An Bhruiséil,6.12.2017

COM(2017) 825 final

2017/0334(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/825 chun imchlúdach airgeadais an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a mhéadú agus an cuspóir ginearálta a oiriúnú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 ar bun ón 20 Bealtaine 2017 agus tá buiséad EUR 142,8 milliún aige 1 . Bunaíodh é chun cumas na mBallstát a neartú athchóirithe riaracháin agus struchtúracha fáschothaitheacha a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena náirítear le cúnamh chun úsáid éifeachtúil éifeachtach a bhaint as cistí an Aontais. Is é an Coimisiún a chuireann an tacaíocht ar fáil faoin gClár, arna iarraidh sin ag Ballstát, agus is féidir leis an tacaíocht sin raon leathan réimsí beartais a chumhdach.

Ó tháinig Rialachán an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach i bhfeidhm tá na Ballstát ag baint an-úsáid as an gClár agus is mó i bhfad na hiarrataí tacaíochta ná an méid cistiúcháin atá ar fáil dá thimthriallta bliantúla. Deimhníonn sonraí i ndáil le timthriall 2017 an méid sin ós léir uathu, d'ainneoin gur glacadh Rialachán an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach go déanach, gur chuir 16 Bhallstát isteach 271 iarraidh tacaíochta ar mhó ná EUR 80 milliún san iomlán a luach measta, i dtaca le leithdháileadh bliantúil EUR 22.5 do 2017. Dá bhrí sin bhí ar an gCoimisiún tréaniarracht a dhéanamh chun iad a chur in ord tosaíochta, sa chaoi go raibh roinnt iarrataí ann nár roghnaíodh le haghaidh cistiú. Is géire arís an cás maidir le timthriall 2018, atáthar tar éis a sheoladh (ba é an 31 Deireadh Fómhair 2017 an sprioc-am le hiarrataí a chur isteach). Tháinig 444 iarraidh tacaíochta isteach ó 24 Bhallstát agus is é EUR 152 mhilliún costas iomlán measta na niarrataí sin, i dtaca le leithdháileadh EUR 30.5 milliún do 2018. Is léir uaidh sin go bhfuil na riachtanais tacaíochta ar an talamh agus an spéis sa tacaíocht atá ag na Ballstáit i bhfad os cionn na nacmhainní airgeadais atá le fáil ag an gClár faoi láthair.

Is léir go dtí seo gur iarr cuid mhór Ballstát tacaíocht faoin gClár agus go mbaineann na hiarrataí tacaíochta leis na réimsí beartais uile atá cumhdaithe ag an gClár, amhail an rialachas agus an riarachán poiblí, an riarachán ioncaim agus an bhainistíocht airgeadais phoiblí, an fás agus an timpeallacht ghnó, an margadh saothair, an toideachas, an tsláinte agus na seirbhísí sóisialta, an earnáil airgeadais agus rochtain ar mhaoiniú.

Mar a luaigh an tUachtarán Juncker san Aitheasc (agus sa Litir Intinne i gceangal leis) a thug sé os comhair Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2017 ar Staid an Aontais, 2 tá an euro ceaptha le bheith ina airgeadra aonair ag an Aontas ina iomláine, agus, dá bhrí sin, tá sé de cheanglas ar na Ballstáit uile seachas dhá cheann acu, agus de theidlíocht acu, dul isteach sa limistéar euro. Is léir, mar sin, gur gá dearcadh romhainn agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro agus iad ag ullmhú dá naontachas leis an euro nuair is mian leo sin. Chun gur féidir leo dul isteach sa limistéar euro ní mór do na Ballstáit "critéir Maastricht" nó "na critéir um chóineasú" a shásamh, critéir lena léirítear ardleibhéal cóineasaithe inbhuanaithe.

Léirigh an ghéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais go bhfuil géarghá le fíor-chóineasú, seachas cóineasú ainmniúil, agus le geilleagair bhuanseasmhacha atá fothaithe i struchtúir eacnamaíocha dhaingne, sa dóigh gur féidir leis na Ballstáit suaitheadh a sheasamh go héifeachtúil agus teacht aniar go pras, agus go bhfuil an méid sin ríthábhachtach chun rannpháirtaíocht rathúil limistéar euro a áirithiú. Chuige sin is gá, go háirithe, go mbeidh sé de chumas ag na Ballstáit a mbuiséid a bhainistiú i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta airgeadais poiblí fónta agus go mbeidh siad ullamh go hinstitiúideach le bheith rannpháirteach san Aontas Baincéireachta. Ar a bharr sin, ó thaobh lánpháirtiú rathúil sa limistéar euro de, baineann tábhacht an-mhór leis na margaí saothair agus táirgí a bheith ag feidhmiú go cuí agus in ann suaitheadh seachtrach a sheasamh, le hardleibhéal lánpháirtithe maidir le trádáil earraí agus seirbhísí, agus le dea-fheidhmiú an riaracháin poiblí.

Ós rud é (i) go bhfuil riachtanais mhaoiniúcháin níos airde ann ó thaobh tacaíocht a thabhairt chun athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme agus (ii), gur gá tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit a bhfuil sé beartaithe acu an euro a ghlacadh trí dhlús a chur le próiseas an fhíor-chóineasaithe agus struchtúir eacnamaíocha agus shóisialta níos buanseasmhaí a fhorbairt chun a áirithiú gur éasca a rannpháirtíocht san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún go gcuirfidh sé, mar chéad chéim, EUR 80 milliún le buiséad an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2019 go 2020 chun é a threisiú. Ba cheart sin a bhaint amach tríd an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid faoi Airteagal 11 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha 3 . Thabharfadh sin imchlúdach airgeadais foriomlán an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach suas go EUR 222.8 milliún. Leis an méadú sin, ní amháin go bhféadfaí freastal ar an éileamh ar thacaíocht ó Bhallstáit nach bhfuil sa limistéar euro, ar mian leo an euro a ghlacadh agus ar gá dóibh athchóirithe a chur chun feidhme ina ngeilleagar, ach d'fhéadfaí freisin friotháil ar an méadú ar líon agus ar chostas na niarrataí tacaíochta chun athchóirithe riaracháin agus sóisialta a chur chun feidhme.

Forlíonfar an buiséad breise sin trína iarraidh ar na Ballstáit úsáid a bhaint as an deis, faoi Airteagal 11 de Rialachán an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, cuid dá nacmhainní a aistriú ó chomhpháirt an chúnaimh theicniúil de Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa chuig an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, chun tacaíocht a thabhairt le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe, lena náirítear athchóirithe a bhaineann le glacadh an euro. Ar bhonn na meastachán reatha ar riachtanais tacaíochta féideartha, mhéadódh an forlíonadh sin an méid iomlán den bhuiséad atá ar fáil le haghaidh tacaíochta go EUR 300 milliún, rud a dhúblódh an acmhainn tacaíochta faoi 2020.

Chuirfeadh an tacaíocht sin cúnamh saincheaptha ar fáil le haghaidh chur chun feidhme na mbeartas uile a chuidíonn leis na Ballstáit ardleibhéal cóineasaithe inbhuanaithe a bhaint amach. Cuirfear an tacaíocht sin ar fáil go háirithe i réimsí na timpeallachta oibre, na hearnála airgeadais, an mhargaidh saothair agus an mhargaidh táirgí, an riaracháin phoiblí agus na bainistíochta airgeadais poiblí. Cuirfear béim i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh ar na hathchóirithe is tábhachtaí is gá chun fíor-chóineasú inbhuanaithe a chothú.

Trí shreabhadh oibre tiomanta, dhéanfadh na Ballstáit sin ar mian leo dul chun cinn a dhéanamh i dtreo dul isteach sa limistéar euro, agus iad ag idirphlé leis an gCoimisiún, tacar teoranta de ghealltanais um athchóiriú a chomhaontú a bhfuil tábhacht ar leith leo maidir le rannpháirtíocht rathúil sa limistéar euro. Lena chois sin, léireofaí na gealltanais sin um athchóiriú i gCláir Náisiúnta um Athchóiriú na mBallstát lena mbaineann. Tríd an tSeirbhís Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, thabharfadh an Coimisiún Plean Comhair agus Tacaíochta i gcrích leis na Ballstáit lena mbaineann a bheadh dírithe ar chúnamh teicniúil a thabhairt le haghaidh chur chun feidhme gealltanas um athchóiriú a bhaineann le glacadh an euro. Bheadh an socrú sin iomlán deonach agus chuirfí ar fáil é gan aon chómhaoiniú ó na Ballstáit is tairbhithe.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is clár nuálach de chuid an Aontais é an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach lena dtugann an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, chun athchóirithe riaracháin agus struchtúracha a cheapadh agus a chur chun feidhme. Tá an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach dírithe ar chúnamh saincheaptha agus saineolas a thabhairt ar an talamh a bheidh ar fáil d'údaráis inniúla na mBallstát is Iarrthóirí i rith an phróisis athchóirithe nó le linn céimeanna sainithe nó tréimhsí éagsúla den phróiseas sin. Tá an méid sin bunaithe ar na riachtanais tíre is práinní, de réir mar a comhaontaíodh idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann i bplean comhair agus tacaíochta.

Is comhlánú é an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach ar na hacmhainní atá ann cheana le haghaidh méadú acmhainne agus cúnamh teicniúil atá le fáil laistigh de chláir mhaoiniúcháin eile de chuid an Aontais faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, agus i gcúnamh teicniúil agus bearta eile a mhaoiníonn cistí an Aontais. Áirithítear sin ag an gcéim chlárúcháin agus ag an gcéim cur chun feidhme. Chuige sin, tá sásra comhordaithe tacaíochta curtha ar bun ag an gCoimisiún a bhfuil na seirbhísí lena mbaineann páirteach ann, chun a áirithiú go mbeidh an tacaíocht a thabharfar faoi na cláir agus na cistí éagsúla de chuid an Aontais comhsheasmhach agus nach ndéanfar dúbláil ar na bearta faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach.

Tá sé d'aidhm leis an togra seo leithdháileadh airgeadais an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a mhéadú chun gur féidir leis an gCoimisiún friotháil, go háirithe, ar riachtanais na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro agus atá ag tosú ar athchóirithe struchtúracha atá dírithe ar a ngeilleagar a dhéanamh níos buanseasmhaí i gcoinne suaitheadh agus ar iad a ullmhú níos fearr le haghaidh rannpháirtíocht sa limistéar euro, agus friotháil, chomh maith leis sin, ar na riachtanais a thagann as an méadú ar líon agus ar chostas na niarrataí tacaíochta ó na Ballstáit i ndáil le hathchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme. 

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le mórthionscnaimh bheartais amhail an Seimeastar Eorpach agus na moltaí a rinneadh sa Pháipéar machnaimh ón gCoimisiún ar neartú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta 4 agus cuireann sé leo, agus tá sé i gcomhréir le hAitheasc 2017 ar Staid an Aontais (agus an Litir Intinne i gceangal leis) a thug an tUachtarán Juncker os comhair Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2017, inar cuireadh i láthair achoimre ar neartú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a bheidh ann amach anseo.

Leis an togra seo, féadfar tuilleadh acmhainní a chur ar fáil chun tacaíocht a thabhairt le haghaidh athchóirithe a bhfuil géarghá leo, a dhéanfadh geilleagair na mBallstát ní ba bhuanseasmhaí i gcoinne suaitheadh agus a chuideodh leis na Ballstáit sin a bheith rathúil tar éis dóibh teacht isteach sa limistéar euro. Ar a bharr sin, leis an togra, is féidir níos mó acmhainní a chur ar fáil chun tacaíocht a thabhairt d'athchóirithe struchtúracha san an Aontas trí chéile.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach bunaithe ar Airteagal 175 (an tríú mír) agus Airteagal 197(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá leasú reachtach leagtha amach sa togra seo chun (i) a léiriú conas a chuideoidh an Clár le Ballstáit nach é an euro a nairgeadra páirt a ghlacadh sa limistéar euro, (ii) imchlúdach airgeadais tiomanta an Chláir a mhéadú (le hIonstraim Sholúbthachta an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil reatha) agus (iii) cuspóir ginearálta an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a chur in oiriúint chun béim a chur ar an nasc atá aige le hullmhú le haghaidh rannpháirtíocht sa limistéar euro. Friothálann sé freisin ar roinnt athruithe teicniúla i leith úsáid chaiteachas tacaíochta an Chláir. Ó méadaíodh ar a acmhainní airgeadais, is féidir leis an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach páirt láidir a ghlacadh i dtógáil struchtúr eacnamaíoch níos buanseasmhaí sna Ballstáit agus i gcóineasú inbhuanaithe a bhaint amach sna Ballstáit nach bhfui sa limistéar euro atá ag ullmhú le dul isteach sa limistéar euro.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá sé i gcomhréir le prionsabail an bhreisluacha Eorpaigh agus na coimhdeachta gníomhaíochtaí an Chláir a chistiú leis an leasú atá beartaithe. Tá méadú ar an gcistiú as buiséad an Aontais de dhíth ó thaobh na tacaíochta foriomláine le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha, ós rud é go raibh úsáid an Chláir ag na Ballstáit níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis. Cúis eile leis an ngá atá leis an méadú sin an cuspóir tacaíocht a thabhairt le haghaidh cóineasú inbhuanaithe sna Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro, rud a bhfuil géarghá leis ó thaobh rathúnas an Aontais agus dea-fheidhmiú an airgeadra aonair. Ní féidir leis na Ballstáit ceachtar den dá chuspóir sin (tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha go ginearálta agus tacaíocht le haghaidh rannpháirtíocht sa limistéar euro) a bhaint amach go leordhóthanach leo féin ("an tástáil riachtanais"), ach is féidir breisluach a thabhairt le hidirghabháil ón Aontas do bhearta a dhéanann na Ballstáit leo féin.

Go deimhin, is fearr is féidir leis an Aontas ná leis na Ballstáit an saineolas is fearr atá ar fáil a shainaithint, a chur ag obair agus a chomhordú (bíodh sé laistigh de sheirbhísí na ninstitiúidí Eorpacha, ó thíortha eile, nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta), agus malartú dea-chleachtas a chothú (agus a áirithiú go scaipfear iad go comhsheasmhach ar fud an Aontais) chun cuidiú le Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro ar a mbealach isteach san airgeadra aonair agus chun tacaíocht a thabhairt le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe feabhsaithe fáis sna Ballstáit.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta sa mhéid nach dtéann sé thar an méid is lú is gá chun an cuspóir atá sonraithe a bhaint amach ar leibhéal na hEorpa ná thar an méid is gá chuige sin.

An rogha ionstraime

Is leasú ar Rialachán an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach é an togra seo.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Tá an leasú atá beartaithe faoi láthair dírithe ar fhreagairt ar an riachtanas práinneach atá ann freastal ar an tacaíocht do Bhallstáit nach bhfuil sa limistéar euro atá ag tosú ar athchóirithe struchtúracha atá dírithe ar a ngeilleagar a dhéanamh níos buanseasmhaí in aghaidh suaitheadh, dlús a chur le próiseas an fhíor-chóineasaithe agus iad a ullmhú níos fearr le haghaidh rannpháirtíocht sa limistéar euro. Chomh maith leis sin, tá an leasú dírithe ar an imchlúdach airgeadais foriomlán a mhéadú chun freastal ar éileamh na mBallstát ar thacaíocht i ndáil le cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha, éileamh atá i bhfad níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl aon bhaint ag an togra seo leis an gclár um oiriúnacht rialála agus simpliú agus ní chuirfidh a chomhlíonadh aon chostas ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide ná ar aon gheallsealbhóirí eile. Cuirfear an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach chun feidhme go luath trí ardán leictreonach (JIRA) a bheidh ar fáil do sheirbhísí an Choimisiúin agus do na Ballstáit.

Cearta bunúsacha

Is maith an éifeacht a bheidh ag an togra ar chaomhnú agus a fhorbairt chearta bunúsacha an Aontais má iarrann agus má fhaigheann na Ballstáit cúnamh teicniúil i réimsí a bhaineann leis. Mar shampla, i réimsí amhail an imirce, na margaí saothair agus an tárachas sóisialta, an toideachas, an comhshaol agus an réadmhaoin, is féidir leis an riarachán poiblí agus leis an gcóras breithiúnach tacaíocht a thabhairt do chearta bunúsacha de chuid an Aontais amhail an dínit, an tsaoirse, an comhionannas, an dlúthpháirtíocht, cearta na saoránach agus an ceartas.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá sé beartaithe an timchlúdach airgeadais tiomanta don Chlár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a mhéadú ó EUR 142 800 000 (praghsanna reatha) go EUR 222 800 000 (praghsanna reatha). Bheadh an méadú seo i bhfeidhm i gcomhair 2019 agus 2020. Tá na míniúcháin iomchuí sa ráiteas airgeadais reachtach.

Ba cheart gurbh fhéidir an méadú a dhéanamh trí EUR 80 000 000 a úsáid as an Ionstraim Sholúbthachta faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha (Airteagal 11 de Rialachán 1311/2013 ón gComhairle) ina bhfuil an deis tugtha an maoiniú atá ar fáil i mbuiséad ginearálta an Aontais do na blianta airgeadais 2018 agus 2019 a fhorlíonadh os cionn thairseach cheannteideal 1b (comhtháthú).

Forlíonfar an buiséad méadaithe sin trína iarraidh ar na Ballstáit úsáid a bhaint as an deis, faoi Airteagal 11 de Rialachán an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, cuid dá nacmhainní a aistriú ó chomhpháirt an chúnaimh theicniúil de Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa chuig an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, chun tacaíocht a thabhairt le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe, lena náirítear athchóirithe a bhaineann le glacadh an euro. De réir na meastachán is déanaí ar riachtanais tacaíochta fhéideartha, mhéadódh an forlíonadh sin an méid iomlán den bhuiséad atá ar fáil le haghaidh tacaíochta go dtí EUR 300 milliún.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá foráil leordhóthanach déanta i Rialachán an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach maidir leis na ceanglais faireacháin, mheastóireachta agus tuairiscithe. Níltear ag súil le haon athrú air sin.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an togra seo leasaítear Airteagal 4 de Rialachán an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (an cuspóir ginearálta) chun tacaíocht le haghaidh rannpháirtíocht sa limistéar euro a chur leis na spriocanna a dtugann an Clár ranníocaíochtaí lena naghaidh. Go háirithe, tugann an Clár tacaíocht d'údaráis náisiúnta le haghaidh athchóiriú a dhéanamh ar institiúidí, rialachas, riarachán agus earnálacha eacnamaíocha agus sochaíocha mar fhreagra ar dhúshláin eacnamaíocha agus shóisialta. Leis an leasú atá beartaithe, táthar ag cur béime air gur cheart, trí fheabhas a chur ar an gcomhtháthú, ar an iomaíochas, ar an táirgiúlacht, ar an bhfás inbhuanaithe agus ar an gcruthú post, gur cheart cur leis na hullmhúcháin do rannpháirtíocht sa limistéar euro ag na Ballstáit nach é an euro a nairgeadra agus ar mian leo dul isteach san airgeadra aonair.

San Airteagal 5a atá beartaithe tá béim leagtha ar an méid a chuidíonn an Clár trí shreabhadh oibre tiomanta tacaíocht a thabhairt d'athchóirithe a d'fhéadfadh cuidiú leis na Ballstáit agus iad ag ullmhú le dul isteach sa limistéar euro.

Leis an togra leasaítear mír 1 d'Airteagal 10 de Rialachán an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, maidir le himchlúdach airgeadais tiomanta an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, chun é a mhéadú go EUR 222.8 i bpraghsanna reatha.

Leis an togra leasaítear mír 2 d'Airteagal 10 de Rialachán an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, i.e. an fhoráil maidir le caiteachas tacaíochta an Chláir, tríd an deis a thabhairt isteach gníomhaíochtaí tacaíochta a mhaoiniú, amhail rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail nithiúla ar an talamh.

2017/0334 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/825 chun imchlúdach airgeadais an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a mhéadú agus an cuspóir ginearálta a oiriúnú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 175 agus d'Airteagal 197(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 5 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 6 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Bunaíodh an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (“an Clár”) chun cumas na mBallstát a neartú athchóirithe fáschothaitheacha riaracháin agus struchtúracha a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena náirítear le cúnamh chun úsáid éifeachtúil éifeachtach a bhaint as cistí an Aontais. Is é an Coimisiún a chuireann an tacaíocht ar fáil faoin gClár, arna iarraidh sin ag Ballstát, agus is féidir leis an tacaíocht sin raon leathan réimsí beartais a chumhdach. Trí gheilleagair bhuanseasmhacha a fhorbairt ar bhonn struchtúir láidre eacnamaíocha agus shóisialta, lena gcuirtear ar a gcumas do na Ballstáit suaitheadh a sheasamh go héifeachtúil agus teacht aniar go pras, cuirtear leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta. Uirlis iomchuí chun an fhorbairt sin a bhaint amach is ea athchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha fáschothaitheacha a chur chun feidhme.

(2)Tá méadú tagtha ar an úsáid atá na Ballstáit a bhaint as an tacaíocht faoin gClár, sa dóigh gur sáraíodh a rabhthas ag súil leis ag an tús. Ar bhonn a luacha mheasta, ba mhó i bhfad na hiarrataí tacaíochta a fuair an Coimisiún le linn thimthriall 2017 ná an leithdháileadh bliantúil a bhí ar fáil. Le linn thimthriall 2018, bhí luach measta na niarrataí a fuarthas cúig huaire ní ba mhó ná na hacmhainní airgeadais a bhí ar fáil don bhliain sin. Is beag Ballstát nár iarr tacaíocht faoin gClár agus baineann na hiarrataí leis na réimsí beartais uile atá cumhdaithe ag an gClár.

(3)Tá sé ríthábhachtach an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú chun bheith rannpháirteach go rathúil san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. Baineann tábhacht ar leith leis sin i gcás na mBallstát nach é an euro a nairgeadra, agus iad ag ullmhú le dul isteach sa limistéar euro.

(4)Dá bhrí sin, is iomchuí béim a leagan air i gcuspóir ginearálta an Chláir – mar chuid den mhéid atá ann chun freagairt a thabhairt ar dhúshláin eacnamaíocha agus sóisialta – gur cheart, le feabhsú an chomhtháthaithe, an iomaíochais, na táirgiúlachta, an fháis inbhuanaithe agus an chruthaithe post, gur cheart cur freisin le hullmhúcháin na Ballstáit sin nach é an euro a nairgeadra do rannpháirtíocht sa limistéar euro.

(5)Is gá freisin a chur in iúl gur féidir, le bearta agus le gníomhaíochtaí de chuid an Chláir, tacaíocht a thabhairt d'athchóirithe a d'fhéadfadh a bheith ina gcuidiú ag na Ballstáit ar mian leo an euro a ghlacadh agus iad ag ullmhú le bheith rannpháirteach sa limistéar euro.

(6)Chun freastal ar an méadú ar éileamh na mBallstát ar thacaíocht, agus i bhfianaise an ghá tacú le cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit nach é an euro a nairgeadra, ba cheart an leithdháileadh airgeadais don Chlár a mhéadú go leibhéal ar leor é chun go mbeidh sé ar chumas an Aontais tacaíocht a thabhairt a fhreastalóidh ar riachtanais na mBallstát atá á hiarraidh.

(7)Chun tacaíocht a thabhairt lena laghad moille is féidir, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann cuid den imchlúdach airgeadais a úsáid freisin chun costas gníomhaíochtaí lena dtugtar tacaíocht don Chlár a chumhdach, amhail speansais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail ar an talamh.

(8)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 2017/825 a leasú dá réir.

(9)Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/825 mar a leanas:

(1)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Cuspóir ginearálta

Is é cuspóir ginearálta a bheidh ag an gClár rannchuidiú le hathchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha fáschothaitheacha sna Ballstáit trí thacaíocht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta maidir le bearta arb é is aidhm leo institiúidí, an rialachas, an riarachán poiblí agus na hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta a athchóiriú agus a neartú mar fhreagairt ar dhúshláin eacnamaíocha agus sóisialta, d'fhonn an comhtháthú, an tiomaíochas, an táirgiúlacht, an fás inbhuanaithe, an cruthú post agus an tinfheistiú a fheabhsú, rud ar ullmhúchán é, freisin, do rannpháirtíocht sa limistéar euro, go háirithe i gcomhthéacs próiseas rialachais eacnamaíoch, lena náirítear le cúnamh chun úsáid éifeachtúil éifeachtach thrédhearcach a bhaint as cistí an Aontais.”;

(2)    Cuirtear Airteagal 5a isteach

“Airteagal 5a

Tacaíocht le haghaidh ullmhú do rannpháirtíocht sa limistéar euro

Féadfar bearta agus gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoin gClár, lena dtabharfar tacaíocht d'athchóirithe a d'fhéadfadh a bheith ina gcuidiú ag Ballstáit agus iad ag ullmhú le dul isteach sa limistéar euro.”.

(3)    Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Socraítear ag EUR 222 800 000 i bpraghsanna reatha an timchlúdach airgeadais chun an Clár a chur chun feidhme.”;

(b) cuirtear an abairt seo a leanas le mír 2:

“Féadfar costais gníomhaíochtaí eile tacaíochta, amhail rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail tacaíochta ar an talamh, a chumhdach le speansais freisin.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán



RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/825 chun imchlúdach airgeadais an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a mhéadú agus an cuspóir ginearálta a oiriúnú

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Réimsí beartais: Comhordú beartais agus comhairle dlí an Choimisiúin

Gníomhaíochtaí ABB: An Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach

Tá eolas mionsonraithe ar na gníomhaíochtaí ABB i mír 3.2

Réimsí Beartais: Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Réimsí Beartais: An Beartas Réigiúnach agus Uirbeach

Réimsí Beartais: Talmhaíocht agus Forbairt Tuaithe

Réimsí Beartais: Imirce agus Tearmann

Réimsí Beartais: Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 7  

Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Cuireann an clár leis an tosaíocht: borradh nua a chur faoin gcruthú post, faoin bhfás agus faoin infheistíocht.

Is é cuspóir ginearálta a bheidh ag an gClár, arna leasú ag an togra seo, rannchuidiú le hathchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha fáschothaitheacha sna Ballstáit trí thacaíocht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta maidir le bearta arb é is aidhm leo institiúidí, an rialachas, an riarachán poiblí agus na hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta a athchóiriú agus a neartú mar fhreagairt ar dhúshláin eacnamaíocha agus shóisialta, d'fhonn an comhtháthú, an tiomaíochas, an táirgiúlacht, an fás inbhuanaithe, an cruthú post agus an tinfheistiú a fheabhsú, rud ar ullmhúchán é, freisin, do rannpháirtíocht sa limistéar euro tríd sin freisin, go háirithe i gcomhthéacs próiseas rialachais eacnamaíoch, lena náirítear le cúnamh chun úsáid éifeachtúil éifeachtach thrédhearcach a bhaint as cistí an Aontais.

Go háirithe, leis an leasú atá beartaithe, cuirfidh an Clár le tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe a fhéadfaidh cuidiú le Ballstáit agus iad ag ullmhú chun dul isteach sa limistéar euro.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus cuspóir sonrach Uimh. [ ]

Ós rud é gur leasú ar Rialachán (AE) 2017/825 é an togra seo, is ionann cuspóirí sonracha an togra agus cuspóirí Airteagal 5 den Rialachán.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is ionann na torthaí a bhfuil súil leo agus na torthaí a bhfuil súil leo i Rialachán (AE) 2017/825, mar a léirítear sa togra COM(2015)701 final.

Leis an togra atá beartaithe, táthar ag súil go ndéanfar cumas riaracháin na mBallstát a neartú chun institiúidí agus na hearnálacha riaracháin, eacnamaíocha agus sóisialta a athchóiriú, chun cóineasú inbhuanaithe a chothú d’fhonn cuidiú le Ballstáit agus iad ag ullmhú le dul isteach sa limistéar euro.

 

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Ós leasú ar Rialachán (AE) 2017/825 é an togra seo, is ionann na táscairí ar dá réir a dhéanfar an faireachán ar na torthaí agus ar na tionchair agus na táscairí sin atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.

1.4.5.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is iad ceanglais Rialachán (AE) 2017/825 na ceanglais atá i gceist, mar a léirítear sa togra COM(2015)701 final.

Ina theannta sin, táthar ag súil go gcothóidh an leasú atá beartaithe cóineasú inbhuanaithe d’fhonn cuidiú le Ballstáit agus iad ag ullmhú chun dul isteach sa limistéar euro.

 

1.4.6.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh sé teacht mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain ó chomhordú, deimhneacht dhlíthiúil, níos mó éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chuige seo is é is ciall le 'breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais' an breisluach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil ón Aontas atá sa bhreis ar an luach a bheadh murach sin le hidirghabháil na mBallstát dá mbeidís ag feidhmiú astu féin.

Ós rud é gur leasú ar Rialachán (AE) 2017/825 é an togra seo, is ionann breisluach an chláir agus an breisluach a léirítear in Airteagal 3 den Rialachán sin.

Ina theannta sin, is fearr is féidir leis an Aontas ná leis na Ballstáit an saineolas is fearr atá ar fáil a shainaithint, a chur ag obair agus a chomhordú (bíodh sé laistigh de sheirbhísí na ninstitiúidí Eorpacha, ó thíortha eile, nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta), agus malartú dea-chleachtas a chothú (agus a áirithiú go scaipfear iad go comhsheasmhach ar fud an Aontais) chun tacaíocht a thabhairt le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe fáschothaitheacha sna Ballstáit agus chun cuidiú le Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro agus iad ag ullmhú chun dul isteach sa limistéar euro.

1.4.7.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

I bhfianaise na taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme an réamhbhirt dar teideal "Capacity development and institution building to support the implementation of economic reforms" (Fothú acmhainní agus forbairt institiúidí le tacú le hathchóirithe eacnamaíocha a chur chun feidhme) agus, go háirithe, i ngeall ar an taithí a fuarthas sa chéad bhliain a cuireadh an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach chun feidhme, is léir go bhfuil fiúntas ag baint le clár tacaíochta teicniúla a chur ar fáil do gach Ballstát agus do raon leathan réimsí: Dheimhnigh na Ballstáit gur mian leo tairbhe a bhaint as saineolas a sholáthróidh an Coimisiún chun tacú lena gcuid athchóirithe féin nó leo sin a dhéantar i gcomhréir le moltaí arna neisiúint faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh.

Don bhliain 2018, tá iarrataí tacaíochta curtha isteach ag nach mór gach Ballstát (24), agus in 2017 agus 2018 araon ba mhó i bhfad an tacaíocht a iarradh ná leithdháileadh bhuiséid an chláir. Is léir uaidh sin go bhfuil na riachtanais tacaíochta ar an talamh agus an spéis sa tacaíocht atá ag na Ballstáit i bhfad níos airde ná na hacmhainní airgeadais atá le fáil ag an gClár faoi láthair.

1.4.8.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Is comhlánú é an Clár ar na hacmhainní atá ann cheana le haghaidh méadú acmhainne agus cúnamh teicniúil atá le fáil laistigh de chláir mhaoiniúcháin eile de chuid an Aontais faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, agus i gcúnamh teicniúil agus bearta eile a mhaoinítear ó chistí an Aontais.

1.5.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 2019 go 2020

Tionchar airgeadais ó 2019 go 2020

◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 8  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Tá sé sin i gcomhréir le forálacha reatha an Rialacháin atá le leasú.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Is ionann na rialacha faireacháin agus tuairiscithe agus na cinn sin atá sa rialachán atá á leasú, mar atá Rialachán (AE) 2017/825.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Is ionann na rioscaí a shainaithnítear agus na cinn sin a léirítear sa togra le haghaidh ghlacadh Rialachán (AE) 2017/825, i.e. COM(2015) 701 final.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

Mar atá thuas, féach an ráiteas airgeadais a ghabhann le COM(2015)701 final.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

Mar atá thuas, féach an ráiteas airgeadais a ghabhann le COM(2015)701 final.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Mar atá thuas, féach an ráiteas airgeadais a ghabhann le COM(2015)701 final.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

1b Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

LD/LN 9 .

ó thíortha de chuid CSTE 10

ó thíortha is iarrthóirí 11

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1.b

13.08.01

LD

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir [Ceannteideal………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais

1b

Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach/Fás Inbhuanaithe: Acmhainní Nádúrtha

ilbhliantúil:

Ard-Stiúrthóireacht: SG / SRSS

 

 

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN

2019

2020

2021 agus 2022

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

 

 

 

 

13.08.01

Gealltanais

(1)

40,000

40,000

80,000

Íocaíochtaí

(2)

17,200

28,600

34,200

80,000

IOMLÁN leithreasuithe

Gealltanais

=1+1a +3

40,000

40,000

80,000

le haghaidh 13

 

Íocaíochtaí

=2+2a

17,200

28,600

34,200

80,000

 

3

·IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

40,000

40,000

80,000

Íocaíochtaí

(5)

17,200

28,600

34,200

80,000

·IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe

Gealltanais

(4+6)

40,000

40,000

80,000

faoi CHEANNTEIDEAL 1b

Íocaíochtaí

(5+6)

17,200

28,600

34,200

80,000

 

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

40,000

40,000

80,000

Íocaíochtaí

=5+ 6

17,200

28,600

34,200

80,000





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2019

Bliain
2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: SG/SRSS

• Acmhainní daonna

3,594

3,594

7,188

• Caiteachas riaracháin eile

0,300

0,300

0,600

IOMLÁN Ard Stiúrthóireacht SG/SRSS

Leithreasuithe

3,894

3,894

7,788

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

3,894

3,894

7,788

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain 2021 agus 2022

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

43,894

43,894

87,788

Íocaíochtaí

21,094

32,494

34,200

87,788

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

 

Bliain

Bliain

IOMLÁN

 

2019

2020

 

ASCHUIR

 

Saghas[1]

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Costas iomlán

 

 

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1

 

Cúnamh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta a gcuid athchóirithe a cheapadh de réir tosaíochtaí, agus na dálaí tosaigh agus an tionchar socheacnamaíoch a mheastar a bheidh ann á gcur san áireamh

- Aschur A

Líon na nanailísí a thacaíonn le hearnáil an athchóirithe náisiúnta

0,06

50-60

3,360

50-60

3,360

6,720

- Aschur B

Líon na saineolaithe

0,00115

80

0,092

80

0,092

0,184

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

 

3,452

 

3,452

6,904

 

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2

Tacú le hiarrachtaí na núdarás náisiúnta feabhas a chur ar an gcumas atá acu beartais agus straitéisí a cheapadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus cur chuige comhtháite a shaothrú a áiritheoidh comhsheasmhacht idir cuspóirí agus acmhainn ó earnáil go chéile

- Aschur C

Líon na saineolaithe

0,00115

100-150

0,141

100-150

0,141

0,282

- Aschur D

Líon na dTreochlár agus na bPleananna Gníomhaíochta, arna nullmhú agus arna gcur chun feidhme de réir earnála agus tíre

0,125

25-30

3,125

25-30

3,125

6,250

- Aschur E

Líon na seirbhísí sonracha saineolais

0,015

25-30

0,390

25-30

0,390

0,780

- Aschur F

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht

0,900

6

5,400

6

5,400

10,800

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

 

9,056

 

9,056

18,112

 

 

Tacú le hiarrachtaí na núdarás náisiúnta próisis agus modheolaíochtaí iomchuí a shainiú agus a chur chun feidhme trí aird a thabhairt ar dhea-chleachtais tíortha eile agus ar na ceachtanna atá foghlamtha acu ó bheith ag dul i ngleic le cásanna den saghas céanna

- Aschur G

Líon na saineolaithe

0,00115

220-240

0,251

220-240

0,251

0,502

- Aschur H

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht

0,900

8

7,200

8

7,200

14,400

- Aschur I

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht

0,150

18

2,700

18

2,700

5,400

- Aschur J

Líon na seirbhísí sonracha saineolais

0,015

90-95

1,380

90-95

1,380

2,760

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

 

 

11,531

 

11,531

23,062

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4

 

Cúnamh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht modhanna bainistithe acmhainní daonna, nuair is iomchuí, trí fhreagrachtaí a shainiú go soiléir agus eolas gairmiúil agus scileanna gairmiúla a mhéadú

- Aschur K

Líon na nócáidí/na seimineár oiliúna

0,08

40-50

3,200

40-50

3,200

6,400

- Aschur L

Líon na saineolaithe

0,00115

100-150

0,161

100-150

0,161

0,322

- Aschur M

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht

0,900

10-12

9,900

10-12

9,900

19,800

- Aischur N

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht

0,150

18

2,700

18

2,700

5,400

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 4

 

 

15,961

 

15,961

31,922

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2019 12

Bliain
2020

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

3,594

3,594

7,188

Caiteachas riaracháin eile

0,300

0,300

0,600

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

3,894

3,894

7,788

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 13
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

3,894

3,894

7,788

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

23

23

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 14

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

6

6

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  15

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

29

29

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Cuimsíonn na cúraimí a bheidh le déanamh gach cúram is gá chun a) iarrataí na mBallstát a phróiseáil agus tionscadail a bhainistiú ina dhiaidh sin agus b) bainistiú airgeadais agus conarthach a dhéanamh ar an gclár, is é sin:

·Ionchur a sholáthar don phlean nósanna imeachta buiséadacha agus bainistíochta.

·Cláir oibre bhliantúla/cinntí maoiniúcháin a ullmhú, tosaíochtaí bliantúla a leagan amach.

·Bainistiú a dhéanamh ar ghlaonna ar thairiscintí agus ar ghlaonna ar thograí agus ar na nósanna imeachta roghnúcháin a leanann iad i gcomhar leis na seirbhísí oibríochtúla.

·Cumarsáid a dhéanamh le geallsealbhóirí maidir le cúrsaí conarthacha agus airgeadais.

·Cruinnithe an Ghrúpa Ardleibhéil a ullmhú agus a eagrú leis an Ard-Stiúrthóireacht lena mbaineann, na Ballstáit agus na geallsealbhóirí eile.

·Tionscadail a bhainistiú: tionscadail a cheapadh agus a chur chun feidhme, agus obair leantach agus bainistiú a dhéanamh orthu ó thaobh cúrsaí conarthacha agus airgeadais de: gealltanais, íocaíochtaí, orduithe inghnóthaithe, etc.

·Rialuithe a dhéanamh, mar a thuairiscítear thuas (fíorú ex ante, seirbhís soláthair, rialú ex post/inmheánach).

· Uirlisí TF a bhainistiú.

·Ranníocaíochtaí agus obair leantach a bhaineann leis an nós imeachta DAS bliantúil.

Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí, lena náirítear an nós imeachta buiséadach, plean bainistíochta, athbhreithniú lár téarma, tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíocht agus tuarascálacha AOS.

Pearsanra seachtrach

Tacaíocht a thabhairt do na cúraimí airgeadais agus riaracháin.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

Éilíonn an togra go núsáidfear an Ionstraim Sholúbthachta faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha (Airteagal 11 de Rialachán Uimh. 1311/2013 ón gComhairle) ina dtugtar an deis an maoiniú atá ar fáil i mbuiséad ginearálta an Aontais a fhorlíonadh EUR 40 milliún in 2019 agus EUR 40 milliún in 2020 os cionn thairseach cheannteideal 1b.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 16

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1)    Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (IO L 19.05.2017, lch. 1).”.
(2)    Aitheasc 2017 ar Staid an Aontais ón Uachtarán Juncker, an 13 Meán Fómhair 2017
(3)    Cf. Airteagal 11 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle.
(4)    COM(2017) 291, 31 Bealtaine 2017.
(5)    IO C […], […], lch. […].
(6)    IO C […], […], lch. […].
(7)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(8)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(9)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(10)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(11)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(12)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(13)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(14)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(15)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(16)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.