An Bhruiséil,31.5.2017

SWD(2017) 189 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair

{COM(2017) 279 final}
{SWD(2017) 188 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar Thogra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Go dtí seo ní dhearnadh faireachán ná tuairisciú ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) ná ar ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair arna gcur ar mhargadh an Aontais Eorpaigh. Is é toradh na bearna sin san fhaisnéis: 1) deiseanna caillte i dtaobh beartais a cheapadh chun costas an bhreosla a laghdú d’oibreoirí iompair, ar fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bhformhór; 2) breis iomaíochta do mhonaróirí feithiclí; 3) dúshláin a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa d’earnáil na bhfeithiclí tromshaothair maidir le spriocanna an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Ach faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair go sonrach, dhéanfaí an cliseadh margaidh a shárú, mhéadófaí an trédhearcacht agus dhúnfaí an bhearna faisnéise a bhuí leis na sonraí stóinseacha agus inchomparáide a thiocfadh as. Bheadh an méid sin ina chúnamh chun cinntí ceannaigh eolasacha a dhéanamh, spreagfadh sé iomaíocht agus forbairt beartas réasúnach agus, ar an mbealach sin, chuirfeadh sé úsáid feithiclí breosla-éifeachtúla chun cinn.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

Easpa inchomparáideachta agus easnamh in iomláine na sonraí a bheadh mar thoradh ar go leor scéimeanna faireacháin a bheith ann ar leibhéal na mBallstát. Ilroinnt mhargadh an Aontais agus caillteanas thrédhearcacht an mhargaidh a bheadh mar thoradh air sin. Dá mba ann do bhunachar sonraí coiteann, áfach, bheadh sonraí faireacháin ar fáil le húsáid ag ceannaitheoirí agus ag lucht ceaptha beartas ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

Le teacht i bhfeidhm an rialacháin maidir le deimhniú, ní mór CO2 agus ídiú breosla gach leoraí nua a ríomh leis an uirlis ionsamhlúcháin VECTO. Tá measúnú déanta ar na roghanna i dtaca le tuairisciú agus faireachán a dhéanamh ar na sonraí sin ar leibhéal an Aontais, agus ar an gcaoi ar cheart sin a dhéanamh. Is í an bhonnlíne gan aon ghníomh a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. Is iad seo a leanas na roghanna reachtacha atá á meas: 1) tuarascáil ó na húdaráis náisiúnta; 2) tuarascáil ó na monaróirí feithiclí tromshaothair agus 3) tuarascáil ó na húdaráis náisiúnta agus monaróirí araon.

Is é Rogha 3 an rogha thosaíochta. Is í is éifeachtaí, go háirithe toisc go náirithíonn sí sreabhadh digiteach na faisnéise agus go soláthraíonn sí cumhdach sonraí ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, agus ní mór an costas riaracháin a bhaineann léi.

Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo 

Tá tacaíocht ó eagraíochtaí gairmiúla, fiontair phríobháideacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis phoiblí roinnte idir rogha 1 agus rogha 3. Is fearr le daoine aonair agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta rogha 3 agus tacaíonn formhór na bpáirtithe leasmhara léi freisin.

Is iad na heagraíochtaí gairmiúla is mó a thacaíonn le rogha 2.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Is dócha go spreagfadh sí iomaíocht i dtaca le feithiclí atá níos tíosaí ar fhuinneamh a tháirgeadh chomh maith le dreasachtaí chun nuálaíochta. Meastar go leathnódh na héifeachtaí a bhaineann le lasta atá níos tíosaí ar fhuinneamh, go páirteach ar a laghad, chuig formhór na nearnálacha de gheilleagar an Aontais: bheadh praghsanna níos ísle ar iompar de thoradh costais níos ísle breosla an iompair agus laghdófaí, dá réir sin, na costais inar earnálacha eile agus bheadh sé s chun leasa tomhaltóirí san Aontas.

Táthar ag súil le sochair i bhfoirm fostaíochta go meántéarmach/fadtéarmach.

Ba cheart coigiltis ar astaíochtaí CO2 a bheith mar thoradh ar éifeachtúlacht na bhfeithiclí arna gceannach a fheabhsú de réir a chéile. Táthar ag súil go mbeidh laghduithe fabhracha, in ainneoin go mbeidh siad diomaibhseach, ar astaíochtaí eile.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Costais riaracháin amháin a bheadh ann. Meastar gur chostais dhiomaibhseacha a bheadh iontu: thart ar €1 in aghaidh gach feithicle.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Is fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad formhór na gcuideachtaí iompair atá san Aontas, agus iad ag oibriú líon beag feithiclí. Meastar gur chun a leasa a bheadh an faireachán. A bhuí le tuilleadh trédhearcachta i dtaca le hídiú breosla feithiclí tromshaothair bheifí in ann cinntí ceannaigh níos fearr a dhéanamh chun coigiltis breosla a áirithiú.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Seachas na costais riaracháin dar luach thart ar €3 500 in aghaidh na bliana, meastar go mbeidh na Ballstáit in ann leas a bhaint as sonraí faireacháin feithiclí tromshaothair a bheith ar fáil chun beartais a cheapadh chun laghduithe ar astaíochtaí a chur chun cinn, mar shampla sainscéimeanna cánach nó dreasachtaí, lena náirítear táillí bóithre agus soláthar poiblí.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Táthar ag súil go mbeidh an tionchar ar an iomaíochas agus an tionchar idirnáisiúnta dearfach go meántéarmach/fadtéarmach.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Tar éis tréimhse iarratais 5 bliana.