An Bhruiséil,3.2.2017

SWD(2017) 30 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

TOGRA LE HAGHAIDH RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun leanúint ar aghaidh leis na teorainneacha atá i bhfeidhm faoi láthair ar an scóip do ghníomhaíochtaí eitlíochta agus chun ullmhú do bheart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme ó 2021 ar aghaidh

{COM(2017) 54 final}
{SWD(2017) 31 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar Thogra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun leanúint ar aghaidh leis na teorainneacha atá i bhfeidhm faoi láthair ar an scóip do ghníomhaíochtaí eitlíochta agus chun ullmhú do bheart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme ó 2021 i leith.

A. An gá atá ann le gníomhaíocht

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi? 11 líne ar a mhéad

In 2016, tugadh i gcrích comhaontú ar bheart atá bunaithe ar an margadh domhanda chun díriú ar astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta ó 2021 i leith. Caithfear reachtaíocht AE a leasú chun é sin a chur san áireamh. Gan aon leasuithe, clúdóidh Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA AE) eitiltí idir AE agus tríú tíortha ó 2017 ar aghaidh, sa bhreis ar na heitiltí laistigh de LEE atá clúdaithe faoi láthair.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo? 8 líne ar a mhéad

Ní mór uaillmhianta comhshaoil CTA AE a choinneáil chun spriocanna inmheánacha aeráide agus gealltanais idirnáisiúnta AE a bhaint amach, agus tacaíocht á tabhairt do chur chun feidhme an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda chun tionchar domhanda an mhaolaithe a uasmhéadú.

Cad é an breisluach a bhaineann le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh? 7 líne ar a mhéad 

Príomhchuspóir de chuid AE is ea margadh aonair a bhaint amach ó thaobh na heitlíochta de. Déanann gníomhaíocht AE saobhadh iomaíochais a chosc sa mhargadh inmheánach trí chur chun feidhme aonfhoirmeach an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda in AE a áirithiú.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 14 líne ar a mhéad 

Coinníonn roghanna 2017-2020 CTA AE le raonta feidhme difriúla: raon feidhme iomlán (rogha 0), eitiltí ag fágáil LEE (rogha 2) agus an raon feidhme laistigh de LEE faoi láthair (rogha 1).

I ndiaidh 2020, fanann an rogha bhunlíne ag scóip iomlán. Faoi na roghanna eile, cumhdaítear eitiltí uile lasmuigh de LEE leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda, agus leis an mbeart sin amháin. Faoi rogha 1, tá feidhm ag CTA AE maidir le heitiltí laistigh de LEE. Faoi rogha 2, tá CTA AE le haghaidh eitiltí laistigh de LEE ar chomhréim leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda. Faoi rogha 3, cuirtear an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda chun feidhme maidir le cúrsaí laistigh de LEE.

Is é an rogha thosaíochta ná an scóip laistigh de LEE (rogha 1) a leathnú go dtí go mbeidh soiléireacht leordhóthanach ann maidir leis na hionstraimí a glacadh ag ICAO ar mhaithe leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme.

Cé a thacaíonn leis na roghanna éagsúla? 7 líne ar a mhéad 

2017-2020: Rogha 0 an rogha is fearr le heagraíochtaí agus le daoine aonair na sochaí sibhialta agus is é rogha 1 an rogha is fearr leis na húdaráis phoiblí. Tá fiontair phríobháideacha, eagraíochtaí gairmiúla agus eagraíochtaí idirnáisiúnta idir dhá chomhairle maidir le rogha 1 agus CTA AE a aisghairm.

I ndiaidh 2020: Tugann eagraíochtaí agus daoine aonair na sochaí sibhialta tacaíocht do CTA AE a choinneáil ar siúl (roghanna 0-2). Seasann roinnt údaráis phoiblí le CTA AE a choimeád ar siúl le haghaidh eitiltí laistigh de LEE (rogha 1 agus rogha 2), ach is é rogha 3 an rogha is fearr le húdaráis eile phoiblí, chomh maith le haerlínte agus cumainn eitlíochta.

C. Tionchair na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann do rogha thosaíochta; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 12 líne ar a mhéad

Leanann an eitlíocht le rannchuidiú a dhéanamh le spriocanna aeráide AE. Mar thoradh ar an rogha sin, táthar ag súil go mbeidh éileamh bliantúil, faoin mbliain 2020, ar 25.10 Mt (milliún tona) de lamháltais astaíochtaí ó earnálacha eile a bhaineann leis an CTS agus ó chreidmheasanna idirnáisiúnta, agus go mbeidh éileamh bliantúil, faoin mbliain 2030, ar 49.3 Mt. de lamháltais AE a sannadh i dtosach d'earnálacha eile a bhaineann leis an CTS. I gcomparáid leis an mbunlíne, baineann costais oibríochta níos lú leis an rogha tosaíochta (-0.1 % in 2020 agus -0.43 % in 2030), agus beidh méadú ar an éileamh ar eitiltí mar thoradh air sin (méadú 0.5 % in 2020 agus 1.44 % in 2030). Is dóchúil go dtiocfaidh borradh 0.4 % in 2020 agus 1.5 % in 2030 faoin bhfostaíocht in earnáil na heitlíochta.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann do rogha thosaíochta; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 12 líne ar a mhéad

Is beag costais oibríochta a bhíonn ann mar thoradh ar na costais ísle lamháltais, agus ní bhíonn ann ach tionchar nach fiú a lua ar iomaíochas earnáil eitlíochta agus turasóireachta AE.

Gineann na roghanna ar fad costais riaracháin d'oibreoirí eitlíochta agus d'údaráis phoiblí. Is dóchúil go mbeidh siad ag an méid is ísle faoin rogha thosaíochta ach tá sé deacair iad a chainníochtú le haghaidh na tréimhse i ndiaidh 2020 de bharr na héiginnteachta a bhaineann leis na rialacha riaracháin atá infheidhme maidir leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair? 8 líne ar a mhéad

Faoi CTA AE, tá thart ar 2600 astaíre bheaga neamhthráchtála freagrach as 1 % d'astaíochtaí. Mar thoradh ar leasuithe a rinneadh cheana ar CTA AE, díolmhaíodh oibreoirí beaga neamhthráchtála aerárthaí suas go 2020. Tá sé beartaithe an díolúine sin a leathnú chun an t-ualach agus na costais riaracháin a áireamh.

An imreofar tionchair shuntasacha ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 4 líne ar a mhéad

Gintear ioncam ceantála le haghaidh údaráis phoiblí (ioncam bliantúil ceantála €123.6 in 2020 agus €302.3 in 2030).

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 6 líne ar a mhéad

Laghdaítear na rioscaí a bhaineann le cur i gcoinne agus le neamhchomhlíonadh tríú tíortha, mar thoradh ar an raon teoranta feidhme.

D. Obair Leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas? 4 líne ar a mhéad 

Cathain a bheidh tuilleadh soiléire ar shaintréithe an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda agus ar a chur chun feidhme.