AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.6.2017
COM(2017) 353 final
2017/0146(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród (athmhúnlú)
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.6.2017
COM(2017) 353 final
2017/0146(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród (athmhúnlú)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún anbhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos soaimsithe do na saoránaigh agus, dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar orthu.
Ní féidir an aidhm sin a bhaint amach fad is atá líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shainaithint.
Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go minic má tá dlí le bheith soiléir trédhearcach.
2.Chinn an Coimisiún an 1 Aibreán 1987 1 treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe.
3.Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992) 2 agus cuireadh i bhfios an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith.
Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán agus an códú á dhéanamh.
4.Is é is cuspóir an togra seo códú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród 3 . Glacfaidh an Rialachán nua ionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann 4 , caomhnítear go huile agus go hiomlán inneachar na ngníomhartha atá á gcódú. Ag an am céanna, is iomchuí freisin leasú substainteach a dhéanamh ar Airteagal 4(5) den Rialachán sin. Dá bhrí sin, tá an togra á chur i láthair mar athmhúnlú.
5.Rinneadh an togra athmhúnlúcháin a tharraingt suas ar bhonn réamhchomhdhlúthú, i 24 theanga oifigiúla, ar Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 agus ar na hionstraimí lena leasaítear é. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí. I gcás inar tugadh uimhreacha nua do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir na seanuimhreacha agus na huimhreacha nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán athmhúnlaithe.
ê 91/2003 (oiriúnaithe)
2017/0146 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród (athmhúnlú)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh Ö ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Õ, agus go háirithe Airteagal Ö 338(1) Õ de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 5 ,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
ò nua
(1)Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta 7 . Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.
ê 91/2003 aithris 1 (oiriúnaithe)
(2)Cuid thábhachtach de ghréasáin iompair an Ö Aontais Õ is ea na hiarnróid.
ê 2016/2032 aithris 2
(3)Tá gá le staidreamh i ndáil le hiompar earraí agus paisinéirí d'iarnród ionas go bhféadfaidh an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar an gcomhbheartas iompair agus é a fhorbairt, mar aon le gnéithe iompair na mbeartas a bhaineann leis na réigiúin agus leis na gréasáin tras-Eorpacha.
ê 2016/2032 aithris 3
(4)Tá gá le staidreamh freisin i ndáil le sábháilteacht iarnróid ionas go bhféadfaidh an Coimisiún bearta an Aontais i réimse na sábháilteachta iarnróid a ullmhú agus faireachán a dhéanamh orthu. Bailíonn Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh sonraí faoi thionóiscí faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 i dtaca le táscairí sábháilteachta comhchoiteanna agus maidir le modhanna comhchoiteanna chun costais tionóisce a ríomh.
ê 91/2003 aithris 4 (oiriúnaithe)
(5)Ina theannta sin, is gá staidreamh Ö ar leibhéal an Aontais Õ maidir le hiompar d'iarnród ionas go gcomhlíonfar na cúraimí faireacháin dá bhforáiltear in Airteagal 15 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 .
ê 91/2003 aithris 5 (oiriúnaithe)
(6)Ba cheart staidreamh Ö ar leibhéal an Aontais Õ i ndáil le gach modh iompair a bhailiú de réir coincheapa coiteanna agus caighdeáin choiteanna ionas go bhféadfaí an inchomparáideacht is iomláine is féidir idir modhanna iompair a bhaint amach.
ê 2016/2032 aithris 4
(7)Tá sé tábhachtach go ndéanfar dúbláil na hoibre a sheachaint, agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bhfaisnéis atá ann cheana, ar faisnéis í ar féidir í a úsáid chun críocha staidrimh. Chuige sin, agus d'fhonn faisnéis inrochtana go héasca agus úsáideach a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais agus do pháirtithe leasmhara eile maidir le sábháilteacht iompair d'iarnród agus maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid, lena n-áirítear an bonneagar iarnróid, ba cheart comhaontuithe comhair iomchuí a bhunú maidir le gníomhaíochtaí staidrimh idir seirbhísí an Choimisiúin agus eintitis ábhartha, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta.
ê 2016/2032 aithris 6
(8)Ba cheart go mbainfí cothromaíocht amach idir riachtanais na n-úsáideoirí agus an tualach a chuirtear ar fhreagróirí agus staidreamh Eorpach á sholáthar acu.
ê 2016/2032 aithris 8
(9)Sa tuarascáil a chuir an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an taithí a fuair sé agus Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 á chur i bhfeidhm, thagair an Coimisiún don fhíric gurb é an toradh is dócha a bheidh ar fhorbairtí fadtéarmacha scriosadh nó simpliú na sonraí atá bailithe cheana féin de réir an Rialacháin sin, agus gurb í an aidhm an tréimhse chun sonraí a tharchur a laghdú i ndáil le sonraí bliantúla faoi phaisinéirí iarnróid. Ba cheart don Choimisiún leanúint de thuarascálacha a sholáthar go tráthrialta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
ê 91/2003 aithris 7
(10)De thoradh gnóthais iarnróid atá faoi úinéireacht phoiblí agus gnóthais iarnróid atá faoi úinéireacht phríobháideach a bheith ag oibriú san am céanna i margadh iompair tráchtála d'iarnród, is gá a shonrú go sainráite cén fhaisnéis staidrimh ba cheart do ghnóthais iarnróid a sholáthar agus ba cheart do Eurostat a scaipeadh.
ê 91/2003 aithris 8 (oiriúnaithe)
(11)I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar síos in Airteagal 5 den Chonradh Ö ar an Aontas Eorpach Õ, beart nach féidir a dhéanamh go héifeachtúil ach ar leibhéal an Ö Aontais Õ is ea caighdeáin choiteanna staidrimh a chruthú lenar féidir sonraí comhchuibhithe a tháirgeadh. Ba cheart na caighdeáin sin a chur chun feidhme i ngach Ballstát faoi údarás na gcomhlachtaí agus na n-institiúidí a bhfuil sé de chúram orthu staidreamh oifigiúil a tháirgeadh.
ê 91/2003 aithris 9
(12)Is é Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 a sholáthraíonn an creat tagartha do an forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
ê 2016/2032 aithris 10 (oiriúnaithe)
(13)Chun na forbairtí nua sna Ballstáit a léiriú agus ag leanúint le bailiú comhchuibhithe sonraí i ndáil le hiompar d'iarnród ar fud an Aontais, ag an am céanna, agus d'fhonn ardcháilíocht na sonraí arna dtarchur ag na Ballstáit a chaomhnú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh Ö ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Õ, i ndáil leis an Rialachán seo a leasú le hoiriúnú a dhéanamh ar na sainmhínithe teicniúla agus le foráil a dhéanamh do shainmhínithe teicniúla breise. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 11 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
ê 2016/2032 aithris 11
(14)Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach riaracháin breise suntasach ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.
ê 2016/2032 aithris 12
(15)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le sainiú na faisnéise atá le soláthar le haghaidh na dtuarascálacha ar cháilíocht agus inchomparáideacht na dtorthaí, agus maidir leis na socruithe i leith scaipeadh na dtorthaí sin ag an gCoimisiún (Eurostat). Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 .
ê 2016/2032 aithris 13
(16)Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,
ê 91/2003 (oiriúnaithe)
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuspóir
Is é cuspóir an Rialacháin seo comhrialacha a leagan síos maidir le táirgeadh staidrimh Ö ar leibhéal an Aontais Õ maidir le hiompar d'iarnród.
Airteagal 2
Raon feidhme
Cumhdóidh an Rialachán seo na hiarnróid uile Ö san Aontas Õ. Tuairisceoidh gach Ballstát staidreamh maidir le hiompar d'iarnród ar a chríoch náisiúnta. I gcás ina noibreoidh gnóthas iarnróid i níos mó ná aon Bhallstát amháin, ceanglóidh na húdaráis náisiúnta lena mbaineann ar an ngnóthas sin sonraí a sholáthar ar leithligh le haghaidh gach tír ina noibríonn sé ionas gur féidir staidreamh náisiúnta a thiomsú.
Féadfaidh na Ballstát iad seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo:
(a)gnóthais iarnróid a oibríonn go hiomlán nó go príomha laistigh de shuiteálacha tionsclaíocha nó a macasamhail, lena náirítear cuanta;
(b)gnóthais iarnróid ar seirbhísí turasóireachta áitiúla is mó a sholáthraíonn siad, amhail iarnróid ghaile staire arna gcaomhnú.
Airteagal 3
Sainmhínithe
ê 1192/2003 Art. 1.1 (oiriúnaithe)
1. Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn 'tír thuairiscithe' an Ballstát atá ag tarchur sonraí chuig Eurostat;
(2)ciallaíonn 'údaráis náisiúnta' institiúidí staidrimh náisiúnta agus comhlachtaí eile atá freagrach i ngach Ballstát as staidreamh Ö Eorpach Õ a tháirgeadh;
(3)ciallaíonn 'iarnród' líne chumarsáide atá comhdhéanta de ráille ar le haghaidhúsáid eisiach feithiclí iarnróid í;
(4)ciallaíonn 'feithicil iarnróid' trealamh soghluaiste a ritheann go heisiach ar ráillí, agus a bhogann faoina chumhacht féin (feithiclí tarraingthe) nó a dtarraingíonn feithicil eile é (carráistí, leantóirí cairr iarnróid, veaineanna agus vaigíní);
(5)ciallaíonn 'gnóthas iarnróid' aon ghnóthas poiblí nó príobháideach a sholáthraíonn seirbhísí le haghaidh iompar earraí agus/nó paisinéirí d'iarnród. Ní áirítear gnóthais arb é a ngnó iomlán é seirbhísí a sholáthar le haghaidh iompar paisinéirí de mheitreo, de thram agus/nó d'iarnród éadrom;
(6)ciallaíonn 'iompar earraí d'iarnród' aistriú earraí ag úsáid feithiclí iarnróid idir an tionad luchtaithe agus an tionad díluchtaithe;
(7)ciallaíonn 'iompar paisinéirí d'iarnród' aistriú paisinéirí ag úsáid feithiclí iarnróid idir an tionad bordála agus an tionad díbhordála; Ní áirítear iompar paisinéirí de mheitreo, de thram agus/nó d'iarnród éadrom;
(8)ciallaíonn 'meitreo' (ar a dtugtar freisin 'traein faoi thalamh', 'mearchóras iarnróid cathrach' nó 'iarnród faoi thalamh') iarnród leictreach le haghaidh paisinéirí a iompar a bhfuil acmhainn ann do mhéid mór tráchta agus arb iad a chomharthaí sóirt cearta eisiacha slí, traenacha ilcharranna, ardluas agus luasú mear, comharthú sofaisticiúil agus easpa crosairí comhréidhe ar mhaithe le hardmhinicíocht traenacha agus ardlód ardán. Comhartha sóirt eile de chuid an mheitreo is ea stáisiúin atá spásáilte go dlúth, is é sin de ghnáth achar 700m go 1 200m idir na stáisiúin. tagraíonn 'ardluas' don chomparáid le tramanna agus iarnród éadrom, agus ciallaíonn sé sa chás seo thart ar 30 go 40 km/u feadh achar gearr, 40 go 70 km/u feadh achar fada;
(9)ciallaíonn 'tram' feithicil bhóthair do phaisinéirí atá ceaptha le go bhfuil áit suí inti do bhreis is naonúr (lena náirítear an tiománaí), atá ceangailte le seoltóirí leictreacha nó cumhachtaithe ag inneall díosail agus atá ráille-iompartha;
(10)ciallaíonn 'iarnród éadrom' iarnród le haghaidh paisinéirí a iompar a úsáideann go minic carranna ráille-iompartha atá cumhachtaithe le leictreachas agus a oibrítear ina naonar nó i dtraenacha gearra ar línte déráille dobhogtha. Is iondúil gur lú ná 1 200m an tachar idir na stáisiúin/stadanna. I gcomparáid leis an meitreo, is éadroime déanamh an iarnróid éadroim, is do mhéid tráchta níos lú a ceapadh é agus is lú an luas ag a nimíonn sé de ghnáth. Is deacair uaireanta dealú beacht a dhéanamh idir an tiarnród éadrom agus an tram; is iondúil nach mbíonn an tram ar leithligh ón trácht bóthair, ach féadann an tiarnród éadrom a bheith ar leithligh ó chórais eile;
(11)ciallaíonn 'iompar náisiúnta' iompar d'iarnród idir dhá áit (an tionad luchtaithe/bordála agus an tionad díluchtaithe/díbhordála) sa tír thuairiscithe. Féadtar idirthuras tríd an dara tír a bheith ina chuid de.
(12)ciallaíonn 'iompar idirnáisiúnta' iompar d'iarnród idir áit (an tionad luchtaithe/bordála nó an tionad díluchtaithe/díbhordála) sa tír thuairiscithe agus áit (an tionad luchtaithe/bordála nó an tionad díluchtaithe/díbhordála) i dtír eile;
(13)ciallaíonn 'idirthuras' iompar d'iarnród tríd an tír thuairiscithe idir dhá áit (an tionad luchtaithe/bordála agus an tionad díluchtaithe/díbhordála) lasmuigh den tír thuairiscithe. Ní mheastar gur idirthuras atá in oibríochtaí iompair ina ndéantar earraí/paisinéirí a luchtú/bhordáil nó a dhíluchtú/dhíbhordáil ag teorainn na tíre tuairiscithe ar/ó mhodh eile iompair.
(14)ciallaíonn 'paisinéir iarnróid' aon duine, diomaite de bhall d'fhoireann na traenach, a dhéanfaidh turas d'iarnród. I gcás staidreamh tionóisce, áirítear paisinéirí atá ag iarraidh bordáil/díbhordáil ar/ó thraein atá faoi shiúl;
(15)ciallaíonn 'líon na bpaisinéirí' líon na dturas a dhéanann paisinéirí iarnróid, áit a sainítear gach turas mar an aistear ón ionad bordála go dtí an tionad díbhordála, bíodh aistriú ó fheithicil iarnróid amháin go ceann eile i gceist nó ná bíodh. I gcás ina núsáidfidh paisinéirí seirbhísí níos mó ná gnóthas iarnróid amháin, Ö ní chomhairfear Õ breis is uair amháin, más féidir.
(16)ciallaíonn 'km paisinéara' an taonad tomhais a sheasann d'iompar aon phaisinéir amháin d'iarnród feadh aon chiliméadair. Ní chuirfear san áireamh ach an tachar laistigh de chríoch náisiúnta na tíre tuairiscithe;
(17)ciallaíonn 'meáchan' méid na nearraí i dtonaí (1 000 cileagram). Cuimsítear leis an meáchan nach mór a chur san áireamh, sa bhreis ar mheáchan na nearraí arna niompar, meáchan na pacáistíochta agus meáchan glan na gcoimeádán, na gcabhlacha soghluaiste, na bpailléad agus na bhfeithiclí bóthair arna niompar d'iarnród le linn comhoibríochtaí iompair. I gcás ina niomprófar na hearraí ag úsáid seirbhísí níos mó ná gnóthas iarnróid amháin, Ö ní chomhairfear Õ meáchan na nearraí a chomhaireamh breis is uair amháin, más féidir;
(18)ciallaíonn 'tona-km' an taonad tomhais d'iompar earraí a sheasann d'iompar aon tona (1 000 cileagram) amháin d'earraí d'iarnród feadh aon chiliméadair. Ní chuirfear san áireamh ach an tachar laistigh de chríoch náisiúnta na tíre tuairiscithe;
(19)ciallaíonn 'traein' feithicil iarnróid amháin nó níos mó arna tarraingt ag inneall féinghluaiste amháin nó níos mó nó carr iarnróid amháin nó níos mó, nó carr iarnróid amháin ag imeacht ina aonar, ag rith faoi uimhir áirithe nó faoi ainmniú sonrach ó phointe tosaigh seasta go críochphointe seasta. Ní mheastar gur traein inneall éadrom, Ö is é sin le rá Õ inneall féinghluaiste atá ag imeacht ina aonar;
(20)ciallaíonn 'traein-km' an taonad tomhais a sheasann do ghluaiseacht traenach feadh aon chileaméadair. Is é an tachar iarbhír a chuathas a úsáidfear, má tá sin le fáil, seachas sin is é an tachar caighdeánach gréasáin idir an túsphointe agus an ceann scríbe a úsáidfear. Ní chuirfear san áireamh ach an tachar laistigh de chríoch náisiúnta na tíre tuairiscithe;
(21)ciallaíonn 'aonualach traenach' aon choinsíneacht ina bhfuil lán vaigín amháin nó níos mó arna hiompar ag aon am amháin ag aon seoltóir amháin ó aon stáisiún amháin agus arna cur ar aghaidh, gan comhdhéanamh na traenach a athrú, chuig seoladh aon choinsíní amháin ag aon stáisiún ceann scríbe amháin;
(22)ciallaíonn 'lán vaigín iomlán' aon choinsíneacht earraí a dteastaíonn úsáid eisiach an vaigín uaithi, bíodh an acmhainn luchtaithe iomlán á húsáid nó ná bíodh;
(23)ciallaíonn 'TEU' (Twenty-foot Equivalent Unit – Aonad coibhéise fiche troigh) aonad caighdeánach atá bunaithe ar choimeádán ISO atá 20 troigh ar fad (6,10m), a úsáidtear mar thomhas staidrimh ar shreafaí nó ar thoilleadh tráchta. Is ionann aon choimeádán 40 troigh amháin de chaighdeán ISO Sraith 1 agus 2 TEU. Maidir le cabhlacha soghluaiste, faoi 20 troigh comhfhreagraíonn siad do 0,75 TEU, idir 20 troigh agus 40 troigh comhfhreagraíonn siad do 1,5 TEU agus os coinn 40 troigh do 2,25 TEU.
ê 2016/2032 Art. 1.1(b) (adapted)
2. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 maidir leis an Airteagal seo a leasú chun na sainmhínithe teicniúla a leagtar amach i bpointí 8, 9, 10, 21, 22 agus 23 de mhír 1 a oiriúnú agus chun foráil a dhéanamh do shainmhínithe teicniúla breise, nuair is gá d'fhonn forbairtí nua a chur san áireamh a éilíonn go ndéanfar leibhéal áirithe sonraí teicniúla a shainiú chun comhchuibheas staidrimh a áirithiú.
Agus an chumhacht sin á feidhmiú aige áiritheoidh an Coimisiún, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena náirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear in 'Airteagal 14(3)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
ê 91/2003
Airteagal 4
Bailiú sonraí
1. Leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo an staidreamh atá le bailiú. Cumhdófar sonraí de na cineálacha seo a leanas:
(a)staidreamh bliantúil maidir le hiompar earraí — tuairisciú mionsonraithe (Iarscríbhinn I);
(b)staidreamh bliantúil maidir le hiompar paisinéirí — tuairisciú mionsonraithe (Iarscríbhinn II);
(c)staidreamh ráithiúil maidir le hiompar earraí agus paisinéirí (Iarscríbhinn III);
(d)staidreamh réigiúnach maidir le hiompar earraí agus paisinéirí (Iarscríbhinn IV);
(e)staidreamh maidir le sreafaí tráchta ar an ngréasán iarnróid (Iarscríbhinn V).
ê 2016/2032 Art. 1.2(b)
2. Déanfaidh na Ballstáit tuairisciú faoi Iarscríbhinn I agus faoi Iarscríbhinn II ar shonraí maidir le gnóthais a bhfuil na nithe seo a leanas acu:
(a)méid iomlán 200 000 000 tona-km ar a laghad nó 500 000 tona ar a laghad d'iompar earraí;
(b)méid iomlán 100 000 000 paisinéir-km ar a laghad d'iompar paisinéirí.
Maidir le tuairisciú faoi Iarscríbhinn I agus faoi Iarscríbhinn II, beidh sin roghnach i ndáil le gnóthais a thagann faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b).
ê 2016/2032 Art. 1.2(c)
3. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí iomlána maidir le gnóthais a thagann faoi na tairseacha dá dtagraítear i mír 2 a thuairisciú faoi Iarscríbhinn VIII mura ndéantar tuairisciú ar na sonraí sin de réir Iarscríbhinn I nó de réir Iarscríbhinn II, mar a shonraítear in Iarscríbhinn VIII.
ê 91/2003
4. Chun críocha an Rialacháin seo, aicmeofar earraí i gcomhréir le hIarscríbhinn VI. Sa bhreis air sin, aicmeofar earraí contúirteacha i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.
ê 219/2009 Art. 1 and Annex .4(4)
5.Féadfaidh an Coimisiún inneachar na nIarscríbhinní a oiriúnú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).
ê 91/2003 (oiriúnaithe)
Airteagal 5
Foinsí sonraí
1. Ainmneoidh na Ballstáit eagraíocht phoiblí nó phríobháideach le páirt a ghlacadh sa bhailiú sonraí a cheanglaítear Ö i gcomhréir leis an Õ Rialachán seo.
2. Féadfar na sonraí is gá a fháil ag úsáid aon mheascán de na foinsí seo a leanas:
(a)suirbhéanna éigeantacha;
ê 2016/2032 Art. 1.3
(b)sonraí riaracháin, lena náirítear sonraí arna mbailiú ag údaráis rialála, go háirithe an bille iompair lasta iarnróid má tá ceann ar fáil;
ê 91/2003 (oiriúnaithe)
(c)nósanna imeachta meastacháin staidrimh;
(d)sonraí arna soláthar ag eagraíochtaí gairmiúla sa tionscal iarnróid;
(e)staidéir ad hoc.
3. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta bearta chun na foinsí sonraí a úsáidtear a chomhordú agus chun cáilíocht an staidrimh arna tharchur chuig Eurostat a áirithiú.
Airteagal 6
Staidreamh a tharchur chuig Eurostat
1. Déanfaidh na Ballstáit an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 4 a tharchur chuig Eurostat.
2. Leagfar síos i gcomhréir leis an nós imeachta Ö scrúdúcháin Õ dá dtagraítear in Airteagal 11(2) na socruithe maidir le tarchur an staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 4.
ê 2016/2032 Art. 1.4
Airteagal 7
Scaipeadh
Scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) staidreamh a bhunófar ar shonraí atá sonraithe in Iarscríbhinní I go V agus Iarscríbhinn VIII.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na socruithe maidir le scaipeadh na dtorthaí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
ê 91/2003
Airteagal 8
Cáilíocht an staidrimh
1. Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit cáilíocht an staidrimh a chaomhnú i réimse an iompair d'iarnróid, déanfaidh Eurostat moltaí modheolaíocha a fhorbairt agus a fhoilsiú. Cuirfear san áireamh sna moltaí sin dea-chleachtais na núdarás náisiúnta, na ngnóthas iarnróid agus na neagraíochtaí gairmiúla sa tionscal iarnróid.
ê 2016/2032 Art. 1.5(a)
2. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá le cáilíocht na sonraí arna dtarchur a áirithiú.
ê 91/2003
3. Déanfaidh Eurostat meastóireacht ar cháilíocht na sonraí staidrimh. Chuige sin, soláthróidh na Ballstáit faisnéis faoi na modhanna arna núsáid chun an staidreamh a tháirgeadh, arna iarraidh sin do Eurostat.
ê 2016/2032 Art. 1.5(b)
4. Chun críocha an Rialacháin seo, is iad na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 na critéir cháilíochta atá le cur i bhfeidhm maidir leis na sonraí atá le tarchur.
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena sonrófar na socruithe mionsonraithe, an struchtúr, agus na heilimintí tréimhsiúlachta agus inchompráideachta i gcomhair na dtuarascálacha cáilíochta caighdeánacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
ê 2016/2032 Art. 1.6
Airteagal 9
Tuarascálacha ar chur chun feidhme
Faoin 31 Nollaig 2020 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir le forbairtí amach anseo.
Sa tuarascáil sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh faisnéis ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit a bhaineann le cáilíocht na sonraí arna dtarchur, na modhanna bailithe sonraí arna núsáid agus faisnéis maidir le feabhsuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh agus maidir le riachtanais na núsáideoirí.
Go háirithe, sa tuarascáil sin déanfar an méid a leanas:
(a)measúnú ar na sochair a fhabhróidh don Aontas, do na Ballstáit agus do sholáthróirí agus d'úsáideoirí faisnéise staidrimh, ón staidreamh a táirgeadh, le hais na gcostas a ghabhann leis an staidreamh sin;
(b)measúnú ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na modhanna bailithe sonraí arna núsáid agus ar cháilíocht an staidrimh arna tháirgeadh.
ê 2016/2032 Art. 1.7
Airteagal 10
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2) don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 13 Nollaig 2016. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an tarmligean cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le haisghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an tarmligean an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. Sula ndéanfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid déanta ina choinne ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
ê 2016/2032 Art. 1.8
Airteagal 11
Nós imeachta coiste
1. Beidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
ê
Airteagal 12
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 91/2003.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn X.
ê 91/2003 (oiriúnaithe)
Airteagal 13
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an Ö bhfichiú Õ lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil Ö an Aontais Eorpaigh Õ.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.6.2017
COM(2017) 353 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann le
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród (athmhúnlú)
ê 91/2003
IARSCRÍBHINN I
|
STAIDREAMH BLIANTÚIL MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ — TUAIRISCIÚ MIONSONRAITHE |
|
|
Liosta athróg agus aonad tomhais |
Earraí arna niompar de réir: –tona –tona-km Gluaiseachtaí traenacha earraí de réir: –traein-km Líon na naonad iompair idirmhódúil arna niompar de réir: –líon –TEU (aonad coibhéise fiche troigh) (i gcás coimeádán agus cabhlacha soghluaiste) |
|
Tréimhse thagartha |
Bliain amháin |
|
Minicíocht |
Gach bliain |
|
Liosta táblaí agus an miondealú do gach tábla |
Tábla I1: earraí arna niompar, de réir an chineáil iompair Tábla I2: earraí arna niompar, de réir an chineáil earra (Iarscríbhinn VI) Tábla I3: earraí arna niompar (i gcás trácht idirnáisiúnta agus idirthurais) de réir tír luchtaithe agus tír dhíluchtaithe Tábla I4: earraí arna niompar, de réir catagóir d'earraí contúirteacha (Iarscríbhinn VII) Tábla I5: earraí arna niompar, de réir an chineáil coinsíneachta (roghnach) Tábla I6: earraí arna niompar in aonaid iompair idirmhódúla, de réir an chineáil iompair agus an chineáil aonaid iompair Tábla I7: líon na naonad iompair idirmhódúil luchtaithe arna niompar, de réir an chineáil iompair agus an chineáil aonaid iompair Tábla I8: líon na naonad iompair idirmhódúil folamh arna niompar, de réir an chineáil iompair agus an chineáil aonaid iompair Tábla I9: gluaiseachtaí traenacha earraí |
|
An spriocdháta do tharchur sonraí |
Cúig mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha |
|
An chéad tréimhse thagartha le haghaidh táblaí I1, I2 agus I3 |
2003 |
|
An chéad tréimhse thagartha le haghaidh táblaí I4, I5, I6, I7, I8 agus I9 |
2004 |
|
Nótaí |
1.Miondealaítear an cineál iompair mar a leanas: –náisiúnta –idirnáisiúnta isteach –idirnáisiúnta amach –idirthuras 2.Féadtar an cineál coinsíneachta a mhiondealú mar a leanas: –aonualaí traenach –láin vaigín iomlána –eile 3.Miondealaítear an cineál aonaid iompair mar a leanas: –coimeádáin agus cabhlacha soghluaiste –leathleantóirí (neamhthionlactha) –feithiclí bóthair (tionlactha) 4.I gcás Thábla I3, féadfaidh Eurostat agus na Ballstáit socruithe a dhéanamh le comhdhlúthú a éascú maidir le sonraí a thagann ó ghnóthais i mBallstáit eile, chun comhsheasmhacht na sonraí sin a áirithiú. 5.I gcás Thábla I4, léireoidh na Ballstáit cé na catagóirí tráchta, má tá ceann ar bith, nach gcumhdaíonn na sonraí. 6.I gcás Thábla I2 go Tábla I8, mura bhfuil fáil ar fhaisnéis iomlán maidir le hiompar idirthurais, tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí uile atá ar fáil. |
_____________
ê 2016/2032 Art. 1.11 and Iarscríbhinn I
IARSCRÍBHINN II
|
STAIDREAMH BLIANTÚIL MAIDIR LE hIOMPAR PAISINÉIRÍ — TUAIRISCIÚ MIONSONRAITHE |
|
|
Liosta athróg agus aonad tomhais |
Iompar paisinéirí de réir: –líon na bpaisinéirí –paisinéir-km Gluaiseachtaí traenacha paisinéirí de réir: –traein-km |
|
Tréimhse thagartha |
Bliain amháin |
|
Minicíocht |
Gach bliain |
|
Liosta táblaí agus an briseadh síos do gach tábla |
Tábla II1: paisinéirí arna niompar, de réir an chineáil iompair Tábla II2: paisinéirí idirnáisiúnta arna niompar, de réir tíre bordála agus de réir tíre díbhordála Tábla II3: gluaiseachtaí traenacha paisinéirí |
|
An spriocdháta do tharchur sonraí |
Ocht mí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha. |
|
An chéad tréimhse thagartha |
2016 |
|
Nótaí |
1.Briseadh síos ar an gcineál iompair mar a leanas: –náisiúnta –idirnáisiúnta 2.Do Tháblaí II1 agus II2, tuairisceoidh na Ballstáit sonraí lena náirítear faisnéis ó dhíolacháin ticéad lasmuigh den tír thuairiscithe. Féadfar an fhaisnéis sin a fháil go díreach ó údaráis náisiúnta na dtíortha eile nó trí shocruithe idirnáisiúnta maidir le praghas na dticéad a chúiteamh. |
_____________
ê 91/2003
IARSCRÍBHINN III
|
STAIDREAMH RÁITHIÚIL MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ AGUS PAISINÉIRÍ |
|
|
Liosta athróg agus aonad tomhais |
Earraí arna niompar de réir: –tona –tona-km Iompar paisinéirí de réir: –líon na bpaisinéirí –paisinéir-km |
|
Tréimhse thagartha |
Ráithe amháin |
|
Minicíocht |
Gach ráithe |
|
Liosta táblaí agus an miondealú do gach tábla |
Tábla III1: earraí arna niompar Tábla III2: paisinéirí arna niompar |
|
An spriocdháta do tharchur sonraí |
Trí mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha |
|
An chéad tréimhse thagartha |
An chéad ráithe de 2004 |
|
Nótaí |
1.Féadfar Tábla III1 agus Tábla III2 a thuairisciú ar bhonn sonraí sealadacha, lena náirítear meastacháin. I gcás Thábla III2, féadfaidh na Ballstáit sonraí a thuairisciú bunaithe ar dhíolachán ticéad sa tír thuairiscithe nó ar aon fhoinse eile a bhfuil fáil uirthi. 2.Soláthrófar an staidreamh sin i gcás na ngnóthas a chumhdaíonn Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II. |
_____________
IARSCRÍBHINN IV
|
STAIDREAMH RÉIGIÚNACH MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ AGUS PAISINÉIRÍ |
|
|
Liosta athróg agus aonad tomhais |
Earraí arna niompar de réir: –tona Iompar paisinéirí de réir: –líon na bpaisinéirí |
|
Tréimhse thagartha |
Aon bhliain amháin |
|
Minicíocht |
Gach cúig bliana |
|
Liosta táblaí agus an miondealú do gach tábla |
Tábla IV1: iompar earraí náisiúnta de réir an réigiúin luchtaithe agus an réigiúin díluchtaithe (NUTS 2) Tábla IV2: iompar earraí idirnáisiúnta de réir an réigiúin luchtaithe agus an réigiúin díluchtaithe (NUTS 2) Tábla IV3: iompar paisinéirí náisiúnta de réir an réigiúin bordála agus an réigiúin díbhordála (NUTS 2) Tábla IV4: iompar paisinéirí idirnáisiúnta de réir an réigiúin bordála agus an réigiúin díbhordála (NUTS 2) |
|
An spriocdháta do tharchur sonraí |
12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha |
|
An chéad tréimhse thagartha |
2005 |
|
Nótaí |
1.I gcás ina mbeidh an tionad luchtaithe nó díluchtaithe (Táblaí IV1, IV2) nó an tionad bordála nó díbhordála (Táblaí IV3, IV4) lasmuigh den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach, ní thuairisceoidh na Ballstáit ach an tír. 2.Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit le hullmhú na dtáblaí sin, tabharfaidh Eurostat liosta do na Ballstáit de na cóid stáisiúin UIC agus do na cóid NUTS a chomhfhreagraíonn dóibh. 3.I gcás Thábla IV3 agus Thábla IV4, féadfaidh na Ballstáit sonraí a thuairisciú bunaithe ar dhíolachán ticéad nó ar aon fhoinse eile a bhfuil fáil uirthi. 4.Soláthrófar an staidreamh sin i gcás na ngnóthas a chumhdaíonn Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II. |
_____________
IARSCRÍBHINN V
|
STAIDREAMH MAIDIR LE SREAFAÍ TRÁCHTA AR AN nGRÉASÁN IARNRÓID |
|
|
Liosta athróg agus aonad tomhais |
Iompar earraí: –líon na dtraenacha Iompar paisinéirí: –líon na dtraenacha Eile (traenacha seirbhísí, etc.) (roghnach): –líon na dtraenacha |
|
Tréimhse thagartha |
Aon bhliain amháin |
|
Minicíocht |
Gach cúig bliana |
|
Liosta táblaí agus an miondealú do gach tábla |
Tábla V1: iompar earraí, de réir deighleog ghréasáin Tábla V2: iompar paisinéirí, de réir deighleog ghréasáin Tábla V3: eile (traenacha seirbhísí, etc.), de réir deighleog ghréasáin (roghnach) |
|
An spriocdháta do tharchur sonraí |
18 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha |
|
An chéad tréimhse thagartha |
2005 |
|
Nótaí |
1.Saineoidh na Ballstáit tacar de dheighleoga gréasáin lena gcuimseofar ar a laghad ghréasán tras-Eorpach (GTE) an iarnróid ar a gcríoch náisiúnta. Cuirfidh siad ar aghaidh chuig Eurostat: –na comhordanáidí geografacha agus na sonraí eile is gá chun gach deighleog ghréasáin, chomh maith leis na naisc idir na deighleoga, a shainaithint agus a léarscáiliú, –faisnéis faoi shaintréithe (lena náirítear toilleadh) na dtraenacha a úsáideann gach deighleog ghréasáin. 2.Déanfar gach deighleog ghréasáin, ar cuid den GTE iarnróid í, a shainaithint trí bhíthin airí breise sa taifead sonraí, ionas gur féidir an trácht ar GTE an iarnróid a chainníochtú. |
_____________
ê 1304/2007 Art. 3 agus Iarscríbhinn
IARSCRÍBHINN VI
NST 2007
|
Rannán |
Tuairisc |
|
01 |
Táirgí talmhaíochta, fiaigh agus foraoiseachta; iasc agus táirgí eile iascaireachta |
|
02 |
Gual agus lignít; peitriliam amh agus gás nádúrtha |
|
03 |
Mianta miotail agus táirgí eile mianadóireachta agus cairéalúcháin; móin; úráiniam agus tóiriam |
|
04 |
Táirgí bia, deochanna agus tobac |
|
05 |
Teicstílí agus táirgí teicstíleacha; leathar agus táirgí leathair |
|
06 |
Adhmad agus táirgí adhmaid agus coirc (seachas troscán); earraí tuí agus ábhar fite; laíon, páipéar agus táirgí páipéir; ábhar clóite agus meáin thaifeadta |
|
07 |
Táirgí cóic agus peitriliam scagtha |
|
08 |
Ceimiceáin, táirgí ceimiceacha, agus snáithíní saorga; táirgí rubair agus plaisteacha; breosla núicléach |
|
09 |
Táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile |
|
10 |
Miotail bhunúsacha; táirgí déanta as miotal, seachas innealra agus trealamh |
|
11 |
Innealra agus trealamh gan aicmiú in áit ar bith eile; innealra agus ríomhairí oifige; innealra agus gléasra leictreach gan aicmiú in áit ar bith eile; trealamh agus gairis raidió, teilifíse agus cumarsáide; uirlisí míochaine, mionchruinnis agus optúla; uaireadóirí agus cloig |
|
12 |
Trealamh iompair |
|
13 |
Troscán; earraí monaraithe eile gan aicmiú in áit ar bith eile |
|
14 |
Amhábhair thánaisteacha; dramhaíl bhardasach agus dramhaíl eile |
|
15 |
Post, bearta |
|
16 |
Trealamh agus ábhar a úsáidtear chun earraí a iompar |
|
17 |
Earraí a bhogtar le linn aistriú tí nó oifige; bagáiste a iompraítear ar leithligh ó na paisinéirí; mótarfheithiclí a aistrítear lena ndeisiú; earraí eile neamh-mhargaidh gan aicmiú in áit ar bith eile |
|
18 |
Earraí grúpáilte: meascán de chineálacha earraí a iompraítear le chéile |
|
19 |
Earraí do-aitheanta: earraí, ar cibé cúis, nach féidir a aithint agus, dá dheasca sin, nach féidir a shannadh do ghrúpaí 01–16 |
|
20 |
Earraí eile gan aicmiú in áit ar bith eile |
_____________
ê 91/2003
IARSCRÍBHINN VII
AICMIÚ EARRAÍ CONTÚIRTEACHA
1. Pléascáin
2. Gáis atá comhbhrúite, leachtaithe nó tuaslagtha faoi bhrú
3. Leachtanna inadhainte
4.1. Solaid inadhainte
4.2. Substaintí so-uathdhóite
4.3. Substaintí a astaíonn gáis inadhainte nuair a thagann siad i dteagmháil le huisce
5.1. Substaintí ocsaídeacha
5.2. Sárocsaídí orgánacha
6.1. Substaintí tocsaineacha
6.2. Substaintí ionfhabhtaíocha
7. Ábhar radaighníomhach
8. Substaintí creimneacha
9. Substaintí contúirteacha ilghnéitheacha
Nóta:
Is éard atá sna catagóirí seo na catagóirí a shainítear sna rialacháin maidir le hiompar idirnáisiúnta earraí contúirteacha d'iarnród, ar a dtugtar RID de ghnáth, arna nglacadh faoi Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 .
_____________
ê 2016/2032 Art. 1.12 and Annex II
IARSCRÍBHINN VIII
|
Tábla VIII.1 |
|
|
LEIBHÉAL GNÍOMHAÍOCHTA IOMPAIR I dTACA LE hIOMPAR EARRAÍ |
|
|
Liosta athróg agus aonad tomhais |
Iompar earraí de réir: –iomlán tonaí –iomlán tonaí-km Gluaiseachtaí traenacha earraí de réir: –iomlán km-traenach |
|
Tréimhse thagartha |
Aon bhliain amháin |
|
Minicíocht |
Gach bliain |
|
An spriocdháta do tharchur sonraí |
5 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha |
|
An chéad tréimhse thagartha |
2017 |
|
Nótaí |
Do na gnóthais sin amháin a bhfuil méid iomlán iompair lasta faoi bhun 200 milliún tona-km agus faoi bhun 500 000 tona acu agus nach ndéanann tuairisciú faoi Iarscríbhinn I (tuairisciú mionsonraithe) |
|
Tábla VIII.2 |
|
|
LEIBHÉAL GNÍOMHAÍOCHTA IOMPAIR I dTACA LE hIOMPAR PAISINÉIRÍ |
|
|
Liosta athróg agus aonad tomhais |
Iompar paisinéirí de réir: –líon iomlán paisinéirí –iomlán paisinéirí-km Gluaiseachtaí traenacha paisinéirí de réir: –iomlán km-traenach |
|
Tréimhse thagartha |
Aon bhliain amháin |
|
Minicíocht |
Gach bliain |
|
An spriocdháta do tharchur sonraí |
Ocht mí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha |
|
An chéad tréimhse thagartha |
2017 |
|
Nótaí |
Do na gnóthais sin amháin a bhfuil méid iomlán iompair paisinéirí faoi bhun 100 milliún paisinéirkm acu agus nach ndéanann tuairisciú faoi Iarscríbhinn II (tuairisciú mionsonraithe). |
_____________
é
IARSCRÍBHINN IX
An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air
|
Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
|
|||
|
Rialachán (CE) Uimh. 1192/2003 ón gCoimisiún
|
|||
|
Rialachán (CE) Uimh. 1304/2007 ón gCoimisiún
|
Airteagal 3 amháin |
||
|
Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
|
Pointe 4.4 den Iarscríbhinn amháin |
||
|
Rialachán (AE) Uimh. 2016/2032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
|
_____________
IARSCRÍBHINN X
Tábla Comhghaoil
|
Rialachán (CE) Uimh 91/2003 |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3 |
Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3 |
|
Airteagal (1), an fhoclaíocht tosaigh |
Airteagal 4(1), an fhoclaíocht tosaigh |
|
Airteagal 4(1)(a) |
Airteagal 4(1)(a) |
|
Airteagal 4(1)(c) |
Airteagal 4(1)(b) |
|
Airteagal 4(1)(e) |
Airteagal 4(1)(c) |
|
Airteagal 4(1)(f) |
Airteagal 4(1)(d) |
|
Airteagal 4(1)(g) |
Airteagal 4(1)(e) |
|
Airteagal 4(2), (3) agus (4) |
Airteagal 4(2), (3) agus (4) |
|
Airteagal 4(5) |
– |
|
Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 |
Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 |
|
Airteagal 8(1) |
Airteagal 8(1) |
|
Airteagal 8(1a) |
Airteagal 8(2) |
|
Airteagal 8(2) |
Airteagal 8(3) |
|
Airteagal 8(3) |
Airteagal 8(4) |
|
Airteagal 8(4) |
Airteagal 8(5) |
|
Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 |
Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 |
|
– |
Airteagal 12 |
|
Airteagal 13 |
Airteagal 13 |
|
Iarscríbhinn A |
Iarscríbhinn I |
|
Iarscríbhinn C |
Iarscríbhinn II |
|
Iarscríbhinn E |
Iarscríbhinn III |
|
Iarscríbhinn F |
Iarscríbhinn IV |
|
Iarscríbhinn G |
Iarscríbhinn V |
|
Iarscríbhinn J |
Iarscríbhinn VI |
|
Iarscríbhinn K |
Iarscríbhinn VII |
|
Iarscríbhinn L |
Iarscríbhinn VIII |
|
– |
Iarscríbhinn IX |
|
– |
Iarscríbhinn X |
_____________