AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.9.2017
COM(2017) 536 final
2017/0230(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2017/1129 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2017) 308 final}
{SWD(2017) 309 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le margaí airgeadais comhtháite, cuirtear tairbhí nach beag ar fáil atá le leas cistiú an gheilleagair Eorpaigh agus a chothaíonn poist agus fás ar bhonn fónta inbhuanaithe. Chun an comhtháthú airgeadais agus sláine an mhargaidh a chur chun cinn agus chun an chobhsaíocht airgeadais a chosaint ag an am céanna, teastaíonn rialacha coiteanna agus comhordú láidir maoirseachta ó mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh do sheirbhísí airgeadais. Nuair a rinne an tAontas Eorpach a chóras airgeadais a ollchóiriú mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais, agus ar aon dul leis na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh ar fud an domhain, thug sé isteach Leabhar Rialacha Aonair le haghaidh rialáil airgeadais san Eoraip agus chruthaigh sé na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha ("ÚMEanna"). Tá na ÚMEanna ina mbunchloch institiúideach ag an bpacáiste cuimsitheach athchóirithe agus tá ról ríthábhachtach á chomhlíonadh acu maidir lena áirithiú gur dea-rialáilte, láidir agus cobhsaí na margaí airgeadais ar fud an Aontais Eorpaigh. Rannchuidíonn siad le forbairt agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Leabhair Rialacha Aonair agus réitíonn siad fadhbanna trasteorann, ar an dóigh sin cuireann siad cóineasú rialála agus maoirseachta chun cinn.
D’ainneoin na mbeart a rinneadh i ndiaidh na géarchéime, tá mórán is féidir a dhéanamh fós chun feabhas a chur ar chóineasú rialála agus maoirseachta sa mhargadh inmheánach. Teastaíonn socruithe maoirseachta níos comhtháite ó mhargaí airgeadais comhtháite chun go mbeidh siad in ann feidhmiú go héifeachtach. Dá réir sin, is féidir le socruithe maoirseachta níos láraithe an comhtháthú margaidh a chothú.
Chuige sin, thug an tAontas Eorpach faoi thuilleadh comhtháthaithe ar fud na earnála airgeadais i gcoitinne ar bhonn fónta cobhsaí. Go háirithe, seoladh Aontas na Margaí Caipitil chun go réiteofaí an bealach le haghaidh margadh inmheánach lánfheidhmiúil do mhargaí caipitil. Maidir leis sin, sa Tuarascáil ón gCúigear Uachtarán maidir le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a Chomhlánú a foilsíodh i mí an Mheithimh 2015 leagadh béim ar an ngá atá le creat maoirseachta an Aontais Eorpaigh a neartú, próiseas as a dtiocfaidh maoirseoir aonair margaí caipitil sa deireadh. Le deireanas, moladh sa Pháipéar Machnaimh ón gCoimisiún maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a Dhoimhniú gur cheart gur le hathbhreithniú ar chreat maoirseachta an Aontais Eorpaigh – agus ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ("ÚEUM") go háirithe – a ghlacfaí na chéad chéimeanna i dtreo maoirseoir aonair den sórt sin faoin mbliain 2019. Iarradh sa Pháipéar Machnaimh freisin go ndéanfaí an tAontas Airgeadais – a chuimseodh an tAontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil araon – a chríochnú faoin mbliain 2019 chun sláine an euro a áirithiú agus chun feidhmiú an limistéir euro agus an Aontais Eorpaigh ar fad a fheabhsú. Tá margaí airgeadais an domhain fite fuaite ina chéile, agus tá creat rialála an Aontais Eorpaigh bunaithe go mór ar chaighdeáin idirnáisiúnta a comhaontaíodh tar éis na géarchéime airgeadais, go háirithe i measc thíortha G20. Ós rud é go bhfuil an tAontas Eorpach ag féachaint le dlús a chur le comhlánú Aontas na Margaí Caipitil, is bunriachtanas é go leanfar de shocruithe maoirseachta an Aontais Eorpaigh a fhorbairt ar bhealach inar féidir leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na margaí airgeadais atá comhtháite go hidirnáisiúnta, agus a áirithiú ag an am céanna gur féidir faireachán agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí trasteorann idir an tAontas Eorpach agus an chuid eile den domhan. Tá ról tábhachtach le himirt ag na ÚMEanna ina leith sin.
Ar deireadh, de thoradh chinneadh na Ríochta Aontaithe imeacht as an Aontas Eorpach is treise na dúshláin sin ar shocruithe maoirseachta laistigh d’aontas na 27 mBallstát (AE27). Beidh an lárionad airgeadais is mó san Aontas Eorpach ag fágáil an Aontais amach anseo, rud a fhágann go mbeidh ar mhargaí caipitil AE27 tuilleadh forbartha a dhéanamh agus nach mór socruithe maoirseachta a neartú chun a áirithiú go leanfaidh margaí airgeadais ar aghaidh ag tacú leis an ngeilleagar ar bhonn leordhóthanach fónta.
Is é cuspóir an togra seo creat na ÚMEanna a choigeartú agus a uasghrádú chun a áirithiú gur féidir leo tuilleadh freagrachta a ghlacadh as an maoirseacht ar mhargaí airgeadais. Ní mór uirlisí leordhóthanacha a thabhairt do na ÚMEanna ó thaobh cumhachtaí, rialachais agus cistiúcháin de.
Ar an gcéad dul síos, ní mór cumhachtaí reatha na ÚMEanna a neartú agus a fheabhsú i gcás inar tharla na cumhachtaí sin a bheith neamhleor i bpáirt agus sainithe go míshoiléir, mar shampla, maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach dhlí an Aontais Eorpaigh, maidir le comhairle theicniúil a dhréachtú nó maidir le tacaíocht leanúnach a thabhairt do chinntí coibhéise. I na theannta sin, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme an tsainordaithe atá ag na ÚMEanna faoi láthair i bhfianaise chuspóirí beartais Aontas na Margaí Caipitil. Teastaíonn níos mó maoirseacht dhíreach choiteann i réimsí áirithe chun cleachtais mhaoirseachta níos comhsheasmhaí a áirithiú agus chun a áirithiú go gcuirfear rialacha seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh chun feidhme ar bhealach níos comhsheasmhaí. Thángthas ar an gconclúid san athbhreithniú a rinneadh sa bhliain 2017 ar na Rialacháin maidir le ÚMEanna gur cheart do na ÚMEanna, seachas údaráis inniúla náisiúnta, maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí áirithe agus eintitis áirithe lena mbaineann tábhacht ar leith don Aontas ina iomláine nó a dhéanann méid suntasach gnó trasteorann. Ar an dóigh chéanna, ba cheart do na ÚMEanna níos baintí le húdarú agus maoirseacht a dhéanamh ar eintitis ó thíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach agus atá gníomhach san Aontas.
Ar an dara dul síos, is é aidhm an togra seo rialachas níos éifeachtaí ar na ÚMEanna a chur ar bun. Is é an toradh atá ar an struchtúr dreasachtaí i bpróiseas cinnteoireachta na ÚMEanna, mar atá sé faoi láthair, nach ndéantar cinntí, go háirithe i réimse an chóineasaithe rialála agus an chóineasaithe maoirseachta, nó go gcuirtear cinntí chun cinn atá dírithe den chuid is mó ar leasanna náisiúnta in ionad mhórleasanna an Aontais Eorpaigh. Is léiriú é sin, go pointe, ar theannas dosheachanta idir sainordú Eorpach na ÚMEanna agus sainordú náisiúnta na núdarás inniúil atá ina gcomhaltaí ar bhoird na ÚMEanna. Níl an méid sin ag teacht leis an gcuspóir um chóineasú maoirseachta. Beidh cumhachtaí cóineasaithe níos éifeachtaí de dhíth má táthar le ról níos mó a thabhairt do na ÚMEanna maidir le comhtháthú airgeadais a dhoimhniú nó cobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh a neartú.
Ar an tríú dul síos, tá bonn cistiúcháin cuí de dhíth ar na ÚMEanna lena gcuirfear ar a gcumas acmhainní a leithdháileadh de réir a riachtanais chun a gcuspóir a chomhlíonadh. Srianann na socruithe buiséid atá ann faoi láthair gníomhaíochtaí na ÚMEanna agus leanfaidh siad de shrian a chur leis na gníomhaíochtaí sin mar go bhféadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit toilteanach, ar chúiseanna difriúla, ranníocaíochtaí náisiúnta a mhéadú a thuilleadh.
Leagtar amach sa togra reatha leasuithe sonracha ar na Rialacháin maidir le UMÉanna agus ar ghníomhartha éagsúla san earnáil, agus é mar aidhm leis cumhachtaí, rialachas agus creat cistiúcháin na ÚMEanna a threisiú mar gurb iad sin na réimsí nach mór a threisiú lena chur ar a gcumas do na UMÉanna na dúshláin atá leagtha amach thuas a chomhlíonadh.
Breithnítear costais agus tairbhí na leasuithe sin sa tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo. Leagtar amach inti roinnt roghanna beart a bhfuil sé mar aidhm leo cumhachtaí na ÚMEanna a mhéadú ar leibhéal AE, a rialachas (cinnteoireacht san áireamh) a fheabhsú, agus a áirithiú go bhfuil a gcreat cistiúcháin inbhuanaithe agus ag teacht le cúraimí san am i láthair agus san am atá le teacht. Tugtar fianaise chuimsitheach sa mheasúnú tionchair gurb amhlaidh, leis na leasuithe atá beartaithe, go gcuirtear go héifeachtach le creat na ÚMEanna a threisiú agus, tríd sin, le cobhsaíocht fhoriomlán chóras airgeadais an Aontais Eorpaigh a neartú, agus na costais do Bhuiséad Ginearálta an Aontais Eorpaigh agus do pháirtithe leasmhara á laghdú a oiread agus is féidir ag an am céanna. Chomh maith leis sin, chuirfí leis na leasuithe atá beartaithe le hAontas na Margaí Caipitil a fhorbairt agus a dhoimhniú a thuilleadh, rud atá ag teacht le tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo comhsheasmhach le roinnt forálacha beartais eile de chuid an Aontais Eorpaigh atá ann cheana agus le tionscnaimh leanúnacha a bhfuil sé mar aidhm leo socruithe éifeachtacha éifeachtúla ar leibhéal AE a áirithiú.
Ó thús na géarchéime airgeadais i leith, tá an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát ag tabhairt faoi mhaoirseacht agus rialáil airgeadais a ollchóiriú ó bhun. Thionscain an tAontas Eorpach roinnt athchóirithe chun córas airgeadais a chruthú atá níos sábháilte, níos fónta, níos trédhearcaí agus níos freagraí agus lena dtéitear chun tairbhe don gheilleagar agus don tsochaí ar fad. Áiríodh leo sin cruthú an tSásra Maoirseachta Aonair, cruthú an tSásra Réitigh Aonair agus cruthú an Bhoird Réitigh Aonair le haghaidh freagrachtaí sonracha discréideacha as maoirseacht a chomhlíonadh. Tá an togra seo comhsheasmhach le cúraimí agus feidhmeanna na gcomhlachtaí sin agus comhlánaítear iad leis.
Tá an togra seo comhsheasmhach freisin leis an Leabhar Rialacha Aonair do reachtaíocht airgeadais, rud a rannchuidíonn na ÚMEanna go mór leis trína gcuid oibre. Is é cuspóir an Leabhair Rialacha Aonair rialacha coiteanna a shocrú ar fud an Aontais Eorpaigh lena náirithítear cobhsaíocht airgeadais agus cothrom iomaíochta mar aon le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí. Mar shampla, tá an togra comhsheasmhach leis an Treoir/Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (bainc) agus leis an Treoir Sócmhainneacht II (gnóthais árachais), a bhfuil sé mar aidhm leo cobhsaíocht na hearnála airgeadais a mhéadú. Tá an togra seo comhsheasmhach freisin leis an gcreat reatha do sheirbhísí íocaíochta agus morgáistí ó thaobh cosaint tomhaltóirí de.
Maidir le tionscnaimh leanúnacha, tá tionscnamh reachtach á mholadh ag an gCoimisiún inniu freisin chun an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach ("BERS") a threisiú. I dteannta na ÚMEanna, comhdhéanann BERS an Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais a tugadh isteach tar éis na géarchéime airgeadais. Áirítear na nithe seo ar na samplaí le déanaí: an togra ón gCoimisiún le haghaidh leasuithe spriocdhírithe ar an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach chun feabhas a chur ar mhaoirseacht ar leibhéal AE maidir le húdarú Contrapháirtithe Lárnacha ("CPLanna") agus na ceanglais le haghaidh CPLanna tríú tír a aithint; agus an togra ón gCoimisiún maidir le táirgí pinsin phearsanta lena bhfeabhsaítear ról an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) trí chumhachtaí a dheonú dó na táirgí sin a údarú chun lipéad ardchaighdeáin a dheonú dóibh ar leibhéal uile-Eorpach agus dáileadh na dtáirgí ar fud an Aontais Eorpaigh a cheadú.
Ar deireadh, tá an togra seo comhsheasmhach le forálacha beartais atá ann cheana de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú forálacha tríú tír i reachtaíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh, mar a leagtar amach sa doiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún maidir le coibhéis. Sa doiciméad inmheánach oibre, tugtar forbhreathnú ar phróiseas na coibhéise i dtaca le tríú tíortha i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a bhaineann le seirbhísí airgeadais. Leagtar an taithí ábhartha amach sa doiciméad agus sainaithnítear ann réimsí áirithe nach mór tuilleadh airde a thabhairt orthu. Tugtar aghaidh ar na réimsí sin go pointe sa togra seo. I bhfianaise chuspóirí beartais an Aontais Eorpaigh, is gnéithe tábhachtacha de thuilleadh forbartha beartais iad dea-rialachas cánach agus bearta in aghaidh sciúradh airgid, ar bearta iad atá bunaithe ar chaighdeáin dhomhanda. Chun comhleanúnachas beartais a áirithiú agus cosaintí ar sheachaint cánach agus sciúradh airgid a neartú, leanfaidh an Coimisiún leis na hábhair sin a chomhtháthú isteach sa reachtaíocht chuí de chuid an Aontais Eorpaigh, lena náirítear an reachtaíocht um sheirbhísí airgeadais. D’fhéadfadh sé breithniú a dhéanamh ar iad a chomhtháthú isteach i bpróisis choibhéise freisin.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo comhsheasmhach le hiarrachtaí reatha an Choimisiúin tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Aontas na Margaí Caipitil. Gné thábhachtach de mhargaí caipitil níos comhtháite a chruthú is ea creat maoirseachta níos éifeachtaí a chruthú mar go rannchuidítear leis an gcreat sin leis na rialacha don earnáil airgeadais a chur chun feidhme ar bhealach níos comhsheasmhaí.Maidir leis sin, sa Tuarascáil ón gCúigear Uachtarán a foilsíodh i mí an Mheithimh 2015 leagtar béim ar an ngá atá le creat maoirseachta an Aontais Eorpaigh a neartú, próiseas as a dtiocfaidh maoirseoir aonair margaí caipitil sa deireadh. Leagtar tuilleadh béime ar an ngá atá le margaí caipitil an Aontais Eorpaigh a fhorbairt agus a chomhtháthú a thuilleadh sa Teachtaireacht maidir le hAontas na Margaí Caipitil a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2016 agus sa Teachtaireacht ar an athbhreithniú lár téarma ar Aontas na Margaí Caipitil.
Tá an togra seo comhsheasmhach freisin leis na gealltanais a thug an Coimisiún i ndáil le hAontas na Margaí Caipitil chun freagairt do dhá dhúshlán nua i margaí an lae inniu: airgeadas inbhuanaithe agus teicneolaíocht airgeadais.
Maidir le hairgeadas inbhuanaithe, thug an Coimisiún gealltanas faoi chuimsiú chreat thionscnamh Aontas na Margaí Caipitil go neartófaí ceannaireacht an Aontais Eorpaigh ar infheistíocht agus airgeadas inbhuanaithe. Tá rioscaí agus deiseanna nua atá bainteach le cúrsaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais ag athrú na hearnála airgeadais agus is gá an creat maoirseachta agus an cur chuige maoirseachta a athrú chun aghaidh a thabhairt orthu sin. Ina theannta sin, tá ról lárnach le comhlíonadh ag an earnáil airgeadais maidir leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos tíosaí ar fhuinneamh a áirithiú. Tá gá ann ar leibhéal AE le comhordú agus cóineasú láidir a dhéanamh ar mheon lucht maoirseachta i leith na hinbhuanaitheachta. Chuige sin, tá an togra seo comhsheasmhach leis an Straitéis um Aontas Fuinnimh, gealltanais an Aontais Eorpaigh do Gheilleagar Ciorclach agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Ba cheart do na ÚMEanna rannchuidiú freisin le leas a bhaint as an acmhainneacht agus na deiseanna a bhaineann le Teicneolaíocht Airgeadais, agus aghaidh á tabhairt acu ar rioscaí féideartha sa réimse sin ag an am céanna. D’fhéadfadh siad déanamh amhlaidh, mar shampla, trí chleachtais níos comhsheasmhaí a ghlacadh agus ceanglais rialála á gcur i bhfeidhm acu. Tugtar le tuiscint leis sin gur cheart gnéithe a bhaineann le teicneolaíocht airgeadais a chomhtháthú ar bhealach níos fearr in obair mhaoirseachta na ÚMEanna. Sa chomhthéacs sin, tá an togra seo comhsheasmhach leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach freisin. Tá teicneolaíochtaí nua ag athrú na hearnála airgeadais. Is gá an creat maoirseachta agus an cur chuige maoirseachta a athrú chun freagairt dó sin. Tá maoirseoirí náisiúnta ag tabhairt faoi thionscnaimh éagsúla, ar tionscnaimh iad lena bhféadfaí dochar a dhéanamh d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh mura gcomhordófaí i gceart iad. Tá gá ann ar leibhéal AE le comhordú agus cóineasú níos láidre a dhéanamh ar mheon lucht maoirseachta i leith nuálaíocht teicneolaíochta. D’fhéadfaí déanamh amhlaidh, mar shampla, trí mhol nuálaíochta AE a chur ar bun sna ÚMEanna.
Tá na hathruithe spriocdhírithe ar an tsamhail reatha rialachais ag teacht le hiarrachtaí an Choimisiúin na fóraim chinnteoireachta laistigh de ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh a dhéanamh níos oibríochtúla agus níos neamhspleáiche. I réimse na seirbhísí airgeadais, tá comhlacht ullmhúcháin buan neamhspleách i bhfeidhm ag gníomhaireachtaí nó institiúidí Eorpacha eile amhail an Banc Ceannais Eorpach nó an Bord Réitigh Aonair. Tá a chumhachtaí féin ag an mbord sin agus tá a chúraimí féin air. Ina theannta sin, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh ar shaincheisteanna áirithe nó páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta. Bunú na mBord Feidhmiúcháin ar na ÚMEanna a bhfuil buanchomhaltaí agus sainordú eisiach acu, tá sé ar aon dul leis na cosaintí atá ann cheana le haghaidh na gné AE de phróiseas cinnteoireachta na ngníomhaireachtaí a fheabhsú.
Ar deireadh, maidir le cistiú, cé guras Buiséad an Aontais Eorpaigh a chistítear an chuid is mó de ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais, tá roinnt gníomhaireachtaí AE ann a fhaigheann cistiú lánphríobháideach freisin. Maidir leis sin, is ar aon dul le cleachtas reatha an Aontais Eorpaigh atá an taistriú chuig ranníocaíochtaí ón tionscal le haghaidh bhuiséad na ÚMEanna.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE") an bunús dlí leis na leasuithe go léir. Is é an fhoráil sin an bunús dlí leis na Rialacháin go léir a chumhdaítear leis an togra seo.
Moltar Rialacháin bhunaidh na ÚMEanna a chur in oiriúint d’fhorbairtí nua chun go gcuirfear feabhas ar fheidhmiú na ÚMEanna ar mhaithe le cóineasú sa mhargadh inmheánach agus le feidhmiú níos fearr an mhargaidh sin. San anailís a rinneadh mar chuid den tuarascáil ar an measúnú tionchair, sainaithnítear na réimsí de chreat na ÚMEanna nach mór a leasú chun treisiú a dhéanamh ar chobhsaíocht agus éifeachtacht shocruithe maoirseachta an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, ar chóras airgeadais an Aontais Eorpaigh.
Is gá tuilleadh athruithe a dhéanamh ar an reachtaíocht earnála chun go mbeidh na ÚMEanna in ann an leas is fearr a bhaint as a gcumhachtaí breisithe. Léirítear sa tuarascáil ar an measúnú tionchair agus sa mheastóireacht a ghabhann léi go bhfuil údar agus gá ann le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh maidir leis na cumhachtaí atá ar fáil do na ÚMEanna, a gcreat rialachais agus a gcreat cistiúcháin.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Ós rud é gur comhlachtaí de chuid an Aontais iad na ÚMEanna, ní fhéadfaidh ach reachtóir an Aontais na rialacháin lena rialaítear iad a leasú. Ina theannta sin, freastalaítear ar fheidhmiú níos comhsheasmhaí an mhargaidh inmheánaigh leis na leasuithe. Is cuspóir é sin nach bhféadfar a bhaint amach má ghníomhaíonn na Ballstáit ina naonar.
I gcás na gcistí a chumhdaítear leis na Rialacháin maidir le EuVECA (ciste caipitil fiontair Eorpach), EuSEF (ciste fiontraíochta sóisialta Eorpach) agus ELTIF (ciste infheistíochta fadtéarmaí Eorpach), áirithíonn bunú ÚEUM mar chomhlacht maoirseachta aonair go gcuirfear ceanglais agus coinníollacha aonfhoirmeacha na dtrí Rialachán i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud gach Ballstáit. Is é an toradh a bheidh ar an maoirseacht aonair go laghdófar méid agus ilchineálacht na gcostas agus an ama a chaitear ar riarachán, rud a chuirfidh ar chumas bainisteoirí na costais idirbhirt agus oibriúcháin a laghdú. Toradh eile a bheidh uirthi go gcuíchóireofar na próisis riaracháin atá mar bhonn agus mar thaca ag údarú/clárú chistí EuVECA, EuSEF agus ELTIF agus go neartófar cothroime iomaíochta tríd an maoirseacht a dhéantar orthu a lárú, beag beann ar an áit a bhfuil na cistí bunaithe. Leis an maoirseacht aonair, tabharfar tuilleadh tacaíochta do chomhtháthú margaidh sna hearnálacha sin agus breiseofar cistiú margaidh do gheilleagar an Aontais Eorpaigh trí na cistí sin.
I dtaca leis an Rialachán/Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus le tagarmharcanna criticiúla, is gnó uile-Aontais ó nádúr iad seirbhísí tuairiscithe sonraí agus ní fhéadfaidh gníomhaíocht Ballstáit ina aonar aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna rialála agus maoirseachta a eascraíonn astu.
Maidir le feidhm comhordúcháin nua ÚEUM, sainítear í cheana sa Rialachán maidir le ÚEUM agus sna gníomhartha reachtacha ábhartha de chuid an Aontais. Is le hathruithe ar dhlí an Aontais amháin a fhéadfar í a bhreisiú, dá bhrí sin.
Maidir leis an Rialachán maidir le Tagarmharcanna, baineann mórthábhacht eacnamaíoch le tagarmharcanna criticiúla mar go mbaintear úsáid astu in ionstraimí airgeadais (díorthaigh go háirithe), conarthaí airgeadais agus cistí infheistíochta san Aontas ar fad. An ceanglas maidir le coláistí a chur ar bun, i gcás tagarmharcanna criticiúla áirithe ar a laghad, ina mbeidh maoirseoirí ó na Ballstáit ina bhfuil riarthóirí na dtagarmharcanna sin agus ina mbeidh rannchuiditheoirí maoirsithe na dtagarmharcanna léiríonn an ceanglas sin nach bhfuil maoirseoir náisiúnta aonair in ann na tagarmharcanna sin a mhaoirsiú, agus dá bhrí sin, is gá na socruithe riachtanacha a leagan amach ar leibhéal an Aontais.
Is comhréireach gach riarthóir tagarmharcanna criticiúla a bheith faoi mhaoirseacht dhíreach ag ÚEUM mar go mbaineann an-tábhacht don Aontas leis na tagarmharcanna sin agus gur coláistí móra iad na coláistí maoirseachta atá ann faoi láthair, rud a fhágann go bhfuil baol ann nach mbeidís solúbtha go leor i gcás éigeandála.
Féadfar tagarmharcanna a chuirtear ar fáil i dtríú tíortha a úsáid san Aontas má tá siad aitheanta nó formhuinithe ag údarás inniúil san Aontas nó má tá córas rialála agus maoirseachta na tíre ina bhfuil siad lonnaithe aitheanta mar chóras atá coibhéiseach leis an gcóras a bunaíodh leis an Rialachán maidir le Tagarmharcanna. Cé gurb é an Coimisiún a dhéanann an cinneadh coibhéise agus gur faoin maoirseoir tríú tír atá sé socruithe comhair le ÚEUM a bhunú, is iad na húdaráis inniúla náisiúnta a chinneann formhuiniú agus aitheantas. Chuige sin, bíonn ar a lán údaráis inniúla náisiúnta déileáil le hiarrataí den sórt sin agus baineann an riosca leis sin go bhféadfadh riarthóirí tagarmharcanna ó thríú tír iarracht a dhéanamh údarás inniúil náisiúnta a roghnú a bhfuil an chuma air go bhfuil sé níos scaoilte ina chuid cinntí agus sa mhaoirseacht iarmhartach a dhéantar ar an riarthóir ('siopadóireacht fóraim'). Ós rud é go bhfuil an riarthóir lonnaithe i dtríú tír, ní bhaineann an phríomhargóint i bhfabhar na maoirseachta náisiúnta le hábhar, is é sin, an ghaireacht do na heintitis mhaoirsithe. Dá mbunófaí ÚEUM mar údarás inniúil le haghaidh riarthóirí tagarmharcanna tríú tír, mhéadófaí éifeachtúlacht agus laghdófaí an riosca go ndéanfaí siopadóireacht fóraim agus go mbeadh difríochtaí ann sa mhaoirseacht a dhéanfaí ar na heintitis sin. Ní fhéadfar an méid sin a bhaint amach le gníomhaíocht na mBallstát ina naonar, áfach.
Chun a áirithiú go mbeidh ÚEUM in ann maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe, is gá an Rialachán maidir le Tagarmharcanna a leasú le roinnt gníomhartha tarmligthe chun roinnt forálacha den Rialachán sin a shonrú a thuilleadh.
I dtaca leis an Rialachán maidir le Réamheolairí, tá ÚEUM ag caitheamh an-chuid ama agus dua ón mbliain 2011 i leith ar chóineasú rialála a chothú i measc údaráis inniúla náisiúnta ó thaobh iniúchadh agus ceadú réamheolairí de. Is é an toradh atá air sin gur cruthaíodh "Bileoga Faisnéise Maoirseachta" ina leagtar amach prionsabail atá aontaithe go coiteann a niarrtar ar údaráis inniúla náisiúnta iad a chur i bhfeidhm agus réamheolairí á gceadú acu. Chomh maith leis sin, rinne ÚEUM dhá athbhreithniú piaraí sa bhliain 2012 agus sa bhliain 2015 ar an bpróiseas ceadaithe réamheolairí, mar gur tháinig fianaise chun cinn go bhfuil cleachtais dhifriúla á núsáid ag na Ballstáit. Cé go raibh siad an-úsáideach, níor baineadh cuspóirí na ngníomhartha sin amach go hiomlán go fóill maidir le cóineasú maoirseachta iomlán a chur chun cinn agus, de bharr chumas na neisitheoirí i roinnt áirithe cásanna chun a roghnú cén túdarás inniúil a cheadóidh a réamheolaire, fágann na cleachtais dhifriúla atá i bhfeidhm i measc údaráis inniúla náisiúnta go bhféadfadh arbatráiste rialála agus caillteanais éifeachtúlachta teacht chun cinn.
Shainaithin an Coimisiún cineálacha áirithe réamheolairí arb amhlaidh, de bharr chineál na nurrús agus na neisitheoirí lena mbaineann, go bhfuil gné trasteorann laistigh den Aontas, roinnt castachta teicniúla agus rioscaí féideartha go dtiocfadh arbatráiste rialála chun cinn i gceist leo. Is nithe iad sin atá de chineál a fhágann gurbh amhlaidh, dá ndéanfadh ÚEUM maoirseacht láraithe orthu, go mbainfí torthaí amach a bheadh ní b’éifeachtaí agus ní b’éifeachtúla ná iad sin a bhainfí amach dá ndéanfaí maoirseacht orthu ar leibhéal náisiúnta. Is iad sin na réamheolairí neamhchothromais mórdhíola nach dtairgtear ach d’infheisteoirí cáilithe, na réamheolairí a bhaineann le cineálacha sonracha urrús casta, amhail urrúis de bhun sócmhainní, nó a ndréachtaíonn saineisitheoirí iad, agus na réamheolairí a ndréachtaíonn eisitheoirí tríú tír iad de réir Rialachán (AE) 2017/1129.
Má láraítear ceadú na réamheolairí sin, chomh maith leis na gníomhaíochtaí gaolmhara maoirseachta agus forfheidhmithe, in ÚEUM, cuirfear feabhas ar cháilíocht, comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht na maoirseachta san Aontas, cruthófar cothroime iomaíochta d’eisitheoirí agus laghdófar an tréimhse a theastaíonn le haghaidh réamheolairí a cheadú. Chomh maith leis sin, cuirfear deireadh leis an ngá atá ann le 'Ballstát baile' a roghnú agus cuirfear cosc ar shiopadóireacht fóraim.
•Comhréireacht
Leis an togra seo, déantar athruithe spriocdhírithe chun creat maoirseachta an Aontais Eorpaigh a neartú chun cobhsaíocht agus éifeachtacht an chórais airgeadais a fheabhsú go hinbhuanaithe ar fud an Aontais Eorpaigh agus cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí a bhreisiú. Chun na críche sin, leagtar amach ann athruithe spriocdhírithe dea-choigeartaithe ar an gcreat maoirseachta ar leibhéal AE, lena náirítear rialachas níos éifeachtaí níos éifeachtúla. Leis an togra, coigeartaítear cúraimí agus cumhachtaí reatha na ÚMEanna agus deonaítear cumhachtaí nua dóibh chun go mbeidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí nua, lena náirítear i réimse na teicneolaíochta, agus aghaidh a thabhairt freisin ar an méadú breise i ngníomhaíochtaí trasteorann laistigh den Aontas Eorpach agus ar an méadú ar chomhtháthú is dócha a bheidh ann idir margaí airgeadais an Aontais Eorpaigh agus an chuid eile den domhan. De bhreis air sin, tá córas cistiúcháin oiriúnaithe ar áireamh sa togra chun a áirithiú go bhfuil cistiú na ÚMEanna inbhuanaithe, comhréireach agus i gcomhréir lena gcúraimí.
Maidir le gníomhartha atá sonrach don earnáil, tá na leasuithe a mholtar teoranta go bunúsach do mhaoirseacht dhíreach ag ÚEUM a thabhairt isteach. Roghnaíodh iad i dtaca le sainiúlachtaí na nearnálacha lena mbaineann. Ina theannta sin, is gá leasuithe ar an Rialachán ar a dtugtar MiFIR (an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais) a shioncrónú le hathruithe beaga ar Threoir 2009/138/CE (“Sócmhainneacht II”). Dá bhrí sin, moltar togra ar leith lena leasaítear an treoir sin freisin.
Ní théann ceann ar bith de na heilimintí a mholtar thar a bhfuil riachtanach le haghaidh na cuspóirí socraithe a bhaint amach.
Ina theannta sin, de réir phrionsabal na comhréireachta a chumhdaítear sa Chonradh, ní rachaidh ábhar agus foirm na ngníomhartha agus na mbeart a dhéanfaidh na ÚMEanna thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus beidh siad comhréireach le cineál, scála agus castacht na rioscaí atá ina gcuid dhílis de ghníomhaíocht airgeadais nó gnó na ninstitiúidí nó na ngnóthas a dtéann gníomhaíocht an ÚME lena mbaineann i bhfeidhm orthu.
•An rogha ionstraime
Is é aidhm an togra seo leasú a dhéanamh ar na Rialacháin reatha maidir le ÚMEanna agus ar phíosaí éagsúla de reachtaíocht airgeadais na hearnála. Is i bhfoirm Rialachán atá na gníomhartha go léir atá le leasú leis an togra reatha seo; dá bhrí sin, moltar na leasuithe comhfhreagracha a dhéanamh mar Rialachán leasaitheach (omnibus) aonair.
De bhreis air sin, moltar leasú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (go háirithe chun na leasuithe ar an Rialachán ar a dtugtar MiFIR a léiriú) agus athruithe beaga ar Threoir 2009/138/CE (“Sócmhainneacht II”) a thabhairt isteach. Chun an dá chríoch sin, moltar Treoir leasaitheach ar leithligh.
Ar deireadh, agus trí dhoiciméad ar leith freisin, coigeartaíonn an Coimisiún an togra a rinne sé le déanaí le haghaidh Rialachán lena leasaítear an Rialachán maidir le ÚEUM agus an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach. .
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Soláthraítear sa mheasúnú tionchair agus sa mheastóireacht a ghabhann leis an togra seo anailís ar chreat reatha na ÚMEanna chun a fháil amach cé acu a cumasaíodh nó nár cumasaíodh do na ÚMEanna comhlíonadh a dhéanamh ar a gcuspóir chun cobhsaíocht agus éifeachtacht an chórais airgeadais a threisiú go hinbhuanaithe agus feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí.
Maidir lena éifeachtaí agus lena éifeachtúla atá na ÚMEanna, is é conclúid na hanailíse a rinneadh gur éirigh leis na ÚMEanna a gcuspóirí reatha a chomhlíonadh den chuid is mó. Tá feabhsuithe spriocdhírithe ag teastáil, áfach, chun iad a chumasú le dúshláin amach anseo a shárú. Go háirithe, tá sé de chonclúid ag an anailís:
a.go bhféadfaí cumhachtaí na ÚMEanna a fheabhsú i réimsí áirithe chun a áirithiú gur féidir cúraimí a chur i gcrích ar bhealach níos fearr. Dá ndéanfaí amhlaidh, d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go mbeadh torthaí rialála agus maoirseachta níos fearr ann do gach tomhaltóir is rannpháirtí sa mhargadh ar fud an Aontais Eorpaigh agus go láimhseálfaí riosca trasteorann ar bhealach éifeachtach éifeachtúil;
b.go bhfuil de thoradh ar chreat rialachais reatha na ÚMEanna go mbíonn sé doiligh coinbhleacht a bhainistiú idir leasanna an Aontais Eorpaigh agus leasanna náisiúnta, rud as a dtagann an baol nach ndéanfaí cinntí na ÚMEanna chun leas coiteann an Aontais Eorpaigh i ngach cás, go gcuirfí moill ar chinnteoireacht nó go mbeadh claonadh ann gan gníomhaíocht a dhéanamh, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí neamhrialála (idirghabháil cheangailteach, sárú ar nósanna imeachta dlí an Aontais Eorpaigh, athbhreithnithe piaraí a thionscnamh);
c.nach bhfuil an creat cistiúcháin reatha ag teacht leis na cúraimí a chuireann na ÚMEanna i gcrích agus go ngéarófar ar an difríocht sin a thuilleadh i bhfianaise na gcúraimí a bheidh ar na ÚMEanna amach anseo; gur cosúil freisin gur toradh eile atá ar an gcreat go ndéanann údaráis inniúla náisiúnta ranníocaíochtaí neamhchothroma, ar ranníocaíochtaí iad a bhfuil sé doiligh a léiriú go bhfuil údar leo.
Maidir le comhleanúnachas, tá an obair a dhéanann na ÚMEanna ar shaincheisteanna rialála comhleanúnach go hiomlán leis an obair atá ar bun chun mórchreat maoirseachta an Aontais Eorpaigh a fhorbairt. Tá sí comhleanúnach freisin leis an obair atá ar bun chun an Leabhar Rialacha Aonair a chríochnú. De bharr srianta a thagann as struchtúr rialachais agus cistiúcháin na ÚMEanna agus as éifeachtacht na gcumhachtaí atá acu, áfach, níor cuireadh ar a gcumas do na ÚMEanna díriú go leordhóthanach ar chur chun cinn a dhéanamh ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach na reachtaíochta ábhartha seirbhísí airgeadais arna glacadh ag an Aontas Eorpach.
Maidir le hábharthacht, thángthas ar an gconclúid san anailís gurb ábhartha atá creat na ÚMEanna.
Ar deireadh, is léir gur cruthaíodh le creat na ÚMEanna breisluach don Aontas Eorpach toisc go bhfuil a gcuid oibre ríthábhachtach maidir leis an Margadh Aonair do sheirbhísí airgeadais a chur chun cinn.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Thug ranna an Choimisiúin faoi chomhairliúchán poiblí fairsing in earrach na bliana 2017 ar oibríochtaí na ÚMEanna. Tugadh beagnach 230 freagra ar an gcomhairliúchán. Ba ó raon leathan grúpaí a fuarthas freagraí: fuarthas 26 % díobh ó údaráis phoiblí nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, fuarthas 71 % díobh ó eagraíochtaí nó cuideachtaí agus fuarthas 3 % díobh ó dhaoine aonair príobháideacha.
Fuarthas roinnt tuairimí, páipéar seasaimh agus aighneachtaí taobh amuigh den chomhairliúchán poiblí freisin, lenar áiríodh seasaimh oifigiúla ar sholáthair roinnt rialtas iad. Cé nach léirítear iad sa staidreamh ó shuirbhé an Aontais Eorpaigh, cuireadh iad san áireamh san anailís atá taobh thiar den togra seo.
Tríd is tríd, measann na freagróirí gur tháinig feabhas mór ar an scéal as bunú na ÚMEanna agus go raibh sé ina chéim thábhachtach chun tosaigh i dtreo cóineasú maoirseachta a bhaint amach san Aontas. Tá formhór na bhfreagróirí i bhfách le ról méadaithe a thabhairt do na ÚMEanna maidir le feabhas a chur ar chóineasú maoirseachta. Mar thoradh ar chur chun feidhme Aontas na Margaí Caipitil agus ar an gcinneadh ón Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas, aithníonn a lán páirtithe leasmhara gur gá machnamh a dhéanamh ar mhaoirseacht ar leibhéal AE a neartú anois, go háirithe i dtaca le gníomhaíochtaí trasteorann agus coibhéis le tríú tíortha.
Maidir le cumhachtaí na ÚMEanna, cé go bhfuil a lán freagróirí ag cur in aghaidh cumhachtaí na ÚMEanna a mhéadú go suntasach ag an am seo, aithníonn roinnt díobh na laigí atá orthu agus ba mhaith leo go ndéanfaí feabhsuithe spriocdhírithe orthu dá bharr. Tá formhór na bhfreagróirí den tuairim gur leor, tríd is tríd, na huirlisí atá ar fáil do na ÚMEanna agus gur cheart iad a úsáid ar bhealach níos fearr agus níos iomláine. Tá tacaíocht leathan ann do chumhachtaí na ÚMEanna a leathnú agus a shoiléiriú maidir le faireachán a dhéanamh ar choibhéis.
Measann eagraíochtaí do thomhaltóirí gurb ann d’easnaimh mhóra ar fhorfheidhmiú na rialacha cosanta tomhaltóirí, agus iad den tuairim go bhfuil sé neamhéifeachtúil nó scoite amach ó na fadhbanna is géire ar leibhéal náisiúnta. Measann siad gur gá réimsí gníomhaíochta na ÚMEanna a leathnú i réimse na cosanta tomhaltóirí. Measann formhór na bhfreagróirí go bhfuil sé doiligh cothromaíocht cheart a áirithiú i ngrúpaí páirtithe leasmhara na ÚMEanna. Measann siad go bhfuil sé doiligh cothromaíocht gheografach a áirithiú freisin. Deir ionadaithe do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí gur mó an líon ionadaithe d’institiúidí airgeadais ná an líon ionadaithe dá gcineál féin agus nach dtugtar aird chothrom ar thuairimí na ngrúpaí páirtithe leasmhara uile dá bharr sin. Maidir le cumhachtaí na ÚMEanna chun táirgí a thoirmeasc, measann roinnt eagraíochtaí gur cheart iad a leathnú chuig na táirgí sin ar féidir leo dochar a dhéanamh do thomhaltóirí.
I gcás freagróirí ar an gcomhairliúchán poiblí ar na ÚMEanna, tacaíonn siad go sainráite le maoirseacht dhíreach ar leibhéal AE a dhéanamh ar thithe imréitigh na gcontrapháirtithe lárnacha ("CPLanna") agus ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a fhreastalaíonn ar an Aontas Eorpach ar fad agus ní ar mhargaí náisiúnta sonracha. Níor thug a lán freagróirí freagra ar an gceist maidir le maoirseacht dhíreach. Thug roinnt díobh freagra ar an gceist maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart cur de chúram ar ÚEUM maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar chistí comhinfheistíochta uile-Eorpacha. Cé go raibh siad i bhfách leis sin, ní dhearna formhór na bhfreagróirí aon idirdhealú idir na cineálacha difriúla cistí a bheadh i gceist.
Ba leis na hargóintí seo a leanas a bhain formhór na dtuairimí inar cuireadh in aghaidh maoirseacht dhíreach ag ÚEUM a leathnú chuig réimsí nua: meastar go bhfuil maoirseacht náisiúnta ar an mbealach is fearr chun déileáil le struchtúir dhifriúla mhargaidh na mBallstát. D’fhéadfadh maoirseacht ag ÚEUM teacht salach ar an inniúlacht náisiúnta maidir le cosaint infheisteoirí miondíola agus cobhsaíocht airgeadais, mar aon le cánachas, dlíthíocht agus réiteach coinbhleachta. Tarraingíodh anuas freisin deacrachtaí oibríochtúla amhail an rialú ar cheanglais áitiúla a bhaineann le socruithe dáileacháin nó margaíocht. Ina ionad sin, ba cheart uirlisí reatha lena náirithítear cóineasú maoirseachta a iniúchadh a thuilleadh ar mhaithe le margaí caipitil comhtháite a fhorbairt.
Is iad seo a leanas na príomhargóintí atá i bhfách le maoirseacht dhíreach ag ÚEUM: aithníonn roinnt freagróirí na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le maoirseacht a bheith á déanamh ag ÚEUM ar eintitis nó ionstraimí a bhfuil gné uile-Eorpach acu. Ar an mbealach sin, d’fhéadfaí deireadh a chur le difríochtaí idir cleachtais mhaoirseachta, gan cosc a chur ar struchtúir dhifriúla mhargaidh a chur san áireamh nuair is iomchuí. Measann siad go bhfuil réitigh den sórt sin cuí maidir le dul i ngleic le fadhb na hilroinnte a thagann chun cinn de bharr chur i bhfeidhm éagsúil na rialacha ábhartha AE agus de bharr na rioscaí arbatráiste rialála a eascraíonn as sin. Is iad saintréithe an chórais reatha iad na nithe sin.
Maidir le rialachas foriomlán na ÚMEanna, measann páirtithe leasmhara gur fheidhmigh boird agus cathaoirligh na ÚMEanna go maith. Measann thart ar leath na bhfreagróirí go bhfuil breisluach ag baint leis na hathruithe rialachais dá dtagraítear sa doiciméad comhairliúcháin phoiblí. Cé nach dtacaíonn formhór na núdarás poiblí le hathruithe ar rialachas na ÚMEanna, d’fhéadfaí a rá go bhfuil roinnt díobh den tuairim sin toisc nach bhfuil siad ag iarraidh go maolófaí an tionchar atá acu.
Tá éagsúlacht ann maidir leo sin atá i bhfách le comhaltaí neamhspleácha a mbeidh cearta vótála acu agus a mbeidh cúraimí sonracha orthu a chur le Boird na ÚMEanna. Tá an chuid is mó den earnáil phoiblí ina aghaidh sin (cé nár thug leath na bhfreagróirí ón earnáil sin freagra ar an gceist ar chor ar bith). Tá deighilt ann san earnáil phríobháideach ar an ábhar ag an am céanna, áit ar tharraing roinnt daoine aird ar na coinbhleachtaí leasa ar gnéithe dílse den chóras reatha iad. Tá formhór na bhfreagróirí – go háirithe freagróirí ar údaráis phoiblí iad – in aghaidh tuilleadh cumhachtaí a thabhairt do na Cathaoirligh, cé go bhfuil formhór na gcomhlachas tionscail i bhfách le feabhsuithe ina leith sin.
Maidir le cistiú, aithníonn formhór na bpáirtithe leasmhara na srianta acmhainne atá ar na ÚMEanna faoi láthair agus na srianta atá ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus ar bhuiséid náisiúnta. Aontaíonn líon mór freagróirí go mbeidh cistiú leordhóthanach inbhuanaithe ag teastáil ó na ÚMEanna ionas go mbeidh siad in ann spriocanna uaillmhianacha a chomhlíonadh agus a noibríochtaí a fheabhsú. Tugann a lán freagróirí faoi deara gur cheart leibhéal cistiúcháin na ÚMEanna a bheith ag brath ar a bhfreagrachtaí agus a bheith bunaithe ar thoradh an athbhreithnithe ar na Rialacháin maidir leis na ÚMEanna.
Chuir isteach is amach le leath na bhfreagróirí tuairim in iúl maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart na ÚMEanna a bheith á gcistiú go páirteach nó go hiomlán ag an tionscal. Níl a bhformhór i bhfách leis an gcreat reatha cistiúcháin a athbhreithniú trí ranníocaíochtaí ón tionscal a chur in áit ranníocaíochtaí ó údaráis inniúla náisiúnta. Tá mionlach i bhfách leis an gcóras a bheith cistithe i bpáirt ag an tionscal, áfach.
•Measúnú tionchair
Rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais ábhartha. Rinneadh na roghanna sin a mheas bunaithe ar an bpríomhchuspóir ginearálta atá ann chun cobhsaíocht agus éifeachtacht an chórais airgeadais a threisiú go hinbhuanaithe ar fud an Aontais Eorpaigh agus chun feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí.
Agus an measúnú tionchair á ullmhú aige, rinne an Coimisiún meastóireacht ar oibríochtaí na ÚMEanna. Tháinig roinnt easnamh tábhachtach chun solais lena linn. Orthu sin: (a) ní ann do chumhachtaí atá sainithe go leordhóthanach chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach de réir na gcaighdeán céanna ar fud an Aontais Eorpaigh; (b) ní ann do chumhachtaí chun déileáil go héifeachtach le rioscaí trasteorann a bhaineann le hidirnascacht laistigh den Aontas Eorpach agus idirnascacht idir an tAontas Eorpach agus an chuid eile den domhan; (c) is ann do chreat rialachais a fhágann go míailínítear dreasachtaí sna próisis chinnteoireachta; agus (d) is ann do chreat cistiúcháin nach náirithítear leis leordhóthanacht i ndáil leis na cúraimí a leithdháiltear ar na ÚMEanna.
Tháinig na réimsí seo a leanas faoi raon feidhme an mheasúnaithe tionchair: (1) cumhachtaí; (2) rialachas; agus (3) cistiú na ÚMEanna, maidir lena gcumasú chun na heasnaimh shainaitheanta agus dúshláin nua, amhail cóineasú rialála agus maoirseachta, a shárú. Toisc gurb ionann rialacha dóibh, is ar gach ceann de na trí Údarás Maoirseachta Eorpacha atá easnaimh ó thaobh rialachais agus cistiúcháin de. Tá athruithe ar a gcumhachtaí dírithe go príomha ar earnálacha sonracha do ÚEUM agus ar mhaoirseacht ar chóineasú maoirseachta do gach ÚME.
Ba iad seo a leanas na roghanna a ndearnadh measúnú orthu:
Maidir le rialachas: (a) gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh maidir le beartas; gan aon athruithe a dhéanamh ar an struchtúr reatha rialachais; (b) athruithe spriocdhírithe a dhéanamh ar an tsamhail reatha rialachais, amhail cumhachtaí cinnteoireachta a idirdhealú de réir a gcineáil agus nós imeachta roghnúcháin an Chathaoirligh a fheabhsú; agus (c) comhaltaí neamhspleácha buana (nach mbeidh aon vóta acu) a chur leis an mBord Maoirseoirí.
Maidir le cumhachtaí: (a) gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh maidir le beartas; gan aon athrú ar na cumhachtaí reatha atá ann i ndáil le cúraimí cóineasaithe rialála agus maoirseachta agus gan aon athrú ar na freagrachtaí maoirseachta dírí atá ar ÚEUM; (b) rogha chun cumhachtaí reatha áirithe a shoiléiriú agus chun maoirseacht a neartú; (c) rogha chun cumhachtaí reatha áirithe a shoiléiriú agus chun cumhachtaí díreacha breise maoirseachta a thabhairt do ÚEUM i réimsí spriocdhírithe; agus (d) lárú a dhéanamh ar an maoirseacht ar sheirbhísí airgeadais, ar an mbaincéireacht agus ar an árachas sna trí Údarás Maoirseachta Eorpacha.
Maidir le cistiú: (a) gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh maidir le beartas; (b) cistiú poiblí a choigeartú chun aird a thabhairt ar mhéid na hearnála airgeadais intíre in aon Bhallstát ar leith; (c) meascán de chistiú poiblí agus de chistiú príobháideach ina gcuirfear ranníocaíochtaí ó earnálacha príobháideacha intíre in áit ranníocaíochtaí ó údaráis inniúla náisiúnta; agus (d) córas cistiúcháin a bheith á mhaoiniú go hiomlán ag an earnáil phríobháideach.
Agus critéir éagsúla á núsáid, cuireadh na roghanna thuasluaite i gcomparáid lena chéile ansin chun teacht ar na roghanna sin lena rachfaí i ngleic ar an mbealach is fearr leis na heasnaimh a sainaithníodh i sainiú faidhbe an mheasúnaithe tionchair agus sa mheastóireacht.
Tar éis na hanailíse sin,
·is amhlaidh, leis an rogha thosaíochta ó thaobh rialachais de, go dtugtar ról sa phróiseas cinnteoireachta do chomhaltaí neamhspleácha a mbeidh cumhachtaí vótála acu agus d’údaráis inniúla náisiúnta; go dtugtar próiseas ceapacháin agus ról nua isteach don Chathaoirleach; agus go gcuirtear Bord Feidhmiúcháin neamhspleách a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí lánaimseartha a cheapfar go seachtrach in áit an Bhoird Bhainistíochta.
·is amhlaidh, leis an rogha thosaíochta ó thaobh cumhachtaí de, go soiléirítear cumhachtaí áirithe, amhail ról foirmiúil a thabhairt do na ÚMEanna san fhaireachán leanúnach a dhéantar ar an bpróiseas coibhéise agus feabhas a chur ar an gcumas atá ag na ÚMEanna cur i bhfeidhm ceart dhlí an Aontais a áirithiú, agus go naistrítear cumhachtaí maoirseachta chuig na ÚMEanna i réimsí spriocdhírithe a bhaineann go háirithe le saincheisteanna tríú tír nó trasteorann.
·is amhlaidh, leis an rogha thosaíochta ó thaobh cistiúcháin de, go gcoinnítear an ranníocaíocht bhliantúil reatha ón Aontas Eorpach le buiséad na ÚMEanna ar bun agus go gcuirtear cistiú ón earnáil phríobháideach in áit an chistiúcháin iarmharaigh ó údaráis inniúla náisiúnta.
B’ionann na roghanna tosaíochta a sainaithníodh agus na roghanna sin lena náiritheofaí ar an mbealach is fearr go mbeadh na ÚMEanna in ann déileáil leis an ualach méadaitheach oibre a bheadh i gceist agus na hathruithe a dhéanfaí ar an gcreat maoirseachta de bharr reachtaíocht earnála a réamh-mheas. Ina theannta sin, bhí na roghanna tosaíochta dírithe go príomha ar athruithe spriocdhírithe a dhéanamh ar an gcóras reatha, agus ní ar an gcóras a ollchóiriú ó bhun. Bhí sé sin ag teacht leis an gconclúid sa mheastóireacht, ba é sin, go raibh ag éirí go réasúnta maith le creat na ÚMEanna i ndáil leis na dúshláin shuntasacha ba ghá dóibh a shárú agus i ndáil leis na modhanna a bhí ar fáil dóibh chun a sainorduithe a chomhlíonadh.
Féachadh sa mheasúnú tionchair freisin ar thionchar carnach na roghanna tosaíochta ó thaobh cúrsaí cáilíochtúla de agus ó thaobh cúrsaí cainníochtúla de araon. Tugadh le fios san anailís gurb amhlaidh, dá gcuirfí na roghanna tosaíochta i bhfeidhm, go mbeadh cumas níos fearr ag na ÚMEanna a sainorduithe reatha a chomhlíonadh, cóineasú maoirseachta níos fearr a áirithiú agus táirgí rialála a ullmhú.
Rud ba shonraí fós, tá trí chúis ann lena mheas go mbainfidh na ÚMEanna feidhmíocht níos fearr amach: ar an gcéad dul síos, cuirfear feabhas ar an struchtúr dreasachtaí i rialachas na ÚMEanna trí dhreasachtaí a chothromú chun leasanna náisiúnta a chosaint sa phróiseas cinnteoireachta ionas go mbeifear in ann, thar aon rud eile, úsáid níos éifeachtaí a bhaint as cumhachtaí chun cóineasú rialála agus maoirseachta a chur chun cinn. Ar an dara dul síos, is féidir a áirithiú, mar gheall ar an gcinneadh chun laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar chistiú poiblí ó údaráis inniúla náisiúnta agus chun airgead ón earnáil phríobháideach a chur leis an gcistiú sin, is féidir a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag na ÚMEanna chun a gcúraimí reatha a chur i gcrích agus chun oiriúnú ar bhealach níos éasca d’athruithe amach anseo. Ar deireadh, is féidir a áirithiú, mar gheall ar leasuithe spriocdhírithe ar chodanna áirithe de chumhachtaí na ÚMEanna, go mbeidh na ÚMEanna in ann a gcúraimí a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach éifeachtúil i bhfianaise na taithí atá gnóthaithe acu ó bunaíodh iad sé bliana ó shin agus i bhfianaise forbairtí sna margaí airgeadais éagsúla agus i reachtaíocht ar leibhéal AE. Tá na hathruithe spriocdhírithe sin ag teacht freisin le tuairim na bpáirtithe leasmhara go bhfuil údar le ról méadaithe comhordúcháin a thabhairt do na ÚMEanna agus gur cheart do na ÚMEanna úsáid níos fearr a bhaint as a gcumhachtaí reatha.
Maidir leis an tionchar glan a bheidh ann maidir le costais do na páirtithe leasmhara éagsúla – cé is moite de chumhachtaí díreacha a dheonú do ÚEUM – meastar nach mbeidh ag na roghanna tosaíochta ach tionchar beag ar an earnáil phríobháideach toisc go laghdófaí an ranníocaíocht a dhéanann sí le húdaráis náisiúnta a chistítear go príobháideach agus toisc nach gceanglófaí ar na húdaráis inniúla náisiúnta ranníocaíocht a dhéanamh le buiséad bliantúil na ÚMEanna a thuilleadh. Is neodrach a bheidh an tionchar glan ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Cé go mbeidh réamhchistiú ó bhuiséad an Aontais ag teastáil sna chéad bhlianta tar éis ghlacadh an togra, aisíocfar na méideanna réamhchistithe sin le buiséad an Aontais ina dhiaidh sin tráth theacht i bhfeidhm na sásraí cistiúcháin nua. Is neodrach freisin a bheidh an tionchar glan ar údaráis inniúla náisiúnta toisc, ar thaobh amháin, go stopfadh údaráis náisiúnta inniúla ag déanamh ranníocaíochtaí le cistiú na ÚMEanna agus, ar an taobh eile, gur cheart dóibh laghdú a dhéanamh (ar bhealach comhréireach) ar an ngá atá acu le hioncam chun an caiteachas sin a chumhdach. Ní mheastar go mbeidh aon tionchar ann ar thomhaltóirí ó thaobh costas de.
Cuireadh an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 14 Meitheamh 2017. Thug an Bord tuairim dhiúltach ar an measúnú tionchair agus rinne sé roinnt moltaí chun feabhas a chur air. Athbhreithníodh an doiciméad dá réir sin agus cuireadh faoi bhráid an Bhoird an athuair é an 19 Iúil. Thug an Bord tuairim dhearfach ar an measúnú tionchair an 27 Iúil, cé gur chuir sé ábhair imní agus moltaí le haghaidh feabhais in iúl ina leith. Cuireadh na nithe sin san áireamh a mhéid ab fhéidir. Is iad seo a leanas na príomhathruithe a tugadh isteach sa mheasúnú tionchair chun na tuairimí ón mBord a chur san áireamh:
1. Ba cheart críochnú a dhéanamh ar an anailís ar na dúshláin a bheidh ann do na córais mhaoirseachta mar gheall ar na hathruithe ar dóigh dóibh teacht ar mhargaí baincéireachta, árachais agus urrús thar na blianta atá romhainn. Ba cheart na cineálacha éagsúla tionchair a bheidh ag imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ar chroíghníomhaíochtaí na ÚMEanna a chur san áireamh sa mheasúnú tionchair.
Athbhreithníodh an measúnú tionchair chun go míneofaí ar bhealach níos soiléire ann gur chun tairbhe do Mhargadh Aonair an Aontais Eorpaigh agus dá chomhtháthú atá an tionscnamh beartais agus go bhfuil sé ag teacht leis an ngealltanas a fógraíodh sa Tuarascáil ón gCúigear Uachtarán agus leis an ngealltanas a tugadh le déanaí sa pháipéar machnaimh maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú chun bogadh i dtreo fíor-Aontas Airgeadais, lena náirítear maoirseoir aonair a bheith ann ar mhargaí caipitil. Creat tagartha don mheasúnú tionchair is ea na dúshláin a leagtar amach sna doiciméid sin don Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus dá mhargaí airgeadais go háirithe. Cuireadh béim níos láidre sna príomhchaibidlí den Mheasúnú Tionchair ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus ar iarmhairtí an imeachta sin.
2. Ba cheart críochnú a dhéanamh ar an measúnú ar chostais agus bearnaí cistiúcháin na ÚMEanna a thugtar le fios sa bhonnlíne agus sna roghanna éagsúla.
Rinneadh tuilleadh plé agus tuilleadh cainníochtaithe orthu seo a leanas: na hacmhainní a theastaíonn ó na ÚMEanna ionas gur féidir leo cúraimí breise (cumhachtaí díreacha agus neamhdhíreacha) a ghlacadh chucu; an tionchar a bheidh ann ar acmhainní de bharr athruithe rialachais; agus an tionchar a bheidh ann ar acmhainní de bharr athruithe sa mhodheolaíocht cistiúcháin a úsáidtear le haghaidh maoirseacht neamhdhíreach.
Rinneadh idirdhealú idir costais ar mhaoirseacht dhíreach agus neamhdhíreach agus costais ar ghníomhaíochtaí eile agus tugadh míniú níos fearr ar cé a iompróidh costas na roghanna tosaíochta.
Rinneadh an díospóireacht ar thionchar glan na roghanna tosaíochta (ó thaobh costas de) a fhorbairt a thuilleadh chun plé níos fearr a dhéanamh ar bhearnaí cistiúcháin agus ar an tionchar a bheidh ag na costais fhoriomlána mhaoirseachta ar an earnáil.
Go háirithe,
1.Nuashonraíodh tábla na gcostas ar aon dul leis an meabhrán airgeadais reachtach. Mar sin, is amhlaidh anois go bhfuil meastachán an-mhionsonraithe againn ar chostais agus tionchar na nathruithe ar chreat reatha na ÚMEanna agus ar chostais agus tionchar na gcumhachtaí díreacha nua.
2.Rinneadh athdhréachtú iomlán ar an gcuid ina gcuirtear na roghanna cistiúcháin i gcomparáid lena chéile, mar a iarradh, chun a léiriú cé na lánchostais agus na lántairbhí atá ag baint le rogha 3 i gcomparáid leis an mbonnlíne agus le rogha 2 go háirithe.
3.Chun caighdeáin mheasúnaithe tionchair a chomhlíonadh, rinneadh athdhréachtú iomlán ar an gcuid ina bpléitear le sásraí bailiúcháin. Cuireadh an chuid sin leis an bpríomhthéacs freisin toisc gur cuid den togra reachtach í.
Maidir leis an tionchar glan ar na hearnálacha aonair, ní fhéadfaí é sin a mheasúnú go cuimsitheach ag an am seo toisc go mbeidh sé ag brath ar an tsamhail a úsáidfear chun an túdarás inniúil náisiúnta a mhaoiniú laistigh de na Ballstáit. Más rud é, mar shampla, nach níocann na rannpháirtithe sa mhargadh i mBallstát ar leith as a maoirseacht faoi láthair (i.e., mar a tharlaíonn i gcás údarás inniúil náisiúnta a chistítear go poiblí), is amhlaidh, faoi mar a thuigfí, go gcruthófaí le modheolaíocht leithdháilte na rogha tosaíochta costas méadaithe do na rannpháirtithe sin, rud a bheadh chun tairbhe do cháiníocóirí agus don bhuiséad náisiúnta sna Ballstáit sin. Ag an am céanna, más rud é go bhfuil rannpháirtithe sa mhargadh ag íoc as na ÚMEanna cheana féin trí ranníocaíochtaí a dhéanamh le buiséad a núdaráis inniúil náisiúnta, is amhlaidh go mbeadh an tionchar glan (costas/tairbhe incriminteach) ag brath ar na modheolaíochtaí éagsúla a úsáideann údaráis inniúla náisiúnta chun táillí a ghearradh ar eintitis aonair. Bheadh sé ag brath ar an ualach a leagann siad ar eintitis maidir le cistiú na ÚMEanna freisin. Sa chás sin, tá gá le grinnanailís chomparáideach chun teacht ar mheastachán beacht iontaofa ar an gcostas/tairbhe incriminteach a bheidh ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is anailís í sin óna dteastódh rannpháirtíocht na núdarás inniúil náisiúnta sin a chuireann a modheolaíochtaí féin i bhfeidhm maidir le leithdháileadh táillí. D’fhéadfaí a rá le réasún in aon chás, áfach, go mbainfeadh gach rannpháirtí sa mhargadh tairbhe ar deireadh as cothroime iomaíochta a bhunú ar fud an Mhargaidh Aonair, áit a mbeadh sásra aonfhoirmeach um shocrú táillí ann i measc eintitis airgeadais. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin nár cheart, i bprionsabal, na méideanna a bheidh ag teastáil chun na ÚMEanna a chistiú a bheith ina mbagairt ar shamhlacha oibriúcháin na neintiteas aonair.
3. Ba cheart feabhas a chur ar an gcomparáid idir na roghanna agus ba cheart an fhianaise agus an anailís atá ar fáil a úsáid chun tacú ar bhealach níos fearr le roghnú na rogha tosaíochta.
Soláthraíodh cur síos níos mionsonraithe agus breiseanna leis an gcur síos ar na roghanna agus ar an anailís a mhéid ab fhéidir, go háirithe sna codanna ina bpléitear le cumhachtaí, le cistiú agus le rialachas.
Cuirtear tuilleadh faisnéise agus argóintí leis an díospóireacht ar chumhachtaí san iarscríbhinn a ghabhann leis an measúnú tionchair. Maidir le haon easpa fianaise atá ann chun tacú leis an rogha thosaíochta sa chuid ina bpléitear le cumhachtaí, is féidir an méid sin a mhíniú, i gcásanna áirithe, trína rá gur ar chinneadh polaitiúil atá an treo beartais bunaithe.
Maidir leis an díospóireacht ar roghanna sa chuid ina bpléitear le rialachas, tugadh míniú fairsing uirthi agus cuireadh samplaí agus fianaise starógach léi. Úsáideadh na torthaí ó mheastóireachtaí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle araon chun bonn eolais a chur fúithi freisin. Is amhlaidh, de bharr chineál na faidhbe sainithe atá ann i rialachas, go bhfuil sé an-doiligh teacht ar shonraí infhíoraithe iontaofa ina leith.
Maidir le cistiú, mar shampla, cuireadh feabhas ar an gcuid ina bpléitear le cistiú rogha thosaíochta 3 trí eilimintí breise measúnaithe a chur léi agus trí na hargóintí reatha a shoiléiriú ar bhealach níos fearr.
4. Ba cheart tuilleadh fianaise a úsáid sa mheastóireacht agus ba cheart bunús a thabhairt léi.
Athbhreithníodh an mheastóireacht chun idirdhealú níos fearr a dhéanamh idir an measúnú agus na hargóintí a bhaineann le hobair dheisce a tháinig as tuairimí a cuireadh in iúl le linn comhairliúchán le páirtithe leasmhara. Cuireadh tuilleadh díospóireachta leis an meastóireacht agus, nuair ab fhéidir, cuireadh tuilleadh fianaise ar áireamh inti chun í a fheabhsú. Tá laigí ag baint leis an gcineál fianaise a úsáideadh, áfach; tá codanna áirithe den mheastóireacht ag brath go mór ar fhianaise starógach agus ar eispéireas páirtithe leasmhara maidir le déileáil leis na ÚMEanna. Chun an méid sin a chúiteamh, rinneadh iarracht a lán samplaí a sholáthar ó chineálacha difriúla foinsí faisnéise – féach, mar shampla, an chuid ina bpléitear le rialachas. Tá codanna eile, amhail an ceann ina bpléitear le cistiú, ag brath ar thuilleadh tagairtí agus argóintí a bhfuil bunús leo.
Is cleachtadh iardhearcach freisin í an mheastóireacht, áit a gcuirtear an scéal sa chúpla bliain seo a chuaigh thart i gcomparáid le cás bonnlíne nach bhfuil aon ÚMEanna i bhfeidhm ann. Dá bharr a cineáil, mar sin, ní thugtar an oiread sin airde sa mheastóireacht ar an ngá atá ann le cumhachtaí díreacha breise nua maoirseachta a thabhairt do ÚEUM.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Níl aon bhaint ag an togra seo le cleachtadh REFIT ná le cleachtadh simplithe. Is é aidhm an togra seo feabhas a chur ar chreat na ÚMEanna agus socruithe maoirseachta reatha a neartú. Ba cheart go gcuirfí lena éifeachtaí agus lena éifeachtúla atá maoirseacht ar leibhéal AE mar thoradh ar na hathruithe atá beartaithe ar chumhachtaí, creat rialachais agus córas cistiúcháin na ÚMEanna. Má chuirtear feabhas ar chreat na ÚMEanna, is amhlaidh go gcuirfear feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil agus eacnamaíoch, ar chobhsaíocht airgeadais agus ar shrianadh riosca ag an am céanna. Tá sé sin i gcomhréir le Clár Oibre an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr.
Maidir lena mhéid a láraítear roinnt den obair mhaoirseachta atá ar siúl le ÚEUM ar leibhéal AE, cuirtear deireadh le dúbláil cúraimí i measc údaráis náisiúnta leis an togra seo. Ba cheart go gcruthódh an méid sin barainneachtaí scála ar leibhéal AE agus go laghdódh sé an gá atá ann le hacmhainní tiomnaithe ar leibhéal náisiúnta. A mhéid a bhaineann an scéal le hinstitiúidí airgeadais agus le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, ba cheart go mbainfidís tairbhe go príomha as laghdú ar an ualach riaracháin atá orthu de bharr maoirseoir aonair a thabhairt isteach i réimsí áirithe.
•Cearta bunúsacha
Leis an togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, cuirtear leis an togra seo leis an gcuspóir go dtabharfaí ardleibhéal cosanta don chomhshaol i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Tá cistiú reatha na ÚMEanna ag brath ar ranníocaíocht ghinearálta ó Bhuiséad Ginearálta an Aontais Eorpaigh (40%) agus ar ranníocaíochtaí ó údaráis inniúla náisiúnta (60%). Tá an dáileadh sin beagáinín difriúil i gcás ÚEUM. Tá sé sin amhlaidh toisc go níocann na heintitis a ndéanann ÚEUM maoirseacht dhíreach orthu (amhail gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus stórtha trádála), go níocann siad táillí maoirseachta leis an nGníomhaireacht sin freisin. Athrófar leis an togra seo struchtúr cistiúcháin na ÚMEanna. Beidh buiséad na ÚMEanna ag brath ar thrí fhoinse dhifriúla maoiniúcháin ansin:
·Ranníocaíochtaí bliantúla ó na hinstitiúidí airgeadais a ndéanann na ÚMEanna maoirseacht neamhdhíreach orthu;
·Táillí maoirseachta ó na heintitis a ndéanann na ÚMEanna maoirseacht dhíreach orthu. Tá sé sin ábhartha go háirithe do ÚEUM, toisc go bhforáiltear leis an togra reachtach maidir le cumhachtaí díreacha maoirseachta a aistriú ó na húdaráis inniúla náisiúnta chuig ÚEUM (i gcás cistí AE áirithe, soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, riarthóirí tagarmharcanna áirithe agus réamheolairí áirithe);
·Ranníocaíocht chothromaíochta ón Aontas Eorpach nár mhó ná 40% d’ioncam foriomlán gach gníomhaireachta. Socrófar méid na ranníocaíochta cothromaíochta sin roimh ré sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil.
Mar sin féin, ar mhaithe leis an bhfoinse nua ioncaim do na ÚMEanna (i.e., na ranníocaíochtaí bliantúla ó na hinstitiúidí airgeadais a ndéantar maoirseacht neamhdhíreach orthu) is gá go nglacfadh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena bhforálfaí maidir leis na nithe seo a leanas: (i) méid iomlán na ranníocaíochtaí bliantúla a dháileadh i measc na gcatagóirí difriúla institiúidí airgeadais; agus (ii) critéir oibiachtúla trína ríomhfar an ranníocaíocht bhliantúil aonair a bheidh le híoc ag gach institiúid airgeadais. Le linn na hidirthréimhse (i.e., go dtí go nglacfar an gníomh tarmligthe lena gcinnfear roinnt paraiméadar do na ranníocaíochtaí bliantúla), coinneofar an struchtúr cistiúcháin reatha atá ag brath ar ranníocaíochtaí ón Aontas Eorpach (40 %) agus ó na húdaráis inniúla náisiúnta (60 %) ar bun. Beidh tionchar aige sin ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus ar bhuiséad na núdarás inniúil náisiúnta éagsúil.
Beidh acmhainní nua ag teastáil de bharr na nathruithe atá beartaithe ar struchtúr rialachais, cumhachtaí neamhdhíreacha maoirseachta, córas cistiúcháin agus cumhachtaí díreacha maoirseachta na ÚMEanna. Tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha difriúla den togra, teastóidh 29 nduine, 35 dhuine agus 156 dhuine de bhaill foirne lánaimseartha bhreise ón Údarás Baincéireachta Eorpach, ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus ó ÚEUM faoi seach. Ba cheart a thabhairt faoi deara gurb amhlaidh, i gcás ÚEUM, gur le cúraimí maoirseachta dírí a bhainfidh formhór na gcoibhéisí lánaimseartha breise sin (97 bhfostaí as 156 fhostaí). Chomh maith leis sin, tabhóidh na ÚMEanna costais bhreise TF (a mheastar a bheidh cothrom le EUR 10.2 milliún sa tréimhse 2019-2020) agus costais bhreise aistriúcháin (a mheastar a bheidh cothrom le EUR 1.8 milliún sa tréimhse 2019-2020).
Ba cheart a thabhairt faoi deara go mbeidh aon éilimh bhuiséadacha ó na ÚMEanna faoi réir na sásraí cuntasachta agus iniúchóireachta uile a cuireadh i bhfeidhm sna Rialacháin maidir le ÚMEanna i dtaca lena mbuiséid bhliantúla a ullmhú, a ghlacadh agus a fhorghníomhú go fóill. Ina theannta sin, is iad an Pharlaimint agus an Chomhairle a d’údaródh an cinneadh bliantúil maidir leis an ranníocaíocht chothromaíochta ón Aontas Eorpach leis na ÚMEanna agus maidir le cairt foirne na ÚMEanna (e.g. cinneadh ar an soláthar foirne) go fóill. Bheadh an méid sin faoi réir urscaoileadh ón bParlaimint ar mholadh ón gComhairle.
Mínítear tionchar airgeadais agus buiséadach an togra seo go mion sa ráiteas airgeadais reachtach atá ag gabháil leis an togra seo.
Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an fhaisnéis a thugtar sa ráiteas airgeadais reachtach gan dochar do thogra an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse tar éis 2020, rud a chuirfear i láthair faoi mhí na Bealtaine 2018. Cé go mbeidh an líon foirne a bheidh ag teastáil le haghaidh maoirseacht dhíreach ag brath le himeacht ama ar líon agus méid na rannpháirtithe sna margaí caipitil a ndéanfar maoirseacht orthu a fhorbairt, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go mbeidh an caiteachas faoi seach á chistiú, i bprionsabal, le táillí a bhaileofar ó na rannpháirtithe sin.
Mínítear tionchar airgeadais agus buiséadach an togra seo go mion sa ráiteas airgeadais reachtach atá ag gabháil leis an togra seo.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Athbhreithneofar cur chun feidhme an Rialacháin seo ar dhá bhealach: mar chuid de na hathbhreithnithe rialta a dhéantar ar na ÚMEanna gach trí bliana agus mar chuid de na hathbhreithnithe a dhéantar ar na Rialacháin earnála, i bhformhór na gcásanna, dhá bhliain nó trí bliana tar éis dháta an teacht i bhfeidhm lena mbaineann.
·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
(1)Leasuithe ar na Rialacháin maidir leis na ÚMEanna
De réir an 11ú haithris de Rialacháin ÚMEanna, gníomhaíonn na ÚMEanna d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, go háirithe trí leibhéal ard éifeachtach comhsheasmhach rialála agus maoirseachta a áirithiú.
De réir Airteagal 1(2) de na Rialacháin maidir leis na ÚMEanna, gníomhaíonn na hÚdaráis faoi chuimsiú raon feidhme na ngníomhartha dá dtagraítear sna Rialacháin sin, i.e. i gcomhréir le creat comhréireach a ndéanann reachtóir an Aontais é a shocrú agus a nuashonrú go rialta.
Is in Airteagail 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3 faoi seach den Rialachán atá beartaithe a phléitear le hathruithe ar an Rialachán maidir leis an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an Rialachán maidir leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEAPC) agus an Rialachán maidir leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM).
(a) Cumhachtaí
Baineann na hathruithe a leagtar béim orthu thíos le cumhachtaí ginearálta ÚMEanna a fheabhsaítear leis an togra seo. Is i ranna 2 go 5 a dhéileáltar leis na cumhachtaí nua díreacha maoirseachta a thugtar do ÚEUM.
Réimsí nua gníomhaíochtaí agus dírithe
Liostaítear in Airteagal 1 de na Rialacháin maidir leis na ÚMEanna na gníomhartha a thagann faoi shainchúram na ÚMEanna. Cuirtear Airteagal 1 le chéile ar bhealach a chiallaíonn nach gá a liostú ach gníomhartha a glacadh roimh bhunú na ÚMEanna agus gníomhartha nach bhforáiltear leo maidir le haon chúraimí ar na ÚMEanna. Na gníomhartha go léir a glacadh tar éis theacht i bhfeidhm na Rialachán maidir leis na ÚMEanna, lena náirítear leasuithe agus gníomhartha atá bunaithe ar ionstraimí dlíthiúla a thagann faoi shainchúram na ÚMEanna agus gníomhartha lena bhforáiltear leo maidir le cúraimí ar na ÚMEanna, tagann siad go huathoibríoch faoi shainchúram na ÚMEanna agus, dá bharr sin, ní gá iad a bheith liostaithe in Airteagal 1 chun go dtiocfaidh siad faoi shainchúram na ÚMEanna.
Is mar seo a leanas atá na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh ar Airteagal 1 de gach ceann de na Rialacháin maidir leis na ÚMEanna: tá sé beartaithe Treoir 2008/48 maidir le creidmheas tomhaltais agus Treoir 2014/92 maidir le cuntais íocaíochta a thabhairt faoi raon feidhme Rialachán ÚBE; tá sé beartaithe Treoir 2009/103 maidir le hárachas gluaisteán a thabhairt faoi raon feidhme Rialachán ÚEÁPC; agus Treoir 2013/34 maidir le Cuntasaíocht a thabhairt faoi raon feidhme Rialachán ÚEUM.
Le leasuithe ar Airteagal 4 de Rialachán ÚBE comhlánaítear an liosta sainmhínithe atá le húsáid chun críche na Rialacháin a chur i bhfeidhm. Rud ba shonraí fós, athraítear ina theannta sin an sainmhíniú ar "institiúid airgeadais" chun a áirithiú gur faoi shainchúram ÚBE a thiocfaidh gach eintiteas a chumhdaítear leis an reachtaíocht earnálach ábhartha. Leis an sainmhíniú nua a mholtar ar "údaráis inniúla", áirithítear go gcumhdófar gach maoirseoir agus údarás ábhartha, fiú mura sainmhínítear iad mar "údaráis inniúla" sa reachtaíocht is infheidhme.
Tá sé beartaithe Airteagal 8 de Rialachán ÚEÁPC agus de Rialachán ÚEUM a leasú chun go náireofar iontu an cúram chun lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a fhorbairt agus a choinneáil cothrom le dáta maidir le maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí airgeadais san Aontas ina iomláine. Leis sin, déantar an dá Rialachán a ailíniú le Rialachán ÚBE. Ina theannta sin, tá sé beartaithe, maidir le ÚBE, go gcuirfear de chúram air lámhleabhar réitigh de chuid an Aontais a fhorbairt agus a choinneáil cothrom le dáta maidir le réiteach institiúidí airgeadais san Aontas ina iomláine.
Sonraítear le leasuithe ar Airteagail 8 agus Airteagal 9 de Rialacháin ÚME gur cheart do na ÚMEanna rannchuidiú le cosaint tomhaltóirí a chothú. Beidh oibleagáid ar gach ceann de na trí ÚME freisin an nuálaíocht teicneolaíochta agus tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh le linn dóibh a gcúraimí a dhéanamh. Ina theannta sin, i gcás ÚEÁPC agus ÚEUM, sonraíodh freisin gur cheart dóibh cloí leis na prionsabail um Rialáil Níos Fearr le linn dóibh a gcuid cúraimí a dhéanamh. Leis sin déantar na Rialacháin sin a ailíniú le Rialachán ÚBE. Ar deireadh, luadh gur cheart na nithe seo a leanas a bheith i gceist lena gcuid cúraimí athbhreithnithe téamacha doimhne a dhéanamh ar iompraíocht sa mhargadh, comhthuiscint a fhorbairt ar chleachtais sa mhargadh, fadhbanna féideartha a shainaithint agus a dtionchar a anailísiú, agus táscairí riosca mhiondíola a fhorbairt le haghaidh cúiseanna féideartha dochair don tomhaltóir agus don infheisteoir a shainaithint go prapúil.
An nuálaíocht teicneolaíochta
Ceanglaítear go follasach le hAirteagal 8(1a) ar na ÚMEanna, le linn dóibh a gcuid cúraimí faoi Rialacháin ÚME a dhéanamh, an nuálaíocht teicneolaíochta a chur san áireamh le linn dóibh a gcuid cúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuireann an nuálaíocht teicneolaíochta le rochtain níos fearr agus le tuilleadh áisiúlachta. Laghdaíonn sí costais oibríochtúla agus baic ar iontráil agus ba cheart do na ÚMEanna tacú leis na nuálaíochtaí sin. Chun acmhainn na nuálaíochta teicneolaíochta a bhaint amach, is gá sláine a áirithiú maidir le húsáid sonraí, agus margaí ordúla cothroma a bheith ann, lena áirithiú nach núsáidfear an córas airgeadais chun críocha aindleathacha agus leis an gcibearshlándáil.
Ina theannta sin, neartaítear le leasuithe ar Airteagal 29 de Rialacháin ÚME ról comhordúcháin na ÚMEanna maidir le cead isteach sa mhargadh ag gnólachtaí agus seirbhísí nuálacha, go háirithe trí fhaisnéis a mhalartú idir maoirseoirí náisiúnta agus ÚMEanna.
Imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais
Beidh oibleagáid ar gach ceann de na trí ÚME na rioscaí a bhaineann le himthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh le linn dóibh a gcuid cúraimí a dhéanamh. Leis sin, cuirfear ar chumas na ÚMEanna faireachán a dhéanamh ar an dóigh a ndéanann institiúidí airgeadais sainaithint agus tuairisciú ar na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag baint le himthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais agus cuirfear ar a gcumas freisin aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin, rud a fhágfaidh go mbeidh gníomhaíochtaí margaidh airgeadais ag teacht níos fearr le cuspóirí inbhuanaithe.
Ina theannta sin, féadfaidh na ÚMEanna treoir a thabhairt maidir leis an dóigh ar féidir breithniúcháin inbhuanaitheachta a chorprú go héifeachtach sa reachtaíocht airgeadais ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh siad cur chun feidhme comhleanúnach na bhforálacha sin a chur chun cinn tar éis a nglactha.
Treoirlínte agus Moltaí
Cé gur léiríodh cheana féin gur uirlis thábhachtach rathúil cóineasaithe maoirseachta í an chumhacht chun treoirlínte agus moltaí a fhorbairt, leag geallsealbhóirí béim ar an ngá atá ann leis an méid sin a choinneáil faoi shainchúram inniúlachta na ÚMEanna agus lena áirithiú go ndéanfar measúnú iomlán ar chostais agus tairbhí le linn ionstraimí den sórt sin a fhorbairt. Tá sé intuigthe ó na leasuithe ar Airteagal 16 de Rialacháin ÚME nach mór anailísí costais is tairbhe a dhéanamh mar ghnáthnós imeachta. Féachtar leis na leasuithe freisin lena áirithiú go dtabharfar tuairim don Choimisiún i gcás ina measfaidh tromlach na mball de Ghrúpaí Geallsealbhóirí ÚME lena mbaineann gur sháraigh na ÚMEanna a gcuid inniúlachtaí le linn dó treoirlínte nó moltaí a eisiúint. I gcás den sórt sin, measúnóidh an Coimisiún raon feidhme na dtreoirlínte agus féadfaidh sé ceangal a chur ar an ÚME ábhartha na treoirlínte lena mbaineann a tharraingt siar.
De bhreis air sin, foráiltear leis na leasuithe sna hAirteagail sin go mbeidh na ÚMEanna in ann treoirlínte a sheoladh chuig na húdaráis sin nach sainmhínítear iad mar údaráis inniúla faoi na Rialacháin ÚME ach a bhfuil de chumhacht acu cur i bhfeidhm na reachtaíochta faoi shainchúram ÚMEanna a áirithiú ar mhaithe le cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur ar bun laistigh den Chóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais (CEMA).
Sárú ar dhlí an Aontais
Tá sé molta ag an gCoimisiún leasuithe a dhéanamh ar Airteagal 17 de Rialacháin ÚME freisin i dtaca le sáruithe ar dhlí an Aontais. Chun gur cumhacht éifeachtach í cumhacht na ÚMEanna sáruithe ar an dlí a shaothrú, léiríodh go bhfuil sé riachtanach rochtain a bheith ag ÚMEanna ar an bhfaisnéis ábhartha ar fad. Áirithítear leis na leasuithe gurb amhlaidh, i gcás imscrúduithe ar sháruithe ar dhlí an Aontais Eorpaigh, go mbeidh na ÚMEanna in ann iarraidh ar fhaisnéis a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí a dhíriú go díreach chuig údaráis inniúla eile nó chuig institiúidí airgeadais ábhartha/rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh airgeadais. I gcás ina gcinnfidh na ÚMEanna faisnéis a iarraidh go díreach ón institiúid airgeadais ábhartha/ón rannpháirtí ábhartha sa mhargadh airgeadais, cuirfear an méid sin in iúl don údarás inniúil náisiúnta agus cabhróidh sé le ÚMEanna an fhaisnéis arna hiarraidh a bhailiú. Ina theannta sin, ba cheart béim a leagan ar an bhfíric go mbeidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as déileáil le sáruithe ar an dlí (féach thíos), rud a chuirfidh arís eile le héifeachtacht na huirlise sin.
Réiteach easaontas
Tá sé beartaithe leasuithe a dhéanamh ar Airteagal 19 de Rialacháin ÚME i dtaca le heasaontais idir údaráis inniúla a réiteach. Is é an cuspóir atá leo a áirithiú gurb amhlaidh, i gcás inarb ann d’easaontais den sórt sin, go mbeidh na ÚMEanna in ann gníomhú agus idirghabháil a dhéanamh ar bhealach cinntitheach. Soiléirítear leis na leasuithe gur féidir réiteach na neasaontas idir na húdaráis inniúla i gcásanna trasteorann a thosú ar thionscnamh na ÚMEanna féin freisin i gcás inar féidir easaontas idir údaráis inniúla a dhéanamh amach ar bhonn critéir oibiachtúla. Sa chás deireanach sin, measfar go bhfuil easaontas ann i gcás ina gceanglaítear leis an reachtaíocht faoi shainchúram an ÚME go ndéanfar cinneadh comhpháirteach agus gurb amhlaidh nach ndéanfar an cinneadh sin laistigh den tréimhse ama a leagtar síos sa reachtaíocht ábhartha. Sa chomhthéacs sin, cuirtear leis na leasuithe oibleagáid ar údaráis inniúla fógra a thabhairt do na ÚMEanna i gcás nár thángthas ar chomhaontú. Ina theannta sin, beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as réiteach díospóide (féach thíos) lena gcuirfear le héifeachtacht na huirlise sin.
Cóineasú agus comhordú maoirseachta
Sonraítear le leasuithe ar Airteagal 29 de Rialachán ÚEAPC agus de Rialachán ÚEUM gur cheart don dá ÚME sin lámhleabhar maoirseachta a fhorbairt agus a choinneáil cothrom le dáta chun cultúr comhchoiteann maoirseachta a chothú tuilleadh idir údaráis mhaoirseachta. Tá an méid sin bunaithe ar na cumhachtaí atá ag ÚBE cheana féin. I réimse na baincéireachta, sonraítear le leasuithe gur cheart do ÚBE lámhleabhar den chineál céanna a fhorbairt i réimse an réitigh.
Faoi Airteagal 29a nua atá beartaithe, tugtar cumhachtaí ginearálta breise comhordúcháin do na ÚMEanna chun cóineasú na maoirseachta laethúla ag gach údarás inniúil a chur chun cinn ar bhealach níos suntasaí agus níos éifeachtúla ar fud an Aontais Eorpaigh. Ceanglófar ar na ÚMEanna tosaíochtaí ar fud an Aontais Eorpaigh a shocrú le haghaidh maoirseachta trí ‘Phlean Maoirseachta Straitéiseach’ a fhorbairt lena measúnófar gach údarás inniúil. Ceanglófar ar údaráis inniúla cláir oibre bhliantúla a dhréachtú ar aon dul leis an bPlean Straitéiseach. Leis sin, cuirfear ar chumas na dtrí ÚME cóineasú a áirithiú maidir le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí airgeadais atá gníomhach go príomha i mBallstáit nach iad na Ballstáit sin ina bhfuil siad bunaithe agus ina ndéantar maoirseacht orthu; beidh an-tábhacht ag baint leis sin do ÚEÁPC.
Leasaítear leis an togra seo freisin Airteagal 30 de na Rialacháin ÚME mar atá sé faoi láthair i dtaca le hathbhreithnithe piaraí. Chun breisluach na nathbhreithnithe sin a mhéadú agus chun neamhchlaontacht a áirithiú, ní bheidh na hathbhreithnithe sin ina nathbhreithnithe "piaraí" a thuilleadh ach ina ionad sin, beidh siad ina nathbhreithnithe "neamhspleácha" a mbeidh an Bord Feidhmiúcháin nua freagrach astu. Táirgfidh na ÚMEanna tuarascáil ina leagfar amach torthaí an athbhreithnithe agus déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall aon treoirlínte agus moltaí a chomhlíonadh a d’fhéadfadh na ÚMEanna a ghlacadh mar bhearta leantacha ar an athbhreithniú piaraí.
Tá Airteagal 31a nua sa togra seo arb é is aidhm dó feidhm comhordúcháin na ÚMEanna a neartú chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla maoirseacht éifeachtach ar shocruithe seachfhoinsithe, tarmligin agus aistrithe riosca i dtríú tíortha. Bíonn éagsúlacht ann sna cleachtais mhaoirseachta atá i bhfeidhm sna Ballstáit dhifriúla. Déanfaidh na ÚMEanna faireachán ar na socruithe sin ar bhonn ex ante agus ar bhonn leanúnach araon.
Ról comhordúcháin do ÚEUM i dtaca le himscrúduithe ar dhrochúsáid mhargaidh
I gcás ina dtugann oibreoirí faoi ghníomhaíochtaí a thagann faoi shainchúram ÚEUM agus a bhfuil gné láidir thrasteorann acu, is féidir go mbeidh ÚEUM ar an gcomhlacht is oiriúnaí d’imscrúduithe a thionscnamh agus a chomhordú ina leith. Le hAirteagal 31b nua atá beartaithe, tugtar ról comhordúcháin feabhsaithe do ÚEUM maidir le húdaráis inniúla a mholadh le haghaidh imscrúduithe a thionscnamh agus an malartú faisnéise atá ábhartha do na himscrúduithe sin a éascú. Is féidir leis an méid sin a dhéanamh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha aige chun drochamhras a bheith air go bhfuil gníomhaíocht lena mbaineann éifeachtaí suntasacha trasteorann ar siúl, ar gníomhaíocht í a chuireann feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht airgeadais an Aontais i gcontúirt. Chun na críche sin, coimeádfaidh ÚEUM saoráid stórála sonraí chun an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhailiú ó údaráis inniúla agus í a scaipeadh orthu.
Tástáil struis
Baintear dhá rud amach le leasuithe ar Airteagal 32 de Rialacháin ÚME. Ar an gcéad dul síos, déantar Rialachán ÚEAPC agus Rialachán ÚEUM a ailíniú le Rialachán ÚBE i ndáil le tástáil struis. Ar an dara dul síos, foráiltear leis an togra seo maidir le torthaí na ninstitiúidí airgeadais aonair nó na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a fhoilsiú chun a áirithiú go mbeidh trédhearcacht ann maidir leis na tástálacha struis. Soiléirítear leis freisin nach mbeidh de thoradh ar na hoibleagáidí um rúndacht ghairmiúil atá ar údaráis inniúla go gcuirfear cosc orthu torthaí na dtástálacha struis a thabhairt do na ÚMEanna lena bhfoilsiú. Tá feidhm ag an dara leasú maidir le gach ceann de na trí ÚME. De bhreis air sin, chun rannchuidiú le cinntí a dhéanamh maidir le tástálacha struis ar bhealach ina dtugtar aird iomlán ar an margadh aonair, tá sé beartaithe na cinntí sin a chur de chúram ar an mBord Feidhmiúcháin nua i ngach ceann de na trí ÚME , lena náirítear na modheolaíochtaí agus na cineálacha cur chuige i leith torthaí na dtástálacha struis a chur in iúl.
Coibhéis tríú tír
Is uirlis thábhachtach í coibhéis tríú tír maidir le comhtháthú margaí idirnáisiúnta a éascú agus maoirseacht éifeachtach a áirithiú ag an am céanna (féach an doiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún maidir le cinntí coibhéise sa bheartas um sheirbhísí airgeadais). Deimhnítear le leasuithe ar Airteagal 33 de Rialacháin ÚME go gcuideoidh na ÚMEanna leis an gCoimisiún cinneadh coibhéise a ullmhú arna iarraidh sin ag an gCoimisiún. A luaithe a dhéantar cinntí den sórt sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfear in oiriúint iad d’fhorbairtí nua. Dá bhrí sin, cuirtear leis na leasuithe sin de chúram ar na ÚMEanna ina theannta sin faireachán leanúnach a dhéanamh ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta agus cleachtais forfheidhmithe i dtríú tíortha a ndearna an Coimisiún cinneadh coibhéise maidir leo agus ní mór dóibh tuarascáil rúnda ar a gcuid torthaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain freisin. Chun na críche sin, forbróidh na ÚMEanna socruithe riaracháin le tríú tíortha freisin.
Bailiú faisnéise
Is é rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha ar fad an bonn lena bhféadfaidh ÚMEanna a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach. Is gnách gurb iad na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta is gaire do na margaí agus institiúidí airgeadais, gurb iad sin na húdaráis a chuireann an fhaisnéis ar fáil ach mar rogha dheiridh, áfach, féadfaidh na ÚMEanna iarrataí ar fhaisnéis a dhíriú go díreach chuig institiúid airgeadais nó rannpháirtí sa mhargadh. Mar shampla, i gcás nach ndéanann údarás inniúil náisiúnta faisnéis den sórt sin a sholáthar go tráthúil nó nach féidir leis an fhaisnéis sin a sholáthar. Tá sé cuí a áirithiú go mbeidh na ÚMEanna in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu le haghaidh a gcuid cúraimí a dhéanamh. Dá bhrí sin, cruthaítear leis an togra seo sásra le haghaidh neartú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú éifeachtach an chirt atá ag na ÚMEanna chun faisnéis a bhailiú (féach Airteagail 35 go 35h de Rialacháin ÚME). Beidh ag ÚMEanna na modhanna a theastaíonn uathu chun a áirithiú go gcomhlíonfar iarraidh nó cinneadh ar fhaisnéis a chur isteach. Leis na leasuithe, cuirtear de chúram ar na ÚMEanna fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha de chineál riaracháin a ghearradh, faoi athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais agus faoi réir an chirt chun éisteachta atá ag an eintiteas, i gcás ina mainníonn institiúid airgeadais agus/nó rannpháirtí sa mhargadh airgeadais faisnéis leordhóthanach a sholáthar.
Samhlacha inmheánacha san earnáil árachais
Le hAirteagal 21a nua de Rialachán ÚEAPC atá beartaithe, neartaítear ról ÚEAPC chun a áirithiú go mbeidh cóineasú maoirseachta ann ar shamhlacha inmheánacha. D’fhéadfadh éagsúlachtaí teacht chun cinn as difríochtaí sa dóigh a ndéantar maoirseacht ar shamhlacha inmheánacha agus iad a cheadú agus lagaítear cothroime iomaíochta de bharr na ndifríochtaí sin freisin. Beidh ÚEAPC in ann an fhaisnéis ábhartha ar fad a fháil go tráthúil ar a iarraidh sin dó agus beidh sé in ann tuairimí a eisiúint chuig na húdaráis inniúla ábhartha. I gcás ina bhfuil easaontais ann idir údaráis inniúla i dtaca le samhlacha inmheánacha na ngrúpaí, beidh ÚEAPC in ann cuidiú leis na húdaráis teacht ar chomhaontú faoi Airteagal 19 den Rialachán Bunaidh, bíodh sé ar a thionscnamh féin, arna iarraidh ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla nó, i gcúinsí áirithe arna iarraidh sin ag an ngrúpa lena mbaineann.
Forálacha eile
Le leasuithe ar Airteagal 37 de Rialacháin ÚME, neartaítear an ról comhairleach atá ag Grúpaí Geallsealbhóirí ÚMEanna agus beidh tuairimí agus comhairle na nGrúpaí sin ríthábhachtach d’obair laethúil ÚMEanna. I gcás nach féidir leis na baill den Ghrúpa Geallsealbhóirí teacht ar thuairim choiteann ná ar chomhairle choiteann, féadfaidh na baill atá ag déanamh ionadaíocht ar ghrúpa geallsealbhóirí amháin tuairim nó comhairle ar leith a chur isteach.
Sonraítear le leasuithe ar Airteagal 39 de Rialachán ÚME go ndéanfar cinntí na ÚMEanna a phoibliú mar aon le hachoimre ar an gcinneadh ina dtugtar ina leagtar amach achoimre ar na cúiseanna leis an gcinneadh, seachas i gcás cinntí imscrúdaithe a dhéantar mar thoradh ar mhainneachtain faisnéis leordhóthanach a chur isteach i dtaca le hiarraidh ar fhaisnéis.
(b)Rialachas
Foráiltear leis an togra seo do struchtúr rialachais níos éifeachtaí do na ÚMEanna trí Bhord Feidhmiúcháin neamhspleách a bhfuil comhaltaí lánaimseartha aige a thabhairt isteach, an Bord Bainistíochta reatha a ionadú (Airteagal 45 agus Airteagal 47 de Rialacháin ÚME) agus comhdhéanamh an Bhoird Mhaoirseoirí a choigeartú (Airteagail 40 de Rialacháin ÚME). Soiléirítear leis an togra seo inniúlachtaí an dá bhord sin faoi seach (Airteagal 43 agus Airteagal 47). Ina theannta sin, feabhsófar stádas agus cumhachtaí an Chathaoirligh (Airteagal 48).
An Bord Feidhmiúcháin
Beidh sé mar phríomhfheidhm ag an mBord Feidhmiúcháin cinntí atá le déanamh ag an mBord Maoirseoirí a ullmhú. Ba cheart go náiritheofaí leis sin go ndéanfaí cinntí ar bhealach níos tapa agus níos cuíchóirithe laistigh den Bhord Maoirseoirí. Cabhróidh an méid sin le cur chuige atá níos dírithe ar an Aontas Eorpach a ghlacadh sa chinnteoireacht. Chun an staid ar leith san earnáil baincéireachta a léiriú, i gcás ina a nglacann an chuid is mó de na Ballstáit páirt san Aontas Baincéireachta, ceanglaítear go follasach go mbeidh Bord Feidhmiúcháin ÚBE cothromaithe agus comhréireach agus go mbeidh sé ina léiriú ar an Aontas ina iomláine.
Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta den Chathaoirleach agus de chomhaltaí lánaimseartha. Beidh an líon comhaltaí lánaimseartha difriúil i gcás ÚEUM ar thaobh amháin agus i gcás ÚBE agus ÚEAPC ar an taobh eile toisc gur mó go mór an líon cúraimí breise a leagfar ar ÚEUM leis an togra seo ná an líon a leagfar ar an dá ÚME eile. Ceapfar na comhaltaí lánaimseartha ar bhonn glao oscailte ar iarrthóirí a neagróidh an Coimisiún é. Cuirfidh an Coimisiún na hiarrthóirí ar ghearrliosta agus cuirfidh sé an liosta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis dó an gearrliosta a fhormheas, ceapfaidh an Chomhairle na comhaltaí lánaimseartha trí bhíthin cinnidh. Tá an nós imeachta um briseadh ag teacht leis an nós imeachta um cheapadh agus fágtar faoin gComhairle an cinneadh deiridh a dhéanamh ina leith sin. Glacfaidh duine amháin de na comhaltaí buana cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin reatha, a gcuirfear deireadh lena phost sonrach.
Coimeádfaidh an Bord Feidhmiúcháin ról an Bhoird Bhainistíochta i dtaca le cláir oibre agus buiséad na ÚMEanna a ullmhú.
Tabharfar cumhachtaí cinnteoireachta i roinnt réimsí don Bhord Feidhmiúcháin. Mar shampla, maidir le húdaráis inniúla aonair i dtaca le hábhair áirithe de chineál neamhrialála amhail ábhair a bhaineann le réitigh dhíospóide, sáruithe ar dhlí an Aontais agus athbhreithnithe neamhspleácha. Ba cheart go náiritheofaí leis sin go ndéanfar cinntí atá éifeachtach, neamhchlaonta agus dírithe ar an Aontas Eorpach. Beidh an Bord Feidhmiúcháin i gceannas freisin ar thosaíochtaí maoirseachta d’údaráis inniúla a leagan amach "i bPlean Maoirseachta Straitéiseach" nua. Seiceálfaidh sé an méid atá cláir oibre na núdarás inniúil ag teacht le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus athbhreithneoidh sé cur chun feidhme na gclár oibre sin. Ina theannta sin, beidh an Bord Feidhmiúcháin i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar shocruithe tarmligin, seachfhoinsithe agus aistrithe riosca chuig tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar rioscaí nádúrtha. Déanfaidh sé cinneadh ar thástálacha struis agus ar chineálacha cur chuige i leith torthaí na dtástálacha struis a chur in iúl. Ar deireadh, beidh an Bord Feidhmiúcháin i gceannas ar chinntí i dtaca le hiarrataí ar fhaisnéis. Beidh vóta amháin an duine ag na comhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin agus beidh vóta réitigh ag an gCathaoirleach. Leagtar cúraimí an Bhoird Feidhmiúcháin amach sa leagan d’Airteagal 47 atá beartaithe.
Leis na leasuithe, cuirtear tagairt don Bhord Feidhmiúcháin in ionad na tagartha don Bhord Bainistíochta. De bhreis air sin, scriosfar an tagairt do phost an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Glacfaidh duine de chomhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin a chuid freagrachtaí.
An Bord Maoirseoirí
Leanfaidh an Bord Maoirseoirí de bheith ar phríomhchomhlacht na ÚMEanna agus beidh sé i gceannas ar a dtreoir agus a gcinnteoireacht fhoriomlán. Mar sin féin, athraítear comhdhéanamh an Bhoird Mhaoirseoirí le leasuithe a bheartaítear ar Airteagal 40 chun go náireofar comhaltaí lánaimseartha ann, cé nach mbeidh cearta vótála acu. Áirithítear leis na leasuithe freisin gurb ann d'údaráis chosanta tomhaltóirí i gcás inarb iomchuí.
Beidh vóta amháin ag gach comhalta vótála den Bhord Maoirseoirí. Ós rud é gurb é an Bord Feidhmiúcháin a dhéanfaidh cinntí ar chúraimí áirithe de chineál neamhrialála (réitigh dhíospóide, sáruithe ar dhlí an Aontais agus athbhreithnithe neamhspleácha), leasaítear na rialacha reatha maidir le cinnteoireacht.
D’ainneoin go laghdófar líon agus ualach na mBallstát nach bhfuil páirteach san Aontas Baincéireachta de bharr imeacht na Ríochta Aontaithe sa todhchaí agus go bhféadfadh go rachadh Ballstáit eile isteach san Aontas Baincéireachta, tá sé beartaithe an córas vótála tromlaigh dhúbailte do bhearta agus cinntí arna nglacadh ag Bord Maoirseoirí ÚBE a choinneáil i bhfeidhm, córas a tugadh isteach sa bhliain 2013 mar chuid de phacáiste an "Aontais Bhaincéireachta" mar chosaint chun a áirithiú go léireofaí i gcinntí ÚBE staid shonrach na mBallstát atá páirteach san Aontas Baincéireachta agus staid shonrach na mBallstát eile. Dá bhrí sin, leanfaidh an Bord Maoirseoirí de chinntí a dhéanamh bunaithe ar thromlach cáilithe dá chuid comhaltaí. Ba cheart tromlach simplí d’údaráis inniúla náisiúnta atá páirteach san Aontas Baincéireachta agus tromlach simplí d’údaráis inniúla náisiúnta nach bhfuil páirteach san Aontas Baincéireachta a bheith ar áireamh ann ar a laghad.
Mar sin féin, cruthaítear an iomarca ualaí ar chinnteoireacht in ÚBE leis an gcóras reatha mar nach féidir cinntí a dhéanamh i gcásanna nach measann aon tromlach de Bhallstáit neamh-rannpháirteacha go bhfuil an vóta sách tábhachtach chun freastal air. Chun a áirithiú go mbeidh ÚBE in ann leanúint de chinntí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus é ag cloí leis na cosaintí do Bhallstáit neamh-rannpháirteacha fad is go bhfuil siad i láthair ag an vóta, ba cheart na rialacha vótála reatha a mhionathrú chun a áirithiú nach mbeadh sé riachtanach vótaí a chur siar i gcás neamhláithreachtaí. Toradh eile air sin is ea go gcruthófar dreasachtaí soiléire d’údaráis inniúla náisiúnta le bheith i láthair ag cruinnithe ÚBE agus, tríd sin, go mbeidh tuilleadh dlisteanachta ann do chinntí a dhéanfar sna cruinnithe. Dá bhrí sin, soiléirítear leis an leasú go mbeadh gá le tacaíocht do chinneadh ó thromlach simplí de na húdaráis inniúla náisiúnta ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha atá i láthair ag an vóta agus ó thromlach simplí d’údaráis inniúla náisiúnta ó Bhallstáit rannpháirteacha atá i láthair ag an vóta.
Roinnt inniúlachtaí idir an dá Bhord
Soiléirítear le leasuithe ar Airteagal 43 agus Airteagail 47 de Rialacháin ÚME an bunphrionsabal um roinnt inniúlachtaí idir an Bord Maoirseoirí agus an Bord Feidhmiúcháin. Tá an Bord Maoirseoirí i gceannas ar gach cinneadh dá dtagraítear sa Rialachán, seachas mar a fhoráiltear dá mhalairt (féach thuas i dtaca leis an mBord Feidhmiúcháin). I gcásanna ina bhfeidhmeoidh ÚEUM cumhachtaí a bhaineann le maoirseacht dhíreach, ní bheidh a Bhord Maoirseoirí in ann diúltú do thogra le haghaidh cinneadh ón mBord Feidhmiúcháin ach trí thromlach dhá thrian. I gcás den sórt sin, ní mór don Bhord Feidhmiúcháin an dréacht a athbhreithniú (leasuithe ar Airteagal 44 de Rialachán ).
Bainfear den Bhord Maoirseoirí an túdarás araíonachta atá aige ar an gCathaoirleach mar nach mbeidh an Bord inniúil chun é a cheapadh (féach thíos).
Le leasuithe ar Airteagal 41 agus le hAirteagal 45b nua, ceadaítear don Bhord Maoirseoirí agus don Bhord Feidhmiúcháin araon coistí inmheánacha a bhunú le haghaidh cúraimí sonracha. Cuirtear deireadh le painéil a bhunú.
An Cathaoirleach
Ionadaí tábhachtach de chuid ÚME is ea an Cathaoirleach. Dá bhrí sin, feabhsófar stádas agus cumhachtaí an Chathaoirligh chun a údarás reachtúil a mhéadú.
Soiléirítear an nós imeachta ceapacháin don Chathaoirleach le leasuithe ar Airteagal 48 de Rialacháin ÚME. Ceapfar é ar bhonn glao oscailte ar iarrthóirí a neagróidh an Coimisiún é. Cuirfidh an Coimisiún na hiarrthóirí ar ghearrliosta agus cuirfidh sé an liosta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an gearrliosta a cheadú, ceapfaidh an Chomhairle na comhaltaí lánaimseartha le cinneadh a dhéanfar trí bhíthin tromlach cáilithe. Tá an nós imeachta um briseadh ag teacht leis an nós imeachta um cheapadh agus fágtar faoin gComhairle an cinneadh deiridh a dhéanamh ina leith sin. Ba cheart go méadófaí dlisteanacht agus údarás an Chathaoirligh leis sin. Tabharfar vóta réitigh sa Bhord Feidhmiúcháin freisin don Chathaoirleach.
Forálacha eile
Leathnaíodh sainchúram gníomhaíochta an Chomhchoiste chun go náireofar leis saincheisteanna cosanta tomhaltóirí agus infheisteoirí trí leasuithe a dhéanamh ar Airteagal 54 de Rialacháin ÚME.
(c)Forálacha airgeadais
Chun a áirithiú go bhfuil córas cistiúcháin na ÚMEanna inbhuanaithe agus go bhfuil sé ag teacht leis na cúraimí a chomhlíonann siad agus atáthar ag súil go gcomhlíonfaidh siad sa todhchaí agus chun a áirithiú go nascfar leis an gcóras cistiúcháin na táillí agus na ranníocaíochtaí le gníomhaíochtaí na ÚMEanna ar bhealach comhréireach, tá sé beartaithe an córas cistiúcháin reatha a athbhreithniú. Leis an gcóras atá beartaithe coinnítear an ghné cistiúcháin phoiblí a sholáthraíonn an tAontas Eorpach faoi láthair agus comhcheanglaítear an ghné sin agus ranníocaíochtaí ón tionscal intíre agus ó rannpháirtithe eile sa mhargadh, agus cuirtear iad in ionad na ranníocaíochtaí reatha ó na húdaráis inniúla náisiúnta. Leis an mbunús dlí chun na ÚMEanna a bhunú (Airteagal 114 CFAE), féadtar an córas cistiúcháin a leasú agus ranníocaíochtaí ón tionscal a bhailiú.
Chuirfí deireadh leis an dáileadh socraithe reatha idir ranníocaíochtaí ó Bhuiséad Ginearálta an Aontais Eorpaigh agus ranníocaíochtaí ó údaráis inniúla náisiúnta (40 %/60 %).
Foráiltear leis na leasuithe go bhfaighfear ioncam na ÚMEanna ó thrí fhoinse phríomha anois:
Sainítear leis na leasuithe ar Airteagal 62 ranníocaíocht comhardaithe ón Aontas. Cumhdófar suas go dtí 40 % de bhuiséad bliantúil na ÚMEanna leis an ranníocaíocht bhliantúil uasta ón Aontas Eorpach atá beartaithe, mar a shocrófar roimh ré sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil. Agus an méid sin á dhéanamh, tabharfar aird ar shrianta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Toradh eile air sin is ea go gcuirfear deireadh leis an dáileadh socraithe a chuirtear i bhfeidhm faoi láthair (40 %/60 %), rud a fhéadann teorainn a chur le cumas na ÚMEanna a bhfoinsí eile ioncaim a mhéadú. Sa mhéid sin, ba cheart do na ÚMEanna, le haghaidh ullmhú gach Creata Airgeadais Ilbhliantúil ina dhiaidh sin, réamh-mheastachán meántéarmach (lena gcumhdaítear 5 bliana ar a laghad) a sholáthar don Choimisiún ar a riachtanais bhuiséadacha réamh-mheasta, bunaithe ar na modheolaíochtaí a úsáideann siad le haghaidh a dtograí buiséadacha bliantúla a ullmhú.
Ar an dara dul síos, tá foinse nua ioncaim ón earnáil phríobháideach curtha leis: ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais. Tiocfaidh an fhoinse ioncaim sin in áit na ranníocaíochtaí éigeantacha a dhéanann na húdaráis inniúla náisiúnta le buiséad ÚMEanna faoi láthair. Is iad na hinstitiúidí airgeadais a ndéanann na ÚMEanna maoirseacht indíreach orthu agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 1(2) de na Rialacháin Bhunaidh a íocfaidh na ranníocaíochtaí bliantúla. Foráiltear leis na leasuithe gur cheart méid na ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais a bheith bunaithe ar an ualach oibre measta a bhfuil sé beartaithe ag an Údarás é a chur i gcrích do gach catagóir de rannpháirtithe sa mhargadh faoi na Rialacháin Bhunaidh agus faoin reachtaíocht earnálach. Tugtar le fios sna leasuithe gurb iad údaráis náisiúnta atá ainmnithe ag na Ballstáit na húdaráis a bhaileoidh na ranníocaíochtaí bliantúla sin. Foráiltear leis na leasuithe freisin do ghníomh tarmligthe lena mbunófar an dóigh a gcomhroinnfear méid iomlán na ranníocaíochtaí bliantúla i measc na gcatagóirí difriúla d’institiúidí airgeadais, rud a bheidh bunaithe ar an ngníomhaíocht a bheidh ag teastáil ó gach catagóir díobh. I gcás gach catagóire d’institiúidí airgeadais, bunófar leis an ngníomh tarmligthe freisin critéir iomchuí oibiachtúla chun an ranníocaíocht bhliantúil iarbhír a bheidh le híoc a ríomh. Ba cheart na critéir sin a bhunú ar mhéid na ninstitiúidí airgeadais chun a thábhachtaí atá siad sa mhargadh a léiriú. Ar deireadh, bunófar leis an ngníomh tarmligthe tairseacha de minimis nach níocfaidh institiúidí airgeadais beaga ranníocaíochtaí airgeadais faoina mbun, nó leagfar ranníocaíochtaí íosta síos leis.
Ar an tríú dul síos, ní dhéantar leis na trí Rialachán aon athrú ar na forálacha reatha lena gcumasaítear do na trí ÚME táillí a fháil ó eintitis atá faoi réir maoirseacht dhíreach. Tá an-tábhacht ag baint leis an bhforáil sin do ÚEUM.
Faoin sásra nua cistiúcháin sin, ní ghearrfar táille ar eintitis dhá uair as an aon seirbhís amháin. Cé go níocfaidh na heintitis a ndéanann na ÚMEanna maoirseacht dhíreach orthu táillí maoirseachta dá bhforáiltear sa reachtaíocht earnálach, íocfaidh na hinstitiúidí airgeadais eile ranníocaíocht airgeadais (más údaráis iad a ndéanann údaráis inniúla náisiúnta maoirseacht dhíreach orthu agus a ndéanann na ÚMEanna maoirseacht indíreach orthu).
Foráiltear leis na leasuithe freisin do dhá fhoinse chomhlántacha ioncaim. Tugtar isteach leis na leasuithe an fhéidearthacht go bhfaighfí ranníocaíochtaí airgeadais deonacha ó na Ballstáit agus ó bhreathnóirí, ar choinníoll nach gcuirfí as do neamhspleáchas ná neamhchlaontacht na ÚMEanna le ranníocaíochtaí den sórt sin. Is féidir na ranníocaíochtaí deonacha sin a úsáid, mar shampla, chun tarmligean cúraimí agus freagrachtaí ó údaráis inniúla náisiúnta chuig na ÚMEanna a mhaoiniú. Tugtar isteach leis na leasuithe freisin an fhéidearthacht go mbaileodh ÚMEanna táillí i leith foilseachán, oiliúna agus aon seirbhísí eile arna niarraidh ag údaráis inniúla náisiúnta.
(d)Forálacha Ginearálta
Le leasuithe ar Airteagal 70 de Rialacháin ÚME, leathnaítear an oibleagáid um rúndacht ghairmiúil chuig daoine nach baill foirne de chuid na nÚdarás iad (i.e., daoine aonair a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go hindíreach, go buan nó go hócáideach, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena náirítear oifigigh agus daoine eile a ndéanann an Bord Feidhmiúcháin agus an Bord Maoirseoirí iad a údarú nó a ndéanann na húdaráis inniúla iad a cheapadh chun na críche sin). Beidh feidhm ag na ceanglais chéanna um rúndacht ghairmiúil freisin maidir le breathnóirí a fhreastalaíonn ar chruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseoirí agus a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis. Ba cheart go náiritheofaí leis an leasú sin go gcumhdófaí le rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil na daoine sin nach gcumhdaítear faoi láthair leis na hoibleagáidí um rúndacht ghairmiúil a leagtar amach in Airteagal 70 de Rialacháin ÚME agus a ghlacann páirt i gcruinnithe de chuid bord, meithleacha, fochoistí, painéal agus líonraí saineolaithe.
Ceanglaítear le Rialacháin (CE) Uimh. 1093/2010, 1094/2010 agus 1095/2010, agus le reachtaíocht earnálach um sheirbhísí airgeadais, go lorgóidh ÚMEanna socruithe éifeachtacha riaracháin a bhaineann le malartú faisnéise le maoirseoirí tríú tír. An gá atá ann le comhar agus malartú faisnéise atá éifeachtach, ba cheart go mbeadh sé níos géire fós nuair a ghlacfaidh roinnt de na ÚMEanna, de bhun an Rialacháin leasaithigh seo freagrachtaí breise níos leithne i ndáil le maoirseacht a dhéanamh ar eintitis agus gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas Eorpach. I gcás, sa chomhthéacs sin, ina bpróiseálfaidh na ÚMEanna sonraí pearsanta, lena náirítear trí shonraí den sórt sin a aistriú lasmuigh den Aontas, beidh siad faoi cheangal ag ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 2018/XXX (an Rialachán maidir le Cosaint Sonraí d’Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh). In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó in éagmais coimircí cuí atá cosúil leo sin dá bhforáiltear i socruithe riaracháin de réir bhrí Airteagal 49(3) den Rialachán maidir le Cosaint Sonraí d’Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh, féadfaidh na ÚMEanna sonraí pearsanta a mhalartú le húdaráis tríú tír i gcomhréir leis an maolú leasa phoiblí a leagtar amach in Airteagal 51(1)(d) den Rialachán sin agus faoi choinníollacha an mhaolaithe sin. Tá feidhm ag an Airteagal sin go háirithe maidir le cásanna malartaithe sonraí idirnáisiúnta idir údaráis mhaoirseachta airgeadais.
(2)Déileáltar in Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 7 faoi seach le hathruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 (EuVECA), Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 (EuSEF) agus Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 (ELTIF).
Ba le Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (EuVECA) agus le Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (EuSEF) a tugadh isteach struchtúir chistí speisialaithe chun é a dhéanamh níos fusa do rannpháirtithe sa mhargadh caipiteal a thiomsú agus a infheistiú i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide nuálacha agus gnóthais shóisialta nuálacha ar fud na hEorpa. Leagadh síos leo ceanglais agus coinníollacha aonfhoirmeacha i dtaca le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta ar mian leo na sonrúcháin ‘EuVECA’ nó ‘EuSEF’ a úsáid i ndáil le cistí caipitil fiontair cáilitheacha nó cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú. Ba le Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha a tugadh modh eile cistiúcháin isteach darb ainm ‘ELTIF’, lena ndírítear ar infheistíochtaí san fhíorgheilleagar, amhail tionscadail bhonneagair, agus lena gcuirtear béim mhéadaithe ar infheistiú níos fadtéarmaí. Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 na ceanglais aonfhoirmeacha nach mór do chistí fadtéarmacha a chomhlíonadh chun go núdarófar mar ‘ELTIF’ iad.
Is cistí comhinfheistíochta comhchuibhithe iad EuVECA, EuSEF agus ELTIF. Rialaítear le Rialachán (AE) Uimh. 345/2013, Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 infheistíochtaí cáilitheacha, gnóthais phunainne cháilitheacha, rialacha comhchruinnithe agus infheisteoirí incháilithe. Sainítear na cumhachtaí maoirseachta sna rialacha freisin, lena náirítear na ceanglais maidir le cláruithe agus údaruithe, maoirseacht leanúnach, agus cláruithe nó údaruithe a tharraingt siar.
Is iad na príomhchuspóirí atá le Rialachán (AE) Uimh. 345/2013, Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 borradh a chur faoi phoist agus fás, faoi mhaoiniú d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus faoi infheistíochtaí sóisialta agus fadtéarmacha, mar aon le cultúr infheistíochta a chur chun cinn san Aontas Eorpach. D'ainneoin an chomhchuibhithe a baineadh amach leis na trí Rialachán, áfach, tá éagsúlacht ann go fóill maidir leis an dóigh a núsáideann údaráis inniúla náisiúnta a lánrogha agus maidir leis na cleachtais riaracháin atá in úsáid acu agus maidir leis na cultúir mhaoirseachta agus an fheidhmíocht mhaoirseachta atá a bunaithe. Is é an toradh atá leis na héagsúlachtaí sin ar fad go gcuirtear bac ar an gcothroime iomaíochta a theastaíonn i measc bainisteoirí cistí caipitil fiontair cáilitheacha, bainisteoirí cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus bainisteoirí cistí infheistíochta fadtéarmaí i mBallstáit dhifriúla agus go méadaítear, dá bharr sin, costais idirbhirt agus oibríochtúla do na bainisteoirí sin. Trí mhaoirseoir aonair a cheapadh don Aontas Eorpach tacófar le cuspóirí na Rialachán sin toisc go ndéanfar comhtháthú, forbairt agus margú na struchtúr cistí sin thar theorainneacha a éascú tuilleadh.
Is é aidhm don togra seo an próiseas riaracháin lena rialaítear údarú/clárú na gcistí lipéid AE sin a chuíchóiriú tuilleadh san Aontas agus cothroime iomaíochta a neartú trí mhaoirseacht na gcistí a lárú beag beann ar an áit ina bhfuil an ciste bunaithe nó ina margaítear é. Dá gcuirfí na rialacha i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach chumasófaí do bhainisteoirí costais idirbhirt agus oibríochtúla a laghdú agus na roghanna atá ar fáil d’infheisteoirí a mhéadú.
Tá sé de chúram ar ÚEUM na cistí AE sin agus a mbainisteoirí a údarú/a chlárú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, rud a mhéadóidh éifeachtúlacht na bpróiseas riaracháin sin. Ceanglófar ar bhainisteoirí na gcistí sin iarratas a dhéanamh ar údarú/clárú chuig údarás inniúil aonair – ÚEUM – a bheidh freagrach as a áirithiú go gcuirfear na rialacha a leagtar síos sna Rialacháin i bhfeidhm go comhsheasmhach. Dá bhrí sin, tugtar isteach athruithe spriocdhírithe chun cumhachtaí na núdarás inniúil náisiúnta a aistriú chuig ÚEUM.
Rialaítear na cistí AE sin le rialacháin is infheidhme go díreach lena dtairgtear cheana sraith rialacha a bhforfheidhmeoidh ÚEUM iad.
Is é ÚEUM a bheidh ina údarás inniúil freisin maidir le cistí EuVECA agus EuSEF lena sáraítear na tairseacha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (CIManna) agus atá, dá bharr sin, faoi bhainistiú ag bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha a údaraítear faoin Treoir seo. Áiritheoidh ÚEUM go gcomhlíonfaidh na bainisteoirí sin an dlí náisiúnta lena gcuirtear an Treoir maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha chun feidhme sa Bhallstát ina bhfuil na bainisteoirí bunaithe, mar aon leis na forálacha earnáilsonracha a leagtar síos in Airteagal 2(2) de na Rialacháin maidir le EuVECA agus maidir le EuSEF. Is é is aidhm don chur chuige sin comhsheasmhacht mhaoirseachta a áirithiú agus maolú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bheadh ann dá mbeadh na heintitis lena mbaineann le bheith faoi mhaoirseacht ag ÚEUM agus ag údaráis inniúla náisiúnta araon i ndáil leis an aon chiste amháin ag an aon am amháin.
Leagtar síos leis an togra seo, i gcás inar gá, roinnt cumhachtuithe lena sonraítear na ceanglais atá ann faoi na trí Rialachán chun go mbeidh ábhar oibleagáidí dlíthiúla áirithe agus raon feidhme lánrogha ÚEUM sách beacht chun an méid comhchuibhithe atá á lorg a áirithiú.
Athbhreithníodh Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 le déanaí, ar lena linn a tugadh aird ar leith ar rialacha cistí sonracha, athruithe ar raon feidhme na Rialachán agus infheistíochtaí incháilithe. Níor féachadh ar ghnéithe maoirseachta san athbhreithniú sin. Chomhaontaigh na comhreachtóirí an togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear an dá Rialachán agus rinne Parlaimint na hEorpa é a fhormheas ina dhiaidh sin. Cé go bhfuil glacadh críochnaitheach an Togra sin ag an gComhairle agus foilsiú an Togra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar feitheamh go fóill, tá sé iomchuí téacs an dá Rialachán atá leasaithe ag na comhreachtóirí a úsáid mar phointe tagartha chun críocha an Togra seo. Más rud é go ndéanfar aon athruithe ar na leasuithe comhaontaithe ar an dá Rialachán le linn an phróisis ghlactha a bheidh le tabhairt chun críche thar na laethanta atá romhainn, beidh an Coimisiún réidh leis an Togra seo a mhionathrú chun a áirithiú go mbeidh sé ag teacht le haon athruithe den sórt sin.
I gcomhréir le hAirteagal 11, tiocfaidh Airteagal 4 go hAirteagal 6 i bhfeidhm 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Dá bhrí sin, beidh dóthain ama ann chun na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a bheartaítear iontu a fhorbairt agus a ghlacadh. Leagtar síos leis an togra freisin bearta idirthréimhseacha le haghaidh inniúlachtaí agus dualgais a aistriú ó údaráis inniúla náisiúnta chuig ÚEUM.
(3)Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR) – soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí)
Tugtar na leasuithe seo a leanas isteach le hAirteagal 6:
·tugtar faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (MiFIR) údarú agus maoirsiú na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus cumhachtaí díreacha bailithe sonraí ar mhaithe le tuairisciú agus trédhearcacht a ríomh;
·cuirtear na trí chineál dhifriúla soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí leis na sainmhínithe atá i MiFIR;
·tugtar de chumhacht don ÚEUM an fhaisnéis a theastaíonn uaidh dá chúraimí maoirseachta a iarraidh;
·bunaítear ÚEUM mar mhaoirseoir ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí;
·sainítear na cumhachtaí agus na hinniúlachtaí ba cheart a bheith ag ÚEUM maidir lena ról mar údarás inniúil a fheidhmiú;
·forchuirtear ceanglais tuairiscithe ar an gCoimisiún maidir le feidhmiú na teilitéipe comhdhlúite;
·sonraítear aistriú na ninniúlachtaí ó údaráis inniúla náisiúnta chuig ÚEUM.
Sonraítear go follasach sa Togra seo freisin go gcumhdaítear leis na cumhachtaí idirghabhála a leagtar síos i MiFIR bainisteoirí gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe agus bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (CIManna) i gcás ina gcuireann na bainisteoirí an ghníomhaíocht sin i gcrích go díreach.
Rud ba shonraí fós, tugtar cheana féin le hAirteagal 40 de MiFIR cumhachtaí idirghabhála sealadacha do ÚEUM lena gceadaítear don Údarás, faoi choinníollacha áirithe, margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais áirithe nó ionstraimí airgeadais a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe ag baint leo nó cineál gníomhaíochta nó cleachtais airgeadais a thoirmeasc nó a shrianadh go sealadach san Aontas. Tá feidhm ag na cumhachtaí idirghabhála táirgí sin maidir le gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa atá ag gabháil do mhargú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais, lena náirítear aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta. Ós rud é gur féidir le cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI), le cuideachtaí infheistíochta GCUI a núdaraítear iad i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE agus le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha a núdaraítear iad i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a mhargú, a dháileadh agus a dhíol go díreach freisin, tá sé riachtanach a shonrú go follasach go bhfuil feidhm ag na cumhachtaí idirghabhála táirgí thuasluaite maidir le cuideachtaí bainistíochta GCUI agus cuideachtaí infheistíochta GCUI freisin agus go bhfuil feidhm acu maidir le BCIManna i gcúinsí sonracha chomh maith.
Is é is aidhm do thogra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 2014/65/AE (MiFID II) soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a bhaint ó raon feidhme Threoir 2014/65/AE.
(4)Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 (an Rialachán maidir le Tagarmharcanna).
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 (an Rialachán maidir le Tagarmharcanna) le hAirteagal 8 den Rialachán seo. Bunaítear le mír 11 ÚEUM mar údarás inniúil le haghaidh riarthóirí tagarmharcanna criticiúla agus le haghaidh na dtagarmharcanna uile a úsáidtear san Aontas ach a riartar lasmuigh de. Tá míreanna 4, 5, 12, 13, 14, 15, 16, 17 agus 19 ina gcoigeartuithe teicniúla lena léirítear an tainmniú sin dá bhforáiltear le mír 4 go nainmneoidh an Coimisiún tagarmharcanna criticiúla a ghníomhóidh mar thagairt do mhéid os cionn EUR 500 billiún. Sainítear le mír 18 na cumhachtaí agus na hinniúlachtaí ba cheart a bheith ag ÚEUM maidir lena ról mar údarás inniúil a chomhlíonadh.
Socraítear le mír 10 gur cheart do ÚEUM riarthóirí tagarmharcanna criticiúla a údarú. Le mír 16 cuirtear deireadh leis na coláistí maoirseoirí ar thagarmharcanna criticiúla toisc go mbeidh ag ÚEUM, ina cháil mar mhaoirseoir nua ar na tagarmharcanna sin, dearcadh uile-Aontais i leith rioscaí a mheasúnú, etc.
Bunaítear le mír 8 agus mír 9 ÚEUM mar údarás inniúil le haghaidh riarthóirí tríú tír a aithint agus le haghaidh formhuiniú tagarmharcanna tríú tír a fhormheas.
Tugtar le míreanna 1, 2, 3 agus 6 de chumhacht don Choimisiún forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 a shonrú tuilleadh chun a áirithiú go bhféadfaidh ÚEUM na forálacha sin faoi seach a chur i bhfeidhm go díreach.
Ar deireadh, áirithítear leis na leasuithe ar Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 go ndéanfar faireachán ar bhonn leanúnach ar choibhéis le Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 ag tríú tíortha. Ar mhaithe le malartú iomchuí faisnéise agus comhar iomchuí a áirithiú i ndáil leis an maoirseacht a dhéantar ar riarthóirí tagarmharcanna i dtríú tíortha, beidh ar ÚEUM comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích le maoirseoirí tríú tír. Má tharlaíonn sé, áfach, go bhfuil tríú tír ar áireamh sa liosta dlínsí a ndearbhaítear go bhfuil easnaimh straitéiseacha ar a gcórais náisiúnta um sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac agus go bhfuil na heasnaimh sin ina mbagairt shuntasach ar chóras airgeadais an Aontais, ní cheadófar do ÚEUM aon chomhaontú comhair den sórt sin a thabhairt i gcrích le maoirseoirí an tríú tír lena mbaineann.
(5)Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129 (an Rialachán maidir le Réamheolairí)
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129 le hAirteagal 9 den Rialachán seo chun go naistreofar chuig ÚEUM an fhreagracht as maoirseacht a dhéanamh ar chineálacha áirithe réamheolairí.
Tá an príomhleasú le fáil i mír 10, lena dtugtar do ÚEUM an ról mar "údarás inniúil sa Bhallstát baile" le haghaidh ceithre chatagóir de réamheolairí. Cuirtear de chúram ar ÚEUM na réamheolairí sin a ghrinnscrúdú agus a fhormheas agus fógraí pas a phróiseáil. Bunaítear "riail léitheoireachta" chun forálacha an Rialacháin maidir le Réamheolairí a chur i bhfeidhm i leith na réimsí ina nglacfaidh ÚEUM maoirseacht dhíreach. Tugtar isteach le mír 1 roinnt sainmhínithe maidir le saineisitheoirí. Aistrítear le mír 4 chuig ÚEUM, in áit údaráis inniúla na mBallstát is óstach, an chumhacht chun maoirseacht a dhéanamh ar fhógráin a bhaineann leis na réamheolairí sin atá faoi réir a fhormheasta. Cé go mbeidh sé de rogha ag ÚEUM go fóill rialú a fheidhmiú i leith chomhlíonadh na bhfógrán sin, beidh sé éigeantach an rialú sin a fheidhmiú i gcás ina niarrfaidh údarás inniúil go foirmiúil ar ÚEUM leas a bhaint as cumhacht rialaithe den sórt sin i gcás ina bhfuil réamheolairí arna bhformheas ag ÚEUM á núsáid le haghaidh tairiscint trádála nó le haghaidh ligean isteach chun a dtrádála ina dhlínse féin.
Tugtar isteach le míreanna 2, 3, 4, 6, 8, 11 agus 12 soiléirithe dréachtaithe chun aird a thabhairt ar ról nua a bheidh ag ÚEUM sna cásanna sin nach leor an "riail léitheoireachta" atá i mír 10 chun soiléireacht dhlíthiúil a thabhairt (córas teanga, comhaontuithe comhair, fógraí).
Soiléirítear agus feabhsaítear le mír 7 feidhmiú an chórais choibhéise le haghaidh réamheolairí arna ndréachtú i gcomhréir le rialacha náisiúnta tríú tír. I gcás ina ndearbhóidh an Coimisiún i gcinneadh cur chun feidhme go bhfuil rialacha den sórt sin coibhéiseach, ní dhéanfar réamheolaire ó thríú tír atá formheasta cheana ag maoirseoir an tríú tír a chomhdú ach amháin le ÚEUM agus cuirfidh an ÚEUM deimhniú comhdaithe (in áit deimhniú formheasta, cf. pointe (b) de mhír 5) chuig an údarás inniúil i ngach Ballstát is óstach i gcás ina dtabharfar fógra faoi réamheolaire "coibhéiseach" den sórt sin ó thríú tír. Ar mhaithe le maoirseacht a dhéanamh ar réamheolairí ó eisitheoirí tríú tír, beidh ar ÚEUM comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích le maoirseoirí tríú tír. Má tharlaíonn sé, áfach, go bhfuil tríú tír ar áireamh sa liosta dlínsí a ndearbhaítear go bhfuil easnaimh straitéiseacha ann ar a gcórais náisiúnta um sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac agus go bhfuil na heasnaimh sin ina mbagairt shuntasach ar chóras airgeadais an Aontais, ní cheadófar do ÚEUM aon chomhaontú comhair den sórt sin a thabhairt i gcrích le maoirseoirí an tríú tír lena mbaineann (cf. pointe (a) de mhír 9). Ceartaítear le pointe (a) de mhír 5 easnamh atá in Airteagal 25(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129 trína shoiléiriú nach mór d’údaráis inniúla na téarmaí críochnaitheacha uile atá i réamheolairí bunaidh a chur in iúl do ÚEUM freisin tar éis na téarmaí críochnaitheacha sin a chomhdú, fiú amháin i gcás nár aistríodh an réamheolaire bunaidh lena mbaineann faoi nós imeachta an phas chuig aon Bhallstát is óstach, i gcomhréir lenar ceanglaíodh faoi Threoir 2003/71/CE.
Ceartaítear le mír 13 earráid atá i Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129 tríd an dáta faoina gceanglaítear ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún agus do ÚEUM faoina rialacha smachtbhannaí a ailíniú leis an dáta faoina gceanglaítear orthu Caibidil VIII den Rialachán a chomhlíonadh, mar a leagtar amach in Airteagal 49(3).
Tugtar isteach le mír 14 caibidil nua lena leagtar amach cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚEUM, ar nithe iad atá riachtanach i ndáil le maoirseacht a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Réamheolairí agus é a fhorfheidhmiú, lena náirítear cumhachtaí chun fíneálacha airgid agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a fhorchur.
2017/0230 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2017/1129 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais agus na moltaí a rinne grúpa saineolaithe ardleibhéil a raibh Jacques de Larosière ina chathaoirleach air, tá dul chun cinn nach beag déanta ag an Aontas Eorpach ní hamháin rialacha níos daingne, ach rialacha níos comhchuibhithe freisin, a leagan síos maidir leis na margaí airgeadais i bhfoirm Leabhar Rialacha Aonair. Tá an Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais ("CEMA") curtha ar bun ag an Aontas Eorpach freisin agus tá sé bunaithe ar chóras dhá cholún, lena gcuimsítear maoirseacht mhicreastuamachta arna comhordú ag na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha ("ÚMEanna") agus maoirseacht mhicreastuamachta arna comhordú ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach ("BERS"). Thosaigh na trí ÚME, mar atá an tÚdarás Baincéireachta Eorpach ("ÚBE"), arna chruthú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde ("ÚEÁPC") arna chruthú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ("ÚEUM") arna chruthú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (dá ngairtear le chéile "na rialacháin bhunaidh"), thosaigh siad ag feidhmiú in Eanáir 2011. Is é cuspóir foriomlán na ÚEManna cobhsaíocht agus éifeachtacht an chórais airgeadais a threisiú ar bhonn inbhuanaithe ar fud an Aontais agus cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí a fheabhsú.
(2)Is ríthábhachtach an méid atá déanta ag na ÚMEanna chun rialacha na margaí airgeadais san Aontas a chomhchuibhiú toisc go gcuireann siad ionchur ar fáil don Choimisiún i gcomhair a chuid tionscnamh le haghaidh rialacháin agus treoracha atá le glacadh ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa. Ina theannta sin, chuir na ÚMEanna dréachtaí de rialacha teicniúla mionsonraithe ar fáil don Choimisiún agus glacadh na dréachtaí sin mar ghníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme.
(3)Chuir na ÚMEanna le cóineasú na maoirseachta airgeadais freisin. Agus leis an gcleachtas maoirseachta san Aontas trí bhíthin treoirlínte atá dírithe ar údaráis inniúla agus trí athbhreithnithe cleachtais maoirseachta a chomhordú. Ach mar gheall ar na próisis chinnteoireachta a chumhdaítear ina rialacháin bhunaidh, le cois na srianta ar acmhainní agus cineál na nionstraimí sin atá ar fáil do na ÚMEanna, cuireadh cosc orthu na cuspóirí foriomlána atá acu a bhaint amach ina niomláine.
(4)Tar éis seacht mbliana oibríochta agus i ndiaidh meastóireachtaí agus na gcomhairliúchán poiblí a rinne an Coimisiún, is léir go bhfuil ag méadú ar na srianta atá ar chumas na ÚMEanna a gcuspóirí a bhaint amach maidir le margaí agus seirbhísí airgeadais a chomhtháthú a thuilleadh agus cosaint tomhaltóirí a fheabhsú, laistigh den chreat reachtach atá ann faoi láthair, san Aontas féin agus idir an tAontas agus tríú tíortha.
(5)Bheadh rialachas iomchuí agus maoiniú leordhóthanach araon ag teastáil freisin sula bhféadfaí aon chumhachtaí feabhsaithe a thabhairt do na ÚMEanna chun a chur ar a gcumas na cuspóirí sin a chomhlíonadh. Níor leor cumhachtaí feabhsaithe amháin chun cuspóirí na ÚMEanna a bhaint amach i gcás nach mbeadh maoiniú leordhóthanach acu nó i gcás nach mbeidís á rialú ar shlí éifeachtach agus éifeachtúil.
(6)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 maidir le hAthbhreithniú Lár an Téarma ar an bPlean Gníomhaíochta de chuid Aontas na Margaí Caipitil, cuireadh béim air go raibh córas maoirseachta atá níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí ríthábhachtach chun deireadh a chur le harbatráiste rialála idir na Ballstáit, agus iad i mbun a gcúraimí maoirseachta, chun dlús a chur le comhtháthú margaidh agus chun deiseanna a chruthú d'eintitis agus infheisteoirí airgeadais sa mhargadh aonair.
(7)Mar sin de, tá sé thar a bheith práinneach tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar an gcomhtháthú maoirseachta chun Aontas na Margaí Caipitil a thabhairt i gcrích. Deich mbliana tar éis na géarchéime airgeadais agus tar éis bhunú an chórais maoirseachta nua, tá dhá fhorbairt mhóra ann a bheidh ag tiomáint na seirbhísí airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil níos mó ná riamh: an tairgeadas inbhuanaithe agus an nuálaíocht teicneolaíochta. D'fhéadfadh gach ceann den dá fhorbairt sin seirbhísí airgeadais a athrú ó bhonn agus ba cheart ár gcóras maoirseachta airgeadais a bheith ullamh dóibh.
(8)Tá sé ríthábhachtach mar sin go ndéanfadh an córas airgeadais a chion chun dul i ngleic le sárdhúshláin na hinbhuanaitheachta. Chuige sin, is gá mór-athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras airgeadais agus ba cheart do na ÚMEanna rannchuidiú go gníomhach leis sin, ag tosú le hathchóirithe a chur i gcrích chun an creat rialála agus maoirseachta ceart a chruthú chun sreafaí caipitil phríobháidigh a chur chun tairbhe agus a threorú chuig infheistíochtaí inbhuanaithe.
(9)Ba cheart ról tábhachtach a bheith ag na ÚMEanna i sainaithint agus i dtuairisciú na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a bhaineann le himthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus chun gníomhaíocht na margaí airgeadais a chur i gcomhréir le cuspóirí na hinbhuanaitheachta. Ba cheart do na ÚMEanna treoir a thabhairt maidir le cén chaoi ar féidir cúinsí inbhuanaitheachta a chuimsiú go héifeachtach i reachtaíocht airgeadais de chuid an AE ábhartha, agus ba cheart dóibh cur chun feidhme comhsheasmhach na bhforálacha sin a chur chun cinn nuair a ghlactar iad.
(10)Tá méadú tagtha ar thionchar na nuálaíochta teicneolaíochta ar an earnáil airgeadais agus, dá bhrí sin, tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag údaráis inniúla chun déileáil leis na forbairtí teicneolaíochta sin. Chun cóineasú maoirseachta níos fearr a chur chun cinn agus chun dea-chleachtais a mhalartú idir na húdaráis ábhartha ar thaobh amháin, agus idir na húdaráis ábhartha agus institiúidí airgeadais nó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar an taobh eile, ba cheart ról na ÚMEanna a threisiú maidir leis an bhfeidhm mhaoirseachta atá acu agus maidir leis an gcomhordú maoirseachta a dhéanann siad.
(11)Mar gheall ar an dul chun cinn teicneolaíoch i margaí airgeadais, is féidir an cuimsiú airgeadais a fheabhsú, rochtain ar mhaoiniú a sholáthar, sláine agus éifeachtúlacht oibríochtúil na margaí a fheabhsú agus na baic ar iontráil sna margaí sin a laghdú. A mhéid agus a bhaineann sé leis na rialacha substainteacha is infheidhme, ba cheart an nuálaíocht teicneolaíochta a bheith cuimsithe freisin in oiliúint na núdarás inniúil. Cuidiú a bheidh sa mhéid sin le cosc a chur le héagsúlacht sna Ballstáit i ndáil lena gcur chuige sna cúrsaí sin.
(12)Tá roinnt údarás náisiúnta ann nach bhfuil sainithe mar údaráis inniúla faoi na rialacháin bhunaidh cé go bhfuil sé de chumhacht acu cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais a áirithiú i réimse na seirbhísí agus na margaí airgeadais. Chun cleachtais maoirseachta laistigh de CEMA atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú, is gá iad a shainiú amhlaidh. I ngeall air sin, d’fhéadfadh na ÚMEanna, go háirithe, treoirlínte agus moltaí a eisiúint chuig na húdaráis náisiúnta sin.
(13)Chun a áirithiú go mbeidh cosaint iomchuí ag leasanna geallsealbhóirí i gcás ina bhfeidhmeoidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha a ninniúlacht chun treoirlínte nó moltaí a eisiúint, ba cheart na Grúpaí Geallsealbhóirí éagsúla a bheith in ann tuairim a eisiúint i gcás ina measfadh dhá thrian dá chomhaltaí gur sháraigh an ÚME lena mbaineann a inniúlacht. Sa chás sin, ba cheart an túdarás a bheith ag an gCoimisiún ceangal a chur ar an ÚME, faoi réir measúnú cuí, na treoirlínte nó na moltaí sin a tharraingt siar de réir mar is iomchuí.
(14)Lena chois sin, chun críche an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 17 de na rialacháin bhunaidh agus ar mhaithe le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm mar is ceart, is iomchuí rochtain na ÚMEanna ar fhaisnéis a éascú agus dlús a chur leis. Dá bhrí sin, ba cheart a chur ar a gcumas dóibh faisnéis a iarraidh go díreach, trí iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, ar gach údarás inniúil lena mbaineann, ar institiúidí airgeadais agus ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, fiú i gcás nach mbeadh aon fhoráil de dhlí an Aontais sáraithe ag na húdaráis féin, na hinstitiúidí féin agus na rannpháirtithe margaí féin. Ba cheart do na ÚMEanna an túdarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas faoi na hiarrataí sin agus ba cheart don údarás inniúil sin cúnamh a thabhairt do na ÚMEanna maidir le bailiú na faisnéise a iarradh.
(15)Is gá cur chuige comhsheasmhach a bheith ag na húdaráis inniúla chun go ndéanfar maoirseacht chomhchuibhithe ar an earnáil airgeadais. Chun na críche sin, ba cheart gníomhaíochtaí na núdarás inniúil a bheith faoi réir athbhreithniú rialta neamhspleách ag na ÚMEanna agus ba cheart do choiste athbhreithniúcháin arna bhunú ag gach údarás maoirseachta tacú leis sin. Ba cheart do na ÚMEanna creat modheolaíoch a fhorbairt le haghaidh athbhreithnithe den sórt sin. Ba cheart na hathbhreithnithe neamhspleácha a dhíriú ní hamháin ar chóineasú na gcleachtas maoirseachta ach freisin ar chumas na núdarás inniúil torthaí maoirseachta d'ardcháilíochta a bhaint amach agus, chomh maith leis sin, ar neamhspleáchas na núdarás inniúil sin. Ba cheart torthaí na nathbhreithnithe sin a fhoilsiú chun comhlíonadh a spreagadh agus an trédhearcacht a mhéadú, ach amháin dá mbeadh baol don chobhsaíocht airgeadais ag baint leis an bhfoilsiú sin.
(16)Chun go ndéanfar maoirseacht chomhchuibhithe ar an earnáil airgeadais, is gá easaontais idir údaráis inniúla na mBallstát éagsúil i gcásanna trasteorann a réiteach go héifeachtúil freisin. Na rialacha atá ann faoi láthair maidir le heasaontais den sórt sin a réiteach, níl siad go hiomlán sásúil. Ba cheart iad a chur in oiriúint ionas go mb’fhusa iad a chur i bhfeidhm.
(17)Is cuid lárnach d'obair na ÚMEanna ar chóineasú na gcleachtas maoirseachta é cultúr maoirseachta a chur chun cinn san Aontas. Níl na huirlisí go léir is gá ag na ÚMEanna, áfach, chun an cuspóir sin a bhaint amach. Is gá a chur ar chumas na ÚMEanna na cleachtais agus na tosaíochtaí maoirseachta ginearálta a leagan amach i bPlean Maoirseachta Straitéiseach ilbhliantúil chun cuidiú leis na húdaráis inniúla na príomhréimsí imní i dtaca le sláine an mhargaidh agus an chobhsaíocht airgeadais ar fud an Aontais Eorpaigh a shainaithint agus fócas a dhíriú ar na réimsí sin, lena náirítear maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí atá i mbun gníomhaíochtaí trasteorann. Ba cheart an Plean Maoirseachta Straitéiseach a bheith bunaithe ar rioscaí agus a chur san áireamh ann treoracha eacnamaíocha agus rialála ginearálta maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta agus treochtaí micreastuamachta ábhartha, rioscaí féideartha agus leochaileachtaí arna sainaithint ag na ÚMEanna sna hathbhreithnithe a dhéanfaidh siad ar údaráis inniúla agus ó thástálacha uile-Aontais agus ó thástálacha struis. Ba cheart do na húdaráis inniúla cláir oibre bhliantúla a tharraingt suas ina dhiaidh sin chun an Plean Maoirseachta Straitéiseach a chur chun feidhme a thiontódh tosaíochtaí agus cuspóirí an Aontais ina gcuspóirí oibríochtúla do na húdaráis sin. Ba cheart a chumhachtú do na ÚMEanna athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár oibre bliantúil maidir le maoirseacht laethúil, lena náirítear, ar bhonn samplach, bearta maoirseachta arna ndéanamh i gcásanna ar leith chun a áirithiú go bhféadfadh na ÚMEanna a gcuspóir a bhaint amach mar atá cleachtais maoirseachta a chomhchuibhiú.
(18)Na cleachtais maoirseachta atá ann faoi láthair i ndáil le seachfhoinsiú, tarmligean agus aistriú rioscaí (gnó droim-le-droim nó ath-aistriú rioscaí) ó eintitis cheadúnaithe amháin go heintiteas eile, ní hionann ó Bhallstát go céile iad. Tá riosca arbatráiste rialála ar fud na mBallstát ("sodar go grinneall") ag baint leis an éagsúlacht sin sa chur chuige rialála. Fágann maoirseacht neamhéifeachtúil ar ghníomhaíochtaí seachfhoinsithe, tarmligthe nó aistrithe an tAontas neamhchosanta ar rioscaí don chobhsaíocht airgeadais. Is mór iad na rioscaí sin go háirithe i gcás eintitis atá faoi mhaoirsiú agus a dhéanann rioscaí a sheachfhoinsiú, a tharmligean agus a aistriú chuig tríú tíortha ina bhféadfaí nach mbeadh an uirlis is gá le fáil ag na húdaráis mhaoirseachta chun maoirseacht leordhóthanach éifeachtach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ábhartha agus ar phríomhfheidhmeanna. Ba cheart ról gníomhach a bheith ag na ÚMEanna i gcur chun cinn an chóineasaithe maoirseachta trí chomhthuiscint agus cleachtais maoirseachta a áirithiú maidir le seachfhoinsiú, aistriú rioscaí agus tarmligean gníomhaíochtaí ábhartha agus príomhfheidhmeanna chuig tríú tíortha, i gcomhréir le dlí an Aontais agus i bhfianaise treoirlínte, moltaí agus tuairimí a fhéadfaidh na ÚMEanna a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí is gá a bheith ag na ÚMEanna, dá bhrí sin, comhordú éifeachtach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta le linn dóibh gnóthas a údarú nó a chlárú agus mar chuid d'athbhreithniú leanúnach ar chleachtais mhaoirseachta. I bhfeidhmiú ról an chomhordaithe, ba cheart fócas a dhíriú go háirithe ar chásanna a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le haon dul timpeall ar na rialacha agus faireachán a dhéanamh ar institiúidí airgeadais nó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a bhfuil sé beartaithe acu úsáid chuimsitheach a bhaint as seachfhoinsiú, tarmligean agus aistriú rioscaí chuig tríú tíortha chun leas a bhaint as pas an Aontais Eorpaigh nuair a bhíonn siad ag déanamh gníomhaíochtaí substaintiúla nó feidhmeanna lasmuigh den Aontas, go bunúsach.
(19)Is gá faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar chinntí coibhéise tríú tír arna nglacadh ag an gCoimisiún chun go mbeidh cobhsaíocht airgeadais leanúnach ann. Ba cheart do na ÚMEanna a fhíorú mar sin an bhfuil na critéir, ar ar a mbonn a rinneadh na cinntí coibhéise tríú tír agus a leagadh amach aon choinníollacha iontu, an bhfuil siad á gcomhlíonadh fós. Lena chois sin, ba cheart do na UMÉanna faireachán a dhéanamh ar na forbairtí maidir le rialáil agus maoirseacht agus ar na cleachtais forfheidhmiúcháin sna tríú tíortha sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na UMÉanna socruithe riaracháin a fhorbairt freisin le húdaráis inniúla tríú tíortha chun faisnéis a fháil chun críocha faireacháin agus chun gníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú. Áiritheofar faoin gcóras maoirseachta feabhsaithe sin go bhfuil an choibhéis i dtríú tíortha níos trédhearcaí agus go bhfuil sí níos intuartha ag na tríú tíortha lena mbaineann agus go bhfuil sí níos comhsheasmhaí ar fud na nearnálacha uile.
(20)Tá sé ríthábhachtach go mbaileoidh na ÚMEanna faisnéis chruinn iomlán chun a gcúraimí agus a bhfeidhmeanna a dhéanamh agus a gcuspóirí a bhaint amach. Chun dúbailt na noibleagáidí tuairiscithe atá ar institiúidí airgeadais agus ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a sheachaint, ba cheart na húdaráis mhaoirseachta ábhartha arb iad is gaire do na margaí airgeadais agus do na hinstitiúidí airgeadais an fhaisnéis sin a sholáthar. Mar sin féin, ba cheart na ÚMEanna a bheith in ann a niarraidh ar fhaisnéis, a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe go cuí, a dhíriú go díreach chuig institiúid airgeadais nó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais i gcás nach ndéanfadh údarás inniúil náisiúnta, nó nárbh fhéidir le húdarás inniúil náisiúnta, an fhaisnéis sin a sholáthar laistigh de thréimhse shonraithe. Ina theannta sin, chun a áirithiú go bhfuil ceart éifeachtach ag na ÚMEanna faisnéis a bhailiú, is gá an deis a bheith acu íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla nó fíneálacha a ghearradh ar na hinstitiúidí airgeadais sin nó ar na rannpháirtithe sa mhargaidh airgeadais nach gcomhlíonfadh go cruinn, go hiomlán nó go prapúil iarraidh nó cinneadh maidir le faisnéis a thabhairt. Ba cheart ceart na hinstitiúide airgeadais nó an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann chun éisteacht a fháil ó na ÚMEanna a ráthú go sainráite.
(21)Foráladh i rialacháin bhunaidh na ÚMEanna go mbeadh ról tábhachtach ag na húdaráis inniúla ina struchtúr rialachais. Sonraíodh sna rialacháin sin freisin go ngníomhódh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Bainistíochta go neamhspleách agus chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, chun coinbhleachtaí leasa a chosc. Níor leor na cosaintí leordhóthanacha a tugadh, áfach, i struchtúr rialachais tosaigh na ÚMEanna chun a áirithiú go ndéanfaí coinbhleachtaí leasa a chosc go hiomlán a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chumas na ÚMEanna gach cinneadh riachtanach a ghlacadh sa réimse cóineasaithe maoirseachta agus a áirithiú go gcuirfí leasanna ginearálta an Aontais san áireamh ina gcinntí go hiomlán. Dá bhrí sin, chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht phróisis cinnteoireachta na ÚMEanna a áirithiú, ba cheart leithdháileadh na gcumhachtaí cinnteoireachta laistigh de na ÚMEanna a athshainiú.
(22)Thairis sin, ba cheart gné an Aontais sa phróiseas cinnteoireachta laistigh den Bhord Maoirseoirí a fheabhsú trí chomhaltaí neamhspleácha lánaimseartha a chur ar an mBord, nach mbeadh coinbhleachtaí leasa acu a d’fhéadfadh teacht aníos. Ba cheart cumhachtaí cinnteoireachta maidir le saincheisteanna rialála agus maidir le maoirseacht dhíreach a fhágáil go hiomlán faoi inniúlacht an Bhoird Maoirseoirí. Ba cheart an Bord Bainistíochta a thiontú ina Bhord Feidhmiúcháin a bheadh comhdhéanta de chomhaltaí lánaimseartha agus ba cheart don bhord sin cinneadh a dhéanamh faoi shaincheisteanna neamhrialála áirithe, lena náirítear athbhreithnithe neamhspleácha ar údaráis inniúla, réiteach díospóidí, sárú dhlí an Aontais, an Plean Maoirseachta Straitéiseach, faireachán ar sheachfhoinsiú, tarmligean agus aistriú rioscaí chuig tríú tíortha agus iarrataí ar fhaisnéis. Ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin gach cinneadh arna dhéanamh ag an mBord Maoirseoirí a scrúdú agus a ullmhú. Thairis sin, ba cheart feidhm agus ról an Chathaoirligh a mhéadú trína thabhairt de chumhacht don Chathaoirleach cúraimí foirmiúla a dhéanamh agus vóta réitigh a bheith aige ar an mBord Feidhmiúcháin. Ar deireadh, ba cheart gné an Aontais maidir le rialáil na UMÉanna a neartú freisin trí nós imeachta roghnúcháin an Chathaoirligh agus chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a leasú lena gcuirfí ról na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa san áireamh. Ba cheart comhdhéanamh an Bhoird Feidhmiúcháin a bheith cothrom.
(23)Chun leibhéal saineolais agus cuntasachta iomchuí a chur ar fáil, ba cheart Cathaoirleach agus comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh ar bhonn fiúntais, scileanna, eolas ar an imréiteach, ar an iarthrádáil agus ar chúrsaí airgeadais, chomh maith le taithí ar mhaoirseacht airgeadais. Chun trédhearcacht agus rialú daonlathach a áirithiú, agus chun cearta institiúidí an Aontais a chaomhnú, ba cheart Cathaoirleach agus comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a roghnú ar bhonn nós imeachta roghnúcháin oscailte. Ba cheart don Choimisiún gearrliosta a bhunú agus an gearrliosta sin a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis an gearrliosta sin a fhormheas, ba cheart don Chomhairle cinneadh a ghlacadh chun comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh. Ba cheart Cathaoirleach agus comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin a bheith cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le haon chinneadh arna dhéanamh ar bonn na Rialachán bunaidh.
(24)Chun a áirithiú go sannfaí cúraimí oibríochtúla ar bhonn níos éifeachtúla ar thaobh amháin agus go ndéanfaí gníomhaíochtaí riaracháin ó lá go lá a bhainistiú ar an taobh eile, ba cheart do dhuine de chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a ghabháil air féin cúraimí reatha Stiúrthóir Feidhmiúcháin gach ceann de na ÚMEanna agus ba cheart an duine sin a roghnú ar bhonn na gcúraimí áirithe sin.
(25)Is iomchuí go rannchuideodh institiúidí airgeadais agus rannpháirtithe sa mhargadh airgeadas le maoiniú ghníomhaíochtaí na ÚMEanna, mar is é is cuspóir foriomlán do ghníomhaíochtaí na ÚMEanna cur leis an gcobhsaíocht airgeadais agus, trí shaobhadh ar iomaíocht a chosc, le feidhmiú ceart an mhargaidh aonair. Téann gníomhaíochtaí na ÚMEanna chun tairbhe do gach institiúid airgeadais agus do gach rannpháirtí sa mhargadh airgeadais, bídís ag feidhmiú thar theorainneacha nó ná bídís. Cuidiú is ea gníomhaíochtaí na ÚMEanna le timpeallacht chobhsaí agus cothrom iomaíochta a bheith ann agus na hinstitiúidí airgeadais sin agus na rannpháirtithe sin sa mhargadh airgeadais i mbun a ngnó. Ba cheart d'institiúidí airgeadais agus rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nach bhfuil faoi mhaoirsiú díreach na ÚMEanna rannchuidiú freisin mar sin le maoiniú na ngníomhaíochtaí sin de chuid na ÚMEanna a théann chun tairbhe dóibh. Lena chois sin, ba cheart do na ÚMEanna táillí a fháil freisin, áfach, arna níoc ag na hinstitiúidí airgeadais agus na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi mhaoirsiú díreach na ÚMEanna.
(26)Laistigh de gach catagóir institiúide airgeadais agus rannpháirtí sa mhargadh airgeadais, ba cheart a chur san áireamh cá mhéad a théann gníomhaíochtaí na ÚMEanna chun tairbhe do gach institiúid airgeadais agus do gach rannpháirtí sa mhargadh airgeadais nuair a ríomhfar leibhéal na ranníocaíochtaí. Dá réir sin, ba cheart ranníocaíochtaí aonair de chuid institiúidí airgeadais agus rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chinneadh de réir a méide chun a dtábhacht sa mhargadh ábhartha a léiriú. Is faoi réir tairseach de minimis ba cheart ranníocaíochtaí an-bheag a bhailiú chun a áirithiú go mbeadh a mbailiú tíosach agus san am ceanna a áirithiú nach gcuirfí iallach ar ghnólachtaí móra ranníocaíocht dhíréireach a dhéanamh.
(27)Chun an chaoi a ríomhfaí ranníocaíochtaí bliantúla institiúidí airgeadais aonair agus rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chinneadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Bunófar leis na gníomhartha tarmligthe modheolaíocht chun an caiteachas measta a leithdháileadh ar chatagóirí d'institiúidí airgeadais agus rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus critéir chun leibhéal na ranníocaíochtaí aonair a chinneadh ar bhonn méide. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena náirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go háirithe, chun rannpháirteachas comhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(28)Chun rúndacht obair na ÚMEanna a chaomhnú, ba cheart na ceanglais i dtaobh rúndacht ghairmiúil a bheith infheidhme maidir le haon duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an ÚME i gceist.
(29)Le Rialachán (CE) 1093/2010, Rialachán (CE) 1094/2010 agus Rialachán (CE) 1095/2010 chomh maith le reachtaíocht earnála seirbhísí airgeadais, cuirtear de cheangal ar na ÚMEanna socruithe riaracháin éifeachtacha a iarraidh, lena náirítear faisnéis a mhalartú le maoirseoirí tríú tíortha. Ba cheart go dtiocfadh méadú ar an ngá le comhar éifeachtach agus le malartú éifeachtach faisnéise, de bhun an Rialacháin leasaithigh, nuair a ghabhfaidh cuid de na ÚMEanna freagrachtaí breise níos leithne orthu féin i ndáil le maoirsiú eintiteas agus gníomhaíochtaí nach eintitis agus gníomhaíochtaí AE iad. Sa chomhthéacs sin, i gcás ina ndéanfaidh na ÚMEanna sonraí pearsanta a phróiseáil, lena náirítear sonraí den sórt sin a aistriú lasmuigh den Aontas, beidh siad faoi cheangal cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 2018/XXX (Rialachán maidir le Cosaint Sonraí ag Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh). D'uireasa cinneadh leordhóthanachta nó cosaint iomchuí, dá bhforáiltear sna socruithe riaracháin de réir bhrí Airteagal 49(3) den Rialachán maidir le Cosaint Sonraí ag Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh mar shampla, féadfaidh na ÚMEanna sonraí pearsanta a mhalartú le húdaráis tríú tíortha i gcomhréir leis na coinníollacha, agus ar na coinníollacha, a ghabhann leis an maolú leasa phoiblí a leagtar amach in Airteagal 51(1)(d) den Rialachán sin a bhfuil feidhm aige go háirithe maidir le cásanna malartaithe idirnáisiúnta sonraí idir údaráis mhaoirseachta airgeadais.
(30)Tá sé ríthábhachtach cosaint iomchuí a thabhairt faoi nósanna imeachta cinnteoireachta ÚBE do na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san aontas baincéireachta agus san am céanna é a chur ar a chumas do ÚBE leanúint de bheith ag glacadh cinntí ar dhóigh éifeachtach nuair a thiocfaidh laghdú ar líon na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach. Ba cheart na rialacha vótála atá ann faoi láthair a choinneáil, ar rialacha iad lena gceanglaítear ar thromlach de na Ballstáit rannpháirteacha agus tromlach de na Ballstáit neamh-rannpháirteacha vótáil chun go nglacfaidh ÚBE cinneadh. Is gá, áfach, cosaint bhreise chun an cás a sheachaint nuair nach bhféadfaí cinntí a ghlacadh i ngeall ar neamhláithreacht údaráis inniúla Ballstát, agus i ngeall air sin amháin, agus chun a áirithiú go mbeidh a oiread údarás inniúil náisiúnta is féidir i láthair le linn na vótála le go mbeidh vóta láidir dlisteanach mar thoradh uirthi.
(31)Foráiltear le rialacháin bhunaidh na ÚMEanna gur cheart do na ÚMEanna, i gcomhar le BERS, tástálacha struis uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú chun measúnú a dhéanamh ar bhuanseasmhacht na ninstitiúidí airgeadais agus na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais i gcoinne forbairtí dochracha margaidh. Ba cheart a áirithiú freisin go gcuirfí modheolaíocht atá comhsheasmhach, a mhéid ab fhéidir, i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta i gcás tástálacha den sórt sin. Chun cothromaíocht chuí a áirithiú idir cúraimí maoirseachta na núdarás inniúil agus cúinsí uile-Aontais, is iomchuí an chumhacht a aistriú chuig Bord Feidhmiúcháin na ÚMEanna chun cinneadh a dhéanamh ar thionscnamh agus ar chomhordú tástálacha struis. Ba cheart é a shoiléiriú freisin, maidir le gach ÚME, nach gcuirfeadh oibleagáidí na núdarás inniúil maidir le rúndacht ghairmiúil cosc ar na húdaráis inniúla na torthaí ón tástáil struis a tharchur chuig na ÚMEanna chun gur féidir iad a fhoilsiú.
(32)Chun ardleibhéal cóineasaithe a áirithiú i réimse na maoirseachta agus an fhormheasa ar shamhlacha inmheánacha, ba cheart ÚEÁPC a bheith in ann tuairimí a eisiúint chun neamhréireachtaí a d’fhéadfadh teacht aníos a leigheas agus chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú maidir le samhlacha inmheánacha a fhormheas. Ba cheart do na húdaráis inniúla a gcinntí a dhéanamh i gcomhréir leis na tuairimí sin, nó de rogha air sin, a mhíniú cén fáth nach bhfuil siad ag teacht leis an tuairim.
(33)Agus an ghné thrasteorann de ghníomhaíochtaí trádála ag méadú i rith an ama agus, go háirithe, an ghné thrasteorann de ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta áirithe a d’fhéadfadh, de thoradh a gcineáil shistéamaigh, tionchair thrasteorann a bheith acu ar an gcobhsaíocht airgeadais, ba cheart ról méadaithe a bheith ag ÚEUM i ndáil le comhordú chun a mholadh do na húdaráis inniúla imscrúduithe comhfhreagracha a thionscnamh. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh sé in ann malartú faisnéise a éascú a bhaineann leis na himscrúduithe sin, i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag ÚEUM a chreidiúint go bhfuil gníomhaíocht ar bun a bhfuil tionchair thrasteorann nach beag aici agus ar bagairt í ar fheidhmiú ordúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais. Chun na críche sin, ba cheart do ÚEUM saoráid stórála sonraí a choinneáil lena mbaileofaí an fhaisnéis ábhartha go léir ó na húdaráis inniúla agus lena scaipfí an fhaisnéis sin orthu.
(34)Is iad príomhchuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle borradh a chur faoi phoist agus fás, FBManna a mhaoiniú, infheistíochtaí sóisialta fadtéarmacha, mar aon le cultúr infheistíochta AE a chur chun cinn. Ach an úsáid éagsúil a bhaineann na húdaráis inniúla náisiúnta as a lánrogha, a gcleachtais riaracháin éagsúla, agus na difríochtaí sa chultúr maoirseachta agus ina bhfeidhmíocht, tá siad ann i gcónaí in ainneoin an chomhchuibhithe a rinneadh leis na trí Rialachán. Cuireann na héagsúlachtaí sin bac ar an gcothrom iomaíochta idir bainisteoirí na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha, na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus na gcistí infheistíochta fadtéarmacha sna Ballstáit éagsúla, rud a mhéadaíonn, ag an am céanna, costais idirbheartaíochta agus oibríochta na mbainisteoirí sin.
(35)Chun costais idirbheartaíochta agus oibríochta a laghdú, roghanna d'infheisteoirí a neartú agus cinnteacht dhlíthiúil a mhéadú, is iomchuí na cumhachtaí maoirseachta a aistriú ó na húdaráis inniúla chuig ÚEUM, lena náirítear clárú agus údarú a dheonú nó a tharraingt siar, do bhainisteoirí na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha agus na gcistí sin dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 345/2013, do bhainisteoirí na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus na gcistí sin dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 agus na gcistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2015/760. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh chun go gcuirfí iallach ar dhaoine deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán agus cheart a sholáthar arna héileamh ag ÚEUM nó glacadh le himscrúdú nó le cigireacht ar an láthair.
(36)Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha lena leagtar síos ceanglais aonfhoirmeacha nach mór do chistí fadtéarmacha a chomhlíonadh chun go mbeidh siad údaraithe mar chiste infheistíochta fadtéarmaí Eorpach ‘ELTIF’. Rialachán (AE) 2015/760 lena leagtar síos rialacha maidir leis na hinfheistíochtaí cáilitheacha, gnóthais phunainne cháilitheacha, rialacha comhchruinnithe agus infheisteoirí incháilithe. Sainítear sna rialacha freisin na cumhachtaí maoirseachta, lena náirítear ceanglais maidir le húdaruithe agus maoirsiú leanúnach. Siúd is go bhfuil na rialacha stuamachta i Rialachán (AE) 2015/760 á gcoinneáil, tugtar leis an Rialachán seo cumhachtaí maoirseachta do ÚEUM, lena náirítear údarú, maoirsiú leanúnach agus tarraingt siar údaruithe. Leis an rialachán seo cuirtear de chúram ar ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, nach mbeidh roghanna beartais ag baint leo, a tharraingt suas lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin, le gur leor soiléire na noibleagáidí dlíthiúla agus an raoin feidhme a ghabhann le lánrogha ÚEUM faoi Rialachán (AE) 2015/760. Rinneadh na hathruithe inchurtha ar Rialachán (AE) 345/2013 agus ar Rialachán 346/2013 chun cumhachtaí maoirseachta a thabhairt do ÚEUM.
(37)Chun a chumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach i leith cistí caipitil fiontair cáilitheacha, cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus cistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha agus a mbainisteoirí, ba cheart do ÚEUM a bheith in ann imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh. Chun tacú le hacmhainn mhaoirseachta, ba cheart cumhachtaí a thabhairt do ÚEUM pionóis nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh chun go gcuirfí iallach ar dhaoine deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán agus ceart arna éileamh ag ÚEUM a sholáthar nó glacadh le himscrúdú nó le cigireacht ar an láthair. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo teorainneacha na smachtbhannaí riaracháin sin nó teorainneacha beart riaracháin eile a shainiú go soiléir ar smachtbhannaí nó bearta eile iad na cheart a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus cur chuige comhchoiteann agus éifeacht dhíspreagthach a áirithiú. Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin ÚEUM ag brath ar thacaíocht na núdarás náisiúnta i gcás inar gá agus ina néileofar é sin. Ba cheart cumhacht a thabhairt do ÚEUM cuid de ba feidhmeanna sin a tharmligean ar féidir a tharmligean ar ais chuig na húdaráis inniúla náisiúnta.
(38)Tugadh cumhachtaí idirghabhála sealadacha do ÚEUM in Airteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, lena gceadaítear do ÚEUM ar choinníollacha áirithe margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais áirithe nó ionstraimí airgeadais a bhfuil gnéithe sonracha áirithe ag baint leo, nó cineál gníomhaíochta nó cleachtais airgeadais a thoirmeasc nó a shrianadh go sealadach san Aontas. Na cumhachtaí idirghabhála sin i leith táirgí faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, tá sé sainráite go bhfuil feidhm acu maidir le gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa atá bainteach le margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais, lena náirítear aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta. Ós féidir le cuideachtaí bainistíochta gnóthas comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe agus le cuideachtaí infheistíochta arna núdarú i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (AIFManna) arna núdarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ós féidir leo uile aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a mhargú, a dháileadh nó a dhíol go díreach freisin, chun an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, is gá é a thabhairt le fios go sainráite i ndáil leis na cumhachtaí idirghabhála thuasluaite i leith táirgí faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 go bhfuil feidhm acu freisin maidir le cuideachtaí bainistíochta GCUIanna agus cuideachtaí infheistíochta GCUIanna agus maidir le AIFManna freisin.
(39)I gcásanna eisceachtúla a bheidh sainithe go docht, féadfaidh ÚEUM a chumhachtaí idirghabhála a úsáid chun margú, díol nó dáileadh aonad nó scaireanna in GCUIanna nó in AIFanna ag a mbainisteoirí freisin a thoirmeasc nó a shrianadh. B'iomchuí é sin i gcás ina dtabharfadh an ghníomhaíocht a bheadh beartaithe aghaidh ar an ábhar imní nach beag maidir le cosaint infheisteoirí nó ar bhaol d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó ar bhaol do chobhsaíocht an chórais airgeadais nó cuid den chóras airgeadais san Aontas; nach rachadh na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais atá infheidhme maidir leis an ionstraim airgeadais nó maidir leis an ngníomhaíocht i gceist, nach rachaidh siad i ngleic leis an mbaol; agus nach mbeadh údarás inniúil ná údaráis inniúla tar éis gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol nó nár leor na gníomhaíochtaí a bheadh déanta chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin go sásúil
(40)Tá éifeacht dhochrach ag neamhréireachtaí maidir le cáilíocht, formáidiú, iontaofacht agus costas sonraí trádála ar thrédhearcacht, cosaint infheisteoirí agus éifeachtúlacht an mhargaidh. Chun faireachán ar shonraí trádála agus atógáil sonraí trádála a fheabhsú, comhsheasmhacht agus cáilíocht na sonraí sin a fheabhsú agus feabhas a chur ar a ninfhaighteacht agus ar a ninrochtaineacht ar chostas réasúnta ar fud an Aontais le haghaidh na nionad trádála ábhartha, tugadh córas dlí nua maidir le seirbhísí tuairiscithe sonraí isteach le Treoir 2014/65/AE, lena náirítear údarú agus maoirseacht soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí.
(41)Tá cáilíocht sonraí trádála agus próiseáil agus soláthar na sonraí sin, lena náirítear próiseáil agus soláthar sonraí trasteorann, fíorthábhachtach chun príomhchuspóir Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a bhaint amach a bhaineann le trédhearcacht na margaí airgeadais a neartú. Tá soláthar croí-sheirbhísí sonraí ríthábhachtach chun go mbeidh úsáideoirí in ann an forbhreathnú inmhianaithe a fháil ar ghníomhaíocht na trádála ar fud mhargaí airgeadais an Aontais agus chun go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis chruinn chuimsitheach faoi idirbhearta ábhartha.
(42)Ina theannta sin, tá méadú ag teacht i rith an ama ar an tábhacht mhór atá le sonraí trádála mar uirlis chun ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a fhorfheidhmiú go héifeachtach. I ngeall ar an ngné thrasteorann a bhaineann le láimhseáil sonraí, le cáilíocht sonraí agus leis an ngá atá le barainneachtaí scála a bhaint amach, agus chun cosc a chur leis an tionchar dochrach de dheasca éagsúlachtaí a d'fhéadfadh teacht aníos maidir le cáilíocht sonraí agus cúraimí soláthraithe tuairiscithe sonraí, tá sé tairbhiúil agus tá údar maith leis cumhachtaí údarúcháin agus maoirseachta maidir le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a aistriú ó na húdaráis inniúla chuig ÚEUM agus na cumhachtaí sin a shonrú i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 sa dóigh gur féidir, ag an am céanna, comhdhlúthú a dhéanamh ar na tairbhí a thiocfaidh as na hinniúlachtaí a bhaineann le sonraí a chomhthiomsú in ÚEUM.
(43)Ba cheart go mbeadh infheisteoirí miondíola ar an eolas go leordhóthanach faoi rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a dhéanfaidís cinneadh infheistiú in ionstraim airgeadais. Is é is aidhm do chreat dlíthiúil an Aontais go laghdófar an riosca maidir le mídhíol i gcás ina ndíolfar le hinfheisteoirí miondíola táirgí airgeadais nach noireann dá gcuid riachtanas agus nach bhfuil de réir an ruda a bhfuil siad ag súil leis. Chun na críche sin, cuirtear feabhas ar na ceanglais maidir le heagrúchán agus iompar gnó le Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 chun a áirithiú go ngníomhóidh gnólachtaí infheistíochta ar mhaithe le leasanna a gcliant. Áirítear sna ceanglais sin nochtadh rioscaí feabhsaithe do chliaint, measúnú níos fearr ar oiriúnacht na dtáirgí a mholtar mar aon le hoibleagáid maidir le hionstraimí airgeadais a dháileadh ar an spriocmhargadh aitheanta, agus imthosca á gcur san áireamh amhail sócmhainneacht eisitheoirí. Ba cheart go mbainfeadh ÚEUM lánúsáid as a chumhachtaí chun cóineasú maoirseachta a áirithiú agus tacú le húdaráis náisiúnta ardleibhéal cosanta infheisteoirí a bhaint amach agus maoirseacht a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le táirgí airgeadais.
(44)Tá sé tábhachtach go náiritheofar aighneachtaí éifeachtacha éifeachtúla agus go náiritheofar sonraí a thiomsú, anailís a dhéanamh orthu agus iad a fhoilsiú chun críocha na ríomhanna i dtaca le cinneadh na gceanglas maidir leis na córais oibleagáidí trádála agus trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála, agus chun críocha na sonraí tagartha freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014. Ba cheart inniúlachtaí a thabhairt mar sin do ÚEUM chun sonraí a bhailiú go díreach ó rannpháirtithe sa margadh maidir le ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála, chomh maith le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu.
(45)Ach na hinniúlachtaí sin a thabhairt do ÚEUM, beifear in ann an túdarú agus an mhaoirseacht a bhainistiú go lárnach, rud a chuirfidh cosc leis an staid mar atá, is é sin gur gá d’iliomad ionad trádála, inmheánaitheoirí córasacha, APAanna agus CTPanna sonraí a sholáthar don iliomad údarás inniúil a chuirtear ar fáil do ÚEUM ina dhiaidh sin. Ba cheart go mbainfeadh na rannpháirtithe sa mhargadh an-tairbhe as an gcóras sin a bheadh bainistithe go lárnach maidir le trédhearcacht sonraí, cosaint infheisteoirí agus éifeachtúlacht margaidh a bheith níos mó.
(46)Maidir leis na cumhachtaí a aistriú ó na húdaráis inniúla chuig ÚEUM chun sonraí a bhailiú, a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, beidh sin bunriachtanach freisin maidir le cúraimí eile atá ÚEUM a dhéanamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, amhail faireachán ar an margadh, cumhachtaí idirghabhála sealadacha agus cumhachtaí bainistíochta suímh ÚEUM, agus a áirithiú freisin go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le trédhearcacht réamhthrádála nó iarthrádála.
(47)Chun a chumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach sa réimse a bhaineann le próiseáil agus soláthar sonraí, ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann pionóis nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh chun go gcuirfí iallach ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán agus ceart arna éileamh ag ÚEUM a sholáthar nó glacadh le himscrúdú nó le cigireacht ar an láthair agus smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhorchur i gcás ina gcinnfidh sé go bhfuil duine tar éis sárú a dhéanamh d'aon ghnó nó le faillí ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.
(48)Tá táirgí airgeadais a bhaineann úsáid as tagarmharcanna criticiúla ar fáil i ngach Ballstát. Tá na tagarmharcanna sin ríthábhachtach mar sin chun gur féidir le margaí airgeadais feidhmiú mar is ceart agus chun go mbeidh cobhsaíocht airgeadais san Aontas. Agus maoirseacht á déanamh ar thagarmharc criticiúil, ba cheart breathnú go hiomlánaíoch ar na tionchair a d'fhéadfadh teacht chun cinn, ní hamháin sa Bhallstát ina bhfuil an riarthóir lonnaithe agus sna Ballstáit ina bhfuil a ranníocóirí lonnaithe, ach ar fud an Aontais ar fad. Dá bhrí sin, is iomchuí go ndéanfaidh ÚEUM maoirseacht ar thagarmharcanna criticiúla ar leibhéal an Aontais. Chun dúbailt cúraimí a sheachaint, ba cheart do ÚEUM, agus é féin amháin, maoirseacht a dhéanamh ar riarthóirí tagarmharcanna criticiúla, lena náirítear aon tagarmharcanna neamhchriticiúla a bheadh á riar acu.
(49)I gcás nach mbeidh tagarmharc criticiúil, áfach, ach in aon Bhallstát amháin, féadfaidh sé i ngeall ar údarás inniúil an Bhallstáit sin a bheith níos gaire don mhargadh gurb iomchuí do ÚEUM maoirseacht an tagarmhairc sin a tharmligean, ina hiomláine nó i bpáirt, chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina mbeidh an riarthóir lonnaithe ar choinníoll go bhfuair ÚEUM toiliú an údaráis inniúil sin roimh ré chun na críche sin.
(50)Toisc gur doichte na ceanglais a chuirtear ar riarthóirí agus ar rannchuiditheoirí tagarmharcanna criticiúla ná na ceanglais a chuirtear ar riarthóirí agus ar rannchuiditheoirí tagarmharcanna eile, ba cheart don Choimisiún nó do ÚEUM tagarmharcanna a ainmniú ina dtagarmharcanna criticiúla agus ba cheart don Choimisiún iad a chódú. Ós rud é gurb iad na húdaráis inniúla náisiúnta a bhfuil an rochtain is fearr acu ar shonraí agus ar fhaisnéis faoi na tagarmharcanna a dhéanann siad a mhaoirsiú, ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún nó do ÚEUM faoi thagarmharcanna a chomhlíonann, ina dtuairim féin, na critéir lena sainaithnítear tagarmharcanna criticiúla. .
(51)Bhí sé beartaithe go rannchuideodh na coláistí maoirseoirí le haghaidh tagarmharcanna criticiúla le cur i bhfeidhm comhchuibhithe na rialacha faoi Rialachán (AE) 2016/1011 agus le cóineasú cleachtas maoirseachta. Ó tharla go bhfuil ÚEUM i dteagmháil leis na maoirseoirí náisiúnta go léir go díreach nó go bhfuil sé comhdhéanta de na maoirseoirí sin, ní bheidh gá leis na coláistí maoirseoirí sin níos mó.
(52)An nós imeachta maidir leis an mBallstát tagartha a chinneadh do riarthóirí tagarmharcanna atá lonnaithe i dtríú tíortha a dhéanfaidh iarratas ar aitheantas san Aontas, tá sé fadálach agus achrannach d'iarratasóirí agus údaráis inniúla náisiúnta. D’fhéadfadh iarratasóirí iarracht a dhéanamh tionchar a imirt ar an gcinneadh sin agus iad ag súil go mbeadh arbatráiste maoirseachta ann, faoi mar a d’fhéadfadh riarthóirí tagarmharcanna eile freisin atá lonnaithe i dtríú tíortha agus atá ag iarraidh dul isteach san Aontas tríd an gcóras formhuinithe. D’fhéadfadh na riarthóirí tagarmharcanna sin a nionadaí dlíthiúil a roghnú go straitéiseach i mBallstát ina measann siad nach mbeadh an mhaoirseacht chomh docht céanna. I ngeall ar chur chuige comhchuibhithe agus ÚEUM a bheith ag feidhmiú ina údarás inniúil do thagarmharcanna tríú tíortha agus dá riarthóirí, seachnófar na rioscaí sin agus na costais maidir leis an mBallstát tagartha a chinneadh agus an mhaoirseacht ina dhiaidh sin freisin. Ina theannta sin, i ngeall ar an ról seo mar údarás inniúil do thagarmharcanna tríú tíortha, beidh ÚEUM ina chontrapháirt san Aontas ag maoirseoirí i dtríú tíortha, rud a fhágann go mbeidh an comhar trasteorann níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.
(53)Is bainc nó gnólachtaí seirbhísí airgeadais a bhíonn ag láimhseáil airgead cliant iad a lán de na riarthóirí tagarmharcanna murab iad a bhformhór. Chun nach mbainfí an bonn ó chomhrac an Aontais i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart gur réamhchoinníoll é chun comhaontú comhair a chur i gcrích le húdarás inniúil de réir córas coibhéise nach bhfuil tír an údaráis inniúil ar an liosta de na dlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras náisiúnta frithsciúrtha airgid agus ina gcóras le haghaidh an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais.
(54)Déantar tagairt do gach tagarmharc nach mór i dtáirgí airgeadais atá ar fáil i roinnt Ballstát, mura ndéantar tagairt dóibh san Aontas ar fad. Chun rioscaí a bhrath maidir le tagarmharcanna a sholáthar a bhféadfadh sé nach mbeidís iontaofa ná ionadaíoch ar an margadh níos mó nó nár fhíorchás eacnamaíoch é a bheartaíonn siad a thomhas, ba cheart do na húdaráis inniúla, lena náirítear ÚEUM, comhoibriú le chéile agus cúnamh a thabhairt dá chéile i gcás inarb iomchuí.
(55)I ngeall ar chineál na nurrús agus na neisitheoirí lena mbaineann, léirítear i gcineálacha áirithe de réamheolairí arna dtarraingt suas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 gné thrasteorann laistigh den Aontas, leibhéal castachta teicniúla agus/nó rioscaí féideartha d'arbatráiste rialála atá den chineál sin dá ndéanfadh ÚEUM maoirseacht lárnach orthu go mbainfeadh sé torthaí níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla amach ná mar a bhainfidís amach ar an leibhéal náisiúnta. Dá ndéanfaí formheas na réamheolairí sin a chomhdhlúthú ar leibhéal ÚEUM, agus na gníomhaíochtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin lena mbaineann ar leibhéal ÚEUM freisin, laghdófaí na costais a bhaineann le comhlíonadh agus na bacainní riaracháin agus chuirfí feabhas ar cháilíocht, ar chomhsheasmhacht agus ar éifeachtúlacht na maoirseachta san Aontas san am céanna.
(56)Is tábhachtach an fhoinse chaipitil iad láithrithe príobháideacha urrús neamhchothromais le haghaidh eisitheoirí agus tá gné thrastheorann iontu. Cé nach dteastaíonn réamheolaire ó láithriú príobháideach le hinfheisteoirí cáilithe, ní mór ligean isteach chun trádála na nurrús ar mhargadh rialáilte ina dhiaidh sin a fhoilsiú i réamheolaire i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129. Faoi chóras an réamheolaire, tá an deis ag eisitheoirí a mBallstát baile a roghnú i gcás ina bhfuil an ainmníocht urrús neamhchothromais in aghaidh an aonaid níos mó ná 1 000 EUR. Ós ainmníocht in aghaidh an aonaid is mó ná 1 000 EUR a bhíonn á taispeáint, de ghnáth, ag na hurrúis neamhchothromais a bhíonn i gceist le láithrithe príobháideacha, d'fhéadfadh sé go dtarlódh tóraíocht fóram rialála. Dá gcuirfí de chúram ar ÚEUM formheas a dhéanamh ar réamheolairí neamhchothromais mórdhíola den sórt sin a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar chuid shonrach de nach bhféadfadh ach infheisteoirí cáilithe rochtain a bheith acu air, ba cheart go mbainfí cuspóir dúbailte amach mar atá cothrom iomaíochta a áirithiú d'infheisteoirí agus leibhéal níos airde éifeachtúlachta trí na nósanna imeachta um fhormheas a shruthlíniú.
(57)Chun réamheolairí a bhaineann le hurrúis de bhun sócmhainní a fhormheas agus chun réamheolairí arna dtarraingt suas ag eisitheoirí speisialaithe a fhormheas, amhail cuideachtaí réadmhaoine, cuideachtaí mianraí, cuideachtaí eolaíochta taighde-bhunaithe nó cuideachtaí loingseoireachta, tá foireann ardspeisialaithe de dhíth ar na húdaráis inniúla náisiúnta le déileáil, i bhformhór na gcásanna, le méid réasúnta beag de réamheolairí. Ina theannta sin, faisnéis neamhairgeadais áirithe atá le nochtadh ag eisitheoirí speisialaithe, ní leagtar amach í sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1129 ach fágtar faoi lánrogha na núdarás inniúil náisiúnta í. Dá bharr sin, féadfaidh neamhéifeachtúlacht agus arbatráiste rialála teacht chun cinn. Trína chur ar chúram ÚEUM na cineálacha sin réamheolairí a fhormheas, ba cheart cothrom iomaíochta ar thaobh amháin a áirithiú ó thaobh nochtadh faisnéise de agus deireadh a chur leis an riosca ar arbatráiste rialála, agus ar an taobh eile, an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainní maoirseachta a dháileadh ar leibhéal an Aontais trí ÚEUM a bhunú mar an lárionad saineolais agus feabhas a chur ar a éifeachtúla atá an mhaoirseacht ar na réamheolairí lena mbaineann.
(58)Tá saoirse áirithe ag eisitheoirí i dtríú tír a tharraingíonn suas réamheolaire i gcomhréir le dlí an Aontais agus a mBallstát baile á roghnú acu chun críche an réamheolaire a fhormheas, agus baineann leis sin an riosca go dtarlóidh tóraíocht fóram maoirseachta. Trí fhormheasanna den sórt sin a chomhdhlúthú ar leibhéal ÚEUM, d'áiritheofaí cur chuige a bheadh go hiomlán cóineasaithe i leith eisitheoirí i dtríú tír agus chuirfí deireadh le féidearthacht an arbatráiste rialála. Dá réir sin, beidh ÚEUM ag feidhmiú mar ionad teagmhála aonair san Aontas le haghaidh eisitheoirí i dtríú tír, beag beann ar an mBallstát nó ar na Ballstáit ina dtairgeann siad a nurrús nó ina niarrann siad ligean isteach chun trádála. Cuirfidh sin deireadh leis an ngá d'eisitheoirí i dtríú tír den sórt sin Ballstát baile a chinneadh.
(59)Ba cheart an córas coibhéise um réamheolairí arna dtarraingt suas faoi dhlíthe náisiúnta tríú tíortha a leasú chun a fhoráil go mbeadh an measúnú coibhéise agus glacadh an chinnidh ag an gCoimisiún ina dhiaidh sin bunaithe ní hamháin ar na ceanglais faisnéise atá i ndlíthe náisiúnta na dtríú tíortha sin, ach bunaithe freisin ar chreat a bheith ann chun gur féidir leis an maoirseoir tríú tír an réamheolaire a scrúdú agus a fhormheas, lena náirítear a fhorlíonta, i gcás inarb iomchuí, agus na tairiscintí agus na ceadanna isteach faoin réamheolaire sin a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Chun a bheith comhsheasmhach leis an gcur chuige atá leagtha amach ag an gCoimisiún sa Doiciméad Inmheánach Oibre 'EU equivalence decisions in financial services policy: an assessment' [Cinntí san Aontas Eorpach maidir le coibhéis sa bheartas seirbhísí airgeadais: measúnú] (SWD(2017) 102 final), ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann a chinneadh coibhéise a chur faoi réir coinníollacha breise d’fhonn sláine an mhargaidh san Aontas a chosaint, agus an margadh aonair do sheirbhísí airgeadais a chur chun cinn agus comhluachanna agus cuspóirí rialála comhroinnte ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur chun cinn chomh maith. Féadfaidh sé gurb é a bheidh i gcoinníollacha den sórt sin ceanglas maidir leis an tríú tír córas coibhéiseach éifeachtach a sholáthar chun aitheantas a thabhairt do réamheolairí arna dtarraingt suas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129 nó an deis a thabhairt do ÚEUM comhoibriú le maoirseoir an tríú tír ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar rialacha an tríú tír ar bhonn leanúnach.
(60)I gcás inar fhógair an Coimisiún gur coibhéiseach na socruithe maoirseachta agus dlíthiúla de chuid tríú tír a bhaineann le réamheolairí arna dtarraingt suas i gcomhréir le dlí náisiúnta an tríú tír sin, agus i gcás gur tugadh socrú comhair iomchuí i gcrích idir ÚEUM agus údarás maoirseachta an tríú tír sin, ba cheart aon réamheolaire arna fhormheas ag údarás maoirseachta an tríú tír sin atá á úsáid san Aontas chun urrúis a thairiscint don phobal nó cead isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte, ba cheart iad a chur faoi bhráid ÚEUM agus ba cheart na rialacha maidir leis an Ballstát baile a chinneadh a dhífheidhmiú.
(61)Ós rud é go gceanglaítear faoin gcóras coibhéise dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/1129 ar údaráis inniúla agus ar ÚEUM a bheith ag brath ar mhaoirseoirí tríú tíortha maidir le tairiscintí agus ceadanna isteach chun trádála a dhéanfar san Aontas ar bhonn réamheolaire arna tharraingt suas faoi rialacha tríú tíortha, is gá do na húdaráis inniúla sin agus do ÚEUM a bheith muiníneach go náiritheofar go gcuirfear cosc sa tríú tír lena mbaineann ar úsáid a bhaint as an gcóras airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Chun na críche sin, agus freisin chun nach mbainfí an bonn ó chomhrac an Aontais i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart gur réamhchoinníoll é chun ÚEUM comhaontú comhair a thabhairt i gcrích le maoirseoir tríú tír faoin gcóras coibhéise dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/1129 nach bhfuil an tríú tír ar an liosta de na dlínsí faoinar fógraíodh go bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras náisiúnta frithsciúrtha airgid agus ina gcóras le haghaidh an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais.
(62)Ba cheart an chumhacht a thabhairt do ÚEUM smachtbhannaí riaracháin a fhorchur nó bearta riaracháin eile a ghlacadh maidir le sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129 a bhaineann leis na cineálacha sonracha réamheolairí a dtugtar formheas do ÚEUM ina leith. Ba cheart don Rialachán seo teorainneacha na smachtbhannaí riaracháin sin nó teorainneacha beart riaracháin eile a shainiú go soiléir a bheadh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
(63)Maidir le maoirsiú na bhfógrán a bhaineann leis na réamheolairí sin a dtugtar formheas do ÚEUM ina leith, ba cheart é a aistriú chuig ÚEUM freisin. Ba cheart an rogha a bheith ag ÚEUM comhlíonadh na bhfógrán sin a rialú. Ba cheart do ÚEUM an rialú sin a dhéanamh i gcónaí, áfach, maidir le haon fhógrán a scaiptear i mBallstát a bhfuil a údarás inniúil tar éis a iarraidh go foirmiúil ar ÚEUM úsáid a bhaint as a chumhacht rialúcháin i gcás ina mbainfear úsáid as réamheolaire arna fhormheas ag ÚEUM do thairiscint nó cead isteach ar a dhlínse. Chun cúram den sórt sin a dhéanamh, ba cheart go mbeadh acmhainní iomchuí daonna ag ÚEUM a bhfuil eolas leordhóthanach acu ar na rialacha náisiúnta ábhartha maidir le cosaint tomhaltóirí.
(64)Ba cheart do ÚEUM grinnscrúdú a dhéanamh ar na réamheolairí go léir de na cineálacha sin agus iad a fhormheas ar réamheolairí iad a shainítear sa Rialachán seo agus a thíolacfar lena bhformheas ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart don údarás inniúil leanúint de mhaoirsiú a dhéanamh ar réamheolairí de na cineálacha sin a shainítear sa Rialachán seo ar réamheolairí iad a rinne údarás inniúil a fhormheas roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó a tíolacadh chuig údarás inniúil lena bhformheas ach nach ndearnadh a fhormheas fós ag an dáta sin. Chun aon mhearbhall a sheachaint, ba cheart go gcumhdófaí sa mhaoirseacht sin críochnú an nós imeachta um ghrinnscrúdú agus um fhormheas i leith na réamheolairí sin nach bhfuil formheasta fós agus gach cúram freisin maidir le formheas agus fógra a thabhairt atá infheidhme maidir le forlíonta agus téarmaí críochnaitheacha ábhartha, i gcás inarb infheidhme.
(65)Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse ama réasúnach chun na socruithe is gá a dhéanamh don bhonneagar rialachais atá beartaithe agus do na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme chun é a chur ar a gcumas do na ÚMEanna agus do na páirtithe eile lena mbaineann na rialacha a tugadh isteach leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.
(66)Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010; Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010; Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010; Rialachán (AE) Uimh. 345/2013; Rialachán (AE) Uimh. 346/2013; Rialachán (AE) Uimh. 600/2014; Rialachán (AE) Uimh. 2015/760; Rialachán (AE) 2016/2011; Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1129 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 mar a leanas:
(1)leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoir 2002/87/CE, Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***, Rialachán (AE) 2015/847**** ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*****, Threoir 2015/2366/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle****** agus, a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais agus maidir leis na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/65/CE agus de Threoir 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*******, lena náirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus aon ghníomh Aontais eile atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena gcuirtear cúraimí ar an Údarás. Gníomhóidh an tÚdarás freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle********.
*Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena naisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, Lch. 66).
**Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí. Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 173, 12.6.2014, Lch. 149).
***Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu. Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 257, 28.8.2014, Lch. 214)
****Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 1).
****Treoir 2007/2366/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena naisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, Lch. 35).
*****Treoir 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).
*****
Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, Lch. 63).";
(2)i mír 5 d'Airteagal 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
"Ar na tagairtí do mhaoirseacht sa Rialachán seo tá gníomhaíochtaí na núdarás inniúil uile atá le déanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).";
(3)leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):
"(1) ciallaíonn 'institiúidí airgeadais' aon ghnóthas atá faoi réir Rialacháin agus maoirseachta de bhun na ngníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2);";
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i) de phointe (2):
"(i) údaráis inniúla mar a shainmhínítear iad i bpointe (40) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena náirítear an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le hábhair a bhaineann leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii) de phointe (2):
"(ii) a mhéid a bhaineann le Treoir 2002/65/CE agus Treoir 2015/849/AE, na húdaráis atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh institiúidí creidmheasa agus airgeadais ceanglais na dTreoracha sin;";
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii) de phointe (2):
"(iii) a mhéid a bhaineann le scéimeanna ráthaíochta taiscí, comhlachtaí a riarann scéimeanna ráthaíochta taiscí de bhun Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó i gcás ina riarann cuideachta phríobháideach feidhmiú na scéime ráthaíochta taiscí, an túdarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar na scéimeanna sin de bhun na Treorach sin agus údaráis riaracháin ábhartha dá dtagraítear sa Treoir sin; agus";
(e)cuirtear isteach pointe (v) agus pointe (vi) de phointe (2) mar seo a leanas:
"(v) údaráis inniúla dá dtagraítear i dTreoir 2014/17/AE; i Rialachán 2015/751, i dTreoir 2015/2366/AE, i dTreoir 2009/110/CE, i Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 agus i Rialachán (AE) Uimh. 260/2012;
(vi) comhlachtaí agus údaráis dá dtagraítear in Airteagal 20 de Threoir 2008/48/CE.";
(4)leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
(b)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):
"(2) Bord Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 47;";
(c)scriostar pointe 4;
(5)leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
(b)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (aa):
"(aa) lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a choimeád;";
(ii)cuirtear isteach an pointe (ab) seo a leanas:
"(ab) lámhleabhar réitigh de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le réiteach institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a choimeád ina leagtar amach dea-chleachtais maoirseachta agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta;";
(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) agus phointe (f):
"(e) athbhreithnithe ar údaráis inniúla a eagrú agus a dhéanamh agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte agus moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, d'fhonn comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;
(f) faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a chuid inniúlachtaí, lena náirítear, más ábhartha, forbairtí i dtaca le treochtaí creidmheasa, go háirithe creidmheas a thugtar do theaghlaigh agus do FBManna, agus i dtaca le treochtaí seirbhísí airgeadais nuálacha;";
(iv)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
"(h) cosaint taisceoirí, tomhaltóirí agus infheisteoirí a chothú;";
(c)i mír 1a, cuirtear isteach an pointe (c) seo a leanas:
“(c) nuálaíocht teicneolaíochta, samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh.";
(d)i mír 2, leasaítear an méid seo a leanas
(i) cuirtear isteach pointe (ca):
"(ca) moltaí a eisiúint mar a leagtar síos iad in Airteagal 29a agus Airteagal 31a;";
(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
"(h) an fhaisnéis is gá maidir le hinstitiúidí airgeadais a bhailiú dá bhforáiltear in Airteagal 35 agus in Airteagal 35b";
(6)leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais nua agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí a ghlacadh d'fhonn sábháilteacht agus fóntacht na margaí a chur chun cinn agus d'fhonn na cleachtais rialála agus maoirseachta a chóineasú.";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
"4. Déanfaidh an tÚdarás coiste um nuálaíocht airgeadais a bhunú mar chuid lárnach den Údarás lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí chun cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Féadfaidh an tÚdarás údaráis náisiúnta cosanta sonraí a cheapadh mar chuid den Choiste freisin.";
(7)leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
(b)i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
"Ina theannta sin, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí a dhíriú chuig údaráis na mBallstát nach sainítear mar údaráis inniúla faoin Rialachán seo ach a bhfuil sé de chumhacht acu cur i bhfeidhm na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a áirithiú.";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Más iomchuí, seolfaidh an tÚdarás, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí a eisíonn sé agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na treoirlínte agus na moltaí sin a eisiúint. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. Más iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás freisin, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, tuairim nó comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta dá dtagraítear in Airteagal 37.";
(d)i mír 4, cuirtear isteach an abairt seo a leanas:
"Míneofar sa tuarascáil freisin cén túdar a bhí ag an Údarás leis na treoirlínte agus na moltaí atá aige a eisiúint agus déanfar achoimre ar an aiseolas ó chomhairliúcháin phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí sin.";
(e)cuirtear isteach an mhír 5 seo a leanas:
"5. I gcás ina mbeidh dhá thrian de chomhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta den tuairim go bhfuil a inniúlacht sáraithe ag an Údarás trí threoirlínte nó moltaí áirithe a eisiúint, féadfaidh siad tuairim réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún.
Iarrfaidh an Coimisiún míniú ar an údar atá le heisiúint na dtreoirlínte nó na moltaí lena mbaineann ón Údarás. Déanfaidh an Coimisiún, ar fháil an mhínithe ón Údarás dó, measúnú ar raon feidhme na dtreoirlínte nó na moltaí ó thaobh inniúlacht an Údaráis de. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil a inniúlacht sáraithe ag an Údarás, agus tar éis deis a bheith tugtha don Údarás a thuairimí a chur in iúl, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear de cheangal ar an Údarás na treoirlínte nó na moltaí lena mbaineann a tharraingt siar. Cuirfear an cinneadh ón gCoimisiún ar fáil don phobal.";
(8)i mír 2 d'Airteagal 17, cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:
"Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 35, féadfaidh an tÚdarás iarraidh ar fhaisnéis a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí a dhíriú go díreach ar údaráis inniúla eile nó institiúidí airgeadais ábhartha, aon uair a mheastar gá a bheith léi chun críche imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm. Nuair is chuig institiúidí airgeadais a chuirfear í, míneofar san iarraidh réasúnaithe cén fáth a bhfuil an fhaisnéis riachtanach chun críocha imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.
Soláthróidh seolaí iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir chruinn iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.
Nuair a bheidh iarraidh ar fhaisnéis curtha chuig institiúid airgeadais, cuirfidh an tÚdarás na húdaráis inniúla ar an eolas faoin iarraidh sin. Cuideoidh na húdaráis inniúla leis an Údarás an fhaisnéis a bhailiú, má iarrann an tÚdarás sin.";
(9)leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. I gcásanna atá sainithe sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 i gceachtar den dá chás seo a leanas:
(a)
ar iarratas ó údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach naontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an inneachar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;
(b)
ar a thionscnamh féin i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn critéir oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.
I gcásanna ina leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le déanamh ag na húdaráis inniúla, glacfar leis go bhfuil easaontas ann murar ghlac na húdaráis sin cinneadh comhpháirteach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sna gníomhartha sin".;
(c)cuirtear isteach an mhír 1a agus an mhír 1b seo a leanas:
"1a. Sna cásanna seo a leanas, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra don Údarás gan mhoill nár baineadh comhaontú amach:
(a)
i gcás ina mbeidh foráil sna gníomhartha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann is túisce de na nithe seo a leanas:
(i) an sprioc-am a bheith dulta in éag;
cinneadh a bheith déanta ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn critéir oibiachtúla;
(b)
i gcás nach mbeidh aon fhoráil sna gníomhartha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann is túisce de na nithe seo a leanas:
(i)
cinneadh a bheith déanta ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn critéir oibiachtúla; nó
(ii)
dhá mhí a bheith caite ón dáta a fuair údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun na gníomhartha sin de chuid an Aontais a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an údarás a fuair an iarraidh.
1b. Measúnóidh an Cathaoirleach an cheist ar cheart don Údarás gníomhú i gcomhréir le mír 1. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás an idirghabháil dá thionscnamh féin, tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoina chinneadh maidir leis an idirghabháil.
Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 47(3a), i gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le déanamh, déanfaidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí féin a chur siar. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gníomhú, cuirfidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí siar go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 tugtha i gcrích.";
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
"Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, nár tháinig na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an tábhar a réiteach agus a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. . Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais.";
(e)cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:
"3a. Tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann gur cuireadh i gcrích nósanna imeachta faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, agus, nuair is infheidhme, an cinneadh a rinne sé faoi mhír 3.";
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
"4. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 den Chonradh, i gcás nár chomhlíon údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, gur mhainnigh sé a áirithiú go gcomhlíonfadh institiúid airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir léi, de bhua na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais á cheangal go ndéanfar an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena náirítear scor d'aon chleachtas áirithe.";
(10)leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:
(b), scriostar mír 1a;
(c)in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
"Chun na gcríoch sin, féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena náirítear Airteagal 35 agus Airteagal 35b.";
(11)leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:
(b)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:
"(aa) an Plean Maoirseachta Straitéiseach a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 29a;";
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
"(b) malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, ar faisnéis í a bhaineann leis na saincheisteanna ábhartha uile, lena náirítear an chibearshlándáil agus cibearionsaithe, más iomchuí, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha an Aontais;";
(iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
"(e) cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, lena náirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta, malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasachta foirne agus as uirlisí eile;";
(c)
i mír 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
"Chun cultúr maoirseachta coiteann a chur ar bun, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar maoirseachta don Aontas a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas agus ag cur san áireamh athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó na ninstitiúidí airgeadais. Ina theannta sin, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar réitigh de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le réiteach institiúidí airgeadais san Aontas. Leagfar amach agus sonrófar sa lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais agus sa lámhleabhar réitigh de chuid an Aontais dea-chleachtais maoirseachta agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta.";
(12)cuirtear isteach an tAirteagal 29a seo a leanas:
"Airteagal 29a
Plean Maoirseachta Straitéiseach
1. Ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo [XXX cuir isteach an tagairt don Rialachán leasaitheach] agus gach trí bliana ina dhiaidh sin faoin 31 Márta, eiseoidh an tÚdarás moladh a bheidh dírithe ar údaráis inniúla ina leagfar síos cuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha maoirseachta ("Plean Maoirseachta Straitéiseach") agus ina gcuirfear san áireamh ionchur ó na húdaráis inniúla. Tarchuirfidh an tÚdarás an Plean Maoirseachta Straitéiseach mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus cuirfidh sé ar fáil don phobal é ar a shuíomh gréasáin.
Sainaithneofar sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach tosaíochtaí ar leith do ghníomhaíochtaí maoirseachta chun cleachtais maoirseachta atá comhsheasmhach éifeachtúil éifeachtach a chur chun cinn agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach agus aghaidh a thabhairt ar na treochtaí ábhartha micreastuamachta, na rioscaí ionchasacha agus na leochaileachtaí a shainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 32.
2. Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh gach údarás inniúil dréachtchlár oibre bliantúil don bhliain dár gcionn faoi bhráid an Údaráis agus leagfaidh sé amach go sonrach conas atá an dréachtchlár oibre sin i gcomhréir leis an bPlean Maoirseachta Straitéiseach.
Beidh sa dréachtchlár oibre bliantúil cuspóirí agus tosaíochtaí sonracha le haghaidh gníomhaíochtaí maoirseachta agus critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla le haghaidh roghnú institiúidí airgeadais, cleachtais agus iompraíochtaí margaidh, agus margaí airgeadais, a scrúdóidh an túdarás inniúil a bheidh ag cur isteach an dréachtchláir oibre le linn bhliain an chláir sin.
3. Measúnóidh an tÚdarás an dréachtchlár oibre bliantúil agus, i gcás ina mbeidh rioscaí ábhartha ann nach mbainfear amach na tosaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach, eiseoidh an tÚdarás moladh chuig an údarás inniúil ábhartha arb é is aidhm leis dréachtchlár oibre bliantúil an údaráis inniúil sin a chur in oiriúint don Phlean Maoirseachta Straitéiseach.
Faoin 31 Nollaig gach bliain, glacfaidh na húdaráis inniúla a gclár oibre bliantúil agus aon mholtaí den chineál sin a fuair siad á gcur san áireamh acu.
4. Faoin 31 Márta gach bliain, tarchuirfidh gach údarás inniúil chuig an Údarás tuarascáil ar chur chun feidhme an chláir oibre bhliantúil.
Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil:
(a)
tuairisc ar na gníomhaíochtaí maoirseachta agus na scrúduithe ar institiúidí airgeadais, cleachtais agus iompraíochtaí margaidh agus ar mhargaí airgeadais, agus ar na bearta agus na smachtbhannaí riaracháin a forchuireadh ar institiúidí airgeadais atá freagrach as sáruithe ar dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta;
(b)
tuairisc ar na gníomhaíochtaí a rinneadh agus nár tuaradh sa chlár oibre bliantúil;
(c)
cuntas ar na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa chlár oibre bliantúil nach ndearnadh agus ar chuspóirí an chláir sin nár baineadh amach, chomh maith leis na cúiseanna nach ndearnadh na gníomhaíochtaí sin agus nár baineadh amach na cuspóirí sin.
5. Measúnóidh an tÚdarás tuarascálacha cur chun feidhme na núdarás inniúil. I gcás ina mbeidh rioscaí ábhartha ann nach mbainfear amach na tosaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach, eiseoidh an tÚdarás moladh chuig gach údarás inniúil lena mbaineann maidir le cén chaoi ar féidir na heasnaimh ábhartha atá ar a ngníomhaíochtaí a leigheas.
Ar bhonn na dtuarascálacha agus a mheasúnaithe féin ar rioscaí, sainaithneoidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí de chuid an údaráis inniúil ar gá iad chun an Plean Maoirseachta Straitéiseach a chomhlíonadh, agus déanfaidh sé, de réir mar is iomchuí, athbhreithnithe ar na gníomhaíochtaí sin faoi Airteagal 30.
6. Cuirfidh an tÚdarás na dea-chleachtais a sainaithníodh le linn an mheasúnaithe ar na cláir oibre bhliantúla ar fáil don phobal.";
(13)leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal an Airteagail:
"Athbhreithnithe ar údaráis inniúla";
(c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe go tréimhsiúil ar chuid de na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis inniúla nó orthu go léir chun an chomhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a dhaingniú a thuilleadh. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na húdaráis a ndéantar athbhreithniú orthu agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh eatarthu. Le linn athbhreithnithe a dhéanamh, déanfar faisnéis agus meastóireachtaí atá ann cheana maidir leis an údarás inniúil lena mbaineann a chur san áireamh, lena náirítear gach faisnéis a tugadh don Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35, agus aon fhaisnéis ó gheallsealbhóirí.";
(d)
cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:
"1a. Chun críocha an Airteagail seo, bunóidh an tÚdarás coiste athbhreithniúcháin ar a mbeidh baill foirne de chuid an Údaráis agus iad sin amháin. Féadfaidh an tÚdarás cúraimí nó cinntí áirithe a tharmligean chuig an gcoiste athbhreithniúcháin.";
(e)
leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:
"Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú, ach ní bheidh an tathbhreithniú teoranta dóibh sin amháin:";
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
"(a) a leordhóthanaí atá na hacmhainní, a mhéid neamhspleáchais agus na socruithe rialachais atá ag an údarás inniúil, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus leis an gcumas atá ann freagairt a thabhairt ar imeachtaí sa mhargadh;";
(f)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
"3. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil amach ina mbeidh torthaí an athbhreithnithe leagtha amach. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuarascáil sin ar na bearta leantacha a bhfuil súil leo de thoradh an athbhreithnithe. Féadfar na bearta leantacha a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 16 agus i bhfoirm tuairimí de bhun Airteagal 29(1)(a).
I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall aon treoirlínte agus aon mholtaí a eisíodh a chomhlíonadh. I gcás nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla aon ghníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar na bearta leantacha atá sonraithe sa tuarascáil, eiseoidh an tÚdarás tuarascáil leantach.
Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, nó treoirlínte nó moltaí á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 16, cuirfidh an tÚdarás toradh an athbhreithnithe san áireamh, mar aon le haon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, chun cóineasú na gcleachtas maoirseachta den chaighdeán is airde a áirithiú.";
(g)
cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:
"3a. Cuirfidh an tÚdarás tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe nó d'aon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go measann sé gur gá na rialacha maidir le hinstitiúidí airgeadais nó údaráis inniúla a chomhchuibhiú a thuilleadh.";
(h)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
4. Foilseoidh an tÚdarás na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 lena náirítear aon tuarascáil leantach mura mbeidh rioscaí san fhoilsiú do chobhsaíocht an chórais airgeadais. Iarrfar ar an údarás inniúil a bheidh faoi athbhreithniú a bharúlacha a thabhairt sula bhfoilseofar aon tuarascáil. Cuirfear na barúlacha sin ar fáil don phobal mura mbeidh rioscaí san fhoilsiú do chobhsaíocht an chórais airgeadais.";
(14)in Airteagal 31 cuirtear isteach mír:
"Maidir le gníomhaíocht údarás inniúil atá ceaptha cead isteach sa mhargadh a éascú d'oibreoirí nó táirgí atá ag brath ar nuálaíocht teicneolaíochta, cuirfidh an tÚdarás cóineasú maoirseachta chun cinn, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte nó moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.";
(15)cuirtear isteach an tAirteagal 31a seo a leanas:
"Airteagal 31a
Tarmligean agus seachfhoinsiú gníomhaíochtaí agus fachtóirí riosca a chomhordú
1.
Comhordóidh an tÚdarás ar bhonn leanúnach gníomhaíochtaí maoirseachta na núdarás inniúil chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn maidir le hinstitiúidí airgeadais gníomhaíochtaí a tharmligean agus a sheachfhoinsiú agus aistrithe riosca a dhéanann siad, i gcomhréir le míreanna 2, 3, 4 agus 5.
2. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don údarás inniúil má bhíonn sé beartaithe acu údarú nó clárú a dhéanamh i ndáil le hinstitiúid airgeadais atá faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil lena mbaineann i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus má tá sé i gceist i bplean oibre na hinstitiúide airgeadais sin seachfhoinsiú nó tarmligean a dhéanamh ar chuid ábhartha dá gníomhaíochtaí nó ar aon cheann dá príomhfheidhmeanna, nó aistriú chuig tríú thíortha a dhéanamh ar riosca cuid ábhartha dá gníomhaíochtaí d'fhonn tairbhiú de phas an Aontais Eorpaigh agus gníomhaíochtaí nó feidhmeanna móra ar siúl dáiríre acu lasmuigh den Aontas. Beidh an fógra a thabharfar don Údarás mionsonraithe a dhóthain le gur féidir leis an Údarás measúnú ceart a dhéanamh.
I gcás ina measfaidh an tÚdarás gur gá tuairim a eisiúint chuig údarás inniúil maidir le húdarú nó clárú, faoinar tugadh fógra de bhun na chéad fhomhíre, gan a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le treoirlínte, moltaí nó tuairimí a ghlac an tÚdarás, cuirfidh an tÚdarás an túdarás inniúil sin ar an eolas faoin méid sin laistigh de 20 lá oibre tar éis dó fógra a fháil ón údarás inniúil sin. Sa chás sin fanfaidh an túdarás inniúil lena mbaineann le tuairim ón Údarás sula ndéanfaidh sé an clárú nó an túdarú.
Arna iarraidh sin ag an Údarás, cuirfidh an túdarás inniúil ar fáil laistigh de 15 lá oibre tar éis don iarraidh sin a fháil pé faisnéis a bhaineann lena chinntí chun institiúid airgeadais atá faoina mhaoirseacht a údarú nó a chlárú i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Eiseoidh an tÚdarás tuairim, gan dochar d'aon teorainneacha ama atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais, faoi cheann dhá mhí ar a dhéanaí tar éis dó an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre.
3. Tabharfaidh institiúid airgeadais fógra don údarás inniúil faoi sheachfhoinsiú nó tarmligean cuid ábhartha dá gníomhaíochtaí nó aon cheann dá príomhfheidhmeanna, agus faoi aistriú riosca cuid ábhartha dá gníomhaíochtaí chuig eintiteas eile nó chuig brainse dá chuid atá bunaithe i dtríú tír. An túdarás inniúil lena mbaineann, cuirfidh sé an tÚdarás ar an eolas faoi na fógraí sin ar bhonn leathbhliantúil.
Gan dochar d'Airteagal 35, ar iarratas ón Údarás, cuirfidh an túdarás inniúil faisnéis ar fáil maidir leis na socruithe seachfhoinsithe, tarmligin nó aistrithe riosca atá ag na hinstitiúidí airgeadais.
Déanfaidh an tÚdarás faireachán féachaint an bhfuil na húdaráis inniúla lena mbaineann ag fíorú go bhfuil socruithe seachfhoinsithe, tarmligin nó aistrithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír á gcur i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais, go bhfuil siad ag comhlíonadh na dtreoirlínte, na moltaí nó na dtuairimí ón Údarás agus nach gcuireann siad cosc ar na húdaráis inniúla maoirseacht éifeachtach a dhéanamh agus ar fhorfheidhmiú i dtríú tír.
4. Féadfaidh an tÚdarás moltaí a eisiúint chuig an údarás inniúil lena mbaineann, lena náirítear moltaí cinneadh a athbhreithniú nó údarú a tharraingt siar. I gcás nach leanfaidh an túdarás inniúil lena mbaineann moltaí an Údaráis laistigh de 15 lá oibre, déanfaidh an túdarás inniúil na cúiseanna a lua agus poibleoidh an tÚdarás a mholadh mar aon leis na cúiseanna sin.";
(16)leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:
(b)cuirtear isteach mír 2a nua:
"2a. Ar a laghad uair sa bhliain, measfaidh an tÚdarás an iomchuí na measúnuithe uile-Aontais dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh agus cuirfidh sé a réasúnú in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún. I gcás ina ndéanfar na measúnuithe uile-Aontais sin agus go measfaidh an tÚdarás gurb iomchuí iad a dhéanamh, nochtfaidh sé na torthaí maidir le gach institiúid airgeadais rannpháirteach.
Ní chuirfidh na hoibleagáidí rúndachta gairmiúla atá ar údaráis inniúla bac orthu toradh na measúnuithe uile-Aontais dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú nó a tharchur chuig an Údarás chun gur féidir leis an Údarás an toradh ar na measúnuithe uile-Aontais sin ar bhuanseasmhacht na margaí airgeadais a fhoilsiú.";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3a agus mhír 3b:
"3a. Féadfaidh an tÚdarás ceangal a chur ar údaráis inniúla freisin athbhreithnithe sonracha a dhéanamh. Féadfaidh sé iarraidh ar údaráis inniúla cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair, agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 21 agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach ann chun inchomparáideacht agus iontaofacht modhanna, cleachtas agus torthaí a áirithiú.";
(17)leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún cinntí coibhéise a ullmhú i ndáil le córais rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha nuair a gheofar iarraidh shonrach ar chomhairle ón gCoimisiún nó nuair nach mór sin a dhéanamh de réir na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).";
(c)cuirtear isteach an mhír 2a, an mhír 2b agus an mhír 2c seo a leanas:
"2a. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta agus ar chleachtais forfheidhmiúcháin agus ar fhorbairtí margaidh ábhartha i dtríú tíortha ar ghlac an Coimisiún cinntí coibhéise ina leith de bhun na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun a dhéanamh amach an bhfuiltear ag comhlíonadh fós na gcritéar a ndearnadh na cinntí sin ar a mbonn agus aon choinníollacha atá leagtha amach iontu. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ar a chinntí ina leith sin.
Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt de mhír 1, comhoibreoidh an tÚdarás leis na húdaráis inniúla ábhartha, agus freisin, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis réitigh tríú tíortha ar sainaithníodh go raibh a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach. Leanfar den chomhar sin ar bhonn socruithe riaracháin a tugadh i gcrích le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin. Nuair bheidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta faoi na socruithe riaracháin sin, cuirfidh sé forálacha maidir leis an méid seo a leanas san áireamh:
(a)
na sásraí lena bhféadfaidh an tÚdarás faisnéis ábhartha a fháil, lena náirítear faisnéis ar an gcóras rialála, ar an gcur chuige maoirseachta, ar fhorbairtí margaidh ábhartha agus ar aon athruithe a d'fhéadfadh cur isteach ar an gcinneadh coibhéise;
(b)
a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca leis na cinntí coibhéise sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena náirítear, más gá, cigireachtaí ar an láthair.
Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas má dhiúltaíonn údarás inniúil tríú tír na socruithe riaracháin sin a chur i gcrích nó má dhiúltaíonn sé comhoibriú go héifeachtach. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin san áireamh agus é ag athbhreithniú na gcinntí coibhéise ábhartha.
2b. I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2a a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh nó ar chosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill.
Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ar na forbairtí maidir le rialáil, maoirseacht, forfheidhmiú, agus margaí sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2a agus béim ar leith inti ar na himpleachtaí atá leo i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
2c. Cuirfidh na húdaráis inniúla an tÚdarás ar an eolas roimh ré faoin rún atá acu aon socruithe riaracháin a chur i gcrích le húdaráis inniúla tríú tír in aon cheann de na réimsí atá faoi réir na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena náirítear an méid a bhaineann le brainsí eintiteas tríú tír. Tabharfaidh siad dréacht de na socruithe beartaithe sin don Údarás san am céanna.
Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt chun cleachtais maoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur ar bun san Aontas agus chun an comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a dhaingniú. I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint.
Cuirfidh an tÚdarás isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5) faisnéis ar na socruithe riaracháin a comhaontaíodh le húdaráis maoirseachta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh a thug an tÚdarás don Choimisiún maidir le hullmhú cinntí coibhéise agus an ghníomhaíocht faireacháin a rinne an tÚdarás i gcomhréir le mír 2a.";
(18)In Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Maidir le measúnuithe faoi Airteagal 22 de Threoir 2013/36/CE, agus lena gceanglaítear, de réir na Treorach sin, comhairliúchán a bheith ann idir na húdaráis inniúla ó dhá Bhallstát nó níos mó, féadfaidh an tÚdarás, ar iarratas a fháil ó cheann amháin de na húdaráis inniúla lena mbaineann, tuairim ar mheasúnú den chineál sin a eisiúint agus a fhoilsiú, seachas i ndáil leis na critéir in Airteagal 23(1)(e) den Treoir sin. Eiseofar an tuairim go pras agus in aon chás roimh dheireadh na tréimhse measúnaithe dá dtagraítear sa Treoir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 35 agus ag Airteagal 35b maidir leis na réimsí a bhféadfaidh an tÚdarás tuairim a eisiúint ina leith.";
(19)leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:
"1. Ar iarratas ón Údarás, déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Údarás, chun go mbeidh sé in ann na cúraimí a cuireadh air faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuil rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha.
Beidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil cruinn agus iomlán agus cuirfear isteach í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás.
2. Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh freisin go soláthrófaí faisnéis ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáid shonraithe nó trí bhíthin teimpléid inchomparáide arna bhformheas ag an Údarás. Más féidir, déanfar na hiarrataí sin i bhformáidí coiteanna tuairiscithe.
3. Tar éis don Údarás iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó údarás inniúil, soláthróidh sé aon fhaisnéis atá riachtanach chun an túdarás inniúil a chumasú a chuid cúraimí a dhéanamh, i gcomhréir leis na hoibleagáidí i dtaobh rúndacht ghairmiúil atá leagtha síos i reachtaíocht earnálach agus in Airteagal 70.";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
"5. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a iarrfar i gcomhréir le mír 1 ar fáil nó nach soláthróidh na húdaráis inniúla í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí a dhíriú chuig aon cheann díobh seo a leanas:
(a) údaráis eile ag a bhfuil feidhmeanna maoirseachta;
(b) an aireacht atá freagrach as airgeadas sa Bhallstát lena mbaineann i gcás ina mbeidh faisnéis stuamachta ar fáil di;
(c) banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann;
(c) oifig staidrimh an Bhallstáit lena mbaineann;
Arna iarraidh sin ag an Údarás, tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh don Údarás maidir le bailiú na faisnéise.";
(d)scriostar mír 6 agus mír 7a:
(20)cuirtear isteach Airteagal 35a go hAirteagal 35h mar seo a leanas:
"Airteagal 35a
Feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 35b
Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar don Údarás, d'aon duine dá chuid oifigeach nó d'aon duine a bheidh údaraithe ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35(b), ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi phribhléid dhlíthiúil a éileamh.
Airteagal 35b
Iarraidh ar fhaisnéis chuig institiúidí airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta nó brainsí d'institiúidí airgeadais ábhartha agus eintitis oibríochtúla neamhrialaithe i ngrúpa airgeadais nó in ilchuideachta
1. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a iarrfar faoi mhír 1 nó faoi mhír 5 d'Airteagal 35 ar fáil nó nach soláthrófar í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás, féadfaidh sé trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh ceangal a chur ar na hinstitiúidí agus na heintitis seo a leanas an fhaisnéis uile a sholáthar atá riachtanach chun gur féidir leis an Údarás a chúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh:
(a) institiúidí airgeadais ábhartha;
(b) cuideachtaí sealbhaíochta nó brainsí d'institiúidí airgeadais ábhartha;
(c) eintitis oibríochtúla neamhrialaithe i ngrúpa airgeadais nó in ilchuideachta atá suntasach ó thaobh ghníomhaíochtaí airgeadais na ninstitiúidí airgeadais ábhartha.
2. Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata a lua;
(c)
an fhaisnéis atáthar a iarraidh a shonrú;
(d)
teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e)
ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a niarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;
(f)
a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 35c, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.
3. Agus faisnéis á hiarraidh ag an Údarás trí chinneadh, déanfaidh sé:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata a lua;
(c)
an fhaisnéis atáthar a iarraidh a shonrú;
(d)
teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e)
a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35d i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;
(f)
a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 35c, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;
(g)
a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair an Bhord Achomhairc agus an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61.
4. Maidir leis na hinstitiúidí ábhartha agus na heintitis a liostaítear i mír 1 nó a nionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
5. I gcás eintitis ábhartha a liostaítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh an túdarás, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe.
6. Is chun na cúraimí a sannadh dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, agus chuige sin amháin, a fhéadfaidh an tÚdarás faisnéis rúnda a fuarthas i gcomhréir leis an Airteagal seo a úsáid.
Airteagal 35c
Rialacha nós imeachta maidir le fíneálacha a ghearradh
1. I gcás ina naimseoidh an tÚdarás, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh sárú dá dtagraítear in Airteagal 35d(1), ceapfaidh an tÚdarás oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh den Údarás chun an tábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an toifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i maoirseacht dhíreach ná neamhdhíreach na ninstitiúidí nó na neintiteas a liostaítear in Airteagal 35b(1) agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar an mBord Maoirseoirí.
2. Déanfaidh an toifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a chuirfidh na daoine a bheidh faoi imscrúdú faoina bhráid á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí.
3. Chun a chúraimí a dhéanamh, beidh an chumhacht ag an oifigeach imscrúdúcháin faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 35b.
4. Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag an údarás ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
5. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á nimscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an toifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.
6. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na nimscrúduithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.
7. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
8. Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 35f, cinnfidh an tÚdarás an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 35d(1) déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart i gcomhréir leis an Airteagal sin.
9. Ní bheidh an toifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití an Bhoird Maoirseoirí ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach i bpróiseas cinnteoireachta an Bhoird Maoirseoirí.
10. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 75a chun na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena náirítear na rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
(a) cearta cosanta,
(b) forálacha ama,
(c) forálacha lena sonraítear an chaoi a mbaileofar fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla,
(c) forálacha lena sonraítear na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.
11. Déanfaidh an tÚdarás ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina naimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh an tÚdarás fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.
Airteagal 35d
Fíneálacha
1. Glacfaidh an tÚdarás cinneadh fíneáil a ghearradh má fhaigheann sé gur mhainnigh institiúid nó eintiteas a liostaítear in Airteagal 35b(1), d'aon ghnó nó le faillí, faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar chinneadh lena néilítear faisnéis de bhun Airteagal 35b(3) nó gur sholáthair siad faisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis nó ar chinneadh de bhun Airteagal 35b(2).
2. Is é a bheidh i méid bunúsach na fíneála dá dtagraítear i mír 1 EUR 50 000 ar a laghad agus ní bheidh sé os cionn EUR 200 000.
3. Agus méid bunúsach na fíneála dá dtagraítear i mír 2 á shocrú aige, cuirfidh an tÚdarás san áireamh láimhdeachas bliantúil na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin agus beidh sé:
(a) ag ceann íochtair na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil faoi bhun EUR 10 milliún;
(b) ag lár na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil idir EUR 10 milliún agus EUR 50 milliún;
(c) ag ceann uachtair na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil os cionn EUR 50 milliún.
Déanfar na méideanna bunúsacha, arna sainiú de réir na dteorainneacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí fhachtóirí géaraitheacha nó fachtóirí maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach i mír 5.
Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht ghéaraitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.
Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht mhaolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.
4. Cuirfear na comhéifeachtaí um choigeartú seo a leanas i bhfeidhm, go carnach, maidir leis an méid bunúsach dá dtagraítear i mír 2, ar bhonn na nithe seo a leanas:
(a)
is iad seo a leanas na comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca géaraitheacha:
(i) i gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1.1 maidir le gach uair a rinneadh an sárú athuair;
(ii) i gcás inar mhair an sárú níos mó ná sé mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5;
(iii) i gcás ina ndearnadh an sárú d'aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2;
(iv) i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a rinneadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.7;
(v) i gcás nár chomhoibrigh bainistíocht shinsearach an eintitis leis an Údarás, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5.
(b)
is iad seo a leanas na comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca maolaitheacha:
(i) i gcás inar mhair an sárú níos lú ná 10 lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.9;
(ii) i gcás inar féidir le bainistíocht shinsearach na hinstitiúide nó an eintitis a léiriú go bhfuil na bearta uile is gá déanta acu chun cosc a chur le teip iarraidh de bhun Airteagal 35(6a) a chomhlíonadh, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.7;
(iii) i gcás inar chuir an teintiteas an sárú in iúl don Údarás go pras, go héifeachtach agus go hiomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.4;
(iv) i gcás ina ndearna an teintiteas, dá dheoin féin, bearta chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.6.
5. D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní bheidh iomlán na fíneála os cionn 20 % de láimhdeachas bliantúil an eintitis lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin mura rud é gur bhain an teintiteas tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go neamhdhíreach. Sa chás sin, beidh an fhíneáil iomlán cothrom, ar a laghad, leis an tairbhe sin.
Airteagal 35e
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Glacfaidh an tÚdarás cinntí íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh chun iallach a chur ar na hinstitiúidí nó na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 35b(1) faisnéis arna hiarraidh trí chinneadh a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 35b(3).
2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Déanfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar bhonn laethúil go dtí go ndéanfaidh an institiúid nó an teintiteas lena mbaineann an cinneadh ábhartha dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.
3. D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % de mheánláimhdeachas laethúil na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar gearradh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4. Féadfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ón Údarás.
Airteagal 35f
An ceart éisteacht a fháil
1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh maidir le fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh faoi Airteagal 35d agus Airteagal 35e, tabharfaidh an tÚdarás an deis don institiúid nó don eintiteas atá faoi réir na hiarrata éisteacht a fháil.
Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na hinstitiúidí nó na heintitis lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus ar na torthaí sin amháin, a bhunóidh an tÚdarás a chuid cinntí.
2. Déanfar cearta cosanta na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i mír 1 a urramú go hiomlán le linn an nós imeachta. Beidh an institiúid nó an teintiteas i dteideal rochtain a bheith aige ar chomhad an Údaráis, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid an Údaráis sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
Airteagal 35g
Nochtadh, cineál, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Fíneálacha riaracháin in-fhorfheidhmithe a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 35d agus Airteagal 35e.
2. Beidh forfheidhmiú íocaíochta na fíneála agus na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla faoi réir na rialacha nós imeachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ar ina chríoch a dhéanfar an forfheidhmiú. Beidh an tordú forfheidhmiúcháin i gceangal leis an gcinneadh lena ngearrtar fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil, gan ceanglas a bheith ann maidir le haon fhoirmiúlacht ach amháin fíorú ar bharántúlacht an chinnidh arna dhéanamh ag údarás a ainmneoidh gach Ballstát chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Údarás agus do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
3. Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin dá dtagraítear i mír 2 comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh an páirtí sin dul i gceann an fhorfheidhmithe de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.
4. Is le cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin a fhéadfar forfheidhmiú íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a chur ar fionraí. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin go bhfuil forfheidhmiú íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á dhéanamh go neamhrialta.
5. Déanfaidh an tÚdarás gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 35d agus Airteagal 35e a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.
6. Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 35h
Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr an tÚdarás fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearr an tÚdarás a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.";
(21)I mír 5 d'Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
"Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig údarás inniúil a fháil ó BERS, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb ábhartha, na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar obair leantach phrapúil mar fhreagairt ar an moladh.”
(22)leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí den chéad fhomhír de mhír 4:
"Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar feadh tréimhse ceithre bliana, agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin."
(c)
i mír 5, cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:
"I gcás nach féidir le comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta bheith ar aon tuairim nó comhairle le chéile, beidh cead ag na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin tuairim ar leith nó comhairle ar leith a eisiúint.
Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde tuairimí comhpháirteacha agus comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na nÚdarás Eorpach Maoirseachta faoi Airteagal 56 den Rialachán seo maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.";
(23)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:
Airteagal 39
Nósanna imeachta cinnteoireachta
1. Gníomhóidh an tÚdarás i gcomhréir le míreanna 2 go dtí 6 nuair a bheidh sé ag glacadh cinntí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach amháin na cinntí sin a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 35b, Airteagal 35d agus Airteagal 35e.
2. Cuirfidh an tÚdarás in iúl d'aon seolaí cinnidh go bhfuil rún aige an cinneadh a ghlacadh agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ar an ábhar, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil sa chéad abairt maidir le moltaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3).
3. Maidir leis na cinntí ón Údarás, déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua iontu.
4. Cuirfear seolaithe chinntí an Údaráis ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.
5. I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an Údarás de bhun Airteagal 18(3) nó Airteagal 18(4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí.
6. Déanfar glacadh na gcinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 nó Airteagal 19 a nochtadh don phobal. Nochtfar san fhoilsiú céannacht an údaráis inniúil nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann mar aon le príomhábhar an chinnidh, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na ninstitiúidí airgeadais sin nó lena rúin ghnó a chosaint nó go bhféadfadh sé feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go mór.";
(24)leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:
(b)
leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:
"(aa) comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(1), nach mbeidh vóta acu;";
(c)i mír 7, scriostar an dara fomhír;
(d)cuirtear isteach an mhír 8 seo a leanas:
"8. I gcás nach bhfuil an túdarás náisiúnta poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 freagrach as na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin cinneadh a dhéanamh cuireadh a chur ar ionadaí ó údarás an Bhallstáit um chosaint tomhaltóirí, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin. I gcás ina mbeidh an fhreagracht as cosaint tomhaltóirí roinnte idir roinnt údarás i mBallstát, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann.";
(25)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:
"Airteagal 41
Coistí inmheánacha
"Féadfaidh an Bord Maoirseoirí coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a tugadh dó. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, chuig an mBord Feidhmiúcháin nó chuig an gCathaoirleach.";
(26)in Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
"Nuair a bheidh na cúraimí a tugadh dóibh faoin Rialachán seo á ndéanamh acu, gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.";
(27)leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoir maidir le hobair an Údaráis. Ach amháin mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo glacfaidh an Bord Maoirseoirí tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin.";
(c)scriostar mír 2 agus mír 3.
(d)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
"Roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin, clár oibre an Údaráis a ghlacadh don bhliain dár gcionn, agus cuirfidh sé an clár oibre ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.";
(e)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
"5. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena náirítear an tábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, ar bhonn na dréachttuarascála dá dtagraítear in Airteagal 53(7) agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach bliain. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.";
(f)scriostar mír 8;
(28)leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1:
Maidir leis na gníomhartha a shonraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 16 agus maidir le bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d'Airteagal 9(5) agus faoi Chaibidil VI agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí ar bhonn tromlach cáilithe dá chomhaltaí, de réir mar a shainmhínítear sin in Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena náireofar tromlach simplí de na comhaltaí, a bheidh i láthair tráth caite an vóta, ó údaráis inniúla na mBallstát sin ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear sin i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (Ballstáit rannpháirteacha) agus tromlach simplí de na comhaltaí, a bheidh i láthair tráth caite an vóta, ó údaráis inniúla na mBallstát sin nach Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear sin i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (Ballstáit neamh-rannpháirteacha).
Ní dhéanfaidh comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Cathaoirleach vótáil ar na cinntí sin.";
(c)i mír 1, scriostar an tríú, an ceathrú, an cúigiú agus an séú fomhír;
(d)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
"4. Ní bheidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnadóirí rannpháirteach in aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).";
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an gCathaoirleach, leis na comhaltaí sin ar comhaltaí freisin iad den Bhord Feidhmiúcháin agus le hionadaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh arna ainmniú ag a Bhord Maoirseachta.";
(29)i gCaibidil III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 2:
"Roinn 2
An Bord Feidhmiúcháin"
(30)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:
"Airteagal 45
Comhdhéanamh
1. Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach agus triúr comhaltaí lánaimseartha. Sannfaidh an Cathaoirleach cúraimí beartais agus bainistíochta atá sainithe go soiléir do gach duine de na comhaltaí lánaimseartha. Sannfar freagrachtaí as cúrsaí buiséid agus cúrsaí a bhaineann le clár oibre an Údaráis do dhuine de na comhaltaí lánaimseartha (a bheidh ina "Chomhalta i bhfeighil"). Feidhmeoidh duine de na comhaltaí lánaimseartha mar Leas-Chathaoirleach agus déanfaidh sé cúraimí an Chathaoirligh nuair a bheidh an Cathaoirleach as láthair nó má bhíonn bac réasúnta air, i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Roghnófar na comhaltaí lánaimseartha ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais. Beidh taithí chuimsitheach bhainistíochta ag na comhaltaí lánaimseartha. Bunófar an roghnú ar ghlao oscailte ar iarrthóirí a bheidh le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus, ina dhiaidh sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas gearrliosta de na hiarrthóirí cáilithe.
Cuirfidh an Coimisiún an gearrliosta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis fhormheas an ghearrliosta sin, glacfaidh an Chomhairle cinneadh comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh, an Comhalta i bhfeighil san áireamh. Beidh an Bord Feidhmiúcháin cothrom, comhréireach agus léireoidh sé an tAontas ina iomláine.
3. Más rud é nach gcomhlíonann comhalta lánaimseartha den Bhord Feidhmiúcháin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 46 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i míiompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún a d'fhormheas Parlaimint na hEorpa, cinneadh a ghlacadh chun é a chur as oifig.
4. Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí lánaimseartha agus féadfar é a athnuachan aon uair amháin. Le linn na naoi mí roimh dheireadh théarma oifige cúig bliana an chomhalta lánaimseartha, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas:
(a) na torthaí a baineadh amach i rith an chéad téarma oifige agus mar a baineadh amach iad;
(b) dualgais agus riachtanais an Údaráis sna blianta atá le teacht.
Agus an mheastóireacht á cur san áireamh, cuirfidh an Coimisiún liosta na gcomhaltaí lánaimseartha atá le nuashonrú faoi bhráid na Comhairle. Ar bhonn an ghearrliosta sin, agus an mheastóireacht á cur san áireamh aici, féadfaidh an Chomhairle síneadh a chur le téarma oifige na gcomhaltaí lánaimseartha.";
(31)cuirtear isteach an tAirteagal 45a seo a leanas:
"Airteagal 45a
Cinnteoireacht
1. Glacfar cinntí an Bhoird Feidhmiúcháin trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.
2. Glacfaidh an tionadaí ón gCoimisiún páirt i gcruinnithe den Bhord Feidhmiúcháin gan an ceart vótála a bheith aige seachas maidir leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 63.
3. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.
4. Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó chomhalta amháin den Bhord, agus beidh na cruinnithe sin faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh.
Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile roimh gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí agus chomh minic agus a mheasann an Bord Feidhmiúcháin is gá. Tiocfaidh sé le chéile cúig huaire ar a laghad sa bhliain.
5. Faoi réir na rialacha nós imeachta, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Ní fhreastalóidh na rannpháirtithe sin nach bhfuil vóta acu ar aon phlé laistigh den Bhord Feidhmiúcháin a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair.";
(32)cuirtear isteach an tAirteagal 45b seo a leanas:
"Airteagal 45b
Coistí inmheánacha
Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a sannadh dó.";
(33)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:
"Airteagal 46
Neamhspleáchas
Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.
Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin i leith dhéanamh a gcúraimí.";
(34)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47:
"Airteagal 47
Cúraimí
1. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin go gcuirfidh an tÚdarás a mhisean i gcrích agus go ndéanfaidh sé na cúraimí a sannadh dó i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfaidh sé gach beart is gá, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a mholadh lena ghlacadh ag an mBord Maoirseoirí.
3. Feidhmeoidh an Bord Feidhmiúcháin a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 63 agus le hAirteagal 64.
Chun críocha Airteagail 17, 19, 22, 29a, 30, 31a, 32 agus 35b go 35h, beidh an Bord Feidhmiúcháin inniúil ar ghníomhú agus ar chinntí a dhéanamh. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoina chuid cinntí.
3a. Scrúdóidh an Bord Feidhmiúcháin na ceisteanna ar fad atá le socrú ag an mBord Maoirseoirí, tabharfaidh sé a thuairim fúthu agus déanfaidh sé tograí maidir leo.
4. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin plean beartais fhoireann an Údaráis agus, de bhun Airteagal 68(2), glacfaidh sé na bearta cur chun feidhme is gá ó Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach ('na Rialacháin Foirne').
5. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na forálacha speisialta a bhaineann le ceart rochtana ar dhoiciméid an Údaráis, i gcomhréir le hAirteagal 72.
6. Ar bhonn na dréachttuarascála dá dtagraítear in Airteagal 53(7), déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena náirítear dualgais an Chathaoirligh, a mholadh don Bhord Maoirseoirí i gcomhair a formheasta.
7. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 58(3) agus (5).
8. Poibleoidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne
9. Beidh na cúraimí sonracha seo a leanas ag an gComhalta i bhfeighil:
(a) clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi threoraíocht ón mBord Maoirseoirí agus faoi rialú an Bhoird Feidhmiúcháin;
(b) gach beart is gá a dhéanamh, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(c) clár oibre ilbhliantúil a ullmhú dá dtagraítear in Airteagal 47(2);
(d) clár oibre a ullmhú faoin 30 Meitheamh gach bliain don bhliain tar a éis sin, dá dtagraítear in Airteagal 47(2);
(e) réamh-dhréachtbhuiséad an Údaráis a tharraingt suas de bhun Airteagal 63 agus buiséad an Údaráis a chur chun feidhme de bhun Airteagal 64;
(f) dréachttuarascáil bhliantúil a ullmhú, lena náireofar roinn a bhaineann le gníomhaíochtaí rialála agus le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis agus roinn a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus riaracháin;
(g) na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 68 maidir le foireann an Údaráis a fheidhmiú agus cúrsaí foirne a bhainistiú.
(35)leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:
(b)in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
"Beidh an Cathaoirleach freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú agus gníomhóidh sé mar chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Feidhmiúcháin.";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Tar éis glao oscailte ar iarrthóirí atá le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, roghnófar an Cathaoirleach ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún gearrliosta iarrthóirí le haghaidh phost an Chathaoirligh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis fhormheas an ghearrliosta sin, glacfaidh an Chomhairle cinneadh an Cathaoirleach a cheapadh.
Más rud é nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 49 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i míiompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún, a d'fhormheas Parlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh chun é a chur as oifig.";
(d)in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
"Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus an mheastóireacht á cur san áireamh aici, síneadh a chur le téarma oifige an Cathaoirligh uair amháin.";
(e)scriostar mír 5;
(36)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49a:
"Airteagal 49a
Caiteachais
Poibleoidh an Cathaoirleach na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.";
(37)scriostar Airteagail 51, 52, 52a agus 53.
(38)i mír 2 d'Airteagal 54, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
" — ábhair a bhaineann le cosaint taisceoirí, tomhaltóirí agus infheisteoirí";
(39)in Airteagal 55, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Iarrfar ar chomhalta amháin den Bhord Feidhmiúcháin, ar ionadaí ón gCoimisiún agus ar ionadaí ó BERS freastal, i gcáil breathnadóirí, ar chruinnithe an Chomhchoiste agus ar chruinnithe aon Fhochoistí dá dtagraítear in Airteagal 57.";
(40)leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
"3. Déanfaidh Bord Feidhmiúcháin an Údaráis beirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh as gearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis glao poiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
"5. Ní dhéanfar comhalta den Bhord Achomhairc arna cheapadh ag Bord Feidhmiúcháin an Údaráis a chur as oifig le linn a théarma oifige, mura rud é go bhfuarthas ciontach é i míiompar tromchúiseach agus go ndearna an Bord Feidhmiúcháin cinneadh chun na críche sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.";
(41)in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus a gcinntí á ndéanamh acu. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní dhéanfaidh siad aon dualgais eile a chomhlíonadh i ndáil leis an Údarás, le Bord Feidhmiúcháin an Údaráis ná le Bord Maoirseoirí an Údaráis.";
(42)in Airteagal 60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena náirítear údaráis inniúla, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh ón Údarás dá dtagraítear in Airteagail 17, 18, 19 agus 35 agus in aghaidh aon chinneadh eile a rinne an tÚdarás i gcomhréir leis na gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), ar cinneadh é a díríodh ar an duine sin, nó in aghaidh cinneadh ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach cé gur cinneadh é a díríodh ar dhuine eile.";
(43)leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Is é a bheidh in ioncam an Údaráis, gan dochar do chineálacha eile ioncaim, aon teaglaim de na nithe seo a leanas:
(a) ranníocaíocht chomhardaithe ón Aontas, a chuirfear i mBuiséad Ginearálta an Aontais (roinn an Choimisiúin) nach mó ná 40 % d'ioncam measta an Údaráis;
(b) ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais, ar bhonn an chaiteachais bhliantúil mheasta maidir leis na gníomhaíochtaí atá riachtanach de réir an Rialacháin seo agus i nGníomhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) le haghaidh gach catagóire rannpháirtithe atá faoi raon feidhme an Údaráis;
(c) aon táillí a íocfar leis an Údarás sna cásanna a shonraítear sna hionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais;
(d) ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit nó ó bhreathnóirí;
(e) táillí ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus ar aon seirbhísí eile a iarrfaidh na húdaráis inniúla.";
(c)cuirtear isteach mír 5 agus mír 6 mar a leanas:
"5. Baileoidh na húdaráis arna nainmniú ag gach Ballstát na ranníocaíochtaí bliantúla dá dtagraítear i mír 1(b) gach bliain ó institiúidí airgeadais aonair. Faoin 31 Márta gach bliain airgeadais, íocfaidh gach Ballstát leis an Údarás an méid nach mór dó a bhailiú i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 62a.
6. Ní ghlacfar le ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit agus ó bhreathnóirí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 má chaitear amhras ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin.";
(44)cuirtear isteach an tAirteagal 62a seo a leanas:
"Airteagal 62a
Gníomhartha tarmligthe maidir le ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais a ríomh
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 75a, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gcinnfear conas a ríomhfar ranníocaíochtaí ó institiúidí airgeadais aonair dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 62 agus lena leagfar amach an méid seo a leanas:
(a) modh chun an caiteachas measta a shannadh do chatagóirí d'institiúidí airgeadais chun é a bheith ina bhonn lena chinneadh conas a ríomhfar sciar na ranníocaíochtaí atá le déanamh ag institiúidí airgeadais as gach catagóir;
(b) critéir iomchuí oibiachtúla chun a chinneadh cé na ranníocaíochtaí bliantúla atá le híoc ag institiúidí airgeadais aonair faoi raon feidhme na nGníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar bhonn a méide chun a dtábhacht sa mhargadh a gharléiriú.
Leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír féadfar tairseacha de minimis a bhunú nach mbeidh ranníocaíocht dlite faoina mbun ná íosmhéideanna nach ceart ranníocaíochtaí a bheith faoina mbun.";
(45)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63:
"Airteagal 63
An buiséad a bhunú
1. Gach bliain tarraingeoidh an Comhalta i bhfeighil suas dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair sealadach de chuid an Údaráis le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin ina leagfar amach an tioncam agus an caiteachas measta, mar aon le faisnéis faoin bhfoireann, a bhainfear óna chlársceidealú bliantúil agus a chlársceidealú ilbhliantúil, agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig an mBord Feidhmiúcháin agus an Bord Maoirseoirí, maille leis an bplean bunaíochta.
1a. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, ar bhonn an dréachta a bheidh formheasta ag an mBord Maoirseoirí, an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin.
1b. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Eanáir.
2.
Ar bhonn an dréachtdoiciméid clársceidealaithe aonair, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach maidir leis an bplean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta comhardaithe atá le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 den Chonradh a iontráil i ndréachtbhuiséad an Aontais.
3.
Glacfaidh an túdarás buiséadach plean bunaíochta an Údaráis. Déanfaidh an túdarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht chomhardaithe a thabharfar don Údarás a údarú.
4. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach ón am a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go críochnaitheach. Más gá, déanfar é a choigeartú dá réir.
5. Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin fógra don údarás buiséadach, gan mhoill, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige é a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar chistiú a bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach.";
(46)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64:
“Airteagal 64
An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú
"1. Feidhmeoidh an Comhalta i bhfeighil mar oifigeach údarúcháin agus cuirfidh sé buiséad an Údaráis chun feidhme.
2. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis a gcuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn.
3. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an fhaisnéis chuntasaíochta is gá chun críocha comhdhlúthúcháin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Márta sa chaoi agus san fhormáid atá leagtha síos ag an oifigeach cuntasaíochta sin.
4. Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn.
5. Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil faoi chuntais shealadacha an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 148 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis suas cuntais deiridh an Údaráis. Cuirfidh an Comhalta i bhfeighil na cuntais chuig an mBord Maoirseoirí agus tabharfaidh siadsan a dtuairim uathu maidir leis na cuntais sin.
6. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais deiridh, maille leis an tuairim ón mBord Maoirseoirí, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn, chuig oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa, na comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí.
Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis pacáiste tuairiscithe chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Iúil i bhformáid chaighdeánaithe mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin.
7. Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.
8. Tabharfaidh an Comhalta i bhfeighil freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh sé cóip den fhreagra sin chuig an mBord Feidhmiúcháin agus chuig an gCoimisiún freisin.
9. Ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 165(3) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Comhalta i bhfeighil aon fhaisnéis is gá i gcomhair fheidhmiú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur faoi bhráid na Parlaiminte.
10. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a fuarthas trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Údarás roimh 15 Bealtaine bhliain N + 2, i leith an buiséad do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.";
(47)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65:
"Airteagal 65
Rialacha airgeadais
Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013* ón gCoimisiún do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 mura rud é gur gá sin mar gheall ar na riachtanais shonracha oibríochtúla a bhaineann le feidhmiú an Údaráis, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin le toiliú ina leith sin ón gCoimisiún roimh ré.
*
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 328, 7.12.2013, Lch. 42).";
(48)in Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Chun an chalaois, an téilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan aon srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**.
**Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, Lch. 1).";
(49)leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:
"1. Beidh feidhm maidir le foireann an Údaráis, lena náirítear comhaltaí lánaimseartha agus Cathaoirleach an Bhoird Feidhmiúcháin agus, ag na Rialacháin Foirne, ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha a ghlac institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun iad a chur i bhfeidhm.
2. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, le comhaontú ón gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme is gá, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin forálacha chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht san Údarás.";
(50)leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí agus baill foirne uile an Údaráis, lena náirítear oifigigh ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, agus gach duine eile a bhfuil cúraimí á ndéanamh aige don Údarás ar bhonn conarthach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.";
(c)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
"Thairis sin, ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis a úsáid chun na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorfheidhmiú, agus go háirithe i gcomhair nósanna imeachta dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.";
(d)cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:
"2a. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin agus an Bord Maoirseoirí go mbeidh gach duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena náirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Feidhmiúcháin agus ag an mBord Maoirseoirí nó ceaptha ag na húdaráis inniúla chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir ceanglais rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin atá sna míreanna roimhe seo.
Beidh feidhm maidir le breathnóirí a bhíonn ag freastal ar chruinnithe den Bhord Feidhmiúcháin agus maidir leis an mBord Maoirseoirí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis ag na ceanglais chéanna i ndáil le rúndacht ghairmiúil freisin.";
(e)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
"Ní chuirfidh mír 1 ná mír 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.";
(51)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 71:
"Beidh an Rialachán seo gan dochar d'oibleagáid na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó d'oibleagáidí an Údaráis a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/XXXX (Rialachán maidir le Cosaint Sonraí ag Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh) nuair atá a chuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.";
(52)in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.";
(53)in Airteagal 73, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga an Údaráis.";
(54)In Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
"Beidh socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach leagtha síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an tÚdarás agus an Ballstát sin, agus tabharfar an comhaontú sin i gcrích nuair a gheofar formheas an Bhoird Feidhmiúcháin.";
(55)cuirtear isteach an tAirteagal 75a seo a leanas:
"Airteagal 75a
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 35c agus in Airteagal 62a go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 35c agus in Airteagal 62a a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh ghníomh tarmligthe a ghlacadh dó, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 35c nó Airteagal 62a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú go ceann trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.";
(56)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 76:
"Airteagal 76
Gaolmhaireacht le CMBE
Measfar gurb é an tÚdarás comharba dlíthiúil CMBE. Faoi cheann dháta bhunú an Údaráis, déanfar sócmhainní agus dliteanais uile CMBE, chomh maith le gach oibríocht dá chuid atá ar feitheamh, a aistriú go huathoibríoch chuig an Údarás. Ullmhóidh CMBE ráiteas ina léireofar staid deiridh a chuid sócmhainní agus dliteanas amhail ar dháta an aistrithe sin. Déanfaidh CMBE agus an Coimisiún an ráiteas sin a iniúchadh agus a fhormheas."
(57)Cuirtear isteach Airteagal 77a nua:
Airteagal 77a
Forálacha idirthréimhseacha
Tiocfaidh deireadh le cúraimí agus post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1093/2010 arna leasú go deireanach le Treoir (AE) 2015/2366 agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] an dáta sin.
Leanfaidh cúraimí agus post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1093/2010 arna leasú go deireanach le Treoir (AE) 2015/2366 agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] go dtí go rachaidh in éag.
Tiocfaidh deireadh le cúraimí agus post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1093/2010 arna leasú go deireanach le Treoir (AE) 2015/2366 agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] an dáta sin.".
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d'Airteagal 1:
"2. Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoir 2009/138/CE cé is moite de Theideal IV di, Threoir 2002/92/CE, Threoir 2003/41/CE, Threoir 2002/87/CE, Threoir 2009/103/CE* agus, a mhéad a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnóthais árachas, gnóthais athárachais, institiúidí le haghaidh soláthar sochair scoir ceirde agus idirghabhálaithe árachais, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir (AE) 2015/849 agus de Threoir 2002/65/CE, lena náirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás.
*
Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO L 263, 7.10.2009, Lch. 11).";
(2)i mír 5 d'Airteagal 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
"Cuimsíonn na tagairtí do mhaoirseacht sa Rialachán seo gníomhaíochtaí de chuid na núdarás inniúil uile atá le déanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).";
(3)i bpointe 2 d'Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):
"(ii) maidir le Treoir 2002/65/CE agus le Treoir (AE) 2015/849, na húdaráis atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonann institiúidí airgeadais, arna sainmhíniú i bpointe 1, ceanglais na dTreoracha sin;";
(4)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:
"(2) Bord Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 47;";
(c)
scriostar pointe 4;
(5)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
(b)
leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:
"(aa) lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a choimeád;";
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) agus phointe (f):
"(e) athbhreithnithe ar údaráis inniúla a eagrú agus a dhéanamh agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte agus moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, d’fhonn comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;
(f) faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a chuid inniúlachtaí, lena náirítear, i gcás inarb ábhartha, forbairtí i dtaca le treochtaí seirbhísí airgeadais nuálacha;";
(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
"(h) cosaint sealbhóirí polasaí, comhaltaí agus tairbhithe scéimeanna pinsin, tomhaltóirí agus infheisteoirí a chothú";
(iv)scriostar pointe (l);
(v)cuirtear isteach an pointe (m) seo a leanas:
"(m) tuairimí a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm samhlacha inmheánacha, chun cinnteoireacht a éascú agus chun cúnamh a thabhairt mar a fhoráiltear in Airteagal 21a;";
(c)cuirtear isteach mír 1a nua:
"1a. " Agus a chúraimí á ndéanamh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an tÚdarás san áireamh nuálaíocht teicneolaíochta, samhlacha gnó nuálacha agus inbhuanaithe, agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais";
(d)i mír 2, leasaítear an méid seo a leanas
(i) cuirtear isteach pointe (ca):
" (ca) moltaí a eisiúint mar a leagtar síos in Airteagal 29a agus in Airteagal 31a;";
(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
"(h) an fhaisnéis is gá maidir le hinstitiúidí airgeadais a bhailiú dá bhforáiltear in Airteagal 35 agus in Airteagal 35b";
(e)
cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas:
"3. Agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige agus na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 á bhfeidhmiú aige, beidh aird iomchuí ag an Údarás ar phrionsabail na rialála níos fearr, lena náirítear torthaí anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.";
(6)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
(b)i mír 1, cuirtear isteach an pointe (aa) agus an pointe (ab) seo a leanas:
"(aa) athbhreithnithe téamacha doimhne a dhéanamh ar iompraíocht sa mhargadh, comhthuiscint a fhorbairt ar chleachtais sa mhargadh chun fadhbanna féideartha a shainaithint agus a dtionchar a anailísiú;
(ab) táscairí riosca mhiondíola a fhorbairt le haghaidh cúiseanna féideartha dochair don tomhaltóir a shainaithint go prapúil;";
(c)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
"(d) rialacha coiteanna a fhorbairt maidir le nochtadh.";
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais nua agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí a ghlacadh d’fhonn sábháilteacht agus fóntacht na margaí a chur chun cinn agus d’fhonn na cleachtais rialála agus maoirseachta a chóineasú.";
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
"4. Déanfaidh an tÚdarás coiste um nuálaíocht airgeadais a bhunú mar chuid lárnach den Údarás lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla náisiúnta uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí chun cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Féadfaidh an tÚdarás údaráis náisiúnta cosanta sonraí a cheapadh mar chuid den Choiste freisin.";
(7)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
(b)i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
"Ina theannta sin, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí a dhíriú chuig údaráis na mBallstát nach sainítear mar údaráis inniúla faoin Rialachán seo ach a bhfuil sé de chumhacht acu cur i bhfeidhm na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a áirithiú.";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Seolfaidh an tÚdarás, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na treoirlínte agus na moltaí sin a eisiúint. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. Iarrfaidh an tÚdarás freisin, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, tuairimí nó comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde.";
(d)i mír 4, cuirtear isteach an abairt seo a leanas ag an deireadh:
"Míneofar sa tuarascáil freisin cén túdar a bhí ag an Údarás leis na treoirlínte agus na moltaí atá aige a eisiúint agus déanfar achoimre ar an aiseolas ó chomhairliúcháin phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí sin.";
(e)cuirtear isteach an mhír 5 seo a leanas:
"5. I gcás ina mbeidh dhá thrian de chomhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais nó an Ghrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde den tuairim go bhfuil a inniúlacht sáraithe ag an Údarás trí threoirlínte nó moltaí áirithe a eisiúint, féadfaidh siad tuairim réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún.
Iarrfaidh an Coimisiún míniú ar an údar atá le heisiúint na dtreoirlínte nó na moltaí lena mbaineann ón Údarás. Déanfaidh an Coimisiún, ar fháil an mhínithe ón Údarás dó, measúnú ar raon feidhme na dtreoirlínte nó na moltaí ó thaobh inniúlacht an Údaráis de. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil a inniúlacht sáraithe ag an Údarás, agus tar éis deis a bheith tugtha don Údarás a thuairimí a chur in iúl, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear de cheangal ar an Údarás na treoirlínte nó na moltaí lena mbaineann a tharraingt siar. Cuirfear an cinneadh ón gCoimisiún ar fáil don phobal.";
(8)i mír 2 d'Airteagal 17, cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:
"Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 35, féadfaidh an tÚdarás iarraidh ar fhaisnéis a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí a dhíriú go díreach chuig údaráis inniúla eile nó institiúidí airgeadais ábhartha, aon uair a mheastar gá a bheith léi chun críche imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm. Nuair is chuig institiúid airgeadais atá sí dírithe, míneofar san iarraidh réasúnaithe cén fáth a bhfuil an fhaisnéis riachtanach chun críocha imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.
Soláthróidh seolaí iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir chruinn iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.
Nuair a bheidh iarraidh ar fhaisnéis curtha chuig institiúid airgeadais, cuirfidh an tÚdarás na húdaráis inniúla ar an eolas faoin iarraidh sin. Cuideoidh na húdaráis inniúla leis an Údarás an fhaisnéis a bhailiú, má iarrann an tÚdarás sin.";
(9)Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. I gcásanna atá sainithe sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 i gceachtar den dá chás seo a leanas:
(a)
ar iarratas ó údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach naontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an inneachar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;
(b)
ar a thionscnamh féin i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn critéir oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.
I gcásanna ina leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh ag na húdaráis inniúla, glacfar leis go bhfuil easaontas ann murar ghlac na húdaráis sin cinneadh comhpháirteach laistigh de na treoracha ama a leagtar amach sna gníomhartha sin.";
(c)cuirtear isteach an mhír 1a agus an mhír 1b seo a leanas:
"1a. Sna cásanna seo a leanas, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra don Údarás gan mhoill nár baineadh comhaontú amach.
(a)
i gcás ina mbeidh foráil sna gníomhartha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann is túisce de na nithe seo a leanas:
(i) an sprioc-am a bheith dulta in éag;
(ii) cinneadh a bheith déanta ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn critéir oibiachtúla;
(b)
i gcás nach mbeidh aon fhoráil sna gníomhartha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann is túisce de na nithe seo a leanas:
i.
cinneadh a bheith déanta ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn critéir oibiachtúla; nó
ii.
dhá mhí a bheith caite ón dáta a fuair údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun dlí an Aontais a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an údarás a fuair an iarraidh.";
(d)scriostar mír 1, fomhír 2;
1b. Measúnóidh an Cathaoirleach an cheist ar cheart don Údarás gníomhú i gcomhréir le mír 1. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás an idirghabháil dá thionscnamh féin, tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoina chinneadh maidir leis an idirghabháil.
Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 47(3a), i gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh, déanfaidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí a chur siar. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gníomhú, cuirfidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí siar go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 tugtha i gcrích.";
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, nár tháinig na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an tábhar a réiteach agus a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais.";
(f)cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:
"3 a. Tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann gur cuireadh i gcrích nósanna imeachta faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, agus, nuair is infheidhme, an cinneadh a rinne sé faoi mhír 3.";
(g)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
"4. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 den Chonradh, i gcás nár chomhlíon údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, gur mhainnigh sé a áirithiú go gcomhlíonfadh institiúid airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir léi, de bhua na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais á cheangal go ndéanfar an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena náirítear scor d'aon chleachtas áirithe.";
(10)Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"Déanfaidh an tÚdarás feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí dá dtagraítear i dTreoir 2009/138/CE a chur chun cinn, agus déanfaidh sé faireachán air sin freisin, agus déanfaidh sé comhleanúnachas chur i bhfeidhm dhlí an Aontais i measc na gcoláistí maoirseoirí a chothú. Agus é mar chuspóir acu dea-chleachtais maoirseachta a chóineasú, beidh daoine de chuid fhoireann an Údaráis in ann a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na gcoláistí maoirseoirí, nó ina gceannairí orthu i gcás inarb iomchuí, lena náirítear scrúduithe ar an láthair, ar gníomhaíochtaí iad arna gcur i gcrích go comhpháirteach ag dhá údarás inniúla nó níos mó.";
(c)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 2:
"Chun críche na míre seo agus chun críche mhír 1 den Airteagal seo, measfar gur "údarás inniúil" nó gur "údarás maoirseachta" é an tÚdarás de réir bhrí na reachtaíochta ábhartha.";
(11)cuirtear isteach an tAirteagal 21a seo a leanas:
"Airteagal 21 a
Samhlacha inmheánacha
1. Chun cur le bunú caighdeán coiteann maoirseachta agus cleachtas coiteann maoirseachta atá ar ardcháilíocht, déanfaidh an tÚdarás ar a thionscnamh féin, nó ar iarratas ó údarás maoirseachta amháin nó níos mó:
(a) tuairimí a eisiúint chuig na húdaráis maoirseachta lena mbaineann maidir leis an iarratas samhail inmheánach a úsáid nó a athrú. Chuige sin, féadfaidh ÚEÁPC an fhaisnéis uile is gá a iarraidh ar na húdaráis maoirseachta lena mbaineann; agus
(b) i gcás easaontas i ndáil le formheas samhlacha inmheánacha, cúnamh a thabhairt do na húdaráis maoirseachta lena mbaineann teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 19.
2. Sna cúinsí a leagtar amach faoi Airteagal 231(6a) de Threoir 2009/138/CE, féadfaidh gnóthais iarraidh ar ÚEÁPC cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 19.
(12)In Airteagal 22(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
“Chun na gcríoch sin, féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena náirítear Airteagal 35 agus Airteagal 35b.";
(13)Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:
(b)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:
"(aa) an Plean Maoirseachta Straitéiseach a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 29a;";
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
"(b) malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, ar faisnéis í a bhaineann leis na saincheisteanna ábhartha uile, lena náirítear an chibearshlándáil agus cibearionsaithe, más iomchuí, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha an Aontais;";
(iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
"(e) cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, lena náirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta, malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasachta foirne agus as uirlisí eile;";
(c)i mír 2, cuirtear isteach an fhomhír 2 seo a leanas:
Chun cultúr maoirseachta coiteann a chur ar bun, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar maoirseachta don Aontas a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas agus ag cur san áireamh athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó na ninstitiúidí airgeadais. Leagfar amach sa lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais dea-chleachtais maoirseachta agus sonrófar modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta;
(14)Cuirtear isteach an tAirteagal 29a seo a leanas:
"Airteagal 29a
An Plean Maoirseachta Straitéiseach
1. Ar theacht i bhfeidhm do Rialachán [XXX cuirtear isteach tagairt don Rialachán leasaitheach] agus gach trí bliana ina dhiaidh sin faoin 31 Márta, eiseoidh an tÚdarás moladh a bheidh dírithe ar údaráis inniúla ina leagfar síos cuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha maoirseachta (“Plean Maoirseachta Straitéiseach”) agus ina gcuirfear san áireamh aon ionchur ó na húdaráis inniúla. Tarchuirfidh an tÚdarás an Plean Maoirseachta Straitéiseach mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus cuirfidh sé ar fáil don phobal é ar a shuíomh gréasáin.
Sainaithneofar sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach tosaíochtaí ar leith do ghníomhaíochtaí maoirseachta chun cleachtais maoirseachta atá comhsheasmhach éifeachtúil éifeachtach a chur chun cinn agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach agus aghaidh a thabhairt ar na treochtaí ábhartha micreastuamachta, na rioscaí ionchasacha agus na leochaileachtaí a shainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 32.
2. Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh gach údarás inniúil dréachtchlár oibre bliantúil don bhliain dár gcionn faoi bhráid an Údaráis agus leagfaidh sé amach go sonrach conas atá an dréachtchlár oibre sin i gcomhréir leis an bPlean Maoirseachta Straitéiseach.
Beidh sa dréachtchlár oibre bliantúil cuspóirí agus tosaíochtaí sonracha le haghaidh gníomhaíochtaí maoirseachta agus critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla le haghaidh roghnú institiúidí airgeadais, cleachtais agus iompraíochtaí margaidh, agus margaí airgeadais, a scrúdóidh an túdarás inniúil a bheidh ag cur isteach an dréachtchláir oibre le linn bhliain an chláir sin.
3. Measúnóidh an tÚdarás an dréachtchlár oibre bliantúil agus, i gcás ina mbeidh rioscaí ábhartha ann nach mbainfear amach na tosaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach, eiseoidh an tÚdarás moladh chuig an údarás inniúil ábhartha arb é is aidhm leis dréachtchlár oibre bliantúil an údaráis inniúil sin a chur in oiriúint don Phlean Maoirseachta Straitéiseach.
Faoin 31 Nollaig gach bliain, glacfaidh na húdaráis inniúla a gclár oibre bliantúil agus aon mholtaí den chineál sin a fuair siad á gcur san áireamh acu.
4. Faoin 31 Márta gach bliain, tarchuirfidh gach údarás inniúil chuig an Údarás tuarascáil ar chur chun feidhme an chláir oibre bhliantúil.
Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil:
(a)
tuairisc ar na gníomhaíochtaí maoirseachta agus na scrúduithe ar institiúidí airgeadais, cleachtais agus iompraíochtaí margaidh agus ar mhargaí airgeadais, agus ar na bearta agus na smachtbhannaí riaracháin a forchuireadh ar institiúidí airgeadais atá freagrach as sáruithe ar dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta;
(b)
tuairisc ar na gníomhaíochtaí a rinneadh ach nach raibh leagtha amach sa chlár oibre bliantúil;
(c)
cuntas ar na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa chlár oibre bliantúil nach ndearnadh agus ar chuspóirí an chláir sin nár baineadh amach, chomh maith leis na cúiseanna nach ndearnadh na gníomhaíochtaí sin agus nár baineadh amach na cuspóirí sin.
5. Measúnóidh an tÚdarás tuarascálacha cur chun feidhme na núdarás inniúil. I gcás ina mbeidh rioscaí ábhartha ann nach mbainfear amach na tosaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach, eiseoidh an tÚdarás moladh chuig gach údarás inniúil lena mbaineann maidir le cén chaoi ar féidir na heasnaimh ábhartha atá ar a ngníomhaíochtaí a leigheas.
Ar bhonn na dtuarascálacha agus a mheasúnaithe féin ar rioscaí, sainaithneoidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí de chuid an údaráis inniúil ar gá iad chun an Plean Maoirseachta Straitéiseach a chomhlíonadh, agus déanfaidh sé, de réir mar is iomchuí, athbhreithnithe ar na gníomhaíochtaí sin faoi Airteagal 30.
6. Cuirfidh an tÚdarás na dea-chleachtais a sainaithníodh le linn an mheasúnaithe ar na cláir oibre bhliantúla ar fáil don phobal.";
(15)Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal an Airteagail:
"Athbhreithnithe ar údaráis inniúla";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe go tréimhsiúil ar chuid de na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis inniúla nó orthu go léir chun an chomhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a dhaingniú a thuilleadh. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na húdaráis a ndéantar athbhreithniú orthu agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh eatarthu. Le linn athbhreithnithe a dhéanamh, déanfar faisnéis agus meastóireachtaí atá ann cheana maidir leis an údarás inniúil lena mbaineann a chur san áireamh, lena náirítear gach faisnéis a tugadh don Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35, agus aon fhaisnéis ó gheallsealbhóirí.";
(d)cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:
"1 a. Chun críocha an Airteagail seo, bunóidh an tÚdarás coiste athbhreithniúcháin ar a mbeidh baill foirne de chuid an Údaráis agus iad sin amháin. Féadfaidh an tÚdarás cúraimí nó cinntí áirithe a tharmligean chuig an gcoiste athbhreithniúcháin.";
(e)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:
"Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú, ach ní bheidh an tathbhreithniú teoranta dóibh sin amháin:";
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
"(a) a leordhóthanaí atá na hacmhainní, a mhéid neamhspleáchais agus na socruithe rialachais atá ag an údarás inniúil, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus leis an gcumas atá ann freagairt a thabhairt ar imeachtaí sa mhargadh;";
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
"3. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil amach ina mbeidh torthaí an athbhreithnithe leagtha amach. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuarascáil sin ar na bearta leantacha a bhfuil súil leo de thoradh an athbhreithnithe. Féadfar na bearta leantacha a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 16 agus i bhfoirm tuairimí de bhun Airteagal 29(1)(a).
I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall aon treoirlínte agus aon mholtaí a eisíodh a chomhlíonadh. I gcás nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla aon ghníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar na bearta leantacha atá sonraithe sa tuarascáil, eiseoidh an tÚdarás tuarascáil leantach.
Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, nó treoirlínte nó moltaí á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 16, cuirfidh an tÚdarás toradh na nathbhreithnithe san áireamh a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, mar aon le haon fhaisnéis eile a fuair sé agus a chúraimí á ndéanamh aige, chun cóineasú na gcleachtas maoirseachta den chaighdeán is airde a áirithiú.";
(g)cuirtear isteach an mhír 3 a seo a leanas:
"3 a. Cuirfidh an tÚdarás tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe nó d'aon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go measann sé gur gá na rialacha maidir le hinstitiúidí airgeadais nó údaráis inniúla a chomhchuibhiú a thuilleadh.";
(h)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
4. Foilseoidh an tÚdarás an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 mar aon le haon tuarascáil leantach arna cur ar aghaidh, mura mbeidh rioscaí san fhoilsiú do chobhsaíocht an chórais airgeadais. Iarrfar ar an údarás inniúil a bheidh faoi athbhreithniú a bharúlacha a thabhairt sula bhfoilseofar aon tuarascáil. Cuirfear na barúlacha sin ar fáil don phobal mura mbeidh rioscaí san fhoilsiú do chobhsaíocht an chórais airgeadais.";
(16)in Airteagal 31, cuirtear isteach mír 2 nua:
"2. Maidir le gníomhaíocht údarás inniúil atá ceaptha cead isteach sa mhargadh a éascú d'oibreoirí nó táirgí atá ag brath ar nuálaíocht teicneolaíochta, cuirfidh an tÚdarás cóineasú maoirseachta chun cinn, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte nó moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.";
(17)cuirtear isteach Airteagal 31a nua:
"Airteagal 31a
Comhordú maidir le tarmligean agus seachfhoinsiú gníomhaíochtaí agus aistriú riosca
1. Comhordóidh an tÚdarás ar bhonn leanúnach gníomhaíochtaí maoirseachta na núdarás inniúil chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn maidir le gníomhaíochtaí institiúidí airgeadais, agus na haistrithe riosca a dhéanann siad, a tharmligean agus a sheachfhoinsiú, i gcomhréir le mír 2, mír 3, agus mír 4.
2. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Údarás má bhíonn sé beartaithe acu údarú nó clárú a dhéanamh i ndáil le hinstitiúid airgeadais atá faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil lena mbaineann i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus má tá sé i gceist i bplean oibre na hinstitiúide airgeadais sin seachfhoinsiú nó tarmligean a dhéanamh ar chuid ábhartha dá gníomhachtaí nó ar aon cheann dá príomhfheidhmeanna, nó aistriú chuig tríú tíortha a dhéanamh ar riosca cuid ábhartha dá gníomhaíochtaí d'fhonn tairbhiú de phas an Aontais Eorpaigh agus gníomhaíochtaí nó feidhmeanna móra ar siúl dáiríre acu lasmuigh den Aontas. Beidh an fógra a thabharfar don Údarás mionsonraithe a dhóthain le gur féidir leis an Údarás measúnú ceart a dhéanamh.
I gcás ina measfaidh an tÚdarás gur gá tuairim a eisiúint chuig údarás inniúil maidir le húdarú nó clárú, faoinar tugadh fógra de bhun na chéad fhomhíre, gan a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le treoirlínte, moltaí nó tuairimí a ghlac an tÚdarás, cuirfidh an tÚdarás an túdarás inniúil sin ar an eolas faoin méid sin laistigh de 20 lá oibre tar éis dó fógra a fháil ón údarás inniúil sin. Sa chás sin fanfaidh an túdarás inniúil lena mbaineann le tuairim ón Údarás sula ndéanfaidh sé an clárú nó an túdarú.
Arna iarraidh sin ag an Údarás, cuirfidh an túdarás inniúil ar fáil laistigh de 15 lá oibre tar éis don iarraidh sin a fháil pé faisnéis a bhaineann lena chinntí chun institiúid airgeadais atá faoina mhaoirseacht a údarú nó a chlárú i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Eiseoidh an tÚdarás an tuairim, gan dochar d'aon teorainneacha ama atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais, faoi cheann dhá mhí ar a dhéanaí tar éis dó an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre.
3. Tabharfaidh institiúid airgeadais fógra don údarás inniúil faoi sheachfhoinsiú nó tarmligean cuid ábhartha dá gníomhachtaí nó aon cheann dá príomhfheidhmeanna, agus faoi aistriú riosca cuid ábhartha dá gníomhaíochtaí chuig eintiteas eile nó chuig brainse dá cuid atá bunaithe i dtríú tír. An túdarás inniúil lena mbaineann, cuirfidh sé an tÚdarás ar an eolas faoi na fógraí sin ar bhonn leathbhliantúil.
Gan dochar d’Airteagal 35, ar iarratas ón Údarás, cuirfidh an túdarás inniúil faisnéis ar fáil maidir leis na socruithe seachfhoinsithe, tarmligin nó aistrithe riosca atá ag na hinstitiúidí airgeadais.
Déanfaidh an tÚdarás faireachán féachaint an bhfuil na húdaráis inniúla lena mbaineann ag fíorú go bhfuil socruithe seachfhoinsithe, tarmligin nó aistrithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír á gcur i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais, go bhfuil siad ag comhlíonadh na dtreoirlínte, na moltaí nó na dtuairimí ón Údarás agus nach gcuireann siad cosc ar na húdaráis inniúla maoirseacht éifeachtach a dhéanamh [agus ar fhorfheidhmiú] i dtríú tír.
4. Féadfaidh an tÚdarás moltaí a eisiúint chuig an údarás inniúil lena mbaineann, lena náirítear moltaí cinneadh a athbhreithniú nó údarú a tharraingt siar. I gcás nach leanfaidh an túdarás inniúil lena mbaineann moltaí an Údaráis laistigh de 15 lá oibre, déanfaidh an túdarás inniúil na cúiseanna a lua agus poibleoidh an tÚdarás a mholadh mar aon leis na cúiseanna sin.";
(18)Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:
(19)cuirtear isteach mír 2a nua:
"2a. Ar a laghad uair sa bhliain, measfaidh an tÚdarás an iomchuí na measúnuithe uile-Aontais dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh agus cuirfidh sé a réasúnú in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún. I gcás ina ndéanfar na measúnuithe uile-Aontais sin agus go measfaidh an tÚdarás gurb iomchuí iad a dhéanamh, nochtfaidh sé na torthaí maidir le gach institiúid airgeadais rannpháirteach.
Ní chuirfidh na hoibleagáidí rúndachta gairmiúla atá ar údaráis inniúla bac orthu toradh na measúnuithe uile-Aontais dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú nó a tharchur chuig an Údarás chun gur féidir leis an Údarás an toradh ar na measúnuithe uile-Aontais sin ar bhuanseasmhacht na margaí airgeadais a fhoilsiú.";
(20)leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún cinntí coibhéise a ullmhú i ndáil le córais rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha nuair a gheofar iarraidh shonrach ar chomhairle ón gCoimisiún nó nuair nach mór sin a dhéanamh de réir na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).";
(c)cuirtear isteach an mhír 2a, an mhír 2b agus an mhír 2c seo a leanas:
"2a. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar na forbairtí rialála agus maoirseachta, chomh maith leis na cleachtais forfheidhmiúcháin agus na forbairtí margaidh ábhartha i dtríú tíortha ar ghlac an Coimisiún cinntí coibhéise ina leith de bhun na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun a dhéanamh amach an bhfuiltear ag comhlíonadh fós na gcritéar ar glacadh na cinntí sin ar a mbonn agus aon choinníollacha atá leagtha amach iontu. Cuirfidh sé san áireamh a ábhartha don mhargadh atá na tríú tíortha lena mbaineann. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ar a chinntí ina leith sin.
Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt de mhír 1, comhoibreoidh an tÚdarás, i gcás inar féidir é, leis na húdaráis inniúla ábhartha, agus freisin, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis réitigh tríú tíortha ar sainaithníodh go raibh a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach. Leanfar den chomhar sin ar bhonn socruithe riaracháin a tugadh i gcrích le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin. Nuair bheidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta faoi na socruithe riaracháin sin, cuirfidh sé forálacha maidir leis an méid seo a leanas san áireamh:
(a)
na sásraí lena bhféadfaidh an tÚdarás faisnéis ábhartha a fháil, lena náirítear faisnéis ar an gcóras rialála, ar an gcur chuige maoirseachta, ar fhorbairtí margaidh ábhartha agus ar aon athruithe a d'fhéadfadh cur isteach ar an gcinneadh coibhéise;
b)
a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca le cinntí coibhéise den sórt sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena náirítear cigireachtaí ar an láthair.
Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas má dhiúltaíonn údarás inniúil tríú tír na socruithe riaracháin sin a chur i gcrích nó má dhiúltaíonn sé comhoibriú go héifeachtach. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin san áireamh agus é ag athbhreithniú na gcinntí coibhéise ábhartha.
2b. I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2a a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh nó ar chosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill.
Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ar na forbairtí maidir le rialáil, maoirseacht, forfheidhmiú agus margaí sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2a agus béim ar leith inti ar na himpleachtaí atá leo i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
2c. Cuirfidh na húdaráis inniúla an tÚdarás ar an eolas roimh ré faoin rún atá acu aon socruithe riaracháin a chur i gcrích le húdaráis inniúla tríú tír in aon cheann de na réimsí atá faoi réir na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena náirítear an méid a bhaineann le brainsí eintiteas tríú tír. Tabharfaidh siad dréacht de na socruithe beartaithe sin don Údarás san am céanna.
Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt chun cleachtais maoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur ar bun san Aontas agus chun an comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a dhaingniú. I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint.
Cuirfidh an tÚdarás isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5) faisnéis ar na socruithe riaracháin a comhaontaíodh le húdaráis maoirseachta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh a thug an tÚdarás don Choimisiún maidir le hullmhú cinntí coibhéise agus an ghníomhaíocht faireacháin a rinne an tÚdarás i gcomhréir le mír 2a.";
(21)in Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Maidir le measúnú stuamachta ar chumaisc agus ar éadálacha a thagann faoi réim raon feidhme Threoir 2009/138/CE, agus lena gceanglaítear, de réir na Treorach sin, comhairliúchán a bheith ann idir na húdaráis inniúla ó dhá Bhallstát nó níos mó, féadfaidh an tÚdarás, ar iarratas ó cheann amháin de na húdaráis inniúla lena mbaineann, tuairim ar mheasúnú stuamachta a eisiúint agus a fhoilsiú, seachas i ndáil leis na critéir in Airteagal 59(1)(e) de Threoir 2009/138/CE. Eiseofar an tuairim go pras agus in aon chás roimh dheireadh na tréimhse measúnaithe i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE. Beidh feidhm ag Airteagal 35 agus ag Airteagal 35b maidir leis na réimsí a bhféadfaidh an tÚdarás tuairim a eisiúint ina leith."
(22)Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:
"1. Ar iarratas ón Údarás, déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Údarás, chun go mbeidh sé in ann na cúraimí a cuireadh air faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuil rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha.
Beidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil cruinn agus iomlán agus cuirfear isteach í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás.
2. Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh freisin go soláthrófaí faisnéis ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáid shonraithe nó trí bhíthin teimpléid inchomparáide arna bhformheas ag an Údarás. Más féidir, déanfar na hiarrataí sin i bhformáidí coiteanna tuairiscithe.
3. Tar éis don Údarás iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó údarás inniúil, soláthróidh sé aon fhaisnéis atá riachtanach chun an túdarás inniúil a chumasú a chuid cúraimí a dhéanamh, i gcomhréir leis na hoibleagáidí i dtaobh rúndacht ghairmiúil atá leagtha síos i reachtaíocht earnálach agus in Airteagal 70.";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
"5. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a iarrfar i gcomhréir le mír 1 ar fáil nó nach soláthróidh na húdaráis inniúla í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar léi agus í réasúnaithe go cuí a dhíriú chuig aon cheann díobh seo a leanas:
(a) údaráis eile ag a bhfuil feidhmeanna maoirseachta;
(b) an aireacht atá freagrach as airgeadas sa Bhallstát lena mbaineann i gcás ina mbeidh faisnéis stuamachta ar fáil di;
(c) banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann;
(c) oifig staidrimh an Bhallstáit lena mbaineann;
Ar iarratas ón Údarás, tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh don Údarás maidir le bailiú na faisnéise.";
(d)scriostar mír 6 agus mír 7:
(23)cuirtear isteach Airteagal 35a go hAirteagal 35h mar seo a leanas:
"Airteagal 35a
Feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 35b
Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar don Údarás, d'aon duine dá chuid oifigeach nó d'aon duine a bheidh údaraithe ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35(b), ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi phribhléid dhlíthiúil a éileamh.
Airteagal 35b
Iarraidh ar fhaisnéis ó institiúidí airgeadais
1. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a iarrfar faoi mhír 1 nó faoi mhír 5 d’Airteagal 35 ar fáil nó nach soláthrófar í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás, féadfaidh sé trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh ceangal a chur ar na institiúidí airgeadais ábhartha an fhaisnéis uile a sholáthar atá riachtanach chun gur féidir leis an Údarás a chúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh.
2. Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata a lua;
(c)
an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d)
teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e)
ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a niarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;
(f)
a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 35c, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.
3. Nuair a bheidh faisnéis á iarraidh aige le cinneadh, déanfaidh an tÚdarás:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata a lua;
(c)
an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d)
teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e)
a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35d i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;
(f)
a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 35c, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;
(g)
a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair an Bhord Achomhairc agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61.
4. Maidir leis na hinstitiúidí airgeadais nó a nionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
5. I gcás eintiteas ábhartha a liostaítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh an túdarás, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí air nó ina bhfuil siad lonnaithe.
6. Is chun na cúraimí a sannadh dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, agus chuige sin amháin, a fhéadfaidh an tÚdarás faisnéis rúnda a fuarthas i gcomhréir leis an Airteagal seo a úsáid.";
Airteagal 35c
Rialacha nós imeachta maidir le fíneálacha a ghearradh
1. I gcás ina naimseoidh an tÚdarás, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh sárú dá dtagraítear in Airteagal 35d(1), ceapfaidh an tÚdarás oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh den Údarás chun an tábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an toifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i maoirseacht dhíreach ná neamhdhíreach ná na ninstitiúidí airgeadais lena mbaineann agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar an mBord Maoirseoirí.
2. Déanfaidh an toifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a chuirfidh na daoine a bheidh faoi imscrúdú faoina bhráid á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí.
3. Chun a chúraimí a dhéanamh, beidh an chumhacht ag an oifigeach imscrúdúcháin faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 35b.
4. Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag an Údarás ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
5. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á nimscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an toifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.
6. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na nimscrúduithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.
7. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
8. Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 35f, cinnfidh an tÚdarás an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 35d(1) déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart i gcomhréir leis an Airteagal sin.
9. Ní bheidh an toifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití an Bhoird Maoirseoirí ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach i bpróiseas cinnteoireachta an Bhoird Maoirseoirí.
10. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 75a chun na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena náirítear na rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
(a) cearta cosanta,
(b) forálacha ama,
(c) forálacha lena sonraítear an chaoi a mbaileofar fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla,
(d) forálacha lena sonraítear na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.
11. Déanfaidh an tÚdarás ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina naimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh an tÚdarás fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.
Airteagal 35d
Fíneálacha
1. Glacfaidh an tÚdarás cinneadh fíneáil a ghearradh má fhaigheann sé gur mhainnigh institiúid airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 35b, d'aon ghnó nó le faillí, faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar chinneadh lena néilítear faisnéis de bhun Airteagal 35b(3) nó gur sholáthair siad faisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis nó ar chinneadh de bhun Airteagal 35b(2).
2. Is é a bheidh i méid bunúsach na fíneála dá dtagraítear i mír 1 EUR 50 000 ar a laghad agus ní bheidh sé os cionn EUR 200 000.
3. Agus méid bunúsach na fíneála dá dtagraítear i mír 2 á shocrú aige, cuirfidh an tÚdarás san áireamh láimhdeachas bliantúil na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin agus beidh sé:
(a) ag ceann íochtair na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil faoi bhun EUR 10 milliún;
(b) ag lár na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil idir EUR 10 milliún agus EUR 50 milliún;
(c) ag ceann uachtair na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil os cionn EUR 50 milliún.
Déanfar na méideanna bunúsacha, arna sainiú de réir na dteorainneacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí imthosca géaraitheacha nó imthosca maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach i mír 5.
Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht ghéaraitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.
Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht mhaolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.
4. Cuirfear na comhéifeachtaí um choigeartú seo a leanas i bhfeidhm, go carnach, maidir leis an méid bunúsach dá dtagraítear i mír 2, ar bhonn na nithe seo a leanas:
(a)
is iad seo a leanas na comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca géaraitheacha:
(i) i gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1.1 maidir le gach uair a rinneadh an sárú athuair;
(ii) i gcás inar mhair an sárú níos mó ná sé mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5;
(iii) i gcás ina ndearnadh an sárú d'aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2;
(iv) i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a rinneadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.7;
(v) i gcás nár chomhoibrigh bainistíocht shinsearach na hinstitiúide airgeadais leis an Údarás, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5.
(b)
is iad seo a leanas na comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca maolaitheacha:
(i) i gcás inar mhair an sárú níos lú ná 10 lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.9;
(ii) i gcás inar féidir le bainistíocht shinsearach na hinstitiúide airgeadais a léiriú go bhfuil na bearta uile is gá déanta aici chun cosc a chur le teip ar iarraidh de bhun Airteagal 35(6a) a chomhlíonadh, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.7;
(iii) i gcás inar chuir an institiúid airgeadais an sárú in iúl don Údarás go pras, go héifeachtach agus go hiomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.4;
(iv) i gcás ina ndearna an institiúid airgeadais, dá dheoin féin, bearta chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.6.
5. D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní bheidh iomlán na fíneála os cionn 20% de láimhdeachas bliantúil na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin mura rud é gur bhain an institiúid airgeadais tairbhe as an sárú go díreach nó go neamhdhíreach. Sa chás sin, beidh an fhíneáil iomlán cothrom, ar a laghad, leis an tairbhe sin.
Airteagal 35e
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Glacfaidh an tÚdarás cinntí íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh chun iallach a chur ar na hinstitiúidí nó na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 35b(1) faisnéis arna hiarraidh trí chinneadh a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 35b(3).
2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Déanfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar bhonn laethúil go dtí go ndéanfaidh an institiúid airgeadais lena mbaineann an cinneadh ábhartha dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.
3. D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % de mheánláimhdeachas laethúil na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar gearradh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4. Féadfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ón ón Údarás.
Airteagal 35f
An ceart éisteacht a fháil
1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh maidir le fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh faoi Airteagal 35d agus Airteagal 35e, tabharfaidh an tÚdarás an deis don institiúid airgeadais atá faoi réir na hiarrata éisteacht a fháil.
Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na hinstitiúidí airgeadais lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus ar na torthaí sin amháin, a bhunóidh an tÚdarás a chuid cinntí.
2. Déanfar cearta cosanta na hinstitiúide airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a urramú go hiomlán le linn an nós imeachta. Beidh an institiúid airgeadais i dteideal rochtain a bheith aici ar chomhad an Údaráis, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid an Údaráis sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
Airteagal 35g
Nochtadh, cineál, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Fíneálacha agus íocaíochtaí de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 35d agus Airteagal 35e agus beidh siad in-fhorfheidhmithe.
2. Beidh forfheidhmiú íocaíochta na fíneála agus na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla faoi réir na rialacha nós imeachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ar ina chríoch a dhéanfar an forfheidhmiú. Beidh an tordú forfheidhmiúcháin i gceangal leis an gcinneadh lena ngearrfar fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil, gan ceanglas a bheith ann maidir le haon fhoirmiúlacht ach amháin fíorú ar bharántúlacht an chinnidh arna dhéanamh ag údarás a ainmneoidh gach Ballstát chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Údarás agus do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
3. Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin dá dtagraítear i mír 2 comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh an páirtí sin dul i gceann an fhorfheidhmithe de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.
4. Is le cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin a fhéadfar forfheidhmiú íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a chur ar fionraí. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin go bhfuil forfheidhmiú íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á dhéanamh go neamhrialta.
5. Déanfaidh an tÚdarás gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 35d agus Airteagal 35e a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.
6. Déanfar méideanna na fíneála agus méideanna na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 35h
Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr an tÚdarás fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearr an tÚdarás a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.";
(24)I mír 5 d'Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
"Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig údarás inniúil a fháil ó BERS, déanfaidh an tÚdarás, i gcás inarb ábhartha, na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar obair leantach thráthúil mar fhreagairt air."
(25)Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí den chéad fhomhír de mhír 5:
"Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Ghrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde ar feadh tréimhse ceithre bliana, agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.”;
(c)i mír 6, cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:
"I gcás nach féidir le comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta bheith ar aon tuairim nó comhairle le chéile, beidh cead ag na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin tuairim ar leith nó comhairle ar leith a eisiúint.
Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais, agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde, an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí tuairimí comhpháirteacha agus comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na nÚdarás Eorpach Maoirseachta faoi Airteagal 56 den Rialachán seo maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.";
(26)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:
"Airteagal 39
Nósanna imeachta cinnteoireachta
1. Gníomhóidh an tÚdarás i gcomhréir le míreanna 2 go dtí 6 nuair a bheidh sé ag glacadh cinntí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach amháin na cinntí sin a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 35b, Airteagal 35d agus Airteagal 35e.
2. Cuirfidh an tÚdarás in iúl d'aon seolaí cinnidh go bhfuil rún aige an cinneadh a ghlacadh agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ar an ábhar, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil sa chéad abairt maidir le moltaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3).
3. Maidir leis na cinntí ón Údarás, déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua iontu.
4. Cuirfear seolaithe chinntí an Údaráis ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.
5. I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an Údarás de bhun Airteagal 18(3) nó Airteagal 18(4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí.
6. Poibleofar glacadh na gcinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 nó Airteagal 19. Nochtfar san fhoilsiú céannacht an údaráis inniúil nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann mar aon le príomhábhar an chinnidh, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na ninstitiúidí airgeadais sin nó lena rúin ghnó a chosaint nó go bhféadfadh sé feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go mór.";
(27)Leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:
(b)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:
"(aa) comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(1), nach mbeidh vóta acu;";
(c)
in mír 7, scriostar an dara fomhír;
(d)
cuirtear isteach an mhír 8 seo a leanas:
"8. I gcás nach bhfuil an túdarás náisiúnta poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 freagrach as na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin a chinneadh cuireadh a chur ar ionadaí ó údarás an Bhallstáit um chosaint tomhaltóirí, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin. I gcás ina mbeidh an fhreagracht as cosaint tomhaltóirí roinnte idir roinnt údarás i mBallstát, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann.";
(28)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41"
"Airteagal 41
Coistí inmheánacha
"Féadfaidh an Bord Maoirseoirí coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a tugadh dó. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, chuig an mBord Feidhmiúcháin nó chuig an gCathaoirleach.";
;
(29)in Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
"Nuair a bheidh na cúraimí a tugadh dóibh faoin Rialachán seo á ndéanamh acu, gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.";
(30)Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoir maidir le hobair an Údaráis. Ach amháin mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo glacfaidh an Bord Maoirseoirí tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin.";
(c)scriostar mír 2 agus mír 3;
(d)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
"Roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin, clár oibre an Údaráis a ghlacadh don bhliain dár gcionn, agus cuirfidh sé an clár oibre ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.";
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
"5. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena náirítear an tábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, ar bhonn na dréachttuarascála dá dtagraítear in Airteagal 53(7) agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach bliain. Poibleofar an tuarascáil.";
(f)(e)
scriostar mír 8;
(31)Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:
(b)sa dara fomhír de mhír 1, cuirtear isteach an abairt seo a leanas:
"Ní dhéanfaidh comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Cathaoirleach vótáil ar na cinntí sin.";
(c)i mír 1, scriostar an tríú agus an ceathrú fomhír;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
"4. Ní bheidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnóirí rannpháirteach in aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an gCathaoirleach, leis na comhaltaí sin ar comhaltaí freisin iad den Bhord Feidhmiúcháin agus le hionadaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh arna ainmniú ag a Bhord Maoirseachta.”;
(32)i gCaibidil III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 2:
"An Bord Feidhmiúcháin";
(33)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:
"Airteagal 45
Comhdhéanamh
"1. Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach agus triúr comhaltaí lánaimseartha. Sannfaidh an Cathaoirleach cúraimí beartais agus bainistíochta atá sainithe go soiléir do gach duine de na comhaltaí lánaimseartha. Sannfar freagracht as cúrsaí buiséadacha agus cúrsaí a bhaineann le clár oibre an Údaráis do dhuine de na comhaltaí lánaimseartha (a bheidh ina "Chomhalta i bhFeighil"). Feidhmeoidh duine de na comhaltaí lánaimseartha mar Leas-Chathaoirleach agus déanfaidh sé cúraimí an Chathaoirligh nuair a bheidh an Cathaoirleach as láthair nó má bhíonn bac réasúnta air, i gcomhréir leis an Rialachán seo. .
2. Roghnófar na comhaltaí lánaimseartha ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais. Beidh taithí chuimsitheach bhainistíochta ag na comhaltaí lánaimseartha. Bunófar an roghnú ar ghlao oscailte ar iarrthóirí a bheidh le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus, ina dhiaidh sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas gearrliosta de na hiarrthóirí cáilithe.
Cuirfidh an Coimisiún an gearrliosta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis fhormheas an ghearrliosta sin, glacfaidh an Chomhairle cinneadh comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh, an Comhalta i bhfeighil san áireamh.
3. Más rud é nach gcomhlíonann comhalta lánaimseartha den Bhord Feidhmiúcháin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 46 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i míiompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún a d'fhormheas Parlaimint na hEorpa, cinneadh a ghlacadh chun é a chur as oifig.
4. 5 bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí lánaimseartha agus féadfar é a athnuachan aon uair amháin. Le linn na naoi mí roimh dheireadh théarma oifige cúig bliana an chomhalta lánaimseartha, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas:
(a) na torthaí a baineadh amach i rith an chéad téarma oifige agus mar a baineadh amach iad;
(b) dualgais agus riachtanais an Údaráis sna blianta atá le teacht.
Agus an mheastóireacht á cur san áireamh, cuirfidh an Coimisiún liosta na gcomhaltaí lánaimseartha atá le nuashonrú faoi bhráid na Comhairle. Ar bhonn an ghearrliosta sin, agus an mheastóireacht á cur san áireamh aici, féadfaidh an Chomhairle síneadh a chur le téarma oifige na gcomhaltaí lánaimseartha.";
(34)cuirtear isteach an tAirteagal 45a seo a leanas:
"Airteagal 45a
Cinnteoireacht
1. Glacfar cinntí an Bhoird Feidhmiúcháin trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.
2. Glacfaidh an tionadaí ón gCoimisiún páirt i gcruinnithe den Bhord Feidhmiúcháin gan an ceart vótála a bheith aige seachas maidir leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 63.
3. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.
4. Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó chomhalta amháin den Bhord, agus beidh na cruinnithe sin faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh.
Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile roimh gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí agus chomh minic agus a mheasann an Bord Feidhmiúcháin is gá. Tiocfaidh sé le chéile cúig huaire ar a laghad sa bhliain.
5. Faoi réir na rialacha nós imeachta, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Ní fhreastalóidh na rannpháirtithe sin nach bhfuil vóta acu ar aon phlé laistigh den Bhord Feidhmiúcháin a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair.";
(35)cuirtear isteach an tAirteagal 45b seo a leanas:
"Airteagal 45b
Coistí inmheánacha
Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a tugadh dó.";
(36)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:
"Airteagal 46
Neamhspleáchas
"Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.
Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin i leith dhéanamh a gcúraimí.";
(37)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47:
"Airteagal 47
Cúraimí
1. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin go gcuirfidh an tÚdarás a mhisean i gcrích agus go ndéanfaidh sé na cúraimí a sannadh dó i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfaidh sé gach beart is gá, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a mholadh lena ghlacadh ag an mBord Maoirseoirí.
3. Feidhmeoidh an Bord Feidhmiúcháin a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 63 agus le hAirteagal 64.
Chun críocha Airteagail 17, 19, 22, 29a, 30, 31a, 32 agus 35b go 35h, beidh an Bord Feidhmiúcháin inniúil ar ghníomhú agus ar chinntí a dhéanamh. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoina chuid cinntí.
3a. Scrúdóidh an Bord Feidhmiúcháin na ceisteanna ar fad atá le socrú ag an mBord Maoirseoirí, tabharfaidh sé a thuairim fúthu agus déanfaidh sé togra maidir leo.
4. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin plean beartais fhoireann an Údaráis agus, de bhun Airteagal 68(2), glacfaidh sé na bearta cur chun feidhme is gá ó Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach ("na Rialacháin Foirne").
5. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na forálacha speisialta a bhaineann le ceart rochtana ar dhoiciméid an Údaráis, i gcomhréir le hAirteagal 72.
6. Ar bhonn na dréachttuarascála dá dtagraítear in Airteagal 53(7), déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena náirítear dualgais an Chathaoirligh, a mholadh don Bhord Maoirseoirí i gcomhair a formheasta.
7. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 58(3) agus (5).
8 Poibleoidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.
9. Beidh na cúraimí sonracha seo a leanas ag an gComhalta i bhfeighil:
(a) clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi threoraíocht ón mBord Maoirseoirí agus faoi rialú an Bhoird Feidhmiúcháin;
(b) gach beart is gá a dhéanamh, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(c) clár oibre ilbhliantúil a ullmhú dá dtagraítear in Airteagal 47(2);
(d) clár oibre a ullmhú faoin 30 Meitheamh gach bliain don bhliain tar a éis sin, dá dtagraítear in Airteagal 47(2);
(e) réamh-dhréachtbhuiséad an Údaráis a tharraingt suas de bhun Airteagal 63 agus buiséad an Údaráis a chur chun feidhme de bhun Airteagal 64;
(f) dréachttuarascáil bhliantúil a ullmhú, lena náireofar roinn a bhaineann le gníomhaíochtaí rialála agus le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis agus roinn a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus riaracháin;
(g) na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 68 maidir le foireann an Údaráis a fheidhmiú agus cúrsaí foirne a bhainistiú.";
(38)leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:
(b)
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
"Beidh an Cathaoirleach freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú agus gníomhóidh sé mar chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Feidhmiúcháin.";
(c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Tar éis glao oscailte ar iarrthóirí atá le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, roghnófar an Cathaoirleach ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún gearrliosta iarrthóirí le haghaidh phost an Chathaoirligh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis fhormheas an ghearrliosta sin, glacfaidh an Chomhairle cinneadh an Cathaoirleach a cheapadh.
Más rud é nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 49 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i míiompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún, a d'fhormheas Parlaimint na hEorpa, cinneadh a ghlacadh chun é a chur as oifig.";
(d)
i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
"Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus an mheastóireacht á cur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Chathaoirligh uair amháin.";
(e)
scriostar mír 5;
(39)cuirtear isteach an tAirteagal 49a seo a leanas:
"Airteagal 49 a
Caiteachais
"Nochtfaidh an Cathaoirleach don phobal na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.";
(40)scriostar Airteagal 51, Airteagal 52 agus Airteagal 53;
(41)i mír 2 d’Airteagal 54,
cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas:
" — saincheisteanna a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí;" ;
(42)in Airteagal 55, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Iarrfar ar chomhalta amháin den Bhord Feidhmiúcháin, ar an gComhalta i bhfeighil i gcomhréir le hAirteagal 47(8a), ar ionadaí ón gCoimisiún agus ar ionadaí ó BERS freastal, i gcáil breathnóirí, ar chruinnithe an Chomhchoiste agus ar chruinnithe aon Fhochoistí dá dtagraítear in Airteagal 57.";
(43)leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
"3. Déanfaidh Bord Feidhmiúcháin an Údaráis beirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh as gearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis glao poiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
"5. Ní dhéanfar comhalta den Bhord Achomhairc arna cheapadh ag Bord Feidhmiúcháin an Údaráis a chur as oifig le linn a théarma oifige, mura rud é go bhfuarthas ciontach é i míiompar tromchúiseach agus go ndearna an Bord Feidhmiúcháin cinneadh chun na críche sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.";
(44)in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus a gcinntí á ndéanamh acu. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní dhéanfaidh siad aon dualgais eile a chomhlíonadh i ndáil leis an Údarás, le Bord Feidhmiúcháin an Údaráis ná le Bord Maoirseoirí an Údaráis.";
(45)in Airteagal 60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena náirítear údaráis inniúla, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh ón Údarás dá dtagraítear in Airteagail 17, 18, 19 agus 35 agus in aghaidh aon chinneadh eile a rinne an tÚdarás i gcomhréir leis na gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), ar cinneadh é a díríodh ar an duine sin, nó in aghaidh cinneadh ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach cé gur cinneadh é a díríodh ar dhuine eile.";
(46)leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Is é a bheidh in ioncam an Údaráis, gan dochar do chineálacha eile ioncaim, aon teaglaim de na nithe seo a leanas:
(a) ranníocaíocht chomhardaithe ón Aontas, a chuirfear i mBuiséad Ginearálta an Aontais (roinn an Choimisiúin) nach mó ná 40% d'ioncam measta an Údaráis;
(b) ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais, ar bhonn an chaiteachais bhliantúil mheasta maidir leis na gníomhaíochtaí atá riachtanach de réir an Rialacháin seo agus i nGníomhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) le haghaidh gach catagóire rannpháirtithe atá faoi raon feidhme an Údaráis;
(c) aon táillí a íocfar leis an Údarás sna cásanna a shonraítear sna hionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais;
(d) ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit nó ó bhreathnóirí;
(e) táillí ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus ar aon seirbhísí eile a iarrfaidh na húdaráis inniúla.";
(c)cuirtear isteach mír 5 agus mír 6 mar a leanas:
"5. Baileoidh na húdaráis arna nainmniú ag gach Ballstát na ranníocaíochtaí bliantúla dá dtagraítear i mír 1(b) gach bliain ó institiúidí airgeadais aonair. Faoin 31 Márta gach bliain airgeadais, íocfaidh gach Ballstát leis an Údarás an méid nach mór dó a bhailiú i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 62a.
6. Ní ghlacfar le ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit agus ó bhreathnóirí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 dá bhféadfaí amhras a chaitheamh ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin.";
(47)cuirtear isteach an tAirteagal 62a seo a leanas:
"Airteagal 62a
Gníomhartha tarmligthe maidir le ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais a ríomh
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 75a, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gcinnfear conas a ríomhfar ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais aonair dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 62 agus lena leagfar amach an méid seo a leanas:
(a) modh chun an caiteachas measta a shannadh do chatagóirí d'institiúidí airgeadais chun é a bheith ina bhonn lena chinneadh conas a ríomhfar sciar na ranníocaíochtaí ag institiúidí airgeadais as gach catagóir;
(b) critéir iomchuí oibiachtúla chun a chinneadh cé na ranníocaíochtaí bliantúla atá le híoc ag institiúidí airgeadais aonair faoi raon feidhme na nGníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar bhonn a méide chun a dtábhacht sa mhargadh a gharléiriú.
Bunófar leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír tairseacha de minimis nach mbeidh ranníocaíocht dlite faoina mbun ná íosmhéideanna nach ceart ranníocaíochtaí a bheith faoina mbun.";
(48)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63:
"Airteagal 63
An buiséad a bhunú
1. Gach bliain tarraingeoidh an Comhalta i bhfeighil suas dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair sealadach an Údaráis le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin ina leagfar amach an tioncam agus an caiteachas measta, mar aon le faisnéis faoin bhfoireann, a bhainfear óna chlársceidealú bliantúil agus a chlársceidealú ilbhliantúil, agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig an mBord Feidhmiúcháin agus an Bord Maoirseoirí, maille le plean bunaíochta.
1a. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, ar bhonn an dréachta a bheidh formheasta ag an mBord Maoirseoirí, an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin.
1b. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Eanáir.
2.
Ar bhonn an dréachtdoiciméid clársceidealaithe aonair, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach maidir leis an bplean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta comhardaithe atá le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 den Chonradh a iontráil i ndréachtbhuiséad an Aontais.
3.
Glacfaidh an túdarás buiséadach plean bunaíochta an Údaráis. Déanfaidh an túdarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht chomhardaithe a thabharfar don Údarás a údarú.
4. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach ón am a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go críochnaitheach. Más gá, déanfar é a choigeartú dá réir.
5. Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin fógra don údarás buiséadach, gan mhoill, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige é a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar chistiú a bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach.";
(49)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64:
Airteagal 64
An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú
1. Feidhmeoidh an Comhalta i bhfeighil mar oifigeach údarúcháin agus cuirfidh sé buiséad an Údaráis chun feidhme.
2. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn.
3. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an fhaisnéis chuntasaíochta is gá chun críocha comhdhlúthúcháin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Márta sa chaoi agus san fhormáid atá leagtha síos ag an oifigeach cuntasaíochta sin.
4. Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn.
5. Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil faoi chuntais shealadacha an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 148 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis suas cuntais deiridh an Údaráis. Cuirfidh an Comhalta i bhfeighil na cuntais chuig an mBord Maoirseoirí agus tabharfaidh siadsan a dtuairim uathu maidir leis na cuntais sin.
6. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais deiridh, maille leis an tuairim ón mBord Maoirseoirí, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn, chuig oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí.
Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis pacáiste tuairiscithe chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Iúil i bhformáid chaighdeánaithe mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin.
7. Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.
8. Tabharfaidh an Comhalta i bhfeighil freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh sé cóip den fhreagra sin chuig an mBord Feidhmiúcháin agus chuig an gCoimisiún freisin.
9. Ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 165(3) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Comhalta i bhfeighil aon fhaisnéis is gá i gcomhair fheidhmiú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur faoi bhráid na Parlaiminte.
10. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a fuarthas trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Údarás roimh 15 Bealtaine bhliain N + 2, i leith an bhuiséid do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.";
(50)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65:
"Airteagal 65
Rialacha airgeadais
Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013* ón gCoimisiún do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 mura rud é gur gá sin mar gheall ar na riachtanais shonracha oibríochtúla a bhaineann le feidhmiú an Údaráis, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin le toiliú ina leith sin ón gCoimisiún roimh ré.
*Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, Lch. 42).";
(51)in Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Chun an chalaois, an téilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan aon srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
*Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, Lch. 1).";
(52)leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:
"1. Beidh feidhm maidir le foireann an Údaráis, lena náirítear comhaltaí lánaimseartha agus Cathaoirleach an Bhoird Feidhmiúcháin agus, ag na Rialacháin Foirne, ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha a ghlac institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun iad a chur i bhfeidhm.
2. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, le comhaontú ón gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme is gá, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
"4. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin forálacha chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht san Údarás.";
(53)leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:
"1. Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí agus baill foirne uile an Údaráis, lena náirítear oifigigh ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, agus gach duine eile a bhfuil cúraimí á ndéanamh aige don Údarás ar bhonn conarthach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.";
(c)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
"Thairis sin, ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis a úsáid chun na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorfheidhmiú, agus go háirithe i gcomhair nósanna imeachta dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.";
(d)cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:
"2a. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin agus an Bord Maoirseoirí go mbeidh gach duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena náirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Feidhmiúcháin agus ag an mBord Maoirseoirí nó ceaptha ag na húdaráis inniúla chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin atá sna míreanna roimhe seo.
Beidh feidhm maidir le breathnóirí a bhíonn ag freastal ar chruinnithe den Bhord Feidhmiúcháin agus maidir leis an mBord Maoirseoirí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis ag na ceanglais chéanna i ndáil le rúndacht ghairmiúil freisin.";
(e)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
"Ní chuirfidh mír 1 ná mír 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.";
(54)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 71:
"Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáid na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó d'oibleagáidí an Údaráis a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/XXXX (Rialachán maidir le Cosaint Sonraí ag Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh) nuair atá a chuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.";
(55)in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.";
(56)in Airteagal 73, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga an Údaráis.";
(57)in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
"Beidh socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach leagtha síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an tÚdarás agus an Ballstát sin, agus tabharfar an comhaontú sin i gcrích nuair a gheofar formheas an Bhoird Feidhmiúcháin.";
(58)cuirtear isteach an tAirteagal 75a seo a leanas:
"Airteagal 75a
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 35c agus in Airteagal 62a go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 35c agus in Airteagal 62a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.
Roimh ghníomh tarmligthe a ghlacadh dó, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 35c nó Airteagal 62a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.";
(59)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 76:
"Airteagal 76
Gaolmhaireacht le Coiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha (CEIOPS)
Measfar gurb é an tÚdarás comharba dlíthiúil CEIOPS. Faoi dháta bhunú an Údaráis, déanfar sócmhainní agus dliteanais uile CEIOPS, chomh maith le gach oibríocht dá chuid atá ar feitheamh, a aistriú go huathoibríoch chuig an Údarás. Ullmhóidh CEIOPS ráiteas ina léireofar staid deiridh a chuid sócmhainní agus dliteanas amhail ar dháta an aistrithe sin. Déanfaidh CEIOPS agus an Coimisiún an ráiteas sin a iniúchadh agus a fhormheas."
(60)cuirtear isteach Airteagal 77a nua:
Airteagal 77a
Forálacha idirthréimhseacha
Cúraimí agus post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1094/2010 arna leasú go deireanach le Treoir 2014/51/AE agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tiocfaidh deireadh leo an dáta sin.
Cúraimí agus post an Chathaoirligh arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1094/2010 arna leasú go deireanach le Treoir 2014/51/AE agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], leanfaidh siad ar aghaidh go dtí go rachaidh siad in éag.
Cúraimí agus post chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta arna gceapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1094/2010 arna leasú go deireanach le Treoir 2014/51/AE agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tiocfaidh deireadh leo an dáta sin.".
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 mar a leanas:
(1)leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoir 97/9/CE, Threoir 98/26/CE, Threoir 2001/34/CE, Threoir 2002/47/CE, Threoir 2003/71/CE, Theoir 2004/39/CE, Threoir 2004/109/CE, Threoir 2009/65/CE, Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle * Rialachán 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***, agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, agus, a mhéad a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó maidir le gnóthais chomh-infheistíochta a dhéanann margaíocht ar a naonaid nó ar a scaireanna agus na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, agus gníomhóidh sé faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/87/CE, de Threoir (AE) 2015/849, de Threoir 2002/65/CE, lena náirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás.
* Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, Lch. 1).
** Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, Lch. 1).
*** Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, Lch. 19).";
(c)
cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:
"3a. Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do ghníomhartha eile de chuid an Aontais lena dtugtar feidhmeanna an údaraithe agus na maoirseachta agus cumhachtaí comhfhreagracha don Údarás.";
(2)i mír 5 d'Airteagal 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
"Cuimsíonn na tagairtí do mhaoirseacht sa Rialachán seo gníomhaíochtaí de chuid na núdarás inniúil uile atá le déanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).;
(3)i bpointe 3 d'Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):
"(ii) maidir le Treoir 2002/65/CE agus Treoir (AE) 2015/849, na húdaráis atá inniúil chun a áirithiú go ndéanann gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta agus gnóthais chomhinfheistíochta a dhéanann margaíocht ar a naonaid nó ar a scaireanna, go ndéanann siad ceanglais na dTreoracha sin a chomhlíonadh;";
(4)leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:
"(2) Bord Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 47;";
(c)
scriostar pointe 4;
(5)leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
(b)
leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:
"(aa) lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a choimeád;";
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) agus phointe (f):
"(e) athbhreithnithe ar údaráis inniúla a eagrú agus a dhéanamh agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte agus moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, d’fhonn comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;
(f) faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a inniúlachta, lena náirítear, i gcás inarb ábhartha, forbairtí i dtaca le treochtaí seirbhísí airgeadais nuálacha;";
(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
"(h) cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí a chothú;";
(iv)scriostar pointe (l);
(c)cuirtear isteach mír 1a nua:
"1a. " Agus a chúraimí á ndéanamh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an tÚdarás san áireamh nuálaíocht teicneolaíochta, samhlacha gnó nuálacha agus inbhuanaithe, agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais.";
(d)i mír 2, leasaítear an méid seo a leanas:
(i) cuirtear isteach pointe (ca):
" (ca) moltaí a eisiúint mar a leagtar síos in Airteagal 29a agus in Airteagal 31a;";
(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
"(h) an fhaisnéis is gá maidir le hinstitiúidí airgeadais a bhailiú dá bhforáiltear in Airteagal 35 agus in Airteagal 35b";
(e)cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas:
"3. Agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige agus na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 á bhfeidhmiú aige, beidh aird iomchuí ag an Údarás ar phrionsabail na rialála níos fearr, lena náirítear torthaí anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.";
(6)leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
(b)i mír 1, cuirtear isteach an pointe (aa) agus an pointe (ab) seo a leanas:
"(aa) athbhreithnithe téamacha doimhne a dhéanamh ar iompraíocht sa mhargadh, comhthuiscint a fhorbairt ar chleachtais sa mhargadh chun fadhbanna féideartha a shainaithint agus a dtionchar a anailísiú;
(ab) táscairí riosca mhiondíola a fhorbairt le haghaidh cúiseanna féideartha dochair don tomhaltóir agus don infheisteoir a shainaithint go prapúil;";
(c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais nua agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí a ghlacadh d’fhonn sábháilteacht agus fóntacht na margaí a chur chun cinn agus d’fhonn na cleachtais rialála agus maoirseachta a chóineasú.";
(d)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
"4. Déanfaidh an tÚdarás coiste um nuálaíocht airgeadais a bhunú mar chuid lárnach den Údarás lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla náisiúnta uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí chun cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Féadfaidh an tÚdarás údaráis náisiúnta cosanta sonraí a cheapadh mar chuid den Choiste freisin.";
(7)leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
(b)i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
"Ina theannta sin, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí a dhíriú chuig údaráis na mBallstát nach sainítear mar údaráis inniúla faoin Rialachán seo ach a bhfuil sé de chumhacht acu cur i bhfeidhm na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a áirithiú.";
(c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Más iomchuí, seolfaidh an tÚdarás, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na treoirlínte agus na moltaí sin a eisiúint. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. Más iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás freisin, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, tuairim nó comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.";
(d)in mír 4, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
"Míneofar sa tuarascáil freisin cén túdar a bhí ag an Údarás leis na treoirlínte agus na moltaí atá aige a eisiúint agus déanfar achoimre ar an aiseolas ó chomhairliúcháin phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí sin.";
(e)cuirtear isteach an mhír 5 seo a leanas:
"5. I gcás ina mbeidh dhá thrian de chomhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí den tuairim go bhfuil a inniúlacht sáraithe ag an Údarás trí threoirlínte nó moltaí áirithe a eisiúint, féadfaidh siad tuairim réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún.
Iarrfaidh an Coimisiún míniú ar an údar atá le heisiúint na dtreoirlínte nó na moltaí lena mbaineann ón Údarás. Déanfaidh an Coimisiún, ar fháil an mhínithe ón Údarás dó, measúnú ar raon feidhme na dtreoirlínte nó na moltaí ó thaobh inniúlacht an Údaráis de. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil a inniúlacht sáraithe ag an Údarás, agus tar éis deis a bheith tugtha don Údarás a thuairimí a chur in iúl, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear de cheangal ar an Údarás na treoirlínte nó na moltaí lena mbaineann a tharraingt siar. Poibleofar an cinneadh ón gCoimisiún.";
(8)i mír 2 d'Airteagal 17, cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:
"Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 35, féadfaidh an tÚdarás iarraidh ar fhaisnéis a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí a dhíriú go díreach chuig údaráis inniúla eile nó rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh airgeadais, aon uair a mheastar gá a bheith léi chun críche imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm. Nuair is chuig rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá sí dírithe, míneofar san iarraidh réasúnaithe cén fáth a bhfuil an fhaisnéis riachtanach chun críocha imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.
Soláthróidh seolaí iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir chruinn iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.
Nuair a bheidh iarratas ar fhaisnéis curtha chuig rannpháirtí sa mhargadh airgeadais, cuirfidh an tÚdarás na húdaráis inniúla ar an eolas faoin iarratas sin. Cuideoidh na húdaráis inniúla leis an Údarás an fhaisnéis a bhailiú, má iarrann an tÚdarás sin.";
(9)Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:
“1. I gcásanna atá sainithe sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 i gceachtar den dá chás seo a leanas:
(a)
ar iarratas ó údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach naontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an inneachar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;
(b)
ar a thionscnamh féin i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn critéir oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.
I gcásanna ina leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh ag na húdaráis inniúla, glacfar leis go bhfuil easaontas ann murar ghlac na húdaráis sin cinneadh comhpháirteach laistigh de na treoracha ama a leagtar amach sna gníomhartha sin;”;
(c)cuirtear isteach an mhír 1a agus an mhír 1b seo a leanas:
“1a. Sna cásanna seo a leanas, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra don Údarás gan mhoill nár baineadh comhaontú amach:
(a)
i gcás ina mbeidh foráil sna gníomhartha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann is túisce de na nithe seo a leanas:
(i) tá an sprioc-am dulta in éag;
(ii) tá cinneadh déanta ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla go bhfuil easaontas ann, ar bhonn critéir oibiachtúla;
(b)
i gcás nach mbeidh aon fhoráil sna gníomhartha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann is túisce de na nithe seo a leanas:
(i)
cinneadh a bheith déanta ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn critéir oibiachtúla; nó
(ii)
dhá mhí a bheith caite ón dáta a fuair údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun dlí an Aontais a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an údarás a fuair an iarraidh.
1b. Measúnóidh an Cathaoirleach an cheist ar cheart don Údarás gníomhú i gcomhréir le mír 1. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás an idirghabháil dá thionscnamh féin, tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoina chinneadh maidir leis an idirghabháil.
Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 47(3a), i gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh, déanfaidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí aonair a chur siar. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gníomhú, cuirfidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí siar go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 tugtha i gcrích.”;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, nár tháinig na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an tábhar a réiteach agus a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais.”;
(e)cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:
“3a. Tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena baineann gur cuireadh i gcrích nósanna imeachta faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, agus, nuair is infheidhme, an cinneadh a rinne sé faoi mhír 3.”;
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 den Chonradh, i gcás nár chomhlíon údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, gur mhainnigh sé a áirithiú go gcomhlíonfadh rannpháirtí sa mhargadh airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir leis, de bhua na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar rannpháirtí sa mhargadh airgeadais á cheangal go ndéanfar an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a chuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena náirítear scor d’aon chleachtas áirithe.”;
(10)in Airteagal 22(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
“Chun na gcríoch sin, féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena náirítear Airteagal 35 agus Airteagal 35b.”;
(11)leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:
(b)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i) cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:
“(aa) an Plean Maoirseachta Straitéiseach a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 29a;”;
(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
“(b) malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, ar faisnéis í a bhaineann leis na saincheisteanna ábhartha uile, lena náirítear an chibearshlándáil agus cibearionsaithe, más iomchuí, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha an Aontais;”;
(iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
“(e) cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, lena náirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta, malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasachta foirne agus as uirlisí eile;”;
(c)i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
“Chun cultúr maoirseachta coiteann a chur ar bun, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais san Aontas agus ag cur san áireamh, inter alia, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó, lena náirítear de thoradh nuálaíocht teicneolaíochta, na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais. Leagfar amach sa lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais dea-chleachtais maoirseachta, agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta.”;
(12)cuirtear isteach an tAirteagal 29a seo a leanas:
“Airteagal 29a
An Plean Maoirseachta Straitéiseach
1. Ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo [XXX cuir isteach an tagairt don Rialachán leasaitheach] agus gach trí bliana ina dhiaidh sin faoin 31 Márta, eiseoidh an tÚdarás moladh a bheidh dírithe ar údaráis inniúla ina leagfar síos cuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha maoirseachta (“Plean Maoirseachta Straitéiseach”) agus ina gcuirfear san áireamh aon ionchur ó na húdaráis inniúla. Tarchuirfidh an tÚdarás an Plean Maoirseachta Straitéiseach mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus cuirfidh sé ar fáil don phobal é ar a shuíomh gréasáin.
Sainaithneofar sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach tosaíochtaí ar leith do ghníomhaíochtaí maoirseachta chun cleachtais maoirseachta atá comhsheasmhach éifeachtúil éifeachtach a chur chun cinn agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach agus aghaidh a thabhairt ar na treochtaí ábhartha micreastuamachta, na rioscaí ionchasacha agus na leochaileachtaí a shainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 32.
2. Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh gach údarás inniúil dréachtchlár oibre bliantúil don bhliain dár gcionn faoi bhráid an Údaráis agus leagfaidh sé amach go sonrach conas atá an dréachtchlár oibre sin i gcomhréir leis an bPlean Maoirseachta Straitéiseach.
Beidh sa dréachtchlár oibre bliantúil cuspóirí agus tosaíochtaí sonracha le haghaidh gníomhaíochtaí maoirseachta agus critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla le haghaidh roghnú rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, cleachtais margaidh agus iompraíochtaí margaidh, agus margaí airgeadais, a scrúdóidh an túdarás inniúil a bheidh ag cur isteach an dréachtchláir oibre le linn bhliain an chláir sin.
3. Measúnóidh an tÚdarás an dréachtchlár oibre bliantúil agus, i gcás ina mbeidh rioscaí ábhartha ann nach mbainfear amach na tosaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach, eiseoidh an tÚdarás moladh chuig an údarás inniúil ábhartha arb é is aidhm leis dréachtchlár oibre bliantúil an údaráis inniúil sin a chur in oiriúint don Phlean Maoirseachta Straitéiseach.
Faoin 31 Nollaig gach bliain, glacfaidh na húdaráis inniúla a gclár oibre bliantúil agus aon mholtaí den chineál sin a fuair siad á gcur san áireamh acu.
4. Faoin 31 Márta gach bliain, tarchuirfidh gach údarás inniúil chuig an Údarás tuarascáil ar chur chun feidhme an chláir oibre bhliantúil.
Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil:
(a)
tuairisc ar na gníomhaíochtaí maoirseachta agus na scrúduithe ar institiúidí airgeadais, cleachtais margaidh agus iompraíochtaí margaidh agus ar mhargaí airgeadais, agus ar na bearta agus na smachtbhannaí riaracháin a forchuireadh ar institiúidí airgeadais atá freagrach as sáruithe ar dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta;
(b)
tuairisc ar na gníomhaíochtaí a rinneadh ach nach raibh leagtha amach sa chlár oibre bliantúil;
(c)
cuntas ar na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa chlár oibre bliantúil nach ndearnadh agus ar chuspóirí an chláir sin nár baineadh amach, chomh maith leis na cúiseanna nach ndearnadh na gníomhaíochtaí sin agus nár baineadh amach na cuspóirí sin.
5. Measúnóidh an tÚdarás tuarascálacha cur chun feidhme na núdarás inniúil. I gcás ina mbeidh rioscaí ábhartha ann nach mbainfear amach na tosaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach, eiseoidh an tÚdarás moladh chuig gach údarás inniúil lena mbaineann maidir le cén chaoi ar féidir na heasnaimh ábhartha atá ar a ngníomhaíochtaí a leigheas.
Ar bhonn na dtuarascálacha agus a mheasúnaithe féin ar rioscaí, sainaithneoidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí de chuid an údaráis inniúil ar gá iad chun an Plean Maoirseachta Straitéiseach a chomhlíonadh, agus déanfaidh sé, de réir mar is iomchuí, athbhreithnithe ar na gníomhaíochtaí sin faoi Airteagal 30.
6. Cuirfidh an tÚdarás na dea-chleachtais a sainaithníodh le linn an mheasúnaithe ar na cláir oibre bhliantúla ar fáil don phobal.”;
(13)leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal an Airteagail:
“Athbhreithnithe ar údaráis inniúla”;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe go tréimhsiúil ar chuid de na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis inniúla nó orthu go léir chun an chomhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a dhaingniú a thuilleadh. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na húdaráis a ndéantar athbhreithniú orthu agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh eatarthu. Le linn athbhreithnithe a dhéanamh, déanfar faisnéis agus meastóireachtaí atá ann cheana maidir leis an údarás inniúil lena mbaineann a chur san áireamh, lena náirítear gach faisnéis a tugadh don Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35, agus aon fhaisnéis ó gheallsealbhóirí.”;
(d)cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:
“1a. Chun críocha an Airteagail seo, bunóidh an tÚdarás coiste athbhreithniúcháin ar a mbeidh baill foirne de chuid an Údaráis agus iad sin amháin. Féadfaidh an tÚdarás cúraimí nó cinntí áirithe a tharmligean chuig an gcoiste athbhreithniúcháin.”;
(e)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:
“Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú, ach ní bheidh an tathbhreithniú teoranta dóibh sin amháin:”;
(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
“(a) a leordhóthanaí atá na hacmhainní, a mhéid neamhspleáchais agus na socruithe rialála atá ag an údarás inniúil, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus leis an gcumas atá ann freagairt a thabhairt ar imeachtaí sa mhargadh;”;
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil amach ina mbeidh torthaí an athbhreithnithe leagtha amach. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuarascáil sin ar na bearta leantacha a leagfar amach de thoradh an athbhreithnithe. Féadfar na bearta leantacha a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 16 agus i bhfoirm tuairimí de bhun Airteagal 29(1)(a).
I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall aon treoirlínte agus aon mholtaí a eisíodh a chomhlíonadh. I gcás nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla aon ghníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar na bearta leantacha atá sonraithe sa tuarascáil, eiseoidh an tÚdarás tuarascáil leantach.
Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó cur chun feidhme á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, nó treoirlínte nó moltaí á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 16, cuirfidh an tÚdarás toradh na nathbhreithnithe san áireamh a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, mar aon le haon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, chun cóineasú na gcleachtas maoirseachta den chaighdeán is airde a áirithiú.”;
(g)cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:
“3a. Cuirfidh an tÚdarás tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe nó d’aon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go measann sé gur gá na rialacha maidir le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nó údaráis inniúla a chomhchuibhiú a thuilleadh.”;
(h)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4. Foilseoidh an tÚdarás an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 lena náirítear aon tuarascáil leantach mura mbeidh rioscaí san fhoilsiú do chobhsaíocht an chórais airgeadais. Iarrfar ar an údarás inniúil a bheidh faoi athbhreithniú a bharúlacha a thabhairt sula bhfoilseofar aon tuarascáil. Cuirfear na barúlacha sin ar fáil don phobal mura mbeidh rioscaí san fhoilsiú do chobhsaíocht an chórais airgeadais.”;
(14)in Airteagal 31a, cuirtear mír nua isteach:
“Maidir le gníomhaíocht údarás inniúil atá ceaptha cead isteach sa mhargadh a éascú d’oibreoirí nó táirgí atá ag brath ar nuálaíocht theicniúil nó ar nuálaíocht eile, cuirfidh an tÚdarás cóineasú maoirseachta chun cinn, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte nó moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.”;
(15)cuirtear isteach Airteagal 31a nua:
“Airteagal 31a
Comhordú maidir le tarmligean agus seachfhoinsiú gníomhaíochtaí agus aistriú riosca
“1. Comhordóidh an tÚdarás ar bhonn leanúnach gníomhaíochtaí maoirseachta na núdarás inniúil chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn maidir le gníomhaíochtaí rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, agus na haistrithe riosca a dhéanann siad, a tharmligean agus a sheachfhoinsiú, i gcomhréir le mír 2, mír 3, agus mír 4.
2. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Údarás má bhíonn sé beartaithe acu údarú nó clárú a dhéanamh i ndáil le rannpháirtí sa mhargadh airgeadais atá faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil lena mbaineann i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus má tá sé i gceist i bplean oibre an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais seachfhoinsiú nó tarmligean a dhéanamh ar chuid ábhartha dá ghníomhachtaí nó ar aon cheann dá phríomhfheidhmeanna, nó aistriú chuig tríú tíortha a dhéanamh ar riosca cuid ábhartha dá ghníomhaíochtaí d’fhonn tairbhiú de phas an Aontais Eorpaigh agus gníomhaíochtaí nó feidhmeanna móra ar siúl acu den chuid is mó lasmuigh den Aontas. Beidh an fógra a thabharfar don Údarás mionsonraithe a dhóthain le gur féidir leis an Údarás measúnú ceart a dhéanamh.
I gcás ina measfaidh an tÚdarás gur gá tuairim a eisiúint chuig údarás inniúil maidir le húdarú nó clárú, faoinar tugadh fógra de bhun na chéad fhomhíre, gan a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le treoirlínte, moltaí nó tuairimí a ghlac an tÚdarás, cuirfidh an tÚdarás an túdarás inniúil sin ar an eolas faoin méid sin laistigh de 20 lá oibre tar éis dó fógra a fháil ón údarás inniúil sin. Sa chás sin fanfaidh an túdarás inniúil lena mbaineann le tuairim ón Údarás sula ndéanfaidh sé an clárú nó an túdarú.
Ar iarratas ón Údarás, cuirfidh an túdarás inniúil ar fáil laistigh de 15 lá oibre tar éis dó an iarraidh sin a fháil pé faisnéis a bhaineann lena chinntí chun rannpháirtí sa mhargadh airgeadais atá faoina mhaoirseacht a údarú nó a chlárú i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Eiseoidh an tÚdarás an tuairim, gan dochar d’aon teorainneacha ama atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais, faoi cheann dhá mhí ar a dhéanaí tar éis dó an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre.
3. Tabharfaidh rannpháirtí sa mhargadh airgeadais fógra don údarás inniúil faoi sheachfhoinsiú nó tarmligean cuid ábhartha dá ghníomhachtaí nó aon cheann dá phríomhfheidhmeanna, agus faoi aistriú riosca cuid ábhartha dá ghníomhaíochtaí chuig eintiteas eile nó chuig brainse dá chuid atá bunaithe i dtríú tír. An túdarás inniúil lena mbaineann, cuirfidh sé an tÚdarás ar an eolas faoi na fógraí sin ar bhonn leathbhliantúil.
Gan dochar d’Airteagal 35, ar iarratas ón Údarás, cuirfidh an túdarás inniúil faisnéis ar fáil maidir leis na socruithe seachfhoinsithe, tarmligin nó aistrithe riosca atá ag na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais.
Déanfaidh an tÚdarás faireachán féachaint an bhfuil na húdaráis inniúla lena mbaineann ag fíorú go bhfuil socruithe seachfhoinsithe, tarmligin nó aistrithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír á gcur i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais, go bhfuil siad ag comhlíonadh na dtreoirlínte, na moltaí nó na dtuairimí ón Údarás agus nach gcuireann siad cosc ar na húdaráis inniúla maoirseacht éifeachtach a dhéanamh agus ar fhorfheidhmiú i dtríú tír.
4. Féadfaidh an tÚdarás moltaí a eisiúint chuig an údarás inniúil lena mbaineann, lena náirítear moltaí cinneadh a athbhreithniú nó údarú a tharraingt siar. I gcás nach leanfaidh an túdarás inniúil lena mbaineann moltaí an Údaráis laistigh de 15 lá oibre, déanfaidh an túdarás inniúil na cúiseanna a lua agus poibleoidh an tÚdarás a mholadh mar aon leis na cúiseanna sin.”;
(16)cuirtear isteach Airteagal 31b nua:
“Airteagal 31b
Feidhm chomhordaithe maidir le horduithe, idirbhearta agus gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar trasteorann suntasach acu
1. I gcás ina mbeidh foras réasúnach ag an Údarás a cheapadh go bhfuil orduithe, idirbhearta nó aon ghníomhaíocht eile a bhfuil tionchar trasteorann suntasach acu ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas, molfaidh sé go dtionscnóidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann imscrúdú agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fáil do na húdaráis inniúla sin.
2. I gcás ina mbeidh foras réasúnach ag údarás inniúil a cheapadh go bhfuil orduithe, idirbhearta nó aon ghníomhaíocht eile a bhfuil tionchar trasteorann suntasach acu ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas, tabharfaidh sé fógra láithreach don Údarás agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fáil. Féadfaidh an tÚdarás a mholadh d’údaráis inniúla na mBallstát a gceaptar gur tharla an ghníomhaíocht ann beart a dhéanamh tar éis dó an fhaisnéis ábhartha a tharchur chuig na húdaráis inniúla sin.
3. Chun an malartú faisnéise idir an tÚdarás agus na húdaráis inniúla a éascú, bunóidh agus coimeádfaidh an tÚdarás saoráid stórála sonraí a ceapadh chun na críocha sin.”;
(17)in Airteagal 32, cuirtear isteach mír 2a nua:
“2a. Ar a laghad uair sa bhliain, measfaidh an tÚdarás an iomchuí na measúnuithe uile-Aontais dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh agus cuirfidh sé a réasúnú in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún. I gcás ina ndéanfar na measúnuithe sin ar fud an Aontais agus go measfaidh an tÚdarás gurb iomchuí é a dhéanamh, nochtfaidh sé na torthaí maidir le gach institiúid airgeadais rannpháirteach.
Ní chuirfidh na hoibleagáidí rúndachta gairmiúla atá ar údaráis inniúla bac orthu toradh na measúnuithe uile-Aontais dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú nó a tharchur chuig an Údarás chun gur féidir leis an Údarás an toradh ar na measúnuithe uile-Aontais sin ar bhuanseasmhacht na margaí airgeadais a fhoilsiú.”;
(18)leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2. Cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún cinntí coibhéise a ullmhú i ndáil le córais rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha nuair a gheofar iarraidh shonrach ar chomhairle ón gCoimisiún nó nuair nach mór sin a dhéanamh de réir na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;
(c)(b) cuirtear isteach an mhír 2a, an mhír 2b agus an mhír 2c seo a leanas:
“2a. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar na forbairtí rialála agus maoirseachta agus na cleachtais forfheidhmiúcháin agus na forbairtí margaidh ábhartha i dtríú tíortha ar ghlac an Coimisiún cinntí coibhéise ina leith de bhun na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun a dhéanamh amach an bhfuiltear ag comhlíonadh fós na gcritéar ar glacadh na cinntí sin ar a mbonn agus aon choinníollacha atá leagtha amach iontu. Cuirfidh sé san áireamh a ábhartha don mhargadh atá na tríú tíortha lena mbaineann. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ar a chinntí ina leith sin.
Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt de mhír 1, comhoibreoidh an tÚdarás, i gcás inar féidir é, leis na húdaráis inniúla ábhartha, agus freisin, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis réitigh tríú tíortha ar sainaithníodh go raibh a gcórais dlí agus maoirseachta coibhéiseach. Leanfar den chomhar sin ar bhonn socruithe riaracháin a tugadh i gcrích le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin. Nuair bheidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta faoi na socruithe riaracháin sin, féachfaidh sé chuige go gcuirfear forálacha maidir leis an méid seo a leanas san áireamh:
a)
na sásraí lena bhféadfadh an tÚdarás faisnéis ábhartha a fháil, lena náirítear faisnéis ar an gcóras rialála, chomh maith leis an gcur chuige maoirseachta, forbairtí margaidh ábhartha agus aon athruithe a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcinneadh coibhéise;
b)
a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca leis na cinntí sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena náirítear, i gcás inar gá, cigireachtaí ar an láthair.
Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas i gcás ina ndiúltóidh údarás inniúil tríú tír na socruithe riaracháin sin a chur i gcrích nó i gcás ina ndiúltóidh sé comhoibriú go héifeachtach. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin san áireamh agus é ag athbhreithniú na gcinntí coibhéise ábhartha.
2b. I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2a a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh nó ar chosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill.
Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ar na forbairtí maidir le rialáil, maoirseacht, forfheidhmiú, agus margaí sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2a agus béim ar leith inti ar na himpleachtaí atá leo i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
2c. Cuirfidh na húdaráis inniúla an tÚdarás ar an eolas roimh ré faoin rún atá acu aon socruithe riaracháin a chur i gcrích le húdaráis inniúla tríú tír in aon cheann de na réimsí atá faoi réir na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena náirítear an méid a bhaineann le brainsí eintiteas tríú tír. Tabharfaidh siad dréacht de na socruithe beartaithe sin don Údarás san am céanna.
Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt chun cleachtais maoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur ar bun san Aontas agus chun an comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a dhaingniú. I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint.
Cuirfidh an tÚdarás isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5) faisnéis ar na socruithe riaracháin a comhaontaíodh le húdaráis maoirseachta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh a thug an tÚdarás don Choimisiún maidir le hullmhú cinntí coibhéise agus an ghníomhaíocht faireacháin a rinne an tÚdarás i gcomhréir le mír 2a.”;
(19)i mír 2 d’Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí:
“Beidh feidhm ag Airteagal 35 agus ag Airteagal 35b maidir leis na réimsí a bhféadfaidh an tÚdarás tuairim a eisiúint ina leith.”
(20)leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:
“1. Ar iarratas ón Údarás, déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Údarás, chun go mbeidh sé in ann na cúraimí a cuireadh air faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuil rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha.
Beidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil cruinn agus iomlán agus cuirfear isteach í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás.”
2. Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh freisin go soláthrófaí faisnéis ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáid shonraithe nó trí bhíthin teimpléid inchomparáide arna bhformheas ag an Údarás. Más féidir, déanfar na hiarrataí sin i bhformáidí coiteanna tuairiscithe.
3. Tar éis don Údarás iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó údarás inniúil, féadfaidh sé aon fhaisnéis atá riachtanach a sholáthar chun an túdarás inniúil a chumasú a chuid cúraimí a dhéanamh, i gcomhréir leis na hoibleagáidí i dtaobh rúndacht ghairmiúil atá leagtha síos i reachtaíocht earnálach agus in Airteagal 70.”;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a iarrfar i gcomhréir le mír 1 ar fáil nó nach soláthróidh na húdaráis inniúla í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar léi agus í réasúnaithe go cuí a dhíriú chuig aon cheann díobh seo a leanas:
(a) údaráis maoirseachta eile ag a bhfuil feidhmeanna maoirseachta;
(b) an aireacht atá freagrach as airgeadas sa Bhallstát lena mbaineann i gcás ina mbeidh faisnéis stuamachta ar fáil di;
(c) banc ceannais náisiúnta nó oifig staidrimh an Bhallstáit lena mbaineann;
(c) oifig staidrimh an Bhallstáit lena mbaineann;
Ar iarratas ón Údarás, tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh don Údarás maidir le bailiú na faisnéise.”;
(d)scriostar mír 6 agus mír 7;
(21)cuirtear isteach Airteagal 35a go 35h mar seo a leanas:
“Airteagal 35a
Feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 35b
Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar don Údarás nó d’aon duine dá chuid oifigeach nó d’aon duine a bheidh údaraithe ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35b, ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.
Airteagal 35b
Iarraidh ar fhaisnéis ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais
1. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a iarrfar faoi mhír 1 nó faoi mhír 5 d’Airteagal 35 ar fáil nó nach soláthrófar í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás, féadfaidh sé trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh ceangal a chur ar na rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis uile a sholáthar atá riachtanach chun gur féidir leis an Údarás a chúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh.
2. Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata a lua;
(c)
an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d)
teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e)
ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a niarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;
(f)
an méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 35c a shonrú, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.”
3. Nuair a iarrtar go gcuirfear faisnéis ar fáil trí chinneadh, déanfaidh an tÚdarás:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata a lua;
(c)
an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d)
teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e)
a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35d i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;
(f)
a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 35c i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;
(g)
a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair an Bhoird Achomhairc agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus Airteagal 61.
4. Maidir leis na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nó a nionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
5. Déanfaidh an tÚdarás, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an rannpháirtí ábhartha sa mhargadh airgeadais lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis nó ina bhfuil sé bunaithe.
6. Is chun na cúraimí a sannadh dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, agus chuige sin amháin, a fhéadfaidh an tÚdarás faisnéis rúnda a fuarthas i gcomhréir leis an Airteagal seo a úsáid.”;
Airteagal 35c
Rialacha nós imeachta maidir le fíneálacha a fhorchur
1. I gcás ina naimseoidh an tÚdarás, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh sárú dá dtagraítear in Airteagal 35d(1), ceapfaidh an tÚdarás oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh den Údarás chun an tábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an toifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i maoirseacht dhíreach ná neamhdhíreach ar na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais lena mbaineann agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar an mBord Maoirseoirí.
2. Déanfaidh an toifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a chuirfidh na daoine a bheidh faoi imscrúdú faoina bhráid á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí.
3. Chun a chúraimí a dhéanamh, beidh an chumhacht ag an oifigeach imscrúdúcháin faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 35b.
4. Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag an Údarás ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
5. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á nimscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an toifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.
6. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na nimscrúduithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.
7. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
8. Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 35f, cinnfidh an tÚdarás an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 35d(1) déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart i gcomhréir leis an Airteagal sin.
9. Ní bheidh an toifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití an Bhoird Maoirseoirí ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach i bpróiseas cinnteoireachta an Bhoird Maoirseoirí.
10. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 75a chun na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena náirítear na rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
(a) cearta cosanta,
(b) forálacha ama,
(c) forálacha lena sonraítear an chaoi a mbaileofar fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla,
(d) forálacha lena sonraítear na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.
11. Déanfaidh an tÚdarás ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina naimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní fhorchuirfidh an tÚdarás fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras comhionann nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.
Airteagal 35d
Fíneálacha
1. Glacfaidh an tÚdarás cinneadh fíneáil a ghearradh má fhaigheann sé gur mhainnigh rannpháirtí sa mhargadh airgeadais, d’aon ghnó nó le faillí, faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar chinneadh lena néilítear faisnéis de bhun Airteagal 35b(3) nó gur sholáthair sé faisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis nó ar chinneadh de bhun Airteagal 35b(2).
2. Is é a bheidh i méid bunúsach na fíneála dá dtagraítear i mír 1 EUR 50 000 ar a laghad agus ní bheidh sé os cionn EUR 200 000.
3. Agus méid bunúsach na fíneála dá dtagraítear i mír 2 á shocrú aige, cuirfidh an tÚdarás san áireamh láimhdeachas bliantúil an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin agus beidh sé:
(a) ag ceann íochtair na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil faoi bhun EUR 10 milliún;
(b) ag lár na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil idir EUR 10 milliún agus EUR 50 milliún;
(c) ag ceann uachtair na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil os cionn EUR 50 milliún.
Déanfar na méideanna bunúsacha, arna sainiú de réir na dteorainneacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí imthosca géaraitheacha nó imthosca maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach i mír 5.
Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht ghéaraitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.
Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht mhaolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.
4. Cuirfear na comhéifeachtaí um choigeartú seo a leanas i bhfeidhm, go carnach, maidir leis an méid bunúsach dá dtagraítear i mír 2, ar bhonn na nithe seo a leanas:
(a)
is iad seo a leanas na comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca géaraitheacha:
(i) i gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1.1 maidir le gach uair a rinneadh an sárú athuair;
(ii) i gcás inar mhair an sárú níos mó ná sé mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5;
(iii) i gcás ina ndearnadh an sárú d’aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2;
(iv) i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a rinneadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.7;
(v) i gcás nár chomhoibrigh bainistíocht shinsearach an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais leis an Údarás, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5.
(b)
is iad seo a leanas na comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca maolaitheacha:
(i) i gcás inar mhair an sárú níos lú ná 10 lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.9;
(ii) i gcás inar féidir le bainistíocht shinsearach an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais a léiriú go bhfuil na bearta uile is gá déanta aici chun cosc a chur le teip iarraidh de bhun Airteagal 35(6a) a chomhlíonadh, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.7;
(iii) i gcás inar chuir an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais an sárú in iúl don Údarás go pras, go héifeachtach agus go hiomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.4;
(iv) i gcás ina ndearna an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais, dá dheoin féin, bearta chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.6.
5. D’ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní bheidh iomlán na fíneála os cionn 20 % de láimhdeachas bliantúil an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin mura rud é gur bhain an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go neamhdhíreach. Sa chás sin, beidh an fhíneáil iomlán cothrom, ar a laghad, leis an tairbhe sin.
Airteagal 35e
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Glacfaidh an tÚdarás cinneadh íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh chun iallach a chur ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 35b(1) faisnéis arna hiarraidh trí chinneadh a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 35b(3).
2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Déanfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar bhonn laethúil go dtí go ndéanfaidh an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann an cinneadh ábhartha dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.
3. D’ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % de mheánláimhdeachas laethúil an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4. Féadfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ón Údarás.
Airteagal 35f
An ceart éisteacht a fháil
1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh maidir le fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh faoi Airteagal 35d agus Airteagal 35e, tabharfaidh an tÚdarás an deis don rannpháirtí sa mhargadh airgeadais atá faoi réir na hiarrata éisteacht a fháil.
Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus ar na torthaí sin amháin, a bhunóidh an tÚdarás a chuid cinntí.
2. Déanfar cearta cosanta an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a urramú go hiomlán le linn an nós imeachta. Beidh an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais i dteideal rochtain a bheith aige ar chomhad an Údaráis, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid an Údaráis sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
Airteagal 35g
Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Fíneálacha riaracháin in-fhorfheidhmithe a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 35d agus Airteagal 35e.
2. Beidh forfheidhmiú íocaíochta na fíneála agus na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla faoi réir na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ar ina chríoch a dhéanfar an forfheidhmiú. Beidh an tordú forfheidhmiúcháin i gceangal leis an gcinneadh lena ngearrfar fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil, gan ceanglas a bheith ann maidir le haon fhoirmiúlacht ach amháin fíorú ar bharántúlacht an chinnidh arna dhéanamh ag údarás a ainmneoidh gach Ballstát chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Údarás agus do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
3. Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin dá dtagraítear i mír 2 comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh an páirtí sin dul i gceann an fhorfheidhmithe de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.
4. Is le cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin a fhéadfar forfheidhmiú íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a chur ar fionraí. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin go bhfuil forfheidhmiú íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á dhéanamh go neamhrialta.
5. Déanfaidh an tÚdarás gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 35d agus Airteagal 35e a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.
6. Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 35h
Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr an tÚdarás fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearr an tÚdarás a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.”;
(22)I mír 5 d’Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig údarás inniúil a fháil ó BERS, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb ábhartha, na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar obair leantach go prapúil mar fhreagairt ar an moladh.”
(23)leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí den chéad fhomhír de mhír 4:
“Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar feadh tréimhse ceithre bliana agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.”;
(b)i mír 5, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:
“I gcás nach féidir le comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bheith ar aon tuairim nó comhairle le chéile, beidh cead ag na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin tuairim ar leith nó comhairle ar leith a eisiúint.
Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais, agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde tuairimí comhpháirteacha agus comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na nÚdarás Maoirseachta Eorpach faoi Airteagal 56 den Rialachán seo maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.”;
(24)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:
“Airteagal 39
Nós imeachta cinnteoireachta
“1. Gníomhóidh an tÚdarás i gcomhréir le míreanna 2 go dtí 6 nuair a bheidh sé ag glacadh cinntí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach amháin na cinntí sin a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 35b, Airteagal 35d agus Airteagal 35e.
2. Cuirfidh an tÚdarás in iúl d’aon seolaí cinnidh go bhfuil rún aige an cinneadh a ghlacadh agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ar an ábhar, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil sa chéad abairt maidir le moltaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3).
3. Maidir leis na cinntí ón Údarás, déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua iontu.
4. Cuirfear seolaithe chinntí an Údaráis ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.
5. I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an Údarás de bhun Airteagal 18(3) nó Airteagal 18(4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí.
6. Déanfar glacadh na gcinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 nó Airteagal 19 a nochtadh don phobal. Nochtfar san fhoilsiú céannacht an údaráis inniúil nó an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann mar aon le príomhábhar an chinnidh, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais sin nó lena rúin ghnó a chosaint nó go bhféadfadh sé feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go mór.”;
(25)leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:
(b)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:
“(aa) comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(1), nach mbeidh vóta acu;”;
(c)
i mír 6, scriostar an dara fomhír;
(d)cuirtear an mhír 7 seo a leanas isteach:
“7. I gcás nach bhfuil an túdarás náisiúnta poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 freagrach as na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin a chinneadh cuireadh a chur ar ionadaí ó údarás an Bhallstáit um chosaint tomhaltóirí, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin. I gcás ina mbeidh an fhreagracht as cosaint tomhaltóirí roinnte idir roinnt údarás i mBallstát, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann.”;
(26)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:
“Airteagal 41
Coistí inmheánacha
(27)“Féadfaidh an Bord Maoirseoirí coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a tugadh dó. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, chuig an mBord Feidhmiúcháin nó chuig an gCathaoirleach.”
(28)in Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
“Nuair a bheidh na cúraimí a tugadh dóibh faoin Rialachán seo á ndéanamh acu, gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, mar aon leis na comhaltaí a bhaineann go sonrach le CPLanna a bhfuil vóta acu agus comhaltaí buana de Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a bhfuil vóta acu, go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.”;
(29)leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoir maidir le hobair an Údaráis.
Glacfaidh sé tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II, cé is moite de na cúraimí agus na cumhachtaí sin as a bhfuil Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna freagrach de bhun Airteagal 44b agus as a bhfuil an Bord Feidhmiúcháin freagrach de bhun Airteagal 47. Gníomhóidh sé ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin.”;
(c)scriostar mír 2 agus mír 3;
(d)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“Roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin, clár oibre an Údaráis a ghlacadh don bhliain dár gcionn, agus cuirfidh sé an clár oibre ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.”;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena náirítear an tábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, ar bhonn na dréachttuarascála dá dtagraítear in Airteagal 53(7) agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach bliain. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.”;
(f)scriostar mír 8.
(30)leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:
(b)sa dara fomhír de mhír 1, cuirtear isteach an abairt seo a leanas:
“Ní dhéanfaidh comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Cathaoirleach vótáil ar na cinntí sin.”;
(c)i mír 1, scriostar an tríú agus an ceathrú fomhír;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4. Ní bheidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnóirí rannpháirteach in aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an gCathaoirleach, leis na comhaltaí sin ar comhaltaí freisin iad den Bhord Feidhmiúcháin agus le hionadaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh arna ainmniú ag a Bhord Maoirseachta.”;
(31)i gCaibidil III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 2:
“An Bord Feidhmiúcháin”;
(32)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:
“Airteagal 45
Comhdhéanamh
“1. Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach agus de chúig chomhalta lánaimseartha. Sannfaidh an Cathaoirleach cúraimí beartais agus bainistíochta atá sainithe go soiléir do gach duine de na comhaltaí lánaimseartha. Sannfar freagrachtaí as cúrsaí buiséadacha agus cúrsaí a bhaineann le clár oibre an Údaráis do dhuine de na comhaltaí lánaimseartha (a bheidh ina “Chomhalta i bhFeighil”). Feidhmeoidh duine de na comhaltaí lánaimseartha mar Leas-Chathaoirleach agus déanfaidh sé cúraimí an Chathaoirligh nuair a bheidh an Cathaoirleach as láthair nó má bhíonn bac réasúnta air, i gcomhréir leis an Rialachán seo. Glacfaidh Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna páirt mar bhreathnóir ag cruinnithe uile an Bhoird Feidhmiúcháin.
2. Roghnófar na comhaltaí lánaimseartha ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais. Beidh taithí chuimsitheach bhainistíochta ag na comhaltaí lánaimseartha. Bunófar an roghnú ar ghlao oscailte ar iarrthóirí a bheidh le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus, ina dhiaidh sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas gearrliosta de na hiarrthóirí cáilithe.
Cuirfidh an Coimisiún an gearrliosta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis fhormheas an ghearrliosta sin, glacfaidh an Chomhairle cinneadh comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh, an Comhalta i bhfeighil san áireamh. Beidh an Bord Feidhmiúcháin cothrom, comhréireach agus léireoidh sé an tAontas ina iomláine.
3. Más rud é nach gcomhlíonann comhalta lánaimseartha den Bhord Feidhmiúcháin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 46 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i míiompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh chun é a chur as oifig.
4. 5 bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí lánaimseartha agus féadfar é a athnuachan aon uair amháin. Le linn na naoi mí roimh dheireadh théarma oifige cúig bliana an chomhalta lánaimseartha, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas:
(a) na torthaí a baineadh amach i rith an chéad téarma oifige agus mar a baineadh amach iad;
(b) dualgais agus riachtanais an Údaráis sna blianta atá le teacht.
Agus an mheastóireacht á cur san áireamh, cuirfidh an Coimisiún liosta na gcomhaltaí lánaimseartha atá le nuashonrú faoi bhráid na Comhairle. Ar bhonn an ghearrliosta sin, agus an mheastóireacht á cur san áireamh aici, féadfaidh an Chomhairle síneadh a chur le téarma oifige na gcomhaltaí lánaimseartha.”;
(33)cuirtear isteach an tAirteagal 45a seo a leanas:
"Airteagal 45a
Cinnteoireacht
1. Glacfar cinntí an Bhoird Feidhmiúcháin trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.
2. Glacfaidh an tionadaí ón gCoimisiún páirt i gcruinnithe den Bhord Feidhmiúcháin gan an ceart vótála a bheith aige seachas maidir leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 63.
3. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.
4. Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó chomhalta amháin den Bhord, agus beidh na cruinnithe sin faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh.
Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile roimh gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí agus chomh minic agus a mheasann an Bord Feidhmiúcháin is gá. Tiocfaidh sé le chéile cúig huaire ar a laghad sa bhliain.
5. Faoi réir na rialacha nós imeachta, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Ní fhreastalóidh na rannpháirtithe nach bhfuil vóta acu ar aon phlé laistigh den Bhord Feidhmiúcháin a bhaineann le rannpháirtithe aonair sa mhargadh airgeadais.”;
(34)cuirtear isteach an tAirteagal 45b seo a leanas:
“Airteagal 45b
Coistí inmheánacha
Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a sannadh dó.”;
(35)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:
Airteagal 46
Neamhspleáchas
“Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhaltaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.
Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin i leith dhéanamh a gcúraimí.”;
(36)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47:
“Airteagal 47
Cúraimí
“1. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin go gcuirfidh an tÚdarás a mhisean i gcrích agus go ndéanfaidh sé na cúraimí a shannadh dó i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfaidh sé gach beart is gá, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a mholadh lena ghlacadh ag an mBord Maoirseoirí, agus bainfidh cuid den chlár le gnóthaí CPL.
3. Feidhmeoidh an Bord Feidhmiúcháin a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 63 agus le hAirteagal 64.
Chun críocha Airteagail 17, 19, 22, 29a, 30, 31a, 32 agus 35b go 35h, beidh an Bord Feidhmiúcháin inniúil ar ghníomhú agus ar chinntí a ghlacadh, ach amháin maidir le gnóthaí CPL a mbeidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna inniúil ina leith. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoina chuid cinntí.
3a. Scrúdóidh an Bord Feidhmiúcháin na ceisteanna ar fad atá le socrú ag an mBord Maoirseoirí, tabharfaidh sé a thuairim fúthu agus déanfaidh sé togra maidir leo.
4. Scrúdóidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí agus ullmhóidh sé iad lena nglacadh ag an mBord Maoirseoirí maidir le gach ábhar i gcás ina dtabharfar le hachtanna dá dtagraítear in Airteagal 1(2) feidhmeanna údarúcháin nó maoirseachta agus cumhachtaí comhfhreagracha don Údarás. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin plean beartais fhoireann an Údaráis agus, de bhun Airteagal 68(2), glacfaidh sé na bearta cur chun feidhme is gá ó Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach (“na Rialacháin Foirne”).
5. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na forálacha speisialta a bhaineann le ceart rochtana ar dhoiciméid an Údaráis, i gcomhréir le hAirteagal 72.
6. Ar bhonn na dréachttuarascála dá dtagraítear in Airteagal 53(7), déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena náirítear dualgais an Chathaoirligh, a mholadh don Bhord Maoirseoirí i gcomhair a formheasta.
7. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 58(3) agus (5).
8. Poibleoidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin na cruinnithe uile a eagrófar agus an fáilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.
9. Beidh na cúraimí seo a leanas ag an gComhalta i bhfeighil:
(a) clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi threoraíocht ón mBord Maoirseoirí, agus ó Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna maidir leis na cúraimí agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 44b(1), agus faoi rialú an Bhoird Feidhmiúcháin;
(b) gach beart is gá a dhéanamh, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(c) clár oibre ilbhliantúil a ullmhú dá dtagraítear i mír 2;
(d) clár oibre a ullmhú faoin 30 Meitheamh gach bliain don bhliain tar a éis sin, dá dtagraítear in Airteagal 47(2);
(e) réamh-dhréachtbhuiséad an Údaráis a tharraingt suas de bhun Airteagal 63 agus buiséad an Údaráis a chur chun feidhme de bhun Airteagal 64;
(f) dréachttuarascáil bhliantúil a ullmhú, lena náireofar roinn a bhaineann le gníomhaíochtaí rialála agus le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis agus roinn a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus riaracháin;
(g) na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 68 maidir le foireann an Údaráis a fheidhmiú agus cúrsaí foirne a bhainistiú.
Mar sin féin, i dtaca leis an gcuid sin den chlár a bhaineann le gnóthaí CPL, dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (c) agus pointe (d) den chéad fhomhír i gcrích.
I dtaca leis an dréachttuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír, cuirfidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna na cúraimí dá dtagraítear inti maidir le gnóthaí CPL i gcrích.
”;
(37)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn III de Chaibidil III:
“Cathaoirleach, Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna”;
(38)Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:
(b)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
“Beidh an Cathaoirleach freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú agus gníomhóidh sé mar chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Feidhmiúcháin.”;
(c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2. Tar éis glao oscailte ar iarrthóirí atá le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, roghnófar an Cathaoirleach ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún gearrliosta iarrthóirí le haghaidh phost an Chathaoirligh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis fhormheas an ghearrliosta sin, glacfaidh an Chomhairle cinneadh an Cathaoirleach a cheapadh.
“Más rud é nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 49 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i míiompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh chun é a chur as oifig.”;
(d)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
“Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus an mheastóireacht á cur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Cathaoirligh uair amháin.”;
(e)scriostar mír 5;
(39)cuirtear isteach an tAirteagal 49a seo a leanas:
“Airteagal 49a
Caiteachais
Poibleoidh an Cathaoirleach na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.”;
(40)scriostar Airteagal 51, Airteagal 52 agus Airteagal 53;
(41)i mír 2 d’Airteagal 54, cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas:
“ — saincheisteanna a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí”;
(42)in Airteagal 55, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2. Iarrfar ar chomhalta amháin den Bhord Feidhmiúcháin, ar ionadaí ón gCoimisiún agus ar ionadaí ó BERS freastal, i gcáil breathnóirí, ar chruinnithe an Chomhchoiste agus ar chruinnithe aon Fhochoistí dá dtagraítear in Airteagal 57.”;
(43)leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3. Déanfaidh Bord Feidhmiúcháin an Údaráis beirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh as gearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis glao poiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5. Ní dhéanfar comhalta den Bhord Achomhairc arna cheapadh ag Bord Feidhmiúcháin an Údaráis a chur as oifig le linn a théarma oifige, mura rud é go bhfuarthas ciontach é i míiompar tromchúiseach agus go ndearna an Bord Feidhmiúcháin cinneadh chun na críche sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.”;
(44)in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus a gcinntí á ndéanamh acu. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní dhéanfaidh siad aon dualgais eile a chomhlíonadh i ndáil leis an Údarás, le Bord Feidhmiúcháin an Údaráis ná le Bord Maoirseoirí an Údaráis.”;
(45)in Airteagal 60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena náirítear údaráis inniúla, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh ón Údarás dá dtagraítear in Airteagail 17, 18, 19 agus 35 agus in aghaidh aon chinneadh eile a rinne an tÚdarás i gcomhréir leis na gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), ar cinneadh é a díríodh ar an duine sin, nó in aghaidh cinneadh ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach cé gur cinneadh é a díríodh ar dhuine eile.”;
(46)leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Is é a bheidh in ioncam an Údaráis, gan dochar do chineálacha eile ioncaim, aon teaglaim de na nithe seo a leanas:
(a) ranníocaíocht chomhardaithe ón Aontas, a chuirfear i mBuiséad Ginearálta an Aontais (roinn an Choimisiúin) nach mó ná 40 % d’ioncam measta an Údaráis;
(b) ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais, ar bhonn an chaiteachais bhliantúil mheasta maidir leis na gníomhaíochtaí atá riachtanach de réir an Rialacháin seo agus i nGníomhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) le haghaidh gach catagóire rannpháirtithe atá faoi raon feidhme an Údaráis;
(c) aon táillí a íocfar leis an Údarás sna cásanna a shonraítear sna hionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais;
(d) ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit nó ó bhreathnóirí;
(e) táillí ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus ar aon seirbhísí eile a iarrfaidh na húdaráis inniúla.”;
(c)cuirtear isteach mír 5 agus mír 6 mar a leanas:
“5. Baileoidh na húdaráis arna nainmniú ag gach Ballstát na ranníocaíochtaí bliantúla dá dtagraítear i mír 1(b) gach bliain ó institiúidí airgeadais aonair. Faoin 31 Márta gach bliain airgeadais, íocfaidh gach Ballstát leis an Údarás an méid nach mór dó a bhailiú i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 62a.
6. Ní ghlacfar le ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit agus ó bhreathnóirí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 má chaitear amhras ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin.”;
(47)cuirtear isteach an tAirteagal 62a seo a leanas:
“Airteagal 62a
Gníomhartha tarmligthe maidir le ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais a ríomh
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 75a, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gcinnfear conas a ríomhfar ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais aonair dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 62 agus lena leagfar amach an méid seo a leanas:
(a) modh chun an caiteachas measta a shannadh do chatagóirí d’institiúidí airgeadais chun é a bheith ina bhonn lena chinneadh conas a ríomhfar na ranníocaíochtaí atá le déanamh ag institiúidí airgeadais as gach catagóir;
(b) critéir iomchuí oibiachtúla chun a chinneadh cé na ranníocaíochtaí bliantúla atá le híoc ag institiúidí airgeadais aonair faoi raon feidhme na nGníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar bhonn a méide chun a dtábhacht sa mhargadh a gharléiriú.
Bunófar leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír tairseacha de minimis nach mbeidh ranníocaíocht dlite faoina mbun ná íosmhéideanna nach ceart ranníocaíochtaí a bheith faoina mbun.”;
(48)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63:
“Airteagal 63
An buiséad a bhunú
1. Gach bliain tarraingeoidh an Comhalta i bhfeighil suas dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair sealadach an Údaráis le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin ina leagfar amach an tioncam agus an caiteachas measta, mar aon le faisnéis faoin bhfoireann, a bhainfear óna chlársceidealú bliantúil agus a chlársceidealú ilbhliantúil, agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig an mBord Feidhmiúcháin agus an Bord Maoirseoirí, maille le plean bunaíochta.
Beifear ina ann caiteachas agus táillí ÚEUM a bhaineann leis na cúraimí agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 44b(1) a aithint ceann ar cheann sa ráiteas ar mheastacháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Sula nglacfar an ráiteas ar mheastacháin sin, déanfaidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna an dréacht a bheidh ullmhaithe ag an gComhalta i bhfeighil a bhaineann leis an gcaiteachas agus na táillí sin a fhormheas.
I gcuntais bhliantúla ÚEUM a tharraingeofar suas agus a fhoilseofar i gcomhréir le hAirteagal 64(6), beidh an tioncam agus na caiteachais a bhaineann leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 44b(1).
1a. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, ar bhonn an dréachta le haghaidh caiteachais agus táillí a bhaineann le cúraimí agus cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 44b(1) a bheidh formheasta ag an mBord Maoirseoirí agus ag Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna, an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin.
1b. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Eanáir.
2.
Ar bhonn an dréachtdoiciméid clársceidealaithe aonair, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach maidir leis an bplean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta comhardaithe atá le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 a leanas den Chonradh a iontráil i ndréachtbhuiséad an Aontais.
3.
Glacfaidh an túdarás buiséadach plean bunaíochta an Údaráis. Déanfaidh an túdarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht chomhardaithe a thabharfar don Údarás a údarú.
4. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach ón am a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go críochnaitheach. Más gá, déanfar é a choigeartú dá réir.
5. Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin fógra don údarás buiséadach, gan mhoill, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige é a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar chistiú a bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach.”;
(49)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64:
“Airteagal 64
An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú
1. Feidhmeoidh an Comhalta i bhfeighil mar oifigeach údarúcháin agus cuirfidh sé buiséad an Údaráis chun feidhme.
2. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn.
3. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an fhaisnéis chuntasaíochta is gá chun críocha comhdhlúthúcháin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Márta sa chaoi agus san fhormáid atá leagtha síos ag an oifigeach cuntasaíochta sin.
4. Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn.
5. Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil faoi chuntais shealadacha an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 148 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis suas cuntais deiridh an Údaráis. Cuirfidh an Comhalta i bhfeighil na cuntais chuig an mBord Maoirseoirí agus tabharfaidh siadsan a dtuairim uathu maidir leis na cuntais sin.
6. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais deiridh, maille leis an tuairim ón mBord Maoirseoirí, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn, chuig oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí.
Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis pacáiste tuairiscithe chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Iúil i bhformáid chaighdeánaithe mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin.
7. Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.
8. Tabharfaidh an Comhalta i bhfeighil freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh sé cóip den fhreagra sin chuig an mBord Feidhmiúcháin agus chuig an gCoimisiún freisin.
9. Ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 165(3) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Comhalta i bhfeighil aon fhaisnéis is gá i gcomhair fheidhmiú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur chuig an bParlaimint.
10. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a fuarthas trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Údarás roimh 15 Bealtaine bhliain N + 2, i leith an bhuiséid do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.
(50)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65:
“Airteagal 65
Rialacha Airgeadais
Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013* ón gCoimisiún do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 mura rud é gur gá sin mar gheall ar na riachtanais shonracha oibríochtúla a bhaineann le feidhmiú an Údaráis, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin le toiliú ina leith sin ón gCoimisiún roimh ré.
*Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 328, 7.12.2013, Lch. 42).”;
(51)in Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Chun an chalaois, an téilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan aon srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
*Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, Lch. 1).”;
(52)leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:
“1. Beidh feidhm maidir le foireann an Údaráis, lena náirítear comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin, an Cathaoirleach, Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus na Stiúrthóirí dá dtagraítear i mír (i) d’Airteagal 44a(1)(a), ag na Rialacháin Foirne, ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha a ghlac institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun iad a chur i bhfeidhm.
2. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, le comhaontú ón gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme is gá, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.”;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin forálacha chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht san Údarás.”;
(53)Leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí agus baill foirne uile an Údaráis, lena náirítear oifigigh ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, agus gach duine eile a bhfuil cúraimí á ndéanamh aige don Údarás ar bhonn conarthach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.
(c)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
“Thairis sin, ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis a úsáid chun na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorfheidhmiú, agus go háirithe i gcomhair nósanna imeachta dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.”;
(d)cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:
“2a. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin, Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus an Bord Maoirseoirí go mbeidh gach duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena náirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Feidhmiúcháin agus ag an mBord Maoirseoirí nó ceaptha ag na húdaráis inniúla chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin atá sna míreanna roimhe seo.
Beidh feidhm maidir le breathnóirí a bhíonn ag freastal ar chruinnithe den Bhord Feidhmiúcháin, maidir le Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus maidir leis an mBord Maoirseoirí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis ag na ceanglais chéanna i ndáil le rúndacht ghairmiúil freisin.
(e)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“Ní chuirfidh mír 1 ná mír 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.”;
(54)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 71:
“Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáid na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó d’oibleagáidí an Údaráis a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/XXXX (Rialachán maidir le Cosaint Sonraí ag Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh) nuair atá a chuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.
(55)in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.”
(56)in Airteagal 73, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga an Údaráis.”;
(57)in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
“Beidh socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach leagtha síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an tÚdarás agus an Ballstát sin, agus tabharfar an comhaontú sin i gcrích nuair a gheofar formheas an Bhoird Feidhmiúcháin.”;
(58)cuirtear isteach an tAirteagal 75a seo a leanas:
“Airteagal 75a
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 35c agus in Airteagal 62a go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 35c agus in Airteagal 62a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.
Roimh ghníomh tarmligthe a ghlacadh dó, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 35c nó Airteagal 62(2a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;
(59)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 76:
“Airteagal 76
Gaolmhaireacht le CESR
Measfar gurb é an tÚdarás comharba dlíthiúil CESR. Faoi dháta bhunú an Údaráis, déanfar sócmhainní agus dliteanais uile CESR, chomh maith le gach oibríocht dá chuid atá ar feitheamh, a aistriú go huathoibríoch chuig an Údarás. Ullmhóidh CESR ráiteas ina léireofar staid deiridh a chuid sócmhainní agus dliteanas amhail ar dháta an aistrithe sin. Déanfaidh CESR agus an Coimisiún an ráiteas sin a iniúchadh agus a fhormheas.”
(60)cuirtear isteach Airteagal 77a nua:
Airteagal 77a
Forálacha idirthréimhseacha
Cúraimí agus post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1095/2010 arna leasú go deireanach le Treoir 2014/51/AE agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tiocfaidh deireadh leo an dáta sin.
Cúraimí agus post an Chathaoirligh arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1095/2010 arna leasú go deireanach le Treoir 2014/51/AE agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], leanfaidh siad ar aghaidh go dtí go rachaidh siad in éag.
Cúraimí agus post chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta arna gceapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1094/2010 arna leasú go deireanach le Treoir 2014/51/AE agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tiocfaidh deireadh leo an dáta sin.”.
Airteagal 4
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 mar a leanas:
(1)leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(b)i mír 1, scriostar pointe (c);
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2.
Beidh feidhm ag Airteagal 3 go hAirteagal 6, Airteagal 12, pointe (c) agus pointe (i) d’Airteagal 13(1) agus Airteagail 14a go 19, 19a go 19c, 20, 20a go 20c, 21, 21a go 21d agus 25 den Rialachán seo i leith bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta, arna núdarú de bhun Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, a bhainistíonn punanna cistí fiontair cáilitheacha agus a bhfuil sé de rún acu an sonrúchán ‘EuVECA’ a úsáid i dtaca le margú na gcistí sin san Aontas.”;
(2)in Airteagal 3, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):
“(m)
ciallaíonn “údarás inniúil” aon údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (f) agus pointe (h) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;”;
(c)scriostar pointe (n);
(3)in Airteagal 7, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:
“Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na critéir atá le húsáid chun a mheas an gcomhlíonann bainisteoirí atá i mbun cistí caipitil fiontair cáilitheacha a gcuid oibleagáidí faoi phointí (a) go (g) de mhír 1, ag áirithiú comhsheasmhacht le hAirteagal 12(1) de Threoir 2011/61/AE.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [[Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm]]
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;
(4)in Airteagal 8, cuirtear an mhír 3 seo a leanas leis:
“3.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 25 lena sonrófar na ceanglais maidir le tarmligean feidhmeanna dá dtagraítear i mír 2, ag áirithiú comhsheasmhacht leis na ceanglais is infheidhme maidir le tarmligean feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 20 de Threoir 2011/61/AE.”;
(5)leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
(b)sa dara habairt agus san abairt dheireanach de mhír 3, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;
(c)i mír 5, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;
(d)cuirtear an mhír 7 seo a leanas isteach:
“7.
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na hacmhainní daonna agus teicniúla iomchuí is gá chun na cistí caipitil fiontair cáilitheacha dá dtagraítear i mír 1 a bhainistiú go cuí.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;
(6)in Airteagal 11, cuirtear mír 3 agus mír 4 seo a leanas leis:
“3.
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na rialacha agus na nósanna imeachta chun na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1 a luacháil, lena náirithítear comhsheasmhacht leis na ceanglais is infheidhme maidir le tarmligean feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 19 de Threoir 2011/61/AE.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;
(7)leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
(b)i mír 1, sa chéad abairt den chéad fhomhír, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an Bhallstáit baile”;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4.
Nuair a iarrtar air sin a dhéanamh, cuirfidh ÚEUM an fhaisnéis atá bailithe faoin Airteagal seo ar fáil go prapúil d’údaráis inniúla.
(8)Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
(b)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)sna focail tosaigh, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;
(ii)cuirtear isteach an pointe (-a) seo a leanas:
“(-a)
an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag bainisteoir ciste caipitil fiontair cháilithigh”;
(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
“(b)
céannacht agus sainchónaí na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha sin a ndéanfar a naonaid nó a scaireanna a mhargú agus a straitéisí infheistíochta”;
(c)sna focail tosaigh i mír 2, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an Bhallstáit baile”;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4.
Cuirfidh ÚEUM gach duine díobh seo a leanas ar an eolas an bhfuil an bainisteoir dá dtagraítear i mír 1 cláraithe mar bhainisteoir ciste caipitil fiontair cháilithigh tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dó an fhaisnéis go léir dá dtagraítear sa mhír sin a chur ar fáil:
(a)
an bainisteoir dá dtagraítear i mír 1;
(b)
údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear i bpointe (-a) de mhír 1;
(c)
údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1.”;
(e)
leasaítear mír 6 mar a leanas:
(i)sa chéad fhomhír, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
“I gcás ina ndéanfaidh ÚEUM agóid in aghaidh na nathruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh sé bainisteoir an chiste caipitil fiontair cháilithigh ar an eolas laistigh de dhá mhí tar éis fógra a fháil maidir leis an hathruithe sin agus luafaidh sé na cúiseanna leis an agóid. Ní fhéadfaidh na hathruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur chun feidhme ach ar choinníoll nach ndéanfaidh ÚEUM agóid in aghaidh na nathruithe sin laistigh den tréimhse sin.”;
(f)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7 agus mhír 8:
“7.
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na critéir atá le húsáid chun an dea-cháil leordhóthanach agus an taithí leordhóthanach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a mheasúnú.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
8.
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta i leith an fhaisnéis a thabhairt dá dtagraítear i mír 1, lena náirítear an fhaisnéis atá le tabhairt chun críocha phointe (a) de mhír 2.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm].
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;
(9)leasaítear Airteagal 14a mar a leanas:
(b)sna focail tosaigh i mír 2, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh”;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3.
Chun críocha iarratas ar chlárú de bhun mhír 1 a mheas, iarrfaidh ÚEUM ar údarás inniúil an bhainisteora a chuirfidh an tiarratas isteach an dtagann an ciste caipitil fiontair cáilitheach faoi raon feidhme údarás an bhainisteora sin gnóthais chomhinfheistíochta a bhainistiú agus an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 14(2).
Féadfaidh ÚEUM soiléiriú agus faisnéis a iarraidh maidir leis an doiciméadacht agus leis an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoin gcéad fhomhír.
Tabharfaidh údarás inniúil an bhainisteora freagra laistigh de mhí amháin tar éis dó iarraidh a fháil arna cur ag ÚEUM faoina bhráid de bhun na chéad fhomhíre nó an dara fomhír.
(d)i mír 5, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh”;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
“6.
Cuirfidh ÚEUM gach duine díobh seo a leanas ar an eolas ar cláraíodh ciste mar chiste caipitil fiontair cáilitheach tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis do bhainisteoirí na gcistí sin an doiciméadacht go léir dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil:
(a)
an bainisteoir dá dtagraítear i mír 1;
(b)
údaráis inniúla an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(-a);
(c)
údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(d);
(d)
údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 14a(2)(d).”;
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
“8. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta i leith an fhaisnéis a thabhairt dá dtagraítear i gcomhréir le mír 2.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm].
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;
(g)scriostar mír 9 agus mír 10:
(10)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14b:
“Airteagal 14b
Aon chinneadh lena ndiúltófar clárú bainisteora dá dtagraítear in Airteagal 14 nó clárú ciste dá dtagraítear in Airteagal 14a, déanfaidh ÚEUM fógra a thabhairt do na bainisteoirí dá dtagraítear sna hairteagail sin.”;
(11)cuirtear isteach an tAirteagal 14c seo a leanas:
“Airteagal 14c
1.
Gan dochar d’Airteagal 20, déanfaidh ÚEUM clárú EuVECA a tharraingt siar i gcás ina gcomhlíonfaidh bainisteoir an EuVECA sin aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
thréig an bainisteoir an túdarú go sainráite nó nár úsáid sé an túdarú laistigh de shé mhí tar éis thabhairt an údaraithe;
(b)
fuair an bainisteoir an túdarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;
(c)
ní chomhlíonann EuVECA a thuilleadh na coinníollacha faoinar údaraíodh é.
2.
An túdarú a tharraingt siar, gabhfaidh éifeacht láithreach leis sin ar fud an Aontais.
(12)in Airteagal 15, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an Bhallstáit baile”;
(13)leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Tabharfaidh ÚEUM fógra láithreach do na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (4) d’Airteagal 14 agus i bpointe (6) d’Airteagal 14a maidir le haon bhainisteoir ciste caipitil fiontair cháilithigh a chlárú nó a bhaint den chlár, maidir le haon chiste caipitil fiontair cáilitheach a chur leis an gclár nó a bhaint de, agus maidir le haon Bhallstát a chur leis an liosta de na Ballstáit ina bhfuil sé de rún ag bainisteoir ciste caipitil fiontair cháilithigh na cistí sin a mhargú, nó maidir le Ballstát a bhaint den liosta sin.
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:
“3.
Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid fógra faoin Airteagal seo a chinneadh.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm].
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;
(d)scriostar mír 4 agus mír 5:
(14)scriostar Airteagal 16a;
(15)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:
“Airteagal 18
1.
Áiritheoidh ÚEUM go leanfar de bheith ag cur an Rialacháin seo i bhfeidhm.
2.
I gcás na mbainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), déanfaidh ÚEUM maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo.
3.
Maidir leis na bainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), déanfaidh ÚEUM maoirseacht ar chomhlíonadh na rialacha a leagtar síos sna forálacha a liostaítear in Airteagal 2(2) agus i gceanglais ábhartha Threoir 2011/61/AE i dtaca leis an gciste caipitil fiontair cáilitheach.
Beidh ÚEUM freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí an chiste caipitil fiontair cháilithigh a leagtar amach i rialacha agus ionstraimí corpraithe an chiste.
4.
Chun na cúraimí a dhéanamh a tugadh dó leis an Rialachán seo, agus chun ardchaighdeáin mhaoirseachta a áirithiú, cuirfidh ÚEUM reachtaíocht ábhartha uile an Aontais i bhfeidhm, agus sa chás gur treoracha atá sa dlí sin de chuid an Aontais, an reachtaíocht náisiúnta lenar trasuíodh na treoracha sin.
5.
Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar ghnóthais chomhinfheistíochta arna mbunú nó arna margú ina gcríocha chun a áirithiú nach núsáidfidh siad an sonrúchán “EuVECA” ná nach dtabharfaidh siad an bharúil gur EuVECA é ach amháin má tá siad cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Má chreideann údarás inniúil go mbaineann gnóthas comhinfheistíochta úsáid as an sonrúchán ‘EuVECA’, nó má thugann gnóthas comhinfheistíochta an bharúil gur EuVECA é gan a bheith cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an túdarás inniúil an méid sin in iúl do ÚEUM gan mhoill.”;
(16)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:
“Airteagal 19
Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ÚEUM nó d’aon oifigeach de chuid ÚEUM nó d’aon duine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM le hAirteagal 19a go hAirteagal 19c, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.”;
(17)cuirtear isteach Airteagal 19a, Airteagal 19b agus Airteagal 19c mar a leanas:
“Airteagal 19a
1. Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.
(a) bainisteoirí cistí caipitil fiontair cáilitheacha;
(b) daoine a bhfuil baint acu le cistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhainistiú;
(c) tríú páirtithe a ndearna bainisteoir ciste caipitil fiontair cháilithigh feidhmeanna a tharmligean chucu;
(d) daoine a bhfuil a bhfuil gaolmhaireacht nó baint dhlúth shubstainteach ar shlí eile acu le lucht bainistíochta ciste caipitil fiontair cáilitheacha.
2. Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:
(a) tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b) cuspóir na hiarrata a lua;
(c) an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d) teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e) ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a niarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;
(f) an méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 20a a shonrú, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.
3. Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
(a) tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b) cuspóir na hiarrata a lua;
(c) an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d) teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e) na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 20b a shonrú i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;
(f) an méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 20a a shonrú, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;
(g) an ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM a shonrú agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
4. Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a nionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
5. I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe.
Airteagal 19b
1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;
(b) cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
(c) aon duine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;
(d) agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
(e) taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
2. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na nimscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. San údarú sin freisin beidh na íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla sonraithe dá bhforáiltear in Airteagal 20b i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile atá leagtha síos nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 20 i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1) mícheart nó míthreorach.
3. Ceanglófar ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1) dul faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 20b, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
4. I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an timscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.
5. Má bhíonn gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
6. I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an túdarás sin an méid seo a leanas:
(a)
tá an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 barántúil;
(b)
tá aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus níl siad aondeonach ná iomarcach.
7. Chun críocha phointe (b), féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 19c
1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar le daoine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1) é.
2. Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 19b(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
3. In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an túdarás inniúil ábhartha a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an túdarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.
4. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 20b sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.
5. Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna nordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 20b, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
6. Ar iarratas ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh ón údarás inniúil sin freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.
7. Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 19b(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 19b(1).
8. I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
9. Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
10. I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an túdarás sin an méid seo a leanas:
(a)
tá an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 4 barántúil;
(b)
tá aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus níl siad aondeonach ná iomarcach.
11. Chun críocha phointe (b), féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;
(18)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:
“Airteagal 20
1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 21(5), go bhfaighidh ÚEUM go ndearna duine ceann de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 20a(2), déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a) clárú bhainisteoir an chiste caipitil fiontair cháilithigh nó an chiste caipitil fiontair cháilithigh a tharraingt siar;
(b) cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an duine deireadh a chur leis an sárú;
(c) cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear fíneálacha;
(d) fógraí poiblí a eisiúint.
2. Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
(a) fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b) an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
(c) an d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
(d) leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(e) acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;
(f) an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;
(g) méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;
(h) a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(i) sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;
(j) bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.
3. Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.
4. Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;
(b)
i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;
(c)
ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/20101.”;
(19)cuirtear isteach Airteagal 20a, Airteagal 20b agus Airteagal 20c mar a leanas:
“Airteagal 20a
1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 21(8), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna aon duine ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i mír 2, d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena ngearrfar fíneáil i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
Measfar go ndearnadh sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar bhonn critéir oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d'aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
2. Maidir le liosta na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:
(a)
mainneachtain na ceanglais is infheidhme maidir le comhdhéanamh punainne a chomhlíonadh, de shárú ar Airteagal 5;
(b)
de shárú ar Airteagal 6, aonaid agus scaireanna ciste caipitil fiontair cháilithigh a mhargú d'infheisteoirí neamh-incháilithe;
(c)
úsáid a bhaint as an sonrúchán ‘EuVECA’ gan a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14, nó gan gnóthas comhinfheistíochta a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14a;
(d)
an sonrúchán ‘EuVECA’ a úsáid le haghaidh margú cistí nach bhfuil bunaithe i gcomhréir le pointe (b)(iii) den chéad mhír d’Airteagal 3;
(e)
clárú a fháil trí bhíthin ráitis bhréige nó ar aon bhealach neamhrialta eile de shárú ar Airteagal 14 nó Airteagal 14a;
(f)
mainneachtain gníomhú go hionraic, go cothrom, leis an scil chuí, an cúram cuí nó an dúthracht chuí i seoladh gnó de shárú ar phointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 7;
(g)
mainneachtain beartais agus nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm le cosc a chur ar mhíchleachtais, de shárú ar phointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 7;
(h)
mainneachtain arís agus arís eile na ceanglais faoi Airteagal 12 maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlíonadh;
(i)
mainneachtain arís agus arís eile an oibleagáid infheisteoirí a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 13 a chomhlíonadh.
3. EUR 500 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha dá dtagraítear i mír 1 agus ní bheidh siad os cionn EUR 5 mhilliún i gcás na sáruithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) de mhír 2.
4. Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 3, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 20(2) san áireamh.
5. D'ainneoin mhír 3, i gcás inar bhain duine tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go neamhdhíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.
Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh duine, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear i mír 2 san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, agus ríomhfar í i gcomhréir le mír 4 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.
Airteagal 20b
1. Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh chun iallach a chur:
(a) ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 20(1)(b);
(b) ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1):
(i)
faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal 19a;
(ii)
géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh ag cinneadh de bhun Airteagal 19b a chomhlánú agus a cheartú;
(iii)
géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 19c.
2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Gearrfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.
3. D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis thabhairt an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.
Airteagal 20c
1. Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 20a agus Airteagal 20b a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.
2. Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 20a agus Airteagal 20b.
3. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna lena chinneadh.
4. Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 20a agus Airteagal 20b in-fhorfheidhmithe.
Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha maidir le nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéanfar an forfheidhmiú.
5. Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.";
(20)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21 agus Airteagal 21a:
"Airteagal 21
1. I gcás ina naimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, comharthaí tromchúiseacha a léireodh gur féidir sé gurb ann d'fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 20a(2), ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an tábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an toifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i bhformheas an réamheolaire lena mbaineann an sárú agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
2. Déanfaidh an toifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a chuirfidh na daoine a bheidh faoi imscrúdú á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
3. Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, beidh an chumhacht ag an oifigeach imscrúdúcháin faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 19a agus imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19b agus le hAirteagal 19c.
4. Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
5. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á nimscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an toifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.
6. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na nimscrúduithe a dhéanfar faoin Airteagal seo.
7. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
8. Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 20b, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 20a(2) déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 20.
9. Ní bheidh an toifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
10. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] chun na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena náirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.
11. Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina naimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.”
"Airteagal 21a
1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 20, Airteagal 20a agus Airteagal 20b, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na nimeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na nimeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 20 chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.
2. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na nimeachtaí a urramú go hiomlán le linn na nimeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
(21)cuirtear isteach an tAirteagal 21b, an tAirteagal 21c agus an tAirteagal 21d seo a leanas;
“Airteagal 21b
Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna gearradh a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.
Airteagal 21c
1. Gearrfaidh ÚEUM táillí ar bhainisteoirí atá i mbun cistí fiontair caipitil cáilitheacha i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le húdarú cláraithe agus maoirseacht bainisteoirí atá i mbun cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus maidir le húdarú cláraithe agus maoirseacht cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 21d.
2. Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar bhainisteoir ar leith ciste caipitil fiontair cháilithigh na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí maidir le clárú agus maoirseacht leanúnach bainisteoirí atá i mbun cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus ciste caipitil fiontair cáilitheach. Beidh sé comhréireach leis na sócmhainní atá faoi bhainistíocht an chiste fiontair caipitil cháilithigh lena mbaineann nó, i gcás inarb ábhartha, le cistí dílse bhainisteoir an chiste caipitil fiontair cháilithigh.
3. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] chun na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a níocfar iad a shonrú.
Airteagal 21d
1. I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go hiomchuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 19a agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 19b agus le hAirteagal 19c a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní dhéanfar na clárúcháin de bhun Airteagal 14 agus Airteagal 14a a tharmligean.
2. Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:
(a) raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;
(b) an tráthchlár chun an cúram a dhéanamh; agus
(c) tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.
3. Aisíocfaidh ÚEUM údarás inniúil as costais arna dtabhú de bharr cúraimí tarmligthe a dhéanamh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 21c(3).
4. Athbhreithneoidh ÚEUM aon tarmligean a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.
5. Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú.”;
(22)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:
“Airteagal 25
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(3), in Airteagal 21(10) agus in Airteagal 21c(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an teacht i bhfeidhm].
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(3), in Airteagal 21(10) agus in Airteagal 21c(3) a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh ghníomh tarmligthe a ghlacadh dó, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra an tráth céanna do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 8(3), Airteagal 21(10) agus Airteagal 21c(3) i bhfeidhm ach amháin mura ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne faoi cheann [dhá mhí] ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach ndéanfaidís agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [dhá mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.";
(23)leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:
(b)i mír 1,
(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
"(f) éifeachtacht, comhréireacht agus feidhmiú na bhfíneálacha agus na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear i gcomhréir leis an Rialachán seo;"
(ii) cuirtear an pointe (k) seo a leanas léi:
"(k)
measúnú ar ról ÚEUM, a chumhachtaí imscrúdaitheacha, tarmligean cúraimí chuig údaráis inniúla agus éifeachtacht na mbeart maoirseachta a dhéanfar.";
(c)i mír 2, cuirtear an pointe (c) seo a leanas léi:
"(c) faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 84 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] i dtaca le pointe (f) agus pointe (k).";
(24)cuirtear isteach an tAirteagal 27a seo a leanas:
“Airteagal 27 a
1.
Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha, a thugtar do na húdaráis inniúla, cuirfear deireadh leo an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.
2. Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha, lena náirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar láimh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.
Maidir le hiarratas ar chlárúchán atá faighte ag údaráis inniúla, áfach, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 30 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] ní aistreofar é chuig ÚEUM, agus is é an túdarás inniúil a dhéanfaidh an cinneadh clárú a dhéanamh nó a dhiúltú.
3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus ar aon chuma ag cistí caipitil fiontair cáilitheacha. Tabharfaidh na húdaráis inniúla gach cúnamh agus gach comhairle is gá d'ÚEUM chun go néascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha.
4. Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na núdarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le cúrsaí a thagann faoin Rialachán seo.
5. Má dhéanann údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 clárú bainisteora ciste fiontair caipitil nó ciste fiontair caipitil cáilitheach a dheonú, leanfaidh an clárúchán sin de bheith bailí tar éis aistriú na ninniúlachtaí chuig ÚEUM.”.
Airteagal 5
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 mar a leanas:
(1)leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(b)i mír 1, scriostar pointe (c);
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2.
Beidh feidhm ag Airteagal 3 go hAirteagal 6, Airteagal 10 agus Airteagal 13, pointe (d), pointe (e) agus pointe (f) d'Airteagal 14(1) agus Airteagail 15a go 20, 20a go 20c, 21, 21a go 21c, 22, 22a go 22d agus 26 den Rialachán seo i leith bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta, arna núdarú de bhun Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, a bhainistíonn punanna cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus a bhfuil sé de rún acu an tainmniú ‘EuSEF’ a úsáid i dtaca le margú na gcistí sin san Aontas.”;
(2)in Airteagal 3, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):
“(m)
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ aon údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (f) agus pointe (h) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;”;
(c)scriostar pointe (n);
(3)in Airteagal 7, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:
“Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na critéir atá le húsáid chun a mheas an gcomhlíonann bainisteoirí atá i mbun cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a gcuid oibleagáidí faoi phointí (a) go (g) de mhír 1, lena náirithítear comhsheasmhacht le hAirteagal 12(1) de Threoir 2011/61/AE.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;
(4)in Airteagal 8, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:
“3.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 26 lena sonrófar na ceanglais maidir le tarmligean feidhmeanna dá dtagraítear i mír 2, lena náirithítear comhsheasmhacht leis na ceanglais is infheidhme maidir le tarmligean feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 20 de Threoir 2011/61/AE.”;
(5)leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
(b)sa dara habairt agus san abairt dheireanach de mhír 3, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;
(c)i mír 5, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;
(d)cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas:
“7.
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na hacmhainní daonna agus teicniúla iomchuí is gá chun na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha dá dtagraítear i mír 1 a bhainistiú go hiomchuí.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;
(6)in Airteagal 12, cuirtear an mhír 3 agus an mhír 4 seo a leanas leis:
“3.
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na rialacha agus na nósanna imeachta chun na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1 a luacháil, lena náirithítear comhsheasmhacht leis na ceanglais is infheidhme maidir le luacháil sócmhainní a leagtar amach in Airteagal 19 de Threoir 2011/61/AE.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
(7)Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
(b)sa chéad mhír, sa chéad abairt den chéad fhomhír, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an Bhallstáit baile”;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4.
Nuair a iarrtar air sin a dhéanamh, cuirfidh ÚEUM an fhaisnéis atá bailithe faoin Airteagal seo ar fáil, ar bhealach tráthúil, d’údaráis inniúla.”;
(8)leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
(b)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)sna focail tosaigh, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;
(ii)cuirtear isteach an pointe (-a) seo a leanas:
“(-a)
an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag bainisteoir ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh”;
(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
(c)“(b)
céannacht agus sainchónaí na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha sin a ndéanfar a naonaid nó a scaireanna a mhargú agus a straitéisí infheistíochta”;
(d)
sna focail tosaigh i mír 2, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an Bhallstáit baile”;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4.
Cuirfidh ÚEUM gach duine díobh seo a leanas ar an eolas cibé an bhfuil an bainisteoir dá dtagraítear i mír 1 cláraithe mar bhainisteoir ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dó an fhaisnéis go léir dá dtagraítear sa mhír sin a chur ar fáil:
(a)
an bainisteoir dá dtagraítear i mír 1;
(b)
údaráis inniúla an Bhallstáit dá dtagraítear i bpointe (-a) de mhír 1;
(c)
údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1.";
(f)
leasaítear mír 6 mar a leanas:
(i)sa chéad fhomhír, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
“I gcás ina ndéanfaidh ÚEUM agóid in aghaidh na nathruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh sé bainisteoir an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh ar an eolas laistigh de dhá mhí tar éis fógra a fháil maidir leis an hathruithe sin agus luafaidh sé na cúiseanna leis an agóid. Ní fhéadfaidh na hathruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur chun feidhme ach ar choinníoll nach ndéanfaidh ÚEUM agóid in aghaidh na nathruithe sin laistigh den tréimhse sin.”;
(g)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (7) agus mhír (8):
“7.
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir atá le húsáid chun an dea-cháil leordhóthanach agus an taithí leordhóthanach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a mheasúnú.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
8.
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta i leith an fhaisnéis a thabhairt dá dtagraítear i mír 1, lena náirítear an fhaisnéis a thabhairt chun críocha phointe (a) de mhír 2.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;
(9)leasaítear Airteagal 15a mar a leanas:
(b)sna focail tosaigh i mír 2, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh”;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3.
Chun críocha iarratas ar chlárú de bhun mhír 1 a mheas, iarrfaidh ÚEUM ar údarás inniúil an bhainisteora a chuirfidh an tiarratas isteach an dtagann an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach faoi raon feidhme údarás an bhainisteora sin gnóthais chomhinfheistíochta a bhainistiú agus an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 15(2).
Féadfaidh ÚEUM soiléiriú agus faisnéis a iarraidh maidir leis an doiciméadacht agus leis an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoin gcéad fhomhír.
Tabharfaidh údarás inniúil an bhainisteora freagra laistigh de mhí amháin tar éis dó iarraidh a fháil arna cur ag ÚEUM faoina bhráid de bhun na chéad fhomhíre nó an dara fomhír.”;
(d)i mír 5, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh”;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
“6.
Cuirfidh ÚEUM gach duine díobh seo a leanas ar an eolas cibé ar cláraíodh ciste mar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis do bhainisteoirí na gcistí sin an doiciméadacht go léir dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil:
(a)
an bainisteoir dá dtagraítear i mír 1;
(b)
údaráis inniúla an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(-a);
(c)
údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(d);
(d)
údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 15a(2)(d).”;;
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 8:
“8. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis atá le cur ar fáil de bhun mhír 2 a shonrú.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;
(g)
scriostar mír 9 agus mír 10;
(10)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15b:
“Airteagal 15b
Aon chinneadh lena ndéanfar clárú bainisteora dá dtagraítear in Airteagal 15 a dhiúltú nó clárú aon chiste dá dtagraítear in Airteagal 15a, cuirfidh ÚEUM na bainisteoirí dá dtagraítear sna hAirteagail sin ar an eolas faoin gcinneadh sin.”;
(11)cuirtear isteach an tAirteagal 15c seo a leanas:
“Airteagal 15c
1.
Gan dochar d'Airteagal 21, déanfaidh ÚEUM clárú EuSEF a tharraingt siar i gcás ina bhfuil aon cheann de na coinníollacha sin comhlíonta ag bainisteoir an EuSEF sin aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
gur thréig an bainisteoir an túdarú go sainráite nó nár úsáid sé an túdarú laistigh de shé mhí tar éis thabhairt an údaraithe;
(b)
go bhfuair an bainisteoir an túdarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;
(c)
nach gcomhlíonann EuSEF a thuilleadh na coinníollacha faoinar údaraíodh é.
2.
An túdarú a tharraingt siar, gabhfaidh éifeacht láithreach leis sin ar fud an Aontais.”;
(12)in Airteagal 16, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an Bhallstáit baile”;
(13)leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Déanfaidh ÚEUM na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (4) d'Airteagal 15 agus i bpointe (6) d'Airteagal 15a a chur ar an eolas láithreach faoi bhainisteoir ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh a chlárú nó a bhaint den chlár, faoi aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chur leis an gclár nó a bhaint de, agus faoi aon Bhallstát a chur leis an liosta de na Ballstáit ina bhfuil sé de rún ag bainisteoir ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh na cistí sin a mhargú, nó faoi Bhallstát a bhaint den liosta sin.”;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3.
Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an fhormáid maidir le fógra a thabhairt faoin Airteagal seo a chinneadh.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;
(d)scriostar mír 4 agus mír 5;
(14)scriostar Airteagal 17a;
(15)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:
“Airteagal 19
1.
Áiritheoidh ÚEUM go leanfar de bheith ag cur an Rialacháin seo i bhfeidhm.
2.
I gcás na mbainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), déanfaidh ÚEUM maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo.
3.
Maidir leis na bainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), déanfaidh ÚEUM maoirseacht ar an gcomhlíontacht leis na rialacha a leagtar síos sna forálacha a liostaítear in Airteagal 2(2) agus le ceanglais ábhartha Threoir 2011/61/EU i dtaca leis an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach.
Is é ÚEUM a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh leis na hoibleagáidí a leagtar amach i rialacha agus ionstraimí corpraithe an chiste.
4.
Chun na cúraimí a dhéanamh a tugadh dó leis an Rialachán seo, agus chun ardchaighdeáin maoirseachta a áirithiú, cuirfidh ÚEUM reachtaíocht ábhartha uile an Aontais i bhfeidhm, agus sa chás gur treoracha atá sa dlí sin de chuid an Aontais, an reachtaíocht náisiúnta lenar trasuíodh na treoracha sin.
5.
Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar ghnóthais chomhinfheistíochta arna mbunú nó arna margú ina gcríocha chun a fhíorú nach núsáidfidh siad an tainmniúchán ‘EuSEF’ ná nach dtabharfaidh siad le tuiscint gur ‘EuSEF’ atá iontu mura mbeidh siad cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Má chreideann údarás inniúil go mbaineann gnóthas comhinfheistíochta úsáid as an sonrúchán ‘EuSEF’, nó má thugann gnóthas comhinfheistíochta le tuiscint gur EuSEF ach gan é a bheith cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an túdarás inniúil an méid sin in iúl do ÚEUM gan mhoill.”;
(16)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:
“Airteagal 20
Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM nó dá chuid oifigeach nó d'aon duine a bheidh údaraithe ag ÚEUM le hAirteagal 20a, le hAirteagal 20b agus le hAirteagal 20c, ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi phribhléid dhlíthiúil a éileamh.”;
(17)cuirtear isteach an tAirteagal 20a, an tAirteagal 20b agus an tAirteagal 20c seo a leanas:
“Airteagal 20a
1. Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.
(a) bainisteoirí cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha;
(b) daoine a bhfuil baint acu le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistiú;
(c) tríú páirtithe a ndearna bainisteoir ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh feidhmeanna a tharmligean dóibh;
(d) daoine a bhfuil gaolmhaireacht nó baint dhlúth shubstainteach ar shlí eile acu le lucht bainistíochta ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh.
2. Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:
(a) tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b) cuspóir na hiarrata a lua;
(c) an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d) teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e) ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a niarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;
(f) a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 21a, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.
3. Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
(a) tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b) cuspóir na hiarrata a lua;
(c) an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d) teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e) a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 21b i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;
(f) a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 21a, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;
(g) a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘An Chúirt Bhreithiúnais’) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
4. Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a nionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
5. I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe.
Airteagal 20b
1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM gach imscrúdú riachtanach a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20a(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, cibé meán a bhfuil siad stóráilte air;
(b) cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
(c) aon duine dá dtagraítear in Airteagal 20a(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;
(d) agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
(e) taifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí a iarraidh.
2. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na nimscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. San údarú sin freisin beidh na íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla sonraithe dá bhforáiltear in Airteagal 21b i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile atá leagtha síos nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20a(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 21 i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20a(1) mícheart nó míthreorach.
3. Ceanglófar ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20 a(1) dul faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 21b, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
4. I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an timscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.
5. Má bhíonn gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
6. Más rud é go bhfuair údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar an údarú maidir le taifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí a iarraidh dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an túdarás sin an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 barántúil;
(b)
go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal20c
1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar le daoine dá dtagraítear in Airteagal 20a(1).
2. Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 20b(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
3. In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an túdarás inniúil ábhartha a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an túdarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.
4. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 21b sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.
5. Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20 a(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna nordú le cinneadh ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 21b, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
6. Ar iarratas ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil sin freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.
7. Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 20b(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 20b(1).
8. I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
9. Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
10. I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an túdarás sin an méid seo a leanas:
(a)
tá an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 4 barántúil;
(b)
go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.
11. Chun críocha phointe (b), féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.";
(18)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:
“Airteagal 21
1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 22(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna duine ceann de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 21a(2), déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a) clárú bhainisteoir an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh nó an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh a tharraingt siar;
(b) cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an duine deireadh a chur leis an sárú;
(c) cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear fíneálacha;
(d) fógraí poiblí a eisiúint.
2. Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
(a) fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b) an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
(c) an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
(d) leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(e) acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;
(f) an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;
(g) méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;
(h) a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(i) sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;
(j) bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.
3. Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.
4. Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;
(b)
i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;
(c)
ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/20101.”;
(19)cuirtear isteach an tAirteagal 21 a, an tAirteagal 21b agus an tAirteagal 21c seo a leanas:
“Airteagal 21 a
1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 22(8), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna aon duine ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i mír 2, d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena ngearrfar fíneáil i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
Measfar go ndearnadh sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar bhonn critéir oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d'aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
3. Maidir le liosta na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:
(a)
mainneachtain na ceanglais is infheidhme maidir le comhdhéanamh punainne a chomhlíonadh, de shárú ar Airteagal 5;
(b)
margú a dhéanamh, de shárú ar Airteagal 6, ar aonaid agus ar scaireanna ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh le hinfheisteoirí neamh-incháilithe;
(c)
úsáid a bhaint as an sonrúchán ‘EuSEF’ gan a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15, nó gan gnóthas comhinfheistíochta a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15a;
(d)
an sonrúchán ‘EuSEF’ a úsáid le haghaidh margú cistí nach bhfuil bunaithe i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 3;
(e)
clárú a fháil trí bhíthin ráitis bhréige nó ar aon bhealach neamhrialta eile de shárú ar Airteagal 15 nó Airteagal 15 a;
(f)
mainneachtain gníomhú go hionraic, go cothrom, leis an scil chuí, an cúram cuí nó an dúthracht chuí i seoladh gnó de shárú ar phointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 7;
(g)
mainneachtain beartais agus nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm le cosc a chur ar mhíchleachtais, de shárú ar phointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 7;
(h)
mainneachtain arís agus arís eile na ceanglais faoi Airteagal 13 maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlíonadh;
(i)
mainneachtain arís agus arís eile an oibleagáid infheisteoirí a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 14 a chomhlíonadh.
3. EUR 500 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha dá dtagraítear i mír 1 agus ní bheidh siad os cionn EUR 5 mhilliún i gcás na sáruithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) de mhír 2.
4. Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 3, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 21(2) san áireamh.
5. D'ainneoin mhír 3, i gcás inar bhain duine tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go neamhdhíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.
6. Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh duine, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear i mír 2 san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, agus ríomhfar í i gcomhréir le mír 4 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.
Airteagal 21b
1. Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh chun iallach a chur:
(a) ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 21(1)(b);
(b) ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 20a(1):
(i)
faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal 20a;
(ii)
géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh ag cinneadh de bhun Airteagal 20b a chomhlánú agus a cheartú;
(iii)
géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 20c.
2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Gearrfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.
3. D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar gearradh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis thabhairt an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.
Airteagal 21c
1. Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 21a agus Airteagal 21b a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.
2. Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 21 a agus Airteagal 21b.
3. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna lena chinneadh.
4. Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 21a agus Airteagal 21b in-fhorfheidhmithe.
Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha maidir le nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéanfar an forfheidhmiú.
5. Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.";
(20)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22 agus Airteagal 22a:
"Airteagal 22
1. I gcás ina naimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, comharthaí tromchúiseacha a léireodh gur féidir sé gurb ann d'fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 21 a(2), ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an tábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an toifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i bhformheas an réamheolaire lena mbaineann an sárú agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
2. Déanfaidh an toifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a chuirfidh na daoine a bheidh faoi imscrúdú á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
3. Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, beidh an chumhacht ag an oifigeach imscrúdúcháin faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 20a agus imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 20b agus le hAirteagal 20c.
4. Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
5. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á nimscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an toifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.
6. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na nimscrúduithe a dhéanfar faoin Airteagal seo.
7. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
8. Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 21b, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 21a(2) déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 21.
9. Ní bheidh an toifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
10 Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 a bhaineann le [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena náirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.
11. Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina naimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.”;
Airteagal 22a
1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 21, Airteagal 21a agus Airteagal 21b, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na nimeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na nimeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.
2. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 21 chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.
3. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na nimeachtaí a urramú go hiomlán le linn na nimeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.”;
(21)cuirtear isteach an tAirteagal 22b, an tAirteagal 22c agus an tAirteagal 22d seo a leanas:
“Airteagal 22b
Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna gearradh a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.
Airteagal 22c
1. Gearrfaidh ÚEUM táillí ar bhainisteoirí atá i mbun cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le húdarú cláraithe agus maoirseacht bainisteoirí atá i mbun cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus maidir le húdarú cláraithe agus maoirseacht cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 22d.
2. Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar bhainisteoir ar leith ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí maidir le clárú agus maoirseacht bainisteoirí atá i mbun cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh. Beidh sé comhréireach leis na sócmhainní atá faoi bhainistíocht an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh lena mbaineann nó, i gcás inarb ábhartha, le cistí dílse bhainisteoir an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh.
3. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a níocfar iad a shonrú.
Airteagal 22d
1. I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go hiomchuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 20a agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 20b agus le hAirteagal 20c a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní dhéanfar na clárúcháin de bhun Airteagal 15 agus Airteagal 15 a a tharmligean.
2. Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:
(a) raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;
(b) an tráthchlár chun an cúram a dhéanamh; agus
(c) tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.
3. Aisíocfaidh ÚEUM údarás inniúil as costais arna dtabhú de bharr cúraimí tarmligthe a dhéanamh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 22c(3).
4. Athbhreithneoidh ÚEUM aon tarmligean a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.
5. Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú.”;
(22)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:
“Airteagal 26
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(3), in Airteagal 22(10) agus in Airteagal 22c(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an teacht i bhfeidhm].
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(3), in Airteagal 22(10) agus in Airteagal 22c(3) a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh ghníomh tarmligthe a ghlacadh dó, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra an tráth céanna do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 8(3), Airteagal 22(10) agus Airteagal 22c(3) i bhfeidhm ach amháin mura ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne faoi cheann dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach ndéanfaidís agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [dhá mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.";
(23)leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
(b)i mír 1,
(i) cuirtear pointe (n) léi:
"(n) éifeachtacht, comhréireacht agus cur i bhfeidhm na bhfíneálacha agus na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear i gcomhréir leis an Rialachán seo;"
(ii) cuirtear an pointe (o) seo a leanas léi:
"(o)
measúnú ar ról ÚEUM, a chumhachtaí imscrúdaitheacha, tarmligean cúraimí chuig údaráis inniúla agus éifeachtacht na mbeart maoirseachta a dhéanfar.";
(c)(b) i mír 2, cuirtear an pointe (c) seo a leanas léi:
"(c) faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 84 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] i dtaca le pointe (n) agus pointe (o).";
(24)cuirtear isteach an tAirteagal 28 a seo a leanas:
“Airteagal 28a
1.
Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, a thugtar do na húdaráis inniúla, cuirfear deireadh leo an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.
2. Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, lena náirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar láimh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.
Maidir le hiarratas ar chlárú atá faighte ag údaráis inniúla, áfach, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 30 mí tar éis an teacht i bhfeidhm] ní aistreofar é chuig ÚEUM, agus is é an túdarás inniúil a dhéanfaidh an cinneadh clárú a dhéanamh nó a dhiúltú.
3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus ar aon chuma ag cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha. Tabharfaidh na húdaráis inniúla gach cúnamh agus gach comhairle is gá d'ÚEUM chun go néascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíocht maoirseachta agus forfheidhmiúcháin sa réimse a bhaineann le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.
4. Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na núdarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le cúrsaí a thagann faoin Rialachán seo.
5. Má dhéanann údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 clárú bainisteora ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh nó ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a dheonú, leanfaidh an clárú sin de bheith bailí tar éis aistriú na ninniúlachtaí chuig ÚEUM.".
”.
Airteagal 6
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2104 mar a leanas:
(25)leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
(b)i mír 1, cuirtear an pointe (g) seo a leanas léi:
'(g) soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú agus a mhaoirsiú';
(c)in Airteagal 1, cuirtear isteach an mhír 5a seo a leanas:
“5a. Beidh feidhm ag Airteagal 40 agus ag Airteagal 42 freisin maidir le cuideachtaí bainistíochta gnóthas comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus cuideachtaí infheistíochta GCUInna a údaraíodh i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna) a údaraíodh i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE.";
(26)Leasaítear Airteagal 2(1) mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 34, phointe 35 agus phointe 36:
"(34)
ciallaíonn ‘socrú formheasta maidir le foilsiú’ nó ‘APA’ duine atá údaraithe faoin Rialachán seo chun an tseirbhís foilsithe tuarascálacha trádála a sholáthar thar ceann gnólachtaí infheistíochta de bhun Airteagal 20 agus Airteagal 21;
(35) ciallaíonn ‘soláthraí teilitéipe comhdhlúite’ nó ‘CTP’ duine atá údaraithe faoin Rialachán seo chun an tseirbhís bailithe tuarascálacha trádála a sholáthar le haghaidh ionstraimí airgeadais a liostaítear in Airteagail 6, 7, 10, 12 agus 13, 20 agus 21 ó mhargaí rialáilte, ó MTFanna, ó OTFanna agus ó APAnna agus iad a chomhdhlúthú i sruth sonraí beo leictreonach leanúnach lena soláthraítear sonraí faoi phraghas agus faoi mhéid in aghaidh na hionstraime airgeadais;
(36) ciallaíonn ‘sásra tuairiscithe formheasta’ nó ‘ARM’ duine a údaraítear faoin Rialachán seo chun an tseirbhís tuairiscithe sonraí idirbheart a sholáthar d'údaráis inniúla nó do ÚEUM thar ceann gnólachtaí infheistíochta;";
(c)cuirtear isteach an pointe (36a) seo a leanas:
'(36a) ciallaíonn ‘soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí’ na daoine dá dtagraítear i bpointe (34), i bpointe (35) agus i bpointe (36) agus daoine dá dtagraítear in Airteagal 38a27a(2)];';
(27)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:
'Airteagal 22
Faisnéis a sholáthar chun críocha trédhearcachta agus ríomhanna eile
1. Chun ríomhanna a dhéanamh chun na ceanglais don trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála agus do na córais oibleagáide trádála a chinneadh, dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 11, in Airteagal 14 go hAirteagal 21 agus in Airteagal 32, atá infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais agus chun a chinneadh an inmheánaitheoir córasach é gnólacht infheistíochta, féadfaidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla a cheangal orthu siúd a leanas go dtabharfaidh siad faisnéis dóibh:
(a) ionaid trádála;
(b) APAnna; agus
(c) CTPanna.
2. Déanfaidh ionaid trádála, CTPanna agus APAnna na sonraí riachtanacha a stóráil ar feadh tréimhse leordhóthanach ama.
3. Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar ábhar agus minicíocht na niarrataí sonraí agus na formáidí agus na frámaí ama ina bhfreagróidh APAnna agus CTPanna d'iarrataí ar shonraí dá dtagraítear i mír 1 agus an cineál sonraí nach mór a stóráil agus an íostréimhse ama a ndéanfaidh ionaid trádála, APAnna agus CTPanna sonraí a stóráil chun go mbeidh siad ábalta freagairt d'iarrataí ar shonraí i gcomhréir le mír 2.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.';
(28)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:
'Airteagal 26
Oibleagáid chun idirbhearta a thuairisciú
1.
Déanfaidh gnólachtaí airgeadais a fhorghníomhóidh idirbhearta in ionstraimí airgeadais mionsonraí iomlána agus cruinne na nidirbheart sin a thuairisciú do ÚEUM chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná deireadh an lae oibre dár gcionn.
Déanfaidh ÚEUM aon fhaisnéis arna tuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil do na húdaráis inniúla.
2.
Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) ionstraimí airgeadais a ligfear isteach chun a dtrádála nó a thrádálfar ar ionad trádála nó ar ina leith a bheidh iarraidh ar ligean isteach chun trádála déanta;
(b) ionstraimí airgeadais a bhfuil ionstraim airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála mar bhun leo; agus
(c) ionstraimí airgeadais a bhfuil innéacs nó bascaed atá comhdhéanta d’ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála mar bhun leo
Beidh feidhm ag an oibleagáid maidir le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) beag beann ar cibé acu a dhéanfar na hidirbhearta sin ar an ionad trádála nó nach ndéanfar.
3.
Beidh ar áireamh sna tuarascálacha, go háirithe, mionsonraí ainmneacha agus líon na nionstraimí airgeadais a ceannaíodh nó a díoladh, an chainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, praghsanna na nidirbheart, ainmniú chun na cliaint a shainaithint ar fhorghníomhaigh an gnólacht infheistíochta an tidirbheart sin ar a son, ainmniú chun na daoine agus algartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bhí freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an tarscaoileadh is infheidhme faoina ndearnadh an trádáil a shainaithint, agus modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint, agus ainmniú chun díol folamh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 a shainaithint i leith aon scaireanna agus i leith aon fhiachas ceannasach a thagann faoi raon feidhme Airteagal 12, Airteagal 13 agus Airteagal 17 den Rialachán sin. I gcás idirbheart nach gcuirfear i gcrích ar ionad trádála, beidh ar áireamh sna tuarascálacha freisin ainmniú lena sainaithnítear na cineálacha idirbheart i gcomhréir leis na bearta a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 20(3)(a) agus Airteagal 21(5)(a). I gcás díorthach tráchtearraí, cuirfear in iúl sna tuarascálacha an laghdóidh an tidirbheart riosca ar shlí intomhaiste go hoibiachtúil i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir 2014/65/AE.
4.
Cuirfidh na gnólachtaí infheistíochta a tharchuireann orduithe san áireamh i dtarchur an ordaithe sin na mionsonraí uile a shonraítear i mír 1 agus i mír 3. Seachas na sonraí luaite a áireamh agus orduithe á dtarchur, féadfaidh gnólacht infheistíochta an tordú tarchurtha a thuairisciú, má fhorghníomhaítear é, mar idirbheart i gcomhréir leis na ceanglais faoi mhír 1. Sa chás sin, luafar sa tuarascálacha idirbheart ón ngnólacht infheistíochta go mbainfidh sé le hordú tarchurtha.
5.
Tuairisceoidh oibreoir ionaid trádála mionsonraí idirbheart in ionstraimí airgeadais a thrádálfar ar a ardán a fhorghníomhóidh gnólacht trí bhíthin a chóras ar gnólacht é nach mbeidh faoi réir an Rialacháin seo i gcomhréir le mír 1 agus le mír 3.
6.
Le linn tuairisciú ar an ainmniú chun na custaiméirí a shainaithint mar a éilítear faoi mhír 3 agus mhír 4, úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta eintiteas dlíthiúil arna bhunú chun cliaint a shainaithint is daoine dlítheanacha.
Ullmhóidh ÚEUM faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh cur i bhfeidhm aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh laistigh den Aontas caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe na cinn sin arna mbunú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais.
7.
Is é an gnólacht infheistíochta féin, ARM ag feidhmiú ar a shon, nó an tionad trádála ar cuireadh an tidirbheart i gcrích trí bhíthin a chórais a thabharfaidh na tuarascálacha do ÚEUM, i gcomhréir le mír 1, le mír 3 agus le mír 9.
Beidh freagracht ar ghnólachtaí infheistíochta as iomláine, cruinneas agus cur isteach tráthúil na dtuarascálacha a chuirfear faoi bhráid ÚEUM.
De mhaolú ar an bhfreagracht sin, i gcás ina dtuairisceoidh gnólacht infheistíochta mionsonraí na nidirbheart sin trí ARM a bheidh ag gníomhú ar a shon nó thar ceann ionaid trádála, ní bheidh an gnólacht infheistíochta freagrach as teipeanna in iomláine, i gcruinneas nó i gcur isteach tráthúil na dtuarascálacha is inchurtha i leith an ARM nó an ionaid trádála. Sna cásanna sin agus faoi réir Airteagal 66(4) de Threoir 2014/65/AE beidh an ARM nó an tionad trádála freagrach as na teipeanna sin.
Ní mór do ghnólachtaí infheistíochta bearta réasúnacha a dhéanamh, áfach, chun iomláine, cruinneas agus tráthúlacht na dtuarascálacha idirbhirt a cuireadh isteach ar a son a fhíorú.
Ceanglóidh an Ballstát baile ar an ionad trádála, agus tuarascálacha á dtabhairt aige ar son an ghnólachta infheistíochta, go mbeidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm aige chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil agus le fíordheimhniú aistriú faisnéise, an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus sceitheadh faisnéise a chosc chun rúndacht na sonraí a choimeád i gcónaí. Ceanglóidh an Ballstát baile ar an ionad trádála acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus saoráidí cúltaca a bheith aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i gcónaí.
Córais tuairiscithe nó córais chomhoiriúnaithe trádála, lena náirítear stórtha trádála a bheidh cláraithe nó aitheanta i gcomhréir le Teideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, féadfaidh ÚEUM iad a fhaomhadh mar ARM chun tuarascálacha idirbheart a tharchur chuig ÚEUM i gcomhréir le mír 1, le mír 3 agus le mír 9.
I gcás inar tuairiscíodh idirbhearta do stór trádála i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bheidh formheasta mar ARM agus ina mbeidh sna tuarascálacha sin na mionsonraí a cheanglaítear a sholáthar faoi mhír 1, mhír 3 agus mhír 9 agus ina ndéanfaidh an stór trádála iad a tharchur chuig ÚEUM laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 1, measfar gur comhlíonadh an oibleagáid ar an ngnólacht infheistíochta a leagtar síos i mír 1.
I gcás ina mbeidh earráidí nó easnaimh sna tuarascálacha idirbheart, ceartóidh ARM, an gnólacht infheistíochta nó an tionad trádála an fhaisnéis agus cuirfidh sé tuairisc cheartaithe faoi bhráid ÚEUM.
8.
I gcomhréir le hAirteagal 35(8) de Threoir 2014/65/AE nuair a dhéanfar tuarascálacha dá bhforáiltear faoin Airteagal sin a chur chuig ÚEUM, cuirfidh sé an fhaisnéis sin chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta, mura gcinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile nach mian leo an fhaisnéis sin a fháil.
9.
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:
(a) caighdeáin agus formáidí sonraí chun an fhaisnéis a thuairisciú i gcomhréir le mír 1 agus le mír 3, lena náirítear na modhanna agus na socruithe chun idirbhearta airgeadais a thuairisciú agus foirm agus ábhar na dtuarascálacha sin;
(b) na critéir chun margadh ábhartha a shainiú i gcomhréir le mír 1;
(c) tagairtí na nionstraimí airgeadais a cheannófar nó a dhíolfar, cainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, praghsanna na nidirbheart, faisnéis agus mionsonraí maidir le céannacht an chliaint, ainmniú chun na cliaint a shainaithint a mbeidh an gnólacht infheistíochta tar éis an tidirbheart sin a fhorghníomhú ar a son, ainmniú chun na daoine agus algartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bheidh freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an tarscaoileadh is infheidhme faoina mbeidh an trádáil déanta a shainaithint, an modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint, an chaoi inar forghníomhaíodh an tidirbheart, na réimsí sonraí a bheidh riachtanach chun na tuarascálacha idirbhirt a phróiseáil agus chun anailís a dhéanamh orthu i gcomhréir le mír 3; agus
(d) an tainmniú chun díolta folmha ar scaireanna agus fiachas ceannasach dá dtagraítear i mír 3 a shainaithint;
(e) catagóirí ábhartha na nionstraimí airgeadais a bheidh le tuairisciú i gcomhréir le mír 2;
(f) na coinníollacha ar a ndéanfaidh na Ballstáit aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh a fhorbairt, a shannadh agus a choimeád, i gcomhréir le mír 6, agus na coinníollacha faoina núsáidfidh gnólachtaí infheistíochta na haitheantóirí eintitis dhlítheanaigh sin chun foráil a dhéanamh, de bhun mhír 3, mhír 4 agus mhír 5, maidir leis an ainmniú chun na cliaint a shainaithint sna tuarascálacha idirbheart a cheanglaítear orthu a bhunú de bhun mhír 1;
(g) oibleagáidí chun tuairisc idirbheart a chur i bhfeidhm ar bhrainsí de ghnólachtaí infheistíochta;
(h) an rud is idirbheart agus forghníomhú idirbhirt ann chun críche an Airteagail seo.
(i) nuair a mheasfar go mbeidh ordú tarchurtha ag gnólacht infheistíochta chun críocha mhír 4.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
10.
Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] déanfaidh ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le feidhmiú an Airteagail seo, lena náirítear a idirghníomhú leis na hoibleagáidí tuairiscithe gaolmhara faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus i dtaobh an gcumasófar le hinneachar agus le formáid na dtuarascálacha idirbheart a gheofar agus a mhalartófar idir na húdaráis inniúla ar shlí chuimsitheach faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún bearta a dhéanamh chun aon athruithe i dtaca leis seo a mholadh. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ÚEUM ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle';
(29)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:
'Airteagal 27
Oibleagáid chun sonraí tagartha ionstraime airgeadais a sholáthar
1.
Maidir le hionstraimí airgeadais a ligfear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte nó a thrádálfar ar MTFanna nó ar OTFanna, déanfaidh ionaid trádála sonraí tagartha sainaitheanta a chur ar fáil do ÚEUM chun críche idirbheart a thuairisciú faoi Airteagal 26.
Maidir leis na hionstraimí airgeadais eile a chumhdaítear le hAirteagal 26(2) a thrádálfar ar a chóras déanfaidh gach inmheánaitheoir córasach sonraí tagartha sainaitheantais a chur ar fáil do ÚEUM a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais sin.
Ullmhófar sonraí tagartha aitheantais lena gcur faoi bhráid ÚEUM i bhformáid leictreonach agus chaighdeánaithe sula dtosóidh an trádáil san ionstraim airgeadais dá dtagraíonn na sonraí sin. Tabharfar sonraí tagartha na hionstraime airgeadais cothrom le dáta uair ar bith a thiocfaidh athrú ar na sonraí i leith ionstraim airgeadais. Foilseoidh ÚEUM na sonraí tagartha sin láithreach ar a shuíomh gréasáin. Tabharfaidh ÚEUM rochtain gan mhoill do na húdaráis inniúla ar na sonraí tagartha sin.
2.
Chun a chumasú d’údaráis inniúla faireachán a dhéanamh, de bhun Airteagal 26, ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta chun a áirithiú go ngníomhóidh siad go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil agus ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh chun cinn, déanfaidh ÚEUM tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla na socruithe is gá a bhunú chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(a) go bhfaigheann ÚEUM go héifeachtach na sonraí tagartha ionstraime airgeadais de bhun mhír 1;
(b) gurb iomchuí caighdeán na sonraí a gheofar amhlaidh chun idirbheart faoi Airteagal 26 a thuairisciú;
(c) go dtarchuirfear na sonraí tagartha ionstraime airgeadais a gheofar de bhun mhír 1 go héifeachtúil agus gan mhoill chuig na húdaráis inniúla ábhartha.
(d) go mbeidh sásraí éifeachtacha i bhfeidhm idir ÚEUM agus na húdaráis inniúla chun saincheisteanna maidir le seachadadh sonraí agus cáilíocht sonraí a réiteach.
3.
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:
caighdeáin sonraí agus formáidí do na sonraí tagartha ionstraime airgeadais i gcomhréir le mír 1, lena náirítear na modhanna agus na socruithe chun na sonraí agus aon nuashonrú a ghabhann leo a sholáthar do ÚEUM agus iad a tharchur chuig na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 1, agus foirm agus inneachar sonraí den sórt sin;
(b) bearta teicniúla is gá i ndáil leis na socruithe a bheidh le déanamh ag ÚEUM agus na húdaráis inniúla de bhun mhír 2.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
(30)cuirtear isteach an Teideal IVa seo a leanas:
‘TEIDEAL IVa
SEIRBHÍSÍ TUAIRISCITHE SONRAÍ
CAIBIDIL 1
Soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú
Airteagal 27a
Ceanglais maidir le húdarú
1. Beidh feidhmiú APA, CTP nó ARM mar ghairm bheatha nó gnó rialta faoi réir údarú roimh ré ó ÚEUM i gcomhréir leis an Teideal seo.
2. Féadfaidh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála seirbhísí APA, CTP nó ARM a sholáthar freisin faoi réir fíorú a fháil ó ÚEUM roimh ré go bhfuil an gnólacht infheistíochta nó an toibreoir margaidh sin ag comhlíonadh an Teidil seo. Cuirfear soláthar na seirbhísí sin san áireamh ina núdarú.
3. Déanfaidh ÚEUM liosta de na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí go léir san Aontas a bhunú. Beidh an clár ar fáil go poiblí agus beidh faisnéis ann maidir leis na seirbhísí a bhfuil an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí údaraithe ina leith agus tabharfar cothrom le dáta é ar bhonn rialta.
I gcás ina bhfuil údarú tarraingthe siar ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 27d, foilseofar an tarraingt siar sin sa chlár go ceann tréimhse cúig bliana.
4. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a gcuid seirbhísí ar fáil faoi mhaoirseacht ÚEUM. Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú go rialta ar chomhlíontacht na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí leis an Teideal seo. Déanfaidh ÚEUM faireachán chun go mbeidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí ag i gcomhlíontacht i gcónaí leis na coinníollacha maidir le húdarú tosaigh arna mbunú faoin Teideal seo.
Airteagal 27b
Soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú
1. Déanfaidh ÚEUM soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú chun críocha Theideal IVa i gcás:
(a) inar duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas an soláthraí seirbhísí sonraí; agus
(b) ina gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí sonraí na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IVa.
2. Sonrófar san údarú dá dtagraítear i mír 1 an tseirbhís tuairiscithe sonraí a bhfuil an soláthraí seirbhís tuairiscithe sonraí údaraithe a chur ar fáil. I gcas ina bhféachann soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí lena ghnó a shíneadh chuig seirbhísí tuairiscithe sonraí breise, cuirfidh sé iarratas ar shíneadh an údaraithe sin faoi bhráid ÚEUM.
3. Déanfaidh soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí na coinníollacha a chomhlíonadh i gcónaí maidir leis an údarú dá dtagraítear i dTeideal IVa. Tabharfaidh soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí fógra, gan aon mhoill mhíchuí, do ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar choinníollacha an chlárúcháin bunaidh.
4. Beidh éifeacht leis an údarú dá dtagraítear i mír 1 agus beidh sé bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus ceadóidh sé don soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí seirbhís a bhfuil údarú faighte aige ina leith a chur ar fáil ar fud an Aontais.
Airteagal 27c
Nós imeachta chun iarratais ar údarú a dheonú agus a dhiúltú
1. Déanfaidh an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí is iarratasóir iarratas a chur isteach ina mbeidh an fhaisnéis go léir is gá chun go mbeidh ÚEUM in ann a dhearbhú go bhfuil na socruithe go léir is gá déanta ag an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, tráth an údaraithe tosaigh, chun a oibleagáidí a chomhlíonadh faoi fhorálacha an Teidil seo, lena náirítear clár oibríochtaí ina leagtar amach, inter alia, na cineálacha seirbhísí atá beartaithe agus an struchtúr eagraíochtúil.
2. Laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an tiarratas ar údarú a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú ar an gceist an bhfuil an tiarratas iomlán.
Mura bhfuil an tiarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos faoina mbeidh ar an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí faisnéis bhreise a sholáthar.
Tar éis do ÚEUM a mheasúnú go bhfuil an tiarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí.
3. Déanfaidh ÚEUM, faoi cheann sé mhí ó iarratas a bheidh comhlánaithe ina iomláine a fháil, meastóireacht ar chomhlíontacht an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí leis an Teideal seo agus cinneadh lán-réasúnaithe údarú a dheonú nó a dhiúltú a ghlacadh agus an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí is iarratasóir a chur ar an eolas dá réir sin faoi cheann cúig lá oibre.
4. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena gcinnfear:
(a) an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil dó faoi mhír 6, lena náirítear an clár oibríochtaí;
(b) an fhaisnéis a áirítear sna fógraí faoi Airteagal 27b(3).
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
8. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta i leith fógra a thabhairt nó an fhaisnéis a thabhairt dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 27e(3).
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 27d
Údarú a tharraingt siar
1. Féadfaidh ÚEUM údarú soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí a tharraingt siar i gcás ina ndéanann an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí mar a leanas:
(a) gan an túdarú a úsáid laistigh de 12 mhí, i gcás ina dtréigeann sé an túdarú go sainráite nó i gcás nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige i rith na sé mhí roimhe sin;
(b) an túdarú a fháil trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;
(c) gan na coinníollacha faoinar cláraíodh é a chomhlíonadh a thuilleadh;
(d) forálacha an Rialacháin seo a shárú go tromchúiseach agus go córasach.
2. Gan moill mhíchuí, déanfaidh ÚEUM an túdarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí bunaithe a chur ar an eolas faoi chinneadh údarú soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí a tharraingt siar.';
Airteagal 27e
Ceanglais maidir le comhlacht bainistíochta soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí
1. Beidh dea-cháil leordhóthanach i gcónaí ar chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, beidh eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach aige agus tabharfaidh sé go leor ama i mbun a dhualgais a fheidhmiú.
Beidh a dhóthain eolais, scileanna agus taithí comhchoitinne ag an gcomhlacht bainistíochta chun gníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí a thuiscint. Gníomhóidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta go macánta, go hiontaofa agus go neamhspleách ó thaobh na smaointeoireachta de chun cinntí lucht bainistíochta sinsearaí a cheistiú go héifeachtach, más gá, agus chun maoirseacht agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta.
I gcás ina niarann oibreoir margaidh údarú chun APA, CTP nó ARM a fheidhmiú de bhun Airteagal 27c agus gur comhaltaí de bhord bainistíochta an mhargaidh rialáilte comhaltaí bhord bainistíochta an APA, an CTP nó an ARM sin, measfar an ceanglas a leagtar síos sa chéad fhomhír á chomhlíonadh ag na daoine sin.
2. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ÚEUM ar an eolas faoi gach comhalta dá bhord bainistíochta agus faoi aon athrú a thiocfaidh ar a chomhaltas sin, mar aon leis an bhfaisnéis go léir is gá chun a mheasúnú an bhfuil an teintiteas i gcomhréir le mír 1.
3. Déanfaidh bord bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí cur chun feidhme na socruithe rialachais a shainmhíniú agus a mhaoirsiú lena náirithítear go ndéanfar eagraíocht a bhainistiú go héifeachtach stuama lena náirítear cúraimí a leithscaradh san eagraíocht agus coinbhleachtaí leasa a chosc, agus é sin ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh agus leas a chliant chun cinn.
4. Diúltóidh UEUM údarú mura deimhin leis go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar an duine nó na daoine a stiúrann gnó an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí le fírinne, nó má bhíonn foras soiléir inléirithe lena chreidiúint go gcuirfeadh na hathruithe arna moladh ar lucht bainistíochta an tsoláthraí, go gcuirfeadh na hathruithe sin bainistíocht fhónta stuama an ghnó agus aird leormhaith ar leas na gcliant agus sláine an mhargaidh i mbaol.
5. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] le haghaidh measúnú ar oiriúnacht na gcomhaltaí den chomhlacht bainistíochta a bhfuil tuairisc uirthi i mír 1, agus ag cur san áireamh na ról agus na bhfeidhmeanna éagsúla a dhéanann siad agus an ghá atá le coinbhleachtaí leasa idir comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus úsáideoirí APA, CTP nó ARM a sheachaint.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Caibidil 2
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE APAnna, CTPanna AGUS ARManna
Airteagal 27f
Ceanglais eagraíochtúla maidir le APAnna
1. Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha ag APA chun an fhaisnéis a éilítear faoi Airteagal 20 agus Airteagal 21 a phoibliú chomh gar agus is féidir go teicniúil don fhíor-am, ar bhonn réasúnta tráchtála. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis don CTP í a fhoilsiú. Beidh APA in ann an fhaisnéis sin a scaipeadh go héifeachtúil agus go comhsheasmhach ar shlí ina náiritheofar go mbeidh rochtain thapa ar an bhfaisnéis, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus i bhformáid lena néascaítear comhdhlúthú na faisnéise le sonraí comhchosúla ó fhoinsí eile.
2. Beidh san fhaisnéis a phoibleoidh APA i gcomhréir le mír 1 na mionsonraí seo a leanas, ar a laghad:
(a) aitheantóir na hionstraime airgeadais;
(b) an praghas lenar tugadh an tidirbheart i gcrích;
(c) méid an idirbhirt;
(d) am an idirbhirt;
(e) an tam a tuairiscíodh an tidirbheart;
(f) anótáil praghais an idirbhirt;
(g) an cód atá leis an ionad trádála ina ndearnadh an tidirbheart, nó má rinneadh é trí inmheánaitheoir córasach, cód an inmheánaitheora chórasaigh nó an cód ‘thar an gcuntar’;
(h) más infheidhme, comhartha go raibh an tidirbheart faoi réir coinníollacha sonracha.
3. Déanfaidh APA socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa idir é agus a chliaint a chosc. Go háirithe, maidir le APA ar oibreoir margaidh nó gnólacht infheistíochta é freisin, déanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú.
4. Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag APA chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil na modhanna aistrithe faisnéise, chun an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus chun sceitheadh faisnéise roimh a foilsithe a chosc. Déanfaidh an APA acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i gcónaí.
5. Beidh córais i bhfeidhm ag APA lenar féidir tuarascálacha trádála a sheiceáil go héifeachtach maidir le hiomláine, easnaimh agus earráidí soiléire a shainaithint agus atarchur tuarascálacha easnamhacha a iarraidh.
6. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun formáidí coiteanna, caighdeáin sonraí agus socruithe teicniúla maidir le comhdhlúthú na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
7. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50, lena sonrófar cad is bonn réasúnta tráchtála ann chun faisnéis a phoibliú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
8. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:
(a) na modhanna ina bhféadfaidh APA an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh;
(b) inneachar na faisnéise a fhoilsítear faoi mhír 1, lena náirítear ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar shlí a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear faoin Airteagal seo;
(c) na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos in Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 27g
Ceanglais eagraíochtúla maidir le CTPanna
1. Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha curtha i bhfeidhm ag CTP chun an fhaisnéis a cuireadh ar fáil don phobal a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 20, chun an fhaisnéis sin a chomhdhlúthú i sruth sonraí leictreonach leanúnach agus chun an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal chomh gar agus is féidir go teicniúil don fhíor-am, ar bhonn réasúnta tráchtála.
Beidh na mionsonraí seo a leanas ar a laghad ar áireamh san fhaisnéis sin:
(a) aitheantóir na hionstraime airgeadais;
(b) an praghas lenar tugadh an tidirbheart i gcrích;
(c) méid an idirbhirt;
(d) am an idirbhirt;
(e) an tam a tuairiscíodh an tidirbheart;
(f) anótáil praghais an idirbhirt;
(g) an cód atá leis an ionad trádála ina ndearnadh an tidirbheart, nó má rinneadh é trí inmheánaitheoir córasach, cód an inmheánaitheora chórasaigh nó an cód ‘thar an gcuntar’;
(h) más infheidhme, algartam ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bhí freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt;
(i) más infheidhme, comhartha go raibh an tidirbheart faoi réir coinníollacha sonracha;
(j) má tarscaoileadh an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis a phoibliú dá dtagraítear in Airteagal 3(1) i gcomhréir le pointe (a) nó (b) d’Airteagal 4(1), bratach a shonraíonn cé acu de na tarscaoiltí sin a raibh an tidirbheart faoina réir.
Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis don CTP í a fhoilsiú. Beidh CTP in ann an fhaisnéis sin a scaipeadh go héifeachtúil agus go comhsheasmhach ar shlí a áiritheoidh go mbeidh rochtain thapa ar an bhfaisnéis, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus i bhformáidí atá sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh.
2. Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha curtha i bhfeidhm ag CTP chun an fhaisnéis a cuireadh ar fáil don phobal a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hAirteagal 21, chun an fhaisnéis a chomhdhlúthú i sruth sonraí leictreonach leanúnach agus chun an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil don phobal chomh gar agus is féidir go teicniúil don fhíor-am, ar bhonn réasúnta tráchtála, lena náirítear, ar a laghad, na mionsonraí seo a leanas:
(a) aitheantóir nó gnéithe aitheanta na hionstraime airgeadais;
(b) an praghas lenar tugadh an tidirbheart i gcrích;
(c) méid an idirbhirt;
(d) am an idirbhirt;
(e) an tam a tuairiscíodh an tidirbheart;
(f) anótáil praghais an idirbhirt;
(g) an cód atá leis an ionad trádála ina ndearnadh an tidirbheart, nó má rinneadh é trí inmheánaitheoir córasach, cód an inmheánaitheora chórasaigh nó an cód ‘thar an gcuntar’;
(h) más infheidhme, comhartha go raibh an tidirbheart faoi réir coinníollacha sonracha.
Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis don CTP í a fhoilsiú. Beidh CTP in ann an fhaisnéis sin a scaipeadh go héifeachtúil agus go comhsheasmhach ar shlí a áiritheoidh go mbeidh rochtain thapa ar an bhfaisnéis, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus i bhformáidí a bhfuil glacadh go forleathan leo agus atá idir-inoibritheach agus sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh.
3. Áiritheoidh CTP go ndéanfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil a chomhdhlúthú ó na margaí rialáilte go léir, ó MTFanna, ó OTFanna, ó APAanna agus do na hionstraimí airgeadais a shonraítear le caighdeáin theicniúla rialála faoi phointe (c) de mhír 8.
4. Déanfaidh CTP socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí sainleasa a chosc. Go háirithe, maidir le hoibreoir margaidh nó APA, a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite freisin, déanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú.
5. Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag CTP chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil na modhanna aistrithe faisnéise agus chun an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú. Déanfaidh CTP acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i gcónaí.
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun caighdeáin agus formáidí sonraí a chinneadh maidir leis an bhfaisnéis atá le foilsiú i gcomhréir le hAirteagail 6, 10, 20 agus 21, lena náirítear aitheantóir na hionstraime airgeadais, praghas, cainníocht, am, anótáil praghais, aitheantóir ionaid agus táscairí do choinníollacha ar leith a raibh na hidirbhearta faoina réir agus socruithe teicniúla lena gcuirtear scaipeadh faisnéise atá éifeachtúil comhsheasmhach chun cinn ar shlí a áiritheoidh go mbeidh sí sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, lena náirítear seirbhísí breise a shainaithint a d’fhéadfadh CTP a fheidhmiú agus a chuirfeadh le héifeachtúlacht an mhargaidh.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 lena soiléirítear an rud is bonn réasúnta tráchtála ann chun rochtain a thabhairt ar shruthanna sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.
7. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:
(a) na modhanna ina bhféadfaidh CTP an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chomhlíonadh;
(b) inneachar na faisnéise a fhoilsítear faoi mhír 1 agus faoi mhír 2;
(c) sonraí na nionstraimí airgeadais nach mór a sholáthar don sruth sonraí agus i gcás ionstraimí neamhchothromais na hionaid trádála agus APAanna is gá a chur san áireamh;
(d) modhanna eile chun a áirithiú go mbeidh na sonraí a fhoilseoidh CTPanna éagsúla comhsheasmhach agus gur féidir mapáil chuimsitheach agus crostagairtí a dhéanamh i gcoinne sonraí comhchosúla ó fhoinsí eile, agus gur féidir iad a chomhiomlánú ar leibhéal an Aontais;
(e) na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos i mír 4 agus i mír 5.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 27h
Ceanglais eagraíochtúla maidir le ARManna
1. Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag sásra tuairiscithe formheasta (ARM) chun an fhaisnéis a thuairisciú a cheanglaítear faoi Airteagal 26 chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná deireadh an lae oibre tar éis an lae a rinneadh an tidirbheart.
2. Déanfaidh ARM socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa idir é agus a chliaint a chosc. Go háirithe, maidir le ARM ar oibreoir margaidh nó gnólacht infheistíochta é freisin, déanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú.
3. Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag ARM chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil agus fíordheimhniú na modhanna aistrithe faisnéise, chun an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus chun sceitheadh faisnéise a chosc agus rúndacht na sonraí a choimeád i gcónaí. Déanfaidh ARM acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i gcónaí.
4. Beidh córais i bhfeidhm ag ARM lenar féidir tuarascálacha idirbheart a sheiceáil go héifeachtach maidir le hiomláine, easnaimh agus earráidí soiléire arna ndéanamh ag an ngnólacht infheistíochta a shainaithint agus i gcás ina mbeidh earráid nó easnamh den sórt sin ann, sonraí faoin earráid nó easnamh a chur in iúl don ghnólacht infheistíochta agus atarchur tuarascálacha easnamhacha a iarraidh.
Beidh córais i bhfeidhm ag ARM chun gur féidir le ARM earráidí nó easnaimh arna ndéanamh ag ARM féin a bhrath agus gur féidir le ARM tuarascálacha idirbheart a cheartú agus a tharchur, nó tuarascálacha idirbheart atá cruinn agus iomlán a atarchur, de réir mar a bheidh, chuig an údarás inniúil.
5. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:
(a) na modhanna ina bhféadfaidh ARM an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh; agus
(b) na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos i mír 2, i mír 3 agus i mír 4.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
(31)cuirtear isteach an Teideal VIa seo a leanas:
'TEIDEAL VIa
Cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚEUM
CAIBIDIL 1
INNIÚLACHTAÍ AGUS NÓSANNA IMEACHTA
Airteagal 38a
Cumhachtaí ÚEUM a fheidhmiú
Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM nó d'aon oifigeach de chuid ÚEUM nó d'aon duine eile arna údarú ag ÚEUM le hAirteagal 38b go hAirteagal 38e, ní úsáidfear iad chun a éileamh go nochtfaí faisnéis nó doiciméid atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil.
Airteagal 38b
Iarraidh ar fhaisnéis
1. Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.
(a)
APA, CTP, ARM agus gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála chun seirbhísí tuairiscithe sonraí APA, CTP nó ARM a oibriú, agus na daoine a rialaíonn iad nó atá á rialú acu;
(b) bainisteoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);
(c) iniúchóirí agus comhairleoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);
2. Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:
(a) tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b) cuspóir na hiarrata a lua;
(c) an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d) teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e) ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a niarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;
(f) a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 38a, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.
3. Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
(a) tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b) cuspóir na hiarrata a lua;
(c) an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d) teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e) a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38g i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;
(f) a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 38f, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;
(g) a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘An Chúirt Bhreithiúnais’) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
4. Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a nionadaithe nó, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
5. I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe.
Airteagal 38c
Imscrúduithe ginearálta
1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúdaithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, cibé meán a bhfuil siad stóráilte air;
(b) cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
(c) aon duine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;
(d) agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfear agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
(e) taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
2. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na nimscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. San údarú sin freisin sonrófar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile atá leagtha síos nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 38h i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) mícheart nó míthreorach.
3. Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
4. I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an timscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.
5. Má bhíonn gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
6. I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar an údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an túdarás sin an méid seo a leanas:
(a) go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 barántúil;
(b) go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú nó ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 38d
Cigireachtaí ar an láthair
1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar le daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) é.
2. Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 38b(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
3. In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an túdarás inniúil ábhartha a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an túdarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.
4. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38g sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.
5. Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna nordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
6. Ar iarratas ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin.
7. Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 38b(1) a dhéanamh thar a cheann.
8. I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
9. Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
10. I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an túdarás sin an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 4 barántúil;
(b)
go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú nó ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 38e
Malartú faisnéise
Tabharfaidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla dá chéile, gan aon mhoill mhíchuí, an fhaisnéis atá de dhíth chun a gcuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo.
Airteagal 38f
Rúndacht ghairmiúil
Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 76 de Threoir 2014/65/AE maidir le ÚEUM agus maidir leis na daoine go léir a oibríonn nó a d'oibrigh do ÚEUM nó d'aon duine eile a ndearna ÚEUM cúraimí a tharmligean chucu, lena náirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ÚEUM.
Airteagal 38g
Bearta maoirseachta ag ÚEUM
1. I gcás ina bhfaighidh ÚEUM go ndearna duine a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 38a(1) ceann de na sáruithe a liostaítear i dTeideal IVa, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a) cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;
(b) cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneálacha de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i;
(c) fógraí poiblí a eisiúint;
2. Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
(a) fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b) an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
(c) an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.
(d) leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(e) acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;
(f) an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;
(g) méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;
(h) a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá atá lena áirithiú go ndéantar na brabúis a ghnóthaigh an duine sin nó na caillteanais a sheachain sé a aisíoc;
(i) sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;
(j) bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.
3. Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon chinneadh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.
Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;
(b)
i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;
(c)
ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
CAIBIDIL 2
SMACHTBHANNAÍ AGUS BEARTA RIARACHÁIN EILE
Airteagal 38h
Fíneálacha
1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 38k(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna aon duine ceann de na sáruithe a liostaítear i dTeideal IVa, d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
Measfar go ndearnadh sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar chritéir oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d'aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
2. EUR 200 000 a bheidh in uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1 nó, sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta. .
3. Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 1, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 38g(2) san áireamh.
Airteagal 38i
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh chun iallach a chur:
(a) ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 38b(1)(a);
(b) ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1):
–faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal 38b;
–géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh de thoradh cinneadh de bhun Airteagal 38c a chomhlánú agus a cheartú;
–géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 38d.
2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Gearrfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.
3. D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4. Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis thabhairt an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.
Airteagal 38j
Nochtadh, cineál, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Sa nochtadh sin, ní bheidh sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.
2. Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i.
3. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a ghearradh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.
4. Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i in-fhorfheidhmithe.
5. Beidh an forfheidhmiú faoi réir na rialacha nósanna imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéanfar é.
6. Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 38k
Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh
1. I gcás ina naimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i dTeideal IVa, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an tábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an toifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i bpróiseas maoirseachta ná formheasta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí lena mbaineann agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar ÚEUM.
2. Déanfaidh an toifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a thíolacfaidh na daoine a bheidh faoi imscrúdú faoina bhráid á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid ÚEUM.
3. Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an toifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 38b agus imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 38c agus le hAirteagal 38d.
4. Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
5. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á nimscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an toifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.
6. Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na nimscrúduithe a dhéanfar faoin Airteagal seo.
7. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
8. Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 38l, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i dTeideal IVa déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 38m.
9. Ní bheidh an toifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití ÚEUM ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ÚEUM.
10. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena náirítear forálacha maidir le cearta na cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.
11. Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina naimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.
Airteagal 38l
Daoine lena mbaineann a éisteacht
1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 38g, Airteagal 38h agus Airteagal 38i, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na nimeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na nimeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.
2. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na nimeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
Airteagal 38m
Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais
Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.
Airteagal 38n
Táillí maidir le húdarú agus maoirseacht
1. Gearrfaidh ÚEUM táillí ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le húdarú agus maoirseacht soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 38o.
2. Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ar leith, cumhdófar leis sin na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí maidir leis an réamheolaire, lena náirítear forlíonta a ghabhann leis, arna tharraingt suas ag an eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh cead isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte. Beidh sé comhréireach le láimhdeachas an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh cead isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte.
3. Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a níocfar iad a shonrú.
Airteagal 38o
ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla
1. I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go hiomchuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 38b agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 38c agus le hAirteagal 38d a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.
2. Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo a leanas:
(a) raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;
(b) an tráthchlár chun an cúram a dhéanamh; agus
(c) an fhaisnéis atá riachtanach a bheith á tarchur ag ÚEUM agus chuig ÚEUM.
3. I gcomhréir leis an rialachán maidir le táillí atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 38n(3), déanfaidh ÚEUM údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích.
4. Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.
(32)5. Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú."; leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
'2. Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 1(9), 2(2), 13(2), 15(5), 17(3), 19(2) agus (3), 27c, 31(4), 40(8), 41(8), 42(7), 45(10) agus 52(10) agus (12) go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 2 Iúil 2014.';
(c)
i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
'Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(9), Airteagal 2(2), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 27c, Airteagal 31(4), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10) agus (12) a chúlghairm aon tráth.';
(d)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
'Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(9), Airteagal 2(2), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 27c, Airteagal 31(4), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10) nó (12) i bhfeidhm ach amháin mura ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne faoi cheann trí mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach ndéanfaidís agóid ina choinne.';
(33)in Airteagal 52, cuirtear mír 13 agus mír 14 seo a leanas leis:
'13.
Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú na teilitéipe comhdhlúite arna bunú i gcomhréir le Teideal IVa. Tíolacfar an tuarascáil a bhaineann le hAirteagal 27d(1) faoin 3 Meán Fómhair 2019. Tíolacfar an tuarascáil a bhaineann le hAirteagal 27d(2) faoin 3 Meán Fómhair 2021.
Sna tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar measúnú ar fheidhmiú na teilitéipe comhdhlúite i bhfianaise na gcritéar seo a leanas:
(a)
faisnéis iarthrádála i bhformáid chomhdhlúite a bheith ar fáil agus tráthúil ina ngabhfar gach idirbheart is cuma cé acu a dhéanfar ar ionaid trádála iad nó nach ndéanfar;
(b)
faisnéis iarthrádála iomlán agus pháirteach i bhformáid chomhdhlúite a bheith ar fáil agus tráthúil atá ar ardcháilíocht, i bhformáidí atá sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh agus atá ar fáil ar bhonn réasúnta tráchtála.
I gcás go gcinnfidh an Coimisiún gur mhainnigh CTPanna faisnéis a thabhairt ar shlí a chomhlíonfaidh na critéir a leagtar amach sa dara fomhír, cuirfidh an Coimisiún iarraidh i gceangal lena thuarascáil chuig ÚEUM chun nós imeachta idirbheartaíochta a sheoladh le go gceapfar eintiteas tráchtála a fheidhmeoidh teilitéip chomhdhlúite trí phróiseas soláthair phoiblí arna eagrú ag ÚEUM. Seolfaidh ÚEUM an nós imeachta tar éis an iarraidh ón gCoimisiún a fháil maidir leis na coinníollacha a bheidh sonraithe san iarraidh ón gCoimisiún agus i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**).
14.
Glacfaidh an Coimisiún, i gcás go dtionscnófar an nós imeachta a leagtar amach i mír 13, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50, trí bhearta a shonrú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
foráil a dhéanamh maidir le tréimhse an chonartha atá ag an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite agus maidir leis an bpróiseas agus na coinníollacha chun an conradh a athnuachan agus an soláthar poiblí nua a sheoladh;
(b)
foráil a dhéanamh maidir leis an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite agus go bhfeidhmeoidh sé amhlaidh ar bhonn eisiach agus nach núdarófar aon eintiteas eile mar CTP i gcomhréir le hAirteagal 27a;
(c)
a chumhachtú do ÚEUM a áirithiú go mbeidh coinníollacha na tairisceana á gcomhlíonadh ag an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite a ceapadh trí sholáthar poiblí.
(d)
a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis iarthrádála a thugann an teintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite ar ardcháilíocht, i bhformáidí atá sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh agus i bhformáid chomhdhlúite lena ngabhtar an margadh iomlán;
(e)
a áirithiú go dtabharfar an fhaisnéis iarthrádála ar bhonn réasúnta tráchtála, ar bhonn comhdhlúite agus neamh-chomhdhlúite, agus go ndéanfaidh sí riar ar riachtanais úsáideoirí na faisnéise sin ar fud an Aontais;
(f)
a áirithiú go gcuirfidh an hionaid trádála agus APAanna a sonraí trádála ar fáil don eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite a cheapfar trí phróiseas soláthair phoiblí arna eagrú ag ÚEUM ar chostas réasúnta;
(g)
socruithe a shonrú a bheidh infheidhme i gcás go mainneoidh an teintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite a cheapfar trí sholáthar poiblí coinníollacha na tairisceana a chomhlíonadh;
(h)
socruithe a shonrú ar dá réir a leanfaidh CTPanna arna núdarú faoi Airteagal 27a de bheith ag feidhmiú teilitéip chomhdhlúite i gcás nach núsáidfear an cumhachtú lena bhforáiltear i bpointe (b) den mhír seo, nó i gcás nach gceapfar aon eintiteas trí sholáthar poiblí, go dtí go gcuirfear soláthar poiblí nua i gcrích agus go gceapfar eintiteas tráchtála chun teilitéip chomhdhlúite a fheidhmiú.
*
Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, Lch. 19).
**
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, Lch. 1).';
(34)cuirtear isteach an tAirteagal 54a agus an tAirteagal 54b seo a leanas:
'Airteagal 54a
Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM
1. Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na seirbhísí tuairiscithe sonraí, a thugtar do na húdaráis inniúla, de bhun Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, cuirfear deireadh leo an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.
2. Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin i réimse na seirbhísí tuairiscithe sonraí, lena náirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar láimh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.
Maidir le hiarratas ar údarú atá faighte ag údaráis inniúla, áfach, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 30 mí tar éis an teacht i bhfeidhm] ní aistreofar chuig ÚEUM é, agus is é an túdarás inniúil a dhéanfaidh an cinneadh clárú a dhéanamh nó a dhiúltú.
3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus ar aon chuma gur soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a dhéanfaidh sin. Tabharfaidh na húdaráis inniúla gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go néascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíochta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí.
4. Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na núdarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le hábhair a thagann faoin Rialachán seo.
5. Má dheonaíonn údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 údarú soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, leanfaidh an túdarú sin de bheith bailí tar éis aistriú na ninniúlachtaí chuig ÚEUM.
Airteagal 54b
Caidreamh le hiniúchóirí
1.
Aon duine a údaraíodh de réir bhrí Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), ag gníomhú dó ina sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí agus an cúram a thuairiscítear in Airteagal 34 de Threoir 2013/34/AE nó Airteagal 73 de Threoir 2009/65/CE á fheidhmiú aige nó aon chúram eile a leagtar síos sa dlí, beidh dualgas air aon fhíoras nó cinneadh a thuairisciú go pras chuig ÚEUM a bhaineann leis an ngnóthas sin ar tháinig an duine sin air agus é i mbun an chúraim sin agus ar féidir go ndéanfaidh sé:
(a)
sárú ábhartha ar na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin lena leagtar síos na coinníollacha lena rialaítear an túdarú nó lena rialaítear na gníomhaíochtaí go sonrach a dhéanann an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí sin;
(b)
difear d'fheidhmiú leanúnach an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí;
(c)
údar a thabhairt chun deimhniú na gcuntas a dhiúltú nó cúiseanna imní a chur in iúl.
Beidh dualgas ar an duine sin freisin aon fhíorais nó cinntí a thuairisciú ar tháinig an duine orthu le linn dó a bheith i mbun ceann de na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír i ngnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige leis an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ina bhfuil sé ag déanamh an chúraim sin.
2.
Ní sárú an nochtadh faisnéise de mheon macánta do na húdaráis inniúla, ag daoine a údaraíodh de réir bhrí Threoir 2006/43/ CE, d’aon fhíoras nó cinneadh dá dtagraítear i mír 1, ar shrianta dlíthiúla nó conarthacha ar nochtadh faisnéise agus ní ghabhfaidh dliteanais de chineál ar bith leis na daoine sin.
*
Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, Lch. 87).'.
Airteagal 7
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha
Leasaítear Rialachán (AE) 2015/760 mar a leanas:
(1)leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:
“(10)
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ aon údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (f) agus i bpointe (h) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;”;
(c)scriostar pointe (11);
(2)in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3.
Coinneoidh ÚEUM clár poiblí lárnach ina sainaithneofar gach ELTIF arna údarú faoin Rialachán seo agus bainisteoir ELTIF. Cuirfear an clár ar fáil i bhformáid leictreonach.”;
(3)leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
(b)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“Déanfar iarratas ar údarú mar ELTIF chuig ÚEUM.”;
(ii)sa dara fomhír, cuirtear an pointe (e) seo a leanas léi:
(e)
liosta de na Ballstáit ina mbeidh sé beartaithe ELTIF a mhargú.”;
(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
“Féadfaidh ÚEUM soiléiriú agus faisnéis a iarraidh maidir leis an doiciméadacht agus leis an bhfaisnéis a chuirfear ar fáil faoin dara fomhír.”;
(c)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“Ní fhéadfaidh ach AIFM AE arna údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE iarratas a chur chuig ÚEUM ar fhormheas chun bainistiú a dhéanamh ar ELTIF a mbeidh údarú iarrtha ina leith i gcomhréir le mír 1.”;
(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
“Féadfaidh ÚEUM soiléiriú a iarraidh ar údarás inniúil AIFM AE chomh maith le faisnéis faoin doiciméadacht dá dtagraítear sa dara fomhír nó fianú i dtaobh an dtagann ELTIFanna faoi réim údarú AIFM AE chun AIFanna a bhainistiú. Tabharfaidh údarás inniúil AIFM AE freagra laistigh de 10 lá oibre ón dáta a bheidh an iarraidh arna cur isteach ag ÚEUM faighte aige.”;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4.
Cuirfear ÚEUM ar an eolas láithreach maidir le haon mhodhnuithe ina dhiaidh sin ar an doiciméadacht dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.”;
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5.
De mhaolú ar mhír 1 go dtí 3, maidir le AIF de chuid AE a gceadaíonn a fhoirm dhlíthiúil bainistíocht inmheánach agus i gcás ina dtogróidh a chomhlacht rialaithe gan AIFM seachtrach a cheapadh, déanfaidh sé iarratas comhuaineach ar údarú chuig ÚEUM mar ELTIF faoin Rialachán seo agus mar AIFM faoi Threoir 2011/61/AE.
San iarratas ar údarú mar ELTIF arna bhainistiú go hinmheánach, beidh na nithe seo a leanas:
(a)
rialacha an chiste nó na hionstraimí corpraithe;
(b)
faisnéis ar chéannacht an taiscí;
(c)
tuairisc ar an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fáil d'infheisteoirí, lena náirítear tuairisc ar na socruithe chun déileáil le gearáin arna dtíolacadh ag infheisteoirí miondíola;
(e)
liosta de na Ballstáit ina mbeidh sé beartaithe ELTIF a mhargú;
(f)
an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) d'Airteagal 7(2) de Threoir 2011/61/CE.
Cuirfidh ÚEUM in iúl do AIF AE i dtaobh an mbeidh na húdaruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír deonaithe laistigh de thrí mhí ón dáta a thíolacfar iarratas comhlánaithe.”;
(f)cuirtear isteach mír 6 agus mír 7 mar a leanas:
“6. Tabharfaidh ÚEUM fógra d’údaráis inniúla na mBallstát ina mbeidh sé beartaithe ELTIF a mhargú faoi na húdaruithe a dheonófar de bhun Airteagal 6 i gcomhréir le hAirteagal 31(2).
7. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 6:
(a)
sainaithint bhainisteoir ELTIF, ELTIF agus an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe nó a cheannoifig;
(b)
rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF;
(c)
taiscí ELTIF a shainaithint;
(d)
tuairisc ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil d'infheisteoirí;
(e)
tuairisc ar na socruithe chun déileáil le gearáin arna dtíolacadh ag infheisteoirí miondíola;
(f)
an réamheolaire agus, más ábhartha, an doiciméad faisnéise bunriachtanaí dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014;
(g)
faisnéis faoi na saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 26.”;
(4)leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:
“1.
Ní údarófar AIF AE mar ELTIF ach amháin i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas fíor i leith ÚEUM:
(a)
gur deimhin leis go bhfuil AIF AE in ann ceanglais uile an Rialacháin seo a chomhlíonadh;
(b)
go bhfuil sé tar éis iarratas ó AIFM AE arna údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE a fhormheas chun ELTIF, rialacha an chiste nó na hionstraimí corpraithe agus rogha an taiscí a bhainistiú.
2.
I gcás ina ndéanann AIF AE iarratas de bhun Airteagal 5(5) den Rialachán seo, ní dhéanfaidh ÚEUM AIF AE a údarú ach amháin i gcás:
(a)
gur deimhin leis go gcomhlíonann AIF AE an Rialachán seo;
(b)
gur deimhin leis go gcomhlíonann AIF AE ceanglais Threoir 2011/61/AE;
(c)
go bhfuil sé tar éis rialacha an chiste nó na hionstraimí corpraithe agus rogha an taiscí a fhormheas.
3.
Ní fhéadfaidh ÚEUM formheas a dhiúltú maidir le hiarratas AIFM AE ar ELTIF a bhainistiú ach amháin i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas fíor i leith AIFM AE:
(a)
nach gcomhlíonann sé an Rialachán seo;
(b)
nach gcomhlíonann sé Treoir 2011/61/AE i leith ELTIF a bhfuil sé beartaithe aige a bhainistiú;
(c)
nach bhfuil sé údaraithe ag údarás inniúil bhainisteoir AIFM AE chun AIFanna a bhainistiú a leanann straitéisí infheistíochta den chineál atá cumhdaithe ag an Rialachán seo;
(d)
nach bhfuil an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 5(2), ná aon soiléiriú nó faisnéis a iarrtar faoi, curtha ar fáil aige.
Rachaidh ÚEUM i gcomhairle le húdarás inniúil an AIFM AE sula ndiúltóidh sé iarratas a fhormheas.”;
(c)scriostar mír 4;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5.
Cuirfidh ÚEUM in iúl do AIF AE an chúis leis an diúltú údarú mar ELTIF a dheonú.”;
(e)scriostar mír 6 agus mír 7;
(5)cuirtear isteach an tAirteagal 6a seo a leanas:
“Airteagal 6a
Údarú a tharraingt siar
1. Gan dochar d'Airteagal 35, déanfaidh ÚEUM údarú le haghaidh ELTIF a tharraingt siar i gcás ina gcomhlíonfaidh bainisteoir an ELTIF sin aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
gur thréig an bainisteoir an túdarú go sainráite nó nár úsáid sé an túdarú laistigh de shé mhí tar éis an túdarú a bheith deonaithe;
(b)
go bhfuair an bainisteoir an túdarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;
(c)
nach gcomhlíonann ELTIF a thuilleadh na coinníollacha faoinar údaraíodh é.
2. Gabhfaidh éifeacht láithreach le tarraingt siar an údaraithe ar fud an Aontais.”;
(6)in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3.
Beidh bainisteoir ELTIF freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo agus comhlíonadh cheanglais ábhartha Threoir 2011/61/AE a áirithiú maidir le ELTIF. Beidh bainisteoir ELTIF faoi dhliteanas freisin i gcás caillteanais nó damáistí a thagann as neamh-chomhlíonadh an Rialacháin seo.”;
(7)i mír 1 d’Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
“Maidir leis an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, cuirfear i gcuntas sainghnéithe agus saintréithe na sócmhainní atá le hinfheistiú ag ELTIF, agus ní bheidh sé níos déanaí ná cúig bliana tar éis dháta an údaraithe mar ELTIF, nó leathré ELTIF mar a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 18(3), cibé acu is luaithe. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh ÚEUM, ar chur isteach plean infheistíochta cuí-réasúnaithe, formheas a dhéanamh ar shíneadh nach mó ná aon bhliain bhreise amháin a chur leis an teorainn ama seo.”;
(8)i mír 2 d'Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
“(b)
go bhfuil bainisteoir ELTIF, tráth an údaraithe agus ar feadh shaolré ELTIF, in ann a léiriú do ÚEUM go bhfuil córas iomchuí bainistithe leachtachta agus nósanna imeachta éifeachtacha chun faireachán a dhéanamh ar riosca leachtachta ELTIF i bhfeidhm, ar córas agus nósanna imeachta iad atá comhoiriúnach do straitéis infheistíochta fadtéarmaí ELTIF agus don bheartas fuascailte molta;”;
(9)in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Glacfaidh ELTIF sceideal mionsonraithe le haghaidh diúscairt ordúil a chuid sócmhainní chun aonaid nó scaireanna infheisteoirí a fhuascailt tar éis dheireadh shaolré ELTIF, agus déanfaidh sé é sin a nochtadh do ÚEUM bliain amháin ar a laghad roimh dháta dheireadh shaolré ELTIF.”;
(10)i mír 3 d'Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
“(f)
aon fhaisnéis eile a mheasann ÚEUM a bheith ábhartha chun críocha mhír 2.”;
(11)in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Seolfaidh ELTIF a réamheolaire agus aon leasuithe air, chomh maith lena thuarascáil bhliantúil, chuig ÚEUM. Arna iarraidh sin air, soláthróidh ELTIF an doiciméadacht sin d'údarás inniúil bhainisteoir ELTIF. Soláthróidh ELTIF an doiciméadacht sin laistigh den tréimhse ama a shonróidh ÚEUM agus údarás inniúil bhainisteoir ELTIF.”;
(12)in Airteagal 28, cuirtear isteach mír 3:
“3.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36a faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] chun an próiseas inmheánach a shonrú maidir le measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht ELTIF lena mhargú d'infheisteoirí miondíola dá dtagraítear i mír 1, chun a áirithiú go mbeidh sé comhsheasmhach le forálacha maidir le hoiriúnacht agus iomchuibheas a mheasúnú dá bhforáiltear in Airteagal 25 de Threoir 2014/65/AE*.
___________________________________
* Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, Lch. 349).";
(13)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 31, 32, 33 agus 34:
“Airteagal 31
Aonaid agus scaireanna ELTIFanna a mhargú
Beidh cead ag bainisteoir ELTIF aonaid nó scaireanna an chiste sin a mhargú láithreach tar éis do ÚEUM an fógra dá dtagraítear in Airteagal 5(6) a chur in iúl don bhainisteoir.
Airteagal 32
Maoirseacht ag ÚEUM
1.
Áiritheoidh ÚEUM go leanfar de bheith ag cur an Rialacháin seo i bhfeidhm.
2.
Déanfaidh ÚEUM maoirseacht ar chomhlíonadh rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF, agus ar chomhlíonadh na noibleagáidí a leagtar amach sa réamheolaire, ar oibleagáidí iad a chomhlíonfaidh an Rialachán seo.
3.
Chun na cúraimí a dhéanamh a tugadh dó leis an Rialachán seo, agus chun ardchaighdeáin mhaoirseachta a áirithiú, cuirfidh ÚEUM reachtaíocht ábhartha uile an Aontais i bhfeidhm, agus sa chás gur treoracha atá sa dlí sin de chuid an Aontais, an reachtaíocht náisiúnta lenar trasuíodh na treoracha sin.
4.
Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar ghnóthais chomhinfheistíochta arna mbunú nó arna margú ina gcríocha chun a áirithiú nach núsáidfidh siad an sonrúchán ‘ELTIF’ ná nach dtabharfaidh siad an bharúil gur ELTIF iad ach amháin má tá siad údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Má chreideann údarás inniúil go mbaineann gnóthas comhinfheistíochta úsáid as an sonrúchán ‘ELTIF’, nó má thugann gnóthas comhinfheistíochta an bharúil gur ELTIF é gan a bheith údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an túdarás inniúil an méid sin in iúl do ÚEUM gan mhoill.
Airteagal 33
Feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34, in Airteagal 34a agus in Airteagal 34b
Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar don Údarás, d'aon duine dá chuid oifigeach nó d'aon duine a bheidh údaraithe ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 34, le hAirteagal 34a agus le hAirteagal 34b, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.
Airteagal 34
Iarrataí ar fhaisnéis
1.
Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a thabhairt chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.
(a)
bainisteoirí ELTIFanna;
(b)
daoine a bhfuil baint acu le bainistiú ELTIFanna;
(c)
tríú páirtithe a ndearna bainisteoir ELTIF feidhmeanna a tharmligean chucu;
(d)
daoine a bhfuil gaolmhaireacht nó baint dhlúth shubstainteach ar shlí eile acu le lucht bainistíochta ELTIFanna.
2.
Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata a lua;
(c)
an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d)
teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;
(e)
ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a niarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;
(f)
a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 35a, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.
3.
Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata a lua;
(c)
an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d)
teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;
(e)
a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35b i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;
(f)
an fhíneáil a shonrú dá bhforáiltear in Airteagal 35a(3), i dteannta phointe (n) d’Airteagal 35a(2), i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;
(g)
a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
4.
Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a nionadaithe nó, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
5.
I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe.”;
(14)cuirtear isteach na hAirteagail 34a, 34b, 34c agus 34d seo a leanas:
“Airteagal 34a
Imscrúduithe ginearálta
1.
Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúdaithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 34(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, cibé meán a bhfuil siad stóráilte air;
(b)
cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
(c)
aon duine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;
(d)
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
(e)
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
2.
Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na nimscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. Sonrófar san údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35b i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile atá leagtha síos nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonrófar na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 35a(3), i dteannta phointe (o) d’Airteagal 35a(2), i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) mícheart nó míthreorach.
3.
Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35b, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú.
4.
I bhfad sula ndéanfar imscrúdú, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an timscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.
5.
Má bhíonn gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
6.
I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar an údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an túdarás sin an méid seo a leanas:
(a) go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 barántúil;
(b) go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 34b
Cigireachtaí ar an láthair
1.
Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar leis na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) é.
2.
Féadfaidh oifigigh ÚEUM agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó nó ar aon talamh de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 34a(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
3.
In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an túdarás inniúil ábhartha a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an túdarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.
4. Déanfaidh oifigigh ÚEUM agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35b sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.
5.
Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna nordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, ceapfar an dáta a bheidh sí le tosú, sonrófar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35b, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú.
6.
Ar iarratas ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil sin freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.
7.
Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 34a(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 34a(1).
8.
I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh fhorfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
9.
Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
10.
I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an túdarás sin an méid seo a leanas:
(a) go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 4 barántúil;
(b) go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 34c
Malartú faisnéise
Tabharfaidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla, gan aon mhoill mhíchuí, an fhaisnéis atá de dhíth chun a gcuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo dá chéile.
Airteagal 34d
Rúndacht ghairmiúil
1. Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir le ÚEUM, maidir leis na húdaráis inniúla agus maidir leis na daoine go léir a oibríonn nó a d'oibrigh do ÚEUM, do na húdaráis inniúla nó d'aon duine eile a ndearna ÚEUM cúraimí a tharmligean chucu, lena náirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ÚEUM. Ní dhéanfar faisnéis atá cumhdaithe leis an rúndacht ghairmiúil a nochtadh do dhuine nó údarás eile ach amháin i gcás ina mbeidh an nochtadh sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.
2.
Déanfar an fhaisnéis ar fad a fhaigheann ÚEUM agus na húdaráis inniúla, nó a mhalartaítear idir ÚEUM agus na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo, a mheas mar fhaisnéis rúnda, ach amháin nuair a shonraíonn ÚEUM nó an túdarás inniúil i dtrácht ag tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh nó nuair atá nochtadh den chineál sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.”;
(15)cuirtear isteach an Chaibidil VIa seo a leanas:
“CAIBIDIL VIa
SMACHTBHANNAÍ AGUS BEARTA RIARACHÁIN EILE”
(16)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35;
“Airteagal 35
Bearta maoirseachta ag ÚEUM
1.
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 35d(8), go bhfaighidh ÚEUM go ndearna duine ceann de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 35a(2), déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)
an túdarú mar ELTIF a tharraingt siar;
(b)
cosc sealadach a chur ar bhainisteoir ELTIF ELTIF a mhargú ar fud an Aontais go dtí go gcuirfear deireadh leis an sárú;
(c)
cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;
(d)
cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneálacha de bhun Airteagal 35a;
(e)
fógraí poiblí a eisiúint.
2.
Agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
(a)
fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b)
an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
(c)
an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
(d)
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(e)
acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;
(f)
an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;
(g)
méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;
(h)
a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(i)
sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;
(j)
bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.
3.
Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.
Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;
(b)
i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;
(c)
ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;
(17)cuirtear isteach na hAirteagail 35a, 35b, 35c, 35d, 35e, 35f, 35g agus 35h seo a leanas:
“Airteagal 35a
Fíneálacha
1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 35d(8), go bhfaighidh ÚEUM go ndearna bainisteoir ELTIF, daoine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) nó gnóthas comhinfheistíochta ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i mír 2, d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
Measfar go ndearnadh sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d'aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
2. Maidir le liosta na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:
(a)
mainneachtain na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 a chomhlíonadh;
(b)
infheistíocht a dhéanamh, de shárú ar Airteagail 9 go 12, in infheistíochtaí neamh-incháilithe;
(c)
an phunann a chomhdhéanamh agus a éagsúlú de shárú ar Airteagal 13 agus ar Airteagal 17 nó an phunann a chomhdhéanamh agus a éagsúlú de shárú ar Airteagal 13 agus ar Airteagal 17 agus gan bearta de bhun Airteagal 14 a dhéanamh;
(e)
mainneachtain na ceanglais maidir le comhchruinniú a leagtar amach in Airteagal 15 a chomhlíonadh;
(f)
mainneachtain na ceanglais maidir leis an airgead tirim a fháil ar iasacht a leagtar amach in Airteagal 16 a chomhlíonadh;
(g)
mainneachtain na ceanglais maidir le fuascailtí agus saolré ELTIF a leagtar amach in Airteagal 18 a chomhlíonadh;
(h)
mainneachtain faisnéis a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) agus (4);
(i)
mainneachtain aonaid nó scaireanna nua a thairiscint d'infheisteoirí atá ann cheana in ETTIF i gcomhréir le hAirteagal 20(2);
(j)
sócmhainní ELTIF a dhiúscairt de shárú ar Airteagal 21 nó fáltais agus caipiteal a dháileadh de shárú ar Airteagal 22;
(k)
mainneachtain na ceanglais maidir le trédhearcacht a leagtar amach in Airteagal 23, in Airteagal 24 agus in Airteagal 25 a chomhlíonadh;
(l)
mainneachtain na ceanglais maidir le haonaid nó scaireanna ELTIFanna a mhargú a leagtar amach in Airteagal 26 go hAirteagal 31 a chomhlíonadh;
(m)
údarú a fháil trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;
(n)
mainneachtain faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar chinneadh lena néilítear faisnéis de bhun Airteagal 34(2) agus (3), nó faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis nó ar chinneadh;
(o)
pointe (c) d’Airteagal 34a(1) a shárú trí mhainneachtain míniú a thabhairt, nó trí mhíniú mícheart nó míthreorach a thabhairt, ar fhíorais nó doiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir cigireachta;
(p)
an sonrúchán ‘ELTIF’ a úsáid gan a bheith údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.
3. EUR 500 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha dá dtagraítear i mír 1 agus ní bheidh siad os cionn EUR 5 mhilliún maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) de mhír 2.
4.
Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 3, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 35(2) san áireamh.
5.
D'ainneoin mhír 3, i gcás inar bhain duine tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.
6.
Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh duine, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear i mír 2 san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, agus ríomhfar í i gcomhréir le mír 4 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.
Airteagal 35b
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur chun iallach a chur:
(a)
ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun phointe (c) d’Airteagal 35(1);
(b)
ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 34(1):
(i) faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal 34;
(ii) géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh de thoradh cinneadh de bhun Airteagal 34a a chomhlánú agus a cheartú;
(iii) géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 34b.
2.
Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.
3.
D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4.
Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis thabhairt an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.
Airteagal 35c
Nochtadh, cineál, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1.
Déanfaidh an tÚdarás gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 35a agus Airteagal 35b a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.
2.
Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 35a agus Airteagal 35b.
3.
I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.
4.
Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 35a agus Airteagal 35b in-fhorfheidhmithe.
Beidh an forfheidhmiú faoi réir na rialacha nósanna imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéanfar an forfheidhmiú.
4.
Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 35d
Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh
1.
I gcás ina naimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 35a(2), ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an tábhar a imscrúdú. Ní bheidh an toifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach i maoirseacht dhíreach ná neamhdhíreach, ná i bpróiseas clárúcháin, na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann, agus comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna go neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
2.
Déanfaidh an toifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a thíolacfaidh na daoine a bheidh faoi imscrúdú faoina bhráid á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
3.
Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an toifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 34 agus imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 34a agus le hAirteagal 34b. Nuair a bheidh na cumhachtaí sin á núsáid aige, comhlíonfaidh an toifigeach imscrúdúcháin Airteagal 33.
4.
Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
5.
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á nimscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus ar na fíorais sin amháin, a bhunóidh an toifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.
6.
Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn imscrúduithe faoin Airteagal seo.
7.
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal rochtain a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
8.
Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 35e, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 35a(2) déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 35 agus gearrfaidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 35a.
9.
Ní bheidh an toifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
10.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36a faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] chun na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena náirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus rialacha mionsonraithe maidir le tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha agus pionóis a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.
11.
Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina naimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach nó as fíorais atá comhionann le chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.
Airteagal 35e
Éisteacht a thabhairt do na daoine atá faoi réir na nimeachtaí
1.
Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 35, Airteagal 35a nó phointe (a) agus phointe (b) d'Airteagal 35b(1), tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na nimeachtaí éisteacht a fháil faoi chinntí ÚEUM. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na nimeachtaí a dtuairimí ina leith a thabhairt, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 35 chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.
2.
Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na nimeachtaí a urramú go hiomlán le linn na nimeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid ÚEUM sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
Airteagal 35f
Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.
Airteagal 35 g
Táillí maidir le húdarú agus maoirseacht
1.
Gearrfaidh ÚEUM táillí ar bhainisteoirí ELTIFanna i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le húdarú agus maoirseacht ELTIFanna agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 35h.
2.
Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar bhainisteoir ar leith ELFIF na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí maidir le húdarú agus maoirseacht bhainisteoir ELTIF agus maidir le húdarú agus maoirseacht ELTIF. Beidh sé comhréireach leis na sócmhainní atá faoi bhainistíocht ELTIF lena mbaineann nó, i gcás inarb ábhartha, le cistí dílse bhainisteoir ELTIF.
3.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36a faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] chun na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a níocfar iad a shonrú.
Airteagal 35h
ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla
1.
I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go hiomchuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 34 agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 34a agus le hAirteagal 34b a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.
2.
Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:
(a)
raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;
(b)
an tráthchlár chun an cúram a bheidh le tarmligean a dhéanamh;
(c)
an fhaisnéis atá riachtanach a bheith á tarchur ag ÚEUM agus chuig ÚEUM.
3.
I gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 35g(3), déanfaidh ÚEUM údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích.
4.
Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar an tarmligean dá dtagraítear i mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean cúraimí a chúlghairm aon tráth.
Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú. Ní tharmligfear freagrachtaí maoirseachta faoin Rialachán seo, lena náirítear cinntí clárúcháin, measúnuithe críochnaitheacha agus cinntí leantacha maidir le sáruithe.”;
(18)cuirtear isteach an tAirteagal 36 a agus an tAirteagal 36b seo a leanas:
“Airteagal 36a
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 28(3), in Airteagal 35d(10) agus in Airteagal 35g(3), tabharfar an chumhacht sin don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an teacht i bhfeidhm].
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 28(3), in Airteagal 35d(10) agus in Airteagal 35g(3) a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 28(3), Airteagal 35d(10) agus Airteagal 35g(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse [dhá mhí] tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [dhá mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 36b
Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM
1. Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse ELTIFanna, a thugtar do na húdaráis inniúla, cuirfear deireadh leo an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.
2. Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse ELTIFanna, lena náirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar láimh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.
Maidir le hiarratas ar údarú atá faighte ag údaráis inniúla, áfach, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 30 mí tar éis an teacht i bhfeidhm] ní aistreofar é chuig ÚEUM, agus is é an túdarás ábhartha a dhéanfaidh an cinneadh clárú a dhéanamh nó a dhiúltú.
3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus ar aon chuma faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Tabharfaidh na húdaráis inniúla sin gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go néascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíochta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse ELTIFanna.
4. Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na núdarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le hábhair a thagann faoin Rialachán seo.
5. Má dheonaíonn údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 aon údarú do ETLIF, leanfaidh an túdarú sin de bheith bailí tar éis aistriú na ninniúlachtaí chuig ÚEUM.";";
(19)leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
(b)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:
"1a. Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta 84 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm], cuirfidh an Coimisiún tús le hathbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfar anailís san athbhreithniú ar an méid seo a leanas go háirithe:
(a) éifeachtacht, comhréireacht agus feidhmiú na bhfíneálacha agus na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(b) ról UEUM, a chumhachtaí imscrúdaitheacha, tarmligean cúraimí chuig údaráis inniúla agus éifeachtacht na mbeart maoirseachta a dhéanfar.";
(c)i mír 2, na focail tosaigh: cuirtear an méid seo a leanas in ionad "I ndiaidh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo": "I ndiaidh na nathbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 1a den Airteagal seo".
Airteagal 8
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas
Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 mar a leanas:
(1)in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“9.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 lena sonrófar na ceanglais maidir lena áirithiú go bhfuil na socruithe rialachais dá dtagraítear i mír 1 daingean go leor.”;
(2)in Airteagal 12, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“4.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 lena sonrófar na ceanglais maidir lena áirithiú go gcomhlíonann an mhodheolaíocht dá dtagraítear i mír 1 pointí (a) go (e) den mhír sin.”;
(3)in Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
"4.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 lena sonrófar saintréithe na gcóras agus na rialuithe dá dtagraítear i mír 1.”;
(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:
"Airteagal 20
Tagarmharcanna criticiúla
1.
Ainmneoidh an Coimisiún mar thagarmharc criticiúil aon tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe laistigh den Aontas agus arna úsáid go díreach nó go neamhdhíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta, ag a bhfuil luach iomlán de EUR 500 billiún ar a laghad, a thomhas ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme.
I gcás ina mbeidh údarás inniúil Ballstáit nó ÚEUM den tuairim gur cheart tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc criticiúil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, tabharfaidh an túdarás inniúil sin nó ÚEUM, de réir mar is iomchuí, fógra don Choimisiún ina leith sin agus tabharfaidh sé bunús lena thuairim i scríbhinn.
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a mheasúnú ar a chriticiúla agus atá na tagarmharcanna gach dhá bhliain ar a laghad.
2.
Ainmneoidh ÚEUM mar thagarmharc criticiúil, aon tagarmharc a ndéantar tagairt dó in ionstraimí airgeadais nó i gconarthaí airgeadais nó aon tagarmharc a úsáidtear chun feidhmíocht cistí infheistíochta ag a bhfuil luach níos lú ná EUR 500 billiún a thomhas, mar a leagtar amach i mír (1) a chomhlíonann critéar (a) agus ceann de chritéir (b) nó (c) thíos:
(a)
níl ionadaí oiriúnach ar bith ag an tagarmharc, nó tá fíorbheagán ionadaithe aige, faoi stiúir an mhargaidh;
(b)
dá scoirfí den tagarmharc a sholáthar nó dá mba rud é gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó gur ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa a sholáthrófaí é, bheadh tionchar suntasach agus dochrach ann ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnólachtaí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit;
(c)(i)
tá an tagarmharc bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí a bhfuil a bhformhór lonnaithe sa Bhallstát sin, agus
(c)(ii)
dá scoirfí den tagarmharc a sholáthar nó dá mba rud é gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó gur ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa a sholáthrófaí é, bheadh tionchar suntasach agus dochrach ann ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnólachtaí i mBallstát amháin;
3.
Agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i bpointe (a) agus pointe (b), cuirfidh ÚEUM an méid seo a leanas san áireamh:
(i)
luach na nionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc agus luach na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc chun a bhfeidhmíocht laistigh den Bhallstát a thomhas agus a nábharthacht maidir le luach iomlán na nionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais gan íoc, agus luach iomlán na gcistí infheistíochta sna Ballstáit lena mbaineann;
(ii)
luach na nionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc agus luach na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc chun a bhfeidhmíocht laistigh de na Ballstáit lena mbaineann a thomhas agus a nábharthacht maidir le holltáirgeacht náisiúnta na mBallstát sin;
(iii)
aon fhigiúr eile chun measúnú a dhéanamh ar bhonn oibiachtúil ar thionchar féideartha neamhleanúnachas nó neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí sna Ballstáit lena mbaineann.
4.
Sula nainmneoidh ÚEUM tagarmharc mar thagarmharc criticiúil, rachaidh sé i gcomhairle le húdarás inniúil riarthóir an tagarmhairc sin, agus cuirfidh sé an measúnú atá déanta ag an údarás inniúil sin san áireamh.
Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar a mheasúnú ar a chriticiúla agus atá an tagarmharc gach dhá bhliain ar a laghad.
Tabharfaidh ÚEUM fógra gan mhoill mhíchuí don Choimisiún maidir le haon tagarmharc a ainmnítear mar thagarmharc criticiúil agus maidir le haon chinneadh tagarmharc a athainmniú mar thagarmharc criticiúil i gcás ina mbainfear de thátal as an athbhreithniú dá dtagraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo nach meastar go bhfuil tagarmharc arna ainmniú mar thagarmharc criticiúil ag ÚEUM, criticiúil a thuilleadh.
I gcás ina mbeidh údarás inniúil Ballstáit den tuairim gur cheart tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc criticiúil i gcomhréir leis an mír seo, tabharfaidh an túdarás inniúil sin fógra do ÚEUM ina leith sin agus tabharfaidh sé bunús lena thuairim i scríbhinn. Tabharfaidh ÚEUM tuairim réasúnaithe don údarás inniúil más rud é go gcinneann sé gan an tagarmharc sin a ainmniú mar thagarmharc criticiúil.
3.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) chun liosta tagarmharcanna a ainmníodh mar thagarmharcanna i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 a bhunú. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) chun an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta gan mhoill mhíchuí más rud é:
(a)
go nainmníonn an Coimisiún tagarmharc mar thagarmharc criticiúil nó go ndéanann sé an tagarmharc sin a athainmniú i gcomhréir le mír 1;
(b)
go bhfaigheann an Coimisiún fógraí ó ÚEUM, dá dtagraítear sa chúigiú fomhír de mhír 2.
4.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a shonrú conas a dhéanfar méid ainmniúil ionstraimí airgeadais, seachas díorthaigh, méid barúlach díorthach agus glanluach sócmhainní cistí infheistíochta a mheasúnú, lena náirítear i gcás tagairt indíreach do thagarmharc laistigh de theaglaim de thagarmharcanna, chun iad a chur i gcomparáid leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus i bpointe (a) d'Airteagal 24(1);
(b)
athbhreithniú a dhéanamh ar an modh ríofa a úsáidtear chun na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chinneadh i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus i bpraghsanna agus i bhfianaise forbairtí rialála chomh maith le hoiriúnacht aicmiú tagarmharcanna ag a bhfuil luach iomlán ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais, nó cistí infheistíochta a dhéanann tagairt dóibh atá gar do na tairseacha; déanfar athbhreithniú den sórt sin gach dhá bhliain ar a laghad amhail ón ... [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];
(c)
a shonrú conas a dhéanfar na critéir a leagtar síos i bpointe (i), pointe (ii) agus pointe (iii) den dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, ag cur san áireamh aon sonraí lena néascaítear measúnú oibiachtúil ar thionchar féideartha neamhleanúnachas nó neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnólachtaí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit.
Cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí ábhartha margaidh nó teicneolaíochta..";
(5)Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2.
Tar éis measúnú an riarthóra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an túdarás inniúil an méid seo a leanas:
(a)
an méid sin a chur in iúl do ÚEUM;
(b)
tar éis an measúnú sin a fháil, a mheasúnú féin a dhéanamh, faoi cheann ceithre seachtaine, ar conas a bheidh an tagarmharc le trasdul chuig riarthóir nua nó a scor de bheith á sholáthar, agus an nós imeachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.
Le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní scoirfidh an riarthóir den tagarmharc a sholáthar gan toiliú i scríbhinn ó ÚEUM."
(c)cuirtear mír 5 nua isteach:
"5.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na critéir ar a mbunófar an measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 a shonrú.";
(6)in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:
"3.
Rannchuiditheoir atá faoi mhaoirsiú a bhfuil sé beartaithe aige scor de bheith ag cur sonraí ionchuir le tagarmharc criticiúil, cuirfidh sé an méid sin in iúl i scríbhinn don riarthóir gan mhoill. Cuirfidh an riarthóir an méid sin in iúl do ÚEUM gan mhoill.
Cuirfidh ÚEUM an méid sin in iúl d'údarás inniúil an rannchuiditheora atá faoi mhaoirsiú gan mhoill. Cuirfidh an riarthóir measúnú faoi bhráid ÚEUM ar na himpleachtaí a bheidh ann maidir le cumas an tagarmhairc chriticiúil an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch a thomhas, a luaithe is féidir agus 14 lá ar a dhéanaí tar éis an fógra a fháil ón rannchuiditheoir atá faoi mhaoirsiú.
4.
Tar éis dó an measúnú dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a fháil, déanfaidh ÚEUM a mheasúnú féin ar bhonn an mheasúnaithe sin ar chumas an tagarmhairc an bunmhargadh agus an fíorchás eacnamaíoch a thomhas, agus nós imeachta an riarthóra chun an tagarmharc a scor a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.";
(7)In Airteagal 26, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
"6.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na critéir faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla athruithe ar an ráiteas comhlíontachta dá dtagraítear i mír 4 a shonrú.";
(8)Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:
"2.
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear go náirithíonn creat dlíthiúil agus cleachtas maoirseachta tríú tír an méid seo a leanas:
(a)
go gcomhlíonann riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin ceanglais cheangailteacha atá coibhéiseach le ceanglais an Rialacháin seo. Agus an choibhéis á measúnú aige, féadfaidh an Coimisiún a chur san áireamh an náirithíonn creat dlíthiúil agus cleachtas maoirseachta an tríú tír sin go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna;
(b)
go bhfuil na ceanglais cheangailteacha sin faoi réir maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.
Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach aon choinníoll a leagadh amach sa chinneadh cur chun feidhme sin ag tríú tír ar bhonn leanúnach agus faoi réir chumas ÚEUM a fhreagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach.
Glacfar leis an gcinneadh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) den Rialachán seo.";
(c)cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:
“2a. Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na coinníollacha dá dtagraítear in bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2 a shonrú.";
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
"3.
I gcás nár glacadh aon chinneadh cur chun feidhme de bhun mhír 2, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil ceanglais cheangailteacha i dtríú tír maidir le riarthóirí, tagarmharcanna nó finí tagarmharcanna sonracha coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo ina gcuirtear san áireamh, go háirithe, an náirithíonn creat dlíthiúil agus cleachtas maoirseachta an tríú tír sin go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna;
(b)
go bhfuil na riarthóirí, tagarmharcanna nó finí tagarmharcanna sonracha sin faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.
Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach aon choinníoll a leagadh amach sa chinneadh cur chun feidhme sin ag tríú tír ar bhonn leanúnach agus faoi réir chumas ÚEUM a fhreagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach.
Glacfar an cinneadh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) den Rialachán seo.";
(e)cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:
“3a.
Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 3 a shonrú.";
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 4:
"4. Bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla tríú tíortha ar aithníodh go raibh a gcreat dlíthiúil agus a gcleachtais maoirseachta coibhéiseach i gcomhréir le mír 2 nó mír 3 ach amháin más rud é go bhfuil an tríú tír sin, i gcomhréir le gníomh tarmligthe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar liosta na ndlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras náisiúnta frithsciúrtha airgid agus ina gcóras le haghaidh an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:";
(g)i mír 4, cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:
"(d)
na nósanna imeachta maidir le faisnéis a mhalartú ar bhonn rialta, agus gach ráithe ar a laghad, faisnéis faoi na tagarmharcanna arna soláthar sa tríú tír sin a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó pointe (c) d'Airteagal 20(1).";
(h)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 5:
"Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].";
(9)Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1.
Go dtí go nglacfar cinneadh coibhéise i gcomhréir le mír 2 agus mír 3 d'Airteagal 30, féadfaidh eintitis atá faoi mhaoirsiú san Aontas tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a úsáid ar choinníoll go bhfaigheann an riarthóir aitheantas roimh ré ó ÚEUM i gcomhréir leis an Airteagal seo.";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 2:
"Chun a chinneadh an bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chomhlíonadh, agus chun comhlíonadh phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó phrionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, a mheasúnú, féadfaidh ÚEUM a chur san áireamh measúnú ó iniúchóir seachtrach neamhspleách nó deimhniú a sholáthraíonn údarás inniúil an riarthóra sa tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe.";
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
"3.
Beidh ionadaí dlíthiúil ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil roimh ré, dá dtagraítear i mír 1. Is é a bheidh san ionadaí dlíthiúil duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe san Aontas, arna cheapadh go sainráite ag an riarthóir sin chun gníomhú thar ceann an riarthóra sin a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí an riarthóra faoin Rialachán seo. Déanfaidh an tionadaí dlíthiúil, i gcomhar leis an riarthóir, an fheidhm formhaoirseachta a chomhall maidir le soláthar na dtagarmharcanna a dhéanann an riarthóir faoin Rialachán agus, ar an gcaoi sin, beidh sé cuntasach do ÚEUM.";
(e)scriostar mír 4;
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
"5.
Riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil roimh ré, dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas le ÚEUM. Soláthróidh an riarthóir is iarratasóir an fhaisnéis uile is gá chun go mbeidh ÚEUM sásta go bhfuil, tráth an aitheantais, na socruithe uile is gá bunaithe aige chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 a chomhlíonadh agus soláthróidh sé liosta de na tagarmharcanna iarbhír nó ionchasacha a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san Aontas agus, i gcás inarb infheidhme, sonróidh sé an túdarás inniúil sa tríú tír atá freagrach as an maoirseacht.
Faoi cheann 90 lá oibre ón iarratas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil, fíoróidh ÚEUM go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3 comhlíonta.
I gcás ina measfaidh ÚEUM nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3 comhlíonta, diúltóidh sé an iarraidh ar aitheantas agus leagfaidh sé amach na cúiseanna leis an diúltú sin. Thairis sin, ní dheonófar aon aitheantas mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha breise seo a leanas:
(a)
i gcás ina mbeidh riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír faoi réir maoirsiú, gurb ann do shocrú comhair iomchuí idir ÚEUM agus údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe, i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 30(5), chun a áirithiú gurb ann do mhalartú éifeachtúil faisnéise a chuireann ar chumas údarás inniúil an tríú tír sin a chuid cúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(b)
nach bhfuil cosc ar fheidhmiú éifeachtach fheidhmeanna maoirseachta ÚEUM faoin Rialachán seo le dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, le srianta ar chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údaráis inniúil an tríú tír sin.";
(g)scriostar mír 6 agus mír 7;
(h)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
"8.
Déanfaidh ÚEUM an taitheantas arna thabhairt i gcomhréir le mír 5 a fhionraí nó a tharraingt siar, más iomchuí, más rud é go bhfuil cúiseanna maithe ann, atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe a mheas:
(a)
go bhfuil an riarthóir ag gníomhú ar bhealach is léir a dhéanfaidh dochar do leasanna úsáideoirí a thagarmharcanna nó d'fheidhmiú rianúil na margaí;
(b)
gur sháraigh an riarthóir ar bhealach tromchúiseach na ceanglais ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo;
(c)
go ndearna an riarthóir ráitis bhréagacha nó gur úsáid sé aon mhodh mírialta eile chun an taitheantas a fháil.";";
(10)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:
Airteagal 33
Tagarmharcanna a sholáthraítear i dtríú tír a fhormhuiniú
1.
Riarthóir atá lonnaithe san Aontas agus atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 34, nó aon eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú agus atá lonnaithe san Aontas ag a bhfuil ról soiléir dea-shainithe laistigh de chreat rialaithe nó cuntasachta riarthóra de chuid tríú tír atá in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar tagarmhairc, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chuig ÚEUM ar thagarmharc nó fine tagarmharcanna arna soláthar i dtríú tír a fhormhuiniú lena núsáid san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
tá sé fíoraithe ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú, agus tá sé in ann a léiriú ar bhonn leanúnach do ÚEUM, go gcomhlíonann soláthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna atá le formhuiniú, ar bhonn sainordaitheach nó deonach, ceanglais atá chomh dian céanna le ceanglais an Rialacháin seo ar a laghad;
(b)
tá an saineolas is gá ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag an eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an ngníomhaíocht i ndáil le tagarmharc a sholáthar i dtríú tír agus chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí gaolmhara;
(c)
tá cúis oibiachtúil ann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna a sholáthar i dtríú tír agus an tagarmharc nó an fhine tagarmharcanna sin a fhormhuiniú lena núsáid san Aontas.
Chun críche phointe (a), agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann soláthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna atá le formhuiniú ceanglais atá chomh dian céanna le ceanglais an Rialacháin seo, ar a laghad, féadfaidh ÚEUM a chur san áireamh an mbeadh comhlíonadh sholáthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna le prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó le prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, coibhéiseach le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo.
2.
Riarthóir nó eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú a dhéanann iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh siad an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun go bhféadfaidh ÚEUM a bheith deimhin de, tráth an iarratais, go bhfuil na coinníollacha uile dá dtagraítear sa mhír sin comhlíonta.
3.
Faoi cheann 90 lá oibre ón iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1 a fháil, scrúdóidh ÚEUM an tiarratas agus glacfaidh sé cinneadh chun an formhuiniú a údarú nó a dhiúltú agus cuirfidh sé an tiarratasóir ar an eolas dá réir sin.
4.
Tagarmharc formhuinithe nó fine tagarmharcanna formhuinithe, measfar iad a bheith ina dtagarmharc nó ina bhfine tagarmharcanna arna soláthar ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú. Ní bhainfidh an riarthóir formhuiniúcháin nó eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú úsáid as an bhformhuiniú d'fhonn ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint.
5.
Riarthóir nó eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú a mbeidh tagarmharc nó fine tagarmharcanna arna sholáthar nó arna soláthar i dtríú tír formhuinithe aige, leanfaidh sé de bheith freagrach go hiomlán as an tagarmharc nó as an bhfine tagarmharcanna sin agus as comhlíonadh na noibleagáidí faoin Rialachán seo.
6.
I gcás ina mbeidh cúiseanna maithe ag ÚEUM a mheas nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh, beidh an chumhacht aige a éileamh ar an riarthóir formhuiniúcháin nó ar an eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú scor den fhormhuiniú. Beidh feidhm ag Airteagal 28 i gcás ina scoirfear den fhormhuiniú.
7.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 i dtaca le bearta chun coinníollacha a chinneadh faoina bhféadfaidh ÚEUM a mheas an bhfuil cúis oibiachtúil ann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna i dtríú tíortha a sholáthar agus lena bhformhuiniú lena núsáid san Aontas. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh eilimintí amhail sonraíochtaí an bhunmhargaidh nó an fhíorcháis eacnamaíoch atá beartaithe a thomhas leis an tagarmharc, an gá atá le soláthar an tagarmhairc a bheith gar don mhargadh nó don fhíorchás eacnamaíoch sin, an gá atá le soláthar an tagarmhairc a bheith gar do rannchuiditheoirí, infhaighteacht ábhartha na sonraí ionchuir mar gheall ar chriosanna ama éagsúla, agus scileanna sonracha atá riachtanach i soláthar an tagarmhairc.";
(11)in Airteagal 34, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:
“1a. I gcás ina gcáileoidh ceann amháin nó níos mó de na hinnéacsanna arna soláthar ag an duine dá dtagraítear i mír 1 mar thagarmharcanna criticiúla, cuirfear an tiarratas faoi bhráid ÚEUM.";
(12)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40:
"1.
Chun críocha an Rialacháin seo, is é ÚEUM an túdarás inniúil i gcás:
(a)
riarthóirí na dtagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 20;
(b)
riarthóirí na dtagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 30 agus in Airteagal 32;
(c)
riarthóirí nó eintitis eile a dhéanann iarratas ar fhormhuiniú nó a d'fhormhuinigh tagarmharc arna sholáthar i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 33;
(d)
rannchuiditheoirí atá faoi mhaoirsiú agus a chuireann leis na tagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 20(1);
(e)
rannchuiditheoirí atá faoi mhaoirsiú agus a chuireann leis na tagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 30, Airteagal 32 agus Airteagal 33.
2.
Ainmneoidh gach Ballstát an túdarás inniúil ábhartha atá freagrach as na dualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo maidir le riarthóirí agus eintitis atá faoi mhaoirsiú agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus do ÚEUM.
3.
Aon Bhallstát a ainmníonn níos mó ná údarás inniúil amháin i gcomhréir le mír 2, cinnfidh sé go soiléir na róil a bheidh acu faoi seach agus ainmneoidh sé údarás aonair le bheith freagrach as comhar agus malartú faisnéise leis an gCoimisiún, le ÚEUM agus le húdaráis inniúla na mBallstát eile a chomhordú.
4.
Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin liosta na núdarás inniúil arna nainmniú i gcomhréir le mír 1, mír 2 agus mír 3.";
(13)Leasaítear Airteagal 41 mar a leanas:
(b)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:
"1.
Chun a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2) na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:";
(c)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:
"1.
Feidhmeoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2) a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus na cumhachtaí chun smachtbhannaí a fhorchur dá dtagraítear in Airteagal 42, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta, ar aon cheann de na slite seo leanas:";
(14)in Airteagal 43(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:
"1.
Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile á gcinneadh acu, go gcuirfidh na húdaráis inniúla arna nainmniú acu i gcomhréir le hAirteagal 40(2) san áireamh na cúinsí ábhartha uile, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo leanas:
(15)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 44:
Airteagal 44
Oibleagáid maidir le comhar
1.
I gcás na mBallstát a roghnaigh, i gcomhréir le hAirteagal 42, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear san Airteagal sin, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí go léir is gá ag na húdaráis inniúla arna nainmniú i gcomhréir le hAirteagal 40(2) chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha laistigh dá ndlínse chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i dtaca le sáruithe féideartha ar an Rialachán seo. Cuirfidh na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis sin ar fáil d'údaráis inniúla eile agus do ÚEUM.
2.
Tabharfaidh údaráis inniúla cúnamh d'údaráis inniúla eile agus do ÚEUM. Go háirithe, malartóidh siad faisnéis agus comhoibreoidh siad in aon ghníomhaíochtaí imscrúdúcháin nó maoirseachta. Féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú freisin le húdaráis inniúla eile chun gnóthú smachtbhannaí airgid a éascú.";
(16)In Airteagal 45(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
"5.
Cuirfidh na Ballstáit faisnéis chomhiomlán maidir leis na smachtbhannaí riaracháin uile agus maidir le bearta riaracháin eile arna bhforchur de bhun Airteagal 42 ar fáil do ÚEUM ar bhonn bliantúil. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le bearta de chineál imscrúdaitheach. Foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil, mar aon le faisnéis chomhiomlán maidir leis na smachtbhannaí riaracháin uile agus maidir le bearta riaracháin eile a d'fhorchuir sé féin de bhun Airteagal 48f.";
(17)Scriostar Airteagal 46;
(18)In Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:
"1.
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2) le ÚEUM chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
2.
Na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2), cuirfidh siad an fhaisnéis uile is gá ar fáil gan mhoill do ÚEUM chun a chuid dualgas a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 [Le seiceáil i gcoinne na leasuithe ar an Rialachán maidir le ÚEUM].";
(19)cuirtear isteach an Chaibidil 4 seo a leanas i dTeideal VI:
CAIBIDIL 4
Cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚEUM
Roinn 1
Inniúlachtaí agus nósanna imeachta
Airteagal 48a
Feidhmiú cumhachtaí ag ÚEUM
Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ÚEUM, d'aon duine de chuid oifigigh ÚEUM nó d'aon duine a bheidh údaraithe ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 48b go hAirteagal 48d, ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi phribhléid dhlíthiúil a éileamh.
Airteagal 48b
Iarraidh ar fhaisnéis
1.
Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo:
(a)
daoine atá bainteach le soláthar na dtagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 40, nó le sonraí ionchuir a chur leis na tagarmharcanna sin;
(b)
eintitis a úsáideann na tagarmharcanna dá dtagraítear in (a) agus tríú páirtithe gaolmhara;
(c)
tríú páirtithe a ndearna na daoine dá dtagraítear in (a) feidhmeanna nó gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú dóibh;
(d)
daoine a bhfuil gaolmhaireacht nó baint dhlúth shubstainteach ar shlí eile acu leis na daoine dá dtagraítear in (a).
2.
Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata sin a lua;
(c)
an fhaisnéis a éilítear a shonrú;
(d)
teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e)
ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a niarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;
(f)
a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal [48f], i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.
3.
Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata sin a lua;
(c)
an fhaisnéis a éilítear a shonrú;
(d)
teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e)
sonróidh sé cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal [48g] i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;
(f)
sonróidh sé cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal [48f], i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;
(g)
a shonrú an ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal [ex60 Achomhairc] agus le hAirteagal [ex61 Caingne os comhair Chúirt...] de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
4.
Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a nionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh.. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
5.
I gcás an riarthóra nó an rannchuiditheora atá faoi mhaoirsiú dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an riarthóir nó an rannchuiditheoir sin atá faoi mhaoirsiú nó ina bhfuil siad lonnaithe.
Airteagal 48c
Imscrúduithe ginearálta
1.
Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;
(b)
cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
(c)
aon duine de na daoine sin nó a nionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;
(d)
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
(e)
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
2.
Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na nimscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. San údarú sin freisin sonrófar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal [48g] i gcás ina mbeidh na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile a sholáthraítear nó na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1), i gcás ina mbeidh siad neamhiomlán, agus sonrófar freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal [48f] i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine sin mícheart nó míthreorach.
3.
Ceanglófar ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1) dul faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal [48g], na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
4.
I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an timscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.
5.
Má bhíonn gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
6.
I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 5, fíoróidh an túdarás sin an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 barántúil;
(b)
go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal [61] de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 48d
Cigireachtaí ar an láthair
1.
Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar le daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1) é.
2.
Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 48c(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
3.
In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an túdarás inniúil a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an túdarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.
4.
Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal [48g] sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.
5.
Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna nordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh sin ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal [48g], na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
6.
Ar iarratas ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil sin freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.
7.
Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 48c(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 48c(1).
8.
I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
9.
Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
10.
I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an túdarás sin an méid seo a leanas:
(a)
tá an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 4 barántúil;
(b)
go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
ROINN 2
SMACHTBHANNAÍ RIARACHÁIN AGUS BEARTA EILE
Airteagal 48e
Bearta maoirseachta ag ÚEUM
1.
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 48i(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna duine ceann de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 48f(2), déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)
cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;
(b)
cinneadh a ghlacadh lena ngearrfar fíneálacha de bhun Airteagal 48f;
(c)
fógraí poiblí a eisiúint.
2.
Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
(a)
fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b)
an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
(c)
an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.
(d)
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(e)
acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;
(f)
an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;
(g)
méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;
(h)
a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(i)
sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;
(j)
bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.
3.
Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.
Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;
(b)
i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;
(c)
ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 48f
Fíneálacha
1.
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 48i(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna aon duine ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i mír 2, d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena ngearrfar fíneáil i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
Measfar go ndearnadh sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar chritéir oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d'aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
2.
Maidir le liosta na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas ann: Sáruithe ar Airteagail 4–16, 21, 23–29 agus 34 de Rialachán (AE) 2016/1011.
3.
Is é a bheidh in uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1:
(i) i gcás duine dlítheanach, EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d'fhormheas an comhlacht bainistíochta, cibé acu is airde;
(ii) i gcás duine nádúrtha, EUR 500 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016.
D'ainneoin na chéad fhomhíre, EUR 250 000 a bheidh in uasmhéid na fíneála a ghearrfar i gcás sáruithe ar phointe (d) d'Airteagal 11(1) nó ar Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 nó, sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais is déanaí atá ar fáil a d'fhormheas an comhlacht bainistíochta, cibé acu is airde i gcás daoine dlítheanacha, agus EUR 100 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016 i gcás daoine nádúrtha.
Chun críocha phointe (i), i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d'fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.
4.
Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 1, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 48e(2) san áireamh.
5.
D'ainneoin mhír 4, i gcás inar bhain an duine dlítheanach tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.
6.
Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh duine, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 48f(2) san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, arna ríomh i gcomhréir le mír 3 agus a mhéid a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.
Airteagal 48g
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1.
Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun iallach a chur:
(a) ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal [48e(1)(a)];
(b) daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1):
(i)
faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal [48b];
(ii)
géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh de thoradh cinneadh de bhun Airteagal [48c] a chomhlánú agus a cheartú;
(iii)
géilleadh do chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal [48d].
2.
Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.
3.
D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4.
Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.
Airteagal 48h
Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1.
Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 48f agus Airteagal 48g a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh sa nochtadh sin aon sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.
2.
Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal [48f] agus Airteagal [48g] in-fhorfheidhmithe.
3.
I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a ghearradh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas faoi sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna lena chinneadh.
4.
Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha arna bhforchur de bhun Airteagal [48f] agus Airteagal [48g] in-fhorfheidhmithe.
Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha i dtaobh nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéantar an forfheidhmiú.
5.
Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
ROINN 3
NÓSANNA IMEACHTA AGUS ATHBHREITHNIÚ
Airteagal 48i
Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh
1.
I gcás ina naimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 48f(2), ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an tábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an toifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i maoirseacht na dtagarmharcanna lena mbaineann an sárú agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
2.
Déanfaidh an toifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha arna gcur isteach ag na daoine a bheidh faoi imscrúdú á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí.
3.
Chun a chúraimí a dhéanamh, beidh ag an oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 48b agus imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 48c agus Airteagal 48d.
4.
Agus na cúraimí sin á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
5.
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á nimscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an toifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.
6.
Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na nimscrúduithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.
7.
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
8.
Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal [48j], cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 48f(1) déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 48e agus forchuirfidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal [48f].
9.
Ní bheidh an toifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
10.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena náirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na tréimhsí teorann chun fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.
11.
Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina naimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad den chuid is mó, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.
Airteagal 48j
Éisteacht na ndaoine atá faoi réir imscrúdú
1.
Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 48g, Airteagal 48h agus Airteagal 48e, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na nimeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na cinntí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na nimeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.
2.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 48e chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.
3.
Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na nimeachtaí a urramú go hiomlán le linn na nimscrúduithe. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
Airteagal 48k
Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais
Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.
ROINN 4
TÁILLÍ AGUS TARMLIGEAN
Airteagal 48l
Táillí maoirseachta
1.
Gearrfaidh ÚEUM táillí ar riarthóirí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le maoirseacht riarthóirí agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 48m.
2.
Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar riarthóir na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí maidir leis an maoirseacht. Beidh sé i gcomhréir le láimhdeachas an riarthóra.
3.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a níocfar iad a shonrú.
Airteagal 48m
ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla
1.
I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go hiomchuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 48b agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 48c agus le hAirteagal 48d a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní dhéanfar údarú na dtagarmharcanna criticiúla a tharmligean.
2.
Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:
(a) raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;
(b) an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus
(c) tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.
3.
Aisíocfaidh ÚEUM údarás inniúil as costais arna dtabhú de bharr cúraimí tarmligthe a dhéanamh i gcomhréir leis an rialachán maidir le táillí arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 48l(3).
4.
Athbhreithneoidh ÚEUM aon tarmligean a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.
5.
Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú."
Airteagal 48o
Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM
1.
Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), cuirfear deireadh leo an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.
2. Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), lena náirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá siúl ar bhonn leanúnach, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar lámh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.
Mar sin féin, ní aistreofar chuig ÚEUM iarratais ar údarú ag riarthóirí tagarmhairc chriticiúil, iarratais ar aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 32 ná iarratais ar fhormhuiniú a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 33 a fuair na húdaráis inniúla roimh [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 34 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm], agus is é an túdarás inniúil ábhartha a dhéanfaidh an cinneadh údarú, aitheantas nó formheas formhuinithe a údarú nó a dhiúltú.
3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus ar aon chuma faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Tabharfaidh na húdaráis inniúla gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go néascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíochta maoirseachta maidir leis na riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1).
4. Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na núdarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le hábhair a thagann faoi chuimsiú an Rialacháin seo.
5. Maidir le haon údarú ar riarthóirí tagarmhairc chriticiúil a thugann údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, aon aitheantas a thugann sé i gcomhréir le hAirteagal 32 agus aon fhormhuiniú a fhormheasann sé i gcomhréir le hAirteagal 33, leanfaidh sé de bheith bailí tar éis aistriú na ninniúlachtaí chuig ÚEUM.";
(20)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 53:
"Airteagal 53
Athbhreithnithe de chuid ÚEUM
Beidh de chumhacht ag ÚEUM an fhianaise dhoiciméadaithe a éileamh ó údarás inniúil maidir le haon cheann de na cinntí arna nglacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 51(2), le hAirteagal 25(3) agus maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh i dtaca le forfheidhmiú Airteagal 24(1)."
Airteagal 9
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1129 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 mar seo a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(b)scriostar pointe (iii) den sainmhíniú ar "Ballstát baile" faoi litir (m).
(c)cuirtear na sainmhínithe seo a leanas isteach:
"(za)
ciallaíonn "cuideachtaí réadmhaoine" gnóthas a mbaineann a phríomhghníomhaíochtaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a liostaítear i gCuid L d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
(zb)
ciallaíonn "cuideachtaí mianraí" gnóthas a mbaineann a phríomhghníomhaíochtaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a liostaítear i gCuid B, Roinn 5 go Roinn 8 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
(zc)
ciallaíonn "cuideachtaí eolaíochta taighde-bhunaithe" gnóthas a mbaineann a phríomhghníomhaíochtaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a liostaítear i gCuid M, Roinn 72, grúpa 72.1 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
(zd)
ciallaíonn "cuideachtaí loingseoireachta" gnóthas a mbaineann a phríomhghníomhaíocht leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a liostaítear i gCuid H, Roinn 50 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
*Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh, IO L 393, 30/12/2006, Lch. 1.";
(2)In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Réamheolaire den chineál sin arna tharraingt suas go deonach atá formheasta ag údarás inniúil an Bhallstáit baile, arna chinneadh i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 2, nó ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 31a, beidh na cearta agus na hoibleagáidí uile aige dá bhforáiltear maidir le réamheolaire a cheanglaítear faoin Rialachán seo agus beidh sé faoi réir fhorálacha uile an Rialacháin seo, a bheidh faoi mhaoirsiú an údaráis inniúil sin." ;
(3)In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
"8.
Arna iarraidh sin don eisitheoir, don tairgeoir, nó don duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é chun trádáil ar mhargadh rialáilte, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an nós imeachta formheasa i ndáil le réamheolaire a aistriú chuig údarás inniúil i mBallstát eile, faoi réir chomhaontú an údaráis inniúil agus, ach amháin má ghlacann ÚEUM ról údarás inniúil an Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 31a, ar choinníoll go dtugtar fógra roimh ré do ÚEUM . Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile na doiciméid chomhdaithe a aistriú i bhfoirm leictreonach chuig údarás inniúil an Bhallstáit eile, mar aon leis an gcinneadh uaidh an taistriú a dheonú, ar lá céanna an chinnidh. Cuirfear an taistriú sin in iúl, laistigh de thrí lá oibre ón dáta a dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cinneadh, don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é chun trádáil ar mhargadh rialáilte. Beidh feidhm ag na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2 agus i mír 3 amhail ón dáta a ghlacann údarás inniúil an Bhallstáit baile an cinneadh. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le formheas an réamheolaire a aistriú i gcomhréir leis an mír seo. Nuair a bheidh aistriú an nós imeachta formheasa críochnaithe, measfar gurb é an túdarás inniúil ar aistríodh an nós imeachta formheasa chuige údarás inniúil an Bhallstáit baile i ndáil leis an réamheolaire sin chun críocha an Rialacháin seo.";
(4)Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:
(b)cuirtear isteach an mhír 6a seo a leanas:
"6a.
De mhaolú ar mhír 6, beidh de chumhacht ag ÚEUM rialú a fheidhmiú maidir le comhlíonadh gníomhaíochta fógraíochta leis na ceanglais a leagtar amach i mír 2 go mír 4 i ngach Ballstát óstach ina scaiptear fógráin, in aon cheann de na cásanna thíos:
(a) i gcás inarb é ÚEUM an túdarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 31a;
(b) i gcás aon réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le rialacha tríú tír agus arna úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29.
Gan dochar d'Airteagal 32(1), ní bheidh sé mar réamhchoinníoll chun na hurrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte in aon Bhallstát óstach go gcaithfidh ÚEUM grinnscrúdú a dhéanamh ar na fógráin.
Maidir le leas a bhaint as aon cheann de na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha a leagtar amach in Airteagal 32 i ndáil le forfheidhmiú an Airteagail seo ag ÚEUM, déanfar é a chur in iúl gan moill mhíchuí d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh ábhartha.
Ar iarratas ó údarás inniúil Ballstáit, feidhmeoidh ÚEUM an rialú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás gach fógrán arna scaipeadh ina dhlínse a bhaineann le cuid de na catagóirí de réamheolairí, nó na catagóirí ar fad, arna bhformheas ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 31a. Déanfaidh ÚEUM liosta de na Ballstáit ina bhfeidhmíonn sé an rialú sin agus catagóirí na réamheolairí lena mbaineann a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. .";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
"7.
Is táillí i ndáil lena gcúraimí maoirseachta de bhun an Airteagail seo agus na táillí sin amháin is féidir le húdaráis inniúla na mBallstát óstach agus le ÚEUM a ghearradh. Déanfar leibhéal na dtáillí a nochtadh ar shuíomhanna gréasáin na núdarás inniúil agus ÚEUM. Beidh na táillí sin neamh-idirdhealaitheach, réasúnach agus i gcomhréir leis an gcúram maoirseachta. Ní fhorchuirfidh údaráis inniúla na mBallstát óstach agus ÚEUM aon cheanglais nó nósanna imeachta riaracháin sa bhreis ar na cinn a bhfuil gá leo chun a gcuid cúraimí maoirseachta a fheidhmiú de bhun an Airteagail seo."
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
"8.
De mhaolú ar mhír 6 agus mír 6a, chun críocha rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh gníomhaíochta fógraíochta i gcásanna trasteorann nó i gcásanna ina bhfuil feidhm ag mír 6a, féadfaidh aon dá údarás inniúla, lena náirítear ÚEUM nuair is infheidhme, comhaontú a thabhairt i gcrích inarb é údarás inniúil an Bhallstáit baile, i gcás ina mbeidh feidhm ag mír 6a, údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, a leanfaidh den chomhlíonadh sin a rialú. Tabharfar fógra do ÚEUM faoi aon chomhaontú den chineál sin, ach amháin má shínigh ÚEUM an comhaontú sin ina cháil mar údarás inniúil an Bhallstáit baile i gcomhréir le hAirteagal 31a. Déanfaidh ÚEUM liosta de na comhaontuithe sin a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta.";
(5)Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
"4.
I gcás nach mbeidh téarmaí críochnaitheacha réamheolaire bunaidh san áireamh sa réamheolaire bunaidh, ná i bhforlíonadh, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile iad a chur in iúl go leictreonach, a luaithe is indéanta tar éis a gcomhdaithe, do ÚEUM, agus i gcás inar tugadh fógra cheana faoin réamheolaire bunaidh, d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh nó na mBallstát óstach."
(c)cuirtear isteach an mhír 6a seo a leanas:
"6a.
I gcás na réamheolairí ar fad a tharraingíonn eisitheoir i dtríú tír suas i gcomhréir le hAirteagal 29, cuirfear deimhniú comhdúcháin in áit an deimhnithe formheasa dá dtagraítear san Airteagal seo.";
(6)in Airteagal 27, cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:
"3a.
De mhaolú ar mhír 1, mír 2 agus mír 3, i gcás inarb é ÚEUM an túdarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 31a, tarraingeofar suas an réamheolaire i dteanga a nglacann údaráis inniúla gach Ballstáit óstaigh léi nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, de réir rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é chun trádáil ar mhargadh rialáilte.
Ceanglóidh údarás inniúil gach Ballstáit óstaigh go ndéanfar an achoimre dá dtagraítear in Airteagal 7 a chur ar fáil ina theanga oifigiúil féin nó i gceann amháin ar a laghad dá theangacha oifigiúla, nó i dteanga eile a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin léi, ach ní cheanglóidh sé go ndéanfar aon chuid eile den réamheolaire a aistriú.";
(7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:
"Airteagal 28
Urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faoi réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo
I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag eisitheoir i dtríú tír urrúis a thairiscint don phobal san Aontas nó a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá bunaithe san Aontas faoi réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh air formheas a fháil dá réamheolaire ó ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 20.
A luaithe a bheidh réamheolaire formheasta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag na cearta agus na hoibleagáidí uile a fhoráiltear do réamheolaire faoin Rialachán seo agus beidh an réamheolaire agus an teisitheoir i dtríú tír faoi réir fhorálacha uile an Rialacháin seo faoi mhaoirsiú ÚEUM.";
(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:
"Airteagal 29
Urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faoi réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le dlíthe tríú tír
1.
Féadfaidh eisitheoir i dtríú tír urrúis a thairiscint don phobal san Aontas nó a iarraidh go ligfí isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte sa Aontas iad más rud é go bhfuil réamheolaire foilsithe roimhe sin, ar réamheolaire é a tarraingíodh suas agus a formheasadh i gcomhréir le dlíthe náisiúnta an eisitheora i dtríú tír agus atá faoi réir na dlíthe náisiúnta sin, ar choinníoll:
(a)
go bhfuil cinneadh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3;
(b)
gur chomhdaigh an teisitheoir í dtríú tír an réamheolaire le ÚEUM;
(c)
gur sholáthair an teisitheoir í dtríú tír deimhniú i scríbhinn gur fhormheas údarás maoirseachta tríú tír an réamheolaire agus gur sholáthair sé sonraí teagmhála an údaráis sin;
(d)
go gcomhlíonann an réamheolaire na ceanglais teanga a leagtar amach in Airteagal 27;
(e)
go gcomhlíonann na fógráin uile arna scaipeadh ag eisitheoir i dtríú tír san Aontas maidir leis an tairiscint nó an cead trádála, go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach i mír 2 go mír 5 d'Airteagal 22;
(f) go bhfuil socruithe comhair curtha i gcrích ag ÚEUM le húdaráis ábhartha maoirseachta an eisitheora i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 30.
Aon tagairt do "údarás inniúil an Bhallstáit baile" glacfar leis mar thagairt do ÚEUM i dtaca le haon fhoráil arna cur i bhfeidhm maidir leis na réamheolairí dá dtagraítear sa mhír seo.
2.
Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 24 agus Airteagal 25 maidir leis an réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le dlíthe tríú tír ina bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 comhlíonta.
3.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chritéir ghinearálta coibhéise a leagan síos, ar bhonn na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 6, 7, 11, 12 agus 13 agus i gCaibidil IV den Rialachán seo.
Ar bhonn na gcritéar a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe sin, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonraítear go náirithíonn socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonann réamheolairí arna dtarraingt suas i gcomhréir le dlí náisiúnta an tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach go dlíthiúil agus atá coibhéiseach ó thaobh rialála de leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Déanfar cinneadh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).
Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach aon cheanglais, a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme, ag tríú tír ar bhonn leanúnach agus faoi réir chumas ÚEUM a fhreagrachtaí a fheidhmiú go héifeachtach maidir leis an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 2a d'Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.";
(9)Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1.
Chun críocha Airteagal 29 agus, i gcás ina measfar gur gá, chun críocha Airteagal 28, cuirfidh ÚEUM socruithe comhair i gcrích le húdaráis maoirseachta tríú tíortha i dtaca le malartú faisnéise leis na húdaráis tríú tír sin agus forfheidhmiú oibleagáidí i dtríú tíortha de bhun an Rialacháin seo. Áiritheofar leis na socruithe comhair seo, ar a laghad, malartú éifeachtúil faisnéise, ar a laghad, lena ligfear do ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina mbeidh tríú tír sa liosta dlínsí a mheastar a bhfuil beartais náisiúnta frithsciúrtha airgid agus beartais le haghaidh an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta acu a bhfuil easnaimh straitéiseacha iontu ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais, dá dtagraítear i ngníomh tarmligthe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, ní thabharfaidh ÚEUM socruithe comhair i gcrích le húdaráis maoirseachta an tríú tír sin.
Cuirfidh ÚEUM na húdaráis inniúla uile arna nainmniú i gcomhréir le hAirteagal 31(1) ar an eolas faoi aon socrú comhair arna thabhairt i gcrích i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
*Treoir 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).";
(c)scriostar mír 2;
(d)cuirtear uimhir nua 2 le mír 3 agus cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2.
Ní dhéanfaidh ÚEUM socruithe comhair maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis maoirseachta tríú tíortha ach amháin i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a nochtfar faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá comhionann ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach in Airteagal 35.";
(e)scriostar mír 4;
(10)i gCaibidil VII, cuirtear isteach Airteagal 31a agus Airteagal 31b seo a leanas:
“Airteagal 31a
Maoirseacht ÚEUM ar chineálacha áirithe réamheolairí
I gcás na réamheolairí seo a leanas, lena náirítear aon fhorlíonadh a ghabhann leo, is é ÚEUM a bheidh ina údarás inniúil maidir leis na réamheolairí sin a ghrinnscrúdú agus a fhormheas mar a leagtar amach in Airteagal 20 agus maidir le fógraí a thabhairt d'údaráis inniúla na mBallstát óstach mar a leagtar amach in Airteagal 25:
(a)
réamheolairí arna dtarraingt suas ag aon eintiteas dlíthiúil nó aon duine atá bunaithe san Aontas agus a bhaineann le hurrúis neamhchothromais atá le trádáil ar mhargadh rialáilte amháin a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, nó cuid shonrach de na hurrúis sin nach mbeidh rochtain ach ag infheisteoirí cáilithe orthu chun críocha na hurrúis sin a thrádáil;
(b)
réamheolairí arna dtarraingt suas ag aon eintiteas nó duine dlíthiúil atá bunaithe san Aontas agus a bhaineann le hurrúis de bhun sócmhainní;
(c)
réamheolairí arna dtarraingt suas ag na cineálacha seo cuideachtaí atá bunaithe san Aontas:
(i) cuideachtaí réadmhaoine;
(ii) cuideachtaí mianraí;
(iii) cuideachtaí eolaíochta taighde-bhunaithe;
(iv) cuideachtaí loingseoireachta.
(d)
réamheolairí arna dtarraingt suas ag eisitheoirí i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo.
Aon tagairt do "údarás inniúil an Bhallstáit baile" sa Rialachán seo glacfar leis mar thagairt do ÚEUM i dtaca le haon fhoráil arna cur i bhfeidhm maidir leis na réamheolairí a liostaítear sa chéad fhomhír.";
(11)cuirtear isteach Airteagal 34b nua:
"Airteagal 31b
Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM
1.
Réamheolairí a liostaítear in Airteagal 31a a cuireadh faoi bhráid údarás inniúil lena bhformheas roimh an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm], leanfaidh an túdarás inniúil sin de mhaoirseacht a dhéanamh orthu, lena náirítear nuair is infheidhme maidir le haon fhorlíontaí agus na téarmaí críochnaitheacha a bhaineann leo, go dtí deireadh a dtréimhse bailíochta.
An formheas arna thabhairt ag údarás inniúil do na réamheolairí sin roimh [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm], leanfaidh sé de bheith bailí tar éis aistriú na ninniúlachtaí chuig ÚEUM dá dtagraítear i mír 2.
Leanfaidh maoirseacht na réamheolairí sin, lena náirítear nuair is infheidhme maidir le haon fhorlíontaí agus na téarmaí críochnaitheacha a bhaineann leo, de bheith faoi réir na rialacha is infheidhme tráth an tíolactha don údarás inniúil.
2.
Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin na réamheolairí a liostaítear in Airteagal 31a agus arna gcur isteach lena bhformheas [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].
."
(12)Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad abairt tosaigh na chéad fhomhíre de mhír 1:
"1.
Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla agus ag ÚEUM, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j) sa chéad fhomhír de mhír 1:
(j) an grinnscrúdú ar réamheolaire a cuireadh isteach lena fhormheas a chur ar fionraí nó tairiscint don phobal nó cead urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a chur ar fionraí nó a shrianadh i gcás ina mbeidh an chumhacht atá ag ÚEUM nó ag an údarás inniúil á feidhmiú aige chun toirmeasc nó srian a fhorchur de bhun Airteagal 40 nó Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go dtí go mbeidh deireadh leis an toirmeasc nó leis an srian sin;";
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1:
"I gcás inar gá faoin dlí náisiúnta, féadfaidh an túdarás inniúil nó ÚEUM iarraidh ar an údarás breithiúnach ábhartha cinneadh a dhéanamh maidir le húsáid na gcumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.";
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2.
Feidhmeoidh údaráis inniúla agus ÚEUM a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí, dá dtagraítear i mír 1, ar aon cheann de na slite seo a leanas:
(a)
go díreach;
(b)
i gcomhar le húdaráis eile nó le ÚEUM;
(c)
trína bhfreagracht a tharmligean do na húdaráis sin nó do ÚEUM;
(d)
trína gcur i bhfeidhm maidir leis na húdaráis bhreithiúnacha inniúla."
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
"5. Maidir le duine a chuireann faisnéis ar fáil don údarás inniúil nó do ÚEUM i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní mheasfar go mbeidh aon srian á shárú ag an duine sin maidir le nochtadh faisnéise arna fhorchur le conradh nó le haon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin agus ní bheidh an duine sin faoi réir dliteanas ar bith maidir leis an bhfógra sin.";
(13)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 35:
"2.
Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d’oibrigh don údarás inniúil, do ÚEUM nó d’aon tríú páirtí ar bith a ndearna an túdarás inniúil a chumhachtaí a tharmligean chuige. Ní fhéadfar faisnéis a chumhdaítear le rúndacht ghairmiúil a nochtadh do dhuine nó d'údarás ar bith eile seachas de bhua forálacha a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.";
(14)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deireanaí de mhír 1 d'Airteagal 38:
"Faoin 21 Iúil 2019, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ÚEUM maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do ÚEUM gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar air ina dhiaidh sin.";
(15)cuirtear isteach an chaibidil seo a leanas:
"CAIBIDIL VIIIA
CUMHACHTAÍ AGUS INNIÚLACHTAÍ ÚEUM
ROINN 1
INNIÚLACHTAÍ AGUS NÓSANNA IMEACHTA
Airteagal 43a
Feidhmiú cumhachtaí ag ÚEUM
Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ÚEUM, d'aon duine dá chuid oifigeach nó d'aon duine a bheidh údaraithe ag ÚEUM, i gcomhréir le hAirteagal 43b go Airteagal 43d, ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi phribhléid dhlíthiúil a éileamh.
Airteagal 43b
Iarraidh ar fhaisnéis
1.
Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.
(a)
eisitheoirí, tairgeoirí nó daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádáil ar mhargadh rialáilte iad, agus na daoine a rialaíonn iad nó a rialaíonn siad;
(b)
bainisteoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);
(c)
iniúchóirí agus comhairleoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);
(d)
na hidirghabhálaithe airgeadais arna gcoimisiúnú ag na daoine dá dtagraítear faoi (a) chun urrúis a thairiscint don phobal nó chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;
(e)
ráthóir na nurrús atá á dtairiscint don phobal nó á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.
2.
Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata a lua;
(c)
an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d)
teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e)
ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a niarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;
(f)
a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 43f, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.
3.
Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
(a)
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
cuspóir na hiarrata a lua;
(c)
an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;
(d)
teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e)
sonróidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 43f i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;
(f)
sonróidh sé cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 43f, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;
(g)
a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
4.
Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a nionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
5.
I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe.
Airteagal 43c
Imscrúduithe ginearálta
1.
Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;
(b)
cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
(c)
aon duine dá dtagraítear in Airteagal 43a(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;
(d)
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
(e)
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
2.
Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na nimscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. Sonrófar san údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 43g i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, ná aon ábhar eile atá leagtha síos nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonrófar ann na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 43f i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1) mícheart nó míthreorach.
3.
Ceanglófar ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1) dul faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 43g, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
3.
I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an timscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.
5.
Má bhíonn gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
6.
I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an túdarás sin an méid seo a leanas:
(a) tá an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 barántúil;
(b) go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 43d
Cigireachtaí ar an láthair
1.
Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar le daoine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1) é.
2.
Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 43c(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
3.
In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an túdarás inniúil a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an túdarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.
4.
Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 43g sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.
5.
Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna nordú le cinneadh ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 43g, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
6.
Ar iarratas ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil sin freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.
7.
Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 43c(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 43c(1).
8.
I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
9.
Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
10.
I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an túdarás sin an méid seo a leanas:
(a)
tá an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 4 barántúil;
(b)
go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
ROINN 2
SMACHTBHANNAÍ RIARACHÁIN AGUS BEARTA EILE
Airteagal 43e
Bearta maoirseachta ag ÚEUM
1.
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 43i(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna duine ceann de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d'Airteagal 38(1), déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)
cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;
(b)
cinneadh a ghlacadh lena ngearrfar fíneálacha de bhun Airteagal 43f;
(c)
fógraí poiblí a eisiúint.
2.
Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
(a)
fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b)
an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
(c)
an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.
(d)
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(e)
acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;
(f)
an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;
(g)
méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;
(h)
a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(i)
sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;
(j)
bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.
3.
Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.
Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;
(b)
i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;
(c)
ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 43f
Fíneálacha
1.
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 43i(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna aon duine ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d'Airteagal 38(1), d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena ngearrfar fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
Measfar go ndearnadh sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar chritéir oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d'aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
2.
Is é a bheidh in uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1:
(i)
i gcás duine dlítheanach, EUR 10 000 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 20 Iúil 2017, nó 6 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d'fhormheas an comhlacht bainistíochta.
(ii)
i gcás duine nádúrtha, EUR 1 400 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 20 Iúil 2017.
Chun críocha phointe (i), i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d'fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.
3.
Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 1, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 43e(2) san áireamh.
4.
D'ainneoin mhír 3, i gcás inar bhain duine tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.
5.
Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh duine, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d'Airteagal 38(1) san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, arna ríomh í i gcomhréir le mír 3 agus a mhéid a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.
Airteagal 43g
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1.
Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur chun iallach a chur:
(a)
ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 43e(1)(a);
(b)
ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1):
(i)
faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal 43b;
(ii)
géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh ag cinneadh de bhun Airteagal 43c a chomhlánú agus a cheartú;
(iii)
géilleadh do chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 43d.
2.
Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.
3.
D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4.
Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.
Airteagal 43h
Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1.
Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 43f agus Airteagal 43g a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.
2.
Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 43f agus Airteagal 43g in-fhorfheidhmithe.
3.
I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.
4.
Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 43f agus Airteagal 43g in-fhorfheidhmithe.
Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha i dtaobh nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéanfar an forfheidhmiú.
5.
Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
ROINN 3
NÓSANNA IMEACHTA AGUS ATHBHREITHNIÚ
Airteagal 43i
Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh
1.
I gcás ina naimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d'Airteagal 38(1), ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh do ÚEUM chun an tábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an toifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i bhformheas an réamheolaire lena mbaineann an sárú agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
2.
Déanfaidh an toifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha arna gcur isteach ag na daoine a bheidh faoi imscrúdú á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí.
3.
Chun a chúraimí a dhéanamh, beidh ag an oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 43b agus imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 43c agus Airteagal 43d.
4.
Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
5.
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi réir imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á nimscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an toifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.
6.
Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na nimscrúduithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.
7.
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
8.
Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 43j, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 38(1) déanta ag na daoine atá faoi réir na nimscrúduithe agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 43e agus forchuirfidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 43f.
9.
Ní bheidh an toifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
10.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 44 chun na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena náirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na tréimhsí teorann chun fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.
11.
Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina naimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní fhorchuirfidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.
Airteagal 43j
Éisteacht na ndaoine atá faoi réir imscrúdú
1.
Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 43e, Airteagal 43f agus Airteagal 43g, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir imscrúduithe éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na cinntí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir imscrúduithe a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 43e chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.
2.
Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúduithe a urramú go hiomlán le linn na nimscrúduithe. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM san áireamh sa cheart chun rochtain a fháil ar an gcomhad.
Airteagal 43k
Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais
Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.
ROINN 4
TÁILLÍ AGUS TARMLIGEAN
Airteagal 43l
Táillí maoirseachta
1.
Gearrfaidh ÚEUM táillí ar eisitheoirí, ar thairgeoirí nó ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí isteach iad chun trádáil ar mhargadh rialáilte i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le grinnscrúdú agus formheas ar réamheolairí, lena náirítear forlíonta a ghabhann leo, agus maidir lena bhfógairt d'údaráis inniúla Ballstát óstach, agus aisíoc aon chostais a fhéadfaidh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 43m.
2.
Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar eisitheoir, tairgeoir nó duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é chun trádáil ar mhargadh rialáilte na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM ina chuid gníomhaíochtaí maidir leis an réamheolaire, lena náirítear forlíonta a ghabhann leis, arna tharraingt suas ag an eisitheoir nó ag an tairgeoir sin nó ag an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é chun trádáil ar mhargadh rialáilte. Beidh sé comhréireach le láimhdeachas an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é chun trádáil ar mhargadh rialáilte.
3.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 44 chun na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a níocfar iad a shonrú.
Airteagal 43m
ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla
1.
I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go hiomchuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 43b agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 43c agus le hAirteagal 43d a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní tharmligfear grinnscrúdú, formheas ná fógairt réamheolairí, lena náirítear forlíonta a ghabhann leo, ná na measúnuithe deiridh agus cinntí iardain maidir le sáruithe.
2.
Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:
(a)
raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;
(b)
an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus
(c)
tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.
3.
Aisíocfaidh ÚEUM údarás inniúil as costais arna dtabhú de bharr cúraimí tarmligthe a dhéanamh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 43l(3).
4.
Athbhreithneoidh ÚEUM aon tarmligean a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.
5.
Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú."
Airteagal 10
Forálacha idirthréimhseacha
4.Airteagal 1. Foilseofar an nós imeachta maidir le comhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh tar éis d'Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3 teacht i bhfeidhm. Go dtí go rachaidh comhaltaí uile an Bhoird Feidhmiúcháin i mbun a gcuid dualgas, leanfaidh an Bord Maoirseoirí agus an Bord Bainistíochta dá gcúraimí a dhéanamh.
5.Leanfaidh na Cathaoirligh arna gceapadh roimh theacht i bhfeidhm Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3 de bheith ag déanamh a gcúraimí agus a ndualgas go dtí deireadh a sainordaithe. Déanfar na Cathaoirligh a bheidh le ceapadh tar éis d'Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3 teacht i bhfeidhm a roghnú agus a cheapadh i gcomhréir leis an nós imeachta ceapacháin nua.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige amhail ón [24 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm].
Beidh feidhm ag Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3 ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm]. Mar sin féin, beidh feidhm ag pointe [Airteagal 62] d'Airteagal 1, pointe [Airteagal 62] d'Airteagal 2 agus ag pointe [Airteagal 62] d'Airteagal 3 ón 1 Eanáir [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta an 1 Eanáir den bhliain tar éis don tréimhse bliana tar éis dháta an teacht i bhfeidhm dul in éag].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
Ráiteas Airgeadais Reachtach "Gníomhaireachtaí"
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
1.4.Cuspóirí
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe [an chomhlachta]
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna [an chomhlachta]
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear:
- Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach),
- Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde),
- Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí),
agus lena leasaítear:
Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha;
Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha;
Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha; agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais;
Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais;
Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas
Rialachán (AE) 2017/1129 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;
Treoir 2009/138/CE maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II)
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Réimse beartais: Cobhsaíocht airgeadais, seirbhísí airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
Gníomhaíocht: Cobhsaíocht airgeadais
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
⌧ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Cur le margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime, agus bonn tionsclaíoch níos láidre faoi
1.4.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach Uimh.
2.5 Déanfar an creat rialála airgeadais a mheas, a chur chun feidhme mar is iomchuí agus a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais Eorpaigh.
1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Leis na ÚMEanna, áiritheofar go mbeidh níos mó cóineasaithe maoirseachta ann agus go neartófar an ghné AE. Má fheabhsaítear cóineasú na maoirseachta, is féidir an tualach riaracháin ar gach eintiteas atá faoi mhaoirsiú a laghdú agus tuilleadh sineirgíochta a chruthú i ndáil le costais an chomhlíonta a laghdú i gcás eintitis trasteorann, agus ag an am céanna cosnófar an córas ar arbatráiste maoirseachta ag rannpháirtithe sa mhargadh.
Is fearr a bheidh na ÚMEanna in ann na húdaráis náisiúnta a chomhordú agus, más iomchuí, maoirseacht dhíreach a chur i bhfeidhm. Is féidir go gcuirfidh ról feabhsaithe sin na ÚMEanna le comhtháthú margaidh tríd an ngnó trasteorann a éascú.
Má fheabhsaítear cóineasú na maoirseachta agus má chuirtear cothrom iomaíochta ar bun sa mhargadh aonair ina iomláine le sásra aonfhoirmeach chun táillí a shocrú, beidh na ÚMEanna in ann cistí a chruinniú (de réir sásra soiléir trédhearcach lena nurramófar prionsabal na córa comhionainne) chun a gcuid cúraimí agus sainorduithe a chomhlíonadh ina niomláine san am i láthair agus amach anseo. Rachadh toradh den sórt sin chun tairbhe do na rannpháirtithe uile sa mhargadh i ndeireadh na dála.
1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar
Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
Táscairí féideartha:
•
Líon na gcaighdeán teicniúil arna nglacadh i gcomparáid leis na caighdeáin is gá a fhorbairt
•
Líon na ndréachtchaighdeán teicniúil arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformhuiniú faoi na sprioc-amanna
•
Líon na gcaighdeán teicniúil a moladh agus ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibh
•
Líon na moltaí neamhcheangailteacha arna nglacadh i gcomparáid leis na cinn is gá a fhorbairt
•
Líon na niarratas ar mhíniú ó údaráis inniúla
•
Líon na nimscrúduithe ar sháruithe ar dhlí AE arna dtabhairt chun deiridh go rathúil
•
Meánfhad an imscrúdaithe ar shárú ar dhlí AE
•
Líon na rabhadh maidir le sárú soiléir ar dhlí AE
•
Líon na nidirghabhálacha rathúla gan socrú ceangailteach
•
Líon na gcoláistí ina bhfuil ÚBE/ÚEÁPC/ÚEUM rannpháirteach
•
Líon na gcruinnithe déthaobhacha le húdaráis inniúla
•
Líon na niniúchtaí comhpháirteacha ar an láthair
•
Líon na nuaireanta oiliúna do mhaoirseoirí
•
An líon foirne a dhéanann malartuithe nó a théann ar iasacht
•
Líon na nathbhreithnithe piaraí a dhéantar
•
Líon na mbac ar chóineasú a shainaithnítear agus a chuirtear as an mbealach
•
Uirlisí agus gléasanna nua praiticiúla chun cóineasú a chur chun cinn
•
Líon na dtionscnamh maidir le litearthacht airgeadais agus oideachas
•
Líon na staidéar anailíseacha arna bhfoilsiú
•
Líon na niniúchtaí ar an láthair agus na nimscrúduithe tiomnaithe
•
Líon na gcruinnithe le heintitis atá faoi mhaoirsiú
•
Líon na ngearán nó achomharc ó chuideachtaí atá faoi mhaoirsiú
•
Líon na gcinntí foirmiúla arna nglacadh i ndáil le géarchéimeanna
•
Líon na mbunachar sonraí atá pobalaithe
•
Líon na dtástálacha struis nó cleachtaí comhionanna arna ndéanamh
•
Cóimheas an bhuiséid arna mholadh leis an mbuiséad deiridh arna ghlacadh (in aghaidh na bliana)
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma
|
Ba cheart go rachadh an togra seo i ngleic leis na dúshláin seo a leanas:
1) Cumhachtaí: Tá sé tábhachtach don mhargadh aonair an rialáil a chomhchuibhiú trí bhíthin an leabhair rialacha aonair, ach ní leor é. Tá sé chomh tábhachtach céanna cur chuige comhsheasmhach a bheith ann maidir le forléiriú agus cur i bhfeidhm reachtaíocht AE chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh aonair agus chun an riosca a laghdú go mbeidh arbatráiste maoirseachta agus iomaíocht mhaoirseachta ann. Chuige sin, caithfidh gléas a bheith ar na ÚMEanna dea-chur i bhfeidhm reachtaíocht AE agus caighdeáin chomhpháirteacha éifeachtacha maoirseachta a chur chun cinn ar fud an Aontais Eorpaigh trí bhíthin bearta cóineasaithe maoirseachta agus maoirseacht dhíreach i réimsí áirithe. Is amhlaidh atá, go háirithe, do ÚEUM i gcomhthéacs aontas na margaí caipitil. Sin an fáth a bhfuil sé mar aidhm ag an togra reachtach cumhachtaí nua a dheonú (do ÚEUM) chun comhtháthú margaí a fheabhsú, agus na cumhachtaí a leagtar amach cheana féin sna Rialacháin maidir le ÚMEanna a neartú nó a shoiléiriú.
2) Rialachas: Is é comhdhéanamh an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Bainistíochta an fhadhb is mó leis an gcruth atá ar chúrsaí rialachais i láthair na huaire, óir ní leor mar a chuireann sé leasanna AE chun cinn le linn na cinnteoireachta agus cuireann sé bac ar ÚMEanna a sainorduithe a chomhlíonadh ina niomláine toisc go ndíspreagann sé úsáid uirlisí áirithe. Is é croí na faidhbe gur ionadaithe ó údaráis inniúla náisiúnta formhór na gcomhaltaí ar bhoird bainistíochta agus ar bhoird maoirseoirí ÚMEanna, agus is acu sin amháin atá cearta vótála (diomaite den Choimisiún i gcás vóta faoin mbuiséad i ngach ceann de na boird bainistíochta). Cúis coinbhleachtaí leasa é an méid sin. Thairis sin, tá ról agus cumhachtaí na gcathaoirleach srianta go mór agus is iad na boird maoirseoirí a cheapann iad, rud a laghdaíonn a núdarás agus a neamhspleáchas. Ina theannta sin, bíonn an iomarca le déanamh ag na boird maoirseoirí, ach is teoranta cúraimí na mbord bainistíochta, rud a fhágann gur deacair cinntí a dhéanamh go mear. Anuas air sin, imríonn an cruth atá ar chúrsaí rialachais tionchar ar na dreasachtaí atá ann do ÚMEanna úsáid a bhaint as uirlisí áirithe amhail an idirghabháil cheangailteach, ar scóip na nathbhreithnithe piaraí, ar sheoladh nósanna imeachta maidir le sáruithe ar dhlí AE nó ar ghlacadh tuarascálacha leantacha.
3) Cistiú: Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras cistiúcháin atá ann faoi láthair lena áirithiú go mbeidh feidhmiú na ÚMEanna éifeachtach agus go roinnfear costas a noibríochtaí go cothrom. Ós rud é go bhfuil sé d'aidhm ag an togra reachtach ról na ÚMEanna sa mhaoirseacht a fheabhsú, is gá an cistiú a choigeartú (suas is dócha) tráth a bhfuil buiséad an Aontais agus buiséid na mBallstát araon faoi bhrú. Thairis sin, fágann cistiú iomlán poiblí na ÚMEanna go bhfuil airgead poiblí á chaitheamh ar sheirbhís atá dírithe ar chuid shonrach den earnáil phríobháideach. Is féidir costais na ÚMEanna a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtúla agus níos cothroime ar na gníomhaithe eacnamaíocha ach an prionsabal "leithdháileadh de réir cúise" a chur i bhfeidhm agus a áirithiú go ndéanfaidh an tionscadal ábhartha an cistiú i bpáirt ar a laghad. Ar deireadh, níl an córas atá ann faoi láthair go hiomlán cothrom i gcás údaráis inniúla náisiúnta áirithe a chuireann sciar díréireach den chistiú ar fáil i dtaca le méid na hearnála ina mBallstáit féin.
|
1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh sé teacht mar thoradh ar thosca éagsúla, e.g. gnóthachain comhordúcháin, deimhneacht dhlíthiúil, níos mó éifeachtachta nó nithe comhlántacha). Chun críoch an phointe seo, is é is ciall le "luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE" an luach a thagann as idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh le hidirghabháil na mBallstát dá mbeadh siad ag feidhmiú astu féin.
Cúiseanna leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (ex-ante)
Léirigh meastóireacht 2017 go bhfuil údar maith agus gá le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá sainaitheanta maidir le réimse na gcumhachtaí atá ar fáil do ÚMEanna, a gcreat rialachais agus a gcreat cistiúcháin. Teastóidh leasuithe ar na Rialacháin maidir le ÚMEanna chun aon ghníomhaíochtaí i ndáil leis sin a chur i gcrích. Comhlachtaí de chuid an Aontais nach féidir ach le reachtóir an Aontais – ar bhonn Airteagal 114 CFAE sa chás seo – a gcumhachtaí agus a bhfeidhmiú a leasú is ea na ÚMEanna.
Luach breise de chuid an Aontais a mheastar a ghinfear (ex-post)
Nuair a cruthaíodh na ÚMEanna, aithníodh go raibh gá le córas maoirseachta ar leibhéal AE chun cosaint an tomhaltóra agus an infheisteora a fheabhsú agus chun cobhsaíocht agus éifeachtacht an chórais airgeadais a neartú ar fud an Aontais Eorpaigh. Is ar leibhéal an Aontais is fearr a bhainfear na cuspóirí sin amach.
Tá na geallsealbhóirí d'aon tuairim gur chuir na ÚMEanna go mór le neartú an chomhordaithe agus an chomhair idir maoirseoirí náisiúnta agus gur imir siad ról tábhachtach maidir lena áirithiú go raibh na margaí airgeadais san Aontas Eorpach ag feidhmiú mar ba chóir, go ndéantar dea-rialáil agus dea-mhaoirsiú orthu agus gur fearrde cosaint na dtomhaltóirí iad.
Tiocfaidh méadú ar an ngá le ÚMEanna agus lena ndéanann siad ar son maoirseacht éifeachtach san Aontas Eorpach de réir mar a éireoidh na margaí airgeadais níos idirnasctha, san Aontas agus ar fud an domhain. Beidh dlúthbhaint ag na ÚMEanna leis an iarracht Aontas na Margaí Caipitil a thógáil, i bhfianaise an róil lárnaigh atá acu maidir le comhtháthú margaí a chur chun cinn agus deiseanna margaidh aonair a chur ar fáil d'eintitis airgeadais agus d'infheisteoirí.
Dá bhfillfí ar an maoirseacht ar bhonn náisiúnta, maille leis an bprionsabal an smacht a bheith ag an tír bhaile agus íoschaighdeáin stuamachta agus aitheantas frithpháirteach a bheith i bhfeidhm, ba dheimhin nach bhféadfaí margaí airgeadais an Aontais a chomhtháthú, rud a bhfuil géarghá leis, agus go háirithe creat na margaí caipitil. B'olc an tionchar a d'imreodh sé sin ar chumas an Aontais Eorpaigh infheistíochtaí fadtéarmacha a láidriú agus foinsí cistiúcháin a chruthú do ghnólachtaí an Aontais, rudaí a bhfuil gá leo má táthar chun geilleagar an Aontais a neartú agus infheistiú a spreagadh chun poist a chruthú.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
|
Thosaigh na trí ÚMEanna ag feidhmiú mar ghníomhaireachtaí neamhspleácha de chuid an Aontais Eorpaigh i mí Eanáir 2011 faoi na Rialacháin maidir le ÚME ó 2010.
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar oibríochtaí na ÚMEanna in 2014. Ag an am sin, ba é a chonclúid gur chruthaigh na ÚMEanna go maith, ach mar sin féin, sainaithníodh ceithre réimse inarbh fhéidir roinnt rudaí a fheabhsú: (1) creat cistiúcháin (an creat atá ann faoi láthair a athsholáthar); (2) cumhachtaí (e.g., méadú na béime ar an gcóineasú maoirseachta, úsáid níos éifeachtaí a bhaint as na cumhachtaí atá ann, agus soiléiriú agus síneadh féideartha na sainorduithe atá ann faoi láthair); (3) rialachas (e.g., feabhsú an rialachais inmheánaigh chun a áirithiú gur le leas an Aontais Eorpaigh ina iomláine na cinntí a dhéantar); agus (4) struchtúir maoirseachta (measúnú ar athruithe struchtúracha amhail na húdaráis a chomhcheangal in aon chomhlacht amháin agus in aon suíomh amháin nó cur chuige "déach" a thabhairt isteach).
Thairis sin, i mí Dheireadh Fómhair 2013, rinne Parlaimint na hEorpa athbhreithniú ar na ÚMEanna. Bhí cuid de na conclúidí ar aon dul le conclúidí an Choimisiúin maidir le feidhmíocht na ÚMEanna, lena náirítear an chonclúid i dtaobh na tréimhse breathnóireachta a bheith an-ghearr. I dtuarascáil na Parlaiminte bhí liosta mionsonraithe d'ítimí a bheadh le feabhsú, le hathruithe reachtacha i gcásanna áirithe. Ina theannta sin, ina rún ó Mhárta 2014 maidir leis an athbhreithniú ar CEMA, d'iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún tograí reachtacha nua a chur faoina bráid le haghaidh athbhreithniú na ÚMEanna i réimsí amhail rialachas, ionadaíocht, comhar agus cóineasú maoirseachta, agus feabhsú cumhachtaí.
Ba é conclúid na Comhairle i mí na Samhna 2014 gur cheart oiriúnuithe spriocdhírithe a mheas chun feabhas a chur ar fheidhmíocht, ar rialachas agus ar mhaoiniú na ÚMEanna.
Sa togra reachtach seo, cuireadh san áireamh na saincheisteanna a tháinig aníos le linn meastóireachtaí roimhe seo agus sa mhéad a mhaígh na geallsealbhóirí (lena náirítear an méid a maíodh i gcomhthéacs ghlao an Choimisiúin ar fhianaise agus i gcomhthéacs aontas na margaí caipitil). Tugadh aird ar leith áfach ar an meastóireacht a rinneadh in earrach na bliana 2017 inar thángthas ar an gconclúid gur chomhlíon na ÚMEanna na cuspóirí atá acu faoi láthair agus gur iomchuí na struchtúir maoirseachta earnála atá ag na ÚMEanna faoi láthair. Mar sin féin, moladh feabhsú spriocdhírithe a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bheadh ann amach anseo, go háirithe maidir le cumhachtaí na ÚMEanna, a gcreat rialachais agus a gcreat maoiniúcháin a fheabhsú.
|
1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann
Tá cuspóirí an togra seo comhsheasmhach le roinnt beartas eile de chuid an Aontais agus le tionscnaimh an Aontais atá ar siúl faoi láthair a bhfuil na haidhmeanna seo a leanas acu: (i) an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta ("AEA") a fhorbairt; (ii) aontas na margaí caipitil a fhorbairt; (iii) éifeachtúlacht agus éifeachtacht na maoirseachta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a fheabhsú, laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon.
Ar an gcéad dul síos, tá an togra seo comhsheasmhach le AEA. Aibhsíodh i dTuarascáil na gCúig Uachtarán maidir le Críochnú AEA na hEorpa go mb'fhéidir go dtiocfadh ann do rioscaí nua don chobhsaíocht airgeadais de thoradh margaí caipitil a chomhtháthú a thuilleadh agus de thoradh deireadh a chur de réir a chéile lena bhfuil fágtha de na bacainní náisiúnta. De réir na tuarascála sin, is gá an creat maoirseachta a leathnú agus a neartú chun stóinseacht gach gníomhaí airgeadais a áirithiú. Ba é conclúid a baineadh i dTuarascáil na gCúig Uachtarán gurbh é a thiocfadh as seo i ndeireadh na dála Maoirseoir Aonair ar Mhargaí Caipitil na hEorpa. Lena chois sin, aibhsíodh sa pháipéar machnaimh a eisíodh le déanaí faoi dhoimhniú AEA go bhfuil sé fíorthábhachtach creat maoirseachta níos comhtháite a bheith ann lena náireofar cur chun feidhme coiteann na rialacha don earnáil airgeadais agus forfheidhmiú maoirseachta níos láraithe. Cé nach dtéann an togra reachtach chomh fada le maoirseoir aonair ar mhargaí caipitil a chruthú, is é aidhm an togra seo an creat maoirseachta a neartú. Foráiltear ann freisin maidir le cúraimí maoirseachta áirithe (amhail formheas réamheolairí AE áirithe, riarthóirí tagarmharcanna, soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, cistí AE áirithe) a aistriú chuig an leibhéal AE agus chuig ÚEUM go háirithe.
Ar an dara dul síos, tá an togra seo comhsheasmhach le tionscadal aontas na margaí caipitil. Trí bhealaí cistiúcháin níos ilghnéithí a chur chun cinn, beidh aontas na margaí caipitil ina chuidiú chun buanseasmhacht chóras airgeadais an Aontais Eorpaigh a mhéadú. Ag an am céanna, is gá a bheith san airdeall ar rioscaí airgeadais a thiocfadh chun cinn sna margaí caipitil. Dá bhrí sin, is gá creat maoirseachta ar ardcháilíocht le go mbeidh na margaí caipitil comhtháite mar is ceart agus ag feidhmiú mar is ceart. Ba cheart go náiritheofaí leis an togra reachtach go gcuirfí an leabhar rialacha aonair chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach ar fud an mhargaidh aonair. Dá bhrí sin, bheadh eintitis airgeadais ar comhchosúil méid a ngnó agus a bpróifílí riosca, bheidís faoi réir na gcaighdeán céanna maoirseachta gan beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe san Aontas agus le harbatráiste rialála a sheachaint.
Ar an tríú dul síos, tá an togra seo comhsheasmhach leis an gcuspóir ginearálta éifeachtúlacht agus éifeachtacht na maoirseachta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a fheabhsú, laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Le blianta beaga anuas, tá roinnt athchóirithe curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun earnálacha na baincéireachta, an árachais agus na margaí caipitil a dhéanamh níos trédhearcaí, dea-rialáilte, stóinsí. Trí shoiléiriú a dhéanamh ar roinnt de na cumhachtaí a tugadh do na ÚMEanna (amhail réitigh díospóide, athbhreithnithe neamhspleácha) agus trí struchtúr rialachais na ngníomhaireachtaí sin a mhodhnú, fágfaidh an togra go dtiocfaidh feabhas ar an maoirseacht laistigh den Aontas. Thairis sin, tá méadú tagtha ar líon na "gcóras tríú tír" a chuimsítear le reachtaíocht airgeadais an Aontais, rud a chuireann ar a gcumas do ghnóthais nach gnóthais de chuid AE iad rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais, ar choinníoll, de ghnáth, go bhfuil siad údaraithe i Stát ag a bhfuil córas rialála atá comhionann le córas an Aontais agus a chuireann sásra cómhalartach éifeachtach ar fáil le rochtain a thabhairt do ghnóthais de chuid AE. Sa togra reachtach, cuirfear in iúl ar bhealach níos follasaí gur féidir leis na ÚMEanna cúnamh a thabhairt don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí tríú tír (i.e. forbairtí rialála, maoirseachta agus margaidh sa tríú tír chomh maith le teist mhaoirseachta údaráis an tríú tír) i ndlínsí atá faoi réir cinneadh coibhéise deimhneach ón gCoimisiún. Is éard is cuspóir leis an bhfaireachán sin a áirithiú go leanfar, ar bhonn leanúnach, de chomhlíonadh na gcoinníollacha a bhfuil an cinneadh coibhéise bunaithe orthu, le béim ar leith ar fhorbairtí tríú tír a fhéadfaidh tionchar a imirt ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit.
Ar an gceathrú dul síos, tá an togra reachtach seo i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún a tíolacadh le déanaí maidir leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le contrapháirtithe lárnacha ("CPLanna") a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint. Leis an togra maidir le CPLanna tugtar isteach cur chuige níos uile-Eorpaí i ndáil le maoirsiú CPLanna an Aontais Eorpaigh. Cuirfear sásra maoirseachta nua ar bun laistigh de ÚEUM a mbeidh sé de chúram air a áirithiú go ndéanfar maoirsiú níos comhsheasmhaí agus níos comhleanúnaí ar CPLanna an Aontais Eorpaigh agus go ndéanfar maoirsiú níos stóinsí ar CPLanna tíortha nach tíortha AE iad, is é sin le rá "tríú tíortha".
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta
–◻
Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB
⌧ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2019 go 2020,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–◻
na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
⌧ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
⌧ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209;
◻ comhlachtaí dlí poiblí;
◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
I gcomhréir le socruithe atá ann cheana, ullmhaíonn na ÚMEanna tuarascálacha rialta ar a ngníomhaíochtaí (lena náirítear tuairisciú inmheánach don bhainistíocht shinsearach, tuairisciú do na boird agus tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú), agus tá siad faoi réir a niniúchta ag Cúirt na nIniúchóirí agus ag Seirbhís Inmheánach Iniúchta an Choimisiúin maidir lena núsáid acmhainní agus a bhfeidhmíocht. Beidh an faireachán agus an tuairisciú ar na gníomhaíochtaí a chuimsítear sa togra, beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais atá ann cheana agus le haon cheanglais nua a thiocfaidh as an togra seo.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.
I ndáil le húsáid dhlíthiúil, eacnamaíoch, éifeachtúil agus éifeachtach na leithreasuithe a eascróidh ón togra, meastar nach dtiocfaidh den togra rioscaí nua nach mbeadh cumhdaithe faoin gcreat rialaithe inmheánach atá ann faoi láthair.
Mar sin féin, d'fhéadfadh dúshlán nua a bheith ann de thoradh an athraithe maoinithe, mar atá bailiú prapúil ranníocaíochtaí bliantúla na ninstitiúidí airgeadais agus na rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh a áirithiú.
2.2.2.Modhanna rialaithe atá beartaithe
Cuirtear chun feidhme cheana féin na córais bainistíochta agus rialaithe dá bhforáiltear sna Rialacháin maidir le ÚMEanna. Oibríonn ÚMEanna i ndlúthchomhar le Seirbhís Inmheánach Iniúchta an Choimisiúin lena áirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin iomchuí i réimsí uile an chreata rialaithe inmheánaigh. Beidh feidhm freisin ag na socruithe seo maidir le ról ÚMEanna de réir an togra reatha.
Thairis sin, déanann Parlaimint na hEorpa, gach bliain airgeadais de bhun moladh ón gComhairle, urscaoileadh a thabhairt do gach ÚME chun a bhuiséad a chur chun feidhme.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.
Chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, tá feidhm gan srian maidir leis na ÚMEanna ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).
Tá straitéis frithchalaoise thiomnaithe agus plean gníomhaíochta a thagann aisti ag na ÚMEanna. Na gníomhaíochtaí neartaithe atá ag na ÚMEanna i réimse na frithchalaoise, beidh siad i gcomhréir leis na rialacha agus an treoir a chuirtear ar fáil sa Rialachán Airgeadais (bearta frithchalaoise mar chuid de bhainistiú fónta airgeadais), i mbeartais coiscthe calaoise OLAF, sna forálacha dá bhforáiltear faoi Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin (COM(2011)376), agus a leagtar amach sa Chur Chuige Coiteann i ndáil le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh (Iúil 2012) agus an treochlár a bhaineann leis.
Thairis sin, sna Rialacháin lena mbunaítear na ÚMEanna agus i Rialacháin Airgeadais na ÚMEanna, leagtar amach na forálacha maidir le cur chun feidhme agus rialú bhuiséad na ÚMEanna agus na rialacha airgeadais is infheidhme, lena náirítear na cinn sin a bhfuil sé mar aidhm acu calaois agus neamhrialtachtaí a chosc.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
[Ceannteideal………………………...…………]
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
1a
|
12 02 04 ÚBE
12 02 05 ÚEÁPC
12 02 06 ÚEUM
|
Difreáilte
|
TÁ
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
·Línte nua buiséid atá á niarraidh: Neamhbhainteach
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
[Ceannteideal………………………………………]
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
[…]
|
[XX.YY.YY.YY]
[…]
|
[…]
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
Beidh an tionchar seo a leanas ag an tionscnamh reachtach seo ar chaiteachas:
1. Fostú 210 ball foirne nua ag ÚBE, ÚEÁPC agus ÚEUM le linn 2019-2022.
2. Déanfar costas na mball foirne nua sin (agus caiteachas eile a bhaineann leis na cúraimí nua a thabharfar do na ÚMEanna) a chistiú ina iomláine le ranníocaíochtaí bliantúla le haghaidh maoirseacht neamhdhíreach agus le táillí le haghaidh maoirseacht dhíreach arna bhfáil ón tionscal (gan tionchar ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh). Maidir le ÚEUM, féach gur le táillí ón tionscal a chlúdófar, ina niomláine, na baill foirne nua agus na costais bhreise uile a bhainfidh le maoirseacht dhíreach.
Mar sin féin, má ghlactar leis go dtarlóidh an glacadh agus an teacht i bhfeidhm sa chéad ráithe de 2019, toisc go mbeadh ar an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ullmhú chun na ranníocaíochtaí bliantúla, na cúrsaí dá ndlitear táillí, méid na dtáillí agus an dóigh a níocfar iad a leagan amach, foráiltear sa togra go mbaileofar na ranníocaíochtaí bliantúla ó thús na bliana a thosóidh aon bhliain iomlán amháin tar éis a theacht i bhfeidhm – fágann sin, sa chás seo, go bhféadfar an caiteachas breise ar mhaoirseacht neamhdhíreach a thiocfaidh as an togra seo a chistiú le ranníocaíochtaí bliantúla ón 1 Eanáir 2021. Ach toisc go mbeadh na ÚMEanna ag tabhú costas faoin Rialachán ón uair a thiocfadh an Rialachán i bhfeidhm, is gá buiséad breise a fháil ón Aontas Eorpach in 2019 agus 2020 chun céim luath na noibríochtaí a chlúdach ar bhonn idirthréimhseach go dtí go mbaileofar na ranníocaíochtaí bliantúla agus ó 2021 ar aghaidh beifear in ann an clúdach idirthréimhseach réamhráite, arna sholáthar in 2019 agus 2020, a aisíoc le buiséad an Aontais Eorpaigh.
Ar an dóigh chéanna, na táillí lena gclúdófar an caiteachas ar mhaoirseacht dhíreach (ar táillí iad a bheadh infheidhme ó 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm, i.e. 2021 sa chás seo), ní dhéanfar iad a bhailiú ina niomláine ach tar éis do ghníomhartha tarmligthe sonracha a theacht i bhfeidhm. Glacadh leis sa doiciméad seo go beidh tionchar ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh in 2021 ag réamhíocaíochtaí a dhéanfar sular féidir na táillí sin a bhailiú agus go naisíocfaidh na ÚMEanna na réamhíocaíochtaí sin leis an Aontas Eorpach in 2022 ar a dhéanaí. Dá réir sin, níltear ag súil le haon chaiteachas breise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh in 2022; i bprionsabal, is ó tháillí a bhaileofar ó na rannpháirtithe sa mhargadh atá le maoirsiú a chisteofar an caiteachas breise i réimse na maoirseachta dírí.
Tiocfaidh an buiséad breise sin ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, mar ní féidir le buiséad AS FISMA méid den sórt sin a chumhdach.
Déanfar na costais a bhaineann le cúraimí agus le gníomhaíochtaí in 2019 agus in 2020 de chuid na ÚMEanna atá ann cheana, déanfar iad a chistiú de réir an chreata cistiúcháin atá ann faoi láthair i gcomhréir le creat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020.
|
AN TIONCHAR MEASTA AR CHAITEACHAS AGUS AR FHOIREANN DON BHLIAIN 2021 AGUS INA DHIAIDH SIN SA RÁITEAS REACHTACH SEO, TÁ SÉ ANN MAR LÉIRIÚ AGUS TÁ SÉ GAN DOCHAR DON TOGRA LE HAGHAIDH AN CHREATA AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL A BHEIDH ANN TAR ÉIS 2020 A THÍOLACFAR FAOI BHEALTAINE 2018. Maidir leis sin, féach freisin gurb amhlaidh, cé go mbeidh an fhoireann iomlán is gá le haghaidh maoirseacht dhíreach ag brath, le himeacht aimsire, ar an bhforbairt a thiocfaidh ar líon agus ar mhéid na rannpháirtithe sna margaí caipitil atá le maoirsiú, is le táillí a bhaileofar ó na rannpháirtithe sin sa mhargadh a chisteofar, i bprionsabal, an caiteachas lena mbaineann.
|
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
Uimhir
|
Ceannteideal 1a Iomaíochas le haghaidh fáis agus post
|
|
ArdStiúrthóireacht: FISMA
|
|
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
IOMLÁN
|
|
12.0204 ÚBE
|
Gealltanais
|
(1)
|
2 493,0
|
4 096,3
|
0
|
|
6 589,3
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
2 493,0
|
4 096,3
|
0
|
|
6 589,3
|
|
12.0205 ÚEÁPC
|
Gealltanais
|
(1a)
|
3 759,7
|
5 356,0
|
0
|
|
9 115,7
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2 a)
|
3 759,7
|
5 356,0
|
0
|
|
9 115,7
|
|
12.0206 ÚEUM
|
Gealltanais
|
(3 a)
|
17 728,6
|
20 589,6
|
10 142,8
|
|
48 461,0
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(3b)
|
17 728,6
|
20 589,6
|
10 142,8
|
|
48 461,0
|
|
IOMLÁN leithreasuithei gcomhair ArdStiúrthóireacht FISMA
|
Gealltanais
|
=1+1a +3a
|
23 981,3
|
30 041,9
|
10 142,8
|
|
64 166,0
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+2a+3b
|
23 981,3
|
30 041,9
|
10 142,8
|
|
64 166,0
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
5
|
"Caiteachas riaracháin"
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
ArdStiúrthóireacht: <…….>
|
|
• Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN ArdStiúrthóireacht <…….>
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
23 981,3
|
30 041,9
|
10 142,8
|
|
|
|
|
64 166,0
|
|
|
Íocaíochtaí
|
23 981,3
|
30 041,9
|
10 142,8
|
|
|
|
|
64 166,0
|
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe [an chomhlachta]
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
COSTAS IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna [an chomhlachta] – Féach an Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais reachtach
1.Achoimre
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
Oifigigh (Gráid AD)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Oifigigh (Gráid AST)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Baill foirne ar conradh
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Pearsanra sealadach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Saineolaí náisiúnta ar iasacht
|
|
|
|
|
|
|
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar an bhfoireann (FTE breise) – an plean bunaíochta
|
Grúpa feidhme agus grád
|
Bliain N
|
Bliain N+1
|
Bliain N+2
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
AD16
|
|
|
|
|
|
(AD15)
|
|
|
|
|
|
(AD14)
|
|
|
|
|
|
(AD13)
|
|
|
|
|
|
(AD12)
|
|
|
|
|
|
(AD11)
|
|
|
|
|
|
(AD10)
|
|
|
|
|
|
(AD9)
|
|
|
|
|
|
(AD8)
|
|
|
|
|
|
(AD7)
|
|
|
|
|
|
(AD6)
|
|
|
|
|
|
(AD5)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
AD Iomlán
|
|
|
|
|
|
(AST11)
|
|
|
|
|
|
(AST10)
|
|
|
|
|
|
(AST9)
|
|
|
|
|
|
(AST8)
|
|
|
|
|
|
(AST7)
|
|
|
|
|
|
(AST6)
|
|
|
|
|
|
(AST5)
|
|
|
|
|
|
(AST4)
|
|
|
|
|
|
(AST3)
|
|
|
|
|
|
(AST2)
|
|
|
|
|
|
(AST1)
|
|
|
|
|
|
AST Iomlán
|
|
|
|
|
|
AST/SC 6
|
|
|
|
|
|
AST/SC 5
|
|
|
|
|
|
AST/SC 4
|
|
|
|
|
|
AST/SC 3
|
|
|
|
|
|
AST/SC 2
|
|
|
|
|
|
AST/SC 1
|
|
|
|
|
|
AST/SC Iomlán
|
|
|
|
|
|
MÓRIOMLÁN
|
|
|
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar an bhfoireann (sa bhreis) – pearsanra seachtrach
|
Gníomhairí ar conradh
|
Bliain N
|
Bliain N+1
|
Bliain N+2
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
Grúpa feidhme IV
|
|
|
|
|
|
Grúpa feidhme III
|
|
|
|
|
|
Grúpa feidhme II
|
|
|
|
|
|
Grúpa feidhme I
|
|
|
|
|
|
Iomlán
|
|
|
|
|
|
Saineolaí náisiúnta ar iasacht
|
Bliain N
|
Bliain N+1
|
Bliain N+2
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
Iomlán
|
|
|
|
|
Luaitear an dáta earcaíochta atá beartaithe agus cuirtear an dáta in oiriúint mar is iomchuí (más i mí Iúil atá sé beartaithe an earcaíocht a dhéanamh, ní chuirtear san áireamh ach 50 % den chostas) agus tabhair mínithe breise in iarscríbhinn.
2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach don mháthair-ArdStiúrthóireacht
–⌧
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an chéad deachúil ar a mhéad).
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain N+2
|
Bliain N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 01 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 04 yy
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- toscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
|
|
Pearsanra seachtrach
|
|
Ba cheart tuairisc ar ríomh an chostais i gcomhair aonaid FTE (coibhéis lánaimseartha) a bheith ar áireamh i roinn 3 d'Iarscríbhinn V.
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
–◻
Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.
–⌧
Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.
Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
Teastaíonn athchlárú ar línte buiséid na ÚMEanna (12.0204, 12.0205 agus 12.0206). Cé go gcumhdóidh táillí na méideanna iomlána atá beartaithe, teastóidh réamhíocaíocht ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh chun na costais arna dtabhú, ar a laghad, le linn na chéad ocht mí dhéag d'fheidhmiú a chlúdach.
Tar éis an togra a ghlacadh, beidh ar an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena sonrófar go mion an mhodheolaíocht maidir le táillí a ríomh agus a bhailiú. Teastóidh neamhagóid ina chomhair sin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus eolas ina thaobh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil sular féidir táillí a bhailiú. Mar sin féin, bheifí ag súil leis na costais seo a aisghabháil in imeacht ama, agus in 2021 ar a dhéanaí.
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
[…]
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.
–Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–⌧
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam..
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻
ar acmhainní dílse
–◻
ar ioncam ilghnéitheach
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.
Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.
IARSCRÍBHINN
Rinneadh meastachán ar na costais a bhaineann leis na cúraimí atá le déanamh ag na ÚMEanna i gcás caiteachas ar fhoireann, i gcomhréir leis an aicmiú costais atá i ndréachtbhuiséad ÚEUM do 2018. Beidh tionchar ag an tionscnamh reachtach seo ar chostais a thabhóidh na ÚMEanna de dheasca na nathruithe ar na nithe seo: (I.) an rialachas, (II.) cumhachtaí neamhdhíreacha maoirseachta na ÚMEanna, (III.) an córas cistiúcháin chun na gníomhaireachtaí sin a mhaoiniú agus (IV.) na cumhachtaí díreacha maoirseachta a tugadh do ÚEUM. Is gá freisin tacaíocht a thabhairt do na baill foirne bhreise le hacmhainní forchostas agus saineolaithe dlí (V.). Ó mhéadófar líon na mball foirne, is féidir freisin gur gá roinnt athruithe a dhéanamh ar áitribh na ÚMEanna (VI.) mar gheall ar an togra reachtach seo.
I. Rialachas na ÚMEanna:
De bharr an togra reachtaigh seo, chuirfí Bord Feidhmiúcháin, mar atá comhlacht nuabhunaithe de cheithre chomhalta neamhspleácha lánaimseartha (an Cathaoirleach san áireamh) ó ÚBE agus ÚEÁPC agus de shé chomhalta neamhspleácha lánaimseartha (an Cathaoirleach san áireamh) ó ÚEUM a bheadh dírithe ar shainorduithe na ÚMEanna amháin, chuirfí é sin in ionad an Bhoird Bainistíochta atá ann faoi láthair (comhdhéanta den Chathaoirleach, den Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus de chomhaltaí den Bhord Maoirseoirí). D’fhéadfadh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin atá ann faoi láthair a bheith ina chuid den Bhord Feidhmiúcháin. D’fhéadfadh sé gur ghá, de bharr na nathruithe sin, dhá bhall foirne breise a bheith ag ÚBE agus ÚEÁPC agus ceithre bhall foirne breise a bheith ag ÚEUM (ar choinníoll go nearcófaí na fostaithe sin lasmuigh den eagraíocht). Íocfar iad as buiséad na ÚMEanna. Ba cheart an-taithí a bheith ag an dá fhostaí nua do ÚBE agus ÚEÁPC agus na ceithre fhostaí nua do ÚEUM agus ba cheart iad a earcú mar ghníomhairí sealadacha AD ar ghrád AD 13 ar a laghad. Is cinnte go mbeidh costais earcaíochta EUR 12 700 an duine, de réir an mheastacháin, (liúntais taistil, óstáin, scrúduithe dochtúra agus liúntais eile, costais aistrithe, agus araile) ann de bharr na mball foirne breise sin.
Faoin togra reachtach, thabharfaí cumhachtaí cinnteoireachta le haghaidh cúraimí áirithe neamhrialála don Bhord Feidhmiúcháin, sna cásanna sin ina gcruthaíonn na míailínithe ó thaobh spreagadh de a d’fhéadfadh teacht as an tsamhail rialála reatha na fadhbanna is mó (e.g. sárú ar nósanna imeachta dlí an Aontais agus réitigh díospóide). Ós ceann de chuspóirí an togra seo é úsáid na gcumhachtaí sin a mhéadú, ba cheart tacaíocht leordhóthanach i bhfoirm acmhainní daonna breise a thabhairt do bhuanchomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin chun cuidiú leo a gcúraimí a dhéanamh. Mar shampla, ba cheart go dtiocfadh méadú ar líon na niarrataí ar fhaisnéis (a chuirtear chuig údaráis inniúla nó rannpháirtithe sa mhargadh) agus méadú ar úsáid cumhachtaí réitithe díospóide, ba cheart go dtiocfadh siad sin as na mionathruithe ar na cumhachtaí sin. Is féidir le baill foirne atá ann faoi láthair de chuid na ÚMEanna ar féidir iad a athlónnú ó obair de chineál gar-reachtach chuig cúraimí a bhaineann le cóineasú maoirseachta, is féidir leo formhór na gcúraimí nua sin a dhéanamh. Go deimhin, táthar ag súil gur féidir go dtiocfaidh laghdú beag ar an obair rialála amach anseo nó nach mbeidh aon ardú uirthi sa chaoi go bhféadfadh tuilleadh FTEanna as ÚMEanna a bheith ag obair ar chóineasú maoirseachta. Dá bharr sin, chun tacaíocht a thabhairt don Bhord Feidhmiúcháin nua ina chúraimí nua, ní bheadh gá ach le dhá FTE breise i gcás ÚBE agus ÚEÁPC agus trí FTE breise i gcás ÚEUM.
|
Mar achoimre air sin, táthar ag glacadh leis sa ráiteas airgeadais reachtach seo gur féidir go dtiocfaidh na nithe seo a leanas as athruithe ar rialachas na ÚMEanna maidir le gach ceann de na gníomhaireachtaí sin:
·Earcú 4 ghníomhaire nua shealadacha AD do ÚEUM agus 2 ghníomhaire nua shealadacha AD do ÚBE agus ÚEÁPC ar ghrád AD 13 ar a laghad ag a bhfuil leibhéal ard taithí oibre.
·2 FTE (TAanna iad beirt) do ÚBE agus ÚEÁPC agus 3 FTE do ÚEUM chun cuidiú le comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin nua a gcúraimí a dhéanamh agus déanfaidh sin an méadú ar an ualach oibre a bhfuiltear ag súil leis i leith na hoibre ar chóineasú maoirseachta a chúiteamh.
·Costais earcaíochta ar na baill foirne bhreise sin (liúntais taistil, óstáin, scrúduithe dochtúra agus liúntais eile, costais aistrithe, agus araile).
|
II. Maoirseacht neamhdhíreach a dhéanfaidh na ÚMEanna:
i. Cúraimí coiteanna a mbeidh na hacmhainní céanna de dhíth ar na trí ÚME lena naghaidh
Chun cóineasú a chothú laistigh de líonra na maoirseoirí airgeadais, chuirfí athbhreithnithe neamhspleácha in ionad na nathbhreithnithe piaraí a dhéanann na ÚMEanna. In ainneoin gur painéil athbhreithniúcháin piaraí, arb iad baill foirne as údaráis inniúla náisiúnta AE-28 formhór a gcomhaltaí, a dhéanann na hathbhreithnithe piaraí faoi láthair, is faoi mhaoirsiú an Bhoird Feidhmiúcháin nuabhunaithe a dhéanfar na hathbhreithnithe neamhspleácha. Chun gur féidir leis an mBord Feidhmiúcháin an cúram sin a dhéanamh, foráiltear sa togra reachtach go bhféadfadh sé coiste athbhreithniúcháin a chur ar bun. Baill foirne de chuid na ÚMEanna amháin a bheadh sa choiste sin chun neamhspleáchas na nathbhreithnithe a áirithiú. Ar an ábhar sin, bheadh baill foirne bhreise de dhíth chun an coiste sin a chruthú, fiú má ghlacann roinnt ball foirne de chuid na ÚMEanna páirt cheana sna hathbhreithnithe piaraí faoi láthair. Is féidir a mheas gur cúig bhall foirne breise in aghaidh an ÚME a bheidh i gceist leis an méadú sin a thiocfaidh ar fhoireann na ÚMEanna, mar chúiteamh ar an easpa acmhainní daonna a chuireann údaráis inniúla ar fáil le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin.
Tabharfar misean nua do na ÚMEanna freisin a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla a chomhordú d’fhonn cóineasú i gcleachtais mhaoirseachta agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach dhlí an Aontais a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, shocródh na ÚMEanna spriocanna agus cuspóirí coiteanna i leith maoirseachta i bhfoirm Plean Straitéiseach ilbhliantúil de chuid an Aontais. Ullmhaíonn na ÚMEanna clár oibre bliantúil cheana. Os a choinne sin, tá an clár oibre bliantúil atá ann faoi láthair ceaptha gníomhaíochtaí rialála agus maoirseachta a chumhdach atá le déanamh ag na ÚMEanna iad féin, ach bheadh Plean Straitéiseach ilbhliantúil nua de chuid an Aontais ceaptha gníomhaíochtaí maoirseachta a chumhdach atá le déanamh ag údaráis inniúla. Sa bhreis air sin, de bharr na gcumhachtaí nua comhordúcháin, an Sásra Maoirseachta Aonair agus an Sásra/Bord Réitigh Aonair san áireamh, bheadh ar na húdaráis inniúla cláir oibre bhliantúla a tharraingt suas, i gcomhréir le Plean Straitéiseach an Aontais, agus iad a chur faoi bhráid na ÚMEanna lena measúnú i dtaca le Plean Straitéiseach an Aontais. D’eiseodh na ÚMEanna moladh nó cinneadh formheasa aonair ansin chuig gach údarás inniúil i leith a chláir oibre bhliantúil féin agus d’athbhreithneodh sé an cur chun feidhme de réir mar a bheadh sé ag dul ar aghaidh. Bheadh acmhainní daonna breise de dhíth le haghaidh an idirghníomhaithe leis na húdaráis inniúla agus na hoibre comhordúcháin leis na foirne ábhartha laistigh de gach ÚME. Bheadh trí bhall foirne breise de dhíth in aghaidh an ÚME.
Lena chois sin, thabharfaí misin nua i leith teicneolaíocht airgeadais (FinTech) mar chúram do na ÚMEanna. Faoin togra reachtach, bheadh ar na ÚMEanna: (i) cóineasú a chur chun cinn i leith ceanglais cheadúnúcháin ar chuideachtaí teicneolaíochta airgeadais, (ii) na creataí maoirseachta seachfhoinsiúcháin a shoiléiriú agus a nuashonrú, go háirithe maidir le seachfhoinsiú chuig néalseirbhísí; (iii) moil nuálaíochta teicneolaíochta náisiúnta a chomhordú, agus, b’fhéidir, treoirlínte a eisiúint faoi mhoil nuálaíochta teicneolaíochta/deiseanna trialacha rialála arna gcur ar bun ag Ballstáit; agus (iv) maidir le cibearshlándáil, cóineasú bhainistiú riosca TF agus páirt a ghlacadh, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an mBanc Ceannais Eorpach, i bhforbairt rialacha mionsonraithe maidir le tástáil ar chibearshlándáil. Bheadh acmhainní tiomanta ar FinTech de dhíth chun na cúraimí breise sin a chumhdach, 3 bhall foirne breise, de réir an mheastacháin.
ii. Cúraimí a mbeidh acmhainní éagsúla de dhíth ar na trí ÚME lena naghaidh
Lena chois sin, bheadh freagrachtaí a bheadh sainithe níos soiléire ar na ÚMEanna ó thaobh faireachán a dhéanamh ar chinneadh coibhéise an Choimisiúin is infheidhme ar chreat rialála agus maoirseachta tríú tír. Roimhe seo, in éagmais bunús dlí soiléir do ÚMEanna chun cuidiú leis an gCoimisiún faireachán iarchoibhéise a dhéanamh, bhí ÚMEanna nárbh fhéidir leo cuidiú a thabhairt de dheasca srianta acmhainne. I láthair na huaire, cuireann an ÚME anailís tosaigh ar fáil a chuirtear isteach i measúnú coibhéise an Choimisiúin i gceann amháin de dhá chás: d’iarr an Coimisiún go sonrach ar ÚBE comhairle theicniúil a thabhairt, nó tugadh de chúram go sonrach do ÚBE sin a dhéanamh faoi reachtaíocht phríomha áirithe. Bheadh sé ráite ní ba shoiléire sa togra reachtach maidir le ÚMEanna go bhféadfadh na ÚMEanna cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i dtríú tíortha (i.e. forbairtí rialála, maoirseachta agus margaidh i dtríú tír maille le teist mhaoirseachta údarás tríú tír) i ndlínsí atá faoi réir cinneadh dearfach coibhéise ón gCoimisiún. Is é is cuspóir don fhaireachán seo a áirithiú go leanfar de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha ar a bhfuil an cinneadh coibhéise déanta ar bhonn leanúnach, agus béim ar leith á leagan ar fhorbairtí tríú tír is féidir a imreoidh tionchar ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó. Cuirfidh na ÚMEanna, go háirithe, tuarascáil maidir lena gcuid torthaí faoi bhráid an Choimisiúin. Leis an ról soiléirithe seo, ba ghá anailís a dhéanamh ar fhorbairtí tríú tíortha ar bhonn leanúnach agus an obair leis na hidirghabhálaithe a chomhordú laistigh agus lasmuigh den eagraíocht.
Níl an tualach oibre céanna, áfach, ar na trí ÚMEanna ó thaobh cinntí coibhéise de. Ar na trí ÚMEanna a cheadaíonn cinntí coibhéise tríú tíortha, tá 11 téacs reachtacha as 13 rialachán de chúram ar ÚEUM. Maidir le ÚEÁPC agus ÚBE, tá téacs amháin de chúram orthu araon a dhéanann foráil maidir le coibhéis tríú tíre (i.e. Sócmhainneacht II agus an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil/an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil faoi seach). Mar thoradh air sin, ba cheart gur thábhachtaí na hacmhainní a bheadh de dhíth ar ÚEUM ná na hacmhainní a bheadh de dhíth ar ÚEÁPC agus ÚBE.
Is féidir a mheas gur 9 FTE a bheidh de dhíth ar ÚEUM mar acmhainní breise agus gur EUR 1 mhilliún in aghaidh na bliana na costais a bheidh ar idirbhearta lena mbaineann. Maidir le ÚEÁPC agus ÚBE, is féidir a mheas gur 2 FTE a bheidh de dhíth mar acmhainní daonna breise agus gur EUR 200 000 in aghaidh na bliana a bheidh ar chostais idirbheart lena mbaineann.
iii. Cúram sonrach le haghaidh ÚEUM
Leis an togra, thabharfaí sainordú níos láidre do ÚEUM chun comhar idir údaráis inniúla náisiúnta a spreagadh maidir le cásanna drochúsáide margaidh a bhféadfadh éifeachtaí trasteorann a bheith acu ach, ag an am céanna, leanfadh na cumhachtaí imscrúdaithe, forfheidhmithe agus ionchúisimh de bheith i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta. Faoin togra reachtach seo, bheadh ról ag ÚEUM mar “mhol faisnéise” chun sonraí trádála a bhaineann le hiliomad dlínsí de chuid an Aontais a bhailiú agus a scaipeadh ar iarratas ó rialtóirí. Lena chois sin, i gcás ina naithneoidh údarás inniúil idirbheart trasteorann amhrasach le linn an phróisis maoirseachta, bheadh sé de cheangal air tuairisc a thabhairt do ÚEUM faoi, rud a d’fhágfadh go gcuirfí an cúram ar ÚEUM na gníomhaíochtaí imscrúdaithe a chomhordú go gníomhach ar leibhéal an Aontais. Rachadh struchtúr den sórt sin thar na sainorduithe atá sa Rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh agus sa Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais arb ann dóibh cheana óir thabharfadh sé cumhachtaí comhordúcháin feabhsaithe do ÚEUM agus d’éascódh sé obair na rialtóirí atá i mbun imscrúduithe trasteorann. De thoradh na gcúraimí nua sin, bheadh 2 FTE sa bhreis de dhíth (duine amháin chun comhordú a dhéanamh agus duine eile a bheadh freagrach as seirbhísí TF) le cois costais TF chun áit stórais ar líne a chur ar bun ina bhféadfaidh údaráis inniúla doiciméid arna soláthar ag a bpiaraí agus a bhaineann le faireachas agus imscrúduithe ar dhrochúsáid mhargaidh a íoslódáil agus a uaslódáil. Meastar gur EUR 100 000 in aghaidh na bliana a bheidh ar na costais ríomhaireachta athfhillteacha sin agus gur EUR 500 000 a bheidh ar na costais ríomhaireachta aon uaire.
I measc na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in MiFID II (an Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais II) agus MiFIR (an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais), tá sé d’oibleagáid ar na húdaráis inniúla sonraí a bhailiú ó ionaid trádála maidir le líon ard ionstraimí airgeadais agus tuarascálacha idirbhirt, thart ar 15 mhilliún ar fud an Aontais, arna dtíolacadh ag gnólachtaí infheistíochta. Faoin togra, beidh sé de chúram ar ÚEUM bailiú sonraí tagartha de réir MiFID II/MiFIR a lárú agus iad a bhailiú go díreach ó ionaid trádála. Toisc gurb ann do bhonneagar coiteann TF laistigh de ÚEUM, tá bealach ann chun cóineasú maoirseachta maidir le cur chun feidhme MiFID2/MiFIR a fheabhsú. Ós rud é go dtiocfaidh méadú ar na sonraí atá le tuairisciú, beidh acmhainní breise, lena náirítear acmhainní TF, de dhíth ar ÚEUM. Chun tuairisciú idirbheart a lárú, bheadh 8 FTE de dhíth chomh maith le costais TF, mar atá EUR 3 mhilliún sa chéad bhliain agus EUR 2 mhilliún ar chothabháil sna blianta ina dhiaidh sin.
iv. Cúram sonrach le haghaidh ÚEÁPC
Faoin togra reachtach seo, thabharfaí cumhachtaí nua freisin do ÚEÁPC i dtaca le samhlacha inmheánacha gnóthas árachais. Bheadh sé de chumhacht, go háirithe, ag ÚEÁPC measúnú neamhspleách a dhéanamh ar na hiarratais chun samhail inmheánach a úsáid nó a athrú agus chun tuairim a thabhairt do na húdaráis inniúla lena mbaineann. I gcás díospóidí idir údaráis inniúla faoi shamhail inmheánach, ba mhó an deis a bheadh ag ÚEÁPC cuidiú i réiteach díospóidí trí dhul i mbun idirghabháil cheangailteach. Faoi láthair, tá “foireann samhla inmheánaí” ag ÚEÁPC ar a bhfuil 4 fhostaí lánaimseartha; beidh 5 fhostaí ar an bhfoireann sin go luath amach anseo. A bhuí leis an gcúram nua a chuirfear ar ÚEÁPC, thiocfadh méadú mór ar ualach oibre na foirne sin agus bheadh baill foirne bhreise a bhfuil saineolas acu ar shamhlacha inmheánacha de dhíth. Maidir leis na riachtanais sin ó thaobh acmhainní daonna de, is féidir a mheas go mbeidh 5 FTE breise de dhíth i bhfianaise chineál teicniúil na hoibre.
|
Mar achoimre air sin, táthar ag glacadh leis sa ráiteas airgeadais reachtach seo gur féidir go dtiocfaidh na nithe seo a leanas as cumhachtaí neamhdhíreacha maoirseachta a bheidh nua agus níos láidre a thabhairt do na ÚMEanna:
·Bheadh seo a leanas de dhíth ar ÚEÁPC: 18 FTE (15 TA agus 3 SNE); EUR 200 000 in aghaidh na bliana le haghaidh costais aistriúcháin.
·Bheadh seo a leanas de dhíth ar ÚEUM: 30 FTE (24 TA agus 6 SNE); EUR 3.5 milliún le haghaidh costais aonuaire TF; EUR 2.1 milliún in aghaidh na bliana le haghaidh costais chothabhála; EUR 1 milliún in aghaidh na bliana le haghaidh costais aistriúcháin.
·Bheadh seo a leanas de dhíth ar ÚBE: 13 FTE (11 TA agus 2 SNE); EUR 200 000 in aghaidh na bliana le haghaidh costais aistriúcháin.
|
III. Cistiú
i. Acmhainní chun ranníocaíochtaí bliantúla a ríomh
Is é is aidhm don togra reachtach seo maoiniú na ÚMEanna a athrú. Beidh an maoiniú ag brath den chuid is mó ar fhóirdheontas ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh mar aon le ranníocaíochtaí bliantúla ó eintitis atá faoi shainchúram an údaráis. Sa togra reachtach, tugtar le tuiscint gur cheart do na UMÉanna na ranníocaíochtaí bliantúla ón earnáil phríobháideach a bhailiú ar bhealach neamhdhíreach trí bhíthin údaráis a bheidh ainmnithe ag gach Ballstát. Fiú sa chás sin, bheadh ar na UMÉanna na nithe seo a leanas a dhéanamh: (i) faisnéis a iarraidh ar údaráis inniúla náisiúnta; (ii) na ranníocaíochtaí bliantúla a ríomh; agus (iii) an fhaisnéis sin a chur chuig na Ballstáit/na húdaráis inniúla náisiúnta. Ansin, bheadh ar na húdaráis inniúla náisiúnta nó na Ballstáit na nithe seo a leanas a dhéanamh: (i) na sonraisc a ullmhú; agus (ii) na ranníocaíochtaí bliantúla a bhailiú ón earnáil phríobháideach. Ar deireadh, bheadh ar na ÚMEanna méideanna na ranníocaíochtaí bliantúla a gheofar ó na Ballstáit/na húdaráis inniúla náisiúnta a fhíorú. Bheadh sé de chúram ar na Ballstáit/na húdaráis inniúla náisiúnta bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh i gcás neamhíocaíochta. Baineann an-tábhacht le líon na neintiteas atá faoi shainchúram na ÚMEanna. Tá os cionn 11 600 institiúid creidmheasa agus gnólacht infheistíochta faoi sainchúram ÚBE, 20 000 eintiteas faoi shainchúram ÚEUM agus 20 000 gnóthas árachas agus pinsin faoi shainchúram ÚEÁPC. Dá bharr sin, is féidir a mheas go mbeidh 4 FTE sa bhreis de dhíth don chúram nua sin, lena náirítear 3 FTE chun sonraí a bhailiú agus táillí a ríomh agus FTE amháin chun bheith i mbun an chórais ríomhaireachta.
Ina theannta sin, de thoradh an chórais nua cistithe seo beidh gá le córas nua TF a fhorbairt. In ionad a gcóras ríomhaireachta féin a fhorbairt, d’fhéadfadh na trí ÚME bonneagar coiteann TF a fhorbairt lena gcruthófaí sineirgíochtaí. Bheadh comhéadan TF coiteann i bhfad níos praiticiúla freisin do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a d’fhéadfadh a bheith faoi réir táille a íoc le níos mó ná ÚME amháin, gnólachtaí infheistíochta cuir i gcás.
D’fhéadfadh luach EUR 1.5 milliún a bheith ar chóras TF den sórt sin, i.e. costais aon uaire EUR 500 000 do gach ÚME, agus ansin costais chothabhála EUR 300 000 in aghaidh na bliana, i.e. EUR 100 000 do gach ÚME. Ba ghá don chóras nua ríomhaireachta sin comhéadan a dhéanamh le córas cuntasaíochta gníomhaíochtbhunaithe na ÚMEanna.
ii. Acmhainní chun táillí maoirseachta a ríomh, a shonrascadh agus a bhailiú (ÚEUM)
Leis an togra reachtach seo, thabharfaí cumhachtaí nua díreacha maoirseachta do ÚEUM (féach an chéad mhír eile). Dá bhrí sin, ghearrfadh ÚEUM táillí ar na heintitis a bheidh faoina mhaoirseacht dhíreach nó d’íocfaí táillí leis as na seirbhísí a sholáthródh na heintitis sin. Tá acmhainní nua de dhíth ar ÚEUM chun na heintitis a shonrascadh agus chun táillí a bhailiú uathu.
Aistreofar ceithre earnáil nua chuig ÚEUM, mar atá cistí, réamheolairí, tagarmharcanna agus soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí. Is féidir a mheas go mbeadh FTE amháin in aghaidh na hearnála de dhíth, i.e. 3 FTE breise.
|
Mar achoimre air sin, táthar ag glacadh leis sa ráiteas airgeadais reachtach seo gur féidir go dtiocfaidh na nithe seo a leanas as na hathruithe ar chistiú na ÚMEanna:
·Do ÚBE agus ÚEÁPC: 4 FTE breise (1 TA agus 3 CA) agus meastar go mbeidh costas EUR 0.5 milliún ar chórais TF (costais aon uaire) agus EUR 100 000 in aghaidh na bliana (costais chothabhála).
·Do ÚEUM: 7 FTE breise (1 TA agus 6 CA) agus meastar go mbeidh costas EUR 0.5 milliún ar chórais TF (costais aon uaire) agus EUR 100 000 in aghaidh na bliana (costais chothabhála).
|
IV. Cumhachtaí díreacha maoirseachta – ÚEUM
I dtosach báire, i dtaca le heintitis atá faoi réir maoirseacht dhíreach ÚEUM, ní mór a mheabhrú go gcaithfidh siad táillí a íoc le ÚEUM (costais aon uaire ar chlárú agus costais athfhillteacha ar mhaoirseacht leanúnach). Is mar sin atá i gcás gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (féach Rialachán Tarmligthe 272/2012 ón gCoimisiún) agus stórtha trádála (Rialachán Tarmligthe 1003/2013 ón gCoimisiún).
Faoin togra reachtach seo, beidh sé de chúram ar ÚEUM maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar chistí caipitil fiontair Eorpacha (EuVECAnna), cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (EuSEFanna) agus cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna). Bheadh údarú/fógra (pas) maidir leis na cistí sin agus maoirseacht laethúil i gceist leis na dualgais mhaoirseachta. Ina theannta sin, beidh cumhachtaí díreacha imscrúdaithe ag ÚEUM maidir leis na cistí sin. Faoi láthair, tá 117 gciste EuVECA (atá á mbainistiú ag 97 mbainisteoir EuVECA), 7 gciste EuSEF (á mbainistiú ag 3 bhainisteoir EuSEF) agus níos lú ná 10 ELTIF atá údaraithe san Aontas Eorpach. Toisc gur struchtúir réasúnta nua iad na cistí sin, tá líon ard clárúchán ann, mar shampla 22 EuVECA nua in 2016. Mar gheall ar an gcreat dlíthiúil nua a bhaineann le EuVECA nó EuSEF agus na hathruithe ar na táillí caipitil i gcás infheistíochtaí cuideachtaí árachais in ELTIFanna, meastar go dtiocfaidh méadú ar líon na niarrataí ar údarú. Dá bhrí sin, fostóidh ÚEUM baill foirne bhreise a bhfuil saineolas acu ar bhainistiú sócmhainní. Is féidir a mheas gur 7 FTE a bheidh de dhíth ó thaobh acmhainní daonna de, lena náirítear FTE amháin a bhfuil saineolas aige ar an ríomhaireacht agus anailíseoir sonraí amháin. Beidh córas TF amháin de dhíth freisin chun an próiseas údarúcháin agus maoirseachta a bhainistiú chomh maith le sonraí a bhailiú ó na cistí. Meastar gur EUR 500 000 (costais aon uaire) a bheidh ar na costais sin chomh maith le EUR 100 000 in aghaidh na bliana ar chothabháil.
De bharr go naistreofar na cumhachtaí seo maidir le húdarú na gcistí sin (ELTIFanna, agus cistí EuVECA agus EuSEF) agus maidir le faireachán laethúil a dhéanamh orthu ó údaráis inniúla náisiúnta go ÚEUM, tugtar faoi deara gur féidir freisin go dtiocfaidh laghdú ar líon na mball foirne sna húdaráis inniúla náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar na cistí sin faoi láthair. Tá cuid mhór FTE a láimhseálann cistí, go háirithe gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus cistí infheistíochta malartacha (CIManna), fostaithe ag údaráis inniúla náisiúnta a bhfuil an tionscal bainistithe sócmhainní is mó acu, i.e. Lucsamburg, 197 FTE; an Fhrainc, 102 FTE; an Ghearmáin, 120 FTE; an Ísiltír, 25 FTE; an Iodáil, 65/70 FTE mar aon le brainsí réigiúnacha; an Ríocht Aontaithe, 100 FTE. Is féidir a mheas go dtiocfaidh laghdú foriomlán 7 FTE ar líon bhall foirne na núdarás inniúil náisiúnta de thoradh 7 FTE a fhostú ar leibhéal an Aontais chun maoirseacht a dhéanamh ar ELTIFanna, EuVECA agus EuSEF. Má thagann méadú ar líon na gcistí sna blianta amach anseo, beidh tuilleadh acmhainní de dhíth ach cisteofar iad trí bhíthin táillí ón tionscal.
Faoin togra reachtach, beidh sé de chúram ar ÚEUM roinnt réamheolairí a fhormheas (réamheolairí neamhchothromais mórdhíola, réamheolairí arna dtarraingt suas ag saineisitheoirí, réamheolairí urrús de bhun sócmhainní, agus réamheolairí arna dtarraingt suas ag eisitheoirí i dtríú tír), lena náirítear na forlíonta a ghabhann leo. Is féidir a mheas go ndéanfaidh ÚEUM 1 600 réamheolaire a fhormheas in aghaidh na bliana, mar atá 1 100 réamheolaire, 400 réamheolaire urrús de bhun sócmhainní, 60 réamheolaire ó shaineisitheoirí. Lena chois sin, aistreofar chuig ÚEUM leis an togra seo freisin cumhachtaí maoirseachta ar fhógráin i dtaca leis na réamheolairí sin a dhéanfadh ÚEUM a fhormheas. Chun an cúram thuasluaite a chur i gcrích, ba cheart acmhainní foirne leordhóthanacha a bheith ag ÚEUM a bhfuil na scileanna cearta teanga agus eolas leordhóthanach acu ar na rialacha ábhartha náisiúnta maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe chun ábhair mhargaíochta a rialú. Meastar go mbeadh ar ÚEUM 35 FTE a fhostú, lena náirítear 33 FTE a bhfuil saineolas acu ar réamheolairí, FTE amháin a bhfuil saineolas aige ar an ríomhaireacht agus anailíseoir sonraí amháin. De bharr na gcumhachtaí nua sin, bheadh costais TF i gceist freisin chun próiseas formheasa na réamheolairí a bhainistiú. Meastar gur EUR 500 000 (costais aon uaire) a bheidh ar na costais sin chomh maith le EUR 100 000 in aghaidh na bliana ar chothabháil. Ó tharla gur féidir na dréachtréamheolairí a thíolacadh lena bhformheas in 23 theanga oifigiúla an Aontais, bheadh costais aistriúcháin i gceist freisin de bharr na gcumhachtaí nua a thabharfaí do ÚEUM agus meastar gur EUR 1.2 milliún in aghaidh na bliana a bheadh ar na costais sin.
Ar an 3 500 réamheolaire a fhormheasann na húdaráis inniúla náisiúnta uile ar fud an Aontais, i.e. 45 % de réamheolairí uile an Aontais Eorpaigh, dhéanfadh ÚEUM 1 600 réamheolaire a fhormheas. Mar thoradh air sin, ba cheart go dtiocfadh as an aistriú cumhachtaí sin laghdú ar líon na mball foirne sna húdaráis inniúla náisiúnta a bhíonn ag déileáil le formheas réamheolairí a dhéanfadh ÚEUM a fhormheas.
Leis an togra reachtach seo, foráiltear freisin go ndéanfaidh ÚEUM riarthóirí tagarmharcanna criticiúla a údarú agus a mhaoirsiú, formhuiniú tagarmharcanna tríú tíortha a fhormheas, agus aitheantas a thabhairt do riarthóirí atá lonnaithe i dtríú tíortha. Lena chois sin, tabharfar cumhachtaí imscrúdaithe do ÚEUM maidir leis na riarthóirí tagarmharcanna sin. I bhfianaise na sineirgíochtaí a thiocfadh as maoirseacht dhíreach ar leibhéal an Aontais, is féidir a mheas gur cheart 10 FTE breise a fhostú. A bhuí leis an aistriú cumhachtaí sin chuig ÚEUM, níor ghá do na húdaráis inniúla náisiúnta baill foirne bhreise a earcú chun maoirseacht a dhéanamh ar riarthóirí tagarmharcanna criticiúla.
Beidh sé de chúram ar ÚEUM soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a chlárú, i.e. sásraí tuairiscithe formheasta, socruithe formheasta maidir le foilsiú agus soláthraithe teilitéipe comhdhlúite, ar cineálacha nua eintiteas iad a cruthaíodh faoin Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais. Lena chois sin, áiritheoidh ÚEUM go ndéanfar maoirseacht leanúnach orthu agus beidh sé de chumhacht aige imscrúduithe a dhéanamh. De thoradh air sin, beidh gá freisin le baill foirne bhreise a bhfuil saineolas acu agus meastar gur 20 FTE a bheidh de dhíth, lena náirítear 3 FTE a bhfuil saineolas acu ar chórais ríomhaireachta agus 2 anailíseoir sonraí. I ngeall ar an méid mór sonraí a bhainistíonn na heintitis sin, beidh córas mór TF de dhíth chun cáilíocht na sonraí, agus an chaoi a ndéantar iad a phróiseáil agus a fhoilsiú, a mheas. Meastar gur EUR 2 milliún (costais aon uaire) a bheidh ar na costais TF sin chomh maith le EUR 400 000 in aghaidh na bliana ar chothabháil. A bhuí leis an aistriú cumhachtaí sin chuig ÚEUM, níorbh ghá do na húdaráis inniúla náisiúnta baill foirne bhreise a earcú chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí.
|
Mar achoimre air sin, táthar ag glacadh leis sa ráiteas airgeadais reachtach seo gur féidir go dtiocfaidh na nithe seo a leanas as cumhachtaí nua díreacha maoirseachta ÚEUM ar na heintitis thuasluaite:
·Earcú 65 FTE breise suas go 2022.
·Meastar gur EUR 3 mhilliún a bheidh ar na costais ríomhaireachta aon uaire.
·Meastar gur EUR 600 000 in aghaidh na bliana a bheidh ar na costais athfhillteacha TF.
·Meastar gur EUR 1.2 milliún in aghaidh na bliana a bheidh ar na costais aistriúcháin.
|
V. Forchostais agus tacaíocht dhlíthiúil
Cumhdaíonn na forchostais i gcás tacaíocht acmhainní ar leibhéal na ngníomhaireachtaí acmhainní daonna, gnóthaí airgeadais, bainistiú saoráidí, comhordú agus buntacaíocht ríomhaireachta, gan tionscnaimh ríomhaireachta uile-Eorpacha a chur san áireamh. I ngeall ar an méid mór oibre rialála atá le déanamh acu, tá riachtanais mhóra ag na ÚMEanna i dtaca le tacaíocht dhlíthiúil. Bunaithe ar chóras bainistithe gníomhaíochtbhunaithe ÚEUM, cumhdaíonn na forchostais acmhainní agus an tacaíocht dhlíthiúil 22 % agus 13 % den fhoireann iomlán faoi seach. Is é sin le rá go leithdháiltear thart ar 2 bhall foirne breise ar fhorchostais acmhainní agus ball foirne amháin ar thacaíocht dhlíthiúil in aghaidh gach 7 FTE atá i mbun príomhghníomhaíochta. Ag cur san áireamh go bhféadfaidh na ÚMEanna, agus iad ag fás, barainneachtaí scála a fhorbairt, glactar leis sa ráiteas airgeadais reachtach seo gur 18 % agus 8 % den fhoireann iomlán iad na forchostais acmhainní agus an tacaíocht dhlíthiúil faoi seach.
Dá bharr sin, is féidir an méadú ar acmhainní daonna suas go 2022 a achoimriú mar seo a leanas:
ÚBE:
|
|
Príomhghníomhaíocht
|
Forchostais acmhainní
|
Tacaíocht dhlíthiúil
|
Iomlán
|
|
Rialachas
|
4
|
1
|
1
|
6
|
|
Cumhachtaí neamhdhíreacha maoirseachta
|
13
|
3
|
2
|
18
|
|
Cistiú
|
4
|
1
|
0
|
5
|
|
Iomlán
|
21
|
5
|
3
|
29
|
ÚEÁPC:
|
|
Príomhghníomhaíocht
|
Forchostais acmhainní
|
Tacaíocht dhlíthiúil
|
Iomlán
|
|
Rialachas
|
4
|
1
|
1
|
6
|
|
Cumhachtaí neamhdhíreacha maoirseachta
|
18
|
4
|
2
|
24
|
|
Cistiú
|
4
|
1
|
0
|
5
|
|
Iomlán
|
26
|
6
|
3
|
35
|
ÚEUM:
|
|
Príomhghníomhaíocht
|
Forchostais acmhainní
|
Tacaíocht dhlíthiúil
|
Iomlán
|
|
Rialachas
|
7
|
2
|
1
|
10
|
|
Cumhachtaí neamhdhíreacha maoirseachta
|
30
|
7
|
3
|
40
|
|
Cistiú
|
7
|
2
|
0
|
9
|
|
Cumhachtaí díreacha maoirseachta
|
65
|
16
|
6
|
87
|
|
Iomlán
|
109
|
27
|
10
|
146
|
Chun na costais a thabhóidh na ÚMEanna a laghdú a thuilleadh, d’fhéadfaí líon mór FTEanna nua a fhostú mar ghníomhairí ar chonradh (CA) nó mar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht (SNE). Níor cheart, áfach, rómheastachán a dhéanamh ar an líon SNE. D’fhéadfadh deacracht a bheith ag na ÚMEanna saineolaithe den sórt sin a earcú i ngeall ar an gcostas a bheadh i gceist ar na Ballstáit agus ar údaráis inniúla náisiúnta. Anuas ar na deacrachtaí sin maidir le fáil a bheith ar shaineolaithe, i réimse na maoirseachta dírí ba cheart a mheas go soláthróidh na saineolaithe sin taithí atá riachtanach nuair a rachaidh ÚEUM i mbun a chúraimí, ach i ndiaidh na céime tosaigh agus go fadtéarmach is tábhachtaí do ÚEUM saineolaithe inmheánacha a choimeád agus brath níos mó dá réir sin ar ghníomhairí sealadacha. Sa tábla seo a leanas, tugtar deighilt tháscach na mball foirne sna catagóirí sin.
|
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
|
Gníomhairí sealadacha
|
63
|
104
|
121
|
147
|
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
|
5
|
11
|
15
|
15
|
|
Gníomhairí ar conradh
|
29
|
37
|
41
|
48
|
|
Iomlán
|
97
|
152
|
177
|
210
|
tá líon na mball foirne in 2021 agus sna blianta ina dhiaidh sin táscach
VI. Áitribh
De bharr na modhnuithe ar chúraimí, bheadh acmhainní nua de dhíth i dtaca le háitribh do na ÚMEanna. Tá na costais bhreise a mheastar a bheidh i gceist curtha san áireamh do ÚEUM agus ÚEÁPC araon. Maidir le ÚBE, ní dhéantar aon chostais bhreise a áireamh sa doiciméad seo toisc nach bhfuil aon fhaisnéis ar fáil faoi láthair faoin gceannáras nua ná faoi mhéid an fhoirgnimh atá beartaithe ag na Ballstáit.