonneagair, cathracha Eorpacha ag a bhfuil fadhbanna maidir le cáilíocht an aeir, chomh maith le formhór na neagraíochtaí comhshaoil agus iompair, cur chuige den sórt sin. Tá seasamh neodrach glactha ag eagraíochtaí tomhaltóirí maidir leis an gceist.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Anuas ar an gcás bunlíne, tiocfaidh laghdú breise idir 4 phointe agus 11.4 pointe céatadáin ar astaíochtaí CO2 gluaisteán idir 2005 agus 2030. Idir 2020 agus 2030, tiocfaidh laghdú idir 2 phointe agus 8 bpointe céatadáin ar astaíochtaí truailleán aeir i gcás NOx agus suas le 10 bpointe céatadáin i gcás PM2.5. I gcás veaineanna, tiocfaidh laghdú idir 4.8 pointe agus 14.1 pointe céatadáin ar astaíochtaí CO2 idir 2005 agus 2030. Tiocfaidh laghdú suas le 9 bpointe céatadáin i gcás NOx nó 10 bpointe céatadáin i gcás PM2.5 ar astaíochtaí truailleán aeir idir 2020 agus 2030.

I dtéarmaí “costas iomlán úinéireachta” ar “ghnáthghluaisteán nua” in 2030, is fiú idir EUR 1 000 agus EUR 2 000 na sochair a bheidh ann don tomhaltóir i gcás feithicil a bhfuil saolré 15 bliana aici. I gcás “gnáthveain nua” in 2030, is fiú idir EUR 3 800 agus EUR 4 400 na coigiltis sin. Beidh glanchoigiltis ann don chéad úsáideoir agus don dara húsáideoir araon agus, ar an gcaoi sin, rachaidh sé chun sochair chomh maith do ghrúpaí tomhaltóirí ísealioncaim.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Tiocfaidh méadú ar na costais monaraíochta agus beidh tionchar aige sin ar phraghas na feithicle agus, ar an gcaoi sin, beidh ar thomhaltóirí costais tosaigh níos airde a íoc ar fheithicil nua. Tiocfaidh méadú ar na costais sin de réir mar a éireoidh na spriocleibhéil CO2 le haghaidh fhlít uile an Aontais níos déine. I gcás gnáthghluaisteán nua a chlárófar in 2030, beidh costas breise idir EUR 400 agus EUR 2 700 i gceist. I gcás gnáthveain in 2030, beidh costas breise idir EUR 400 agus EUR 2 400 i gceist.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Léirítear san anailís go mbeidh tionchar dearfach eacnamaíoch i gceist, do FBManna chomh maith. Díolmhaítear ó na caighdeáin CO2 monaróirí gluaisteán beag a bhfuil níos lú ná 1 000 clárúchán nua feithicle in aghaidh na bliana acu san Aontas Eorpach. Rachaidh coigiltis breosla go mór chun sochair do FBManna a úsáideann veaineanna atá níos éifeachtúla. Sa slabhra luacha mótarfheithiclí, féadfaidh sé go mbeidh ar FBManna a tháirgeann gnáth-theicneolaíochtaí coigeartú a dhéanamh ach rachaidh an téileamh breise ar theicneolaíochtaí nua níos éifeachtúla chun sochair dóibh freisin.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

Meastar gur thart ar 0.04 % d’olltáirgeacht intíre AE28 an caillteanas ioncaim a bheidh ann ó thaobh dleacht bhreosla de in 2030. Sna cásanna uile a rinneadh a mheas, glactar leis go ndéanfar sin a chúiteamh trí chánachas indíreach a mhéadú.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Beidh creat rialála costéifeactach, atá uaillmhianach ach réalaíoch, do ghluaisteáin agus veaineanna ina chuidiú do thionscal mótarfheithiclí an Aontais Eorpaigh chun go leanfaidh sé de bheith iomaíoch ar an leibhéal domhanda agus rochtain a bheith aige ar na margaí. De thoradh laghdú ar an ngá le breoslaí iontaise, tiocfaidh feabhas ar staid an Aontais i dtaca le slándáil fuinnimh, agus beidh na gnóthachain is mó le feiceáil sa mheántéarma.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

D’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na reachtaíochta nua in 2024 i dteannta an athbhreithnithe ar reachtaíocht eile amhail an togra maidir leis an gcóras trádála astaíochtaí agus an Rialachán maidir le comhroinnt díchill.