AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.11.2017
COM(2017) 660 final
2017/0294(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2009/73/CE maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2017) 368 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is gá margadh gáis comhtháite a chur ar bun chun bunchloch a leagan síos le haghaidh thionscadal an Aontais maidir le hAontas Fuinnimh a bhunú. Meastar go mbíonn an margadh gáis inmheánach ag feidhmiú go maith nuair is féidir le gás gluaiseacht gan bhac, agus ar phraghas réasúnta, ó Bhallstát go chéile go dtí an áit is mó a bhfuil gá leis. Is gá margadh gáis dea-fheidhmiúil a bheith ann chun cinnteacht an tsoláthair gáis san Aontas a fheabhsú. Ós rud é gur trí phíblínte den chuid is mó a iompraítear gás, is gá idirnascacht na ngréasán gáis idir na Ballstáit agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar na gréasáin sin a bheith mar bhonn le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh. Tá an méid sin riachtanach freisin chun gur féidir gás a sheachadadh le linn éigeandálaí, idir na Ballstáit féin agus go dtí tríú tíortha comharsanachta araon. Tá an tAontas ag brath go mór ar allmhairithe gáis ó thríú tíortha agus is chun leasa an Aontais agus custaiméirí gáis atá sé an oiread trédhearcachta agus iomaíochais is féidir a bheith ann maidir leis na píblínte ó na tíortha sin.
Cé go mbíonn feidhm go ginearálta ag dlí an Aontais Eorpaigh maidir le huiscí críochacha agus limistéar eacnamaíoch eisiach Bhallstáit an Aontais, ní leagtar amach go sonrach i dTreoir 2009/73/CE (dá ngairtear "an Treoir maidir le Gás" anseo feasta) creat dlíthiúil le haghaidh píblínte gáis go dtí tríú tíortha agus uathu. Dá bhrí sin, tar éis anailís dhlíthiúil a dhéanamh, thángthas ar an tátal nach bhfuil na rialacha is infheidhme maidir le píblínte tarchurtha gáis a nascann dhá Bhallstát nó níos mó, píblínte a thagann faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar "idirnascaire", nach bhfuil na rialacha sin infheidhme maidir le píblínte den chineál atá ag teacht isteach san Aontas. Mar sin féin, tá nós ann príomhphrionsabail an chreata rialála arna leagan amach sa Treoir maidir le Gás i dtaca le tríú tíortha, na príomhphrionsabail sin a chur i bhfeidhm, go háirithe trí chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le píblínte gáis atá ag teacht isteach san Aontas. Meastar go mbeidh gá le beart reachtach as seo amach, dá bhrí sin, chun an creat rialála is infheidhme maidir leis na píblínte gáis uile go dtí tríú tíortha agus uathu a shainiú agus a shonrú ar bhealach sonrach comhleanúnach.
I dteannta na leasuithe atá molta, tiocfaidh an Treoir maidir le Gás ina hiomláine (mar aon le gníomhartha dlí gaolmhara amhail an Rialachán maidir le Gás, cóid agus treoirlínte gréasáin, ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt sna gníomhartha sin), tiocfaidh sí chun bheith infheidhme maidir le píblínte go dtí tríú tíortha agus uathu, lena náirítear píblínte atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, a fhad le teorainn dhlínse an Aontais. Áirítear sa mhéid sin na forálacha ábhartha maidir le rochtain tríú páirtí, rialú taraifí, díchuachadh úinéireachta agus trédhearcacht. Faoin Treoir, beifear in ann freisin iarratas a dhéanamh ar mhaolú ó na rialacha thuas le haghaidh píblínte nua go dtí tríú tíortha agus uathu, de bhun Airteagal 36 den Treoir maidir le Gás. Maidir leis na píblínte atá ann cheana, nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 36, beidh na Ballstáit in ann maoluithe a thabhairt ó chur i bhfeidhm phríomhfhorálacha na Treorach, ar choinníoll nach ndéanfadh an maolú dochar do chumas iomaíochta, d'fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh ná do chinnteacht an tsoláthair san Aontas.
Bheadh na píblínte go dtí tríú tíortha agus uathu faoi réir dhá chreat dhlíthiúla ar a laghad, dá bhrí sin. Dá néireodh sin casta ó thaobh an dlí de, ba é comhaontú idirnáisiúnta leis an tríú tír nó leis na tríú tíortha lena mbaineann an ionstraim iomchuí chun creat dlíthiúil comhleanúnach a áirithiú don phíblíne ina hiomláine. In éagmais comhaontú den chineál sin nó eisceacht le haghaidh bonneagar nua nó maolú le haghaidh an bhonneagair atá i bhfeidhm cheana, ní fhéadfar an phíblíne a oibriú ach amháin i gcomhréir le ceanglais Threoir 2009/73/CE laistigh de theorainneacha dhlínse an Aontais.
•
Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an togra seo, na rialacha is infheidhme faoi láthair maidir le píblínte laistigh den Aontas, tugtar feidhm dóibh i gcás píblínte go dtí tríú tíortha agus uathu chomh maith. Ar an gcaoi sin, tá sé comhsheasmhach le forálacha atá sa réimse beartais cheana. Áirítear soiléirithe breise nuair is gá chun na ceanglais a bhaineann go sonrach le tríú tíortha a chur san áireamh.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá sé d'aidhm ag an togra príomhchuspóirí an Aontais Fuinnimh a chur chun feidhme, mar a shainítear iad sa Chreatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh buanseasmhach maille le beartas réamhbhreathnaitheach don athrú aeráide, go háirithe ó thaobh chinnteacht an tsoláthair fuinnimh de (nuair is é ceann de phríomhghnéithe chinnteacht an tsoláthair fuinnimh an margadh inmheánach fuinnimh a chur i gcrích).
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é is bunús dlí don bheart atá beartaithe Airteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena ndearnadh comhdhlúthú agus soiléiriú ar inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh i réimse an fhuinnimh. De réir Airteagal 194 CFAE, is iad seo a leanas na príomhchuspóirí atá ag beartas fuinnimh an Aontais Eorpaigh: feidhmiú an mhargaidh fuinnimh a áirithiú; cinnteacht an tsoláthair fuinnimh san Aontas a áirithiú; éifeachtúlacht fuinnimh agus caomhnú fuinnimh agus forbairt foirmeacha nua in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn; agus idirnascadh na ngréasán fuinnimh a chur chun cinn.
Cuireann an togra seo freisin le sraith chuimsitheach de ghníomhartha reachtacha a glacadh agus a nuashonraíodh le fiche bliain anuas. D'fhonn margadh inmheánach fuinnimh a bhaint amach, ghlac an tAontas Eorpach trí phacáiste reachtacha i ndiaidh a chéile idir 1996 agus 2009, agus é d'aidhm uileghabhálach acu na margaí a chomhtháthú agus na margaí náisiúnta leictreachais agus gáis a léirscaoileadh. Chuige sin, d'áiritheodh an togra seo nach ndéanfaí aon idirdhealú idir oibreoirí píblínte gáis go dtí an tAontas agus uaidh agus rannpháirtithe eile sa mhargadh ar infheidhme an Treoir maidir le Gás ina hiomláine maidir leo, e.g., oibreoirí píblínte gáis a nascann Ballstáit éagsúla nó oibreoirí córas tarchuir laistigh de na Ballstáit.
Ba cheart breathnú ar an togra seo mar chuid den iarracht leanúnach atá ar siúl chun comhdhlúthú agus feidhmiú éifeachtach mhargaí gáis na hEorpa a áirithiú.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Tá gá leis na hathruithe atá á moladh ar an Treoir maidir le Gás chun margadh gáis atá comhtháite a bhaint amach san Aontas, rud nach bhfeadfaí a bhaint amach chomh héifeachtach céanna ar an leibhéal náisiúnta toisc go bhfuil na rialacha náisiúnta ilroinnte. Tá fianaise ann gurb é an cur chuige aonair náisiúnta is cúis leis an moill i dtaca le cur chun feidhme rialacha an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, agus go neascraíonn as sin bearta rialála atá fo-optamach agus neamh-chomhoiriúnach, dúbailt gan ghá ar idirghabhálacha, agus moill i dtaca le mí-éifeachtúlachtaí sa mhargadh a réiteach. Ina theannta sin, i bhformhór na gcásanna, ní leor acmhainneacht na bpíblínte go dtí tríú tíortha agus uathu le dul i gcion ar an margadh gáis inmheánach agus ar chinnteacht an tsoláthair i roinnt Ballstát.
•Comhréireacht
Dírithe ar an méid nach féidir déanamh dá uireasa má táthar chun an dul chun cinn riachtanach a bhaint amach i dtaca leis an margadh inmheánach, agus air sin amháin, atá an leasú atá á bheartú, agus fágtar na hinniúlachtaí agus na freagrachtaí iomchuí faoi na Ballstáit, na rialálaithe náisiúnta agus na gníomhaithe náisiúnta. Áirítear leis sin an fhéidearthacht maoluithe a fháil don bhonneagar atá ann cheana (i.e. píblínte go dtí tríú tíortha agus uathu arna gcur i gcrích roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo), chun a chur san áireamh na struchtúir dhlíthiúla chasta atá i bhfeidhm cheana a bhféadfadh cur chuige cás-sonrach a bheith de dhíth chun iad a chur i bhfeidhm, ar choinníoll nach ndéanfadh an maolú dochar do chumas iomaíochta, d'fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh nó do chinnteacht an tsoláthair san Aontas.
•An rogha ionstraime
Leis an togra leasaítear an Treoir maidir le Gás, ar príomhghné den Tríú Pacáiste Fuinnimh í. Léirítear leis an rogha ionstraime, mar atá gníomh leasaitheach, gur togra teoranta an togra seo.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Tá inneachar an togra seo teoranta do shoiléiriú a thabhairt sa réimse sin ina nimíonn dlí (nó easpa dlí) an Aontais Eorpaigh is infheidhme ón gcleachtas atá i bhfeidhm. Bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe atá an togra. Chun a chur san áireamh na cásanna sin atá ann, mar sin féin, de dheasca easpa rialacha sonracha faoin gcreat atá i bhfeidhm faoi láthair, cuirtear ar chumas na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le maoluithe le haghaidh bonneagar atá ar bun cheana. I bhfianaise an méid sin thuas, meastar gur féidir leasú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Gás gan tabhairt faoi phróiseas meastóireachta ar leithligh.
•Measúnú tionchair
Níl aon ghá le measúnú tionchair mionsonraithe don togra seo mar tá na hathruithe atá á mbeartú ag teacht leis an gcleachtas i dtaobh príomhphrionsabail an chreata rialála a chur i bhfeidhm, a leagtar amach i dtaca le tríú tíortha sa Treoir maidir le Gás. Tá fianaise ar leith ann ina thaobh sin sa mhéid is go gcuirtear na prionsabail sin san áireamh i roinnt comhaontuithe idirnáisiúnta idir na Ballstáit agus tríú tíortha nó idir an tAontas agus tríú tíortha agus go gcuirtear i bhfeidhm iad go comhsheasmhach i leith píblínte ar tír go dtí tríú tíortha agus uathu.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
D'fhéadfadh an togra na ceanglais riaracháin a mhéadú, cé gur méadú teoranta a bheadh ann. Ós rud é go mbeidh an Treoir maidir le Gás infheidhme ina hiomláine, a bhuí leis na leasuithe a dhéanfar, maidir le píblínte go dtí tríú tíortha agus uathu, laistigh de dhlínse an Aontais, beifear in ann iarratas a dhéanamh ar mhaolú le haghaidh bonneagar nua i gcás píblínte nua go dtí tríú tíortha agus uathu, de bhun Airteagal 36 den Treoir maidir le Gás. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh méadú a theacht ar líon na niarratas ar mhaolú agus dá bhrí sin ba ghá do na húdaráis rialála náisiúnta agus don Choimisiún dul i ngleic leis sin ar an leibhéal riaracháin agus cinntí breise maidir le maolú a dhéanamh. Ní ualach nua an méid sin, áfach, ach is príomhchúram é atá sainithe cheana sa Tríú Pacáiste Fuinnimh (Airteagal 36 den Treoir maidir le Gás).
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níltear ag súil le haon impleacht bhuiséadach de bharr na leasuithe atá beartaithe ar an Treoir maidir le Gás.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar na Ballstáit agus ar ghníomhaithe eile i dtaca leis an mbeart atá le glacadh a thrasuí, agus comhlíonadh an bhirt sin ag na Ballstáit agus na gníomhaithe eile, agus glacfaidh sé bearta forfheidhmiúcháin, de réir mar a theastóidh a leithéid. Áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta atá ann cheana agus údaráis náisiúnta inniúla eile go gcuirfear an togra chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Sonraítear sa togra seo an raon feidhme beacht atá ag cur i bhfeidhm na Treorach maidir le Gás, agus an Rialacháin maidir le Gás dá réir sin, i dtaca le píblínte go dtí tríú tíortha agus uathu, a fhad le teorainn dhlínse an Aontais. Áirítear sa mhéid sin na forálacha ábhartha maidir le rochtain tríú páirtí, rialú taraifí, díchuachadh úinéireachta agus trédhearcacht. Faoin Treoir, beifear in ann iarratas a dhéanamh ar mhaolú le haghaidh píblínte nua go dtí tríú tíortha agus uathu, de bhun Airteagal 36 den Treoir maidir le Gás. Áirítear ann freisin an deis do na Ballstáit maoluithe a thabhairt le haghaidh bonneagar allmhairiúcháin atá i bhfeidhm cheana. Chun creat dlíthiúil comhleanúnach a áirithiú le haghaidh píblínte a théann trí níos mó ná Ballstát amháin, is gá a shuí cé acu Ballstát a dhéanfaidh an cinneadh maidir leis an maolú sin.
2017/0294 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2009/73/CE maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Is é is aidhm don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha, atá á chur chun feidhme de réir a chéile ó 1999 i leith, fíor-rogha a thabhairt do thomhaltóirí uile an Aontais, cibé acu saoránaigh nó gnólachtaí iad, mar aon le deiseanna nua gnó, praghsanna iomaíocha, comharthaí infheistíochtaí éifeachtúla agus caighdeáin níos airde seirbhíse, agus cuidiú chun cinnteacht an tsoláthair agus an inbhuanaitheacht a áirithiú.
(2)Chuidigh Treoir 2003/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go mór chun margadh inmheánach sa ghás nádúrtha a chur ar bun.
(3)Tá sé mar aidhm ag an Treoir seo dul i ngleic leis na bacainní atá ar chur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha go fóill de dheasca rialacha margaidh an Aontais nár cuireadh i bhfeidhm ar phíblínte gáis go dtí tríú tíortha agus uathu. Áiritheofar leis na leasuithe a thugtar isteach leis an Treoir seo go mbeidh na rialacha is infheidhme maidir le píblínte tarchurtha gáis a nascann dhá Bhallstát nó níos mó, go mbeidh siad infheidhme freisin maidir le píblínte laistigh den Aontas go dtí tríú tíortha agus uathu. Ar an gcaoi sin, suífear comhsheasmhacht an chreata dhlíthiúil laistigh den Aontas ach seachnófar ag an am céanna saobhadh na hiomaíochta i margadh inmheánach fuinnimh an Aontais. Feabhsófar trédhearcacht chomh maith agus soláthrófar do rannpháirtithe sa mhargadh, go háirithe infheisteoirí sa bhonneagar gáis agus úsáideoirí an ghréasáin, deimhneacht dhlíthiúil i dtaca leis an gcóras dlí is infheidhme.
(4)Chun an teasnamh a bhí ann roimhe seo i dtaca le rialacha sonracha de chuid an Aontais is infheidhme maidir le píblínte gáis go dtí tríú tíortha agus uathu a chur san áireamh, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann maoluithe ó fhorálacha áirithe de Threoir 2009/73/CE a thabhairt i gcás na bpíblínte sin arna gcur i gcrích roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Ba cheart an dáta ábhartha le haghaidh cur i bhfeidhm samhlacha díchuachta, cé is moite de dhíchuachadh úinéireachta, a oiriúnú i gcás píblínte gáis go dtí tríú tíortha agus uathu.
(5)Bainfidh infheidhmeacht Threoir 2009/73/CE maidir le píblínte gáis go dtí tríú tíortha agus uathu le teorainn chríochach dhlínse an Aontais i gcónaí agus léi sin amháin. Maidir le píblínte amach ón gcósta, ba cheart í a bheith infheidhme maidir le huiscí críochacha agus limistéir eacnamaíocha eisiacha na mBallstát.
(6)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/73/CE a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir 2009/73/CE mar a leanas:
(1)in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (17):
"(17) ciallaíonn "idirnascaire" líne tharchuir a thrasnaíonn teorainn nó a shíneann thar theorainn idir na Ballstáit nó idir na Ballstáit agus tríú tíortha a fhad le teorainn dhlínse an Aontais;"
(2)leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
(a) i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
"8. Féadfaidh Ballstát a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm:
(a) más rud é gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir ar an 3 Meán Fómhair 2009;
(b) maidir le bonneagar go dtí tríú tíortha agus uathu idir teorainn dhlínse an Aontais agus an chéad phointe idirnaisc le gréasán an Aontais, más rud é gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir ar an [Oifig na bhFoilseachán:dáta glactha an togra seo]";
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:
"9. I gcás ina mbeidh socruithe i bhfeidhm a ráthóidh neamhspleáchas níos éifeachtaí oibreoir an chórais tarchuir i gcomparáid le forálacha Chaibidil IV, féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh gan mír 1 a chur i bhfeidhm:
(a) más rud é gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir ar an 3 Meán Fómhair 2009;
(b) maidir le bonneagar go dtí tríú tíortha agus uathu idir teorainn dhlínse an Aontais agus an chéad phointe idirnaisc le gréasán an Aontais, más rud é gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir ar an [Oifig na bhFoilseachán: dáta glactha an togra seo].";
(3) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 d'Airteagal 14:
"1. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan Airteagal 9(1) a chur i bhfeidhm, agus oibreoir córais neamhspleách a ainmniú ar mholadh ó úinéir an chórais tarchuir:
(a) más rud é gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir ar an 3 Meán Fómhair 2009;
(b) maidir le bonneagar go dtí tríú tíortha agus uathu idir teorainn dhlínse an Aontais agus an chéad phointe idirnaisc le gréasán an Aontais, más rud é gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir ar an [Oifig na bhFoilseachán: dáta glactha an togra seo].
Beidh an tainmniú sin faoi réir formheas ón gCoimisiún.";
(3)i mír 4 d'Airteagal 34, cuirtear isteach an tríú habairt seo a leanas:
"I gcás ina gcumhdóidh Ballstát amháin ar a laghad agus tríú tír amháin ar a laghad an gréasán lena mbaineann, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile agus leis na tríú tíortha lena mbaineann d'fhonn a áirithiú, maidir leis an ngréasán lena mbaineann, go gcuirfear forálacha na Treorach seo i bhfeidhm go comhsheasmhach a fhad le teorainn dhlínse an Aontais."
(4)leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:
(a) i mír 3, cuirtear isteach an dara habairt seo a leanas:
"I gcás ina mbeidh an bonneagar i dtrácht faoi dhlínse Ballstáit agus tríú tír amháin (nó níos mó), rachaidh an túdarás rialála náisiúnta i gcomhairle le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sula nglacfar cinneadh.";
(b) sa dara fomhír de mhír 4, cuirtear isteach an dara habairt seo a leanas:
“I gcás ina mbeidh an bonneagar i dtrácht faoi dhlínse tríú tír amháin nó níos mó freisin, rachaidh údaráis rialála náisiúnta na mBallstát i gcomhairle le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sula nglacfar cinneadh d'fhonn a áirithiú, maidir leis an mbonneagar lena mbaineann, go gcuirfear forálacha na Treorach seo i bhfeidhm go comhsheasmhach a fhad le teorainn dhlínse an Aontais.”;
(5)i mír 1 d'Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
"(c) obair i gcomhar le húdarás rialála nó le húdaráis rialála na mBallstát lena mbaineann agus leis an nGníomhaireacht maidir le saincheisteanna trasteorann agus, i dtaca le bonneagar go dtí tríú tíortha agus uathu, le húdaráis ábhartha an tríú tír, ar mhaithe le, ó thaobh an bhonneagair seo de, forálacha na Treorach seo a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach a fhad le teorainn dhlínse an Aontais;"
(6)in Airteagal 42, cuirtear isteach an mhír 6 seo a leanas:
"6. Rachaidh na húdaráis rialála i gcomhairle le húdaráis ábhartha tríú tíortha agus oibreoidh siad i gcomhar leo maidir le píblínte gáis a oibriú go dtí tríú tíortha agus uathu d'fhonn a áirithiú, maidir leis an mbonneagar lena mbaineann, go gcuirfear forálacha na Treorach seo i bhfeidhm go comhsheasmhach a fhad le teorainn dhlínse an Aontais."
(7)in Airteagal 49, cuirtear isteach an mhír 9 seo a leanas:
"Maidir leis na píblínte gáis go dtí tríú tíortha agus uathu arna gcur i gcrích roimh an [Oifig na bhFoilseachán: dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maolú a fháil ó Airteagail 9, 10, 11 agus 32 agus ó Airteagal 41(6), (8) agus (10) do na codanna de na píblínte sin atá idir teorainn dhlínse an Aontais agus an chéad phointe idirnaisc, ar choinníoll nach ndéanfadh an maolú dochar do chumas iomaíochta ná d'fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha san Aontas, ná do chinnteacht an tsoláthair san Aontas.
Beidh teorainn ama leis an maolú sin agus féadfaidh sé bheith faoi réir coinníollacha a chuideoidh chun na dálaí thuas a bhaint amach.
I gcás ina bhfuil an phíblíne gáis i dtrácht lonnaithe i ndlínse níos mó ná Ballstát amháin, is é an Ballstát a bhfuil an chéad phointe idirnaisc lonnaithe ina dhlínse a dhéanfaidh cinneadh maidir le maolú i don phíblíne.
Foilseoidh na Ballstáit aon chinneadh maidir le maolú i gcomhréir leis an mír seo faoi cheann bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo."
Airteagal 2
1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [Oifig na bhFoilseachán: bliain amháin tar éis an dáta teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán