An Bhruiséil,20.12.2017

COM(2017) 790 final

2017/0359(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2017) 481 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.    COMHTHÉACS AN TOGRA

   Forais agus cuspóirí an togra

Teastaíonn margaí caipitil níos láidre ón Aontas Eorpach chun infheistiú a chur chun cinn, foinsí nua maoinithe a chur ar fáil do chuideachtaí, deiseanna níos fearr a thabhairt do theaghlaigh agus an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú. Tá Coimisiún tiomanta na bearta uile atá fós de dhíth a dhéanamh chun bailchríoch a chur ar Aontas na Margaí Caipitil faoi 2019 1 .

Cuireann gnólachtaí infheistíochta raon seirbhísí ar fáil a thugann rochtain ar na margaí urrús agus díorthach d'infheisteoirí (comhairle infheistíochta, bainistíocht punainne, bróicéireacht, forghníomhú orduithe etc.). Tá gnólachtaí infheistíochta agus na seirbhísí infheistíochta a sholáthraíonn siad ríthábhachtach do dhea-fheidhmiú Aontas na Margaí Caipitil. Tá ról tábhachtach acu maidir le sreafaí coigiltis agus infheistíochta a éascú san Aontas trí chéile, agus úsáidtear seirbhísí áirithe chun cur le héifeacht an leithdháilte caipitil agus an bhainistithe riosca.

Tá gnólachtaí infheistíochta ar fáil i ngach Ballstát. De réir na faisnéise atá tiomsaithe ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), bhí 6051 ghnólacht infheistíochta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) 2 ag deireadh 2015. Orthu sin tá gnólachtaí a chuireann sraith theoranta seirbhísí ar fáil do chustaiméirí miondíola den chuid is mó agus gnólachtaí a chuireann seirbhísí éagsúla ar fáil do raon leathan cliant de chineál miondíola, gairmiúil agus corparáideach.

De réir faisnéis ó ÚBE, tá gníomhaíochtaí thart ar 85% de ghnólachtaí infheistíochta LEE teoranta don mhéid seo:

·comhairle infheistíochta a thabhairt;

·orduithe a ghlacadh agus a tharchur;

·punanna a bhainistiú; agus

·orduithe a fhorghníomhú.

Is mol tábhachtach do mhargaí caipitil agus do ghníomhaíochtaí infheistíochta í an Ríocht Aontaithe agus is inti atá an líon is mó gnólachtaí infheistíochta de chuid LEE, nó tuairim is leath den iomlán, agus ina diaidh tá an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ísiltír agus an Spáinn. Gnólachtaí beaga nó meánmhéide is ea formhór ghnólachtaí LEE. Measann ÚBE gur faoi rialú tuairim ar ocht ngnólacht infheistíochta, atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe go mór mór, atá thart ar 80% de na sócmhainní atá ag gnólachtaí infheistíochtaí uile LEE.

Dá bhrí sin, mar cheann de na gníomhaíochtaí tosaíochta chun na margaí caipitil a neartú agus Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt, d'fhógair an Coimisiún ina Athbhreithniú Meántéarma ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil 3 go molfadh sé creat níos éifeachtaí stuamachta agus maoirseachta le haghaidh gnólachtaí infheistíochta, agus go mbeadh an creat sin calabraithe do na gnólachtaí infheistíochta de réir a méide agus a gcineáil, chun borradh a chur faoin iomaíocht agus chun feabhas a chur ar rochtain na n‑infheisteoirí ar dheiseanna nua agus ar bhealaí níos fearr chun a rioscaí a bhainistiú. I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá ag gnólachtaí infheistíochta de chuid na Ríochta Aontaithe sa réimse seo go dtí seo, is léiriú eile é cinneadh na Ríochta Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach gur gá struchtúir rialála an Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun an cor sin a chur san áireamh.

Áiríodh na tograí a chumhdaíonn an Rialachán seo agus an Treoir a ghabhann leis ('na tograí') i gClár Oibre 2017 an Choimisiúin mar chleachtadh REFIT. Is é is aidhm leo a áirithiú go mbeidh gnólachtaí infheistíochta faoi réir ceanglais caipitil agus leachtachta, ceanglais thábhachtacha eile stuamachta agus socruithe maoirseachta gaolmhara a bheidh in oiriúint dá ngnó ach a bheidh, lena chois sin, sách láidir le rioscaí na ngnólachtaí infheistíochta a cheapadh ar bhealach a bheidh fónta ó thaobh na stuamachta de chun cobhsaíocht mhargaí airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint. Is toradh iad na tograí ar athbhreithniú a údaraíodh in Airteagail 493(2), 498(2), 508(2) agus 508(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil) 4 , arb iad an creat stuamachta reatha iad, maille le Treoir 2013/36/AE (Treoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil) 5 , do ghnólachtaí infheistíochta. Agus na téacsanna sin á gcomhaontú acu, chinn na comhreachtóirí gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat do ghnólachtaí infheistíochta ós rud é gur ar institiúidí creidmheasa atá rialacha an chreata sin dírithe den chuid is mó.

Murab ionann agus institiúidí creidmheasa, ní ghlacann gnólachtaí infheistíochta le taiscí ná ní thugann siad iasachtaí. Fágann sin gur lú i bhfad a neamhchosaint ar riosca creidmheasa agus ar an riosca go dtarraingeodh taisceoirí a gcuid airgid amach ar fhógra gearr. Is ar ionstraimí airgeadais atá a seirbhísí dírithe – murab ionann agus taiscí, ní chaitear na hionstraimí sin a íoc ar par, seachas sin athraíonn siad de réir luaineacht an mhargaidh. Mar sin féin, bíonn siad in iomaíocht le hinstitiúidí creidmheasa maidir le seirbhísí infheistíochta a chur ar fáil, rud is féidir le hinstitiúidí creidmheasa a dhéanamh de réir a gceadúnais baincéireachta. Dá bhrí sin, dhá institiúid a bhfuil difríocht cháilíochtúil eatarthu, a bhfuil príomhshamhlacha gnó éagsúla acu, ach a bhfuil forluí áirithe idir na seirbhísí a sholáthraíonn siad, is ea an institiúid creidmheasa agus an gnólacht infheistíochta.

Tá gnólachtaí infheistíochta faoi réir rialacha stuamachta AE, maille le hinstitiúidí creidmheasa, ó bhí 1993 ann, óir b'in í an bhliain ar tháinig an chéad chreat de chuid an Aontais i bhfeidhm chun gníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta a rialú. Cuireadh an Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFID) 6 in áit a raibh sa chreat ó shin agus, ó Eanáir 2018 tá MiFID II / MiFIR 7 curtha leis, agus leagtar amach sa chreat na coinníollacha ar údarú agus na ceanglais ar eagrú agus ar sheoladh gnó nach mór cloí leo chun seirbhísí infheistíochta a chur ar fáil d'infheisteoirí chomh maith le ceanglais eile lena rialaítear feidhmiú ordúil na margaí airgeadais.

Is i gcomhar le MiFID a oibríonn an creat stuamachta do ghnólachtaí infheistíochta atá sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus i dTreoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil. Go hiondúil, déantar na ceanglais stuamachta ar institiúidí airgeadais a cheapadh chun (i) a áirithiú go bhfuil a ndóthain acmhainní acu chun bheith inmharthana ó thaobh airgeadais de agus chun a seirbhísí a sholáthar i rith timthriallta eacnamaíocha; nó chun (ii) a chur ar a gcumas leachtú ordúil a chur i bhfeidhm gan díobháil eacnamaíoch iomarcach a dhéanamh dá gcustaiméirí ná do chobhsaíocht na margaí ina n‑oibríonn siad. Dá réir sin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag na ceanglais sin na rioscaí atá ann d'institiúidí airgeadais éagsúla agus na rioscaí a bhaineann leo a thabhairt san áireamh, bheith i gcomhréir leis an dóchúlacht go dtiocfaidh na rioscaí isteach, agus cothromaíocht a aimsiú ar an mórgóir idir sábháilteacht agus fóntacht na n‑institiúidí airgeadais éagsúla a áirithiú ar lámh amháin agus, ar an lámh eile, costais iomarcacha a sheachaint a d'fhéadfadh bac a chur ar na hinstitiúidí sin a ngnó a sheoladh ar bhonn inmharthana.

Maidir leis na gnólachtaí infheistíochta sistéamacha, agus roinnt acu sin arna sainaithint mar ghnólachtaí domhanda, nó institiúidí eile lena mbaineann tábhacht shistéamach de réir Airteagal 131 de Threoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil, ba cheart iad a bheith faoi réir an chreata arb é an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus Treoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil é, lena n‑áirítear na leasuithe a mhol an Coimisiún an 23 Samhain 2016 8 , i gcomhréir leis an gcur chuige athbhreithnithe maidir lena sainaithint de réir na dtograí. Tá sin amhlaidh mar is iondúil go ndéanann na gnólachtaí sin rioscaí ar scála nach beag a thabhú agus a fhrithghealladh ar fud an mhargaidh aonair. Fágann a ngníomhaíochtaí ar a neamhchosaint ar riosca creidmheasa iad, i bhfoirm riosca creidmheasa an chontrapháirtí den chuid is mó chomh maith le riosca margaidh i ndáil leis na suíomhanna a ghlacann siad ar a gcuntas féin, bíodh sin thar ceann a gcliant nó ar a son féin. Dá bhrí sin, is mó an riosca don chobhsaíocht airgeadais atá iontu i bhfianaise a méide agus a n‑idirnascthachta. De bharr na rioscaí sin agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú, ba cheart caitheamh leis na gnólachtaí infheistíochta sistéamacha sin mar institiúidí creidmheasa.

Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i Meán Fómhair 2017 maidir leis an athbhreithniú ar na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha (ÚMEanna) 9 , d'fhágfadh sin, i measc nithe eile, go mbeadh a n‑oibríochtaí sna Ballstáit a bheadh rannpháirteach san Aontas Baincéireachta faoi réir mhaoirseacht dhíreach BCE faoin Sásra Maoirseachta Aonair. Faoi láthair, is sa Ríocht Aontaithe atá na gnólachtaí sin lonnaithe den chuid is mó, ach tá siad i mbun pleananna a mheas chun codanna dá n‑oibríochtaí a athlonnú in AE27, go háirithe i mBallstáit atá rannpháirteach san Aontas Baincéireachta. Cé nach mbaineann sin ach le líon beag gnólachtaí, is mór an sciar atá ag na gnólachtaí céanna de shócmhainní iomlána agus de mhéid gnó ghnólachtaí infheistíochta uile an Aontais Eorpaigh.

I gcás na ngnólachtaí infheistíochta eile, is mó an fhadhb é go bhfuil an creat stuamachta atá ann faoi láthair dírithe ar institiúidí creidmheasa agus ar na rioscaí atá ann dóibh agus na rioscaí a bhaineann leo seachas ar ghnólachtaí infheistíochta. Den chuid is mó, ní dhéileálann na rialacha atá ann faoi láthair go sainráite leis na seirbhísí a chuireann na gnólachtaí sin ar fáil ná leis na rioscaí is féidir leo a chruthú. Tá ocht seirbhís infheistíochta ann atá gnólachtaí infheistíochta údaraithe lena soláthar de réir MiFID 10 , ach ní bhaineann ceanglais fhollasacha chomhfhreagracha de réir an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil ach le (i) 'déileáil ar a chuntas féin'; agus le (ii) frithghealladh nó ionstraimí a chur ar bhonn gealltanas daingean. I gcás na seirbhísí infheistíochta eile (orduithe a ghlacadh agus a tharchur, orduithe a fhorghníomhú, punanna a bhainistiú, comhairle infheistíochta, ionstraimí a chur gan bonn gealltanais dhaingin, saoráidí trádála iltaobhacha a oibriú), ní ann do cheanglais den sórt sin agus ní ann, dá thoradh sin, ach do cumhdach garbh ar na rioscaí lena mbaineann. Cé go bhfuil siad teoranta i gcásanna áirithe, fágann an méid sin nach gceaptar ar bhealach spriocdhírithe na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí úd don ghnólacht féin agus, dá réir sin, do chliaint an ghnólachta agus do na margaí i gcoitinne ina n‑oibríonn siad.

Eascraíonn trí príomhfhadhb as sin, agus déantar measúnú ar na fadhbanna sin sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis na tograí.

Ar an gcéad dul síos, cé go bhfreastalaíonn an creat go pointe áirithe ar na cineálacha éagsúla próifílí gnó atá ag gnólachtaí infheistíochta trí dhíolúintí, is cúis castachta rialála nach beag é sin d'an-chuid gnólachtaí. Ar an dara dul síos, níl sna ceanglais mhionsonraithe agus sna díolúintí ach garmheastachán garbh, nach bhfuil riosca-íogair, ar na rioscaí iarbhír a bhaineann le gnólachtaí infheistíochtaí, nach ionann iad agus rioscaí na mbanc. Ar an tríú dul síos, de dheasca a chastachta agus a easpa riosca-íogaireachta, is ilroinnt sa chóras rialála foriomlán do ghnólachtaí infheistíochta is toradh ar a chur chun feidhme ag na Ballstáit, agus scóip d'arbatráiste díobhálach dá réir. D'fhéadfadh sé sin bheith baolach do shláine agus d'fheidhmiú an mhargaidh aonair.

Is iad cuspóirí na dtograí dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann leis an gcreat atá ann faoi láthair agus, ag an am céanna, a éascú do ghnólachtaí infheistíochta gnó a ghlacadh agus a dhéanamh nuair is féidir. Go sonrach, leagtar amach sna tograí creat stuamachta atá níos oiriúnaí do shamhlacha gnó na ngnólachtaí infheistíochta. Tá ceanglais ar ghnólachtaí infheistíochta iontu atá níos iomchuí agus níos riosca-íogaire, agus atá dírithe ar bhealach níos fearr ar na rioscaí iarbhír a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta a bhfuil samhlacha gnó de chineálacha éagsúla acu. Ar deireadh, sraith uirlisí rialála níos cuíchóirithe is ea na tograí a chuirfidh ar chumas na maoirseoirí stuamachta a gcuid maoirseachta a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí.

De réir mar a údaraítear in Airteagail an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil is i gcomhairle le ÚBE, leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), agus leis na húdaráis inniúla náisiúnta a bhfuil ionadaíocht sna ÚMEanna sin acu a rinneadh an t‑athbhreithniú ar an gcreat stuamachta do ghnólachtaí infheistíochta. Tar éis chéadghlao an Choimisiúin ar chomhairle i mí na Nollag 2014, d'fhoilsigh ÚBE, i mí na Nollag 2015, a chéad tuarascáil 11 ar an gcreat stuamachta atá ann faoi láthair do ghnólachtaí infheistíochta, inar mhol sé athruithe ar an gcur chuige reatha i gcás na ngnólachtaí infheistíochta uile diomaite de na cinn is mó agus is sistéamaí. Tar éis an dara glao ón gCoimisiún ar chomhairle i Meitheamh 2016, d'fhoilsigh ÚBE, i Samhain 2016, plépháipéar i gcomhair comhairliúcháin 12 a bhí dírithe ar chóras stuamachta féideartha nua d'fhormhór mór na ngnólachtaí infheistíochta. Chuir ÚBE an t‑aiseolas agus na sonraí breise a bhí faighte aige ó ghnólachtaí infheistíochta agus ó na húdaráis inniúla náisiúnta san áireamh, agus d'fhoilsigh sé, i Meán Fómhair 2017, a mholtaí deiridh 13 . Forbairt is ea na tograí ar na moltaí sin ar gach bealach tábhacht diomaite de shainaithint na ngnólachtaí infheistíochta sistéamacha, ar na cúiseanna a mhínítear sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leo agus a ndéantar achoimre orthu sa Roinn 'measúnú tionchair' thíos.

   Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhlánú é an togra seo ar an athbhreithniú atá ar siúl ar an gcóras d'institiúidí creidmheasa a leagtar síos sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus i dTreoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil, de réir na moltaí a ghlac an Coimisiún an 23 Samhain 2016 a thug cead do gach gnólacht infheistíochta neamhshistéamach roghnú gan a bheith faoi réir na bhforálacha athbhreithnithe 14 . Tugadh an rogha sin isteach mar aitheantas nach rabhthas ag cuimhneamh ar fhormhór na ngnólachtaí infheistíochta nuair a ceapadh na forálacha athbhreithnithe sin agus go gcruthóidís tuilleadh castachta sa leabhar rialacha mar a bhí. Ag an am sin, bhí an t‑athbhreithniú ar an gcóras stuamachta d'fhormhór na ngnólachtaí infheistíochta a chuirtear síos sa togra seo freisin, bhí sé faoi lánseol agus measadh go mbeadh sé díréireach córas ní ba chasta fós a chur i bhfeidhm ar na gnólachtaí infheistíochta sin ar feadh beagán ama fad is a bhíothas ag fanacht le cur i bhfeidhm an chórais nua. Dá bhrí sin, cruthóidh an togra seo córas nua d'fhormhór na ngnólachtaí infheistíochta trína mbaint ina n‑iomláine as an gcreat arb é an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus Treoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil é gan ach na gnólachtaí infheistíochta sistéamacha a fhágáil faoi chuimsiú an chreata sin, lena n‑áirítear na forálacha athbhreithnithe, i gcomhréir leis an gcur chuige athbhreithnithe chun iad a shainaithint a leagtar amach sa togra seo.

Tá an togra i gcomhréir le MiFID agus MiFID II / MiFIR freisin. Trí cheanglais stuamachta a leagan síos atá saincheaptha le haghaidh ghnó agus rioscaí na ngnólachtaí infheistíochta, soiléiríonn sé cén uair atá feidhm acu agus cén fáth. Dá thoradh sin, cuirfidh sé deireadh le cásanna áirithe ina gcuirtear ceanglais stuamachta i bhfeidhm go treallach faoin gcreat atá ann faoi láthair, ar cásanna iad a thagann chun cinn toisc gur socraíodh na ceanglais sin, thar aon ní eile, i ndáil leis na seirbhísí infheistíochta a liostaítear in MiFID seachas i ndáil leis an gcruinniú rioscaí a bhaineann leis na cineálacha agus leis na méideanna gnó a sheolann gnólachtaí infheistíochta.

Glacadh MiFID II agus MiFIR i ndiaidh na géarchéime airgeadais agus cumhdaíonn siad margaí urrús, idirghabhálaithe infheistíochta agus ionaid trádála. Gabhfaidh an creat nua ionad chreat reatha MiFID I agus is treise an creat dá bharr sin. I bhfianaise an athbhreithnithe ar an gcreat stuamachta do ghnólachtaí infheistíochta, is gá a áirithiú freisin nach bhfaighidh gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann san Aontas Eorpach láimhseáil is fabhraí ná gnólachtaí an Aontais ó thaobh ceanglais stuamachta, cánach agus maoirseachta de. Chuirfeadh an togra seo athruithe spriocdhírithe i bhfeidhm ar an gcóras coibhéise atá ann faoi láthair do ghnólachtaí tríú tír faoi Airteagal 46 agus faoi Airteagal 47 de MiFIR chun cothrom iomaíochta a chaomhnú idir gnólachtaí an Aontais agus gnólachtaí tríú tír.

   Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá ról tábhachtach ag gnólachtaí infheistíochta in éascú na sreafaí infheistíochta san Aontas Eorpach trí chéile. Dá réir sin, cuid é an t‑athbhreithniú de thionscnaimh an Choimisiúin chun margadh aonair láidir agus cothrom a áirithiú, maille le dea-fheidhmiú an chórais airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil, chun infheistiú a spreagadh agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin bhfostaíocht 15 . Ba cheart creat stuamachta agus maoirseachta ní b'oiriúnaí, lenar lú costais an chomhlíonta a bheadh ar ghnólachtaí infheistíochta, ba cheart é a bheith ina chuidiú (i) chun feabhas a chur ar na dálaí gnó i gcoitinne; (ii) chun borradh a chur faoin dul isteach sa mhargadh agus faoin iomaíocht dá réir sin; agus (iii) chun feabhas a chur ar rochtain na n‑infheisteoirí ar dheiseanna nua agus ar bhealaí níos fearr chun a rioscaí a bhainistiú.

Tá an cur chuige athbhreithnithe chun na gnólachtaí infheistíochtaí sistéamacha a shainaithint ar cheart dóibh leanúint de bheith faoi réir an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil agus Threoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil, tá sé comhsheasmhach freisin leis an gcuspóir lúba ar lár i bhfeidhmiú an Aontais Baincéireachta a sheachaint. Léiríonn forbairtí struchtúracha margaidh atá tagtha chun cinn le déanaí, go bhfuil ag méadú ar chastacht na struchtúr atá ag grúpaí baincéireachta tríú tír san Aontas Eorpach, agus go bhfeidhmítear na struchtúir sin trí eintitis nach bhfuil faoi mhaoirsiú BCE faoin Sásra Maoirseachta Aonair. Mar a cuireadh in iúl sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i nDeireadh Fómhair 2017 maidir leis an Aontas Baincéireachta 16 , de thoradh a áirithiú go bhfanfaidh na gnólachtaí infheistíochta sistéamacha faoi chuimsiú an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil agus Threoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil i gcomhréir leis an gcur chuige chun iad a shainaithint a leagtar amach sa togra, cuirfear iad faoi mhaoirseacht stuamachta ag maoirseoirí baincéireachta freisin agus, maidir lena n‑oibríochtaí sna Ballstáit atá rannpháirteach san Aontas Baincéireachta, faoi mhaoirseacht stuamachta BCE.

2.    BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

   Bunús dlí

Leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tugtar an inniúlacht do na hinstitiúidí Eorpacha forálacha iomchuí a leagan síos a bhfuil bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar chuspóir acu (Airteagal 114 CFAE). Cuimsítear leis sin an reachtaíocht a dhéileálann le rialacha stuamachta agus le rialacha eile maidir le soláthraithe seirbhísí airgeadais, soláthar seirbhísí infheistíochta sa chás áirithe seo. Gabhfaidh forálacha an Rialacháin atá beartaithe ionad na bhforálacha atá i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, forálacha atá bunaithe ar Airteagal 114 CFAE freisin, a mhéid a bhaineann siad le gnólachtaí infheistíochta.

   Coimhdeacht

Leis an togra seo athbhreithnítear agus simplítear na rialacha atá ag an Aontas Eorpach faoi láthair lena rialaítear láimhseáil stuamachta do ghnólachtaí infheistíochta chun (i) feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear rioscaí san áireamh agus a dtéitear i ngleic le rioscaí i samhlacha gnó na ngnólachtaí; (ii) feabhas a chur ar an gcothrom iomaíochta idir gnólachtaí; agus (iii) feabhas a chur ar an gcóineasú maoirseachta. Chuige sin, ba cheart creat nua de chuid AE a chur in ionad an chreata atá ann cheana, seachas na roghanna sin a fhágáil ag creataí rialála sna Ballstáit. Tá sin amhlaidh mar is gnáthrud é ag na gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi MiFID faoi láthair a seirbhísí a chur ar fáil do chustaiméirí thar theorainneacha AE. De dheasca na mBallstát athruithe leithleacha neamheagraithe a dhéanamh ar na rialacha, d'fhéadfaí saobhadh iomaíochta agus láimhseáil idirdhealaitheach a thabhairt isteach, rud a chuirfeadh ilroinnt ar an margadh aonair. D'fhéadfadh an ilroinnt sin líon na gcásanna d'arbatráiste díobhálach rialála a mhéadú, agus d'fhéadfadh sé sin a thionchar féin ar imirt ar an gcobhsaíocht airgeadais agus ar chosaint an infheisteora i mBallstáit eile dá mbeadh fadhbanna ann. Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé go gclaonfaí raon agus cineál na seirbhísí infheistíochta a bheadh le fáil i mBallstát ar leith, agus ba dhíobháil d'éifeachtúlacht fhoriomlán an mhargaidh agus do roghanna an infheisteora é sin. Leis na rialacha athbhreithnithe, ba cheart cosc a chur ar éagsúlachtaí rialála agus cothrom iomaíochta a áirithiú do na gnólachtaí údaraithe uile sa mhargadh aonair trí chéile.

   Comhréireacht

Ós cleachtadh REFIT é, is é príomhchuspóir an togra an creat nua a bheith níos oiriúnaí, níos ábhartha agus níos comhréirí i gcomparáid leis an gcreat atá ann cheana do ghnólachtaí infheistíochta. Dá réir sin, aimsítear cothromaíocht sa togra seo lena áirithítear go bhfuil na ceanglais, ag an am céanna:

·cuimsitheach agus láidir a ndóthain chun rioscaí na ngnólachtaí infheistíochta a cheapadh ar bhealach atá fónta ó thaobh na stuamachta de; agus

·solúbtha a ndóthain chun freastal ar shamhlacha gnó de chineálacha éagsúla gan bac a chur ar a gcumas feidhmiú ar bhealach atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de.

Maidir le costais an chórais, idir chostas na gceanglas caipitil agus an chomhlíonta ghaolmhair agus na costais riaracháin – arb é is bunús leo an gá an fhoireann agus na córais a bhainistiú chun na ceanglais nua a chur i bhfeidhm agus chun comhlíonadh a thuairisciú do na maoirseoirí – tá sé curtha san áireamh sa togra gur chuí a áirithiú go gcoinneofaí chomh híseal agus ab fhéidir iad chun cothromaíocht a aimsiú.

Mar a léirítear sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an togra, meastar go dtiocfaidh laghdú ar na costais ghaolmhara sin le himeacht ama, cé go mbeidh roinnt costas nua aonuaire ann ag an tús. Ó thaobh an chaipitil de, rogha bheartais uileghabhálach atá mar bhonn agus mar thaca ag an obair ar an athbhreithniú agus a bhfuil tionchar aici ar an méid thuas is ea an cuspóir a áirithiú, san iomlán, nach méadófaí an iomarca na ceanglais chaipitil uile-Aontais ar ghnólachtaí infheistíochta. Fágann sin go mbeidh éifeachtaí dáilte éagsúla ann i gcás cineálacha áirithe gnólachtaí. Maolaíonn forálacha an togra na héifeachtaí sin trí na hathruithe is mó tionchar a thabhairt isteach de réir a chéile agus uasteorainn a chur leo.

   An rogha ionstraime

Rialachán atá roghnaithe óir cuirfear a fhorálacha in ionad na bhforálacha i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta. Beidh acu dá réir sin éifeacht dhlíthiúil dhíreach mar atá ag an leabhar rialacha atá ann faoi láthair, rud a áiritheoidh go mbainfear cuspóirí an togra amach go comhsheasmhach san Aontas trí chéile agus a chuirfidh leis an gcinnteacht agus leis an gcothrom iomaíochta do ghnólachtaí.

3.    TORTHAÍ Ó NA MEASÚNUITHE EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

   Measúnú ex post ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tá achoimre sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an togra seo ar an measúnú a rinneadh ar an gcreat atá ann cheana, arb é an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus Treoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil é, agus tá an measúnú sin bunaithe, go háirithe, ar an anailís a rinne ÚBE agus ÚEUM ina dtuarascáil ó 2015 17 agus ar an obair agus ar an anailís a rinne seirbhísí an Choimisiúin ag an am céanna.

Is é conclúid an mheasúnaithe sin nach n‑éiríonn leis na rialacha atá ann, ar rialacha iad atá bunaithe ar chaighdeáin rialála idirnáisiúnta i gcomhair grúpaí móra baincéireachta agus atá dírithe ar rioscaí na mbanc, nach n‑éiríonn leo ach i bpáirt a n‑aidhmeanna a bhaint amach i ndáil le (i) leordhóthain caipitil a áirithiú i gcomhair rioscaí fhormhór na ngnólachtaí infheistíochta; (ii) srian a choinneáil ar chostais an chomhlíonta; (iii) cothrom iomaíochta a chinntiú san Aontas Eorpach trí chéile; agus (iv) maoirseacht éifeachtach stuamachta a áirithiú. Meastar go bhfuil a lán de na forálacha atá ann neamhéifeachtach agus neamhéifeachtúil maidir leis an méid sin. Eisceacht air sin is ea na gnólachtaí infheistíochta móra sistéamacha óir is de 'chineál an bhainc' iad de thairbhe a bpróifíle riosca agus a n‑idirnascthachta le rannpháirtithe eile sna margaí airgeadais.

I gcás na ngnólachtaí infheistíochta eile, measadh go gcruthaítear faoin status quo (i) an iomarca castachta agus dua díréireach i ndáil le comhlíonadh, go háirithe i gcás an-chuid gnólachtaí beaga agus meánmhéide; (ii) méadrachtaí stuamachta agus ceanglais nach bhfuil saincheaptha ná riosca-íogair sa dóigh go gceapfaidís go cruinn rioscaí na ngnólachtaí infheistíochta; agus (iii) cásanna d'éagsúlacht i gcur chun feidhme náisiúnta na rialacha agus ilroinnt sa chóras rialála san Aontas Eorpach trí chéile.

   Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara roinnt uaireanta le linn an athbhreithnithe. I dtaca leis na príomh-gharspriocanna, tar éis chéadghlao an Choimisiúin ar chomhairle i mí na Nollag 2014, d'fhoilsigh ÚBE, i mí na Nollag 2015, tuarascáil ar an gcreat stuamachta atá ann faoi láthair do ghnólachtaí infheistíochta, inar mhol sé athruithe. Anailís chuimsitheach phoiblí ar an status quo atá sa tuarascáil sin ina bhfuil sonraí maidir le líon agus cineál na ngnólachtaí infheistíochta sna Ballstáit. Cuidiú a bhí san anailís sin an t‑athbhreithniú a leathnú chuig na páirtithe leasmhara sin a d'fhéadfadh sé nach mbeadh tionchar díreach ag na rialacha orthu agus iad a spreagadh le bheith rannpháirteach sa phlé a lean.

An 4 Samhain 2016 d'fhoilsigh ÚBE plépháipéar i gcomhair comhairliúcháin a bhí dírithe ar chóras stuamachta féideartha nua do ghnólachtaí infheistíochta. Bhí tréimhse trí mhí ann le tuairimí a léiriú faoin bpáipéar. D'fhoilsigh ÚBE na dréachtmholtaí uaidh an 3 Iúil 2017, agus d'iarr sé ar pháirtithe leasmhara tuairimí a thabhairt. Thairis sin, bhí cleachtadh mionbhailithe sonraí a raibh gnólachtaí infheistíochta páirteach ann mar thacaíocht ag a chuid oibre. Rinne na húdaráis inniúla náisiúnta é thar ceann ÚBE in dhá chéim, in 2016 agus in 2017.

I bhfianaise an chomhairliúcháin phoiblí mhionsonraithe agus an mhionbhailithe sonraí a rinne ÚBE, mheas an Coimisiún nár ghá comhairliúchán poiblí ginearálta a dhéanamh freisin. Ina áit sin, chuaigh seirbhísí an Choimisiúin i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ar bhealach spriocdhírithe chun tuilleadh tuairimí a fháil maidir le príomheilimintí an athbhreithnithe. Áirítear leis sin:

·cruinniú comhchéime le páirtithe leasmhara de chuid an tionscail (gnólachtaí infheistíochta, infheisteoirí, gnólachtaí dlí, comhairleoirí) an 27 Eanáir 2017 faoi dhréachtmholtaí ÚBE maidir leis an gcóras amach anseo;

·ceardlann faoi chostais an chórais atá ann faoi láthair, an 30 Bealtaine 2017; agus

·ceardlann faoi dhréachtmholtaí deiridh ÚBE an 17 Iúil 2017.

Pléadh an t‑athbhreithniú leis na Ballstáit sa Choiste um Sheirbhísí Airgeadais i Márta agus i nDeireadh Fómhair 2017 agus sa Sainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas i Meitheamh agus i Meán Fómhair 2017. Cuireadh san áireamh freisin an t‑aiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara maidir le measúnú tionchair tosaigh an Choimisiúin a foilsíodh i Márta 2017 18 . Ar deireadh, mheas an Coimisiún ionchur a fuarthas ní ba luaithe le linn an ghlao fhairsing ar fhianaise maidir le héifeachtúlacht, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht chreat rialála foriomlán an Aontais Eorpaigh do sheirbhísí airgeadais, ar ionchur é inar thrácht roinnt freagróirí ar shaincheisteanna éagsúla a bhain le hábhar i dtaca leis an athbhreithniú 19 .

Tá samhlacha gnó éagsúla ag na gnólachtaí infheistíochta, agus is iondúil go mbíonn a ndearcadh dírithe ar na gnéithe sin de na tograí a bhaineann go sonrach lena samhail ghnó féin. Is casta, dá thoradh sin, comparáidí leathana a dhéanamh maidir le hualú coibhneasta sheasaimh na bpáirtithe leasmhara. Mar sin féin, chuirfeadh formhór mór na bpáirtithe leasmhara fáilte roimh chreat stuamachta saincheaptha a bheadh ní b'oiriúnaí dá samhlacha gnó. Leagann siad béim air gur teoranta a dtábhacht shistéamach agus gur cheart na ceanglais chaipitil a dhíriú ar a áirithiú go bhféadfaí iad a leachtú ar dhóigh ordúil. Maidir le ceanglais shonracha a bhfuil feidhm acu maidir lena samhail ghnó féin, den chuid is mó cháin na gnólachtaí infheistíochta sin nach gcuireann ach seirbhísí gníomhaireachta ar fáil agus nach ndéanann idirbhearta in ionstraimí airgeadais ag úsáid a gclár comhardaithe féin, cháin siad aon mholadh maidir le ceanglais chaipitil a nascadh ar bhealach líneach le méid na bpunann cliant a bhainistíonn siad. Cé go bhfuil a lán gnólachtaí a thrádálann ar a gcuntas féin den tuairim go bhfuil fiúntas áirithe ag baint leis an gcreat atá ann faoi láthair chun an riosca margaidh a cheapadh i bhfianaise na rioscaí a bhaineann leo féin, maíonn gnólachtaí trádála eile go gcuirtear an iomarca béime ar na rioscaí a bhaineann leis na modhanna agus na táirgí ina dtrádálann siad féin. Cuireadh na tuairimí sin san áireamh le calabrú na méadrachtaí nua riosca (K-fhachtóirí – féach thíos) agus leis an deis na ceanglais is airde a thabhairt isteach de réir a chéile agus uasteorainn a chur leo.

   Bailiú agus úsáid saineolais

Rinneadh an t‑athbhreithniú ar bhonn comhairle chuimsitheach ó ÚBE i gcomhairle le ÚEUM, mar a cheanglaítear de réir na nAirteagal ábhartha de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arb iad bunús dlí an athbhreithnithe iad (go háirithe Airteagal 508(2) agus (3)). Is iad seo a leanas na príomhnithe a chuir ÚBE amach go poiblí:

·tuarascáil Nollaig 2015 ina leagtar amach measúnú cuimsitheach ar an status quo agus moltaí tosaigh maidir le hathruithe;

·plépháipéar Shamhain 2016 a foilsíodh do chomhairle maidir le himlíne córais nua fhéideartha; agus

·tuarascáil deiridh Mheán Fómhair 2017 ina raibh moltaí mionsonraithe.

Baineadh úsáid as cleachtadh mionbhailithe sonraí a raibh gnólachtaí infheistíochta páirteach ann nuair a rinneadh an calabrú beacht ar na moltaí le haghaidh ceanglais chaipitil nua. Rinne na húdaráis inniúla náisiúnta é sin thar ceann ÚBE in dhá chéim, in 2016 agus in 2017. Bhí baint ag an gCoimisiún leis an obair i rith an ama agus bhí sé in ann tairbhe a bhaint as an bplé faoi bhuntáistí agus faoi mhíbhuntáistí na moltaí beartais mionsonraithe de réir mar a chuaigh an plé sin ar aghaidh.

   Measúnú tionchair

De réir sraith uirlisí na Rialála Níos Fearr (uirlis #9), ní gá don Choimisiún aon mheasúnú tionchair a dhéanamh i gcásanna ina bhfuil gníomhaireacht de chuid an Aontais údaraithe le hobair ceaptha beartais agus an anailís a ghabhann léi a dhéanamh, fad is nach gclaonfaidh togra an Choimisiúin mórán ó mholtaí na gníomhaireachta agus go measfaidh seirbhísí an Choimisiúin gur leor cáilíocht mheasúnú na gníomhaireachta.

Cé gur scrúdaigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála dréachtmheasúnú tionchair maidir leis an tionscnamh seo, measadh gur chuí doiciméad inmheánach oibre ós rud é gur ar chomhairle na ÚMEanna agus ar an gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara agus ar an obair theicniúil a rinne siad atá sainordú sonrach an athbhreithnithe bunaithe. Dá bhrí sin, is é cuspóir an doiciméid inmheánaigh oibre a ghabhann leis na tograí an chomhairle a thug na ÚMEanna a mhíniú, lena n‑áirítear torthaí a n‑anailíse agus a gcomhairliúcháin, agus tuairimí sheirbhísí an Choimisiúin i leith na gconclúidí a leagan amach, d'fhonn cinnteoireacht an Choimisiúin a threorú.

Maidir le ceanglais chaipitil, is é measúnú ÚBE gurb é toradh a bheadh ar a chomhairle go méadófaí 10% iad, i gcomhiomlán i gcás gach gnólachta neamhshistéamaigh de chuid AE, i gcomparáid le ceanglais Cholún 1 an lae inniu, agus go laghdófaí 16% iad i gcomparáid leis na ceanglais iomlána a chuirtear i bhfeidhm mar gheall ar fhorlíontáin Cholún 2. Bheadh an chaoi a mbeadh na tionchair sin dáilte ar ghnólachtaí infheistíochta ag brath ar a méid, ar na seirbhísí infheistíochta a sholáthraíonn siad agus ar an bhfeidhm a bheadh ag na ceanglais chaipitil nua orthu. Mar atá léirithe sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis na tograí, lena n‑áirítear Iarscríbhinn II de, is éard atá sa mhéadú comhiomlán 10% ar cheanglais Cholún 1 ná suim ceanglas atá i bhfad níos ísle i gcásanna áirithe agus méaduithe os cionn 10% i gcásanna eile. Maidir le cistí dílse atá ar fáil, mheas ÚBE nach dteipfeadh ach ar dhornán gnólachtaí a ndóthain caipitil a bheith acu chun na ceanglais nua a chomhlíonadh gan dua – níl i gceist leis sin ach líon beag comhairleoirí infheistíochta, gnólachtaí trádála agus gnólachtaí ilseirbhísí. I gcás gnólachtaí den ghrúpa sin, áfach, a mbeadh an méadú a d'fheicfidís ní ba mhó ná dhá oiread na gceanglas atá orthu faoi láthair, d'fhéadfaí uasteorainn a chur i bhfeidhm ar feadh roinnt blianta.

Is é conclúid an doiciméid inmheánaigh oibre a ghabhann leis na tograí go bhfuil moltaí ÚBE, ar an iomlán, iomchuí agus comhréireach mar bhealach chun cuspóirí an athbhreithnithe a bhaint amach ar dhóigh éifeachtach éifeachtúil i gcomparáid leis an status quo. I gcoitinne, céim dhearfach fhollasach í comhairle ÚBE i dtreo creat stuamachta do ghnólachtaí infheistíochta a bheidh in ann a áirithiú go bhfuil siad ag feidhmiú ar bhonn fónta airgeadais gan bac a chur ar a n‑ionchais tráchtála. Dá thoradh sin, ba cheart go mbeadh an chomhairle sin ina taca tomhaiste ag aidhmeanna an athbhreithnithe. Ar lámh amháin, ba cheart go mbeadh sí ina cuidiú chun a áirithiú go rachfaí i ngleic ar bhealach ní ba spriocdhírithe ar na rioscaí a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta dá gcustaiméirí agus do na margaí, ina n‑oibríochtaí leantacha agus i gcás a leachtaithe araon. Ar an lámh eile, ba cheart go mbeadh sí ina cuidiú chun a áirithiú go bhfuil siad lán-ábalta a ról a imirt maidir le sreafaí infheistíochta a éascú san Aontas Eorpach trí chéile, rud atá i gcomhréir le haidhmeanna Aontas na Margaí Caipitil maidir le coigiltis agus infheistithe a chur chun tairbhe chun borradh a chur faoin bhfás agus faoin bhfostaíocht.

Ní chlaonann an doiciméad inmheánach oibre ó mholtaí ÚBE ach maidir le sainaithint na ngnólachtaí infheistíochta sistéamacha. Seachas an tsainaithint sin a chur siar lena soiléiriú trí chritéir a d'fhorbrófaí i rialacha teicniúla lena gcuirfí na tograí chun feidhme de réir mholadh ÚBE, meastar gurb iomchuí í a leagan amach sna tograí féin chun a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ann idir institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta sistéamacha. Maidir leis an bponc sin, téann na tograí níos faide ná comhairle ÚBE ina thuairim faoin athbhreithniú ar ghnólachtaí infheistíochta. Ach leis sin, cloíonn na tograí le tuairim ÚBE maidir le saincheisteanna a bhaineann le cinneadh na Ríochta Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil 20 .

   Oiriúnacht rialála agus simpliú

Mar a leagtar amach sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis na tograí, de thoradh shimpliú na rialacha stuamachta d'fhormhór mór na ngnólachtaí infheistíochta meastar go dtiocfaidh laghdú suntasach ar ualach an riaracháin agus an chomhlíonta. D'fhéadfaí deireadh a chur le roinnt ceanglas rialála agus tuairiscithe nach bhfuil aon fheidhm acu a thuilleadh, sa dóigh go bhféadfadh caipiteal atá dírithe ar chúrsaí rialála i láthair na huaire a athdhíriú ar úsáidí níos táirgiúla. Socraítear sna tograí ceanglais chaipitil agus ceanglais stuamachta eile, lena n‑áirítear luach saothair agus rialachas, atá i gcomhréir leis an ngnólacht infheistíochta, agus dá bharr sin maolaítear den chéad uair na costais nach beag a thabhaíonn gnólachtaí de dheasca cheanglas an chóras atá ann faoi láthair atá dírithe ar bhainc. Cuirfidh sé sin deireadh leis an gcúram casta sonraí gnó a mheaitseáil agus a thabhairt chun réitigh le creat rialála neamhoiriúnach agus le córas tuairiscithe neamhoiriúnach.

Táthar ag súil go mbeadh na gnólachtaí infheistíochta ar FMBanna 21 iad orthu siúd is mó a bhainfidh tairbhe as. De bharr an creat stuamachta dóibh a bheith níos comhréirí agus níos iomchuí, ba cheart go gcuirfí feabhas ar na dálaí ina seoltar gnó agus ba cheart go laghdófaí na bacainní ar dhul isteach sa mhargadh. Mar shampla, de thoradh an creat tuairiscithe trom a chuíchóiriú ba cheart go laghdófaí ualach an riaracháin agus an chomhlíonta ar FMBanna, lena n‑áirítear gnólachtaí infheistíochta ar mian leo fás ar dhóigh dhigiteacha. Ar aon dul leis sin, de bharr gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a dhíolmhú ó na rialacha rialachais agus luacha saothair atá ann faoi láthair de réir Threoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil agus an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil, laghdódh na tograí costais an riaracháin agus an chomhlíonta ar na fiontair sin. Beifear ag súil le costais aonuaire áirithe maidir leis an athrú chuig an gcóras nua, óir beidh ar ghnólachtaí a gcórais bainistithe riosca a ollchóiriú, a ranna comhlíontachta a thabhairt cothrom le dáta agus athbhreithniú a dhéanamh ar a gconarthaí le gnólachtaí dlí agus le soláthraithe eile seirbhísí a úsáidtear faoi láthair chun comhlíonadh a éascú. Ba cheart, áfach, go gcuirfeadh na coigiltis i dtaobh chostais an chomhlíonta le haidhmeanna Aontas na Margaí Caipitil i gcoitinne toisc go gcuideoidís le gnólachtaí infheistíochta a ról a imirt sna coigiltis sin ó infheisteoirí a chur chun tairbhe in úsáidí táirgiúla.

Ó thaobh chostais an chomhlíonta de, spárálfaidh gnólachtaí na deicheanna míle nó na céadta míle euro ag brath ar chineál agus ar mhéid an ghnólachta. Ní fios ag an gcéim seo, áfach, cén gaol ná cén chomparáid a bheidh ann idir na laghduithe sin ar chostais an chomhlíonta agus na hathruithe ar na ceanglais chaipitil ar chineálacha éagsúla gnólachtaí, agus ba cheart díriú air sin san fhaireachán agus sa mheastóireacht a dhéanfar ar an gcreat amach anseo.

   Cearta bunúsacha

Faoin togra seo neartófar feidhmiú a gceart ag roinnt gnólachtaí infheistíochta chun a ngnó a sheoladh saor ó laincisí rialacha a ceapadh go príomha i gcomhair gníomhairí eacnamaíocha de chineálacha eile. Leis na bearta reachtacha sna tograí ina leagtar amach rialacha maidir le luach saothair i ngnólachtaí infheistíochta, urramaítear na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, go háirithe an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus an ceart chun cómhargála agus chun caingne.

4.    IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.    EILIMINTÍ EILE

   Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar na hathruithe atá beartaithe sna tograí chun a méid a bhfuiltear ag comhlíonadh na gcuspóirí seo a leanas a dhéanamh amach:

·catagóiriú níos simplí ar ghnólachtaí infheistíochta ar dhóigh a cheapann na próifílí riosca éagsúla a bhaineann leo;

·sraith rialacha stuamachta, go háirithe maidir le ceanglais chaipitil, leachtachta, luacha saothair agus rialachais, a bheidh iomchuí, comhréireach agus íogair maidir leis na rioscaí sonracha a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta agus a áiritheoidh go sannfar caipiteal don áit is gá;

·creat a chomhfhreagróidh do na rioscaí a bhaineann go dlúth le cineál agus le raon na ngníomhaíochtaí a dhéanann gnólachtaí infheistíochta ar bhealach díreach grinn agus lena gcothófar glacadh an ghnó ar an dóigh sin; agus

·sraith chuíchóirithe d'uirlisí maoirseachta lena mbeifear in ann maoirseacht iomlán chruinn a dhéanamh ar chleachtais ghnó agus na rioscaí a bhaineann leo.

Chuige sin, d'fhéadfaí roinnt den fhaisnéis seo a leanas a bhailiú mar chuid d'athbhreithniú a dhéanfaí amach anseo lena húsáid mar tháscairí chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na n‑athruithe atá molta: (i) costais an chomhlíonta i ndáil le foireann, comhairle dlí agus tuairisciú rialála; (ii) leibhéil na gceanglas caipitil; (iii) costais nua eile e.g. de thoradh rialacha leachtachta; (iv) fás ar líon na ngnólachtaí sna catagóirí éagsúla; (v) athruithe ar úsáid fhorlíontáin Cholún 2 ag na húdaráis inniúla; (vi) cásanna de chliseadh gnólachtaí infheistíochta faoin gcóras nua agus an tionchar a bhí aige sin; agus (vii) fás ar mhéid na ngnólachtaí infheistíochta ó thaobh an méid sócmhainní agus orduithe cliaint atá acu.

   Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ábhar agus raon feidhme

Leagtar amach sa togra ceanglais maidir le cistí dílse, íosleibhéil chaipitil, riosca comhchruinnithe, leachtacht, tuairisciú agus nochtadh poiblí faoin Rialachán seo do na gnólachtaí infheistíochta uile nach gnólachtaí infheistíochta sistéamacha iad.

Leibhéal an chur i bhfeidhm

Ní mór do na gnólachtaí infheistíochta uile atá faoi raon feidhme an Rialacháin forálacha an Rialacháin a chur i bhfeidhm ar bhonn aonair. Tá maolú curtha ar fáil do ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha laistigh de ghrúpaí baincéireachta atá faoi réir comhdhlúthú cur i bhfeidhm agus maoirseachta de réir an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil agus Threoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil. Beidh feidhm ag ceanglas sonrach caipitil grúpa maidir le grúpaí nach bhfuil ach gnólachtaí infheistíochta iontu, faoina mbeidh ar an máthairchuideachta a áirithiú go bhfuil a dóthain caipitil aici chun tacú lena sealúchais sna foghnólachtaí infheistíochta.

Cistí dílse

Is ionann na hionstraimí caipitil atá cáilithe mar chistí dílse le gur féidir le gnólachtaí infheistíochta a gceanglais chaipitil a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus na hítimí céanna faoin Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus faoi Threoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil. Chuige sin, ba cheart caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a bheith i 56% ar a laghad den chaipiteal rialála, agus caipiteal breise Leibhéal 1 incháilithe le haghaidh suas le 44% agus caipiteal Leibhéal 2 incháilithe le haghaidh suas le 25% den chaipiteal rialála.

Ceanglais chaipitil

Coinneoidh gach gnólacht infheistíochta, mar íosmhéid buan caipitil, méid is ionann agus an caipiteal tosaigh ba cheanglas orthu chun a n‑údarú a fháil. Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha an ceanglas sin nó, más airde é, ceanglas a bheidh bunaithe ar aon cheathrú dá bhforchostais sheasta don bhliain roimhe sin, arna ríomh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/488 ón gCoimisiún 22 , a chur i bhfeidhm mar cheanglas caipitil. Is é an sainmhíniú ar na gnólachtaí sin gnólachtaí nach bhfuil údaraithe le sócmhainní cliant a choimirciú agus a riar, bheith i seilbh airgid cliant ná déileáil ar a gcuntas féin ina n‑ainm féin, nó gnólachtaí ar lú ná EUR 1.2 billiún na sócmhainní atá faoi bhainistiú acu de réir bainistíocht punainne lánroghnach agus socruithe neamh-lánroghnacha (comhairleacha) araon, ar lú ná EUR 100 milliún i gcás trádálacha in airgead tirim nó ar lú ná EUR 1 billiún i gcás díorthach na horduithe cliaint laethúil a láimhseálann siad, agus ar lú ná EUR 100 milliún a gclár comhardaithe agus ar lú ná EUR 30 milliún a n‑ollioncam iomlán óna ngníomhaíochtaí infheistíochta. Is éard a chuirfidh na gnólachtaí infheistíochta atá os cionn na dtairseach sin i bhfeidhm an ceanglas atá orthu maidir le híosmhéid buan caipitil, an ceanglas atá orthu maidir le forchostais sheasta, nó an ceanglas atá orthu bunaithe ar shuim an cheanglais de réir K-fhachtóirí, pé acu is airde.

K-fhachtóirí

Ceaptar le K-fhachtóirí an riosca don chustaiméir (RtC), agus i gcás gnólachtaí a dhéileálann ar a gcuntas féin agus a fhorghníomhaíonn orduithe cliaint ina n‑ainm féin, an riosca don mhargadh (RtM) agus an riosca don ghnólacht (RtF). Le RtC, cuimsítear na K-fhachtóirí seo a leanas: sócmhainní faoi bhainistiú (K-AUM), seilbh airgid cliant (K-CMH), sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar (K-ASA), agus orduithe cliaint arna láimhseáil (K-COH). Le RtM, cuimsítear K-fhachtóir do riosca an ghlansuímh (K-NPR) atá bunaithe ar na ceanglais riosca margaidh faoin Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (Teideal IV de Chuid a Trí), nó de rogha air sin má cheadaíonn an t‑údarás inniúil é, K-fhachtóir atá bunaithe na corrlaigh arna mbreacadh le comhaltaí imréitigh maidir le trádálacha a ráthaíonn an comhalta imréitigh (K-CMG).

An tairseach le haghaidh gnólacht infheistíochta a bheith in ann leas a bhaint as an gcur chuige caighdeánaithe simplithe maidir leis an riosca margaidh, déanfar í a leasú ionas nach dtagrófar ach do mhéid absalóideach de shócmhainní iomlána, mar atá EUR 300 milliún. Le RtF, cuimsítear K-fhachtóirí do riosca mainneachtana an chontrapháirtí trádála (K-TCD), don riosca comhchruinnithe os cionn tairseacha sainithe (K-CON – féach thíos) agus do shreabhadh trádála laethúil (K-DFT).

Ríomhtar K-CMH, K-ASA, K-COH agus K-DTF ar bhonn meán rollach na 3 mhí roimhe sin, ach i gcás K-AUM is ar an mbliain roimhe sin atá sé bunaithe. Méadaítear na K-fhachtóirí sin faoi na comhéifeachtaí comhfhreagracha a leagtar amach sa Rialachán seo chun an ceanglas caipitil a chinneadh. Is de réir an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil a chinntear na ceanglais chaipitil do K-NPR, agus maidir le K-CON agus K-TCD déantar na ceanglais chomhfhreagracha den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a chur i bhfeidhm ar bhealach simplithe i ndáil le láimhseáil neamhchosaintí móra sa leabhar trádála agus riosca creidmheas an chontrapháirtí faoi seach.

Riosca comhchruinnithe

Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta faireachán agus rialú a dhéanamh ar a riosca comhchruinnithe, lena n‑áirítear maidir lena gcustaiméirí. Is iad na gnólachtaí nach meastar gur gnólachtaí beaga neamh-idirnasctha iad, agus iadsan amháin, ar cheart dóibh tuairisc a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir lena rioscaí comhchruinnithe, i bhfoirm mhainneachtain a gcontrapháirtithe mar shampla, i gcás ina bhfuil siad i seilbh airgid cliant, urrús agus a n‑airgid thirim féin, agus riosca comhchruinnithe de thoradh tuillimh. Na gnólachtaí sin a dhéileálann ar a gcuntas féin nó a fhorghníomhaíonn orduithe cliaint ina n‑ainm féin, níor cheart dóibh dul thar neamhchosaint ar chontrapháirtí aonair nó ar chontrapháirtithe nasctha arb ionann í agus 25% dá gcaipiteal rialála, faoi réir maoluithe sonracha maidir le neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa nó ar ghnólachtaí infheistíochta eile. Ní fhéadfar na teorainneacha sin a shárú ach amháin má chomhlíontar ceanglais bhreise maidir le K-CON. I gcás gnólachtaí infheistíochta atá speisialaithe i ndíorthaigh tráchtearraí nó i lámhaltais astaíochta nó i ndíorthaigh díobh sin ar féidir neamhchosaintí comhchruinnithe móra a bheith acu i ndáil leis na grúpaí neamhairgeadais lena mbaineann siad, is féidir na teorainneacha sin a shárú gan caipiteal breise a fhad is a dhéanfar sin chun críocha leachtachta nó bainistithe riosca ar leibhéal an ghrúpa.

Leachtacht

Ba cheart nósanna imeachta inmheánacha a bheith ag gnólachtaí infheistíochta chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar a riachtanais leachtachta agus ba cheart ceangal a beith orthu aon trian ar a laghad dá gceanglais forchostas seasta a choinneáil mar shócmhainní leachtacha. Is éard ba cheart a bheith sna sócmhainní sin an liosta de shócmhainní leachtacha ardcháilíochta de réir an Rialacháin Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis an gcóimheas cumhdaigh ar leachtacht 23 , arna fhorlíonadh le hairgead dílis neamhualaithe an ghnólachta (nach féidir airgead cliant a áireamh leis) agus i gcás gnólachtaí beaga neamh-idirnasctha (na gnólachtaí sin nach bhfuil faoi réir K-fhachtóirí), infháltais ó fhéichiúnaithe trádála agus táillí nó coimisiúin is infhaighte laistigh de 30 lá ar choinníollacha sonracha. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh gnólachtaí infheistíochta fanacht faoi bhun na tairsí atá ina ceangal orthu trí luach airgid a chur ar a sócmhainní leachtacha chun a riachtanais leachtacha a chumhdach, ar chuntar go dtabharfaidh siad fógra dá n‑údarás inniúil láithreach.

Tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí

Tá sé de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta tuairisc a thabhairt dá n‑údaráis inniúla maidir lena gcomhlíonadh i leith an chreata stuamachta i gcomhréir le ceanglais mhionsonraithe atá le sonrú i mbearta cur chun feidhme de chuid Leibhéal 2. Is gráinní na ceanglais tuairiscithe atá ar ghnólachtaí atá faoi réir K-fhachtóirí ná na ceanglais atá ar na gnólachtaí sin atá faoi réir an cheanglais caipitil, bíodh sin i dtéarmaí íosmhéid buan caipitil nó forchostais sheasta. Nochtfaidh na gnólachtaí sin go poiblí a leibhéil chaipitil, a gceanglais chaipitil, a mbeartais luacha saothair agus a gcleachtais luacha saothair, agus a socruithe rialachais, ach ní bheidh gnólachtaí beaga neamh-idirnasctha faoi réir ceanglais maidir le nochtadh poiblí.

Forálacha idirthréimhseacha

Ar mhaithe le hascnamh rianúil na ngnólachtaí infheistíochta chuig an gcóras nua, bheadh na ceanglais chaipitil faoi réir na bhforálacha céimnithe isteach seo a leanas: Ar feadh cúig bliana ó dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, na gnólachtaí infheistíochta a dtiocfadh breis is dúbailt ar an gceanglas caipitil a bheadh orthu faoin gcóras nua i gcomparáid leis an gceanglas caipitil atá orthu faoin gcreat atá ann faoi láthair, ba cheart ligean dóibh an ceanglas caipitil atá orthu a theorannú do dhá oiread an cheanglais caipitil ábhartha de réir an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil agus Threoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil. Thairis sin, ar feadh na tréimhse sin, d'fhéadfadh gnólachtaí infheistíochta nua nach raibh riamh faoi réir an Rialacháin sin ná na Treorach sin, d'fhéadfaidís teorainn a chur i bhfeidhm a bheadh socraithe ag dhá oiread a gceanglais forchostas seasta, agus na gnólachtaí infheistíochta nach raibh faoi réir ach ceanglas caipitil tosaigh faoin Rialachán sin agus faoin Treoir sin, d'fhéadfaidís an ceanglas caipitil atá orthu a theorannú do dhá oiread an cheanglais sin chun na méaduithe sin a mhaolú. Ar deireadh, ar feadh cúig bliana ó dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó go dtí dáta cur i bhfeidhm na n‑athruithe arna nglacadh ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus ar Threoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil i dtaca le ceanglais chaipitil le haghaidh riosca margaidh de bhun Airteagal 1(84) den Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 575/2013, pé acu is túisce, ba cheart do na gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir na bhforálacha comhfhreagracha den Rialachán seo leanúint den cheanglas caipitil atá orthu maidir leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir leis an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil mar atá sé.

Gnólachtaí infheistíochta sistéamacha

Leasaítear leis an togra seo an sainmhíniú ar institiúidí creidmheasa atá in Airteagal 4(1)(1) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. Tabharfar, ar an dóigh sin, stádas institiúidí creidmheasa do na gnólachtaí infheistíochta móra a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (3) agus i bpointe (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le MiFID agus a bhfuil sócmhainní os cionn EUR 30 billiún acu. Dá thoradh sin, leanfaidh na gnólachtaí infheistíochta móra a mbaineann tábhacht shistéamach leo den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus de Threoir IV maidir le Ceanglais Chaipitil a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir, ina n‑iomláine, na gceanglas stuamachta agus maoirseachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa. Áirítear leis sin na forálacha maidir le maoirseacht aonair agus maoirseacht chomhdhlúite na n‑údarás inniúil ar an máthairghnóthas. Fágfaidh sin, i measc nithe eile, go mbeidh oibríochtaí na ngnólachtaí infheistíochta móra atá bunaithe sna Ballstáit atá rannpháirteach san Aontas Baincéireachta, go mbeidh siad faoi réir mhaoirseacht dhíreach an Bhainc Ceannais Eorpaigh faoi chuimsiú an tSásra Maoirseachta Aonair. Bheadh an cur chuige sin i gcomhréir lena bhfuil tagtha chun cinn maidir le rialáil i ndlínsí eile (e.g. na Stáit Aontaithe, an Eilvéis, an tSeapáin) mar atá, ó bhí an ghéarchéim airgeadais ann, an láimhseáil rialála agus maoirseachta a dhéantar ar ghnólachtaí infheistíochta sistéamacha a ailíniú a thuilleadh le láimhseáil rialála agus maoirseachta institiúidí creidmheasa

2017/0359 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach, 24

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 25

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Dlúthchuid de na coinníollacha rialála ar ar féidir le hinstitiúidí airgeadais seirbhísí a sholáthar san Aontas is ea ceanglais stuamachta láidre. Tá gnólachtaí infheistíochta, maille le hinstitiúidí creidmheasa, faoi réir Threoir 2013/36/AE 26 agus faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 27 maidir lena láimhseáil stuamachta agus maidir le maoirseacht stuamachta, agus leagtar amach na ceanglais údarúcháin agus na ceanglais eile eagrúcháin agus iompair atá orthu i dTreoir 2004/39/CE 28 .

(2)Den chuid is mó, is ar leaganacha comhleanúnacha de na caighdeáin rialála idirnáisiúnta atá na córais stuamachta reatha faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE bunaithe, ar caighdeáin iad a leagann Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht síos le haghaidh grúpaí móra baincéireachta agus nach ndírítear ach i bpáirt ar na rioscaí sonracha a bhaineann le gníomhaíochtaí éagsúla na ngnólachtaí infheistíochta. Dá bhrí sin, ba cheart díriú go sonrach ar na leochaileachtaí sonracha agus ar na rioscaí a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta trí bhíthin socruithe iomchuí agus comhréireacha stuamachta ar leibhéal an Aontais.

(3)Na rioscaí a dtéann gnólachtaí infheistíochta féin fúthu agus na rioscaí a bhaineann leo dá gcliaint agus do na margaí leathana ina n‑oibríonn siad, is ar chineál agus ar mhéid a ngníomhaíochtaí a bhraitheann siad, lena n‑áirítear cibé acu a ghníomhaíonn gnólachtaí infheistíochta mar ghníomhairí dá gcliaint agus nach páirtí iad sna hidirbhearta a thig as sin iad féin, nó a ghníomhaíonn siad mar phríomhaithe sna trádálacha.

(4)Le ceanglais fhónta stuamachta, ba cheart a áirithiú go ndéanfar gnólachtaí infheistíochta a bhainistiú ar dhóigh ordúil chun leas a gcliant. Ba cheart a chur san áireamh iontu poitéinseal na ngnólachtaí infheistíochta agus a gcuid cliant rioscaí iomarcacha a ghlacadh mar aon leis na leibhéil éagsúla riosca a ghlacann gnólachtaí infheistíochta chucu féin agus na leibhéil éagsúla riosca a bhaineann leo. Ar an gcuma chéanna, ba cheart é a bheith d'aidhm ag na ceanglais stuamachta sin ualach riaracháin míchuí ar ghnólachtaí infheistíochta a sheachaint.

(5)Tá roinnt mhaith de na ceanglais a eascraíonn as creat Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE ceaptha chun díriú ar na rioscaí comhchoiteanna a bhíonn ann d'institiúidí creidmheasa. Dá réir sin, tá na ceanglais atá ann calabraithe, tríd is tríd, chun acmhainn iasachtaithe institiúidí creidmheasa a chaomhnú feadh timthriallta eacnamaíocha agus chun taisceoirí agus cáiníocóirí a chosaint ó chliseadh a d’fhéadfadh tarlú, agus níor ceapadh iad le díriú ar phróifílí riosca éagsúla gnólachtaí infheistíochta. Ní bhíonn punanna móra iasachtaí miondíola agus corparáideacha ag gnólachtaí infheistíochta agus ní ghlacann siad taiscí. Is lú seans go bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith ag cliseadh gnólachtaí infheistíochta ná cliseadh institiúidí creidmheasa ar chobhsaíocht fhoriomlán airgeadais. Mar sin, is mór an difear idir na rioscaí atá ann do ghnólachtaí infheistíochta agus na rioscaí a bhaineann leo agus na rioscaí atá ann d'institiúidí creidmheasa agus a bhaineann leo sin, agus ba cheart an difear sin a léiriú go soiléir i gcreat stuamachta an Aontais.

(6)Is bunaithe ar cheanglais stuamachta na n‑institiúidí creidmheasa atá na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta faoi Threoir 2013/36/AE agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Is iomaí díolúine ó na ceanglais sin atá ag na gnólachtaí infheistíochta a bhfuil a raon údaraithe teoranta do sheirbhísí infheistíochta sonracha nach ndíríonn an creat stuamachta atá ann faoi láthair orthu. Is aitheantas é sin nach ionann rioscaí do na gnólachtaí sin, sa cháil sin, agus d'institiúidí creidmheasa. Tá na ceanglais chomhfhreagracha den creat, ó thaobh caipitil de, infheidhme ar ghnólachtaí infheistíochta a dhéanann gníomhaíochtaí a ndíríonn an creat atá ann faoi láthair orthu agus a bhaineann le trádáil ionstraimí airgeadais ar bhonn teoranta, ach is féidir leo díolúintí a fháil i réimsí eile amhail leachtacht, neamhchosaintí móra agus luamhánú. Na gnólachtaí infheistíochta nach bhfuil na teorainneacha sin lena raon údaraithe, tá siad faoi réir an chreata ina iomláine maille leis na hinstitiúidí creidmheasa.

(7)Trádáil ionstraimí airgeadais, bíodh sé chun críocha bainistíochta riosca, infhálaithe agus bainistíochta leachtachta nó chun suíomhanna treocha a ghlacadh maidir le luach na n‑ionstraimí le himeacht ama, is gníomhaíocht í a dhéanann idir institiúidí creidmheasa agus ghnólachtaí infheistíochta atá údaraithe le déileáil ar a gcuntas féin agus dírítear uirthi sa chreat stuamachta arb é Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 é. Chun éagothrom iomaíochta a sheachaint a mbeadh ina chúis le harbatráiste rialála idir institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta sa réimse sin, ba cheart leanúint, maidir leis na gnólachtaí infheistíochta sin, d'fheidhm a bheith ag na ceanglais chaipitil faoi na rialacha sin lena gcumhdaítear an riosca sin. Neamhchosaintí na ngnólachtaí infheistíochta sin ar an gcontrapháirtithe trádála in idirbhearta sonracha agus na ceanglais chaipitil chomhfhreagracha, tá siad cumhdaithe sna rialacha freisin agus dá bhrí sin ba cheart leanúint d'fheidhm a bheith acu ach ar bhealach simplithe. Ar deireadh, is ábhartha freisin na rialacha maidir le neamhchosaintí móra sa chreat atá ann faoi láthair i gcásanna ina bhfuil neamhchosaintí trádála na ngnólachtaí infheistíochta sin ar chontrapháirtithe sonracha an-mhór agus, dá thoradh sin, ina bhfoinse ró-chomhchruinnithe riosca don ghnólacht infheistíochta de thoradh mhainneachtain an chontrapháirtí. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint d'fheidhm a bheith ag na forálacha sin maidir le gnólachtaí infheistíochta ach ar bhealach simplithe.

(8)Is baol do chothrom iomaíochta le haghaidh gnólachtaí infheistíochta san Aontas iad na héagsúlachtaí i gcur i bhfeidhm an chreata atá ann sna Ballstáit éagsúla. Eascraíonn na héagsúlachtaí sin as an gcastacht fhoriomlán a bhaineann leis an gcreat a chur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta éagsúla bunaithe ar na seirbhísí a sholáthraíonn siad, i gcás ina ndéanann roinnt údarás náisiúnta an cur i bhfeidhm sin a choigeartú nó a chuíchóiriú sa dlí náisiúnta nó sa chleachtas náisiúnta. Ós rud é nach ndírítear sa chreat stuamachta atá ann ar na rioscaí uile atá ann do chineálacha áirithe gnólachtaí infheistíochta agus na rioscaí a bhaineann leo, cuireadh forlíontáin chaipitil mhóra i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta áirithe i roinnt Ballstát. Ba cheart forálacha aonfhoirmeacha ina ndíreofar ar na rioscaí sin a leagan síos chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht stuamachta chomhchuibhithe ar ghnólachtaí infheistíochta ar fud an Aontais.

(9)Mar sin, tá gá le córas stuamachta sonrach le haghaidh gnólachtaí infheistíochta nach gnólachtaí infheistíochta sistéamacha iad de bhua a méide agus a n‑idirnascthachta le gníomhaithe airgeadais agus eacnamaíocha eile. Mar sin féin, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta sistéamacha a bheith faoi réir an chreata stuamachta atá ann faoi Threoir 2013/36/AE agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Is fothacar iad na gnólachtaí infheistíochta sin de na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann creat Threoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ní bhaineann siad tairbhe as díolúintí tiomnaithe ó aon cheann de phríomhcheanglais an chreata. Tá samhlacha gnó agus próifílí riosca ag na gnólachtaí infheistíochta is mó agus ag na gnólachtaí is idirnasctha atá cosúil leo sin atá ag institiúidí creidmheasa tábhachtacha – cuireann siad seirbhísí de "chineál an bhainc" ar fáil agus déanann siad rioscaí ar scála mór a fhrithghealladh. Dá bhrí sin, is iomchuí na gnólachtaí infheistíochta sin a bheith faoi réir na bhforálacha a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ina theannta sin, tá gnólachtaí infheistíochta sistéamacha sách mór le bheith ina mbagairt ar fheidhmiú cobhsaí ordúil na margaí airgeadais, agus tá samhlacha gnó agus próifílí riosca acu atá ina mbagairt air sin, ar aon chéim le hinstitiúidí creidmheasa móra.

(10)Leis an gcóras stuamachta sonrach le haghaidh gnólachtaí infheistíochta nach meastar, de bhua a méide agus a n‑idirnascthachta le gníomhaithe airgeadais agus eacnamaíocha eile, gur gnólachtaí infheistíochta sistéamacha iad, ba cheart díriú ar na cleachtais ghnó shonracha atá ag gnólachtaí infheistíochta de chineálacha éagsúla. Na gnólachtaí infheistíochta sin lena mbaineann an poitéinseal is airde chun rioscaí a ghiniúint do chliaint, do na margaí agus d'fheidhmiú rianúil na ngnólachtaí infheistíochta féin, ba cheart iad a bheith faoi réir, go háirithe, ceanglais stuamachta atá follasach agus éifeachtach agus saincheaptha do na rioscaí sonracha sin. Ba cheart na ceanglais stuamachta sin a bheith calabraithe ar bhealach atá comhréireach le cineál an ghnólachta infheistíochta, le leas chliaint an chineáil sin gnólachta infheistíochta agus le cothú fheidhmiú rianúil ordúil na margaí ina n‑oibríonn na cineálacha sin gnólachtaí infheistíochta. Ba cheart, leis na ceanglais sin, réimsí sainaitheanta riosca a mhaolú agus ba cheart iad a bheith ina gcuidiú chun a áirithiú, i gcás ina dteipfeadh ar ghnólachta infheistíochta, gurbh fhéidir é a leachtú ar bhealach ordúil leis an íosmhéid suaite do chobhsaíocht na margaí airgeadais.

(11)An córas stuamachta le haghaidh gnólachtaí infheistíochta nach meastar, de bhua a méide agus a n‑idirnascthachta le gníomhaithe airgeadais agus eacnamaíocha eile, gur gnólachtaí infheistíochta sistéamacha iad, ba cheart feidhm a bheith aige maidir le gach gnólacht infheistíochta ar bhonn aonair. Toisc gur teoranta den chuid is mó iad, áfach, na rioscaí a dtéann gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha fúthu, ba cheart a cheadú do na gnólachtaí sin leas a bhaint as díolúine ó na ceanglais stuamachta sonracha i gcás inar cuid iad de ghrúpa baincéireachta ar sa Bhallstát céanna atá a cheannáras agus atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE, óir i gcásanna den sórt sin ba leor cur i bhfeidhm comhdhlúite Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE chun na rioscaí sin a chumhdach. Chun macasamhlú a dhéanamh ar an láimhseáil is féidir a dhéanamh cheana ar ghrúpaí gnólachta infheistíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE, ba cheart ceangal a chur ar an máthairghnóthais i ngrúpaí den sórt sin leordhóthain caipitil a bheith aige chun luach a shealúchas sna fochuideachtaí, de réir na leabhar, a chumhdach. Thairis sin, chun cásanna a thabhairt san áireamh ina bhfuil leibhéal is airde riosca nó idirnascthachta ag grúpaí gnólachta infheistíochta den sórt sin, b'fhéidir ceanglais chaipitil a chur orthu ar bhonn staid chomhdhlúite an ghrúpa.

(12)Chun go mbeidh gnólachtaí infheistíochta in ann leanúint de bheith ag brath ar na cistí dílse atá acu cheana chun na ceanglais chaipitil atá orthu a chomhlíonadh de réir an chreata stuamachta a bhaineann go sonrach le gnólachtaí infheistíochta, ba cheart sainmhíniú agus comhdhéanamh na gcistí dílse a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Áirítear leis sin, asbhaintí iomlána ó ítimí den chlár comhardaithe ó chistí dílse i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, amhail sócmhainní cánach iarchurtha agus sealúchais ionstraimí caipitil de chuid eintiteas earnála airgeadais eile. Ba cheart, áfach, gnólachtaí infheistíochta a bheith in ann sealúchais neamhthábhachtacha ionstraimí caipitil in eintitis earnála airgeadais a dhíolmhú ó asbhaintí má tá siad ina seilbh chun críocha trádála chun tacú leis an déanamh margaidh sna hionstraimí sin. Chun comhdhéanamh na gcistí dílse a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta 56% ar a laghad den cheanglas caipitil a shásamh le hítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, agus d'fhéadfadh ítimí Breise Leibhéal 1 agus ítimí Leibhéal 2 a bheith incháilithe do suas le 44% agus 25% faoi seach den chaipiteal rialála.

(13)Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh gnólachtaí infheistíochta, i gcónaí, ar bhonn an leibhéil caipitil a cheanglaítear maidir lena n‑údarú, ba cheart do gach gnólacht infheistíochta, i gcónaí, ceanglas maidir le híosmhéid buan caipitil a shásamh arb ionann é agus an ceanglas caipitil tosaigh a cheanglaítear chun údarú a fháil leis na seirbhísí infheistíochta ábhartha a sheoladh i gcomhréir le Treoir (AE) ----/--/[IFD].

(14)Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go simplí an ceanglas íosmhéid caipitil ar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha, ba cheart caipiteal a bheith acu is ionann agus, pé acu is airde, an ceanglas atá orthu maidir le híosmhéid buan caipitil nó aon cheathrú dá bhforchostais sheasta arna dtomhas ar bhonn a ngníomhaíochta le linn na bliana roimhe sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/488 ón gCoimisiún 29 .

(15)Chun a chur san áireamh gurb airde na rioscaí atá ag gnólachtaí infheistíochta nach gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha iad, is éard ba cheart a bheith sa cheanglas atá orthu maidir le híosmhéid caipitil an ceanglas atá orthu maidir le híosmhéid buan caipitil, aon cheathrú dá bhforchostais sheasta don bhliain roimhe sin, nó suim an cheanglais atá orthu de réir na sraithe K-fhachtóirí atá saincheaptha do ghnólachtaí infheistíochta ('K-fhachtóirí') lena socraítear caipiteal i ndáil leis na rioscaí i réimsí gnó sonracha de chuid gnólachtaí infheistíochta.

(16)Ba cheart a mheas go bhfuil gnólachtaí infheistíochta beag agus neamh-idirnasctha chun críocha na gceanglas stuamachta sonracha ar ghnólachtaí infheistíochta i gcás nach seolann siad seirbhísí infheistíochta lena mbaineann ardriosca do chliaint, do na margaí ná dóibh féin agus má fhágann a méid gur lú an dóchúlacht go mbeidh siad ina gcúis le tionchair dhiúltacha fhorleathana ar chliaint agus ar na margaí i gcás ina dtiocfadh isteach rioscaí a bhaineann lena ngnó nó i gcás ina gclisfidís. Dá réir sin, ba cheart gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a shainmhíniú mar na gnólachtaí sin nach ndéileálann ar a gcuntas féin ná nach dtéann faoi riosca de thoradh ionstraimí airgeadais a thrádáil, nach bhfuil aon sócmhainní ná airgead cliant faoi rialú acu, ar lú ná EUR 1.2 billiún na sócmhainní atá acu faoi bhainistíocht punainne lánroghnach agus socruithe neamh-lánroghnacha (comhairleacha) araon, ar lú ná EUR 100 milliún in aghaidh an lae na horduithe cliaint a láimhseálann siad i dtrádálacha in airgead tirim nó ar lú na EUR 1 billiún in aghaidh an lae iad i gcás díorthach, agus ar lú ná EUR 100 milliún a gclár comhardaithe agus ar lú ná EUR 30 milliún a n‑ollioncam iomlán bliantúil ó fheidhmiú a seirbhísí infheistíochta.

(17)Chun an t‑arbatráiste rialála a chosc agus an dreasacht do ghnólachtaí infheistíochta a laghdú a n‑oibríochtaí a struchtúrú sa dóigh nach sáróidh siad na tairseacha nach mbeidís cáilithe mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha os a gcionn, ba cheart na tairseacha maidir le sócmhainní faoi bhainistiú, orduithe cliaint arna láimhseáil, méid an chláir comhardaithe agus ollioncam iomlán a chur i bhfeidhm ar bhonn comhcheangailte i gcás na ngnólachtaí infheistíochta uile ar cuid den ghrúpa céanna iad. Na critéir eile, mar atá an bhfuil airgead cliant i seilbh gnólachta infheistíochta, an bhfuil sócmhainní cliant á gcoimirciú agus á riar aige, nó an dtrádálann sé ionstraimí airgeadais agus an dtéann sé faoi riosca margaidh nó faoi riosca contrapháirtí, is critéir dhénártha iad nach bhfágann aon scóip d'athstruchtúrú den sórt sin agus dá bhrí sin ba cheart iad a mheasúnú ar bhonn aonair. Chun samhlacha gnó atá ag athrú a cheapadh mar aon leis na rioscaí a bhaineann leo ar bhonn leanúnach, ba cheart na critéir agus na tairseacha sin a mheasúnú ag deireadh an lae, diomaite de sheilbh airgid cliant ar cheart é a mheasúnú laistigh den lá agus méid an chláir comhardaithe agus ollioncam iomlán ar cheart iad a mheasúnú ar bhonn staid an ghnólachta infheistíochta ag deireadh na bliana airgeadais.

(18)An gnólacht infheistíochta a sháróidh na tairseacha rialála nó a dteipfidh air na critéir eile a shásamh níor cheart a mheas gur gnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha é agus ba cheart é a bheith faoi réir na gceanglas atá ar ghnólachtaí infheistíochta eile, faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart go spreagfadh sé sin gnólachtaí infheistíochta lena ngníomhaíochtaí gnó a phleanáil sa dóigh go mbeidh siad cáilithe go soiléir mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha. I gcás an ghnólachta infheistíochta nach sásóidh na ceanglais nach mór a chomhlíonadh le bheith ina ghnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha, le gur féidir leis a bheith cáilithe don láimhseáil chéanna, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le céim faireacháin ina sásóidh an gnólacht sin na critéir agus ina bhfanfaidh sé faoi bhun na dtairseach ábhartha ar feadh sé mhí as a chéile ar a laghad.

(19)Ba cheart do gach gnólacht infheistíochta na ceanglais chaipitil atá air de réir sraith K-fhachtóirí lena gceaptar an riosca don chustaiméir (RtC), an riosca don mhargadh (RtM) agus an riosca don ghnólachta (RtF). Leis na K-fhachtóirí faoi RtC ceaptar sócmhainní cliant faoi bhainistiú agus comhairle leanúnach (K-AUM), sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar (K-ASA), seilbh airgid cliaint (K-CMH) agus orduithe cliaint arna láimhseáil (K-COH).

(20)Leis na K-fhachtóirí faoi RtM ceaptar riosca an ghlansuímh (K-NPR) i gcomhréir leis na forálacha maidir le riosca margaidh sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil nó, i gcás ina gceadóidh an t‑údarás inniúil é le haghaidh cineálacha sonracha gnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin trí chomhaltaí imréitigh, bunaithe ar chorrlaigh a bhreactar le comhalta imréitigh an ghnólachta infheistíochta (K-CMG).

(21)Leis na K-fhachtóirí faoi RtF ceaptar neamhchosaint an ghnólachta infheistíochta ar mhainneachtain a gcontrapháirtithe trádála (K-TCD) i gcomhréir le forálacha simplithe maidir le riosca creidmheas an chontrapháirtí atá bunaithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, riosca comhchruinnithe neamhchosaintí móra an ghnólachta infheistíochta ar chontrapháirithe sonracha atá bunaithe ar fhorálacha de chuid an Rialacháin sin maidir le riosca neamhchosaintí móra sa leabhar trádála (K-CON), rioscaí oibriúcháin shreabhadh trádála laethúil an ghnólachta infheistíochta (K-DTF).

(22)Is éard atá sa cheanglas caipitil foriomlán de réir na K-fhachtóirí suim na gceanglas de réir K-fhachtóirí faoi RtC, RtM agus RtF. Baineann K-AUM, K-ASA, K-CMH, K-COH agus K-DTF leis an méid gníomhaíochta dá dtagraíonn gach K-fhachtóir. Ríomhtar na méideanna i gcás K-CMH, K-ASA, K-COH agus K-DTF ar bhonn mheán rollach na 3 mhí roimhe sin, ach i gcás K-AUM is ar an mbliain roimhe sin atá sé bunaithe. Méadaítear na méideanna sin faoi na comhéifeachtaí comhfhreagracha a leagtar amach sa Rialachán seo chun an ceanglas caipitil a chinneadh. Is ón Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil a fhaightear na ceanglais chaipitil do K-NPR, ach i gcás na gceanglas caipitil do K-CON agus K-TCD déantar na ceanglais chomhfhreagracha den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a chur i bhfeidhm ar bhealach simplithe i ndáil le láimhseáil neamhchosaintí móra sa leabhar trádála agus láimhseáil riosca creidmheas an chontrapháirtí faoi seach. Is é nialas méid an K-fhachtóra i gcás nach bhfuil an gnólacht i mbun na gníomhaíochta ábhartha.

(23)Garmheastacháin is ea na K-fhachtóirí faoi RtC lena gcumhdaítear réimsí gnó na ngnólachta infheistíochta a tharlódh go nginfidís díobháil do chliaint dá dtiocfadh ann d'fhadhbanna. Le K-AUM ceaptar an riosca díobhála do chliaint de dheasca bainistíocht lánroghnach mhícheart ar phunanna custaiméirí nó de dheasca droch-fhorghníomhú agus tugann sé deimhniú agus tairbhí custaiméara i ndáil le leanúnachas na seirbhísí maidir leis an mbainistíocht punainne agus comhairle atá ar siúl. Le K-ASA ceaptar an riosca a bhaineann le sócmhainní custaiméirí, agus áirithítear go bhfuil i seilbh gnólachtaí infheistíochta caipiteal atá i gcomhréir le comharduithe den sórt sin, gan beann ar iad a bheith ar a chlár comhardaithe féin nó leithscartha i gcuntais eile. Le K-CMH ceaptar riosca an phoitéinsil díobhála i gcás ina bhfuil airgead a chustaiméirí i seilbh an ghnólachta infheistíochta, gan beann ar iad a bheith ar a chlár comhardaithe féin nó leithscartha i gcuntais eile. Le K-COH ceaptar an riosca is féidir a bheith ann do chliaint an ghnólachta a bhforghníomhaíonn a orduithe (in ainm an chliaint, agus ní in ainm an ghnólachta féin), mar shampla mar chuid de sheirbhísí "forghníomhaithe amháin" do chliaint nó i gcás inar cuid de shlabhra d'orduithe cliaint é an gnólacht.

(24)An K-fhachtóir RtM do ghnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin, tá sé bunaithe ar rialacha maidir le riosca margaidh i ndáil le suíomhanna in ionstraimí airgeadais, i malairt eachtrach, agus i dtráchtearraí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna leasú 30 . Dá bharr sin is féidir le gnólachtaí infheistíochta a roghnú cé acu a chuirfidh siad i bhfeidhm, an cur chuige caighdeánaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (cur chuige caighdeánaithe simplithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna leasú) má tá a sócmhainní faoi bhun EUR 300 milliún, nó an cur chuige caighdeánaithe athbhreithnithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna leasú chomh maith leis an rogha samhlacha inmheánacha a úsáid. Sa dá chás dheireanacha sin, féadfaidh na ceanglais chaipitil a thiocfadh astu a laghdú go 65%, rud a dhéanfaidh deis bhuan den deis atá ann faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna leasú é sin a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ar feadh trí bliana, chun a chur san áireamh gur lú ar an iomlán tábhacht stuamachta an ghnólachta infheistíochta. De rogha air sin, ba cheart an ceanglas caipitil atá ar ghnólachtaí trádála a imréitítear go lárnach a ngnó, faoi réir fhormheas an údaráis inniúil, a bheith comhionann leis na corrlaigh a bhreacann siad lena gcomhalta imréiteach.

(25)I gcás na ngnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin, is éard atá sna K-fhachtóirí do K-TCD agus do K-CON faoi RtF ná cur i bhfeidhm simplithe de na rialacha maidir le riosca creidmheasa an chontrapháirtí agus riosca na neamhchosaintí móra atá sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil. Le K-TCD ceaptar an riosca don ghnólacht infheistíochta a bhaineann le contrapháirtithe i ndíorthaigh thar an gcuntar (OTC), in idirbhearta athcheannaigh, in idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, in idirbhearta socraíochta iarchurtha agus in idirbhearta iasachta corrlaigh, loiceadh a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh trí luach na neamhchosaintí a mhéadú, bunaithe ar an gcostas athsholáthair maille le forlíontán i gcomhair neamhchosaint fhéideartha amach anseo, faoi fhachtóirí riosca atá bunaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena gcuirtear san áireamh éifeachtaí maolaitheacha na glanluachála éifeachtaí agus an mhalartaithe comhthaobhachta. Le K-CON ceaptar an riosca comhchruinnithe i ndáil le contrapháirtithe aonair nó an-idirnasctha san earnáil phríobháideach a bhfuil neamhchosaintí ag gnólachtaí orthu atá os cionn 25% dá gcaipiteal rialála, nó os cionn tairseacha malartacha sonracha i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta eile, trí fhorlíontán caipitil a fhorchur i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le neamhchosaintí iomarcacha os cionn na dteorainneacha sin. Ar deireadh, le K-DTF ceaptar rioscaí oibriúcháin an ghnólachta infheistíochta de dheasca méideanna móra trádálacha arna ndéanamh ar a chuntas féin nó do chliaint ina ainm féin in aon lá amháin a d'fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar neamhleoire nó ar chliseadh próiseas inmheánach, daoine agus córas nó mar gheall ar eachtraí seachtracha, bunaithe ar luach barúlach na dtrádálacha laethúla.

(26)Ba cheart do gach gnólacht infheistíochta faireachán agus rialú a dhéanamh ar a riosca comhchruinnithe, lena n‑áirítear maidir lena chustaiméirí. Níor cheart, áfach, ach do na gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir ceanglas maidir le híosmhéid caipitil de réir na K-fhachtóirí, níor cheart ach dóibhsean tuairisc a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir lena riosca comhchruinnithe. I gcás gnólachtaí infheistíochta atá speisialaithe i ndíorthaigh tráchtearraí nó i lámhaltais astaíochta nó i ndíorthaigh díobh sin a bhfuil neamhchosaintí comhchruinnithe móra acu i ndáil leis na grúpaí neamhairgeadais lena mbaineann siad, is féidir na teorainneacha leis an riosca comhchruinnithe a shárú gan caipiteal breise faoi K-CON a fhad is a dhéanfar sin chun críocha leachtachta nó bainistithe riosca ar leibhéal an ghrúpa.

(27)Ba cheart nósanna imeachta inmheánacha a bheith ag gach gnólacht infheistíochta chun faireachán a dhéanamh ar na ceanglais leachtachta atá orthu agus chun iad a bhainistiú. Ba cheart na nósanna imeachta sin a bheith ina gcuidiú chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh siad ar bhealach ordúil le himeacht ama, gan riachtanas a bheith ann leachtacht a chur i leataobh go sonrach le haghaidh tráthanna struis. Chun na críche sin, ba cheart do gach gnólacht infheistíochta aon trian ar a laghad den cheanglas forchostas seasta atá air a choinneáil i sócmhainní leachtacha i gcónaí. Ba cheart na sócmhainní leachtacha sin a bheith d'ardcháilíocht agus ailínithe leis na sócmhainní sin a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún maidir leis an gcóimheas cumhdaigh ar leachtacht 31 maille leis na caolchorrlaigh a bhfuil feidhm acu maidir leis na sócmhainní sin faoin Rialachán Tarmligthe sin. Chun an difríocht idir próifílí leachtachta na ngnólachtaí infheistíochta agus na n‑institiúidí creidmheasa a chur san áireamh, ba cheart an liosta de shócmhainní leachtacha iomchuí a fhorlíonadh le hairgead dílis neamhualaithe an ghnólachta (nach féidir airgead cliant a áireamh leis). Thairis sin, d'fhéadfadh gnólachtaí beaga neamh-idirnasctha ítimí a chur san áireamh a bhaineann le féichiúnaithe trádála agus táillí nó coimisiúin is infhaighte laistigh de 30 lá mar shócmhainní leachtacha, ar choinníoll nach mó iad ná aon trian den cheanglas maidir le híosmhéid leachtachta, nach n‑áirítear iad i gcomhair aon cheanglais leachtachta breise arna bhforchur ag an údarás inniúil, agus go gcuirtear caolchorrlach 50% i bhfeidhm orthu. In imthosca eisceachtúla, ba cheart cead a bheith ag gnólachtaí infheistíochta teacht faoi bhun na tairsí atá ina ceangal orthu trí luach airgid a chur a sócmhainní leachtacha chun na ceanglais leachtacha atá orthu a chumhdach, ar chuntar go dtabharfaidh siad fógra dá n‑údarás inniúil láithreach. Mar gheall ar gach ráthaíocht airgeadais a thabharfar do chustaiméirí a d'fhágfadh, i gcás ina gcuirfí i bhfeidhm í, gur mó an riachtanas leachtachta, ba cheart an méid sócmhainní leachtacha atá ar fáil a laghdú 1.6% de luach iomlán na ráthaíochta, ar a laghad.

(28)Ba cheart creat tuairiscithe rialála comhfhreagrach a fhorbairt in éineacht leis an gcóras stuamachta nua agus ba cheart é a bheith saincheaptha go cáiréiseach do ghnó na ngnólachtaí infheistíochta agus do cheanglais an chreata stuamachta. Ba cheart na ceanglais tuairiscithe ar ghnólachta infheistíochta a bheith bainteach le leibhéal agus le comhdhéanamh a gcistí dílse, leis na ceanglais chaipitil atá orthu, leis an mbonn ar a ríomhtar na ceanglais chaipitil atá orthu, lena bpróifíl gníomhaíochta agus lena méid i ndáil leis na paraiméadair ar a mheastar go bhfuil gnólachtaí infheistíochta beag agus neamh-idirnasctha, leis na ceanglais leachtachta atá orthu agus lena gcomhlíonadh i leith na bhforálacha maidir leis an riosca comhchruinnithe. Ba cheart an cúram a thabhairt do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun na teimpléid mhionsonraithe agus na socruithe a shonrú i gcomhair an tuairiscithe rialála sin agus ba cheart na caighdeáin sin a bheith comhréireach le scála agus le castacht na ngnólachtaí infheistíochta éagsúla agus ba cheart a chur san áireamh iontu, go háirithe, an meastar gnólachtaí infheistíochta a bheith beag agus neamh-idirnasctha.

(29)Chun trédhearcacht a chur ar fáil dá n‑infheisteoirí agus do na margaí i gcoitinne, ba cheart do na gnólachtaí infheistíochta nach meastar a bheith beag agus neamh-idirnasctha a leibhéil caipitil, na ceanglais chaipitil atá orthu, a socruithe rialachais agus a mbeartais agus a gcleachtais luacha saothair a nochtadh go poiblí. An trédhearcacht maidir le luach saothair an lucht ardioncaim, tá sé leis an leas coiteann mar atá rannchuidiú leis na margaí airgeadais a bheith fónta agus cobhsaí, ó tharla go bhfuil ról tábhachtach ag an lucht ardioncaim i stiúradh ghnó agus fheidhmíocht fhadtéarmach na ngnólachtaí infheistíochta. Ar chúiseanna rúndachta, is ar bhonn comhiomlán ba cheart a cheangal go nochtfaí luach saothair an lucht ardioncaim. Níor cheart gnólachtaí beaga neamh-idirnasctha a bheith faoi réir na gceanglas maidir le nochtadh poiblí, ach amháin i gcás ina n‑eiseoidh siad ionstraimí Breise Leibhéal 1 chun trédhearcacht a chur ar fáil dóibh siúd a infheisteoidh sna hionstraimí sin.

(30)Ar mhaithe le hascnamh rianúil na ngnólachtaí infheistíochta ó cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE chuig na ceanglais faoin Rialachán seo agus faoi Threoir (AE) ----/--[IFD], is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le bearta idirthréimhseacha iomchuí. Go háirithe, ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, na gnólachtaí infheistíochta a dtiocfadh breis agus dúbailt ar an gceanglas caipitil a bheadh orthu faoin Rialachán seo i gcomparáid leis an gceanglas caipitil atá orthu faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE, ba cheart iad a bheith in ann éifeachtaí na méaduithe a d'fhéadfaí a bheith ann a mhaolú tríd an gceanglas caipitil a theorannú do dhá oiread an cheanglais caipitil ábhartha atá orthu de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE.

Ionas nach bhfágfar faoi mhíbhuntáiste gnólachtaí infheistíochta nua a bhfuil a bpróifílí cosúil le gnólachtaí a bhí ann cheana, ba cheart na gnólachtaí infheistíochta nach raibh riamh faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná Threoir 2013/36/AE a bheith in ann an ceanglas caipitil atá orthu faoin Rialachán seo a theorannú do dhá oiread an cheanglais forchostas seasta atá orthu ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Ar an gcuma chéanna, na gnólachtaí infheistíochta nach raibh faoi réir ach ceanglas caipitil tosaigh faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE agus a dtiocfadh breis agus dúbailt ar an gceanglas caipitil a bheadh orthu faoin Rialachán seo i gcomparáid lena gcás faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE, ba cheart iad a bheith in ann an ceanglas caipitil atá orthu faoin Rialachán seo a theorannú do dhá oiread an cheanglais caipitil tosaigh a bhí orthu faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Ba cheart na bearta idirthréimhseacha sin, más infheidhme, a bheith ar fáil freisin do na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 498 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena ndíolmhaítear na gnólachtaí sin ó na ceanglais cistí dílse faoin Rialachán sin, cé go mbraitheann na ceanglais i leith na ngnólachtaí infheistíochta sin maidir le caipiteal tosaigh ar na gníomhaíochtaí nó na seirbhísí infheistíochta a bhfuil siad ina mbun. Ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart na ceanglais chaipitil atá orthu de réir na bhforálacha idirthréimhseacha a ríomh i bhfianaise na leibhéal infheidhme sin. 

Ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó go dtí dáta chur i bhfeidhm na n‑athruithe arna nglacadh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ar Threoir 2013/36/AE i dtaca le ceanglais chaipitil le haghaidh riosca margaidh de bhun Airteagal 1(84) den Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 575/2013, pé acu is túisce, ba cheart do na gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir na bhforálacha comhfhreagracha den Rialachán seo leanúint den cheanglas caipitil atá orthu maidir leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(31)Na gnólachtaí infheistíochta is mó a chuireann príomhsheirbhísí margaidh mórdhíola agus baincéireachta infheistíochta ar fáil (déileáil ar a gcuntas féin in ionstraimí airgeadais nó ionstraimí airgeadais a fhrithghealladh nó ionstraimí airgeadais a chur ar bhonn gealltanas daingean), tá samhlacha gnó agus próifílí riosca acu atá cosúil leo sin atá ag institiúidí creidmheasa tábhachtacha. Fágann a ngníomhaíochtaí na gnólachtaí sin ar a neamhchosaint ar riosca creidmheasa, i bhfoirm riosca creidmheasa an chontrapháirtí den chuid is mó chomh maith le riosca margaidh i ndáil leis na suíomhanna a ghlacann siad ar a gcuntas féin, baineadh sé sin le cliant nó ná baineadh. Dá thoradh sin, is riosca iad don chobhsaíocht airgeadais, mar gheall ar a méid agus ar a dtábhacht shistéamach.

(32)Baineann dúshlán breise leis na gnólachtaí móra sin i ndáil leis na húdaráis inniúla náisiúnta maoirseacht stuamachta éifeachtach a dhéanamh orthu. Cé go gcuireann na gnólachtaí infheistíochta is mó seirbhísí baincéireachta infheistíochta trasteorann ar fáil ar scála mór, ós gnólachtaí infheistíochta iad tá siad faoi réir maoirseacht stuamachta ag na húdaráis arna n‑ainmniú de réir Threoir 2004/39/AE, agus ní gá gurb ionann na húdaráis inniúla sin agus na húdaráis arna n‑ainmniú de réir Threoir 2013/36/AE, rud is féidir a bheith ina chúis le héagothrom iomaíochta maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE laistigh den Aontas. Cuireann sé sin cosc ar mhaoirseoirí peirspictíocht stuamachta fhoriomlán a fháil, rud atá bunriachtanach chun dul i ngleic go héifeachtach leis na rioscaí a bhaineann le gnólachtaí móra trasteorann. Dá thoradh sin, is féidir laghdú a theacht ar éifeacht na maoirseachta stuamachta agus saobhadh ar an iomaíocht laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart stádas institiúidí creidmheasa a thabhairt do na gnólachtaí infheistíochta is mó chun sineirgí a chruthú trí mhaoirsiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí margaidh mórdhíola trasteorann i ngrúpa piaraí, trí chothrom iomaíochta a chur chun cinn, agus trí mhaoirseacht chomhsheasmhach idir grúpaí a cheadú.

(33)Dá bhrí sin, ba cheart do na gnólachtaí sin, de bhua éirí ina n‑institiúidí creidmheasa, leanúint de Rialachán (AE) 575/2013 agus Treoir 2013/36/AE a chur i bhfeidhm faoi réir mhaoirseacht na n‑údarás inniúil, lena n‑áirítear BCE faoi chuimsiú an tSásra Maoirseachta Aonair, a bhfuil na hinstitiúidí creidmheasa faoina gcúram. Áiritheofar ar an dóigh sin go gcuirfear maoirseacht stuamachta na n‑institiúidí creidmheasa chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach éifeachtach, go gcuirfear an leabhar rialacha aonair do sheirbhísí airgeadais i bhfeidhm ar an mbealach céanna maidir le gach institiúid creidmheasa i bhfianaise a tábhachta sistéamaí. Chun cosc a chur leis an arbatráiste rialála agus chun rioscaí a laghdú go rachfaí timpeall ar rialáil, ba cheart do na húdaráis inniúla gach iarracht a dhéanamh staideanna a sheachaint ina ndéanfadh grúpaí a d'fhéadfadh a bheith sistéamach a n‑oibríochtaí a struchtúrú ar bhealach áirithe ionas nach sáróidís na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 4(1)(1)(b) agus go rachaidís timpeall ar an oibleagáid údarú a lorg i gcáil institiúidí creidmheasa de bhun Airteagal 8a de Threoir 2013/36/AE.

(34)Ina theannta sin, is é is aidhm leis an maoirseacht ar institiúidí creidmheasa ar bhonn comhdhlúite, inter alia, cobhsaíocht an chórais airgeadais a áirithiú agus, le go mbeidh sí éifeachtach, ba cheart í a chur i bhfeidhm maidir le gach grúpa, lena n‑áirítear na grúpaí sin nach institiúidí creidmheasa ná gnólachtaí infheistíochta iad a máthairghnóthais. Dá bhrí sin, ba cheart gach institiúid creidmheasa, lena n‑áirítear na cinn sin a raibh stádas gnólachtaí infheistíochta acu roimhe seo, a bheith faoi réir na rialacha maidir le maoirseacht aonair agus chomhdhlúite an mháthairghnóthais ag na húdaráis inniúla de bhun Roinn I de Chaibidil 3 de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE.

(35)Le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 tugadh isteach córas comhchuibhithe Aontais le haghaidh rochtain a dheonú do ghnólachtaí tríú tír a chuireann gníomhaíochtaí nó seirbhísí infheistíochta ar fáil do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla atá bunaithe san Aontas. Braitheann rochtain ar an margadh inmheánach ar an gcoinníoll an Coimisiún cinneadh coibhéise a ghlacadh agus ÚEUM an gnólacht tríú tír a chlárú. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh an measúnú ar choibhéis ar bhonn an dlí ábhartha is infheidhme de chuid an Aontais agus go mbeadh uirlisí éifeachtacha i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ar deonaíodh coibhéis orthu. Ar na cúiseanna sin, ba cheart ceangal a chur ar ghnólachtaí atá cláraithe sa tríú tír tuairisc a thabhairt go bliantúil do ÚEUM le faisnéis maidir le scála agus scóip na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas. Ina theannta sin, ba cheart feabhas a chur ar an gcomhar maoirseachta i ndáil le faireachán, forfheidhmiú agus comhlíonadh maidir leis na coinníollacha coibhéise.

(36)Chun cosaint na n‑infheisteoirí a áirithiú chomh maith le sláine agus cobhsaíocht na margaí airgeadais san Aontas, ba cheart don Choimisiún, tráth a ghlacfadh sé cinneadh coibhéise, na rioscaí féideartha a chur san áireamh a bhaineann leis na seirbhísí agus leis na gníomhaíochtaí a bheadh gnólachtaí an tríú tír sin ina mbun san Aontas tar éis an chinnidh sin. Ba cheart a dtábhacht shistéamach a mheas ar bhonn critéir amhail an scála agus an scóip is dócha a bheadh ag baint le soláthar na seirbhísí agus déanamh na ngníomhaíochtaí ag na gnólachtaí ón tríú tír lena mbaineann. Chun na críche céanna, féadfaidh an Coimisiún a mheas gurb iomchuí a chur san áireamh an bhfuil an tríú tír sainaitheanta mar dhlínse neamh-chomhoibríoch chun críocha cánach faoin mbeartas ábhartha de chuid an Aontais nó mar thríú tír ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 32 .

(37)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá creat stuamachta éifeachtach comhréireach a chur ar bun lena áirithiú go n‑oibreoidh na gnólachtaí infheistíochta, atá údaraithe oibriú san Aontas, ar bhonn fónta airgeadais agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar dhóigh ordúil lena n‑áirítear, más ábhartha, chun leas a gcliant, a ghnóthú go leordhóthanach agus de bharr a bhfairsinge agus a n‑éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(38)D'eisigh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), le rannpháirtíocht an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), tuarascáil bunaithe ar anailís chúlra chríochnúil, ar bhailiú sonraí agus ar chomhairliúchán do chóras stuamachta saincheaptha do gach gnólacht infheistíochta neamhshistéamach atá mar bhonn leis an gcreat stuamachta athbhreithnithe do ghnólachtaí infheistíochta.

(39)Chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an cúram a thabhairt do ÚBE caighdeáin theicniúla a dhréachtú chun ríomh na bhforchostas seasta, an ríomh lena socraítear ceanglais chaipitil is ionann agus an corrlach tosaigh arna bhreacadh le comhaltaí imréitigh, agus na teimpléid don nochtadh poiblí agus don tuairisciú rialála a cheanglaítear faoin Rialachán seo a shocrú.

(40)Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú agus forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar na sainmhínithe sa Rialachán seo agus ar choigeartú teicniúil ar eilimintí neamhriachtanacha na gceanglas caipitil sa Rialachán seo. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena n‑áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(41)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus go háirithe maidir le glacadh dhréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ÚBE maidir leis na teimpléid don nochtadh agus don tuairisciú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(42)Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus forluí a sheachaint idir an creat maoirseachta is infheidhme faoi láthair maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta araon agus an Rialachán seo, leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2013/36/AE le nach gcuimseofar gnólachtaí infheistíochta faoina raon feidhme a thuilleadh. Mar sin féin, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta ar cuid de ghrúpa baincéireachta iad a bheith faoi réir na bhforálacha sin i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE atá ábhartha maidir leis an ngrúpa baincéireachta, amhail na forálacha maidir leis an máthairghnóthas idirmheánach de chuid AE dá dtagraítear in [Airteagal 21b] de Threoir 2013/36/AE agus faoi réir na rialacha maidir le comhdhlúthú stuamachta a leagtar amach i gCaibidil 2 de Theideal 2 de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID A hAON
FORÁLACHA GINEARÁLTA

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais stuamachta aonfhoirmeacha a bhfuil feidhm acu maidir le gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe agus faoi mhaoirsiú de réir Threoir 2014/65/AE agus atá faoi mhaoirsiú maidir le comhlíonadh ceanglas stuamachta de réir Threoir (AE) ----/--[IFD] i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)ceanglais chaipitil a bhaineann le heilimintí inchainníochtaithe, aonfhoirmeacha agus caighdeánaithe den riosca don ghnólacht, den riosca don chustaiméir agus den riosca don mhargadh;

(b)ceanglais lena dteorannaítear an riosca comhchruinnithe;

(c)ceanglais leachtachta a bhaineann le heilimintí inchainníochtaithe, aonfhoirmeacha agus caighdeánaithe den riosca leachtachta;

(d)ceanglais tuairiscithe a bhaineann le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c);

(e)ceanglais maidir le nochtadh poiblí.

Airteagal 2

Cumhachtaí maoirseachta

Chun críocha comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, beidh ag na húdaráis inniúla na cumhachtaí a leagtar amach i dTreoir (AE) ----/--[IFD] agus leanfaidh siad na nósanna imeachta a leagtar amach inti.

Airteagal 3
Gnólachtaí infheistíochta ceanglas níos déine a chur i bhfeidhm

Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar ghnólachtaí infheistíochta cistí dílse agus a gcomhpháirteanna de bhreis orthu siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo a bheith ina seilbh acu, ná bearta a chur i bhfeidhm atá níos déine ná iad siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 4
Sainmhínithe

1.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘gnóthas seirbhísí coimhdeacha’ gnóthas seirbhísí coimhdeacha mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(18) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(2)ciallaíonn ‘cliant’ cliant mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(9) de Threoir 2014/65/AE;

(3)ciallaíonn ‘déileálaithe tráchtearraí’ déileálaithe tráchtearraí mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1)(145) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(4)ciallaíonn ‘díorthaigh tráchtearraí’ díorthaigh tráchtearraí mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(1)(30) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;

(5)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás inniúil mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(5) de Threoir (AE) ----/--[IFD];

(6)ciallaíonn 'institiúid creidmheasa' institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(7)ciallaíonn 'sreabhadh trádála laethúil' luach na n‑idirbheart sa leabhar trádála i gcás ina mbeidh an gnólacht ag déileáil ar a chuntas féin, bíodh sin ar a shon féin nó thar ceann cliaint;

(8)ciallaíonn ‘déileáil ar a chuntas féin’ déileáil ar a chuntas féin mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(6) de Threoir 2014/65/AE;

(9)ciallaíonn ‘díorthaigh’ díorthaigh mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(1)(29) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;

(10)ciallaíonn 'cás comhdhlúite K-fhachtóra' an cás ar toradh é ar cheanglais an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le K-fhachtóirí ar ghnólacht infheistíochta faoi mar a bheadh an gnólacht infheistíochta sin, maille le heintiteas amháin nó níos mó sa ghrúpa céanna, ina ghnólacht infheistíochta aonair;

(11)ciallaíonn ‘orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant’ orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(5) de Threoir 2014/65/AE;

(12)ciallaíonn 'neamhchosaint' an méid seo a leanas:

(a)chun críocha teorainneacha ar an riosca comhchruinnithe, aon sócmhainn nó ítim lasmuigh den chlár comhardaithe atá á coinneáil sa leabhar trádála agus nach bhfuil díolmhaithe go sainráite faoi Airteagal 40;

(b)chun críocha thuairisciú an riosca comhchruinnithe, aon sócmhainn nó ítim lasmuigh den chlár comhardaithe;

(13)ciallaíonn 'institiúid airgeadais' gnóthas seachas institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta, arb é a phríomhghníomhaíocht sealúchais a fháil nó ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe 2 go pointe 12 agus i bpointe 15 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a dhéanamh, lena n‑áirítear cuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, cuideachta sealbhaíochta infheistíochta, institiúid íocaíochta de réir bhrí Threoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, agus cuideachta bainistíochta sócmhainní, ach diomaite de chuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear iad i bpointe (g) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE iad;

(14)ciallaíonn 'ionstraim airgeadais' ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(50) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(15)ciallaíonn 'cuideachta sealbhaíochta airgeadais' cuideachta sealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(20) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(16)ciallaíonn 'eintiteas earnála airgeadais' eintiteas earnála airgeadais mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(27) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(17)ciallaíonn ‘caipiteal tosaigh’ caipiteal tosaigh mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(17) de Threoir (AE) ----/--[IFD];

(18)ciallaíonn 'grúpa cliant nasctha' grúpa cliant nasctha mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(39) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(19)ciallaíonn ‘comhairle infheistíochta’ comhairle infheistíochta mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(4) de Threoir 2014/65/AE;

(20)ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(1) de Threoir 2014/65/AE;

(21)ciallaíonn ‘cuideachta sealbhaíochta infheistíochta’ institiúid airgeadais, ar gnólachtaí infheistíochta nó institiúidí airgeadais ar fad nó den chuid is mó iad a fochuideachtaí agus ceann amháin ar a laghad de na fochuideachtaí sin ina gnólacht infheistíochta, agus nach cuideachta sealbhaíochta airgeadais í mar a shainmhínítear sin in Airteagal 4(1)(20) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(22)ciallaíonn ‘seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta’ seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1)(2) de Threoir 2014/65/AE;

(23)ciallaíonn 'grúpa gnólachta infheistíochta' grúpa gnóthas nach bhfuil institiúid creidmheasa ann, ar gnólacht infheistíochta, cuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha é a mháthairghnóthas agus ar ar féidir institiúidí airgeadais eile agus gníomhairí faoi cheangal atá faoi úinéireacht an ghnólachta infheistíochta a áireamh. Is éard is féidir a bheith sa ghrúpa gnólachta infheistíochta máthairghnóthas agus a chuid fochuideachtaí, nó gnóthais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE;

(24)ciallaíonn 'K-fhachtóirí' na ceanglais chaipitil a leagtar amach i dTeideal II de Chuid a Trí i gcomhair na rioscaí a ghabhann le gnólacht infheistíochta do na custaiméirí, do na margaí agus don ghnólacht féin;

(25)ciallaíonn 'K-AUM' nó 'K-fhachtóir i ndáil le sócmhainní faoi bhainistiú (AUM)' an ceanglas caipitil a bhaineann le luach na sócmhainní a bhainistíonn an gnólacht infheistíochta dá chliaint de réir bainistíocht punainne lánroghnach agus socruithe neamh-lánroghnacha ar comhairle infheistíochta iad, lena n‑áirítear sócmhainní arna dtarmligean chuig gnóthas eile agus diomaite de shócmhainní arna dtarmligean ag gnóthas eile chuig an ngnólacht infheistíochta;

(26)ciallaíonn 'K-CMH' nó 'K-fhachtóir i ndáil le seilbh airgid cliant (CMH)' an ceanglas caipitil a bhaineann leis an méid airgid cliant atá i seilbh nó faoi rialú an ghnólachta infheistíochta, gan beann ar aon socruithe dlíthiúla i ndáil le leithscaradh sócmhainní agus ar neamhchead don chóras cuntasaíochta náisiúnta is infheidhme maidir leis an airgead cliant atá i seilbh an ghnólachta infheistíochta;

(27)ciallaíonn 'K-ASA' nó 'K-fhachtóir i ndáil le sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar (ASA)' an ceanglas caipitil a bhaineann le luach na sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar ag an ngnólacht infheistíochta ar son a chliaint, lena n‑áirítear sócmhainní arna dtarmligean chuig gnóthas eile agus sócmhainní arna dtarmligean ag gnóthas eile chuig an ngnólacht infheistíochta, ar neamhchead do na sócmhainní a bheith le feiceáil ar chlár comhardaithe an ghnólachta infheistíochta féin nó a bheith ar leithscaradh i gcuntais eile;

(28)ciallaíonn 'K-COH' nó 'K-fhachtóir i ndáil le horduithe cliaint arna láimhseáil (COH)' an ceanglas caipitil a bhaineann le luach na n‑orduithe a láimhseálann an gnólacht infheistíochta ar son a chliaint, trí orduithe cliaint a ghlacadh agus a tharchur agus trí orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant;

(29)ciallaíonn 'K-CON' nó 'K-fhachtóir i ndáil leis an riosca comhchruinnithe (CON)' an ceanglas caipitil a bhaineann leis na neamhchosaintí i leabhar trádála an ghnólachta infheistíochta i leith cliaint nó grúpa cliant nasctha ar mó a luach ná na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal 36(1);

(30)ciallaíonn 'K-CMG' nó 'K'fhachtóir i ndáil le ráthaíocht comhalta imréitigh (CMG)' an ceanglas caipitil is ionann agus méid na gcorrlach tosaigh arna mbreacadh le comhalta imréitigh, i gcás ina ndéanfar idirbhearta an ghnólachta infheistíochta atá ag déileáil ar a chuntas féin a fhorghníomhú agus a shocrú faoi chúram comhalta imréitigh ghinearálta;

(31)ciallaíonn 'K-DTF' nó 'K-fhachtóir i ndáil le sreabhadh trádála laethúil (DFT)' an ceanglas caipitil a bhaineann le luach laethúil na n‑idirbheart a iontrálann an gnólacht infheistíochta trí dhéileáil ar a chuntas féin nó trí fhorghníomhú orduithe thar ceann cliant, ina ainm féin;

(32)ciallaíonn 'K-NPR' nó 'K-fhachtóir i ndáil le riosca an ghlansuímh (NPR)' an ceanglas caipitil a bhaineann le luach na n‑idirbheart arna dtaifead i leabhar trádála an ghnólachta infheistíochta;

(33)ciallaíonn 'K-TCD' nó 'K-fhachtóir i ndáil le riosca mainneachtana an chontrapháirtí trádála (TCD)' an ceanglas caipitil a bhaineann leis na neamhchosaintí i leabhar trádála an ghnólachta infheistíochta in ionstraimí agus in idirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 25 as a dtagann riosca mhainneachtain an chontrapháirtí trádála;

(34)ciallaíonn ‘idirbhearta socraíochta iarchurtha’ idirbhearta socraíochta iarchurtha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 272(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(35)ciallaíonn ‘idirbheart iasachta corrlaigh’ idirbheart iasachta corrlaigh mar a shainmhínítear é in Airteagal 272(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(36)ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta’ comhlacht bainistíochta mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(36) de Threoir 2014/65/AE;

(37)ciallaíonn ‘máthairghnóthas’ máthairghnóthas de réir bhrí Airteagal 2(9) agus Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE;

(38)ciallaíonn 'rannpháirtíocht' rannpháirtíocht mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(35) de Rialachán Uimh. 575/2013;

(39)ciallaíonn 'brabús' brabús mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(121) de Rialachán Uimh. 575/2013;

(40)ciallaíonn 'contrapháirtí lárnach cáilitheach' nó 'CPLC' contrapháirtí lárnach cáilitheach mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(88) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(41)ciallaíonn ‘bainistíocht punainne’ bainistíocht punainne mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(8) de Threoir 2014/65/AE;

(42)ciallaíonn 'caipiteal rialála' an ceanglas caipitil a shonraítear in Aireagal 11;

(43)ciallaíonn 'idirbheart athcheannaigh' idirbheart athcheannaigh mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(83) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(44)ciallaíonn 'fochuideachta' fochuideachta de réir bhrí Airteagal 2(10) agus Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE, lena n‑áirítear aon fhochuideachta de chuid gnóthais fochuideachta de chuid máthairghnóthais deiridh;

(45)ciallaíonn ‘gníomhaire faoi cheangal’ gníomhaire faoi cheangal mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(29) de Threoir 2014/65/AE;

(46)ciallaíonn 'ollioncam iomlán' ioncam oibriúcháin bliantúil an ghnólachta infheistíochta, i dtaca leis na seirbhísí agus leis na gníomhaíochtaí infheistíochta atá an gnólacht údaraithe a dhéanamh, lena n‑áirítear ioncam a thagann as ús infhála, as scaireanna agus urrúis eile, bídís ina n‑urrúis toraidh sheasta nó ina n‑urrúis toraidh athraithigh, as coimisiún agus táillí, aon ghnóthachan agus caillteanais a thabhaíonn an gnólacht infheistíochta maidir lena shócmhainní trádála, sócmhainní ina sheilbh ar luach cóir, nó as gníomhaíochtaí fálaithe, ach diomaite d'aon ioncam nach mbaineann leis na seirbhísí ná leis na gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanann sé;

(47)ciallaíonn 'neamhchosaint trádála' risíocht trádála mar a shainmhínítear é i bpointe (91) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(48)ciallaíonn 'leabhar trádála' leabhar trádála mar a shainmhínítear é i bpointe (86) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(49)ciallaíonn 'máthairghnólacht infheistíochta Aontais' máthairghnólacht i mBallstát nach fochuideachta é de chuid gnólachta infheistíochta eile atá údaraithe in aon Bhallstát, ná de chuid cuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe in aon Bhallstát;

(50)ciallaíonn 'máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais' cuideachta sealbhaíochta infheistíochta i mBallstát nach fochuideachta é de chuid gnólachta infheistíochta atá údaraithe in aon Bhallstát ná de chuid cuideachta sealbhaíochta infheistíochta eile in aon Bhallstát;

(51)ciallaíonn 'máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais' máthairghnóthas grúpa gnólachta infheistíochta ar cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha é mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(15) de Threoir 2002/87/CE.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun an méid seo a leanas a shoiléiriú:

(a)na sainmhínithe a leagtar amach i mír 1 chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin sin a áirithiú;

(b)na sainmhínithe a leagtar amach i mír 1 chun forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

TEIDEAL II

LEIBHÉAL CUR I BHFEIDHM CEANGLAS

CAIBIDIL 1

Cur i bhfeidhm ceanglas ar bhonn aonair

Airteagal 5
Prionsabal ginearálta

Comhlíonfaidh gnólacht infheistíochta ar bhonn aonair na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Dó go Cuid a Seacht.

Airteagal 6
Díolúintí

1.Féadfaidh na húdaráis inniúla gnólacht infheistíochta a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 5 maidir le Cuid a Dó go Cuid a Ceathair, Cuid a Sé agus Cuid a Seacht, i gcás ina bhfuil feidhm ag an méid seo a leanas ar fad:

(a)gur fochuideachta é an gnólacht infheistíochta agus cuimsítear ar bhonn comhdhlúite é leis an maoirseacht ar institiúid chreidmheas, ar chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó ar chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, i gcomhréir le forálacha Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)go bhfuil an gnólacht infheistíochta agus a mháthairghnóthas faoi réir a n‑údaraithe agus a maoirsithe ag an mBallstát céanna;

(c)go n‑aontaíonn na húdaráis is inniúil maidir leis an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 leis an díolúine sin;

(d)go bhfuil na cistí dílse dáilte go leormhaith idir an máthairghnóthas agus an gnólacht infheistíochta agus go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(i)go gcomhlíonann an gnólacht infheistíochta na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1);

(ii)nach ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairghnóthas caipiteal a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;

(iii)le cead ón údarás inniúil roimh ré, go ndearbhóidh an máthairghnóthas go ráthaíonn sé gealltanais an ghnólachta infheistíochta nó go bhfuil rioscaí an ghnólachta infheistíochta diomaibhseach;

(iv)go gcuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta riosca an mháthairghnóthais an gnólacht infheistíochta; agus

(v)go bhfuil os cionn 50% de na cearta vótála a bhaineann le scaireanna i gcaipiteal an ghnólachta infheistíochta i seilbh an mháthairghnóthais nó go bhfuil sé de cheart aige formhór na gcomhaltaí de chomhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta a cheapadh nó a chur as oifig.

2.Féadfaidh na húdaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 5 maidir le Cuid a Cúig i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)go gcuimseofar an ghnólacht infheistíochta ar bhonn comhdhlúite sa mhaoirseacht i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)go bhfuil feidhmeanna bainistíochta leachtachta láraithe bunaithe ag an ngrúpa; agus

(c)go n‑aontaíonn na húdaráis is inniúil maidir leis an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 leis an díolúine sin.

CAIBIDIL 2

Cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le comhlíonadh na tástála caipitil grúpa agus díolúintí

Airteagal 7
An tástáil caipitil grúpa

1.Beidh i seilbh máthairghnólachta infheistíochta Aontais, máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais leordhóthain cistí dílse chun ar a laghad iomlán an méid seo a leanas a chlúdach:

(a)suim an luacha iomláin, de réir na leabhar, atá ar aon sealúchais, éilimh fho-ordaithe agus ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (h) agus i bpointe (i) d'Airteagal 36(1), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 56, agus i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ngnólachtaí infheistíochta, in institiúidí airgeadais, i ngnóthas seirbhísí coimhdeacha agus i ngníomhairí faoi cheangal sa ghrúpa gnólachta infheistíochta; agus

(b)méid iomlán aon dliteanais theagmhasaigh i bhfabhar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, gnóthais seirbhísí coimhdeacha agus gníomhairí faoi cheangal;

2.Féadfaidh na húdaráis inniúla ligean do mháthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó do mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais méid cistí dílse is ísle ná an méid arna ríomh de réir mhír 1 a bheith ina seilbh, ar choinníoll nach ísle an méid sin ná suim na gceanglas cistí dílse atá, ar bhonn aonair, ar ghnólachtaí infheistíochta, ar institiúidí airgeadais, ar ghnóthais seirbhísí coimhdeacha agus ar ghníomhairí faoi cheangal sa ghrúpa, agus méid iomlán aon dliteanas teagmhasach i bhfabhar na neintiteas sin.

Chun críocha mhír 1, i gcás nach bhfuil feidhm ag aon reachtaíocht stuamachta de chuid an Aontais ná ag aon reachtaíocht stuamachta náisiúnta maidir leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag ceanglas barúlach cistí dílse.

3.Beidh córais i bhfeidhm ag máthairghnólacht infheistíochta Aontais, ag máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó ag máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar fhoinsí caipitil agus maoinithe na ngnólachtaí infheistíochta, na gcuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta, na gcuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, na ninstitiúidí airgeadais, na ngnóthas seirbhísí coimhdeachta agus na ngníomhairí faoi cheangal laistigh den ghrúpa gnólachta infheistíochta.

Airteagal 8
Comhdhlúthú de réir K-fhachtóirí

Féadfaidh údaráis inniúla máthairghnólachta infheistíochta Aontais nó na húdaráis inniúla arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 42(2) de Threoir (AE)----/--[IFD] ceangal a chur ar mháthairghnólacht infheistíochta Aontais, ar mháthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó ar mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 15 ar bhonn na staide arna comhdhlúthú de réir K-fhachtóirí i gcás ina mbeidh feidhm ag ceachtar den dá choinníoll seo a leanas:

(a)go bhfuil rioscaí ábhartha nach beag ann do chustaiméirí nó don mhargadh, arb é an grúpa ina iomláine is cúis leo agus nach leor mar a cheaptar iad leis na ceanglais chaipitil is infheidhme ar bhonn aonair maidir leis na gnólachtaí infheistíochta sa ghrúpa; nó

(a)i gcás grúpaí gnólachta infheistíochta ag a bhfuil ardleibhéal idirnascachta ó thaobh bainistíocht riosca de, go bhféadfaí na ceanglais ar na gnólachtaí sin a dhúbailt de thoradh na ceanglais a chur i bhfeidhm ar an ngnólacht infheistíochta ar bhonn aonair.

CUID A DÓ
CISTÍ DÍLSE 

Airteagal 9
Ceanglais cistí dílse

1.Beidh ag gnólacht infheistíochta cistí dílse arb é a bheidh iontu suim chaipiteal Leibhéal 1 agus chaipiteal Leibhéal 2 an ghnólachta, agus sa chás sin:

(a)is éard a bheidh i 56% ar a laghad den tsuim caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal 1 de Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)féadfaidh caipitil breise de Leibhéal 1 a bheith i suas le 44% den tsuim, i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal 1 de Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)féadfaidh caipiteal de Leibhéal 2 a bheith i suas le 25% den tsuim, i gcomhréir le Caibidil 4 de Theideal 1 de Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

2.De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le cistí dílse a chinneadh:

(a)na díolúintí tairsí dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)na hasbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 46, Airteagal 60 agus Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 575/2013;

(c)an eachtra thucaide dá dtagraítear in Airteagal 54(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Seachas sin, sonróidh an gnólacht infheistíochta an eachtra thucaide i dtéarmaí na hionstraime breise de Leibhéal 1 dá dtagraítear i mír 1;

(d)an méid comhiomlán dá dtagraítear in Airteagal 54(4)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Is éard a bheidh sa mhéid atá le díluacháil nó le comhshó príomhshuim na hionstraime breise de Leibhéal 1 dá dtagraítear i mír 1.

3.    Cuirfidh an gnólacht infheistíochta i bhfeidhm na forálacha a leagtar amach i gCaibidil 6 de Theideal 1 de Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus na ceanglais cistí dílse de bhun an Rialacháin seo á gcinneadh aige.

Airteagal 10
Sealúchais lasmuigh den earnáil airgeadais

1.Chun críocha na Coda seo, déanfaidh an gnólacht infheistíochta méideanna de bhreis ar na teorainneacha a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a asbhaint ón gcinneadh i leith ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:

(a)sealúchas, ar mó a mhéid ná 15% de chaipiteal rialála an ghnólachta infheistíochta, i ngnóthas nach eintiteas earnála airgeadais é;

(b)méid iomlán na sealúchas atá ag an ngnólacht infheistíochta i ngnóthais nach eintitis earnála airgeadais iad, de bhreis ar 60% dá chaipiteal rialála.

2.Féadfaidh na húdaráis inniúla toirmeasc a chur ar ghnólacht infheistíochta sealúchais dá dtagraítear i mír 1 a bheith aige ar mó a méid ná na céatadáin caipitil rialála a leagtar síos sa mhír sin. Poibleoidh na húdaráis inniúla gan mhoill an cinneadh ina bhfeidhmeoidh siad an chumhacht sin.

3.Ní dhéanfar scaireanna i ngnóthais nach eintitis earnála airgeadais iad a chur san áireamh sa ríomh a shonraítear i mír 1 i gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)go bhfuil na scaireanna sin i seilbh an ghnólachta go sealadach le linn oibríocht cúnaimh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)gur suíomh frithgheallta atá ag an ngnólacht ar feadh cúig lá oibre nó níos lú é sealúchas na scaireanna sin;

(c)go bhfuil na scaireanna sin i seilbh an ghnólachta infheistíochta ina ainm féin agus thar ceann daoine eile.

4.Ní dhéanfar scaireanna nach sócmhainní seasta airgeadais iad dá dtagraítear in Airteagal 35(2) de Threoir 86/635/CEE a áireamh sa ríomh a shonraítear i mír 1.

CUID A TRÍ
CEANGLAIS CHAIPITIL

TEIDEAL I
CEANGLAIS GHINEARÁLTA
 

Airteagal 11
Ceanglas caipitil

1.Beidh ag an ngnólacht infheistíochta i gcónaí caipiteal arb ionann é agus an ceann is airde acu seo a leanas:

(a)an ceanglas atá air maidir le forchostais sheasta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 13.

(b)an ceanglas atá air maidir le híosmhéid buan arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 14.

(c)an ceanglas de réir K-fhachtóirí atá air arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 15.

2.An gnólacht infheistíochta a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1), ní bheidh aige tráth ar bith ach an caipiteal arb ionann é agus an ceann is airde de na méideanna a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1.

3.I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar ghníomhaíochtaí gnó an ghnólachta infheistíochta, féadfaidh siad ceangal a chur ar an ngnólacht infheistíochta bheith faoi réir ceanglas caipitil éagsúil dá dtagraítear san Airteagal seo, i gcomhréir le Teideal IV, Caibidil 2, Roinn IV de Threoir (AE)----/--[IFD].

Airteagal 12
Gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha

1.Measfar go bhfuil gnólacht infheistíochta beag agus neamh-idirnasctha chun críocha an Rialacháin seo i gcás ina gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)gur lú ná EUR 1.2 billiún a shócmhainní faoi bhainistiú (AUM) arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 17;

(b)gur lú a orduithe cliaint arna láimhseáil (COH) arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 20, ná:

i) EUR 100 milliún in aghaidh an lae i gcás trádálacha in airgead tirim, nó

ii) EUR 1 billiún aghaidh an lae i gcás díorthach.

(c)gurb é nialas méid na sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar (ASA) aige arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 19;

(d)gurb é nialas méid na seilbhe airgid cliant (CMH) aige arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 18;

(e)gurb é nialas méid an tsreafa trádála laethúil (DFT) aige arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 32;

(f)gurb é nialas méid riosca an ghlansuímh (NPR) nó na ráthaíochta comhalta imréitigh (CMG) aige arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 22 agus le hAirteagal 23;

(g)gurb é nialas méid riosca mainneachtana an chontrapháirtí trádála (TCD) aige arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 26;

(h)gur lú ná EUR 100 milliún iomlán chlár comhardaithe an ghnólachta infheistíochta;

(i)gur lú ná EUR 30 milliún ollioncam iomlán bliantúil an ghnólachta infheistíochta ó sheirbhísí infheistíochta agus ó ghníomhaíochtaí.

Chun críocha phointí (a), (b), (c), (e), (f), agus (g) is ag na leibhéil ag deireadh an lae a bheidh feidhm.

Chun críocha phointe (d), is ag na leibhéil ionlae a bheidh feidhm.

Chun críocha phointe (h) agus phointe (i), is ag na leibhéil is infheidhme ag deireadh na bliana airgeadais deiridh a bheidh feidhm.

2.Na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a), (b), (h) agus (i) de mhír 1, beidh feidhm acu ar bhonn comhcheangailte i gcás na ngnólachtaí infheistíochta uile ar cuid de ghrúpa iad.

Na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (c), (d), (e), (f) agus (g), beidh feidhm acu maidir le gach gnólacht infheistíochta ar bhonn aonair.

I gcás nach gcomhlíonfaidh an gnólacht infheistíochta na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 1 a thuilleadh, ní mheasfar gur gnólacht infheistíochta beag idirnasctha é, le héifeacht láithreach.

3.I gcás nach bhfuil an gnólacht infheistíochta ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 a thuilleadh, ach tá sé fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) go pointe (i) de mhír 1, ní mheasfar gur gnólacht infheistíochta beag idirnasctha é a thuilleadh tar éis tréimhse trí mhí, arna ríomh ón dáta ar sáraíodh an tairseach.

4.I gcás nach raibh na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh ag an ngnólacht infheistíochta ach chomhlíon sé na coinníollacha sin ina dhiaidh sin, measfar, faoi réir a fhormheasta ag an údarás inniúil, gur gnólacht infheistíochta beag idirnasctha é tar éis tréimhse sé mhí ón dáta ar comhlíonadh na coinníollacha sin.

5.    Chun a dtarlóidh sna margaí airgeadais a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun coigeartú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le gnólachtaí infheistíochta cáiliú mar ghnólachtaí beaga idirnasctha i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 13
Ceanglas maidir le forchostais sheasta

1.Chun críocha Airteagal 11(1)(a), is éard a bheidh sa cheanglas maidir le forchostais sheasta aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais sheasta na bliana roimhe sin.

2.I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar ghníomhaíocht an ghnólachta infheistíochta, féadfaidh an túdarás inniúil an méid caipitil dá dtagraítear i mír 1 a choigeartú.

3.Faoi réir a fhormheasta ag na húdaráis inniúla, i gcás nach bhfuil aon fhorchostais sheasta ón mbliain roimhe sin ag an ngnólacht infheistíochta, beidh caipiteal aige arb ionann é agus aon cheathrú ar a laghad de na forchostais sheasta atá réamh-mheasta ina phlean gnó don bhliain tar éis bliain tosaithe a ghníomhaíochtaí.

4.Déanfaidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/488 ón gCoimisiún á chur san áireamh aige, dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun ríomh an cheanglais dá dtagraítear i mír 1 a shonrú a thuilleadh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [naoi mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 14
Ceanglas maidir le híosmhéid buan

Chun críocha Airteagal 11(1)(b), is éard a bheidh sa cheanglas maidir le híosmhéid buan na leibhéil caipitil tosaigh a shonraítear in Airteagal 8 de Threoir (AE)----/--[IFD], ar a laghad.

TEIDEAL II 
CEANGLAS CAIPITIL DE RÉIR K-FHACHTÓIRÍ
 

CAIBIDIL 1
Prionsabail ghinearálta
 

Airteagal 15
Ceanglas de réir K-fhachtóirí agus comhéifeachtaí infheidhme

1.Chun críocha Airteagal 11(1)(c), is éard a bheidh sa cheanglas de réir K-fhachtóirí suim an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)K-fhachtóirí maidir leis an riosca don chustaiméir (RtC) arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 2;

(b)K-fhachtóirí maidir leis an riosca don mhargadh (RtM) arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 3;

(c)K-fhachtóirí maidir leis an riosca don ghnólacht (RtF) arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 4;

2.Beidh feidhm ag na comhéifeachtaí seo a leanas maidir leis na K-fhachtóirí comhfhreagracha:

Tábla 1

K-FHACHTÓIRÍ

COMHÉIFEACHT

Sócmhainní faoi bhainistiú de réir bainistíocht punainne lánroghnach agus socruithe neamh-lánroghnacha (comhairleacha)

K-AUM

0.02%

Seilbh airgid cliant

K-CMH

0.45%

Sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar

K-ASA

0.04%

Orduithe cliaint arna láimhseáil

Trádálacha in airgead tirim K-COH

0.1%

Díorthaigh K-COH

0.01%

Sreabhadh trádála laethúil

Trádálacha in airgead tirim K-DTF

0.1%

Díorthaigh K-DTF

0.01%

3.Déanfaidh an gnólacht infheistíochta faireachán ar luach a K-fhachtóirí i dtaca le haon treochtaí a d'fhéadfadh a fhágáil go mbeadh ceanglas caipitil a bheadh éagsúil go hábhartha air le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile agus tabharfaidh sé fógra dá údarás inniúla faoin gceanglas caipitil sin atá éagsúil go hábhartha.

4.I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar ghníomhaíochtaí gnó an ghnólachta infheistíochta a dhéanann difear do mhéid K-fhachtóra ábhartha, féadfaidh siad an méid comhfhreagrach a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 36(2)(a) de Threoir (AE) ----/--[IFD].

5.Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú agus chun a dtarlóidh sna margaí airgeadais a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun:

(a)na modhanna a shonrú leis na K-fhachtóirí faoi Theideal II de Chuid a Trí a thomhas;

(b)na comhéifeachtaí a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo a choigeartú.

CAIBIDIL 2
K-fhachtóirí RtC
 

Airteagal 16
Ceanglas de réir K-fhachtóirí RtC

Is leis an bhfoirmle seo a leanas a chinnfear an ceanglas de réir K-fhachtóirí RtC:

K-AUM + K-CMH + K-ASA + K-COH

nuair

(a)is ionann K-AUM agus AUM (sócmhainní faoi bhainistiú) arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 17, arna mhéadú faoin gcomhéifeacht chomhfhreagrach in Airteagal 15(2);

(b)is ionann K-CMH agus CMH (seilbh airgid cliaint) arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 18, arna mhéadú faoin gcomhéifeacht chomhfhreagrach in Airteagal 15(2);

(c)is ionann K-ASA agus ASA (sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar) arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 19, arna mhéadú faoin gcomhéifeacht chomhfhreagrach in Airteagal 15(2);

(d)is ionann K-COH agus COH (orduithe cliaint arna láimhseáil) arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 20, arna mhéadú faoin gcomhéifeacht chomhfhreagrach in Airteagal 15(2);

Airteagal 17
AUM a thomhas chun críocha K-AUM a ríomh

 

1.Chun críocha K-AUM a ríomh, is éard a bheidh san AUM meánluach rollach na sócmhainní iomlána míosúla faoi bhainistiú, arna thomhas ar an lá gnó deireanach de gach ceann de na 15 mhí féilire roimhe sin, diomaite de na 3 luach mhíosúla is déanaí.

Is éard a bheidh san AUM meán nó meán uimhríochtúil simplí na 12 thomhas mhíosúla atá fágtha.

Ríomhfar K-AUM laistigh de na chéad 14 lá de gach mí féilire.

2.I gcás ina bhfuil na sócmhainní faoi bhainistiú tarmligthe go foirmiúil ag an ngnólacht infheistíochta chuig eintiteas airgeadais eile, cuirfear na sócmhainní tarmligthe sin san áireamh i méid iomlán an AUM arna thomhas i gcomhréir le mír 1.

I gcás ina bhfuil na sócmhainní faoi bhainistiú tarmligthe go foirmiúil ag eintiteas airgeadais eile chuig an ngnólacht infheistíochta, ní chuirfear na sócmhainní tarmligthe sin san áireamh i méid iomlán sa sócmhainní faoi bhainistiú arna thomhas i gcomhréir le mír 1.

3.I gcás ina bhfuil na sócmhainní á mbainistiú ag an ngnólacht infheistíochta le níos lú ná 15 mhí, féadfaidh sé réamh-mheastacháin ghnó ar an AUM a úsáid chun K-AUM a ríomh, faoi réir na gceanglas carnach seo a leanas:

(a)go n‑úsáidfear sonraí stairiúla a luaithe a bheidh siad le fáil;

(b)go bhfuil measúnú dearfach déanta ag an údarás inniúil ar mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna gcur faoina bhráid i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE.

Airteagal 18
CMH a thomhas chun críocha K-CMH a ríomh

1.Chun críocha K-CMH a ríomh, is éard a bheidh sa CMH meánluach rollach na seilbhe airgid cliant iomláine laethúla, arna thomhas ag deireadh gach lae ghnó do na 3 mhí féilire roimhe sin.

Is éard a bheidh sa CMH meán nó meán uimhríochtúil simplí na dtomhas laethúil i rith na 3 mhí féilire.

Ríomhfar K-CMH faoi dheireadh an lae ghnó tar éis an tomhais dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.I gcás ina bhfuil seilbh airgid cliant ag an ngnólacht infheistíochta le níos lú ná 3 mhí, féadfaidh sé réamh-mheastacháin ghnó a úsáid chun K-CMH a ríomh, faoi réir na gceanglas carnach seo a leanas:

(a)go n‑úsáidfear sonraí stairiúla a luaithe a bheidh siad le fáil;

(b)go bhfuil measúnú dearfach déanta ag an údarás inniúil ar mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna gcur faoina bhráid i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE.

Airteagal 19
ASA a thomhas chun críocha K-ASA a ríomh

1.Chun críocha K-ASA a ríomh, is éard a bheidh san ASA meánluach rollach na sócmhainní iomlána laethúla atá á gcoimirciú agus á riar, arna thomhas ag deireadh gach lae ghnó do na 6 mhí féilire roimhe sin, diomaite de na 3 mhí féilire is déanaí.

Is éard a bheidh san ASA meán nó meán uimhríochtúil simplí na dtomhas laethúil do na 3 mhí féilire atá fágtha.

Ríomhfar K-ASA laistigh de na chéad 14 lá de gach mí féilire.

2.I gcás ina bhfuil an gnólacht infheistíochta ag feidhmiú le níos lú ná 3 mhí, féadfaidh sé réamh-mheastacháin ghnó a úsáid chun K-ASA a ríomh, faoi réir na gceanglas carnach seo a leanas:

(a)go n‑úsáidfear sonraí stairiúla a luaithe a bheidh siad le fáil;

(b)go bhfuil measúnú dearfach déanta ag an údarás inniúil ar mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna gcur faoina bhráid i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE.

Airteagal 20 COH a thomhas chun críocha K-COH a ríomh

1.Chun críocha K-COH a ríomh, is éard a bheidh sa COH meánluach rollach na norduithe cliaint iomlána laethúla arna láimhseáil, arna thomhas ag deireadh gach lae ghnó le linn na 6 mhí féilire roimhe sin, diomaite de na 3 mhí féilire is déanaí.

Is éard a bheidh sa COH meán nó meán uimhríochtúil simplí na dtomhas laethúil do na 3 mhí féilire atá fágtha.

Ríomhfar K-COH laistigh de na chéad 14 lá de gach ráithe.

2.Tomhaisfear an COH mar shuim luach absalóideach na gceannachán agus luach absalóideach na ndíolachán do thrádálacha in airgead tirim agus do dhíorthaigh araon i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)i gcás trádálacha in airgead tirim, is é an méid a íocfar nó a gheofar don trádáil an luach.

(b)i gcás díorthach, is é méid barúlach an chonartha luach na trádála.

Cuirfear san áireamh sa COH idirbhearta a dhéanfaidh gnólachtaí infheistíochta a chuireann seirbhísí bainistithe punainne ar fáil thar ceann cistí infheistíochta.

Ní chuirfear san áireamh sa COH idirbhearta a dhéanfaidh an gnólacht infheistíochta ina ainm féin ar a shon féin nó thar ceann cliaint.

3.I gcás ina bhfuil an gnólacht infheistíochta ag feidhmiú le níos lú ná 3 mhí, féadfaidh sé réamh-mheastacháin ghnó a úsáid chun K-COH a ríomh, faoi réir na gceanglas carnach seo a leanas:

(a)go n‑úsáidfear sonraí stairiúla a luaithe a bheidh siad le fáil;

(b)go bhfuil measúnú dearfach déanta ag an údarás inniúil ar mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna gcur faoina bhráid i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE.

CAIBIDIL 3
K-fhachtóirí RtM
 

Airteagal 21
Ceanglas de réir K-fhachtóirí RtM

Is éard a bheidh sa cheanglas de réir K-fhachtóirí RtM i gcás shuíomhanna leabhair trádála an ghnólachta infheistíochta atá ag déileáil ar a chuntas féin, bíodh sin ar a shon féin nó thar ceann cliaint, an K-NPR arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 22 nó an K-CMG arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 23 pé acu is airde.

Airteagal 22
K-NPR a ríomh

1. Chun críocha K-NPR, is ar cheann de na modhanna seo a leanas a ríomhfar an ceanglas caipitil i gcás shuíomhanna leabhair trádála an ghnólachta infheistíochta atá ag déileáil ar a chuntas féin, bíodh sin ar a shon féin nó thar ceann cliaint:

(a)an cur chuige [caighdeánaithe simplithe] a leagtar amach i gCaibidil 2 go Caibidil 4 de Theideal IV de Chuid 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcás inarb ionann gnó leabhair trádála an ghnólachta infheistíochta agus EUR 300 milliún nó níos lú;

(b)an cur chuige caighdeánaithe a leagtar amach in [Caibidil 1(a) de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhréir le hAirteagal 1(84) den Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca leis an gcóimheas giarála, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an riosca creidmheasa contrapháirtí, leis an riosca margaidh, leis na neamhchosaintí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na neamhchosaintí ar ghnóthais chomh-infheistíochta, leis na neamhchosaintí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012];    

(c)modh na samhlacha inmheánacha a leagtar amach in [Caibidil 1(b) de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhréir le hAirteagal 1(84) den Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca leis an gcóimheas giarála, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an riosca creidmheasa contrapháirtí, leis an riosca margaidh, leis na neamhchosaintí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na neamhchosaintí ar ghnóthais chomh-infheistíochta, leis na neamhchosaintí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012].

K-NPR arna ríomh de réir na modhanna a shonraítear faoi phointe (b) agus faoi phointe (c), déanfar é a mhéadú faoi fhachtóir 65%.

2.    Chun críocha an dara habairt de phointe (a) de mhír 1, is i gcomhréir le [mír 2 go mír 7 d'Airteagal 325a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013] a ríomhfaidh an gnólacht infheistíochta méid an ghnó ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe.

Airteagal 23
K-CMG a ríomh

1.    De mhaolú ar Airteagal 22, féadfaidh an t‑údarás inniúil cead a thabhairt don ghnólacht infheistíochta K-CMG a ríomh i gcás suíomhanna a imréitítear go lárnach, ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)nach cuid de ghrúpa a chuimsíonn institiúid creidmheasa é an gnólacht infheistíochta;

(b)gur faoi fhreagracht comhalta imréitigh a dhéantar forghníomhú agus socrú na n‑idirbheart de chuid an ghnólachta infheistíochta a imréitítear go lárnach, agus go ráthaíonn an comhalta imréitigh sin iad nó seachas sin go socraítear ar bhonn seachadadh in aghaidh íocaíochta iad;

(c)gur ar shamhail inmheánach de chuid an chomhalta imréitigh a chloíonn leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bhunaítear ríomh an chorrlaigh a bhreacann an gnólacht infheistíochta leis an gcomhalta imréitigh;

(d)gur institiúid creidmheasa é an comhalta imréitigh.

Is éard a bheidh in K-CMG an méid iomlán corrlaigh tosaigh is airde a bhreac an gnólacht infheistíochta leis an gcomhalta imréitigh leis na 3 mhí roimhe sin.

2.    Ceapfaidh ÚBE, i gcomhar le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar ríomh an méid corrlaigh tosaigh dá dtagraítear i mír 1(c).

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [naoi mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.



CAIBIDIL 4K-fhachtóirí RtF

Airteagal 24
Ceanglas de réir K-fhachtóirí RtF

1.Is leis an bhfoirmle seo a leanas a chinnfear an ceanglas de réir K-fhachtóirí RtF:

K-TCD +K-DTF + K-CON

nuair

is ionann K-TCD agus an méid arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 26;

is ionann K-DTF agus DTF arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 32, arna mhéadú faoin gcomhéifeacht chomhfhreagrach a leagtar síos in Airteagal 15(2) agus

is ionann K-CON agus an méid arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 38.

Is ar na hidirbhearta arna dtaifeadadh i leabhar trádála an ghnólachta infheistíochta atá ag déileáil ar a chuntas féin, bíodh sin ar a shon féin nó thar ceann cliaint, a bheidh K-TCD agus K-CON bunaithe.

Is ar na hidirbhearta arna dtaifeadadh i leabhar trádála an ghnólachta infheistíochta atá ag déileáil ar a chuntas féin, bíodh sin ar a shon féin nó thar ceann cliaint, agus ar na hidirbhearta a dtéann an gnólacht infheistíochta ina mbun trí orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant ina ainm féin, a bheidh K-DTF bunaithe.

Roinn I

Mainneachtain an chontrapháirtí trádála

Airteagal 25
Raon feidhme

1.Beidh na hidirbhearta seo a leanas faoi réir na Roinne seo:

(a)ionstraimí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, diomaite díobh seo a leanas:

(i)    díorthaigh thar an gcuntar a thrádáiltear le rialtais láir agus bainc cheannais na mBallstát;

(ii)    díorthaigh thar an gcuntar a imréitítear trí chontrapháirtí lárnach cáilitheach (CPLC);

(iii)    díorthaigh thar an gcuntar a imréitítear trí chomhalta imréitigh, i gcás ina bhfuil na hidirbhearta faoi réir oibleagáid imréitigh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó faoi réir ceanglas coibhéiseach an conradh sin a imréiteach i dtríú tír, nó i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

aa. go bhfuil suíomhanna agus sócmhainní an ghnólachta infheistíochta a bhaineann leis na hidirbhearta sin idirdhealaithe agus leithscartha, ar leibhéal an chomhalta imréitigh agus an CPLC araon, ó shuíomhanna agus sócmhainní an chomhalta imréitigh agus chliaint eile an chomhalta imréitigh sin agus mar gheall ar an idirdhealú sin agus ar an leithscaradh sin, nach mbeadh baint ag na suíomhanna agus na sócmhainní sin le féimheacht faoin dlí náisiúnta i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chomhalta imréitigh nó duine amháin nó níos mó dá chliaint eile;

bb. go n‑éascaíonn na dlíthe, na rialacháin, na rialacha agus na socruithe conarthacha is infheidhme, nó atá ceangailteach, maidir leis an gcontrapháirtí lárnach, go n‑éascaíonn siad aistriú na suíomhanna de chuid an chliaint a bhaineann leis na conarthaí agus leis na hidirbhearta sin agus aistriú na comhthaobhachta comhfhreagraí chuig comhalta imréitigh eile laistigh den tréimhse chorrlaigh is infheidhme maidir leis an riosca i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chomhalta imréitigh bhunaidh;

cc. go bhfuil tuairim dlíthiúil neamhspleách atá réasúnaithe agus i scríbhinn faighte ag an ngnólacht infheistíochta arb é a conclúid nach dtabhódh an gnólacht infheistíochta, i gcás agóid dhlíthiúil, aon chaillteanas mar gheall ar dhócmhainneacht a chomhalta imréitigh nó mar gheall ar dhócmhainneacht aon chliant de chuid a chomhalta imréitigh.

(iv)    díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán;

(v)    seilbh díorthach le haghaidh suíomh de chuid an ghnólachta ar gníomhaíocht leabhair neamhthrádála is bunús leis;

(b)idirbhearta socraíochta iarchurtha;

(c)idirbhearta athcheannaigh;

(d)idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht;

(e)idirbhearta iasachta corrlaigh.

2.De mhaolú ar an Roinn seo, féadfaidh an gnólacht infheistíochta a cheanglais chaipitil maidir leis na hidirbhearta dá dtagraítear i mír 1 a ríomh le ceann de na modhanna a chur i bhfeidhm a leagtar amach i [Roinn 3, Roinn 4 nó Roinn 5, Teideal II, Cuid 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013] agus cuirfidh an gnólacht infheistíochta é sin in iúl don údarás inniúil gan mhoill.

Airteagal 26
K-TCD a ríomh

Chun críocha K-TCD, is leis an bhfoirmle seo a leanas a chinnfear an ceanglas caipitil:

Ceanglas caipitil = Luach na neamhchosanta * RF

nuair is é RF an fachtóir riosca arna shainiú de réir chineál an chontrapháirtí i gcomhréir le Tábla 2.

Tábla 2

Cineál an chontrapháirtí

Fachtóir riosca

Institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta

1.6%

Contrapháirtithe eile

8%

Airteagal 27
Luach na neamhchosanta a ríomh

Is i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas a chinnfear ríomh luach na neamhchosanta:

Luach na neamhchosanta = Max (0; RC + PFE - C)

nuair:

RC = an costas athsholáthair mar a chinntear in Airteagal 28 é.

PFE = an neamhchosaint fhéideartha thodhchaí mar a chinntear in Airteagal 29 í; agus

C = an chomhthaobhacht mar a chinntear in Airteagal 30 í.

Beidh feidhm ag an gcostas athsholáthair (RC) agus ag an gcomhthaobhacht (C) maidir leis na hidirbhearta uile dá dtagraítear in Airteagal 25.

Is maidir le conarthaí díorthach agus idirbhearta socraíochta iarchurtha, agus maidir leo sin amháin, a bheidh feidhm ag an neamhchosaint fhéideartha thodhchaí (PFE).

Airteagal 28
Costas athsholáthair (RC)

Déanfar an costas athsholáthair dá dtagraítear in Airteagal 27 a chinneadh mar a leanas:

(a)i gcás conarthaí díorthach, an margadhluach reatha a bheidh sa RC;

(b)i gcás idirbhearta socraíochta iarchurtha, an méid socraíochta a bheidh sa RC;

(c)i gcás idirbhearta athcheannaigh agus idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, is éard a bheidh sa RC an glanmhéid airgid thirim arna iasachtú agus arna fháil ar iasacht.

Airteagal 29
Neamhchosaint fhéideartha thodhchaí

1.I gcás gach idirbhirt díorthach agus gach idirbhirt socraíochta iarchurtha, is mar thoradh an méid seo a leanas a ríomhfar an neamhchosaint fhéideartha thodhchaí (PFE) dá dtagraítear in Airteagal 28:

(a)méid barúlach iarbhír an idirbhirt arna chinneadh i gcomhréir le mír 2 go mír 6 den Airteagal seo;

(b)an fachtóir maoirseachta arna chinneadh i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo; agus

(c)an fachtóir maoirseachta arna chinneadh i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo;

2.Is éard a bheidh sa mhéid barúlach iarbhír toradh an méid bharúlaigh arna ríomh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, an fhaid le haghaidh conarthaí díorthach ráta úis agus creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, agus an deilte le haghaidh conarthaí rogha arna ríomh i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo.

3.Mura bhfuil an méid barúlach luaite go soiléir agus socraithe go haibíocht, is mar a leanas a chinnfear é:

(a)i gcás díorthaigh malairte eachtraí, is éard a bheidh sa mhéid barúlach méid barúlach chuid an airgeadra eachtraigh den chonradh, arna chomhshó san airgeadra intíre. Más in airgeadraí nach iad an t‑airgeadra intíre iad a ainmnítear an dá chuid de dhíorthach malairte eachtraí, déanfar méid barúlach gach coda a chomhshó san airgeadra intíre agus is í an chuid ar mó a luach airgeadra intíre a bheidh sa mhéid barúlach;

(b)i gcás díorthaigh cothromais agus tráchtearraí agus lámhaltais astaíochta agus díorthaigh díobh sin, is éard a bheidh sa mhéid barúlach toradh an phraghais (thodhchaí) reatha ar aon aonad amháin den stoc agus líon na n‑aonad dá dtagraítear sa trádáil;

(c)i gcás idirbhearta ag a bhfuil dea-thorthaí iomadúla a bhraitheann ar staid ar leith lena n‑áirítear roghanna digiteacha nó réamhchonarthaí de chineál fuascailte sprice, ríomhfaidh an gnólacht infheistíochta an méid barúlach do gach staid agus úsáidfidh sé an ríomh is airde a gheofar;

(d)i gcás inar foirmle luachanna margaidh é an méid barúlach, iontrálfaidh an gnólacht infheistíochta na margadhluachanna reatha chun an méid barúlach trádála a chinneadh;

(e)i gcás babhtálacha barúlacha athraitheacha amhail babhtálacha amúchta agus babhtálacha tiomsaitheacha, is é an meánmhéid barúlach ar feadh a bhfuil fágtha de shaolré na babhtála a úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta mar mheánmhéid barúlach don trádáil;

(f)déanfar babhtálacha luamhánaithe a chomhshó i meánmhéid barúlach na babhtála neamhluamhánaithe coibhéisí sa dóigh, nuair a mhéadófar gach ráta i mbabhtáil faoi fhachtóir, go méadófar an méid barúlach atá dearbhaithe faoin bhfachtóir ar na rátaí úis chun an méid barúlach a chinneadh;

(g)i gcás conradh díorthach lena mbaineann malartuithe iomadúla príomhshuime, méadófar an méid barúlach faoi líon na malartuithe príomhshuime sa chonradh díorthach chun an méid barúlach a chinneadh.

4.Déanfar méid barúlach na ndíorthach ráta úis agus creidmheasa don am atá fágtha go haibíocht (i mblianta) na gconarthaí sin, déanfar é a choigeartú i gcomhréir leis an bhfad a leagtar amach san fhoirmle seo a leanas:

Fad = (1 – exp (-0.05 * am go haibíocht)) / 0.05;

5.Is éard a bheidh in aibíocht conartha an dáta is déanaí ar féidir an conradh a fhorghníomhú.

Má tá an díorthach bainteach le luach ionstraime eile ráta úis nó creidmheasa, is ar bhonn na hionstraime foluití a chinnfear an tréimhse ama.

I gcás roghanna, is éard a bheidh san aibíocht an dáta feidhmithe conarthach a shonraítear sa chonradh.

I gcás conradh díorthach atá struchtúrtha sa dóigh go socraítear aon neamhchosaint atá fós amuigh agus athshocraítear na téarmaí sa dóigh gurb é nialas luach cóir an chonartha, beidh an aibíocht atá fágtha comhionann leis an am go dtí an chéad dáta athshocraithe eile.

6.Féadfaidh an gnólachta infheistíochta féin an deilte a ríomh le haghaidh roghanna agus roghtálacha, ag úsáid samhail chuí. Déanfaidh an tsamhail sin meastachán ar ráta athraithe luach na rogha i ndáil le hathruithe beaga ar mhargadhluach an fholuitigh. I gcás idirbhearta nach roghanna ná roghtálacha iad, is é 1 a bheidh sa deilte i gcás suíomhanna fada agus -1 i gcás suíomhanna gearra.

7.Is de réir an tábla seo a leanas a chinnfear an fachtóir maoirseachta (SF) i gcás gach aicme sócmhainní:

Tábla 3

Aicme sócmhainní

Fachtóir maoirseachta

Ráta Úis

0.5%

Malairt eachtrach

4%

Creidmheas

1%

Cothromas aonainm

32%

Innéacs cothromais

20%

Tráchtearra agus lámhaltas astaíochta

18%

8.Is leis an bhfoirmle seo a leanas a chinnfear an fachtóir aibíochta (MF) i gcás gach idirbhirt:

               MF = (min (M;1 bhliain) / 1 bhliain)^0.5

I gcás trádálacha gan cumhdach corrlaigh, is éard a bheidh san aibíocht (M) aon bhliain amháin nó, más giorra é, a bhfuil fágtha d'aibíocht an chonartha díorthach de réir mar a chinntear sin sa dara fomhír de mhír 5, gan a bheith níos giorra ná deich lá gnó.

I gcás trádálacha faoi chumhdach corrlaigh, is éard a bheidh san aibíocht (M) an tréimhse chorrlaigh faoi riosca. Deich lá gnó ar a laghad a bheidh san íostréimhse chorrlaigh faoi riosca i gcás idirbhearta díorthach nach n‑imréitítear go lárnach atá faoi réir comhaontuithe laethúla corrlaigh agus cúig lá gnó i gcás idirbhearta díorthach a imréitítear go lárnach atá faoi réir comhaontuithe laethúla corrlaigh.

Airteagal 30
Comhthaobhacht

1.An chomhthaobhacht neamhairgid a bhreacfaidh agus a ghlacfaidh an gnólacht infheistíochta, in idirbhearta déthaobhacha agus imréitithe araon dá dtagraítear in Airteagal 23, beidh sí faoi réir caolchorrlaigh i gcomhréir leis an tábla seo a leanas:

Tábla 4

Aicme sócmhainní

Caolchorrlach idirbheart athcheannaigh

Caolchorrlach idirbheart eile

Urrúis fiachais arna n‑eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais

≤ 1 bhliain

0.707%

1%

> 1 bhliain ≤ 5 bliana

2.121%

3%

>  5 bliana

4.243%

6%

Urrúis fiachais arna n‑eisiúint ag eintitis eile

≤ 1 bhliain

1.414%

2%

> 1 bhliain ≤ 5 bliana

4.243%

6%

>  5 bliana

8.485%

12%

Suíomhanna urrúsúcháin

≤ 1 bhliain

2.828%

4%

> 1 bhliain ≤ 5 bliana

8.485%

12%

>  5 bliana

16.970%

24%

Gnáthscaireanna liostaithe agus luachanna in-chomhshóite

14.143%

20%

Ór

10.607%

15%

Airgead tirim

0%

0%

Chun críocha Thábla 4, ní áireofar suíomhanna ath-urrúsúcháin ar na suíomhanna urrúsúcháin.

2.Déanfar luach na comhthaobhachta neamhairgid a bhreacfaidh an gnólacht infheistíochta lena chontrapháirtí a mhéadú agus déanfar luach na comhthaobhachta neamhairgid a ghlacfaidh an gnólacht infheistíochta óna chontrapháirtí a laghdú de réir Thábla 4.

3.I gcás neamhréir airgeadraí idir an tidirbheart agus an chomhthaobhacht a bhreacfar nó a ghlacfar, beidh feidhm ag caolchorrlach breise 8% i ngeall ar neamhréir airgeadraí.

Airteagal 31
Glanluacháil

Chun críocha na Roinne seo, féadfaidh an gnólacht infheistíochta conarthaí lánmheaitseála atá ar áireamh i gcomhaontú glanluachála a láimhseáil faoi mar a bheidís ina n‑aon chonradh amháin ag a mbeadh príomhshuim bharúlach a bheadh coibhéiseach leis na fáltais ghlana, féadfaidh sé glanluacháil a dhéanamh ar idirbhearta eile atá faoi réir nuachan faoina ndéantar na hoibleagáidí uile idir an gnólacht infheistíochta agus a chontrapháirtí a chónascadh go huathoibríoch sa dóigh go ndéanann an nuachan aon mhéid aonair glan a chur go dlíthiúil in ionad na n‑olloibleagáidí a bhí ann roimhe sin, chomh maith le hidirbhearta eile ina n‑áirithíonn an gnólacht infheistíochta, chun sástacht an údaráis inniúil, go bhfuil na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a)conradh glanluachála leis an gcontrapháirtí nó comhaontú eile lena gcruthaítear oibleagáid dhlíthiúil aonair, lena gcumhdaítear na hidirbhearta uile atá ar áireamh, de shórt go mbeadh éileamh ag an ngnólacht infheistíochta ar ghlacadh, nó go mbeadh sé faoi oibleagáid íocaíochta, i leith shuim ghlan na luachanna deimhneacha agus diúltacha marcála ón margadh atá ar na hidirbhearta aonair atá ar áireamh, agus an tsuim sin amháin, i gcás ina dteipfeadh ar chontrapháirtí feidhmiú de thoradh aon cheann díobh seo a leanas:

(i)mainneachtain;

(ii)féimheacht;

(iii)leachtú;

(iv)cúinsí comhchosúla.

(b)nach bhfuil aon chlásal sa chonradh glanluachála lena dtugtar cead, i gcás mainneachtain contrapháirtí, don chontrapháirtí neamh-mhainneachtana íocaíochtaí teoranta amháin a dhéanamh, nó gan aon íocaíochtaí a dhéanamh, le heastát an pháirtí mainneachtana, fiú má tá an páirtí mainneachtana ina ghlanchreidiúnaí;

(c)go bhfuil tuairim dhlíthiúil réasúnaithe i scríbhinn faighte ag an ngnólacht infheistíochta go mbeadh, i gcás agóid dhlíthiúil i gcoinne an chomhaontaithe ghlanluachála, éilimh agus oibleagáidí an ghnólachta infheistíochta coibhéiseach leis na héilimh agus oibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (a) de réir an chórais dlí seo a leanas:

dlí na dlínse ina bhfuil an contrapháirtí corpraithe;

má tá brainse coigríche de chontrapháirtí bainteach, dlí an dlínse ina bhfuil an brainse suite;

an dlí a rialaíonn na hidirbhearta aonair sa chomhaontú glanluachála; nó

an dlí a rialaíonn aon chonradh nó aon chomhaontú atá riachtanach chun an ghlanluacháil a chur i gcrích.

Roinn II
Sreabhadh trádála laethúil

Airteagal 32
DTF a thomhas chun críocha K-DTF a ríomh

1.Chun críocha K-DTF a ríomh, is éard a bheidh sa DTF meánluach rollach an tsreafa trádála laethúil iomlán, arna thomhas ag deireadh gach lae ghnó le linn na 6 mhí féilire roimhe sin, diomaite de na 3 mhí féilire is déanaí.

Is éard a bheidh sa DTF meán nó meán uimhríochtúil simplí na dtomhas laethúil do na 3 mhí féilire atá fágtha.

Ríomhfar K-DTF laistigh de na chéad 14 lá de gach ráithe.

2.Tomhaisfear an DTF mar shuim luach absalóideach na gceannachán agus luach absalóideach na ndíolachán do thrádálacha in airgead tirim agus do dhíorthaigh araon i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)i gcás trádálacha in airgead tirim, is é an méid a íocfar nó a gheofar don trádáil an luach.

(b)i gcás díorthach, is é méid barúlach an chonartha luach na trádála.

3.Ní chuirfear san áireamh sa DTF idirbhearta a dhéanfaidh gnólacht infheistíochta a chuireann seirbhísí bainistithe punainne ar fáil thar ceann cistí infheistíochta.

Cuirfear san áireamh sa DTF idirbhearta a dhéanfaidh an gnólacht infheistíochta ina ainm féin ar a shon féin nó thar ceann cliaint.

4.I gcás ina bhfuil an gnólacht infheistíochta ag feidhmiú le níos lú ná 3 mhí, féadfaidh sé réamh-mheastacháin ghnó a úsáid chun K-DTF a ríomh faoi réir na gceanglas carnach seo a leanas:

(c)go n‑úsáidfear sonraí stairiúla a luaithe a bheidh siad le fáil;

(d)go bhfuil measúnú dearfach déanta ag an údarás inniúil ar mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna gcur faoina bhráid i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE.

CUID A CEATHAIR
RIOSCA COMHCHRUINNITHE 

Airteagal 33
Oibleagáid maidir le faireachán

1.Déanfaidh an gnólacht infheistíochta faireachán agus rialú ar a riosca comhchruinnithe i gcomhréir leis an gCuid seo, trí bhíthin nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta agus sásraí daingne rialaithe inmheánaigh.

2.Chun críocha na Coda seo, cuimseoidh na téarmaí institiúid creidmheasa agus gnólacht infheistíochta gnóthais phríobháideacha nó phoiblí, a mbrainsí san áireamh, arbh é a bheadh iontu dá mbeidís bunaithe san Aontas institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear iad sa Rialachán seo agus ar tugadh údarú dóibh i dtríú tír ina gcuirtear ceanglais stuamachta maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

Airteagal 34
Ceanglais maidir le tuairisciú

An gnólacht infheistíochta nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1), déanfaidh sé na leibhéil riosca seo a leanas a thuairisciú do na húdaráis inniúla ar bhonn bliantúil ar a laghad:

(a)leibhéal an riosca comhchruinnithe a bhaineann le mainneachtain contrapháirtithe i gcás neamhchosaintí sa leabhar trádála, ar bhonn contrapháirtí aonair agus ar bhonn comhiomlán;

(b)leibhéal an riosca comhchruinnithe i leith na n‑institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta agus eintitis eile a bhfuil airgead cliant ina seilbh;

(c)leibhéal an riosca comhchruinnithe i leith na n‑institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta agus eintitis eile ina gcuirtear urrúis cliant i dtaisce;

(d)leibhéal an riosca comhchruinnithe i leith na n‑institiúidí creidmheasa ina bhfuil airgead tirim i dtaisce ag an ngnólacht; agus

(e)leibhéal an riosca comhchruinnithe a eascraíonn as tuilleamh.

Airteagal 35
Luach na neamhchosanta a ríomh

1.An gnólacht infheistíochta nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1), déanfaidh sé na neamhchosaintí seo a leanas a ríomh chun críocha na Coda seo:

(a)neamhchosaintí ar chliaint aonair a thagann chun cinn sa leabhar trádála, trí na neamhchosaintí sin a chur leis na neamhchosaintí glana sna hionstraimí airgeadais uile arna n‑eisiúint ag an gcliant aonair sin.

Déanfar an neamhchosaint ghlan a ríomh trí asbhaint na suíomhanna frithgheallta sin atá suibscríofa nó fo-fhrithgheallta ag tríú páirtithe ar bhonn comhaontú foirmiúil, arna laghdú faoi na fachtóirí seo a leanas:

Tábla 5

lá oibre 0:

100%

lá oibre 1:

90%

laethanta oibre 2 go 3:

75%

lá oibre 4:

50%

lá oibre 5:

25%

i ndiaidh lá oibre 5:

0%

Cuirfidh an gnólacht infheistíochta córais ar bun chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar a neamhchosaintí frithgheallta idir tráth an ghealltanais tosaigh agus an lá gnó dar gcionn, i bhfianaise chineál na rioscaí arna dtabhú sna margaí atá i gceist.

(b)neamhchosaintí ar ghrúpaí cliant nasctha, trí shuimiú na neamhchosaintí uile ar na cliaint aonair sa ghrúpa, agus iad a láimhseáil mar neamhchosaint aonair.

2.Le linn don ghnólacht infheistíochta an neamhchosaint ar chliant nó ar ghrúpa cliant nasctha a ríomh, déanfaidh sé gach beart réasúnta chun na sócmhainní foluiteacha sna hidirbhearta ábhartha a shainaithint mar aon le contrapháirtí na neamhchosaintí foluiteacha.

Airteagal 36
Teorainneacha le rioscaí comhchruinnithe

1.An gnólacht infheistíochta atá ag déileáil ar a chuntas féin, bíodh sin ar a shon féin nó thar ceann cliaint, ní thabhóidh sé neamhchosaint ar chliant aonair ná ar ghrúpa cliant nasctha ar mó a luach ná 25% dá chaipiteal rialála, ach amháin má chomhlíonann sé an oibleagáid maidir le fógra a thabhairt a leagtar amach in Airteagal 37 agus an ceanglas caipitil de réir K-CON a leagtar amach in Airteagal 38.

I gcás inar institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta an cliant aonair sin, nó i gcás ina bhfuil institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó i ngrúpa cliant nasctha, ní bheidh an luach sin níos airde ná 25% de chaipiteal rialála an ghnólachta infheistíochta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11 nó EUR 150 milliún, cibé acu is airde, ar choinníoll nach mó ná 25 % de chaipiteal rialála an ghnólachta infheistíochta suim luachanna na neamhchosanta ar na cliaint nasctha uile nach institiúidí creidmheasa ná gnólachtaí infheistíochta iad.

I gcás ina bhfuil an méid EUR 150 milliún níos airde ná 25 % de chaipiteal rialála an ghnólachta infheistíochta, ní bheidh luach na neamhchosanta níos airde ná 100% de chaipiteal rialála an ghnólachta infheistíochta.

2.Féadfar dul thar na teorainneacha dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)go gcomhlíonfaidh an gnólacht infheistíochta, i dtaca leis an mbarrachas i leith na teorann a leagtar síos i mír 1, an ceanglas caipitil de réir K-CON arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 38;

(b)i gcás ina mbeidh 10 lá nó tréimhse is giorra caite ó tháinig ann don bharrachas, nach mbeidh an neamhchosaint sa leabhar trádála ar an gcliant aonair nó ar an ngrúpa cliant nasctha atá i gceist níos mó ná 500% de chaipiteal rialála an ghnólachta infheistíochta;

(c)i gcás aon bharrachais a mhairfidh ar feadh tréimhse is faide ná 10 lá, nach mó iad, ina n‑iomláine, ná 600% de chaipiteal rialála an ghnólachta infheistíochta.

Airteagal 37
Oibleagáid maidir le fógra a thabhairt
 

1.I gcás ina sárófar na teorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 36(1), tabharfaidh an gnólacht infheistíochta fógra gan mhoill do na húdaráis inniúla faoi mhéid an bharrachais, ainm an chliaint aonair lena mbaineann agus, más infheidhme, ainm an ghrúpa cliant nasctha lena mbaineann.

2.Féadfaidh údaráis inniúla tréimhse theoranta a dheonú don ghnólacht infheistíochta chun cloí leis an teorainn dá dtagraítear in Airteagal 36(1).

I gcás inarb infheidhme an méid EUR 150 milliún dá dtagraítear in Airteagal 36(1), féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt an teorainn 100% de chaipiteal rialála an ghnólachta infheistíochta a shárú.

Airteagal 38
K-CON a ríomh

1.Chun K-CON a ríomh, is éard a bheidh sa bharrachas dá dtagraítear in Airteagal 36(2) an neamhchosaint ar an gcliant aonair nó ar an ngrúpa cliant nasctha atá i gceist a bheidh tagtha chun cinn sa leabhar trádála.

2.I gcás nár mhair an barrachas ar feadh tréimhse is faide ná 10 lá, is éard a bheidh sa cheanglas caipitil de réir K-CON 200% de na ceanglais dá dtagraítear i mír 1.

3.Tar éis na tréimhse 10 lá arna ríomh ón dáta ar ar tháinig ann don bharrachas, déanfar an barrachas a shannadh sa líne iomchuí i gColún 1 de Thábla 6.

4.Is éard a bheidh sa cheanglas caipitil de réir K-CON toradh an bharrachais arna iolrú faoin bhfachtóir comhfhreagrach i gColún 2 de Thábla 6.

Tábla 6

Colún 1:

Barrachas thar na teorainneacha

(bunaithe ar chéatadán de chaipiteal rialála)

Colún 2:

Fachtóirí

Suas le 40%

200%

Ó 40% go 60%

300%

Ó 60% go 80%

400%

Ó 80% go 100%

500%

Ó 100% go 250%

600%

Os cionn 250 %

900%

5.Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú agus forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun an modh lena dtomhaisfear an K-fhachtóir san Airteagal seo a shonrú.

Airteagal 39
Nósanna imeachta le cosc a chur ar ghnólachtaí infheistíochta an ceanglas caipitil de réir K-CON a sheachaint

1.Maidir leis na neamhchosaintí a sháróidh an teorainn a leagtar síos in Airteagal 36(1), ní dhéanfaidh gnólachtaí infheistíochta iad a aistriú go sealadach chuig cuideachta eile, bídís nó ná bídís sa ghrúpa céanna, ná ní dhéanfar idirbhearta saorga chun an neamhchosaint a ghlanadh le linn na tréimhse 10 lá dá dtagraítear in Airteagal 38 agus neamhchosaint nua a chruthú.

2.Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta córais a choimeád ar bun lena áirithiú go ndéanfar aon aistriú dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú láithreach do na húdaráis inniúla.

Airteagal 40
Eisiaimh

1.Eisiafar na neamhchosaintí seo a leanas ó na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 38(1):

(a)neamhchosaintí nach sa leabhar trádála a thiocfaidh siad chun cinn;

(b)neamhchosaintí a asbhainfear ina n‑iomláine as cistí dílse an ghnólachta infheistíochta;

(c)neamhchosaintí áirithe a thabhófar le linn gnáthshocrú seirbhísí íocaíochta, idirbheart airgeadra eachtraigh, idirbheart urrús agus soláthair tarchuir airgid;

(d)ítimí sócmhainne arb éard atá iontu éilimh ar rialtais láir:

(i)    neamhchosaintí ar rialtais láir, bainc cheannais, eintitis earnála poiblí, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó bainc forbartha iltaobhacha agus neamhchosaintí atá rathaithe ag na daoine sin nó atá inchurtha ina leith;

(ii)    neamhchosaintí ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais (seachas iad siúd dá dtagraítear faoi phointe (i) atá ainmnithe agus, más infheidhme, cistithe in airgeadra náisiúnta an iasachtaí;

(iii)    neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha agus údaráis áitiúla na stát atá sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó neamhchosaintí atá ráthaithe acu sin.

(e)neamhchosaintí ar chontrapháirtithe lárnacha agus ranníocaíochtaí le cistí mainneachtana contrapháirtithe lárnacha.

2.Féadfaidh údaráis inniúla na neamhchosaintí seo a leanas a dhíolmhú ina niomláine nó i bpáirt ó chur i bhfeidhm Airteagal 38(1):

(a)bannaí faoi chumhdach;

(b)neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha agus údaráis áitiúla na stát atá in LEE nó neamhchosaintí atá ráthaithe acu sin;

(c)seilbh ceanglas leachtachta in urrúis rialtais, ar choinníoll gurb é measúnú a dhéanfar orthu, de lánrogha an údaráis inniúil, gur de ghrád infheistíochta iad;

(d)neamhchosaintí ar mhalartuithe aitheanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(72) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 iad.

Airteagal 41
Díolúine do dhéileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí

1.Ní bheidh feidhm ag forálacha na Coda seo maidir le déileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas i gcás idirbhearta laistigh de ghrúpa:

(a)gur contrapháirtí neamhairgeadais é an contrapháirtí eile;

(b)go gcuimsíonn an comhdhlúthú céanna an dá chontrapháirtí;

(c)go bhfuil an dá chontrapháirtí faoi réir na nósanna imeachta láraithe iomchuí maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú;

(d)gur féidir a mheas go laghdóidh an t‑idirbheart rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála nó le gníomhaíocht um maoiniú cisteáin an chontrapháirtí neamhairgeadais nó an ghrúpa sin.

2.Chun críocha an Airteagail seo, measfar go gcuimsíonn an comhdhlúthú céanna contrapháirtithe ar cheann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)go gcuimsíonn an comhdhlúthú na contrapháirtithe i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2013/34/AE;

(b)go gcuimsíonn an comhdhlúthú na contrapháirtithe i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;

(c)i dtaca le grúpa a bhfuil ceannoifig a mháthairghnóthais i dtríú tír, go gcuimsíonn an comhdhlúthú na contrapháirtithe i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta tríú tír a bhfuil glacadh go ginearálta leo agus a chinnfear a bheith coibhéiseach le IFRS i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 nó caighdeáin chuntasaíochta tríú tír a cheadaítear a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin.

3.Tabharfaidh an gnólacht infheistíochta fógra don údarás inniúil sula núsáidfidh sé an díolúine dá dtagraítear i mír 1.

Ní cheadóidh an t‑údarás inniúil cur i bhfeidhm na díolúine ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 1.



CUID A CÚIG
LEACHTACHT

Airteagal 42
Ceanglas leachtachta

1.Beidh i seilbh an ghnólachta infheistíochta méid sócmhainní leachtacha atá coibhéiseach ar a laghad leis an tríú cuid de na ceanglais forchostas seasta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 13(1).

Chun críocha na chéad fhomhíre, is éard a bheidh i sócmhainní leachtacha aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)na sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún;

(b)airgead neamhualaithe.

2.Chun críocha mhír 1, féadfaidh an gnólacht infheistíochta a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) infháltais ó fhéichiúnaithe trádála agus táillí nó coimisiúin is infhaighte laistigh de 30 lá a áireamh ar a shócmhainní leachtacha freisin, i gcás ina mbeidh na hinfháltais sin i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:

(a)gurb ionann iad agus suas leis an tríú cuid de na ceanglais íosmhéid leachtachta dá dtagraítear i mír 1;

(b)nach n‑áireofar iad mar chuid d’aon cheanglais bhreise leachtacha a cheanglaíonn an t‑údarás inniúil le haghaidh rioscaí atá sonrach don ghnólacht i gcomhréir le hAirteagal 36(2)(k) de Threoir (AE) ----/--[IFD];

(c)go bhfuil siad faoi réir caolchorrlach 50%.

Airteagal 43
Laghdú sealadach ar an gceanglas leachtachta

1.Féadfaidh an gnólacht infheistíochta, in imthosca eisceachtúla, méid na sócmhainní leachtacha ina sheilbh a laghdú. I gcás ina ndéanfar laghdú den sórt sin, tabharfaidh an gnólacht infheistíochta fógra don údarás inniúil gan mhoill.

2.Comhlíonfar an ceanglas leachtachta a leagtar amach in Airteagal 42(1) an athuair laistigh de 30 lá ón laghdú tosaigh.

Airteagal 44
Ráthaíochtaí do chustaiméirí

Méadóidh an gnólacht infheistíochta a shócmhainní leachtacha faoi 1.6% de mhéid iomlán na ráthaíochtaí a thugtar do chustaiméirí.

CUID A SÉ
NOCHTADH AG GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA

Airteagal 45
Raon feidhme

1.An gnólacht infheistíochta nach gcomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1), nochtfaidh sé go poiblí an fhaisnéis a shonraítear sa Chuid seo an lá céanna a fhoilseoidh sé a ráitis airgeadais bhliantúla.

2.An gnólacht infheistíochta a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) agus a eiseoidh ionstraimí Breise Leibhéal 1, nochtfaidh sé go poiblí an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagail 46, 48, 49 agus 50 an lá céanna a fhoilseoidh sé a ráitis airgeadais bhliantúla.

3.Nochtfaidh an gnólacht infheistíochta go poiblí an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 47 agus Airteagal 51 i gcás ina gcomhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 23 de Threoir (AE) ----/--[IFD].

Déanfaidh an gnólacht infheistíochta a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 23 de Threoir (AE) ----/--[IFD] an fhaisnéis a nochtadh ón mbliain airgeadais tar éis na bliana airgeadais ina ndearnadh an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Threoir (AE) ----/--[IFD] amach.

4.Féadfaidh gnólacht infheistíochta an meán agus an suíomh iomchuí a chinneadh chun na ceanglais maidir le nochtadh dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chomhlíonadh go héifeachtach. Déanfar gach nochtadh in aon mheán amháin nó in aon suíomh amháin, más féidir. Má nochtar an fhaisnéis chéanna nó faisnéis chomhchosúil in dhá mheán nó níos mó, cuirfear le gach meán acu tagairt do mhacasamhail na faisnéise sna meáin eile.

Airteagal 46
Cuspóirí agus beartais bainistíochta riosca

Déanfaidh an gnólacht infheistíochta a chuid cuspóirí agus beartas bainistíochta riosca a nochtadh i gcás gach catagóire riosca ar leithligh i gCuid a Trí go Cuid a Cúig i gcomhréir le hAirteagal 45, lena n‑áirítear na straitéisí agus na próisis chun na rioscaí sin a bhainistiú agus ráiteas riosca arna fhormheas ag an gcomhlacht bainistíochta ina dtugtar tuairisc ghonta ar phróifíl fhoriomlán riosca an ghnólachta infheistíochta i ndáil leis an straitéis ghnó.

Airteagal 47
Rialachas

Nochtfaidh an gnólacht infheistíochta an fhaisnéis seo a leanas maidir le socruithe rialachais inmheánaigh, i gcomhréir le hAirteagal 45:

(a)líon na stiúrthóireachtaí atá ag comhaltaí an chomhlachta bainistíochta;

(b)an beartas maidir le héagsúlacht i dtaca le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a roghnú, na cuspóirí agus aon spriocanna iomchuí a leagtar amach sa bheartas sin, agus a mhéid a baineadh amach na cuspóirí agus na spriocanna sin;

(c)cibé acu atá nó nach bhfuil coiste riosca ar leithligh curtha ar bun ag an ngnólacht infheistíochta agus an méid uaireanta a tháinig an coiste riosca le chéile in aghaidh na bliana.

Airteagal 48
Cistí dílse

1.Nochtfaidh an gnólacht infheistíochta an fhaisnéis seo a leanas maidir lena chistí dílse, i gcomhréir le hAirteagal 45:

(a)réiteach iomlán idir ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ítimí Breise Leibhéal 1, ítimí Leibhéal 2 agus na scagairí agus na hasbhaintí is infheidhme a chuirtear i bhfeidhm maidir le cistí dílse an ghnólachta infheistíochta agus an clár comhardaithe i ráitis airgeadais an ghnólachta infheistíochta arna n‑iniúchadh;

(b)tuairisc ar phríomhghnéithe ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus ionstraimí Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Leibhéal 2 arna n‑eisiúint ag an ngnólacht infheistíochta;

(c)na téarmaí agus coinníollacha iomlána a bhaineann le gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1, Bhreise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2;

(d)nochtadh ar leithligh ar chineál agus ar mhéideanna na scagairí stuamachta agus na n‑asbhaintí arna gcur i bhfeidhm mar aon le hítimí nach n‑asbhaintear i dtaca le cistí dílse;

(e)tuairisc ar na srianta go léir a chuirtear i bhfeidhm maidir le ríomh cistí dílse i gcomhréir leis an Rialachán seo agus na hionstraimí, na scagairí stuamachta agus na hasbhaintí a bhfuil feidhm ag na srianta sin maidir leo;

2.Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléid maidir le nochtadh faoi phointí (a), (b), (d) agus (e) de mhír 1 a shonrú.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [naoi mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 49
Ceanglais chaipitil

Déanfaidh an gnólacht infheistíochta an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 11(1) agus in Airteagal 22 de Threoir (AE) ----/--[IFD], i gcomhréir le hAirteagal 45:

(a)achoimre ar chur chuige an ghnólachta infheistíochta maidir le leordhóthanacht a chaipitil inmheánaigh a mheasúnú chun tacú le gníomhaíochtaí reatha agus todhchaí;

(b)ar iarratas ón údarás inniúil, toradh an phróisis inmheánaigh measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil, lena n‑áirítear comhdhéanamh na gcistí dílse breise atá bunaithe ar an bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 36(2)(a) de Threoir (AE) ----/--[IFD];

(c)na ceanglais chaipitil arna ríomh ar leithligh, i gcomhréir le gach K-fhachtóir is infheidhme maidir leis an ngnólacht infheistíochta mar a leagtar amach in Airteagal 15 iad, agus i bhfoirm chomhiomlán, bunaithe ar shuim na K-fhachtóirí is infheidhme;

(d)an ceanglas forchostas seasta arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 13.

Airteagal 50
Nochtadh an toraidh ar shócmhainní

Déanfaidh an gnólacht infheistíochta an toradh ar shócmhainní a ríomhfar mar an glanbhrabús arna roinnt ar iomlán a chláir comhardaithe a nochtadh ina thuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 45.

Airteagal 51
Beartas agus cleachtais luacha saothair

Nochtfaidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis seo a leanas maidir lena mbeartas agus maidir lena gcleachtais luacha saothair i gcás na gcatagóirí foirne a bhfuil tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 45;

(a)na saintréithe is tábhachtaí maidir le ceapadh an chórais luacha saothair, lena n‑áirítear an leibhéal luacha saothair inathraithe agus na critéir ar a mbronntar é, an beartas maidir le híocaíocht amach in ionstraimí, an beartas maidir le hiarchur agus na critéir dhílsithe;

(b)na cóimheasa idir luach saothair seasta agus inathraithe arna socrú i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Threoir (AE) ----/--[IFD];

(c)faisnéis chainníochtúil chomhiomlán maidir le luach saothair, arna miondealú de réir an lucht bainistíochta shinsearaigh agus na mball foirne a bhfuil tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta, ag tabhairt an méid seo a leanas le fios:

i) na méideanna luacha saothair arna mbronnadh le linn na bliana airgeadais, arna ndealú idir luach saothair seasta, maille le tuairisc ar na comhpháirteanna seasta, agus luach saothair inathraithe, chomh maith le líon na dtairbhithe;

ii) méideanna agus foirmeacha luacha saothair inathraithe arna mbronnadh, arna ndealú idir airgead tirim, scaireanna, ionstraimí atá nasctha le scaireanna agus cineálacha eile ar leithligh don chuid a íoctar roimh ré agus don chuid iarchurtha;

iii) méideanna luacha saothair iarchurtha arna mbronnadh do thréimhsí feidhmíochta roimhe seo, arna ndealú idir an méid atá le dílsiú le linn na bliana airgeadais agus an méid atá le dílsiú sna blianta ina dhiaidh sin;

iv) an méid luacha saothair iarchurtha atá le dílsiú le linn na bliana airgeadais, agus a laghdaítear trí choigeartuithe feidhmíochta;

v) na dámhachtainí luacha saothair inathraithe ráthaithe le linn na bliana airgeadais, agus líon thairbhithe na ndámhachtainí sin;

vi) na scaoilíocaíochtaí arna mbronnadh i dtréimhsí roimhe sin, a íocadh amach le linn na bliana airgeadais;

‑‑‑vii) méideanna na scaoilíocaíochtaí arna mbronnadh le linn na bliana airgeadais, arna ndealú ina níocaíochtaí roimh ré agus ina níocaíochtaí iarchurtha, líon thairbhithe na níocaíochtaí sin agus an íocaíocht is airde a bronnadh ar dhuine aonair;

(d)líon na ndaoine aonair a fuair luach saothair EUR 1 mhilliún nó níos mó in aghaidh na bliana airgeadais, luach saothair idir EUR 1 mhilliún agus EUR 5 mhilliún arna mhiondealú i mbandaí pá EUR 500 000 agus luach saothair EUR 5 mhilliún agus os a chionn arna mhiondealú i mbandaí pá EUR 1 mhilliún;

(e)ar iarratas ón údarás inniúil, luach saothair iomlán gach comhalta den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach;

(f)faisnéis maidir le cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann an gnólacht infheistíochta tairbhe as maolú a leagtar síos in Airteagal 30(4) de Threoir (AE) ----/--[IFD].

Chun críocha phointe (f), cuirfidh gnólachtaí infheistíochta a bhaineann tairbhe as maolú den sórt sin in iúl cibé acu ar deonaíodh an maolú sin ar bhonn phointe (a) nó phointe (b) d’Airteagal 30(4) de Threoir (AE) ----/--[IFD], nó an dá cheann. Léireoidh siad freisin cé na prionsabail luacha saothair a gcuirfidh siad an maolú nó maoluithe i bhfeidhm maidir leo, líon na mball foirne a bhaineann tairbhe as an maolú nó na maoluithe agus a luach saothair iomlán, arna dhealú idir luach saothair inathraithe agus seasta.

Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679.

CUID A SEACHT
TUAIRISCIÚ AG GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA

Airteagal 52
Ceanglais maidir le tuairisciú

1.Cuirfidh gnólacht infheistíochta tuarascáil bhliantúil faoi bhráid na núdarás inniúil lena náirítear an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)leibhéal agus comhdhéanamh na gcistí dílse;

(b)ceanglais caipitil;

(c)ríomhanna na gceanglas caipitil;

(d)an leibhéal gníomhaíochta i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1), lena n‑áirítear an clár comhardaithe agus miondealú ar an ioncam de réir seirbhís infheistíochta agus an K-fhachtóra is infheidhme;

(e)riosca comhchruinnithe;

(f)ceanglais leachtachta.

2.De mhaolú ar mhír 1, maidir le gnólacht infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 12(1), ní cheanglófar air an fhaisnéis a shonraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f) a thuairisciú.

3.Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na formáidí, na dátaí tuairiscithe, na sainmhínithe agus na réitigh TF a shonrú atá le cur i bhfeidhm maidir leis an tuairisciú dá dtagraítear i mír 1, ina gcuirfear san áireamh éagsúlacht ghráinneacht na faisnéise a chuirfidh isteach an gnólacht infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 12(1).

Forbróidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin [naoi mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 53
Ceanglais tuairiscithe le haghaidh gnólachtaí infheistíochta a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

1.Maidir le gnólachtaí infheistíochta nach gcomhlíonann coinníollacha Airteagal 12(1) agus a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh siad méid a sócmhainní iomlána ar bhonn míosúil agus tuairisceoidh siad an fhaisnéis sin don údarás inniúil agus do ÚBE gach ráithe.

2.I gcás ina bhfuil gnólacht infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 ina chuid de ghrúpa inar gnólacht infheistíochta ceann amháin nó níos mó de na gnóthais a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na gnólachtaí infheistíochta sin méid a sócmhainní iomlána ar bhonn míosúil agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas. Ansin, tuairisceoidh na gnólachtaí infheistíochta sin a gcomhshócmhainní iomlána do na húdaráis inniúla agus do ÚBE gach ráithe.

3.I gcás ina sroichfidh meán shócmhainní iomlána míosúla na ngnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 aon cheann de na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 4(1)(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna ríomh thar thréimhse dhá mhí dhéag as a chéile, tabharfaidh ÚBE fógra maidir leis sin do na gnólachtaí infheistíochta sin agus do na húdaráis atá inniúil ar údarú a dheonú i gcomhréir le hAirteagal [8a] de Threoir 2013/36/AE.

4.Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an oibleagáid faisnéis a thabhairt do na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a shonrú a thuilleadh le go bhféadfar faireachán éifeachtach a dhéanamh ar na tairseacha a leagtar amach i mír 1 (a) agus (b) d’Airteagal [8a] de Threoir 2013/36/AE.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [1 Eanáir 2019].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CUID A hOCHT
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 54
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4(2), 12(5), 15(5) agus 38(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus Airteagal 15(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(2) agus Airteagal 15(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse [dhá mhí] tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [dhá mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 55
Gníomhartha cur chun feidhme

Sonrú na dteimpléad maidir le nochtadh a fhorordaítear in Airteagal 48(2), agus na bhformáidí, na ndátaí tuairiscithe, na sainmhínithe agus na réiteach TF atá le cur i bhfeidhm maidir leis an tuairisciú mar a fhorordaítear in Airteagal 52(2), glacfar mar ghníomhartha tarmligthe é i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2).

Airteagal 56
An nós imeachta coiste

1.Déanfaidh an Coiste Baincéireachta Eorpach a bunaíodh le Cinneadh 2004/10/CE ón gCoimisiún 33 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 .

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CUID A NAOI
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA, TUARASCÁLACHA, ATHBHREITHNITHE AGUS LEASUITHE

TEIDEAL I
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 57
Forálacha idirthréimhseacha

1.Beidh feidhm ag Airteagal 42 go hAirteagal 44 agus Airteagal 45 go hAirteagal 51 maidir le déileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí ón [cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo].

2.Go dtí cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó ó dháta chur i bhfeidhm na bhforálacha dá dtagraítear in Airteagal 22(1)(b) agus (c) de bhun [Chaibidil 1(a) agus Chaibidil 1(b) de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhréir le hAirteagal 1(84) den Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca leis an gcóimheas giarála, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an riosca creidmheasa contrapháirtí, leis an riosca margaidh, leis na neamhchosaintí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na neamhchosaintí ar ghnóthais chomh-infheistíochta, leis na neamhchosaintí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012], cibé acu is túisce, déanfaidh an gnólacht infheistíochta na ceanglais a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm.

3.De mhaolú ar Airteagal 11, féadfaidh gnólachtaí infheistíochta na ceanglais chaipitil atá orthu a theorannú ar feadh tréimhse cúig bliana ón [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] mar a leanas:

(a)dhá oiread an cheanglais caipitil ábhartha a bheadh orthu de bhun Chaibidil 1 de Theideal 1 de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 dá leanfaidís de bheith faoi réir an Rialacháin sin;

(b)dhá oiread an cheanglais forchostas seasta is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 13 den Rialachán seo i gcás nárbh ann don ghnólacht infheistíochta an [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] nó roimhe sin;

(c)dhá oiread an cheanglais caipitil tosaigh is infheidhme a leagtar amach i dTeideal IV de Threoir 2013/36/AE an [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] i gcás ina raibh gnóthas faoi réir ceanglas caipitil tosaigh, agus faoina réir sin amháin, go dtí an tráth sin.

Airteagal 58
Maolú ar ghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Gnólachtaí infheistíochta a bhfuil, ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, coinníollacha Airteagal 4(1)(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 comhlíonta acu agus nach bhfuil údarú mar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2013/36/AE faighte acu go fóill, leanfaidh siad de bheith faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE.

TEIDEAL II
TUARASCÁLACHA AGUS ATHBHREITHNIÚ

Airteagal 59
Clásal athbhreithnithe

1.Faoin [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an méid seo a leanas:

(a)na coinníollacha ar a gcáilíonn gnólachtaí infheistíochta mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha i gcomhréir le hAirteagal 12;

(b)na modhanna lena dtomhaistear na K-fhachtóirí i dTeideal II de Chuid a Trí agus in Airteagal 38;

(c)na comhéifeachtaí in Airteagal 15(2);

(d)na forálacha a leagtar amach in Airteagal 42 go hAirteagal 44;

(e)na forálacha a leagtar amach i Roinn 1 de Chaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí;

(f)cur i bhfeidhm Chuid a Trí maidir le déileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí.

2.Faoin [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon le tograí reachtacha, más iomchuí.

TEIDEAL III
LEASUITHE

Airteagal 60
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar seo a leanas:

1.Sa teideal, scriostar na focail ‘agus gnólachtaí infheistíochta’.

2.Leasaítear Airteagal 4(1) mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

‘‘(1) ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ gnóthas arb é a ghnó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú dá chuntas féin;

(b)aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (3) agus i bpointe (6) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin de na nithe seo a leanas, ach nach déileálaí tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí, gnóthas comh-infheistíochta ná gnóthas árachais é an gnóthas:    

i) is mó luach iomlán shócmhainní an ghnóthais ná EUR 30 billiún, nó

ii) tá luach iomlán shócmhainní an ghnóthais faoi bhun EUR 30 billiún, agus tá an gnóthas ina chuid de ghrúpa inar mó ná EUR 30 billiún comhluach iomlán shócmhainní na ngnóthas uile sa ghrúpa a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (3) agus i bpointe (6) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus a bhfuil a sócmhainní iomlána faoi bhun EUR 30 billiún, nó

ii) tá luach iomlán shócmhainní an ghnóthais faoi bhun EUR 30 billiún, agus tá an gnóthas ina chuid de ghrúpa inar mó ná EUR 30 billiún comhluach iomlán shócmhainní na ngnóthas uile sa ghrúpa a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (3) agus i bpointe (6) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás ina gcinnfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle leis an gcoláiste maoirseachta amhlaidh chun dul i ngleic leis an mbaol a d’fhéadfadh a bheith ann go bhféadfaí dul timpeall ar an riail agus chun dul i ngleic le rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais.

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

“(2) ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ duine mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(1) de Threoir 2014/65/CE, atá údaraithe faoin Treoir sin, diomaite d'institiúid creidmheasa;”.

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

(3)ciallaíonn ‘institiúid’ institiúid creidmheasa atá údaraithe faoi Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE nó gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) de Threoir 2013/36/AE;’’.

(d)scriostar pointe (4);

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (26):

‘‘(26) ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’ gnóthas seachas institiúid, arb é a phríomhghníomhaíocht sealúchais a fháil nó ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe 2 go pointe 12 agus i bpointe 15 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a shaothrú, lena náirítear gnólacht infheistíochta, cuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, institiúid íocaíochta de réir bhrí Threoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, agus cuideachta bainistíochta sócmhainní, ach ní áirítear leis cuideachtaí sealbhaíochta árachais ná cuideachtaí sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointe (g) d’Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/AE iad;’’.

(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (51):

‘‘(51) “ciallaíonn ‘caipiteal tosaigh’ méid agus cineálacha na gcistí dílse a shainítear in Airteagal 12 de Threoir 2013/36/AE;’’;

(g)cuirtear pointe (145) isteach;

‘‘(145) ciallaíonn ‘déileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí’ gnóthais arb é a bpríomhghnó eisiach seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar i dtaca leis na díorthaigh tráchtearraí nó na conarthaí díorthach tráchtearraí dá dtagraítear i bpointí 5, 6, 7, 9 agus 10, díorthaigh lamháltas astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 4, nó lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 11 de Roinn C d’Iarscribhínn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;’’.

3.Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘‘(4) Comhlíonfaidh institiúidí creidmheasa na ceanglais a leagtar síos i gCuid a Sé agus i gCuid a Seacht ar bhonn aonair.’’.

(b)scriostar mír 5.

4.I gCuid I, Teideal II, Caibidil 2 maidir le comhdhlúthú stuamachta, cuirtear Airteagal 10a nua isteach:

“Chun críocha chur i bhfeidhm na Caibidle seo, le máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát agus le máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais Aontais, cuimseofar gnólachtaí infheistíochta i gcás inar máthairghnóthais institiúide iad na gnólachtaí infheistíochta sin.’’.

5.In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘‘3. Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí de chuid AE, institiúidí atá á rialú ag máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais de chuid AE agus institiúidí atá á rialú ag máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid AE, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé ar bhonn chás comhdhlúite na máthairinstitiúide, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha sin, má tá sa ghrúpa institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó atá údaraithe leis na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointe (3) agus i bpointe (6) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE a chur ar fáil”.

6.Scriostar Airteagal 15.

7.Scriostar Airteagal 16.

8.Scriostar Airteagal 17.

9.In Airteagal 81, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) de mhír 1:

‘‘(a) is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:

(i)institiúid;

(ii)gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

(iii)gnólacht infheistíochta;’’.

10.In Airteagal 82, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) de mhír 1:

‘‘(a) is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:

(i)institiúid;

(ii)gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

(iii)gnólacht infheistíochta;’’.

11.Leasaítear Airteagal 93 mar a leanas:

(a)scriostar mír 3.

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4, mhír 5 agus mhír 6:

‘‘4. I gcás ina dtiocfaidh institiúid atá laistigh den chatagóir dá dtagraítear i mír 2 faoi rialú duine nádúrtha nó dhlítheanaigh nach é an duine é a raibh an institiúid faoina rialú roimhe sin, bainfidh méid chistí dílse na hinstitiúide sin amach an méid caipitil tosaigh a cheanglaítear.

5. I gcás cumasc dhá institiúid nó níos mó atá laistigh den chatagóir dá dtagraítear i mír 2, ní thitfidh méid chistí dílse na hinstitiúide a thiocfaidh as an gcumasc sin faoi bhun chistí dílse iomlána na n‑institiúidí cumaiscthe tráth an chumaisc, fad is nach bhfuil méid an chaipitil tosaigh a cheanglaítear bainte amach.

6. I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla gur gá an ceanglas a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh chun sócmhainneacht institiúide a áirithiú, ní bheidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i mír 2 go mír 4.’’.

12.Scriostar Roinn 2 de Chaibidil I, Teideal I, Cuid a Trí an [cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. ____/____IFR].

13.In Airteagal 197, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de mhír (1):

‘‘(c) urrúis fiachais arna n‑eisiúint ag institiúidí agus ag gnólachtaí infheistíochta, ar urrúis iad ag a bhfuil measúnú creidmheasa ó IMCS a dheimhnigh ÚBE a bheith bainteach le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe riosca maidir le neamhchosaintí ar institiúidí faoi Chaibidil 2;’’.

14.In Airteagal 202, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

‘‘Féadfaidh an institiúid úsáid a bhaint as institiúidí, gnóthais árachais agus athárachais agus gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin mar sholáthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3) i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha seo uile a leanas:’’.

15.Scriostar Airteagal 388.

16.In Airteagal 456(1), scriostar pointe (f) agus pointe (g).

17.In Airteagal 493, scriostar mír 2.

18.Scriostar Airteagal 498.

19.In Airteagal 508, scriostar mír 2 agus mír 3.

Airteagal 61

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 46 mar a leanas:

(a)i mír 2, cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:

“(d) go mbeidh na socruithe agus na nósanna imeachta is gá bunaithe ag an ngnólacht chun an fhaisnéis a leagtar amach i mír 6a a thuairisciú.’’;

(b)cuirtear an mhír 6a seo a leanas isteach:

‘‘6a. Déanfaidh gnólachtaí tríú tír a chuireann seirbhísí ar fáil nó a dhéanann gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ÚEUM a chur ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoin méid seo a leanas:

(a)scála agus scóip na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí arna gcur ar fáil agus arna ndéanamh ag na gnólachtaí san Aontas;

(b)láimhdeachas agus luach comhiomlán na sócmhainní i gcomhréir leis na seirbhísí agus leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)cibé acu an ndearnadh socruithe i dtaobh cosaint infheisteoirí, agus tuairisc mhionsonraithe air sin;

(d)an beartas bainistithe riosca agus socruithe arna gcur i bhfeidhm ag an ngnólacht maidir leis na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) a chur ar fáil agus a dhéanamh.’’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘‘7. Déanfaidh ÚEUM, i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis nach mór don ghnólacht iarrthach tríú tír a sholáthar san iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 4 agus an fhaisnéis nach mór a thuairisciú i gcomhréir le mír 6a a shonrú.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [dáta le cur isteach].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’’;

(d)cuirtear isteach an mhír 8 seo a leanas:

‘‘8. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an fhormáid ina bhfuil an t‑iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 4 le cur isteach agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6a le tuairisciú.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [dáta le cur isteach].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’’.

(2)    Leasaítear Airteagal 47 mar a leanas: 

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

“Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) i ndáil le tríú tír ina ndearbhófar go n‑áirithíonn socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír sin gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)go gcomhlíonann gnólachtaí atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais maidir le stuamacht agus maidir le gnó a sheoladh atá ceangailteach de réir dlí agus ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, i dTreoir 2013/36/AE, i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i dTreoir (AE) ----/--[IFD] agus i Rialachán (AE)----/---[IFR] agus i dTreoir 2014/65/AE agus sna bearta cur chun feidhme arna nglacadh faoi na Rialacháin agus na Treoracha sin;

(b)go bhfuil gnólachtaí atá údaraithe sa tríú tír sin faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiúchán éifeachtach lena áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais is infheidhme maidir le stuamacht agus maidir le gnó a sheoladh atá ceangailteach de réir dlí; agus

(c)go bhforáiltear i gcreat dlí an tríú tír sin maidir le córas coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi chórais dlí tríú tír;

Maidir leis na seirbhísí a chuireann gnólachtaí tríú tír ar fáil agus na gníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas tar éis an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, i gcás inar dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leo don Aontas, i dtaca leis na ceanglais maidir le stuamacht agus maidir le gnó a sheoladh atá ceangailteach de réir dlí, ní fhéadfar a mheas go bhfuil éifeacht choibhéiseach acu leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear san fhomhír sin ach amháin tar éis measúnú mionsonraithe gráinneach a dhéanamh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an gcóineasú maoirseachta idir an tríú tír lena mbaineann agus an tAontas agus cuirfidh sé an méid sin san áireamh.

Agus an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an aithnítear an tríú tír mar dhlínse neamh-chomhoibríoch chun críoch cánach faoin mbeartas ábhartha de chuid an Aontais nó mar thríú tír a bhfuil ardriosca ag baint léi de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849.”;

(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘‘(c) na nósanna imeachta maidir le comhordú gníomhaíochtaí maoirseachta lena n‑áirítear imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair.’’;

(b)cuirtear isteach an mhír 5 seo a leanas:

‘‘5. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar na forbairtí rialála agus maoirseachta, ar na cleachtais forfheidhmiúcháin agus ar fhorbairtí margaidh ábhartha eile i dtríú tíortha a mbeidh cinntí coibhéise glactha ag an gCoimisiún ina leith de bhun mhír 1 chun a fhíorú an bhfuil na coinníollacha ar glacadh na cinntí ar a mbonn fós á gcomhlíonadh. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain faoina chinntí ina leith sin.’’.

Airteagal 62
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 mar seo a leanas:

(1)    In Airteagal 4(2), cuirtear pointe (v) leis mar a leanas:

‘‘(v) maidir le Rialachán (AE) ----/---- [IFR] agus Treoir (AE)----/--[IFD], údaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 3(5) de Threoir (AE)----/--[IFD] iad.’’.

CUID A DEICH
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 63
Teacht i bhfeidhm agus dáta an chur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón [18 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].

3.    Chun críocha na gceanglas stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta, déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ngníomhartha eile de chuid an Aontais a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

 

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Féach 'Teachtaireacht faoin Athbhreithniú Meántéarma ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil', COM(2017) 292 final, 8 Meitheamh 2017; agus, 'Teachtaireacht faoi Threisiú na Maoirseachta Comhtháite chun Aontas na Margaí Caipitil agus an comhtháthú airgeadais a neartú i dtimpeallacht athraitheach', COM(2017) 542 final, 20 Meán Fómhair 2017.
(2)    Tuarascáil ÚBE ar ghnólachtaí infheistíochta, freagra ar ghlao an Choimisiúin ar chomhairle Nollaig 2014 ((EBA/Op/2015/20), Tábla 12: Líon na ngnólachtaí infheistíochta, de réir catagóire, de réir tíre, lch. 96. https://www.eba.europa.eu/documents/10180/983359/EBA-Op-2015-20+Report+on+investment+firms.pdf
(3)    COM(2017) 292 final.
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1-337).
(5)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338-436).
(6)    Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004, lch. 1-44).
(7)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349-496) agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84-148).
(8)    I gcomhréir leis an dara sraith comhairle ó ÚBE i nDeireadh Fómhair 2016 (Tuairim an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir leis an gCéad Chuid den Ghlao ar Chomhairle maidir le Gnólachtaí Infheistíochta, https://www.eba.europa.eu/documents/10180/1639033/Opinion+of+the+European+Banking+Authority+on+the+First+Part+of+the+Call+for+Advice+on+Investment+Firms+%28EBA-Op-2016-16%29.pdf), mhol an Coimisiún, i Samhain 2016, gur cheart na gnólachtaí infheistíochta a shainaithneofaí mar ghnólachtaí domhanda, nó institiúidí eile lena mbaineann tábhacht shistéamach (G-SIIanna, O-SIIanna) i gcomhréir le hAirteagal 131 den Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil, gur cheart iad a bheith faoi réir an Rialacháin athbhreithnithe maidir le Ceanglais Chaipitil. I Márta 2017, bhí ocht ngnólacht infheistíochta sa ghrúpa sin, agus iad ar fad lonnaithe sa Ríocht Aontaithe. Mhol an Coimisiún freisin go bhféadfaí na hathruithe seo a dhéanamh gan difear a dhéanamh do na gnólachtaí infheistíochta eile. Féach: Tograí ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar an Rialachán agus ar an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil an 23 Samhain 2016, https://ec.europa.eu/info/law/banking-prudential-requirements-directive-2013-36-eu/upcoming_ga
(9)    COM(2017) 542 final.
(10)    Le MiFID II cuirfear an tseirbhís infheistíochta 'saoráid trádála eagraithe a oibriú' leis an liosta sin.
(11)    Tuarascáil ÚBE ar ghnólachtaí infheistíochta, freagra ar ghlao an Choimisiúin ar chomhairle Nollaig 2014 ((EBA/Op/2015/20), http://www.eba.europa.eu/documents/10180/983359/EBA-Op-2015-20+Report+on+investment+firms.pdf
(12)    Córas stuamachta nua a cheapadh do ghnólachtaí infheistíochta (EBA/DP/2016/02), https://www.eba.europa.eu/documents/10180/1647446/Discussion+Paper+on+a+new+prudential+regime+for+Investment+Firms+%28EBA-DP-2016-02%29.pdf/cf75b87e-2db3-47a3-b1f3-8a30fa6962da
(13)    Tuairim ÚBE maidir le ceapadh córais stuamachta nua do ghnólachtaí infheistíochta (EBA/Op/2017/11), http://www.eba.europa.eu/documents/10180/1976637/EBA+Advice+on+New+Prudential+Framework+on+Investment+Firms+%28EBA-Op-2017-11%29.pdf
(14)    Tograí ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar an Rialachán agus ar an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil an 23 Samhain 2016, https://ec.europa.eu/info/law/banking-prudential-requirements-directive-2013-36-eu/upcoming_ga
(15)    Teachtaireacht faoin Athbhreithniú Meántéarma ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil, Meitheamh (COM(2017) 292), https://ec.europa.eu/info/publications/mid-term-review-capital-markets-union-action-plan_en
(16)    COM(2917) 592 final.
(17)    Tuarascáil ÚBE ar ghnólachtaí infheistíochta, freagra ar ghlao an Choimisiúin ar chomhairle Nollaig 2014 ((EBA/Op/2015/20), https://www.eba.europa.eu/documents/10180/983359/EBA-Op-2015-20+Report+on+investment+firms.pdf
(18)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/initiatives/ares-2017-1546878_en
(19)    Féach mar shampla freagraí éagsúla a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin le linn Ghlao ar Fhianaise 2015 http://ec.europa.eu/finance/consultations/2015/financial-regulatory-framework-review/index_en.htm
(20)    Tuairim an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh faoi shaincheisteanna a bhaineann le himeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (EBA/Op/2017/12) an 12 Deireadh Fómhair 2017, http://www.eba.europa.eu/documents/10180/1756362/EBA+Opinion+on+Brexit+Issues+%28EBA-Op-2017-12%29.pdf
(21)    Mar a shainmhínítear sin sa Mholadh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003 lch. 36-41), i.e. fiontair ina bhfuil níos lú ná 250 duine fostaithe agus nach mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 50 milliún, agus/nó nach mó iomlán bliantúil a gcláir chomhardaithe ná EUR 43 milliún.
(22)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/488 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2014 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 maidir le ceanglais cistí dílse ar ghnólachtaí bunaithe ar fhorchostais sheasta (IO L 78, 24.3.2015, lch. 1-4).
(23)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh institiúidí creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1-36).
(24)    IO C […], […], lch. […].
(25)    IO C […], […], lch. […].
(26)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338-436).
(27)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1-337).
(28)    Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004, lch. 1-44).
(29)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/488 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2014 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 maidir le ceanglais cistí dílse ar ghnólachtaí bunaithe ar fhorchostais sheasta (IO L 78, 24.3.2015, lch. 1).
(30)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an riosca creidmheasa contrapháirtí, leis an riosca margaidh, leis na neamhchosaintí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na neamhchosaintí ar ghnóthais chomh-infheistíochta, leis na neamhchosaintí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
(31)    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhorlíonadh a mhéid a bhaineann le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1-36).
(32)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(33)    Cinneadh 2004/10/CE ón gCoimisiún an 5 Samhain 2003 lena mbunaítear an Coiste Baincéireachta Eorpach (IO L 3, 7.1.2004, lch. 36).
(34)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).