An Bhruiséil,6.3.2017

SWD(2017) 99 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le staidreamh gnó Eorpach
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 agus lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó

{COM(2017) 114 final}
{SWD(2017) 98 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le Staidreamh Gnó Eorpach ("FRIBS").

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Dúshláin mhéadaitheacha os comhair Eurostat agus na núdarás staidrimh náisiúnta is ea na riachtanais faisnéise atá ag méadú chun críocha déanta beartais agus chun críocha eile, mar aon leis na ceanglais bhreise atá ann i ndáil le staidreamh ar ardcháilíocht. Tá an córas reatha le haghaidh staidreamh gnó Eorpach a tháirgeadh ilroinnte ina 10 ngníomh dlí atá sonrach ó thaobh réimse de. Is gníomhartha iad sin lena socraítear ábhar dolúbtha agus ceanglais theicniúla dholúbtha maidir le táirgeadh sonraí. Is é an toradh atá air sin córas dlí atá ilroinnte agus dolúbtha agus lena gcuirtear leis na príomhfhadhbanna seo a leanas: (1) córas ina bhfuil creat dlíthiúil atá comhsheasmhach agus cuíchóirithe in easnamh; (2) córas nach bhfuil solúbtha; (3) córas nach núsáidtear ach fíorbheagán modhanna nuálacha agus foinsí nuálacha sonraí ann; (4) córas ina bhfuil fadhbanna cáilíochta, go háirithe maidir lena chomhsheasmhaí atá an staidreamh gnó ar fud réimsí difriúla; (5) córas a chuireann ualach mór ar sholáthraithe sonraí. An phríomhiarmhairt atá ag na fadhbanna sin is ea go mbíonn táirgeadh an staidrimh gnó Eorpaigh ag éirí níos neamhéifeachtúla agus níos doichte i gcónaí agus go mbíonn úsáideoirí míshásta leis an staidreamh a tháirgtear dá bharr.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is é an aidhm atá leis an tionscnamh feabhas a chur ar sholúbthacht agus freagrúlacht an staidrimh gnó Eorpaigh do riachtanais úsáideoirí a bhíonn ag athrú; agus chun comhsheasmhacht agus cáilíocht an staidrimh sin a mhéadú. Leis an tionscnamh, tacaítear le príomhthosaíochtaí an Choimisiúin trí shonraí níos comhsheasmhaí agus níos ábhartha a sholáthar le faireachán a chur orthu e.g. fás, cruthú post, iomaíochas, taighde agus nuálaíocht, an margadh aonair digiteach, tionchar an domhandaithe agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Éascaítear leis an tionscnamh freisin táirgeadh sonraí atá níos cost-éifeachtúla agus níos nua-aimseartha agus tá sé ar an mbonn le laghdú suntasach a dhéanamh ar an ualach riaracháin ar sholáthraithe sonraí (gnólachtaí).

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

Faoi Airteagal 338 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), beidh inniúlacht ag reachtóirí an Aontais Eorpaigh bearta a ghlacadh chun staidreamh a chur ar fáil nuair is gá sin chun gníomhaíochtaí an Aontais a chomhlíonadh. Tá raon iomlán réimsí beartais (gníomhaíochtaí) AE ann a bhfuil na sonraí a chumhdaítear i staidreamh gnó ag teastáil ina leith chun forbairt agus faireachán a dhéanamh orthu: e.g. an beartas fostaíochta, an beartas iomaíochais, an beartas nuálaíochta, an beartas trádála, an beartas tionsclaíoch, an beartas réigiúnach agus an beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Dá bhrí sin, is ionchuir maidir le feidhmiú ghníomhaíochtaí an Aontais iad na gníomhaíochtaí bailithe sonraí a ndéantar breithniú orthu sa mheasúnú tionchair seo. Mar gheall ar an mbunriachtanas atá ann le hinchomparáideacht idirnáisiúnta, is gá d’AE idirghabháil a dhéanamh ina leith sin.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

Rinneadh breithniú ar raon roghanna éagsúla agus chuathas i gcomhairle fhairsing le páirtithe leasmhara ina leith. Is í an rogha thosaíochta (Rogha C4 - Staidreamh gnó a nuachóiriú ina chreat aonair (an Creat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó) trí bhearta éagsúla a úsáid (meascán d’fho-roghanna a bhaineann le SIMSTAT (Staidreamh i ndáil leis an Margadh Aonair) agus Athchóiriú ar Intrastat)) an rogha lena bhfreagraítear ar an mbealach is fearr do chuspóirí beartais agus spriocanna an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) tríd an reachtaíocht ilchineálach neamhréireach lena rialaítear staidreamh gnó faoi láthair a shimpliú agus a chuíchóiriú ina creat dlíthiúil aonair. Is airde acmhainneacht na rogha sin ná acmhainneacht na roghanna eile chun an tualach rialála a laghdú. Leis an rogha thosaíochta, cuirtear an córas staidrimh gnó Eorpaigh in oiriúint dá bhfuil le teacht trí úsáid modhanna táirgthe sonraí atá cost-éifeachtúil agus nua-aimseartha a éascú, trí fheabhas a chur ar an tsolúbthacht agus an fhreagrúlacht do riachtanais úsáideoirí beartais agus trí luach anailíseach agus cáilíocht na sonraí a mhéadú. Uasmhéadaítear leis an rogha freisin an luach breise a chuireann AE ar fáil.

Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo 

Cé go bhfuil costais d’údaráis staidrimh náisiúnta sa ghearrthéarma i gceist le leasú a dhéanamh ar mhodhanna táirgthe sonraí nó ar cheanglais i ndáil le sonraí, aithnítear go bhféadfaí costais a laghdú san fhadtéarma freisin. Tá úsáideoirí sonraí i bhfách le feabhas a chur ar thráthúlacht, comhleanúnachas agus inchomparáideacht na sonraí agus ar a fhreagrúla atá na sonraí sin dá riachtanais. Tá soláthraithe sonraí i bhfách leis an acmhainneacht atá ag Rogha C chun an tualach uasta freagartha atá orthu a laghdú, agus bhainfidís tairbhe as an laghdú sin. Rud ba shonraí fós, tá tiomsaitheoirí sonraí (údaráis staidrimh náisiúnta) i bhfách le Rogha C4, arb í an rogha thosaíochta í. Baineann Rogha C4 le staidreamh gnó a nuachóiriú ina chreat aonair (an Creat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó) trí bhearta éagsúla a úsáid (meascán d’fho-roghanna a bhaineann le SIMSTAT agus Athchóiriú ar Intrastat) le haghaidh Intrastat a nuachóiriú.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)?

Seachas na buntáistí cáilíochtúla a luaitear, is ag Rogha C4 atá an acmhainneacht chun an tualach ar sholáthraithe sonraí a laghdú (laghdú 13.5 % ar an ualach) agus ardcháilíocht an staidrimh arna tháirgeadh a choinneáil ag an am céanna. Leis an gcreat dlíthiúil cuíchóirithe agus simplithe, bheifí in ann cuspóirí an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála a bhaint amach agus solúbthacht mhéadaithe a sholáthar. Bheadh an méid sin chun tairbhe d’úsáideoirí sonraí freisin – lena náirítear táirgeoirí táscairí maicreacnamaíocha amhail olltáirgeacht intíre – toisc go gcuirfí feabhas ar thráthúlacht, freagrúlacht agus cáilíocht na sonraí agus go rathófaí comhsheasmhacht sa staidreamh gnó san fhadtéarma.

Bhainfeadh próisis táirgthe na dtiomsaitheoirí sonraí náisiúnta tairbhe as rochtain níos fearr a bheith acu ar fhoinsí sonraí riaracháin agus ar fhoinsí sonraí eile agus as an bhféidearthacht a bheadh ann chun micreashonraí a úsáid agus a mhalartú. Agus próisis níos comhtháite i bhfeidhm acu, ba cheart go gcabhrófaí le tiomsaitheoirí sonraí coigilteas costais foriomlán a bhaint amach san fhadtéarma freisin.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Bheadh costais chur chun feidhme do thiomsaitheoirí sonraí i gceist leis an rogha thosaíochta i dtosach. B’amhlaidh sin mar gheall ar leasuithe ar na próisis táirgthe sonraí agus mar gheall ar cheanglais nua i ndáil le sonraí. Léirítear sa mheasúnú tionchair, áfach, gur mhó na gnóthachain éifeachtúlachta a bheadh ann ar leibhéal an chórais san fhadtéarma ná na costais bhreise chur chun feidhme a bheadh ann d’údaráis staidrimh náisiúnta sa ghearrthéarma. Meastar gurbh fhiú idir EUR 1.25 milliún agus EUR 1.9 milliún na costais infheistíochta aonuaire in aghaidh an Bhallstáit. Meastar freisin gurbh fhiú idir EUR 691 000 agus EUR 700 000 na costais oibriúcháin bhreise tosaigh in aghaidh an Bhallstáit gach bliain. Maidir leis na héifeachtaí a mheastar a bheidh ann san fhadtéarma ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, meastar go mbeidh glanchoigilteas costais uasta ar fiú EUR 10 milliún é agus glanmhéadú costais uasta ar fiú EUR 9 milliún nó níos mó é i gceist thar thréimhse cur chun feidhme deich mbliana (de réir luach reatha agus ag brath ar na módúlachtaí cur chun feidhme deiridh sna Ballstáit aonair).

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh go gcruthófaí leis na ceanglais bhreise i ndáil le sonraí ualach beag ar FBManna, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis mhéadaithe a theastaíonn faoin earnáil seirbhísí. Sna freagraí cáilíochtúla comhairliúcháin ar sholáthair na tiomsaitheoirí sonraí iad, thug na húdaráis staidrimh náisiúnta dearbhú go ndéantar an-iarracht a áirithiú go gcuirtear an tualach is lú is féidir ar FBManna trí shonraí riaracháin nó ardmhodhanna staidrimh a úsáid, i measc nithe eile. Ar an taobh eile, b’amhlaidh, mar gheall ar an nuachóiriú ar an staidreamh trádála earraí laistigh den Aontas, go mbeadh laghdú suntasach ann ar an ualach ar FBManna (a phléann le trádáil earraí laistigh den Aontas). Is beag a bheidh aon mhéaduithe féideartha ar an ualach ar FBManna toisc go mbainfidh a lán tíortha úsáid as sonraí riaracháin (mar aon le modhanna samhailbhunaithe meastacháin) chun ceanglais nua i ndáil le sonraí a chomhlíonadh.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

Toisc go mbeidh tionchar ag na costais chur chun feidhme ar bhuiséad na núdarás staidrimh náisiúnta, is amhlaidh go mbeidh tionchar indíreach acu ar bhuiséid náisiúnta freisin. Samhlaítear sa chreat rialála staidrimh go dtabharfaí cosaintí isteach lena dteorannófaí na costais sin a mhéid is féidir. Chuir an Coimisiún thart ar EUR 13 mhilliún ar fáil i bhfoirm deontas cheana féin chun cabhrú leis na húdaráis staidrimh náisiúnta freastal ar na costais bhreise a bheadh i gceist lena bpróisis táirgthe a oiriúnú do na hathruithe a thabharfaí isteach leis an gCreat-Rialachán maidir le Comhtháthú Staidrimh Gnó. Ag brath ar an mbuiséad a bheidh ar fáil, imscarfar acmhainní breise amach anseo ar mhaithe le cur chun feidhme an Chreat-Rialacháin a éascú. De bharr na ngnóthachan éifeachtúlachta sin a bheidh ag baint le forálacha eile den Chreat-Rialachán agus nach neascróidh laghduithe costais astu sa ghearrthéarma, meastar gur idir an meántéarma agus an fadtéarma a chúiteofar na méaduithe tosaigh ar chostais.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Níor sainaithníodh aon tionchar suntasach eile.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Samhlaítear leis an tionscnamh go bhfaighfear tuarascálacha rialta cáilíochta ó na Ballstáit, ar tuarascálacha iad ina mbeidh faisnéis ábhartha faireacháin faoi na heilimintí éagsúla a bhfuiltear ag díriú orthu. Is ag lár na clárthréimhse agus ag deireadh na clárthréimhse a dhéanfar measúnú ar an gClár Staidrimh Eorpach, lena náirítear staidreamh gnó Eorpach. Is í an tréimhse 2013-2017 a chumhdaítear leis an gclár faoi láthair (ar tréimhse í a fhadófar go dtí an bhliain 2020). Déanfar iarobair ar na heochairtháscairí feidhmíochta gach bliain.