An Bhruiséil,29.6.2017

COM(2017) 343 final

2017/0143(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2017) 243 final}
{SWD(2017) 244 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Cúiseanna agus cuspóirí an togra

Is iomaí bealach, ar fud an Aontais Eorpaigh, a ndéanann daoine ar mian leo cur lena bpinsean airgead a chur i dtaisce le haghaidh a laethanta scoir: infheistiú sa réadmhaoin, san árachas saoil agus i dtáirgí eile infheistíochta fadtéarmaí, mar shampla. Rogha eile atá ann, na táirgí pinsin phearsanta. Mar sin féin, ní hionann an fhorbairt atá déanta ar na margaí pinsean pearsanta éagsúla agus ní hionann inacmhainneacht na dtáirgí sin ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá rogha níos leithne de tháirgí pinsin oiriúnacha atá ag brath ar infheistíochtaí caipitil atá bunaithe ar an margadh de dhíth ar na daoine ar mian leo níos mó a chur i dtaisce le haghaidh a laethanta scoir. Dúshlán eile a bhaineann leis na beartais phoiblí gur gá a áirithiú gur leor san fhadtéarma an tioncam scoir a thiocfaidh as teaglaim de phinsin stáit, cheirde agus phearsanta.

De dheasca ilroinnt an mhargaidh, ní éiríonn le soláthraithe pinsean an leas is fearr is féidir a bhaint as éagsúlú an riosca, an nuálaíocht agus as barainneachtaí scála. Is lú rogha agus tarraingteacht na dtáirgí dá bharr sin agus is mó na costais ar choigilteoirí pinsin. Lena chois sin, cuireann sé le heaspa leachtachta agus doimhneachta sna margaí caipitil i dtaca le dlínsí eile amhail Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit ina bhfuil ról níos mó ag cistí pinsean mar infheisteoirí institiúideacha. Sa bhreis air sin, ní leor gnéithe roinnt táirgí pinsin phearsanta 1 agus tá teorainn leis an teacht orthu agus lena niniomparthacht trasteorann; is fíorbheag an ghníomhaíocht trasteorann ag a soláthraithe agus a gcoigilteoirí. 

Dá bhrí sin, d'fhéadfadh tionscnamh de chuid AE maidir le pinsin phearsanta bheith ina fhorlíonadh ar na rialacha éagsúla atá ann faoi láthair ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta trí chreat uile-Eorpach a thabhairt isteach le haghaidh pinsean, do dhaoine ar mian leo an rogha choigilte bhreise sin a úsáid. Ní ghabhfaidh an creat sin ionad na scéimeanna pinsin phearsanta náisiúnta ná ní dhéanfaidh sé iad a chomhchuibhiú. Cuirfidh sé creat nua deonach ar fáil do dhaoine le haghaidh coigilte trína áirithiú gur leor an chosaint tomhaltóirí a bheidh ann i dtaca le príomhghnéithe an táirge. San am céanna, is leor solúbthacht an chreata chun gur féidir le soláthraithe éagsúla a dtáirgí a chur in oiriúint dá samhail ghnó. Spreagfaidh sé soláthraithe le hinfheistiú a dheanamh ar bhealach inbhuanaithe san fhíorgheilleagar go fadtéarmach, go háirithe i dtionscadail bhonneagair agus chorparáidigh, infheistíocht a beidh ar comhfhad leis na dliteanais faoin TPPU.

Ar an iomlán, cruthóidh an togra suaitheantas cáilíochta le haghaidh táirgí pinsin phearsanta de chuid AE agus méadóidh sé muinín na dtomhaltóirí. Is mó an rogha a bheidh ag tomhaltóirí idir soláthraithe dá bharr agus áiritheoidh sé cothrom iomaíochta do sholáthraithe. Lena chois sin, is féidir go gcuideoidh an togra margadh aonair i bpinsin phearsanta a chruthú agus go spreagfaidh sé iomaíocht idir soláthraithe a bheidh le leas na dtomhaltóirí.

I bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le hAontas Margaí Caipitil Dheireadh Fómhair 2015 2 tá sé ráite go 'bhféadfadh Pinsean Pearsanta Eorpach roghnach teimpléad rialála a chur ar fáil, ar bhonn leibhéal iomchuí cosanta tomhaltóirí, a d'fhéadfadh soláthraithe pinsean a úsáid agus iad ag tairiscint táirgí ar fud AE. Má bhíonn margadh pinsean Eorpach "tríú colún" níos mó ann, tacóidh sé freisin le cistí a sholáthar d'infheisteoirí institiúideacha agus le hinfheistíocht a chur san fhíorgheilleagar. Sa Phlean Gníomhaíochta d'fhógair an Coimisiún freisin go ndéanfadh sé "measúnú ar an gcás i gcomhair creat beartais chun margadh Eorpach rathúil a bhunú do phinsin shimplí éifeachtacha iomaíocha agus chun a chinneadh an bhfuil reachtaíocht de chuid an Aontais ag teastáil le tacú leis an margadh sin."

I Rún an 19 Eanáir 2016 ó Pharlaimint na hEorpa 3 , léirigh sí go raibh imní uirthi faoin easpa infheistíochtaí tarraingteacha a bhí ar fáil agus a bhí oiriúnach don riosca (go fadtéarmach) agus faoin easpa táirgí cost-éifeachtacha a bhí oiriúnach do thomhaltóirí. Agus é ag athrá go raibh gá le héagsúlacht i roghanna na ninfheisteoirí agus na dtomhaltóirí, d'áitigh Parlaimint na hEorpa nach "mór timpeallacht a chothú ina spreagfar nuálaíocht táirgí airgeadais agus ina mbeidh níos mó éagsúlachta agus sochar don fhíorgheilleagar agus ina gcuirfear dreasachtaí méadaithe i gcomhair infheistíochtaí ar fáil, agus timpeallacht a d'fhéadfadh cur le pinsin leordhóthanacha shábháilte inbhuanaithe a sholáthar freisin, amhail mar shampla Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpaigh (TPPU) a fhorbairt a mbeidh dearadh trédhearcach aige".

I Meitheamh 2016 4 , d’iarr an Chomhairle Eorpach "dul chun cinn beo bríomhar chun a áirithiú go mbeidh rochtain níos fearr ag gnólachtaí ar an maoiniú agus chun tacú le hinfheistíocht san fhíorgheilleagair trí chlár oibre Aontas na Margaí Caipitil a chur chun cinn".

I Meán Fómhair 2016, sa Teachtaireacht uaithi Aontas na Margaí Caipitil - Dlús a chur le hAthchóiriú 5 , d'fhógair sí go smaoineodh sí ar "thograí do tháirge pinsin AE simplí, éifeachtúil agus iomaíoch" ós rud é gur léirigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach agus na geallsealbhóirí go raibh siad ag tacú go mór le Plean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil.

Tar a éis sin, sa Teachtaireacht uaidh Athbhreithniú Lár Téarma ar Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil, d’fhógair an Coimisiún go neiseodh sé "Togra reachtach maidir le Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpaigh (TPPU) faoi dheireadh Mheitheamh 2017. Leis sin, cuirfear síos an bhunchloch do mhargadh a bheidh níos sábháilte cost-éifeachtaí trédhearcaí ar margadh é i gcoigilteas pinsin phearsanta dheonaigh a fhéadfar a bhainistiú ar bhonn uile-Eorpach. Déanfaidh sé freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag iarraidh cur le leordhóthanacht a gcoigiltis scoir, aghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach, na táirgí agus na scéimeanna pinsin atá ann cheana a chomhlánú, agus tacú le cost-éifeachtúlacht pinsean pearsanta trí dheiseanna maithe a thairiscint le haghaidh infheistíocht fhadtéarmach coigiltis phearsanta. 6 ".

Sa togra sin maidir le creat TPPUanna tá scéim dheonach chomhlántach a bheidh comhthreomhar leis na córais náisiúnta lena bhféadfaidh soláthraithe táirgí pinsin phearsanta a chruthú ar bhonn uile-Eorpach. Tá sé d'aidhm leis níos mó coigiltis teaghlaigh a dhíriú ar shiúl ó ionstraimí traidisiúnta, amhail coigiltis i dtaiscí agus i dtreo margaí caipitil.

Leis an togra, féachtar lena áirithiú go mbeidh lántuiscint ag na tomhaltóirí ar phríomhghnéithe an táirge. Maidir le beartais infheistíochta, beidh rogha ag na tomhaltóirí idir infheistíocht shábháilte réamhshocraithe agus roghanna malartacha ag a bhfuil próifílí éagsúla i dtaca le brabús ó rioscaí. Rachaidh iniomparthacht ar fud AE, lán-trédhearcacht chostais TPPU agus an deis soláthraithe a mhalartú (agus teorainn curtha le costais an mhalartaithe) chun sochair do thomhaltóirí.

I dtaca leis na soláthraithe, tá sé d'aidhm leis an togra an deis a thabhairt do réimse leathan díobh (bainc, árachóirí, bainisteoirí sócmhainní, cistí pinsean ceirde, gnólachtaí infheistíochta) TPPU a thairiscint agus a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ann. D'fhéadfaí TPPU a chur ar fáil ar líne, comhairle san áireamh, agus níor ghá líonra brainsí, rud a d'fhágfadh gurbh fhusa an margadh a rochtain. Chuideodh rialacha maidir le pasanna le soláthraithe dul isteach i margaí náisiúnta nua. Ba cheart go ndéanfadh caighdeánú na bpríomhghnéithe costais soláthraithe a laghdú agus go gcuideodh sé leo ranníocaíochtaí ó margaí náisiúnta éagsúla a chomhthiomsú chun sócmhainní a dhíriú ar infheistíochtaí uile-Eorpacha.

Is é an aidhm atá leis an tsolúbthacht a bhaineann le gnéithe eile, amhail na coinníollacha maidir le ranníocaíochtaí pinsin a charnadh, é a chur ar chumas tomhaltóirí leas a bhaint as dreasachtaí cánach náisiúnta atá ar fáil ina mBallstát cónaithe, ar acht go gcuirfidh na soláthraithe na TPPUanna in oiriúint do na critéir náisiúnta maidir le dreasachtaí cánach.

Chun Ballstáit a spreagadh le faoiseamh cánach ar an TPPU a thabhairt, ghlac an Coimisiún Moladh maidir leis an gcáin a ghearrtar ar tháirgí pinsin phearsanta, lena náirítear an Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach, i dteannta leis an togra seo.

1.2.Comhseasmhacht le forálacha beartais atá ann anois sa réimse beartais

I réimse na bpinsean, ghlac AE na mórthionscnaimh seo a leanas le blianta beaga anuas:

·Treoir 1998 maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint do dhaoine fostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe a bheidh ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal 7 ;

·Treoir 2014 maidir le iniomparthacht cearta pinsin fhorlíontaigh 8 , atá dírithe ar shoghluaisteacht oibrithe a chur chun cinn trí na bacainní a laghdú a chruthaigh rialacha áirithe maidir le pinsin cheirde;

·Treoir 2016 maidir le hinstitiúidí um chóir ar scor ceirde (‘IORP2’) 9 , lena ndaingnítear rialachas, nochtadh faisnéise agus ceanglais trasteorann maidir le cistí pinsean ceirde.

Ar na bearta breise neamhreachtacha a rinne an Coimisiún i réimse na bpinsean tá an tionscnamh "Do phinsean a rianú agus a aimsiú san Eoraip" 10 , lenar beartaíodh seirbhís rianaithe Eorpach a chruthú chun cuidiú le daoine faisnéis faoina dteidlíochtaí pinsin a rianú sna Ballstáit agus an tionscadal RESAVER 11 .

Ní dhéanann an moladh faoi chreat TPPUanna difear do na trí Threoir thuasluaite, mar go bhfuil siad dírithe ar phinsin cheirde. Maidir le tionscnaimh neamhreachtacha, d'fhéadfaí an creat TPPUanna a bheith ina chuid de thionscadail a bheidh ann amach anseo.

1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais Eorpaigh

Tá sé d'aidhm leis an togra seo an méid pinsean pearsanta a ghlactar in AE a mhéadú. Tá sé comhsheasmhach leis an mbeartas atá ag AE coigiltis scoir fhorlíontacha a spreagadh chun leordhóthanacht pinsean a bhaint amach, mar a leagtar amach i bPáipéar Bán 2012 maidir le pinsin ón gCoimisiún 12 . Mar an gcéanna, bhí an chonclúid i dTuarascáil 2015 maidir le Leordhóthanacht na bPinsean go bhféadfadh méadú ar na teidlíochtaí as coigiltis scoir fhorlíontacha (mar atá coigiltis cheirde agus phearsanta), i dteannta le bearta eile, tionchar an íslithe ar phinsin as scéimeanna poiblí i roinnt Ballstát a mhaolú. I Suirbhé Bliantúil Fáis 2017 cuireadh in iúl gurbh fhéidir go mbeadh príomhról ag cumhdach leathan (i.e. inrochtaineacht leathan agus méadú ar an nglacadh) i soláthar ioncaim scoir, go háirithe i gcás ina bhféadfadh pinsin phoiblí bheith neamhleordhóthanach, agus gur cheart é a chur chun cinn leis na modhanna iomchuí, de réir chomhthéacs an Bhallstáit.

Tá an togra seo i gcomhréir le beartas AE maidir le cosaint tomhaltóirí a dhaingniú, go háirithe trí rogha infheistíochta sábháilte réamhshocraithe ísealriosca a fhorbairt, lena gceanglaítear lán-trédhearcacht do choigilteoirí TPPU, go háirithe i gcás costas, agus lenar féidir le coigilteoirí soláthraí a mhalartú agus teorainn ar chostas an mhalartaithe.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena gceadaítear glacadh beart um chomhfhogasú forálacha náisiúnta a bhfuil sé mar chuspóir acu an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú.

Faoi láthair, cuirtear srian ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i leith pinsin phearsanta de dheasca a oiread ilroinnte atá ann idir na margaí náisiúnta agus de dheasca a theoranta agus a bhíonn iniomparthacht táirgí pinsin phearsanta. Dá dheasca sin is deacair le daoine aonair úsáid a bhaint as a saoirsí bunúsacha. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go gcuirfí cosc orthu dul i mbun poist nó dul ar scor i mBallstát eile. Ina theannta sin, an easpa caighdeánaithe i leith táirgí pinsin phearsanta atá ann faoi láthair, is srian é ar an deis do sholáthraithe úsáid a bhaint as an tsaoirse bhunaíochta agus as an tsaoirse seirbhísí a sholáthar.

Cruthóidh an togra táirge uile-Eorpach a bheidh caighdeánaithe den chuid is mó a bheidh ar fáil sna Ballstáit ar fad agus a chumasóidh tomhaltóirí lánúsáid a bhaint as an margadh inmheánach trína gcearta pinsin a aistriú thar lear agus lena dtairgfear dóibh rogha níos leithne soláthraithe, soláthraithe i mBallstáit eile san áireamh. Tá príomhghnéithe TPPU comhchuibhithe ag an togra: údarú, dáileachán (lena náirítear soláthar faisnéise agus comhairle), beartais infheistíochta, malartú soláthraí agus soláthar agus iniomparthacht trasteorann. Tá an togra comhlánaithe ag an Moladh maidir leis an gcáin a ghearrtar ar tháirgí pinsin phearsanta, lena náirítear an Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach 13 . Tá sé d'aidhm leis sin nach mbeidh TPPUanna Ballstát áirithe lasmuigh de raon na ndreasachtaí cánach náisiúnta nuair nach gcomhlíonfaidh príomhghnéithe an táirge na critéir náisiúnta uile i dtaca le faoiseamh cánach.

2.2.Coimhdeacht (d'inniúlacht neamheisiach)

Faoi Airteagal 4 CFAE, ní mór gníomhaíocht AE chun an margadh inmheánach a chur i gcrích a mheas i dtaca le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ní mór measúnú a dhéanamh chun a dhéanamh amach arbh fhéidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach faoi chuimsiú a gcórais dlí náisiúnta (an tástáil riachtanais) agus, mar gheall ar a scála agus a néifeachtaí, arbh fhearr a bhainfí amach iad ar leibhéal an Aontais (an tástáil éifeachtachta).

Ar an gcéad dul síos, maidir leis an tástáil riachtanais, ní féidir an ilroinnt dlí sa rialáil ar na táirgí as a dtagann costais chomhlíontachta bhreise ar sholáthraithe agus a dhíspreagann gníomhaíocht trasteorann, ní féidir í a leighis le hiarrachtaí neamhchomhordaithe na mBallstát, bíodh sin ar an leibhéal lárnach, réigiúnach nó áitiúil. Mar shampla, reachtaíocht AE maidir le ceanglais dáileacháin maidir le táirgí airgeadais (amhail Treoir an Dáileacháin Árachais, an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID II) agus an Rialachán maidir le Táirgí Infheistíochta Miondíola Pacáistithe (PRIIPanna) 14 , níl feidhm léi maidir leis an gcuid is mó de na táirgí pinsin phearsanta agus, dá bhrí sin, tá na táirgí sin faoi raon feidhme na reachtaíochta náisiúnta.

Ó fágadh na margaí i dtáirgí pinsin phearsanta go hiomlán faoin rialáil náisiúnta, bíonn aisiméadracht faisnéise idir soláthraithe agus coigilteoirí, sa chomhthéacs trasteorann go háirithe. Dá réir sin, is féidir nach bhfuil a ndóthain eolas ag coigilteoirí ar fheidhmíocht iarbhír a dtáirgí pinsin phearsanta, nó fiú nach bhféadann siad soláthraithe a mhalartú. Mura dtuga soláthraithe ar an leibhéal náisiúnta faisnéis leordhóthanach do choigilteoirí, is féidir go laghdófar ar mhuinín na ndaoine as soláthraithe pinsean pearsanta agus gur lú na hidirbhearta a dhéantar, gur lú an rannpháirtíocht i soláthar na bpinsean agus go ndéanfaidh na coigilteoirí droch-chinntí.

Tá iniomparthacht na dtáirgí pinsin pearsanta ina hábhar imní do dhaoine atá ag aistriú go Ballstát eile agus atá ag iarraidh an táirge agus an soláthraí céanna a choinneáil. Faoi láthair, nuair a bhíonn daoine ag aistriú go Ballstát eile, níl an dara rogha acu ach táirge nua a lorg atá á thairiscint ag soláthraí nua sa Bhallstát nua a mbaineann rialacha an-éagsúil leis, in ionad leanúint den choigilt sa chéad Bhallstát. Spreagann dreasachtaí cánach náisiúnta daoine le coigilt a dhéanamh i gcomhair an ama scoir agus tá príomhról acu i gcur chun cinn ghlacadh na bpinsean pearsanta. Cuireann caillteanas na sochair chánach sin mar gheall ar aistriú go Ballstát eile bac mór ar iniomparthacht trasteorann na dtáirgí pinsin phearsanta. Ní féidir leis na Ballstáit na ceisteanna iniomparthachta sin a réiteach má ghníomhaíonn siad ina naonar.

Ar an dara dul síos, maidir leis an tástáil éifeachtachta, is féidir iarmhairtí na hilroinnte margaidh a leigheas le gníomhaíocht ar leibhéal AE, go háirithe na hiarmhairtí a bhaineann le costais. Mura ndéantar gníomhaíochta ar leibhéal AE, is dócha go mbeidh comhthiomsuithe sócmhainní beag fós agus nach mbeidh feidhm leo lasmuigh de theorainneacha náisiúnta, gan barainneachtaí scála agus gurb iad na soláthraithe intíre amháin a bheidh ina mbun, rud a theorannódh an iomaíocht. Dá bhrí sin, ní dócha go mbainfidh coigilteoirí aonair aon leas as na praghsanna níos ísle agus na raonta táirgí níos fearr a thiocfadh as feabhais ar éifeachtacht agus brabúis as comhthiomsuithe móra sócmhainní. Tá an ilroinnt costasach do na soláthraithe freisin: nuair a bhíonn éagsúlacht idir an rialáil náisiúnta sna Ballstáit éagsúla, bíonn costais chomhlíontachta bhreise ann. Is beag dreasachtaí atá ann do sholáthraithe táirgí a thairiscint thar an teorainn, de dheasca costais airde den chuid is mó. Os a choinne sin, táthar ag súil leis go laghdóidh táirge pinsin phearsanta chaighdeánaithe de chuid AE costais na soláthraithe trí comhthiomsuithe níos mó sócmhainní a chruthú. Mar shampla, léiríodh i staidéar gurbh fhéidir go dtiocfadh laghdú 25 % ar chostais riaracháin dá leathnófaí na costais sheasta ar chomhthiomsú comhaltaí níos mó 15 .

Dá gcruthófaí creat reachtaíochta de chuid AE le haghaidh pinsean pearsanta, laghdófaí na costais ar na soláthraithe trí bharainneachtaí scála a chruthú, go háirithe ó thaobh infheistíochta agus riaracháin. Chuideodh creat reachtaíochta de chuid AE le haghaidh pinsean pearsanta le soláthraithe bheith ag oibriú thar theorainneacha mar gurbh fhéidir leo feidhmeanna áirithe a lárú ar leibhéal AE (seachas bheith ag brath ar oibríochtaí áitiúla nó seachfhoinsiú). Dá ndéanfaí caighdeánú, b'fhusa do sholáthraithe réiteach pinsin a thairiscint do chliaint chorparáideacha atá gníomhach i roinnt Ballstát agus atá ar lorg pinsean pearsanta uile-Eorpach dá bhfostaithe. B'fhéidir go dtiocfadh feabhais éifeachtúlachta ar dháileachán as freisin, dá núsáidfí cainéil dhigiteacha chun pinsin phearsanta a dhíol, mar shampla. D'fhéadfaí obair bheartais de chuid AE i réimse na teicneolaíochta airgeadais a chur le creat reachtach de chuid AE le haghaidh pinsin phearsanta.

Dá méadófaí glacadh pinsean pearsanta, b'fhéidir go mbainfí rátaí ionadaithe leordhóthanach amach níos moille, chun cur le pinsin stáit agus cheirde. Téann an leathnú ar an rogha de tháirgí pinsin phearsanta sábháilte ardcháilíochta chun sochair do na hoibrithe uile, bídís fostaithe nó féinfhostaithe agus bíodh post glactha acu i mBallstát eile nó ná bíodh. Dá mbeadh margadh aonair i bpinsin phearsanta ag AE, bheadh rochtain ag réimse níos leithne daoine ar an táirge sin. Dá leagfaí síos íoscheanglais i rialacha AE, chruthódh sin trédhearcacht, simplíocht agus sábháilteacht do coigilteoirí TPPU. Lena chois sin, d'fhreastalódh sé ar an méadú atá ag teacht ar shoghluaisteacht shaoránaigh AE agus ar sholúbthacht na hoibre.

2.3.Comhréireacht

De réir phrionsabal na comhréireachta, níor cheart inneachar agus foirm ghníomhaíocht AE a dhul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. I bprionsabal, is féidir cheana táirgí pinsin phearsanta a thairiscint sna Ballstáit uile. Mar sin féin, i dtaca lena bpoitéinseal margaidh, níl siad ina gcuidiú ó thaobh coigiltis leordhóthanacha a chuir i dtreo margaí caipitil agus Aontas na Margaí Caipitil a bhaint amach. Sa bhreis air sin, tá gnéithe cuid de na táirgí pinsin phearsanta atá ann faoi láthair neamh-leordhóthanach, fadhb a bhaineann le forbairt na hiniomparthachta trasteorann agus le soláthar táirgí pinsin phearsanta chomh maith.

Ar na roghanna beartais atá leagtha amach sa mheasúnú tionchair atá ag gabháil leis an togra seo tá gan aon bhearta a dhéanamh ar leibhéal AE, an creat TPPUanna, agus córais pinsean pearsanta náisiúnta a chomhchuibhiú.

Mura ndéanfaí aon bhearta ar leibhéal AE, ní bhainfí amach na cuspóirí thuasluaite. Os a choinne sin, dá gcomhchuibheofaí na córais náisiúnta, d'fhéadfaí na cuspóirí sin a bhaint amach ach ba ghá cásanna náisiúnta an-éagsúil a chomhchuibhiú le chéile — tá na pinsin phearsanta an-fhorbartha i gcuid de na Ballstáit ach ní sna Ballstáit uile. Rinneadh measúnú ar an rogha sin agus measadh go raibh ualach rómhór leis chun na cuspóirí a bhaint amach. Ina fhianaise sin, is iomchuí an creat TPPUanna a mholadh le haghaidh táirge pinsin phearsanta uile-Eorpach a bheadh ina fhorlíonadh ag na córais náisiúnta atá ann cheana.

Rinneadh meastóireacht ar na roghanna maidir le príomhghnéithe an TPPU agus ar impleachtaí cánach na ngnéithe a bhí molta mar chuid den mheasúnú tionchair freisin. Rinneadh na príomhghnéithe maidir le dáileachán, beartais infheistíochta, malartú soláthraithe agus eilimintí trasteorann a cheapadh chun cosaint tomhaltóirí leordhóthanach a chur ar fáil agus chun go mbeadh an creat tarraingteach i súile soláthraithe TPPUanna a bheidh ann amach anseo. I gcás an dáileacháin, mar shampla, is rialacha earnálacha den chuid is mó a bheadh i bhfeidhm. I gcás na mbeartas infheistíochta, bheadh ceanglas leagtha síos sa rogha réamhshocraithe chun a áirithiú go gcosnófaí caipiteal, ach bheadh an deis ag soláthraithe roghanna infheistíochta malartacha a mholadh. Ba cheadmhach soláthraithe a mhalartú ach bheadh teorainn lena mhinice a dhéanfaí é. I gcás iniomparthacht agus soláthar trasteorann, tá an rogha mholta bunaithe ar an teicníc (a úsáideann roinnt institiúidí um chóir ar scor ceirde faoi láthair) lena gcruthaítear urranna náisiúnta nuair a aistrítear ó Bhallstát go Ballstát, ach dhéanfaí é a shruthlíniú a thuilleadh ar mhaithe le coigilteoirí TPPU.

Bheadh teorainn le hualach riarachán an TPPU ós rud é gurb é atá molta catagóir nua táirgí a chur leis an bpunann atá ann cheana de tháirgí a sholáthraíonn árachóirí, cistí pinsean, gnólachtaí infheistíochta, bainisteoirí sócmhainní agus bainc agus iad uile faoi réir maoirseacht údarás inniúil náisiúnta faoi na creata rialacha atá ann faoi láthair. B'fhéidir go gcuirfeadh údaráis phoiblí ceanglais tuairiscithe nua ar sholáthraithe maidir le soláthar TPPUanna agus go háirithe ceanglas nach mór dóibh faireachán a dhéanamh ar dháileadh trasteorann TPPUanna. Ba cheart an tualach riaracháin sin a bheith comhréireach leis na rioscaí a bhaineann le TPPUanna a sholáthar ar bhonn trasteorann agus d'fhéadfaí faireachán a dhéanamh, a áirithiú go ndéanfaidh maoirseacht mar ba cheart agus cur le cosaint tomhaltóirí dá ndéanfai sin.

2.4.Rogha na hionstraime

Faoi Airteagal 114 CFAE, is féidir gníomhartha a ghlacadh i bhfoirm Rialacháin nó Treorach. Roghnaíodh foirm an Rialacháin sa chás seo ar na cúiseanna a bhfuil achoimre orthu thíos:

Sa chéad dul síos, ós rud é go bhfuil Rialachán infheidhme go díreach sna Ballstáit uile, d'fhéadfaí TPPUanna a ghlacadh ní ba ghasta dá bharr agus chuirfeadh sé dlús leis an bhfreagairt ar an ngá atá le breis coigiltis agus infheistíochtaí pinsin i gcomhthéacs Aontas na Margaí Caipitil.

Ar an dara dul síos, ós rud é go gcomhchuibheodh an togra príomhghnéithe an TPPU, ní mór a áirithiú nach mbeidh siad faoi réir rialacha náisiúnta sonracha agus sin an fáth ar oiriúnaí Rialachán ná Treoir sa chás seo. Mar sin féin, bheadh aon ghnéithe atá lasmuigh de raon an togra (e.g. coinníollacha chéim an charntha) faoi réir rialacha náisiúnta, ar ndóigh.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

3.1.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

D'eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí faoi phinsin phearsanta AE (éisteacht phoiblí san áireamh) idir Iúil agus Deireadh Fómhair 2016 ina bhfuarthas 585 thuairim ar an iomlán ó réimse leathan geallsealbhóirí 16 . Ba léir ar na tuairimí sin go raibh an-spéis ag daoine príobháideacha ar fud AE i dtáirgí pinsin phearsanta simplí trédhearcacha cost-éifeachtacha. Lena chois sin, mar chuid den comhairliúchán poiblí sin, iarradh aiseolas ó ghairmithe ar a indéanta a bheadh creat pinsean pearsanta de chuid AE, TPPU san áireamh. Ar an iomlán, measann siad gur maith an deis é an creat TPPUanna ar tháirge pinsin phearsanta a fhorbairt, agus tá roinnt gairmithe ag ullmhú cheana i gcomhair TPPU a sheoladh.

3.2.Bailiú agus úsáid saineolais

Tá an togra bunaithe ar staidéar a rinne Ernst & Young ar son an Choimisiúin ar chreat pinsean pearsanta Eorpach. Sa staidéar, a críochnaíodh i Meitheamh 2017, tá mapáil déanta go háirithe ar na ceanglais chánach agus ar cheanglais dlí eile is infheidhme ar fud na mBallstát, agus tá meastóireacht ann ar an bpoitéinseal margaidh atá ann le haghaidh TPPU. Is é príomhchonclúid an staidéir sin gur mór idir na córais chánach ar fud AE, agus is gá, dá bhrí sin, solúbthacht leordhóthanach a bheith ann i gcreat de chuid AE maidir le TPPU chun é a chur in oiriúint do na critéir náisiúnta. Ar a bharr sin, de réir an staidéir mhéadófaí luach mhargadh na bpinsean pearsanta ó EUR 0.7 trilliún go EUR 2.1 trilliún faoi 2030 de bharr an TPPU, i dtaca le EUR 1.4 in éagmais an TPPU (más fíor go mbainfeadh an TPPU leas as na dreasachtaí cánach náisiúnta le haghaidh táirgí pinsin phearsanta atá ann faoi láthair).

Tá an togra bunaithe freisin ar chomhairle theicniúil ón Údarás Eorpach um Árachas (ÚEÁPC) agus Pinsin Cheirde 17 faoi mhargadh aonair de chuid an AE i dtáirgí pinsin phearsanta a fhorbairt. Tá an chomhairle sin bunaithe ar réamhthuarascáil ó ÚEÁPC darb ainm Towards a single market for personal pensions 18 (I dtreo margadh aonair i bpinsin phearsanta). Tá sé molta mar chuid den chomhairle theicniúil sin:

·an TTPU a roghnú thar chomhchuibhiú na gcóras náisiúnta; agus

·príomhghnéithe an TPPU a shainiú ar leibhéal AE, ach gnéithe áirithe eile atá coigilteach ó thaobh cánach de a fhágáil faoin dlí náisiúnta.

Mar chuid de na príomhghnéithe, tá sé molta sa chomhairle theicniúil go háirithe go mbeadh rogha infheistíochta shábháilte réamhshocraithe agus ceanglais mhionsonraithe maidir le trédhearcacht faisnéise do choigilteoirí TPPU san áireamh. Tá an togra i gcomhréir leis na moltaí sin.

Ar deireadh, tá an togra bunaithe ar na nithe seo a leanas:

·An staidéar ó ECFE: Athbhreithniú ar an gcáin a ghearrtar ar phleananna pinsin phríobháidigh chistithe i dtíortha atá in ECFE agus in AE 19 ;

·Tionscadal an Choimisiúin agus ECFE maidir le cáin, dreasachtaí airgeadais agus coigiltis scoir ceirde 20 ;

·An staidéar ó ECFE: Príomhphrionsabail maidir le Rialáil Pinsean Príobháideach 21 ; agus

·An staidéar ó Oxera maidir le seasamh coigilteoirí i dtáirgí pinsin phríobháidigh ar fud 14 Bhallstát de chuid AE 22 .

3.3.An measúnú tionchair

Tá tuairim dhearfach a d'eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an 22 Bealtaine 2017 23 , tar éis na chéad tuairime diúltaí a eisíodh an 2 Bealtaine 2017 24 . Sna nótaí a chuir sé léi, mhol an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála gur cheart an measúnú tionchair a dhíriú a thuilleadh ar anailísiú a dhéanamh ar phríomhghnéithe táirge an TPPU agus ar chomparáid idir gnéithe an TPPU agus gnéithe táirgí pinsin phearsanta atá ann cheana.

D'iarr an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála freisin cainníochtú níos mine ar thionchar na rogha TPPU agus soiléiriú ar na toimhdí foluiteacha. Tugadh aghaidh ar na pointí sin i leagan deiridh an mheasúnaithe tionchair ar na dóigheanna seo a leanas:

·cuntas mion a thabhairt ar na roghanna éagsúla le haghaidh ghnéithe an TPPU;

·a mhíniú conas a bhfuil an méid a foghlaimíodh ó na táirgí pinsin phearsanta a bhí ann faoi láthair agus ag a raibh an tinnéacs is airde ó thaobh an sciar den mhargadh de curtha san áireamh iontu; agus

·na méideanna breise a ghin seoladh an TPPU ar mhargadh na bpinsean pearsanta agus an éifeacht a bhí aige ar mhargaí caipitil a chainníochtú.

Tá an togra ag teacht le conclúidí an mheasúnaithe tionchair 25 .

Is iad seo na roghanna ginearálta beartais a imscrúdaíodh sa mheasúnú tionchair:

·gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an AE;

·creat TPPUanna; nó

·na córais pinsean pearsanta náisiúnta a chomhchuibhiú.

Faoin gcéad rogha ní chuirfí deireadh leis na heasnaimh a sainaithníodh (ilroinnt margaí caipitil náisiúnta, gnéithe neamh-leordhóthanacha táirgí pinsin phearsanta atá ann cheana agus srianta le iniomparthacht agus soláthar trasteorann). Os a choinne sin, thabharfaidh an tríú rogha aghaidh ar na heasnaimh sin. Mar sin féin, níor mhór na córais chánach náisiúnta maidir le pinsin phearsanta a chomhchuibhiú freisin, rud a mbeadh toiliú gach uile Bhallstáit de dhíth lena dhéanamh. Sa bhreis ar sin, is mór na costais chomhlíontachta a bheadh ar sholáthraithe: ar an gcéad dul síos bheadh orthu a dtáirgí pinsin phearsanta a chur in oiriúint don chóras nua. Sa bhreis ar sin, ar bhonn leanúnach, d'fhéadfadh sé gur mhór idir an córas sin agus na córais earnálacha faoina bhfuil soláthraithe ag dáileadh na dtáirgí airgeadais eile acu.

Dá bhrí sin, is é conclúid an mheasúnaithe tionchair gurb í an dara rogha an rogha thosaíochta mar go dtairgeann sí creat breise comhchuibhithe uile-Eorpach a d'fhorlíonfadh na córais náisiúnta atá ann cheana agus gur féidir léi na heasnaimh arna sainaithint a shárú le réitigh spriocdhírithe a sheachnódh costais chomhlíontachta iomarcacha.

Is dearfach an tionchar a bheadh ag an gcreat TPPUanna. De réir an staidéir ó Ernst & Young, bheadh sé de thoradh uirthi go dtiocfadh méadú ar na sócmhainní faoi bhainistíocht sa táirge pinsin phearsanta ó EUR 0.7 trilliún go EUR 2.1 trilliún faoi 2030 de bharr an TPPU, i dtaca le EUR 1.4 in éagmais an TPPU (más fíor go dtabharfaí dreasachtaí cánach don TPPU.

Bheadh tionchar dearfach sóisialta aici freisin mar gurbh fhéidir le níos mó daoine ar scor ceirde foinsí eile ioncaim a fhorlíonadh le TPPU agus, ar an dóigh sin, leordhóthanacht a bpinsean a fheabhsú. Go háirithe, is mó an tionchar a bheadh aici ar oibrithe i bhfostaíocht neamhcháighdeánaithe, mar atá oibrithe féinfhostaithe agus oibrithe taistil nach bhfuil rochtain leordhóthanach nó nach bhfuil aon rochtain acu ar chórais pinsean stát nó ceirde. Ba mhó an tionchar dearfach sóisialta i mBallstáit ina bhfuil rogha theoranta de tháirgí pinsin phearsanta agus glacadh teoranta na bpinsean sin faoi láthair.

Níl coinne le haon tionchar comhshaoil mór, cé gurbh fhéidir go mbeadh tionchar dearfach ó thaobh inbhuanaitheachta ann dá spreagfaí soláthraithe le fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh ina ninfheistíochtaí (rud a bhaineann le ceanglais nochta).

3.4.Cearta bunúsacha

Sa togra seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun maoine, an tsaoirse chun gnó a dhéanamh agus prionsabal an chomhionannais idir fir agus mná. Tacaíonn sé le cuspóirí Airteagal 38 den Chairt ina bhforáiltear maidir le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá impleachtaí ag an togra maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, is gá méadú ar na hacmhainní agus infheistíochtaí oibríochtúla áirithe chun go ndéanfar cúraimí breise na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (ÚMEanna). Ar na cúraimí sin tá:

·údarú TPPUanna;

·forbairt treoracha breise; nó

·clár lárnach le haghaidh na TPPUanna uile.

De réir an mheastacháin atá déanta, beidh costais EUR 1 000 000 i gceist in 2019, lena náirítear infheistíocht aon uaire le haghaidh cúrsaí oibríochtúla, agus beidh costais EUR 1 200 000 i gceist in aghaidh na bliana faoi 2021. Faoi na socruithe cómhaoiniúcháin atá ag na hÚMEanna faoi láthair, beidh 40 % den chistiú sin san áireamh i mbuiséad AE, agus, sa mhéid sin, ní bheidh sé os cionn an méid atá leagtha amach sa chreat airgeadais ilbhliantúil reatha a bheidh i bhfeidhm go 2020.

5.EILIMINTÍ EILE

5.1.Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar phríomhtháscairí feidhmíochta meántéarma le haghaidh na gcuspóirí. Ar na táscairí sin tá:

·glacadh iomlán — ó thaobh sócmhainní faoi bhainistíocht de — na dtáirgí pinsin phearsanta agus dáileachán geografach agus earnálach soláthraithe TPPUanna agus infheistíochtaí i TPPUanna (cuspóir: an infheistíocht in AE a mhéadú agus cuidiú bailchríoch a chur ar AMC);

·líon na gcláruithe TPPU agus sciar coibhneasta na dtáirgí pinsin phearsanta (lena náirítear táirgí náisiúnta agus an TPPU) mar chéatadán de shócmhainní airgeadais na dteaghlach (cuspóir: gnéithe na dtáirgí ar mhargadh na dtáirgí pinsin phearsanta a fheabhsú); agus

·líon na soláthraithe a úsáideann pas le haghaidh gníomhaíocht trasteorann agus sciar coibhneasta na TPPUanna ag a bhfuil níos mó ná urrann naisiúnta amháin i dtaca leis na táirgí pinsin phearsanta uile (cuspóir: soláthar agus iniomparthacht trasteorann na dtáirgí pinsin phearsanta a mhéadú).

D'fhéadfadh sé go gcuideodh na sonraí a bhaileoidh na hÚMEanna go háirithe faireachán a dhéanamh ar tháscairí feidhmíochta na TPPUanna.

Sa bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht maidir leis an méid a ghlac na Ballstáit, leis an reachtaíocht náisiúnta, moladh an Choimisiúin gearradh fabhrach cánach a dhéanamh ar an TPPU.

Mar chuid den togra dhéanfaí measúnú cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

5.2.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá 11 chaibidil sa Rialachán maidir le Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach. Cé is moite den chéad chaibidil (Forálacha ginearálta) agus den chaibidil deiridh (Forálacha deiridh), tá an struchtúir leagtha amach de réir saolré an táirge.

Tá achoimre i gCaibidil I ar chuspóirí an togra atá beartaithe, ar a bhfuil:

·níos mó caipitil a bhailiú agus é a chur i dtreo infheistíochtaí Eorpacha fadtéarmacha san fhíorgheilleagar;

·gnéithe táirge feabhsaithe a thairiscint sa chaoi go mbeidh táirge pinsin phearsanta simplí sábháilte cost-éifeachtach ar fáil do na saoránaigh agus go mbeidh an deis acu roghnú as cineálacha éagsúla soláthraithe TPPUanna san am céanna. agus

·soláthar agus iniomparthacht TPPUanna a spreagadh.

Tá sainmhínithe i gCaibidil I ar choincheapa tábhachtacha le haghaidh an Rialacháin atá beartaithe, ar a bhfuil "táirge pinsin phearsanta uile-Eorpach", "cuntas TPPU", "sochair scoir", "céim an charntha", "céim an dícharntha, "soláthróir TPPU" agus "dáileoir TPPU", iniomparthacht an TPPU" agus "soláthraithe a mhalartú".

Tá míniú san Airteagal maidir leis na rialacha is infheidhme ar an idirghníomhaíocht idir an Rialachán atá beartaithe, na forálacha conarthacha maidir leis an TPPU agus rialacha náisiúnta maidir leis an ábhar.

I gCaibidil II tá an prionsabal tugtha isteach gurb iad na gnóthais airgeadais atá údaraithe ag na húdaráis inniúla cheana ar leibhéal AE faoin ionstraim dhlí earnálach is infheidhme amháin a bheadh incháilithe i leith iarratas a dhéanamh ar údarú chun TPPUanna a sholáthar (i.e. iad a chruthú agus a dháileadh). Is aon údarás amháin de chuid AE, mar atá ÚEÁPC, a thabharfaidh an túdarás gníomhú mar sholáthróir TPPUanna, i.e. an lipéad "TPPU" a cur ar tháirgí pinsin phearsanta. Ní fhéadfar an tainm "TPPU" nó "Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach" i dtaca le táirge pinsin phearsanta a úsáid ach amháin i gcás ina mbeidh an táirge pinsin phearsanta údaraithe ag ÚEÁPC lena soláthar faoin ainm "TPPU" i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfar táirgí pinsin phearsanta atá ann cheana a athrú ina TPPUanna má fuarthas údarú ó ÚEÁPC, agus ní mór don údarás sin dul i gcomhairle le húdarás maoirseachta inniúil an ghnóthais airgeadais sula ndéanfaidh sé cinneadh an ndiúltóidh sé nó an bhformheasfaidh sé an tiarratas.

Lena chois sin, tá rialacha curtha i gCaibidil II sa chaoi go bhféadfadh gnóthais airgeadais TPPUanna nár chruthaigh siad féin a dháileadh, chomh maith. Is féidir le gnóthais a fuair údarú sonrach i leith dáileadh óna núdaráis inniúla náisiúnta agus le hidirghabhálaithe árachais, athárachais agus árachais choimhdigh atá cláraithe sa cháil sin faoi Threoir 2016/97/AE (an Treoir um Dháileadh Árachais) an dáileadh sin a dhéanamh.

I gCaibidil II tá dáileadh na saincheart idir údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát is óstaigh leagtha síos maidir leis an tsaoirse seirbhísí a sholáthar agus an tsaoirse bhunaíochta do sholáthraithe TPPUanna. Bheadh ábhair imní roinnt Ballstát i leith míchothrom iomaíochta ab fhéidir a bheadh ann de dheasca na gcóras stuamachta éagsúla a bhfuil na cineálacha éagsúla TPPUanna féideartha faoina réir curtha san áireamh sa chóras pasanna sa chaoi go maolódh sé éifeachtaí iomaíocha na gcóras stuamachta éagsúla go mór, a mhéid atá sé ag brath ar údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát is óstaigh agus ar an údarú "lipéad" atá faoi chúram ÚEÁPC.

Tá na forálacha maidir le hiniomparthacht i gCaibidil III freisin. Leis sin, is féidir le coigilteoirí TPPU a athróidh a sainchónaí trí aistriú go Ballstát eile leanúint d'íoc isteach i TPPU a ghlac siad ó sholáthraí sa chéad Bhallstát. Sa chás sin, tá coigilteoirí TPPU i dteideal na buntáistí agus na dreasachtaí uile a choinneáil a bhaineann le hinfheistíocht leanúnach in aon TPPU amháin.

Mar chuid den sásra atá laistiar den tseirbhís iniomparthachta tá sé beartaithe urrann nua a oscailt laistigh de gach cuntas TPPU. Tá an urrann sin ag freagairt do na ceanglais agus na coinníollacha dlí maidir le dreasachtaí cánach a úsáid atá socraithe ar an leibhéal náisiúnta do TPPU ag an mBallstát a naistreoidh an coigilteoir TPPU isteach ann. Tá an sásra chun urranna nua a oscailt, na cearta carntha a aistriú idir na hurranna sin agus faisnéis a thabhairt faoin rogha sin leagtha síos sa Rialachán atá beartaithe agus cur chuige céimnithe atá i gceist. Le linn na gcéad trí bliana de chur chun feidhme an Rialacháin, beidh ar sholáthraithe TPPUanna faisnéis a tabhairt faoi na hurranna atá ar fáil. Tar a éis sin, beidh coigilteoirí TPPU i dteideal urlanna náisiúnta a oscailt a chumhdaíonn córais uile na mBallstát.

Tá Caibidil IV dírithe ar an trédhearcacht is mó is féidir a bhaint amach, go háirithe do choigilteoirí TPPUanna féideartha, maidir le gnéithe TPPUanna. Soiléiríonn na rialacha go háirithe go gcuirfear na doiciméid uile agus an fhaisnéis uile faoi TPPUanna ar fáil do choigilteoirí agus tairbhithe TPPU féideartha go leictreonach – is é an dáileadh leictreonach an rogha réamhshocraithe. Má iarrtar sin, ní mór do sholáthraithe agus dáileoirí na doiciméid agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil saor in aisce agus ar mheán buan freisin.

Maidir le comhairle, beifear ag súil leis go ndéanfaidh soláthraithe TPPUanna triail oiriúnachta a dhéanamh ar choigilteoirí TPPU féideartha, cé go bhféadfaidh coigilteoirí an ceart atá acu comhairle a fháil a tharscaoileadh má phiocann siad an rogha réamhshocraithe.

Is é an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU cloch choirnéil sholáthar na faisnéise réamhchonartha. Tá tuairisc ar fhoirm, inneachar agus coinníollacha soláthair an doiciméid sin sa Rialachán atá beartaithe.

Ní mór don soláthraí "Ráiteas Sochair TPPU" a chur ar fáil maidir leis an bhfaisnéis a chuirfear ar fáil le linn ré conartha TPPU. Sa ráiteas sin beidh faisnéis faoi na nithe seo:

·na teidlíochtaí fabhraithe nó an caipiteal carntha;

·ráthaíochtaí iomlána nó páirteacha faoin scéim TPPU; agus

·más infheidhme, cineál na ráthaíochta agus na sásraí chun teidlíochtaí aonair fabhraithe a chosaint.

I gCaibidil V tá céim charntha an TPPU pléite, rialacha infheistíochta do sholáthraithe TPPUanna agus coigilteoirí TPPU san áireamh. Tá na forálacha is infheidhme maidir le soláthraithe TPPUanna bunaithe ar "riail an duine stuama" 26 agus tá creat sábháilte intaofa iontu le haghaidh beartais infheistíochta.

Maidir le coigilteoirí TPPU, tá na soláthraithe TPPUanna le suas le cúig rogha infheistíochta a thairiscint dóibh, ar ceann acu rogha infheistíochta réamhshocraithe lena náirithítear go bhfaighidh an coigilteoir TPPU an caipiteal a infheistíodh ar ais ar a laghad. Ní mór do sholáthraithe TPPU na roghanna infheistíochta uile a cheapadh ar bhonn teicnící maolaithe riosca cruthaithe lena náiritheofar cosaint leordhóthanach do choigilteoirí TPPU. Nuair a bheidh an conradh TPPU tugtha i gcrích acu, ní mór do choigilteoirí TPPU aon rogha infheistíochta a phiocadh agus ní mór an deis a bheith acu é a athrú saor in aisce aon uair in aghaidh cúig bliana de charnadh.

Tá saoirse fágtha ag na Ballstáit maidir leis na coinníollacha eile go léir a bhaineann le céim an charntha. Ar na coinníollacha sin, is féidir go mbeidh:

·teorainneacha aoise go háirithe maidir le céim an charntha a thosú;

· íosfhad chéim an charntha;

·uasmhéideanna agus íosmhéideanna íocaíochtaí isteach agus a leanúnachas; agus

·coinníollacha maidir le fuascailt roimh an aois scoir ceirde i gcás cruatan faoi leith.

I gCaibidil VI tá an sásra chun institiúid taisclainne a cheapadh i gcás scéim TPPU ina niompróidh na coigilteoirí agus na tairbhithe TPPU an riosca infheistíochta iomlán. Cumhdaíonn na forálacha coinneáil slán na sócmhainní, dualgais mhaoirseachta agus dliteanas na hinstitiúide taisclainne.

Tá sé leagtha síos sa Rialachán nach mór an deis a bheith ag custaiméirí agus páirtithe leasmhara eile, comhlathais custaiméirí go háirithe, gearáin a chur isteach i gcoinne soláthraithe agus dáileoirí TPPUanna de réir na nósanna imeachta a chuirfear ar bun. I ngach cás, ní mór freagra a thabhairt don ghearánaí. Lena chois sin, ní mór sásraí iomchuí a chur ar bun le haghaidh nósanna imeachta gearáin agus sásaimh neamhchlaonta neamhspleácha lasmuigh den chúirt maidir le réiteach díospóidí idir coigilteoirí TPPU agus soláthraithe nó dáileoirí TPPUanna.

Sa Rialachán atá beartaithe tá an deis tugtha do sholáthraithe TPPUanna an riosca báis agus rioscaí bithmhéadracha eile a chumhdach.

Rialáiltear malartú soláthraithe TPPUanna le Caibidil VII. Ar iarratas ó choigilteoir TPPU, aistreofar aon iarmhéid deimhneach ó chuntas TPPU atá á choinneáil leis an soláthraí aistritheach chuig cuntas nua TPPU a osclófar leis an soláthraí is faighteoir, agus dúnfar an chéad chuntas TPPU. Féadfaidh soláthraithe TPPUanna atá bunaithe sa Bhallstát céanna (malartú intíre) nó i mBallstáit dhifriúla (malartú trasteorann) an tseirbhís malartaithe a chur ar fáil. Tá teorainn beartaithe le haghaidh na táillí agus na muirir iomlána a ghearrfaidh an soláthraí TPPUanna aistritheach ar an gcoigilteoir TPPU i leith dhúnadh an chuntais TPPU atá á choinneáil leis.

I gCaibidil VIII, tá sé fágtha faoi na Ballstáit formhór na gcoinníollacha TPPU a shocrú a bhaineann le céim an dícharntha — go háirithe:

·an aois scoir ceirde a shocrú;

·nasc éigeantach idir an aois scoir ceirde a bhaint amach agus céim an dícharntha;

·tréimhse íosta maidir le duine a bheith ina chomhalta de scéim TPPU; agus

· tréimhse uasta maidir le duine a bheith ina chomhalta de TPPU roimh an aois scoir ceirde.

Maidir le foirmeacha na níocaíochtaí amach (e.g. blianachtaí, cnapshuimeanna, íocaíochtaí íostarraingthe ioncaim), forchuirtear an tsolúbthacht sin leis an togra ar na Ballstáit mar choinníoll éigeantach tríd an tsaoirse a thabhairt do sholáthraithe TPPUanna, coigilteoirí TPPU agus tairbhithe TPPU an fhoirm/na foirmeacha sin a shocrú go conarthach, agus is féidir go mbeidh tionchar ag an gcoinníoll sin ar infhaighteacht dreasachtaí cánach náisiúnta do na TPPUanna i roinnt Ballstát.

I gCaibidil IX tá na cúraimí maoirseachta roinnte idir ÚEÁPC agus na húdaráis inniúla náisiúnta. Ní mó d'ÚEÁPC faireachán ar scéimeanna pinsin a bhunófar nó a dháilfear ar chríoch AE lena fhíorú nach núsáidfear leo an tainmniú "TPPU" agus nach measfar gur TPPU iad mura bhfuil siad údaraithe faoin Rialachán atá beartaithe.

Tá tuairisc i gCaibidil X ar cé na sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin atá bearta is féidir a ngearrfar pionóis orthu, ar conas a fhéadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta na pionóis sin a ghearradh agus ar conas ba cheart sáruithe agus pionóis a thuairisciú.

Le Caibidil XI tá an chumhacht tugtha don Choimisiún Eorpach gníomhartha tarmligthe a ghlacadh sna réimsí seo:

·coinbhleachtaí leasa;

·dreasachtaí;

·TPPUanna a dhíol agus comhairle leo nó gan comhairle leo;

·ceanglais maoirseachta táirgí agus rialachais;

·faisnéis a chur ar fáil le linn théarma an chonartha; agus

·tuairisciú d'údaráis náisiúnta agus roghanna infheistíochta.

Glacfaidh an Coimisiún freisin caighdeáin rialála theicniúla i leith ábhar agus chur ar fáil an doiciméid faisnéise bunriachtanaí agus cuirfidh sé chun feidhme caighdeáin theicniúla i leith formáid cur i láthair chaighdeánaithe le haghaidh an Ráitis Sochair TPPU.

Ní mór don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Bheadh an mheastóireacht dírithe go háirithe ar conas atá rialacha an Rialacháin ag feidhmiú agus ar an taithí a fuarthas agus iad á gcur i bhfeidhm, ar an méid a d'úsáid soláthraithe TPPUanna an tainm "TPPU", ar dháileachán geografach agus earnálach na soláthraithe TPPUanna agus na ninfheistíochtaí i TPPUanna, ar an tionchar a bhí ag an Rialachán seo ar mhargadh na bpinsean pearsanta, ar a oiriúnaí atá na ceanglais faisnéise faoi Chaibidil IV, ar a oiriúnaí atá sé an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le dreasachtaí le hinfheistíocht a dhéanamh i TPPUanna, ar aon bhacainní is féidir a bhí roimh infheistíocht i dtáirgí pinsin phearsanta ar a bhfuil an tainm "TPPU" á úsáid orthu, lena náirítear an tionchar a bhí ag dlí an Aontais ar choigilteoirí TPPU, ar leibhéal na dtáillí agus na muirear a iarrann soláthraithe chun urranna nua a oscailt laistigh de chuntais TPPU aonair coigilteoirí TPPUanna, agus ar an tionchar a bhí ag cinntí infheistíochta a bhaineann le TPPUanna ar fhachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais.

2017/0143 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 27 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá teaghlaigh an Aontais Eorpaigh ar na coigilteoirí is airde ar domhan, ach coinnítear méid mór an choigiltis sin i gcuntais bhainc a bhfuil aibíochtaí gearra acu. Má chuirtear níos mó infheistíochta i margaí caipitil, féadfar cuidiú le dul i ngleic leis na dúshláin a thagann as aosú an phobail agus rátaí úis ísle.

(2)Is tábhachtach iad na pinsin phearsanta sa mhéid is go nascann siad coigilteoirí fadtéarmacha le deiseanna infheistíochta fadtéarmacha. Má bhíonn margadh Eorpach níos mó i leith pinsin phearsanta, tacóidh sé sin le cistí a sholáthar d'infheisteoirí institiúideacha agus le hinfheistíocht a dhéanamh san fhíorgheilleagar.

(3)Faoi láthair, tá srian á chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i leith pinsin phearsanta de dheasca a ilroinnte atá margaí náisiúnta agus a theoranta atá iniomparthacht táirgí pinsin phearsanta. Dá dheasca sin, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag daoine aonair agus iad ag baint úsáid as a saoirsí bunúsacha. Mar shampla, d’fhéadfaí cosc a chur orthu dul i mbun poist nó dul ar scor i mBallstát eile. Ina theannta sin, is é atá san easpa caighdeánaithe i leith táirgí pinsin phearsanta atá ann cheana constaic do sholáthraithe lena gcuirtear srian orthu úsáid a bhaint as an tsaoirse bhunaíochta agus as an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.

(4)Cuideofar trí Aontas na Margaí Caipitil (AMC) le caipiteal a chur i gcúrsaíocht san Eoraip agus é a dhíriú ar gach cuideachta, lena náirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, bonneagar agus tionscadail bhonneagair inbhuanaithe fhadtéarmacha a bhfuil sé ag teastáil uathu chun a ngnólachtaí a leathnú agus poist a chruthú. Tá sé ar cheann de phríomhchuspóirí AMC an infheistíocht agus roghanna a mhéadú le haghaidh infheisteoirí miondíola trí úsáid níos fearr a bhaint as coigilteas na hEorpa.

(5)Mar a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le AMC 28 , i Meán Fómhair 2015, "déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcás i gcomhair creat beartais chun margadh Eorpach rathúil a bhunú do phinsin phearsanta shimplí éifeachtacha iomaíocha agus chun a chinneadh an gá ag an Aontas reachtaíocht a ghlacadh le tacú leis an margadh sin."

(6)Ina rún an 19 Eanáir 2016 29 , chuir Parlaimint na hEorpa béim ar an méid seo a leanas "nach mór timpeallacht a chothú ina spreagfar nuálaíocht táirgí airgeadais agus ina mbeidh níos mó éagsúlachta agus sochar don fhíorgheilleagar agus ina gcuirfear dreasachtaí méadaithe i gcomhair infheistíochtaí ar fáil, agus timpeallacht a d'fhéadfadh cur le pinsin leordhóthanacha, shábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar freisin, amhail mar shampla Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpaigh (TPPU) a fhorbairt a bheidh simplí trédhearcach".

(7)Ina conclúidí an 28 Meitheamh 2016 30 , "go ndéanfaí dul chun cinn go beo agus go bríomhar chun a áirithiú go mbeadh rochtain níos fusa ag gnólachtaí ar mhaoiniú agus chun tacú le hinfheistíocht san fhíorgheilleagair trí chlár oibre Aontas na Margaí Caipitil a chur chun cinn".

(8)Ina Teachtaireacht an 14 Meán Fómhair 2016 Aontas na Margaí Caipitil - Dlús a chur le hAthchóiriú 31 , d’fhógair an Coimisiún "go mbreithneoidh sé tograí do tháirge pinsin AE simplí, éifeachtúil agus iomaíoch [...] Ar na roghanna a bhreithneofar, d’fhéadfaí togra reachtach as a measc sin a thíolacadh in 2017."

(9)Ina Teachtaireacht Athbhreithniú Lár an Téarma ar an bPlean Gníomhaíochta de chuid Aontas na Margaí Caipitil 32 , d'fhógair an Coimisiún "togra reachtach maidir le Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpaigh (TPPU) roimh dheireadh Mheitheamh 2017. Leagfar bonn do mhargadh a bheidh níos sábháilte, níos costéifeachtaí agus níos trédhearcaí ar margadh é coigilteas pinsin phearsanta dheonaigh a fhéadfar a bhainistiú ar bhonn uile-Eorpach. Déanfaidh sé freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag iarraidh cur le leordhóthanacht a gcoigiltis scoir, aghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach, na táirgí agus na scéimeanna pinsin atá ann cheana a chomhlánú, agus tacú le cost-éifeachtúlacht pinsean pearsanta trí dheiseanna maithe a thairiscint le haghaidh infheistíocht fhadtéarmach coigiltis phearsanta".

(10)I dtaca le táirgí pinsin phearsanta, má dhéantar TPPU a fhorbairt, cuirfear leis na roghanna maidir le coigilteas scoir agus bunófar margadh de chuid an Aontais i gcomhair soláthraithe TPPU. Cuirfear roghanna níos fearr ar fáil do theaghlaigh chun a spriocanna scoir a bhaint amach.

(11)I gcreat reachtach do TPPU, leagfar bonn do mhargadh rathúil in infheistíochtaí scoir atá ar phraghas réasúnta agus deonach is féidir a bhainistiú ar scála uile-Eorpach. Trí na táirgí agus na scéimeanna pinsin atá ann cheana a chomhlánú, cuideoidh sé le freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag iarraidh cur le leordhóthanacht a gcoigiltis scoir, le haghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach, agus le sárfhoinse nua chaipitil phríobháidaigh a sholáthar don infheistíocht fhadtéarmach. Ní ghabhfaidh an creat sin ionad na scéimeanna pinsin phearsanta náisiúnta atá ann cheana ná ní dhéanfaidh sé iad a chomhchuibhiú.

(12)Déantar leis an Rialachán sraith de chroíghnéithe don TPPU a chomhchuibhiú a bhaineann le príomheilimintí amhail dáileadh, beartas infheistíochta, malartú soláthraithe, nó soláthar agus iniomparthacht trasteorann. Má dhéantar na croíghnéithe sin a chomhchuibhiú, cuirfear feabhas ar chothrom iomaíochta do sholáthraithe pinsin phearsanta i gcoitinne agus beidh sé ina chuidiú le dlús a chur le cur i gcrích AMC agus comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh do phinsin phearsanta. Dá bharr sin, cruthófar táirge uile-Eorpach atá caighdeánaithe den chuid is mó a bheidh ar fáil sna Ballstáit ar fad agus a chumasóidh tomhaltóirí lánúsáid a bhaint as an margadh inmheánach trína gcearta pinsin a aistriú thar lear agus rogha níos leithne a thairiscint idir cineálacha difriúla soláthraithe, lena náirítear ar bhonn trasteorann. Toisc go laghdófar na bacainní a bheidh ann roimh sholáthar seirbhísí pinsin thar theorainneacha, cuirfidh Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpaigh leis an iomaíocht idir soláthraithe ar bhonn uile-Eorpach agus cruthóidh sé barainneachtaí scála a rachaidh ar sochar do choigilteoirí.

(13)Faoi Airteagal 114 CFAE, is féidir gníomhartha a ghlacadh i bhfoirm Rialachán agus Treoracha araon. Is fearr Rialachán a ghlacadh mar go mbeadh sin infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, bhainfí úsáid as TPPU níos gasta i ngeall ar rialachán agus chuirfeadh sé dlús le haghaidh a thabhairt ar an ngá atá le breis coigiltis agus infheistíochtaí pinsin i gcomhthéacs AMC. Ós rud é go bhfuil croíghnéithe na TPPUanna á gcomhchuibhiú leis an Rialachán seo, ní gá iad a bheith faoi réir rialacha náisiúnta sonracha agus dealraíonn sé mar sin gurb oiriúnaí Rialachán ná Treoir sa chás seo. Os a choinne sin, tá na gnéithe atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin (e.g, coinníollacha chéim an charntha) faoi réir rialacha náisiúnta.

(14)Ba cheart go mbeadh rochtain ag soláthraithe TPPU ar mhargadh iomlán an Aontais agus go mbeadh údarú táirge aonair amháin arna eisiúint ag an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde ("EIOPA"), ar bhonn sraith aonair de rialacha.

(15)Áiritheofar le pas TPPU aonair go gcruthófar margadh aonair le haghaidh TPPU.

(16)Chun seirbhís ar ardchaighdeán agus cosaint éifeachtach do thomhaltóirí a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit bhaile agus óstach a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú. I gcás ina dtéann soláthraithe agus dáileoirí TPPU i mbun gnó sna Ballstáit éagsúla faoin tsaoirse seirbhísí a sholáthar, ba cheart d'údarás inniúil an Bhallstáit bhaile a bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí an Rialacháin seo mar go bhfuil naisc níos dlúithe aige leis an soláthraí TPPU. Chun comhroinnt chóir na bhfreagrachtaí idir údaráis inniúla na mBallstát bhaile agus óstach a áirithiú, más eol d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh aon sáruithe ar oibleagáidí a tharlóidh laistigh dá críoch, ba cheart dó é sin a chur in iúl d'údarás inniúil an Bhallstáit bhaile ar cheart d'oibleagáid a bheith air na bearta iomchuí a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh a bheith i dteideal idirghabháil a dhéanamh má theipeann ar an mBallstát baile bearta iomchuí a dhéanamh nó mura leor na bearta a dhéantar.

(17)I gcás brainse nó láithreacht bhuan a bhunú i mBallstát eile, is iomchuí an fhreagracht as an bhforfheidhmiú a leithdháileadh ar an mBallstát baile agus an Ballstát óstach araon. Cé gur cheart an fhreagracht as comhlíonadh na noibleagáidí a dhéanann difear don ghnó ina iomláine - amhail na rialacha maidir le ceanglais ghairmiúla - a fhágáil de chúram ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile faoin gcóras céanna amhail i gcás soláthar seirbhísí, ba cheart d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh an fhreagracht a ghlacadh air féin na rialacha maidir le ceanglais faisnéise agus gnó a dhéanamh a fhorfheidhmiú i dtaca leis na seirbhísí arna soláthar ina chríoch. Mar sin féin, i gcás inarb eol d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh aon sáruithe ar oibleagáidí a tharlóidh ina chríoch nach gcuirtear an fhreagracht ar an mBallstát óstaigh leis an Treoir sin ina leith sin, éilítear le dlúthchomhar ar an údarás sin údarás inniúil an Bhallstáit bhaile a chur ar an eolas ionas go ndéanfaidh an túdarás inniúil sin na bearta iomchuí. Is amhlaidh a bheidh an cás go háirithe maidir le sáruithe ar na rialacha maidir le dea-cháil, eolas gairmiúil agus ceanglais inniúlachta. Ina theannta sin, d’fhonn tomhaltóirí a chosaint, ba cheart don údarás inniúil den Bhallstát óstaigh a bheith i dteideal idirghabháil a dhéanamh mura ndéanann an Ballstát baile bearta iomchuí nó mura leor na bearta a dhéantar.

(18)Ba cheart go mbeadh na hacmhainní uile ag údaráis inniúla na mBallstát is gá lena áirithiú go mbeadh soláthraithe agus dáileoirí TPPU ag dul i mbun gnó go rianúil ar fud an Aontais, cibé acu atá sé i gcomhréir leis an tsaoirse bhunaíochta nó i gcomhréir leis an tsaoirse seirbhísí a sholáthar. Chun éifeachtacht na maoirseachta a áirithiú, ba cheart do gach beart a dhéanann na húdaráis inniúla a bheith comhréireach le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó soláthraí nó dáileoir ar leith, beag beann ar thábhacht an tsoláthraí nó an dáileora lena mbaineann do chobhsaíocht fhoriomlán airgeadais an mhargaidh.

(19)Is féidir an ghné uile-Eoprach den TPPU a fhorbairt, ní amháin ar leibhéal an tsoláthraí, trí bhíthin na ndeiseanna gníomhaíochtaí trasteorann, ach ar leibhéal an choigilteora TPPU freisin - trí bhíthin iniomparthacht an TPPU, agus cuideofar ar an gcaoi sin le daoine atá ag feidhmiú a gceart chun saorghluaiseachta faoi Airteagal 21 agus faoi Airteagal 45 CFAE a gcearta pinsin phearsanta a choimirciú. Is é atá i gceist le hiniomparthacht gur féidir leis an gcoigilteoir TPPU áit chónaithe a athrú go Ballstát eile gan soláthraithe TPPU a athrú agus, os a choinne sin, ní gá go mbeadh athrú áit chónaithe i gceist le malartú soláthraithe TPPU.

(20)Ba cheart go gcuimseodh TPPU urranna náisiúnta, gach ceann acu ag riar ar ghnéithe táirge pinsin phearsanta lenar féidir ranníocaíochtaí chuig an TPPU a bheith incháilithe chun dreasachtaí a fháil. Ar leibhéal an choigilteora TPPU aonair, ba cheart chéad urrann a chruthú tráth TPPU a oscailt.

(21)Chun gur féidir le soláthraithe TPPU aistriú go rianúil, beidh feidhm ag an oibleagáid maidir le TPPUanna ina gcuimsítear urranna a sholáthar do gach Ballstát trí bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Mar sin féin, tráth TPPU a sheoladh, ba cheart don soláthraí faisnéis a chur ar fáil faoi na hurranna náisiúnta atá ar fáil cheana i dtreo is nach bhféadfaí tomhaltóirí ar chur ar míthreoir.

(22)I ngeall ar chineál na scéime pinsin arna bunú agus an tualach riaracháin lena mbaineann a chur san áireamh, ba cheart do sholáthraithe agus do dháileoirí TPPU faisnéis shoiléir leordhóthanach a sholáthar do choigilteoirí TPPU ionchasacha agus do thairbhithe TPPU chun tacú leo agus cinneadh á dhéanamh acu faoina dtréimhse scoir féin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do sholáthraithe agus do dháileoirí TPPU ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú freisin ar feadh na gcéimeanna éagsúla scéime ina gcuimsítear réamhchlárú, ballraíocht (lena náirítear an tréimhse réamhscoir) agus an tréimhse iarscoir. Go háirithe, ba cheart faisnéis maidir le teidlíochtaí fabhraithe pinsin, leibhéil réamh-mheasta sochar scoir, rioscaí agus ráthaíochtaí, agus costais a thabhairt. I gcás ina mbeidh leibhéil réamh-mheasta sochar scoir bunaithe ar chásanna geilleagracha, ba cheart go náireofaí san fhaisnéis sin cás mífhabhrach a bheadh míchuibheasach ach sochreidte.

(23)Sula gcláróidh coigilteoirí TPPU ionchasacha le scéim TPPU, ba cheart gach faisnéis a thabhairt dóibh is gá le cinneadh eolasach a dhéanamh.

(24)Chun trédhearcacht táirge chomh maith agus is féidir a áirithiú, ba cheart do mhonaróirí TPPU an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a tharraingt suas do na TPPUanna a mhonaraíonn siad sula féidir an táirge a dháileadh ar choigilteoirí TPPU. Ba cheart freisin iad a bheith freagrach as doiciméad faisnéise bunriachtanaí an TPPU a bheith cruinn. Ba cheart an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a theacht in ionad an doiciméid faisnéise bunriachtanaí do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe agus é a oiriúnú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 nach mbeadh orthu a sholáthar do TPPUanna.

(25)Chun a áirithiú go scaipfear doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU go forleathan agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain fhorleathan orthu, ba cheart foráil leis an Rialachán seo go bhfoilseoidh an monaróir TPPU doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU ar a shuíomh gréasáin féin.

(26)Tá áireamháin do tháirgí pinsin á bhforbairt cheana ar an leibhéal náisiúnta. Mar sin féin, d'fhonn na háireamháin sin a bheith lánúsáideach do thomhaltóirí, ba cheart go gclúdófaí na costais agus na táillí a fhorchuireann monaróirí TPPU éagsúla na dtáirgí infheistíochta, mar aon le haon chostais nó táillí breise a fhorchuireann idirghabhálaithe nó aon pháirtithe eile den slabhra infheistíochta nach bhfuil curtha san áireamh cheana ag na monaróirí TPPU.

(27)Ba cheart mionsonraí na faisnéise atá le cur san áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU mar aon le heilimintí atá curtha ar fáil cheana sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 cur i láthair na faisnéise sin a chomhchuibhiú níos mó trí bhíthin caighdeáin theicniúla rialála lena gcomhlánaítear na caighdeáin theicniúla rialála arna leagan síos leis an Rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 8 Márta 2017 34 , lena gcuirtear san áireamh taighde atá déanta cheana agus taighde atá ar siúl go fóill ar iompar tomhaltóirí, lena náirítear torthaí tástálacha ar éifeachtacht bealaí éagsúla chun faisnéis a chur i láthair na dtomhaltóirí.

(28)Ba cheart an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a bheith inaitheanta go héasca ó aon chumarsáid margaíochta agus ba cheart é a bheith ar deighilt ón gcumarsáid sin.

(29)Ba cheart do sholáthraithe TPPU Ráiteas Sochar Pinsin a bheidh dírithe ar choigilteoirí TPPU a tharraingt suas ionas gur féidir sonraí bunriachtanacha pearsanta agus sonraí cineálacha faoin scéim TPPU a thabhairt dóibh agus a áirithiú go dtabharfar faisnéis leanúnach faoin scéim sin dóibh. Ba cheart don Ráiteas Sochar Pinsin a bheith soiléir agus cuimsitheach agus ba cheart faisnéis iomchuí ábhartha a bheith ann ionas gur fusa teidlíochtaí pinsin a thuiscint thar thréimhse ama agus maidir le scéimeanna agus ba cheart dó riar ar shoghluaisteacht lucht saothair.

(30)Ba cheart do sholáthraithe TPPU coigilteoirí TPPU a chur ar an eolas faoina roghanna íocaíochtaí amach tréimhse leordhóthanach roimh ré sula rachaidh siad ar scor. I gcás nach níocfar an sochar scoir mar bhlianacht saoil, ba cheart do chomhaltaí atá i mbéal dul ar scor faisnéis a fháil faoi na táirgí íocaíochta sochar atá ar fáil ionas gur fusa leo cúrsaí airgeadais a bhainistiú don tréimhse scoir.

(31)Le linn na céime a níoctar sochair scoir, ba cheart do thairbhithe TPPU leanúint de bheith ag fáil faisnéise faoina sochair agus faoina roghanna comhfhreagracha íocaíochta amach. Tá tábhacht ar leith leis sin toisc gur suntasach an leibhéal riosca infheistíochta a bhíonn le hiompar ag tairbhithe TPPU sa chéim íocaíochta amach. Ba cheart tairbhithe TPPU a chur ar an eolas freisin faoi aon laghdú ar leibhéal sochar a bheidh dlite, sula gcuirfear aon laghdú den chineál sin i bhfeidhm, sula ndéanfar cinneadh as a dtiocfaidh laghdú. Mar dhea-chleachtas, moltar do sholáthraithe TPPU dul i gcomhairle le tairbhithe TPPU sula ndéanfar aon chinneadh den chineál sin.

(32)Chun go ndéanfar cearta coigilteoirí agus tairbhithe TPPU a chosaint go leordhóthanach, ba cheart do sholáthraithe TPPU a bheith in ann leithdháileadh sócmhainní a roghnú a oireann do chineál beacht agus tréimhse a ndliteanas. Dá bhrí sin, is gá maoirseacht éifeachtúil a dhéanamh agus is gá cur chuige i leith rialacha infheistíochta a thugann go leor solúbthachta do sholáthraithe TPPU cinneadh ar an bpolasaí infheistíochta is sláine agus is éifeachtúla, lena gcuirtear d’oibleagáid orthu gníomhú go stuama san am céanna. I dtaca le riail an duine stuama a chomhlíonadh, is gá beartas infheistíochta mar sin atá dírithe ar bhonneagar custaiméirí an tsoláthraí aonair TPPU.

(33)Má shocraítear gurb é riail an duine stuama bunphrionsabal na hinfheistíochta caipitil agus gur féidir le soláthraithe TPPU feidhmiú thar theorainneacha, spreagfar an coigilteas a atreorú in earnáil soláthair scoir phearsanta, rud a chuirfidh le dul chun cinn geilleagrach agus sóisialta.

(34)Ba cheart don Rialachán seo leibhéal iomchuí saoirse infheistíochta a áirithiú do sholáthraithe TPPU. Ina gcáil mar infheisteoirí an-fhadtéarmach a bhfuil rioscaí ísle leachtachta acu, tá soláthraithe TPPU in ann cur le forbairt AMC trí infheistiú i sócmhainní neamhleachtachta amhail scaireanna agus in ionstraimí eile a bhfuil próifíl gheilleagrach fhadtéarmach acu agus nach ndéantar a thrádáil ar mhargaí rialáilte, saoráidí trádála iltaobhacha (STIanna) nó saoráidí trádála eagraithe (OTFanna) faoi theorainneacha stuamachta. Is féidir leo leas a bhaint as na buntáistí freisin a bhaineann leis an éagsúlú idirnáisiúnta. Ba cheart gan srian a chur le hinfheistíochtaí i scaireanna in airgeadraí cé is moite díobh sin a bhaineann leis na dliteanais, agus le hinfheistíochtaí in ionstraimí eile a bhfuil próifíl gheilleagrach fhadtéarmach acu agus nach ndéantar a thrádáil ar mhargaí rialáilte, STIanna ná OTFanna ionas go ndéanfar leas coigilteoirí agus tairbhithe TPPU a chosaint, seachas ar fhorais stuamachta.

(35)I gcomhthéacs AMC a dhoimhniú, is ar bhealach leathan a thuigtear cad is ionstraim ann a bhfuil próifíl gheilleagrach fhadtéarmach aici. Is urrúis dho-aistrithe iad na hionstraimí sin agus dá bhrí sin ní bhíonn rochtain acu ar leachtacht na margaí tánaisteacha. Is minic a bhíonn gealltanais téarma sheasta de dhíth a chuireann srian ar a nindíoltacht agus ba cheart a thuiscint go náireofaí leo ionstraimí rannpháirtíochta agus fiachais i ngnóthais neamhliostaithe agus iasachtaí arna soláthar dóibh. Áireofar ar ghnóthais neamhliostaithe tionscadail bonneagair, cuideachtaí neamhliostaithe atá ag lorg fáis, eastát réadach nó sócmhainní eile a d’fhéadfadh bheith oiriúnach do chuspóirí na hinfheistíochta fadtéarmaí. Is minic gur sócmhainní neamhliostaithe iad tionscadail bhonneagair ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de agus bíonn siad ag brath ar chreidmheasanna fadtéarmacha do mhaoiniú tionscadail. I ngeall ar chomh fadtéarmach agus a bhíonn a ndliteanais, tugtar spreagadh do sholáthraithe TPPU cuid leordhóthanach dá bpunann sócmhainní a shannadh d'infheistíochtaí inbhuanaithe san fhíorgheilleagar a mbeidh sochair fhadtéarmacha eacnamaíocha acu, go háirithe do thionscadail bhonneagair agus do chorparáidí bonneagair.

(36)Is tábhachtach iad na fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais, dá dtagraítear sna Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach lena dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe, do bheartas infheistíochta agus córais bainistíochta rioscaí soláthraithe TPPU. Ba cheart soláthraithe TPPU a spreagadh aird a thabhairt ar na fachtóirí sin i gcinntí infheistíochta agus an chaoi a bhfuil siad ina gcuid dá gcóras bainistíochta rioscaí a chur san áireamh.

(37)Agus iad ag áirithiú go gcomhlíonfar a noibleagáide maidir le beartas infheistíochta a fhorbairt i gcomhréir le riail an duine stuama, ba cheart cosc a chur ar sholáthraithe TPPU infheistiú i ndlínsí ardriosca neamh-chomhoibríocha arna naithint ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais. 

(38)I dtaca le cuspóir scoir fhadtéarmaigh TPPU, ba cheart na roghanna infheistíochta a thabharfar do choigilteoirí TPPU a cheapadh ar chaoi go gcumhdófar na heilimintí a cheadóidh d'infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh, lena náirítear líon roghanna infheistíochta as a bhféadfaidh siad rogha a dhéanamh. I ndiaidh an rogha thosaigh a dhéanamh ar shuibscríobh TPPU, ba cheart deis a bheith ag an gcoigilteoir an rogha sin a mhodhnú ag eatraimh réasúnta (gach cúig bliana), ionas go dtabharfar cobhsaíocht leordhóthanach do sholáthraithe le haghaidh a straitéis infheistíochta fadtéarmaí agus ionas go ndéanfar an tinfheisteoir a chosaint san am céanna.

(39)Leis an rogha infheistíochta réamhshocraithe ba cheart go ligfí don choigilteoir TPPU an caipiteal a d'infheistigh sé a fhorchúiteamh. Lena chois sin, d’fhéadfadh na soláthraithe TPPU sásra innéacsaithe boilscithe a chur san áireamh chun an boilsciú a chumhdach go páirteach ar a laghad.

(40)Ba cheart don údarás inniúil a chumhachtaí a fheidhmiú a mbeadh de phríomhchuspóirí aige cearta coigilteoirí TPPU agus tairbhithe TPPU a chosaint agus cobhsaíocht agus fóntacht soláthraithe TPPU a áirithiú.

(41)I gcás inarb institiúid um chóir ar scor ceirde nó gnólacht infheistíochta é an soláthraí TPPU, déanfaidh sé taisclann a cheapadh maidir lena shócmhainní a choimeád slán. Is gá é sin chun tomhaltóirí a chosaint ó tharla nach bhforáiltear leis an reachtaíocht earnála atá infheidhme ag institiúidí maidir le cóir ar scor ceirde agus gnólachtaí infheistíochta maidir le taisclann a cheapadh.

(42)Tá trédhearcacht costas agus táillí ríthábhachtach chun muinín coigilteoirí TPPU a chothú agus a cheadú dóibh roghanna eolasacha a dhéanamh. Dá réir sin, ba cheart úsáid modhanna praghsála neamh-thrédhearcacha a thoirmeasc

(43)Chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na coinníollacha le haghaidh fheidhmiú na gcumhachtaí idirghabhála ag ÚEÁPC agus ag na húdaráis inniúla a shonrú. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach tráthúil iomchuí.

(44)Ba cheart don Choimisiún dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚMEanna, tríd an gComhchoiste, a ghlacadh maidir le cur i láthair agus ábhar eilimintí sonracha de chuid an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU nach gcumhdaítear le [PRIIPanna KID RTS] i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 , de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 . Ba cheart don Choimisiún obair theicniúil ÚMEanna a chomhlánú trí thástálacha tomhaltóirí a dhéanamh ar chur i láthair an doiciméid faisnéise bunriachtanaí mar a mholtar ag ÚMEanna.

(45)Gan dochar do cheart custaiméirí TPPU caingean a thionscnamh sna cúirteanna, ba cheart nósanna imeachta maidir le réiteach malartach díospóide (RMD) atá inrochtana, leordhóthanach, neamhspleách, neamhchlaonta, trédhearcach agus éifeachtach a bhunú idir soláthraithe nó dáileoirí TPPU agus custaiméirí TPPU chun díospóidí a réiteach a eascróidh as na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

(46)D’fhonn nós imeachta éifeachtúil agus éifeachtach maidir le réiteach díospóidí a bhunú, ba cheart do sholáthraithe agus do dháileoirí TPPU nós imeachta éifeachtach gearán a chur i bhfeidhm a fhéadfaidh a gcustaiméirí a leanúint sula ndéanfar an díospóid a atreorú lena réiteach i nós imeachta Réiteach Malartach Díospóide nó os comhair cúirte. Ba cheart tréimhsí ama atá gearr agus sainithe go soiléir a bheith sa nós imeachta gearán inar cheart don soláthraí nó don dáileoir TPPU a bheith ullamh freagra a thabhairt ar ghearán laistigh de na tréimhsí sin. Ba cheart go mbeadh cumas leordhóthanach ag eintitis Réiteach Malartach Díospóide dul i mbun comhoibriú trasteorann ar bhealach iomchuí éifeachtúil maidir le díospóidí a bhaineann le cearta agus oibleagáidí de bhun an Rialacháin seo.

(47)Chun dálaí níos fearr a aimsiú le haghaidh a ninfheistíochtaí, agus ar an gcaoi sin an iomaíocht a spreagadh freisin i measc soláthraithe TPPU, ba cheart an ceart a bheith ag coigilteoirí TPPU soláthraithe a mhalartú le linn chéim an charntha agus le linn na chéim an dícharntha trí bhíthin nós imeachta soiléir tapa sábháilte.

(48)Ba cheart don phróiseas malartaithe a bheith sách simplí don choigilteoir TPPU. Dá réir sin, ba cheart don soláthraí TPPU is faighteoir a bheith freagrach as an bpróiseas a thionscnamh agus a bhainistiú thar ceann an choigilteora TPPU. Ba cheart do sholáthraithe TPPU a bheith in ann úsáid a bhaint as acmhainní breise, amhail réiteach teicniúil, ar bhonn deonach agus an tseirbhís á bunú acu.

(49)Sula ndéanfar an malartú a údarú, ba cheart an coigilteoir a chur ar an eolas maidir le gach céim den nós imeachta is gá chun an malartú a chur i gcrích.

(50)Is gá comhoibriú ón soláthraí TPPU aistritheach chun go mbeidh rath ar an malartú. Dá bhrí sin, ba cheart don soláthraí TPPU aistritheach gach faisnéis is gá leis na híocaíochtaí a chur ar ais sa chuntas TPPU eile a thabhairt don soláthraí is faighteoir iarratais. Níor cheart, áfach, go rachadh an fhaisnéis sin thar a bhfuil riachtanach chun an malartú a chur i gcrích.

(51)Chun malartú trasteorann a éascú, ba cheart a chead a bheith ag an gcoigilteoir TPPU a iarraidh ar an soláthraí nua TPPU faisnéis a sholáthar don choigilteoir TPPU ina bhfuil mionsonraí faoin gcuntas TPPU nua, le linn cruinniú amháin leis an soláthraí TPPU nua más féidir.

(52)Ba cheart do choigilteoirí TPPU gan a bheith faoi réir caillteanais airgeadais, lena náirítear muirir agus ús, a tharlaíonn de dheasca aon bhotún a dhéanfaidh ceachtar de na soláthraithe TPPU atá rannpháirteach sa phróiseas malartaithe. Go háirithe, ba cheart do choigilteoirí TPPU gan aon chaillteanas airgeadais a iompar a eascróidh as táillí breise, ús nó muirir eile a íoc mar aon le fíneálacha, pionóis nó aon chineál aimhleasa airgeadais de dheasca moill a bheith ar fheidhmiú an mhalartaithe.

(53)Ba cheart an tsaoirse a thabhairt do choigilteoirí TPPU cinneadh a dhéanamh tar éis TPPU a shuibscríobh faoina rogha íocaíochta amach (blianachtaí, cnapshuim, nó eile) le linn chéim an charntha, ach an deis a bheith acu a rogha a athbhreithniú gach cúig bliana ina dhiaidh sin ionas gur féidir leo a rogha íocaíochta amach a oiriúnú ar an mbealach is fearr dá riachtanais nuair a bhíonn an tam scoir ag teannadh leo.

(54)Ba cheart cead a bheith ag soláthraithe TPPU réimse leathan de roghanna dícharntha a chur ar fáil do choigilteoirí TPPU. Leis an gcur chuige sin bhainfí an sprioc amach maidir le húsáid mhéadaithe a bhaint as an TPPU trí sholúbthacht agus rogha mhéadaithe do choigilteoirí TPPU. Cheadófaí do sholáthraithe a TPPUanna a dhearadh ar an gcaoi is cost-éifeachtaí. Tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus indéanta ó thaobh na polaitíochta de mar go gcoimeádtar go leor solúbthachta do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cé na roghanna dícharntha atá siad ag iarraidh a chur chun cinn.

(55)Ba cheart trédhearcacht iomlán maidir le costais agus táillí a bhaineann le hinfheistíocht in TPPU a ráthú. Bhunófaí cothroime iomaíochta idir soláthraithe agus d'áiritheofaí cosaint do thomhaltóirí san am céanna. Chuirfí faisnéis chomparáideach ar fáil do tháirgí éagsúla agus spreagfaí praghsáil iomaíoch dá réir.

(56)Cé gurb iad na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha a fheidhmeoidh an mhaoirseacht leanúnach a dhéanfar ar sholáthraithe TPPU, ba cheart do ÚEÁPC an mhaoirseacht maidir le TPPUanna a chomhordú lena ráthú go gcuirfear modheolaíocht chomhaontaithe mhaoirseachta i bhfeidhm, rud a chuirfidh ar an mbealach sin leis an ngné uile-Eorpach den táirge pinsin.

(57)Ba cheart do ÚEÁPC comhoibriú le húdaráis inniúla náisiúnta agus an comhoibriú eatarthu a éascú. Maidir leis sin, ba cheart d'ÚEÁPC ról a imirt i gcumhacht na núdarás náisiúnta inniúil chun bearta maoirseachta a chur i bhfeidhm trí fhianaise a sholáthar faoi sháruithe atá gaolmhar le TPPUanna. Ba cheart d'ÚEÁPC idirghabháil cheangailteach a sholáthar i gcás easaontais idir na húdaráis inniúla i gcásanna trasteorann.

(58)Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnóthais airgeadais a mhonaraíonn TPPU forálacha an Rialacháin seo, agus go gcomhlíonfaidh gnóthais airgeadais agus daoine a dháileann TPPU na forálacha sin chomh maith, agus chun a áirithiú go bhfuil siad faoi réir cóireáil chomhchosúil ar fud an Aontais, ba cheart smachtbhannaí riaracháin agus bearta eile atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a dhéanamh.

(59)I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2010 dar teideal 'Córais smachtbhannaí a dhaingniú in earnáil na seirbhísí airgeadais' 38 agus chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear sáruithe ar an Rialachán seo faoi réir pionóis agus bearta riaracháin iomchuí.

(60)Cé go bhféadfaidh na Ballstáit rialacha maidir le pionóis riaracháin agus pionóis choiriúla a leagan síos i ndáil leis na sáruithe céanna, níor cheart go gcuirfí de cheangal ar na Ballstáit rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin a leagan síos i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo agus na sáruithe sin faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta cheana. Níor cheart, áfach, a bheith mar thoradh ar phionóis choiriúla a choimeád ar bun in ionad smachtbhannaí riaracháin, i dtaca le sáruithe ar an Rialachán seo, go laghdófaí ná go nathrófaí ar shlí eile cumas na núdarás inniúil a bheith ag comhoibriú nó faisnéis a úsáid nó a mhalartú go tráthúil le húdaráis inniúla i mBallstáit eile chun críocha an Rialacháin seo, lena náirítear tar éis sáruithe ábhartha a chur ar aghaidh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla le haghaidh ionchúiseamh coiriúil a oscailt.

(61)Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag údaráis inniúla smachtbhannaí airgid a fhorchur atá ard go leor chun na brabúis iarbhír nó na brabúis ionchasacha a fhritháireamh, agus athchomhairle a chur ar na gnóthais mhóra airgeadais fiú agus ar a mbainisteoirí.

(62)Chun a áirithiú go gcuirfear smachtbhannaí i bhfeidhm go comhleanúnach ar fud an Aontais, ba cheart do na húdaráis inniúla na himthosca ábhartha uile a chur san áireamh nuair a bheidh an cineál smachtbhannaí riaracháin nó birt eile agus leibhéal na smachtbhannaí airgid riaracháin á gcinneadh acu.

(63)Chun a áirithiú go mbeidh éifeacht athchomhairleach ag na cinntí sin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla faoi sháruithe agus faoi phionóis ar an bpobal i gcoitinne agus go neartófar an chosaint do thomhaltóirí trí rabhadh a thabhairt dóibh faoi TPPUanna a dháiltear de shárú ar an Rialachán seo, ba cheart na cinntí sin a fhoilsiú ar choinníoll go bhfuil an tréimhse ama istigh chun achomharc a chur isteach agus nár cuireadh isteach aon achomharc, mura gcuirfeadh an nochtadh sin cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá ar siúl i mbaol.

(64)Chun sáruithe ionchasacha a bhrath, ba cheart go mbeadh na cumhachtaí imscrúdúcháin is gá ag na húdaráis inniúla, agus ba cheart dóibh sásraí éifeachtacha a bhunú chun gur féidir leo sáruithe ionchasacha nó iarbhír a thuairisciú.

(65)Ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar d’aon fhorálacha i ndlíthe na mBallstát maidir le cionta cóiriúla.

(66)Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, amhail malartú nó tarchur sonraí pearsanta arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 agus ba cheart aon mhalartú nó tarchur faisnéise ag na ÚMEanna a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 .

(67)Is féidir le dreasachtaí cánach a bheith i bhfoirmeacha éagsúla agus is féidir leo ról tábhachtach a imirt chun a spreagadh go mbainfear úsáid as táirgí pinsin phearsanta (TPPanna) i roinnt Ballstát. Ina lán Ballstát, tá na ranníocaíochtaí a íoctar le TPPanna incháilithe do chineál éigin faoisimh cánach, bíodh sé sainráite nó intuigthe.

(68)Ba cheart gan an tuiscint a bhaint as an Rialachán seo go gcuirfí d’oibleagáid ar na Ballstáit na rialacha cánach céanna a chur i bhfeidhm ar na TPPUanna mar a chuirfidís ar na táirgí pinsin phearsanta inchomparáide faoina ndlíthe náisiúnta. Ina ainneoin sin, i gcur i bhfeidhm an phrionsabail maidir le cóireáil náisiúnta, a eascraíonn as Airteagal 21 agus Airteagal 45 CFAE agus arna léirmhíniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart, i gcás TPPU atá inchomparáide go hoibiachtúil le táirge pinsin phearsanta (TPP) arna dháileadh i mBallstát ar leith, go bhféadfaí leas a bhaint as an bhfaoiseamh cánach céanna a thugtar don TPP sa Bhallstát sin, más rud é go bhfuil an coigilteoir TPPU ansin faoi réir cánach. Tá feidhm aige sin freisin más rud é go soláthraíonn soláthraí ó Bhallstát eile an TPPU.

(69)Tar éis an TPPU a sheoladh, moltar do na Ballstáit an Moladh ón gCoimisiún (AE) 2017/... a chur san áireamh agus sochair na mbuntáistí cánach a thugann siad do Tháirgí Pinsin Phearsanta a leathnú amach don TPPU chomh maith.

(70)Déanfar meastóireacht ar an Rialachán seo, inter alia, trí fhorbairtí sa margadh a mheasúnú, amhail teacht ann do chineálacha nua TPPUanna, chomh maith le forbairtí i réimsí eile de dhlí an Aontais agus i dtaithí na mBallstát.

(71)Sa Rialachán seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun maoine, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, prionsabal comhionannais idir fir agus mná agus an prionsabal ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí .

(72)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cosaint do choigilteoirí TPPU agus a muinín i TPPUanna a fheabhsú, lena n–áirítear i gcás ina ndáiltear na táirgí sin thar theorainneacha, a ghnóthú go leordhóthanach ag na Ballstáit, ach gur féidir, de bharr a iarmhairtí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha maidir le húdarú, monarú, dáileadh agus maoirsiú táirgí pinsin phearsanta a dháiltear san Aontas faoin ainmniú "táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpaigh" nó "TPPU".

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn "táirge pinsin phearsanta" táirge:

(a) atá bunaithe ar chonradh idir coigilteoir aonair agus eintiteas ar bhonn deonach;

(b) a bhfuil cuspóir scoir ceirde sainráite leis;

(c) lenar féidir caipiteal a charnadh go ham scoir ceirde agus gan ach beagán deiseanna teoranta ann airgead a aistarraingt roimh dhul ar scor;

(d) a sholáthróidh ioncam tráth an scoir ceirde;

(2) ciallaíonn "Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpaigh" (TPPU)" táirge pinsin phearsanta coigiltis fhadtéarmaigh, ar gnóthas airgeadais rialáilte arna údarú faoi dhlí an Aontais bainistiú a dhéanamh ar choigiltis aonair nó comhchoigiltis nó infheistíochtaí aonair nó comh-infheistíochtaí, agus a shuibscríobhann coigilteoir TPPU aonair i dtaca le scor ceirde, a bhfuil infhuascailteacht an-teoranta nó nach bhfuil aon infhuascailteacht ag baint leis a sholáthróidh é faoi scéim TPPU;

(3) ciallaíonn "coigilteoir TPPU":

(a) cliant miondíola mar atá sainmhínithe i bpointe 11 d’Airteagal 4 (1) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 ;

(b) custaiméir de réir bhrí Threoir 2002/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 nuair nach gcáileofaí an custaiméir sin mar chliant gairmiúil de réir mar a shainítear i bpointe (10) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(4)ciallaíonn "scéim TPPUanna" conradh, comhaontú, gníomhas iontaobhais nó rialacha lena nordaítear cé na sochair scoir a dheonófar agus na coinníollacha faoina ndeonófar sin ar bhonn plean coigiltis scoir ceirde aonair a comhaontaíodh le soláthraí TPPUanna;

(5) ciallaíonn "cuntas TPPU" cuntas pinsin phearsanta atá á choinneáil in ainm coigilteora TPPU nó tairbhí TPPU a úsáidtear chun idirbhearta a fheidhmiú lena gceadaítear don choigilteoir ranníocaíochtaí a dhéanamh go tréimhsiúil i ndáil lena dhul ar scor ceirde agus don tairbhí TPPU a shochair scoir a fháil;

(6)ciallaíonn "soláthar TPPU" TPPU a mhonarú agus a dháileadh;

(7) ciallaíonn "tairbhí TPPU" duine a fhaigheann sochair scoir ceirde TPPU;

(8) ciallaíonn "dáileadh TPPU" na gníomhaíochtaí a bhaineann le comhairle a thabhairt nó aon tairiscint nó aon obair ullmhúcháin eile a dhéanamh i dtaca le conarthaí maidir le TPPU a sholáthar a thabhairt chun críche, na conarthaí sin a thabhairt chun críche, nó cuidiú leis na conarthaí sin a riar agus a fheidhmiú, lena náirítear faisnéis a chur ar fáil maidir le conradh pinsin amháin nó níos mó i gcomhréir leis na critéir a roghnóidh custaiméirí TPPU ar shuíomh idirlín nó ar mheán eile agus liosta rangaithe táirgí pinsin a thiomsú, lena náirítear comparáid idir praghsanna agus táirgí, nó lascaine ar phraghas conartha pinsin, nuair a bheidh sé ar chumas an chustaiméara TPPU conradh pinsin a thabhairt i gcrích go díreach nó go hindíreach trí úsáid a bhaint as suíomh idirlín nó meán eile;

(9) ciallaíonn "sochair scoir TPPU" sochair a íoctar de bharr aois scoir ceirde a bhaint amach, nó de bharr an ionchais go mbainfear sin amach. Féadfaidh na sochair sin bheith ina níocaíochtaí ar feadh an tsaoil, ina níocaíochtaí a dhéanfar ar feadh tréimhse shealadach, ina gcnapshuim, nó ina dteaglaim de na nithe sin;

(10) ciallaíonn "céim an charntha" an tréimhse ina mbeidh sócmhainní (íocaíochtaí isteach) ag carnadh i gcuntas TPPU agus a leanfaidh ar aghaidh go dtí go mbainfidh tairbhí an TPPU aois scoir ceirde amach;

(11) ciallaíonn "céim an dícharntha" an tréimhse ina dtarraingeofar ar na sócmhainní i TPPU chun an scor ceirde nó riachtanais ioncaim eile a chistiú;

(12) ciallaíonn "blianacht" suim a bheidh le híoc ag eatraimh sonraithe thar thréimhse, amhail saol thairbhí an TPPU thar líon áirithe blianta, ar infheistíocht;

(13) ciallaíonn "íocaíochtaí íostarraingthe" an ceart a bheidh ag tairbhithe TPPU méideanna lánroghnacha a tharraingt, faoi réir teorainn áirithe ar bhonn tréimhsiúil;

(14) ciallaíonn "soláthraí TPPUanna" gnóthas airgeadais atá údaraithe TPPU a mhonarú agus a dháileadh;

(15) ciallaíonn "dáileoir TPPU" gnóthas airgeadais atá údaraithe TPPUanna nár mhonaraigh sé féin a dháileadh, chomh maith le hidirghabhálaí árachais, idirghabhálaí athárachais nó idirghabhálaí árachais coimhdeach;

(16) ciallaíonn "meán marthanach" ionstraim ar bith:

(a) a chuirfidh ar chumas custaiméara TPPU faisnéis a seoladh chuig an gcustaiméir sin a stóráil ar bhealach inrochtana mar phointe tagartha amach anseo agus ar feadh tréimhse atá leordhóthanach chun críocha na faisnéise; agus

(b) ar féidir an fhaisnéis a stórálfar a atáirgeadh gan a athrú leis

(17) ciallaíonn "údaráis inniúla" na húdaráis náisiúnta arna nainmniú ag Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe TPPUanna;

(18) ciallaíonn "Ballstát baile an tsoláthraí TPPUanna" an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe an tsoláthraí TPPUanna suite;

(19) ciallaíonn "Ballstát is óstach" Ballstát, cé is moite den Bhallstát baile, ina ndéanann soláthraí TPPUanna TPPUanna a mhonarú nó a dháileadh;

(20) ciallaíonn "urrann" rannán atá ar oscailt laistigh de gach aon chuntas TPPU agus atá i gcomhréir leis na ceanglais dlí agus na coinníollacha maidir le dreasachtaí le hinfheistíocht a dhéanamh i TPPU a úsáid ar an leibhéal náisiúnta i gcomhair Bhallstát nó thír shainchónaithe an choigilteora TPPU. Dá réir sin, féadfaidh duine aonair bheith ina choigilteoir TPPU nó ina thairbhí TPPU i ngach urrann, de réir na gceanglas dlí maidir le céim an charntha agus céim an dícharntha faoi seach;

(21) ciallaíonn "caipiteal" ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus caipiteal geallta neamhghlaoite, arna ríomh ar bhonn méideanna in-infheistithe tar éis na táillí, na muirir agus na costais uile a iompraíonn na hinfheisteoirí go díreach nó go hindíreach a asbhaint;

(22) ciallaíonn ‘ionstraim airgeadais’ ceann de na hionstraimí atá sonraithe i Roinn C d’Iarscríbhinn I de Threoir 2014/65/AE;

(23) ciallaíonn "institiúid taisclainne" institiúid a bhfuil sé de chúram uirthi sócmhainní a choimeád agus comhlíonadh na rialacha maidir le cistí agus an dlí is infheidhme a mhaoirsiú:

(24) ciallaíonn "rogha infheistíochta réamhshocraithe" straitéis infheistíochta a chuirfear i bhfeidhm mura dtabharfaidh coigilteoir an TPPU treoracha maidir leis na cistí atá ag carnadh ina chuntas TPPU a infheistiú;

(25) ciallaíonn "teicnící maolaithe riosca" teicnící chun méid na neamhchosanta ar riosca agus/nó ar an dóchúlacht go dtarlódh sé a mhaolú go córasach;

(26) ciallaíonn "soláthraithe a mhalartú", iarmhéid deimhneach ó chuntas TPPU amháin go ceann eile a aistriú arna iarraidh sin ag custaiméir TPPU ó sholáthraí TPPUanna amháin go soláthraí eile ó chuntas TPPU amháin go ceann eile, gan an chéad chuntas TPPU a dhúnadh;

(27) ciallaíonn "comhairle" déanamh molta pearsanta do choigilteoir TPPU, arna iarraidh sin aige nó de thionscnamh an tsoláthraí nó an dáileora TPPUanna, i dtaca le conradh amháin nó níos mó chun clárú le TPPU;

(28) ciallaíonn "custaiméir TPPU" coigilteoir TPPU, nó coigilteoir TPPU ionchasach agus/nó tairbhí TPPU;

Airteagal 3
Rialacha is infheidhme

Déanfar TPPUanna a sholáthar faoi réir:

(a) an Rialacháin seo,

(b) i gcás ina núdarófar é leis an Rialachán seo, fhorálacha an chonartha maidir le TPPU a sholáthar idir coigilteoir TPPU agus soláthraí TPPUanna,

(c) i gcás nithe nach bhfuil á rialú ag an Rialachán sin nó, i gcás ina bhfuil nithe á rialú i bpáirt aige, de na gnéithe sin nach gcumhdaítear leis:

(i)forálacha dlíthe a ghlac na Ballstáit agus bearta de chuid an Aontais a chur chun feidhme a bhaineann go sonrach leis an TPPU;

(ii)forálacha dlíthe na mBallstát a mbeadh feidhm acu maidir le táirge pinsin phearsanta a mhonarófar agus a dháilfear i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe an mhonaróra suite.

CAIBIDIL II
ÚDARÚ

Airteagal 4
Údarú

1.Féadfar TPPU a mhonarú agus a dháileadh san Aontas i gcás ina mbeidh sé údaraithe ag ÚEÁPC i gcomhréir leis an Rialachán seo agus sa chás sin amháin.

2.Beidh údarú TPPU bailí sna Ballstáit uile. Tabharfaidh sé teidlíocht do shealbhóir an údaraithe an TPPU a mhonarú agus a dháileadh mar atá údaraithe ag ÚEÁPC.

Airteagal 5
Iarratas ar TPPU a údarú

1.Is iad na hinstitiúidí airgeadais seo a leanas amháin a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh ar údarú TPPU:

(a) gnólacht infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 ;

(b)gnóthais árachais atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 , atá i mbun árachas saoil díreach i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus Iarscríbhinn II de Threoir 2009/138/CE;

(c)institiúid um sholáthar ar scor ceirde atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir 2016/2341/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 ;

(d)gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE, atá i mbun punanna a bhainistiú nó comhairle infheistíochta a thabhairt;

(e)gnólachtaí infheistíochta nó gnólachtaí bainistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 ;

(f)bainisteoirí cistí infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 ;

2.Déanfaidh gnóthais airgeadais atá liostaithe i mír 1 a niarratais ar údarú a thíolacadh d'ÚEAPC. Beidh an méid seo a leanas san iarratas:

(a) faisnéis faoi na téarmaí conartha caighdeánacha a mholfar do choigilteoirí TPPU;

(b) faisnéis faoi chéannacht an iarratasóra agus a stair agus a thaithí airgeadais mar atá agus mar a bhí;

(c) céannacht na ndaoine arbh é a gcúram i bhfírinne an TPPU a mhonarú agus/nó a dháileadh;

(d)faisnéis faoi shocruithe maidir le bainistiú agus le riar punainne agus riosca maidir leis an TPPU;

(e)faisnéis faoi na straitéisí infheistíochta, faoin bpróifíl riosca agus faoi ghnéithe eile den TPPU;

(f) liosta de na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag an TPPU iarrthach an TPPU a mhargú;

(g) faisnéis faoi chéannacht na hinstitiúide taisclainne, más infheidhme;

(h) tuairisc ar an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fáil do choigilteoirí TPPU, lena náirítear cur síos ar shocruithe chun déileáil le gearáin a thíolacfaidh coigilteoirí TPPU;

(i) fianaise ar údarú nó clárú an iarratasóra i gcomhréir le gníomh reachtach an Aontais is infheidhme dá dtagraítear i mír 1 agus faisnéis faoi chéannacht an údaráis inniúil a rinne é a dheonú.

3.Féadfaidh ÚEÁPC soiléiriú breise agus faisnéis bhreise a iarraidh i dtaca le doiciméadacht agus faisnéis a chuirfear ar fáil faoi mhír 1.

4.Féadfaidh ÚEÁPC soiléiriú agus faisnéis i dtaca leis an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 2 a iarraidh ar údarás inniúil an ghnóthais airgeadais atá ag iarraidh an údarúcháin. Tabharfaidh an túdarás inniúil freagra ar an iarratas faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a gheobhaidh sé an tiarratas a thíolaic ÚEÁPC.

5.Cuirfear ÚEÁPC ar an eolas láithreach maidir le haon athruithe ar an doiciméadacht agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 6
Coinníollacha maidir le húdarú TPPUanna a údarú

1.Faoi cheann dhá mhí ón dáta a thíolacfar iarratas atá comhlánaithe, tabharfaidh ÚEÁPC údarás don TPPU i gcás ina mbeidh ÚEÁPC lánsásta go mbeidh na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh agus sa chás sin amháin:

(a)comhlíonann an tiarratasóir an rialachán seo;

(b)údaraíonn an túdarás inniúil don iarratasóir táirgí a mhonarú a leanann straitéisí infheistíochta den chineál a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(c)comhlíonann an TPPU atá beartaithe ceanglais uile an Rialacháin seo;

(d)tá an TPPU atá beartaithe bunaithe ar straitéis infheistíochta lenar féidir an toradh scoir ceirde atá sna rialacha conarthacha atá beartaithe a bhaint amach.

2.Sula ndéanfaidh sé cinneadh faoin iarratas, rachaidh ÚEÁPC i gcomhairle le húdarás inniúil an iarratasóra.

3.Tabharfaidh ÚEÁPC don iarratasóir míniú ar na cúiseanna atá le haon diúltú údarú TPPU a dheonú.

4.Déanfaidh ÚEÁPC údarú TPPU a aistarraingt mura mbeidh na coinníollacha maidir le deonú an údarúcháin sin á gcomhlíonadh a thuilleadh.

5.Déanfaidh ÚEÁPC, ar bhonn ráithiúil, údaráis inniúla na ngnóthas airgeadais a liostaítear in Airteagal 5(1) a chur ar an eolas maidir le cinntí údarúcháin a dheonú, a dhiúltú nó a aistarraingt de bhun an Rialacháin seo.

6.Áiritheoidh ÚEÁPC go ndéanfar comhordú leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus leis an údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus tarchuirfidh sé faisnéis chucu chun críocha an Rialacháin seo.

Airteagal 7
Ainmniú agus aistriú

1.Ní fhéadfar an tainmniú "TPPU" nó "Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach" i dtaca le táirge pinsin phearsanta a úsáid ach amháin i gcás ina mbeidh an táirge pinsin phearsanta údaraithe ag ÚEÁPC lena dháileadh faoin ainmniú "TPPU" i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.Féadfar táirgí pinsin phearsanta atá ann cheana a aistriú ina "TPPUanna" tar éis d'ÚEÁPC an méid sin a údarú.

3.Ní aistreoidh soláthraithe TPPUanna "TPPUanna" ina dtáirgí pinsin phearsanta nach bhfuil cumhdaithe leis an Rialachán seo .

Airteagal 8
TPPU a dháileadh

1.Féadfaidh gnóthais airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) dáileadh a dhéanamh ar TPPUanna nár mhonaraigh siad féin tar éis údarú maidir lena ndáileadh a fháil ó údaráis inniúla a mBallstáit baile.

2.Tá idirghabhálaithe árachais atá cláraithe i gcomhréir le Treoir 2016/97/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 i dteideal TPPUanna nár mhonaraigh siad féin a dháileadh.

Airteagal 9
An córas stuamachta is infheidhme maidir le cineálacha éagsúla soláthraithe

Déanfaidh soláthraithe TPPUanna agus dáileoirí TPPUanna agus forálacha an Rialacháin a chomhlíonadh i gcónaí, chomh maith leis an gcóras stuamachta ábhartha a bhaineann leo i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

Airteagal 10
Clár lárnach poiblí

Coinneoidh ÚEÁPC clár lárnach poiblí ina naithneofar gach TPPU a údarófar faoin Rialachán seo, soláthraí an TPPU seo agus údarás inniúil an tsoláthraí TPPUanna. Cuirfear an clár ar fáil go poiblí i bhformáid leictreonach.

CAIBIDIL III
DÁILEADH TRASTEORANN AGUS INIOMPARTHACHT TPPUanna

ROINN I
SAOIRSE SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR AGUS SAOIRSE BHUNAÍOCHTA

Airteagal 11
An tsaoirse seirbhísí a sholáthar agus an tsaoirse bhunaíochta a fheidhmiú ag soláthraithe agus dáileoirí TPPUanna

Féadfaidh soláthraithe agus dáileoirí TPPUanna TPPUanna a dháileadh laistigh de chríoch Ballstáit is óstach faoin tsaoirse seirbhísí a chur ar fáil nó faoin tsaoirse bhunaíochta, ar choinníoll go ndéanfaidh siad sin i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha arna mbunú le gníomhartha reachtacha ábhartha is infheidhme nó faoi na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) nó Airteagal 8(2).

ROINN II
INIOMPARTHACHT

Airteagal 12
An tseirbhís iniomparthachta

1.Leis an tseirbhís iniomparthachta is féidir le coigilteoirí TPPU leanúint de ranníoc leis an TPPU a bhfuil conradh déanta acu cheana ina leith leis an soláthraí, agus iad i mbun sainchónaí a aistriú trí ghluaisteacht chuig Ballstát eile.

2.I gcás ina mbaineann siad leas as an tseirbhís iniomparthachta, tá coigilteoirí TPPU i dteideal na buntáistí agus na dreasachtaí arna ndeonú ag an dáileoir TPPUanna agus a bhfuil nasc idir iad agus infheistíocht leanúnach sa TPPU céanna, na buntáistí agus na dreasachtaí sin a choinneáil.

Airteagal 13
An tseirbhís iniomparthachta a sholáthar

1.Cuirfidh soláthraithe TPPUanna seirbhís iniomparthachta ar fáil do choigilteoirí TPPU a bhfuil cuntas TPPU acu leo agus a iarrfaidh an tseirbhís sin.

2.Agus TPPU á bheartú aige, cuirfidh an soláthraí TPPUanna nó an dáileoir TPPUanna faisnéis ar fáil do choigilteoirí TPPU faoi na hurranna náisiúnta atá ar fáil cheana.

3.Trí bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo déanfaidh gach TPPU urranna náisiúnta a thairiscint maidir le gach Ballstát arna iarraidh sin ar an soláthraí TPPUanna.

Airteagal 14
Urranna TPPU 

Gan dochar don sprioc-am faoi Airteagal 13(3), áiritheoidh soláthraithe TPPUanna go bhféadfaí urrann nua a oscailt laistigh de gach cuntas ar leith, atá i gcomhréir leis na ceanglais dlí agus na coinníollacha maidir le dreasachtaí a úsáid a shocróidh an Ballstát a bhfuil an coigilteoir TPPU ag aistriú isteach ann ar an leibhéal náisiúnta don TPPU.

Airteagal 15
Urrann a oscailt 

1.Gan dochar don sprioc-am faoi Airteagal 13(3), díreach tar éis dó eolas a fháil maidir le coigilteoir TPPU a bhfuil socraithe aige a cheart saorghluaisteachta sna Ballstáit a fheidhmiú, cuirfidh an soláthraí TPPUanna an coigilteoir TPPU ar an eolas faoin deis a bheidh aige urrann nua a oscailt laistigh den chuntas aonair coigilteora TPPU agus faoin sprioc-am ar laistigh de a d'fhéadfaí urrann den chineál sin a oscailt.

2.Chun leas a bhaint as an deis sin, seolfaidh an coigilteoir TPPU iarratas chuig an soláthraí TPPUanna, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a) an Ballstát ina bhfuil sainchónaí ar an gcoigilteoir TPPU anois;

(b) an dáta ónar cheart na hinfheistíochtaí a sheoladh chuig an urrann nua-oscailte;

(c) aon fhaisnéis ábhartha maidir le hathruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an straitéis infheistíochta a glacadh nó maidir le gnéithe eile.

3.Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dó an tiarratas a fháil faoi mhír 2, soláthróidh an soláthraí TPPUanna faisnéis iomlán don choigilteoir TPPU saor in aisce agus tabharfaidh sé comhairle dó faoi Chaibidil IV, Roinn II agus Roinn III i dtaca leis na coinníollacha is infheidhme maidir leis an urrann nua.

4.Osclófar an urrann nua trí chonradh a shíniú, nó tríd an gceann atá ann cheana a leasú, idir an coigilteoir TPPU agus an soláthraí TPPUanna, i gcomhréir leis an dlí conarthach is infheidhme. Déanfar dáta na hoscailte a shainmhíniú sa chonradh nó, mura bhfuil coinníoll den chineál ann, measfar an urrann nua a bheith oscailte tráth a shíneofar an conradh nó an leasú ar an gconradh sin.

Airteagal 16
Cearta carntha a aistriú ó urrann go chéile sa TPPU 

1.Arna iarraidh sin ag an gcoigilteoir TPPU, molfaidh an soláthraí TPPUanna don choigilteoir TPPU socrú a dhéanamh chun sócmhainní carntha a aistriú ó urranna éagsúla an chuntais TPPU aonair go chéile, sa chaoi go bhféadfaí na sócmhainní uile a chomhdhlúthú in aon urrann amháin.

2.Tabharfar an deis sócmhainní a aistriú faoi mhír 1 gan fuascailt chomhchineáil a dhéanamh ar na sócmhainní sin.

Airteagal 17
Faisnéis maidir le hiniomparthacht a sholáthar do na húdaráis náisiúnta 

1.Déanfaidh an soláthraí TPPU na socruithe conarthacha chun an tseirbhís iniomparthachta a chur in iúl don údarás náisiúnta lena mbaineann a dhéanfaidh maoirseacht stuamachta uirthi.

2.Déanfar an fhaisnéis faoi mhír 1 a chomhdú go leictreonach i mbunachar sonraí lárnach atá á gcoinneáil ag an údarás maoirseachta náisiúnta faoi cheann aon mhí ón uair a osclófar an urrann nua agus beidh an méid seo ann ar a laghad:

(a) céannacht na hurrainne (ainm an choigilteora TPPU; an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme; dáta oscailte na hurrainne);

(b) méid na sócmhainní a aistríodh más ann dóibh;

(c) bealach aistrithe (le fuascailt chomhchineáil na sócmhainní aistrithe nó gan í sin).

CAIBIDIL IV
CEANGLAIS DÁILTE AGUS FAISNÉISE

ROINN I
Forálacha ginearálta

Airteagal 18
Prionsabal ginearálta

Agus gníomhaíochtaí dáilte ar siúl ag TPPUanna, gníomhóidh soláthraithe TPPU agus dáileoirí TPPU go macánta cothrom gairmiúil i gcomhréir le leas a gcustaiméirí.

Airteagal 19
Réimeas stuamachta is infheidhme maidir le cineálacha éagsúla soláthraithe agus dáileoirí TPPUanna

Maidir le TPPUanna a dháileadh, déanfaidh na cineálacha éagsúla soláthraithe dáileoirí TPPU na rialacha seo a leanas:

(a)comhlíonfaidh dáileoirí árachais mar a shainmhínítear i bpointe (8) d'Airteagal 2 (1) de Threoir AE/2016/97 na dlíthe náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha a leagtar amach i gCaibidil V agus Caibidil VI den Treoir sin chun táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a dháileadh, agus aon reachtaíocht de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna glacadh faoi na rialacha sin i ndáil leis na táirgí sin agus forálacha Airteagail 18, 19, 21 go 23, agus Airteagail 27 go 32 den Chaibidil seo;

(b)comhlíonfaidh gnólachtaí infheistíochtaí mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE na dlíthe de chuid na reachtaíochta náisiúnta lena dtugtar éifeacht do na rialacha maidir leis na hionstraimí airgeadais a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(3) den Treoir sin, in Airteagal 23, Airteagal 24 agus Airteagail 25 den Treoir sin a mhargú agus a dháileadh agus aon reachtaíocht de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna glacadh faoi na forálacha sin, agus forálacha Airteagail 18, 19, 21 go 23, agus Airteagail 27 go 32 den Chaibidil sin;

(c)comhlíonfaidh gach soláthraí agus dáileoir TPPU forálacha uile na Caibidle sin.

Airteagal 20
Dreasachtaí

Maidir le táillí nó coimisiúin a íoc nó a fháil nó sochair neamhairgeadaíoch a sholáthar nó a fháil i dtaca le TPPU a dháileadh chuig aon pháirtí nó ag aon pháirtí cé is moite de choigilteoir TPPU nó de dhuine a fheidhmíonn thar ceann coigilteoir TPPU, déanfaidh soláthraithe nó dáileoirí TPPUanna dá dtagraítear in Airteagal 19(c) den Rialachán seo na dlíthe náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh lena dtugtar éifeacht do na rialacha a leagtar amach do ghnólachtaí infheistíochta in Airteagal 24(7)(b) agus (9) de Threoir 2014/65/AE. Chun críocha an Airteagail seo, déanfar an tagairt in Airteagal 24(9) de Threoir 2014/65/CE d'Airteagal 23 den Threoir sin a léamh mar thagairt d'Airteagal 18 den Rialachán seo.

Airteagal 21
Dáileadh leictreonach agus meáin inbhuanaithe eile

Déanfar na doiciméid agus an fhaisnéis uile faoin gCaibidil seo a sholáthar go leictreonach do chustaiméirí TPPU, ar choinníoll go bhféadfaidh an custaiméir an fhaisnéis sin a stóráil ar bhealach inrochtana mar phointe tagartha amach anseo agus ar feadh tréimhse ama atá leordhóthanach chun críocha na faisnéise; agus ar féidir an fhaisnéis a stórálfar a atáirgeadh gan a athrú leis Arna iarraidh sin, déanfaidh soláthraithe agus dáileoirí TPPUanna na doiciméid agus an fhaisnéis sin a sholáthar saor in aisce ar mheán marthanach eile.

Airteagal 22
Ceanglais maoirseachta táirgí agus rialachais

1.Déanfaidh soláthraithe TPPUanna próiseas a chothabháil, a fheidhmiú agus a athbhreithniú chun gach TPPU a fhormheas, nó chun oiriúnuithe suntasacha a dhéanamh do TPPU atá ann cheana, sula ndéanfar é a dháileadh ar chustaiméirí TPPU.

Beidh an próiseas chun táirge a fhormheas comhréireach agus comhoiriúnach le cineál an TPPU.

Leis an bpróiseas chun táirge a fhormheas sonrófar spriocmhargadh aitheanta do gach TPPU, áiritheofar go ndéanfar measúnú ar na rioscaí ábhartha uile ar an spriocmhargadh aitheanta sin agus go mbeidh an straitéis dáilte a bheartófar comhsheasmhach leis an spriocmhargadh aitheanta, agus déanfar bearta réasúnacha lena áirithiú go ndéanfar an TPPU a dháileadh ar an spriocmhargadh aitheanta.

Tuigfidh an soláthraí TPPUanna an táirge a sholáthróidh sé agus déanfaidh sé é a athbhreithniú go rialta, agus aon teagmhas a d'fhéadfadh difear ábhartha a dhéanamh don riosca a d'fhéadfadh a bheith ann ar an spriocmhargadh aitheanta, chun a mheasúnú ar a laghad an leanfaidh na TPPUanna de bheith comhsheasmhach le riachtanais an spriocmhargaidh aitheanta agus an leanfaidh an straitéis dáilte a bheartófar de bheith comhoiriúnach.

Cuirfidh soláthraithe TPPUanna an fhaisnéis go léir is iomchuí faoin TPPU ar fáil do dháileoirí TTPUanna agus faoin bpróiseas chun táirge a fhormheas, lena náirítear spriocmhargadh aitheanta an TPPU.

Déanfaidh dáileoirí TPPU socruithe leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun an fhaisnéis a fháil dá dtagraítear sa chúigiú fomhír agus chun gnéithe agus spriocmhargadh aitheanta gach TPPU a thuiscint.

2.Beidh na beartais, próisis agus socruithe dá dtagraítear san Airteagal seo gan dochar do na ceanglais eile go léir faoin Rialachán seo nó is infheidhme dá bhua lena náirítear iad sin a bhaineann le nochtadh, oiriúnacht, coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a bhainistiú, agus dreasachtaí.

ROINN II
FAISNÉIS RÉAMH-CHONARTHACH
   

Airteagal 23
Doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU

1.Sula molfar TPPU do choigilteoirí TPPU, déanfaidh an soláthraí TPPUanna doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas don táirge sin i gcomhréir le ceanglais na Caibidle seo agus foilseoidh sé an doiciméad sin ar a shuíomh gréasáin.

2.Comhlíonfaidh soláthraithe TPPUanna agus dáileoirí TPPUanna Airteagal 5(2), agus Airteagail 6 go 18 de Rialachán (AE) Uimh 1286/2014. 

3.De bhreis ar an bhfaisnéis a leagtar amach in Airteagal 8(3)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, beidh sa roinn dar teideal "Cad é an táirge seo?" an fhaisnéis seo a leanas:

(i)tuairisc ar na sochair scoir ceirde agus ar an méid a ráthaítear iad;

(ii)aon íostréimhse nó uastréimhse a bhaineann le bheith páirteach i scéim TPPU;

(iii)an aois scoir ceirde;

(iv)faisnéis ghinearálta faoin tseirbhís iniomparthachta, lena náirítear faisnéis faoi na hurranna;

(v)faisnéis ghinearálta faoin tseirbhís malartaithe, agus tagairt don fhaisnéis shonraithe faoin tseirbhís malartaithe atá ar fáil faoi Airteagal 50;

(vi) faisnéis atá ar fáil faoi fheidhmiú an bheartais infheistíochta i dtaca le fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais;

(vii)an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh TPPU i gcás nach mbíonn saor-rogha dlí ag na páirtithe nó, i gcás ina bhfuil sé de cheart ag na páirtithe an dlí is infheidhme a roghnú, an dlí a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUanna a roghnú.

4.De bhreis ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, déanfaidh soláthraithe TPPUanna agus dáileoirí TPPUanna tagairtí d'aon tuarascálacha maidir le sócmhainneacht agus staid airgeadais an tsoláthraí TPPUanna a chur ar fáil do choigilteoirí TPPU féideartha, rud a thabharfadh rochtain éasca dóibh ar an bhfaisnéis sin.

5.Cuirfear faisnéis ar fáil do choigilteoirí TPPU féideartha faoi fheidhmiú infheistíochtaí roimhe sin a bhaineann leis an scéim TPPU lena gcumhdaítear tréimhse cúig bliana ar a laghad, nó, i gcás ina raibh an scéim ag feidhmiú ar feadh níos lú ná cúig bliana, lena gcumhdaítear na blianta go léir a bhí an scéim ag feidhmiú, chomh maith le faisnéis faoi struchtúr na gcostas a d'íoc coigilteoirí TPPU agus tairbhithe TPPU.

6.Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail sin a áirithiú, déanfaidh na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus ÚEÁPC)("ÚMEanna"), trí bhíthin Chomhchoiste na ÚMEanna, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina shonrófar mionsonraí cur i láthair agus inneachar gach ceann de na gnéithe faisnéise dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4, mar aon leis riachtanais a bhaineann leis an bhfaisnéis sin a chur i láthair i bhfoirm chaighdeánaithe lena bhféadfaí comparáid a dhéanamh.

Agus na dréachtchaighdeáin cur chun feidhme theicniúla á bhforbairt, cuirfidh ÚMEanna na cineálacha áirithe TPPUanna, na difríochtaí eatarthu agus na hacmhainní atá ag coigilteoirí TPPU san áireamh, chomh maith le gnéithe na TPPUanna chun ligean don choigilteoir TPPU rogha a dhéanamh idir infheistíochtaí bunúsacha éagsúla nó idir roghanna eile dá bhforáiltear leis an táirge, lena náirítear cásanna inar féidir an rogha sin a dhéanamh ag pointí éagsúla ama, nó inar féidir an rogha a athrú amach anseo.

Cuirfidh na hÚMEanna na dréachtchaighdeáin cur chun feidhme theicniúla faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... .

Tugtar de chumhacht don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 24
Faisnéis maidir le dáileadh a nochtadh

1.In am trátha sula mbeidh conradh a bhaineann le TPPU tugtha chun críche, tabharfaidh soláthraithe agus dáileoirí TPPUanna dá dtagraítear in Airteagal 19(c) den Rialachán seo an fhaisnéis faoin gconradh TPPU agus fúthu féin ar a laghad do choigilteoirí TPPU agus do choigilteoirí TPPU féideartha , fáisnéis a leagtar amach in Airteagal 19 agus i bpointe (a) agus pointe (c) de chéad fhomhír d'Airteagal 29(1) de Threoir (AE) 2016/97 i dtaca le conarthaí árachais agus idirghabhálaithe árachais.

2.Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 anseo i bhformáid chaighdeánaithe lenar féidir comparáid a dhéanamh agus i bhfoirm shothuigthe ar dhóigh ina bhféadfaidh coigilteoirí TPPU tuiscint réasúnta a bheith acu ar chineál an TPPU atá á thairiscint agus ar na rioscaí a ghabhann leis agus, dá bharr sin, cinntí infheistíochta a dhéanamh ar bhonn eolais.

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 62 chun na critéir ar a mbunófar an fhormáid chaighdeánaithe dá dtagraítear i mír 2 a shonrú.

Roinn III
Comhairle agus caighdeáin maidir le díolacháin i gcás nach dtugtar aon chomhairle

Airteagal 25
Éilimh agus riachtanais a shonrú agus comhairle a thabhairt

1.Roimh chonradh i dtaca le TPPU a thabhairt chun críche, déanfaidh an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna dá dtagraítear in Airteagal 19(c) den Rialachán seo, ar bhonn na faisnéise a fuarthas ón gcoigilteoir TPPU, éilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU sin a bhaineann le scor ceirde a shonrú agus soláthróidh sé don choigilteoir TPPU faisnéis oibiachtúil maidir leis an TPPU i bhfoirm intuigthe chun go mbeidh an coigilteoir TPPU in ann cinneadh eolasach a dhéanamh.

Beidh aon chonradh a mholfar comhsheasmhach le héilimh agus riachtanais scoir ceirde an choigilteora TPPU.

2.I gcás ina dtabharfar comhairle sula dtabharfar an conradh chun críche, soláthróidh an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna dá dtagraítear in Airteagal 19(c) den Rialachán seo moladh pearsanta don choigilteoir TPPU ina míneofar cén fáth ar fearr a chomhlíonfadh TPPU áirithe éilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU.

3.Agus comhairle faoi TPPUanna á tabhairt aige, comhlíonfaidh an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna dá dtagraítear in Airteagal 19(c) den Rialachán seo, na dlíthe náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha a leagtar amach in Airteagal 25 (2) de Threoir 2014/65/AE agus aon reachtaíocht de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna glacadh faoi Airteagal 25(8) den Treoir sin a bhaineann le rialacha.

4.I gcás ina gcuirfidh soláthraí nó dáileoir TPPUanna dá dtagraítear in Airteagal 19(c) in iúl don choigilteoir TPPU go bhfuil sé ag tabhairt comhairle ar bhonn neamhspleách, tabharfaidh sé an chomhairle sin ar bhonn anailís ar líon mór leordhóthanach táirgí pinsin phearsanta atá ar fáil ar an margadh lena gcumasófar é moladh pearsanta a dhéanamh, i gcomhréir le critéir ghairmiúla, faoina mbeadh an conradh a bhaineann le TPPU leordhóthanach chun riachtanais an choigilteora TPPU a chomhlíonadh. Ní mór gan an chomhairle sin a theorannú do chonartha a bhaineann le TPPU a sholáthraíonn an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna féin, eintitis a bhfuil dlúthnasc acu leis an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna nó eintitis eile a bhfuil dlúthchaidreamh dlíthiúla nó eacnamaíoch acu leis an soláthraí nó an dáileoir TPPU, lena náirítear caidreamh chonarthach a d'fhéadfadh bonn neamhspleách na comhairle a chuirfear ar fáil a chur i mbaol.

5.Áiritheoidh soláthraithe agus dáileoirí TPPUanna dá dtagraítear in Airteagal 19(c) den Rialachán seo agus léireoidh siad do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin go mbeidh an teolas agus an inniúlacht is gá ag daoine nádúrtha a thugann comhairle maidir le TPPUanna chun a noibleagáidí faoin gCaibidil sin a chomhlíonadh. Foilseoidh na Ballstáit na critéir a bheidh le húsáid chun an cineál sin eolais agus inniúlachta a mheasúnú.

Airteagal 26
Conradh TPPU a thabhairt chun críche gan chomhairle

1.Gan dochar d'Airteagal 25(1), féadfaidh an coigilteoir TPPU a cheart comhairle a fháil maidir le conradh a thabhairt chun críche i gcomhair na rogha infheistithe réamhshocraithe a tharscaoileadh.

I gcás ina dtarscaoilfidh an coigilteoir TPPU a cheart comhairle a fháil, iarrfaidh soláthraithe nó dáileoirí TPPUanna dá dtagraítear in Airteagal 19(c) den Rialachán seo, agus gníomhaíochtaí dáilte TPPU á ndéanamh acu, ar an gcoigilteoir TPPU nó ar an gcoigilteoir TPPU féideartha faisnéis a chur ar fáil maidir leis an eolas agus an taithí atá ag an duine sin ar réimse na hinfheistíochta atá ábhartha maidir leis an TPPU atá á thairiscint nó á iarraidh ionas go mbeidh an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna a mheas an mbeidh an TPPU a bheartófar comhoiriúnach don choigilteoir TPPU.

I gcás ina measfaidh an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna dá dtagraítear in Airteagal 19(c) den Rialachán seo, ar bhonn faisnéis a gheobhaidh sé faoin gcéad fhomhír, nach bhfuil an táirge oiriúnach don choigilteoir TPPU nó don choigilteoir TPPU féideartha, cuirfidh an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna an coigilteoir TPPU nó an coigilteoir TPPU féideartha ar an eolas faoin méid sin. Féadfar an rabhadh a thabhairt i bhformáid chaighdeánaithe.

I gcás nach gcuirfidh an coigilteoir TPPU nó an coigilteoir TPPU féideartha an fhaisnéis ar fáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nó ina gcuirfidh siad faisnéis neamh-leordhóthanach ar fáil maidir lena neolas agus a dtaithí, tabharfaidh an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna rabhadh nach bhfuil sé in ann a chinneadh an bhfuil an TPPU atá beartaithe oiriúnach dó. Féadfar an rabhadh a thabhairt i bhformáid chaighdeánaithe.

2.Gan dochar d'Airteagal 25(1), i gcás inar tharscaoil an coigilteoir TPPU a cheart chun comhairle a fháil maidir leis an rogha infheistíochta réamhshocraithe, féadfaidh an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna dá dtagraítear in Airteagal 19 (c) den Rialachán seo gníomhaíochtaí dáilte TPPU a dhéanamh gan an gá a bheith ann aon fhaisnéis a fháil nó gan cinneadh a dhéanamh dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo uile:

(a) baineann na gníomhaíochtaí le conarthaí TPPU i dtaca leis an rogha infheistíochta réamhshocraithe nach dtugann neamhchosaint ach ar na hionstraimí airgeadais a mheastar a bheith neamhchasta faoi Airteagal 25(4)(a) de Threoir 2014/65/AE agus nach nionchorpraíonn struchtúr nach éasca don choigilteoir TPPU na rioscaí a bhaineann leo a thuiscint;

(b) is de thionscnamh an choigilteora TPPU nó an choigilteora TPPU féideartha a dhéanfar an TPPU a dháileadh;

(c) cuireadh in iúl go soiléir don choigilteoir TPPU nó don choigilteoir TPPU féideartha nach bhfuil sé de cheangal ar an soláthraí nó an dáileoir TPPU, agus é i mbun gníomhaíochtaí dáilte TPPU a sholáthar, meastóireacht a dhéanamh ar oiriúnacht an TPPU nó ar ghníomhaíocht dáileacháin an TPPU a sholáthraítear nó a thairgtear agus nach dtairbheoidh an coigilteoir TPPU nó an coigilteoir TPPU féideartha as an gcosaint a chomhfhreagraíonn do na rialacha ábhartha maidir le gnó a dhéanamh. Féadfar rabhadh den chineál sin a thabhairt i bhformáid chaighdeánaithe;

(d) comhlíonfaidh an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna na hoibleagáidí is infheidhme dó faoi na rialacha, i gcomhréir leis an gCaibidil seo, maidir le coinbhleachtaí leasa, i dtaca le gníomhaíochtaí dáilte TPPU.

3.Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 62 chun a shonrú a thuilleadh cén chaoi nach mór do sholáthraithe nó dáileoirí TPPUanna dá dtagraítear in Airteagal 19(c) den Rialachán seo na prionsabail a chomhlíonadh a leagtar amach san Airteagal seo agus gníomhaíochtaí dáilte TPPU á ndéanamh acu, lena náirítear i dtaca leis an bhfaisnéis nach mór dóibh a fháil nuair a bheidh oiriúnacht na TPPUanna dá gcustaiméirí á measúnú agus na critéir chun conarthaí neamhchasta a bhaineann le TPPUanna a mheasúnú chun críocha phointe (ii) de mhír 2(a) den Airteagal seo. Cuirfear san áireamh leis na gníomhartha tarmligthe sin:

(a) cineál na seirbhísí a thairgtear nó a chuirtear ar fáil don choigilteoir TPPU nó do coigilteoir TPPU féideartha, i ndáil le cineál, cuspóir, méid agus minicíocht na nidirbheart; agus

(b) cineál na dtáirgí a thairgtear nó a mheastar, lena náirítear cineálacha éagsúla d'ionstraimí airgeadais.

ROINN II
FAISNÉIS LE LINN THRÉIMHSE AN CHONARTHA

Airteagal 27
Forálacha ginearálta

1.Déanfaidh soláthraithe TPPUanna doiciméad achomair pearsanta a tharraingt suas ina mbeidh faisnéis bhunúsach do gach coigilteoir TPPU ina ndéanfar cineál sonrach na gcóras pinsin náisiúnta a chur san áireamh agus an dlí náisiúnta saothair agus cánachais ábhartha shóisialta ("Ráiteas Sochair TPPU"). Beidh na focail "Ráiteas Sochair TPPU" sa teideal.

2.Maidir leis an dáta cruinn dá dtagraítear leis an bhfaisnéis sa Ráiteas Sochair TPPU, formáid na faisnéise atá sa Ráiteas Sochair TPPU, agus an chaoi a láimhseálfar aon athrú ábhartha ar an bhfaisnéis, cuirfear i bhfeidhm dá réir sin Airteagal 38, míreanna 2-4 de Threoir 2016/2341/AE, sa chás ina gciallaíonn "Ráiteas Sochair Pinsin" Ráiteas Sochair TPPU;

3.Ina theannta sin, coinneofar an coigilteoir TPPU ar an eolas ar feadh téarma iomlán an chonartha maidir le haon athrú ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a) coinníollacha an bheartais, ginearálta agus speisialta;

(b) ainm ghnóthas an dáileora TPPU, a fhoirm dhlíthiúil nó seoladh a cheannoifige agus, i gcás inarb iomchuí, an bhrainse inar tugadh an conradh chun críche;

(c) an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 23(2) go (5) i gcás athrú ar na coinníollacha TPPU nó leasú ar an dlí is infheidhme don chonradh a bhaineann le TPPU;

(d) faisnéis faoin gcaoi a gcuirfear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais san áireamh sa bheartas infheistíochta.

Airteagal 28
Ráiteas Sochair TPPU

1.Beidh sa Ráiteas Sochair TPPU an fhaisnéis thábhachtach seo a leanas ar a laghad do choigilteoirí TPPU:

(a) sonraí pearsanta an choigilteora TPPU, ainm an tsoláthraí TPPU, faisnéis maidir le réamh-mheastacháin sochair pinsin, faisnéis maidir le teidlíochtaí fabhraithe nó caipiteal carntha, ranníocaíochtaí a íocfaidh an coigilteoir TPPU nó aon tríú páirtí agus faisnéis maidir le leibhéal maoinithe na scéime TPPUanna, ar lena naghaidh a gcuirfear i bhfeidhm Airteagal 39, míreanna 1(a), (b), (d), (e), (f) agus (h) de Threoir 2016/2341/AE, i gcás ina gciallóidh "comhalta" an coigilteoir TPPU, an institiúid um chóir ar scor ceirde an soláthraí TPPU, an "scéim pinsin" an scéim TPPU agus ina gciallaíonn an "gnóthas coimircíochta" aon tríú páirtí chun críocha an Rialacháin seo;

(b) an Ballstát ina bhfuil an soláthraí TPPUanna údaraithe agus cláraithe agus ainm an údaráis inniúil;

(c) más iomchuí, faisnéis maidir le ráthaíochtaí iomlána nó páirteacha faoin scéim TPPU agus más ábhartha, cineál na ráthaíochta agus na sásraí lena gcosnófar teidlíochtaí aonair fabhraithe;

(d) faisnéis maidir le feidhmiú na scéime TPPU roimhe sin ina hiomláine nó, más ábhartha, feidhmiú rogha infheistíochta an choigilteora TPPU a chuirfear i láthair ar chairt ina gcumhdófar a feidhmiú ar feadh na mblianta atá ar fáil agus ar feadh na ndeich mbliana deireanacha ar a mhéid;

(e) mionchur síos ar na costais a aisbhainfidh an soláthraí TPPUanna thar thréimhse 12 mhí ar a laghad, ina luafar na costais riaracháin, na costais a bhaineann le sócmhainní a choinneáil slán, costais a bhaineann le hidirbhearta punainne agus costais eile, mar aon le meastachán ar thionchar na gcostas ar na sochair dheireanacha.

2.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 62 ina leagfar amach rialacha maidir le toimhdí i leith réamh-mheastacháin sochair pinsin dá dtagraítear i bpointe(a) de mhír 1 a shocrú. Cuirfidh soláthraithe TPPUanna na rialacha sin i bhfeidhm, más ábhartha, chun ráta bliantúil torthaí infheistíochta ainmniúla, an ráta boilscithe bliantúil agus an treocht maidir le tuarastail sa todhchaí a chinneadh.

3.I gcomhréir le hAirteagal 55, déanfaidh na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú i dtaca le formáid agus inneachar an Ráitis Sochair TPPU.

Airteagal 29
Faisnéis fhorlíontach

1.Sonrófar sa Ráiteas Sochair TPPU cén áit ar féidir teacht ar fhaisnéis fhorlíontach agus an chaoi ar féidir teacht uirthi lena náirítear:

(a) tuilleadh faisnéise praiticiúla mar a leagtar amach in Airteagal 40, mír 1(a) de Threoir 2016/2341/AE;

(b) faisnéis faoi chuntais bhliantúla agus tuarascálacha bliantúla an tsoláthraí TPPUanna ina gcuirfear san áireamh gach scéim TPPU a fheidhmeoidh an soláthraí sin agus tuarascálacha bliantúla do gach ceann de na scéimeanna TPPU sin;

(c) ráiteas i scríbhinn maidir le prionsabail bheartas infheistíochta an tsoláthraí TPPUanna ina bhfuil ar a laghad nithe amhail na modhanna le riosca infheistíochta a thomhas, na próisis bainistithe riosca a chuirfear i bhfeidhm agus an leithdháileadh sócmhainní straitéiseacha i dtaca le cineál agus tréimhse dliteanas TPPU, mar aon leis an gcaoi a gcuirfear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais san áireamh sa bheartas infheistíochta.

(d) más iomchuí, faisnéis faoi na toimhdí a úsáidfear do mhéideanna a shloinnfear i mblianachtaí, i ndáil leis an ráta blianachtaí, an cineál soláthraí TPPUanna agus an fad go háirithe;

(e) faisnéis faoin leibhéal sochar, i gcás fuascailt luath.

2.Maidir le scéimeanna TPPU ina niompraíonn coigilteoirí riosca infheistíochta agus ina bhforchuirtear rogha infheistíochta ar an gcoigilteoir TPPU le riail shonrach a shonraítear sa scéim TPPU, luafar sa Ráiteas Sochair TPPU cén áit ar féidir faisnéis bhreise a fháil.

3.Déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta agus tástáil tomhaltóirí a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar mionsonraí an chur i láthair maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 28 agus san Airteagal seo.

Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin chur chun feidhme theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin .... [naoi mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin cur chun feidhme theicniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 30
Faisnéis a thabharfar do choigilteoirí TPPU le linn na céime réamhscoir ceirde agus do thairbhithe TPPU le linn chéim an dícharntha

1.    Gheobhaidh coigilteoirí TPPU faisnéis le linn na tréimhse réamhscoir ceirde mar a leagtar amach in Airteagal 42 de Threoir 2016/2341/AE.

2.    Cuirfidh soláthraithe TPPUanna ar fáil go tréimhsiúil faisnéis, mar a leagtar amach in Airteagal 43 de Threoir 2016/2341/AE, i gcás ina gciallóidh 'íocaíocht amach" dícharnadh chun críocha an Rialacháin seo.

Airteagal 31
Faisnéis a thabharfar arna iarraidh sin ag coigilteoirí TPPU agus tairbhithe TPPU

Arna iarraidh sin ag coigilteoir TPPU nó tairbhí TPPU nó a nionadaithe, soláthróidh an soláthraí TPPUanna an fhaisnéis bhreise seo a leanas:

(a) na cuntais bhliantúla agus na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 29(1) nó, i gcás ina bhfuil soláthraí TPPUanna freagrach as níos mó ná scéim TPPU amháin, na cuntais agus na tuarascálacha a bhaineann lena scéim TPPU sin;

(b) an ráiteas faoi chlásail chonarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 29(1) a údarú;

(c) aon fhaisnéis bhreise maidir leis na toimhdí a úsáidfear chun na réamh-mheastacháin dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 28(1).

ROINN V
TUAIRISCIÚ CHUIG ÚDARÁIS NÁISÚNTA

Airteagal 32
Forálacha ginearálta

1.Tíolacfaidh soláthraithe TPPUanna chuig na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá chun críocha maoirseachta. San fhaisnéis sin beidh ar a laghad an fhaisnéis is gá chun na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh agus próiseas athbhreithnithe maoirseachta ar siúl:

(a) measúnú a dhéanamh ar an gcóras rialála a chuirfear i bhfeidhm maidir le soláthraithe TPPU, an gnó a bhfuil siad ina bhun, na prionsabail luachála a chuirfear i bhfeidhm chun críche sócmhainneachta, na rioscaí a rachfar i ngleic leo agus na córais bainistithe riosca, agus a strúchtúr caipitil, a riachtanais chaipitil agus a mbainistíocht chaipitil;

(b) cinntí oiriúnacha a dhéanamh a thiocfaidh as a gcearta agus a gcúraimí maoirseachta a fheidhmiú.

2.Beidh na cumhachtaí a leanas ag na húdaráis inniúla:

(a) cineál, raon agus formáid na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a shocrú a chuireann siad de cheangal ar sholáthraithe TPPUanna a chur ar fáil ag na pointí ama seo a leanas:

(i) ag amanna réamhshainithe;

(ii) tráth a tharlóidh teagmhais réamhshainithe;

(iii) le linn fiosruithe maidir le staid soláthraithe TPPU;

(b) chun aon fhaisnéis a fháil ó sholáthraithe maidir le conarthaí atá á gcoinneáil ag soláthraithe TPPUanna nó maidir le conarthaí a dhéanfar le tríú páirtithe; agus

(c) faisnéis a éileamh ó shaineolaithe seachtracha, amhail iniúchóirí agus achtúirí.

3.Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:

(a) gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla, nó aon teaglaim atá oiriúnach dóibh sin;

(b) gnéithe stairiúla, reatha nó ionchasacha, nó aon teaglaim atá oiriúnach dóibh sin;

(c) sonraí ó fhoinsí inmheánacha nó seachtracha, nó aon teaglaim atá oiriúnach dóibh sin;

4.An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:

(a) déanfaidh sí cineál, scála agus castacht ghnó an tsoláthraí TPPUanna lena mbaineann a léiriú, agus na rioscaí a bhaineann leis an ngnó sin go háirithe;

(b) beidh sí inrochtana, iomlán ó thaobh na ngnéithe ábhartha de, inchomparáide agus comhleanúnach thar am;

(c) beidh sí ábhartha iontaofa intuigthe.

5.Cuirfidh soláthraithe TPPUanna córais agus struchtúir iomchuí i bhfeidhm chun an ceanglas dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 a chomhlíonadh, mar aon le beartas i scríbhinn, a bheidh formheasta ag comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an tsoláthraí TPPU, lena náiritheofar oiriúnacht na faisnéise a thíolacfar.

6.Arna iarraidh sin ar na húdaráis inniúla, beidh rochtain ag ÚEÁPC ar an bhfaisnéis a thíolacfaidh na soláthraithe TPPU.

7.Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 62 ina sonrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 go dtí 4, chun cosúlacht sa tuairisciú maoirseachta a áirithiú a mhéid a oireann sin.

Déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta agus tar éis tástáil tomhaltóirí a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt maidir le formáid an tuairiscithe maoirseachta.

Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin chur chun feidhme theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin .... [naoi mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

CAIBIDIL V
CÉIM AN CHARNTHA

ROINN I
RIALACHA INFHEISTÍOCHTA DO SHOLÁTHRAITHE TPPU

Airteagal 33
Rialacha infheistíochta 

1.Déanfaidh soláthraithe TPPUanna infheistiú i gcomhréir le riail "an duine stuama" agus go háirithe i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a) déanfar na sócmhainní a infheistiú le leas fadtéarmacha na gcoigilteoirí TPPU i gcoitinne. I gcás coinbhleacht leasa a d'fhéadfadh a bheith ann, áiritheoidh an soláthraí TPPU, nó an teintiteas a bhainistíonn a phunann, go ndéanfar an infheistíocht chun leas na gcoigilteoirí TPPU agus chun an leas sin amháin;

(b) déanfar na sócmhainní a infheistiú sa chaoi go náiritheofar slándáil, ardcháilíocht, leachtacht agus brabúsacht na punainne ina hiomláine;

(c) déanfar na sócmhainní a infheistiú go príomha i margaí rialáilte. Ní mór an infheistíocht i sócmhainní nach ligtear isteach lena dtrádáil ar mhargadh airgeadais rialáilte a choinneáil ar leibhéil stuamachta ar aon chaoi.

(d) féadfar infheistiú a dhéanamh in ionstraimí díorthach a mhéid is a rannchuidíonn ionstraimí den chineál sin le rioscaí infheistíochta a laghdú nó le bainistiú punainne éifeachtúil a éascú. Déanfar na hionstraimí sin a luacháil ar bhonn stuamachta, i bhfianaise na sócmhainne foluití, agus a chur san áireamh i luacháil sócmhainní soláthraí TPPU. Déanfaidh soláthraithe TPPUanna riosca neamhchosanta iomarcach ar chontrapháirtí aonair agus ar oibríochtaí díorthach eile a sheachaint;

(e)déanfar na sócmhainní a éagsúlú mar is cheart chun go seachnófar an spleáchas iomarcach ar aon sócmhainn, eisitheoir nó grúpa gnóthas faoi leith agus carnadh riosca sa phunann ina hiomláine. Ní dhéanfaidh infheistíochtaí i sócmhainní a eiseoidh an teisitheoir céanna nó eisitheoirí a bhaineann leis an ngrúpa céanna soláthraí TPPUanna a neamhchosaint ar chomhchruinniú riosca iomarcacha;

(f)ní infheisteofar na sócmhainní i ndlínsí ardriosca neamh-chomhoibríocha arna sainaithint ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais

(g)ní dhéanfaidh an soláthraí TPPUanna é féin a chur ar neamhchosaint ar rioscaí a thagann as giaráil iomarcach agus tiontú aibíochta iomarcach.

2.Ní bheidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach i bpointí (a) go (g) de mhír 1 ach sa mhéid nach bhfuil aon fhoráil níos déine sa reachtaíocht earnála ábhartha is infheidhme maidir leis an soláthraí TPPU.

ROINN II
RIALACHA INFHEISTÍOCHTA DO CHOIGILTEOIRÍ TPPU

Airteagal 34
Forálacha ginearálta

1.Déanfaidh soláthraithe TPPUanna suas le cúig rogha infheistíochta a thairiscint do choigilteoirí TPPU.

2.Beidh sna roghanna infheistíochta rogha infheistíochta réamhshocraithe agus féadfaidh roghanna infheistíochta malartacha bheith iontu freisin.

3.Déanfaidh soláthraithe TPPUanna na roghanna infheistíochta uile a cheapadh ar bhonn teicnící maolaithe riosca cruthaithe lena náiritheofar cosaint leordhóthanach do choigilteoirí TPPU.

Airteagal 35
An coigilteoir TPPU rogha infheistíochta a phiocadh

Piocfaidh an coigilteoir TPPU rogha infheistíochta nuair a bheidh an conradh TPPU á thabhairt chun críche.

Airteagal 36
Coinníollacha maidir leis an rogha infheistíochta a roghnaíodh a athrú

1.Féadfaidh an coigilteoir rogha infheistíochta difriúil a phiocadh uair amháin i ngach tréimhse charntha cúig bliana den TPPU.

2.Déanfar an tathrú ar an rogha infheistíochta saor in aisce don choigilteoir TPPU.

Airteagal 37
Rogha infheistíochta réamhshocraithe

1.Áiritheofar leis an rogha infheistíochta réamhshocraithe cosaint chaipitil don choigilteoir TPPU, ar bhonn teicníc maolaithe riosca a mbeidh straitéis infheistíochta shábháilte mar thoradh uirthi.

2.Leis an gcosaint chaipitil ligfear don choigilteoir TPPU an caipiteal a d'infheistigh sé a fhorchúiteamh.

Airteagal 38
Roghanna infheistíochta malartacha

1.Má thairgeann soláthraithe TPPUanna roghanna infheistíochta malartacha, tairgfidh ceann amháin díobh sin ar a laghad rogha infheistíochta cost-éifeachtach do choigilteoirí TPPU.

2.Beidh sna roghanna infheistíochta malartacha teicnící maolaithe riosca a ndéanfaidh na soláthraithe TPPUanna sainmhíniú orthu.

Airteagal 39
Gníomh tarmligthe maidir le roghanna infheistíochta

Cumhachtófar an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 62 agus sonrófar ann:

(a)     an teicníc maolaithe riosca lena náiritheofar cosaint chaipitil faoin rogha infheistíochta réamhshocraithe;

(b) na teicnící maolaithe riosca a bheidh le cur i bhfeidhm maidir leis na roghanna infheistíochta malartacha.

ROINN III
GNÉITHE EILE DE CHÉIM AN CHARNTHA

Airteagal 40
Coinníollacha a bhaineann le céim an charntha

1.I gcomhréir le hAirteagal 3(b), déanfaidh na Ballstáit na coinníollacha TPPU a bhaineann le céim an charntha a shocrú mura ndéanfar iad a shonrú sa Rialachán seo.

2.D'fhéadfadh teorainneacha aoise go háirithe maidir le céim an charntha a thosú, íosfhad chéim an charntha, uasmhéideanna agus íosmhéideanna íocaíochtaí isteach agus a leanúnachas a bheith ar na coinníollacha sin, mar aon le coinníollacha maidir le fuascailt roimh an aois scoir ceirde i gcás cruatan faoi leith.

CAIBIDIL VI
COSAINT INFHEISTEOIRÍ

Airteagal 41
Taisclann

1.I gcás inar soláthraí TPPUanna an institiúid um chóir ar scor ceirde nó an gnólacht infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1), déanfaidh sé institiúid taisclainne amháin nó níos mó ná sin a cheapadh chun sócmhainní a chumhdach agus chun cúraimí maoirseachta a dhéanamh.

2.Maidir le hinstitiúid taisclainne a cheapadh agus a cúraimí a fhorghníomhú déanfar Airteagal 33(5), (6) agus (7) de Threoir 2016/2341/AE a chur i bhfeidhm dá réir sin.

3.Maidir le sócmhainní a chumhdach agus dliteanas na hinstitiúide taisclainne déanfar Airteagal 34(1) agus (2) de Threoir 2016/2341/AE a chur i bhfeidhm dá réir sin. Beidh an institiúid taisclainne faoi dhliteanas ag an soláthraí TPPUanna agus na coigilteoirí TPPU i leith aon chaillteanas a bhainfidh leo i gcás nach ndéanfaidh sí a hoibleagáidí a fheidhmiú gan údar nó ina ndéanfaidh sí iad a fheidhmiú go míchuí. Ní dhéanfar difear do dhliteanas na taisclainne toisc gur chuir sí faoi chúram tríú páirtí na sócmhainní uile atá faoina chumhdach nó cuid díobh.

4.Maidir le cúraimí maoirseachta institiúide taisclainne déanfar Airteagal 35(1) de Threoir 2016/2341/AE a chur i bhfeidhm dá réir.

Airteagal 42
Riosca bithmhéadracha a chumhdach

Féadfaidh soláthraithe TPPUanna TPPUanna a thairiscint lena náiritheofar go gcumhdófar na rioscaí bithmhéadracha. Chun críche an Rialacháin seo, ciallaíonn "riosca bithmhéadrach" rioscaí meáin a bhaineann le fadsaol, éagumas agus bás.

Airteagal 43
Gearáin

1.Cuirfidh soláthraithe agus dáileoirí TPPUanna nósanna imeachta éifeachtacha leordhóthanacha i bhfeidhm maidir le gearáin a réiteach chun gearáin a chuirfidh custaiméirí TPPU isteach a réiteach a bhaineann lena gcearta agus a noibleagáidí faoin Rialachán seo.

2.Cuirfear na nósanna imeachta sin i bhfeidhm i ngach Ballstát ina dtairgfidh an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna agus beidh siad ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit lena mbaineann a roghnóidh an custaiméir TPPU, nó i dteanga eile má chomhaontaíonn an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna agus an custaiméir TPPU sin.

3.Déanfaidh soláthraithe agus dáileoirí TPPUanna gach iarracht is féidir freagairt i scríbhinn nó, má chomhthoilíonn an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna agus an custaiméir TPPU leis sin, ar mheán marthanach eile, do ghearáin an chustaiméara TPPU. Leis an bhfreagra tabharfar aghaidh ar na pointí go léir a luafar, faoi cheann tréimhse leordhóthanach agus ar a dhéanaí faoi cheann 15 lá gnó ón uair a gheofar an gearán. I gcásanna eisceachtúla, mura féidir an fhreagairt a thabhairt faoi cheann 15 lá gnó ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna orthu, ceanglófar go seolfar freagra fóille, ina gcuirfear in iúl go soiléir na cúiseanna atá leis an moill ar an bhfreagra agus ina sonrófar an sprioc-am faoina bhfaighidh an custaiméir an freagra deiridh. Ar aon chaoi, ní rachaidh an sprioc-am faoina bhfaighfear an fhreagairt dheiridh thar 35 lá gnó.

4.Cuirfidh an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna an custaiméir TPPU ar an eolas faoi eintiteas réitigh mhalartaigh díospóide (ADR) a bhfuil sé d'inniúlacht aige déileáil le díospóidí i dtaca le cearta agus oibleagáidí custaiméirí TPPU faoin Rialachán seo.

5.Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a lua ar bhealach soiléir cuimsitheach so-rochtana ar shuíomh gréasáin an soláthraí nó an dáileora TPPU, ag an mbrainse, agus i dtéarmaí agus coinníollacha an chonartha idir an soláthraí nó an dáileoir TPPUanna agus an custaiméir TPPU. Sonrófar ann an chaoi ar féidir tuilleadh eolais a fháil faoin eintiteas réitigh mhalartaigh díospóide lena mbaineann agus faoi na coinníollacha maidir lena úsáid.

6.Cuirfidh na húdaráis nósanna imeachta i bhfeidhm lenar féidir le custaiméirí TPPU agus le páirtithe leasmhara eile, lena náirítear comhlachais tomhaltóirí, gearáin a chur isteach chuig na húdaráis inniúla i dtaca le sáruithe ar an Rialachán seo a mbeidh sé líomhnaithe go ndearna soláthraithe agus dáileoirí TPPUanna iad. I ngach cás, gheobhaidh an gearánaí freagra.

Airteagal 44
Sásamh lasmuigh den chúirt 

1.Déanfar nósanna imeachta réitigh mhalartaigh díospóide atá leordhóthanach, neamhspleách, neamhchlaonta, trédhearcach agus éifeachtach a bhunú chun díospóidí idir custaiméirí TPPU agus soláthraithe agus dáileoirí TPPUanna maidir le cearta agus oibleagáidí a thagann chun cinn faoin Rialachán seo a réiteach i gcomhréir le Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 , agus leas a bhaint as comhlachtaí inniúla atá ann cheana más iomchuí. Beidh na nósanna imeachta réitigh mhalartaigh díospóide sin infheidhme, agus cuimseoidh inniúlacht an chomhlachta réitigh mhalartaigh díospóide ábhartha i bhfírinne na soláthraithe nó na dáileoirí TPPUanna á ndéanfar nósanna imeachta a thionscnamh ina gcoinne.

2.Oibreoidh na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 go héifeachtach chun díospóidí trasteorann maidir le cearta agus oibleagáidí a thagann chun cinn faoin Rialachán seo a réiteach.

CAIBIDIL VII
SOLÁTHRAITHE TPPUanna A MHALARTÚ

Airteagal 45
Seirbhís malartaithe a sholáthar

1.Cuirfidh soláthraithe TPPUanna seirbhís malartaithe ar fáil lena naistreofar, arna iarraidh sin ag an gcoigilteoir TPPU, aon iarmhéid deimhneach ó chuntas TPPU amháin atá á choinneáil ag an soláthraí aistritheach chuig cuntas nua TPPU a osclófar leis an soláthraí is faighteoir, gan an cuntas TPPU a bhí ann cheana a dhúnadh.

Féadfaidh soláthraithe TPPUanna atá bunaithe sa Bhallstát céanna (malartú intíre) nó i mBallstáit dhifriúla (malartú trasteorann) an tseirbhís malartaithe a chur ar fáil.

2.Ní fhéadfaidh coigilteoir TPPU soláthraithe TPPUanna a mhalartú níos minice ná uair amháin gach cúig bliana tar éis an conradh TPPU a chur i gcrích.

Airteagal 46
Seirbhís malartaithe

1.Arna iarraidh sin ag an gcoigilteoir TPPU, déanfaidh an soláthraí TPPUanna is faighteoir an tseirbhís malartaithe a thionscnamh. Comhlíonfaidh an tseirbhís malartaithe míreanna 2 go 5 ar a laghad.

2.Déanfaidh an soláthraí TPPUanna is faighteoir an tseirbhís malartaithe a thionscnamh tar éis dó an túdarás a fháil ón gcoigilteoir TPPU.

Déanfar an túdarú a tharraingt suas i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an tseirbhís malartaithe á tionscnamh nó in aon teanga a gcomhthoileoidh na páirtithe léi.

Leis an údarú féadfaidh an coigilteoir TPPU toiliú go sonrach go bhfeidhmeoidh an soláthraí TPPUanna aistritheach gach ceann de na cúraimí dá dtagraítear i mír 3 agus toiliú go sonrach go bhfeidhmeoidh an soláthraí TPPUanna is faighteoir gach ceann de na cúraimí dá dtagraítear i mír 5.

Ceadóidh an túdarú don choigilteoir TPPU na punanna agus/nó na méideanna sócmhainní atá le malartú a shainaithint go sonrach. Sa bhreis air sin, leis an údarú freisin féadfaidh coigilteoirí TPPU dáta a shonrú óna ndéanfar íocaíochtaí a aistriú chuig cuntas TPPU a osclófar leis an soláthraí TPPUanna is faighteoir. Beidh an dáta sin sé lá oibre ar a laghad tar éis an dáta a gheobhaidh an soláthraí TPPUanna is faighteoir na doiciméad a d'aistrigh an soláthraí TPPUanna aistritheach de bhun mhír 4. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal an túdarú ón gcoigilteoir TPPU a chur ar fáil i scríbhinn agus cóip den údarú a chur ar fáil don choigilteoir TPPU.

3.Faoi cheann dhá lá oibre ó fuarthas an túdarás dá dtagraítear i mír 2, iarrfaidh an soláthraí TPPUanna is faighteoir ar an soláthraí TPPUanna aistritheach na cúraimí seo a leanas a dhéanamh, má dhéantar foráil maidir leis sin in údarú an choigilteora TPPU:

(a) liosta de na sócmhainní atá le malartú a tharchur chuig an soláthraí TPPUanna is faighteoir agus, arna iarraidh sin go sonrach san údarú ag an gcoigilteoir TPPU, chuig an gcoigilteoir TPPU;

(b) aon iarmhéid deimhneach fágtha a aistriú chuig an gcuntas TPPU a d'oscail an soláthraí TPPUanna is faighteoir nó atá á choinneáil aige ar an dáta a shonraigh an coigilteoir TPPU; agus

(c) an cuntas TPPU atá á choinneáil ag an soláthraí TPPUanna aistritheach a dhúnadh ar an dáta a shonraigh an coigilteoir TPPU;

4.Tar éis dó iarratas a fháil ón soláthraí TPPUanna is faighteoir, déanfaidh an soláthraí TPPUanna aistritheach na cúraimí seo a leanas, má dhéantar foráil maidir leis sin in údarú an choigilteora TPPU:

(a) an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 faoi cheann cúig lá oibre a chur chuig an soláthraí TPPUanna is faighteoir;

(b) i gcás nach gcuirfidh an soláthraí TPPUanna aistritheach córas ar fáil le haghaidh athsheoladh uathoibríoch na níocaíochtaí isteach chuig an gcuntas TPPU a d'oscail an coigilteoir TPPU leis an soláthraí TPPUanna is faighteoir, gan leanúint de ghlacadh íocaíochtaí isteach ar an gcuntas TPPU ón dáta a shonrófar san údarú. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an soláthraí TPPUanna aistritheach an chúis nár glacadh íocaíochtaí isteach a chur in iúl don choigilteoir TPPU;

(c) an tiarmhéid deimhneach a aistriú ón gcuntas TPPU chuig an gcuntas nua a d'oscail an soláthraí TPPUanna is faighteoir ar an dáta a sonraíodh san údarú;

(d) an cuntas a dhúnadh ar an dáta a shonraítear san údarás mura bhfuil aon oibleagáidí nár comhlíonadh ag an gcoigilteoir TPPU ar an gcuntas TPPU sin agus ar choinníoll go bhfuil na gníomhartha a liostaítear i bpointe (a), pointe (b), pointe (c) agus (d) den mhír seo curtha i gcrích. Cuirfidh an soláthraí TPPUanna an coigilteoir TPPU ar an eolas láithreach i gcás ina gcuirfidh oibleagáidí nár comhlíonadh cosc ar chuntas an choigilteora TPPU a dhúnadh.

5.Faoi cheann cúig lá oibre ó fuarthas an fhaisnéis a iarradh ar an soláthraí aistritheach dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an soláthraí TPPUanna is faighteoir, mar a dhéantar foráil maidir leis sin agus má dhéantar foráil maidir leis san údarú agus a mhéid is a chumasóidh an fhaisnéis a chuir an soláthraí TPPUanna aistritheach nó an coigilteoir TPPU ar fáil don soláthraí TPPUanna is faighteoir an méid sin a dhéanamh, déanfaidh sé na cúraimí seo a leanas:

(a) aon ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun íocaíochtaí isteach a ghlacadh agus iad a ghlacadh ón dáta a shonrófar san ordú.

(b) íocóirí a shonraítear in údarú shonraí chuntais an choigilteora TPPU leis an soláthraí TPPU is faighteoir a chur ar an eolas agus cóip d'údarú an choigilteora TPPU a tharchur chuig na híocóirí.

Mura bhfuil an fhaisnéis go léir atá de dhíth air ag an soláthraí TPPUanna is faighteoir chun na híocóirí a chur ar an eolas dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, iarrfaidh sé ar an gcoigilteoir TPPU nó an soláthraí TPPUanna aistritheach an fhaisnéis atá ar iarraidh a chur ar fáil.

I gcás ina dtogróidh coigilteoirí TPPU an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) a chur ar fáil go pearsanta do na híocóirí seachas toiliú sonrach a thabhairt i gcomhréir le mír 2 don soláthraí TPPUanna is faighteoir é sin a dhéanamh, cuirfidh an soláthraí TPPUanna is faighteoir litreacha caighdeánacha ar fáil don choigilteoir TPPU ina mbeidh sonraí an chuntais TPPU agus an dáta tosaithe a shonraítear san údarú roimh an sprioc-am dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 47
Malartú a éascú do choigilteoirí TPPU intíre agus trasteorann

1.I gcás ina gcuirfidh coigilteoir TPPU in iúl dá sholáthraí gur mian leis cuntas TPPU a oscailt le soláthraí TPPUanna atá lonnaithe sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile déanfaidh an soláthraí TPPUanna lena bhfuil cuntas TPPU ag an gcoigilteoir TPPU tar éis dó an tiarratas sin a fháil an chabhair seo a leanas a chur ar fáil don choigilteoir TPPU:

(a) gach faisnéis atá ar fáil faoi íocaíochtaí athfhillteacha isteach i gcuntas TPPU an choigilteora TPPU le 13 mhí anuas a chur ar fáil don choigilteoir TPPU;

(b) an tiarmhéid deimhneach sa chuntas TPPU atá á choinneáil ag an gcoigilteoir TPPU sa chuntas TPPU a d'oscail an coigilteoir TPPU leis an soláthraí TPPUanna is faighteoir, ar choinníoll go mbeidh san iarratas mionsonraí iomlána lenar féidir an soláthraí TPPUanna is faighteoir agus cuntas TPPU an choigilteora a shainaithint;

(c) an cuntas TPPU atá ag an gcoigilteoir TPPU a dhúnadh.

2.Mura mbeidh aon oibleagáidí nár comhlíonadh ar an gcoigilteoir maidir leis an gcuntas TPPU, cuirfidh an soláthraí TPPUanna lena bhfuil an cuntas TPPU ag an gcoigilteoir TPPU an chabhair dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo ar fáil sé lá gnó ar a laghad tar éis don soláthraí TPPUanna sin iarratas an choigilteora TPPU a fháil murar tháinig na páirtithe ar a mhalairt de chomhréiteach. Cuirfidh an soláthraí TPPUanna an coigilteoir TPPU ar an eolas láithreach i gcás nach bhféadtar a chuntas TPPU a dhúnadh de bharr oibleagáidí nár comhlíonadh.

Airteagal 48
Táillí agus muirir a bhaineann leis an tseirbhís malartaithe

1.Féadfaidh coigilteoirí TPPU rochtain a fháil saor in aisce ar shonraí pearsanta a bhaineann leo atá á gcoinneáil ag an soláthraí TPPUanna aistritheach nó an soláthraí TPPUanna is faighteoir.

2.Déanfaidh an soláthraí TPPUanna aistritheach an fhaisnéis a iarrfaidh an soláthraí TPPUanna is faighteoir de bhun phointe (a) d'Airteagal 46(4) a sholáthar gan costas a ghearradh ar an gcoigilteoir TPPU ná ar an soláthraí TPPUanna is faighteoir.

3.Beidh na táillí agus na muirir iomlána a ghearrfaidh an soláthraí TPPUanna aistritheach ar an gcoigilteoir TPPU as an gcuntas TPPU atá á choinneáil aige a dhúnadh teoranta do shuim nach mó ná 1.5% den iarmhéid deimhneach a bheidh le haistriú chuig an soláthraí TPPUanna is faighteoir.

4.Beidh táillí agus muirir, más ann dóibh, a ghearrfaidh an soláthraí TPPUanna is faighteoir nó an soláthraí TPPUanna aistritheach ar aon seirbhís dá bhforáiltear faoi Airteagal 46 cé is moite díobh sin dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo, beidh siad réasúnta agus i gcomhréir le costais iarbhír an tsoláthraí TPPUanna sin.

Airteagal 49
Coigilteoirí TPPU a chosaint ar chaillteanas airgeadais

1.Aon chaillteanas airgeadais, lena náirítear táillí, muirir agus ús, a thabhóidh an coigilteoir agus a eascróidh go díreach as neamhchcomhlíonadh oibleagáidí soláthraí TPPUanna atá páirteach sa phróiseas malartaithe faoi Airteagal 46, déanfaidh an soláthraí TPPUanna sin iad a aisíoc go pras.

2.Ní bheidh feidhm ag an dliteanas faoi mhír 1 i gcás imthosca neamhghnácha nach bhféadfaí a thuar agus nach bhfuil neart ag an soláthraí TPPUanna orthu agus ina ndéanfaidh sé iarratas go gcuirfear na himthosca sin i bhfeidhm, nach bhféadfaí a dtorthaí a sheachaint d'ainneoin gach iarracht a dhéanfaí air sin, nó i gcás ina mbeidh soláthraí TPPUanna faoi cheangal ag oibleagáidí dlíthiúla eile atá cumhdaithe ag gníomhartha reachtaíochta an Aontais nó ag gníomhartha reachtaíochta náisiúnta.

3.Déanfar dliteanas faoi mhír 1 a bhunú i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme ar an leibhéal náisiúnta.

4.Iompróidh an coigilteoir TPPU na costais agus aon riosca caillteanais airgeadais a bhaineann le fuascailt chomhchineáil na sócmhainní atá á gcoinneáil sa chuntas TPPU ar mhaithe lena naistriú ón soláthraí TPPUanna aistritheach chuig an soláthraí TPPUanna is faighteoir.

5.Iompróidh an coigilteoir TPPU na costais agus aon riosca caillteanais airgeadais a bhaineann leis an gcosaint chaipitil a chuirfidh an soláthraí TPPUanna aistritheach ar fáil Ídeofar an chosaint chaipitil, lenar féidir leis an gcoigilteoir an caipiteal a infheistíodh a fhorchúiteamh agus lena gcuirtear sásra innéacsaithe boilscithe ar fáil, tráth a dhéanfar soláthraithe a mhalartú.

Airteagal 50
Faisnéis faoin tseirbhís malartaithe

1.Cuirfidh soláthraithe TPPUanna an fhaisnéis seo a leanas faoin tseirbhís malartaithe ar fáil do choigilteoirí TPPU:

(a) róil an tsoláthraí aistrithigh agus an tsoláthraí is faighteoir maidir le gach céim den phróiseas malartaithe, mar a luaitear in Airteagal 46;

(b) an tréimhse ama faoina dtabharfar na céimeanna faoi seach chun críche;

(c) na táillí agus na muirir a ghearrfar ar an bpróiseas malartaithe;

(d) aon fhaisnéis a iarrfar ar an gcoigilteoir a chur ar fáil.

Tabharfaidh soláthraithe TPPUanna faisnéis eile freisin, lena náiritear, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis is gá chun an scéim ráthaíochta taisce, scéim cúitithe infheisteora nó scéim cosanta pinsin laistigh den Aontas a aithint a bhfuil an soláthraí TPPUanna ina chomhalta díobh. Ciallaíonn "scéim cosanta pinsin" socrú maidir le cúiteamh a íoc le coigilteoirí TPPU nó tairbhithe TPPU i gcás dhócmhainneacht an tsoláthraithe TPPU.

2.Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i bhformáid leictreonach ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí TPPUanna i gcónaí, cuirfear ar fáil saor in aisce é i scríbhinn nó ar mheán marthanach eile ag gach áitreabh de chuid an tsoláthraí TPPUanna a bhfuil rochtain ag coigilteoirí TPPU air, agus cuirfear ar fáil í do choigilteoirí arna iarraidh sin dóibh.

CAIBIDIL VIII
CÉIM AN DÍCHARNTHA

Airteagal 51
Coinníollacha a bhaineann le céim an dícharntha

1.I gcomhréir le hAirteagal 3, déanfaidh na Ballstáit na coinníollacha TPPU a bhaineann le céim an dícharntha a chinneadh mura ndéanfar iad a shonrú sa Rialachán seo.

2.Ar na coinníollacha sin is féidir go mbeidh go háirithe aois scoir ceirde a shocrú, nasc éigeantach idir an aois scoir ceirde a bhaint amach agus céim an dícharntha a thosú, tréimhse íosta ag comhalta de scéim TPPU, tréimhse uasta ag comhalta de TPPU roimh an aois scoir ceirde a bhaint amach, mar aon le coinníollacha maidir le fuascailt i gcás cruatan faoi leith.

Airteagal 52
Foirmeacha eisíocaíochtaí

1.Féadfaidh soláthraithe TPPUanna ceann amháin de na foirmeacha eisíocaíochta a leanas nó níos mó a chur ar fáil do choigilteoirí TPPU:

(a) blianachtaí

(b) cnapshuim;

(c) íocaíochtaí íostarraingthe;

(d) teaglamaí de na foirmeacha thuas.

2.Féadfaidh coigilteoirí TPPU foirm na neisíocaíochtaí do chéim an dícharntha a fheidhmiú tar éis conradh TPPU a thabhairt i gcrích agus féadfar é a athrú gach cúig bliana tar a éis sin le linn chéim an dícharntha, más infheidhme.

CAIBIDIL IX
MAOIRSEACHT

Airteagal 53
Maoirseacht na núdarás inniúil agus faireachán ÚEÁPC

1.Déanfaidh údarás inniúil an tsoláthraí TPPUanna maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin ar bhonn leanúnach. Beidh sé freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na noibleagáidí a leagtar amach sna rialacha nó in ionstraimí ionchorpraithe an tsoláthraithe TPPU, agus as leordhónathanacht a shocruithe agus a eagrúcháin maidir leis na cúraimí atá le comhlíonadh aige agus TPPU á sholáthar.

2.Déanfaidh ÚEÁPC faireachán ar scéimeanna pinsin a bhunófar nó a dháilfear ar chríoch an Aontais lena fhíorú nach núsáidfidh siad an tainm "TPPU" agus nach dtabharfar le fios gur TPPU iad mura mbeidh siad údaraithe faoin Rialachán seo nó mura gcomhlíonfadh siad é.

3.I gcomhar leis na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpaigh eile, déanfaidh ÚEÁPC athbhreithniú ar na pleananna bliantúla chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe TPPUanna arna nglacadh ag na húdaráis áitiúla.

Airteagal 54
Cumhachtaí na núdarás inniúil

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe ar fad a bheidh de dhíth orthu ag na húdaráis inniúla chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú faoin Rialachán seo.

Airteagal 55
Comhar idir na húdaráis inniúla agus le hÚEÁPC

1.Oibreoidh ÚEÁPC agus údarás inniúil an tsoláthraí inniúil i gcomhar le chéile agus malartóidh siad faisnéis chun a ndualgais a dhéanamh faoin Rialacháin seo.

2.Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile i gcomhréir le Rialachán 575/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 , Treoir 2009/138/CE, Treoir 2016/2341/AE, Treoir 2014/65/AE, Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE.

3.Comhoibreoidh údaráis inniúla agus ÚEUM le chéile chun a gcuid dualgas féin a dhéanamh faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

4.Malartóidh údaráis inniúla agus ÚEUM gach faisnéis agus doiciméad is gá chun a gcuid dualgas féin faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas.

5.Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail sin a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar mionsonraí an tsásra comhair agus malartaithe faisnéise, mar aon leis na ceanglais is gá chun an fhaisnéis thuas a chur i láthair i bhfoirm chaighdeánaithe lena bhféadfar comparáid a dhéanamh.

Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin chur chun feidhme theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin .... [naoi mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin cur chun feidhme theicniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 56
Easaontais idir údaráis inniúla i gcásanna trasteorann a réiteach

1.I gcás ina neasaontóidh údarás inniúil soláthraí nó dáileoir TPPUanna maidir leis an nós imeachta nó leis an inneachar a bhaineann le gníomhaíocht nó le neamhghníomhaíocht ar thaobh údaráis inniúil Ballstáit eile maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh ÚEÁPC, arna iarraidh sin ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann, cúnamh a thabhairt do na húdaráis teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo.

I gcásanna a trasteorann, agus i gcás inar féidir ar bhonn critéir oibiachtúla easaontú idir dhá údarás inniúla ó Bhallstáit éagsúla a shainaithint, féadfaidh ÚEÁPC, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach) nó ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), cuidiú a thabhairt do na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4.

2.Déanfaidh ÚEÁPC teorainn ama a leagan amach don idir-réiteach idir na húdaráis inniúla, agus aon teorainneacha ama ábhartha mar aon le castacht agus práinn an ábhair á gcur san áireamh. Ag an tráth sin, gníomhóidh ÚEÁPC mar idirghabhálaí.

Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, nach dtagann na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh ÚEÁPC, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír d’Airteagal 44(1)de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, cinneadh a dhéanamh lena gceanglófar orthu gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an tábhar a réiteach, agus beidh éifeacht cheangailteach leis an gcinneadh sin ar na húdaráis inniúla lena mbaineann, chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais.

3.Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, i gcás nach gcomhlíonfaidh údarás inniúil cinneadh ÚEÁPC agus, ar an dóigh sin, nach náiritheoidh sé go gcomhlíonann soláthraí TPPUanna nó dáileoir TPPUanna na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir léi, de bhua an Rialachán seo, féadfaidh ÚEÁPC cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar sholáthraí TPPUanna nó dáileoir TPPUanna lena gceanglaítear go ndéanfar an ghníomhaíocht is gá chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena náirítear scor ó aon chleachtas áirithe.

4.Beidh forlámhas ag cinntí a glacadh faoi mhír 4 ar aon chinneadh a ghlac na húdaráis inniúla roimhe sin maidir leis an ábhar céanna. Beidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla maidir le fíorais atá faoi réir cinneadh de bhun mhír 3 nó mhír 4 comhoiriúnach leis na cinntí sin.

5.Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 50(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, leagfaidh Cathaoirleach ÚEÁPC amach cineál agus saghas na neasaontas atá ann idir na húdaráis inniúla, na comhaontuithe ar thángthas orthu agus na cinntí a rinneadh chun na heasaontais sin a réiteach.

CAIBIDIL X
SMACHTBHANNAÍ

Airteagal 57
Smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais

1.Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, féadfaidh údaráis inniúla smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais a fhorchur a bheidh infheidhme i gcás:

(a)ina mbeidh údarú ar TPPU faighte ag gnóthas airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) trí ráitis bhréagacha mhíthreoracha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile a sháraigh Airteagal 5 agus Airteagal 6;

(b)ina ndéanfaidh gnóthas airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) táirgí a bhfuil an tainmniú "TPPU" nó "Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpaigh" orthu a sholáthar nó a dháileadh faoi seach gan an túdarú atá ceangailte a fháil.

(c)ina mbeidh Airteagal 7(3) sáraithe ag soláthraí TPPU, nár chuir sé an tseirbhís iniomparthachta ar fáil de shárú ar Airteagal 13 nó an fhaisnéis faoin tseirbhís sin a cheanglaítear faoi Airteagal 17, nó nár chomhlíon sé na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil IV, Caibidil V, Airteagal 43 agus Caibidil VII;

(d)nár chomhlíon institiúid taisclainne a cúraimí maoirseachta faoi Airteagal 42.

2.Beidh na smachtbhannaí agus na bearta sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus áireofar an méid seo ar a laghad iontu:

(a)ráiteas poiblí, ina léireofar céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 59;

(b)ordú ina gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;

(c)toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an ghnóthais airgeadais nó ar aon duine nádúrtha eile, a chinntear a bheith freagrach, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnóthais den chineál sin;

(d)fíneálacha riaracháin uasta EUR 5 000 000 ar a laghad, nó i gcás na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach san euro, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin];

(e)i gcás duine dlítheanach, na fíneálacha riaracháin uasta dá dtagraítear i bpointe (d) nó chomh hard le 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta; i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais an duine dlítheanach nach mór dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 , is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachais bhliantúil iomláin nó an chineáil ioncaim chomhfhreagraigh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais bhunaidh;

(f)fíneálacha riaracháin uasta de suas le dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú i gcás inar féidir an sochar sin a shocrú, fiú más rud é gur mó é sin ná na huasmhéideanna i bpointe (d) agus pointe (e).

3.I gcás ina mbeidh feidhm ag na forálacha dá dtagraítear sa chéad mhír maidir le daoine dlítheanacha, cuirfidh na húdaráis inniúla na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta feabhais a leagtar amach i mír a 2 i bhfeidhm maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus maidir le daoine aonair eile atá freagrach as an sárú faoin dlí naisiúnta.

4.Déanfar aon chinneadh lena bhforchuirtear smachtbhannaí riaracháin nó bearta feabhais a leagtar amach i mír 2 a réasúnú go hiomchuí agus beidh siad faoi réir an chirt achomharc a dhéanamh os comhair binse.

Airteagal 58
Feidhmiú na cumhachta chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais a fhorchur

1.Déanfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais a fhorchur, dá dtagraítear in Airteagal 57 a fheidhmiú i gcomhréir lena gcreataí náisiúnta dlí: 

(a)go díreach;

(b)i gcomhar le húdaráis eile;

(c)trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

2.Agus cineál agus leibhéal an smachtbhanna riaracháin nó an bhirt feabhais a fhorchuirfear faoi Airteagal 57 den Rialachán á gcinneadh acu, déanfaidh údaráis inniúla na cúinsí ábhartha go léir a chur san áireamh, lena náirítear, nuair is iomchuí, iad seo a leanas:

(a)ábharthacht, tromchúiseacht agus fad an tsáraithe;

(b)leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach, a léirítear go háirithe le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;

(d)an tábhacht a bhaineann leis na brabúis a ghnóthaigh nó na caillteanais a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(e)na caillteanais do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(f)leibhéal chomhar an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, ná aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(g)sáruithe roimhe sin ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach.

Airteagal 59
Smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais a fhoilsiú

1. Foilseoidh na húdaráis inniúla gan aon mhoill mhíchuí ar a suíomhanna gréasáin aon chinneadh lena bhforchuirfear smachtbhanna riaracháin nó beart feabhais maidir leis an Rialachán seo a shárú tar éis seolaí an smachtbhanna nó bheart an smachtbhanna nó an bhirt a chur ar an eolas maidir leis an gcinneadh sin. 

2.San fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1 beidh faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáraithe agus faoi chéannacht na ndaoine atá freagrach agus faoi na smachtbhannaí nó bearta a fhorchur.

3.I gcás ina measfaidh an túdarás inniúil go bhfuil sé neamhréireach céannacht an duine, i gcás daoine dlíthiúla, nó aitheantas agus sonraí pearsanta, i gcás daoine nádúrtha, a fhoilsiú tar éis dó measúnú de réir an cháis a dhéanamh, nó i gcás ina measfaidh an túdarás inniúil go gcuirfeadh an foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdaithe leanúnaigh i mbaol, déanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe a leanas:

(a)cuirfidh siad moill ar fhoilsiú an chinnidh maidir le smachtbhanna riaracháin nó beart feabhais eile a fhorchur go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna atá leis an neamhfhoilsiú; nó

(b)foilseoidh siad an cinneadh lena bhforchuirtear an smachtbhanna riaracháin nó an beart feabhais, agus céannacht agus sonraí pearsanta an tseolaí a fhágáil ar lár ar feadh tréimhse ama réasúnta, i gcás ina measfar go mbeidh deireadh leis na cúiseanna atá leis an bhfoilsiú gan ainm le linn na tréimhse sin agus ar choinníoll go náiritheofar le foilsiú gan ainm den chineál sin cosaint éifeachtach na sonraí pearsanta lena mbaineann; nó

(c)ní fhoilseoidh siad an cinneadh maidir le smachtbhanna riaracháin nó beart feabhais a fhorchur ar chor ar bith i gcás ina measfar nach leor na roghanna a leagtar amach i bpointe (a) agus pointe (b) leis an méid a leanas a áirithiú:

(i)nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

(ii)go bhfuil foilsiú na gcinntí sin comhréireach a mhéid a bhaineann le bearta a meastar gur bearta miona ó thaobh a gcineáil iad.

4.Má dhéantar cinneadh beart nó smachtbhanna den chineál sin a fhoilsiú gan ainm mar a thagraítear i mír 3(b) féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnta má fhéachtar leis go mbeidh deireadh laistigh den tréimhse sin leis na cúiseanna a bheidh ann don fhoilsiú sin gan ainm. I gcás ina mbeidh an cinneadh smachtbhanna nó beart feabhais a fhorchur faoi réir achomhairc os comhair na núdarás breithiúnach ábhartha, déanfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, agus aon fhaisnéis eile maidir leis an toradh ar an achomharc sin, a chur láithreach ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Foilseofar freisin aon chinneadh breithiúnach lena gcuirtear ar neamhní cinneadh maidir le smachtbhanna riaracháin nó beart feabhais a fhorchur.

5.Áiritheoidh údaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1 go mír 4, ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann cúig bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Sonraí pearsanta a bheidh san fhoilsiú, ní choinneofar ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil iad ach ar feadh na tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

Airteagal 60
Dualgas faisnéis a thíolacadh d'ÚEÁPC i dtaca le smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais

1.Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra d'ÚEÁPC maidir leis na smachtbhannaí riaracháin nó bearta eile a forchuireadh ach nár foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 59(1).

2.Tabharfaidh na húdaráis inniúla, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán d'ÚEUM maidir leis na smachtbhannaí riaracháin nó na bearta feabhais go léir atá forchurtha acu i gcomhréir le hAirteagal 57.

Foilseoidh ÚEÁPC an fhaisnéis seo ina thuarascáil bhliantúil.

3.I gcás ina nochtfaidh an túdarás inniúil smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin, tabharfaidh sé fógra faoi sin ag an am céanna d'ÚEÁPC.

CAIBIDIL XI
FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 61
Sonraí pearsanta a phróiseáil

I dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo, déanfaidh soláthraithe TPPUanna agus údaráis inniúla a gcúraim chun críche an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. I dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil ag ÚEÁPC faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh ÚEÁPC Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 62
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 24(3), Airteagal 26(3), Airteagal 28(2), Airteagail 32(7) agus Airteagal 39 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 24(3), Airteagal 26(3), Airteagal 28(2), Airteagal 32(7) agus Airteagal 39 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta tar a éis sin a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 24(3), Airteagal 26(3), Airteagal 28(2), Airteagal 32(7) agus Airteagal 39 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse thrí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfadh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 63
Meastóireacht agus tuairisciú

Cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus, tar éis dó dul i gcomhairle le hÚEÁPC, cuirfidh an Coimisiún Tuarascáil ar fáil ar na príomhthorthaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

I gcás ina dtiocfaidh fadhbanna tábhachtacha chun cinn maidir le feidhmiú an Rialacháin de bharr na meastóireachta, leagfar amach sa tuarascáil an chaoi a bhfuil sé beartaithe aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a aithníodh, lena náirítear bearta agus tráthchlár don athbhreithniú féideartha.

Airteagal 64
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

   1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

   1.2.    Réimse/Réimsí beartais lena mbaineann

   1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

   1.4.    Cuspóirí

   1.5.    Foras an togra/tionscnaimh

   1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

   1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

   2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

   2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

   2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

   3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

   3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

   3.2.1.    Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

   3.2.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   3.2.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   3.2.4.    Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   3.2.5.    Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

   3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpaigh (TPPU)

1.2.Réimse/Réimsí beartais lena mbaineann

Seirbhísí Airgeadais

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

X Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 52  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

·Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Margadh Inmheánach níos Doimhne agus níos Cothroime a bhfuil Bonn Tionsclaíoch Níos Láidre aige

·Cuspóir sonrach/Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh. 2.4.

Rochtain a bheith ag tomhaltóirí ar tháirgí sábháilte iontaofa árachais, pinsin agus GCUI


·An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Margaí caipitil an Aontais a fhorbairt a thuilleadh chun críocha margaí doimhne, leachtacha éifeachtúla a bhaint amach, margaí a rachaidh chun tairbhe d'infheistíocht agus d'fhás san Aontas. D'fhéadfadh margadh inmheánach dea-fheidhmiúil maidir le pinsin phearsanta cur go mór leis na nithe seo a leanas:

– rogha sásúil táirgí pinsin phearsanta a chur ar fáil do thomhaltóirí lena gcomhlíonfar íoscaighdeáin cháilíochta an Aontais lena náirítear cosaint tomhaltóirí,

– rochtain leordhóthanach ar mhargaidh ar fud an Aontais a chur ar fáil do thomhaltóirí agus do sholáthraithe tairgí pinsin.

·Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Tar éis theacht i bhfeidhman Rialacháin, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar a chur i bhfeidhm trí bhíthin tuairisciú rialta ÚEÁPC (e.g. comhordú bliantúil ar an bpróiseas maoirseachta) chomh maith leis an teagmháil rialta a bhíonn aige le páirtithe leasmhara (e.g. tomhaltóirí, údaráis tionscail agus/nó ÚMEanna).

Is iad seo a leanas na príomhtháscairí faireacháin ar thionchair an bheartais (a ndéanfar measúnú orthu e.g. cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialachán TPPU):

Eochairtháscairí feidhmíochta (KPIanna) chun faireachán a dhéanamh ar an gcuspóir infheistíocht a mhéadú san Aontas agus cur le AMC a thabhairt chun críche:

KPI 1: Glacadh iomlán (i dtéarmaí Sócmhainní atá á mBainistiú) TPPanna (lena náirítear TPPanna náisiúnta agusTPPU), i gcomparáid leis an gcás bonnlíne.

Is féidir an rath a thomhas tríd an nglacadh iomlán i dtéarmaí sócmhainní atá á mbainistiú ag TPPanna go léir lena náirítear TPPanna náisiúnta agus TPPU mar leagfar amach le TPPU tagarmharc i dtéarmaí gnéithe táirgí. De bharr fórsaí iomaíochta, d'fhéadfadh TPPanna náisiúnta gnéithe TPPU a ghlacadh, rud a mhéadódh an ráta glactha. Féadfar an rath a thomhas i gcás ina mbeidh an ráta glactha iomlán níos airde ó thaobh staidrimh de ná ráta glactha an cháis bonnlíne (lena náirítear TPPanna náisiúnta). Tá an fhaisnéis seo ar fháil ach suirbhé na staidreamh teaghlaigh ó EUROSTAT a chur le faisnéis ó ÚEÁPC.

KPI 2: Dáileadh geografach agus earnálach soláthraithe TPPU agus infheistíochtaí i TPPUanna

Dá nglacfaí TPPUanna go forleathan ar fud an Aontais léireodh sin an téileamh a bhí ar TPPUanna beag beann ar shaibhreas teaghlaigh sna Ballstáit difriúla agus léireodh sé an chaoi a rannchuideofaí le AMC. Dá mbeadh roinnt mhaith soláthraithe TPPU ó earnálacha difriúla an tionscail airgeadais ann dhearbhófaí leis sin inmharthanacht eacnamaíoch TPPUanna agus iomaíocht idir-earnálach mhéadaitheach agus bheadh sé ina fhianaise go raibh fíormhargadh aonair a chruthú i ndáil le pinsin phearsanta mar chuid d'AMC.

KPIanna chun faireachán a dhéanamh ar an bhfeabhas ar ghnéithe de tháirgí ar an margadh pinsin phearsanta:

KPI 3: Líon na gclárúchán TPPU mar atá tógtha ón gclár lárnach atá a choinneáil ag ÚEÁPC.

Tugann líon na gclárúchán a rinneadh tar éis TPPU a thabhairt isteach faisnéis thábhachtach faoi infhaighteacht agus glacadh margaidh na ngnéithe a bhaineann le TPPU.

KPI 4: Sciar coibhneasta na TPPanna (lena náirítear TPPanna náisiúnta agus TPPUanna) i gcomparáid le sócmhainní airgeadais teaghlaigh.

Dá mbeadh méadú staidrimh sa sciar coibhneasta (i gcomparáid leis an gcás bonnlíne), thabharfaí le tuiscint go raibh sciar níos mó dá gcoigiltis ag teaghlaigh i TPPanna tar éis TPPU a thabhairt isteach ná i sócmhainní airgeadais eile amhail coigiltis i dtaiscí. Tá an fhaisnéis seo ar fáil ach suirbhé na staidreamh teaghlaigh ó EUROSTAT a chur le faisnéis ó ÚEÁPC.

KPIanna chun faireachán a dhéanamh ar sholáthar agus iniomparthacht trasteorann TPPanna:

KPI 5: Líon na soláthraithe a úsáideann pas thar thréimhse cúig bliana (gníomhaíocht thrasteorann ag soláthraithe trí sheirbhísí a sholáthar saor in aisce nó saoirse bhunaíochta)

Tá treocht dhearfach i líon na soláthraithe a úsáideann pas agus is táscaire é sin ar ghníomhaíocht mhéadaithe thrasteorann soláthraithe. Ba cheart na sonraí seo a bheith ar fáil trí údaráis inniúla agus ÚMEanna.

KPI 6: Sciar coibhneasta (i líon agus i luach na sócmhainní atá á mbainistiú) na TPPUanna ag a bhfuil níos mó ná urrann (náisiúnta) amháin i gcomparáid leis na TPPanna go léir (lena náirítear TPPanna náisiúnta agus TPPUanna) (tomhas gníomhaíocht thrasteorann ag daoine aonair).

Is táscaire é treocht dhearfach i sciar na TPPUanna ina bhfuil níos mó ná urrann amháin a léiríonn go bhfuil daoine aonair rannpháirteach i TPPU i gcomhthéacs trasteorann. Ba cheart na sonraí seo a bheith ar fáil trí údaráis inniúla agus ÚMEanna.

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

·Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tabharfar cumhachtaí maoirseoireachta áirithe do ÚEÁPC faoin Rialachán. Is é rud é go gcuirfear de chúram ar TPPUanna a údarú agus clár lárnach a bhunú agus a choinneáil. Ar a bharr sin, déanfaidh sé maoirseacht a chomhordú, in éineacht le ÚMEanna agus údaráis inniúla náisiúnta eile.

Sa ghearrthéarma, beidh ar ÚEÁPC próisis riaracháin inmheánacha a chur ar bun, clár lárnach a chruthú, caighdeáin chur chun feidhme a fhorbairt agus beidh air a bheith réidh le TPPUanna a údarú.

San fhadtéarma, beidh uirthi maoirseacht a chomhordú, trí chomhordú a dhéanamh ar mhaoirseacht na núdarás inniúil náisiúnta. Ina theannta sin, beidh ar ÚEÁPC faisnéis a bhailiú agus tuarascáil a dhéanamh ar shonraí margaidh, agus tá sé de cheanglas air na sonraí sin a chur in iúl don Choimisiún go tráthrialta faoin Rialachán.

·Breisluach a eascraíonníonn as rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh sé sin bheith ag eascairt as fachtóirí éagsúla, e.g. gnóchain ó chomhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht nó comhlántachtaí níos mó). Chuige seo is é is ciall le 'breisluach a eascraíonn as rannpháirteachas an Aontais' an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil ón Aontas atá sa bhreis ar an luach a bheadh murach sin le hidirghabháil na mBallstát dá mbeidís ag feidhmiú astu féin.

Cúiseanna leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (ex-ante)

– Riosca cur i bhfeidhm éagsúil neamhréireach an Rialacháin ag údaráis inniúla náisiúnta éagsúla a mhaolú;

– An tiliomad údarás inniúil náisiúnta rannpháirteach ann agus baol coinbhleachtaí faoi inniúlachtaí (a mholtar idirghabháil cheangailteach ina leith);

De réir mar a léirítear sa mheasúnú tionchair, má chuirtear de chúram ar ÚEÁPC clárúchán a dhéanamh agus comhordú ar mhaoirseacht ar TPPUanna , déanfar leis sin na fadhbanna sin a leigheas nó a laghdú go suntasach.

Breisluach AE a mheastar a ghinfear (ex-post)

Margadh aonair a bhunú do TPPU agus a fheidhmiú leordhóthanach a áirithiú.

·Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Is modh cruthaithe cost-éifeachtach é an tsamhail maoirseachta chun fíormhargadh aonair agus peirspictíocht leordhóthanach ar aontas na margaí caipitil a bhaint amach mar aon le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí. Cuireadh cúraimí comhchosúla faoi chúram na nÚdarás Maoirseachta Eorpach cheana féin agus ba dhearfach na torthaí, den chuid is mó.

·Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá cúraimí maoirseachta teoranta ag ÚEÁPC i réimse an chóineasaithe maoirseachta. D'fhéadfaí sineirgí a fháil ó chumhachtaí ÚEÁPC atá ann cheana féin i dtaca le cigireachtaí ar an láthair agus cóineasú maoirseachta cé nár tugadh an chumhacht do ÚEÁPC go fóill údaruithe a thabhairt.


1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2019 go 2020,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modh/Modhanna bainistíochta atá beartaithe 53  

 Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

◻ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

X Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

X comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1 Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

I gcomhréir le socruithe atá ann cheana ullmhaíonn ÚEÁPC tuarascálacha rialta ar a ghníomhaíochtaí (lena náirítear tuairisc inmheánach a thabhairt don bhainistíocht shinsearach, tuairisciú boird bainistíochta, tuairisciú gach sé mhí chuig an mbord maoirseoirí agus tuairisc bhliantúil a fhoilsiú), agus déanann Cúirt na nIniúchóirí agus an tSeirbhís Inmheánach Iniúchta iniúchtaí air maidir leis an gcaoi a núsáideann sé acmhainní. An faireachán agus an tuairisciú a dhéanfar ar na gníomhaíochtaí reatha atá beartaithe, comhlíonfaidh siad na ceanglais atá ann cheana.

2.2 Córas bainistíochta agus rialaithe

·Na rioscaí a aithníodh.

I ndáil le húsáid dhlíthiúil, eacnamaíoch, éifeachtach na leithreasuithe a thagann as an togra táthar ag súil nach dtiocfadh rioscaí nua as an togra nach mbeadh cumhdaithe faoin gcreat rialaithe inmheánach atá ag ÚEÁPC cheana.

·Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

Tá na córais bhainistíochta agus rialaithe dá bhforáiltear i Rialachán ÚEÁPC curtha chun feidhme cheana. Oibríonn ÚEÁPC i ndlúthchomhar le Seirbhís Inmheánach Iniúchta an Choimisiúin lena áirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin iomchuí sna réimsí rialaithe inmheánacha uile. Beidh feidhm freisin ag na socruithe seo maidir le ról ÚEÁPC de réir an togra reatha. Déantar tuarascálacha bliantúla maidir le hiniúchtaí inmheánacha a chur chuig an gCoimisiún, chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle.

·Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

Neamhbhainteach

2.3 Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, tá feidhm gan srian maidir le ÚEÁPC ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

D'aontaigh ÚEÁPC do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Pharlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach, maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus ghlac sé forálacha iomchuí maidir le foireann uile ÚEÁPC.

Tá straitéis frithchalaoise agus plean gníomhaíochta a thagann aisti ag ÚEÁPC. Cuireadh an tstraitéis agus an plean gníomhaíochta ar bun in 2014. Na gníomhaíochta neartaithe atá ag ÚEÁPC i réimse na frithchalaoise, beidh siad i gcomhréir leis na rialacha agus an treoir a chuirtear ar fáil sa Rialachán Airgeadais (bearta frithchalaoise mar chuid de bhainistiú fhónta airgeadais), i beartais coiscthe calaoise OLAF, sna forálacha dá bhforáiltear faoi Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin (COM(2011)376), agus a leagtar amach i gCur Chuige Coiteann i ndáil le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh (Iúil 2012) agus an treochlár a bhaineann leis.

Leagtar amach sa Rialachán lena mbunaítear ÚEÁPC na forálacha maidir le cur chun feidhme agus rialú bhuiséad ÚEÁPC agus na rialacha airgeadais is infheidhme.

[…]

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1 Ceannteideal/Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[…][Ceannteideal………………………...……………]

LD/LN 54

ó thíortha de chuid CSTE 55

ó thíortha is iarrthóirí 56

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1a

12 02 05 ÚEAPC

Difreáilte

Níl

Níl

Níl

Níl

Línte nua buiséid atá á niarraidh / Neamhbhainteach

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[…][Ceannteideal………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[…][XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2 An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

·Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

Uimhir

[Ceannteideal 1A.……………………………………………………………….]

Ard-Stiúrthóireacht: FISMA

Bliain
2019

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

•Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Uimhir na líne buiséid 12 02 05 ÚÉAPC

Gealltanais

(1)

0,348

0,251

Nóta: B'ionann 100 %agus 870 500 in 2019 agus 629 200 in 2020 faoi seach, ach ní luaitear ach 40 % anseo mar thoradh ar shocrú cómhaoinithe 60/40

Íocaíochtaí

(2)

0,348

0,251

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2a)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 57  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
do AS FISMA – (40 %)

Gealltanais

=1+1a +3

0,348

0,251

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

0,348

0,251






IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL <….>
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

•IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 58

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

0,348

0,251

Íocaíochtaí

0,348

0,251

·An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: NEAMHBHAINTEACH

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 59

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 60

– Aschur

– Aschur

– Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

– Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

·An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

·Achoimre

X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasaithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 61

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 62
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha

3.2.1 Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

 Foireann sheachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE) 63

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  64

– sa Cheanncheathrú

–Toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

X    Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ábhartha ina chuid den togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

◻Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú ag tríú páirtithe.

X Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2019

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinitheúdaráis inniúla náisiúnta 60 %

0,870

0,629

Nóta: 100 %

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

0,522

0,377

Bainistiú tionscadail 60 % mar thoradh ar shocrú cómhaoinithe





3.3 An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 65

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

[…]

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[…]



IARSCRÍBHINN a ghabhann le Ráiteas Airgeadais Reachtach maidir le Togra le haghaidh Rialachán maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpaigh (TPPUanna)

Modheolaíocht fheidhmeach agus na príomhbhoinn tuisceana bhunúsacha

Rinneadh na costais a bhaineann le comhordú na maoirseachta ar TPPU ó ÚEÁPC a mheas de réir trí chatagóir costas: costais foirne, costais bonneagair agus costais oibríochtaí, i gcomhréir leis an aicmiú i mbuiséad ÚEÁPC.

De réir réamh-mheastachán reatha ón gCoimisiún, beidh gá le triúr ball foirne chun údarú TPPU agus cúraimí maoirseachta a dhéanamh in 2019 agus ball foirne amháin eile don bhliain 2020. Bheadh sin anuas ar an bhfoireann atá ag obair in ÚEÁPC faoi láthair agus atá cumhdaithe faoi bhuiséad reatha ÚEÁPC. Roinnfear na costais ar bhonn 60/40 le Ballstáit.

Léiríonn an gá atá le baill foirne breise na cúraimí breise a tugadh d'ÚEÁPC faoin Rialachán agus baineann an gá sin le maoirseacht ar TPPUanna a chomhordú:

·An próiseas údarúcháin a ullmhú agus a bhainistiú;

·Clár lárnach a bhunú agus a choinneáil 66 ;

·Caighdeáin theicniúla faoi mar a fhoráiltear sa Rialachán a fhorbairt;

·Comhoibriú idir na húdaráis inniúla náisiúnta a éascú;

·Glacadh na gcúraimí comhorduithe ar mhaoirseacht ag údaráis inniúla náisiúnta a ullmhú: creat tuairiscithe agus faireacháin a chur ar bun

·Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar KPIanna ar bhonn bliantúil

Tá na cúraimí nua sin leagtha amach sa Rialachán atá beartaithe agus tá breis mionsonraí ina leith tugtha sa mheabhrán míniúcháin. Áirítear ar na cúraimí sin, gan a bheith teoranta dóibh, clárúchán na TPPUanna, comhordú ar mhaoirseacht TPPUanna atá cláraithe, teagmháil tréimhsiúla le lucht bainistíochta / foireann na neintiteas atá á maoirsiú, freagra a thabhairt ar cheisteanna, gearáin nó iarratais ó údaráis inniúla náisiúnta nó tomhaltóirí, faireachán ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán TPPU ag TPPUanna, faisnéis a iarraidh ar TPPUanna nó ar dhaoine a bhfuil ról acu i mbainistíocht na scéimeanna, cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, taifid a imscrúdú agus éisteacht le daoine maidir le sáruithe líomhnaithe ar an Rialachán. D'fhéadfadh ÚEÁPC ról a chomhlíonadh i gcumhacht na núdarás inniúil náisiúnta an clárúchán a aisghairm agus bearta maoirseachta eile a dhéanamh mar a liostaítear iad in Airteagal 57 den Rialachán TPPU agus fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar TPPUanna a sháraíonn an Rialachán seo, agus fianaise maidir leis an sárú a thabhairt, mar aon le méid na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a mholadh. Ina theanta sin, d'fhéadfadh ÚEÁPC idirghabháil cheangailteach a sholáthar i gcás ina néilíonn údaráis inniúla náisiúnta a leithéid.

Déantar cur síos thíos ar na toimhdí ginearálta maidir le hacmhainní breise a ríomh, an costas a bhaineann leis an bhfoireann nua, agus na costais breise bhonneagair.  

Toimhdí ginearálta a dhéantar agus acmhainní breise á ríomh

Agus acmhainní breise á ríomh, rinneadh na toimhdí ginearálta seo a leanas.

Glactar leis go dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm ag tús 2019 agus meastar ón tsuim ghinearálta a léiríodh le linn cruinnithe le páirtithe leasmhara go gcuirfidh thart ar 325 soláthraí isteach ar chlárúcháin TPPU sna 5 bliana ina dhiaidh sin, bunaithe ar an taithí ó chórais nua eile mar atá institiúid um chóir ar scor ceirde (IORP) (80 clárúchán i dhá bhliain) agus Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí (5 in aon bhliain amháin). Agus iad cláraithe, déanfar maoirseacht ar na TPPUanna ag údaráis inniúla náisiúnta, agus déanfaidh ÚEÁPC comhordú ar an maoirseacht sin.

Glactar leis i gcás post breise gur baill foirne bhuana nó gníomhairí sealadacha grád AD7 iad agus go mbeidh meánchostais tuarastail EUR 138 000 orthu de réir mar atá i dTábla 1.

I gcoitinne, déantar na costais a bhaineann le ÚEÁPC a roinnt idir na Ballstáit agus an Coimisiún ar bhonn 60/40 faoi láthair.

Tábla 1 Costais Foirne

Catagóir foirne

Meánchostas iomlán atá le húsáid sna ráitis airgeadais(*)

Meánchostas gan "habillage" (**)

Oifigeach

EUR 138 000 in aghaidh na bliana

EUR 115 000 in aghaidh na bliana

Gníomhaire sealadach

EUR 138 000 in aghaidh na bliana

EUR 115 000 in aghaidh na bliana

(**) Caiteachas ar eastát réadach, troscán, TF, etc.

Toimhdí eile

Ós rud é go bhfuil ÚEÁPC lonnaithe i Frankfurt, úsáidtear comhéifeacht coigeartaithe tuarastail 0.972 de bharr an costas maireachtála a bheith níos lú i gcomparáid leis an mBruiséil.

Meastar go mbeidh costas EUR 10 000 an duine in aghaidh na bliana ar mhisin.

Meastar go mbeidh costas EUR 12 700 an duine ar chostais a bhaineann le hearcaíocht (liúntais taistil, óstáin, scrúduithe leighis, athlonnaithe agus liúntais eile, costais aistrithe, etc.).

Ríomh na foirne breise

Chun an fhoireann breise le ÚEÁPC a ríomh déantar na cúraimí nua a ríomh i dtrí phríomhréimse oibre nua arna sannadh do ÚEÁPC: Údarú, maoirseacht a chomhordú agus obair beartais. I gcás na réimsí sin, cuirtear an meastachán seo a leanas ar mhéid na hoibre san áireamh.

Maidir le húdarú, meastar go bhféadfadh oifigeach amháin (ar mhaithe le soiléireacht, glactar leis gur coibhéis lánaimseartha amháin atá i gceist) údarú amháin a phróiseáil in aghaidh na coicíse agus is ionann sin agus thart ar 25 údarú in aghaidh na bliana. Glactar leis go mbeidh thart ar 25 iarratas le linn na chéad bhliana (i.e. 2019), agus go mbeidh 75 iarratas in aghaidh gach bliain iomlán ina dhiaidh sin.

Beidh ráta íseal oibre i gcás comhordú a dhéanamh ar mhaoirseacht sa chéad bhliain, nuair nach mbeidh ach líon beag scéimeanna le maoirsiú ag údaráis inniúla náisiúnta, ach tiocfaidh méadú air sin leis an méadú ar líon na scéimeanna a bheidh le húdarú in aghaidh na bliana. D'fhéadfaí sineirgí éagsúla a bhaint amach ag cur leis na cumhachtaí atá ag ÚEÁPC faoi láthair i réimse an chóineasaithe maoirseachta, cé go bhfuil na cumhachtaí nua atá á sannadh do ÚEÁPC i leith TPPU níos leithne.

Maidir le hobair beartais cuirtear san áireamh ar dtús go bhfuil roinnt sainorduithe sa Rialachán ÚEÁPC a bheith ag obair ar chaighdeáin theicniúla. Ar an dara dul síos, bheifí ag súil le faireachán agus tuairisciú ar na príomhtháscairí feidhmíochta. Tá roinnt sineirgí le baint amach anseo; Tá saineolas beartais ag ÚEÁPC cheana a d'fhéadfadh cuid de na cúraimí a dhéanamh agus cúram á dhéanamh den riachtanas saineolas sa réimse sonrach a chuardach.

Is é atá i gceist le TF agus tacaíocht thiomnaithe an clár lárnach nó clár TPUU a bhunú, chomh maith leis an mbonneagar tacaíochta chun na príomhtháscairí feidhmíochta a thuairisciú agus is chun críocha ríomh na foirne a mheastar atá cumhdaithe le foireann reatha ÚEÁPC.

I dTábla 2 tá an fhoireann iomlán bhliantúil breise a mheastar de réir réimse do ÚEÁPC i réimse TPUU.

Tábla 2 Coibhéis lánaimseartha iomlán in aghaidh na bliana de réir réimse do TPPU

Coibhéis lánaimseartha iomlán de réir réimse do TPPU

2019

2020

Údarú

1

2

Maoirseacht a chomhordú

1

1

Obair beartais

1

1

Iomlán

3

4

Déanfar riachtanais iar-2020 a ríomh agus a shannadh i gcomhthéacs an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil.

Caiteachas bonneagair a ríomh

Baineann an príomhchaiteachas i mbonneagar breise le clár lárnach a bhunú, ceanglais tuairiscithe a bhaineann leis sin agus bunachar sonraí a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar na príomhtháscairí feidhmíochta. Maidir leis an gcaiteachas sin a bhaineann le TF, glactar leis go dteastófar EUR 400 000 lena náirítear 10 % de chostais cothabhála bhliantúla . Is iad seo a leanas na toimhdí atá mar bhonn leis an méid seo:

·Clár lárnach nó Clár TPPU a bhunú agus a choinneáil

·D'fhéadfaí 'clár lárnach' a bhunú a bheadh comhchosúil leis na cláir atá ann cheana, e.g. Clár Fhorálacha Stuamachta IORP; ina mbeadh cúpla céad táirge pinsin lena náirítear ainm an táirge, sonraí airgeadais, KPIanna agus fhaisnéis a d'fhéadfadh a bheith cáilíochtúil; a thabharfaí cothrom le dáta uair sa bhliain; cuirfear tús leis an oibríocht in 2019, tús 2020 ar a dhéanaí;

·Ullmhúchán a dhéanamh chun na cúraimí comhordaithe ar mhaoirseacht leanúnach a ghlacadh: creat tuairiscithe agus faireacháin a chur ar bun, ba cheart na sonraí don 'chlár lárnach' a chomhtháthú i lárstóras ÚEÁPC agus ba cheart iad a chur ar fáil tríd an réiteach corparáideach i dtaca le éirim ghnó; theastódh obair chomhtháthaithe agus bheadh gá le ceadúnais nua a fháil do bhaill foirne nua.

Caiteachas iomlán 2019-2020

Agus an toimhde thuasluaite curtha san áireamh, cuirtear na méideanna iomlána measta do na cúraimí TPPU atá le déanamh ag ÚEÁPC don tréimhse 2019-2020 ar fáil i dTábla 3.

 

Tábla 3 Caiteachas iomlán a bhaineann le ÚEÁPC do TPPU sna blianta 2019-2020

Méideanna i mílte

Cineál costais

Ríomh

2019

2020

Caiteachas foirne/ Tuarastail agus liúntais

138 000 na foirne x 0.972

402,4

536,5

Caiteachas a bhaineann le hearcaíocht

12 700 seasta an bhaill foirne

38,1

12,7

Speansais misean

10 000 an bhaill foirne/na bliana

30

40

Bonneagar / TF

400 000 + 10 % cothabháil

400

40

Iomlán (*)

870,5

629,2

(*) Méideanna iomlána: gan an leithdháileadh 60/40 Ballstáit/ Coimisiún do bhuiséad ÚEÁPC a chur san áireamh.

(1) Baineann sin le dáileachán, beartais infheistíochta, malartú soláthraí, soláthar trasteorann nó iniomparthacht, mar shampla. I gcás cuid de na táirgí pinsin phearsanta atá ann faoi láthair, mar shampla, ní féidir leis na coigilteoirí na soláthraithe a mhalartú.
(2) COM(2015) 468 final, lch.19.
(3) Parlaimint na hEorpa, Rún 19 Eanáir 2016 faoin Rialachán maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar Sheirbhísí Airgeadais an Aontais agus leis na dúshláin a bhaineann leis: an tionchar agus an bealach chun tosaigh i dtreo creat níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí de chuid an Aontais maidir le Rialáil Airgeadais agus Aontas Margaí Caipitil, 2015/2106(INI), pointe 20.
(4) Conclúidí na Comhairle Eorpaí, an 28 Meitheamh 2016, EUCO 26/16, pointe 11.
(5) COM(2016) 601 final, lch. 4.
(6) COM(2017) 292 final, lch. 6.
(7) Treoir 98/49/CE an 29 Meitheamh 1998 ón gComhairle maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint do dhaoine fostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe a bheidh ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal, IO L 209, 25.7.1998, lch. 46.
(8) Treoir 2014/50/AE an 16 Aibreán 2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híoscheanglais i leith soghluaisteacht oibrithe idir Ballstáit a fheabhsú trí fháil agus coimeád ceart pinsin fhorlíontaigh a fheabhsú, IO L 128, 30.4.2014, lch. 1
(9) Treoir 2016/2341/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna), IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(10) http://ttype.eu/
(11) http://www.resaver.eu/. Tá an tionscadal RESAVER ina chiste pinsean ceirde réimse-shonrach atá ceaptha chun gur fusa do bhaill foirne taighde a socruithe pinsin a choimeád agus iad ag aistriú idir institiúidí taighde i mBallstáit éagsúla. Tá rogha pinsin phearsanta ann freisin.
(12) Páipéar Bán Clár Oibre i gcomhair Pinsin Leordhóthanacha Shábháilte Inbhuanaithe, COM(2012) 55 final, 16 Feabhra 2012.
(13) C(2017)4393
(14) Treoir (AE) 2016/97, Treoir 2014/65/AE, Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.
(15) Ernst & Young, Study on a European Personal Pension Framework for the Commission. Féach roinn 3.2 thíos.
(16) Féach an achoimre ar an gcomhairliúchán poiblí in Iarscríbhinn 2 den Mheasúnú Tionchair.
(17) An chomhairle ó ÚEÁPC faoi Mhargadh Aonair de chuid AE i dtáirgí pinsin phearsanta (TPP), Iúil 2016. https://eiopa.europa.eu/Publications/Consultations/EIOPA%27s%20advice%20on%20the%20development%20of%20an%20EU%20single%20 market%20for%20personal%20pension%20products.pdf
(18) ÚEÁPC, I dtreo margadh aonair i bpinsin phearsanta, 2014, le fáil ag: https://eiopa.europa.eu/Publications/Reports/EIOPA-BoS-14-029_Towards_an_EU_single_market_for_Personal_Pensions-_An_EIOPA_Preliminary_Report_to_COM.pdf
(19) http://www.oecd.org/pensions/Stocktaking-Tax-Treatment-Pensions-OECD-EU.pdf
(20) http://www.oecd.org/daf/fin/private-pensions/financial-incentives-retirement-savings.pdf
(21) Le fáil ag: http://www.oecd.org/daf/fin/private-pensions/Core-Principles-Private-Pension- Regulation.pdf
(22) http://www.oxera.com/Latest-Thinking/Publications/Reports/2013/Study-on-the-position-of-savers-in-private-pension.aspx
(23) Le fáil ag: http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia
(24) Le fáil ag: http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia
(25) Le fáil ag: http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia
(26) An ceanglas nach mór d'iontaobhaí, bainisteoirí infheistíochta cistí pinsean nó aon mhuiníneach (gníomhaí ar cuireadh muinín ann) cistí a infheistiú go stuama cúramach cliste. Ar na hinfheistíochtaí a bhíonn de ghnáth faoi réir riail an duine stuama tá urrúis sholadacha "gormshlise", iasachtaí urrúsaithe, morgáistí atá ráthaithe ar an leibhéal náisiúnta, teastais státchiste agus infheistíochtaí coimeádacha eile a thugann ioncam réasúnta.
(27) IO C , , lch. .
(28) Plean Gníomhaíochta chun Aontas na Margaí Caipitil a Thógáil, an Coimisiún Eorpach, 30 Meán Fómhair 2015 (COM (2015) 468 final).
(29) Rún ó Pharlaimint na hEorpa, an 19 Eanáir 2016 faoin Rialachán maidir le Seirbhísí Airgeadais an Aontais agus na dúshláin a ghabhann leis a mheasúnú: an tionchar agus an bealach chun tosaigh i dtreo creat níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí de chuid an Aontais maidir le Rialáil Airgeadais agus Aontas Margaí Caipitil, 2015/2106(INI), pointe 20.
(30) Conclúidí na Comhairle Eorpaí, an 28 Meitheamh 2016, EUCO 26/16, pointe 11.
(31) COM(2016) 601 final, lch 4.
(32) COM(2017) 292 final, lch 6.
(33) Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna), IO L 352, 9.12.2014, lch. 1.
(34) Rialachán Tarmligthe an 8 Márta 2017 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, ábhar, athbhreithniú agus leasú doiciméad um fhaisnéis bhunriachtanach agus trí choinníollacha a leagan síos chun na ceanglais a chomhlíonadh maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar.
(35) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún, IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.
(36) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(37) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún, IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.
(38) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le córais smachtbhannaí a dhaingniú san earnáil airgeadais, an 8 Nollaig 2010 (COM(2010) 716 final).
(39) Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(40) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(41) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(42) Treoir 2002/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Nollaig 2002 maidir le hidirghabháil árachais (IO L 009, 15.1.2003, lch. 3).
(43) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena naisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, IO L 176, 27.6.2013, lch. 338
(44) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus é sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(45) Treoir 2016/2341/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um chóir ar scor ceirde (athmhúnlú) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(46) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comh-infheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (athmhúnlú) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(47) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(48) Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).
(49) Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE IO L 165, 18.06.2013, lch. 63.
(50) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(51) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(52) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(53) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin BUDG: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(54) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
(55) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(56) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(57) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(58) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(59) Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(60) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(61) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(62) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(63) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(64) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(65) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
(66) Neamhspleách ar chostais a bhaineann le TF agus tacaíocht theicniúil.