An Bhruiséil,13.9.2017

COM(2017) 482 final

2017/0220(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2017) 294 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.    COMHTHÉACS AN TOGRA

·    Forais agus cuspóirí an togra

Is éard atá sa Tionscnamh ó na Saoránaigh ceart a chumhdaítear leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Déantar foráil maidir leis an méid seo le hAirteagal 11, mír 4 "Féadfaidh saoránaigh den Aontas, ar náisiúnaigh iad de líon suntasach de Bhallstáit agus nach lú a líon ná aon mhilliún amháin ar a laghad, an tionscnamh a ghlacadh iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra iomchuí a thíolacadh maidir le ceisteanna a bhfuil gá dar leis na saoránaigh le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme". Is é is aidhm don ionstraim seo rannpháirtíocht saoránach i saol daonlathach an Aontais Eorpaigh a fheabhsú trí chead a thabhairt dóibh iarraidh ar an gCoimisiún go díreach togra le haghaidh gníomhartha dlí de chuid an Aontais a thíolacadh chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme.

I gcomhréir le hAirteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), leagadh síos na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh ionstraim an Tionscnaimh ó na Saoránaigh le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh an 16 Feabhra 2011 1 . Tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm in Aibreán 2012. Is comhlánú ar an gcreat dlíthiúil don Tionscnamh ó na Saoránaigh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1179/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2011 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla le haghaidh córais bhailithe ar líne de bhun Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 2 .

Sa chéad tuarascáil uaidh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin arna glacadh in 2015 3 , rinne an Coimisiún roinnt dúshlán a tháinig as cur chun feidhme an Rialacháin sna céad trí bliana óna theacht i bhfeidhm a liostáil. Sa tuarascáil sin, gheall an Coimisiún bearta a chur chun feidhme le feabhas a chur ar fheidhmiú ionstraim an Tionscnaimh ó na Saoránaigh agus le hanailís bhreise a dhéanamh ar thionchar na ndúshlán sin. Chuige sin, sheol an Coimisiún roinnt staidéar teicniúil thar na blianta seo a chuaigh thart chun anailís a dhéanamh ar na dúshláin agus ar na saincheisteanna sin amhail na córais bhailithe ar líne don Tionscnamh ó na Saoránaigh agus simpliú na gceanglas a bheidh ar shínitheoirí maidir le sonraí.

Tar éis ghlacadh na tuarascála ón gCoimisiún in 2015, bhí ionstraim an Tionscnaimh ó na Saoránaigh faoi réir próiseas athbhreithniúcháin le dhá bhliain anuas. Rinne institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus páirtithe leasmhara ón tsochaí shibhialta freisin meastóireacht agus measúnú ar an ionstraim, agus d'aithin siad easnaimh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn ionstraim an Tionscnaimh ó na Saoránaigh mar aon le bacainní a tháinig roimh eagraithe tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh a sheoladh. Sainaithníodh leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa 4 , go háirithe, méid áirithe dúshlán agus iarradh go ndéanfaí Rialachán (AE) Uimh, 211/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1179/2011 ón gCoimisiún a athbhreithniú, agus go ndéanfaí tacar leasuithe a ghlacadh chun feabhas a chur ar an gcaoi a bhfeidhmíonn ionstraim an Tionscnaimh ó na Saoránaigh.

Cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, tá institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus páirtithe leasmhara imithe i dtaithí ar an ionstraim de chuid an daonlathais rannpháirtíochta sin a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais. Díríonn an tuarascáil ón gCoimisiún agus an tionchur a fuarthas i rith an phróisis athbhreithniúcháin ar roinnt réimsí tábhachtacha maidir leis an gcaoi a gcuirtear an Tionscnamh ó na Saoránaigh chun feidhme a fheabhsú agus chun a úsáid a éascú do na saoránaigh. Cé go ndearna an Coimisiún bearta éagsúla chun na críche sin faoin gcreat dlí atá ann cheana, tá tacar mór de bhacainní aitheanta a thagann go díreach ó fhorálacha tábhachtacha sa Rialachán agus is tríd an Rialachán a athbhreithniú, agus tríd sin amháin, is féidir aghaidh a thabhairt orthu. Is gá togra reachtach dá bharr sin.

Is é is aidhm don togra seo feabhas a chur ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an Tionscnamh ó na Saoránaigh trí aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh le blianta beaga anuas agus is iad seo a leanas na príomhchuspóirí beartais atá aige: (i) an Tionscnamh ó na Saoránaigh a dhéanamh níos inrochtana agus níos soláimhsithe agus an tualach riaracháin a laghdú d'eagraithe agus do thacadóirí; agus (ii) leas iomlán a bhaint as an Tionscnamh ó na Saoránaigh mar uirlis bhealach chun plé agus rannpháirtíocht na saoránach, lean náirítear daoine óga, a chothú ar leibhéal an Aontais agus chun an taontas a thabhairt gaire don saoránach.

·    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ar cheann de 10 dtosaíocht an Choimisiúin tá dlisteanacht dhaonlathach san Aontas a mhéadú trí rannpháirteachas agus rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú (Tosaíocht Uimh. 10 – Aontas atá i mbun athrú daonlathach) 5 . Cuideoidh an togra go díreach leis an gcuspóir tosaíochta sin trí ionstraim an Tionscnaimh ó na Saoránaigh a dhéanamh níos soláimhsithe agus an tualach riaracháin a laghdú chun gur féidir a lánacmhainneacht a bhaint amach mar ionstraim le haghaidh rannpháirtíocht an tsaoránaigh ar an leibhéal Eorpach agus chun an tAontas a thabhairt níos gaire do na saoránaigh. Comhlánaíonn ionstraim an Tionscnaimh ó na Saoránaigh fheabhsaithe na cearta polaitiúla atá ag saoránaigh an Aontais cheana, eadhon an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarratasóir i dtoghcháin bhardasacha agus toghcháin chuig Parlaimint na hEorpa 6 . Cuireann sé leis na deiseanna rannpháirtíochta atá an do shaoránaigh óga ar an leibhéal Eorpach.

Tá sraith de bhearta neamhreachtacha curtha chun feidhme ag an gCoimisiún, agus tá sé ag leanúint de bhearta den chineál sin a chur chun feidhme chun úsáid na hionstraime a éascú d'eagraithe agus do shaoránaigh. Ar an méid seo áirítear go háirithe: (i) tacaíocht agus cúnamh méadaithe d'eagraithe; (ii) feabhas a chur ar an gcéim clárúcháin lena náirítear an fhéidearthacht tionscnaimh a chlárú i bpáirt; (iii) tairiscint a dhéanamh na córais bhailithe ar líne le haghaidh tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a óstáil ar fhreastalaithe an Choimisiúin; (iv) feabhas a chur ar bhogearraí bailithe ar líne don Tionscnamh ó na Saoránaigh agus iad a chur ar fáil saor in aisce d'eagraithe; agus (v) plean ardán comhoibritheach ar líne a chur ar fáil don Tionscnamh ó na Saoránaigh. Mar sin féin, ní mór tuilleadh a dhéanamh chun feidhmiú na hionstraime a fheabhsú chun gur féidir a lánacmhainneacht a bhaint amach.

Feabhas a chur ar ionstraim an Tionscnaimh ó na Saoránaigh, tá sin comhsheasmhach le tionscnaimh eile de chuid an Choimisiún, agus tá sé ag teacht le treoirlínte polaitiúla Choimisiúin Juncker, arb é is aidhm dó rannpháirteachas agus rannpháirtíocht na saoránach i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais a fheabhsú.

Leis an gClár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr 7 , go háirithe, tiocfaidh méadú ar na deiseanna atá ann do na saoránaigh agus do na páirtithe leasmhara ionchur a thabhairt i ndáil le bearta an Aontais le linn thimthriall na reachtóireachta agus an cheaptha beartais agus cuirfear feabhas ar na sásraí comhairliúcháin chuige sin,  rud a fhágfaidh go mbeidh an comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara ina ghné thábhachtach den phróiseas ceaptha beartais agus athbhreithnithe. Ar cheann de na príomhchuspóirí agus de na príomhréimsí a bhfuil gníomhaíocht ag teastáil ina leith a leagtar béim sa tríú Tuarascáil ar Shaoránacht AE Eanáir 2017 8 , i réimse shaoránacht an Aontais, tá rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais á cur chun cinn agus á feabhsú. Ar an gcaoi chéanna, is é is aidhm don " Chlár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránachtagus don" Chlár um an Eoraip ar son na Saoránach".  an tsaoránacht Eorpach a chur chun cinn, na cearta a chur chun cinn a eascraíonn as saoránacht Eorpach agus na dálaí don rannpháirtíocht shibhialta agus dhaonlathach ar leibhéal an Aontais a fheabhsú agus cuireann sé tacar gníomhaíochtaí chun feidhme chun na críche sin 9 . Is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais 2016-2020 10 freisin idirghníomhaíocht dhigiteach idir riaracháin agus saoránaigh/gnólachtaí ar mhaithe le hardcháilíocht seirbhísí poiblí a éascú.

·    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra lán-chomhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais i réimsí eile agus tá sé lán-chomhoiriúnach dóibh freisin. Leis an athbhreithniú ar an Rialachán déantar roinnt forálacha sonracha i gcreat dlí an Tionscnaimh ó na Saoránaigh a nuashonrú agus a fheabhsú i bhfianaise forbairtí a rinneadh ar reachtaíocht an Aontais ón uair a glacadh an Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh in 2011.

Cuimsítear leis an méid sin, go háirithe, athchóiriú na rialacha maidir le cosaint sonraí agus glacadh Rialachán (AE) 2016/679 (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) 11 in 2016. Baineann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh a dhéanann na heagraithe agus údaráis na mBallstát, agus foráiltear ann maidir leis na freagrachtaí sonracha i ndáil le sonraí pearsanta a bhailítear don Tionscnamh ó na Saoránaigh a chosaint. Ag an am céanna, áirithítear leis an togra infheidhmeacht Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 12 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail a bhfuil feidhm aige maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán sin ag an gCoimisiún.

Ar an gcaoi chéanna, i dtaca leis na rialacha sonracha maidir leis an lárchóras bailithe ar líne don Tionscnamh ó na Saoránaigh féadtar leis an togra seo, inter alia, Rialachán (AE) Uimh.  910/2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach 13 , a chur san áireamh. Dlús a chur le glacadh na seirbhísí eIDAS, lena náirítear eID agus eSignature, tá sé sin ar cheann de phríomhchuspóirí Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh 2016-2020 14 faoi chuimsiú na Straitéise maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip 15 .

2.    BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·    Bunús dlí    

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis na forálacha agus na coinníollacha a ghlacadh is gá do thionscnamh ó na saoránaigh de réir bhrí Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

·    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tagann ábhar an Rialacháin seo faoi inniúlacht eisiach an Aontais de réir Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ó tharla gurb é an tAontas amháin a fhéadfaidh na rialacha agus na nósanna imeachta lena rialaítear an Tionscnamh ó na Saoránaigh a ghlacadh . Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

·    Comhréireacht

Tá an togra seo i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ó tharla nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá luaite thuas a ghnóthú.

Déantar foráil sa togra seo maidir le feabhsuithe spriocdhírithe i dtaca le chur chun feidhme ionstraim an Tionscnaimh ó na Saoránaigh chun go mbeidh sé níos inrochtana agus níos fusa d'eagraithe agus do shaoránaigh í a úsáid. Cuimsítear leis seo bearta a bhaineann le hinniúlachtaí na núdarás náisiúnta sna Ballstáit, eadhon na ceanglais i ndáil le sonraí ar na sínitheoirí a shimpliú agus feabhas a chur ar bhailiú ráitis tacaíochta ar líne trí lárchóras bailithe a bhunú don Tionscnamh ó na Saoránaigh.

Cuimsítear leis freisin leasuithe níos teoranta i réimsí eile amhail deimhniú córas bailithe ar líne, fíorú agus deimhniú ráiteas tacaíochta sna Ballstáit agus rialacha maidir le dliteanas agus pionóis i gcás ina bhfágann an togra lamháil lánrogha maidir lena chur chun feidhme i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

·    An rogha ionstraime

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis na forálacha agus na coinníollacha is gá a ghlacadh do thionscnamh ó na saoránaigh de réir bhrí Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is le Rialachán amháin, a mbeidh feidhm dhíreach aige, is féidir foráil a dhéanamh maidir leis na rialacha agus na coinníollacha is gá chun ionstraim do thionscnamh ó na saoránaigh ag a bhfuil gné Eorpach a chur chun feidhme.

Is é is aidhm don rialachán seo na rialacha agus na coinníollacha atá ann cheana a leasú agus a fheabhsú dá bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Leis an athbhreithniú féadtar freisin struchtúr an Rialacháin atá ann cheana a shimpliú chun é a dhéanamh níos soiléire agus níos comhsheasmhaí. I bhfianaise a shuntasaí atá na leasuithe atá le déanamh agus de bhrí go mbaineann siad le forálacha bunúsacha an Rialacháin atá ann cheana, ba cheart an gníomh sin a aisghairm agus ba cheart gníomh nua a chur ina áit, ar mhaithe le breis soiléireachta d'eagraithe agus do shaoránaigh.

3.    TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

·    Meastóireachtaí ex-post

D'fhonn meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana agus chun feabhsuithe a chinneadh maidir le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 a athbhreithniú, rinne an Coimisiún cuid mhór comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara, rinne sé roinnt staidéar ar shaincheisteanna sonracha agus ghlac sé le tuairim ó ardán REFIT. Tá an próiseas sin leagtha amach thíos agus tá sé curtha i láthair go mionsonraithe sa Doiciméad Inmheánach Oibre a théann leis a togra seo. Ar bhonn an phróisis sin, shainaithin an Coimisiún roinnt easnamh sa Rialachán a bhfuil tionchar acu ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na hionstraime.

Is féidir na fadhbanna sin a sainaithníodh a aicmiú faoi cheann amháin de na trí ghné seo a leanas:

(i) na deacrachtaí a bhíonn roimh eagraithe ag céim an chláraithe lena náirítear an ráta ard tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a ndiúltaítear a chlárú;

(ii) a chasta atá sé d'eagraithe tionscnamh ráitis tacaíochta a bhailiú mar is léir ar an ráta íseal tionscnamh rathúil, i.e. tionscnaimh a mbailítear an líon sínitheoirí is gá ina leith le linn na tréimhse bailithe aon bhliana;

(iii) an líon íseal tionscnamh a shroicheann an tairseach aon mhilliún agus a theoranta a bhí tionchar na dtionscnamh ó na saoránaigh go dtí seo.

Meastar go bhfuil roinnt rialacha dá bhforáiltear faoi láthair leis an Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh róchasta agus gur rómhór an tualach riaracháin d'eagraithe agus do shínitheoirí tionscnamh ó na saoránaigh agus d'údaráis inniúla na mBallstát. Leis an méid seo áirítear go háirithe: (i) céim an chláraithe; (ii) saolré an Tionscnaimh ó na Saoránaigh agus na teorainneacha ama; (iii) córais bhailithe ar líne a chur ar bun agus na córais sin a dheimhniú ag na Ballstáit; (iv) na ceanglais éagsúla maidir le sonraí pearsanta a bhíonn ar shínitheoirí tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh; agus (v) an chaoi gur faoi chúram na neagraithe a bhailítear na sonraí pearsanta. Measann roinnt páirtithe leasmhara go raibh tionchar na gcéad trí thionscnamh rathúla agus an obair leantach a rinneadh orthu go dtí seo an-teoranta.

·    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bhí dhá chéim sa chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara a rinneadh ar an Rialachán maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh:

– is leis an tuarascáil ón gCoimisiún ar chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh a cuireadh tús leis an gcéad chéim (2015 – Márta 2017). Ba é a bhí beartaithe ag an gcéim sin tuairimí a bhailiú i dtaobh an Rialacháin agus ar an gcaoi leis an ionstraim a fheabhsú faoin gcreat dlí atá ann cheana agus i dtaobh an gá an Rialachán a athbhreithniú. Rinneadh comhairliúcháin spriocdhírithe le páirtithe leasmhara mar chuid de na bearta meastóireachta a rinne an Coimisiún agus institiúidí eile amhail Parlaimint na hEorpa agus an tOmbudsman Eorpach. Sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an togra tá faisnéis níos mionsonraithe faoi na comhairliúcháin agus na meastóireachtaí sin.

– ag an dara céim, cuireadh le torthaí na céad chéime agus díríodh ar ionchur a bhailiú maidir leis na moltaí maidir le feabhas agus roghanna maidir le hathbhreithniú an Rialacháin, go háirithe trí bhíthin comhairliúchán poiblí 12 sheachtain.

Sa chomhairliúchán poiblí iarradh tuairimí maidir le meastóireacht ghinearálta a dhéanamh ar an gcreat atá ann cheana agus ar na roghanna chun feabhais agus ar ghnéithe níos mionsonraithe arna ngrúpáil i bpríomhchéimeanna de shaolré an Tionscnaimh ó na Saoránaigh: (i) céim an ullmhúcháin; (ii) clárú an tionscnaimh; (iii) bailiú na ráiteas tacaíochta; (iv) na ráitis tacaíochta a thíolacadh don Choimisiún agus an obair leantach; agus (v) trédhearcacht agus ardú feasachta. Fuair an Coimisiún 5 323 fhreagra, 98 % ó shaoránaigh den Aontas.

Tríd is tríd, fuarthas freagraí ó raon leathan páirtithe leasmhara, agus go háirithe ó shaoránaigh (sínitheoirí/ sínitheoirí ionchasach), eagraithe tionscnamh Eorpach ó shaoránaigh, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ó údaráis inniúla na mBallstát, lucht taighde (lucht léinn agus meithleacha machnaimh), údaráis áitiúla a bhfuil ionstraimí rannpháirtíochta den chineál céanna á mbainistiú acu, soláthraithe óstála agus bogearraí agus údaráis um chosaint sonraí na mBallstát. Nuair a rinne an Coimisiún anailís agus achoimre ar an bhfaisnéis a bailíodh, tugadh aird faoi leith ar an ionchur ó na saoránaigh, ó eagraithe agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta toisc gurb iad sin príomhúsáideoirí na hionstraime. Tá achoimre ar thorthaí an phróisis comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara le fáil sa tuarascáil a ghabhann leis an Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún a ghabhann leis an togra seo.

Cuirtear na moltaí seo a leanas a thagann ón bpróiseas comhairliúcháin san áireamh sa togra:

– An próiseas clárúcháin a fheabhsú lena náirítear an fhéidearthacht tionscnaimh a chlárú i bpáirt.

– Seirbhís deasc cabhrach a chur ar fáil ag an gCoimisiún agus ardán comhoibritheach ar líne don Tionscnamh ó na Saoránaigh a bheidh ina fhóram don phlé agus chun comhairle agus faisnéis a thabhairt d'eagraithe.

– Lárchóras bailithe ar líne arna bhunú agus arna oibriú ag an gCoimisiún;

– Na ceanglais sonraí a bhíonn ar shínitheoirí a shimpliú chun go mbeidh sé ar chumas gach saoránaigh den Aontas a thacaíocht a thabhairt de réir a náisiúntachta;

– 16 bliana a leagan síos mar an aois íosta do shínitheoirí;

– Féadann na heagraithe an dáta tosaigh don fheachtas bailithe a roghnú;

– Féadtar sínitheoirí a choinneáil ar an eolas tríd an ríomhphost.

Ní dhearnadh tuilleadh oibre ar roinnt de na moltaí toisc gur measadh gur lú a néifeachtacht agus a néifeachtúlacht ná moltaí eile de bhrí nach bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm ó thaobh an dlí de. Tá míniúcháin mhionsonraithe ar fáil sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an togra seo.

·    Bailiú agus úsáid saineolais

Bhí an Coimisiún ag brath ar an ionchur seachtrach seo a leanas:

Fuarthas ionchur don phróiseas athbhreithniúcháin i bhfoirm moltaí ó institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, an rún ó Pharlaimint na hEorpa ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh go háirithe, agus i roinnt staidéar sonrach 16 .

Ceithre staidéar thiomnaithe ar chur chun feidhme an Tionscnaimh ó na Saoránaigh arna seoladh ag an gCoimisiún 17 :

– Measúnú ar thionchar TFC ar Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

– Staidéar ar úsáid an ríomh-shainaitheantais (eID)
don Tionscnamh ó na Saoránaigh

– Staidéar ar na ceanglais sonraí maidir don Tionscnamh ó na Saoránaigh

– Staidéar ar chórais bailithe ar líne agus ar shonraíocht theicniúil de bhun Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh.1197/2011 ón gCoimisiún.

Ina theannta sin, bhí roinnt staidéar ina gcuidiú leis an bpróiseas athbhreithniúcháin. Liostaítear na staidéir sin in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún a ghabhann leis an togra seo.

Pléadh an tathbhreithniú ar an Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh faoi chuimsiú an Ghrúpa Saineolaithe um an Tionscnamh ó na Saoránaigh ina raibh ionadaithe ar údaráis náisiúnta na mBallstát a chuir ionchur ar fáil don phróiseas athbhreithniúcháin, lena náirítear go háirithe aighneachtaí sonracha a thíolaic roinnt toscaireachtaí 18 .

·    Measúnú tionchair

I bhfianaise a nádúir institiúidigh, níl aon tionchar suntasach díreach eacnamaíoch sóisialta nó comhshaoil ag athbhreithniú Rialachán (AE) Uimh. 211/2011, agus measadh nach raibh gá le haon mheasúnú tionchair. Féadtar a mheas, áfach, go ndéanfaidh na bearta praiticiúla agus teicniúla chun an tionscnamh do na saoránaigh a shimpliú na hualaí riaracháin a laghdú do na heagraithe agus do na Ballstáit araon. Rinneadh na roghanna éagsúla atá ann le feabhas a chur ar an tionscnamh a mheasúnú sa Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún a ghabhann leis an togra seo agus i roinnt staidéar sonrach ar chur chun feidhme an Tionscnaimh ó na Saoránaigh.

·    Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ghlac an tardán REFIT tuairim maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh i Meitheamh 2016 19 , agus rinneadh roinnt dóigheanna a shainaithint ina bhféadfaí é a shimpliú, go háirithe: (i) feabhas a chur ar chéim an chláraithe agus ar an gcomhairle agus an tacaíocht d'eagraithe; (ii) na ceanglais sonraí atá ar shínitheoirí a shimpliú; (iii) bearta chun coiste na saoránach a shimpliú agus dliteanas na neagraithe a laghdú; (iv) amlíne don Tionscnamh ó na Saoránaigh ar líne agus dáta tosaithe don tréimhse bhailithe 12 mhí a leagan síos; (v) na córais bhailithe ar líne a fheabhsú; agus (vi) gníomhartha ardaithe feasachta ar an Tionscnamh ó na Saoránaigh a fheabhsú.

Cuimsítear sa togra feabhsuithe sna réimsí seo uile agus tacar forálacha atá i gcomhréir le moltaí na tuairime sin ar a dtugtar míniú níos mionsonraithe sa Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún a ghabhann leis an togra.

·Thairis sin, déanfar roinnt forálacha sa togra maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht agus coigiltis a mhéadú i roinnt réimsí amhail bailiú ar líne, aistriúcháin, foirmeacha ráitis tacaíochta agus ráitis tacaíochta a thíolacadh chuig na húdaráis inniúla sna Ballstáit. Leagtar béim ar an ionstraim a dhéanamh níos inrochtana agus an tualach riaracháin agus na costais a bheadh ar na heagraithe agus na sínitheoirí a laghdú ach baineann roinnt de na forálacha leis an éifeachtúlacht agus le coigiltis do na húdaráis phoiblí, lena náirítear an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta inniúla.    Cearta bunúsacha

Tugtar aird iomlán sa togra ar na cearta agus na prionsabail bhunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe in Airteagal 8 di, ina sonraítear go bhfuil an ceart ag gach duine go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis a chosaint.

4.    IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Baineann impleachtaí buiséadacha sonracha an togra le roinnt córas ar líne don Tionscnamh ó na Saoránaigh a dhéanfaidh an Coimisiún a thabhairt isteach agus a chur ar fáil saor in aisce do na heagraithe agus do na saoránaigh. Foráiltear leis an togra, go háirithe, maidir leis na huirlisí seo a leanas a bhunú, a chothabháil agus fhorbairt ar líne: an clár oifigiúil don Tionscnamh ó na Saoránaigh (Airteagal 4); an tardán comhoibritheach le haghaidh comhairle agus tacaíocht a thabhairt do shaoránaigh agus d'eagraithe (Airteagal 4); agus an lárchóras bailithe ar líne don Tionscnamh ó na Saoránaigh (Airteagal 10).

Soláthraíonn an "Ráiteas airgeadais reachtach" a ghabhann leis an togra seo measúnú mionsonraithe ar na himpleachtaí buiséadacha agus ar na hacmhainní daonna agus riaracháin is gá chun na córais agus na seirbhísí sin a chur chun feidhme chun an Tionscnamh ó na Saoránaigh a fheabhsú.

5.    EILIMINTÍ EILE

·    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Foráiltear leis an togra seo go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú an Tionscnaimh ó na Saoránaigh agus go gcuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an gcaoi ina bhfuil sé á chur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná cúig bliana ó dháta a theacht i bhfeidhm agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin. Foilseofar na tuarascálacha sin.

·    Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

N/B

·    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh maidir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá don Tionscnamh ó na Saoránaigh. Déantar foráil sa togra seo maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh a dhéanamh níos inrochtana agus níos soláimhsithe agus an tualach riaracháin a laghdú d'eagraithe agus do thacadóirí; d'fhonn poitéinseal iomlán an Tionscnaimh ó na Saoránaigh a bhaint amach mar bhealach chun plé agus rannpháirtíocht na saoránach a chothú ar leibhéal an Aontais agus chun an tAontas a thabhairt níos gaire do na saoránaigh.

Caibidil 1 – Forálacha ginearálta

Déantar foráil in Airteagal 1 maidir le raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin.

Leagtar síos in Airteagal 2 maidir leis an gceart atá ag gach saoránach den Aontas a bhfuil 16 bliana d'aois ar a laghad bainte amach aige tacú le tionscnamh tríd an ráiteas tacaíochta a shíniú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Déantar foráil in Airteagal 3 maidir leis an líon sínitheoirí is gá do thionscnamh bailí lena náirítear go háirithe tacaíocht aon mhilliún síniú ar a laghad in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad. Sonraítear ann, ina theannta sin, an ceanglas atá ann an líon íosta sínitheoirí is gá a fháil, a leagtar amach in Iarscríbhinn I, in aon cheathrú de na Ballstát a fhreagraíonn go fóill leis an líon Feisirí de Pharlaimint na hEorpa arna dtoghadh i ngach Ballstát, arna iolrú faoi 750.

In Airteagal 4 liostaítear na bearta lena gcuireann an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis agus cúnamh ar fáil d'eagraithe tionscnamh. Cuireann sé le bearta atá ann cheana faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 lena náirítear go háirithe an chabhair faisnéise agus clár oifigiúil an Tionscnaimh ó na Saoránaigh a choinníonn an Coimisiún. Anuas air sin tugtar isteach an ceanglas ardán comhoibritheach ar líne a chur ar fáil don Tionscnamh ó na Saoránaigh a bheidh ina fhóram don phlé agus chun comhairle agus faisnéis a thabhairt d'eagraithe maidir le príomhghnéithe a dtionscnamh a aistriú isteach sna teangacha oifigiúla go léir, agus bearta faisnéise agus cúnaimh a bheidh le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun an ghaireacht do na saoránaigh a áirithiú.

Caibidil 2 – Forálacha nós imeachta

Déantar foráil in Airteagal 5 maidir leis na ceanglais ar eagraithe na dtionscnamh, lena náirítear déanamh, comhdhéanamh agus freagrachtaí an ghrúpa eagraithe a bheidh comhdhéanta de sheachtar saoránach den Aontas ar a laghad atá i dteideal vótáil sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus ar cónaitheoirí iad i seacht mBallstát ar a laghad. Tugtar isteach an fhéidearthacht an grúpa eagraithe a mheas mar eintiteas dlíthiúil arna cheapadh chun críche tionscnamh a bhainistiú a mheas mar an grúpa eagraithe chun críche an Rialacháin. Áirítear leis an Airteagal seo chomh maith forálacha maidir le coinníollacha dliteanais an ghrúpa eagraithe a shoiléiriú. Cé go leantar de dhliteanas maidir le próiseáil sonraí pearsanta a rialú faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, déantar foráil leis an Airteagal seo go mbeidh comhaltaí grúpa eagraithe faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith aon damáiste a dhéantar le linn tionscnamh a eagrú trí ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha arna ndéanamh d'aon ghnó nó le faillí thromchúiseach.

Leagtar amach le hAirteagal 6 an nós imeachta agus na coinníollacha maidir le tionscnaimh a chlárú ag an gCoimisiún. Déantar foráil ann nach bhféadfar ráitis tacaíochta a bhailiú ach amháin tar éis tionscnamh a chlárú agus leagtar síos na ceanglais maidir le tionscnaimh a chlárú nó a dhiúltú. Tugtar isteach leis seo freisin an fhéidearthacht tionscnaimh a chlárú i bpáirt más léir nach bhfuil cuid /codanna de na tionscnaimh, lena náirítear a bpríomhchuspóirí, go follasach lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais a thíolacadh chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme.

Déantar foráil in Airteagal 7 maidir le ceart an ghrúpa eagraithe chun tionscnamh a cláraíodh a aistarraingt am ar bith sula dtíolactar é don Choimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos leis an Rialachán seo.

Leagtar síos le hAirteagal 8 na teorainneacha ama leis an tréimhse inar féidir ráitis tacaíochta a bhailiú, lena náirítear an ceart atá ag eagraithe chun dáta tosaithe na tréimhse bailithe a roghnú faoi cheann trí mhí ón uair a chláraítear an tionscnamh, agus an uastréimhse 12 mhí do thréimhse an bhailithe.

Déantar foráil in Airteagal 9 maidir leis an nós imeachta agus na coinníollacha i dtaca le ráitis tacaíochta a bhailiú. Soiléirítear san Airteagal sin go bhféadtar ráitis tacaíochta do thionscnaimh a bhailiú ar líne nó i bhfoirm páipéir agus nach bhféadtar ach úsáid a bhaint as foirmeacha atá ag teacht leis na samhlacha don fhoirm ráitis tacaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán chun ráitis tacaíochta a bhailiú. Duine atá ag síniú ráitis tacaíochta, ní bheidh de cheangal ar an duine sin ach na sonraí pearsanta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chur ar fáil. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas cé acu a theastaíonn uathu bheith ciurtha san áireamh i gcuid A nó B d'Iarscríbhinn III roimh an 1 Iúil 2019. Tugtar isteach leis seo an fhéidearthacht do shaoránaigh an Aontais tacú ar líne le tionscnamh trí bhíthin an lárchórais bhailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10 trí mhodhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith a úsáid, de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Foráiltear ann freisin nach bhféadann duine ráiteas tacaíochta a shíniú ach aon uair amháin

Tugtar isteach le hAirteagal 10 an ceanglas ar an gCoimisiún maidir le lárchóras bailithe ar líne a bhunú agus a oibriú faoin 1 Eanáir 2020 agus a chur ar fáil saor in aisce d'eagraithe tionscnamh cláraithe agus ar córas é trínar féidir leis na saoránaigh tacú le tionscnaimh ar líne. Sonraítear ann go mbunófar an córas agus go noibreofar é i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna núsáid ag an gCoimisiún Eorpach. Déantar foráil ann freisin go bhféadfaidh saoránaigh, agus an lárchóras bailithe ar líne don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dá dtagraítear in Airteagal 10 á úsáid acu, tacú le tionscnaimh trí ráitis tacaíochta arna síniú trí mhodhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith a úsáid nó trí shíniú le síniú leictreonach de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh, 910/2014 agus foráiltear freisin maidir le hoibleagáidí comhfhreagracha na mBallstát i dtaca leis sin.

Foráiltear le hAirteagal 11 go bhféadfaidh eagraithe a gcórais bhailithe ar líne ar leithligh a bhunú, mar aon leis na gnéithe teicniúla agus slándála do na córais sin agus an nós imeachta maidir le fíorú ag na húdaráis náisiúnta inniúla sna Ballstáit. Beidh fíorú den chineál sin gan dochar do chumhachtaí na núdarás maoirseachta náisiúnta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2016/679. Cuireann sé leis na coinníollacha faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 agus foráiltear ann maidir le sonraíochtaí teicniúla nua a ghlacadh roimh an 1 Eanáir 2020 do chórais bhailithe ar líne ar leithligh a chuirtear in ionad Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1179/2011 ón gCoimisiún atá ann cheana. 

Déantar foráil in Airteagal 12 go ndéanfaidh gach Ballstát na ráitis tacaíochta arna síniú ag a náisiúnaigh a fhíorú agus a dheimhniú. Soiléirítear ann coinníollacha an fhíoraithe atá le déanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus na coinníollacha maidir le deimhniú a eisiúint ag na húdaráis sin ina léirítear an líon sínithe bailí a bailíodh i ngach Ballstát.

Leagtar síos le hAirteagal 13 na coinníollacha agus na teorainneacha ama maidir le tionscnaimh a thíolacadh don Choimisiún.

Leagtar amach in Airteagal 14 céim an fhoilsithe agus na héisteachta poiblí maidir le tionscnaimh arna dtíolacadh don Choimisiún agus leagtar amach ann na coinníollacha maidir leis an éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa laistigh de thrí mhí ón dáta a thíolacfaidh na heagraithe tionscnamh. Feabhsaítear leis freisin na ceanglais maidir le rannpháirtíocht pháirtithe leasmhara agus ionadaíocht chothrom leasanna ábhartha poiblí agus príobháideacha san éisteacht arna heagrú go comhpháirteach ag an gCoimisiún agus ag Parlaimint na hEorpa. Déantar foráil leis freisin maidir le hionadaíocht ar an gCoimisiún ar leibhéal iomchuí mar aon leis an deis a bheith ag ionadaithe institiúidí agus comhlachtaí comhairleacha an Aontais páirt a ghlacadh san éisteacht.

Déantar foráil in Airteagal 15 maidir leis an nós imeachta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar thionscnamh ó na saoránaigh agus maidir leis an gCoimisiún freagra a thabhairt orthu, lena náirítear an ceangal atá ar an gCoimisiún bualadh leis na heagraithe ar an leibhéal iomchuí agus a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla maidir leis an tionscnamh, na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh, más ann dóibh, agus na cúiseanna lena ndéanamh nó gan iad a dhéanamh, a leagan amach i dTeachtaireacht. Leis sin cuirtear síneadh freisin le tréimhse na céime seo ó thrí mhí faoi Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 go cúig mhí agus tugtar isteach forálacha sonracha maidir le freagairt an Choimisiúin a chur in iúl d'institiúidí eile agus do chomhlachtaí comhairleacha de chuid an Aontais agus maidir leis an bhféidearthacht sínitheoirí agus saoránaigh a chur ar an eolas faoin bhfreagra a thabharfar i dtaca le gach tionscnamh.

Caibidil 3 – Forálacha eile


Leagtar síos le hAirteagal 16 na ceanglais trédhearcachta i dtaca leis na foinsí tacaíochta agus maoinithe do na tionscnaimh le linn an nós imeachta agus ar am an tíolactha chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13.

Déantar foráil in Airteagal 17 do ghníomhaíochtaí ardaithe feasachta agus cumarsáide maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún agus go bhféadfaidh eagraithe agus an Coimisiún seoltaí ríomhphoist a bhailiú ó shínitheoirí chun críocha cumarsáide i gcás ina dtoilíonn an tábhar sonraí go ndéanfar a shonraí pearsanta a phróiseáil chun na críocha sonracha sin agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí.

Déantar foráil in Airteagal 18 go mbeidh feidhm ag Rialachán (EU) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán sin. Is iad ionadaí an ghrúpa eagraithe, nó an eintitis dhlíthiúil a ceapadh chun críche an tionscnamh a bhainistiú, de réir mar is iomchuí, agus údaráis inniúla na mBallstát an rialaitheoir/na rialaitheoirí sonraí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679. Déantar foráil ann freisin maidir le tacar ceanglas i ndáil le cosaint sonraí pearsanta, lena náirítear teorainneacha ama a shocrú a bhaineann le scriosadh ráiteas tacaíochta ag na heagraithe, an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát.

Déantar foráil in Airteagal 19 maidir le húdaráis inniúla a ainmniú sna Ballstáit chun na cúraimí a leagtar síos sa Rialachán seo a dhéanamh agus an fhaisnéis sin a fhoilsiú sa chlár.

Déantar foráil in Airteagal 20 maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit na forálacha sonracha, arna nglacadh chun an Rialachán a chur chun feidhme, a chur in iúl don Choimisiún chun críocha na forálacha náisiúnta sin a fhoilsiú sa chlár.

Caibidil 4 – Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

Le hAirteagal 21 bunaítear coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 chun críche Airteagal 11(5) a chur chun feidhme maidir leis na sonraíochtaí teicniúla do na córais bhailithe ar líne ar leithligh a ghlacadh le haghaidh an Tionscnaimh ó na Saoránaigh.

Le hAirteagal 22 cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán faoi raon feidhme na bhforálacha ábhartha a bhaineann leis sin.

Déantar foráil in Airteagal 23 maidir leis an gcumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go ceann tréimhse neamhchinntithe ama chun críche na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán, na coinníollacha maidir le feidhmiú tharmligean na gcumhachtaí arna leagan síos ag an Rialachán.

Caibidil 5 – Forálacha críochnaitheacha

Tá in Airteagal 24 an clásal caighdeánach maidir leis an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná cúig bliana ón dáta a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

Déantar foráil in Airteagal 25 maidir le Rialachán (AE) Uimh 211/2011 a aisghairm agus foráiltear ann go ndéanfar tagairtí don ionstraim arna haisghairm a léamh mar thagairtí don Rialachán seo. 

Tá in Airteagal 26 an clásal caighdeánach maidir le teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht, lena náirítear céim idirthréimhseach lena bhforáiltear go mbeidh feidhm ag an Rialachán ón 1 Eanáir 2020 cé is moite d'Airteagail 9(4), 10, 11(5), agus 19 – 24 a mbeidh feidhm acu sin ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2017/0220 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 24 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 20 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 21 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) neartaítear saoránacht an Aontais agus feabhsaítear feidhmiú daonlathach an Aontais trína fhoráil, inter alia, go mbeidh an ceart ag gach saoránach den Aontas a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais. Ionstraim Aontais de chuid an daonlathais rannpháirtíochta is ea an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh lena dtugtar an fhéidearthacht do shaoránaigh an Aontais dul i dteagmháil dhíreach leis an gCoimisiún chun iarraidh air togra le haghaidh gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais a thíolacadh chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme, ar féidearthacht í atá comhchosúil leis an gceart a thugtar do Pharlaimint na hEorpa faoi Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus don Chomhairle faoi Airteagal 241 CFAE.

(2)Leagadh síos le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh agus bhí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1179/2011 ón gCoimisiún 23 ina chomhlánú air.

(3)I dtuarascáil uaidh maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 211/2011, Márta 2015 24 , liostaigh an Coimisiún líon áirithe dúshlán a tháinig chun cinn i gcur chun feidhme an Rialacháin sin agus gheall sé tuilleadh anailíse a dhéanamh ar thionchar na saincheisteanna sin ar éifeachtúlacht ionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus feidhmiú na hionstraime sin a fheabhsú.

(4)D'iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún, i rún uaidh maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh an 28 Deireadh Fómhair 2015 25 , athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1179/2011ón gCoimisiúin.

(5)Tá an Rialachán seo ceaptha rochtain ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a dhéanamh níos inrochtana, níos soláimhsithe agus an tualach oibre a bhaineann lena úsáid a laghdú d’eagraithe agus do thacadóirí d'fhonn poitéinseal iomlán an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhaint amach mar uirlis chun plé agus rannpháirtíocht na saoránach a chothú ar leibhéal an Aontais agus chun an tAontas a thabhairt níos gaire don saoránach.

(6)Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá le haghaidh an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bheith soiléir, simplí, soláimhsithe agus comhréireach le cineál na hionstraime sin. Ba cheart go mbeadh cothromaíocht thomhaiste iontu idir cearta agus dualgais.

(7)Is iomchuí aois íosta a leagan síos i dtaca le tacú le tionscnamh. Chun poitéinseal iomlán an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhaint amach mar ionstraim de chuid an daonlathais rannpháirtíochta agus chun rannpháirtíocht saoránach ar leibhéal an Aontais a chothú, go háirithe i measc shaoránaigh óga na hEorpa, ba cheart gurb é 16 bliana d'aois an aois íosta .

(8)I gcomhréir le hAirteagal 11(4) CAE, is gá aon mhilliún saoránach ar a laghad, ar náisiúnaigh iad de líon suntasach Ballstát, le haghaidh tionscnaimh lena niarrtar ar an gCoimisiún Eorpach, faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra iomchuí a thíolacadh maidir le ceisteanna a bhfuil gá, dar leis na saoránaigh, le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

(9)Chun a áirithiú go bhfuil tionscnamh ionadaíoch ar leas de chuid an Aontais agus, á áirithiú ag an am céanna go leanann an ionstraim de bheith soláimhsithe, ba cheart an líon íosta Ballstát is Ballstáit ar gá do na saoránaigh teacht astu a shocrú ag an gceathrú cuid de na Ballstáit.

(10)Chun a áirithiú go bhfuil tionscnamh ionadaíoch agus chun coinníollacha comhchosúla a áirithiú do na saoránaigh maidir le tacú le tionscnamh, is iomchuí freisin an líon íosta sínitheoirí a leagan síos do gach ceann de na Ballstáit sin. Ba cheart an líon íosta sínitheoirí is gá ó gach Ballstát bheith comhréireach go céimlaghdaitheach agus ba cheart go bhfreagródh sé don líon Feisirí de Pharlaimint na hEorpa arna dtoghadh i ngach Ballstát, arna iolrú faoi 750.

(11)Ba cheart an ceart a bheith ag gach saoránach den Aontas tacú le tionscnamh ar pháipéar nó ar líne, faoi choinníollacha comhchosúla beag beann ar an mBallstát náisiúntachta nó cónaithe.

(12)Cé go bhféadfadh sonraí pearsanta íogaire a bheith sna áireamh sna sonraí pearsanta a phróiseáiltear i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá údar, i bhfianaise gur ionstraim de chuid an daonlathais rannpháirtíochta an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, le soláthar sonraí pearsanta a cheangal chun tacú le tionscnamh agus leis na sonraí sin a phróiseáil a mhéid is gá chun gur féidir ráitis tacaíochta a fhíorú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

(13)Chun go mbeidh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh níos inrochtana agus chun tacaíocht a chur ar fáil do na saoránaigh agus do na heagraithe, ba cheart don Choimisiún faisnéis agus cúnamh a chur ar fáil do na heagraithe agus ardán comhoibritheach ar líne a chur ar fáil a bheidh ina fhóram tiomnaithe don phlé agus ar a soláthrófar faisnéis agus comhairle faoin Tionscnamh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Lena áirithiú go mbeidh seirbhísí an Aontais i ngaireacht do na saoránaigh, ba cheart do na Ballstáit pointe teagmhála amháin nó níos mó a bhunú ar a gcríoch féin chun faisnéis agus cúnamh a chur ar fáil do na saoránaigh maidir leis an Tionscnamh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

(14)Is gá bunstruchtúr eagraithe a bheith ann chun tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh a sheoladh agus a bhainistiú go rathúil. Maidir leis an struchtúr sin, ba cheart é a bheith i bhfoirm grúpa eagraithe a bheidh comhdhéanta de dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i seacht mBallstát éagsúla ar a laghad, chun aird a tharraingt ar shaincheisteanna uile-Aontais agus chun machnamh ar na saincheisteanna sin a chothú. Ar mhaithe le trédhearcacht agus cumarsáid réidh éifeachtúil, ba cheart don ghrúpa eagraithe ionadaí a ainmniú chun idirchaidreamh a dhéanamh idir an grúpa eagraithe agus institiúidí an Aontais le linn an nós imeachta. Ba cheart go bhféadfadh an ngrúpa eagraithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, eintiteas dlíthiúil a chur ar bun chun tionscnamh a bhainistiú. Ba cheart a mheas gurb é an grúpa eagraithe an teintiteas dlíthiúil chun críocha an Rialacháin seo.

(15)Chun comhleanúchas agus trédhearcacht a áirithiú maidir le tionscnaimh, agus chun staid a sheachaint ina mbeadh sínithe á mbailiú le haghaidh tionscnamh nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sa Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún na tionscnaimh a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo a chlárú sula mbailítear ráitis tacaíochta ó shaoránaigh. Ba cheart don Choimisiún déileáil leis an gclárúchán i gcomhréir le prionsabail ghinearálta an dea-riaracháin.

(16)Chun go mbeidh an Tionscnamh Eorpaigh ó na Saoránaigh níos inrochtana, agus ag cur san áireamh gur cheart na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a bheith soiléir, simplí, soláimhsithe agus comhréireach, is iomchuí tionscnamh a chlárú i bpáirt i gcás nach gcomhlíonann ach cuid nó codanna den tionscnamh na ceanglais maidir le clárúchán faoin Rialachán seo. Ba cheart tionscnaimh a chlárú i bpáirt i gcás inar léir nach bhfuil cuid shuntasach den tionscnamh, lena náirítear a phríomhchuspóirí, lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais a thíolacadh chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme, agus más rud é gur comhlíonadh na ceanglais clárúcháin eile ar fad. Ba cheart soiléireacht agus trédhearcacht a áirithiú maidir le raon feidhme an chlárúcháin i bpáirt agus ba cheart sínitheoirí ionchasacha a chur ar an eolas faoi raon feidhme an chlárúcháin agus i dtaobh nach mbailítear ráitis tacaíochta ach i dtaca le raon feidhme clárúcháin an tionscnaimh.

(17)Ba cheart na ráitis tacaíochta le haghaidh tionscnaimh a bhailiú laistigh de theorainn shonrach ama. Chun a áirithiú go leanfaidh tionscnamh de bheith ábhartha, agus an chastacht a bhaineann le ráitis tacaíochta a bhailiú ar fud an Aontais á cur san áireamh, níor cheart an teorainn ama sin a bheith níos faide ná 12 mhí ó dháta tosaithe na tréimhse clárúcháin arna chinneadh ag an ngrúpa eagraithe.

(18)Chun rochtain ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a dhéanamh níos fusa, an tualach oibre a bhaineann lena úsáid a laghdú agus a úsáid a éascú ba cheart don Choimisiún lárchóras a bhunú agus a oibriú chun ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne. Ba cheart an córas sin a bheith ar fáil saor in aisce do ghrúpaí eagraithe agus ba cheart na gnéithe teicniúla is gá a bheith ann a éascaíonn bailiú ar líne, lena náirítear an óstáil agus na bogearraí chomh maith le gnéithe inrochtaineachta a áirithíonn gur féidir le saoránaigh faoi mhíchumas tacú leis na tionscnaimh. Ba cheart an córas sin a bhunú agus a chothabháil i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún 26 .

(19)Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag saoránaigh den Aontas tacú le tionscnaimh ar líne nó i bhfoirm páipéir trí na sonraí pearsanta a leagtar síos in Iarscríbhinn II den Rialachán seo, agus na sonraí sin amháin, a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas cé acu i gcuid A nó B d'Iarscríbhinn III ar mian leo go gcuirfí san áireamh iad. Ba cheart go mbeadh na saoránaigh atá ag úsáid an lárchórais bailithe ar líne le haghaidh an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh in ann tacú le tionscnamh trí bhíthin ráitis tacaíochta arna síniú go leictreonach trí mheán ríomh-shainaitheantais agus síniú leictreonach. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit na gnéithe teicniúla ábhartha a chur chun feidhme chuige sin, faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 . Níor cheart do na saoránaigh ráiteas tacaíochta a shíniú níos mó ná uair amháin.

(20)Ba cheart go bhféadfadh grúpa eagraithe a chórais bailithe féin ar líne a bhunú chun ráitis tacaíochta a bhailiú ar fud an Aontais, agus a chinneadh cén Ballstát ina stórálfar na sonraí arna mbailiú don tionscnamh. Ba cheart don ghrúpa eagraithe aon chóras bailithe ar líne ar leithligh amháin a úsáid le haghaidh gach tionscnaimh. Ba cheart gnéithe leordhóthanacha teicniúla agus slándála a bheith ag córais bailithe ar líne ar leithligh arna mbunú agus arna noibriú ag grúpa eagraithe chun a áirithiú go ndéantar na sonraí a bhailiú, a stóráil agus a aistriú ar bhealach slán le linn an nós imeachta. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe a leagan amach le haghaidh córais bailithe ar líne ar leithligh, i gcomhar leis na Ballstáit. Féadfaidh an Coimisiún comhairle a lorg ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA), a bhíonn ina cuidiú ag institiúidí an Aontais beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme a bhaineann le slándáil córas gréasáin agus faisnéise.

(21)Is iomchuí do na Ballstáit a fhíorú go bhfuil na córais bailithe ar líne ar leithligh arna mbunú ag grúpa eagraithe i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo agus doiciméad a eisiúint a dheimhníonn sin sula mbailítear na ráitis tacaíochta. Ba cheart d'údarás inniúil náisiúnta na mBallstát ina stóráiltear na sonraí arna mbailiú tríd an gcóras bailithe ar líne ar leithligh na córais bailithe ar líne ar leithligh a dheimhniú. Gan dochar do chumhachtaí na núdarás maoirseachta náisiúnta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, ba cheart do na Ballstáit an túdarás inniúil náisiúnta a ainmniú atá freagrach as na córais a dheimhniú. Ba cheart do na Ballstáit na deimhnithe arna neisiúint ag a núdaráis inniúla a aithint go frithpháirteach.

(22)I gcás ina bhfuil na ráitis tacaíochta is gá faighte ag tionscnamh ó shínitheoirí, ba cheart do gach Ballstát a bheith freagrach as na ráitis tacaíochta arna síniú ag náisiúnaigh dá gcuid a fhíorú agus a dheimhniú, chun a mheas ar sroicheadh an líon íosta sínitheoirí is gá a bhfuil an ceart acu tacú le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Agus aird á tabhairt ar an ngá leis an ualach riaracháin do na Ballstáit a theorannú, ba cheart na fíoruithe sin a dhéanamh ar bhonn seiceálacha iomchuí, ar seiceálacha iad a fhéadfar a bhunú ar shampláil randamach. Ba cheart do na Ballstáit doiciméad a eisiúint ina ndeimhnítear an líon ráiteas tacaíochta bailí a fuarthas.

(23)Chun rannpháirtíocht a chur chun cinn chomh maith le díospóireacht phoiblí ar na saincheisteanna a tháinig chun cinn de thoradh na dtionscnamh, i gcás ina gcuirtear tionscnamh a fuair an líon sínitheoirí is gá agus a chomhlíonann ceanglais eile an Rialacháin seo faoi bhráid an Choimisiúin, ba cheart an ceart a bheith ag an ngrúpa eagraithe an tionscnamh sin a chur faoi bhráid éisteacht phoiblí ar leibhéal an Aontais. Is iad an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa a eagróidh an éisteacht phoiblí sin i gcomhar le chéile laistigh de thrí mhí ón tionscnamh a thíolacadh, agus áiritheoidh siad go bhfuil ionadaíocht chothrom ann ar leasanna poiblí agus príobháideacha agus go bhfuil ionadaíocht ar an leibhéal iomchuí ann ón gCoimisiún. Ba cheart go bhféadfadh institiúidí agus comhlachtaí comhairleacha eile de chuid an Aontais agus ag páirtithe leasmhara páirt a ghlacadh san éisteacht.

(24)Chun rannpháirtíocht éifeachtach saoránach i saol daonlathach an Aontais a áirithiú, ba cheart don Choimisiún aon tionscnamh atá bailí a scrúdú agus freagra a thabhairt air. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla a leagan síos mar aon leis an mbeart a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh sa tréimhse 5 mhí ón am a fhaigheann sé an tionscnamh. Ba cheart don Choimisiún a mhíniú ar bhealach soiléir intuigthe mionsonraithe na cúiseanna leis an mbeart a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh, agus ar an gcaoi chéanna ba cheart dó na cúiseanna a thabhairt mura bhfuil sé beartaithe aige aon bheart a dhéanamh.

(25)Ba cheart an tacaíocht agus an maoiniú le haghaidh tionscnamh a bheith trédhearcach. Dá bhrí sin, ba cheart do na grúpaí eagraithe faisnéis nuashonraithe a chur ar fáil maidir leis na foinsí tacaíochta agus maoinithe dá dtionscnaimh idir an dáta cláraithe agus an dáta a chuirtear an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart go mbeadh eintitis, go háirithe eagraíochtaí a rannchuidíonn, faoi na Conarthaí, le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil saoránaigh den Aontas a chur in iúl, ba cheart go mbeadh na heintitis sin in ann tionscnaimh a chur chun cinn agus tacaíocht agus maoiniú a chur ar fáil dóibh, ar choinníoll go ndéanfaidh siad amhlaidh i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán seo agus le trédhearcacht iomlán. 

(26)Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh faoin Rialachán seo. Ar an gcaoi sin, ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí a shoiléiriú go measfar gurb iad na rialaitheoirí sonraí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 ionadaí an ghrúpa eagraithe, nó an eintitis dhlíthiúil a ceapadh chun críche an tionscnamh a bhainistiú, de réir mar is iomchuí, agus údaráis inniúla na mBallstát, agus is iomchuí an uastréimhse a shonrú ar féidir sonraí pearsanta arna mbailiú chun críche tionscnaimh a choinneáil lena linn. Ina gcáil mar rialaitheoirí sonraí, ba cheart d'ionadaí an ghrúpa eagraithe, nó an eintitis dhlíthiúil a ceapadh chun críche an tionscnamh a bhainistiú, de réir mar is iomchuí, agus údaráis inniúla na mBallstát na bearta iomchuí uile a dhéanamh chun na hoibleagáidí arna bhforchur le Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh, go háirithe na hoibleagáidí sin a bhaineann le dlíthiúlacht na próiseála, le slándáil na ngníomhaíochtaí próiseála, le soláthar faisnéise agus le ceart na nábhar sonraí. 

(27)Cé go leantar de dhliteanas agus pionóis maidir le próiseáil sonraí pearsanta a rialú faoi Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart an grúpa eagraithe a bheith faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, i leith aon damáiste eile a dhéanfaidh siad le linn tionscnamh á eagrú trí ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha arna ndéanamh d'aon ghnó nó le faillí thromchúiseach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbíonn an grúpa eagraithe faoi réir pionóis iomchuí i gcás sáruithe ar an Rialachán seo. 

(28)[Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 29 maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag an gCoimisiún i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.] 

(29)Chun cuidiú le rannpháirtíocht ghníomhach saoránach i saol polaitiúil an Aontais, ba cheart go mbeadh an Coimisiún agus na heagraithe in ann, i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, seoltaí ríomhphoist sínitheoirí a bhailiú chun críche gníomhaíochtaí cumarsáide maidir le tionscnamh, go háirithe chun críche faisnéis a sholáthar maidir le bearta leantacha a dhéantar i dtaca le tionscnamh. Ba cheart bailiú seoltaí ríomhphoist a bheith faoi réir thoiliú na sínitheoirí agus ba cheart é a bheith roghnach. Níor cheart seoltaí ríomhphoist a bhailiú mar chuid de na foirmeacha ráitis tacaíochta agus ba cheart na sínitheoirí ionchasacha a bheith ar an eolas nach bhfuil a gceart chun tacú le tionscnamh ag brath ar a dtoiliú a seoladh ríomhphoist a thabhairt.

(30)Chun dul in oiriúint do riachtanais amach anseo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Feidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun críche na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena náirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(31)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, go háirithe maidir leis na sonraíochtaí teicniúla a shonrú do na córais bailithe ar líne i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 .

(32)Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 8 de. 

(33)Ar mhaithe le deimhneacht agus soiléire dhlíthiúil, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 a aisghairm.

(34)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le [hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh an [...] 31 ],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá maidir le tionscnamh lena niarrtar ar an gCoimisiún Eorpach, faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra iomchuí a thíolacadh maidir le ceisteanna a bhfuil gá, dar le saoránaigh den Aontas, le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme (an "Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh" nó an "tionscnamh").

Airteagal 2

An ceart tacú le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh

Tá an ceart ag gach saoránach den Aontas a bhfuil 16 bliana d'aois ar a laghad bainte amach aige tacú le tionscnamh trí ráiteas tacaíochta a shíniú ("an sínitheoir"), i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

An líon sínitheoirí is gá

1.  Tá tionscnamh bailí más rud é:

 

(a) go bhfuil tacaíocht faighte aige ó mhilliún sínitheoir ar a laghad, ar saoránaigh iad den cheathrú cuid, ar a laghad, de na Ballstáit.

(b) gurb ionann an líon sínitheoirí, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, agus an líon íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus go bhfreagraíonn an líon sin don líon Feisirí de Pharlaimint na hEorpa arna dtoghadh i ngach Ballstát, arna iolrú faoi 750, tráth cláraithe an tionscnaimh.

2.  Chun críche mhír 1, déanfar sínitheoir a chomhaireamh i mBallstát a náisiúntachta.

Airteagal 4

Faisnéis agus cúnamh ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit

1. Cuirfidh an Coimisiún, má iarrtar sin air, faisnéis agus cúnamh ar fáil do shaoránaigh agus do ghrúpaí eagraithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

2. Cuirfidh an Coimisiún ardán comhoibritheach ar líne ar fáil a bheidh ina fhóram don phlé agus chun faisnéis agus comhairle faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a sholáthar do shaoránaigh agus do ghrúpaí eagraithe.

Is as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a íocfar na costais a bhaineann leis an ardán comhoibritheach ar líne a oibriú agus a chothabháil.

3. Cuirfidh an Coimisiún clár ar líne ar fáil ("an clár") lena gcuirfear ar chumas grúpaí eagraithe a dtionscnamh a bhainistiú le linn an nós imeachta. Cuimseoidh an clár láithreán gréasáin poiblí ar a gcuirfear ar fáil faisnéis ghinearálta faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus faisnéis faoi thionscnaimh shonracha agus a stádas sin.

4. Tar éis don Choimisiún tionscnamh a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 6, cuirfidh sé aistriúchán d'ábhar an tionscnaimh sin ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais d'fhonn an tionscnamh a fhoilsiú sa chlár agus chun é a úsáid chun ráitis tacaíochta a bhailiú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, féadfaidh grúpa eagraithe aistriúcháin de na tionscnaimh a chur ar fáil i dteangacha uile an Aontais lena bhfoilsiú sa chlár agus, de réir mar is iomchuí, den dréacht-ionstraim dlí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus arna thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(2).

5. Forbróidh an Coimisiún seirbhís malartaithe comhad Eorpach chun ráitis tacaíochta a aistriú go dtí údaráis inniúla na mBallstáit, i gcomhréir le hAirteagal 12, lena nurramaítear rúndacht, sláine agus fíordheimhniú an aistrithe, agus cuirfidh an Coimisiún an tseirbhís sin ar fáil don phobal agus saor in aisce.

6. Cuirfidh gach Ballstát pointe teagmhála amháin nó níos mó ar bun chun faisnéis agus cúnamh a chur ar fáil do ghrúpaí eagraithe i dtaca le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a chur ar bun.

CAIBIDIL II

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 5

Grúpa eagraithe

1. Déanfaidh grúpa ina mbeidh seacht nduine nádúrtha (an "grúpa eagraithe) ar a laghad, tionscnamh a ullmhú agus a bhainistiú. Ní áireofar Feisirí de Pharlaimint na hEorpa sa seachtar sin.

2. Saoránaigh den Aontas a bheidh i gcomhaltaí an ghrúpa eagraithe, beidh siad sean go leor le bheith i dteideal vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus beidh cónaitheoirí de chuid seacht mBallstát éagsúla ar a laghad ina measc.

3. Ainmneoidh an grúpa eagraithe beirt dá chomhaltaí mar ionadaí agus ionadaí malartach, faoi seach, a dhéanfaidh idirchaidreamh idir an grúpa agus institiúidí an Aontais le linn an phróisis agus a mbeidh sainordú acu gníomhú thar ceann an ghrúpa eagraithe (na "daoine teagmhála").

Féadfaidh an grúpa eagraithe beirt daoine nádúrtha eile ar a mhéad a ainmniú, as measc a chuid comhaltaí nó eile, agus beidh sainordú acu gníomhú thar ceann na ndaoine teagmhála chun críche idirchaidreamh a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais le linn an nós imeachta.

4. Cuirfidh an grúpa eagraithe an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe maidir lena chomhdhéanamh le linn an nós imeachta agus cuirfidh sé cruthúnas iomchuí ar fáil go bhfuil na ceanglais atá leagtha síos i mír 1 agus mír 2 comhlíonta. Déanfar na hathruithe ar chomhdhéanamh an ghrúpa eagraithe a léiriú sna foirmeacha ráitis tacaíochta agus beidh ainmneacha chomhaltaí reatha agus iarchomhaltaí an ghrúpa eagraithe ar fáil sa chlár le linn an nós imeachta.

I gcás gach tionscnaimh, foilseoidh an Coimisiún ainmneacha chomhaltaí uile an ghrúpa eagraithe sa chlár.

5. Gan dochar do dhliteanas ionadaí an ghrúpa eagraithe mar rialaitheoir sonraí faoi Airteagal 82(2) de Rialachán (CE) 2016/679, beidh comhaltaí grúpa eagraithe faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, i leith aon damáiste a dhéantar le linn tionscnamh a eagrú trí ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha arna ndéanamh d'aon ghnó nó le faillí thromchúiseach.

6. Gan dochar do na pionóis faoi Airteagal 84 de Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhaltaí grúpa eagraithe faoi réir pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha mar gheall ar sháruithe ar an Rialachán seo agus go háirithe mar gheall ar na nithe seo a leanas:

(a) dearbhuithe bréagacha;

(b) úsáid chalaoiseach sonraí.

7. I gcás ina gcruthaítear eintiteas dlíthiúil, i gcomhréir le dlí náisiúnta Ballstáit, go sonrach chun críche tionscnamh áirithe a bhainistiú, measfar gurb é an grúpa eagraithe nó a chomhaltaí, de réir mar is iomchuí, an teintiteas dlíthiúil chun críche mhír 5 agus mhír 6, Airteagal 6(2) agus (4) go (7) agus Airteagal (7) go hAirteagal 18 agus Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn VII, ar choinníoll go dtugtar sainordú don chomhalta sin den ghrúpa eagraithe arna ainmniú mar ionadaí den ghrúpa gníomhú thar ceann an eintitis dhlíthiúil.

Airteagal 6

Clárú

1. Ní fhéadfar ráitis tacaíochta a bhailiú ach amháin tar éis don tionscnamh a bheith cláraithe ag an gCoimisiún.

2. Déanfaidh an grúpa eagraithe an iarraidh ar chlárú a thíolacadh don Choimisiún tríd an gclár.

Agus iarraidh á tíolacadh déanfaidh an grúpa eagraithe an méid seo a leanas freisin:

(a) an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a tharchuir i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais;

(b) i gcás ina bhfuil níos mó ná seacht gcomhalta sa ghrúpa, na seacht gcomhalta atá le cur san áireamh chun críche Airteagal 5(1) agus (2) a lua;

(c) más amhlaidh atá, a léiriú gur ceapadh eintiteas dlíthiúil, de bhun Airteagal 5(7).

Gan dochar do mhír 5 agus mír 6, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh na hiarrata faoi cheann dhá mhí ón tionscnamh a thíolacadh.

3. Déanfaidh an Coimisiún an tionscnamh a chlárú más rud é:

(a) go bhfuil fianaise curtha ar fáil ag an ngrúpa eagraithe go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 5(3);

(b) sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(7), gur ceapadh an teintiteas dlíthiúil go sonrach chun an tionscnamh a bhainistiú agus go dtugtar sainordú don chomhalta den ghrúpa eagraithe atá ainmnithe mar ionadaí de chun gníomhú thar ceann an eintitis dhlíthiúil;

nach bhfuil aon chuid den tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh, go follasach, lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin chun togra le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais a thíolacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme;

(d) gur léir nach bhfuil an tionscnamh míchuí, suaibhreosach ná cráiteach;

(e) agus nach bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. 

Mura gcomhlíontar ceanglas amháin nó níos mó de na ceanglais a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e), diúltóidh an Coimisiún an tionscnamh a chlárú, gan dochar do mhír 4 agus mír 5.

4. I gcás ina measann sé go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i mír 3(a), (b), (d) agus (e) ach nach gcomhlíontar an ceanglas a leagtar amach i mír 3(c), déanfaidh an Coimisiún, faoi cheann mí amháin ón iarraidh a thíolacadh, an grúpa eagraithe a chur ar an eolas faoina mheasúnú agus faoi na cúiseanna leis.

Sa chás sin, féadfaidh an grúpa eagraithe an tionscnamh a leasú chun measúnú an Choimisiúin a chur san áireamh chun a áirithiú go bhfuil an tionscnamh i gcomhréir leis an gceanglas a leagtar síos i mír 3(c) nó chun an tionscnamh tosaigh a choimeád nó a tharraingt siar. Cuirfidh an grúpa eagraithe an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh faoi cheann mí amháin tar éis measúnú an Choimisiúin a fháil agus luafaidh sé na cúiseanna leis agus, de réir mar is iomchuí, cuirfidh sé na leasuithe i bhfeidhm ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II le cur in ionad an tionscnamh tosaigh.

I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún an fhaisnéis ó na heagraithe, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a) an tionscnamh a chlárú, má chomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos i mír 3(c);

(b) an tionscnamh a chlárú i bpáirt más léir nach bhfuil cuid shuntasach den tionscnamh, lena náirítear a phríomhchuspóirí, go follasach lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais a thíolacadh chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme;

(c) diúltú an tionscnamh a chlárú i gcásanna áirithe.

 

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i leith na hiarrata faoi cheann mí amháin tar éis an fhaisnéis agus, de réir mar is iomchuí, an tionscnamh leasaithe a fháil ón ngrúpa neagraithe dá dtagraítear sa dara fomhír.

5. Tionscnamh atáthar tar éis a chlárú, cuirfear ar fáil don phobal é.

I gcás ina gcláraíonn an Coimisiún tionscnamh i bpáirt:

(a) foilseoidh sé faisnéis faoi raon feidhme chlárú an tionscnaimh sa chlár;

(b) déanfaidh an grúpa eagraithe a áirithiú go gcuirtear sínitheoirí ionchasacha ar an eolas faoi raon feidhme chlárú an tionscnaimh agus nach mbailítear ráitis tacaíochta ach i dtaca le raon feidhme an chlárúcháin.

6. Déanfaidh an Coimisiún tionscnamh a chlárú faoi uimhir chlárúcháin aonair agus cuirfidh sé an grúpa eagraithe ar an eolas ina thaobh sin.

7. I gcás ina ndiúltóidh sé tionscnamh a chlárú nó nach gcláraíonn sé an tionscnamh ach i bpáirt i gcomhréir le mír 4, cuirfidh an Coimisiún an grúpa eagraithe ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin agus faoi na leigheasanna breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha uile a d'fhéadfadh a bheith ar fáil dóibh.

8. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún ar an eolas faoi chlárú tionscnaimh.

Airteagal 7

Tionscnamh a tharraingt siar

Féadfaidh an grúpa eagraithe tionscnamh atáthar tar éis a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 6 a tharraingt siar aon tráth sula dtíolacfar an tionscnamh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13. Foilseofar an tarraingt siar sin sa chlár.

Airteagal 8

Tréimhse bailiúcháin

1. Déanfar na ráitis tacaíochta uile a bhailiú laistigh de thréimhse nach faide ná 12 mhí ó dháta a chinnfidh grúpa na neagraithe (an "tréimhse bhailiúcháin") gan dochar d'Airteagal 11(6). Ba cheart an dáta sin a bheith laistigh de thrí mhí tar éis an tionscnamh a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 6.

Cuirfidh an grúpa eagraithe an Coimisiún ar an eolas maidir leis an dáta a roghnófar ar a dhéanaí 10 lá oibre roimh an dáta sin. 

I gcás ina dteastaíonn ón ngrúpa eagraithe bailiú na ráiteas tacaíochta a fhoirceannadh faoi cheann 12 mhí tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin dáta ar a gcuirfear deireadh leis an tréimhse bailiúcháin.

2. Luafaidh an Coimisiún dátaí tosaithe agus deiridh na tréimhse bailiúcháin sa chlár.

3. Cuirfidh an Coimisiún nó an grúpa eagraithe, de réir mar is iomchuí, deireadh le hoibriú an lárchórais bailithe ar líne i gcomhréir le hAirteagal 10 nó le hoibriú córas bailithe ar líne ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 11 an dáta ar a mbeidh deireadh leis an tréimhse bailiúcháin.

Airteagal 9

Nós imeachta maidir le ráitis tacaíochta a bhailiú

1. Féadfar ráitis tacaíochta a shíniú ar líne nó i bhfoirm páipéir.

2. Maidir le ráitis tacaíochta a bhailiú, ní fhéadfar aon fhoirmeacha a úsáid seachas foirmeacha atá ag teacht leis na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Sula dtionscnaítear bailiú na ráiteas tacaíochta, comhlánóidh an grúpa eagraithe na foirmeacha de réir na dtreoracha atá in Iarscríbhinn III. Freagróidh an fhaisnéis a thabharfar sna foirmeacha don fhaisnéis atá sa chlár.

I gcás ina gcinneann an grúpa eagraithe ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne tríd an lárchóras bailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10, is é an Coimisiún a bheidh freagrach as na foirmeacha iomchuí a chur ar fáil, i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

I gcás ina ndearnadh tionscnamh a chlárú i bpáirt i gcomhréir le hAirteagal 6(4), léireofar raon feidhme chlárú an tionscnaimh sna foirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus sa lárchóras bailithe ar líne agus sa córas bailithe ar líne ar leithligh, de réir mar is iomchuí, léireoidh siad raon feidhme chlárú an tionscnaimh. 

Féadfar na foirmeacha ráitis tacaíochta a oiriúnú ar mhaithe leis an mbailiú ar líne.

I gcás ina dtacaíonn na saoránaigh le tionscnamh ar líne trí bhíthin an lárchórais bailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10, trí mhodhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith a úsáid de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 i gcomhréir le hAirteagal 10(4), ní bheidh feidhm ag Iarscríbhinn III. Cuirfidh saoránaigh den Aontas a náisiúntacht in iúl agus glacfaidh na Ballstáit leis an tacar sonraí íosta do dhuine nádúrtha i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 .

3. Duine atá ag síniú ráiteas tacaíochta, ní bheidh ar an duine sin a sholáthar ach na sonraí pearsanta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

4. Roimh an 1 Iúil 2019, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas cé acu i gcuid A nó B d'Iarscríbhinn III ar mian leo go gcuirfí san áireamh iad. Na Ballstáit ar mian leo a bheith san áireamh i gCuid B d'Iarscríbhinn III, cuirfidh siad in iúl an cineál uimhreach aitheantais pearsanta nó doiciméid aitheantais phearsanta dá gcuirfidh sínitheoirí na ceithre charachtar dheireanacha ar fáil.

Faoin 1 Eanáir 2020, foilseoidh an Coimisiún na foirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III sa chlár.

Féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar an gCoimisiún a bheith san áireamh sa chuid eile d'Iarscríbhinn III, mar atá Cuid A nó Cuid B. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas sé mhí ar a laghad roimh an dáta ar a mbeidh feidhm ag na foirmeacha nua.

5. Is iad an grúpa eagraithe a bheidh freagrach as na ráitis tacaíochta a bhailiú ó shínitheoirí i bhfoirm páipéir.

6. Ní fhéadfaidh duine ráiteas tacaíochta do thionscnamh áirithe a shíniú níos mó ná uair amháin.

7. Cuirfidh an grúpa eagraithe an Coimisiún ar an eolas faoin líon ráiteas tacaíochta atá bailithe i ngach Ballstát gach dhá mhí ar a laghad le linn na tréimhse bailiúcháin agus faoin líon deiridh faoi cheann trí mhí ó dheireadh na tréimhse bailiúcháin chun go bhféadfar iad a fhoilsiú sa chlár.

I gcás nach sroichfear an líon ráiteas tacaíochta is gá nó in éagmais freagra ón ngrúpa eagraithe faoi cheann trí mhí ó dheireadh na tréimhse bailiúcháin, déanfaidh an Coimisiún an tionscnamh a dhúnadh agus foilseoidh sé fógra á rá sin sa chlár.

Airteagal 10

Lárchóras bailithe ar líne

1. Chun críche bailiú ráitis tacaíochta ar líne, déanfaidh an Coimisiún lárchóras bailithe ar líne a bhunú agus a chur ag obair faoin 1 Eanáir 2020, i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017.

Is as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a íocfar na costais a bhaineann leis an lárchóras bailithe ar líne a chur ar bun agus a oibriú. Beidh úsáid an lárchórais bailithe ar líne saor in aisce.

Beidh an lárchóras bailithe ar líne inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

Na sonraí a bhailítear tríd an lárchóras bailithe ar líne, stórálfar ar na freastalaithe a chuirfidh an Coimisiún ar fáil chun na críche sin.

Leis an lárchóras bailithe ar líne féadfar ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil.

2. I gcás gach tionscnaimh, déanfaidh an Coimisiún a áirithiú gur féidir ráitis tacaíochta a bhailiú tríd an lárchóras bailithe ar líne le linn na tréimhse bailiúcháin arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 8.

3. Faoi cheann mí amháin ó thionscnamh a chlárú, agus ar a dhéanaí 10 lá oibre roimh thús na tréimhse bailiúcháin, cuirfidh an grúpa eagraithe in iúl don Choimisiún más mian leis an lárchóras bailithe ar líne a úsáid, agus más mian leis na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil.

I gcás ina mian le grúpa eagraithe na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil, uaslódálfaidh sé gach ráiteas tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dheireadh na tréimhse bailiúcháin, agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún.

4. Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) go bhféadfaidh saoránaigh tacú le tionscnaimh ar líne trí bhíthin ráitis tacaíochta trí na modhanna ríomh-shainaitheantais a dtugtar fógra ina leith a úsáid nó trí shíniú le síniú leictreonach de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach;

(b) go naithneofar nód e-IDAS an Choimisiúin a forbraíodh faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 .

Airteagal 11

Córais bailithe ar líne ar leithligh

1. I gcás nach núsáideann grúpa eagraithe an lárchóras bailithe ar líne, féadfaidh sé ráitis tacaíochta ar líne a bhailiú i roinnt Ballstát nó i ngach Ballstát trí bhíthin córas bailithe ar líne ar leithligh eile (an "córas bailithe ar líne ar leithligh").

Na sonraí a bhaileofar tríd an gcóras bailithe ar líne ar leithligh, déanfar iad a stóráil ar chríoch Ballstáit.

2. Déanfaidh an grúpa eagraithe a áirithiú go gcomhlíonann an córas bailithe ar líne ar leithligh na ceanglais a leagtar síos i mír 4 agus in Airteagal 17(3) le linn na tréimhse bailiúcháin.

3. I ndiaidh an tionscnamh a chlárú agus roimh thús na tréimhse bailiúcháin, agus gan dochar do chumhachtaí na núdarás maoirseachta náisiúnta faoi Chaibidil VI de Rialachán (AE) 2016/679, iarrfaidh an grúpa eagraithe ar údarás inniúil an Bhallstáit ina stórálfar na sonraí a bailíodh tríd an gcóras bailithe ar líne ar leithligh, iarrfaidh siad air a dheimhniú go gcomhlíonann an córas na ceanglais a leagtar síos i mír 4.

I gcás ina gcomhlíonfaidh córas bailithe ar líne ar leithligh na ceanglais sin, déanfaidh an túdarás inniúil ábhartha deimhniú chuige sin a eisiúint faoi cheann mí amháin i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Cuirfidh an grúpa eagraithe cóip den deimhniú sin nó de na deimhnithe sin ar fáil don phobal ar an láithreán gréasáin a úsáidtear don chóras bailithe ar líne ar leithligh.

Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas do na deimhnithe arna neisiúint ag údaráis inniúla Ballstát eile.

4. Beidh na gnéithe slándála agus teicniúla leordhóthanacha ag córais bailithe ar líne ar leithligh chun an méid seo a leanas a áirithiú le linn na tréimhse bailiúchán:

(a) nach bhféadfaidh ach daoine nádúrtha ráiteas tacaíochta a shíniú;

(b) go bhfreagróidh an fhaisnéis a sholáthraítear chun tacú leis an tionscnamh don fhaisnéis a fhoilseofar sa chlár;

(c) go mbaileofar na sonraí ó na sínitheoirí i gcomhréir le hIarscríbhinn III;

(d) go ndéanfar na sonraí a sholáthraíonn na sínitheoirí a bhailiú agus a stóráil go daingean.

5. Faoin 1 Eanáir 2020, glacfaidh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla chun mír 4 a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

Féadfaidh an Coimisiún comhairle a iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) agus é i mbun na sonraíochtaí teicniúla a fhorbairt, dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

6. I gcás ina mbaileofar ráitis tacaíochta trí chórais bailithe ar líne ar leithligh, ní fhéadfar tús a chur leis an tréimhse bailiúcháin go dtí go neiseofar an deimhniú dá dtagraítear i mír 3 do gach ceann de na córais sin.

Airteagal 12

Fíorú agus deimhniú na ráiteas tacaíochta ag na Ballstáit

1. Déanfaidh gach Ballstát (an "Ballstát atá freagrach") a fhíorú agus a dheimhniú go gcomhlíonann na ráitis tacaíochta arna síniú ag a náisiúnaigh forálacha an Rialacháin seo.

2. Faoi cheann trí mhí ó dheireadh na tréimhse bailiúcháin agus gan dochar do mhír 3, déanfaidh an grúpa eagraithe na ráitis tacaíochta, a bailíodh ar líne nó i bhfoirm páipéir, a thíolacadh do na húdaráis inniúla den Bhallstát atá freagrach, dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Ní dhéanfaidh an grúpa eagraithe na ráitis tacaíochta a thíolacadh do na húdaráis inniúla ach amháin i gcás ina sroicheann an líon sínitheoirí an líon íosta sínitheoirí don tionscnamh a leagtar amach in Airteagal 3.

Ní dhéanfar ráitis tacaíochta a thíolacadh do gach údarás inniúil sa Bhallstát atá freagrach ach uair amháin, agus úsáidfear an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Déanfar ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne a thíolacadh trí scéimre leictreonach a leanúint a chuirfidh an Coimisiún ar fáil don phobal a úsáid.

Déanfar ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir agus na ráitis a bailíodh ar líne trí chóras bailithe ar líne ar leithligh, déanfar iad a thíolacadh ar leithligh.

3. Déanfaidh an Coimisiún na ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne tríd an lárchóras bailithe ar líne chomh maith leis na ráitis a bailíodh i bhfoirm páipéir agus a uaslódáladh de bhun an dara fomhír d'Airteagal 10(3) a thíolacadh d'údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach.

I gcás ina bhfuil ráitis tacaíochta bailithe ag an ngrúpa eagraithe trí chóras bailithe ar líne ar leithligh, féadfaidh an grúpa iarraidh ar an gCoimisiún na ráitis tacaíochta sin a thíolacadh d'údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach.

Tíolacfaidh an Coimisiún na ráitis tacaíochta i gcomhréir le fomhír 2 go fomhír 4 de mhír 2, trí úsáid a bhaint as seirbhís malartuithe comhad an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4(5).

4. Faoi cheann trí mhí ó na ráitis tacaíochta a fháil, fíoróidh na húdaráis inniúla iad a fhíorú ar bhonn seiceálacha iomchuí, ar seiceálacha iad a d'fhéadfadh a bheith bunaithe ar shampláil randamach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

I gcás ina dtíolacfar na ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne agus i bhfoirm páipéir ar leithligh, cuirfear tús leis an tréimhse sin nuair aa bheidh na ráitis tacaíochta uile faighte ag an údarás inniúil.

Chun críche na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a fhíorú, ní gá sínithe a fhíordheimhniú.

5. Ar bhonn na bhfíoruithe a dhéanfar, déanfaidh an túdarás inniúil an líon ráiteas tacaíochta bailí don Bhallstát lena mbaineann a dheimhniú. Déanfar an deimhniú sin a sheachadadh, saor in aisce, don ghrúpa eagraithe, ag úsáid na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

Sa deimhniú sonrófar an líon ráiteas tacaíochta bailí a bailíodh i bhfoirm páipéir agus ar líne lena náirítear na ráitis a bailíodh i bhfoirm páipéir agus a uaslódáladh de bhun an dara fomhír d'Airteagal 10(3).

Airteagal 13

Tionscnamh a thíolacadh don Choimisiún

Faoi cheann trí mhí tar éis an deimhniú deireanach dá bhforáiltear in Airteagal 12(5) a fháil, tíolacfaidh an grúpa eagraithe an tionscnamh don Choimisiún.

Tíolacfaidh an grúpa eagraithe an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VII agus í comhlánaithe, mar aon le cóipeanna, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach, de na deimhnithe dá bhforáiltear in Airteagal 12(5).

Déanfaidh an Coimisiún an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a chur ar fáil don phobal sa chlár.

Airteagal 14

Foilsiú agus éisteacht poiblí

1.  I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún tionscnamh bailí ar bailíodh agus ar deimhníodh na ráitis tacaíochta ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8 go hAirteagal 12, foilseoidh sé gan mhoill fógra á rá sin sa chlár agus tíolacfaidh sé an tionscnamh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

2. Faoi cheann trí mhí tar éis an tionscnamh a thíolacadh, tabharfar an deis don ghrúpa eagraithe an tionscnamh a chur i láthair ag éisteacht phoiblí.

Déanfaidh an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa an éisteacht seo a eagrú i gcomhar le chéile i bParlaimint na hEorpa. Tabharfar deis d'ionadaithe ó institiúidí agus ó chomhlachtaí comhairleacha eile an Aontais agus do pháirtithe leasmhara, bheith rannpháirteach san éisteacht.

Áiritheoidh an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa go ndéanfar ionadaíocht chothrom ar na leasa poiblí agus príobháideacha.

3. Déanfar ionadaíocht ar an gCoimisiún ar leibhéal iomchuí.

Airteagal 15

Scrúdú arna dhéanamh ag an gCoimisiún

1. Faoi cheann mí amháin tar éis an tionscnamh a thíolacadh, buailfidh an Coimisiún leis an ngrúpa eagraithe ar an leibhéal iomchuí chun deis a thabhairt dóibh na saincheisteanna a bhaineann leis an tionscnamh a mhíniú go mion.

2. Faoi cheann cúig mhí tar éis an tionscnamh a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 14(1), agus tar éis na héisteachta poiblí dá dtagraítear in Airteagal 14(2), leagfaidh an Coimisiún amach i dteachtaireacht a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla maidir leis an tionscnamh, an beart atá beartaithe aige a dhéanamh, más gá, agus na cúiseanna leis an mbeart sin a dhéanamh nó gan é a dhéanamh.

Tabharfar fógra faoin teachtaireacht sin don ghrúpa eagraithe agus do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún agus cuirfear ar fáil don phobal é.

3. Féadfaidh an Coimisiún agus an grúpa eagraithe na sínitheoirí a chur ar an eolas faoin bhfreagairt ar an tionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 17(2) agus (3).

CAIBIDIL III

FORÁLACHA EILE

Airteagal 16

Trédhearcacht

Cuirfidh an grúpa eagraithe faisnéis ar fáil maidir leis na foinsí tacaíochta agus maoinithe don tionscnamh ar fiú breis agus EUR 500 in aghaidh an urra iad, le foilsiú sa chlár, agus, de réir mar is iomchuí, ar láithreán gréasáin a bhfeachtais.

Déanfar an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta gach dá mhí ar a laghad le linn na tréimhse ón dáta cláraithe go dtí an dáta ar a dtíolacfar an tionscnamh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13.

Airteagal 17

Cumarsáid

1. Déanfaidh an Coimisiún feasacht a ardú i measc an phobail maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh trí ghníomhaíochtaí cumarsáide agus feachtais faisnéise, agus ar an gcaoi sin de déanfaidh sé rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach i saol polaitiúil an Aontais a chur chun cinn.

2. Chun críocha gníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéise maidir leis an tionscnamh lena mbaineann agus faoi réir toiliú sínitheora, féadfaidh an grúpa eagraithe nó an Coimisiún seoladh ríomhphoist an tsínitheora a bhailiú.

Cuirfear in iúl do shínitheoirí ionchasacha nach mbraitheann a gceart chun tacú le tionscnamh ar a dtoiliú a seoladh ríomhphoist a thabhairt.

3. Ní fhéadfar seoltaí ríomhphoist a bhailiú mar chuid de na foirmeacha ráitis tacaíochta. Féadfar iad a bhailiú ag an am céanna leis na ráitis tacaíochta, áfach, ar choinníoll go ndéantar iad a phróiseáil ar leithligh.

Airteagal 18

Sonraí pearsanta a chosaint

1. Is é ionadaí an ghrúpa eagraithe a bheidh ina rialaitheoir sonraí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679. I gcás ina gceaptar an teintiteas dlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 5(7), is é an rialaitheoir sonraí a bheidh ina eintiteas.

2. Déanfar na sonraí pearsanta arna gcur ar fáil sna foirmeacha ráitis tacaíochta a bhailiú chun críche na noibríochtaí is gá chun iad a bhailiú agus a stóráil ar bhealach slán i gcomhréir le hAirteagal 9 go hAirteagal 11, chun iad a thíolacadh do na Ballstáit, chun iad a fhíorú agus a dheimhniú i gcomhréir le hAirteagal 12 agus le haghaidh na seiceálacha cáilíochta agus na hanailíse staidrimh is gá.

3. Scriosfaidh an grúpa eagraithe agus an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, na ráitis tacaíochta uile a shíneofar do thionscnamh agus aon chóipeanna díobh mí amháin ar a dhéanaí tar éis an tionscnamh sin a thíolacadh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13, nó 21 mhí tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, cibé acu is túisce. I gcás ina dtarraingítear siar tionscnamh tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, áfach, scriosfar na ráitis tacaíochta agus aon chóipeanna díobh mí amháin ar a dhéanaí tar éis na tarraingthe siar.

4. Scriosfaidh an túdarás inniúil na ráitis tacaíochta uile agus cóipeanna díobh trí mhí ar a dhéanaí tar éis an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 12(5) a eisiúint.

5. Féadfar ráitis tacaíochta le haghaidh tionscnamh áirithe agus cóipeanna díobh a choimeád ar feadh tréimhse is faide ná na teorainneacha ama a leagtar síos i mír 3 agus i mír 4 más gá sin chun críche imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin a bhaineann leis an tionscnamh i dtrácht. Scriosfar iad mí amháin ar a dhéanaí tar éis na himeachtaí sin a thabhairt chun críche le cinneadh críochnaitheach.

6. Scriosfaidh an Coimisiún agus an grúpa eagraithe taifid na seoltaí ríomhphoist a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 17(2), mí amháin, ar a dhéanaí, de réir mar is iomchuí, tar éis tionscnamh a tharraingt siar nó 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse bailiúcháin nó 12 mhí tar éis an tionscnamh a thíolacadh don Choimisiún. I gcás ina leagann an Coimisiún amach, trí bhíthin teachtaireachta, na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15(2), áfach, scriosfar taifid na seoltaí ríomhphoist trí bliana ar a dhéanaí tar éis an teachtaireacht a fhoilsiú.

7. Gan dochar dá gcearta faoi Rialachán [(CE) Uimh. 45/2001], tá an ceart ag comhaltaí den ghrúpa eagraithe a iarraidh go mbainfear a sonraí pearsanta den chlár dhá bhliain ó dháta cláraithe an tionscnaimh lena mbaineann.

Airteagal 19

Údaráis inniúla sna Ballstáit

1. Chun críche Airteagal 11, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 11(3) a eisiúint.

2. Chun críche Airteagal 12, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar an bpróiseas fíoraithe le haghaidh ráitis tacaíochta agus as na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 12(5) a eisiúint.

3. Faoin 1 Eanáir 2020, tarchuirfidh na Ballstáit don Choimisiún ainmneacha agus seoltaí na núdarás a ainmnítear de bhun mhír 1 agus mír 2. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi aon nuashonrú ar an bhfaisnéis sin.

Cuirfidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na núdarás a ainmnítear de bhun mhír 1 agus mír 2 ar fáil don phobal sa chlár.

Airteagal 20

Fógra a thabhairt faoi fhorálacha náisiúnta

1. Faoin 1 Eanáir 2020, déanfaidh na Ballstát na forálacha sonracha a ghlactar chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a chur in iúl don Choimisiún.

2. Cuirfidh an Coimisiún na forálacha sin ar fáil don phobal sa chlár i dteanga na teachtaireachta ó na Ballstáit i gcomhréir le mír 1.

CAIBIDIL IV

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 21

Nós imeachta coiste

1. Chun críche Airteagal 11(5) a chur chun feidhme, tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 22

Cumhachtaí tarmligthe

Chumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 maidir le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, faoi chuimsiú raon feidhme fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo.

Airteagal 23

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó [dháta theacht i bhfeidhm an dáta theacht i bhfeidhm an bhunghnímh reachtaigh nó aon dáta eile arna leagan síos ag na comhreachtóirí].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 22 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 22 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse [dhá mhí] tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [dhá mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo tráth nach déanaí ná cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin. Déanfar na tuarascálacha a chur ar fáil don phobal.

Airteagal 25

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 211/2011, le héifeacht ón 1 Eanáir 2020.

Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.

Beidh feidhm ag Airteagail 9(4), 10, 11(5), agus 19 go 24 ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, áfach.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

Ráiteas Airgeadais Reachtach

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

“Togra maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh”

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 32  

Teideal 18. Imirce agus Gnóthaí Baile

Teideal 25. Comhordú beartais agus comhairle dlí an Choimisiúin

Teideal 26. Riarachán an Choimisiúin

Teideal 33. Ceartas agus Tomhaltóirí

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 33  

☑ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Tugadh isteach an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh le Conradh Liospóin (Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) agus cuireadh chun feidhme é le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (an Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh), Rialachán a tháinig i bhfeidhm in Aibreán 2012.

Tá sé d’aidhm ag an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh cur le rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais Eorpaigh trí chur ar a gcumas teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an gCoimisiún le hiarraidh air togra le haghaidh gníomhartha dlí de chuid an Aontais a thíolacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

Mar chuid de thiomantas an Choimisiúin Eorpaigh chun an dlisteanacht dhaonlathach san Aontas a mhéadú trí chur le rannpháirtíocht agus páirteachas na saoránach, déanfar an Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a athbhreithniú tar éis na chéad cúig bliana dá chur i bhfeidhm (trí rialachán nua a chur in áit an rialacháin atá ann faoi láthair), rud a léirítear le treoirlínte polaitiúla Choimisiún Juncker, go háirithe Tosaíocht Uimh. 10 an Choimisiúin – Aontas ina bhfuil athrú daonlathach ar siúl.

Tá sé d’aidhm ag an togra nua feidhmiú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a fheabhsú trí aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a aithníodh agus é á chur chun feidhme, arb iad seo a leanas na príomhchuspóirí beartais: (i)  rochtain ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a dhéanamh níos fusa, an tualach oibre a bhaineann lena úsáid a laghdú agus a úsáid a éascú d’eagraithe agus do thacadóirí (ii) poitéinseal iomlán an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhaint amach mar bhealach chun plé agus rannpháirtíocht na saoránach san Aontas Eorpach a chothú agus chun an tAontas a thabhairt níos gaire do na saoránaigh.

Tagraítear freisin do chur chun feidhme ionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh i bPlean Straitéiseach Ardrúnaíocht an Choimisiúin 2016-2020, faoi Chuspóir sonrach C.2: Aontas Eorpach níos daonlathaí agus níos cuntasaí a bheith ann trí phróiseas déanta beartais níos oscailte a chur ar bun agus trí dhialóg idir é agus saoránaigh, páirtithe leasmhara agus parlaimintí náisiúnta a fheabhsú.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh.

Cuspóir Uimh. 1: Nósanna imeachta riaracháin maidir le cur chun feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhainistiú go héifeachtúil agus cúnamh a chur ar fáil do na heagraithe;

Cuspóir Uimh. 2: Cúnamh teicniúil a thabhairt d’eagraithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus tionscadail ghaolmhara TF a bhainistiú;

Cuspóir Uimh. 3: Lárchóras bailithe ar líne do ráitis tacaíochta agus do chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a chur ar fáil;

Cuspóir Uimh. 4: Tacaíocht theicniúil agus eagraíochtúil trí bhíthin ardán comhoibritheach ar líne don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, arna bhainistiú i gcomhar le páirtí seachtrach, a thairiscint d’eagraithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh;

Cuspóir Uimh. 5: Ionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as uirlisí cumarsáide agus ardaithe feasachta;

Cuspóir Uimh. 6: Aistriúchán a dhéanamh ar na tionscnaimh;

Cuspóir Uimh. 7: Cruinnithe le heagraithe a reáchtáil i gcás ina niarrfaidh an Coimisiún orthu freastal ar chruinniú mar chuid den nós imeachta scrúdúcháin dá dtionscnaimh rathúil.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Tagann Cuspóir Uimh. 1 faoi raon feidhme Theideal 25: “Comhordú beartais agus comhairle dlí an Choimisiúin”.

Tagann Cuspóir Uimh. 2 faoi raon feidhme Chaibidil 26.03, “Seirbhísí do Chórais Riaracháin Phoiblí, do Ghnólachtaí agus do Shaoránaigh”.

Tagann Cuspóir Uimh. 3 agus Cuspóir Uimh. 4 faoi raon feidhme Chaibidil 18.04, “An tSaoránacht Eorpach a chothú” agus faoi raon feidhme Chaibidil 26.03, “Seirbhísí do Chórais Riaracháin Phoiblí, do Ghnólachtaí agus do Shaoránaigh”.

Tagann Cuspóir Uimh. 5, Cuspóir Uimh. 6 agus Cuspóir Uimh. 7 faoi raon feidhme Chaibidil 18.04, “An tSaoránacht Eorpach a chothú”.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

1. Líon na niarrataí ar chlárú a mhéadú

2. Líon na dtionscnamh a chláraíonn an Coimisiún a mhéadú

3. Tréimhse iomlán 12 mhí a áirithiú le haghaidh na dtionscnamh uile a bhailiú

4. Meánlíon na ráiteas tacaíochta a bhailítear in aghaidh an tionscnaimh a mhéadú

5. Cur le líon na dtionscnamh a néiríonn leo an líon ráiteas tacaíochta is gá a shroicheadh

6. Líon na dtionscnamh atá faoi réir bearta leantacha ón gCoimisiún a mhéadú

7. Feasacht na saoránach i dtaobh na hionstraime a ardú a thuilleadh

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Táscaire 1: Líon na niarrataí a fhaigheann an Coimisiún

Bunlíne 1: 13 iarraidh ar an meán in aghaidh na bliana ó 2012

Táscaire 2: Ráta na dtionscnamh a chláraítear    

Bunlíne 2: 70 % de na hiarrataí ar an meán le linn 5 bliana

Táscaire 3a: Líon na dtionscnamh a úsáideann an lárchóras bailithe ar líne

Bunlíne 3a: Úsáideadh bogearraí agus freastalaithe an Choimisiúin i gcás 70 % de na tionscnaimh

Táscaire 3b: Dátaí deimhniúcháin na gcóras bailithe ar líne i gcomparáid le dátaí tosaithe an phróisis bailithe

Bunlíne 3b: Thart ar mhí amháin ar an meán tar éis dháta cláraithe an tionscnaimh i gcás córais a óstáiltear ar fhreastalaithe an Choimisiúin

Táscaire 4: Líon na ráiteas tacaíochta a bhailítear in aghaidh an tionscnaimh ag deireadh na tréimhse bailiúcháin 12 mhí

Bunlíne 4: Níl a fhios go baileach ag an gCoimisiún cé mhéad ráiteas tacaíochta a bailíodh ach amháin i gcás na dtrí thionscnamh ar éirigh leo

Táscaire 5: Líon na dtionscnamh a néiríonn leo

Bunlíne 5: trí thionscnamh in imeacht cúig bliana

Táscaire 6: Líon na dtionscnamh atá faoi réir bearta leantacha ón gCoimisiún

Bunlíne 6: dhá thionscnamh in imeacht cúig bliana

Táscaire 7 a: Torthaí suirbhéanna ar fheasacht shaoránaigh AE maidir lena gcearta (Eorabharaiméadar)

Bunlíne 7 a: De réir thorthaí Thuarascáil Eorabharaiméadair 430, Deireadh Fómhair 2015, nuair a fiafraíodh an bhfuil an ceart ag saoránaigh a bheith rannpháirteach i dtionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, dúirt dhá thrian de na freagróirí (66 %) go bhfuil an ceart sin acu.

Táscaire 7b: Líon na saoránach a choinnítear ar an eolas trí ríomhphost maidir leis an ionstraim/na tionscnaimh a néiríonn leo

Bunlíne 7b: Neamhbhainteach

Táscaire 7c: Líon na rannpháirtithe san ardán comhoibritheach ar líne

Bunlíne 7c: Neamhbhainteach

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Forálacha Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chur chun feidhme.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE:

Tagann an tionscnamh seo faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh, de réir Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Toisc an chineáil ionstraime atá i gceist, tá gné AE ag baint leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh óir baineann sé leis an bpróiseas atá i bhfeidhm chun tograí le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a fhoirmliú.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Tugadh isteach ionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh le Conradh Liospóin agus cuireadh i bhfeidhm í le Rialachán 211/2011 an 1 Aibreán 2012.

Tagann an togra nua in áit an Rialacháin sin.

De thoradh na taithí a fuarthas ó na chéad chúig bliana de chur chun feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, léirítear go soiléir go gcaithfidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil, eagraíochtúil agus dhlíthiúil atá i bhfad níos praiticiúla a chur ar fáil do na heagraithe chun go bhféadfaidh siad a dtionscnaimh a riar go héifeachtúil.

Meastar, dá bhrí sin, go gcaithfear lárchóras réamhdhéanta a chur ar fáil do na heagraithe lena bhféadfaidh siad ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne, faoi mar atá beartaithe sa togra.

Ar na huirlisí TF eile a thacaíonn leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, áirítear clár/láithreán gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, ar ann dó cheana agus atá le comhtháthú leis an lárchóras bailithe ar líne, agus an tardán comhoibritheach, atá á chur chun feidhme trí Threoirthionscadal de chuid Pharlaimint na hEorpa, dhá uirlis araon atá beartaithe sa togra.

Ina theannta sin, measadh gur gá cur le gníomhaíochtaí cumarsáide agus gníomhaíochtaí ardaithe feasachta chun rannpháirtíocht na saoránach a mhéadú. Tá foráil nua maidir le cumarsáid beartaithe sa togra.

I bhfianaise an ualaigh oibre lena mbaineann, tháinig méadú mór ar líon na nacmhainní daonna le cúig bliana anuas atá leithdháilte chun an Rialacháin maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh atá ann faoi láthair a chur chun feidhme. Ní thiocfaidh athrú ar líon na nacmhainní daonna sin de thoradh an rialacháin nua.

1.5.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann:

Leis an gClár um réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha (an Clár ISA), tugadh tacaíocht do na tionscadail TF a thacaíonn le cur chun feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus, go háirithe, leis an bpróiseas bailithe ar líne do ráitis tacaíochta. Is leis an gClár ISA2 a thugtar tacaíocht do na tionscadail TF sin anois.

Leis na tionscadail sin, cuidítear leis an idir-inoibritheacht idir córais riaracháin phoiblí agus an idir-inoibritheacht idir córais riaracháin phoiblí agus a gcuid saoránach agus gnólachtaí thar theorainneacha a fheabhsú.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

☑ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 01/01/2019 go 31/12/2019,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 34  

Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

Nótaí

Nóta tráchta 1:

Chun críocha comparáideachta, tabhair faoi deara go dtairbhíonn an Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh atá ann faoi láthair de na leithreasuithe buiséadacha seo a leanas:

Don bhliain 2017:

– 0.840 milliún faoi líne buiséid an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (18 04 01 02),

– 0.561 milliún faoi líne buiséid an Chláir ISA² (26 03 01 00),

– 0.500 milliún faoi threoirthionscadal dá ngairtear “Teicneolaíochtaí nua agus uirlisí nua theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) maidir le cur chun feidhme agus simpliú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.” (25 01 77 04)

Don bhliain 2018 (tá na leithreasuithe buiséadacha seo fós le dearbhú tráth a ghlacfar an togra reachtach seo):

– 0.740 milliún faoi líne buiséid an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (18 04 01 02),

– 0.560 milliún faoi líne buiséid an Chláir ISA² (26 03 01 00)

Nóta tráchta 2:

Tabhair faoi deara nach féidir ag an tráth seo an dáta a ghlacfar an Rialachán nua ná an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm a dheimhniú. Féadfaidh sé gur gá faisnéis faoin tréimhse thosaigh a oiriúnú dá réir.

Nóta tráchta 3:

Tabhair faoi deara go gcuirfear tús cheana féin in 2018 leis na hullmhúcháin maidir le bunú an lárchórais bailithe ar líne do ráitis tacaíochta dá dtagraítear faoi Chuspóir sonrach Uimh. 3 thuasluaite trí na leithreasuithe dá bhforáiltear sa dréachtbhuiséad don bhliain 2018 le haghaidh an Rialacháin maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh atá ann faoi láthair.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Áirithíonn baill foirne an Choimisiúin an faireachán agus an tuairisciú faoi na rialacha is infheidhme faoi láthair maidir le gníomhaíochtaí na hArdrúnaíochta agus AS DIGIT.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

De cheal gníomhaíochtaí ardaithe feasachta agus cumarsáide, d’fhéadfadh sé gur lú an líon daoine a bhainfidh úsáid as an ionstraim agus, i ngeall air sin, gur lú an líon tionscnamh a chlárófar agus a néireoidh leo mar a thagraítear faoi phointe 1.4.3.

De cheal tacaíocht theicniúil agus eagraíochtúil atá éifeachtúil do na heagraithe, d’fhéadfadh sé gur lú an líon tionscnamh a néireoidh leo mar a thagraítear faoi phointe 1.4.3.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

Úsáidfear córais rialaithe inmheánacha na hArdrúnaíochta agus AS DIGIT atá ann cheana.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

Ní dócha go mbeidh tionchar ag an tionscnamh seo ar an méid foriomlán a mheastar a bheith faoi riosca ná ar chostas an táscaire rialaithe. Mar atá luaite i dTuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí na hArdrúnaíochta 2016, is é EUR 0 an méid foriomlán a mheastar a bheith faoi riosca agus is é 1,74 % costas an táscaire rialaithe (costas an rialaithe/íocaíochtaí).

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Neamhbhainteach

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir 1A
Ceannteideal: “Iomaíochas le haghaidh fáis agus post”

LD 35

ó thíortha de chuid CSTE 36

ó thíortha is iarrthóirí 37

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

26 03 01 00

LD

NÍL

 

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir: 3
Ceannteideal: “Slándáil agus Saoránacht”

LD/LN 38

ó thíortha de chuid CSTE 39

ó thíortha is iarrthóirí 40

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

18 04 01 02

LD

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

33 02 01

LD

NÍL

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil:

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir: 5
Ceannteideal:
“Caiteachas riaracháin”

LD/LN 41

ó thíortha de chuid CSTE 42

ó thíortha is iarrthóirí 43

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

25 01 01 01 01

25 01 02 11 01

25 01 02 11 02

26 01 01 01 01

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[…][Ceannteideal………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[…][XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

[Ba cheart an scarbhileog ar shonraí buiséid de chineál riaracháin a úsáid leis an gcuid seo a líonadh isteach (an dara doiciméad san iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo) agus í a uaslódáil chuig CISNET chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse]

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

Uimhir: 1A

Ceannteideal: “Iomaíochas le haghaidh fáis agus post”

Ard-Stiúrthóireacht: DIGIT

Bliain
2019

Bliain
2020

 Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Uimhir na líne buiséid: 26 03 01 00

Gealltanais

(1)

0.620

0.110

Íocaíochtaí

(2)

0.310

0.420

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2 a)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 44  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
i gcomhair Ard-Stiúrthóireacht DIGIT

Gealltanais

=1+1a +3

0.620

0.110

Íocaíochtaí

=2 + 2a +3

0.310

0.420



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0.620

0.110

Íocaíochtaí

(5)

0.310

0.420

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1A
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

0.620

0.110

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.310

0.420

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

Uimhir 3

Ceannteideal “Slándáil agus Saoránacht”

Ard-Stiúrthóireacht: Ardrúnaíocht

Bliain
2019

Bliain
2020

 Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Uimhir na líne buiséid: 18 04 01 02

Gealltanais

(1)

1. 085

1.385

Íocaíochtaí

(2)

0.814

1.310

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2 a)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 45  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
i gcomhair Ardrúnaíocht na hArd-Stiúrthóireachta

Gealltanais

=1+1a +3

1.085

1.385

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

0.814

1.310

Ard-Stiúrthóireacht: JUST

Bliain
2019

Bliain
2020

 Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Uimhir na líne buiséid: 33 02 01

Gealltanais

(1)

0.345

0.645

Íocaíochtaí

(2)

0.259

0.570

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2 a)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 46  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
do DG JUST

Gealltanais

=1+1a +3

0.345

0.645

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

0.259

0.570



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

1. 430

2.030

Íocaíochtaí

(5)

1.073

1.880

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 3
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

1.430

2.030

Íocaíochtaí

=5+ 6

1.073

1.880

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

2.050

2.140

Íocaíochtaí

(5)

1.383

2.300

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

2.050

2.140

Íocaíochtaí

=5+ 6

1.383

2.300



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

“Caiteachas riaracháin”

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2019

Bliain
2020

Ard-Stiúrthóireacht: Ardrúnaíocht

• Acmhainní daonna

0.828

0.828

• Caiteachas riaracháin eile

0.070

0.070

IOMLÁN Ard Stiúrthóireacht: Ardrúnaíocht

Leithreasuithe

0.898

0.898

Ard-Stiúrthóireacht: DIGIT

• Acmhainní daonna

0.173

0.173

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard Stiúrthóireacht: DIGIT

Leithreasuithe

0.173

0.173

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

1.071

1.071

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

1.25 FTE

1.25 FTE

Íocaíochtaí

1.25 FTE

1.25 FTE

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2019

Bliain
2020

ASCHUIR

Saghas 47

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3

Lárchóras bailithe & an Clár ECI
Forbairt, cothabháil agus tacaíocht, bonneagar

Bogearraí, bonneagar, seirbhísí

1. 095

1

0.950

1

1.240

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

1

0.950

1

1.240

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4

Ardán comhoibritheach ar líne don ECI

Forbairt, cothabháil agus tacaíocht, feidhmiú an ardáin, bonneagar

Bogearraí, bonneagar, seirbhísí

0.400

1

0.400

1

0.400

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 4

1

0.400

1

0.400

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 5

Cumarsáid agus gníomhaíochtaí ardaithe feasachta

seirbhísí

0.400

1

0.500

1

0.300

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 5

1

0.500

1

0.300

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 6

Aistriúchán a dhéanamh ar na tionscnaimh chláraithe

seirbhísí

0.050

100

0.050

100

0.050

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 6

100

0.050

100

0.050

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 7

Cruinnithe a eagrú le heagraithe na dtionscnamh

Conradh díreach i gcomhair seirbhíse

0.150

5

0.150

5

0.150

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 7

5

0.150

5

0.150

COSTAS IOMLÁN

2.050

2.140

An túdar atá leis na leithreasuithe a iarradh:

Cuspóir Uimh. 3: Lárchóras bailithe ar líne do ráitis tacaíochta agus do chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a chur ar fáil:

Sa togra atá ann faoi láthair, déantar foráil fhollasach maidir leis an lárchóras bailithe ar líne. Is é an Coimisiún a bhunóidh agus a fheidhmeoidh an lárchóras sin (Airteagal 10).

Níor foráladh sin leis an gcéad Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh lenar beartaíodh nach mbeadh an Coimisiún freagrach ach amháin as bogearra bailithe ar líne a fhorbairt agus a chothabháil.

Sa chéad Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, leagtar amach cheana féin clár ar líne an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus foráiltear go gcoimeádfar sin faoin Rialachán nua (Airteagal 4(3)).

In 2017, is é EUR 685 000 an buiséad atá i gceist chun an bogearra bailithe ar líne agus clár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a fhorbairt agus a chothabháil, méid atá páirtchistithe ó líne buiséid an Chláir ISA² (26 03 01 00), go háirithe i gcás an bhogearra bailithe ar líne, agus ó líne buiséid an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (18 04 01 02).

Leis na méideanna a thuartar chun an togra atá ann faoi láthair a chur chun feidhme chun críche an chuspóra seo, léirítear toradh an staidéir a rinne an Coimisiún ar an bpróiseas bailithe ar líne in 2017.

Cuspóir Uimh. 4: Tacaíocht theicniúil agus eagraíochtúil trí ardán comhoibritheach ar líne don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, arna bhainistiú i gcomhar le páirtí seachtrach, a thabhairt d’eagraithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh:

Foráiltear le hAirteagal 4(2) den togra go mbeidh an tardán comhoibritheach ar líne ina uirlis bhuan chun tacú le cur chun feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Leis an gcéad Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, ní raibh sé beartaithe an tardán a bheith ann.

Faoin Rialachán nua, is gá an tardán a mhaoiniú go tráthrialta. Is é EUR 400 000 an buiséad bliantúil a bheartaítear agus ba cheart go gcumhdódh sin oibriú an ardáin i gcomhar le páirtí seachtrach, chomh maith le forbairt, cothabháil, tacaíocht agus bonneagar TF.

Cuspóir Uimh. 5: Ionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as uirlisí cumarsáide agus ardaithe feasachta:

Tugtar oibleagáid isteach, le hAirteagal nua 17 den rialachán atá beartaithe, go ndéanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí cumarsáide chun feasacht a ardú i measc an phobail gur ann don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

In 2017, tá na gníomhaíochtaí cumarsáide á maoiniú faoi líne buiséid an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (18 04 01 02) lena gcuimsítear EUR 840 000 i leithreasuithe iomlána. Leis an mbuiséad atá molta don bhliain 2018, foráiltear EUR 740 000 do líne buiséid an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (18 04 01 02).

EUR 500 000 in 2019 agus EUR 300 000 in aghaidh na bliana gach bliain ina dhiaidh sin na leithreasuithe bliantúla atá molta chun na críche sin.

Cuspóir Uimh. 6: Aistriúchán a dhéanamh ar na tionscnaimh chláraithe.

Leis an togra don Rialachán nua maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, tugtar isteach an ceanglas go gcaithfear na tionscnaimh a aistriú go teangacha oifigiúla uile AE (Airteagal 4(4)) tar éis don Choimisiún iad a chlárú, rud nach ndéantar foráil maidir leis faoin Rialachán atá ann faoi láthair.

A bhuí le buiséad EUR 50 000, ba cheart go bhféadfaí suas le 100 tionscnamh chláraithe a aistriú in aghaidh na bliana.

Cuspóir Uimh. 7: Cruinnithe le heagraithe a reáchtáil i gcás ina niarrfaidh an Coimisiún orthu freastal ar chruinniú mar chuid den nós imeachta scrúdúcháin dá dtionscnaimh rathúil.

Úsáidfear na leithreasuithe sin, den chuid is mó, chun speansais taistil na neagraithe a aisíoc nuair a iarrfar orthu freastal ar chruinniú leis an gCoimisiún mar chuid den nós imeachta scrúdúcháin le haghaidh tionscnamh rathúil. Baineann na speansais eile a d’fhéadfadh a bheith ann le haon lóistíocht agus soláthairtí gaolmhara. 

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2019

2020

CEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

1.001

1.001

Caiteachas riaracháin eile

0.070

0.070

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

1.071

1.071

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 48  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

1.071

1.071

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

2019

2020

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

25 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

4 FTE AD +

2 FTE AST

4 FTE AD +

2 FTE AST

26 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0.25 FTE AD +

1.FTE AST 

0.25 FTE AD +

1.FTE AST

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

 Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 49

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  50

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

4.25 FTE AD +

3 FTE AST

4.25 FTE AD +

3 FTE AST

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Cuspóir Uimh. 1: Nósanna imeachta riaracháin maidir le cur chun feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhainistiú go héifeachtúil agus cúnamh a chur ar fáil do na heagraithe;

Cuspóir Uimh. 2: Cúnamh teicniúil a thabhairt d’eagraithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus tionscadail ghaolmhara TF a bhainistiú;

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 51

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá “sannta”, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

[…]

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[…]

(1)

   Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (IO L 65, 11.03.2011, lgh. 1–22).

(2)

   Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1179/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2011 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla le haghaidh córais bhailithe ar líne de bhun Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (IO L 301/3, 18.11.2011).

(3)

   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, COM(2015)145 final.

(4)

   Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Deireadh Fómhair maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh (P8_TA(2015)0382).

(5)

   Jean-Claude Juncker, Tús nua don Eoraip: Mo chlár i ndáil le poist, fás, cothromaíocht agus athrú daonlathach (treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile).

(6) Airteagal 20(2)(b) agus Airteagal 22 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Airteagal 39 agus Airteagal 40 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
(7)

   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Better regulation for better results - An EU agenda,[Rialáil níos fearr ar mhaithe le torthaí níos fearr – clár oibre don Aontas Eorpach], COM(2015) 215.

(8)

   Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2017: Cearta Saoránach a Neartú in Aontas atá i mbun Athrú Daonlathach

(9) Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 62–72); Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena mbunaítear an "Clár um an Eoraip ar son na Saoránach" don tréimhse 2014-2020 (IO L 115, 17.4.2014)
(10) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh 2016–2020 Accelerating the digital transformation of government [Dlús a chur le claochlú digiteach rialtais], COM(2016)179 final.
(11) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1–88).
(12) Rialachán (CE) Uimh.45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lgh. 1-22).
(13) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lgh. 73–114).
(14) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh 2016–2020 Accelerating the digital transformation of government [Dlús a chur le claochlú digiteach rialtais], COM(2016)179 final.
(15) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, A Digital Single Market Strategy for Europe [Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip], COM(2015) 192 final.
(16) Leis an méid seo áirítear go háirithe: Dhá staidéar de chuid Pharlaimint na hEorpa European Citizens' Initiative – First lessons of implementation [An Tionscnamh ó na Saoránaigh – na chéad cheachtanna maidir le cur chun feidhme] agus Implementation of the European Citizens' Initiative [Cur chun feidhme an Tionscnaimh ó na Saoránaigh]; fiosrúchán féintionscnaimh an Ombudsman maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh. Conclúidí "Laethanta an Tionscnaimh ó na Saoránaigh" in Aibreán 2015, agus an 20 Aibreán 2016. Tuairim ó Choiste na Réigiún, Deireadh Fómhair 2015 Rún ó Pharlaimint na hEorpa, Deireadh Fómhair 2015 Tuairim ó Ardán REFIT, Meitheamh 2016; agus an Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Iúil 2016
(17) http://ec.europa.eu/citizens-initiative/public/regulation-review  
(18) http://ec.europa.eu/citizens-initiative/public/legislative-framework?lg=ga
(19) https://ec.europa.eu/info/files/refit-platform-recommendations-european-citizen-initiative_ga
(20) IO C […], […], lch. […].
(21) IO C […], […], lch. […].
(22) Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (IO L 65, 11.3.2011, lgh. 1–22).
(23) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1179/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2011 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla le haghaidh córais bailithe ar líne de bhun Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 (IO L 301, 18.11.2001, lgh. 3–9).
(24) COM(2015) 145 final.
(25) 2014/2257 (INI).
(26) Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna núsáid ag an gCoimisiún Eorpach (IO L 6, 11.1.2017, lgh. 40–51).
(27) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 257, 28.8.2014, lgh. 73–114).
(28) Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(29) [Rialachán (CE) Uimh.45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lgh. 1-22)].
(30) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lgh. 13–18).
(31) IO C […], […], lch. […].
(32) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(33) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(34) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(35) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(36) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(37) Tíortha is iarrthóirí agus, más iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(38) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(39) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(40) Tíortha is iarrthóirí agus, más iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(41) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(42) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(43) Tíortha is iarrthóirí agus, más iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(44) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(45) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(46) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(47) Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(48) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(49) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(50) Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte “BA”).
(51) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,13.9.2017

COM(2017) 482 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

{SWD(2017) 294 final}


IARSCRÍBHINNÍ

IARSCRÍBHINN 1

An líon íosta sínitheoirí in aghaidh an Bhallstáit

An Bheilg

15 750

An Bhulgáir

12 750

Poblacht na Seice

15 750

An Danmhairg

9 750

An Ghearmáin

72 000

An Eastóin

4 500

Éire

8 250

An Ghréig

15 750

An Spáinn

40 500

An Fhrainc

55 500

An Chróit

8 250

An Iodáil

54 750

An Chipir

4 500

An Laitvia

6 000

An Liotuáin

8 250

Lucsamburg

4 500

An Ungáir

15 750

Málta

4 500

An Ísiltír

19 500

An Ostair

13 500

An Pholainn

38 250

An Phortaingéil

15 750

An Rómáin

24 000

An tSlóivéin

6 000

An tSlóvaic

9 750

An Fhionlainn

9 750

An tSualainn

15 000

An Ríocht Aontaithe

54 750

IARSCRÍBHINN II

FAISNÉIS IS GÁ CHUN TIONSCNAMH Ó NA SAORÁNAIGH A CHLÁRÚ

1. Teideal an tionscnaimh, gan níos mó ná 100 carachtar a bheith ann;

2. Ábhar an tionscnaimh ar ina leith a iarrtar ar an gCoimisiún gníomhú, gan níos mó ná 1000 carachtar a bheith ann;

3. Na forálacha de na Conarthaí a mheasann na heagraithe a bheith ábhartha i ndáil leis an ngníomhaíocht atá beartaithe;

4. Ainmneacha iomlána, seoladh poist, náisiúntacht agus dáta breithe an tseachtair comhaltaí den ghrúpa eagraithe a bhfuil cónaí orthu i seacht mBallstát éagsúla, agus ainmneacha an ionadaí agus an ionadaí mhalartaigh, chomh maith lena seoltaí ríomhphoist agus a nuimhreacha teileafóin, á léiriú go sonrach 1 ;

Mura duine den seachtar comhaltaí dá dtagraítear sa mhír thuas an tionadaí agus/nó an tionadaí malartach, na hainmneacha iomlána, seoltaí poist, náisiúntachtaí, dátaí breithe, seoltaí ríomhphoist agus a uimhreacha teileafóin.

5. Doiciméid lena gcruthaítear ainmneacha iomlána, seoltaí poist, náisiúntachtaí, dátaí breithe, seoltaí ríomhphoist agus a uimhreacha teileafóin gach duine den seachtar comhaltaí dá dtagraítear i bpointe 4 thuas agus an ionadaí agus an ionadaí mhalartaigh mura duine den seachtar comhaltaí sin iad.

6. Ainmneacha chomhaltaí eile an ghrúpa eagraithe;

7. Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(7), de réir mar is iomchuí, doiciméid lena gcruthaítear gur bunaíodh eintiteas dlíthiúil i gcomhréir le dlí náisiúnta Ballstáit go sonrach chun críche tionscnamh áirithe a bhainistiú agus lena gcruthaítear go bhfuil an sainordú ag an gcomhalta den ghrúpa eagraithe atá ainmnithe ina ionadaí ar an ngrúpa sin, go bhfuil an sainordú aige gníomhú thar ceann an eintitis dhlíthiúil .

8. Gach foinse tacaíochta agus maoinithe don tionscnamh tráth an chlárúcháin1.

2Féadfaidh eagraithe faisnéis níos mionsonraithe faoi ábhar, faoi chuspóirí agus faoi chúlra an tionscnaimh a sholáthar in iarscríbhinn. Féadfaidh siad freisin, más mian leo, dréachtghníomh reachtach a thíolacadh.

IARSCRÍBHINN III

FOIRM RÁITIS TACAÍOCHTA — Cuid A 3
(do na Ballstáit nach gceanglaíonn go soláthrófar cuid d'uimhir aitheantais phearsanta/uimhir doiciméid aitheantais phearsanta)

Tá gach réimse ar an bhfoirm seo éigeantach.

LE COMHLÁNÚ ROIMH RÉ AG AN nGRÚPA EAGRAITHE:    

1.Gach sínitheoir ar an bhfoirm seo, is saoránach é de chuid    Marcáil Ballstát amháin in aghaidh an liosta.

   

2. Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin Eorpaigh:    3. Dáta tosaithe agus deiridh na tréimhse bailiúcháin:    

4. Seoladh gréasáin an tionscnaimh seo ar chlár an Choimisiúin Eorpaigh:        

5. Teideal an tionscnaimh seo:        

6. Ábhar an tionscnaimh:    

7. Ainmneacha agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála cláraithe  [Ina theannta sin, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(7), de réir mar is iomchuí: ainm an eintitis dhlíthiúil agus an tír ina bhfuil a shuíochán].:    

8. Láithreán gréasáin an tionscnaimh seo (más ann dó):    

LE COMHLÁNÚ AG NA SÍNITHEOIRÍ I gCEANNLITREACHA:

‘Deimhním leis seo go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha agam san fhoirm seo ceart agus nár thacaigh mé leis an tionscnamh seo cheana.’

Céadainmneacha iomlána

Sloinnte

ÁIT CHÓNAITHE
(sráid, uimhir, cód poist, cathair, tír)

Dáta
breithe

Dáta

Síniú 4

Ráiteas príobháideachais 5 maidir leis na ráitis tacaíochta a bailíodh ar pháipéar nó trí chórais bailithe ar líne ar leithligh:

I gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679), ní dhéanfar na sonraí pearsanta a sholáthraítear ar an bhfoirm seo do ghrúpa eagraithe an tionscnamh ó na saoránaigh a chur ar fáil ach do na húdaráis inniúla d'fhonn an líon ráiteas tacaíochta bailí a fuarthas don tionscnamh seo ó na saoránaigh a fhíorú agus a dheimhniú (féach Airteagal [12] de Rialachán [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh) agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ach amháin más gá chun críche imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin a bhaineann leis an tionscnamh seo ó na saoránaigh (féach Airteagal [18(5)] de Rialachán (AE) [...]) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh). Ní fhéadfar na sonraí a úsáid chun aon chríche eile.

Tá ábhair sonraí i dteideal rochtain a bheith acu ar a sonraí pearsanta, sonraí míchruinne a bhaineann leo a bheith ceartaithe, próiseáil a sonraí pearsanta a shrianadh agus iad a scriosadh. Tá ábhair sonraí i dteideal agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil na sonraí.

Scriosfar na ráitis uile tacaíochta 18 mí ar a dhéanaí tar éis dháta tosaithe an bhailiúcháin le haghaidh an tionscnaimh ó na saoránaigh nó, i gcás imeachtaí riaracháin nó dlíthiúla, trí mhí ar a dhéanaí tar éis an dáta a thugtar na himeachtaí sin chun críche.

Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air, ina áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an tábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis Rialachán (AE) 2016/679.

Sonraí teagmhála an rialaitheora sonraí:     Sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí (más ann dó):    

Ráiteas príobháideachais maidir leis na ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne tríd an lárchóras bailithe ar líne:

I gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679), agus i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, ní dhéanfar na sonraí pearsanta a sholáthraítear ar an bhfoirm seo don Choimisiún Eorpach a chur ar fáil ach do na húdaráis inniúla d'fhonn an líon ráiteas tacaíochta bailí a fuarthas don tionscnamh seo ó na saoránaigh a fhíorú agus a dheimhniu (féach Airteagal [12] de Rialachán [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh) agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ach amháin más gá chun críche imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin a bhaineann leis an tionscnamh seo ó na saoránaigh (féach Airteagal [18(5)] de Rialachán (AE) [...]) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh). Ní fhéadfar na sonraí a úsáid chun aon chríche eile. Tá ábhair sonraí i dteideal rochtain a bheith acu ar a sonraí pearsanta, sonraí míchruinne a bhaineann leo a bheith ceartaithe, próiseáil a sonraí pearsanta a shrianadh agus iad a scriosadh. Tá ábhair sonraí i dteideal agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil na sonraí. Scriosfar na ráitis uile tacaíochta 18 mí ar a dhéanaí tar éis dháta tosaithe an bhailiúcháin le haghaidh an tionscnaimh ó na saoránaigh nó, i gcás imeachtaí riaracháin nó dlíthiúla, trí mhí ar a dhéanaí tar éis an dáta a thugtar na himeachtaí sin chun críche. Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, féadfaidh gach duine is ábhar do shonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí má mheasann sé go bhfuil a chearta faoi Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh sáraithe de thoradh phróiseáil a sonraí pearsanta ag an gCoimisiún Eorpach. Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air, ina áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an tábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis Rialachán (AE) 2016/679. 

Sonraí teagmhála an rialaitheora sonraí:     Sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí (más ann dó):    

FOIRM RÁITIS TACAÍOCHTA — Cuid B 6
(do na Ballstáit a cheanglaíonn go soláthrófar cuid d'uimhir aitheantais phearsanta/uimhir doiciméid aitheantais phearsanta)

Tá gach réimse ar an bhfoirm seo éigeantach.

LE COMHLÁNÚ ROIMH RÉ AG AN nGRÚPA EAGRAITHE:

1.Gach sínitheoir ar an bhfoirm seo, is saoránach é de chuid:

Marcáil Ballstát amháin in aghaidh an liosta.

Féach an clár oifigiúil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin le haghaidh an Tionscnaimh ó na Saoránaigh chun na huimhreacha aitheantais pearsanta/uimhreacha doiciméid aitheantais phearsanta a fháil, nach mór ceann acu a sholáthar.

2. Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin Eorpaigh:    3. Dáta tosaithe agus deiridh na tréimhse bailiúcháin:    

4. Seoladh gréasáin an tionscnaimh seo ar chlár an Choimisiúin Eorpaigh:    

5. Teideal an tionscnaimh seo:    

6. Ábhar an tionscnaimh:    

7. Ainmneacha agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála cláraithe: [Ina theannta sin, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(7), de réir mar is iomchuí: ainm an eintitis dhlíthiúil agus an tír ina bhfuil a shuíochán].:    

8. Láithreán gréasáin an tionscnaimh seo (más ann dó):    

LE COMHLÁNÚ AG NA SÍNITHEOIRÍ I gCEANNLITREACHA:

‘Deimhním leis seo go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha agam san fhoirm seo ceart agus nár thacaigh mé leis an tionscnamh seo cheana.’

Céadainmneacha iomlána

Sloinnte

NA CEITHRE DHIGIT DHEIREANACHA DEN UIMHIR AITHEANTAIS PHEARSANTA/

UIMHIR DOICIMÉID AITHEANTAIS PHEARSANTA

AN CINEÁL UIMHREACH AITHEANTAIS PEARSANTA NÓ DOICIMÉID AITHEANTAIS PHEARSANTA

DÁTA

SÍNIÚ 7

Ráiteas príobháideachais 8 maidir leis na ráitis tacaíochta a bailíodh ar pháipéar nó trí chórais bailithe ar líne ar leithligh:

I gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679), ní dhéanfar na sonraí pearsanta a sholáthraítear ar an bhfoirm seo do ghrúpa eagraithe an tionscnamh ó na saoránaigh a chur ar fáil ach do na húdaráis inniúla d'fhonn an líon ráiteas tacaíochta bailí a fuarthas don tionscnamh seo ó na saoránaigh a fhíorú agus a dheimhniú (féach Airteagal [12] de Rialachán [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh) agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ach amháin más gá chun críche imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin a bhaineann leis an tionscnamh seo ó na saoránaigh (féach Airteagal [18(5)] de Rialachán (AE) [...]) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh). Ní fhéadfar na sonraí a úsáid chun aon chríche eile.

Tá ábhair sonraí i dteideal rochtain a bheith acu ar a sonraí pearsanta, sonraí míchruinne a bhaineann leo a bheith ceartaithe, próiseáil a sonraí pearsanta a shrianadh agus iad a scriosadh. Tá ábhair sonraí i dteideal agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil na sonraí. Scriosfar na ráitis uile tacaíochta 18 mí ar a dhéanaí tar éis dháta tosaithe an bhailiúcháin le haghaidh an tionscnaimh ó na saoránaigh nó, i gcás imeachtaí riaracháin nó dlíthiúla, trí mhí ar a dhéanaí tar éis an dáta a thugtar na himeachtaí sin chun críche. Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air, ina áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an tábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis Rialachán (AE) 2016/679.

Sonraí teagmhála an rialaitheora sonraí:     Sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí (más ann dó):    

Ráiteas príobháideachais maidir leis na ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne tríd an lárchóras bailithe ar líne:

I gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679), agus i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, ní dhéanfar na sonraí pearsanta a sholáthraítear ar an bhfoirm seo don Choimisiún Eorpach a chur ar fáil ach do na húdaráis inniúla d'fhonn an líon ráiteas tacaíochta bailí a fuarthas don tionscnamh seo ó na saoránaigh a fhíorú agus a dheimhniu (féach Airteagal [12] de Rialachán [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh) agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ach amháin más gá chun críche imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin a bhaineann leis an tionscnamh seo ó na saoránaigh (féach Airteagal [18(5)] de Rialachán (AE) [...]) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh). Ní fhéadfar na sonraí a úsáid chun aon chríche eile. Tá ábhair sonraí i dteideal rochtain a bheith acu ar a sonraí pearsanta, sonraí míchruinne a bhaineann leo a bheith ceartaithe, próiseáil a sonraí pearsanta a shrianadh agus iad a scriosadh. Tá ábhair sonraí i dteideal agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil na sonraí. Scriosfar na ráitis uile tacaíochta 18 mí ar a dhéanaí tar éis dháta tosaithe an bhailiúcháin le haghaidh an tionscnaimh ó na saoránaigh nó, i gcás imeachtaí riaracháin nó dlíthiúla, trí mhí ar a dhéanaí tar éis an dáta a thugtar na himeachtaí sin chun críche. Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, féadfaidh gach duine is ábhar do shonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí má mheasann sé go bhfuil a chearta faoi Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh sáraithe de thoradh phróiseáil a sonraí pearsanta ag an gCoimisiún Eorpach. Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air, ina áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an tábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis Rialachán (AE) 2016/679. 

Sonraí teagmhála an rialaitheora sonraí:     Sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí (más ann dó):    

IARSCRÍBHINN IV

DEIMHNIÚ LENA nDEIMHNÍTEAR COMHRÉIREACHT CÓRAIS BAILITHE AR LÍNE LE RIALACHÁN (AE) UIMH [...] Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE AN [...] MAIDIR LEIS AN TIONSCNAMH Ó NA SAORÁNAIGH

Deimhníonn …. (ainm an údaráis inniúil) as … (ainm an Bhallstáit), leis seo, go bhfuil forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh á gcomhlíonadh i gcás an chórais bailithe ar líne ar leithligh … (seoladh an láithreán gréasáin) a úsáideadh chun ráitis tacaíochta a bhailiú do ... (teideal an tionscnaimh) a bhfuil an uimhir chlárúcháin ... (uimhir chlárúcháin an tionscnaimh) aige.

Dáta, síniú agus stampa oifigiúil an údaráis inniúil:

IARSCRÍBHINN V

FOIRM CHUN RÁITIS TACAÍOCHTA A THÍOLACADH D'ÚDARÁIS INNIÚLA NA mBALLSTÁT

1. Ainmneacha iomlána, seoltaí poist agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála (ionadaí agus ionadaí malartach an ghrúpa eagraithe) nó an eintitis dhlíthiúil a bhainistíonn an tionscnamh agus a ionadaí siúd:

2. Teideal an tionscnaimh:

3. Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin:

4. Dáta clárúcháin:

5. An líon sínitheoirí ar náisiúnaigh de chuid (ainm an Bhallstáit) iad:

6. An líon iomlán ráiteas tacaíochta a bailíodh:

7. An líon Ballstát inar sroicheadh an tairseach:

8. Iarscríbhinní:

(Cuirtear faoi iamh leis seo gach ráiteas tacaíochta ó shínitheoirí ar náisiúnaigh iad den Bhallstát ábhartha.

Más infheidhme, cuirtear faoi iamh leis seo deimhniú comhréireachta ábhartha an chórais bailithe ar líne ar leithligh le Rialachán (AE) Uimh. [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh.)

9. Dearbhaím leis seo go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san fhoirm seo ceart agus gur bailíodh na ráitis tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal [...] de Rialachán (AE) Uimh. [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh.

10. Dáta agus síniú duine de na daoine teagmhála (ionadaí/ionadaí malartach 9 ) nó ionadaí an eintitis dhlíthiúil:

IARSCRÍBHINN VI

DEIMHNIÚ LENA nDEIMHNÍTEAR AN LÍON RÁITEAS TACAÍOCHTA BAILÍ ARNA mBAILIÚ LE hAGHAIDH … (AINM AN BHALLSTÁIT)

Deimhníonn … (ainm an údaráis inniúil) as … (ainm an Bhallstáit), leis seo, tar éis na fíoruithe is gá a dhéanamh a cheanglaítear le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh, go bhfuil (an líon ráiteas tacaíochta bailí) ráiteas tacaíochta don tionscnamh a bhfuil an uimhir chlárúcháin ... (uimhir chlárúcháin an tionscnaimh) aige, bailí i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.

Dáta, síniú agus stampa oifigiúil

IARSCRÍBHINN VII

FOIRM CHUN TIONSCNAMH Ó NA SAORÁNAIGH A THÍOLACADH DON CHOIMISIÚN

1. Teideal an tionscnaimh:

2. Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin:

3. Dáta clárúcháin:

4. An líon ráiteas tacaíochta bailí a fuarthas: (ní mór aon mhilliún amháin ar a laghad a bheith ann)

5. An líon sínitheoirí ar thug Ballstáit deimhniú ina leith:

BE

BG

CZ

DK

DE

EE

IE

EL

ES

FR

HR

IT

CY

LV

LT

LU

An líon sínitheoirí

HU

MT

NL

AT

PL

PT

RO

SI

SK

FI

SE

UK

IOMLÁN

An líon sínitheoirí

6. Ainmneacha iomlána, seoltaí poist agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála (ionadaí agus ionadaí malartach an ghrúpa eagraithe) 10 nó an eintitis dhlíthiúil a bhainistíonn an tionscnamh agus a ionadaí siúd:

7. Léirigh na foinsí tacaíochta agus maoinithe go léir a fuarthas don tionscnamh, lena náirítear an méid tacaíochta airgeadais tráth an tíolactha:

8. Dearbhaím leis seo go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san fhoirm seo ceart agus gur comhlíonadh na nósanna imeachta agus na coinníollacha ábhartha go léir atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh.

Dáta agus síniú duine de na daoine teagmhála (ionadaí/ionadaí malartach 11 ) nó ionadaí an eintitis dhlíthiúil:

9. Iarscríbhinní: (Cuirtear gach deimhniú faoi iamh leis seo)

(1) Ráiteas príobháideachais: i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, cuirtear na hábhair sonraí ar an eolas go bhfuil an Coimisiún tar éis na sonraí pearsanta sin a thiomsú chun críche an nós imeachta maidir leis an tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh. Ní chuirfear ar fáil don phobal i gclár ar líne an Choimisiúin ach ainmneacha iomlána na neagraithe, tír chónaithe an ionadaí nó, más ábhartha, ainm an eintitis dhlíthiúil agus an tír ina bhfuil a shuíochán, seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála agus faisnéis a bhaineann leis na foinsí tacaíochta agus maoinithe. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne a sonraí pearsanta a fhoilsiú ar chúiseanna dosháraithe dlisteanacha a bhaineann lena gcúinsí áirithe, ceartúchán ar na sonraí sin a iarraidh aon tráth agus a iarraidh go mbainfí iad de chlár ar líne an Choimisiúin tar éis tréimhse dhá bhliain tar éis dháta cláraithe an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh.
(2) Clófar an fhoirm ar bhileog amháin. Féadfaidh eagraithe bileog dhéthaobhach a úsáid. Úsáidfear cód arna chur ar fáil ag an gCoimisiún chun críche na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil go dtí an lárchóras bailithe ar líne.
(3) Ní bheidh an síniú éigeantach má dhéantar an fhoirm a sheoladh isteach go leictreonach ag baint úsáid as an lárchóras bailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10 nó as córas bailithe ar líne ar leithligh dá dtagraítear in Airteagal 11.
(4) Ná húsáidtear ach ceann amháin den dá leagan den ráiteas príobháideachais atá molta, ag brath ar an modh bailithe
(5) Clófar an fhoirm ar bhileog amháin. Féadfaidh eagraithe bileog dhéthaobhach a úsáid. Úsáidfear cód arna chur ar fáil ag an gCoimisiún chun críche na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil go dtí an lárchóras bailithe ar líne.
(6) Ní bheidh an síniú éigeantach má dhéantar an fhoirm a sheoladh isteach go leictreonach ag baint úsáid as an lárchóras bailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10 nó as córas bailithe ar líne ar leithligh dá dtagraítear in Airteagal 11.
(7) Ná húsáidtear ach ceann amháin den dá leagan den ráiteas príobháideachais atá molta, ag brath ar an modh bailithe
(8) Scrios de réir mar is cuí"
(9) Ráiteas príobháideachais: I gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, cuirtear na hábhair sonraí ar an eolas go bhfuil an Coimisiún tar éis na sonraí pearsanta sin a thiomsú chun críche an nós imeachta maidir leis an tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh. Ní dhéanfar ach ainmneacha iomlána na neagraithe, seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála agus faisnéis a bhaineann le foinsí tacaíochta agus maoinithe a sholáthar don phobal i gclár ar líne an Choimisiúin. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne a sonraí pearsanta a fhoilsiú ar chúiseanna dosháraithe dlisteanacha a bhaineann lena gcúinsí áirithe, ceartúchán ar na sonraí sin a iarraidh aon tráth agus a iarraidh go mbainfí iad de chlár ar líne an Choimisiúin tar éis tréimhse dhá bhliain tar éis dháta cláraithe an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh.
(10) Scrios de réir mar is cuí"