AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,31.10.2017
COM(2017) 637 final
2015/0288(COD)
Togra leasaithe le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earraí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2017) 354 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
An 9 Nollaig 2015 ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le hinneachar digiteach a sholáthar, agus togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earraí. Is é is aidhm do na tograí sin ná cur le fás a chothú trí fhíor Mhargadh Digiteach Aonair a chruthú, chun sochair do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí araon, trí na bacainní is tábhachtaí a bhaineann le dlí na gconarthaí agus lena gcuirtear bac ar thrádáil trasteorann a dhíchur.
Leis an togra leasaithe seo, molann an Coimisiún go leathnófaí raon feidhme an togra le haghaidh Treorach maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earraí chun go gcumhdófaí díolacháin aghaidh ar aghaidh freisin.
I bhfianaise a ghasta atá athrú tráchtála agus teicneolaíochta ag teacht mar gheall ar dhigitiú, bhí sé mar aidhm don Choimisiúin ina thogra bunaidh dul i ngleic mar ábhar práinne leis na bacainní is tábhachtaí lena gcuirtear bac ar thráchtáil trasteorann. Chuir sé chun cinn, dá bhrí sin, mar ábhar tosaíochta, togra ina bpléitear le díolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earraí amháin. Sa Teachtaireacht a ghabhann leis an togra léirigh an Coimisiún an méid seo a leanas: “I bhfianaise an mhéid atá ag teacht ar thábhacht an mhúnla dáileachán uile-bhealaigh […], déanfaidh an Coimisiún gach beart is gá chun na rialacha maidir le díolacháin earraí ar líne agus as líne a ailíniú. Déanfaidh sé a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí agus gnólachtaí in ann brath ar chreat dlíthiúil comhleanúnach.” Chun an comhleanúnachas sin a áirithiú, gheall an Coimisiún go gcuirfeadh sé ar fáil do na comhreachtóirí sonraí a bhaineann le díolacháin aghaidh ar aghaidh a bhí á mbailiú aige i gcomhthéacs Sheiceáil Oiriúnachta REFIT maidir le príomhthreoracha AE i ndáil leis na dlíthe tomhaltais ina raibh Treoir 1999/44/CE maidir le díolacháin agus ráthaíochtaí do thomhaltóirí (CSGD). Sa Teachtaireacht leag an Coimisiún béim bhreise, maidir le conclúidí an ghnímh seo, ar “go bhféadfaidís cur leis an dul chun cinn atá déanta ag na comhreachtóirí i ndáil leis an togra le haghaidh díolacháin earraí ar líne, mar shampla trína raon feidhme a leathnú.” Rinneadh na sonraí ábhartha arna mbailiú ag an gCoimisiún leis an ngníomh Seiceála Oiriúnachta a tharchur chuig na comhreachtóirí ó mhí Lúnasa go mí Mheán Fómhair 2016 agus rinneadh iad a fhoilsiú ina dhiaidh sin i mí Bealtaine 2017.
Le linn na bpléití ar an togra i bParlaimint na hEorpa (PE) agus sa Chomhairle, leag na comhreachtóirí béim ar an ngá le rialacha comhleanúnacha maidir le ciandíolacháin agus díolacháin aghaidh ar aghaidh. Rinne rapóirtéirí PE de chuid an phríomhchoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (IMCO) agus de chuid an choiste chomhlachaithe um Ghnóthaí Dlíthiúla (JURI) um an togra maidir le díolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile leasuithe a chur síos lena gcuirtear le raon feidhme an togra chun gach conradh díolacháin arna thabhairt i gcrích idir díoltóir agus tomhaltóir a chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, d’iarr IMCO ar Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa measúnú tionchair ex-ante a dhéanamh chun tionchair na leasuithe sin a mheas. Rinneadh measúnú tionchair PE a fhoilsiú an 14 Iúil 2017 agus sna conclúidí tacaítear leis an ngá le rialacha comhleanúnacha maidir le gach díolachán, a bheadh chun sochair do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí araon.
Ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil de chuid na Comhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 7 Iúil 2017 agus laistigh den Mheitheal um Ábhair Dlí Shibhialta (Dlí na gConarthaí) sa Chomhairle, chuir formhór mór na mBallstát a n‑amhras in iúl maidir leis an ilroinnt dhlíthiúil a bheadh ann mar thoradh ar réimis éagsula maidir le ciandíolacháin earraí agus díolacháin earraí aghaidh ar aghaidh, agus é á rá acu gur gá gurb ionann na rialacha ar fad a bhfuil feidhm acu maidir le díolacháin earraí beag beann ar an mbealach díolacháin. Dá thoradh sin, rinne roinnt Ballstát a dtuairim a chur in iúl gur cheart don Choimisiún togra leasaithe le haghaidh an raon feidhme a leathnú chun díolacháin aghaidh ar aghaidh a chur san áireamh freisin a thíolacadh.
Thairis sin, is é is aidhm don togra leasaithe sin dul chun cinn tráthúil i réimse atá i gcroílár na straitéisí don Mhargadh Aonair a éascú, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach: I mí an Mheithimh 2016, d’iarr an Chomhairle Eorpach “go ndéanfaí na straitéisí éagsúla don Mhargadh Aonair ... a chur i gcrích agus a chur chun feidhme faoi 2018.” Agus i mí an Mheithimh 2017, leag an Chomhairle Eorpach béim ar an méid seo a leanas: “tá gá leis an Aontas Eorpach agus a mBallstáit tuilleadh a dhéanamh chun leibhéal na huaillmhéine mar a léirítear é i gconclúidí Mheitheamh 2016 don Mhargadh Aonair a bhaint amach ... Tabharfaidh an Chomhairle tuairisc do Chomhairle Eorpach Mheitheamh 2018 ar dhul chun cinn maidir leis an Margadh Aonair a dhoimhniú, a chur chun feidhme agus a fhorghníomhú i ngach gné de.”
Maidir leis an togra leasaithe seo lena gcuirtear le raon feidhme a thogra bunaidh chun díolacháin aghaidh ar aghaidh a chur san áireamh, tá an Coimisiún ag freagairt do na forbairtí thuasluaite maidir leis na caibidlíochtaí idirinstitiúideacha trína thíolacadh, agus torthaí na Seiceála Oiriúnachta mar aon leis an measúnú tionchair arna dhéanamh ag Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa á gcur san áireamh aige, mar a thíolactar go mion é sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an togra leasaithe.
•Forais agus cuspóirí an togra
Sa mheasúnú tionchair ar an togra bunaidh, léiríodh na fadhbanna a bhíonn ag tomhaltóirí agus ag gnólachtaí mar thoradh ar dhifríochtaí i ndlíthe náisiúnta na gconarthaí. Le cur chuige comhchuibhithe íosta CSGD, ní spreagtar tomhaltóirí chun earraí a cheannach ó thíortha eile AE ná ní spreagtar gnólachtaí chun earraí a dhíol le thíortha eile AE. Ar an mbealach sin, cuirtear cosc ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí an tairbhe iomlán a bhaint as deiseanna an Mhargaidh Aonair. Leis an tSeiceáil Oiriúnachta, dearbhaíodh an gá go gcoinneofaí rialacha comhleanúnacha sa réimse seo a bhfuil feidhm acu maidir le ciandíolacháin agus díolacháin aghaidh ar aghaidh araon.
Cé go bhfuil méadú tagtha ar mhuinín tomhaltóirí i gceannaigh thrasteorann ar líne – arb ionann iad agus an chuid is mó de thrádáil trasteorann na n‑earraí tomhaltais – ó ghlac an Coimisiún an togra, tá an muinín sin fós níos ísle ná mar atá a muinín i gceannaigh bhaile. Ar cheann de na hábhair imní is mó atá ag tomhaltóirí maidir le ríomhthráchtáil trasteorann, tá an éiginnteacht i ndáil leis na cearta conarthacha is tábhachtaí atá acu. Ina theannta sin, níl méadú chomh mór leis sin tagtha ar líon na gceannach iarbhír trasteorann mar thoradh ar an méadú atá tagtha ar mhuinín na dtomhaltóirí.
Níl feabhas ag teacht fós ar mhuinín na ngnólachtaí i ndíolacháin trasteorann. De réir an tsuirbhé is déanaí ar fud AE (2016), maíonn 58% de mhiondíoltóirí go bhfuil muinín acu i ndíolacháin a dhéanamh ar líne; níl muinín ach ag 28% acu, áfach, in earraí a dhíol ar líne do thíortha eile AE, agus maíonn 30% acu nach bhfuil muinín acu ach amháin in earraí a dhíol do thomhaltóirí ina dtír féin. An ról a imríonn dlíthe náisiúnta éagsúla na gconarthaí mar cheann de na príomhbhacainní ar dhíolacháin trasteorann a léirítear sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra bunaidh, tá sé dearbhaithe leis na sonraí nua seo: dhá cheann as na ceithre bhacainn is tábhachtaí ar thrádáil trasteorann maidir le miondíoltóirí a bhfuil earraí á ndíol acu faoi láthair (38.1%), baineann siad le difríochtaí i rialacha náisiúnta um chosaint tomhaltóirí (37.4%). Léiritear na hábhair imní sin i leibhéil shíor-ísle ghlacadh na ríomhthráchtála trasteorann iarbhíre ag miondíoltóirí.
Bíonn tionchar ag difríochtaí i ndlíthe náisiúnta na gconarthaí freisin ar ghnólachtaí agus tomhaltóirí a phléann le díolacháin trasteorann aghaidh ar aghaidh: san anailís a rinneadh i gcomhthéacs na Seiceála Oiriúnachta ar dhlí tomhaltais agus margaíochta AE, léirítear go measann 42% de mhiondíoltóirí a dhíolann earraí aghaidh ar aghaidh agus 46% de mhiondíoltóirí a bhaineann úsáid as bealaí ciandíolacháin go bhfuil costais chomhlíonta na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus dlí na gconarthaí ina mbacainní tábhachtacha ar a gcuid díolachán trasteorann. Ag an am céanna, léiríonn na sonraí is déanaí ó Sheiceáil Oiriúnachta REFIT, i gcás 72% de thomhaltóirí, gur toisc thábhachtach le cur san áireamh iad na difríochtaí i dtaca le cearta tomhaltóirí maidir le táirgí lochtacha, agus earraí á gceannach aghaidh ar aghaidh acu i dtír eile AE.
Is é ba chuspóir don togra bunaidh, mar sin, na bacainní ba thábhachtaí a bhain le dlí na gconarthaí agus a bhí ina mbac ar thrádáil trasteorann a dhíchur chun deireadh a chur leis na fadhbanna a bhí ag gnólachtaí agus ag tomhaltóirí mar gheall ar a chasta a bhí an creat dlíthiúil agus mar gheall ar na costais arna dtabhú ag gnólachtaí de thoradh ar dhifríochtaí i ndlí na gconarthaí.
An togra leasaithe seo a bhfuil feidhm aige maidir le gach díolachán, tá sé dírithe ar an gcuspóir céanna agus leis an togra seo, cuirtear níos mó leis an gcuspóir a chomhlíonadh os rud é go bhfuil tionchar ag an éiginnteacht agus ag na costais a eascraíonn ó dhlíthe náisiúnta éagsúla na gconarthaí ar thrádálaithe a dhíolann earraí aghaidh ar aghaidh ar bhonn trasteorann nó atá ag breithniú ar earraí a dhíol aghaidh ar aghaidh ar bhonn trasteorann, rud a fhágann, dá réir sin, líon níos lú díolachán á dhéanamh ar bhonn trasteorann mar aon le rogha níos lú agus praghsanna nach bhfuil chomh iomaíoch sin ar fáil do thomhaltóirí. Thairis sin, leis an togra leasaithe sin, seachnaítear tionchair dhiúltacha ar thrádálaithe a bhfuil earraí á ndíol ar bhonn náisiúnta acu i gcéin agus aghaidh ar aghaidh agus ar tionchair iad a bheadh ann mar thoradh ar réimis éagsúla ó thaobh dhlí na gconarthaí de a bhfuil feidhm acu maidir leis na bealaí dáileacháin éagsúla. Dá bhrí sin, leis an togra, freastalaítear ar an gclaonadh chun níos mó díolachán uile-bhealaigh a dhéanamh agus freagraítear d’fhorbairtí sa mhargadh, maidir le tomhaltóirí agus gnólachtaí araon.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis na forálacha substainteacha is tábhachtaí sa togra leasaithe, cumhdaítear na príomhdhifríochtaí i dtaca le rialacha náisiúnta sainordaitheacha maidir le tomhaltóirí, ar difríochtaí iad a eascraíonn ó rialacha comhchuibhithe íosta CSGD a bheith curtha chun feidhme ag na Ballstáit. Is iad na príomhdhifríochtaí sin i dtaca le rialacha náisiúnta a bhfuil tionchar acu ar thrádálaithe, agus iad a chinneadh an ndíolfaidh siad earraí ar bhonn trasteorann nó cén méid earraí a dhíolfaidh siad ar bhonn trasteorann. Cé go bhfuil rialacha CSGD (tá sé molta go ndéanfaí CSGD a aisghairm) mar bhunús don togra, déantar foráil le CSGD maidir le comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar na critéir chomhréireachta i dtaca leis na hearraí, ar ordlathas na leigheasanna a bheidh ar fáil do thomhaltóirí agus ar na modúlachtaí maidir le conas na leigheasanna sin a fheidhmiú.
Leis an togra, cuirtear comhlánú le reachtaíocht chothrománach chosanta tomhaltóirí atá ann cheana, go háirithe le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí. Ní bheadh an dá ionstraim ag forluí ar a chéile ach ag feidhmiú ar bhealach comhlántach, mar is iad atá i dTreoir 2011/83/AE den chuid is mó de ná forálacha a bhaineann le ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach, an ceart chun tarraingt siar ó chianchonarthaí agus ó chonarthaí seacháitribh agus rialacha maidir le hearraí a sheachadadh agus riosca a chur ar aghaidh, ach leis an togra i dtaca le hearraí a dhíol, leagtar síos rialacha maidir le comhréireacht na n‑earraí leis an gconradh, maidir le leigheasanna a bheidh ar fáil do thomhaltóirí i gcás easpa comhréireachta agus maidir le modúlachtaí le haghaidh na leigheasanna sin a fheidhmiú. Tá an togra i gcomhréir freisin le toradh na Seiceála Oiriúnachta ar dhlí tomhaltais agus margaíochta AE.
Tá an togra á chomhlánú le reachtaíocht earnáil-shonrach de chuid an Aontais, amhail Éicidhearthóireacht nó Lipéadú Fuinnimh agus a ngníomhartha cur chun feidhme agus a ngníomhartha tarmligthe, lena ndéantar ceanglais shonracha bhuanfasacha a thabhairt isteach.
Ar deireadh, tá an togra comhoiriúnach le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú na mbreithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála agus Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (an Róimh I), lena gcuirtear rialacha ar fáil chun an dlínse inniúil agus an dlí is infheidhme a chinneadh.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Baineann an togra leis na bearta arna moladh ag an gCoimisiún ina Theachtaireacht maidir le cur chuige cuimsitheach chun ríomhthráchtáil trasteorann do shaoránaigh agus gnólachtaí na hEorpa a spreagadh. Le gach ceann de na bearta sin, cuirtear go mór le ríomhthráchtáil trasteorann san Eoraip a spreagadh agus tá an teaglaim de bhearta ina pacáiste d’eilimintí comhlántacha agus riachtanacha chun an leas iomlán a bhaint as ríomhthráchtáil trasteorann mhéadaithe. Go háirithe, trí chomhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar na forálacha is tábhachtaí maidir le dlí na gconarthaí, ba cheart go n‑éascófaí cur chun feidhme an Rialacháin atá beartaithe maidir le geobhlocáil ós rud é, leis an gcomhchuibhiú sin, go gcuirfear deireadh le ceann de na príomhchúiseanna le ‘geobhlocáil’ a bheith á déanamh ag gnólachtaí.
Tá an togra leasaithe i gcomhréir leis an togra le haghaidh Treoir maidir le inneachar digiteach a sholáthar. Leis an dá cheann acu sin, cuirfear go mór leis an acmhainn iomlán a chuireann an Margadh Aonair Digiteach ar fáil a réadú, agus beidh an togra leasaithe ina chuid an-tábhachtach den phacáiste sin os rud é gurb ionann díolacháin earraí agus os cionn 80% d’iomlán na trádála trasteorann.
Sa Teachtaireacht maidir leis an athbhreithniú lár téarma a rinne sé ar an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach, mhol an Coimisiún go láidir do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach ceann de na bearta a moladh a ghlacadh go tráthúil, i bhfianaise an ghá atá le deireadh a chur go tapa leis na bacainní atá fós ann agus le Margadh Aonair Digiteach feidhmiúil a fhíorú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra mhodhnaithe seo agus is é is príomhchuspóir dó cur chun feidhme agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.
Mar a mhínítear faoi Roinn 1, tá cineál comhchuibhithe íosta CSGD ina chúis le difríochtaí i rialacha maidir le dlí na gconarthaí, a d’eascair as rialacha náisiúnta sainordaitheacha a théann thar na caighdeáin íosta a leagtar síos i CSDG. Bíonn na difríochtaí sin ina gcúis le bacainní ar thrádáil trasteorann agus, dá bhrí sin, bíonn tionchar díreach acu ar mhargadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú agus cuireann siad srian le hiomaíocht. Leis an togra, cuirfear deireadh leis na bacainní a bhíonn ar shaoirsí bunúsacha a fheidhmiú mar thoradh ar na difríochtaí sin, go háirithe mar gheall ar na costais bhreise idirbheartaíochta a bhaineann le hidirbhearta trasteorann a thabhairt i gcrích agus mar gheall ar an easpa muiníne a bhíonn ag tomhaltóirí ina gcearta agus earraí á gceannach acu ó thír eile AE. Bíonn tionchair éagsúla ar an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú ag na tosca sin ar fad agus cuireann siad srian le hiomaíocht agus léiríonn siad nár leor cineál comhchuibhithe íosta CSGD chun dul i ngleic leis na gnéithe de na díolacháin trasteorann laistigh den Aontas a bhaineann leis an margadh inmheánach.
Trí chomhchuibhiú íosta CSGD atá ann cheana a aisghairm agus Treoir a bheith go hiomlán comhchuibhithe, a mbeidh raon feidhme leathnaithe aice agus lena gcumhdófar ciandíolacháin agus díolacháin aghaidh ar aghaidh a chur ina ionad, cuirfear le creat dlíthiúil comhleanúnach lena dtabharfar tacaíocht do mhargadh inmheánach feidhmiúil. Leis an togra, ráthófar ardleibhéal foriomlán AE maidir le cosaint tomhaltóirí trí shraith rialacha sainordaitheacha a bheidh go hiomlán comhchuibhithe a chur ar fáil lena ndéanfar an chosaint atá ag tomhaltóirí faoi CSGD a choinneáil ar an leibhéal ar a bhfuil sí faoi láthair nó a chur ar leibhéal níos airde i roinnt cásanna.
•Coimhdeacht
Leis an togra modhnaithe, comhlíontar prionsabal na coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
An cuspóir chun deireadh a chur le bacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí i dtaca le tomhaltóirí agus, dá réir sin, an margadh inmheánach a chur chun cinn chun sochair do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí, ní fhéadfaidh na Ballstáit é sin a bhaint amach go leordhóthanach. Rialacha maidir díolacháin earraí in CSGD, is de chineál comhchuibhithe íosta iad agus, dá bhrí sin, ceadaítear a gcur chun feidhme ar bhealaí éagsúla ag na Ballstáit. D’fhág an méid sin go bhfuil rialacha náisiúnta éagsula ann agus tá costais idirbheartaíochta ag baint le díolacháin trasteorann dá thoradh sin. Maidir leis an margadh inmheánach a chur i gcrích ar leibhéal an Aontais tríd an bhfadhb seo a réiteach, ní fhéadfar cur leis sin ach amháin trí idirghabháil chomhordaithe a dhéanamh arb aidhm di deireadh a chur leis na cineálacha éagsúla cur chuige atá sna dlíthe tomhaltais san Aontas Eorpach.
Le tionscnamh ar leibhéal AE, déanfar dlí na gconarthaí i dtaca le tomhaltóirí a fhorbairt ar bhealach comhleanúnach agus déanfar a áirithiú go mbainfidh gach tomhaltóir in AE leas as an ardleibhéal céanna cosanta tomhaltóirí. Cruthófar leis sin cinnteacht dhlíthiúil do ghnólachtaí ar mhian leo a gcuid earraí a dhíol sna Ballstáit eile. Ní fhéadfar an toradh sin a bhaint amach ach amháin trí ghníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal AE. Leis an togra, déanfar comhchuibhiú iomlán ar leigheasanna conarthacha áirithe ríthábhachtacha agus ar na coinníollacha le haghaidh a bhfeidhmithe. Mar sin, cruthófar sraith amháin rialacha lena n‑áireofar, cibé acu ar bhonn intíre nó ar bhonn trasteorann, i gcéin nó aghaidh ar aghaidh, go mbainfidh tomhaltóirí leas as an ardleibhéal céanna cosanta tomhaltóirí ar fud an Aontais Eorpaigh agus go mbeidh trádálaithe in ann earraí a dhíol do thomhaltóirí i ngach Ballstát bunaithe ar na téarmaí conarthacha céanna. Leis an togra, mar sin, dhéanfaí laghdú suntasach ar na costais chomhlíonta do na trádálaithe agus ag an am céanna dhéanfaí leibhéal iomlán na cosanta tomhaltóirí in AE a choinneáil ard agus chuirfí le leas na dtomhaltóirí trí rogha níos leithne earraí agus praghsanna níos ísle a bheith ar fáil.
Mar a léiríodh freisin sa mheasúnú tionchair arna choimisiúnú ag Parlaimint na hEorpa, bheadh bearta a dhéanfaí ar leibhéal AE, go háirithe bearta lena gcumhdófaí díolacháin aghaidh ar aghaidh, ní b’éifeachtaí ná mar a bheadh bearta a dhéanfaí ar an leibhéal náisiúnta. Na tuairimí ar fad maidir leis an togra le haghaidh díolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earraí a fuair na parlaimintí náisiúnta, bhí siad go léir i gcoinne rialacha éagsúla a chruthú maidir le ciandíolacháin earraí agus díolacháin earraí aghaidh ar aghaidh.
Tá sé léirithe gur éirigh leis an gcur chuige lán-chomhchuibhithe i réimse reachtaíocht cosanta tomhaltóirí AE, go háirithe trí na rialacha i dTreoir 2011/83/AE, trína áirithiú go bhfuil sraith de chearta tomhaltóirí aonfhoirmeacha do gach tomhaltóir laistigh den Aontas Eorpach a ndéanfaí í a léirmhíniú agus a fhorfheidhmiú ar bhealach aonfhoirmeach i ngach Ballstát.
Leis an togra, déanfar bunús dlíthiúil do ghníomhaíochtaí comhordaithe forfheidhmithe a chur ar fáil faoin Rialachán maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, agus dhéanfaí gníomhaíochtaí forfheidhmithe a éascú den chuid is mó de trí na rialacha aonfhoirmeacha go hiomlán comhchuibhithe atá beartaithe. Mar sin, déanfar forfheidhmiú reachtaíocht AE a neartú chun sochair do thomhaltóirí AE. Ní fhéadfar an toradh sin a bhaint amach ach amháin trí ghníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal AE.
•Comhréireacht
Tá an togra modhnaithe i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ar an ábhar nach rachaidh an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach.
Ní dhéanfaidh an togra comhchuibhiú ar gach gné a bhaineann le conarthaí maidir le díolacháin earraí. Níl sé dírithe ach ar chomhchuibhiú a dhéanamh ar na cearta conarthacha tomhaltóirí an-tábhachtacha de chuid AE atá ríthábhachtach maidir le hidirbhearta trasteorann, agus atá sainaitheanta mar bhacainní ar thrádáil ag geallsealbhóirí agus atá riachtanach chun iontaoibh tomhaltóirí a chothú. Thairis sin, mar thoradh ar fhoirm dhlithiúil na Treorach a bheith roghnaithe seachas foirm dhlíthiúil an Rialacháin a bheith roghnaithe, is lú go mór a chuirfear isteach ar dhlíthe náisiúnta (féach thíos faoi “An rogha ionstraime”).
•An rogha ionstraime
Mar thoradh ar Threoir a roghnú, beidh saoirse ag na Ballstáit chun an cur chun feidhme a oiriúnú dá ndlí náisiúnta agus chun rialacha simplí agus nua-aimseartha a bhaint amach lena gcuirfear deireadh le bacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí agus lena gcruthófar cothrom iomaíochta do ghnólachtaí mar aon lena áirithiú go mbainfidh tomhaltóirí leas as ardleibhéal cosanta tomhaltóirí ar fud AE.
Dá roghnófaí Rialachán, bheadh gá le córas i bhfad ní ba shonraithe agus i bhfad ní ba chuimsithí chun gurbh fhéidir a thionchar a bheith infheidhme go díreach ná mar ar ghá leis mar gheall ar Threoir a bheith roghnaithe. Mar thoradh air sin, ba mhó ar fad a chuirfí isteach ar dhlíthe náisiúnta.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin le geallsealbhóirí
An nós imeachta comhairliúcháin
Sula ndearnadh an togra bunaidh, reáchtáladh próiseas forleathan comhairliúcháin a bhí bunaithe ar mheascán de chomhairliúcháin phoiblí agus de chomhairliúcháin spriocdhírithe. D’iarr an Coimisiún réimse leathan cothrom tuairimí trí dheis a thabhairt do gach páirtí ábhartha (gnólachtaí, tomhaltóirí, údaráis náisiúnta, dlíodóirí agus an lucht léinn) a dtuairimí a chur in iúl. Tá torthaí na gcomhairliúchán sin le fáil in COM(2015)635 final.
Tar éis don Choimisiún an togra bunaidh a ghlacadh, rinne sé comhairliúchán breise le geallsealbhóirí le linn na Seiceála Oiriúnachta lenar cumhdaíodh CSGD freisin agus lenar cuireadh san áireamh na tuairimí a cuireadh in iúl i dtaca leis an togra maidir le díolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earraí. Le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí, cuireadh san áireamh comhairliúchán poiblí ar líne a bhí ar siúl ó mhí Bealtaine go mí Mheán Fómhair 2016, roinnt gníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe arna reáchtáil i dtaca le staidéir thacaíochta idir mí Aibreán 2016 agus mí Eanáir 2017 agus pléití laistigh de ghrúpa tiomnaithe saineolaithe geallsealbhóirí a bhí comhdhéanta de na príomheagraíochtaí tomhaltóirí agus gnóthaí Eorpacha agus náisiúnta. Tá torthaí na gcomhairliúchán sin le fáil in SWD(2017)209 final agus sa staidéar tacaíochta ábhartha ar chostais agus buntáistí an chomhchuibhithe íosta faoi CSGD agus ar an gcomhchuibhiú iomlán agus an t‑ailíniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar rialacha le haghaidh bealaí díolacháin éagsúla.
Tá béim curtha arís agus arís eile ag geallsealbhóirí ar an ngá le comhleanúnachas a choinneáil idir rialacha i dtaca le dlíthe na gconarthaí a bhfuil feidhm acu maidir le ciandíolacháin earraí agus díolacháin aghaidh ar aghaidh. Sa chomhairliúchán poiblí sular glacadh na tograí maidir le conarthaí digiteacha, thug na Ballstáit, na comhlachais ghnó agus na heagraíochtaí tomhaltóirí a bhí rannpháirteach foláireamh maidir leis na torthaí diúltacha a bheadh ann mar thoradh ar aon éagsúlacht a d’fhéadfadh a bheith sna rialacha is infheidhme maidir le ciandíolacháin earraí agus díolacháin earraí aghaidh ar aghaidh. Sa staidéar thuasluaite a thacaíonn leis an tSeiceáil Oiriúnachta, deimhníodh go dtacaíonn údaráis náisiúnta mar aon le heagraíochtaí gnóthaí agus tomhaltóirí go láidir le sraith amháin rialacha a choinneáil maidir le díolacháin aghaidh ar aghaidh do thomhaltóirí agus maidir le ciandíolacháin do thomhaltóirí. Tá siad den tuairim go gcuirfí le trédhearcacht, go ndéanfaí castacht a laghdú agus go bhfágfaí an córas ní b’éasca do thomhaltóirí agus do thrádálaithe an córas a thuiscint dá ndéanfaí an méid sin. Ach an méid sin a bheith déanta, bheadh sé ní b’éasca earraí a cheannach agus a dhíol thar theorainneacha, chuirfí le hiomaíocht, bhainfí de chostais chomhlíonta na dtrádálaithe agus chuirfí laghdú ar phraghasanna do thomhaltóirí.
•Measúnú tionchair
Tá measúnú tionchair déanta maidir leis an togra bunaidh agus rinneadh tuarascáil ar mheasúnú tionchair agus achoimre feidhmiúcháin a fhoilsiú leis an togra bunaidh.
Sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an togra leasaithe, rinne an Coimisiún an measúnú tionchair sin a chomhlánú le hanailís ar na torthaí agus ar na sonraí a bailíodh tríd an tSeiceáil Oiriúnachta agus an measúnú tionchair arna ullmhú ag Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa á chur san áireamh. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún breithniú freisin ar na sonraí is déanaí a foilsíodh in eagrán 2017 de Scórchlár Dhálaí na dTomhaltóirí, atá bunaithe ar shuirbhéanna ionadaíocha tiomnaithe ar thomhaltóirí agus ar mhiondíoltóirí i ngach tír AE. Sa Doiciméad Inmheánach Oibre, léirítear forléargas cuimsitheach ar thionchair na rialacha atá go hiomlán comhchuibhithe i dtaca le conarthaí maidir le díolacháin earraí le haghaidh gnóthaí, tomhaltóirí agus ar deireadh le haghaidh na mBallstát agus le haghaidh mhargadh digiteach agus inmheánach AE.
Léirítear san anailís ón gCoimisiún maidir le fadhbanna a eascraíonn ó rialacha náisiúnta éagsúla maidir le CSGD a chur chun feidhme, go bhfuil siad ábhartha i dtaca le ciandíolacháin earraí agus díolacháin earraí aghaidh ar aghaidh araon. Sa tSeiceáil Oiriúnachta, ar thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ina leith an 2 Bealtaine 2017, deimhnítear na roghanna beartais ón gCoimisiún atá sa togra maidir le ciandíolacháin earraí agus leagtar béim ar an tionchar foriomlán dearfach a bheadh ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí sa mhagadh aonair dá mbeadh comhsheasmhacht sna réimis dhlíthiúla le haghaidh ciandíolacháin earraí agus díolacháin earraí aghaidh ar aghaidh.
•Cearta bunúsacha
Beidh tionchar ag an togra modhnaithe ar roinnt ceart arna gcosaint faoi Chairt um Chearta Bunúsacha AE, go háirithe Airteagal 38 maidir le cosaint tomhaltóirí agus Airteagal 16 maidir leis an tsaoirse chun gnó a dhéanamh.
Le sraith rialacha atá go hiomlán comhchuibhithe le haghaidh ciandíolacháin earraí agus díolacháin earraí aghaidh ar aghaidh, déanfar a áirithiú go mbeidh ardleibhéal cosanta tomhaltóirí ar fud AE i gcomhréir le hAirteagal 38 de Chairt um Chearta Bunúsacha AE trí chearta soiléire sonracha a chur ar fáil do thomhaltóirí nuair a cheannaíonn siad earraí ina dtíortha féin nó ó na Ballstáit eile. Cé go gcuirfear na rialacha sin in ionad na rialacha náisiúnta atá ann cheana maidir le hearraí a d’fhéadfadh ísliú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta atá ag tomhaltóirí i roinnt de na Ballstáit i dtaca le pointe nó dhó, beidh tionchar níos mó ná sin ag méaduithe ar chosaint tomhaltóirí i gcomparáid leis na dlíthe náisiúnta atá ann cheana i dtaca le pointí eile.
Le sraith rialacha atá go hiomlán comhchuibhithe maidir le ciandíolacháin earraí agus díolacháin earraí aghaidh ar aghaidh, cuirfear le cuspóir Airteagal 16 a bhaint amach mar gheall ar go mbeidh sé níos éasca do ghnólachtaí earraí a dhíol in AE. Dá bhrí sin, cuirfear lena gcumas chun a ngnólacht a mhéadú.
Ar deireadh, le cearta soiléire maidir le dlí na gconarthaí, b’fhéidir go gcuideofaí le cuspóir Airteagal 47 (an Ceart chun leigheas éifeachtach a fháil) a bhaint amach toisc go bhféadfadh siad a bheith ina gcúis le méadú a chur chumas daoine a gceart féin os comhair na gcúirteanna a fheidhmiú. Leis na rialacha nua, ba cheart go dtabharfaí soiléiriú ar na leigheasanna atá ar fáil i gcás díospóidí.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh aon impleachtaí buiséadacha ag baint leis an togra leasaithe
5.EILIMINTÍ EILE
•Forálacha sonracha an togra mhodhnaithe a mhíniú
Leis an togra leasaithe, cuirtear le raon feidhme an togra bhunaidh a bhí teoranta do dhíolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earra agus do dhíolacháin aghaidh ar aghaidh. Is iad atá sna hathruithe ar an togra bunaidh ná na leasuithe teicniúla is gá chun cur le raon feidhme an togra agus chun Treoir 1999/44/CE a aisghairm, foráil a chur isteach maidir le haisghairm Threoir 1999/44/CE, eadhon tagairtí do ‘dhíolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile’ a scriosadh, soiléiriú ama a dhéanamh maidir leis na conarthaí a chumhdófar le bearta cur chun feidhme an togra mhodhnaithe a chur san áireamh, agus forálacha áirithe Threoir 1999/44/CE is gá le haghaidh chomhláine na Treorach seo a chur leis, mar thoradh ar Threoir 1999/44/CE a aisghairm, amhail sainmhíniú a thabhairt ar an téarma ‘táirgeoir’. Ar deireadh, tugadh isteach freisin roinnt leasuithe teicniúla chun cur le comhsheasmhacht agus soiléireacht an téacs dhlíthiúil.
Baineann na leasuithe le haithrisí 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 14, 15, 16, 17, 21, 22, 23, 26, 28, 30, 34, 37, 38 agus 42. Rinneadh an aithris a bhí ann roimhe seo a scriosadh agus rinneadh aithris 4, aithris 5 agus aithris 6 a athuimhriú go haithris 4, aithris 5 agus aithris 6 faoi seach, agus rinneadh aithris nua, is í sin aithris 7, a thabhairt isteach. Baineann leasuithe sa téacs dlíthiúil le hAirteagail 1, 2, 15 agus 19, agus tugadh Airteagal 20 agus Airteagal 21 isteach. Rinneadh Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 22 a athuimhriú go hAirteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 24 faoi seach.
2015/0288 (COD)
Togra leasaithe le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earraí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)D’fhonn go bhfanfaidh an tAontas iomaíoch ar na margaí domhanda, ní mór dó feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin iomadúla atá á dtabhairt sa lá atá inniu ann ag geilleagar atá á thiomáint ag an teicneolaíocht níos mó ná riamh. Sa Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach, leagtar síos creat cuimsitheach lena n‑éascaítear comhtháthú na gné digití sa Mmhargadh inmheánach Aonair. Téann an chéad cholún den Straitéis i ngleic leis an ilroinnt sa trádáil laistigh den Aontas trí aghaidh a thabhairt ar na bacainní móra uile atá ar fhorbairt na ríomhthráchtála trasteorann, arb ionann í agus an chuid is suntasaí de dhíolacháin earraí gnólacht le tomhaltóir trasteorann.
(2)Ar mhaithe le dea-fheidhmiú fíormhargadh digiteach aonair an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach, is gá comhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, agus ardleibhéal cosanta don tomhaltóir á thógáil mar bhonn taca.
(3)Is í an ríomhthráchtáil ceann de phríomhthiománaithe príomhthiománaí an fháis laistigh den Mmhargadh inmheánach Aonair Digiteach. Tá a hacmhainn fáis, áfach, i bhfad ó bheith á saothrú go hiomlán. Chun neart a chur le hiomaíochas an Aontais agus dlús a chur leis an bhfás, ní mór don Aontas gníomhú go tapa agus gníomhaithe eacnamaíocha a spreagadh chun an acmhainn iomlán a chuireann an Mmargadh inmheánach Aonair Digiteach ar fáil a réadú. Ní féidir an leas iomlán a bhaint as an acmhainn atá sa Mmhargadh inmheánach Aonair Digiteach mura mbeidh rochtain rianúil ag na rannpháirtithe margaidh uile ar dhíolacháin earraí trasteorann ar líne, agus a bheith in ann lena n‑áirítear idirbhearta ríomhthráchtála a dhéanamh go muiníneach. Tá rialacha maidir le dlí na gconarthaí a ndéanann rannpháirtithe sa mhargadh idirbhearta ar a mbonn ar cheann de na príomhthosca a mhúnlaíonn na cinntí a dhéanann gnólachtaí faoi cibé earraí ar líne a thairiscint ar bhonn trasteorann. Bíonn tionchar ag na rialacha sin freisin ar thoilteanas na dtomhaltóirí glacadh leis an sórt sin ceannaigh agus iontaoibh a bheith acu as.
(4)While online sales of goods constitute the vast majority of distance sales in the Union, this Directive should cover all distance sales channels, including phone and mail orders, in order to avoid any unjustified distortions of competition and to create a level playing field for all businesses selling at a distance.
(54)Tá rialacha an Aontais is infheidhme maidir le díolachán earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earraí fós ilroinnte, cé go ndearnadh na rialacha a bhaineann le ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach, an ceart chun tarraingt siar i gcás cianchonarthaí agus coinníollacha seachadta a chomhchuibhiú go iomlán cheana féin. Tá príomheilimintí conarthacha eile, amhail critéir chomhréireachta, na leigheasanna agus na modúlachtaí a bhaineann lena bhfeidhmiú maidir le hearraí nach bhfuil i gcomhréir leis an gconradh, faoi réir comhchuibhiú íosta i dTreoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi láthair. Ceadaíodh do na Ballstáit dul níos faide ná caighdeáin an Aontais agus rialacha a thabhairt isteach lena n‑áiritheofaí leibhéal cosanta don tomhaltóir atá níos airde fós. Agus é sin déanta acu, ghníomhaigh siad ar eilimintí éagsúla agus ag leibhéil ghníomhaíochta éagsúla. Dá bhrí sin, tá éagsúlacht shuntasach ann sa lá atá inniu idir na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear reachtaíocht an Aontais maidir le dlí na gconarthaí tomhaltóra Treoir 1999/44/CE ó thaobh eilimintí fíor-riachtanacha de chonradh díolacháin, amhail ordlathas na leigheasanna a bheith ann nó as, tréimhse na ráthaíochta dlíthiúla, an tréimhse maidir leis an dualgas cruthúnais a fhreaschur, nó fógra a thabhairt don díoltóir faoin bhfabht.
(65)D’fhéadfadh na difríochtaí atá ann faoi láthair dochar a dhéanamh do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí. De bhun Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ní mór do ghnólachtaí a dhíríonn a gcuid gníomhaíochtaí chuig tomhaltóirí i mBallstáit eile rialacha sainordaitheacha maidir le dlí na gconarthaí do thomhaltóirí atá i bhfeidhm sa tír ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir a chur san áireamh. Toisc nach ionann na rialacha sin i ngach Ballstát, d’fhéadfadh sé go mbeadh costais bhreise le hiompar ag na gnólachtaí. Dá thoradh sin, is iomaí gnólacht a bhféadfadh sé gurbh fhearr leo leanúint den trádáil intíre nó gan onnmhairiú a dhéanamh ach chuig Ballstát nó dhó. Is é an toradh a bhíonn ar an rogha sin maidir le híoslaghdú a dhéanamh ar an risíocht ar chostais agus rioscaí a bhaineann le ríomhthráchtáil trádáil trasteorann ná go gcailltear deiseanna chun an tráchtáil a leathnú agus barainneacht scála a chruthú. Bíonn tionchar aige sin ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe.
(76)Cé go mbíonn leibhéal ard cosanta ag tomhaltóirí tráth a mbíonn siad ag ceannach earraí ar líne nó go cianda ón gcoigríoch, mar thoradh ar chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 593/2008, bíonn tionchar diúltach ag an ilroinnt freisin ar an leibhéal muiníne a bhíonn ag tomhaltóirí as ríomhthráchtáil idirbhearta trasteorann. Cé go gcuireann roinnt tosca leis an drochiontaoibh sin, tá éiginnteacht maidir le príomhchearta conarthacha ar cheann de mhórchúiseanna imní na dtomhaltóirí. Bíonn an éiginnteacht sin ann gan beann ar na tomhaltóirí a bheith á gcosaint, nó gan a bheith, leis na forálacha sainordaitheacha maidir le dlí na gconarthaí i dtaca le tomhaltóirí ina mBallstát féin sa chás go ndíríonn díoltóir a chuid gníomhaíochtaí trasteorann chucu, agus bíonn sí ann gan beann ar chonarthaí trasteorann a bheith á dtabhairt i gcrích, nó gan a bheith, ag tomhaltóirí le díoltóir gan gníomhaíochtaí tráchtála a bheith á bhfeidhmiú ag an díoltóir sin i mBallstát an tomhaltóra.
(7)Cé gurb ionann díolacháin earraí ar líne agus tromlach mór na ndíolachán trasteorann san Aontas, bíonn an tionchar céanna ag difríochtaí idir dlíthe náisiúnta conarthaí ar mhiondíoltóirí a úsáideann bealaí ciandíolacháin uile ná mar a bhíonn ar mhiondíoltóirí a dhíolann aghaidh ar aghaidh agus cuireann na difríochtaí sin cosc ar na miondíoltóirí a mhéadú thar theorainneacha. Ba cheart go gcumhdófaí leis an Treoir seo na bealaí ciandíolacháin uile, chun go dtabharfaí cothrom na Féinne do na gnólachtaí uile a dhíolann earraí le tomhaltóirí. Dá leagfaí síos rialacha aonfhoirmeacha a bhainfeadh leis na bealaí ciandíolacháin uile, tá gach seans ann go seachnófaí aon éagsúlacht a chruthódh ualaí díréireacha do líon méadaitheach miondíoltóirí uile-bhealaigh san Aontas. Sa tSeiceáil Oiriúnachta ar dhlí tomhaltais agus margaíochta an Aontais, dearbhaíodh an gá le rialacha comhleanúnacha agus ráthaíochtaí do na bealaí díolacháin uile, agus cumhdaíodh Treoir 1999/44/CE leis sin freisin.
(8)Chun go leigheasfaí na fadhbanna sin mar gheall ar ilroinnt rialacha náisiúnta, ba cheart go mbeadh gnólachtaí agus tomhaltóirí in ann brath ar shraith rialacha atá go hiomlán comhchuibhithe agus spriocdhírithe le haghaidh díolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earraí. Is gá rialacha aonfhoirmeacha a bheith ann maidir le roinnt eilimintí fíor-riachtanacha de dhlí na gconarthaí do thomhaltóirí, eilimintí as ar lean, faoi chur chuige reatha an chomhchuibhithe íosta, neamhréireanna agus bacainní trádála ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart leis an Treoir seo go ndéanfaí Treoir 1999/44/CE maidir le comhchuibhiú íosta a aisghairm agus go ndéanfaí rialacha maidir le conarthaí le haghaidh díolacháin earraí atá go hiomlán comhchuibhithe a thabhairt isteach.
(9)Má dhéantar rialacha maidir le dlí na gconarthaí do thomhaltóirí a chomhchuibhiú go hiomlán, is fusa a bheidh sé do thrádálaithe a gcuid táirgí a thairiscint i mBallstáit eile. Is lú na costais a bheidh ar ghnólachtaí mar ní bheidh orthu rialacha sainordaitheacha éagsúla maidir le cosaint tomhaltóirí a chur san áireamh a thuilleadh. Is mó an deimhneacht dhlíthiúil a bheidh acu agus iad ag díol go cianda le Ballstáit eile, trí thimpeallacht a bheidh cobhsaí ó thaobh dhlí na gconarthaí.
(10)Is dócha gur roghanna níos leithne ar phraghasanna níos iomaíche á dtairiscint do thomhaltóirí a leanfaidh as breis iomaíochta idir miondíoltóirí. Le rialacha spriocdhírithe, a bheidh go hiomlán comhchuibhithe, beidh leibhéal ard cosanta ann don tomhaltóir agus cuirfear le leas an tomhaltóra. Mhéadódh sé sin an iontaoibh a bheadh acu as an tráchtáil trasteorann go cianda agus go háirithe ar líne. Is mó an mhuinín a bheidh ag tomhaltóirí agus iad ag ceannach go cianda ar bhonn trasteorann agus fios acu gurb ionann na cearta a bheadh acu ar fud an Aontais.
(11)Leis an Treoir seo, ní chumhdaítear na rialacha is infheidhme maidir le díolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earraí ach a mhéid a bhaineann siad leis na príomheilimintí conarthacha a bhfuil gá leo chun na bacainní sa Mmhargadh inmheánach Aonair Digiteach a bhaineann le dlí na gconarthaí a shárú. Chun na críche sin, ba cheart comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar na rialacha maidir le ceanglais chomhréireachta, na leigheasanna atá ar fáil do thomhaltóirí i gcás easpa comhréireachta idir na hearraí agus an conradh, agus ar na modúlachtaí a bhaineann le feidhmiú na leigheasanna sin agus ba cheart an leibhéal cosanta don tomhaltóir a mhéadú le hais an leibhéil dá bhforáiltear i dTreoir 1999/44/CE.
(12)I gcás ina n‑áirítear eilimintí a bhaineann le díolacháin earraí agus soláthar seirbhísí araon i gconradh, níor cheart feidhm a bheith ag Treoir seo ach maidir leis an gcuid a bhaineann le hearraí a dhíol, i gcomhréir leis an gcur chuige a glacadh i dTreoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(13)Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le hearraí amhail DVDanna agus CDanna lena n‑ionchorpraítear inneachar digiteach sa chaoi nach bhfeidhmíonn na hearraí ach mar iompróir an inneachair dhigitigh. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo, áfach, maidir le hinneachar digiteach a chomhtháthaítear in earraí amhail fearais tí nó bréagáin a bhfuil an t‑inneachar digiteach leabaithe iontu ar chaoi gur beag é le hais phríomhfheidhmiúlachtaí na n‑earraí agus go n‑oibríonn sé mar chuid dhílis de na hearraí.
(14)Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do dhlíthe na mBallstát i réimsí nach rialaítear leis an Treoir seo. Sa bhreis air sin, i réimsí áirithe a rialaítear leis an Treoir seo, ba cheart é a bheith de shaoirse ag na Ballstáit freisin rialacha a leagan síos coinníollacha níos mionsonraithe a chur ar fáil maidir leis na gnéithe sin nach rialaítear leis an Treoir seo a mhéid nach gcomhchuibhítear go hiomlán iad leis an Treoir seo: baineann sé sin le tréimhsí teorann le haghaidh cearta tomhaltóirí a fheidhmiú agus le haghaidh ráthaíochtaí tráchtála. Ar deireadh, maidir le, agus ceart an díoltóra chun cúitimh, ba cheart é a bheith de shaoirse ag na Ballstáit coinníollacha níos sonraithe a chur ar fáil i dtaca le feidhmiú an chirt sin.
(15)Agus tagairt á déanamh do na coinceapa céanna, Comhlánaíonn ba cheart rialacha na Treorach seo a chur i bhfeidhm agus a léirmhíniú i slí atá i gcomhréir le rialacha Threoir 1999/44/CE agus Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Cé go leagtar síos forálacha a bhaineann le ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach, leis an gceart chun tarraingt siar i gcás cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh agus le coinníollacha seachadta agus riosca a chur ar aghaidh le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leis an Treoir seo, tugtar isteach rialacha maidir le comhréireacht na n‑earraí, leigheasanna i gcás easpa comhréireachta agus modúlachtaí le haghaidh fheidhmiú na leigheasanna sin de réir mar a léirmhínítear iad le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
(16)Chun críche na soiléireachta dlíthiúla, ba cheart tá sainmhíniú ar chonradh díolacháin a chur san áireamh sa Treoir seo. Ba cheart foráil a dhéanamh leis Tagann an sainmhíniú sin leis go ndéanfaí conarthaí i ndáil le hearraí atá fós le táirgeadh nó le monarú, lena n‑áirítear de réir shonraíochtaí an tomhaltóra, a áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo.
(17)D’fhonn soiléireacht agus deimhneacht a thabhairt do dhíoltóirí agus do thomhaltóirí, ba cheart coincheap an chonartha a shainmhíniú sa Treoir seo. Ba cheart go mbeadh Tá an sainmhíniú sin ar aon dul le traidisiúin chomhchoiteanna na mBallstát uile sa mhéid go gceanglaítear, le go mbeadh conradh ann, go mbeadh comhaontú ann a bhfuil sé d’aidhm leis oibleagáidí nó éifeachtaí dlíthiúla eile a thionscnamh.
(18)D’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir ceanglais na deimhneachta dlíthiúla agus solúbthacht iomchuí sna rialacha dlíthiúla, ba cheart go dtuigfí gur tagairt don mhéid a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach í aon tagairt sa Treoir seo don mhéid a bhféadfaí a bheith ag súil leis ó dhuine nó a bhféadfadh duine a bheith ag súil leis. Ba cheart caighdeán na réasúntachta a fhionnadh go hoibiachtúil, ag féachaint do chineál agus do chuspóir an chonartha, d’imthosca an cháis agus do ghnáthaimh agus do chleachtais na bpáirtithe lena mbaineann. Ba cheart, go háirithe, go bhfionnfaí go hoibiachtúil an tréimhse ama a bheadh réasúnach le haghaidh deisiúchán nó athsholáthar a chríochnú, ag féachaint do chineál na n‑earraí agus don easpa comhréireachta.
(19)D’fhonn soiléireacht a chur ar fáil maidir leis an méid is féidir le tomhaltóir a bheith ag súil leis ó na hearraí agus an méid a mbeadh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith i gcás ina mainnítear an méid a raibh súil leis a chur ar fáil, tá sé riachtanach comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann le comhréireacht leis an gconradh a chinneadh. Ba cheart go ndéanfaí leasanna dlisteanacha an dá pháirtí i gconradh díolacháin a choimirciú ach teaglaim de chritéir oibiachtúla agus shuibiachtúla a chur i bhfeidhm. Ba cheart comhréireacht leis an gconradh a mheas trí na ceanglais a leagtar amach go hiarbhír sa chonradh a chur san áireamh - lena n‑áirítear san fhaisnéis réamhchonarthach ar cuid dhílis den chonradh í - ach ceanglais áirithe oibiachtúla a chur san áireamh freisin arb iad na caighdeáin a mbeifí ag súil leo de ghnáth le haghaidh earraí iad, go háirithe maidir le hoiriúnacht don fheidhm, pacáistiú, treoracha suiteála, gnáth-thréithe agus gnáthchumas feidhmíochta.
(20)Tá líon mór earraí tomhaltais ann a bheartaítear lena suiteáil sula bhféadfaidh an tomhaltóir úsáid fhónta a bhaint astu. Dá bhrí sin, aon easpa comhréireachta a leanann as na hearraí a shuiteáil go mícheart, ba cheart breathnú uirthi mar easpa comhréireachta leis an gconradh i gcás ina ndearna an díoltóir an tsuiteáil nó go ndearnadh an tsuiteáil faoina smacht, agus i gcás ina ndearna an tomhaltóir na hearraí a shuiteáil ach gur treoracha míchearta suiteála ba chúis leis an tsuiteáil mhícheart.
(21)Ba cheart don chomhréireacht fabhtanna san ábhar mar aon le fabhtanna dlíthiúla a chumhdach. D’fhéadfadh sé go bhfágfaí go rachadh cearta tríú páirtí nó fabhtanna dlíthiúla eile idir an tomhaltóir agus teachtadh na n‑earraí i gcomhréir leis an gconradh, nuair a chuireann sealbhóir an chirt na gceart iachall ar an tomhaltóir, agus a cheart sin aige, stad de na cearta sin a shárú. Dá bhrí sin, ba cheart don díoltóir a áirithiú go mbeadh na hearraí saor ó aon cheart tríú páirtí a chuirfeadh bac ar an tomhaltóir na hearraí a theachtadh i gcomhréir leis an gconradh.
(22)Cé gur cheart saoirse chonarthach a áirithiú maidir le critéir na comhréireachta leis an gconradh, chun nach mbeifí ag dul timpeall ar an dliteanas i leith easpa comhréireachta agus chun leibhéal ard cosanta don tomhaltóir a áirithiú, aon mhaolú ar na rialacha sainordaitheacha maidir le critéir chomhréireachta agus suiteáil mhícheart, ar maolú é a dhéanfadh dochar do leasanna an tomhaltóra, níor cheart go mbeadh ní bheidh sé bailí ach má cuireadh an tomhaltóir ar an eolas go sainráite faoi agus má thoiligh an tomhaltóir go sainráite leis tráth ar thug sé an conradh i gcrích.
(23)Tá sé tábhachtach buanfas níos faide a áirithiú sna hearraí tomhaltais le go ngnóthófar pátrúin níos inbhuanaithe tomhaltais agus geilleagar ciorclach. Ar an gcaoi chéanna, tá sé fíor-riachtanach earraí neamh-chomhlíontacha a choinneáil amach as margadh an Aontais tríd an bhfaireachas margaidh a neartú agus trí na dreasachtaí cuí a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha le go méadófar an iontaoibh as an margadh aonair feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chun na gcríoch sin, is í reachtaíocht tháirge-shonrach an Aontais an cur chuige is iomchuí chun ceanglais maidir le buanfas agus ceanglais eile atá bainteach le táirgí a thabhairt isteach i ndáil le cineálacha sonracha táirgí nó grúpaí sonracha táirgí, agus critéir oiriúnaithe á n‑úsáid chun na críche sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an Treoir seo a bheith comhlántach leis na cuspóirí a ndírítear orthu sa reachtaíocht tháirge-sonrach earnáil-sonrach seo den sórt sin de chuid an Aontais. A mhéid a chuirtear faisnéis shonrach maidir le buanfas in iúl in aon ráiteas réamhchonarthach ar cuid den chonradh díolacháin é, ba cheart don tomhaltóir a bheith in ann brath uirthi mar chuid de na critéir le haghaidh comhréireachta.
(24)Le go gcuirfear feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil do thomhaltóirí agus do dhíoltóirí araon, is gá tásc soiléir a bheith ann maidir leis an tráth ar cheart comhréireacht na n‑earraí leis na conarthaí a mheas. Chun comhleanúnachas idir an Treoir seo agus Treoir 2011/83/AE a áirithiú is iomchuí go sonrófaí an tráth a ndéanfaí an riosca a aistriú agus an tráth a ndéanfaí comhréireacht na n‑earraí a mheas. I gcásanna, áfach, inar gá na hearraí a shuiteáil, is ceart an tráth ábhartha sin a oiriúnú.
(25)Toisc go bhfuil sé de rogha ag na Ballstáit oibleagáidí i leith fógraí a choinneáil maidir le tomhaltóirí, d’fhéadfaidís go héasca éilimh dhea-fhíoraithe ar leigheasanna a chailleadh i gcás moill a bheith ar fhógra nó i gcás nach dtabharfaí fógra, go háirithe i gcás idirbheart trasteorann a mbeadh feidhm ag dlí Ballstáit eile ina leith agus nárbh eol don tomhaltóir go raibh oibleagáid air fógra a thabhairt, a d’eascair as dlí Ballstáit eile. Dá bhrí sin, níor cheart go mbunófaí oibleagáid fógra a thabhairt do thomhaltóirí. Dá réir sin, ba cheart cosc a chur ar na Ballstáit ceanglas a thabhairt isteach nó a choinneáil faoina mbeadh ar an tomhaltóir fógra a thabhairt don díoltóir faoin easpa comhréireachta laistigh de spriocdháta áirithe.
(26)D’fhonn cur ar chumas gnólachtaí brath ar shraith aonair rialacha ar fud an Aontais, is gá comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar an tréimhse ama a ndéantar an dualgas cruthúnais i leith na heaspa comhréireachta lena linn a fhreaschur i bhfábhar an tomhaltóra. Laistigh den chéad dá bhliain, d’fhonn leas a bhaint as toimhde na heaspa comhréireachta, níor cheart don tomhaltóir a shuíomh a léiriú ach nach bhfuil an t‑earra comhréireach, agus níor cheart go mbeadh air a léiriú freisin go raibh easpa comhréireachta ann i ndáiríre an tráth ab ábhartha chun comhréireacht a shuí. D’fhonn an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú i ndáil leis na leigheasanna atá ar fáil ar easpa comhréireachta leis an gconradh agus d’fhonn ceann de na mórchonstaicí a chuireann bac ar an Mmargadh inmheánach Aonair Digiteach a dhíchur, ba cheart foráil a dhéanamh d’ord atá go hiomlán comhchuibhithe inar féidir leigheasanna a fheidhmiú dá réir. Go háirithe, ba cheart rogha a bheith ag an tomhaltóir idir deisiú agus athsholáthar mar chéad leigheas, rud ar cheart go gcuideodh sé leis an ngaol conarthach agus an iontaoibh fhrithpháirteach a choinneáil. Ina theannta sin, dá gcuirfí ar chumas na dtomhaltóirí deisiú a éileamh, ba cheart go spreagfaí an tomhaltas inbhuanaithe agus d’fhéadfaí cur le buanfas na dtáirgí.
(27)Níor cheart rogha an tomhaltóra idir deisiú agus athsholáthar a theorannú ach i gcás ina mbeadh an rogha a dhéanfaí díréireach, i gcomparáid leis an rogha eile a bheadh ar fáil, sin nó go raibh sí dodhéanta nó mídhleathach. Mar shampla, d’fhéadfadh sé a bheith díréireach a iarraidh go ndéanfaí earraí a athsholathár mar gheall ar scríobadh beag i gcás ina gcruthódh an t‑athsholáthar sin costais shuntasacha agus ag an am céanna, inarbh fhurasta an scríobadh a dheisiú.
(28)I gcás nár leigheas an díoltóir an easpa comhréireachta trí dheisiú nó trí athsholáthar gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir agus laistigh de thréimhse réasúnach ama, ba cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal laghdú a fháil ar an bpraghas nó an conradh a fhoirceannadh. Ba cheart Is gá go háirithe aon deisiú nó aon athsholáthar a chur i gcrích go rathúil laistigh den tréimhse réasúnach ama sin. Ba cheart an rud is tréimhse réasúnach ama ann a fhionnadh go hoibiachtúil ag féachaint do chineál na n‑earraí agus don easpa comhréireachta. Má mhainnigh an díoltóir an easpa comhréireachta a leigheas go rathúil agus go bhfuil an tréimhse réasúnach ama dulta i léig, níor cheart oibleagáid a bheith ar an tomhaltóir glacadh le haon iarrachtaí breise ag an díoltóir maidir leis an easpa comhréireachta chéanna.
(29)Ós rud é gur tábhachtach an leigheas é an ceart chun an conradh a fhoirceannadh mar gheall ar easpa comhréireachta agus gurb infheidhme é i gcás nach bhfuil deisiú ná athsholáthar indéanta nó gur theip orthu, ba cheart an ceart a bheith ag an tomhaltóir freisin an conradh a fhoirceannadh i gcásanna nach bhfuil i gceist ach mioneaspa comhréireachta. Sholáthródh sé sin dreasacht mhaith gach cás a raibh easpa comhréireachta i gceist ann a leigheas ag céim luath. D’fhonn go mbeadh ceart na dtomhaltóirí conradh a fhoirceannadh i gcásanna ina bhfaigheann an tomhaltóir earraí éagsúla, cuid acu ar gabhálas don phríomhearra iad nach mbeadh faighte ag an tomhaltóir gan an príomhearra, agus go bhfuil tionchar ag an easpa comhréireachta ar an bpríomhearra sin, ba cheart an ceart a bheith ag an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i ndáil leis na heilimintí gabhálais freisin, fiú má tá na heilimintí sin i gcomhréir leis an gconradh.
(30)I gcás ina ndéanann an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh mar gheall ar easpa comhréireachta, níor cheart a fhorordú is é a fhorordaítear leis an Treoir seo ach príomhéifeachtaí agus modúlachtaí an chirt chun foirceannadh, go háirithe an oibleagáid atá ar na páirtithe an méid a fuair siad a thabhairt ar ais. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh beidh oibleagáid ar an tomhaltóir an praghas a fuair sé ón tomhaltóir a aisíoc agus ba cheart go dtabharfadh tabharfaidh an tomhaltóir na hearraí ar ais.
(31)D’fhonn éifeachtacht an chirt chun foirceannadh a áirithiú do thomhaltóirí agus saibhriú éagórach an tomhaltóra a sheachaint ag an am céanna, ba cheart oibleagáid an tomhaltóra íoc as an laghdú ar luach na n‑earraí a theorannú do na staideanna sin inar mó an laghdú ná an ghnáthúsáid. Ar chaoi ar bith, níor cheart oibleagáid a bheith ar an tomhaltóir níos mó ná an praghas a comhaontaíodh do na hearraí a íoc. I gcásanna nach féidir na hearraí a thabhairt ar ais toisc gur scriosadh nó gur cailleadh iad, ba cheart don tomhaltóir luach airgeadúil na n‑earraí a scriosadh a íoc. Níor cheart oibleagáid a bheith ar an tomhaltóir, áfach, an luach airgeadúil a íoc i gcás gurb í easpa comhréireachta na n‑earraí leis an gconradh ba chúis leis an scriosadh nó leis an gcaillteanas.
(32)D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil do dhíoltóirí agus an mhuinín fhoriomlán atá ag tomhaltóirí as ceannach trasteorann a mhéadú, is gá comhchuibhiú a dhéanamh ar an tréimhse a mbíonn an díoltóir faoi dhliteanas lena linn as aon easpa comhréireachta atá ann tráth a bhfaigheann an tomhaltóir seilbh fhisiciúil ar na hearraí. Ós rud é go ndearna formhór na mBallstát foráil do thréimhse dhá bhliain le haghaidh chur chun feidhme Threoir 1999/44 agus go measann rannpháirtithe sa mhargadh gur tréimhse réasúnach í sin i gcleachtas, ba cheart an tréimhse sin a choinneáil.
(33)D’fhonn feasacht níos fearr a áirithiú i measc na dtomhaltóirí agus chun gur fusa forfheidhmiú rialacha an Aontais maidir le cearta tomhaltóirí i ndáil le hearraí neamh-chomhréireacha, ba cheart, leis sa Treoir seo, an tréimhse ama a bhfreaschuirtear an t‑ualach cruthúnais i bhfabhar an tomhaltóra lena linn a ailíniú leis an tréimhse ama a gcuirtear dliteanas ar an díoltóir as aon easpa comhréireachta lena linn.
(34)D’fhonn trédhearcacht a áirithiú, ba cheart ceanglais trédhearcachta áirithe a sholáthar le haghaidh ráthaíochtaí tráchtála. Ina theannta sin, d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus chun nach gcuirfear tomhaltóirí amú, ba cheart go ndéanfaí foráil foráiltear leis an Treoir seo go mbeadh forlámhas ag na coinníollacha is buntáistí i gcás gur fabhraí don tomhaltóir na coinníollacha ráthaíochta tráchtála atá i bhfógraí nó i bhfaisnéis réamhchonarthach ná an chuid a áirítear sa ráiteas ráthaíochta. Ar deireadh, ba cheart leis an Treoir seo rialacha a chur ar fáil maidir le hábhar ráiteas na ráthaíochta agus leis an gcaoi ar cheart é a chur ar fáil do thomaltóirí. Ba cheart é a bheith de shaoirse ag na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le gnéithe a bhaineann le ráthaíochtaí tráchtála nach gcumhdaítear leis an Treoir seo, ar choinníoll nach mbainfeadh na rialacha sin de thomhaltóirí an chosaint a dtugtar dóibh leis na forálacha lán-chomhchuibhithe maidir le ráthaíochtaí tráchtála sa Treoir seo.
(35)De bhrí go bhfuil an díoltóir faoi dhliteanas i leith an tomhaltóra maidir le haon easpa comhréireachta sna hearraí de dheasca ghnímh nó neamhghnímh ag an díoltóir nó ag tríú páirtí, tá údar maith ann go bhféadfadh an díoltóir leigheasanna a lorg i leith an duine fhreagraigh a bhí páirteach níos luaithe i slabhra na n‑idirbheart. Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do phrionsabal na saoirse conarthaí idir an díoltóir agus páirtithe eile i slabhra na n‑idirbheart. Ba cheart do na Ballstáit na sonraí a sholáthar maidir le feidhmiú an chirt sin, go háirithe maidir leis an duine a ndéanfar na leigheasanna sin a lorg ina leith agus an chaoi a ndéanfar iad a lorg.
(36)Daoine nó eagraíochtaí a meastar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas dlisteanach acu maidir le cearta conarthacha tomhaltóirí a chosaint, ba cheart an ceart a thabhairt dóibh imeachtaí a thionscnamh, os comhair cúirte nó os comhair údarás riaracháin atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh i dtaobh gearán nó inniúil ar imeachtaí iomchuí dlí breithiúnacha a thionscnamh.
(37)Níor cheart do rud ar bith sa Treoir seo dochar a dhéanamh do chur i bhfeidhm rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 agus Rialachán (ACE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(38)Ba cheart Treoir 1999/44/CE a leasú chun conarthaí ciandíolacháin a eisiamh ón raon feidhmea aisghairm. Ba cheart dáta na haisghairme a ailíniú le dáta trasuite na Treorach seo. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach na rialacha, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a bheith ann le go mbeidh na Ballstáit in ann an Treoir seo a chomhlíonadh i leith conarthaí a thabharfar i gcrích tar éis dháta an trasuite ar aghaidh, níor cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí a tugadh i gcrích roimh dháta a trasuite.
(39)Ba cheart Treoir 2006/2004 (CE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú chun tagairt don Treoir seo a áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann léi ionas go n‑éascófar an comhar trasteorann maidir le forfheidhmiú na Treorach seo.
(40)Ba cheart Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú chun tagairt don Treoir seo a áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann léi ionas go n‑áiritheofar go ndéanfar na comhleasanna tomhaltóirí a leagtar amach sa Treoir seo a chosaint.
(41)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a thraschur.
(42)Ós rud é nach Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh aonair trí dhul i ngleic ar bhealach comhsheasmhach le bacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí i ndáil le díolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earraí ar bhonn trasteorann san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach, toisc nach bhfuil gach Ballstát leis féin in ann dul i ngleic leis an ilroinnt dhlíthiúil atá ann cheana trí chomhleanúnachas idir a reachtaíocht agus reachtaíochtaí Ballstáit eile a dheimhniú. achIis fearr is féidir iadcuspóirí na Treorach seo a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, trí dheireadh a chur leis na bacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí a sainaithníodh trí chomhchuibhiú iomlán. Dá bhrí sin, d’fhonn cuspóirí na Treorach a bhaint amach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(43)Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus in Airteagail 16, 38 agus 47 di go sonrach.
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1.Leagtar síos leis an Treoir seo ceanglais áirithe a bhaineann le cianchonarthaí díolacháin a thugtar i gcrích idir an díoltóir agus an tomhaltóir, go háirithe rialacha maidir le comhréireacht earraí, leigheasanna i gcás neamh-chomhréireachta agus na modúlachtaí le haghaidh fheidhmiú na leigheasanna sin.
2.Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le cianchonarthaí le haghaidh soláthar seirbhísí. Mar sin féin, i gcás conarthaí díolacháin lena bhforáiltear do dhíol earraí agus do sholáthar seirbhísí araon, beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an gcuid den chonradh a bhaineann le díolachán earraí.
3.Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon mheán marthanach inláimhsithe lena n‑ionchorpraítear inneachar digiteach i gcás gur baineadh úsáid as an meán marthanach inláimhsithe go heisiach mar iompróir i dtaca le soláthar an inneachair dhigitigh chuig an tomhaltóir.
4.Féadfaidh na Ballstáit a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo conarthaí maidir le díolachán earraí athláimhe a díoladh ar ceant sa chás go mbíonn an deis ag na tomhaltóirí féin a bheith i láthair ag an díolachán.
45.A mhéid nach ndéantar iad a rialú sa Treoir seo, ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do dhlíthe ginearálta náisiúnta conarthaí amhail rialacha maidir le bunú, bailíocht nó éifeachtaí conarthaí, lena n‑áirítear na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)ciallaíonn ‘conradh díolacháin’ aon chonradh faoina n‑aistríonn an díoltóir úinéireacht earraí, lena n‑áirítear earraí a bheidh le monarú nó le táirgeadh, chuig an tomhaltóir nó faoina ngabhann an díoltóir air féin an úinéireacht a aistriú amhlaidh, agus faoina n‑íocann an tomhaltóir praghas na n‑earraí nó faoina ngabhann sé air féin é a íoc;
(b)ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gconarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo, chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;
(c)ciallaíonn ‘díoltóir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach, is cuma cibé acu faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí é, atá ag gníomhú, lena n‑áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm nó thar ceann an duine sin, chun críocha a bhfuil baint acu le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo;
(d)ciallaíonn ‘táirgeoir’ an monaróir earraí, an t‑allmhaireoir earraí chuig an Aontas nó aon duine a airbheartaíonn gur táirgeoir é nó í trí a ainm nó a hainm, trádmharc, nó aon sainchomhartha eile a chur ar na hearraí;
(e)ciallaíonn ‘earraí’ aon ní sochorraithe inláimhsithe, cé is moite de na nithe seo a leanas:
(a)nithe a dhíoltar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí;
(b)uisce, gás agus leictreachas mura rud é go gcuirtear ar díol i méid teoranta nó i gcainníocht sheasta iad.
(f)‘distance sales contract’ means any sales contract concluded under an organised distance scheme without the simultaneous physical presence of the seller and the consumer, with the exclusive use of one or more means of distance communication, including via internet, up to and including the time at which the contract is concluded;
(g)‘durable medium’ means any instrument which enables the consumer or the seller to store information addressed personally to him in a way accessible for future reference for a period of time adequate for the purposes of the information and which allows the unchanged reproduction of the information stored;
(f)ciallaíonn ‘ráthaíocht tráchtála’ aon ghealltanas a thugann an díoltóir nó táirgeoir (an ráthóir) don tomhaltóir, i dteannta a oibleagáide nó a hoibleagáide dlíthiúla i leith na ráthaíochta maidir le comhréireacht, go ndéanfaidh sé an praghas a íocadh a aisíoc nó go malartóidh, go ndeiseoidh nó go seirbhíseoidh sé earraí ar bhealach ar bith mura gcomhlíonann siad na sonraíochtaí nó aon cheanglais eile nach mbaineann le comhréireacht arna leagan amach i ráiteas na ráthaíochta nó san fhógraíocht ábhartha a bhí ar fáil tráth ar tugadh an conradh i gcrích nó roimhe sin;
(g)ciallaíonn ‘conradh’ comhaontú a bhfuil d’aidhm leis oibleagáidí nó éifeachtaí dlíthiúla eile a thionscnamh;
(h)ciallaíonn ‘deisiú’, i gcás easpa comhréireachta, earraí a thabhairt chun comhréire leis an gconradh;
(i)ciallaíonn ‘saor in aisce’ saor ó na costais riachtanacha a thabhaítear go riachtanach chun na hearraí a thabhairt chun comhréire, go háirithe an costas postais, saothair agus ábhar.
Airteagal 3
Leibhéal an chomhchuibhithe
Ní dhéanfaidh na Ballstáit forálacha nach bhfuil i gcomhréir leo siúd a leagtar síos sa Treoir seo a choimeád ná a thabhairt isteach, lena n‑áirítear forálacha a bheadh níos déine nó nach mbeadh chomh dian chun leibhéal éagsúil cosanta don tomhaltóirí a áirithiú.
Airteagal 4
Comhréireacht leis an gconradh
1.Áiritheoidh an díoltóir, chun go mbeidh na hearraí i gcomhréir leis an gconradh, go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:
(a)beidh cainníocht, cáilíocht agus tuairisc na n‑earraí mar a cheanglaítear leis an gconradh, rud lena n‑áirítear, i gcás ina dtaispeánann an díoltóir sampla nó samhail don tomhaltóir, go mbeidh an cháilíocht sna hearraí atá sa sampla nó sa tsamhail sin agus go bhfreagróidh siad don tuairisc ar an sampla nó ar an tsamhail sin;
(b)beidh siad oiriúnach d’aon fheidhm shonrach a dteastaíonn siad ón tomhaltóir ina leith agus a chuir an tomhaltóir in iúl don díoltóir tráth ar tugadh an conradh i gcrích agus a bhfuil glactha ag an díoltóir léi; agus
(c)beidh na cáilíochtaí agus na hinniúlachtaí comhlíonta acu a luaitear in aon ráiteas réamhchonarthach, ar cuid dhílis den chonradh é.
2.D’fhonn go mbeidh siad i gcomhréir leis an gconradh, ní mór do beidh chomhlíonfaidh na hearraí freisin ceanglais Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7.
3.Aon chomhaontú lena ndéantar Airteagal 5 agus Airteagal 6 a eisiamh nó a n‑éifeachtaí a mhaolú nó na héifeachtaí sin a athrú, chun aimhleas an tomhaltóra, níl ní bheidh sé bailí ach má bhí eolas ag an tomhaltóir ar riocht sonrach na n‑earraí tráth ar tugadh an conradh i gcrích, agus má ghlac sé go sainráite leis an riocht sonrach sin agus an conradh á thabhairt i gcrích aige.
Airteagal 5
Ceanglais maidir le comhréireacht na n‑earraí
Maidir leis na hearraí, i gcás inarb ábhartha:
(a)beidh siad oiriúnach do na críocha uile a n‑úsáidfí earraí den chineál céanna chucu de ghnáth;
(b)beidh siad á seachadadh i dteannta na ngabhálas sin, lena n‑áirítear pacáistiú, treoracha suiteála nó treoracha eile, a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil lena bhfáil; agus
(c)beidh na cáilíochtaí agus na hinniúlachtaí feidhmíochta iontu ar gnách iad a bheith in earraí den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo i bhfianaise chineál na n‑earraí agus ag cur san áireamh aon ráiteas poiblí a rinne an díoltóir nó duine eile nó a rinneadh thar ceann an díoltóra nó duine eile i naisc níos luaithe de shlabhra na n‑idirbheart, lena n‑áirítear an táirgeoir, mura léiríonn an díoltóir an méid a leanas:
(i)nach raibh an díoltóir ar an eolas faoin ráiteas a bhí i gceist ná nach bhféadfadh sé, go réasúnach, a bheith ar an eolas faoi;
(ii)go raibh an ráiteas ceartaithe faoin tráth ar tugadh an conradh i gcrích; nó
(iii)nár fhéad tionchar a bheith ag an ráiteas ar an gcinneadh na hearraí a cheannach.
Airteagal 6
Suiteáil mhícheart
I gcás ina ndéantar na hearraí a shuiteáil go mícheart, meastar gur easpa comhréireachta leis an gconradh í aon easpa comhréireachta a leanann as an tsuiteáil mhícheart sna cásanna seo a leanas:
(a)más é an díoltóir a rinne na hearraí a shuiteáil, nó má rinneadh faoina fhreagracht é; nó
(b)más é an tomhaltóir a bhí ceaptha na hearraí a shuiteáil agus más easnamh sna treoracha suiteála ba chúis leis an tsuiteáil mhícheart.
Airteagal 7
Cearta tríú páirtí
An tráth is ábhartha le haghaidh comhréireacht leis an gconradh a shuí, arna chinneadh le hAirteagal 8, ní mór beidh na hearraí a bheith saor ó aon cheart tríú páirtí, lena n‑áirítear ceart atá bunaithe ar mhaoin intleachtúil, ionas gur féidir na hearraí a úsáid i gcomhréir leis an gconradh.
Airteagal 8
An tráth is ábhartha le haghaidh comhréireacht leis an gconradh a shuí
1.Beidh an díoltóir faoi dhliteanas i leith aon easpa comhréireachta leis an gconradh atá ann:
(a)tráth a bhfuil seilbh fhisiciúil faighte ar na hearraí ag tomhaltóir nó tríú páirtí arna ainmniú ag an tomhaltóir agus nach é an t‑iompróir é; nó
(b)tráth a dtugtar na hearraí don iompróir a roghnaigh an tomhaltóir, i gcás nach é an díoltóir a mhol an t‑iompróir sin nó i gcás nár mhol an díoltóir modh iompair ar bith.
2.I gcásanna ina ndearna an díoltóir na hearraí a shuiteáil nó gur faoi fhreagracht an díoltóra a suiteáladh iad, is é an tráth ar cuireadh bailchríoch ar an tsuiteáil an tráth a mheasfar mar an tráth a bhfuair an tomhaltóir seilbh fhisiciúil ar na hearraí. I gcás ina raibh an tomhaltóir ceaptha na hearraí a shuiteáil, is é an tráth a raibh am réasúnach ag an tomhaltóir don tsuiteáil, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an trátha a léirítear i mír 1, an tráth a mheasfar mar an tráth a bhfuair an tomhaltóir seilbh fhisiciúil ar na hearraí.
3.Aon easpa comhréireachta leis an gconradh a thagann chun solais laistigh de dhá bhliain ón tráth a léirítear i mír 1 agus i mír 2, toimhdeofar go raibh sí ann an tráth a léirítear i mír 1 agus i mír 2 mura dtagann an toimhde sin salach ar chineál na n‑earraí nó ar an gcineál easpa comhréireachta.
Airteagal 9
Leigheasanna an tomhaltóra ar easpa comhréireachta leis an gconradh
1.I gcás easpa comhréireachta leis an gconradh, beidh an tomhaltóir i dteideal na hearraí a bheith tugtha chun comhréire ag an díoltóir, saor in aisce, trí dheisiú nó trí athsholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 11.
2.Déanfar deisiú nó athsholáthar a chur i gcrích laistigh de thréimhse réasúnach ama agus gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus cineál na n‑earraí agus an chríoch ar chuici a bhí na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh.
3.Beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach a fháil ar an bpraghas i gcomhréir le hAirteagal 12 nó i dteideal an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 13 sna cásanna seo a leanas:
(a)má tá deisiú nó athsholáthar dodhéanta nó mídhleathach;
(b)murar chuir an díoltóir an deisiú nó an t‑athsholáthar i gcrích laistigh de thréimhse réasúnach ama;
(c)dá mbeadh míchaoithiúlacht shuntasach i gceist don tomhaltóir dá ndéanfaí deisiú nó athsholáthar; nó
(d)má tá sé dearbhaithe ag an díoltóir, nó tá sé chomh soiléir céanna ó chúinsí an cháis, nach dtabharfaidh an díoltóir na hearraí chun comhréire leis an gconradh laistigh de thréimhse réasúnach ama.
4.Beidh an tomhaltóir i dteideal íocaíocht aon chuid den phraghas atá gan íoc a choinneáil siar, go dtí go dtabharfaidh an díoltóir na hearraí chun comhréire leis an gconradh.
5.Ní bheidh an tomhaltóir i dteideal leigheas a fháil a mhéid a chuir an tomhaltóir leis an easpa comhréireachta leis an gconradh nó le héifeacht na heaspa sin.
Airteagal 10
Athsholáthar earraí
1.I gcás ina leigheasann an díoltóir an easpa comhréireachta leis an gconradh le hathsholáthar, déanfaidh an díoltóir na hearraí arna n‑athsholáthar a thógáil ar ais, ar chostas an díoltóra murar chomhaontaigh na páirtithe a mhalairt tar éis don tomhaltóir aird an díoltóra a dhíriú ar an easpa comhréireachta leis an gconradh.
2.I gcás ina raibh na hearraí suiteáilte ag an tomhaltóir, ar bhealach a bhí comhsheasmhach le cineál agus críoch na n‑earraí, sular léir an easpa comhréireachta leis an gconradh, áireofar leis an oibleagáid na hearraí arna n‑athsholáthar a thógáil ar ais go mbainfear na hearraí neamh-chomhréireacha agus go ndéanfar na hearraí athsholáthair a shuiteáil nó go seasfar na costais na a bhaineann leis sin.
3.Ní bheidh an tomhaltóir faoi dhliteanas íoc as aon úsáid a bhaintear as na hearraí athsholáthair sa tréimhse roimh an athsholáthar.
Airteagal 11
Rogha an tomhaltóra idir deisiú agus athsholáthar
Féadfaidh an tomhaltóir rogha a dhéanamh idir deisiú agus athsholáthar ach amháin dá mbeadh rogha amháin acu dodhéanta nó neamhdhleathach nó, i gcomparáid leis an rogha eile, go gcuirfeadh sí costais ar an díoltóir a bheadh díréireach, agus na cúinsí go léir á gcur san áireamh, lena n‑áirítear:
(a)an luach a bheadh ar na hearraí mura raibh aon easpa comhréireachta leis an gconradh ann;
(b)tábhacht na heaspa comhréireachta leis an gconradh;
(c)an bhféadfaí an leigheas malartach a chur i gcrích gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.
Airteagal 12
An praghas a laghdú
Beidh an laghdú ar an bpraghas comhréireach leis an laghdú ar luach na n‑earraí a fuair an tomhaltóir i gcomparáid le luach a bheadh sna hearraí dá mbeidís i gcomhréir leis an gconradh.
Airteagal 13
Ceart an tomhaltóra an conradh a fhoirceannadh
1.Feidhmeoidh an tomhaltóir an ceart an conradh a fhoirceannadh trí fhógra a thabhairt don díoltóir trí mheán ar bith.
2.I gcás nach mbaineann an easpa comhréireachta ach le cuid de na hearraí a seachadadh faoin gconradh agus go bhfuil foras le foirceannadh conartha de bhun Airteagal 9, ní fhéadfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh ach i ndáil leis na hearraí sin agus aon earraí eile a fuair an tomhaltóir mar ghabhálas leis na hearraí neamh-chomhréireacha.
3.I gcás ina ndéanann an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh ina iomláine nó i ndáil le cuid de na hearraí a seachadadh faoin gconradh i gcomhréir le mír 2:
(a)déanfaidh an díoltóir an praghas a íocadh a aisíoc leis an tomhaltóir gan moill mhíchuí agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 14 lá ón dáta a bhfuarthas an fógra agus is ar an díoltóir a bheidh costas na haisíocaíochta;
(b)tabharfaidh an tomhaltóir na hearraí ar ais don díoltóir, ar chostas an díoltóra, gan moill mhíchuí agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 14 lá ón dáta ar seoladh an fógra faoi fhoirceannadh;
(c)i gcás nach féidir na hearraí a thabhairt ar ais mar gheall ar scriosadh nó caillteanas, íocfaidh an tomhaltóir leis an díoltóir an luach airgeadaíochta a bheadh ar na hearraí neamh-chomhréireacha ar an dáta a raibh siad le tabhairt ar ais, dá mbeidís coinnithe ag an tomhaltóir gan scriosadh gan chaillteanas go dtí an dáta sin, murab í easpa comhréireachta na n‑earraí leis an gconradh ba chúis leis an scriosadh nó an caillteanas; agus
(d)ní íocfaidh an tomhaltóir as aon laghdú ar luach na n‑earraí ach a mhéid is mó an laghdú ar an luach ná dímheas trí úsáid rialta. Ní rachaidh an íocaíocht as an laghdú ar an luach thar an bpraghas a íocadh ar na hearraí.
Airteagal 14
Teorainneacha ama
Beidh an tomhaltóir i dteideal leigheas a fháil ar easpa comhréireachta leis an gconradh i gcás inar léir an easpa comhréireachta laistigh de dhá bhliain ón tráth is ábhartha le haghaidh comhréireacht a shuí. Má tá na cearta a leagtar síos in Airteagal 9 faoi réir tréimhse teorann faoin dlí náisiúnta, ní bheidh an tréimhse sin níos giorra ná dhá bhliain ón tráth is ábhartha le haghaidh comhréireacht leis an gconradh a shuí.
Airteagal 15
Ráthaíochtaí tráchtála
1.Aon ráthaíocht tráchtála a bheidh ann, beidh sí ina ceangal ar an ráthóir faoi na coinníollacha a leagtar síos:
(a)san fhaisnéis réamhchonarthach arna soláthar ag an díoltóir, lena n‑áirítear aon ráiteas réamhchonarthach ar cuid dhílis den chonradh é;
(b)san fhógraíocht atá ar fáil tráth a gcuirtear an conradh i gcrích nó roimhe sin; agus
(c)sa ráiteas ráthaíochta.
Má tá buntáiste níos lú le baint ag an tomhaltóir as an ráiteas ráthaíochta, ná mar atá le baint as na coinníollacha a leagtar síos i bhfaisnéis réamhchonarthach arna soláthar ag an díoltóir nó i bhfógraíocht, beidh an ráthaíocht tráchtála ina ceangal faoi na coinníollacha a leagtar síos san fhaisnéis réamhchonarthach nó san fhógraíocht a bhaineann leis an ráthaíocht tráchtála.
2.Cuirfear an ráiteas ráthaíochta ar fáil ar mheán buanfasach agus déanfar é a dhréachtú i dteanga shoiléir shothuigthe. Beidh an méid seo a leanas san áireamh leis:
(a)ráiteas soiléir ar chearta dlíthiúla an tomhaltóra, dá bhforáiltear sa Treoir seo agus ráiteas soiléir nach n‑imreoidh an ráthaíocht tráchtála ar na cearta; agus
(b)téarmaí na ráthaíochta tráchtála a théann níos faide ná cearta dlíthiúla an tomhaltóra, faisnéis faoina ré, inaistritheacht agus raon feidhme críochach agus aon mhuirir a d’fhéadfadh an tomhaltóir a thabhú d’fhonn leas a bhaint as an ráthaíocht tráchtala, ainm agus seoladh an ráthóra agus, murab é an ráthóir é, ainm agus seoladh an duine a mbeidh aon éileamh le déanamh ina leith agus an nós imeachta trína mbeidh an t‑éileamh le déanamh.
3.Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘meán buanfasach’ aon ionstraim trínar féidir leis na páirtithe faisnéis a díríodh chucu go pearsanta a stóráil sa dóigh is gur féidir tagairt di sa todhchaí go ceann tréimhse leordhóthanach chun críocha na faisnéise sin agus sa dóigh is gur féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú.
3.4.Ní dhéanfaidh neamh-chomhlíonadh mhír 2 difear do chineál ceangailteach na ráthaíochta tráchtála don ráthóir.
4.5.Féadfaidh na Ballstáit rialacha breise a leagan síos maidir le gnéithe eile a bhaineann le ráthaíochtaí tráchtála nach rialaítear leis an Treoir seo a mhéad agus nach laghdaítear leis na rialacha sin an chosaint a leagtar amach san Airteagal seo.
Airteagal 16
Ceart chun cúiteamh
I gcás ina bhfuil an díoltóir faoi dhliteanas ag an tomhaltóir toisc easpa comhréireachta leis an gconradh de dheasca gnímh nó neamhghnímh ag duine i naisc níos luaithe de shlabhra na n‑idirbheart, beidh an díoltóir i dteideal leigheasanna a lorg i leith an duine nó na ndaoine atá faoi dhliteanas i slabhra na n‑idirbheart. Is leis an dlí náisiúnta a chinnfear an duine a bhféadfaidh an díoltóir leigheasanna a lorg ina leith mar aon leis na gníomhaíochtaí ábhartha agus na coinníollacha feidhmíochta.
Airteagal 17
Forfheidhmiú
1.Áiritheoidh na Ballstáit gurb ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú.
2.Áireofar leis na modhanna dá dtagraítear i mír 1, forálacha trína bhféadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas, de réir mar a chinnfear leis an dlí náisiúnta, caingean a thabhairt faoin dlí náisiúnta os comhair na gcúirteanna nó os comhair na n‑údarás inniúil riaracháin chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo:
(a)comhlachtaí poiblí nó a n‑ionadaithe;
(b)eagraíochtaí tomhaltóirí a bhfuil leas dlisteanach acu i dtomhaltóirí a chosaint;
(c)eagraíochtaí gairmiúla a bhfuil leas dlisteanach acu i gcaingean a thabhairt.
Airteagal 18
Cineál éigeantach
Aon chomhaontú conarthach lena ndéantar, chun aimhleas an tomhaltóra, cur i bhfeidhm beart náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo a eisiamh nó a n‑éifeachtaí a mhaolú nó na héifeachtaí sin a athrú, , sula gcuirtear an neamh-chomhréireacht leis an gconradh ar a shúile don díoltóir, ní bheidh sé ceangailteach ar an tomhaltóir mura ndéanfaidh páirtithe sa chonradh éifeacht cheanglais Airteagal 5 agus Airteagal 6 a eisiamh, maolú ar a n‑éifeachtaí nó na héifeachtaí sin a athrú i gcomhréir le hAirteagal 4(3).
Airteagal 19
Leasuithe ar Threoir 1999/44/CE, ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus ar Threoir 2009/22/CE
1.Article 1 of Directive 1999/44/EC is amended as follows:
(a) paragraph 1 is replaced by the following:
"1. The purpose of this Directive is the approximation of the laws, regulations and administrative provisions of the Member States on certain aspects of contracts for the sale of consumer goods and associated guarantees, which are not distance sales contracts, in order to ensure a uniform minimum level of consumer protection in the context of the internal market."
(b) paragraph 2 is amended as follows:
(i) point (f) is replaced by the following:
"(f) repair: shall mean, in the event of lack of conformity, bringing consumer goods into conformity with the contract of sale;"
(ii) the following point is added:
''g)‘distance sales contract’ means any sales contract concluded under an organised distance scheme without the simultaneous physical presence of the seller and the consumer, with the exclusive use of one or more means of distance communication, including via internet, up to and including the time at which the contract is concluded".
21.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe 11 seo a leanas san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004:
“22. Treoir (AE) N/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an XX/XX/201X maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO.....)”
32.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe 7 seo a leanas san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2009/22/CE:
“167. Treoir (AE) N/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an XX/XX/201X maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí ar líne agus ciandhíolacháin eile earraí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO.....)”
Airteagal 20
Forálacha idirthréimhseacha
1.Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí a tugadh i gcrích roimh [dáta dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
2.Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh feidhm ag na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh ón [dáta dhá bhliain tar éis dáta teacht i bhfeidhm] maidir le gach conradh a thabharfar i gcrích ón dáta sin ar aghaidh.
Airteagal 21
Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a Aisghairm
Déantar Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltais agus maidir le ráthaíochtaí gaolmhara a aisghairm ón [dáta dhá bhliain tar éis dáta teacht i bhfeidhm]. Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn 1.
Airteagal 202
Trasuí
1.Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin [dáta dhá bhliain tar éis dáta teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí.
2.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
3.Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo.
Airteagal 213
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ag Airteagal 19, áfach, ón [dáta dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Airteagal 224
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán